7.7.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/138/16 — Teicneoirí closamhairc agus comhdhála (AST 3)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 9 Lúnasa 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéal 38 iarrthóir ar éirigh leo a thiomsú as a ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “chúntóirí” (grúpa feidhme AST).

Is iad an fógra comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte, arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach an nós imeachta roghnúcháin seo. Féach, áfach, nach bhfuil feidhm ag IARSCRÍBHINN II de na rialacha ginearálta sin maidir leis an gcomórtas seo. Ina ionad sin, tá feidhm ag IARSCRÍBHINN II atá ag gabháil leis an bhfógra comórtais seo.

DUALGAIS AN PHOIST

Is é a bhíonn de chúram ar theicneoirí closamhairc agus comhdhála suiteálacha teicniúla a cheapadh, a shuiteáil agus a bhainistiú, closfheistí agus físfheistí a láimhseáil le haghaidh saoráidí comhdhála nó saoráidí ilmheáin agus closamhairc, agus tacaíocht oibríochtúil a eagrú do líon mór seomraí comhdhála.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi phríomhdhualgais an phoist.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí na coinníollacha seo UILE a chomhlíonadh nuair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha: teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i dteanga de na 24 theanga oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis, nó sa Ghearmáinis; agus ní féidir teanga 1 a roghnú mar theanga 2 freisin

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéil teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha

(https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis .

Ní mór an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis a roghnú mar theanga 2. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh agus, ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua a bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar roghanna teanga an chomórtais seo.

Coinníollacha sonracha: cáilíochtaí agus taithí oibre

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán iar-mheánscoile agus dioplóma bainte amach dá bharr a bhaineann le dualgais an phoist agus taithí oibre 3 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin agus a bhaineann le dualgais an phoist;

Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach dá bharr lena bhféadfaí leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile, agus taithí oibre 6 bliana ar a laghad i réimse a bhaineann le dualgais an phoist a fuarthas ina dhiaidh sin.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in IARSCRÍBHINN I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

1)    Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Má sháraíonn an líon iarrthóirí tairseach áirithe , arna socrú ag EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin, tabharfar cuireadh do gach iarrathóir a bhailíochtaigh an fhoirm iarratais faoin sprioc-am sraith de thrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d’ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Má bhíonn an líon iarrthóirí faoi bhun na tairsí sin , is san ionad measúnaithe (féach pointe 3) a bheidh na trialacha sin ar siúl.

Ag seo leagan amach na dtrialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

10/20

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

An réasúnaíocht uimhriúil agus an réasúnaíocht theibí le chéile: 10/20

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

10 gceist

10 nóiméad

Trialacha díbeartha is ea na trialacha thuasluaite agus ní chuirfear na marcanna a ghnóthófar iontu sa chuntas agus marcanna thrialacha eile an ionaid measúnaithe á n-áireamh.

2)    Roghnú ar bhonn cáilíochtaí

I dtús báire, déanfar na coinníollacha incháilitheachta a sheiceáil trí scrúdú a dhéanamh ar an eolas a thug na hiarrthóirí san iarratas ar líne. Tá dhá chás is féidir a bheith ann:

Má bhíonn na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí in ord íslitheach ar bhonn na marcanna a gnóthaíodh sna trialacha sin, go dtí go sroichfear tairseach áirithe arna socrú ag EPSO ina cháil mar Údarás Ceapacháin. Ní dhéanfar na comhaid eile a sheiceáil.

Mura mbeidh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire ar siúl roimh ré , déanfar seiceáil incháilitheachta ar chomhaid na n-iarrthóirí ar fad.

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí atá incháilithe de réir na seiceálacha thuasluaite, agus ina gcás siúd amháin , déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí, bunaithe ar an eolas a thug na hiarrthóirí faoin gclib “An Scagthóir Buanna” (DE: Talentfilter; EN: talent screener; FR: évaluateur de talent) ar an bhfoirm iarratais. Tabharfaidh an bord roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach critéar roghnúcháin a léiríonn tábhacht an chritéir sin le hais na gcritéar eile, agus tabharfar idir 0 pointe agus 4 phointe do gach freagra a thug an t-iarrthóir.

Ansin, iolróidh an bord roghnúcháin na pointí faoin ualú atá ag gach critéar, agus suimeoidh siad iad le fáil amach cé na daoine is mó a bhfuil a bpróifíl ag teacht leis na dualgais atá le comhlíonadh.

Tá an liosta critéar in IARSCRÍBHINN III.

3)    An tIonad Measúnaithe

Tabharfar cuireadh chuig an gcéim seo do 3 oiread ar a mhéad an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , tabharfar cuireadh duit freastal ar ionad measúnaithe ar feadh lá amháin nó dhá lá agus trialacha a dhéanamh sa teanga a roghnaigh tú mar theanga 2 . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an t-ionad measúnaithe.

Sa chás nach raibh na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a bhfuil cur síos orthu i bpointe 1 ar siúl roimh ré , is san ionad measúnaithe a dhéanfaidh tú iad.

Déanfar seacht gcinn d’inniúlachtaí ginearálta, mar aon le hinniúlachtaí sonracha an chomórtais seo, a mheas san ionad measúnaithe le 4 thriail (agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta, agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha, gníomhaíocht i ngrúpa, agus cás-staidéar), faoi mar atá léirithe sna táblaí thíos:

Inniúlacht

Triail

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

6.

Buanseasmhacht

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí ginearálta

Pasmharc

3/10 i ngach inniúlacht agus 35/70 san iomlán


Inniúlacht

Triail

Na hinniúlachtaí sonracha

Agallamh ar bhonn na n-inniúlachtaí sonracha

Pasmharc

50/100

4)    An painéal

I ndiaidh doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a sheiceáil, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu i ndiaidh an ionaid measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu, faoin sprioc-am seo:

9 Lúnasa 2016 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Is é a dhéanann cúntóirí ar leibhéal AST 3 cúnamh a thabhairt, faoi mhaoirseacht riarthóra, feidhmeanna a n-institiúide nó a ngníomhaireachta a chur i gcrích agus iarrtar orthu cúraimí oibríochtúla, cur chun feidhme, tacaíochta agus lóistíochta a dhéanamh i réimsí éagsúla gníomhaíochta.

Is é a bhíonn de chúram ar theicneoirí closamhairc agus comhdhála suiteálacha teicniúla a cheapadh, a shuiteáil agus a bhainistiú, closfheistí agus físfheistí a láimhseáil le haghaidh saoráidí comhdhála nó saoráidí ilmheáin agus closamhairc, agus tacaíocht oibríochtúil a eagrú do líon mór seomraí comhdhála. Ag seo samplaí de chúraimí a d’fhéadfadh a bheith le déanamh:

Saoráidí do threalamh comhdhála agus closamhairc a cheapadh, a chumrú agus/nó a chur ag obair;

Sonraíochtaí teicniúla agus/nó oibríochtúla a dhréachtú le haghaidh saoráidí nua comhdhála agus closamhairc agus sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú chun na saoráidí atá ann cheana a athchóiriú, agus maoirsiú a dhéanamh ar an obair a dhéanann conraitheoirí sa réimse sin;

Dea-fheidhmiú chórais bhainistithe an trealaimh closamhairc i seomraí comhdhála a chinntiú;

Teacht ar réitigh i gcás ina gclisfidh ar shaoráidí comhdhála agus closamhairc;

Maoirseacht a dhéanamh ar chothabháil saoráidí closamhairc agus/nó ar chórais bhainistithe seomra rialaithe do chomhdhálacha agus maoirseacht a dhéanamh ar thascanna tacaíochta do sheomraí comhdhála;

Tacaíocht oibríochtúil a eagrú do líon mór seomraí cruinnithe trí acmhainní teicniúla agus acmhainní daonna a leithdháileadh chun dea-fheidhmiú na seirbhísí oibríochtúla a chinntiú;

Oiliúint a thabhairt agus a chinntiú go gcomhroinnfear eolas maidir le córais chlosamhairc;

Tomhais analógacha agus dhigiteacha a dhéanamh le huirlisí beachtais (ascalascóip, gineadóirí comharthaí, méadair dheicibeilí, teirmiméadair dhigiteacha, etc.) i seomraí comhdhála;

Trealamh closamhairc agus ríomhaireachta a chóimeáil, a shuiteáil agus a chumrú chun íomhánna agus fuaim a chraoladh trí líonra ríomhaireachta agus/nó trí líonra teileachumarsáide (fís-sruthú agus clos-sruthú, físchomhdhálacha, etc.);

