Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip
Sa teachtaireacht seo tá tuarascáil maidir le praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip mar aon le moltaí faoin chaoi ar féidir billí fuinnimh a rialú.
ACHT
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip. [COM(2014) 21 final an 22.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].
ACHOIMRE
Ceapadh mion-anailís an Choimisiúin Eorpaigh ar phraghsanna agus ar chostais fuinnimh san Eoraip chun cabhrú le lucht déanta beartas tuiscint a fháil ar chomhthéacs na n-arduithe praghsanna le déanaí agus ar an tionchar a bhíonn acu ar thomhaltóirí agus ar an saol polaitiúil.
Is mórábhar cúraim polaitiúil arduithe ar phraghsanna fuinnimh. Is ualach breise costais iad do theaghlaigh agus do thionscail a bhfuil an-bhrú á chur orthu agus téann siad i gcion ar iomaíochas domhanda na hEorpa.
An aidhm atá leis an tuarascáil ná go n-úsáidfí í chun cabhrú leis an Aontas Eorpach (AE) creat um aeráid agus um fhuinneamh 2030 a fhorbairt, ar creat uaillmhianach inchreidte é atá costéifeachtach agus nach dtéann faoi iomaíochas na hEorpa.
Tá cuir chuige áirithe á moladh ag an Choimisiún lena chinntiú go mbeidh saoránaigh agus tionscal na hEorpa in ann déileáil go héifeachtach le dúshlán phraghas an fhuinnimh agus go mbeidh an AE in ann a iomaíochas a chothú, sa lá atá inniu ann agus suas chomh fada le 2030 agus ina dhiaidh sin araon.
Is iad seo a leanas cuid de na príomhthograí lena gcuirfear srian le billí fuinnimh:
Nuashonraithe 01.08.2014