Strasbourg, 16.1.2018

COM(2018) 33 final

2018/0012(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena n
x001e
aisghairtear Treoir 2000/59/CE agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus Treoir 2010/65/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2018) 21 final}
{SWD(2018) 22 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Cúiseanna agus cuspóirí an togra

Bagairt don mhuirthimpeallacht is ea sceitheadh dramhaíola ó longa, bagairt atá ag dul i méid agus ceann as a dtagann iarmhairtí costasacha comhshaoil agus geilleagracha. Tháinig fadhb an bhruscair mhuirí chun cinn le déanaí, agus líon na staidéar eolaíoch ag dul i méid ina dtugtar fianaise ar na héifeachtaí uafásacha ar na héiceachórais mhuirí agus ar an tionchar a imrítear ar shláinte an duine. Cé gur ó fhoinsí ar talamh is mó a thagann an bruscar muirí, tá ról tábhachtach ag an loingseoireacht maidir le sceitheadh dramhaíola tí agus dramhaíola oibríochtúla ar muir. Tá ábhair mhóra imní ann freisin i dtaobh éifeachtaí eotrófaithe na sceitheanna múnlaigh ó longa, go háirithe ó longa paisinéirí móra, i bhfarraigí áirithe amhail Muir Bhailt, chomh maith le héifeachtaí an sceite dramhaíola olúla ar an bhfiadhúlra muirí agus ar ghnáthóga muirí.

Is féidir teacht ar chúiseanna leis an sceitheadh neamhdhleathach ar muir ar na longa féin, go háirithe droch-chleachtais bainistithe dramhaíola ar bord, agus ar tír freisin, de dheasca easpa saoráidí leormhaithe ag calafoirt chun dramhaíl a ghlacadh ó longa.

Rialaítear le Treoir 2000/59/CE 1 taobh na tíre de trí fhorálacha lena náirithítear infhaighteacht shaoráidí glactha calafoirt (SGC) agus seachadadh na dramhaíola chuig na saoráidí sin. Cuirtear chun feidhme léi na noirm idirnáisiúnta ábhartha, i.e. na cinn sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) 2 . Cé go ndírítear sa Treoir ar oibríochtaí sa chalafort, áfach, dírítear in MARPOL den chuid is mó ar oibríochtaí ar muir. Ar an mbealach sin, ailínítear an Treoir le MARPOL agus comhlánaítear MARPOL léi freisin, trí rialú a dhéanamh ar fhreagrachtaí dlíthiúla, praiticiúla agus airgeadais ag an gcomhéadan tíre agus mara. Cé go soláthraítear in MARPOL creat cuimsitheach lena dtugtar aghaidh ar thruailliú ó longa ó shubstaintí truaillitheacha difriúla, ní fhoráiltear ann do shásra forfheidhmithe éifeachtach. Mar sin, is éard is brí le príomh-choincheapanna agus príomhoibleagáidí MARPOL a ionchorprú i ndlí AE ná gur féidir iad a fhorfheidhmiú go héifeachtach trí chóras dlí AE.

Tuairim agus 17 mbliana i ndiaidh dá teacht i bhfeidhm, tá athbhreithniú ag teastáil ar an Treoir. Is mór an difear idir cúrsaí mar atá anois agus mar a bhí nuair a glacadh an Treoir bhunaidh in 2000. Ó shin i leith, neartaíodh MARPOL de thoradh leasuithe ina dhiaidh sin, ach níl raon feidhme agus sainmhínithe na Treorach atá ann cheana i gcomhréir a thuilleadh leis an gcreat idirnáisiúnta. Dá dheasca sin, braitheann na Ballstáit níos mó ar chreat MARPOL, rud a fhágann gur fadhbach atá cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach. De bhreis air sin, déanann na Ballstáit léirmhínithe éagsúla de phríomh-choincheapanna na Treorach a chur i bhfeidhm, rud a chuireann mearbhall ar longa, calafoirt agus oibreoirí.

Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú seo leibhéal níos airde caomhnaithe a bhaint amach don mhuirthimpeallacht trí sceitheadh ar muir a laghdú, chomh maith le héifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach maidir le hoibríochtaí muirí sa chalafort tríd an ualach riaracháin a laghdú agus an creat rialála a thabhairt suas chun dáta. Ós rud é go dtagann an togra faoi réim an Chláir um Oiriúnacht Rialála (REFIT), tá sé mar aidhm go mbeidh sé i gcomhréir le REFIT maidir le prionsabail an tsimplithe agus an tsoiléirithe.

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht, déantar leis an togra an Treoir atá ann cheana a aisghairm, agus cuirtear Treoir nua aonair ina háit. Áirítear leis freisin, athruithe coimhdeacha ar Threoir 2009/16/CE maidir le Rialú Stáit ar Chalafoirt 3 , chomh maith le Treoir 2010/65/AE 4 .

·Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Réimse tábhachtach de bhearta AE sa mhuiriompar is ea truailliú a laghdú sna farraigí. Athdhearbhaíodh é seo sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le beartas muiriompair AE go dtí 2018 5 , ina néilítear muirthrácht gan aon dramhaíl. Is féidir an sprioc seo a bhaint amach trí choinbhinsiúin agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Rinneadh sraith leasuithe ar MARPOL, an creat idirnáisiúnta ábhartha, amhail noirm sceite níos déine do longa a chur isteach ann. Ba cheart go mbeadh siad sin léirithe go cuí sa Treoir.

Áirítear saoráidí glactha dramhaíola a sholáthar ag calafoirt ar cheann de na seirbhísí a sholáthraíonn calafort dá úsáideoirí, mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le Seirbhísí Calafoirt 6 . Cuirtear san áireamh sa Treoir atá beartaithe na prionsabail agus forálacha ábhartha mar a áirítear iad sa rialachán sin, ach téitear níos faide ná ceanglais na Treorach trí fhoráil a dhéanamh do struchtúir chostais agus do thrédhearcacht lena naghaidh. Tá sé d’fheidhm aige sin freastal ar aidhm ghinearálta na Treorach atá beartaithe, arb í sin sceitheadh dramhaíola ar muir a laghdú. De bhreis air sin, níl feidhm ag an Rialachán maidir le Seirbhísí Calafoirt ach i gcás Chalafoirt TENT, ach déantar gach calafort a chumhdach leis an Treoir atá beartaithe, lena náirítear cinn atá níos lú, amhail calafoirt iascaireachta agus muiríní.

Áirítear i dTreoir 2010/65/CE an réamhfhógra dramhaíola laistigh den fhaisnéis atá le tuairisciú go leictreonach trí chóras "na fuinneoige aonair náisiúnta". Chuige sin, tá teachtaireacht dramhaíola leictreonach forbartha. Déantar an fhaisnéis arna tuairisciú sa teachtaireacht seo a mhalartú ina dhiaidh sin trí chóras AE um malartú faisnéise muirí (SafeSeaNet) agus í a sheoladh ar aghaidh chuig an modúl tuairiscithe sa Bhunachar Sonraí don Rialú Stáit ar Chalafoirt arna bhunú faoi Threoir 2009/16/CE chun comhlíonadh, faireachán agus forfheidhmiú a éascú.

·Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Treoir atá i bhfeidhm agus an togra reatha i gcomhréir go hiomlán le prionsabail dhlí comhshaoil AE, go háirithe: (i) prionsabal an réamhchúraim; (ii) an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; agus (iii) an prionsabal go ndéantar beart coisctheach ag an bhfoinse más féidir. Baineann sí freisin le haidhmeanna na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí 7 , rud a fhéachann leis an muirthimpeallacht a chaomhnú agus lena néilítear stádas maith comhshaoil d’uiscí muirí uile AE faoi 2020. Déantar freisin leis an Treoir atá beartaithe éifeacht a thabhairt don Treoir Réime Dramhaíola 8 trí chleachtais bainistithe dramhaíola níos fearr a bheartú i gcalafoirt i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus le hord réitigh dramhaíola AE. Ar deireadh, tá an Treoir atá beartaithe i gcomhréir leis an Treoir maidir le Sulfar 9 , rud a chuireann le hinbhuanaitheacht muiriompair tríd an gcion sulfair i mbreosla muirí a laghdú. Mar sin féin, ní mór nach mbeidh de thoradh ar chur i bhfeidhm an chórais a fhorchuirtear leis an Treoir maidir le Sulfar aistriú ó astaíochtaí aeir go sceitheadh dramhaíola ar muir, ná ar dhobharlaigh eile, amhail calafoirt agus inbhir, mar fhothoradh na dteicneolaíochtaí laghdaithe arna gcur i bhfeidhm, amhail córais ghlanta gáis sceite.

Beidh an Treoir atá beartaithe lárnach freisin i mbaint amach na sprice arna leagan amach i Straitéis Geilleagair Chiorclaigh an Choimisiúin 10 chun laghdú 30% faoi 2020 a dhéanamh ar líon an bhruscair mhuirí a aimsítear ar thránna agus ar threalamh iascaireachta caillte a aimsítear ar muir. Aithnítear sa Straitéis Geilleagair Chiorclaigh freisin gur féidir le hathbhreithniú ar sheanTreoir PRF cur go díreach agus go suntasach le laghdú a dhéanamh ar bhruscar muirí a ghintear ar bord long. I bPlean Straitéiseach an Choimisiúin maidir le Plaisteach 11 , scrúdaítear bearta breise chun trealamh iascaireachta caillte nó tréigthe a laghdú, amhail freagracht bhreisithe táirgeora agus scéimeanna aisíocaíochta éarlaise do threalamh iascaireachta a fhaightear go minic mar bhruscar, chomh maith le méadú ar mhalartú faisnéise maidir le scéimeanna den sórt sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Ós rud é go ngabhann an togra ionad na Treorach atá ann cheana, is é an bunús dlí atá ann fós ná Airteagal 100 (2) CFAE (sean-Airteagal 80(2) CCE), ina náirítear rialacha comhchoiteanna a ghlacadh le haghaidh an mhuiriompair. Cé go bhfuil sé mar aidhm leis an Treoir seo an mhuirthimpeallacht a chosaint ó sceitheadh dramhaíola ar muir, is é an cuspóir beartais ginearálta atá léi ná muiriompar a éascú agus rannchuidiú le margadh iompair inmheánach a chur i gcrích.

·Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Earnáil idirnáisiúnta is ea an loingseoireacht, ag a bhfuil oibríochtaí ar siúl in uiscí idirnáisiúnta agus i gcalafoirt timpeall an domhain. Dá bharr sin, tá rialacha idirnáisiúnta ag teastáil ón earnáil, rud a sholáthraítear le MARPOL maidir le truailliú ó longa. Ní bhaineann príomhfhadhbanna an chórais idirnáisiúnta le caighdeáin neamh-leordhóthanacha, áfach, ach leis an gcaoi nach ndéantar iad a chur chun feidhme nó a fhorfheidhmiú go leormhaith. Áirítear féachaint le cur chun feidhme comhchuibhithe a dhéanamh ar rialacha a comhaontaíodh, á chomhlánú nuair is gá le ceanglais sonracha AE, ar cheann de bhunchlocha bheartas muirí AE. Léirítear é seo freisin i mbunús dlí na Treorach, is é sin Airteagal 100(2) CFAE, ina náirítear rialacha comhchoiteanna a ghlacadh le haghaidh an mhuiriompair. Ós rud é go dtrasuítear leis an Treoir Coinbhinsiún MARPOL i ndlí AE, tá an aidhm chéanna léi agus atá leis an gCoinbhinsiún, i.e. an mhuirthimpeallacht a chosaint ó thruailliú ó longa. Is iondúil go mbíonn fadhb an truaillithe mhuirí ann ar fud uiscí AE agus dá bharr sin tá cur chuige comhchoiteann AE ag teastáil chun dul i ngleic leis na saincheisteanna go héifeachtach, mar nach ndéanfadh beart ó Bhallstáit aonair iad a leigheas.

Chun liosta mór fada beartas éagsúil i gcalafoirt a sheachaint i gcomhair seachadadh dramhaíola ó longa, agus chun machaire comhréidh a áirithiú do chalafoirt agus d’úsáideoirí calafort araon, tá gá le tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar leibhéal AE. Beidh de thoradh ar chur chun feidhme na noibleagáidí éagsúla ar leibhéal AE atá simplithe, agus dá bharr sin níos comhchuibhithe, go bhfeabhsófar iomaíochas agus éifeachtúlacht eacnamaíoch earnáil na loingseoireachta, agus go náiritheofar ag an am céanna dálaí bunúsacha i gcalafoirt. Ba cheart go seachnófaí leis seo éifeachtaí díobhálacha amhail "siopadóireacht PRF", nuair a choinníonn longa a ndramhaíl ar bord go dtí gur féidir leo í a sheachadadh chuig an gcalafort ina bhfuil an buntáiste eacnamaíoch is mó le baint amach. Bheadh de thoradh freisin ar thuilleadh comhchuibhithe ar chóras na ndíolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe go rachfaí i ngleic le neamhéifeachtúlachtaí ó thaobh na loinge agus an chalafoirt de.

Ag an am céanna, beidh méid áirithe dá lánrogha féin ag na Ballstáit i dtaca le cur chun feidhme rialacha agus prionsabail chomhchoiteanna ar leibhéal áitiúil/calafoirt. Leis an Treoir nua, déanfaidh siad cinneadh fós maidir le dearadh agus oibriú na gcóras gnóthaithe costas, maidir le leibhéal na dtáillí agus maidir le forbairt na bpleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil do chalafoirt ina gcríoch. Is iad na Ballstáit is fearr atá in ann cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal sonraí agus cuimsithe na bpleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil, agus iad ag cur san áireamh méid agus suíomh geografach na gcalafort agus riachtanais na long a thugann cuairt orthu.

·Comhréireacht

Tá cuspóir dúbailte ag an togra seo: (i) feabhas a chur ar chosaint na muirthimpeallachta i gcoinne sceitheadh dramhaíola ó longa, agus ag an am céanna (ii) éifeachtúlacht oibríochtaí muiriompair a áirithiú i gcalafoirt. Léiríodh sa mheasúnú tionchair go bhfuil dramhaíl á sceitheadh ar muir i gcónaí, rud a chúisíonn éifeachtaí uafásacha don éiceachórais mhuirí, go háirithe de thoradh diúscairt dramhaíola. Ag an am céanna, cruthaítear leis an gcóras atá ann cheana ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar chalafoirt agus ar úsáideoirí calafoirt, agus is í an chúis is mó leis ná neamhréireachtaí idir na hoibleagáidí faoin Treoir agus faoin gcreat idirnáisiúnta (i.e. Coinbhinsiún MARPOL). Léiríodh sa mheasúnú tionchair comhréireacht na rogha tosaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna, i gcomhréir leis na barúlacha a fuarthas ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála maidir le tuarascáil an mheasúnaithe tionchair.

Tá sé mar aidhm leis an togra seo aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin trí thuilleadh ailínithe a lorg le MARPOL, go háirithe i dtaca lena raon feidhme, sainmhínithe agus foirmeacha. Tá sé mar aidhm freisin leis an Treoir atá beartaithe níos mó comhsheasmhachta a bhaint amach le gníomhartha eile AE, trí na cigireachtaí a ionchorprú go hiomlán laistigh de chreat Rialaithe Stáit ar Chalafoirt, agus ailíniú a dhéanamh le Treoir 2002/59/CE i dtaca le hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe. Braitheann an cur chuige nua go mór ar chóras tuairiscithe agus malartaithe faisnéise ar bhonn leictreonach, arna bhunú ar chórais leictreonacha atá ann cheana, agus ar an bprionsabal nár cheart an fhaisnéis a thuairisciú ach uair amháin. Ba cheart go ndéanfadh sé sin éascú ar fhaireachán agus forfheidhmiú, agus an tualach riaracháin a bhaineann leis a íoslaghdú ag an am céanna.

