An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) ar bun leis an rialachán seo. Féachtar leis an gciste seo cur le bainistíocht éifeachtach ar shreafaí imirce agus feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar fhorbairt chomhbheartas an Aontais Eorpaigh (AE) um thearmann agus um imirce.

Tá ceithre phríomhchuspóir le AMIF an Aontais Eorpaigh:

PRÍOMHPHOINTÍ

Déanann na Ballstáit uile (ach amháin an Danmhairg, nach bhfuil páirteach sa chiste seo) cláir náisiúnta a ullmhú ina leagtar amach na tionscnaimh a dhéanfar chun cuspóirí an rialacháin AMIF a bhaint amach.

Áirítear leis na tionscnaimh sin bearta chun tacú le:

Cé go ndéantar an chuid is mó de bhuiséad an chiste a leithdháileadh ar chláir náisiúnta, baintear feidhm as cuid de chomh maith do thionscnaimh ar leibhéal AE, do chúnamh éigeandála, do Ghréasán Imirce na hEorpa agus do chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh.

Tionscnaimh shonracha

Chomh maith leis an airgead a leithdháiltear ar na Ballstáit le haghaidh a gclár náisiúnta, féadfar suim bhreise a thabhairt dóibh chun a dtionscnaimh shonracha a chur i bhfeidhm. Éilítear ar na Ballstáit leis na tionscnaimh sin (atá liostaithe in Iarscríbhinn II) comhoibriú le chéile agus breisluach tábhachtach a ghiniúint don Aontas Eorpach.

Clár Athlonnaithe an Aontais

Féadfaidh gach Ballstát suim bhreise bunaithe ar chnapshuim € 6 000 do gach duine athlonnaithe a fháil gach 2 bhliain freisin, suim a mhéadófar go € 10 000 le haghaidh comhthosaíochtaí (amhail cláir cosanta réigiúnaí) agus grúpaí daoine leochaileacha.

Buiséad

Socraíodh an t–imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an chiste le haghaidh 2014–2020 ag €3.137 billiún i dtosach, agus rinneadh an tsuim sin a mhéadú níos mó na dhá oiread ina dhiaidh sin, mar gheall ar an ngéarchéim imirce in 2015/2016 go príomha. Tá mionsonraí maidir le cur chun feidhme an chiste ar fáil i Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 (féach an achoimre).

Mar thoradh ar ionsaí gan chúis na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 tháinig méadú ar an mórphlódú isteach daoine easáitithe ón Úcráin go dtí roinnt Ballstát, rud a chuir brú nua ar acmhainní airgeadais na mBallstát chun déileáil le riachtanais phráinneacha imirce, bainistithe teorann agus slándála. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2022/585 cuirtear solúbthacht ar fáil trí chead a thabhairt úsáid eisceachtúil as suimeanna nár caitheadh a leithdháileadh ar na Ballstáit ón AMIF 2014–2020 chun cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar chúinsí nua nó ar chúinsí gan choinne maidir le tearmann agus bainistiú imirce. Ina theannta sin, cuirtear síneadh 1 bhliain léi le tréimhse chur chun feidhme na gCistí um Ghnóthaí Baile 2014–2020.

Dearbhaítear le Cinneadh (AE) 2022/1928 rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585.

Le Rialachán (AE) 2021/1147 bunaítear AMIF nua le haghaidh na tréimhse 2021–2027 (féach an achoimre).

Dearbhaítear le Cinneadh (AE) 2022/507 rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE agus lena n–aisghairtear Cinntí Uimh. 573/2007/CE agus Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 168–194).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 516/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2022/1928 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus Rialachán (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 265, 12.10.2022, lgh. 81–82).

Cinneadh (AE) 2022/507 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 102, 30.3.2022, lch. 33).

Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 1–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/445 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 94, 27.3.2020, lgh. 1–2).

Rialachán (AE) 2018/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle nó maidir le leithdháileadh na méideanna sin ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 78–81).

Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 112–142).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.12.2022