19.3.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/301/15 — RIARTHÓIRÍ (AD 5)

Ní foláir clárú faoin sprioc-am seo: 21 Aibreán 2015 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal 149 n-iarrthóir a roghnaíodh a thiomsú as a ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú ina riarthóirí” (grúpa feidhme AD).

Is iad an fógra comórtais seo agus na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, C 70 A an 27 Feabhra 2015 (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC), creat dlí ceangailteach an phróisis roghnúcháin seo.

DUALGAIS AN PHOIST

Is é cúram ginearálta atá ar riarthóirí cuidiú le lucht déanta cinntí misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chur i gcrích.

Is ag grád AD 5 a théann formhór na gcéimithe agus na ngairmithe óga i gceann ghairm an riarthóra sna hinstitiúidí Eorpacha.

Má earcaítear ag an ngrád sin thú de thoradh an chomórtais seo, déanfaidh tú, mar chuid d'fhoireann, trí phríomhchineál oibre in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá:

1.

ceapadh beartas;

2.

cur i bhfeidhm praiticiúil tionscadal;

3.

bainistiú acmhainní.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN I faoi na príomhdhualgais a bheidh le déanamh.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d'iarrthóirí na coinníollacha UILE seo a chomhlíonadh an uair a bheidh siad ag bailíochtú a n-iarratais:

Coinníollacha ginearálta

A gcearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh

Aon oibleagáidí i dtaca le seirbhís mhíleata atá orthu de réir an dlí náisiúnta a chomhlíonadh

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh

Coinníollacha sonracha:

teangacha

Teanga 1: leibhéal C1 ar a laghad i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Teanga 2: leibhéal B2 ar a laghad sa Bhéarla, sa Fhraincis nó sa Ghearmáinis (an teanga a roghnaítear mar theanga 2, ní féidir í a roghnú mar theanga 1 freisin)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh leibhéal teanga i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ( https://europass.cedefop.europa.eu/en/resources/european-language-levels-cefr)

Coinníollacha sonracha:

cáilíochtaí agus taithí oibre

Cúrsa iomlán ollscoile a mhair trí bliana ar laghad agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh (ní mór an dioplóma a bheith bronnta faoin 31 Iúil 2015 ar a dhéanaí)

Tá tuilleadh eolais i dtaobh dioplómaí in Iarscríbhinn I atá ag gabháil leis na Rialacha Ginearálta maidir le Comórtais Oscailte (http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=OJ:C:2015:070A:TOC)

Níl aon taithí oibre ag teastáil

Ní mór Béarla, Fraincis, nó Gearmáinis a roghnú mar dhara teanga. Is iad sin príomhtheangacha oibre institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus ar mhaithe leis an tseirbhís, caithfidh earcaigh nua bheith ábalta dul i mbun oibre láithreach agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le linn na hoibre laethúla i gceann amháin ar a laghad de na teangacha sin.

Tá tuilleadh eolais in IARSCRÍBHINN II ar theangacha i gcomórtais an Aontais Eorpaigh.

CONAS A DHÉANFAR AN ROGHNÚ

(1)    Réamhroghnú: trialacha ilroghnacha ar ríomhaire

Má bhailíochtaíonn tú d'iarratas faoin sprioc-am tabharfar cuireadh duit sraith trialacha ilroghnacha ar ríomhaire a dhéanamh i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Triail

Teanga

Líon ceisteanna

Fad ama

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga 1

10 gceist

18 nóiméad

5/10

Réasúnaíocht uimhriúil

Teanga 1

10 gceist

20 nóiméad

5/10

Réasúnaíocht theibí

Teanga 1

20 ceist

20 nóiméad

10/20

Breithiúnas suíomhúil

Teanga 2

20 ceist

30 nóiméad

24/40

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha réasúnaíochta briathartha ná uimhriúla san áireamh agus an marc réamhroghnúcháin foriomlán á ríomh. Mar sin féin, ní mór pas a ghnóthú i ngach triail le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is deich n-oiread, nó aon oiread déag ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon daoine a n-iarrfar orthu an triail idirmheánach a dhéanamh.

(2)    An triail idirmheánach: triail an inbhosca ríomhphoist

Má ghnóthaigh tú pas i ngach ceann de na trialacha ar ríomhaire agus ceann de na marcanna foriomlána is airde sa triail réasúnaíochta briathartha agus sa triail breithiúnais suíomhúil, tabharfar cuireadh duit an triail inbhosca ríomhphoist a dhéanamh sa dara teanga agat i gceann d'ionaid chreidiúnaithe EPSO.

Bíonn idir 15 cheist agus 20 ceist le freagairt sa triail inbhosca ríomhphoist, agus tá an triail ceaptha ceithre inniúlacht ghinearálta a bhfuil cur síos orthu sa tábla thíos a mheasúnú. Marcálfar gach inniúlacht as 10 bpointe. Ní mór marc a ghnóthú sa triail seo atá ar cheann de na marcanna foriomlána is airde chun cáiliú don chéad chéim eile den chomórtas.

Tuairim is dhá oiread, nó dhá oiread go leith ar a mhéad, an lín iarrthóirí atá á lorg don phainéal, sin é an líon daoine a n-iarrfar orthu trialacha an Ionaid Measúnaithe a dhéanamh.

(3)    An tIonad Measúnaithe

Má léiríonn an t-eolas a thug tú i d'iarratas ar líne go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má bhíonn an marc a ghnóthaigh tú sa triail inbhosca ríomhphoist ar cheann de na marcanna foriomlána is airde , iarrfar ort freastal ar Ionad Measúnaithe ar feadh aon lá amháin agus trialacha a dhéanamh sa dara teanga agat . Is é is dóichí gur sa Bhruiséil a bheidh an tIonad Measúnaithe.

Déanfar ocht gcinn d'inniúlachtaí ginearálta a mheas san Ionad Measúnaithe le ceithre thriail (cás-staidéar, cur i láthair ó bhéal, agallamh ar bhonn inniúlachtaí agus gníomhaíocht i ngrúpa). Déanfar marcanna na dtrialacha sin a chur le marcanna na trialach inbhosca ríomhphoist, rud a fhágfaidh go mbeidh marc foriomlán 80 pointe, faoi mar atá léirithe sa tábla thíos:

Inniúlacht

Trialacha

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cur i láthair ó bhéal

Inbhosca ríomhphoist

2.

Cumarsáid

Cur i láthair ó bhéal

Cás-staidéar

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

Inbhosca ríomhphoist

4.

Foghlaim agus forbairt

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Gníomhaíocht i ngrúpa

Inbhosca ríomhphoist

6.

Buanseasmhacht

Cur i láthair ó bhéal

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

7.

Obair bhuíne

Gníomhaíocht i ngrúpa

Inbhosca ríomhphoist

8.

Cumas ceannaireachta

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh ar bhonn inniúlachtaí

Pasmharc

3/10 do gach inniúlacht agus 50/80 don mharc foriomlán

(4)    An painéal

I ndiaidh na seiceála ar chuid doiciméad tacaíochta na n-iarrthóirí, tiomsóidh an bord roghnúcháin painéal de na hiarrthóirí incháilithe a ghnóthaigh na marcanna is airde i ndiaidh an Ionaid Measúnaithe, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal. Is in ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal.

CATHAIN IARRATAS A DHÉANAMH AGUS CONAS É A DHÉANAMH

Is féidir iarratas a dhéanamh ar shuíomh gréasáin EPSO http://jobs.eu-careers.eu, faoin sprioc-am seo:

21 Aibreán 2015 ar 12.00 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.


IARSCRÍBHINN I

DUALGAIS

Ar na príomhdhualgais a bheidh le déanamh ag iarrthóirí a earcófar de dhroim an chomórtais seo, dualgais is féidir a bheith éagsúil ó institiúid go chéile, tá:

1.   Ceapadh agus forbairt beartas

Beartais i réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh a anailísiú agus a cheapadh;

Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas i réimsí beartais sonracha agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa chur i bhfeidhm sin, agus nótaí anailísithe beartais agus nótaí faisnéise a dhréachtú;

Cúnamh, ó bhéal nó i scríbhinn, a thabhairt do lucht déanta cinntí.

2.   Cur i bhfeidhm praiticiúil tionscadal

Seiceálacha ar chláir agus ar phleananna gníomhaíochta a cheapadh, a chur i bhfeidhm, agus a dhéanamh, agus monatóireacht a dhéanamh orthu;

An caidreamh leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara seachtracha a láimhseáil;

Monatóireacht a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhphlé idirsheirbhíse agus idirinstitiúideach maidir le beartais an Aontais Eorpaigh;

Meithleacha a bhunaigh na Ballstáit, na hinstitiúidí agus geallsealbhóirí seachtracha eile a chomhordú;

Conarthaí a dhréachtú, glaonna ar thograí agus cuirí chun tairisceana a ullmhú, agus páirt a ghlacadh i monatóireacht ar thograí agus ar thionscadail;

Páirt a ghlacadh i gcumarsáid sheachtrach agus i dtuairisciú agus i gcumarsáid inmheánach.

3.   Bainistiú acmhainní

Acmhainní ar nós acmhainní foirne, airgeadais agus trealaimh a bhainistiú;

Monatóireacht a dhéanamh ar nósanna imeachta riaracháin, airgeadais agus buiséadacha;

Páirt a ghlacadh in ullmhú meastachán buiséadach agus in ullmhú tuarascálacha agus cuntas bliantúla;

Rioscaí oibríochtúla, straitéiseacha, sóisialta agus buiséadacha a bhainistiú.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN II

TEANGACHA

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a fhágann go gcaithfidh na hearcaigh nua bheith in ann dul i mbun oibre láithreach agus nach mór é a bheith ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Is fada an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ina bpríomhtheangacha cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus is iad is minice a mbíonn gá leo chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus chun comhaid a láimhseáil. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh na hiarrthóirí uile in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceann amháin de na teangacha sin ar a laghad, is cuma cén chéad teanga oifigiúil atá acu. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais Eorpaigh a mheas a ábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall le teangacha cumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid a dhéanfar idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar don fhéidearthacht tríú teanga a fhoghlaim níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Deireadh IARSCRÍBHINN II. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs