27.7.2017 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE
RIARTHÓIRÍ AGUS CÚNTÓIRÍ I RÉIMSE NA BHFOIRGNEAMH
EPSO/AD/342/17 (AD 6) — Innealtóirí bainistithe foirgneamh (innealtóirí comhshaoil agus innealtóirí seirbhísí san áireamh)
EPSO/AST/141/17 (AST 3)
Próifíl 1. Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh
Próifíl 2. Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí
Próifíl 3. Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh
Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 12 Meán Fómhair 2017 ar 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus go príomha an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” agus mar “chúntóirí” (grúpaí feidhme AD agus AST faoi seach), sa Bhruiséil, i Lucsamburg nó in Strasbourg.
Is iad an fógra comórtas seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach na bpróiseas roghnúcháin seo.
Tá na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte le fáil in IARSCRÍBHINN III.
An líon iarrthóirí atá á lorg don dá chomórtas agus do gach próifíl:
EPSO/AD/342/17 — 24
EPSO/AST/141/17: |
Próifíl 1. — 22 Próifíl 2. — 31 Próifíl 3. — 12 |
Cuimsíonn an fógra seo dhá chomórtas agus tá roinnt próifílí i gceann amháin de na comórtais sin. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon phróifíl amháin i ngach comórtas. Ní mór duit an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní fhéadfaidh tú na nithe sin a athrú i ndiaidh duit d’iarratas ar líne a bhailíochtú.
DUALGAIS AN PHOIST
EPSO/AD/342/17
Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú agus/nó ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoirgnimh agus thionscadail tógála institiúidí an Aontais faoi chuimsiú clár nó tionscadal.
EPSO/AST/141/17
Próifíl 1: Cúnamh a thabhairt do riarthóirí maidir le bainistiú tionscadal tógála (tógáil agus athchóiriú foirgneamh), teicneolaíocht speisialaithe, obair struchtúrtha agus bailchríochnú.
Próifíl 2: Cúnamh a thabhairt do riarthóirí maidir le bainistiú tionscadal tógála i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí.
Próifíl 3: Cúnamh a thabhairt do riarthóirí bearta coisctheacha a chur chun feidhme maidir le sábháilteacht agus sláinteachas san ionad oibre, cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a chomhordú le linn na gcéimeanna pleanála agus tógála, treoracha sábháilteachta agus sláinteachais a dhréachtú agus éigeandálaí a bhainistiú.
Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.
NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA
Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:
1) Coinníollacha ginearálta:
— |
A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh |
— |
Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh |
— |
Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh |
2) Coinníollacha sonracha — teangacha:
Ní mór eolas a bheith acu ar 2 cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh , leibhéal C1 (sáreolas) ar a laghad i gceann acu agus leibhéal B2 (eolas sásúil) ar a laghad sa cheann eile.
Tabhair do d’aire nach mór na híosleibhéil atá luaite thuas a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha: https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr
San fhógra comórtas seo is mar seo a thagraítear do na teangacha:
— |
Teanga 1: an teanga atá le húsáid sna trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire |
— |
Teanga 2: an teanga atá le húsáid san fhoirm iarratais, san ionad measúnaithe agus i gcumarsáid idir EPSO agus na hiarrthóirí a chuir isteach iarratas bailí. An teanga a roghnófar mar theanga 1, ní féidir í a roghnú mar theanga 2 freisin. |
Ní mór an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2.
Iarrfar ar riarthóirí, teicneoirí agus cúntóirí a earcófar i réimse na bhfoirgneamh a bheith i dteagmháil go laethúil le conraitheoirí, gnólachtaí seachtracha agus údaráis áitiúla, sa Bhruiséil, i Lucsamburg nó in Strasbourg. Is iad príomhtheangacha oibre na bpáirtithe leasmhara seachtracha sin an Béarla agus an Fhraincis (sa Bhruiséil agus in Strasbourg) agus an Fhraincis agus an Ghearmáinis (i Lucsamburg). Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith acu ar cheann amháin ar a laghad de na teangacha sin chun go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre láithreach nuair a earcófar iad.
3) Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre
EPSO/AD/342/17:
— |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad san innealtóireacht nó san ailtireacht agus ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist |
EPSO/AST/141/17:
Na próifílí ar fad:
— |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán iar-mheánscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i slándáil foirgneamh, sábháilteacht cheirde agus foirgneamh, teicneolaíocht foirgneamh nó i réimse eile a bhaineann go díreach le dualgais an phoist, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist nó |
— |
Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán meánscoile, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann go díreach le dualgais an phoist. |
Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in IARSCRÍBHINN IV.
CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ
1) Iarratas a dhéanamh
Ní mór duit an fhoirm iarratais a líonadh isteach sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 (féach an roinn “Coinníollacha sonracha — teangacha”).
Agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat, iarrfar ort a dheimhniú go bhfuil tú incháilithe don chomórtas agus eolas breise a thabhairt a bhaineann le próifíl an chomórtais a roghnaigh tú (mar shampla: dioplómaí, taithí oibre agus freagraí ar cheisteanna a bhaineann go sonrach leis an réimse (Talent Screener)(an Scagthóir Buanna)). Lena chois sin, beidh ort teanga a roghnú mar theanga 1 (aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh) agus teanga a roghnú mar theanga 2 (an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis).
Is ionann an t-iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú ar d’fhocal go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta”. A luaithe a bheidh d’fhoirm iarratais bailíochtaithe agat, ní fhéadfaidh tú aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Fútsa atá sé féachaint chuige go bhfuil an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am .
2) Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú do gach comórtas agus do gach próifíl ag stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrthóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.
