9.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

29


FÓGRA FOLÚNTAIS PE/214/S

STIÚRTHÓIR (BEAN/FEAR) (Grúpa feidhme AD, grád 14)

ARD -STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL — AN STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM THREALAMH

 

1.   Folúntas

Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir  (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh den Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus um Thacaíocht Theicniúil — An Stiúrthóireacht um Bonneagar agus um Threalamh, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).

Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.

Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD14 (3). Is é EUR 14 303,51 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.

Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.

2.   Ionad Fostaíochta

Lucsamburg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.

3.   Comhionannas Deiseanna

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

4.   Cúraimí an phoist

Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):

a áirithiú go mbeidh roinn mhór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go rianúil;

an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú;

cuspóirí a leagan síos agus faireachán a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm — bainistiú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir stiúrthóireacht theicniúil, ar lámh amháin, agus an córas riaracháin agus comhlachtaí polaitiúla chomh maith le soláthraithe (ar ardleibhéal), ar an lámh eile;

comhbhabhtáil a dhéanamh i leith straitéisí teicneolaíochta agus bainistíochta maidir le TFC (rogha réiteach teicniúil, seirbhísí a chuirtear ar fáil, cuir chuige maidir le cur i bhfeidhm agus soláthar);

bainistiú oibríochtaí agus bonneagair, dearadh, cur i bhfeidhm, forbairt agus cothabháil na gcóras, an chaighdeánaithe agus na hinnealtóireachta a bhaineann le TFC a riar,

comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta;

comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta;

tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche;

ionadaíocht a dhéanamh ar an stiúrthóireacht nó ar an institiúid sna coistí agus eintiteas éagsúil (CODIT, CDI, CII, etc.)

feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú.

5.   Incháilitheacht

Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:

(a)   Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

(b)   Coinníollacha sonracha

(i)   Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear

Nuair is é 4 bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh,

nuair is é 3 bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí de 1 bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5).

Dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta.

(ii)   Eolas a éilítear

sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha;

sáreolas ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

sáreolas ar theicneolaíochtaí, ar bhainistiú a gcur chun feidhme, ar fhorbairtí, ar roghanna agus ar dhúshláin;

tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla atá sna hinstitiúidí Eorpacha;

sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla;

sáreolas ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, ar a nósanna imeachta reachtacha agus ar rialacha agus cleachtais inmheánacha;

sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu;

sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus ar a rialacha cur chun feidhme, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa;

eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.);

sáreolas ar theicnící bainistíochta.

(iii)   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.

Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

(iv)   Scileanna a éilítear

bua na straitéise;

cumas ceannaireachta;

cumas pleanála chun cinn;

cumas freagairt d’athruithe;

críochnúlacht;

cumas cumarsáide.

6.   Nós imeachta roghnúcháin

Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur ar bun agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta de na daoine sin, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.

7.   Iarratais a chur isteach

Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná

23 Márta 2018, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis an cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost (a bheidh i bhformáid pdf agus é dírithe chuig Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/214/S), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/214/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist a leanas:

EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu

agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.

Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.

Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin  (8) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.

Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 (9).


(1)  Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann, agus a mhalairt go cruinn.

(2)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(3)  Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.

(4)  Féach an Iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.

(5)  Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.

(6)  Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.

(7)  http://europass.cedefop.europa.eu/

(8)  Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.

(9)  IO L 8, 12.1.2001, Ich.1.


IARSCRÍBHINN

ARD-STIÚRTHÓIREACHT UM NUÁLAÍOCHT AGUS UM THACAÍOCHT THEICNIÚIL

AN STIÚRTHÓIREACHT UM BONNEAGAR AGUS UM TREALAMH

RÉIMSE FREAGRACHTAÍ

(Líon foirne iomlán de 92 ghníomhaire: 81 oifigeach, 8 ngníomhaire shealadacha agus 3 ghníomhaire chonarthacha)

Stiúradh, comhordú agus maoirsiú aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta um Bonneagar agus um Trealamh a riar;

Cumhachtaí an Údaráis Ceapacháin a fheidhmiú;

Bainistiú tionscadal a sholáthar;

Ionadaíocht a dhéanamh ar an Institiúid i gcoistí éagsúla inmheánacha agus i bhfóraim idirinstitiúideacha;

Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú;

Maoirsiú a dhéanamh ar bhainistiú bonneagair TF amhail lárionaid sonraí agus gréasáin, ach freisin trealamh aonair na n-úsáideoirí, teileafóin, físchomhdháil, caighdeáin TF agus slándáil TF.