Tá bearta breise ag teastáil maidir le fadhb shonrach an bhruscair mhuirí, bearta ar chóir dóibh sceitheadh dramhaíola ó longa a laghdú níos mó. Ba cheart go mbainfí amach é seo trí chomhcheangal de bhearta dreasachta agus forfheidhmithe. Ós rud é go gcuireann earnálacha na hiascaireachta agus an áineasa go mór le fadhb an bhruscair mhuirí, comhtháthaíodh iad ar bhonn níos córasaí sa chóras, go háirithe i dtaca leis na dreasachtaí chun dramhaíl a sheachadadh ar tír. Ós rud é go gcuirfeadh oibleagáidí fógra agus cigireachta ualach díréireach ar shoithí agus calafoirt bheaga, cuirtear cur chuige difreáilte i bhfeidhm arna bhunú ar fhad agus olltonnáiste. Is mar seo a leanas a bheidh an cur chuige sin:

Ní bheidh tuairisciú na faisnéise sa réamhfhógra dramhaíola agus san admháil dramhaíola ag teastáil ach ó shoithí atá níos mó ná 45 mhéadar ar fad, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE.

Ní bheidh feidhm ag an sprioc chigireachta de 20% le haghaidh soithí iascaireachta agus árthaí áineasa ach amháin i gcás soithí ag a bhfuil olltonnáiste de níos mó ná 100, rud atá comhsheasmhach le ceanglais na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) maidir le plean bainistithe dramhaíola a choinneáil ar bord.

Déanfar cigireacht ar shoithí trádála mar chuid de Rialú Stáit ar Chalafoirt, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint, rud ar chóir dó an córas a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

Cé go bhfuil sé mar aidhm leis an Treoir príomh-choincheapanna chóras PRF a chomhchuibhiú tuilleadh chun cur chuige comhchoiteann AE a áirithiú arna bhunú ar na noirm idirnáisiúnta ábhartha, fágtar méid áirithe de rogha ag na Ballstáit chun cinneadh a dhéanamh ar na bearta oibríochtúla is infheidhme ar leibhéal an chalafoirt, arna bhunú ar bhreithnithe áitiúla agus ar leagan amach riarachán agus struchtúr úinéireachta an chalafoirt. Déantar cinneadh ar leordhóthanacht saoráidí glactha dramhaíola bunaithe ar mhéid, suíomh geografach agus cineál na tráchta a thugann cuairt ar an gcalafort, rud ar a ndéantar cinneadh, dá réir sin, maidir le leibhéal sonraí agus raon feidhme phleananna an chalafoirt le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil. Féadfar na pleananna sin a fhorbairt i gcomhthéacs geografach freisin, trína mbítear ag fónamh do leasanna na gcalafort laistigh de ghaireacht réigiúnach, agus do leasanna na tráchta réigiúnaí freisin.

Cé go mbeidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na prionsabail arna leagan síos sa Treoir a ionchorprú sna córais gnóthaithe costas, go háirithe le haghaidh táille indíreach agus leibhéil trédhearcachta, beidh siad saor fós chun córais na dtáillí a dhearadh agus leibhéal sonrach na dtáillí a chinneadh, agus an cineál tráchta ag na calafoirt á chur san áireamh. Beidh an rogha sin níos teoranta maidir le dramhaíl — an chomhpháirt is tábhachtaí de bhruscar muirí — dá naisghabhfar na costais ina leith go hiomlán tríd an táille indíreach. I bhfianaise na néifeachtaí an-diúltach ar an muirthimpeallacht ó phlaistigh agus ó chomhpháirteanna eile dramhaíola ó longa, tá uasdreasacht airgid ag teastáil chun a áirithiú go seachadtar dramhaíl ag gach calafort staid, in áit í a sceitheadh ar muir.

·An rogha ionstraime

Ar mhaithe le dréachtú dlíthiúil atá soiléir agus comhsheasmhach, fuarthas gurb é an réiteach dlíthiúil is cuí ná an togra le haghaidh Treoir nua aonair. An rogha eile a bhí ann, i.e. sraith leasuithe ar an Treoir atá ann cheana a mholadh, caitheadh i dtraipisí é mar go mbeadh líon mór athruithe ag teastáil lena haghaidh. Caitheadh i dtraipisí freisin an rogha go dtabharfaí an rialachán nua isteach, mar nach bhfágfadh sé sin dóthain solúbthachta ag na Ballstáit maidir leis na beartais cur chun feidhme is fearr a chinneadh dá gcalafoirt, a bhfuil difríochtaí móra eatarthu ó thaobh méid, suímh, úinéireachta agus leagan amach riaracháin de.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

·Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Léiríodh sa mheastóireacht ex post go raibh an Treoir ábhartha maidir le baint amach an chuspóra go ndéanfaí sceitheadh dramhaíola ar muir a laghdú agus go raibh breisluach soiléir AE ag gabháil léi. Cé go bhfuil méadú tagtha ar thoirteanna na dramhaíola a sheachadtar ar tír, ní cothrom na treochtaí idir catagóirí dramhaíola éagsúla. Thairis sin, tá méid suntasach dramhaíola á sceitheadh i gcónaí ar muir. An phríomhchúis leis seo ná difríochtaí maidir leis an gcaoi a ndéantar príomhoibleagáidí na Treorach atá ann cheana a thuiscint agus a chur chun feidhme, amhail saoráidí glactha calafoirt leormhaithe a sholáthar, córais gnóthaithe costas a dhearadh agus a oibriú agus oibleagáid an tseachadta éigeantaigh a fhorfheidhmiú.

Níor sainmhíníodh go soiléir coincheap leormhaitheas na saoráidí glactha calafoirt sa tsean-Treoir, rud a chuir mearbhall ar úsáideoirí agus oibreoirí calafort. Dá réir sin, tá sé de thoradh ar easpa comhairliúcháin le húsáideoirí calafort, chomh maith le neamhréireachtaí le reachtaíocht "ar talamh" AE, go mbíonn cásanna ann nach mbíonn saoráidí leormhaithe ar fáil i gcónaí ag calafoirt. Mar shampla, le linn an chomhairliúcháin rinne geallsealbhóirí gearán maidir leis an easpa bailiúcháin ar leithligh i gcalafoirt i gcomhair dramhaíola a rinneadh a dhealú ar bord i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. De bhreis air sin, bhí mearbhall ann maidir le raon feidhme oibleagáid an tseachadta éigeantaigh i bhfianaise noirm sceite MARPOL, lena náirítear an sainmhíniú ar thoilleadh stórais leordhóthanach ar bord mar an bpríomh-eisceacht a ligfeadh do long fágáil gan a dramhaíl a sheachadadh.

Bhí an creat dlíthiúil agus riaracháin i gcomhair cigireachtaí PRF doiléir freisin, chomh maith le bunús agus rialtacht na gcigireachtaí sin. Ar deireadh, cuireadh i bhfeidhm díolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe ar fhorais éagsúla agus de réir coinníollacha difriúla, rud a chruthaigh ualach riaracháin nach bhfuil gá leis. D’fhág na saincheisteanna sin gur lú éifeacht atá ag an gcóras maidir leis an bpríomhchuspóir atá leis. i.e. sceitheadh dramhaíola ar muir a laghdú.

Tuilleadh saincheisteanna ar ar leagadh béim sa mheastóireacht ex post:

·Níl an Treoir go hiomlán comhsheasmhach le beartais ábhartha AE amhail reachtaíocht dramhaíola AE agus na príomhphrionsabail a bhaineann léi, nár cuireadh chun feidhme go hiomlán i gcalafoirt.

·Athruithe suntasacha sa chreat dlíthiúil idirnáisiúnta (MARPOL), ní dhearnadh iad a ionchorprú sa Treoir.

·De dheasca easpa taifeadadh córasach ar dhramhaíl a seachadadh i gcalafoirt agus malartú neamhleor faisnéise idir na Ballstáit cuireadh srian ar fhaireachán agus forfheidhmiú éifeachtúil na Treorach agus bhí bearnaí sonraí suntasacha maidir le sruthanna dramhaíola i gcalafoirt AE ann dá bharr.

·Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Rinneadh comhairliúcháin rialta le réimse leathan grúpaí de gheallsealbhóirí i gcomhthéacs Fhoghrúpa PRF arna bhunú faoi Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe chun cuidiú leis an bpróiseas athbhreithnithe. Déanann an Foghrúpa, lena naontaítear príomhghrúpaí na ngeallsealbhóirí, i.e. údaráis náisiúnta na mBallstát, calafoirt, longúinéirí, oibreoirí saoráidí glactha calafoirt agus eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, leibhéal ard saineolais a thabhairt le chéile maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíl ó longa a bhainistiú. Thar thréimhse roinnt cruinnithe, rinne an Foghrúpa na bearta agus na roghanna atá beartaithe don athbhreithniú a scrúdú agus a phlé, agus rinneadh athbhreithniú cuí ar a mholtaí agus cuireadh san áireamh iad le linn dhréachtú an togra. Áirítear achoimre ar thoradh phléití an Fhoghrúpa in iarscríbhinní an doiciméid oibre inmheánaigh 12 .

Ar an iomlán, tá na geallsealbhóirí i bhfabhar athbhreithnithe, ceann ina ndéantar tuilleadh ailínithe le MARPOL, go háirithe i dtaca le raon feidhme cheanglas an tseachadta éigeantaigh, agus ceann lena soláthraítear bearta sonracha ina dtugtar aghaidh ar fhadhb an bhruscair mhuirí. Chuir an Foghrúpa béim roinnt uaireanta ar an ngá atá ann le cur chun feidhme cuí ar phrionsabail dramhaíola AE i gcomhthéacs chóras PRF, chomh maith leis an ngá le córas na ndíolúintí agus na córais gnóthaithe costas a chomhchuibhiú tuilleadh, gan cur chuige "córas amháin do chách" a fhorchur le haghaidh chalafoirt EU. De bhreis air sin, rinne an Foghrúpa plé ar bhealaí chun faireachán a fheabhsú agus rinneadh plé ar fhorfheidhmiú agus ar an gcaoi a d’fhéadfadh tuairisciú leictreonach agus malartú sonraí an próiseas a éascú.

I gcomhthéacs phróiseas an mheasúnaithe tionchair, eagraíodh comhairliúchán poiblí oscailte, rud a spreag freagairtí ó réimse leathan geallsealbhóirí. Tógadh air sin le comhairliúchán spriocdhírithe a díríodh ar gheallsealbhóirí uile na gcalafort. Léiríodh sna comhairliúcháin sin go bhfuil an teaspa dreasachtaí agus forfheidhmithe ar chuid de na cúiseanna is tábhachtaí le fadhbanna ginearálta an sceite dramhaíola ar muir. De bhreis air sin, cuireadh in iúl sa dá bhabhta comhairliúcháin go raibh neamhréireacht i sainmhínithe agus i bhfoirmeacha agus córais díolúintí dhifriúla ina gcuid de bhunús an ualaigh riaracháin nach bhfuil gá leis.

·Bailiú agus úsáid saineolais

Tógann an togra seo ar an bhfaisnéis a bailíodh agus ar a ndearadh anailís le linn phróiseas na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair, dá ndearnadh staidéir sheachtracha. De bhreis air sin, fuarthas cúnamh teicniúil agus sonraí sonracha ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA).

Rinneadh measúnú i meastóireacht ex post 2015 ar shonraí a fuarthas ó 40 calafort tráchtála mór, ar ar tarraingíodh suas amshraith maidir le seachadtaí dramhaíola do thréimhse 2004-2013. D’eascair cuid de na sonraí as staidéir a rinne EMSA ní ba luaithe ar chur chun feidhme na Treorach, agus cuireadh leo le suirbhé ar na geallsealbhóirí.

Leis an staidéar tacaíochta a rinneadh in 2016 mar chuidiú don mheasúnú tionchair le haghaidh an athbhreithnithe ar an Treoir, rinneadh iarracht cur leis na sonraí maidir le toirteanna dramhaíola a seachadadh sna calafoirt a sainaithníodh i staidéir a rinneadh roimhe sin (Ramboll 2012 agus Panteia 2015) do thréimhse 2013-2015. Fuarthas sonraí seachadta dramhaíola nuashonraithe don tréimhse sin ó 29 de na 40 calafort ar a ndearnadh measúnú roimhe sin. De bhreis air sin, cuireadh i bhfeidhm i staidéar tacaíochta an mheasúnaithe tionchair múnla chun an bhearna dramhaíola a ríomh, múnla ar a dtugtar múnla MARWAS, rud lena ndéantar tomhas ar: (i) an difríocht idir dramhaíl a bhfuil súil lena seachadadh chuig na calafoirt a bhfuil sonraí seachadta faighte ina taobh, ar bhonn thrácht na gcalafort sin le linn na tréimhse ama sonraithe; agus (ii) an rud a seachadadh i dtoirteanna dearbha sna calafoirt sin le linn na tréimhse sin. Fuarthas sonraí gluaiseachta loinge ó EMSA do na 29 gcalafort faoi athbhreithniú agus cuireadh isteach sa mhúnla iad. Forbraíodh freisin leis an staidéar tacaíochta measúnú leochaileachta comhshaoil ar na limistéir mara réigiúnacha dhifriúla i dtaca le catagóirí difriúla dramhaíola ó longa. Mínítear an mhodheolaíocht go mionsonrach in iarscríbhinn ábhartha an doiciméid oibre inmheánaigh a ghabhann leis an togra seo 13 .

Bhí tacaíocht leanúnach curtha ar fáil le linn an phróisis ag Foghrúpa PRF dá dtagraítear thuas.

·Measúnú tionchair

Scrúdaíodh sa mheasúnú tionchair roghanna beartais difriúla chun an Treoir a leasú, arna bhunú ar na treoirphrionsabail seo a leanas:

(1)Raon feidhme an athbhreithnithe, fairsinge na nathruithe reachtacha agus forbairt na treoraíochta i dtaca le dlí bog;

(2)Raon feidhme cheanglais an tseachadta éigeantaigh le haghaidh dramhaíola. An rogha idir ailíniú a dhéanamh le noirm sceite MARPOL nó iarracht a dhéanamh ar chóras sceite gan aon dramhaíl trí sheachadadh iomlán chuig calafoirt. Tá tionchar aige seo freisin ar ghnéithe eile amhail cur i bhfeidhm córais gnóthaithe costas agus forfheidhmithe;

(3)An deis chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb shonrach an bhruscair mhuirí ó longa (dramhaíl ó longa den chuid is mó);

(4)An deis chun an tualach riaracháin a laghdú agus an córas a shimpliú i gcomhréir le cuspóirí REFIT sa togra.

Léirítear na prionsabail sin sna cuspóirí beartais ar a ndéantar cur síos thíos.

