Soláthar poiblí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Bunaítear léi nósanna imeachta ceannaigh do cheannaitheoirí poiblí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sonraítear sa reachtaíocht, nuair a bhaineann údaráis náisiúnta úsáid as soláthar poiblí chun tairiscintí a lorg chun oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a chur ar fáil, nach mór dóibh caitheamh go cothrom leis na hiarratasóirí go léir agus gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Lena chois sin ní mór dóibh déileáil leo go trédhearcach.

Tairseacha

Ní mór na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí poiblí a leanúint nuair atá na suimeanna atá i gceist os cionn na dtairseach seo a leanas:

Déanann an Coimisiún Eorpach leasú ar na tairseacha sin gach 2 bhliain de réir oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh (AE).

Critéir

Bronntar an conradh ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a aithníodh ar bhonn an phraghais is ísle nó an chóimheasa praghas-cáilíochta is fearr. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an gcritéar cáilíochta éifeachtacht fhoriomlán costais, cáilíocht theicniúil, gnéithe comhshaoil agus sóisialta, coinníollacha trádála agus seachadta, etc.

Nuáil agus mionchuideachtaí

Tugann an reachtaíocht nós imeachta nua isteach chun forbairt táirgí, seirbhísí nó oibreacha nuálacha a chur chun cinn. D’fhonn rannpháirtíocht mionchuideachtaí a éascú spreagann na rialacha nua údaráis phoiblí conarthaí móra a roinnt ina mbearta aonair.

Bearta cosanta

Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú go gcomhlíonfaidh conraitheoirí agus a bhfochonraitheoirí gach dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair AE agus náisiúnta is infheidhme, comhaontuithe comhchoiteanna agus aon oibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha.

Foráiltear leis an reachtaíocht rialacha maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal a láimhseáil, ar chúiseanna lena n-áirítear cosc a chur ar mhí-úsáid a bhaint as cearta oibrithe.

Díolúintí

Ní éilítear le haon rud san reachtaíocht ar rialtais na mBallstát seirbhísí a thabhairt amach ar chonradh ar mian leo iad a sholáthar iad féin. Ní chuirtear isteach léi ar an reachtaíocht náisiúnta um shlándáil shóisialta ach an oiread.

Tá conarthaí a bhaineann le hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist eisiata ón treoir. Ina ionad sin, rialaítear iad le Treoir 2014/25/AE (féach achoimre).

Ina theannta sin, is féidir roinnt earnálacha amhail cumarsáid leictreonach agus taighde agus forbairt a eisiamh faoi choinníollacha áirithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 18 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65–242).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/24/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243–374).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltas (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1–64).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú ar nósanna imeachta chun conarthaí oibre, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe arna ndámhachtain ag údaráis nó eintitis chonarthachta i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE (IO L 216, 20.8.2009, Igh. 76–136).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.12.2023