AN TAONAD UM BAINISTIÚ BONNEAGAIR

Lena n-áirítear na Seirbhísí seo: “Innealtóireacht agus Struchtúr an Ghréasáin Córa”, “Imscaradh an Bhonneagair Gréasáin”, “Imscaradh an Bhonneagair Óstála” agus “Cumraíochtaí Caighdeánacha”

Comhordú an aonaid, bainistiú riaracháin agus airgeadais i ngach réimse (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) agus bainistiú acmhainní daonna a riar.

Innealtóireacht agus Struchtúr an Ghréasáin Córas:

Réitigh a fhorbairt agus fadhbanna a réiteach maidir le feidhmiú agus feidhmíocht bhonneagair na líonraí TF, lena n-áirítear cianrochtain (Idirlíon, Testa, EPNet, etc.) agus ailtirí PKI;

Innealtóireacht na bhforbairtí ar na córais lena mbaineann (Firewall, DNS, Proxy, ailtireacht LAN, cianrochtain) a riar;

Na forbairtí ar struchtúir slándála líonra chun tacú le riachtanais nua a bhaineann le tionscadail (VOD, Sruthú, lárionaid ríomhaireachta, struchtúr fiontair do chlár UC agus ríomhphoist) a bhainistiú;

Faire teicneolaíochta a áirithiú agus comhairliúchán a sholáthar do na hArd-Stiúrthóireachtaí agus do na grúpaí polaitiúla maidir leis na réimsí inniúlachta.

Imscaradh an Bhonneagair Gréasáin:

Stiúradh agus riarachán na dtionscadal imscartha gréasáin agus teileachumarsáide ag na trí phríomhionad agus sna hoifigí idirchaidrimh a riar;

Bainistiú, riarachán agus cur chun feidhme an bhuiséid “tionscadail” sna réimsí gréasáin agus teileachumarsáide a riar; nósanna imeachta tairisceana poiblí sna réimsí gréasáin agus teileachumarsáide a sheoladh agus faireachán a dhéanamh orthu;

Stiúradh agus riarachán na dtionscadal i réimse an bhonneagair cáblaíochta agus réimse threalamh na seomraí teicniúla ag na trí láthair oibre agus sna hoifigí idirchaidrimh a riar;

A bheith mar phríomhtheagmhálaí thar ceann AS ITEC le AS INLO maidir le réimsí an fhuinnimh agus aerchóirithe, agus maidir le tionscadail tógála de chuid AS INLO;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

Imscaradh an Bhonneagair Óstála:

Tabhairt faoi thionscadail mhóra a bhaineann le bonneagair TF fiontair (sa Lárionad Sonraí) agus na tionscadail chothrománacha lena mbaineann;

Comhairliúchán agus tacaíocht “leibhéal 3” a sholáthar do sheirbhísí eile na hinstitiúide sna réimsí saineolais faoi chúram na seirbhíse;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

Cumraíochtaí caighdeánacha:

Tacaíocht do chumraíochtaí caighdeánacha Pharlaimint na hEorpa (ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, MAC, hibridí, táibléid) a dhearadh, a chothabháil agus a áirithiú;

Tacaíocht do chórais idirnasctha le cumraíochtaí caighdeánacha (SCCM, EPINCO, SURVEYOR, RDS/VDI, etc.) a dhearadh, a chothabháil agus a áirithiú;

Timpeallachtaí tástála d’fheidhmchláir a chur ar fáil do na hArdstiúrthóireachtaí agus do na grúpaí polaitiúla, agus na timpeallachtaí sin a chothabháil;

Maoirsiú agus tacaíocht d’eintitis TF Pharlaimint na hEorpa maidir leis an táirge ORACLE a riar;

Cúraimí riaracháin agus cur chun feidhme an bhuiséid a bhaineann le gníomhaíochtaí na seirbhíse a chomhordú agus a chur i gcrích.