ROGHA 1: Cás bonnlíne. Faoin rogha seo, níl aon athrú reachtach beartaithe don Rialachán. Ina ionad sin, d’fhorbrófaí treoraíocht i dtaca le dlí bog, chomh maith le leathnú breise ar an gcóras tuairiscithe agus faireacháin ar bhonn leictreonach arna bhunú faoi Airteagal 12(3) den Treoir atá ann cheana, rud a bhunaítear ar thuairisciú leictreonach chuig SafeSeaNet agus THETIS (Bunachar Sonraí don Rialú Stáit ar Chalafoirt).

ROGHA 2: Athbhreithniú íosta. Beartaítear leis an rogha seo tionscnaimh spriocdhírithe agus coigeartuithe dlíthiúla achoimre ar Choinbhinsiún MARPOL chomh maith le reachtaíocht ábhartha an Aontais, rud a thógfadh ar an gcás bonnlíne. Go háirithe, thabharfadh sé an raon feidhme i gcomhréir le Coinbhinsiún MARPOL, trí dhramhaíl arna cuimsiú faoi Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiúin a chur san áireamh agus tagairtí do reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a thabhairt cothrom le dáta.

ROGHA 3: Ailíniú MARPOL. Féachtar leis an rogha seo tuilleadh comhfhogasaithe le MARPOL a bhaint amach, go háirithe maidir le raon feidhme an tseachadta éigeantaigh a chinneadh i gcomhréir le noirm sceite MARPOL, rud lena dtabharfaí aghaidh ar sceitheadh neamhdhleathach dramhaíola ar muir. Áirítear freisin sa rogha seo cigearachtaí PRF a ionchorprú i Rialú Stáit ar Chalafoirt, agus áirítear inti an réimse iomlán beart chun feabhas a chur ar leormhaitheas saoráidí agus dreasachtaí eacnamaíocha do longa a sheachadann chucu.

ROGHA 4: Córas AE um Shaoráidí Glactha Calafoirt (PRF) thar MARPOL. Tá sé mar aidhm leis an rogha seo an córas atá ann cheana a neartú faoin Treoir, ag dul thar Choinbhinsiún MARPOL. Bheadh seachadadh éigeantach i bhfeidhm ar an dramhaíl uile ó longa, lena náirítear an dramhaíl a fhéadfar a sceitheadh ar muir faoi MARPOL. Áirítear freisin sa rogha seo an réimse iomlán beart chun feabhas a chur ar leormhaitheas na saoráidí agus chun na dreasachtaí cearta a sholáthar le haghaidh seachadta.

ROGHANNA 3B agus 4B: Roghanna malartacha maidir leis an mbruscar muirí faoi rogha 3 agus rogha 4 thuas. Déantar leis na roghanna malartacha seo aghaidh a thabhairt go sonrach ar fhadhb an bhruscair mhuirí ó longa (dramhaíl ó longa den chuid is mó); Áirítear iontu bearta dreasachta agus forfheidhmithe araon, chomh maith le togra chun soithí iascaireachta agus árthaí áineasa a thabhairt isteach go hiomlán faoi raon feidhme na Treorach, cé go mbeadh cur chuige forfheidhmithe dhifreáilte ann arna bhunú ar olltonnáiste.

Socraíodh sa mheasúnú tionchair gurb é rogha bheartais 3B an rogha thosaíochta, mar go dtugtar le chéile inti cuspóirí an sceite dramhaíola ar muir a laghdú, go háirithe sceitheadh dramhaíola (bruscar muirí), agus an laghdú atá beartaithe ar an ualach riaracháin trí thuilleadh ailínithe le Coinbhinsiún MARPOL.

Táthar ag súil leis go ndéanfaidh an rogha bheartais thosaíochta:

·tionchair chomhshaoil dhearfacha a chruthú, mar gur chóir go dtiocfadh laghdú suntasach as ar sceitheadh neamhdhleathach ar muir de dhramhaíl olúil, múnlach, dramhaíl agus dramhaíl sciúrthóra;

·rannchuidiú go suntasach leis an ngeilleagar ciorclach trí bhearta speisialta atá saindírithe ar bhruscar muirí a laghdú, lena náirítear dramhaíl de thionscnamh earnáil na hiascaireachta agus an áineasa, agus feabhas a chur ar chleachtais bainistithe dramhaíola i gcalafort;

·laghdú a thabhairt isteach ar chostais forfheidhmithe chomh maith le laghdú suntasach ar chostais riaracháin;

·tuilleadh fostaíochta a chruthú, go háirithe do láimhseoirí dramhaíola agus in earnáil na turasóireachta i limistéir chósta;

·méadú a spreagadh ar fheasacht chomhshaoil maidir le fadhb an bhruscair mhuirí, ar tír agus ar bord araon.

Meastar go ndéanfaidh an rogha thosaíochta costais chomhlíonta agus oibríochtúla breise a chruthú, go háirithe ó infheistíochtaí i mbailiú dramhaíola i gcalafoirt, ó ailíniú na gcóras gnóthaithe costas agus ó fhorbairt toillte nua le haghaidh sruthanna dramhaíola nua a ghlacadh agus a chóireáil. Táthar ag súil leis, áfach, go mbeidh teorainn leis na costais sin. Déantar cur síos ar leibhéal tuartha na gcostas sin sa mheasúnú tionchair a áirítear sa doiciméad oibre inmheánach a ghabhann leis an togra 14 . Ní rabhthas in ann cainníochtú beacht a sholáthar ar na costais chomhlíonta fhoriomlán, áfach, de dheasca easpa sonraí.

Tíolacadh an measúnú tionchair don Bhord um Ghrinnscrúdú Rialála lena fhormheas i mBealtaine 2017. D’eisigh an Bord tuairim dhearfach maille le hagúis 15 . Ina thuairim, léirigh an Bord imní maidir le breisluach na Treorach i gcomparáid le Coinbhinsiún MARPOL, agus rinne sé míniúchán níos mó a iarraidh maidir leis an ngaol idir an dá chóras agus leis an gcaoi a bhfuil na roghanna atá beartaithe i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún nó leis an gcaoi a dtéann siad thairis. Sa chomhthéacs sin, rinne an Bord roinnt ceisteanna a chur freisin i dtaca le comhréireacht na rogha tosaíochta, go háirithe agus ceanglais níos sonraí do shoithí níos lú san áireamh inti, agus tá roinnt éiginnteachta ann fós i dtaca leis na costais chomhlíonta agus infheistíochta bheachta a bhaineann leis an rogha seo. Tugadh aghaidh ar na barúlacha sin sna bealaí seo a leanas:

Áiríodh míniú breise maidir leis an gcaoi a bhfuil sé i gceist sa Treoir na hoibleagáidí ábhartha a thrasuí ó Choinbhinsiún MARPOL trí chur chuige calafoirt-bhunaithe, agus nach é an taon aidhm atá léi foráil a dhéanamh d’fhorfheidhmiú na gceanglas seo trí chóras dlí AE, ach go dtairgtear inti breisluach i dtaca lena gcur chun feidhme sna Ballstáit, go háirithe trí eilimintí breise amhail na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil, córais gnóthaithe costas i gcalafoirt agus córas na ndíolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe. Áiríodh tábla ina léiríodh comparáid idir an dá ionstraim, chomh maith le forléargas ar na leasuithe is ábhartha a rinneadh ar Choinbhinsiún MARPOL le 15 bliana anuas.

Áiríodh tábla ina ndearnadh comparáid idir na roghanna beartais difriúla atá ann in ionad Choinbhinsiún MARPOL. Míníodh freisin nach ionann an rogha thosaíochta arna bunú ar ailíniú le MARPOL agus ailíniú iomlán, mar go mbeadh gá ansin le hoibleagáidí bunúsacha a tharraingt siar, cinn ar cruthaíodh ina dtaobh gur ábhartha agus úsáideach atá siad, rud a léiríodh i meastóireacht ex post (REFIT) na Treorach. Áiríodh mínithe breise chun comhréireacht gach ceann de na roghanna a léiriú, agus soláthraíodh tuilleadh faisnéise maidir leis an gcaoi a mbeartaítear, leis na roghanna tosaíochta, athshainiú a dhéanamh ar staid na soithí atá níos lú, i.e. soithí iascaireachta agus árthaí áineasa, agus cur chuige difriúil á thógáil maidir le forfheidhmiú arna bhunú ar olltonnáiste agus ar fhad iomlán.

Ar deireadh, rinneadh iarrachtaí breise chun sonraí cainníochtúla a fháil ó na calafoirt i dtaca le roinnt de na príomhoibleagáidí a áirítear sa rogha thosaíochta. Mar gheall go mbaineann sé le sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, áfach, ba theoranta an taiseolas a fuarthas, agus is cáilíochtúil den chuid is mó an cur síos ar na costais chomhlíonta agus infheistíochta.

·Measúnú tionchair chríochaigh

Tá gné réigiúnach thábhachtach san athbhreithniú atá beartaithe de thoradh na nimchuach farraige difriúil in AE agus shainiúlachtaí áitiúla na gcalafort. Ar an gcúis sin, rinneadh measúnú tionchair chríochaigh. Luadh sa mheasúnú na dúshláin shonracha a d’fhéadfadh a bheith roimh na calafoirt atá lonnaithe ar oileáin bheaga agus in áiteanna iargúlta agus córas PRF á chur chun feidhme, ach cinneadh freisin go bhféadfadh an Treoir nua buntáistí a sholáthar do na réigiúin sin, go háirithe ó thaobh forbairt turasóireachta, fostaíochta agus rialachais de. In ainneoin na ndifríochtaí réigiúnacha, áfach, léiríodh sa mheasúnú tionchair chríochaigh éileamh láidir ar chomhchuibhiú phríomhghnéithe na Treorach. Rinneadh torthaí an mheasúnaithe tionchair chríochaigh a shuimiú suas sa tuarascáil achoimre atá i gceangal leis an doiciméad oibre inmheánach a ghabhann leis an togra.

·Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ós rud é gur tionscnamh REFIT atá sa togra, tá sé mar aidhm leis an creat rialála a shimpliú agus an tualach riaracháin a laghdú.

Trí na sainmhínithe a ailíniú níos fearr le MARPOL, is féidir chomh maith na foirmeacha caighdeánacha arna bhforbairt ag IMO le haghaidh fógra dramhaíola agus admháil dramhaíola a ionchorprú go hiomlán sa Treoir. Tríd an méid sin a dhéanamh, is féidir foirmeacha agus córais chomhthreomhara a sheachaint a oiread is féidir. De bhreis air sin, moltar cigireachtaí PRF a chur san áireamh i gcóras Rialaithe Stáit ar Chalafoirt agus an córas faisnéise agus faireacháin a úsáid, rud a forbraíodh ar bhonn na Treorach atá ann cheana (Airteagal 12(3)) agus a bunaíodh ar thuairisciú leictreonach in SafeSeaNet agus in THETIS, chun faireachán agus forfheidhmiú a éascú. Táthar ag súil leis go gcruthóidh na bearta sin laghdú EUR 7.1 milliún ar chostais riaracháin mar gur chóir go dtiocfadh cigireachtaí níos éifeachtaí astu. Táthar ag súil leis freisin go méadófar deiseanna gnó d’oibreoirí dramhaíola ag calafoirt, chomh maith le hoibreoirí in earnáil an áineasa agus na turasóireachta, ar féidir lena bhformhór cáiliú mar fhiontar beag nó meánmhéide, mar gur cheart go dtiocfadh níos mó dramhaíola i dtír i gcalafoirt, rud a d’fhágfadh muirthimpeallacht níos glaine, le héifeachtaí dearfacha ann don turasóireacht áitiúil agus réigiúnach.

Leis an togra le haghaidh Treoir nua, tugtar lánrogha forleathan do na Ballstáit chun: (i) na saoráidí glactha a eagrú ina gcalafoirt, mar a léiríodh sna pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil; agus (ii) córais táillí atá iomchuí a dhearadh, agus méid agus suíomh geografach na gcalafort á gcur san áireamh, chomh maith leis an gcineál tráchta sna calafoirt sin.

Beartaítear leis an athbhreithniú atá beartaithe forbairt agus oibriú níos mó an chórais faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe a bunaíodh cheana féin faoin Treoir atá ann cheana chun faireachán agus forfheidhmiú na Treorach a éascú. Beidh an córas bunaithe ar Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí dá bhforáiltear faoi Threoir 2002/59/CE agus an Bunachar Sonraí Cigireachta arna bhunú faoi Threoir 2009/16/CE. Tuairisceofar sonraí go leictreonach trí chóras "na fuinneoige aonair náisiúnta" a úsáid, i gcomhréir le Treoir 2010/65/AE, agus malartófar iad idir na Ballstáit ar mhaithe le cúiseanna faireacháin agus forfheidhmithe. Déanfar leis an togra seo freisin tuilleadh caighdeánaithe ar fhormáidí tuairiscithe leictreonaigh don admháil dramhaíola, an fógra dramhaíola agus na díolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe.

·Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon iarmhairtí ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

·Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá plean cur chun feidhme ag gabháil leis an togra ina liostaítear na gníomhaíochtaí atá ag teastáil chun na bearta a chur chun feidhme agus sainaithnítear na príomhdhúshláin theicniúla, dhlíthiúla agus ama a bhaineann leis an gcur chun feidhme.

Sainaithníodh socruithe leormhaithe faireacháin agus tuairiscithe. Tá ról tábhachtach ag EMSA sa phróiseas seo, óir is í an Ghníomhaireacht í atá i gceannas ar fhorbairt agus oibriú chórais sonraí leictreonacha an mhuiriompair.

Éilítear sa Treoir atá i bhfeidhm go mbunófar córas comhchoiteann faisnéise agus faireacháin lena ndéanfaí: (i) longa nach seachadann a ndramhaíl a shainaithint; agus (ii) a chinntiú ar éiríodh le baint amach spriocanna na Treorach. Le blianta beaga anuas, forbraíodh an córas seo ar bhonn na mbunachar sonraí atá ann cheana: go háirithe, sholáthair SafeSeaNet an tuairisciú leictreonach agus an malartú faisnéise ón réamhfhógra dramhaíola, agus forbraíodh modúl AE ar leith laistigh den Bhunachar Sonraí Cigireachta (THETIS) chun torthaí a thuairisciú ó chigireachtaí PRF. De bhreis air sin, rinneadh bearta chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis arna stóráil in SafeSeaNet a tharchur go córasach chuig THETIS-AE chun gur féidir oibleagáid an tseachadta éigeantaigh a fhaire agus a fhorfheidhmiú. Leis an Treoir atá beartaithe, cuirfear tuilleadh feabhais ar na córais agus ba cheart go náireofaí iontu an fhaisnéis bhunúsach maidir le hinfhaighteacht saoráidí glactha ag calafoirt AE. Traschuirfear freisin an fhaisnéis sin chuig GISIS, córas comhtháite domhanda IMO le haghaidh faisnéis i dtaca leis an loingseoireacht, chun a áirithiú go ndéanann na Ballstáit, trí thuairisciú a dhéanamh faoin Treoir, a noibleagáidí a chomhlíonadh ag an am céanna.

De bhreis air sin, cuideoidh EMSA le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach atá beartaithe. Ós rud é gur tréimhse 5 bliana a sceidealaíodh i gcomhair fhad thimthriall iomlán chuairteanna cur chun feidhme EMSA a bheartaítear 16 , socraíodh timthriall meastóireachta na Treorach ag eatraimh seacht mbliana.

Ar deireadh, beartaítear freisin go mbunófar grúpa saineolaithe, arna chomhdhéanamh d’ionadaithe ó na Ballstáit agus ó earnálacha ábhartha eile. Roinnfidh an grúpa faisnéis agus taithí maidir le cur chun feidhme na Treorach agus soláthróidh sé an treoraíocht is gá don Choimisiún.

·Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Níl gá le doiciméid mhíniúcháin óir go bhfuil sé mar aidhm leis an togra an córas atá ann cheana a shimpliú agus a shoiléiriú.

6.Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an Treoir atá beartaithe, déanfar córas AE a ailíniú chomh fada agus is féidir le MARPOL, go háirithe i dtaca le raon feidhme, sainmhínithe agus foirmeacha. Tá ailíniú iomlán dodhéanta, áfach, mar go ndírítear sa Treoir ar oibríochtaí i gcalafoirt agus go ndírítear i MARPOL ar oibríochtaí ar muir. Cé go ndéanann an Treoir forbairt ar na hoibleagáidí a ghlac na Ballstáit chucu féin faoi MARPOL, téitear thairis sin trí aghaidh a thabhairt go mionsonrach ar fhreagrachtaí dlíthiúla, oibríochtúla agus airgeadais na noibreoirí uile. De bhreis air sin, tá raon feidhme níos leithne ag an Treoir atá beartaithe, mar a bhí ag a réamhtheachtaí, trí gach soitheach farraige a chuimsiú chomh maith le calafoirt AE uile ar a dtugann na soithí sin cuairt.

Baineann na príomhréimsí ina mbeidh difríocht idir an Treoir agus MARPOL i gcónaí leis an méid seo a leanas:

·glacadh na bpleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil;

·forbairt agus oibriú na gcóras gnóthaithe costas;

·tuairisciú éigeantach na faisnéise ón réamhfhógra dramhaíola agus ón admháil dramhaíola;

·an córas cigireachta;

·córas na ndíolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe. 

Cuidíonn go leor de na difríochtaí i gcóras AE leis an gcóras a bheartaíonn MARPOL a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú níos fearr.

Tugtar srac-chuntas anseo thíos ar na hathruithe is tábhachtaí a thugtar isteach leis an Treoir nua.

Teideal, raon feidhme agus sainmhínithe:

Athrófar an teideal chun tagairt shainráite a dhéanamh do sheachadadh dramhaíola ó longa, mar go léireodh sé seo níos fearr príomhchuspóir na Treorach.

In Airteagal 2 cuirfear in ionad an tsainmhínithe ar "dhramhaíl a ghintear ar bord loinge" an sainmhíniú níos cineálaí ar "dhramhaíl ó longa", arna shainmhíniú i dtaca le hIarscríbhinní ábhartha MARPOL. Áireofar ann freisin catagóir "an iarmhair lasta", chomh maith le dramhaíl a thagann faoi Iarscríbhinn VI de MARPOL, i.e. an tiarmhar ó chórais ghlanta gáis sceite, arna chomhdhéanamh de shloda agus uisce sceite ó na córais sin. Tríd an idirdhealú idir dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus iarmhar lasta a scriosadh, agus comhlíonadh iomlán le sainmhínithe MARPOL a áirithiú, tá sé indéanta tuilleadh ailínithe a dhéanamh le gnáthfhoirmeacha agus gnáth-theastais IMO. Tá dramhaíl a iascadh go héighníomhach, i.e. dramhaíl a bailíodh i líonta le linn oibríochtaí iascaireachta, curtha san áireamh sa sainmhíniú ar dhramhaíl ó longa chun go náiritheofar go ndéanfar socruithe iomchuí chun an cineál sin dramhaíola a sheachadadh ó earnáil na hiascaireachta chuig saoráidí glactha calafoirt, i bhfianaise a hábharthachta i gcomhthéacs an bhruscair mhuirí. Rinneadh tagairtí soiléire agus nuashonraithe a chur le píosaí ábhartha reachtaíochta AE.

Leormhaitheas saoráidí glactha calafoirt:

Rinneadh cur síos níos soiléire, i gcomhréir le treoraíocht IMO, ar nóisean "na saoráidí glactha calafoirt leormhaithe". Rinneadh an ceanglas le haghaidh bailiúchán ar leithligh a d’eascair as an Treoir Réime Dramhaíola a chur san áireamh go sainráite in Airteagal 4 atá le cur i bhfeidhm sna calafoirt. Tá sé seo ábhartha go háirithe i gcásanna ina ndearnadh an dramhaíl a dhealú ar bord roimh ré i gcomhréir le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta.

I dtaca le pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil, rudaí atá lárnach chun leormhaitheas a bhaint amach do shaoráidí glactha calafoirt, cuireadh béim níos láidre in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn 1 ar cheanglais chomhairliúcháin. Soláthraíodh freisin soiléiriú maidir leis an nóisean a bhaineann lena bhfuil i gceist le "plean iomchuí", leis na "hathruithe suntasacha" ar phlean den sórt sin agus leis an "gcomhthéacs réigiúnach" inar féidir é a fhorbairt.

Dreasachtaí chun seachadta:

Chun a áirithiú go soláthraítear na dreasachtaí cearta chun cineálacha dramhaíola difriúla a sheachadadh chuig saoráidí glactha calafoirt, leagtar síos in Airteagal 8 na príomhphrionsabail atá le hionchorprú agus le húsáid i ngach córas táillí arna bhunú faoin Treoir. Áirítear ansin an gaol idir an táille a ghearrtar agus costais PRF, ríomh an "rannchuidithe shuntasaigh" atá le cumhdach sa táille indíreach, agus na príomhcheanglais trédhearcachta. Áirítear Iarscríbhinn 4 nua sa Treoir, lena soláthraítear forléargas ar chineálacha difriúla costas chóras PRF, agus idirdhealú á dhéanamh idir costais dhíreacha agus indíreacha.

Cé nach bhforordaítear in Airteagal 8 córas amháin ar leith atá le cur i bhfeidhm i gcalafoirt AE uile, tá an córas gnóthaithe costas atá beartaithe níos déine i dtaca leis na prionsabail atá le cur i bhfeidhm agus táille indíreach á bunú le haghaidh dramhaíola, lena náirítear dramhaíl a iascadh go héighníomhach. Ós rud é go gcuireann sceitheadh dramhaíola go mór le fadhb níos leithne an bhruscair mhuirí, moltar córas "gan táille speisialta", inar chóir go dtabharfadh íocaíocht na táille indírí an ceart do longa a ndramhaíl ar fad ar bord a sheachadadh, gan orthu aon táillí díreacha breise a íoc (bunaithe ar thoirteanna). Ós rud é go náireofar freisin soithí iascaireachta agus árthaí áineasa i gcóras na dtáillí indíreacha, ba cheart go dtabharfaí aghaidh leis seo freisin ar dhiúscairt líonta iascaireachta ag deireadh ré agus ar dhiúscairt dramhaíola a iascadh go héighníomhach.

Déantar freisin in Airteagal 8 coincheap na "loinge glaise"a neartú, mar atá forbartha agus curtha i bhfeidhm cheana féin ag calafoirt aonair i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus scéimeanna deimhniúcháin. Faoin gcoincheap sin, ba cheart táille dramhaíola laghdaithe a ghearradh ar longa ar féidir leo bainistiú dramhaíola inbhuanaithe a léiriú ar bord, rud a mbeidh ar an gCoimisiún na critéir ina leith a leagan amach tuilleadh i ngníomh tarmligthe.

Forfheidhmiú oibleagáid an tseachadta éigeantaigh:

Rinneadh foirm an réamhfhógra dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 6 a ailíniú go hiomlán le Ciorclán IMO MEPC/834 agus a sholáthraítear in Iarscríbhinn 2 nua leis an Treoir. Socraíodh raon feidhme oibleagáid an tseachadta éigeantaigh le haghaidh dramhaíl uile i gcomhréir le MARPOL, ionas go bhfuil Treoir PRF ag teacht le córas sceite MARPOL: san áit ina gcuireann MARPOL toirmeasc ar dhramhaíl a sheachadadh ar muir, ceanglaítear le Treoir PRF go seachadtar an dramhaíl sin chuig saoráidí glactha calafoirt ar tír, lena náirítear an tiarmhar lasta. Leis an gcur chuige sin, níl gá le haon fhoráil shonrach i gcomhair seachadadh iarmhair lasta, mar a bhí sé faoin tseanTreoir. De bhreis air sin, ceanglaítear le hAirteagal 7 go neisítear admháil dramhaíola chuig an long ar sheachadadh na dramhaíola, ina bhfuil an fhaisnéis ar cheart go dtuairisceodh an long sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe, i.e. SafeSeaNet, sula bhfágann sí an calafort.

Déantar le hAirteagal 7 teorainn a chur ar chur i bhfeidhm na heisceachta arna bunú ar thoilleadh stórais leordhóthanach go cásanna ina bhfuil an chéad chalafort staid eile lonnaithe in AE agus nach bhfuil aon éiginnteacht maidir le hinfhaighteacht saoráidí glactha calafoirt leormhaithe. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe atá neadaithe in SafeSeaNet, maidir le saoráidí glactha calafoirt leormhaithe i gcalafoirt AE. Thairis sin, beartaítear leis an togra seo go nglacfar modhanna sonracha chun go mbeidh an Coimisiún in ann toilleadh stórais leordhóthanach ar bord a áireamh trí ghníomh cur chun feidhme.

Maidir leis an gcóras cigireachta, sonraítear in Airteagal 10 gur gá cigireachtaí a chomhtháthú go hiomlán sa chóras Rialaithe Stáit ar Chalafoirt arna bhunú faoi Threoir 2009/16/CE agus go mbeidh cur chuige rioscabhunaithe á leanúint acu, i gcás ina dtagann an long faoi raon feidhme na treorach sin. Chun a áirithiú go ndéanann gach cigireacht Rialaithe Stáit ar Chalafoirt comhlíonadh le ceanglais PRF a dheimhniú freisin, caithfear athruithe áirithe a dhéanamh ar Threoir 2009/16/CE, mar a leagtar amach in Airteagal 21. Ag an am céanna, soláthraítear córas cigireachta ar leithligh do shoithí iascaireachta, árthaí áineasa agus soithí baile ag a bhfuil olltonnáiste de níos mó ná 100, mar nach gcuimsítear na soithí sin sa Treoir um Rialú Stáit ar Chalafoirt. Caithfear taifeadadh a dhéanamh de na torthaí ó na cigireachtaí arna ndéanamh ar na soithí sin sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe, agus é sin i modúl AE sonrach laistigh de THETIS.

Córas na ndíolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe agus rialta:

Déantar foráil in Airteagal 9 den togra do thuilleadh comhchuibhithe ar chritéir na heisceachta, go háirithe a bhfuil i gceist le "long i dtrácht sceidealaithe" le "teacht isteach minic agus rialta i gcalafort faoi bhealach", chomh maith lena bhfuil i gceist le "dóthain fianaise maidir le socrúchán" chun an táille a sheachadadh agus a íoc. Tugtar isteach deimhniú díolúine caighdeánach, rud ba cheart a áireamh sa chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe trí thuairisciú leictreonach i SafeSeaNet, ionas gur féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis sa deimhniú a mhalartú ina dhiaidh sin.

Soithí iascaireachta agus árthaí áineasa:

Rinneadh staid soithí iascaireachta agus árthaí áineasa beaga a athshainiú sa Treoir, i bhfianaise na tábhachta coibhneasta a bhaineann leo maidir leis an méid a chuireann siad le fadhb an bhruscair mhuirí ar muir. Cé go dtugtar díolúine faoin Treoir atá ann cheana do shoithí iascaireachta agus árthaí áineasa beaga araon ó roinnt de na príomhoibleagáidí, rinneadh na díolúintí sin a athshainiú, ionas go bhfuil na soithí atá níos mó curtha san áireamh bunaithe ar fhad agus olltonnáiste chun comhréireacht an chórais a áirithiú.

I dtaca leis na córais gnóthaithe costas, beidh soithí iascaireachta agus árthaí áineasa faoi réir na táille indírí. Cosúil le soithí eile, beidh ar shoithí iascaireachta agus árthaí áineasa dá réir sin táille a íoc leis an gcalafort/cuan gan beann ar cé acu ar sheachaid siad dramhaíl nó nár sheachaid. Ba cheart go dtabharfaí leis seo, áfach, an ceart do na longa sin a ndramhaíl uile a sheachadadh gan aon táillí breise a íoc, lena náirítear trealamh iascaireachta tréigthe agus dramhaíl a iascadh go héighníomhach san áireamh. I dtaca le cineálacha dramhaíola eile, beidh feidhm freisin ag an oibleagáid ghinearálta íostáille indíreach 30% a ghearradh ar sheachadadh dramhaíola arna dhéanamh ag earnáil na hiascaireachta agus an áineasa.

Ní cheanglaítear tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ón bhfógra dramhaíola agus ón admháil dramhaíola ach amháin ar shoithí iascaireachta agus árthaí áineasa os cionn 45 mhéadar ar fad. Bheadh sé díréireach ceangal a chur ar shoithí faoi bhun na tairsí sin tuairisciú leictreonach a dhéanamh roimh theacht isteach agus imeacht, mar nach mbíonn sé d’acmhainn go ginearálta ag na soithí sin tuairisciú leictreonach a dhéanamh agus nach bhfuil na calafoirt a fhaigheann na tuairiscí leictreonacha in ann próiseáil a dhéanamh ag gach uile chalafort staid. Léiríodh é seo freisin sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra 17 .

Maidir le forfheidhmiú, leagtar síos sa Treoir gur gá cigireachtaí a dhéanamh ar 20 % ar a laghad de na soithí iascaireachta agus árthaí áineasa uile ag a bhfuil olltonnáiste de níos mó ná 100 a stadann i gcalafoirt i mBallstát ábhartha go bliantúil. Tá an tairseach sin ag teacht le ceanglas MARPOL maidir le plean taifeadta dramhaíola a choinneáil ar bord le haghaidh longa ag a bhfuil olltonnáiste de níos mó ná 100.

2018/0012 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena naisghairtear Treoir 2000/59/CE agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus Treoir 2010/65/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 18 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 19 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá sé d’aidhm ag beartas muirí an Aontais ardleibhéal sábháilteachta agus cosanta comhshaoil a chur ar fáil. Is féidir an méid sin a bhaint amach trí na coinbhinsiúin, cóid agus réitigh idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus an tsaoirse loingseoireachta dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) a choinneáil.

(2)Sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc ("Coinbhinsiún MARPOL") déantar foráil maidir le toirmisc ghinearálta ar sceitheadh ó longa ar muir, ach rialáiltear leis an gCoinbhinsiún freisin na coinníollacha faoinar féidir cineálacha áirithe dramhaíola a sceitheadh sa mhuirthimpeallacht. Le Coinbhinsiún MARPOL cuirtear ceangal ar na Ballstáit a áirithiú go soláthraítear saoráidí glactha leordhóthanacha i gcalafoirt.

(3)Chuir an tAontas Coinbhinsiún MARPOL chun feidhme trí bhíthin Threoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 , trí chur chuige calafortbhunaithe a leanúint. Is é is aidhm do Threoir 2000/59/CE comhréiteach a fháil idir na leasanna a bhaineann le hoibriú réidh an iompair mhuirí agus caomhnú na muirthimpeallachta.

