Margadh fuinnimh an Aontais Eorpaigh a athdhearadh

ACHOIMRE AR:

Dearadh nua mhargadh fuinnimh AE — COM(2015) 340 final

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

Is mian leis an Aontas Eorpach fuinneamh iontaofa agus inacmhainne a sholáthar dá dhaoine agus a spriocanna 2030 a bhaint amach. Chuige seo, tá sé beartaithe aige a mhargadh fuinnimh a bhunathrú, lena n-áirítear athdhearadh ar a mhargadh leictreachais chun tuilleadh infheistíochta a mhealladh.

Leis an Teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach, seoltar comhairliúchán poiblí maidir leis na tairbhí a bhaineann le dearadh nua ar an margadh leictreachais i dtéarmaí na nuatheicneolaíochta agus méadaithe ar infheistíocht.

Cuirtear i dtreis inti go bhfuil margaí trasteorann, gearrthéarmacha (lena n-áirítear margaí ionlae) ríthábhachtach do mhargadh leictreachais éifeachtúil. Ní mór iad seo a dhearadh agus an córas fuinnimh sa todhchaí á chur san áireamh, i.e. ceann ina mbeadh sruthanna leictreachais mórscála, trasteorann agus méideanna móra de tháirgeadh athnuaiteán inathraithe* cumasctha lena chéile. Bheidís seo ag freagairt don fhás tapa in athnuaiteáin inathraithe agus an gá le feidhmiú slán agus socair na heangaí leictreachais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Infreastruchtúr

Príomhthosaíocht is ea eangach fuinnimh dhea-idirnasctha AE don tslándáil fuinnimh, breis iomaíochta agus chun na comharthaí cearta a thabhairt don infheistíocht.

Is iad tionscadail leasa choitinn (PCIanna) an príomh-mhodh chun margaí leictreachais náisiúnta a chomhtháthú agus foinsí fuinnimh a éagsúlú.

Dearadh an mhargaidh a oiriúnú don infheistíocht i bhfoinsí in-athnuaite

Chuirfeadh margadh le praghsanna cuí comharthaí ar fáil maidir le cathain agus cén áit a d’fhéadfaí leictreachas in-athnuaite a ghiniúint.

Chuideodh margaí gearrthéarmacha solúbtha agus níos comhtháite le táirgeoirí fuinnimh in-athnuaite dul san iomaíocht ar théarmaí cothroma le táirgeoirí fuinnimh thraidisiúnta, agus ar an gcaoi sin bheadh foinsí in-athnuaite comhtháite níos mó sa chóras leictreachais.

Féadfar tacú le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite trí scéimeanna réigiúnacha bunaithe ar an margadh, ina ndéileáiltear le teipeanna sa mhargadh, a áiríonn éifeachtúlacht costais, agus a sheachnaíonn saobhadh agus róchúiteamh i gcomhréir le treoirlínte maidir le Státchabhair.

Comhoibriú réigiúnach a mhéadú

Tá comhordú réigiúnach ar bheartais náisiúnta ríthábhachtach don Aontas Eorpach chun a spriocanna 2030 a bhaint amach, chun a mhargadh fuinnimh inmheánach a chomhtháthú agus chun slándáil fuinnimh a láidriú.

Tá níos mó idirnasc de dhíth toisc nach féidir leis an gcóras atá ann faoi láthair déileáil le sruthanna cumhachta nua a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tá comhoibriú réigiúnach feabhsaithe idir oibreoirí córais riachtanach, ach go háirithe na róil atá ag tionscnaimh réigiúnacha um chomhoibriú sa tSlándáil (RSCIs) agus an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha.

Ní mór an eangach a leathnú ag an leibhéal dáilte chun fuinnimh in-athnuaite áitiúla a chomhtháthú.

Ní mór ról níos mó a bheith ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialtóirí Fuinnimh (ACER) don mhaoirsiú ar an margadh agus chun cinntí atá ceangailteach a ghlacadh i dtaca le tionscnaimh AE agus saincheisteanna trasteorann.

Slándáil an tsoláthair

D’fhonn a chinneadh cé acu an bhfuil a chórais fuinnimh imleor, lorgaíonn an Coimisiún measúnú ar an ról a bhíonn ag gach ceann díobh seo a leanas:

idirnaisc idir eangacha na dtíortha AE éagsúla;

giniúint an leictreachais thar teorainneacha;

táirgeadh foinsí in-athnuaite inathraithe;

freagra ar éileamh (i.e. dreasachtaí chun úsáid a laghdú le linn na dtréimhsí is mó éilimh);

féidearthachtaí stórais.

D’fhéadfadh sé seo cuidiú le cinneadh cé acu an bhfuil gá le meicníocht toillte nó nach bhfuil. Is éard a bheadh i gceist leis seo íocaíochtaí ar leith a dhéanamh toilleadh atá ar fáil seachas íocaíocht as an leictreachas a sheachadtar. Tá na híocaíochtaí seo ar thoilleadh atá ar fáil ceaptha le luach saothair a thabhairt do sholáthraithe toillte as toilleadh atá ann cheana a choinneáil nó as infheistíocht a dhéanamh i dtoilleadh nua. Mar sin féin, tugann an Coimisiún rabhadh gur féidir le meicníochtaí den sórt sin a bheith costasach agus margaí a shaobhadh.

D’fhéadfaí rialacha a fhorbairt ar leibhéal AE i dtaca le rannpháirtíocht i meicníochtaí toillte thíortha AE éagsúla. Molann an Coimisiún freisin go gcruthófaí samhail tagartha do mheicníocht toillte le húsáid ar bhonn réigiúnach. Chuideodh sí seo le rannpháirtíocht trasteorann agus laghdódh sí saobhadh ar an margadh.

CÚLRA

Fuinneamh: Dearadh nua margaidh le cuidiú le margadh nua a chruthú do thomhaltóirí — bileog eolais

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Foinsí in-athnuaite inathraithe: tagann fuinnimh in-athnuaite (amhail gaoth agus fuinneamh gréine) ón nádúr. Ciallaíonn sé seo gur féidir lena leibhéil táirgthe luainiú.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: An próiseas comhairliúcháin phoiblí a sheoladh i dtaca le dearadh nua ar an margadh fuinnimh (COM(2015) 340 final, 15.7.2015)

Nuashonraithe 23.10.2015