AN TAONAD UM THREALAMH AONAIR AGUS UM LÓISTÍOCHT

Lena n-áirítear na seirbhísí seo: “Tacaíocht d’Athruithe ar Threalamh Aonair”, “Bainistiú an Bhonneagair Aonair” agus “Seirbhísí Corparáidshonracha”

Cúraimí trí sheirbhís an aonaid a riar;

Rúnaíocht an aonaid agus na seirbhísí a riar.

Tacaíocht d’athruithe ar threalamh aonair:

An clár Unified Communications a reáchtáil agus comhsheasmhacht an chláir a áirithiú, lena n-áirítear ríomhphost, Prótacal Idirlín don Ghuthú agus facs i gcomhthéacs ilsuíomhanna lena mbaineann cumarsáid fhosaithe agus mhóibíleach, bainistiú comhtháite na n-acmhainní cumarsáide;

Na seirbhísí Unified Communicationsa shainiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú;

Bainistiú agus inoibritheacht an chórais teileafóin fosaithe agus móibíleach, inmheánach agus seachtrach, a riar;

Oibríochtaí agus tacaíocht do chomhdhálacha Visio, d’idirnascthacht VoIP, gréasáin agus fuaime laistigh den institiúid agus le dreamanna seachtracha a riar;

Oibríochtaí, tacaíocht agus inoibritheacht an dáileacháin TV ar shuíomhanna na Bruiséile agus Strasbourg a áirithiú;

Tacaíocht dara leibhéal a threorú agus a áirithiú maidir leis an tseirbhís ríomhphoist, comhtháthú agus forbairt teicneolaíoch agus forbairt ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil a riar;

Tacaíocht a áirithiú le linn imeachtaí (JPO, EYE, etc.) agus le haghaidh teilea-oibrithe agus suiteálacha; faireachán ar línte speisialta.

Bainistiú an bhonneagair aonair:

Treorú a dhéanamh ar bheartas maidir le trealamh aonair, trealamh grúpa (crua-earra agus bogearra) nó trealamh corparáideach (bogearra), lena n-áirítear: tacaíocht theicniúil (nuashonrú ar an stoc, fabhtcheartú, deisiú), tacaíocht riaracháin (sainiú orduithe HW/SW, faireachán ar ábhar seachadta, íosghrádú), tacaíocht lóistíochta (ceannach, seachadadh, suiteáil, stóráil, aistriú, bainistiú fardail, íosghrádú), bainistiú na mbogearraí corparáideacha (ceadúnais corporate):

Na gluaiseachtaí, an tsuiteáil agus deisiú uile ar threalamh aonair (ríomhaire pearsanta/scáileáin/printéirí/teileafóin/teilifís) a chur i gcrích d’úsáideoirí uile na Parlaiminte;

Bainistiú riaracháin, airgeadais agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar;

Fardal bhainistiú na gceadúnas a chur i gcrích.

Seirbhísí corparáidshonracha:

Teileachumarsáid:

An beartas teileachumarsáide is infheidhme a shainiú agus na seirbhísí teileachumarsáide a bhainistiú (córas teileafóin fosaithe agus móibíleach, rochtain ar an Idirlíon, líonra na n-oifigí idirchaidrimh, líonra idirshuímh EPINET, teilea-oibrithe), maidir le hoibreoirí seachtracha agus le húsáideoirí inmheánacha;

An úsáid a fhíorú agus a rialú; staidéar a dhéanamh ar na forbairtí meántéarmacha agus fadtéarmacha agus iad a réamh-mheas;

Bainistiú riaracháin agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar.