Clostrealamh agus/nó fístrealamh soghluaiste (e.g. ceamaraí, scáileáin, teilgeoirí, micreafóin, deasca meascacháin, racaí soghluaiste) a chóimeáil, a shuí, agus a oibriú le linn ócáidí;

Córais chlosrialaithe agus/nó físrialaithe sna seomraí comhdhála a ríomhchlárú, a oibriú agus/nó a dheisiú, ar an láthair nó go cianda, le linn gnáthuaireanta oibre agus lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre;

Taifead díospóireachtaí le meáin dhigiteacha (líneacha agus neamhlíneacha) a bhainistiú;

Bheith freagrach as comharthaí closamhairc a ghlacadh ar an dóigh cheart (e.g. íomhánna a roghnú ar chórais ilcheamra), a ródú agus a dháileadh ó sheomra rialaithe chuig pointí dáileacháin i bhfoirgneamh;

Bheith freagrach as líonra scáileán faisnéise a oibriú, a chumrú agus/nó a chur i bhfeidhm;

Córais lena ndéantar fís-sruthú agus clos-sruthú a ionchódú agus a shruthú, na córais sin a ríomhchlárú, a chumrú agus/nó a oibriú agus aon fhadhbanna a bhaineann leis sin a réiteach;

Féachaint chuige go gcomhlíontar na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le suiteálacha comhdhála agus suiteálacha ateangaireachta comhuainí;

Taifead físe agus/nó fuaime a dhéanamh ar idirghabhálacha na rannpháirtithe (le micreafóin, ceamaraí, agus le huirlisí éagsúla closamhairc);

Córais vótála leictreonacha a ríomhchlárú, a oibriú agus a dheisiú;

Córais ilteangacha chomhdhála agus ateangaireachta a ríomhchlárú, a oibriú agus/nó a dheisiú, agus ríomhchlárú, oibriú agus deisiú a dhéanamh ar chórais lena ndéantar fís-sruthú a ghlacadh, a phróiseáil agus a chraoladh;

Fardal trealaimh a choinneáil agus an trealamh a bhainistiú;

Líonra LAN (TCP-IP) a bhainistiú, a chumrú agus fabhtanna a cheartú;

Deisithe agus oiriúnaithe leictreonacha a dhéanamh;

Íomhánna ó chóras ilcheamaraí a bhíonn i bhfeidhm le linn cruinnithe agus ócáidí a roghnú;

Saoráidí seomra ilmheán a chumrú agus a oibriú;

Córais teileachomhdhálacha agus físchomhdhálacha a chumrú, a bhainistiú agus a oibriú.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN II

AN tÚDAR ATÁ LE RIALACHA TEANGA AN NÓIS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN SEO

Is é is aidhm don chomórtas seo teicneoirí closamhairc agus comhdhála a earcú a earcú. Na riachtanais atá leagtha síos sa roinn “NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA” den chomórtas seo, tá siad ag teacht leis na príomhriachtanais atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh sainscileanna, saintaithí agus saineolais agus leis an ngá atá ann earcaigh nua a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtach, i gcomhar le baill foirne eile go háirithe.

Ar an ábhar sin ní mór d’iarrthóirí dara teanga an chomórtais a roghnú as measc líon teoranta de na teangacha oifigiúla atá ag an Aontas Eorpach. Tá cúiseanna eile leis an teorainn sin, mar atá srianta buiséid agus oibriúcháin, agus modhanna roghnúcháin EPSO (féach pointí 1, 2, 3 thíos). Cheap Bord Bainistíochta EPSO riachtanais teanga an chomórtais seo agus aird á tabhairt aige ar na cúinsí sin agus ar riachtanais shonracha eile a bhaineann le dualgais an phoist i gceist nó leis na riachtanais ar leith atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh lena mbaineann an comórtas.

Is é is príomhchuspóir don chomórtas seo painéil de theicneoirí closamhairc agus comhdhála a thiomsú lena n-earcú ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá sé ríthábhachtach teicneoirí a bheith in ann dul i mbun oibre go héifeachtach a luaithe a earcaítear iad agus iad a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena gcomhghleacaithe agus lena mbainisteoirí. I bhfianaise na gcritéar maidir le húsáid teangacha i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn an tAontas Eorpach (féach pointe 2 thíos), is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis an rogha dara teangacha is oiriúnaí don chomórtas seo.

Toisc gurb iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a labhraítear, a n-aistrítear téacsanna astu agus go dtí iad, agus a úsáidtear mar theangacha cumarsáide chun críocha riaracháin idir baill foirne institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní mór ceann amháin ar a laghad de na teangacha sin a bheith i measc an dá theanga is éigean a bheith ag iarrthóirí.

Ina theannta sin, meastar go bhfuil eolas maith ar an mBéarla, ar an bhFraincis, nó ar an nGearmáinis ríthábhactach chun cúraimí teicneora a dhéanamh, e.g. suiteálacha teicniúla a cheapadh, a shuiteáil agus a bhainistiú, closfheistí agus físfheistí a láimhseáil le haghaidh saoráidí comhdhála nó saoráidí ilmheáin agus closamhairc, agus tacaíocht oibríochtúil a eagrú do líon mór seomraí comhdhála.

An teanga a roghnóidh siad mar theanga 2 don chomórtas (an Béarla, an Fhraincis, nó an Ghearmáinis), sin í an teanga nach mór d’iarrthóirí a úsáid san fhoirm iarratais ar líne, agus is í an teanga sin nach mór do EPSO a úsáid agus é ag déanamh cumarsáid le grúpa mór iarrthóirí a chuir iarratas bailí isteach agus sin í an teanga nach mór a úsáid i roinnt de na trialacha a bhfuil cur síos orthu i bpointe 3.

1.   An t-údar atá leis an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur ar bhonn na gcritéar seo a leanas is ceart an rogha teangacha i ngach nós imeachta roghnúcháin a chinneadh, go háirithe aon teorannú ar an rogha sin:

(i)

An gá atá ann earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach

Caithfidh earcaigh nua a bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus a bheith ábalta na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Dá bhrí sin, ní mór do EPSO deimhin a dhéanamh de go mbeidh eolas leordhóthanach ag iarrthóirí ar theaglaim teangacha a chuirfidh ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach agus ní mór dó, freisin, deimhin a dhéanamh de, go háirithe, go mbeidh siad in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh lena gcomhghleacaithe agus lena mbainisteoirí agus a gcuid oibre laethúla á déanamh acu.

Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh údar le trialacha áirithe gan a bheith ar fáil ach i líon teoranta de theangacha cumarsáide d’fhonn féachaint chuige go mbeidh sé ar chumas gach iarrthóra a chuid oibre a dhéanamh i gceann de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá aige. Mura ndéanfaí sin, bheadh baol mór ann go mbeadh líon mór iarrthóirí ar éirigh leo ann nach mbeadh ábalta, faoi cheann tréimhse réasúnta, na dualgais ar earcaíodh iad lena n-aghaidh a dhéanamh. Lena chois sin, ba ionann gan sin a dhéanamh agus neamhaird a dhéanamh de go mbíonn na daoine a chuireann isteach ar phost i seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh toilteanach a bheith ag obair in eagraíocht idirnáisiúnta nach foláir di úsáid a bhaint as teangacha cumarsáide chun a cuid oibre a dhéanamh i gceart agus na cúraimí atá uirthi de dhroim Chonarthaí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh.

(ii)

Cineál an nóis imeachta roghnúcháin

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh cineál an nóis imeachta roghnúcháin ina údar le teorainn a chur leis an rogha teangacha.

I gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacha Foirne, eagraíonn EPSO comórtais oscailte arb é is aidhm leo measúnú a dhéanamh ar scileanna iarrthóirí agus ar a gcumas a gcuid dualgas a dhéanamh.

Is éard atá san ionad measúnaithe modh roghnúcháin arb é atá ann measúnú a dhéanamh ar iarrthóirí ar dhóigh chaighdeánach, bunaithe ar ghníomhaíochtaí éagsúla a ndéanann baill an bhoird roghnúcháin breathnadóireacht orthu. Is de réir creat inniúlachtaí a dhéantar an measúnú, creat a cheapann na húdaráis cheapacháin roimh ré, agus úsáidtear modh marcála comónta agus modh comhchinnteoireachta chun an measúnú a dhéanamh.

Trí scileanna sonracha a mheas ar an dóigh sin, is féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh meastóireacht a dhéanamh ar ábaltacht na n-iarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá cuid mhór taighde eolaíoch déanta a léiríonn gurb iad na hionaid measúnaithe, ar ionsamhlú d’fhíordhálaí oibre iad, is fearr a thugann caoi ar mheastóireacht a dhéanamh ar conas a chruthódh iarrthóirí sa phost i gceist i ndáiríre. Sin é an chúis a bhfuil ionaid measúnaithe in úsáid ar fud an domhain. I bhfianaise a fhad a mhaireann gairmréimeanna in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a fhusa atá sé dul ó phost go post sna hinstitiúidí céanna, tá measúnú den chineál seo fíorthábhachtach, go háirithe agus oifigigh bhuana á roghnú.

Chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na hiarrthóirí ar aon bhonn le chéile agus measúnú á dhéanamh orthu agus go bhféadfaidh siad cumarsáid dhíreach a dhéanamh leis na measúnóirí agus leis na hiarrthóirí eile atá páirteach sna gníomhaíochtaí, measúnaítear iarrthóirí le chéile agus gan ach aon teanga amháin á húsáid. Cé is moite den chás ina bhfuil aon phríomhtheanga amháin ag comórtas, níl an dara rogha ann ach céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i líon teoranta teangacha.

(iii)

Srianta buiséid agus oibriúcháin

Ar roinnt cúiseanna, is é tuairim Bhord Bainistíochta EPSO go mbeadh sé míphraiticiúil céim an ionaid measúnaithe de chomórtas ar leith a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.

Ar an gcéad dul síos, thiocfadh impleachtaí tromchúiseacha buiséadacha as sin, a d’fhágfadh nach bhféadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh riar ar a riachtanais earcaíochta leis an mbuiséad atá ann faoi láthair. D’fhágfadh sé freisin nach mbeadh luach réasúnta a chuid airgid á fháil ag an gcáiníocóir Eorpach.

Ar an dara dul síos, dá gceadófaí céim an ionaid measúnaithe a dhéanamh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, theastódh mórchuid ateangairí le haghaidh gach comórtais agus chaithfí na comórtais a reáchtáil in ionaid ina mbeadh botháin ateangaireachta.

Ar an tríú dul síos, ba ghá líon i bhfad níos mó daoine a cheapadh mar bhaill den bhord roghnúcháin chun na teangacha uile a d’fhéadfadh na hiarrthóirí a úsáid a chlúdach.

2.   Na critéir a roghnaítear na teangacha dá réir i ngach nós imeachta roghnúcháin

I gcás ina mbíonn ar na hiarrthóirí rogha a dhéanamh as líon teoranta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, caithfidh Bord Bainistíochta EPSO cinneadh a dhéanamh, cás ar chás, cén rogha teangacha a bheidh ann, ag tabhairt airde dó ar na nithe seo a leanas:

(i)

aon rialacha sonracha inmheánacha maidir le húsáid teangacha atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí nó ag na comhlachtaí i gceist;

(ii)

na riachtanais shonracha a bhaineann le dualgais an phoist agus na riachtanais ar leith atá ag an institiúid nó ag na hinstitiúidí i gceist;

(iii)

na teangacha is minice a úsáidtear san institiúid nó sna hinstitiúidí i gceist, rud a chinntear ar bhonn na nithe seo:

na scileanna teanga (scileanna atá dearbhaithe agus a bhfuil cruthúnas orthu) ag leibhéal B2, nó os a chionn sin, de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha atá ag oifigigh bhuana de chuid an Aontais Eorpaigh atá fostaithe agus gníomhach ina bhfostaíocht;

na teangacha ar go dtí iad is minice a aistrítear doiciméid a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid go hinmheánach in institiúidí an Aontais Eorpaigh;

na teangacha arb astu is minice a aistrítear doiciméid a ullmhaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh go hinmheánach agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid lasmuigh de na hinstitiúidí;

(iv)

na teangacha cumarsáide a úsáidtear chun críocha riaracháin laistigh den institiúid nó de na hinstitiúidí i gceist.

3.   Teangacha cumarsáide

Sa roinn seo tá cur síos ar na rialacha ginearálta maidir le húsáid teangacha chun críocha cumarsáide idir EPSO agus daoine a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí. Is féidir riachtanais shonracha eile a leagan amach san fhógra comórtais.

Tugann EPSO aird chuí ar an gceart atá ag iarrthóirí, de bhrí gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad, cumarsáid a dhéanamh ina máthairtheanga. Aithníonn sé freisin go b’fhéadfadh iarrthóirí a bhfuil a n-iarratas bailíochtaithe acu teacht chun a bheith ina mbaill de sheirbhís shibhialta na hEorpa agus tairbhiú de na cearta a eascraíonn as na Rialacháin Foirne agus a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann leis na Rialacháin sin. Ar an ábhar sin, is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh gur cheart do EPSO, gach uair is féidir, cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí agus eolas a chur ar fáil dóibh i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, cuirfear ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir an t-ábhar buan ar fad atá ar shuíomh gréasáin EPSO, fógraí comórtais agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte.

Sonraítear i ngach fógra comórtais cé na teangacha is ceart a úsáid agus na foirmeacha iarratais ar líne á líonadh isteach. Ní mór na treoracha maidir le líonadh isteach an iarratais a bheith ar fáil sna teangacha oifigiúla uile. Beidh na rialacha sin i bhfeidhm le linn na hidirthréimhse a theastaíonn chun próiseas tosaigh le haghaidh déanamh iarratais ar líne a chur ar bun sna teangacha oifigiúla uile.

Ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh go gasta agus go héifeachtúil, a luaithe a bheidh iarratas tosaigh iarrthóra bailíochtaithe, is i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais a dhéanfar gach cumarsáid atá dírithe ar ghrúpa mór daoine. Is sa teanga a roghnaigh an t-iarrthóir mar theanga 1 nó sa teanga a roghnaigh sé mar theanga 2, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais, a dhéanfar an chumarsáid sin.

Is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh le EPSO ina rogha teanga oifigiúil de chuid an Aontais, ach d’fhonn cuidiú le EPSO déileáil go héifeachtúil le cumarsáid, moltar d’iarrthóirí úsáid a bhaint as an líon teoranta teangacha a bhfuil EPSO in ann plé leo ar an toirt gan dul i muinín an aistriúcháin.

Chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na scileanna teanga is gá ag na hiarrthóirí chun páirt a ghlacadh i gcéim an mheasúnaithe de chomórtas oscailte, is féidir gur i líon teoranta de theangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh a chuirfear trialacha áirithe ar fáil. Is san fhógra comórtais a leagtar síos roghanna teanga gach trialach.

Is é tuairim institiúidí an Aontais Eorpaigh go gcinntíonn na socruithe thuasluaite go mbíonn cothromaíocht chóir chuí ann idir leas na seirbhíse, ar thaobh, agus ar an taobh eile, prionsabal an ilteangachais agus an neamh-idirdhealaithe ar bhonn teangacha. Ós rud é go mbíonn ar iarrthóirí dara teanga a roghnú, teanga nach ionann í agus an teanga a roghnaigh siad mar theanga 1 (an mháthairtheanga nó a cothrom de ghnáth), cinntítear gur féidir iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile ar aon bhonn le chéile.

Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.


IARSCRÍBHINN III

CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

Cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh:

1.

Taithí oibre ar chumrú, oibriú agus deisiú córas ilteangach comhdhála agus/nó ateangaireachta;

2.

Taithí oibre ar ríomhchlárú, cumrú, oibriú agus deisiú córas lena ndéantar clos-sruthú agus fís-sruthú a thaifeadadh agus a phróiseáil;

3.

Taithí oibre ar chlostrealamh agus/nó fístrealamh soghluaiste (e.g. ceamaraí, scáileáin, teilgeoirí, micreafóin, racaí soghluaiste) a ríomhchlárú, a chumrú, a oibriú agus a dheisiú;

4.

Taithí oibre ar chórais lena ndéantar fís-sruthú agus clos-sruthú a ionchódú agus a shruthú (trí líonraí TCP-IP, ISDN nó ar satailít), ar na córais sin a ríomhchlárú, a chumrú, a oibriú agus a dheisiú;

5.

Taithí oibre ar shonraíochtaí teicniúla i réimse an chomórtais seo a dhréachtú;

6.

Taithí oibre ar fhoirne i réimse an chlosamhairc agus/nó na comhdhála a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu;

7.

Taithí oibre ar líonraí a úsáid, a chur i bhfeidhm, a chumrú agus a dhífhabhtú ar bhonn an phrótacail TCP-IP, i réimse na bhfeistí closamhairc;

8.

Taithí oibre ar thomhais analógacha agus dhigiteacha a dhéanamh le huirlisí beachtais (ascalascóip, gineadóirí comharthaí, méadair dheicibeilí, etc.) i réimse na bhfeistí closamhairc;

9.

Taithí oibre ar fheistí closamhairc a idirnascadh agus/nó a chumrú trí líonraí ríomhaireachta.

Deireadh IARSCRÍBHINN III. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs.