Nuálaíocht agus cuimsiú sóisialta trí chultúr agus cruthaitheacht

ACHOIMRE AR:

Conclúidí ón gComhairle — meascáin chultúir agus chruthaitheacha

ACHOIMRE

Is féidir nuálaíocht a spreagadh i réimsí eile an gheilleagair le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa.

CÉARD A DHÉANANN NA CONCLÚIDÍ?

Leagtar amach sna conclúidí na tionchair ionchasacha thairbhiúla fhrithpháirteacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha ar earnálacha eile an gheilleagair. Tá moltaí sna conclúidí freisin chun cabhrú leis na tionchair sin a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féadfaidh na buntáistí seo a leanas a bheith i measc na mbuntáistí d’earnálacha eile:

cúram custaiméirí, sásamh fostaithe agus éifeachtúlacht eagraíochtúil a fheabhsú;

tinreamh agus feidhmíocht scoile a mhéadú, bealaí nua foghlama a chothú agus ról na dtuismitheoirí sa scoil a fheabhsú;

costais leighis agus rátaí ospidéalaithe a laghdú;

limistéir thionsclaíocha agus spásanna uirbeacha a athbheochan, agus an turasóireacht a chur chun cinn;

feasacht chomhshaoil an phobail agus an tionscail mhonaraíochta a mhéadú, agus ídiú fuinnimh agus úsáid acmhainní a laghdú;

cabhrú le sochaí níos cuimsithí a fhorbairt agus le saol an phobail a fheabhsú.

Fadhbanna reatha

Níl leas á bhaint as na buntáistí sin go fóill ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear:

easpa feasachta faoin luach a bhaineann le healaíona, le cultúr agus le cruthaitheacht a chur le chéile le heolaíocht, le teicneolaíocht agus le gnó;

struchtúr teoranta eagraíochtúil beartas agus earnálacha: tá sé níos deacra aistriú chuig earnálacha eile de bharr an struchtúir sin;

easpa sonraí iontaofa inchomparáide chun an méid a chuireann na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí ghinearálta a thaispeáint;

an tuairim gur infheistíochtaí rioscúla luaineacha iad infheistíochtaí sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha.

Cad is féidir a dhéanamh ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta?

Moltar sna conclúidí gur ga beart a dhéanamh, lena n-áirítear:

feasacht a mhúscailt i measc páirtithe leasmhara agus na bpáirtithe lena mbaineann maidir le luach na cruthaitheachta agus na nuálaíochta;

cruthaitheacht chultúrtha agus ealaíonta a chomhtháthú níos fearr sna straitéisí i réimsí beartais eile;

timpeallachtaí a chruthú inar féidir le hearnálacha éagsúla idirghníomhú, amhail lárionaid nuálaíochta agus ghnó agus cláir líonraithe;

earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a spreagadh chun leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an margadh aonair digiteach.

Cad is féidir a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta amháin?

Spreagtar na tíortha AE chun roinnt céimeanna a ghlacadh, lena n-áirítear:

meascáin ar leibhéal áitiúil agus ar leibhéal réigiúnach a spreagadh;

coinníollacha a chur chun cinn a chuirfidh ar chumas na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a gcumas a uasmhéadú i gcomhpháirtíocht le hearnálacha eile.

Agus cad ba cheart don Choimisiún a dhéanamh?

Tugtar cuireadh don Choimisiún roinnt beart a ghlacadh, lena n-áirítear:

straitéis a fhorbairt chun iomaíochas agus forbairt na dtionscal cultúrtha agus cruthaitheach a spreagadh;

smaoineamh ar chistiúchán reatha ó chláir AE reatha, amhail Fís 2020, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, Erasmus+, COSME agus Eoraip na Cruthaitheachta, a úsáid le haghaidh tionscadal áirithe meascáin.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle maidir le meascáin chultúrtha agus chruthaitheacha chun nuálaíocht, inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus cuimsiú sóisialta a spreagadh (IO C 172, 27.5.2015, lgh. 13-16)

Nuashonraithe 29.09.2015