Vótáil leictreonach:

An fhorbairt ar bhonneagair (HW agus SW) don vótáil leictreonach sna seomraí tionóil agus i seomraí na gcoistí a shainiú, a phleanáil agus a chur i gcrích;

An vótáil a chur i gcrích, a bhainistiú agus a riar le linn seisiúin, cruinnithe coistí, cruinnithe na ngrúpaí polaitiúla nó imeachtaí eile (Euroscola, etc.);

Bainistiú riaracháin, airgeadais agus conarthach an réimse uile (ceannach/ordú/cur chun feidhme/seachadadh/íocaíochtaí) a riar;

AN TAONAD UM OIBRÍOCHTAÍ AGUS ÓSTÁIL TFC

Lena n-áirítear na seirbhísí seo: “Maoirseacht agus Oibríochtaí”, “Toilleadh agus Leanúnachas” agus “Bainistiú ar Iarrataí Óstála agus Seirbhísí”

Oibriú agus oibríochtaí an Lárionaid TF agus an líonra TF a riar;

Na bunseirbhísí a eagrú agus a bhainistiú chun tacú le hoibríochtaí (bainistiú toillte, bainistiú na slándála oibríochtúla, leanúnachas seirbhísí, etc.);

Óstáil chórais TF Pharlaimint na hEorpa a áirithiú;

Tacú leis na forbairtí bonneagair;

Bainistiú acmhainní daonna a riar;

Bainistiú conarthach, buiséadach agus riaracháin a riar.

Maoirseacht agus Oibríochtaí:

Seirbhísí bonneagair ríomhaireachta a bhainistiú agus a riar (Active Directory, DNS, NTP, freastalaithe Windows, freastalaithe Unix & Linux, seirbhísí fíorúlaithe, seirbhís do bhunachair sonraí, seirbhís cúltaca, stóráil SAN agus NAS);

An Deasc Seirbhíse 2ra leibhéal “24u x 365lá” (freastalaithe, stóráil agus líonra) a riar;

Táirgeadh TF (seirbhís ríomhphoist, ardán SharePoint, láithreacht Idirlíon na Parlaiminte, Inlíon na Parlaiminte, feidhmchláir arna n-úsáid ag seirbhísí éagsúla na Parlaiminte) a mhaoirsiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú lá agus oíche;

An líonra IP (bunlíonra idirshuímh, líonra logánta sna trí láthair oibre, líonra WIFI, nasc chuig oifigí idirchaidrimh, bonneagar TOIP, bonneagar físchomhdhála, bonneagar ionchódóirí VOD, nascacht sheachtrach (Soláthraí Seirbhíse Idirlín, institiúidí eile, córais riaracháin eile)) a mhaoirsiú, a bhainistiú agus a fheidhmiú lá agus oíche;

Toilleadh agus Leanúnachas:

Imscaradh agus cothabháil a dhéanamh ar ardáin óstála na lárionad TF: Solaris, Windows, Linux, VMware;

Cumas na lárionad TF a bhainistiú agus a riar: toilleadh na n-ardán óstála, toilleadh na seirbhíse stórála (SAN/NAS)

Leanúnachas oibríochtúil seirbhísí a riar: stóinseacht, cumas DR a chur i gcrích, slándáil agus sláine na mbonneagar;

Na huirlisí oibriúcháin a leanas a chur ar fáil agus a chothabháil: maoirsiú, CMDB, tuairisciú, etc;

Lárionaid sonraí agus seomraí teicniúla an Aonaid Oibríochtaí a bhainistiú: seachadadh, suiteáil trealaimh, bainistiú stoic, etc.

Bainistiú ar Iarrataí Óstála agus Seirbhísí:

Bogearraí nó eilimintí nua i mbonneagar TF na Parlaiminte (pleanáil, an fháil atá ar acmhainní daonna agus ábhair, oiriúnú do theorainneacha oibríochtúla an aonaid) a thabhairt isteach;

Bainistiú ar an athrú agus faireachán a dhéanamh ar phróisis ghnó: release and change management;

Tástálacha lódála agus neamh-chúlchéimnithe a dhéanamh (pleanáil, bainistiú acmhainní agus cur i gcrích);

Iarrataí urghnácha (ardriosca, le tionchar suntasach, neamhchaighdeánacha) a chomhordú agus a láimhseáil;

An fháil atá ar chatalóg sheirbhísí an aonaid a riar, chomh maith leis an gcatalóg a oiriúnú agus a fhorbairt.