(4)Le dhá dheichbhliain anuas, rinneadh leasuithe tábhachtacha ar Choinbhinsiún MARPOL agus ar a Iarscríbhinní, as ar tháinig caighdeáin níos déine agus toirmisc don sceitheadh dramhaíola ó longa ar muir.

(5)Le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, tugadh isteach noirm sceite do chatagóirí dramhaíola nua, go háirithe na hiarmhair ó chórais glantacháin gáis sceite, ina bhfuil idir shloda agus uisce sceite. Ba cheart na catagóirí dramhaíola sin a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach.

(6)An 15 Aibreán 2014, ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta ("IMO") an Treoir Chomhdhlúite do sholáthraithe agus d’úsáideoirí saoráidí glactha calafoirt (MEPC.1/Ciorclán 834), lena náirítear an fhormáid chaighdeánach maidir le fógra dramhaíola a thabhairt, dramhaíl a fháil, agus easnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú.

(7)In ainneoin na bhforbairtí rialála sin, sceitear dramhaíl ar muir go fóill. Tá roinnt cúiseanna leis sin, eadhon ní bhíonn saoráidí glactha calafoirt ar fáil i gcalafoirt i gcónaí, is minic nach leor an forfheidhmiú agus tá easpa dreasachtaí ann chun an dramhaíl a thabhairt i dtír.

(8)Ó tháinig Treoir 2000/59/CE i bhfeidhm tá sí tar éis rannchuidiú leis an méid dramhaíola a sheachadtar chuig saoráidí glactha calafoirt a mhéadú, agus bhí ról tábhachtach aici dá réir sin maidir leis an sceitheadh dramhaíola ar muir a laghdú, rud a tháinig chun solais i Meastóireacht REFIT a rinneadh ar an Treoir.

(9)Léiríodh i Meastóireacht REFIT freisin nach raibh éifeacht iomlán le Treoir 2000/59/CE de dheasca neamhréireachtaí le creat MARPOL. Sa bhreis air sin, tá léirmhínithe éagsúla ag na Ballstáit ar na príomhchoincheapa sa Treoir, amhail leordhóthanacht na saoráidí, réamhfhógra dramhaíola agus seachadadh éigeantach dramhaíola go saoráidí glactha calafoirt, agus díolúintí do longa i dtrácht sceidealaithe. Éilíodh sa mheastóireacht go ndéanfaí na coincheapa sin a chomhchuibhiú tuilleadh agus iad a ailíniú tuilleadh le Coinbhinsiún MARPOL chun ualach riaracháin nach gá ar na calafoirt agus ar úsáideoirí an chalafoirt araon a sheachaint.

(10)Tá ról lárnach ag an Treoir freisin maidir leis an bpríomhreachtaíocht chomhshaoil agus na príomhphrionsabail chomhshaoil a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na gcalafort agus bainistiú dramhaíola ó longa. Go háirithe, is ionstraimí ábhartha ina leith sin iad Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 agus Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 .

(11)I dTreoir 2008/98/CE, leagtar síos na príomhphrionsabail maidir le bainistiú dramhaíola, lena náirítear an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus ord na réiteach dramhaíola, ina néilítear go ndéanfaí dramhaíl a athúsáid agus a athchúrsáil in ionad cineálacha eile aisghabhála agus diúscartha dramhaíola a úsáid agus ceanglaítear léi go mbunófaí córais le haghaidh bailiú ar leithligh na dramhaíola. Tá feidhm ag na hoibleagáidí sin freisin maidir le bainistiú dramhaíola ó longa.

(12)Tá gá le bailiú ar leithligh na dramhaíola ó longa, lena náirítear trealamh iascaireachta tréigthe, chun a áirithiú go naisghabhfar arís í sa slabhra bainistithe dramhaíola iartheachtach. Is minic a scartar dramhaíl ar bord long i gcomhréir leis na noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta agus ba cheart a áirithiú le reachtaíocht an Aontais nach mbainfear an bonn ó na hiarrachtaí sin dramhaíl ar bord a scaradh cheal socruithe maidir le bailiú ar leithligh ar tír.

(13)Cé go dtagann an chuid is mó de bhruscar muirí as gníomhaíochtaí talamhbhunaithe, is rannchuiditheoir suntasach é tionscal na loingseoireachta, lena náirítear na hearnálacha iascaireachta agus áineasa, a sceitheann dramhaíl, lena náirítear plaisteach agus trealamh iascaireachta tréigthe, go díreach san fharraige.

(14)Faoi Straitéis Geilleagair Chiorclaigh an Choimisiúin 23 tá sprioc leagtha síos go ndéanfaí laghdú 30 % ar bhruscar muirí faoi 2020 agus tá aitheantas tugtha don ról sonrach atá le himirt ag Treoir 2000/59/CE ina leith sin, trína áirithiú go mbeidh fáil ar shaoráidí leordhóthanacha chun dramhaíl a ghlacadh, agus trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an leibhéal ceart dreasachtaí agus seachadadh na dramhaíola go saoráidí ar tír a fhorfheidhmiú.

(15)Meastar go bhfuil saoráid glactha calafoirt leordhóthanach más féidir léi freastal ar riachtanais na long a úsáideann an calafort de ghnáth gan moill mhíchuí a chruthú. Baineann leordhóthanacht le dálaí oibriúcháin na saoráide i bhfianaise riachtanais an úsáideora, mar aon le bainistiú comhshaoil na saoráidí i gcomhréir le reachtaíocht dramhaíola an Aontais.

(16)Le Rialachán (CE) 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 24 ceanglaítear go ndéanfaí dramhaíl lónadóireachta idirnáisiúnta a loscadh nó a dhiúscairt trína cur sa talamh i láithreán líonta talún údaraithe, lena náirítear dramhaíl ó longa a thagann isteach go calafoirt an Aontais a bhfuil seans ann go raibh sí i dteagmháil le seachtháirgí ainmhithe ar bord. Chun nach gcuirfear teorainn le cur chun cinn na hathúsáide agus na hathchúrsála a dhéantar ar dhramhaíl ó longa de thoradh an cheanglais sin, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh an dramhaíl ar bord a scaradh ar bhealach níos fearr chun gur féidir an baol go ndéanfaí dramhaíl, amhail dramhaíl phacáistíochta, a éilliú a sheachaint.

(17)Chun leordhóthanacht saoráidí glactha calafoirt a áirithiú, is gá forbairt agus athmheasúnú a dhéanamh ar an bplean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil, bunaithe ar an gcomhairliúchán leis na húsáideoirí calafoirt ábhartha ar fad. Ar chúiseanna praiticiúla agus eagraíochtúla, d’fhéadfadh sé go dteastódh ó na calafoirt chomharsanacha sa réigiún céanna comhphlean a fhorbairt ina gcumhdófaí go mbeadh fáil ar shaoráidí glactha calafoirt i ngach ceann de na calafoirt a chumhdaítear faoin bplean agus ina ndéanfaí foráil maidir le comhchreat riaracháin.

(18)Chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an bhruscair mhuirí ar bhealach éifeachtach, ní mór an leibhéal ceart dreasachtaí a chur ar fáil do sheachadadh dramhaíola go saoráidí glactha calafoirt, go háirithe dramhaíl. Is féidir é sin a bhaint amach trí chóras gnóthaithe costas, ina mbeadh gá le táille indíreach a chur i bhfeidhm, a bheadh dlite gan beann ar sheachadadh na dramhaíola agus lena dtabharfaí an ceart an dramhaíl a sheachadadh gan aon mhuirir dhíreacha bhreise. Ba cheart an earnáil iascaireachta agus áineasa, i bhfianaise an méid bruscair mhuirí a chruthaíonn siad, a chur san áireamh sa chóras sin freisin.

(19)Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar choincheap na "Loinge Glaise" maidir le bainistiú dramhaíola, ionas gur féidir córas luacha saothair éifeachtach a chur chun feidhme do na soithí sin a laghdaíonn a gcuid dramhaíola ar bord.

(20)Fanann na hiarmhair lasta i seilbh úinéir an lasta tar éis dhíluchtú an lasta go dtí an críochfort, agus is minic go mbíonn luach eacnamaíoch orthu. Ar an gcúis sin, níor cheart na hiarmhair lasta a chur san áireamh sna córais gnóthaithe costas agus i gcur i bhfeidhm na táille indírí; ba cheart go níocfadh úsáideoir na saoráide glactha an táille atá ar sheachadadh na niarmhar lasta, mar a shonraítear sna socruithe conarthacha idir na páirtithe lena mbaineann nó i socruithe áitiúla eile.

(21)I Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 25 áirítear soláthar saoráidí glactha calafoirt mar sheirbhís i raon feidhme an Rialacháin. Tá rialacha leagtha síos ann maidir le trédhearcacht na struchtúr muirearaithe a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le húsáid seirbhísí calafoirt, dul i gcomhairle le húsáideoirí calafoirt agus nósanna imeachta um ghearáin a láimhseáil. Téann an Treoir thar an gcreat dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/352 trí cheanglais níos mionsonraithe a leagan síos maidir le hoibriú agus leagan amach na gcóras gnóthaithe costas le haghaidh saoráidí glactha calafoirt do dhramhaíl ó longa agus trédhearcacht an struchtúir costais.

(22)Sa bhreis ar dhreasachtaí a sholáthar don seachadadh, tá sé fíorthábhachtach go gcuirfí an oibleagáid seachadta i bhfeidhm go héifeachtach lenar cheart cloí le cur chuige rioscabhunaithe i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE 26 , rud nach bhfuil ag teacht a thuilleadh leis an sprioc de 25 % do chigireachtaí i dTreoir 2000/59/CE le haghaidh soithí a thagann faoina raon feidhme.

(23)Is é ceann de na constaicí is mó atá roimh oibleagáid an tseachadta éigeantaigh a chur i bhfeidhm go héifeachtach ná na léirmhínithe éagsúla atá ag na Ballstáit ar an eisceacht bunaithe ar leoracmhainn stórála ar bord agus na bealaí éagsúla a gcuireann siad an eisceacht sin chun feidhme. Ionas nach mbainfear an bonn ó phríomhchuspóir na Treorach de thoradh chur i bhfeidhm na heisceachta sin, ba cheart tuilleadh sonraí a thabhairt faoi, go háirithe maidir leis an gcéad chalafort staid eile, agus ba cheart leoracmhainn stórála a chinneadh ar bhealach comhchuibhithe i gcalafoirt an Aontais, bunaithe ar mhodheolaíocht chomhchoiteann agus ar chritéir chomhchoiteanna.

(24)Ba cheart faireachán agus forfheidhmiú a éascú trí chóras atá bunaithe ar thuairisciú agus malairt faisnéise leictreonach. Chuige sin, ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcóras faisnéise agus faireacháin atá ann cheana agus a bunaíodh faoi Threoir 2000/59/CE, agus ba cheart leanúint dá oibriú ar bhonn na gcóras um malartú sonraí leictreonacha, go háirithe Córas an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet) agus an Bunachar Sonraí Cigireachta (THETIS). Ba cheart a áireamh sa chóras sin freisin an fhaisnéis faoi na saoráidí glactha calafoirt atá le fáil i gcalafoirt éagsúla.

(25)Le Coinbhinsiún MARPOL ceanglaítear ar na páirtithe conarthacha faisnéis chothrom le dáta a choinneáil faoina gcuid saoráidí glactha calafoirt agus an fhaisnéis sin a chur in iúl do IMO. Chuige sin, tá Bunachar Sonraí Saoráidí Glactha Calafoirt bunaithe ag IMO laistigh dá Chóras Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht ("GISIS"). Tríd an bhfaisnéis sin a thuairisciú don Chóras Faisnéise, Faireacháin agus Forfheidhmithe a bhunaítear leis an Treoir seo, agus tríd an bhfaisnéis sin a tharchur tríd an gcóras go GISIS ina dhiaidh sin, ní bheadh ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a thuairisciú ar leithligh do IMO a thuilleadh.

(26)Maidir le longa i dtrácht sceidealaithe a thagann isteach go minic agus go rialta i gcalafort faoi bhealach, is gá córas na neisceachtaí do na longa sin a chomhchuibhiú tuilleadh, go háirithe soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí a úsáidtear agus na coinníollacha lena rialaítear na heisceachtaí sin. Léiríodh i Meastóireacht agus Measúnú Tionchair REFIT go bhfuil ualach riaracháin nach gá ar longa agus ar chalafoirt mar gheall ar easpa comhchuibhithe a bheith déanta ar choinníollacha agus ar chur i bhfeidhm na neisceachtaí.

(27)Tá treoir agus saineolas luachmhar tugtha don Choimisiún ag an bhFoghrúpa maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt, foghrúpa a bunaíodh faoi Fhóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe agus ina dtagann raon leathan saineolaithe i réimse an truaillithe ó longa agus an bhainistithe dramhaíola ó longa le chéile. Bheadh sé inmhianaithe an grúpa sin a choinneáil mar ghrúpa saineolaithe ar leithligh chun taithí ar chur chun feidhme na Treorach a mhalartú.

(28)Ba cheart na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun Treoir 2000/59/CE a chur chun feidhme a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(29)Chun foráil a dhéanamh maidir le modheolaíocht do chur i bhfeidhm na heisceachta bunaithe ar leoracmhainn stórála, agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe a bhunaítear faoin Treoir seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(30)Chun na forbairtí atá tarlaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, agus chun cleachtais bainistithe dramhaíola ar bord atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Treoir seo a leasú chun na tagairtí d’ionstraimí idirnáisiúnta agus na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta agus chun tagairtí d’ionstraimí idirnáisiúnta a athrú, chun feidhmiú na nathruithe ar na hionstraimí idirnáisiúnta sin a chosc, más gá, chun críocha na Treorach seo, agus chun critéir chomhchoiteanna a cheapadh le haghaidh "longa glasa" a aithint ionas go ngearrfar táille dramhaíola laghdaithe ar na longa sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(31)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon an mhuirthimpeallacht a chosaint ar sceitheadh dramhaíola ar muir, a ghnóthú go leordhóthanach go haontaobhach agus, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(32)Tá éagsúlachtaí réigiúnacha ar leibhéal na gcalafort le fáil san Aontas, mar a léirítear freisin sa Mheasúnú Tionchair Chríochaigh. Tá na calafoirt éagsúil bunaithe ar shuíomh geografach, ar mhéid, ar leagan amach riaracháin agus ar úinéireacht, agus déantar saintréithe na gcalafort sin a aithint bunaithe ar na cineálacha long a thugann cuairt de ghnáth orthu. Sa bhreis air sin, is léiriú iad na córais bainistithe dramhaíola ar na héagsúlachtaí ar an leibhéal bardasach agus ar an mbonneagar bainistithe dramhaíola iartheachtach.

(33)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2000/59/CE a aisghairm.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Roinn 1: Forálacha ginearálta

Airteagal 1
Ábhar

Is é is aidhm don Treoir seo an mhuirthimpeallacht a chosaint ar na héifeachtaí diúltacha a thagann as sceitheadh dramhaíola ó longa a úsáideann calafoirt atá lonnaithe san Aontas, mar aon le dea-oibriú an tráchta mhuirí a áirithiú, trí fheabhas a chur ar an bhfáil atá ar shaoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha agus trí fheabhas a chur ar sheachadadh dramhaíola go dtí na saoráidí sin.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo:

(a)ciallaíonn "long" soitheach farraige d’aon chineál a bhíonn ag oibriú sa mhuirthimpeallacht, lena náirítear soithí iascaireachta agus árthaí áineasa nach mbíonn i mbun trádála, duillárthaí, feithiclí aerchúisín, tumadóirí agus árthaí ar snámh;

(b)ciallaíonn "Coinbhinsiún MARPOL" an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc, ina leagan cothrom le dáta.

(c)ciallaíonn "dramhaíl ó longa" gach cineál dramhaíola, lena náirítear iarmhair lasta, a ghintear le linn do long a bheith i seirbhís nó le linn luchtú, díluchtú agus oibríochtaí glantacháin, nó dramhaíl a bhailítear in eangacha le linn oibríochtaí iascaireachta, agus a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinní I, II, IV, V agus VI a ghabhann le MARPOL;

(d)ciallaíonn "iarmhair lasta" fuílleach aon ábhair lasta ar bord atá fágtha ar an deic nó sna boilg tar éis luchtú agus díluchtú, lena náirítear luchtú agus díluchtú farasbairr nó doirte, bídís fliuch nó tirim nó leachtiompartha in uisce níocháin, gan an deannach lasta atá fágtha ar an deic tar éis a scuabtha nó an deannach ar dhromchlaí seachtracha na loinge a chur san áireamh;

(e) ciallaíonn "saoráidí glactha calafoirt" aon saoráid atá fosaithe, ar snámh nó gluaisteach agus ar féidir léi an dramhaíl ó longa a fháil;

(f)ciallaíonn "soitheach iascaireachta" aon long atá feistithe nó a úsáidtear ar bhonn tráchtála chun iasc nó acmhainní beo eile ón bhfarraige a ghabháil;

(g)ciallaíonn "árthach áineasa" long d’aon chineál, ag a bhfuil cabhail atá 2.5 méadar nó níos faide ar fad, gan beann ar an modh tiomána, atá beartaithe do chuspóirí spóirt nó áineasa, agus nach mbíonn i mbun trádála;

(h)ciallaíonn "soitheach baile" long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici nach ndéanann ach aistir náisiúnta sa Bhallstát sin;

(i)ciallaíonn "aistear náisiúnta" aistear i limistéir farraige ó chalafort i mBallstát go dtí an calafort céanna nó go calafort eile laistigh den Bhallstát sin;

(j)ciallaíonn "calafort" áit nó limistéar geografach atá leagtha amach agus feistithe sa chaoi gur féidir longa a ghlacadh, lena náirítear an limistéar ancaireachta laistigh de dhlínse an chalafoirt;

(k)ciallaíonn "dramhaíl lónadóireachta" gach cineál dramhaíola bia, lena náirítear ola chócaireachta a thagann ó bhialanna, ó shaoráidí lónadóireachta agus ó chistineacha;

(l)ciallaíonn "leoracmhainn stórála" acmhainn leordhóthanach chun an dramhaíl a stóráil ar bord ón bpointe imeachta go dtí an chéad chalafort staid eile, lena náirítear an dramhaíl ar dócha go nginfear í le linn an aistir;

(m)ciallaíonn "trácht sceidealaithe" trácht bunaithe ar liosta foilsithe nó pleanáilte de na hamanna imeachta agus sroichte idir calafoirt shainaitheanta nó trasnuithe athfhillteacha arb ionann iad agus sceideal aitheanta;

(n)ciallaíonn "stadanna calafoirt rialta" turais arís agus arís eile a dhéanann an long chéanna, rud a chruthaíonn patrún leanúnach idir calafoirt shainaitheanta nó sraith aistear ón gcalafort céanna agus go dtí é gan aon stadanna idirmheánacha;

(o)ciallaíonn "stadanna calafoirt rialta" na cuairteanna a thugann long ar an gcalafort céanna a tharlaíonn uair sa choicís ar a laghad;

(p)ciallaíonn "GISIS" an Córas Comhtháite Domhanda le haghaidh Faisnéis i dtaca leis an Loingseoireacht a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Maidir le "dramhaíl ó longa" a shainmhínítear i bpointe (c) agus i bpointe (d), measfar gur dramhaíl de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE 27 í.

Airteagal 3
Raon Feidhme

Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le:

(a)gach long, gan beann ar a bratach, a stadann ag calafort Ballstáit, nó a oibríonn laistigh de, cé is moite d’aon long chogaidh, aon inneall cúnta cabhlaigh nó aon long eile ar le Stát í nó a oibríonn Stát agus nach núsáidtear ach ar bhonn neamhthráchtála rialtais de thráth na huaire;

(b)calafoirt uile na mBallstát a dtugann longa a thagann faoi raon feidhme phointe (a) cuairt orthu de ghnáth.

Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú, i gcás inarb indéanta sin, go seachadfaidh longa nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo a gcuid dramhaíola ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an Treoir seo.

Roinn 2: Saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha a sholáthar

Airteagal 4
Saoráidí glactha calafoirt

1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh fáil ar shaoráidí glactha calafoirt a bheidh leordhóthanach chun freastal ar riachtanais na long a úsáideann an calafort de ghnáth gan moill mhíchuí a chur ar longa.

2.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)Go mbeidh sé d’acmhainn ag saoráidí glactha calafoirt na cineálacha agus na cainníochtaí dramhaíola a fháil ó longa a úsáideann an calafort sin de ghnáth, agus aird á tabhairt ar riachtanais oibriúcháin úsáideoirí an chalafoirt, ar mhéid agus ar shuíomh geografach an chalafoirt, ar chineál na long a stadann ag an gcalafort sin, agus ar na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi Airteagal 9;

(b)Go mbeidh na foirmiúlachtaí a bhaineann le húsáid na saoráidí simplí agus gasta chun nach gcruthófar dídhreasacht do longa na saoráidí glactha calafoirt a úsáid de thoradh na dtáillí a ghearrtar ar sheachadadh agus nach gcuirfear moill mhíchuí ar longa;

(c)Leis na saoráidí glactha calafoirt is féidir dramhaíl na loinge a bhainistiú ar bhealach atá iomchuí ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir leis na ceanglais i dTreoir 2008/98/CE agus reachtaíocht ábhartha eile an Aontais maidir le dramhaíl. Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bailiú ar leithligh na dramhaíola ó longa i gcalafoirt, mar a cheanglaítear i reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl, go háirithe Treoir 2008/98/CE, Treoir 2012/19/AE agus Treoir 2006/66/CE. Beidh feidhm ag pointe (c) gan dochar do na ceanglais níos déine a fhorchuirtear le Rialachán (CE) 1069/2009 maidir le bainistiú dramhaíola lónadóireachta ó iompar idirnáisiúnta.

3.Úsáidfidh na Ballstáit na foirmeacha agus na nósanna imeachta arna leagan síos ag IMO chun easnaimh a líomhnaítear a bheith i saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú d’údaráis stát an chalafoirt.

Déanfar aon fhaisnéis a gheofar tríd an nós imeachta tuairiscithe sin a tharchur go leictreonach chuig an gcuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo.

4.Déanfaidh na Ballstáit imscrúdú ar gach cás tuairiscithe ina bhfuil easnaimh líomhnaithe agus áiritheoidh siad go mbeidh aon pháirtí atá bainteach le seachadadh nó glacadh dramhaíola ó longa in ann cúiteamh a éileamh as damáiste a thagann as an moill mhíchuí.

Airteagal 5
Pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil

1.Beidh plean iomchuí le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil i bhfeidhm agus cuirfear chun feidhme é le haghaidh gach calafoirt tar éis comhairliúcháin leanúnacha a dhéanamh leis na páirtithe ábhartha, go háirithe le húsáideoirí calafoirt nó a gcuid ionadaithe. Ba cheart an comhairliúchán sin a dhéanamh le linn dhréachtú tosaigh na bpleananna agus tar éis a nglactha, go háirithe i gcás ina bhfuil athruithe suntasach tarluithe, i ndáil leis na ceanglais in Airteagal 4, Airteagal 6 agus Airteagal 7. Leagtar amach na ceanglais mhionsonraithe maidir le forbairt na bpleananna sin in Iarscríbhinn 1.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis seo a leanas ó na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil maidir leis an bhfáil atá ar shaoráidí glactha leordhóthanacha ina gcuid calafort agus na costais lena mbaineann a chur in iúl go soiléir d’oibreoirí na long agus a chur ar fáil go poiblí trí shuíomh gréasáin na gcalafort nó i bhfoirm chlóite:

(a)suíomh na saoráidí glactha calafoirt is infheidhme maidir le gach leaba ancaire;

(b)liosta na dramhaíola ó longa a bhainistíonn an calafort de ghnáth;

(c)liosta de phointí teagmhála, de na hoibreoirí agus de na seirbhísí a chuirtear ar fáil;

(d)tuairisc ar na nósanna imeachta maidir leis an dramhaíl a sheachadadh;

(e)tuairisc ar na córais gnóthaithe costas; agus

(f)tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le heasnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú.

Déanfar an fhaisnéis sin a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE.

3.Más gá ar chúiseanna éifeachtúlachta, féadfar na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt i gcomhar le dhá chalafort chomharsanacha nó níos mó sa réigiún céanna, agus gach calafort rannpháirteach go hiomchuí, ar choinníoll go sonrófar an gá atá le saoráidí glactha agus an fháil atá orthu le haghaidh gach calafoirt.

4.Déanfaidh na Ballstáit an plean le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a mheasúnú agus a fhormheas, déanfaidh siad faireachán ar a chur chun feidhme agus áiritheoidh siad go bhformheasfar an athuair é gach trí bliana ar a laghad tar éis a fhormheasta nó tar éis a fhormheasta an athuair, agus tar éis athruithe suntasacha a bheith déanta ar oibriú an chalafoirt. Leis na hathruithe sin áireofar athruithe struchtúracha ar thrácht sa chalafort, forbairt bonneagair nua, athruithe ar an éileamh ar shaoráidí glactha calafoirt agus ar a soláthar, agus teicnící cóireála nua ar bord, ach ní bheidh na hathruithe teoranta dóibhsean.

Roinn 3
Dramhaíl ó longa a sheachadadh

Airteagal 6
Réamhfhógra dramhaíola

1.Déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 28 , cé is moite de shoitheach iascaireachta nó árthach áineasa atá níos lú ná 45 mhéadar, atá ag triall ar chalafort atá lonnaithe in AE an fhoirm in Iarscríbhinn 2 a chomhlánú go beacht agus tabharfaidh sé fógra faoin bhfaisnéis sin don údarás nó don chomhlacht atá ainmnithe chun na críche sin ag an mBallstát ina bhfuil an calafort sin lonnaithe:

(a)ar a laghad 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort, más eol dó an calafort staid;

(b)a luaithe is eol dó an calafort staid, má tá an fhaisnéis sin ar fáil níos lú ná 24 uair an chloig sula sroichfear an calafort;

(c)ar a dhéanaí tráth an imeachta ón gcalafort roimhe sin, más rud é go mairfidh an taistear níos lú ná 24 uair an chloig.

2.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2010/65/AE agus Treoir 2002/59/CE.

3.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a choinneáil ar bord go dtí an chéad chalafort staid eile ar a laghad agus cuirfear ar fáil í d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra fúithi de bhun an Airteagail seo a scrúdú go hiomchuí agus a chomhroinnt leis na húdaráis forfheidhmithe ábhartha gan mhoill.

Airteagal 7
Dramhaíl ó longa a sheachadadh

1.Déanfaidh máistir loinge a stadann ag calafort san Aontas, sula bhfágfaidh sé an calafort, an dramhaíl ar fad a iompraíodh ar bhord na loinge a sheachadadh go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir leis na noirm sceite iomchuí a leagtar síos i gCoinbhinsiún MARPOL.

2.Tar éis a seachadta, déanfaidh an toibreoir dramhaíola nó údarás an chalafoirt inar seachadadh an dramhaíl an fhoirm in Iarscríbhinn 3 a chomhlánú go beacht agus eiseoidh sé an admháil don long.

Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin i gcalafoirt bheaga gan foireann nó i gcalafoirt iargúlta, ar choinníoll go ndearna an Ballstát ina bhfuil an calafort sin lonnaithe an fhaisnéis sin a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo.

3.Roimh imeacht dó, déanfaidh oibreoir, gníomhaire nó máistir loinge a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE an fhaisnéis ón admháil dramhaíola a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo, i gcomhréir le Treoir 2010/65/AE agus Treoir 2002/59/CE.

4.Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a choinneáil ar bord ar feadh dhá bhliain ar a laghad agus cuirfear ar fáil í d’údaráis na mBallstát ábhartha arna iarraidh sin dóibh.

5.Gan dochar do mhír 1, féadfaidh long dul ar aghaidh go dtí an chéad chalafort staid eile gan an dramhaíl a sheachadadh sna cásanna seo a leanas:

(a)má théann an long ar ancaire ach ar feadh níos lú ná 24 uair an chloig nó le linn drochaimsire;

(b)má léirítear san fhaisnéis arna cur ar fáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 3 gurb ann do leoracmhainn stórála thiomnaithe le haghaidh na dramhaíola ar fad atá carntha agus a charnfar le linn aistear beartaithe na loinge go dtí an chéad chalafort staid eile.

6.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na heisceachta bunaithe ar leoracmhainn stórála thiomnaithe, tabharfar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún chun na modheolaíochtaí atá le húsáid chun an leoracmhainn stórála thiomnaithe ar bord a ríomh a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

7.Má tá an chéad chalafort staid eile lonnaithe lasmuigh den Aontas, nó má tá cúiseanna maithe ann lena chreidiúint nach bhfuil saoráidí leordhóthanacha le fáil sa chéad chalafort staid eile, nó mura fios cén calafort a rachfar chuige, cuirfidh an Ballstát ceangal ar an long a cuid dramhaíola ar fad a sheachadadh roimh imeacht di.

8.Beidh feidhm ag mír 2 gan dochar do cheanglais níos déine le haghaidh long arna nglacadh i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 8
Córais gnóthaithe costas

1.Maidir leis na costais atá ar shaoráidí glactha calafoirt a oibriú chun dramhaíl ó longa, seachas "iarmhair lasta", a ghlacadh agus a chóireáil, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar iad trí tháille a bhailiú ó longa. Áirítear sna costais sin na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn 4.

2.Ní bheidh aon dreasacht le fáil do longa sna córais gnóthaithe costas a gcuid dramhaíola a sceitheadh ar muir. Chuige sin, agus na córais gnóthaithe costas i gcalafoirt á gceapadh agus á noibriú ag na Ballstáit, cuirfidh siad na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm:

(a)táille indíreach a bheidh i gcuid den táille a bheidh le híoc ag longa, agus a bheidh le híoc gan beann ar sheachadadh na dramhaíola go saoráid glactha calafoirt;

(b)cumhdófar sa táille indíreach na costais riaracháin indíreacha, mar aon le cuid shuntasach de na costais oibriúcháin dhíreacha, arna gcinneadh in Iarscríbhinn 4. Is ionann an chuid shuntasach de na costais oibriúcháin dhíreacha agus 30 % ar a laghad de na costais dhíreacha bhliantúla iomlána atá ar sheachadadh iarbhír na dramhaíola;

(c)chun foráil a dhéanamh maidir le huasdreasacht do sheachadadh na dramhaíola mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Coinbhinsiún MARPOL, lena náirítear an dramhaíl a bailíodh in eangacha le linn oibríochtaí iascaireachta, cumhdófar sa táille indíreach atá le gearradh na costais ar fad atá ar na saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl sin, chun ceart seachadta gan aon mhuirir dhíreacha bhreise a áirithiú;

(d)Ní chumhdófar sa táille indíreach an dramhaíl ó chórais glanta gáis sceite; cumhdófar na costais sin ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh.

3.Maidir leis an gcuid de na costais nach gcumhdófar sa táille dá dtagraítear i bhfomhír (b), más ann di, cumhdófar í ar bhonn chineálacha agus chainníochtaí na dramhaíola arna seachadadh ag an long.

4.Féadfar na táillí a dhifreáil i ndáil le, inter alia, catagóir, cineál agus méid na loinge agus cineál an tráchta ina mbíonn an long, agus i ndáil leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil lasmuigh de na gnáthuaireanta oibriúcháin sa chalafort.

5.Laghdófar na táillí más féidir a léiriú, de thoradh dhearadh, threalamh agus oibriú na loinge, go dtagann méid laghdaithe dramhaíola ón long agus go mbainistíonn sí a cuid dramhaíola ar bhealach inbhuanaithe agus ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19, na critéir a leagan síos chun a chinneadh an bhfuil na ceanglais a shonraítear sa mhír seo comhlíonta aici maidir le bainistiú dramhaíola na loinge ar bord.

6.Chun a áirithiú go bhfuil na táillí cothrom, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus go léiríonn siad costais na saoráidí agus na seirbhísí arna gcur ar fáil, agus, más iomchuí, arna núsáid, déanfar méid na dtáillí agus an bonn ar ar ríomhadh iad a chur ar fáil d’úsáideoirí an chalafoirt.

Airteagal 9
Díolúintí

1.Féadfaidh na Ballstáit long a stadann ag a gcalafoirt a dhíolmhú ó na hoibleagáidí in Airteagal 6, Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 go carnach, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach ann:

(a)go bhfuil an long páirteach i dtrácht sceidealaithe ina stadtar go minic agus go rialta ag calafoirt;

(b)go bhfuil socrú ann chun a áirithiú go seachadtar an dramhaíl agus go níoctar na táillí i gcalafort feadh bhealach na loinge;

(c)go bhfuil an socrú faoi phointe (b) léirithe le conradh a síníodh le calafort nó conraitheoir dramhaíola, le hadmhálacha seachadta dramhaíola agus le dearbhú gur ghlac gach calafort feadh bhealach na loinge leis an socrú. Déanfar an socrú maidir le seachadadh agus íoc na táille i gcalafort atá lonnaithe san Aontas chun go mbeidh fianaise leordhóthanach ann i gcomhréir leis an mír seo.

2.Má thugtar an díolúine, eiseoidh an Ballstát ina bhfuil an calafort lonnaithe deimhniú díolúine, a bheidh bunaithe ar an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn 5, ina ndearbhófar go gcomhlíonann an long na coinníollacha agus na ceanglais is gá chun an díolúine a chur i bhfeidhm agus ina gcuirtear tréimhse na díolúine in iúl.

3.Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ón deimhniú díolúine a thuairisciú go leictreonach sa chuid den chóras faireacháin agus faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 14 den Treoir seo, i gcomhréir le forálacha Threoir 2002/59/CE.

4.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faireachán éifeachtach ar na socruithe maidir le seachadadh agus íocaíocht a bheidh ann do shoithí díolmhaithe a thugann cuairt ar a gcalafoirt, agus go gcuirfear na socruithe sin i bhfeidhm go héifeachtach.

Cuid 4: Forfheidhmiú

Airteagal 10
Cigireachtaí

Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar aon long a chur faoi réir cigireachta chun a fhíorú go gcomhlíonann sí ceanglais na Treorach seo.

Airteagal 11
Cigireachtaí laistigh de Rialú ag Stát an Chalafoirt

Déanfar cigireachtaí i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE do na longa a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin, sa chaoi go bhfíorófar leis an gcigireacht sin go gcomhlíonann an long na ceanglais in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9.

Airteagal 12
Cigireachtaí lasmuigh de Rialú ag Stát an Chalafoirt

1.Maidir le cigireachtaí ar longa atá lasmuigh de raon feidhme Threoir 2009/16/CE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cigireachtaí ar 20 % ar a laghad de líon iomlán na soithí aonair i gcás gach catagóire a liostaítear thíos:

(a)longa baile a bhfuil a mbratach ar foluain acu ina bhfuil olltonnáiste de 100 agus os a chionn a stadann sa Bhallstát ábhartha go bliantúil;

(b)soithí iascaireachta ina bhfuil olltonnáiste de 100 agus os a chionn a stadann sa Bhallstát ábhartha go bliantúil;

(c)árthaí áineasa ina bhfuil olltonnáiste de 100 agus os a chionn a stadann sa Bhallstát ábhartha go bliantúil.

2.Déanfar torthaí na gcigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh sa chuid den chóras faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 15 den Treoir seo.

3.Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta le haghaidh cigireachtaí ar shoithí iascaireachta atá faoi bhun olltonnáiste de 100 agus le haghaidh árthaí áineasa atá faoi bhun olltonnáiste de 100, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme sa Treoir seo.

4.Mura mbeidh údarás ábhartha an Bhallstáit sásta le torthaí na cigireachta, áiritheoidh sé, gan dochar do chur i bhfeidhm na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 16, nach bhfágfaidh an long an calafort go dtí go mbeidh a cuid dramhaíola seachadta aici go saoráid glactha calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 13
Córas faisnéise, faireacháin agus forfheidhmithe

Déanfar cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach a éascú le tuairisciú agus le malartú faisnéise ar bhonn leictreonach idir na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 agus Airteagal 15.

Airteagal 14
Tuairisciú agus malartú faisnéise

1.Beidh tuairisciú agus malartú faisnéise bunaithe ar Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (SafeSeaNet), dá dtagraítear in Airteagal 22a(3) agus in Iarscríbhinn III de Threoir 2002/59/CE.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na sonraí seo a leanas a thuairisciú go leictreonach agus laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le Treoir 2010/65/CE:

(a)faisnéis faoi am sroichte agus am imeachta iarbhír gach loinge, a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE, a stadann ag calafort de chuid AE, mar aon le haitheantóir don chalafort lena mbaineann;

(b)an fhaisnéis ón bhfógra dramhaíola mar atá in Iarscríbhinn 2;

(c)an fhaisnéis ón admháil dramhaíola mar atá in Iarscríbhinn 3;

(d)an fhaisnéis ón deimhniú díolúine mar atá in Iarscríbhinn 5.

3.Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, go ndéanfaidh soithí iascaireachta agus árthaí áineasa ina bhfuil olltonnáiste d’os cionn 100, a stadann ag calafort de chuid an Aontais, an fhaisnéis faoin am sroichte agus am imeachta iarbhír a thuairisciú freisin.

4.Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis arna tuairisciú chun críocha Airteagal 4 agus Airteagal 5(2) a tharchur ina dhiaidh sin chuig Bunachar Sonraí Saoráidí Glactha Calafoirt IMO laistigh de GISIS.

Airteagal 15
Cigireachtaí a thaifeadadh

1.Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí cigireachta a fhorbairt, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta lena mbeidh na Ballstáit uile nasctha agus ina mbeidh an fhaisnéis uile a cheanglaítear chun an córas cigireachta dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur chun feidhme. Beidh an bunachar sonraí sin bunaithe ar an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE agus beidh feidhmiúlachtaí aige atá comhchosúil le feidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí sin aige.

2.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a bhaineann le cigireachtaí faoin Treoir seo, lena náirítear faisnéis a bhaineann le neamhchomhlíonadh agus le horduithe um thoirmeasc imeachta a tugadh, a aistriú gan mhoill chuig an mbunachar sonraí cigireachta, a luaithe a bheidh an tuarascáil chigireachta críochnaithe, nó a bheidh an tordú um thoirmeasc imeachta bainte, nó a bheidh díolúine tugtha.

3.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a aistreofar chuig an mbunachar sonraí cigireachta a fhíorú laistigh de 72 uair an chloig.

4.Áiritheoidh an Coimisiún go mbeifear in ann, de thoradh an bhunachair sonraí cigireachta, aon sonraí ábhartha arna dtuairisciú ag na Ballstáit a fháil chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo.

5.Beidh rochtain ag na Ballstáit i gcónaí ar an bhfaisnéis arna taifeadadh.

Airteagal 16
Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Cuid 5: Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 17
Taithí a mhalartú

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú taithí a eagrú idir údaráis agus saineolaithe náisiúnta na mBallstát, lena náirítear iad siúd ón earnáil phríobháideach, nuair a chuirfear an Treoir seo i bhfeidhm i gcalafoirt an Aontais.

Airteagal 18
An nós imeachta maidir le leasuithe

1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo agus na tagairtí d’ionstraimí IMO a leasú a mhéid is gá chun iad a chur i gcomhréir le dlí an Aontais nó chun na forbairtí atá déanta ar an leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe ag IMO.

2.Féadfar na hIarscríbhinní a leasú freisin nuair is gá sin chun feabhas a chur ar na socruithe cur chun feidhme agus faireacháin a bhunaítear leis an Treoir seo, go háirithe iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9, chun a áirithiú go dtabharfar fógra faoi dhramhaíl agus go seachadfar í ar bhealach éifeachtach, agus chun a áirithiú go gcuirfear na díolúintí i bhfeidhm mar is ceart.

3.In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtugtar údar cuí leis trí anailís iomchuí arna déanamh ag an gCoimisiún agus chun bagairt thromchúiseach agus dho-ghlactha ar an tsábháilteacht mhuirí, ar an tsláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge, nó ar an muirthimpeallacht, nó chun neamh-chomhoiriúnacht le reachtaíocht mhuirí an Aontais a sheachaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19, ar gníomhartha iad lena leasaítear an Treoir seo ionas nach ndéanfar leasú ar Choinbhinsiún MARPOL, chun críche na Treorach seo, a chur i bhfeidhm.

4.Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh trí mhí ar a laghad roimh dhul in éag na tréimhse arna bunú go hidirnáisiúnta chun an leasú lena mbaineann a ghlacadh go hintuigthe nó roimh an dáta a bheartaítear a thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm. Sa tréimhse sula dtiocfaidh gníomh tarmligthe den sórt sin i bhfeidhm, staonfaidh na Ballstáit ó aon tionscnamh a bheartaítear chun an leasú a chomhtháthú sa reachtaíocht náisiúnta nó chun an leasú a chur i bhfeidhm ar an ionstraim idirnáisiúnta lena mbaineann. .

Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú

1.Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(5), Airteagal 18(1), Airteagal 18(2) agus Airteagal 18(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón [an dáta a thiocfaidh an Treoir i bhfeidhm]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

2.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

4.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 20
Coiste

1.Déanfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 21
Leasuithe ar Threoir 2009/16/CE

Leasaítear Treoir 2009/16/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)I mír (1), cuirtear pointe (d) seo a leanas isteach:

(d)"a fhíorú go gcomhlíonann an long Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 9, más infheidhme, de Threoir 201X/XX/AE maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa."

(b)Sa chéad fhomhír de mhír (3), cuirtear an fhoráil seo a leanas isteach ag deireadh na míre:

"..nó i dTreoir 201X/XX/AE".

(c)Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

(4)“Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 1(d) nó dá dtagraítear i mír 3, mura deimhin leis an gcigire go bhfuil an long ag comhlíonadh Threoir 201X/XX/AE, ní cheadófar don long an calafort a fhágáil, gan dochar do chur i bhfeidhm na bpionós dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir 201X/XX/AE, go dtí go mbeidh a cuid dramhaíola seachadta go saoráid glactha calafoirt ag an long.”

(2)In Iarscríbhinn I.II.2B, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach ag deireadh an liosta d’imthosca nach bhfuiltear ag súil leo:

"Longa a tuairiscíodh nach bhfuil siad ag comhlíonadh na hoibleagáide maidir lena gcuid dramhaíola a sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 201X/XX/AE nó longa ar nochtadh fianaise ina leith san fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 201X/XX/AE nach bhfuil siad ag comhlíonadh Threoir 201X/XX/EU".

(3)In Iarscríbhinn IV, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

(51)Cóip de na doiciméid um réamhfhógra dramhaíola arna gcoinneáil ar bord i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Threoir 201X/XX/AE.

(52)Na foirmeacha caighdeánacha um admháil dramhaíola arna neisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 201X/XX/AE.

(53)An deimhniú díolúine arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 201X/XX/AE.

Airteagal 22
Leasú ar Threoir 2010/65/AE

Leasaítear Treoir 2010/65/AE mar a leanas:

I bpointe A den Iarscríbhinn, leasaítear pointe (4) mar a leanas:

'4. Fógra a thabhairt faoi dhramhaíl ó longa, lena náirítear iarmhair

Airteagal 6 agus Airteagal 7 de Threoir 201X/XX/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle”.

Airteagal 23
Aisghairm

Déantar Treoir 2000/59/CE a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 24
Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm.

Airteagal 25
Trasuí

1.Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2020 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27
Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola a ghintear ar bord loinge agus iarmhar lasta, IO L 332, 28.12.2000, lch. 81.
(2)    An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (leagan comhdhlúite).
(3)    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú stáit ar chalafoirt, IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.
(4)    Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe do longa ar theacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ar imeacht uathu, IO L 283, 29.10.2010, lch. 1.
(5)    COM(2009)8 "Spriocanna straitéiseacha agus moltaí do bheartas muiriompair AE go dtí 2018".
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort, IO L 57, 3.3.2017, lgh. 1-18.
(7)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí; IO L 164, 25.6.2008, lch. 19-40
(8)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena naisghairtear treoracha áirithe, IO L 312, 22.11.2008, lch. 3-30.
(9)    Treoir 2005/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2005 i dtaca le cion sulfair na mbreoslaí muirí, IO L 191, 22.7.2005, lch. 59.
(10)    COM/2015/614 final, "Deireadh a chur leis an lúb ar lár — plean gníomhaíochta ó AE don Gheilleagar Ciorclach".
(11)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2018) 16
(12)    Iarscríbhinn 2, leathanach 7, Tuarascáil Achoimre ar chomhairliúchán na ngeallsealbhóirí.
(13)    Iarscríbhinn 4, leathanach 23, Múnlaí anailíseacha a úsáideadh in ullmhúchán an Mheasúnaithe Tionchair.
(14)    Doiciméad oibre inmheánach de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair, leathanach 60 (costais chomhlíonta), agus leathanach 73 (conclúid).
(15)    Tuairim maidir leis an Measúnú Tionchair/Saoráidí glactha calafoirt le haghaidh dramhaíola a ghintear ar bord loinge agus iarmhar lasta, 23 Meitheamh 2017, http://ec.europa.eu/transparency/regdoc/[....]
(16)    Dá bhforáiltear i Modheolaíocht EMSA le haghaidh cuairteanna ar na Ballstáit, http://emsa.europa.eu/implementation-tasks/visits-and-inspections/items.html?cid=89&id=3065
(17)    Doiciméad oibre inmheánach de chuid an Choimisiúin – Measúnú Tionchair, caibidil 5.2.5, leathanach 46.
(18)    IO C , , lch. .
(19)    IO C , , lch. .
(20)    Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus d’iarmhair lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).
(21)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena naisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(22)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(23)    Teachtaireacht COM/2015/0614 ón gCoimisiún, "Deireadh a chur leis an lúb ar lár – plean gníomhaíochta ó AE don Gheilleagar Ciorclach", roinn 5.1.
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(25)    Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).
(26)    Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú ag stát an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(27)    Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena naisghairtear treoracha áirithe, IO L 312, 22.11.2008, lch. 3-30.
(28)    Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail agus lena naisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).

Strasbourg,16.1.2018

COM(2018) 33 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena n−aisghairtear Treoir 2000/59/CE agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE agus Treoir 2010/65/AE

{SWD(2018) 21 final}

{SWD(2018) 22 final}


IARSCRÍBHINN 1

CEANGLAIS MAIDIR LE GLACADH DRAMHAÍOLA AGUS PLEANANNA LÁIMHSEÁLA I gCALAFOIRT

Cumhdófar leis na pleananna gach cineál dramhaíola a thagann ó longa a thagann isteach chuig an gcalafort de ghnáth agus déanfar iad a fhorbairt de réir mhéid an chalafoirt agus de réir chineálacha na long a thagann i dtír ag an gcalafort sin.

Beidh na gnéithe seo a leanas ar áireamh sna pleananna:

a) measúnú ar an ngá atá le saoráidí glactha calafoirt, i bhfianaise na riachtanas atá ag na longa a thagann isteach chuig an gcalafort de ghnáth;

b) tuairisc ar chineál agus ar thoilleadh na saoráidí glactha calafoirt;

c) tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le dramhaíl ó longa a ghlacadh agus a bhailiú;

d) tuairisc ar an gcóras um ghnóthú costas;

e) tuairisc ar an nós imeachta maidir le heasnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú;

f) tuairisc ar an nós imeachta maidir le comhairliúcháin leanúnacha le húsáideoirí calafort, le conraitheoirí dramhaíola, le hoibreoirí críochfoirt agus le páirtithe leasmhara eile; agus

g) forléargas ar chineál agus ar chainníochtaí na dramhaíola a fhaightear ó longa agus a láimhseáiltear sna saoráidí.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sna pleananna freisin:

a) achoimre ar reachtaíocht náisiúnta ábhartha agus ar an nós imeachta agus na foirmiúlachtaí maidir leis an dramhaíl a sheachadadh go saoráidí glactha calafoirt;

b) pointe teagmhála sa chalafort a shainaithint; c) tuairisc ar an trealamh réamhchóireála agus ar na próisis le haghaidh sruthanna sonracha dramhaíola sa chalafort, más ann dóibh;

d) tuairisc ar na modhanna chun úsáid iarbhír na saoráidí glactha calafoirt a thaifeadadh;

e) tuairisc ar na modhanna chun méid na dramhaíola a sheachadaíonn longa a thaifeadadh;

f) tuairisc ar an gcaoi a ndéantar na sruthanna dramhaíola éagsúla a bhainistiú sa chalafort.

Maidir leis na nósanna imeachta don ghlacadh, don bhailiú, don stóráil, don chóireáil agus don diúscairt, ba cheart go mbeidís i gcomhréir, ar gach bealach, le scéim bainistíochta comhshaoil atá oiriúnach chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar an gcomhshaol a laghdú de réir a chéile. Toimhdítear an chomhréireacht sin a bheith ann má tá na nósanna imeachta i gcoimhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil.

IARSCRÍBHINN 2

FORMÁID CHAIGHDEÁNACH NA FOIRME UM RÉAMHFHÓGRA MAIDIR LE DRAMHAÍL A SHEACHADADH

CHUIG SAORÁIDÍ GLACTHA CALAFOIRT

Fógra faoi Sheachadadh na Dramhaíola chuig:    (cuir isteach ainm an chalafoirt atá mar cheann scríbe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir XXXX/XX/AE)

Coinneofar an fhoirm seo ar bord an tsoithigh mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta nó an Leabhar Taifid Bruscair iomchuí, mar a cheanglaítear leis an gCoinbhinsiún um Thruailliú ó Longa a Chosc (Coinbhinsiún Marpol).

1.    SONRAÍ NA LOINGE

1.1

Ainm na loinge:

1.5 Úinéir nó oibreoir:

1.2

Uimhir EMI:

1.6 Sainuimhir nó sainlitreacha:

1.3

Olltonnáiste:

1.7 Stát Brataí:

1.4

Cineál na loinge:

☐Tancaer ola _

☐Lastlong eile

Tancaer ceimiceán

Long paisinéirí

Bulciompróir

Róró

☐Árthach coimeadán

☐Eile (sonraigh)

2.    SONRAÍ AN CHALAFOIRT AGUS AN TURAIS

2.1 Suíomh/Ainm an chríochfoirt:

2.6 An Calafort Deireanach ar seachadadh dramhaíl chuige:

2.2 Dáta agus Am Teachta:

2.7 Dáta an tSeachadta Dheireanaigh:

2.3 Dáta agus Am Imeachta:

2.8 An Chéad Chalafort Seachadta Eile:

2.4 An Calafort Deireanach agus an Tír:

2.9 An té a bhfuil an fhoirm seo á cur isteach aige (murab é an máistir é):

2.5 An Chéad Chalafort Eile agus an Tír (más eol sin):

3.    CINEÁL AGUS MÉID NA DRAMHAÍOLA AGUS AN ACMHAINN STÓRÁLA

Cineál

Dramhaíl atá le seachadadh (m3)

Uasacmhainn stórála tiomnaithe

(m3)

Méid na dramhaíola a choimeádtar ar bord

(m3)

An calafort a ndéanfar fuílleach na dramhaíola a sheachadadh chuige

Méid na

dramhaíola a mheastar a bheidh le giniúint sa tréimhse idir an fógra agus an chéad chalafort staid eile 

(m3)

MARPOL Iarscríbhinn I- Ola

Uisce ruma olach

Iarmhair olacha (sloda)

Uisce glantacháin olach ón umar

Screamh agus sloda ó ghlanadh an umair

Eile (sonraigh le do thoil)

MARPOL Iarscríbhinn II – NLS 1

Substaint de Chatagóir X

Substaint de Chatagóir Y

Substaint de Chatagóir Z

OS- substaintí eile

MARPOL Iarscríbhinn IV- Séaracht

MARPOL Iarscríbhinn V – Dramhaíl

Plaistigh

Dramhaíl bia

Dramhaíl tí (e.g. táirgí páipéir, ceirteacha, gloine, miotal, buidéil, gréithe, etc.)

Ola Cócaireachta

Luaithreach ó loisceoir

Iarmhair lasta 2

Dramhaíl oibríochtúil

Conablach/conablaigh ainmhithe

Trealamh iascaireachta

MARPOL Iarscríbhinn VI – a mhéid a bhaineann le Truailliú an Aeir

Substaintí ídithe ózóin agus trealamh ina bhfuil substaintí den sórt sin 3

Iarmhair ó ghlanadh an gháis sceite

Nótaí

1.Bainfear leas as an bhfaisnéis sin don rialú Stáit ar chalafoirt agus chun críocha cigireachta eile.

2.Tá an fhoirm seo le comhlánú mura rud é go bhfuil díolúine ag an long i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir XXXX/XXXX/EU

IARSCRÍBHINN 3

AN FHORMÁID CHAIGHDEÁNACH DON ADMHÁIL SHEACHADTA DRAMHAÍOLA

Is é an tionadaí arna ainmniú ag an soláthraí saoráide glactha a chuirfidh an fhoirm seo a leanas ar fáil do mháistir loinge a rinne dramhaíl a sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir XXXX/XX/AE.

Coinneofar an fhoirm seo ar bord an tsoithigh mar aon leis an Leabhar Taifid Ola, an Leabhar Taifid Lasta nó an Leabhar Taifid Dramhaíola iomchuí, mar a cheanglaítear le MARPOL.

1.sonraí don an tsaoráid glactha agus don chalafort

1.1.Suíomh/ainm an chríochfoirt:

1.2.Soláthraí/soláthraithe na saoráide glactha

1.3.Soláthraí/soláthraithe na saoráide cóireála – murab ionann iad agus thuas:

1.4.Dáta Seachadta na Dramhaíola agus an tAm ó: go dtí:

2.sonraí na loinge

2.1.Ainm na loinge:

2.5. Úinéir nó oibreoir:

2.2.Uimhir EMI:

2.6. Sainuimhir nó sainlitreacha:

2.3.Olltonnáiste:

2.7. Stát Brataí:

2.4.Cineál na loinge: Tancaer ola Tancaer ceimiceán Olliompróir Árthach coimeádán

☐Lastlong eile ☐Long phaisnéirí ☐Róró ☐Eile (sonraigh)

3.CINEÁL AGUS MÉID NA DRAMHAÍOLA A FUARTHAS

MARPOL Iarscríbhinn I – Ola

Cainníocht (m3)

MARPOL Iarscríbhinn V- Dramhaíl

Cainníocht (m3)

Uisce ruma olach

A. Plaistigh

Iarmhair olacha (sloda)

B. Dramhaíl bia

Uisce glantacháin olach ón umar

C. Dramhaíl tí (e.g. táirgí páipéir, ceirteacha, gloine, miotal, buidéil, gréithe, etc.)

Uisce salach ballasta

D. Ola cócaireachta

Screamh agus sloda ó ghlanadh an umair

E. Luaithreach ó loisceoir

Eile (sonraigh le do thoil)

F. Dramhaíl oibríochtúil

MARPOL Iarscríbhinn II – NLS

Cainníocht (m3)/Ainm5

G. Iarmhair lasta6

Substaint de Chatagóir X

H. Conablach/conablaigh ainmhithe

Substaint de Chatagóir Y

I. Trealamh iascaireachta

Substaint de Chatagóir Z

MARPOL Iarscríbhinn VI – a mhéid a bhaineann le Truailliú an Aeir

Cainníocht (m3)

OS- substaint eile

Substaintí ídithe ózóin agus trealamh ina bhfuil substaintí den sórt sin

MARPOL Iarscríbhinn IV- Séaracht

Cainníocht (m3)

Iarmhair ó ghlanadh an gháis sceite

5    Tabhair le fios ainm ceart loingseoireachta an NLS lena mbaineann

6    Tabhair le fios ainm ceart loingseoireachta an lasta thirim

IARSCRÍBHINN 4

Catagóirí na gcostas maidir le hoibriú agus riarachán an PRF

Costais dhíreacha

Costais oibriúcháin a eascraíonn as seachadadh iarmhír dramhaíola ó longa, lena náirítear na hítimí costais atá liostaithe thíos.

Costais indíreacha


Costais riaracháin a eascraíonn as bainistiú ar an gcóras sa chalafort, lena náirítear na hítimí costais atá liostaithe thíos.

·Bonneagar a chur ar fáil le haghaidh saoráidí glactha calafoirt, lena náirítear na coimeadáin, umair, uirlisí próiseála, báirsí, trucailí, glacadh dramhaíola, suiteálacha coireála;

·Lamháltais atá dlite ar mhaithe le suíomh a léasú, más infheidhme, nó chun an trealamh a léasú atá riachtanach ionas go noibreoidh na saoráidí glactha calafoirt;

·Oibriú iarbhír na saoráidí glactha calafoirt: dramhaíl a bhailiú ón long, an dramhaíl a iompar ó na saoráidí glactha calafoirt don choireáil deiridh, na saoráidí glactha calafoirt a chothabháil agus a ghlanadh, costais don fhoireann, lena náirítear ragobair, soláthar leictreachais, anailís ar an dramhaíl agus árachas;

·Athúsáid deiridh, athchúrsáil nó diúscairt na dramhaíola ó longa, lena náirítear an dramhaíl a bhailiú ar leithligh;

·Riarachán: sonrascadh, admhálacha dramhaíola a eisiúint don long, tuairisciú.

·An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a fhorbairt agus a fhormheas, lena náirítear aon iniúchadh ar an bplean agus cur chun feidhme an phlean;

·An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a nuashonrú, lena náirítear costais saothair agus costais chomhairliúcháin, i gcás inarb infheidhme;

·Na nósanna imeachta comhairliúcháin a eagrú maidir le meastóireacht/athmheastóireacht a dhéanamh ar an bplean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil;

·Bainistiú a dhéanamh ar an gcóras fógartha agus ar an gcóras um ghnóthú costas, lena náirítear táillí laghdaithe a chur i bhfeidhm do “longa glasa”, córais TF a sholáthar ar leibhéal an chalafoirt, anailís staidrimh agus costais saothair ghaolmhara;

·Nósanna imeachta um sholáthar poiblí a eagrú maidir le saoráidí glactha calafoirt a sholáthar, mar aon leis na húdaruithe riachtanacha a thabhairt chun saoráidí glactha calafoirt a sholáthar i gcalafoirt;

·Faisnéis a thabhairt d’úsáideoirí calafort trí fhógráin a dháileadh, fógraí agus póstaeir a chur in airde sa chalafort, nó an fhaisnéis atá ar shuíomh gréasáin an chalafoirt a fhoilsiú,) agus an fhaisnéis a thuairisciú go leictreonach, mar a cheanglaítear in Airteagal 5. .

·Costais riaracháin eile: faireachán a dhéanamh ar dhíolúintí agus an fhaisnéis sin a thuairisciú go leictreonach, mar a cheanglaítear in Airteagal 9.

IARSCRÍBHINN 5

Deimhniú Díolúine

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE FAOI AIRTEAGAL 9

MAIDIR LEIS NA CEANGLAIS FAOI AIRTEAGAL 6,

AIRTEAGAL 7, AGUS AIRTEAGAL 8 DE THREOIR XXXX/XX/CE

AG CALAFORT/CALAFOIRT [CUIR ISTEACH AN CALAFORT] IN [CUIR ISTEACH AN BALLSTÁT] 4  

Ainm na Loinge Sainuimhir nó sainlitreachaAn Stát Brataí

[cuir isteach ainm na loinge] [cuir isteach uimhir EMI]    [cuir isteach ainm an Stáit Brataí]

           

Tá an long thuasluaite i dtrácht sceidealaithe agus stadanna minice agus rialta á ndéanamh aici ag an gcalafort/na calafoirt seo a leanas in [cuir isteach ainm an Bhallstáit], de réir sceidil nó bealach atá réamhshocraithe:

[ ]

agus stadann sí ag na calafoirt seo a leanas uair sa choicís ar a laghad:

[ ]

agus tá socrú déanta aici lena áirithiú go níocfar an táille agus go seachadfar an dramhaíl chuig an gcalafort, nó chuig tríú páirtí ag calafort:

[ ]

agus, dá réir sin, tá díolúine aici i gcomhréir le [Cuir isteach an tairteagal ábhartha i reachtaíocht náisiúnta na tíre], ó na ceanglais maidir le seachadadh éigeantach dramhaíola ó longa, an réamhfhógra maidir leis an dramhaíl, agus íocaíocht an táille éigeantaigh, ag an gcalafort/na calafoirt seo a leanas:

[ ]

Tá an deimhniú seo bailí go dtí an [cuir isteach an dáta], mura rud é go nathraítear roimh an dáta sin na forais faoina neisítear an deimhniú.

Áit agus Dáta                

   ……………………………………

   Ainm
   Teideal

(1)    Tabhair le fios ainm ceart loingseoireachta an NLS lena mbaineann
(2)    Féadfar meastacháin a dhéanamh; tabhair le fios ainm ceart loingseoireachta an lasta thirim
(3)    A eascraíonn as gnáthghníomhaíochtaí cothabhála ar bord
(4)    Scrios murab iomchuí