Ach amháin má deirtear a mhalairt leat, ní mór duit coinne a dhéanamh chun na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh, de réir na dtreoracha a gheobhaidh tú ó EPSO. Is é is dóichí go dtairgfear roinnt dátaí duit ar a bhféadfaidh tú na trialacha a dhéanamh, agus roinnt ionad ina bhféadfaidh tú iad a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.
Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí , is san ionad measúnaithe a bheidh na trialacha sin (pointe 5) ar siúl.
Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
Trialacha |
Teanga |
Líon ceisteanna |
Fad ama |
Marcáil |
Pasmharc |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Teanga 1 |
20 ceist |
35 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 20 pointe |
10/20 |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Teanga 1 |
10 gceist |
20 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20 |
Réasúnaíocht theibí |
Teanga 1 |
10 gceist |
10 nóiméad |
Marcálfar an triail seo as 10 bpointe |
Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe.
3) Seiceálacha incháilitheachta
Déanfar na coinníollacha incháilitheachta a leagtar síos sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta” thuas a sheiceáil i gcomparáid leis na sonraí a thug na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne. Is é EPSO a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a sheiceálfaidh an gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta sonracha.
Tá dhá chás is féidir a bheith ann:
— |
Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí a bhain na pasmharcanna uile amach, in ord íslitheach na marcanna a ghnóthaigh siad sna trialacha sin, go dtí go sroichfear an tairseach a leag stiúrthóir EPSO síos, ina cháil mar údarás ceapacháin, roimh na trialacha do gach comórtas agus gach próifíl. Ní sheiceálfar na comhaid eile. |
— |
Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad a bhailíochtaigh a bhfoirm iarratais faoin sprioc-am. |
4) Roghnú ar bhonn cáilíochtaí (Talent Screener)
Chun gur féidir leis an mBord Roghnúcháin measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar bhuanna gach iarrthóra ar dhóigh struchtúrtha, ní mór do na hiarrthóirí uile a roghnaigh an comórtas céanna agus an phróifíl chéanna aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt sa Talent Screener san fhoirm iarratais. Is ar na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe amháin a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí agus déanfar é ar an gcaoi a bhfuil cur síos uirthi thuas i bpointe 3, agus is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an measúnú. Dá bhrí sin, ba cheart duit gach eolas a bhaineann le hábhar a thabhairt i do fhreagraí sa Talent Screener, fiú amháin má tá sé luaite cheana i gcodanna eile den fhoirm iarratais. Beidh na ceisteanna bunaithe ar na critéir roghnúcháin atá leagtha amach san fhógra seo. Tá an liosta critéar do gach próifíl in IARSCRÍBHINN II.
Chun an roghnú ar bhonn cáilíochtaí a dhéanamh, sa chéad dul síos, tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin , a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile agus tabharfar idir 0 agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir. Iolrófar na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeofar iad lena fháil amach cé na hiarrthóirí is mó atá in oiriúint do dhualgais an phoist.
Is iad na hiarrthóirí a ghnóthaigh na marcanna foriomlána is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, agus na hiarrthóirí sin amháin, a rachaidh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.
5) An tIonad Measúnaithe
Trí oiread, ar a mhéad, an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas agus do gach próifíl, sin é an líon iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na céime seo dóibh. Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d’iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2. Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an chéim sin ar siúl.
Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 2 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad. Trialacha díbeartha is ea na trialacha seo agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu leis na marcanna a ghnóthófar sna trialacha san ionad measúnaithe chun do mharc iomlán a ríomh.
Ach amháin má deirtear a mhalairt, ba cheart duit do chuid doiciméad tacaíochta a thabhairt leat (na bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe díobh) go dtí an t-ionad measúnaithe. Scanfaidh EPSO na doiciméid agus tú ag déanamh thrialacha an ionaid measúnaithe agus tabharfar ar ais duit iad an lá céanna.
Déanfar seacht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, sa chomórtas AST, agus ocht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, sa chomórtas AD, mar aon le hinniúlachtaí sonracha gach comórtais agus gach próifíle a mheas san ionad measúnaithe, agus déanfar sin le ceithre thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, cleachtadh i ngrúpa agus cás-staidéar), a bhfuil cur síos orthu sna táblaí seo:
Inniúlacht |
Trialacha |
|||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cás-staidéar |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Cás-staidéar |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
||
|
Cleachtadh i ngrúpa |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta |
Pasmharcanna EPSO/AST/141/17 |
3/10 i ngach inniúlacht agus 35/70 san iomlán |
Pasmharcanna EPSO/AD/342/17 |
3/10 i ngach inniúlacht agus 40/80 san iomlán |
Inniúlacht |
Triail |
Inniúlachtaí sonracha |
Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha |
Pasmharc |
50/100 |
6) An painéal
I ndiaidh dó an tseiceáil a dhéanamh ar incháilitheacht na n-iarrthóirí ar bhonn a gcuid doiciméad tacaíochta, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal do gach comórtas agus do gach próifíl de na hiarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh an pasmharc i ngach triail agus a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.
Cuirfear ar fáil d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun críocha earcaíochta agus forbairt gairme sa todhchaí, na painéil d’iarrthóirí ar éirigh leo mar aon lena bpas inniúlachtaí, rud ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mbord roghnúcháin. Ní hionann duine a bheith ar an bpainéal agus aon cheart ar phost ná ráthaíocht go bhfaighidh sé post.
CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH
Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu faoin sprioc-am seo:
12 Meán Fómhair 2017 ag 12.00 (meán lae), Am Lár na hEorpa (CET).
IARSCRÍBHINN I
DUALGAIS
EPSO/AD/342/17 — Innealtóirí bainistithe foirgneamh (innealtóirí comhshaoil agus innealtóirí seirbhísí san áireamh)
Tá innealtóirí foirgneamh ag teastáil ó sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg, chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú agus/nó ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoirgnimh agus thionscadail tógála institiúidí an Aontais, faoi chuimsiú clár nó tionscadal arna sainiú ag an lucht ceannais nó ag na comhlachtaí parlaiminteacha.
Iarrfar ar na daoine a earcófar obair choincheapúil agus bainistiú teicniúil a dhéanamh mar aon le hobair a bhaineann le hanailísiú agus maoirseacht theicniúil agus riaracháin i réimse na suiteálacha teicniúla.
Chun na dualgais sin a dhéanamh, is gá acmhainní maidir le dréachtú, anailísiú, maoirseacht theicniúil agus bainistiú riaracháin agus eolas praiticiúil sármhaith ar bhogearraí oifige, agus bogearraí pleanála/bainistithe tionscadal agus/nó deartha ríomhchuidithe (CAD), le cois rudaí eile.
Beifear ag súil leis freisin go mbeidh na daoine a earcófar oilte sa taidhleoireacht, líofa agus iad ag labhairt os comhair an phobail agus ar a suaimhneas i dtaca le teagmhálacha a dhéanamh le hidirghabhálaithe éagsúla polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta.
Ag seo samplaí de na dualgais a d’fhéadfadh a bheith le déanamh:
— |
conarthaí le cuideachtaí/comhpháirtithe seachtracha a phleanáil agus a bhainistiú; |
— |
pleanáil gníomhaíochtaí a ullmhú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi mar chuid den chlár oibre bliantúil; |
— |
comhairle agus anailísiú a sholáthar ar shaincheisteanna casta teicniúla agus cuidiú a thabhairt na nósanna imeachta sa réimse ábhartha a shimpliú; |
— |
monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail tógála agus athchóiriúcháin agus oibreacha tógála a chomhordú le cliaint, soláthróirí, conraitheoirí agus páirtithe leasmhara eile (e.g. comhordaitheoirí sláinte agus sábháilteachta, gnólachtaí comhairleachta, údaráis, comhlachtaí cigireachta, etc.); |
— |
cothabháil foirgneamh (córas bainistithe cothabhála ríomhairithe, comhaontú ar leibhéal na seirbhíse, láimhseáil gearán, etc.) a phleanáil agus monatóireacht a dhéanamh uirthi; |
— |
tionscadail shonracha a bhainistiú agus a chomhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar an mbuiséad, ar na costais agus ar an gcreat pleanála; |
— |
páirt a ghlacadh i mbainistiú riaracháin agus airgeadais an aonaid i bhfianaise na bhforálacha rialála ábhartha; |
— |
eolas cuimsitheach a sholáthar don tseirbhís i gceann de réimsí an bhainistithe tionscadal (eagrúchán, pleanáil, comhordú, bainistiú acmhainní, bainistiú riosca, etc.); |
— |
maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí leantacha maidir le tuarascálacha seirbhísí seachtracha teicniúla agus nó seirbhísí cigireachta comhshaoil; |
— |
tionscadail a dhearadh agus bearta a chur chun feidhme atá dírithe ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú, compord agus folláine na n-úsáideoirí a fheabhsú agus/nó comhlíonadh nó uasghrádú teicniúil foirgneamh agus na suiteálacha atá iontu; |
— |
iniúchtaí (fuinnimh) a dhéanamh ar fhoirgnimh, sonraí feidhmíochta a anailísiú agus a chur i dtoll a chéile agus faisnéis a thuairisciú (go hinmheánach agus/nó go seachtrach); |
— |
sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú agus páirt a ghlacadh in imeachtaí soláthair phoiblí; |
— |
páirt a ghlacadh i soláthar (inbhuanaithe) a bhaineann go sonrach le foirgnimh (oibreacha, ábhair, seirbhísí, trealamh) nó na soláthair sin a eagrú; |
— |
caidreamh a dhéanamh le córas bainistithe na hinstitiúide maidir le cur chun feidhme beartas agus cleachtas; |
— |
feidhmiú i gcomhréir le hathruithe ábhartha sa reachtaíocht i réimse na ngníomhaíochtaí, agus fanacht bord ar bord leis na hathruithe sin. |
EPSO/AST/141/17
Próifíl 1. Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh
Tá comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh ag teastáil ó sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg, chun cúnamh a thabhairt maidir le bainistiú tionscadal tógála (tógáil agus athchóiriú foirgneamh), teicneolaíocht speisialaithe, obair struchtúrtha agus bailchríochnú: struchtúir, aghaidheanna, dallóga inmheánacha agus seachtracha, díonlach, adhmad seachtrach agus inmheánach, clúdaigh urláir agus ballaí.
Ag seo samplaí de na dualgais a d’fhéadfadh a bheith le déanamh:
— |
cúraimí cothabhála agus feistithe foirgneamh; |
— |
cúraimí a bhaineann le córas bainistithe cothabhála ríomhairithe, bainistiú láraithe teicniúil, bainistiú fuinnimh agus úsáid inbhuanaithe foirgneamh; |
— |
cúraimí a bhaineann le cosaint ar dhóiteán agus le sábháilteacht theicniúil foirgneamh; |
— |
anailísiú ar na riachtanais i leith socrú clár ilbhliantúil cothabhála foirgneamh nó trealaimh theicniúil; |
— |
monatóireacht ar thionscadail iomlána feistiúcháin/athchóiriúcháin/tógála/atógála a bhaineann le bainistiú foirgneamh; |
— |
nósanna imeachta d’oibríochtaí a dhréachtú, agus oiliúint d’úsáideoirí; |
— |
cúnamh a thabhairt maidir le bainistiú foirgneamh agus/nó le trealamh agus suiteálacha slándála a oibriú; |
— |
cúnamh a thabhairt maidir le sonraíochtaí a dhréachtú sula bhfoilseofar glao ar thairiscintí, páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair, monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar obair nó seirbhísí a bhaineann go sonrach le teicnící tógála; |
— |
bainistiú riaracháin agus teicniúil (go háirithe maoirseacht ar fheidhmíocht, monatóireacht agus rialú cáilíochta) conarthaí a thugtar i gcrích i réimse na bhfoirgneamh le gnólachtaí seachtracha a sholáthraíonn seirbhísí, oibreacha, soláthairtí agus troscán; |
— |
bainistiú conarthaí agus monatóireacht conarthaí faoi chuimsiú chothabháil na n-oibreacha tógála; |
— |
bainistiú tionscadal, lena n-áirítear bainistiú airgeadais agus/nó bainistiú foirgneamh agus cothabhála; |
— |
páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin agus in idirbheartaíocht d’fhonn seilbh a fháil ar fhoirgnimh/foirgnimh a áitiú; |
— |
pleananna a dhréachtú, a cheadú agus a nuashonrú trí bhogearraí CAD a úsáid; |
— |
teagmhálacha le conraitheoirí agus le riaracháin náisiúnta ar shaincheisteanna a bhaineann leis an réimse oibre; |
— |
réitigh slándála ildisciplíneacha a tharraingt suas; |
— |
tionscadail agus pléití idirinstitiúideacha a thionscnamh, a chomhordú, monatóireacht a dhéanamh orthu agus páirt a ghlacadh iontu; |
— |
comhaid rialacha agus rialachán nó comhaid comhlíontachtaí a dhréachtú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus an ghníomhaíocht a bhaineann leis sin (lena gcinntítear comhlíontacht); |
— |
monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta. |
Chun na cúraimí sin a dhéanamh, is gá freisin scileanna riaracháin agus scileanna bainistithe airgeadais agus eolas maith ar uirlisí ríomhaireachta (uathoibriú oifige, Excel, Word, MS Project, etc.) agus eolas ar bhogearraí bainistithe agus CAD (dearadh ríomhchuidithe).
Próifíl 2. Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí
Tá comhordaitheoirí/teicneoirí ag teastáil ó sheirbhísí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg chun dul ag obair i gceann amháin de na réimsí seo thíos:
Aerchóiriú: Aerchóiriú, aeráil, córais téimh, suiteálacha uisce/sláintíochta, teicnící agus modhanna maidir le húsáid inbhuanaithe foirgneamh oifigí, bainistiú fuinnimh, bainistiú láraithe teicniúil, uathrialú.
Innealtóireacht leictrimheicniúil agus leictreach: Leictreachas (voltas ard agus íseal), trealamh ardúcháin, trealamh uathoibrithe, brath dóiteáin agus cosaint ar dhóiteán, bainistiú láraithe teicniúil, foireann gineadóirí, soilsiú éigeandála, EIB, KNX agus córais analógacha.
Ag seo samplaí de na dualgais a d’fhéadfadh a bheith le déanamh i ngach réimse:
— |
cúraimí cothabhála agus feistithe foirgneamh; |
— |
cúraimí a bhaineann le córas bainistithe cothabhála ríomhairithe, bainistiú láraithe teicniúil, bainistiú fuinnimh agus úsáid inbhuanaithe foirgneamh; |
— |
cúraimí a bhaineann le cosaint ar dhóiteán agus le sábháilteacht theicniúil foirgneamh; |
— |
anailísiú ar na riachtanais le haghaidh socrú clár ilbhliantúil cothabháil foirgneamh nó trealaimh theicniúil; |
— |
monatóireacht ar thionscadail iomlána feistiúcháin/athchóiriúcháin/tógála/atógála; |
— |
nósanna imeachta d’oibríochtaí a dhréachtú, agus oiliúint d’úsáideoirí; |
— |
cúnamh a thabhairt maidir le bainistiú foirgneamh agus/nó le trealamh agus suiteálacha slándála a oibriú; |
— |
cúnamh a thabhairt maidir le sonraíochtaí a dhréachtú sula bhfoilseofar glao ar thairiscintí, páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair, monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar obair nó seirbhísí a bhaineann go sonrach le teicnící tógála; |
— |
bainistiú riaracháin agus teicniúil (go háirithe maoirseacht ar fheidhmíocht, monatóireacht, rialú cáilíochta) conarthaí a thugtar i gcrích i réimse na bhfoirgneamh le cuideachtaí seachtracha a sholáthraíonn seirbhísí, oibreacha, soláthairtí agus troscán; |
— |
bainistiú conarthaí agus monatóireacht conarthaí faoi chuimsiú chothabháil na n-oibreacha tógála; |
— |
bainistiú tionscadal, lena n-áirítear bainistiú airgeadais; |
— |
páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin agus in idirbheartaíocht d’fhonn seilbh a fháil ar fhoirgnimh/foirgnimh a áitiú; |
— |
pleananna a dhréachtú, a cheadú agus a nuashonrú trí bhogearraí CAD a úsáid; |
— |
teagmhálacha le conraitheoirí agus le riaracháin náisiúnta ar shaincheisteanna a bhaineann leis an réimse oibre; |
— |
réitigh shlándála ildisciplíneacha a dhréachtú; |
— |
tionscadail agus pléití idirinstitiúideacha a thionscnamh, a chomhordú, monatóireacht a dhéanamh orthu agus páirt a ghlacadh iontu; |
— |
comhaid rialacha agus rialachán nó comhaid comhlíontachtaí a dhréachtú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, agus an ghníomhaíocht a bhaineann leis sin (lena gcinntítear comhlíontacht); |
— |
monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta. |
Chun na cúraimí sin a dhéanamh, is gá freisin scileanna riaracháin agus scileanna bainistithe airgeadais agus eolas maith ar uirlisí ríomhaireachta (uathoibriú oifige, Excel, Word, MS Project, etc.) agus eolas ar bhogearraí bainistithe agus CAD (dearadh ríomhchuidithe).
Próifíl 3. Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh
Tá cúntóirí sábháilteachta ceirde agus foirgneamh ag teastáil ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil.
Iarrfar ar na daoine a earcófar cúnamh a thabhairt do riarthóirí bearta coisctheacha a chur chun feidhme maidir le sábháilteacht agus sláinteachas san ionad oibre, cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a chomhordú le linn na gcéimeanna pleanála agus tógála, treoracha sábháilteachta agus sláinteachais a dhréachtú agus éigeandálaí a bhainistiú.
Ar na dualgais a d’fhéadfadh a bheith le déanamh, tá cúnamh a thabhairt san obair seo a leanas:
— |
cúraimí a dhéanamh a bhaineann le cosaint ar dhóiteán, sábháilteacht theicniúil foirgneamh agus sláinteachas nó cúraimí eile a bhaineann le sábháilteacht san ionad oibre; |
— |
nósanna imeachta a dhréachtú maidir le hoibríochtaí, agus oiliúint d’úsáideoirí; |
— |
cúnamh a thabhairt maidir leis na sonraíochtaí dréachtaithe sula bhfoilseofar glao ar thairiscintí, páirt a ghlacadh i bpróisis soláthair, monatóireacht agus comhordú a dhéanamh ar obair nó seirbhísí a bhaineann go sonrach le teicnící tógála; |
— |
teagmhálacha le conraitheoirí agus le riaracháin náisiúnta ar shaincheisteanna a bhaineann leis an réimse oibre; |
— |
modhanna measúnaithe riosca a bhaineann le heirgeanamaíocht, ionaid oibre agus rioscaí síceasóisialta, agus réitigh shábháilteachta a dhréachtú; |
— |
comhaid a bhaineann le sábháilteacht i réimsí eile amhail leictreachas/cáblú, oibreacha taobh istigh, eirgeanamaíocht, comhrac dóiteáin, teas, aerú agus aerchóiriú, etc. a thionscnamh agus obair leantach a dhéanamh orthu; |
— |
caighdeáin agus sonraíochtaí sábháilteachta a dhréachtú; na caighdeáin agus na sonraíochtaí sin a chur i bhfeidhm agus a athbhreithniú nó páirt a ghlacadh i meithleacha gaolmhara. |
Chun na cúraimí sin a dhéanamh, is gá freisin scileanna riaracháin agus scileanna bainistithe airgeadais agus eolas maith ar uirlisí ríomhaireachta (uathoibriú oifige, Excel, Word, MS Project, etc.) agus eolas ar uirlisí ríomhaireachta a bhaineann leis an bpróifíl (e.g. uirlisí ionsamhlaithe aslonnúcháin, forbairt ríomhchuidithe ar phleananna aslonnúcháin, dearadh ríomhchuidithe, measúnú riosca, etc.).
Deireadh IARSCRÍBHINN I, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN II
CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN
Déanfaidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:
EPSO/AD/342/17 — Innealtóirí bainistithe foirgneamh (innealtóirí comhshaoil agus innealtóirí seirbhísí san áireamh)
1. |
Taithí oibre ar bhearta a dhearadh agus a chur chun feidhme atá dírithe ar fheidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a fheabhsú, ar iniúchtaí (fuinnimh) a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar chomhlíonadh suiteálacha teicniúla a sheiceáil (de réir na gcaighdeán dlíthiúil) agus/nó scrúdú a dhéanamh ar an riachtanas le huasghrádú teicniúil a dhéanamh ar shuiteálacha. |
2. |
Taithí oibre ar obair thógála a chomhordú le cliaint, soláthróirí, conraitheoirí agus páirtithe leasmhara eile (e.g. comhordaitheoirí sláinte agus sábháilteachta, gnólachtaí comhairleachta, údaráis, comhlachtaí cigireachta, etc.). |
3. |
Taithí oibre ar sholáthar (inbhuanaithe) a bhaineann go sonrach le foirgnimh (oibreacha, ábhair, seirbhísí agus/nó trealamh). |
4. |
Taithí oibre ar bhogearraí sonracha a úsáid i réimse na tógála, na pleanála nó na cothabhála foirgneamh. |
5. |
Taithí oibre ar bhainistiú buiséid agus/nó costas tionscadal tógála. |
6. |
Taithí oibre ar bhainistiú a bhaineann le hacmhainní daonna, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, gnéithe dlíthiúla, etc. |
7. |
Taithí oibre ar oibriú agus cothabháil suiteálacha teicniúla foirgneamh a bhainistiú nó ar chomhlíonadh comhshaoil foirgneamh agus a suiteálacha a chinntiú. |
8. |
Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla a dhréachtú a bhaineann le tionscadail tógála a bhfuil suiteálacha casta teicniúla iontu. |
9. |
Taithí oibre ar chothabháil foirgneamh (córais bainistithe cothabhála ríomhairithe, comhaontú ar leibhéal na seirbhíse, gearáin a láimhseáil, etc.) a phleanáil agus ar mhonatóireacht a dhéanamh uirthi nó taithí oibre ar chórais bainistithe fuinnimh a thógáil. |
10. |
Taithí oibre ar speisialtacht tógála amhail teicnící tógála speisialta, sábháilteacht cheirde, sábháilteacht foirgneamh, innealtóireacht nó ailtireacht dóiteáin, nó dioplóma iar-ollscoile (cé is moite den dioplóma is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo) sna réimsí sin. |
EPSO/AST/141/17
Próifíl 1. Comhordaitheoirí/teicneoirí tógála foirgneamh
1. |
Dhá bhliain ar a laghad de thaithí oibre sa bhreis ar an taithí is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, a bhfuil baint dhíreach aige le dualgais na próifíle. |
2. |
Sé mhí ar a laghad de thaithí oibre ar bhogearraí sonracha a úsáid i réimse na tógála, na pleanála agus/nó na cothabhála foirgneamh. |
3. |
Dioplóma(í) iar-mheánscoile sa bhreis orthu sin is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, a bhfuil baint dhíreach acu le dualgais na próifíle. |
4. |
Oiliúint i réimse na bhfoirgneamh, sa bhreis ar an oiliúint atá luaite faoi chritéar 3, nó na deimhnithe teicniúla a bhaineann leis an bpróifíl. |
5. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal agus/nó oiliúint sa réimse sin. |
6. |
Taithí oibre ar sholáthar a bhaineann le teicnící tógála (mar dhréachtóir agus/nó measúnóir agus/nó tairgeoir). |
7. |
Taithí oibre ar mhodhanna rialaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm ar oibreacha tógála. |
8. |
Taithí oibre ar bhainistiú conarthaí agus ar mhonatóireacht conarthaí faoi chuimsiú chothabháil na n-oibreacha tógála. |
Próifíl 2. Comhordaitheoirí/teicneoirí foirgneamh i réimsí an aerchóiriúcháin agus na hinnealtóireachta leictrimheicniúla agus leictrí
1. |
Dhá bhliain ar a laghad de thaithí oibre sa bhreis ar an taithí is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, a bhfuil baint dhíreach aige le ceann de réimsí na próifíle. |
2. |
Sé mhí ar a laghad de thaithí oibre ar bhogearraí sonracha a úsáid i réimse na tógála, na pleanála agus/nó na cothabhála foirgneamh. |
3. |
Dioplóma(í) sa bhreis orthu sin is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, i gceann de réimsí na próifíle. |
4. |
Oiliúint i réimse na bhfoirgneamh, sa bhreis ar an oiliúint atá luaite faoi chritéar 3, nó na deimhnithe teicniúla a bhaineann le ceann de réimsí na próifíle. |
5. |
Taithí oibre ar bhainistiú tionscadal agus/nó oiliúint sa réimse sin. |
6. |
Taithí oibre ar sholáthar a bhaineann le teicnící tógála (mar dhréachtóir agus/nó measúnóir agus/nó tairgeoir). |
7. |
Taithí oibre ar mhodhanna rialaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm ar oibreacha tógála. |
8. |
Taithí oibre ar bhainistiú conarthaí agus ar mhonatóireacht conarthaí faoi chuimsiú chothabháil na n-oibreacha tógála. |
Próifíl 3. Cúntóirí sábháilteachta ceirde/sábháilteachta foirgneamh
1. |
Dhá bhliain ar a laghad de thaithí oibre sa bhreis ar an taithí is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, i réimse na sábháilteachta ceirde nó na sábháilteachta foirgneamh. |
2. |
Dioplóma nó teastas iar-mheánscoile atá aitheanta ag Ballstát den Aontas, sa bhreis ar an taithí is gá le bheith incháilithe don chomórtas seo, i réimse na sábháilteachta ceirde, na sábháilteachta foirgneamh, na sábháilteachta dóiteáin nó na cosanta sibhialta. |
3. |
Oiliúint (20 uair ar a laghad) i réimsí na sábháilteachta ceirde, na sábháilteachta foirgneamh, na sábháilteachta dóiteáin nó na cosanta sibhialta. |
4. |
Taithí oibre ar chaighdeáin a chur i bhfeidhm is sonrach do réimse na sábháilteachta ceirde nó foirgneamh. |
5. |
Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i réimse seachas an réimse is gá le bheith incháilithe don chomórtas, a bhfuil nasc aici le teicnící tógála. |
6. |
Eolas agus taithí oibre ar uirlisí ríomhaireachta a bhaineann le sábháilteacht cheirde nó foirgneamh (e.g. uirlisí ionsamhlaithe aslonnúcháin, forbairt ríomhchuidithe ar phleananna aslonnúcháin, dearadh ríomhchuidithe, measúnú riosca, etc.). |
7. |
Eolas agus taithí oibre ar mhodhanna measúnaithe riosca a bhaineann le heirgeanamaíocht, ionaid oibre agus/nó rioscaí síceasóisialta. |
8. |
Taithí oibre ar sholáthar a bhaineann le sábháilteacht foirgneamh nó measúnú riosca (mar dhréachtóir agus/nó measúnóir agus/nó tairgeoir). |
Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN III
NA RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.
Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc, tabharfar cuireadh chun an chéad chéim eile den chomórtas dó.
Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal iad.
1. NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
1.1. Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha
Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta”.
Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin), eolas a bhaineann le dualgais an phoist , de réir an méid atá ráite sa roinn “Na Coinníollacha Incháilitheachta” thuas.
(a) |
Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais. Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann. |
(b) |
Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin sa chás go mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:
|
1.2. Doiciméid tacaíochta
Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).
Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:
— |
doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó |
— |
conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh; |
— |
(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar; |
— |
(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála. |
Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméid tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.
Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.
1.3. Comhdheiseanna agus socruithe speisialta
Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cé na cineálacha socruithe speisialta atá de dhíth ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh an sprioc-ama le hiarratais a dhéanamh, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.
Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:
— |
trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); |
— |
facs (+32 22998081); nó |
— |
tríd an bpost:
|
2. CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?
Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.
Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.
Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Má dhéanann iarrthóir aon chumarsáid dhíreach nó indíreach ar aon dóigh eile seachas an dóigh sin, is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas é.
Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is oiriúnach. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).
Foilsítear ainmneacha baill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) roimh thosach an ionaid measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.
3. CUMARSÁID
3.1. Cumarsáid a dhéanamh le EPSO
Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach ar cheann de na dóigheanna seo:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu- careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid); nó |
— |
glao a chur ar Europe Direct (00 800 67891011); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.
I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
Cuireann EPSO i bhfeidhm prionsabail an Chóid um Dhea-iompraíocht Riaracháin, (https://ec.europa.eu/info/about-european-union/principles-and-values/ethics-and-integrity/code-conduct-eu-staff_ga (arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh). Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).
3.2. Rochtain ar fhaisnéis
Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.
Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.
Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon chearta ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta atá luaite sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.
3.2.1. Faisnéis a nochtar go huathoibríoch
Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim den phróiseas roghnúcháin:
— |
na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna; |
— |
incháilitheacht: deirtear cé acu a tugadh nó nár tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh; |
— |
Talent Screener (an Scagthóir Buanna): do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán; |
— |
na réamhthrialacha: do thorthaí; |
— |
na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh; |
— |
an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe. |
Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás téacsanna áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:
— |
go bhfuil na trialacha thart; |
— |
go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad; agus |
— |
nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile. |
3.2.2. Faisnéis a iarraidh
Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.
Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.
Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar faisnéis.
Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.
4. GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ
4.1. Deacrachtaí teicniúla
Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh láithreach sa chaoi is go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn:
— |
tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) (an dóigh a mholtar a úsáid); nó |
— |
tríd an bpost:
|
Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.
I gcás fadhb a tharla lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le hiarratas nó coinne a dhéanamh), déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) agus mínigh go haicearrach cad í an fhadhb.
I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha iarrtar ort:
— |
na feitheoirí a chur ar an eolas ar dtús agus ansin iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn; agus |
— |
teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu) agus míniú aicearrach a thabhairt ar an bhfadhb. |
4.2. Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach
4.2.1. Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire
Déanann EPSO agus na bord roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.
Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).
Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.
Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne, agus tríd an bhfoirm sin amháin; |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire; |
— |
faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó iarrataí nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.
Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.
4.2.2. Iarrataí ar athbhreithniú
Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.
Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:
— |
míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais; agus/nó |
— |
an bord roghnúcháin nó EPSO gan na Rialacháin Foirne, an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh. |
Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnaithe a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do cháilíochtaí agus do thaithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarrataí ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.
Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.
Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.
4.3. Modhanna eile le conspóid a dhéanamh
4.3.1. Gearáin riaracháin
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.
Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).
Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:
— |
nós imeachta: déan teagmháil le EPSO (féach roinn 3.1); |
— |
teanga: sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 don chomórtas i gceist; |
— |
sprioc-am: laistigh de thrí mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe; |
— |
faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide. |
Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.
4.3.2. Achomhairc bhreithiúnacha
I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta.
Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne EPSO, ní mór duit gearán riaracháin a dhéanamh i dtosach (féach roinn 4.3.1).
Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (http://curia.europa.eu/jcms/). |
4.3.3. An tOmbudsman Eorpach
Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.
Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).
Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.
Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:
— |
nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (http://www.ombudsman.europa.eu/). |
4.4. Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin
Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:
— |
gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin; |
— |
go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe; |
— |
nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad; |
— |
go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis; |
— |
nach ndearna tú coinne chun na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú na trialacha iad féin; |
— |
go ndearna tú séitéireacht i dtriail; |
— |
nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais an teanga, nó ceann de na teangacha, nach mór a roghnú mar theanga 2, nó nár dhearbhaigh tú an t-íosleibhéal a theastaíonn i dteanga 2; |
— |
gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe; |
— |
nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin; |
— |
gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh na cásanna ina bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíocht agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó |
— |
go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla. |
Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile sa todhchaí.
Deireadh IARSCRÍBHINN III, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs
IARSCRÍBHINN IV
SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ, DE RÉIR TÍRE AGUS GRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAS
Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí uait.
|
AST-SC 1 go AST-SC 6 AST 1 go AST 7 |
AST 3 go AST 11 |
AD 5 go AD 16 |
|||||||||||||
TÍR |
Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile) |
Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad) |
Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 4 bliana nó níos mó) |
||||||||||||
Belgique — België — Belgien |
Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/ Getuigschrift van hoger secundair onderwijs Diplôme d’enseignement professionnel Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs |
Candidature — Kandidaat Graduat — Gegradueerde Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor |
Bachelor académique (180 crédits) Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS) |
Licence/Licentiaat Master Diplôme d’études approfondies (DEA) Diplôme d’études spécialisées (DES) Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS) Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS) Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS) Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS) Agrégation/Aggregaat Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur Doctorat/Doctoraal diploma |
||||||||||||
България |
Диплома за завършено средно образование |
Специалист по … |
|
Диплома за висше образование Бакалавър Магистър |
||||||||||||
Česká republika |
Vysvědčení o maturitní zkoušce |
Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.) |
Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář) |
Diplom o ukončení vysokoškolského studia Magistr Doktor |
||||||||||||
Danmark |
Bevis for: Studentereksamen Højere Forberedelseseksamen (HF) Højere Handelseksamen (HHX) Højere Afgangseksamen (HA) Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX) |
Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK) |
Bachelorgrad (BA or BS) Professionsbachelorgrad Diplomingeniør |
Kandidatgrad/Candidatus Master/Magistergrad (mag.art) Licenciatgrad ph.d.-grad |
||||||||||||
Deutschland |
Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife |
|
Fachhochschulabschluss Bachelor |
Hochschulabschluss/ Fachhochschulabschluss/ Master Magister Artium/Magistra Artium Staatsexamen/Diplom Erstes Juristisches Staatsexamen Doktorgrad |
||||||||||||
Eesti |
Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta |
Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti) Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti) |
Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti) Magistrikraad Arstikraad Hambaarstikraad Loomaarstikraad Filosoofiadoktor Doktorikraad (120–160 ainepunkti) |
||||||||||||
Éire/Ireland |
Ardteistiméireacht, Grád D3, i 5 ábhar Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP) |
Teastas Náisiúnta National Certificate Gnáthchéim bhaitsiléara Ordinary bachelor degree Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.) National diploma (ND, Dip.) Ardteastas (120 ECTS) Higher Certificate (120 ECTS) |
Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng) |
Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS) Céim ollscoile University degree Céim mháistir (60-120 ECTS) Master’s degree (60-120 ECTS) Dochtúireacht Doctorate |
||||||||||||
Ελλάδα |
Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου |
Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ) |
|
Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ) Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος) Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος) |
||||||||||||
España |
Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU) Bachillerato BUP Diploma de Técnico especialista |
FP grado superior (Técnico superior) |
Diplomado/ Ingeniero técnico |
Licenciatura Máster Ingeniero Título de Doctor |
||||||||||||
France |
Baccalauréat Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU) Brevet de technicien |
Diplôme d’études universitaires générales (DEUG) Brevet de technicien supérieur (BTS) Diplôme universitaire de technologie (DUT) Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST) |
Licence |
Maîtrise Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche Diplôme des grandes écoles Diplôme d’ingénieur Doctorat |
||||||||||||
Italia |
Diploma di maturità (vecchio ordinamento) Perito ragioniere Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore |
Diploma universitario (DU) Certificato di specializzazione tecnica superiore/ Attestato di competenza (4 semestri) |
Diploma di laurea – L (breve) |
Diploma di laurea (DL) Laurea specialistica (LS) Master di I livello Dottorato di ricerca (DR) |
||||||||||||
Κύπρος |
Απολυτήριο |
Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory) Higher Diploma |
|
Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor Master Doctorat |
||||||||||||
Latvija |
Atestāts par vispārējo vidējo izglītību Diploms par profesionālo vidējo izglītību |
Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību |
Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu) |
Bakalaura diploms (160 kredītpunktu) Profesionālā bakalaura diploms Maģistra diploms Profesionālā maģistra diploms Doktora grāds |
||||||||||||
Lietuva |
Brandos atestatas |
Aukštojo mokslo diplomas Aukštesniojo mokslo diplomas |
Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas |
Aukštojo mokslo diplomas Bakalauro diplomas Magistro diplomas Daktaro diplomas Meno licenciato diplomas |
||||||||||||
Luxembourg |
Diplôme de fin d’études secondaires et techniques |
BTS Brevet de maîtrise Brevet de technicien supérieur Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU) Diplôme universitaire de technologie (DUT) |
Bachelor Diplôme d’ingénieur technicien |
Master Diplôme d’ingénieur industriel DESS en droit européen |
||||||||||||
Magyarország |
Gimnáziumi érettségi bizonyítvány Szakközépiskolai érettségi – képesítő bizonyítvány |
Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme) |
Főiskolai oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits) |
Egyetemi oklevél Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits) Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés) Doktori fokozat |
||||||||||||
Malta |
Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher) Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5 2 A Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent |
MCAST diplomas/certificates Higher National Diploma |
Bachelor’s degree |
Bachelor’s degree Master of Arts Doctorate |
||||||||||||
Nederland |
Diploma VWO Diploma staatsexamen (2 diploma’s) Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO) Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO) |
Kandidaatsexamen Associate degree (AD) |
Bachelor (WO) HBO bachelor degree Baccalaureus of “Ingenieur” |
HBO/WO Master’s degree Doctoraal examen/Doctoraat |
||||||||||||
Österreich |
Matura/Reifeprüfung Reife- und Diplomprüfung Berufsreifeprüfung |
Kollegdiplom/ Akademiediplom |
Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea |
Universitätsdiplom/ Fachhochschuldiplom/ Magister/Magistra Master Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis Doktortitel |
||||||||||||
Polska |
Świadectwo dojrzałości Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego |
Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej |
Licencjat/Inżynier |
Magister/Magister inżynier Dyplom doktora |
||||||||||||
Portugal |
Diploma de Ensino Secundário/ Certificado de Habilitações do Ensino Secundário |
|
Bacharel Licenciado |
Licenciado Mestre Doutorado |
||||||||||||
Republika Hrvatska |
Svjedodžba o državnoj maturi Svjedodžba o završnom ispitu |
Stručni pristupnik/pristupnica |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) |
Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica) Stručni specijalist Magistar struke Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing) Doktor struke Doktor umjetnosti |
||||||||||||
România |
Diplomă de bacalaureat |
Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățământ preuniversitar |
Diplomă de licenţă |
Diplomă de licenţă Diplomă de inginer Diplomă de urbanist Diplomă de master Certificat de atestare (studii academice postuniversitare) Diplomă de doctor |
||||||||||||
Slovenija |
Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu) |
Diploma višje strokovne šole |
Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi |
Univerzitetna diploma/magisterij/specializacija/doktorat |
||||||||||||
Slovensko |
Vysvedčenie o maturitnej skúške |
Absolventský diplom |
Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár) |
Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia Bakalár (Bc.) Magister Magister/Inžinier ArtD. |
||||||||||||
Suomi/Finland |
Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet) Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier) |
Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå |
Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor) |
Maisterin tutkinto – Magisterexamen/ Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor) Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen Lisensiaatti/Licentiat |
||||||||||||
Sverige |
Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning) |
Högskoleexamen (80 poäng) Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/ Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år |
Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng) Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor) |
Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)
Meriter på avancerad nivå:
Meriter på forskarnivå:
|
||||||||||||
United Kingdom |
General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E) BTEC National Diploma General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level) |
Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC Diploma of Higher Education (DipHE) National Vocational Qualifications (NVQ) Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4 |
(Honours) Bachelor degree NB: Master’s degree in Scotland |
Honours Bachelor degree Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc) Doctorate |
Deireadh IARSCRÍBHINN IV, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs