An Bhruiséil,29.6.2017

COM(2017) 352 final

2017/0145(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n
x001e
aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

·Forais agus cuspóirí an togra

Glacadh an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, (ar a dtugtar eu-LISA), in 2011 (Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011) agus leasaíodh in 2015 é le Rialachán (AE) 603/2013 1 . Faoi láthair, is é eu-LISA atá freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh, ar an leibhéal lárnach, ar an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus ar Eurodac. Féadfar a chur de chúram ar eu-LISA freisin forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gcás dá bhforáiltear amhlaidh le hionstraimí reachtacha ábhartha.

Chuaigh eu-LISA i mbun a chroíchúraimí an 1 Nollaig 2012 agus tá VIS á oibriú aige ón 1 Nollaig 2012, SIS II ó Bhealtaine 2013 agus Eurodac ó Mheitheamh 2013. Is i dTaillinn atá suíomh na Gníomhaireachta agus déantar na córais a oibriú ó láithreán teicniúil in Strasbourg. Is in Sankt Johann im Pongau atá an láithreán cúltaca.

Is é is aidhm don togra seo an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht a athbhreithniú chun é a oiriúnú do na moltaí le haghaidh leasuithe reachtacha a bhí mar thoradh ar an meastóireacht; ina theannta sin, féachtar le feidhmiú na Gníomhaireachta a fheabhsú agus le cur leis an ról atá aici agus an ról sin a neartú chun a áirithiú go dtugann a sainordú aghaidh ar na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Féachann an togra freisin leis na hathruithe a eascraíonn as forbairtí beartais, dlíthiúla agus fíorasacha a chur leis an Rialachán agus lena léiriú go háirithe go gcuirfear córais nua de chúram ar an nGníomhaireacht faoi réir comhaontaithe na gcomhreachtóirí agus gur cheart cúram a chur ar an nGníomhaireacht tacú le forbairt na hidir-inoibritheachta idir córais mhórscála TF mar chuid den obair leantach ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil 2 , an tuarascáil chríochnaitheach ón ngrúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le córais faisnéise agus idir-inoibritheacht an 11 Bealtaine 2017 3 agus seachtú tuarascáil an Choimisiúin ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis an 16 Bealtaine 2017 4 . Tugtar aghaidh freisin ar na moltaí le haghaidh leasuithe arna moladh ag Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta, agus ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann do eu-LISA réitigh theicniúla chomhpháirteacha a óstáil agus a bhainistiú maidir le cur chun feidhme na gcóras díláraithe, ar an leibhéal náisiúnta, do na Ballstáit leasmhara. Ar deireadh, leis an togra déantar an gníomh lena mbunaítear an Ghníomhaireacht a ailíniú le prionsabail an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 (dá ngairtear “an cur chuige coiteann” anseo feasta).

I gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht, rinne an Coimisiún meastóireacht, ar bhonn meastóireacht sheachtrach 5 , i ndlúthchomhairle le Bord Bainistíochta eu-LISA, chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann agus an méid a chuireann an Ghníomhaireacht go héifeachtúil le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus ar an gcaoi a gcomhlíonann agus an méid a chomhlíonann sí na cúraimí a leagtar uirthi leis an Rialachán réamhráite sin. Scrúdaíodh sa mheastóireacht freisin an gá leis na cúraimí a chuirtear de chúram ar eu-LISA leis an Rialachán sin a athbhreithniú nó cur leo. I bhfianaise na meastóireachta sin, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, moltaí a eisiúint maidir le hathruithe ar an Rialachán sin agus iad a chur, i dteannta na tuairime ón mBord Bainistíochta agus moltaí iomchuí eile chomh maith, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Cuireadh na moltaí san áireamh sa Report from the Commission to the European Parliament and the Council on the functioning of the European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice [Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais] (eu-LISA) 6 agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le meastóireacht a dhéanamh ar eu-LISA a ghabhann leis seo 7 a bhfuil sé beartaithe a ghlacadh an tráth céanna leis an togra seo.

Baineann an togra seo, mar sin, le meastóireacht ar an nGníomhaireacht ach, ina theannta sin, urramaíonn sé forbairtí eile reachtacha agus beartais agus cuirtear san áireamh ann na moltaí dá dtagraítear thuas, chomh maith le tuairim an Bhoird Bainistíochta.

·Aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil sheachtrach meastóireachta ar eu-LISA

Ceithre bliana tar éis don Ghníomhaireacht cúraimí a ghlacadh chuici féin i mí na Nollag 2012, ba léir ón meastóireacht a rinneadh go bhfuil an Ghníomhaireacht in ann a cúraimí a chomhlíonadh, agus na cúraimí nua a cuireadh uirthi san áireamh, go háirithe cúraimí DubliNet 8 , VISION 9 agus cur i bhfeidhm an treoirthionscadail Teorainneacha Cliste 10 ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Léiríodh freisin gur chuidigh eu-LISA ar bhealach éifeachtach chun timpeallacht TF atá comhordaithe, éifeachtach agus comhleanúnach a chur ar bun le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF a thacaíonn le cur chun feidhme beartas sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Tá easnaimh le réiteach, áfach, chun feidhmiú na Gníomhaireachta a fheabhsú agus chun cur leis an ról atá aici agus chun an ról sin a neartú, lena áirithiú go ndéanfar a sainordú a oiriúnú chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais i réimse na himirce agus na slándála. Is féidir aghaidh a thabhairt ar fhormhór na neasnamh a shainaithnítear sa mheastóireacht gan leasuithe reachtacha a dhéanamh. Tá obair ar na moltaí neamhreachtacha curtha i gcrích ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin eu-LISA; ghlac an Bord Bainistíochta an plean gníomhaíochta ábhartha an 21 Márta 2017.

Seo a leanas na heasnaimh, mar a shainaithnítear sa mheastóireacht iad, ar gá leasuithe reachtacha a dhéanamh chun iad a réiteach:

ba cheart comhleanúnachas bhainistiú an bhonneagair cumarsáide a fheabhsú trí chúraimí gaolmhara an Choimisiúin (go háirithe cur chun feidhme an bhuiséid, fáil agus athnuachan, agus ábhair a bhaineann le conarthaí) a aistriú chuig an nGníomhaireacht, trí leasú a dhéanamh ar na hionstraimí reachtacha lena rialaítear cur ar bun agus oibriú na gcóras arna noibriú ag an nGníomhaireacht; 

ba cheart raon feidhme an chomhair le gníomhaireachtaí eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a shoiléiriú laistigh de shainordú eu-LISA;

ba cheart don Bhord Bainistíochta tuarascáil eatramhach a ghlacadh faoi dheireadh mhí Lúnasa gach bliain ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí beartaithe a chumhdaíonn na chéad sé mhí den bhliain sin;

teorannaítear raon feidhme na dtreoirthionscadal a d’fhéadfadh eu-LISA a chur i gcrích do na treoirthionscadail sin dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) den Rialachán Airgeadais (i.e. na treoirthionscadail sin a bhunaítear gan bhunghníomh) agus ba cheart an raon feidhme sin a leathnú chun treoirthionscadail atá faoi réir bunghníomh atá ann cheana a chumhdach.

Lena chois sin, moladh sa mheastóireacht gur cheart measúnú riosca agus measúnú ex ante a ullmhú do thionscadail ar fiú os cionn 500 000 EUR iad arna ndéanamh ag eu-LISA faoina shainordú reatha (i.e. tionscadail nach dtagann as ionstraim reachtach lena gcuirtear córas nua de chúram air, ar tionscadail iad a gcuirfidh an Coimisiún measúnú tionchair ar fáil maidir leo). Moladh tábhachtach é sin a dtabharfaidh eu-LISA aghaidh air ar bhealach iomchuí. Ní éilítear, áfach, an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht a athrú toisc go néilíonn Airteagal 29(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 11 ón gCoimisiún agus Rialachán Airgeadais na Gníomhaireachta meastóireachtaí ex ante agus ex post cheana ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí a mbíonn caiteachas suntasach ag baint leo.

Rinneadh moltaí eile maidir le leasuithe ar shainordú na Gníomhaireachta sa mheastóireacht. Ba cheart na moltaí sin a chur isteach in ionstraimí reachtacha na gcóras agus, maidir le freagracht bhreise eu-LISA i dtaobh staidrimh, ní bheadh leasú ar an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht de dhíth.

Freagracht bhreise eu-LISA maidir leis an staidreamh a ghiniúint agus a fhoilsiú le haghaidh gach córais.

Cúram nua do eu-LISA tuarascálacha ar cháilíocht sonraí agus ar anailísiú sonraí a tháirgeadh chun rialú ar chur chun feidhme na nionstraimí dlí lena rialaítear na córais a fheabhsú.

Sa Report on the functioning of the European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice [Tuarascáil ar fheidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais] a glacadh ar an dáta céanna leis an togra seo, cuirtear i láthair torthaí agus moltaí na meastóireachta. Sa tuarascáil, tugadh ar aird freisin go gcomlánaíonn an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht, ina sainítear cúraimí na Gníomhaireachta, go gcomhlanaíonn sé an timpeallacht eacnamaíoch, pholaitiúil agus dhlíthiúil inar cuireadh an Ghníomhaireacht ar bun. Mar thoradh ar fhorbairtí beartais agus dlíthiúla a rinneadh le tamall anuas, éilítear tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar na cúraimí a chuirtear ar eu-LISA leis an Rialachán réamhráite sin agus le hionstraimí dlí ábhartha eile (i.e. na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais) nó is gá na cúraimí sin a leathnú. In 2016, thíolaic an Coimisiún tograí chun córais nua a chur de chúram ar an nGníomhaireacht: an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) 12 , an córas uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta 13 agus Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 14 . Dá nglacfadh na comhreachtóirí na tionscnaimh sin, ba ghá athruithe a dhéanamh ar an Rialachán maidir le eu-LISA, athruithe ar cheart dóibh teacht i bhfeidhm nuair a bheadh na tograí sin infheidhme chun na cúraimí nua sin a léiriú sa Rialachán maidir le eu-LISA go háirithe maidir le freagrachtaí an Bhoird Bainistíochta agus an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Cuimsítear sa togra maidir le EES leasuithe ar Rialachán (AE) 1077/2011. I gcás na dtograí maidir le hathmhúnlú Rialachán ETIAS agus Rialachán Eurodac, chuir an Uachtaránacht leasuithe den sórt sin isteach le linn an phlé sa Chomhairle. Toisc go dtíolacfar an togra seo, áfach, sula nglacfar aon cheann de na trí thogra lena gcuirfear córais nua de chúram ar an nGníomhaireacht, is gá freisin na leasuithe riachtanacha a léiriú idir lúibíní sa togra seo, faoi réir a nglactha go críochnaitheach sa téacs nuair a ghlacfaidh na comhreachtóirí na tograí.

Lena chois sin, ghlac an Coimisiún an 6 Aibreán 2016 Teachtaireacht maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil 15 . Ba cheart sainordú sainráite a thabhairt do eu-LISA leis an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht na cúraimí a chuirtear air a bhfuil cur síos orthu sa Teachtaireacht sin agus i seachtú tuarascáil an Choimisiúin ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis an 16 Bealtaine 2017 a chur i gcrích. Áirítear leis sin go háirithe tacaíocht a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit chun scrúdú a dhéanamh ar indéantacht theicniúil na bhforbairtí agus na mbeart i dtreo idir-inoibritheacht na gcóras, lena náirítear trí bhíthin staidéar agus/nó gníomhaíochtaí tástála.

Ba cheart na hathruithe a eascraíonn as an meastóireacht a rinneadh ar SIS in 2016, mar a léirítear iad sna tograí lena nathbhreithnítear ionstraimí reachtacha SIS 16 , agus as an togra maidir le hathmhúnlú Rialachán Eurodac 17 chomh maith, ba cheart iad a chur isteach sa togra seo.

Anuas air sin, tá éagsúlachtaí idir an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht agus an cur chuige coiteann atá i gceangal leis an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (dá ngairtear “an cur chuige coiteann” anseo feasta) agus leis an Rialachán Airgeadais nua agus an Rialachán Réime Airgeadais. Ba cheart aghaidh a thabhairt orthu sin san athbhreithniú reachtach. D’fhéadfaí, mar shampla, síneadh ama nach faide ná cúig bliana a chur le sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin in ionad na dtrí bliana ar a mhéad dá bhforáiltear faoi láthair. Sampla eile is ea an ceanglas maidir le meastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht gach cúig bliana seachas gach ceithre bliana mar a fhoráiltear faoi láthair.

Ba cheart a shonrú sa Rialachán freisin go bhféadfaidh eu-LISA comhairle a chur ar na Ballstáit maidir le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais agus tacaíocht/cúnamh ad hoc a thabhairt do na Ballstáit (amhail an tacaíocht a cuireadh ar fáil sa teophointe sa Ghréig go luath in 2016 le linn ghéarchéim na ndídeanaithe).

Faoin Rialachán seo freisin, ba cheart a cheadú do eu-LISA cúnamh/tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá ann cheana nó córais nua, i gcás ina niarrtar sin.

·Aghaidh a thabhairt ar na moltaí maidir le leasuithe a mhol Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta

Chuathas i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an 25 Samhain 2016 i dtaobh na moltaí maidir le leasuithe ar an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht agus glacadh a thuairim an 27 Feabhra 2017. D’fháiltigh an Bord roimh na moltaí maidir le leasuithe agus d’fháiltigh sé freisin roimh rún an Choimisiúin cur le freagrachtaí eu-LISA agus chuir an Bord é féin tuilleadh moltaí maidir le leasuithe ar aghaidh. De thoradh na moltaí breise sin maidir le leasuithe, tá an Coimisiún tar éis an sainordú maidir le taighde a leathnú a ghlacadh air féin, mar aon le síneadh ama a chur le sainordú an Chathaoirligh ar na grúpaí comhairleacha. Mhol an Bord Bainistíochta gur cheart don Ghníomhaireacht bheith in ann láithreáin bhreise theicniúla a chur ar bun, tar éis formheas a fháil ón mBord, sa bhreis ar na láithreáin atá ann cheana in Strasbourg agus in Sankt Johann im Pongau (an Ostair). Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an moladh sin óir níl aon fhianaise ábhartha ann a léiríonn go bhfuil gá leis na láithreáin nua ná go mbeadh luach breise ná gnóthachain éifeachtúlachta ann dá mbarr. Tugtar ar aird gur shocraigh na comhreachtóirí sna hionstraimí reachtacha maidir le SIS II (a glacadh in 2006 agus 2007) agus VIS (a glacadh in 2008) gur in Strasbourg (an Fhrainc) agus in Sankt Johann im Pongau (an Ostair) a bheadh an lárchóras agus an córas cúltaca do SIS II agus VIS suite. Le linn na caibidlíochta ar an togra le haghaidh an Rialacháin lena mbunaítear an Ghníomhaireacht, chinn na comhreachtóirí ar bhonn tairiscint chomhpháirteach ón Eastóin agus ón bhFrainc i dtaca leis an nGníomhaireacht a óstáil, gur i dTaillinn a bheadh suíomh na Gníomhaireachta agus go bhfanfadh na láithreáin theicniúla agus na láithreáin chúltaca in Strasbourg agus in Sankt Johann im Pongau. Anuas air sin, níor chuir an Ghníomhaireacht measúnú ar fáil a thabharfadh údar go bhfuil gá le láithreán breise. Chun tuilleadh solúbthachta a áirithiú, áfach, déantar foráil sa togra seo maidir leis an bhféidearthacht don Ghníomhaireacht an láithreán cúltaca in Sankt Johann im Pongau a úsáid chun córais chúltaca a oibriú go comhuaineach i mód gníomhach. Leis sin, ba cheart go bhféadfaí idirbhearta gnó a phróiseáil fiú le linn na gnáthoibríochta agus ní hamháin nuair a chliseann ar na córais.

·Aghaidh a thabhairt ar na hathruithe is gá chun na cúraimí dá dtagraítear sa tuarascáil chríochnaitheach de chuid an ghrúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le córais faisnéise agus idir-inoibritheacht an 11 Bealtaine 2017 agus i seachtú tuarascáil an Choimisiúin ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis a glacadh an 16 Bealtaine 2017 a chur de chúram ar eu-LISA.

Áirítear iad seo a leanas ar na hathruithe sin:

(a)freagrachtaí breise a chur de chúram ar eu-LISA maidir le cáilíocht sonraí faoi réir leasuithe/tograí reachtacha sonracha a ghlacadh

Bhreithnigh an grúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le córais faisnéise agus idir-inoibritheacht an moladh dá bhforáiltear sa Teachtaireacht maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil go bhforbródh eu-LISA acmhainneacht faireacháin lárnach le haghaidh cáilíocht sonraí. Ba é tuairim an ghrúpa saineolaithe gur cheart seiceálacha uathoibrithe cáilíochta, formáide agus iomláine arna bhforchur nó arna moladh ag na lárchórais a fheabhsú nó a chomhlánú. Is gá tuilleadh anailíse a dhéanamh féachaint an bhféadfar forbairt a dhéanamh ar rialú uathoibrithe cáilíochta sonraí sna réimsí sonraí éagsúla in SIS, VIS agus Eurodac agus in aon chórais nua, amhail EES. Beidh sé mar aidhm ag sásra rialaithe cáilíochta sonraí den sórt sin go naithneoidh na lárchórais go huathoibríoch sonraí arna gcur isteach ar dócha iad a bheith mícheart nó neamhréireach ionas go bhféadfaidh an Ballstát tionscnaimh na sonraí a fhíorú agus na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh. D’fhéadfaí an ghníomhaíocht sin a éascú trí bhíthin stóras coiteann sonraí chun tuarascálacha staidrimh agus cáilíochta sonraí a tháirgeadh (ollstór sonraí) ina mbeadh sonraí anaithnidithe arna mbaint as na córais. Tugadh ar aird sa seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis go dtabharfaidh an Coimisiún ar aghaidh moltaí an ghrúpa saineolaithe maidir le rialú cáilíochta uathoibrithe, mar atá “ollstór sonraí” atá in ann sonraí anaithnidithe a bhaintear as córais faisnéise ábhartha a anailísiú chun críocha staidrimh agus tuairiscithe, agus modúil oiliúna maidir le cáilíocht sonraí do bhaill foirne atá freagrach as ionchur a sholáthar do na córais ar an leibhéal náisiúnta.

I bhfianaise an chúraim nua sin, mar aon le bunú “ollstór sonraí”, ba ghá foráil a dhéanamh maidir le forálacha mionsonraithe sonracha i dtaca le cáilíocht sonraí in ionstraimí na gcóras nó in ionstraim reachtach faoi leith.

(b)freagracht a thabhairt do eu-LISA as bearta idir-inoibritheachta a fhorbairt faoi réir na tograí reachtacha ábhartha a ghlacadh.

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ó Aibreán 2016, agus mar a dearbhaíodh leis na torthaí agus na moltaí ón ngrúpa saineolaithe, tugadh ar aird sa seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis a glacadh an 16 Bealtaine 2017 go bhfuil an Coimisiún ag leagan síos cur chuige nua maidir le bainistiú sonraí i dtaca le teorainneacha agus leis an tslándáil, cur chuige ina bhfuil córais faisnéise láraithe uile an Aontais le haghaidh bainistiú slándála, teorainneacha agus imirce idir-inoibritheach, agus go dtugann an idir-inoibritheacht sin lánurraim do chearta bunúsacha, sa chaoi is:

·gur féidir na córais a chuardach go comhuaineach trí úsáid a bhaint as tairseach cuardaigh Eorpach, agus prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra agus cearta rochtana á gcomhlíonadh ina niomláine, ionas go bhféadtar úsáid níos fearr a bhaint as na córais faisnéise atá ann faoi láthair, agus d’fhéadfaí rialacha níos cuíchóirithe a chur i bhfeidhm chun go mbeadh rochtain ag údaráis forghníomhaithe dlí ar na córais;

·go mbaineann na córais úsáid as seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí amháin chun cuardaigh a dhéanamh i gcórais éagsúla faisnéise ina bhfuil sonraí bithmhéadracha, lena bhféadfaidh bratacha amais/gan amas an nasc le sonraí bithmhéadracha gaolmhara i gcóras eile a léiriú;

·go roinneann na córais stóras coiteann ina bhfuil sonraí céannachta alfa-uimhriúla chun a fháil amach an bhfuil duine cláraithe faoi iliomad céannachtaí i mbunachair shonraí éagsúla.

Féachann an togra seo le cur ar chumas eu-LISA na cúraimí a dhéanamh a eascraíonn as an seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis a glacadh an 16 Bealtaine 2017 18 chomh maith le tairseach cuardaigh Eorpach, seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí agus stóras coiteann céannachta a fhorbairt, faoi réir an ionstraim reachtach ábhartha maidir le hidir-inoibritheacht a ghlacadh.

(c)aghaidh a thabhairt ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann do eu-LISA réitigh chomhpháirteacha theicniúla a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil chun gnéithe teicniúla de na hoibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le córais díláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme ar bhonn náisiúnta do na Ballstáit leasmhara.

Mar a mheabhraítear sa seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis a glacadh an 16 Bealtaine 2017, leagadh béim freisin sa tuarascáil chríochnaitheach ón ngrúpa ardleibhéil saineolaithe maidir le córais TF agus idir-inoibritheacht ar a thábhachtaí atá sé na córais faisnéise atá ann faoi láthair a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina niomláine. Sa tuarascáil sin, féachadh freisin ar chreat díláraithe Prüm maidir le malartú sonraí faoi DNA, faoi mhéarloirg agus faoi chlárú feithiclí 19 , agus moladh staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le dul i dtreo mír ródúcháin lárnach agus feidhmiúlachtaí nua a chur leis an gcreat. Maidir le réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí (API), mhol an grúpa saineolaithe gur cheart don Choimisiún staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le sásra láraithe i dtaca le API lena náirítear an gá atá le ródaire lárnach. Bheadh sé mar aidhm aige sin a chur ar chumas na mBallstát leasmhar nascacht ilfhreastail i gcomhair aerlínte a bheith acu agus sonraí API a chur ar fáil do chórais náisiúnta agus do lárchórais araon (EES, ETIAS). Maidir leis an gcóras díláraithe a bunaíodh le Treoir ón Aontas maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí (an Treoir PNR) 20 , mhol an grúpa saineolaithe staidéar féidearthachta a dhéanamh maidir le mír lárnach le haghaidh réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí agus sonraí as taifead ainmneacha na bpaisinéirí mar uirlis tacaíochta theicniúil chun an nascacht le haeriompróirí a éascú. Bheadh sé mar aidhm aige sin a chur ar chumas na mBallstát leasmhar nascacht ilfhreastail i gcomhair aerlínte a bheith acu agus sonraí PNR a chur ar fáil do chórais náisiúnta na mBallstát a chuir an Treoir PNR chun feidhme. Mheas an grúpa saineolaithe go neartódh sé sin éifeachtacht na naonad faisnéise faoi phaisinéirí a luaithe agus a bheadh Treoir PNR an Aontais curtha chun feidhme ag na Ballstáit.

Déantar foráil sa togra seo, mar sin, go bhféadfadh grúpa Ballstát iarraidh ar an nGníomhaireacht córas TF comhchoiteann a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil dóibh chomh maith chun go gcuirfidh siad chun feidhme, go comhpháirteach, gnéithe teicniúla na noibleagaidí a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le córais díláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh. Féadfar sin a dhéanamh trí chomhaontú tarmligin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht, lena gcuirtear na cúraimí thuasluaite agus an buiséad comhfhreagrach de chúram ar an nGníomhaireacht. I gcás den sórt sin, gearrfaidh an Ghníomhaireacht táille ar na Ballstáit chun na costais ábhartha a chumhdach.

Mar a léiríodh sa seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis, thacaigh an Coimisiún leis an obair atá grúpa Ballstát ag glacadh orthu féin ag an gcéim seo e-CODEX (córas maidir le comhar breithiúnach trasteorann agus rochtain dhigiteach ar nósanna imeachta dlíthiúla), a chothabháil. Thug an Coimisiún dá aire go measann na Ballstáit sin nach réiteach inbhuanaithe é sin. Ar leibhéal na meithle sa Chomhairle, tá na Ballstáit tar éis roghanna difriúla a scrúdú agus chinn siad gurbh é eu-LISA is fearr chun cothabháil agus inoibritheacht an chórais e-CODEX a áirithiú. Chun teacht ar an réiteach is fearr, tá an Coimisiún tar éis measúnú ar thionchar na roghanna difriúla le haghaidh chothabháil e-CODEX a sheoladh. Beidh toradh an mheasúnaithe tionchair sin ar fáil faoi fhómhar 2017.

·Aghaidh a thabhairt ar na hathruithe is gá mar thoradh ar ghlacadh an togra maidir le ECRIS-TCN

Ar deireadh, léiríonn an togra freisin na hathruithe is gá mar thoradh ar ghlacadh an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (NTT) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) 21 (dá ngairtear an córas ECRIS-TCN feasta) a fhorlíonadh agus chun tacú leis.

Mar atá i gcás tograí eile lena gcuirtear córais nua de chúram ar an nGníomhaireacht, mar thoradh ar an togra maidir le ECRIS-TCN beidh gá le hathruithe ar Rialachán maidir le eu-LISA. Is gá na hathruithe sin a léiriú sa togra maidir le ECRIS-TCN agus sa togra maidir leis an nGníomhaireacht araon. Má ghlactar an togra maidir le ECRIS-TCN sula nglactar an togra maidir leis an nGníomhaireacht, beidh feidhm ag na hathruithe a bheartaítear sa chéad téacs sin maidir leis an Rialachán atá ann faoi láthair maidir le eu-LISA. Nuair a ghlacfar an togra maidir leis an nGníomhaireacht, tiocfaidh na hathruithe a mholtar sa togra sin in áit na nathruithe sa togra eile. Ag brath ar a thapúla a ghlacfar an dá thogra sin, oiriúnófar iad le linn na caibidlíochta chun comhsheasmhacht idir an dá théacs a áirithiú nuair is cúraimí eu-LISA atá i gceist.

***

Neartóidh na cúraimí/na córais nua a fhoráiltear maidir le eu-LISA luach breise dearbhaithe na Gníomhaireachta a bhfuil aon mhórchóras amháin déanta aici de na trí chóras mórscála TF. Dá bhrí sin, is féidir an saineolas a thiomsú agus leas a bhaint as sineirgíochtaí agus fágadh creat níos solúbtha ná mar a bhí indéanta sular cuireadh an Ghníomhaireacht ar bun tráth arb é an Coimisiún a d’fhorbair agus a bhainistigh na córais agus ar cuireadh cúraimí áirithe de chúram ar chomhlachtaí earnála poiblí in dhá Bhallstát. Ina theannta sin, freagróidh na cúraimí nua don ghá le tacaíocht ón nGníomhaireacht chun cuidiú leis na Ballstáit nuair is gá.

Cé go mbeidh tionchar díreach ag an tionscnamh ar an nGníomhaireacht, ar na baill foirne lena náirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta agus sna grúpaí comhairleacha agus ar sheirbhísí an Choimisiúin a bhíonn ag idirghníomhú leis an nGníomhaireacht, rachaidh sé chun tairbhe ar bhealach níos leithne do na Ballstáit agus na Gníomhaireachtaí ar úsáideoirí deiridh na gcóras iad toisc go mbeidh ról níos mó ag an nGníomhaireacht maidir le forbairtí amach anseo ar chórais TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus tabharfaidh sí tacaíocht do na Ballstáit nuair is gá.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann sa réimse beartais cheana

Cuireann an togra seo leis an Rialachán maidir le eu-LISA atá ann cheana, rialachán a leasaíodh in 2015 le Rialachán (AE) 603/2013 22 chun na hathruithe a tugadh isteach leis an Rialachán Eurodac athmhúnlaithe a chur san áireamh, lena náirítear rochtain ar Eurodac chun críocha fhorghníomhú an dlí. Leis an togra seo, cuirtear le sainordú na Gníomhaireachta ionas go bhféadfaidh sí cúraimí nua a ghlacadh chuici féin. Sna Cláir Oibre Eorpacha maidir leis an tSlándáil 23 agus maidir leis an Imirce 24 , leagtar amach an treo maidir le beartas an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar leithligh a ghabhann le bainistiú imirce agus leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe. Sa Chlár Oibre maidir leis an Imirce, cuireadh béim ar a thábhachtaí atá sé an leas is fearr is féidir a bhaint as na córais mhórscála TF SIS, VIS agus Eurodac, lena bhféadtar bainistiú níos fearr a dhéanamh ar na teorainneacha agus chun cur le cumas na hEorpa imirce neamhrialta a laghdú agus imircigh neamhdhleathacha a chur ar ais. Tugadh ar aird freisin go dtiocfadh do chéim nua le glacadh an togra lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a neartódh an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí thaifead a choinneáil ar ghluaiseachtaí trasteorann náisiúnach tríú tír. Sa Chlár Oibre maidir leis an tSlándáil, meabhraíodh go bhfuil ról ríthábhachtach ag gníomhaireachtaí an Aontais chun tacú leis an gcomhar oibríochtúil. Moladh sa Chlár Oibre do na Ballstáit an úsáid is mó is féidir a bhaint as tacaíocht na ngníomhaireachtaí chun dul i ngleic leis an gcoireacht trí oibriú i gcomhar le chéile agus thug sé le fios gur cheart tuilleadh comhair idir na gníomhaireachtaí a chur chun cinn, de réir a sainorduithe faoi seach.

Leis an dréacht-Rialachán seo, déanann an Coimisiún a chion féin chun bainistiú teorainneacha a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos sábháilte agus chun an tslándáil a neartú agus an choireacht a chomhrac agus a chosc trí chur le ról agus freagrachtaí eu-LISA maidir le córais mhórscála TF atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i dtaca le comhar agus malartú faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún.

Léiríonn sé freisin na leasuithe atá beartaithe maidir leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras atá á mbainistiú ag eu-LISA faoi láthair agus tá sé go hiomlán i gcomhréir leo agus leis na tograí lena gcuirfear córais amach anseo de chúram air.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá dlúthcheangal ag an togra seo le bearta eile de chuid an Aontais agus comhlánaíonn sé iad, eadhon na bearta seo a leanas:

(d)An tSlándáil Inmheánach. Mar a maíodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, is den tábhacht caighdeáin arda choiteanna a bheith ann i dtaca le bainistiú teorainneacha chun coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chosc. Cuidíonn an togra seo chun ardleibhéal slándála inmheánaí a bhaint amach trí chur ar chumas eu-LISA forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas nua a d’fhéadfadh a bheith ann (EES, ETIAS agus an córas ECRIS-TCN) agus cúraimí gaolmhara a ghlacadh air féin, rud a chuideoidh ar bhealach éifeachtach leis an ardleibhéal slándála inmheánaí sin a bhaint amach.

(e)An Comhchóras Eorpach Tearmainn, a mhéid a oibríonn an Ghníomhaireacht Eurodac agus DubliNet agus a mhéid a chuirfear de chúram uirthi forbairt agus bainistiú oibríochtúil an chórais uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta (an togra maidir le hathmhúnlú Rialachán Bhaile Átha Cliath) agus, chomh maith leis sin, i dtéarmaí comhar idir an Ghníomhaireacht agus [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann].

(f)Bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus slándáil a mhéid a oibríonn an Ghníomhaireacht na córais SIS agus VIS a chuidíonn le rialú éifeachtach theorainneacha seachtracha an Aontais agus a mhéid a chuirfear EES agus ETIAS de chúram uirthi.

(g)Cosaint sonraí a mhéid a áirithíonn an togra seo cosaint ón nGníomhaireacht ar shlándáil na sonraí sna lárchórais agus sa bhonneagar cumarsáide.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

·Bunús dlí

Is ar Airteagail 74, 77(2)a) agus b), 78(2)e), 79(2)c), 82(1)d), 85(1), 87(2)a) agus 88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá an togra reachtach seo bunaithe agus tugann siad an bunús dlí chun an Rialachán lena mbunaítear eu-LISA agus na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais a leasú.

In Airteagal 74 CFAE, déantar foráil maidir le bearta iomchuí a ghlacadh chun comhar riaracháin idir na ranna ábhartha i riaracháin na mBallstát a spreagadh agus a neartú. Is bunús iomchuí dlí é seo toisc go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid agus comhar idir ranna ábhartha riaracháin na mBallstát a éascú sna réimsí a luaitear thuas.

Tacóidh na cúraimí bainistithe oibríochtúla a chuirfear ar an nGníomhaireacht leis na gnéithe beartais atá mar bhunús le hionstraimí reachtacha SIS agus VIS. I gcomhréir le hAirteagal 77(2)(b) agus le hAirteagal 79(2)(c) CFAE, ar Airteagail iad atá ina mbunús iomchuí dlí le cúraimí na Gníomhaireachta a bhaineann le SIS II, beidh an Ghníomhaireacht, go teicniúil, ag plé le gnéithe a bhaineann le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha chomh maith le bearta i réimse na hinimirce neamhdhleathaí agus na cónaitheachta neamhdhleathaí faoi seach. Maidir le cúrsaí a bhaineann le VIS, tabharfaidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta tacaíocht theicniúil do nósanna imeachta na mBallstát maidir le víosaí a eisiúint; tá sé bunaithe, dá bhrí sin, ar Airteagal 77(2)(a) CFAE.

Maidir le cúrsaí Eurodac, tabharfaidh na cúraimí bainistithe oibríochtúla a chuirfear ar an nGníomhaireacht tacaíocht theicniúil chun cinneadh a dhéanamh cén Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann a chuireann náisiúnach tríú tír isteach i gceann de na Ballstáit (Airteagal 78(2)(e) CFAE), as náisiúnaigh tríú tír nó daoine atá gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint (Airteagal 79(2)(c) CFAE), as bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú faisnéise ábhartha chun críocha fhorghníomhú an dlí (Airteagal 87(2)(a) CFAE) agus as réimse gníomhaíochtaí agus cúraimí Europol maidir le Eurodac chun críocha fhorghníomhú an dlí (Airteagal 88(2)(a) CFAE).

In Airteagal 82(1)(d) CFAE, déantar foráil maidir le bearta a ghlacadh chun comhar a éascú idir údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus le breitheanna a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 87(2)(a) CFAE go ndéanfar, chun críche comhar póilíneachta idir údaráis inniúla na mBallstát a bhunú, bearta maidir le bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú agus malartú faisnéise ábhartha a ghlacadh. Is bunús iomchuí dlí iad na forálacha sin chun cúraimí sa réimse seo a thabhairt don Ghníomhaireacht.

Is i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a ghlacfar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 82(1)(d) agus 87(2)(a) CFAE. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach maidir leis an Rialachán ina iomláine a ghlacadh.

·    Geoiméadracht athraitheach

Toisc go bhfuil bunús dlí an togra seo le haghaidh Rialacháin le fáil i dTeideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá tionchar ag an geoiméadracht athraitheach a eascraíonn as na Prótacail ar sheasamh na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus na Danmhairge air. Is forbairt é an togra seo le haghaidh Rialacháin ar acquis Schengen agus ar fhorálacha na mbeart a bhaineann le Eurodac. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí a leanas a eascraíonn as na prótacail agus as na comhaontuithe comhlachais éagsúla a chur san áireamh.

An Danmhairg:

Faoi Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, ar Prótacal é atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh beart de bhun Theideal V CFAE ag an gComhairle, ach amháin i gcás “bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí”. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS agus VIS, [EES] [agus ETIAS], le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. I gcomhréir leis an Airteagal 5 cosúil sa Phrótacal roimhe sin maidir le seasamh na Danmhairge, chinn an Danmhairg Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 a chur chun feidhme sa dlí náisiúnta.

A mhéid a bhaineann an togra seo le Eurodac, [agus leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/20XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)]. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus maidir le córas “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath 25 a chur i bhfeidhm go héifeachtach, tabharfaidh an Danmhairg fógra don Choimisiún á rá an ndéanfaidh sí inneachar an Rialacháin seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le Eurodac [agus leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/20XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)]. Tá Rialachán reatha Eurodac, Rialachán (AE) 603/2013, á chur i bhfeidhm ag an Danmhairg tar éis fógra a fháil de bhun an chomhaontaithe sin.

[A mhéid a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

An Ríocht Aontaithe agus Éire:

A mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus VIS, [EES] [agus ETIAS], is forbairt an togra seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen agus Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2002 maidir le hiarraidh na hÉireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen. Dá bhrí sin, a mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS II arna rialú ag Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus VIS, [EES] [agus ETIAS], níl an Ríocht Aontaithe ná Éire faoi cheangal ag an Rialachán seo atá beartaithe ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire a iarraidh iad a údarú le bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh.

A mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS II arna rialú ag Cinneadh 2007/533/JHA, tá an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phrótacal (Uimh. 19) maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (an Prótacal maidir le acquis Schengen), agus Airteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 20 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen agus Airteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen.

A mhéid a bhaineann a fhorálacha le Eurodac, [agus leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/20XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire fógra a thabhairt d’Uachtarán na Comhairle gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ar Prótacal é atá i gceangal le CAE agus le CFAE. Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 tar éis dóibh fógra a thabhairt gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin bunaithe ar an bPrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

[A mhéid a bhaineann a fhorálacha leis an gcóras ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 4a(1) den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl na Ballstáit sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl siad faoi cheangal ag an Rialachán seo ná níl siad faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal 21, féadfaidh na Ballstáit sin a chur in iúl gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.]

Ós rud é gur thug an Ríocht Aontaithe fógra an 29 Márta 2017 go bhfuil sé de rún aici an tAontas a fhágáil, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, dá uireasa sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin. Dá bharr sin, agus gan dochar d’aon fhorálacha sa chomhaontú um tharraingt siar, beidh feidhm ag an tuairisc thuasluaite ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa togra seo go dtí go scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát, agus go dtí an uair sin amháin.

An Iorua agus an Íoslainn:

Maidir leis an Iorua agus an Íoslainn, a mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS II agus VIS, [EES] [agus ETIAS], forbairt ar fhorálacha acquis Schengen is ea an togra seo de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen 26 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt .

I gcomhthráth le comhlachas ceithre Bhallstát nach bhfuil san Aontas le acquis Schengen, tá comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas lena ndéantar na tíortha sin a chomhlachú freisin le bearta a bhaineann le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, Eurodac san áireamh. Tugadh i gcrích an comhaontú lena ndearnadh an Íoslainn agus an Iorua a chomhlachú in 2001 27 .

An Eilvéis:

Maidir leis an Eilvéis, a mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS agus VIS, [EES] [agus ETIAS], is é atá sa togra seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le forálacha acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen 28 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, pointe B agus pointe G d’Airteagal 1, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 29 .

Maidir leis na bearta a bhaineann le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, tugadh i gcrích an comhaontú lena ndearnadh an Eilvéis a chomhlachú an 28 Feabhra 2008 agus tá sé infheidhme ón 12 Nollaig 2008 30 .

Lichtinstéin:

Maidir le Lichtinstéin, a mhéid a bhaineann a fhorálacha le SIS agus VIS, [EES] [agus ETIAS], is é atá sa togra seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, pointe B agus pointe G d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle 31 .

Maidir leis na bearta a bhaineann le Eurodac {agus le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath}, tugadh i gcrích an comhaontú lena ndearnadh Lichtinstéin a chomhlachú an 7 Márta 2011 32 .

Forálacha coiteanna le haghaidh na dtíortha atá comhlachaithe leis na bearta a bhaineann le Eurodac {agus le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath}:

I gcomhréir leis na trí chomhaontú thuasluaite, glacfaidh na tíortha comhlachaithe na bearta a bhaineann le Eurodac {agus le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath} agus a bhforbairt gan eisceacht. Níl siad rannpháirteach i nglacadh aon ghníomhartha lena leasaítear na bearta a bhaineann le Eurodac (lena náirítear, dá bhrí sin, an togra seo) nó lena gcuirtear leo ach ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de chreat ama áirithe maidir lena gcinneadh ábhar an ghnímh sin a ghlacadh nó gan é a ghlacadh, a luaithe is a fhormheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa é.

D’fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg — tír a bhfuil comhlachas aice, faoi mar a míníodh thuas, leis na bearta a bhaineann le Eurodac {agus le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath} trí chomhaontú idirnáisiúnta — agus na tíortha comhlachaithe thuasluaite, cuireadh dhá ionstraim eile i gcrích idir an Comhphobal mar a thugtaí air (dá ngairtear anois an tAontas) agus na tíortha comhlachaithe 33 .

Coimhdeacht

Urramaíonn an togra seo an togra prionsabal na coimhdeachta, óir is é cuspóir an bhirt atá beartaithe a dheimhniú gur faoi eu-LISA atá bainistiú oibríochtúil SIS Láir, VIS Láir agus na gComhéadan Náisiúnta, Eurodac Láir, a struchtúir chumarsáide mar aon le córais eile, chomh maith le cúraimí breise nua a chur air. Ní féidir leis na Ballstáit na cúraimí sin a chur i gcrích ina naonar agus is fearr is féidir iad a chur i gcrích trí bhearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Beartaítear leis an dréacht-Rialachán freagairt a thabhairt ar mholtaí na meastóireachta agus ar na forbairtí a eascraíonn as na dúshláin agus na dálaí nua atá roimh an Aontas maidir le bainistíocht imirce agus slándáil inmheánach araon. Léiríonn sé, mar sin, na cúraimí nua atá ar an nGníomhaireacht maidir leis na córais nua atá beartaithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Ina theannta sin, cuireann sé cúraimí nua teoranta ar an nGníomhaireacht faoi réir ghlacadh na nionstraimí reachtacha ábhartha i gcás inar gá.

Tugtar na hinniúlachtaí don Ghníomhaireacht, arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais, lárchodanna SIS II, lárchodanna VIS agus na gcomhéadan náisiúnta, agus an chuid láir de Eurodac a bhainistiú, agus iad sin amháin, chomh maith leis na bonneagair chumarsáide ábhartha, gan freagracht a bheith aici as na sonraí a iontráiltear sna córais. Tá na Ballstáit inniúil ar a gcórais náisiúnta fiú má thugtar cúraimí leathnaithe don Ghníomhaireacht maidir le comhairle agus tacaíocht do Bhallstáit i gcásanna faoi leith. Dá bhrí sin, ní théann inniúlachtaí na Gníomhaireachta thar an méid is gá chun tacú le malartú sonraí atá éifeachtúil, slán agus leanúnach idir na Ballstáit. Meastar deimhniú bhunú na Gníomhaireachta mar struchtúir thiomnaithe chun bainistiú a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus sainordú agus cúraimí na Gníomhaireachta a leathnú a mhéid atá beartaithe a bheith i gcomhréir le leasanna dlisteanacha úsáideoirí agus nádúr ardslándála, ard-infhaighteachta agus ríthábhachtach na gcóras i leith an mhisin.

An rogha ionstraime

Ag féachaint don fhíoras gur bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais le Rialachán, is é an ionstraim dlí chéanna is iomchuí le haghaidh an togra seo.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

I gcomhréir le Rialachán (AE) 1077/2011, laistigh de thrí bliana ón 1 Nollaig 2012, rinne an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an mBord Bainistíochta, meastóireacht ar bheart na Gníomhaireachta. Bhí meastóireacht an Choimisiúin bunaithe ar thuarascáil meastóireachta seachtraí a rinne Ernst & Young idir Márta 2015 agus Márta 2016 a chumhdaíonn an tréimhse ó Nollaig 2012 go Meán Fómhair 2015. Foilsíodh an tuarascáil meastóireachta seachtraí i Márta 2016 34 . Déantar Tuarascáil an Choimisiúin maidir le feidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) 35 agus an Doiciméad Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le meastóireacht ar eu-LISA a ghabhann leis seo a thíolacadh san am céanna agus a thíolactar an togra seo. Tugtar achoimre ar an meastóireacht agus ar a moltaí faoi phointe 1.

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tá togra an Choimisiúin bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear thuas a chuireann leis na comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara. Áirítear orthu sin Ballstáit an Aontais Eorpaigh, go háirithe na hionadaithe ar an mBord Bainistíochta agus sna grúpaí comhairleacha; Tíortha comhlachaithe Schengen agus le Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath / Eurodac; Parlaimint na hEorpa; Comhairle an Aontais Eorpaigh; an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí; Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, go háirithe CEPOL, Frontex, EASO, Europol, Eurojust, FRA; agus conraitheoirí eu-LISA.

Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht maidir lena moltaí do leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht ar leasuithe iad a d'fhéadfadh eascairt as forbairtí teicniúla agus d’iarr sé uirthi measúnuithe tionchair gearra a dhéanamh chun údar maith a thabhairt do na hathruithe sin.

Mar a fhoráiltear leis an Rialachán, chuathas i gcomhairle le Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta maidir leis na moltaí ón gCoimisiún chun an Rialachán maidir leis an nGníomhaireacht a leasú. Mar a míníodh faoi phointe 1, ghlac an Coimisiún a mhéid ab fhéidir moltaí an Bhoird air féin go háirithe maidir le sainordú na Gníomhaireachta a leathnú i dtaca le taighde, sainordú chathaoirligh na ngrúpaí comhairleacha a leathnú agus foráil a dhéanamh maidir le láithreán Sankt Johann im Pongau a úsáid chun na córais a oibriú go comhuaineach i mód gníomhach. Tá tuairim an Bhoird Bainistíochta ar mholtaí an Choimisiúin i gceangal leis an tuarascáil thuasluaite ón gCoimisiún.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ba iad Ernst & Young a scríobh an mheastóireacht sheachtrach neamhspleách faoin nGníomhaireacht agus bhain siad úsáid as a dtaithí fhada agus saineolas chun an mheastóireacht a dhéanamh ar an nGníomhaireacht agus chuir siad comhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara i gcrích. Sa mheastóireacht, cuireadh tuarascálacha eu-LISA maidir le feidhmiú teicniúil SIS II agus VIS agus na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí Láraonad Eurodac chomh maith leis na tuarascálacha meastóireachta foriomlána ón gCoimisiún maidir le VIS agus SIS II san áireamh.

Measúnú tionchair

Tá an togra bunaithe cuid mhór ar na torthaí agus ar na moltaí a baineadh as an tuarascáil meastóireachta seachtraí neamhspleách dá dtagraítear faoi phointe 1.

Níor cuireadh aon mheasúnú tionchair i gcrích ó tharla gur baineadh de thátal as an meastóireacht gur leasuithe teicniúla ar an iomlán iad na leasuithe sa mhéid gur gá iad chun feidhmiú agus éifeachtacht oibríochtúil na Gníomhaireachta a fheabhsú nó gur gá iad mar gheall ar fhorbairtí reachtaíochta agus beartas eile i.e. cuirtear córais agus cúraimí nua de chúram uirthi. Ar thaobh amháin, leathnófaí sainordú na Gníomhaireachta ar bhonn teoranta a bhuí leis na leasuithe sin agus ní bheidh tionchair shuntasacha orthu. Ar an taobh eile, agus maidir leis na leasuithe sin a eascraíonn as forbairtí reachtaíochta agus beartas, níl aon lánrogha ag an gCoimisiún i dtaca le roghanna beartas ó tharla go bhforchuirtear na hathruithe ábhartha mar thoradh ar na forbairtí céanna sin.

Cearta bunúsacha

Leis an togra, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leathnaítear raon feidhme cúraimí agus freagrachtaí na Gníomhaireachta, go háirithe trí chórais mhórscála TF nua sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur de chúram uirthi. Tá a thionchar ar chearta bunúsacha teoranta, áfach, mar go bhfuil sé cruthaithe ag an nGníomhaireacht gur áirithíodh bainistiú oibríochtúil SIS, VIS agus Eurodac go héifeachtach mar aon leis na cúraimí nua a cuireadh de chúram uirthi agus, ag an am céanna, cearta bunúsacha á nurramú aici agus go háirithe Airteagal 8 maidir le sonraí pearsanta a chosaint. Áireofar sna córais nua atá beartaithe agus a chuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na hionstraimí reachtacha ábhartha, coimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí a gcaithfidh an Ghníomhaireacht a áirithiú.

Dá bhrí sin, tá an togra i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Is cuid de bhuiséad an Aontais cheana an fóirdheontas le haghaidh na Gníomhaireachta chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Leathnaítear raon feidhme cúraimí na Gníomhaireachta leis an togra seo. Cé go mbeidh aon chóras nua a chuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht faoi réir gníomh reachtach ar leith atá bunaithe ar Theideal V CFAE lena ndéanfar an buiséad is gá a leithdháileadh chun forbairt agus bainistiú oibríochtúil a dhéanamh uirthi, mar a thuairiscítear ar bhonn níos mionsonraithe sa ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra seo, teastóidh acmhainní agus buiséad ar leith ón nGníomhaireacht mar thoradh ar na cúraimí nua a bheartaítear sa togra.

Is amhlaidh an cás do na cúraimí a bhaineann le bonneagar cumarsáide SIS a aistreofar chuig an nGníomhaireacht, na cúraimí a thagann as an Teachtaireacht maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil an 6 Aibreán 2016 agus an seachtú tuarascáil ón gCoimisiún ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis an 16 Bealtaine 2017. Ba cheart an buiséad a fhoráil freisin maidir le cúraimí nua na Gníomhaireachta a chumhdach lena gcuirfidh sí comhairle agus tacaíocht ad hoc ar fáil do na Ballstáit agus lena gcuirfidh sí cúnamh ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin faoi shaincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá ann cheana nó le córais nua, nuair is gá.

Ba cheart do rannchuidiú an Aontais, a fhoráiltear san ionstraim reachtach ábhartha tarmligin ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht, leathnú cúraimí a chumhdach i dtaca le taighde chun na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le córais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme.

Ba cheart an deis a bheith ag grúpa Ballstát a chur de chúram ar eu-LISA réitigh láraithe a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil d'fhonn cuidiú leo gnéithe teicniúla d'oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le córais láraithe agus ba cheart an deis sin a mhaoiniú ina hiomláine le ranníocaíochtaí a íocfaidh na Ballstáit ábhartha chun na costais ábhartha uile a chumhdach.

Chun go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar a cúraimí nua mar a fhoráiltear sa togra seo iad, ní mór EUR 78 354 milliún a chur le fóirdheontas an Aontais don Ghníomhaireacht idir 2018 agus 2020 agus is gá 52 phost bhreise le linn na tréimhse céanna, lena náirítear 23 phost don phlean bunaíochta (gníomhairí sealadacha), 2 ghníomhaire chonarthacha, 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht agus 25 ghníomhaire shealadacha i ndiaidh baill foirne eatramhacha a ionfhoinsiú. Ní áirítear sa mhéid sin an buiséad is gá do na córais nua a fhoráiltear faoi na tograí reachtacha ábhartha ná an buiséad is gá do na tograí lena leasófar na córais atá ann cheana. Tugtar an miondealú mionsonraithe in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chórais faoi roinn 3.2.2. den ráiteas airgeadais reachtach atá i gceangal leis an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

·Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá roinnt dualgas ar eu-LISA tuairisciú ar a ghníomhaíochtaí agus faireachán a dhéanamh ar a chuid oibre. Thar aon ní eile, ní mór don Ghníomhaireacht tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta an bhliain roimhe sin a thiomsú ina gcuirtear i gcomparáid, go háirithe, na torthaí arna mbaint amach le cuspóirí an chláir oibre bhliantúil.

Ar cheann de chúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin tá córas éifeachtúil a bhunú agus a chur chun feidhme le gur féidir monatóireacht agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar córais mhórscála TF agus ar an nGníomhaireacht, lena náirítear a cuspóirí a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Beidh ról méadaithe ag an nGníomhaireacht maidir le staidreamh a sholáthar a bhaineann leis na córais a oibríonn sí. Tá sí freagrach freisin as staidreamh atá bainteach leis na córais a fhoilsiú. Déanfar na forálacha mionsonraithe maidir leis sin a fhoráil sna hionstraimí reachtacha sonracha lena rialaítear na córais éagsúla.

Gach dhá bhliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta na tuarascálacha maidir le feidhmiú teicniúil SIS agus VIS a cheanglaítear leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear na córais sin mar aon leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Lárchóras Eurodac. Glacfaidh sé freisin na tuarascálacha forbartha agus na tuarascálacha maidir le feidhmiú teicniúil na gcóras nua a chuirfear de chúram uirthi.

Ní mór don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar obair na Gníomhaireachta tráth nach déanaí ná cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Ní mór don Choimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú do Parlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta. Áiritheoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin obair leantach leormhaith a dhéanamh maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as an meastóireacht.

Ina theannta sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú do na hinstitiúidí sin maidir lena chúraimí a chur i gcrích agus tabharfar cuireadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí inniúla an choiste a fhreagairt sula gceapfar é agus sula leathnófar a shainordú.

Is é príomhról na Gníomhaireachta maidir le bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú go ndéanfar bainistiú oibríochtúil ar na córais mhórscála TF sa réimse beartais sin agus córais nua a ullmhú, a fhorbairt agus a bhainistiú má fhoráiltear amhlaidh le hionstraimí reachtacha ábhartha atá bunaithe ar Airteagal 69 go hAirteagal 89 CFAE agus ba cheart go leanfaí den ról sin. Go háirithe, ní mór don Ghníomhaireacht na córais seo a leanas a fhorbairt sa ghearrthéarma: an córas EES agus an córas ETIAS atá faoi réir na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh. Léiríodh sa chéad mheastóireacht a rinne an Ghníomhaireacht, áfach, gur gá sainordú na Gníomhaireachta a leathnú. Chun moltaí na meastóireachta a chur san áireamh mar aon le forbairtí breise dlí, beartas agus fíoras mar a rinneadh achoimre orthu i bpointe 1, leagtar amach sa togra seo na heilimintí seo a leanas a neartóidh ról na Gníomhaireachta i gcomparáid le sainordú na Gníomhaireachta faoi Rialachán (AE) 1077/2011.

·Sainordú eu-LISA a leathnú

Airteagal 1: Liostaítear san fhoráil seo inniúlachtaí na Gníomhaireachta. Go sonrach, foráiltear go bhféadfar an fhreagracht a chur ar an nGníomhaireacht as na cúraimí nua seo a leanas:

ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES) 36 , DubliNet 37 , Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) 38 , an chórais uathoibrithe do chlárú, d’fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh i dtaca le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta 39 , agus an chórais ECRIS-TCN 40 (faoi réir na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh).

cáilíocht sonraí a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 8;

na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 9;

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12.

·Cúraimí sonracha do chórais nua (tá na cúraimí sin faoi réir na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh).

In Airteagal 5a, déantar tagairt do na cúraimí a bhaineann leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta a mhol an Coimisiún an 6 Aibreán 2016 agus atá faoi chaibidil faoi láthair ag na comhreachtóirí.

In Airteagal 5b, déantar tagairt do na cúraimí a bhaineann le Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Tá sé beartaithe go nglacfar togra ETIAS, a glacadh an 16 Samhain 2016, i bhfómhar 2017.

In Airteagal 5d, déantar tagairt do na cúraimí a bhaineann leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta (córas um leithdháileadh Bhaile Átha Cliath). Tá togra athmhúnlaithe Bhaile Átha Cliath, a glacadh an 4 Bealtaine 2016, faoi chaibidil ag na comhreachtóirí faoi láthair.

In Airteagal 5e, déantar tagairt do na cúraimí a bhaineann le córas láraithe chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun tacú leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) (an córas ECRIS-TCN). Glacadh an togra maidir leis an gcóras ECRIS-TCN an 29 Meitheamh 2017.

·Aistriú chúraimí an Choimisiúin a bhaineann le bonneagar cumarsáide SIS agus VIS chuig an nGníomhaireacht

Cuirtear Airteagal 7 in oiriúint chun aistriú chúraimí an Choimisiúin chuig an nGníomhaireacht a léiriú maidir le bonneagar cumarsáide idir an lárchóras agus an Comhéadan Náisiúnta i ngach Ballstát, lenar féidir na lárchórais SIS agus VIS agus na Comhéadain Náisiúnta a nascadh leis na bonneagair náisiúnta sna Ballstáit. Soiléireofar freisin nach ndéanfar an taistriú do na córais sin a úsáideann EuroDomain (baineann sé le Eurodac amháin faoi láthair) ar slánbhonneagar teileachumarsáide arna soláthar ag TESTA-ng (Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitice idir Riaracháin-glúin nua) 41 é arna oibriú agus arna mhaoiniú ag an gCoimisiún agus ní aistreofar, dá bhrí sin, aon chúraimí conarthacha ná buiséad chuig eu-LISA go luath amach anseo.

·Cáilíocht Sonraí a Áirithiú

In Airteagal 8, cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht sásraí uathoibrithe rialaithe cáilíochta agus táscairí coiteanna le haghaidh cháilíocht na sonraí a bhunú agus cuirtear de chúram uirthi lárstóras chun tuairisciú agus staidreamh a fhorbairt a bheidh faoi réir leasuithe reachtacha sonracha arna ndéanamh ar ionstraimí a bhaineann le córais atá ann cheana agus/nó arna ndéanamh ar fhorálacha sonracha in ionstraimí nua.

·Na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chumasú

In Airteagal 9, cuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht na gcóras a chumasú faoi réir na nionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh, nuair is gá.

·Cúraimí eu-LISA maidir le taighde a leathnú

In Airteagal 10, leathnaítear raon feidhme shainordú na Gníomhaireachta maidir le taighde. Go sonrach, cuirtear de chúram ar eu-LISA na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le córais TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme.

·Raon feidhme na dtreoirthionscadal a leathnú

In Airteagal 11, leathnaítear raon feidhme na dtreoirthionscadal a fhéadfar a chur de chúram ar eu-LISA. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontú tarmligin, cúraimí a chur ar an nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcás cruthúnais choincheapa arna gcistiú faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí tástála a phleanáil agus a chur chun feidhme a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht, tar éis cinneadh ón mBord Bainistíochta.

·Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún

In Airteagal 12, foráiltear go bhféadfar a iarraidh ar an nGníomhaireacht comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit i ndáil le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais agus tacaíocht ad hoc a chur ar fáil do na Ballstáit. Féadfar a iarraidh uirthi freisin comhairle nó tacaíocht a chur ar fáil don Choimisiún maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá i bhfeidhm cheana nó córais nua, lena náirítear comhairle nó tacaíocht a chur ar fáil trí bhíthin staidéar agus tástála.

In Airteagal 12, foráiltear lena chois sin go bhféadfar grúpa sé Bhallstát ar a laghad a chur de chúram ar an nGníomhaireacht córas coiteann TF a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil, grúpa a bheartaíonn ar bhonn deonach ar réiteach láraithe d'fhonn cuidiú leo gnéithe teicniúla d'oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le córais TF díláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit na cúraimí thuasluaite ar an nGníomhaireacht trí bhíthin comhaontú tarmligin, lena náirítear na coinníollacha maidir leis an tarmligean agus lena leagfar amach ríomh na gcostas ábhartha uile agus an modh sonrascaithe.

·An úsáid is féidir a bhaint as an láithreán cúltaca le haghaidh oibriú gníomhach na gcóras a leathnú

In Airteagal 13, foráiltear gur féidir an láithreán cúltaca a úsáid in Sankt Johann im Pongau go comhuaineach le haghaidh oibriú gníomhach na gcóras mórscála TF arna noibriú ag an nGníomhaireacht ar choinníoll go bhfuil sí in ann a noibriú a áirithiú i gcás ina gclisfeadh an córas. Déanfar aon sainiúlachtaí breise a fhoráil maidir le cúltaca a úsáid le haghaidh gach córas in ionstraimí reachtacha sonracha na gcóras.

·Cúraimí breise don Bhord Bainistíochta

In Airteagal 15, soiléirítear na cúraimí atá le sannadh don Bhord Bainistíochta chun, i measc nithe eile, a fhreagracht a léiriú i dtaca le treoracha ginearálta a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirtear bailchríoch ar Airteagal 15 chun a fhorálacha a ailíniú leis an gCur Chuige Coiteann atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012. Leasaítear é freisin chun oibleagáid nua a chur isteach don Bhord Bainistíochta go nglacfaidh sé tuarascáil eatramhach faoi dheireadh Lúnasa gach bliain ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis na gníomhaíochtaí pleanáilte a chur chun feidhme a chumhdóidh an chéad sé mhí den bhliain chéanna sin; chun forbairtí a bhaineann leis an Rialachán Airgeadais nua 42 agus an Rialachán Réime Airgeadais 43 a léiriú agus chun cúraimí nua don Bhord Bainistíochta a thiocfaidh as córais nua a chur de chúram air a léiriú.

·Leasuithe maidir leis an mBord Bainistíochta

In Airteagal 18, leathnaítear sainordú Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ó dhá bhliain go ceithre bliana, tréimhse a fhéadfar a athnuachan uair amháin i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann.

Cuireadh bailchríoch ar Airteagal 19 trína fhoráil gur féidir le gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann le córas nua a mbeidh rochtain ag na gníomhaireachtaí air mar úsáideoir deiridh faoi na hionstraimí reachtacha ábhartha tráth a ghlacfaí iad ar an gclár oibre.

·Leasuithe maidir le cúraimí agus sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

In Airteagal 21, soiléirítear cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin chun a fhreagracht a léiriú i dtaca le bainistiú riaracháin na gníomhaireachta agus na cúraimí a shanntar don ghníomhaireacht a chur chun feidhme. Cuirtear bailchríoch ar Airteagal 21 i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann agus chun cúraimí nua a chur san áireamh a eascróidh as ionstraimí reachtacha a ghlacadh lena gcuirtear córais nua de chúram ar na nGníomhaireacht. Cuireadh deireadh leis an oibleagáid a bhí ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an dréacht de théarmaí tagartha na meastóireachta a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.

In Airteagal 22, foráiltear nach bhféadfar síneadh ama a chur le sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin ach ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana ar a mhéad i gcomhréir leis an gCur Chuige Coiteann, seachas ar feadh trí bliana mar is amhlaidh an cás faoi láthair.

·Leasuithe a bhaineann leis na grúpaí comhairleacha (atá faoi réir ionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh)

In Airteagal 23, foráiltear go mbunófar grúpaí comhairleacha i dtograí reachtacha ábhartha maidir le EES, maidir le ETIAS agus maidir leis an gcóras ECRIS-TCN.

·Ceangal a bheith ann formheas roimh ré a fháil ón gCoimisiún maidir le rialacha slándála bunaithe ar ionstraimí reachtacha an Choimisiúin

In Airteagal 33, tugtar oibleagáid isteach maidir le rialacha slándála na Gníomhaireachta i dtaca le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint a bheidh bunaithe ar rialacha an Choimisiúin a ghlacfaidh an Bord Bainistíochta tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún.

·Leasú ar an Airteagal maidir le meastóireacht

Leasaítear Airteagal 35 chun a shoiléiriú go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar obair na Gníomhaireachta agus tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta ar thorthaí na meastóireachta. Déanfar an mheastóireacht gach cúig bliana seachas gach ceithre bliana mar atá amhlaidh anois chun ailíniú a dhéanamh leis an gCur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.

·Foráil a chur isteach maidir le comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Bunaítear le hAirteagal 37 na rialacha maidir le comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe leo sin arna mbunú sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

·Forálacha an bhuiséid a ailíniú le Rialachán tarmligthe(AE) Uimh. 1271/2013 

Déantar Airteagal 39 go hAirteagal 42 a ailíniú le forálacha Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 44 , mar a léirítear i rialacha airgeadais na Gníomhaireachta.

·Foráil a chur isteach maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc

In Airteagal 43, ceanglaítear ar an nGníomhaireacht rialacha inmheánacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

·Baineann Caibidil VI le leasuithe ar ionstraimí eile an Aontais

In Airteagal 46 agus in Airteagal 47, moltar leasuithe a dhéanamh ar ionstraimí reachtacha SIS II chun aistriú chúraimí an Choimisiúin a bhaineann le bonneagar cumarsáide SIS chuig an nGníomhaireacht a léiriú. Ní gá an leasú sin i dtaca leis an Rialachán maidir le VIS ó tharla go bhforáiltear leis an togra maidir le EES go ndéanfar leasú ar Airteagal 26(2) den Rialachán VIS sa mhéid go mbeidh an túdarás bainistíochta (an Ghníomhaireacht) freagrach as cúraimí an Choimisiúin a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le EES. Maidir le Eurodac, ní gá aon athrú ó tharla go gcumhdaítear bonneagar cumarsáide Eurodac le EuroDomain, arna oibriú agus arna mhaoiniú ag an gCoimisiún, agus ní aistreofar aon chúraimí conarthacha ná buiséad, dá bhrí sin, chuig eu-LISA go luath amach anseo. Ar choinníoll go nglacfaidh na comhreachtóirí an ionstraim reachtach, bainfidh an córas ECRIS-TCN úsáid as an mbonneagar EuroDomain agus beidh an Coimisiún freagrach, dá bhrí sin, as cur chun feidhme an bhuiséid, as fáil agus athnuachan agus as ábhair a bhaineann le conarthaí i dtaca le bonneagar cumarsáide ECRIS-TCN.

Tar éis an togra seo a ghlacadh, ba cheart an meabhrán tuisceana idir an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht maidir le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais 45 a leasú trí chomhaontú idir an Coimisiún agus eu-LISA chun na hathruithe thuasluaite ar ionstraimí reachtacha na gcóras maidir leis an mbonneagar cumarsáide a léiriú.



 

2017/0145 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 74, Airteagal 77(2)(a) agus (b), Airteagal 78(2)(e), Airteagal 79(2)(c), Airteagal 82(1)(d), Airteagal 85(1), Airteagal 87(2)(a) agus Airteagal 88(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach( 46 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Bunaíodh Córas Faisnéise Schengen (SIS) le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 47 agus le Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle 48 . Le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/JHA, foráiltear gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach, i rith idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir. Tar éis na hidirthréimhse sin, beidh údarás bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil SIS II Láir agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(2)Bunaíodh an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) le Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle 49 . Le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 50 , foráiltear gurb é an Coimisiún a bheidh freagrach, i rith idirthréimhse, as bainistiú oibríochtúil VIS. Tar éis na hidirthréimhse sin, beidh údarás bainistíochta freagrach as bainistiú oibríochtúil VIS Láir agus na gcomhéadan náisiúnta, agus as gnéithe áirithe den bhonneagar cumarsáide.

(3)Bunaíodh Eurodac le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle 51 . Le Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle 52 leagtar síos rialacha cur chun feidhme riachtanacha. Aisghaireadh na hionstraimí sin agus cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 53 ina nionad le héifeacht ón 20 Iúil 2015.

(4)Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 54 chun bainistiú oibríochtúil SIS, VIS agus Eurodac agus gnéithe áirithe dá mbonneagar cumarsáide a áirithiú agus, go hionchasach, chun bainistiú oibríochtúil córas mórscála teicneolaíochta faisnéise (TF) eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a áirithiú chomh maith, faoi réir ionstraimí reachtacha leithleacha a ghlacadh. Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 chun na hathruithe a cuireadh i bhfeidhm ar Eurodac a léiriú.

(5)Ós rud é go raibh uathriail dlí, riaracháin agus airgeadais de dhíth ar an údarás bainistíochta, bunaíodh é i bhfoirm gníomhaireacht rialála (an Ghníomhaireacht) ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach. De réir mar a comhaontaíodh, is i dTaillinn (an Eastóin) a bunaíodh suíomh na Gníomhaireachta. Ós rud é, áfach, go raibh na cúraimí a bhaineann le forbairt theicniúil agus leis an ullmhúchán i dtaca le bainistiú oibríochtúil SIS agus VIS á gcur i gcrích cheana in Strasbourg (an Fhrainc) agus gur suiteáladh láithreán cúltaca i gcomhair na gcóras TF sin in Sankt Johann im Pongau (an Ostair) i gcomhréir freisin le hionaid na gcóras SIS agus VIS arna gcinneadh faoi na hionstraimí reachtacha ábhartha, ba cheart leanúint den socrú sin. Ba cheart leanúint den dá láithreán sin a úsáid freisin mar na hionaid, faoi seach, ina ndéanfaí na cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil Eurodac a chur i gcrích agus ina mbunófaí láithreán cúltaca i gcomhair Eurodac. Ba cheart an dá láithreán sin a úsáid freisin mar na hionaid, faoi seach, ina ndéanfaí forbairt theicniúil agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus, i gcás ina bhforálfaí amhlaidh san ionstraim ábhartha reachtach, ina mbeadh láithreán cúltaca arb acmhainn dó oibriú córais mórscála TF a áirithiú i gcás ina dtarlódh cliseadh sa chóras sin. Chun an úsáid is mó is féidir a bhaint as an láithreán cúltaca, ba cheart é a bheith d'acmhainn ag an láithreán sin córais a oibriú go comhuaineach i mód gníomhach ar choinníoll go mbeidh sé d'acmhainn aige i gcónaí oibriú na gcóras sin a áirithiú i gcás ina dtarlódh cliseadh iontu.

Ó chuaigh sí i mbun oibre an 1 Nollaig 2012, ghabh an Ghníomhaireacht uirthi féin na cúraimí a bhaineann le VIS a thugtar don údarás bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus le Cinneadh 2008/633/JHA ón gComhairle 55 . Ghabh sí uirthi féin na cúraimí a bhaineann le SIS II a thugtar don údarás bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle tar éis don chóras teacht i bhfeidhm in Aibreán 2013 agus ghabh sí uirthi féin i Meitheamh 2013 na cúraimí maidir le Eurodac a thugtar don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002. Is é tátal na chéad mheastóireachta a rinneadh in 2015–2016 ar obair na Gníomhaireachta bunaithe ar mheastóireacht sheachtrach neamhspleách go náirithíonn eu-LISA ar bhealach éifeachtach bainistiú oibríochtúil na gcóras mórscála TF agus cúraimí eile a chuirtear air ach gur gá, ina theannta sin, roinnt athruithe a dhéanamh ar an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht amhail cúraimí bonneagair cumarsáide atá ar siúl fós ag an gCoimisiún a aistriú chuig an nGníomhaireacht. Ag tógáil dó ar an meastóireacht sheachtrach, chuir an Coimisiún san áireamh forbairtí beartais, dlíthiúla agus fíorasacha agus mhol sé ina Thuarascáil ar fheidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA) 56 go háirithe go ndéanfaí sainordú na Gníomhaireachta a leathnú chun go ndéanfadh sí na cúraimí a eascraíonn as na comhreachtóirí a ghlacadh moltaí lena dtugtar córais nua don Ghníomhaireacht, agus na cúraimí dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 faoi Chórais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil, i dtuarascáil chríochnaitheach de chuid an ghrúpa ardleibhéil saineolaithe an 11 Bealtaine 2017 agus sa seachtú tuarascáil ón gCoimisiún ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis an 16 Bealtaine 2017, faoi réir, nuair is gá sin, na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh. Go háirithe, ba cheart é a chur de chúram ar an nGníomhaireacht tairseach cuardaigh Eorpach, seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí agus stóras coiteann céannachta a fhorbairt, faoi réir an ionstraim reachtach ábhartha maidir le hidir-inoibritheacht a ghlacadh. Nuair is ábhartha, aon bhearta a dhéantar i leith na hidir-inoibritheachta, ba cheart an Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi Straitéis Cur chun Feidhme an Chreata Eorpaigh Idir-inoibritheachta a bheith ina treoir acu 57 .

(6)Tátal eile a baineadh as an tuarascáil réamhráite ón gCoimisiún is ea gur cheart sainordú na Gníomhaireachta a leathnú chun go bhféadfadh sí comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit i ndáil le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais agus le haghaidh cúnamh/tacaíocht ad hoc, nuair is gá sin, mar aon le cúnamh/tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin faoi shaincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais nua.

(7)[Ba cheart, dá bhrí sin, ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, ar córas é a bunaíodh le Rialachán XX/XX an XX [lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011].]

(8){[Ba cheart bainistiú oibríochtúil DubliNet a chur de chúram uirthi, arb éard atá ann slánbhealach leictreonach ar leithligh a cuireadh ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún 58 , i gcomhréir le Rialachán XX/XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach [Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)].

(9)[Ba cheart ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a chur de chúram uirthi, ar córas é a bunaíodh le Rialachán XX/XX [an XX lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/794 agus (AE) 2016/1624].]

(10)[Ba cheart a chur de chúram uirthi ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil an chórais uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/20XX [lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)].

(11)[Ina theannta sin, ba cheart a chur de chúram uirthi ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil an chórais láraithe chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a shainaithint, ar córas é a bunaíodh le Rialachán XX/XX [an XX lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (an córas ECRIS-TCN) mar aon le cothabháil na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS dá dtagraítear sa Rialachán sin.].

(12)Maidir leis an nGníomhaireacht, ba cheart gurbh é an duine dlítheanach céanna é i gcónaí agus go mbeadh leanúnachas iomlán ann ó thaobh a cuid gníomhaíochtaí agus a nósanna imeachta.

(13)Ba cheart gurbh é croí-fheidhm na Gníomhaireachta i gcónaí na cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil na gcóras seo a leanas a dhéanamh: SIS, VIS agus Eurodac, [EES], [DubliNet], [ETIAS], [an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta] agus [an córas ECRIS-TCN] agus, má chinntear amhlaidh, bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach chomh maith as bearta teicniúla a mbeadh gá leo de thoradh na gcúraimí a chuirtear ar an nGníomhaireacht, ar bearta iad nach bhfuil de chineál normatach. Ba cheart na freagrachtaí sin a bheith gan dochar do na cúraimí normatacha a fhorchoimeádtar don Choimisiún amháin nó don Choimisiún agus cúnamh á fháil aige ó choiste sna hionstraimí reachtacha faoi seach lena rialaítear na córais a ndéanann an Ghníomhaireacht bainistiú oibríochtúil orthu. Níl aon údar maith a thuilleadh ag an gCoimisiún a bheith fós i mbun cúraimí áirithe a bhaineann le bonneagar cumarsáide na gcóras agus ba cheart, dá bhrí sin, na cúraimí sin a aistriú chuig an nGníomhaireacht chun cur le comhleanúnachas a bainistíochta. Maidir leis na córais sin a úsáideann EuroDomain, áfach, ar slánbhonneagar cumarsáide é arna chur ar fáil ag TESTA-ng (Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitice idir Riaracháin-glúin nua), ar tionscadal é sin i bhfoirm seirbhís líonraí ar bhonn Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 59 , ba cheart na cúraimí seo a leanas a bheith ar an gCoimisiún fós: cur chun feidhme an bhuiséid, fáil agus athnuachan, agus ábhair a bhaineann le conarthaí.

(14)Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht leanúint de chúraimí a dhéanamh a bhaineann le hoiliúint in úsáid theicniúil SIS, VIS agus Eurodac agus córas mórscála TF eile, ar cúraimí iad a chuirfear faoi chúram na Gníomhaireachta amach anseo.

(15)Thairis sin, d'fhéadfaí freagracht a chur ar an nGníomhaireacht maidir le hullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas breise mórscála TF le linn Airteagal 67 go hAirteagal 89 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm. Níor cheart na cúraimí sin a chur faoi chúram na Gníomhaireachta ach amháin trí bhíthin ionstraimí reachtacha leithleacha a ghlacfaí ina dhiaidh sin, ach measúnú tionchair a dhéanamh sula nglacfaí iad.

(16)Ba cheart sainordú taighde na Gníomhaireachta a leathnú chun gur mhó ab acmhainn di athruithe teicniúla ábhartha agus riachtanacha ar na córais TF faoina freagracht a mholadh ar bhonn níos réamhghníomhaí. Le cois faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí taighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil na gcóras a bhainistíonn sí, d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin freisin. Ba cheart di faisnéis faoin bhfaireachán sin a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar bhonn rialta.

(17)Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith freagrach as treoirthionscadail a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 54(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 60 . Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún cúraimí a chur ar an nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair cruthúnais choincheapa arna gcistiú faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 61 i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí tástála a phleanáil agus a chur chun feidhme freisin a bhaineann le hábhair a chumhdaítear d'áirithe sa Rialachán seo agus sna hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht. Nuair a chuirfear cúram uirthi treoirthionscadal a chur i gcrích, ba cheart don Ghníomhaireacht aird ar leith a thabhairt ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Faisnéise.

(18)Ba cheart don Ghníomhaireacht comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit i ndáil le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais.

(19)Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin tacaíocht ad hoc a chur ar fáil do na Ballstáit nuair is gá sin de thoradh riachtanais urghnácha slándála nó imirce. Go háirithe, i gcás ina mbíonn dúshláin shonracha agus dhíréireacha ó thaobh imirce roimh Bhallstát ag limistéir ar leith dá theorainneacha seachtracha a bhfuil mórphlódú isteach de shreabha imirce mar shaintréith díobh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar athneartuithe teicniúla agus oibríochtúla. Ba cheart d'fhoirne tacaíochta don bhainistiú imirce, foirne ar a bhfuil saineolaithe ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an méid sin a sholáthar sna teophointí. I gcás ina mbeadh gá le tacaíocht ó eu-LISA sa chomhthéacs sin maidir le saincheisteanna a bhaineann leis na córais mhórscála TF a bhainistíonn sé, ba cheart don Choimisiún an iarraidh ar thacaíocht a chur chuig an nGníomhaireacht.

(20)Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin tacú le seirbhísí an Choimisiúin i dtaca le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá ann cheana nó le córais nua, nuair is gá sin, go háirithe agus tograí nua maidir le córais mhórscála TF á nullmhú le cur faoi chúram na Gníomhaireachta.

(21)Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta a chur de chúram ar an nGníomhaireacht córas coiteann TF a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil le haghaidh grúpa Ballstát a bheartaíonn ar bhonn deonach ar réiteach láraithe d'fhonn cuidiú leo gnéithe teicniúla d'oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le córais mhórscála TF díláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Maidir leis sin, ba cheart ceangal a bheith ann formheas roimh ré a fháil ón gCoimisiún mar aon le cinneadh ón mBord Bainistíochta, ba cheart é a léiriú i gcomhaontú tarmligin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht agus ba cheart é a mhaoiniú le ranníocaíocht arna muirearú ar na Ballstáit is ábhartha chun na costais uile a chumhdach.

(22)Maidir le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur faoi chúram na Gníomhaireachta, níor cheart dó sin difear a dhéanamh do na rialacha sonracha is infheidhme maidir leis na córais sin. Go háirithe, tá na rialacha sonracha lena rialaítear an cuspóir, cearta rochtana, bearta slándála agus na ceanglais bhreise um chosaint sonraí maidir le gach córas mórscála TF a bhfuil a bhainistiú oibríochtúil curtha faoi chúram na Gníomhaireachta, tá na rialacha sin infheidhme go huile is go hiomlán.

(23)Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na mBallstát agus thar ceann an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta chun feidhmeanna na Gníomhaireachta a rialú go héifeachtach. Ba cheart na feidhmeanna is gá a chur faoi chúram an Bhoird Bainistíochta go háirithe chun an clár oibre bliantúil a ghlacadh, chun a fheidhmeanna maidir le buiséad na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh, Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus nósanna imeachta a bhunú maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghlacadh cinntí a bhaineann le cúraimí oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba cheart an Ghníomhaireacht a rialú agus a oibriú agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail an chur chuige choitinn maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a ghlac Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún an 19 Iúil 2012.

(24)Maidir le SIS II, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) agus ag an Aonad Eorpach um Chomhar Breithiúnach (Eurojust), a bhfuil ceart rochtana acu araon ar shonraí arna niontráil in SIS II le linn Cinneadh 2007/533/JHA [nó Rialachán XX an XX maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún}] a chur i bhfeidhm, agus a bhfuil ceart acu cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí sin, ba cheart an stádas sin a bheith acu ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, nuair a bheidh ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/JHA ar an gclár oibre. Ba cheart stádas breathnóra a bheith ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, a bhfuil ceart rochtana aige ar shonraí arna niontráil in SIS le linn Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 62 agus Rialachán XXX [maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla] 63 a chur i bhfeidhm, ba cheart stádas breathnóra a bheith aige ar an mBord Bainistíochta nuair a bheidh ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1624 nó Rialachán XXX an XXX [maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla] ar an gclár oibre. Ba cheart an deis a bheith ag Europol, ag Eurojust agus ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach faoi seach ionadaí a cheapadh ar an nGrúpa Comhairleach SIS arna bhunú faoin Rialachán seo.

(25)Maidir le VIS, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol freisin ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/JHA ón gComhairle ar an gclár oibre. Ba cheart an deis a bheith ag Europol ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach VIS arna bhunú faoin Rialachán seo.

(26)Maidir le Eurodac, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [nó Rialachán XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát}] chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)}, nuair a bheidh ceist i ndáil leis sin ar an gclár oibre; ba cheart an deis a bheith ag Europol ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach Eurodac.

(27)[Maidir le EES, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann le Rialachán XX/XXXX [lena mbunaítear EES] ar an gclár oibre.]

(28)[Maidir le ETIAS, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Europol ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann le Rialachán XX/XXXX [lena mbunaítear ETIAS] ar an gclár oibre. Ba cheart stádas breathnóra a bheith ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach freisin ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann le ETIAS i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán XX/XX lena mbunaítear ETIAS ar an gclár oibre. Ba cheart an deis a bheith ag Europol agus ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach faoi seach ionadaí a cheapadh ar an nGrúpa Comhairleach [EES-[ETIAS].

(29)[Maidir leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) …/… [lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], ba cheart stádas breathnóra a bheith ag EASO ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann leis an gcóras sin ar an gclár oibre.]

(30)[Maidir leis an gcóras ECRIS-TCN, ba cheart stádas breathnóra a bheith ag Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] ag cruinnithe an Bhoird Bainistíochta nuair a bheidh ceist a bhaineann le Rialachán XX/XXXX [lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN] ar an gclár oibre}. Ba cheart an deis a bheith ag Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] faoi seach ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach an chórais ECRIS-TCN.

(31)Ba cheart cearta vótála a bheith ag Ballstáit ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta maidir le córas mórscála TF má cheanglaítear iad faoi dhlí an Aontais trí bhíthin aon ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin. Ba cheart cearta vótála a bheith ag an Danmhairg freisin maidir le córas mórscála TF má chinneann sí, faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, an ionstraim reachtach a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, ar ionstraim í lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin.

(32)Ba cheart do Bhallstáit comhalta a cheapadh ar an ngrúpa comhairleach maidir le córas mórscála TF má cheanglaítear iad faoi dhlí an Aontais trí bhíthin aon ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin. Ba cheart don Danmhairg, ina theannta sin, comhalta a cheapadh ar an ngrúpa comhairleach maidir le córas mórscála TF, má chinneann sí faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge an ionstraim reachtach a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta, ar ionstraim í lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais áirithe sin.

(33)Chun a huathriail agus a neamhspleáchas iomlán a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt don Ghníomhaireacht lena ngabhfadh ioncam ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart maoiniú na Gníomhaireachta a bheith faoi réir comhaontú ón údarás buiséadach mar a leagtar amach i bpointe 47 den Chomhaontú Idir-Institiúideach an 17 Bealtaine 2006 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais 64 . Ba cheart nósanna imeachta buiséadacha agus urscaoilte an Aontais a bheith infheidhme. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí na cuntais agus dlíthiúlacht agus rialtacht na nidirbheart is bun leo a iniúchadh.

(34)Chun críche a misean a chomhall agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, ba cheart an deis a bheith ag an nGníomhaireacht dul i gcomhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, go háirithe leo sin atá bunaithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, i dtaobh ábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo agus san ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le dlí agus beartas an Aontais agus faoi chuimsiú a ninniúlachtaí faoi seach. Ba cheart formheas roimh ré ón gCoimisiún a fháil do na socruithe oibre sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht freisin dul i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) maidir le slándáil líonraí, más iomchuí, agus ba cheart di obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin, más iomchuí.

(35)Nuair a bheidh forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF á náirithiú aici, ba cheart don Ghníomhaireacht caighdeáin Eorpacha agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, agus na ceanglais ghairmiúla is airde á gcur san áireamh aici, go háirithe Straitéis an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Faisnéise.

(36)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 65 [nó Rialachán XX/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint sonraí pearsanta le haghaidh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais] maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht. Ba cheart an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheith in ann rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá a bheith aige chun a chuid fiosrúchán a dhéanamh. I gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus thug sé uaidh a thuairim an XX XX.

(37)Chun oibriú trédhearcach na Gníomhaireachta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 66 maidir leis an nGníomhaireacht. Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith chomh trédhearcach agus is féidir maidir lena cuid gníomhaíochtaí, agus fós gan baint amach an chuspóra atá lena cuid oibríochtaí a chur i mbaol. Ba cheart di faisnéis faoina cuid gníomhaíochtaí uile a chur ar fáil go poiblí. Ar an mbealach céanna, ba cheart di a áirithiú go dtabharfar faisnéis faoina cuid oibre go mear don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar.

(38)Ba cheart gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith faoi réir ghrinnscrúdú an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

(39)Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 67 maidir leis an nGníomhaireacht, agus ba cheart di aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 68 .

(40)Chun coinníollacha fostaíochta oscailte trédhearcacha a áirithiú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le daoine den fhoireann, ba cheart feidhm a bheith ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh ("na Rialacháin Foirne") agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ("na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile") a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 69 (dá ngairtear le chéile "na Rialacháin Foirne"), maidir leis an bhfoireann (lena náirítear Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta), lena náirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta.

(41)Is comhlacht arna bhunú ag an Aontas de réir bhrí Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 í an Ghníomhaireacht agus ba cheart di a rialacha airgeadais a ghlacadh dá réir sin.

(42)Ba cheart feidhm maidir leis an nGníomhaireacht a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún 70 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

(43)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon Gníomhaireacht a bhunú ar leibhéal an Aontais, ar gníomhaireacht í a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil, agus, más iomchuí, as forbairt córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ós rud é gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an bhirt, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus VIS, [EES] [agus ETIAS] le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta a ghlacfar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é. I gcomhréir le hAirteagal 3 den Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh sa Danmhairg nó in aon Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus arna taisceadh in "Eurodac" chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg chun Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtach 71 , ní mór don Danmhairg fógra a thabhairt don Choimisiún á rá an ndéanfaidh sí inneachar an Rialacháin seo a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann sé le Eurodac. [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)]. [A mhéid a bhaineann sé leis an gcóras ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(45)A mhéid a bhaineann forálacha an Rialacháin seo le SIS arna rialú ag Cinneadh 2007/533/JHA, tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Prótacal maidir le acquis Schengen) agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000, maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 72 .

A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS arna rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus a mhéid a bhaineann siad le VIS, [le EES] [agus le ETIAS], is é atá sa Rialachán seo forbairtí ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE, féadfaidh an Ríocht Aontaithe a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle go núdarófaí di a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal maidir le acquis Schengen. Ar a bharr sin, a mhéid a bhaineann a chuid forálacha le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt d'Uachtarán na Comhairle gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (Prótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann). A mhéid a bhaineann a chuid forálacha leis an gcóras ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

Ós rud é gur thug an Ríocht Aontaithe fógra an 29 Márta 2017 go bhfuil sé de rún aici an tAontas a fhágáil, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar nó, dá uireasa sin, dhá bhliain tar éis an fhógra, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh ama a chur leis an tréimhse sin. Dá bharr sin, agus gan dochar d'aon fhorálacha sa chomhaontú um tharraingt siar, beidh feidhm ag an tuairisc thuasluaite ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa togra go dtí go scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát, agus go dtí an uair sin amháin.

(46)A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS II arna rialú ag Cinneadh 2007/533/JHA, tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Prótacal maidir le acquis Schengen) agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002, maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen 73 .

A mhéid a bhaineann a chuid forálacha le SIS arna rialú le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus a mhéid a bhaineann siad le VIS, [le EES] [agus le ETIAS], is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen 74 . Féadfaidh Éire a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle go núdarófaí di a bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal maidir le acquis Schengen.

Ar a bharr sin, a mhéid a bhaineann a chuid forálacha le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], féadfaidh Éire fógra a thabhairt d'Uachtarán na Comhairle gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Prótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann). A mhéid a bhaineann a chuid forálacha leis an gcóras ECRIS-TCN, i gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo, agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, féadfaidh Éire fógra a thabhairt gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo.

(47)Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus VIS, [le EES] [agus le ETIAS], forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen 75 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, pointe B agus pointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin 76 . Maidir le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], is é atá sa Rialachán seo beart nua de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua 77 . Dá thoradh sin, agus faoi réir a gcinnidh é a chur chun feidhme ina ndlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireachtaí Phoblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun rialacha mionsonraithe breise a chinneadh lena gceadófaí do Phoblacht na hÍoslainne agus do Ríocht na hIorua a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na Stáit sin.

(48)Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus VIS, [le EES] [agus le ETIAS], forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen 78 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, pointe B agus pointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle 79 . Maidir le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], is é atá sa Rialachán seo beart nua a bhaineann le Eurodac de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó i gCónaidhm na hEilvéise 80 . Dá thoradh sin, agus faoi réir a cinnidh é a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach, ba cheart do thoscaireacht Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun rialacha mionsonraithe breise a chinneadh lena gceadófaí do Chónaidhm na hEilvéise a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Cónaidhm na hEilvéise.

(49)Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo, a mhéid a bhaineann sé le SIS II agus VIS, [le EES] [agus le ETIAS], forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen 81 a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe A, pointe B agus pointe G d'Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 82 . Maidir le Eurodac, [agus an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dtagraítear dóibh in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú)], is é atá sa Rialachán seo beart nua de réir bhrí an Phrótacail idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis 83 . Dá thoradh sin, ba cheart do thoscaireacht Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chun rialacha mionsonraithe breise a chinneadh lena gceadófaí do Phrionsacht Lichtinstéin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, ba cheart socrú breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Prionsacht Lichtinstéin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
ÁBHAR

Airteagal 1
Ábhar

1.Baineann an Rialachán seo leis an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (an Ghníomhaireacht) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011;

2.Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar Chóras Faisnéise Schengen (SIS), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus ar Eurodac.

3.Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil [an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES)] 84 , [DubliNet] 85 , [Chóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS)] 86 , [an chórais uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta] 87 , agus [an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS 88 ].

4.Féadfar a chur de chúram ar an nGníomhaireacht ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais cé is moite de na córais sin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lena náirítear córais atá i bhfeidhm cheana, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le hionstraimí reachtacha ábhartha, arna mbunú ar Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE, agus sa chás sin amháin, agus na forbairtí i dtaighde dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo agus torthaí na dtreoirthionscadal agus na gcruthúnas coincheapa dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo á gcur san áireamh, más iomchuí.

5.Is éard a bheidh sa bhainistiú oibríochtúil, na cúraimí uile is gá chun feidhmiú córas mórscála TF a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na forálacha sonracha is infheidhme maidir le gach ceann acu, lena náirítear freagracht as an mbonneagar cumarsáide a úsáideann na córais. Ní dhéanfaidh na córais mhórscála TF sin sonraí a mhalartú ná ní chumasóidh siad roinnt faisnéise ná eolais, mura bhforáiltear amhlaidh i mbunús dlí sonrach.

6.Beidh an méid seo a leanas de chúram ar an nGníomhaireacht freisin:

cáilíocht sonraí a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 8;

na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 9;

gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10;

treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11, agus

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 12.

Airteagal 2 
Cuspóirí

Gan dochar do fhreagrachtaí ábhartha an Choimisiúin agus na mBallstát faoi na hionstraimí reachtacha lena rialaítear córais mhórscála TF, áiritheoidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)forbairt córas mórscála TF trí úsáid a bhaint as struchtúr leordhóthanach um bainistíocht tionscadal chun córais mhórscála TF a fhorbairt go héifeachtúil;

(b)oibriú éifeachtach slán leanúnach córas mórscála TF;

(c)bainistiú éifeachtach agus cuntasach ó thaobh airgeadais ar chórais mhórscála TF;

(d)cáilíocht seirbhíse sách ard i gcomhair úsáideoirí córas mórscála TF;

(e)leanúnachas agus seirbhís gan bhriseadh;

(f)ardleibhéal cosanta sonraí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena náirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;

(g)leibhéal iomchuí slándála sonraí agus slándála fisiciúla, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena náirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;

CAIBIDIL II
CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3 
Cúraimí a bhaineann le SIS

I ndáil le SIS II, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)na cúraimí arna dtabhairt don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/JHA [nó le Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006; le Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún agus le Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais];

(b)cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil SIS II, go háirithe i gcomhair fhoireann SIRENE (SIRENE — Iarraidh ar Fhaisnéis fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta) agus oiliúint saineolaithe ar ghnéithe teicniúla SIS II faoi chuimsiú mheastóireacht Schengen.

Airteagal 4 
Cúraimí a bhaineann le VIS

I ndáil le VIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)na cúraimí arna dtabhairt don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus le Cinneadh 2008/633/JHA;

(b)cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil VIS.

Airteagal 5 
Cúraimí a bhaineann le Eurodac

I ndáil le Eurodac, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [nó le Rialachán XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach [Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)];

(b)cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil Eurodac.

[Airteagal 5a
Cúraimí a bhaineann le EES

I ndáil le EES, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)    na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an X.X.X. lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (COM(2016) 194 final – 2016/0106 COD];

(b)    cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES.]

[Airteagal 5b
Cúraimí a bhaineann le ETIAS

 I ndáil le ETIAS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)    na cúraimí arna dtabhairt di le [Rialachán (AE) XXX/20XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/794 agus (AE) 2016/1624 (COM(2016) 731 final – 2016/0357 (COD)];

(b)    cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil ETIAS.]

[Airteagal 5c
Cúraimí a bhaineann le DubliNet

I ndáil le DubliNet, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)    na cúraimí arna dtabhairt di le [Rialachán (AE) Uimh. XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach [Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)(COM(2016) 272 final – 2016/0132 (COD)];

(b)    cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil DubliNet.]

[Airteagal 5d
Cúraimí a bhaineann leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

I ndáil leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) XX/20XX [lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) COM(2016) 270 final – 2016/0133(COD)], déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)    na cúraimí arna dtabhairt di leis an Rialachán [lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) COM(2016) 270 final -2016/0133(COD)];

(b)    cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil an chórais uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.]

[Airteagal 5e
Cúraimí a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN

I ndáil leis an gcóras ECRIS-TCN, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)    na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán XX/XXX [lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (an córas ECRIS-TCN), lena náirítear na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS a fhorbairt a thuilleadh agus a chothabháil.];

(b)    cúraimí maidir le hoiliúint a thabhairt ar úsáid theicniúil an chórais ECRIS-TCN agus na mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.]

Airteagal 6
Cúraimí a bhaineann le hullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil

córas mórscála TF eile

Nuair a chuirtear ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil na gcóras eile mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de chúram ar an nGníomhaireacht, déanfaidh sí na cúraimí arna dtabhairt di de bhun na hionstraime reachtaí lena rialaítear an córas ábhartha, mar aon leis na cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil na gcóras sin, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 7
Cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide

1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí ar fad a bhaineann le bonneagair chumarsáide na gcóras arna noibriú ag an nGníomhaireacht arna dtabhairt dó leis na hionstraimí reachtacha a rialaíonn na córais mhórscála TF arna noibriú ag an nGníomhaireacht, cé is moite de na córais sin a úsáideann EuroDomain le haghaidh a mbonneagair cumarsáide agus a mbeidh an Coimisiún freagrach astu maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, fáil agus athnuachan agus ábhair a bhaineann le conarthaí. De réir na nionstraimí reachtacha lena rialaítear na córais a úsáideann EuroDomain 89 , déantar na cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide (lena náirítear an bainistiú oibríochtúil agus slándáil) a roinnt idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir feidhmiú a gcuid freagrachtaí ábhartha, rinneadh socruithe oibre oibríochtúla idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún agus tá siad leagtha síos i Meabhrán Tuisceana.

2.Déanfar an bonneagar cumarsáide a bhainistiú agus a rialú go leordhóthanach chun é a chosaint ar bhagairtí, agus chun a shlándáil agus slándáil na gcóras mórscála TF atá faoi chúram na Gníomhaireachta a áirithiú, lena náirítear slándáil sonraí a mhalartaítear tríd an mbonneagar cumarsáide.

3.Glacfaidh an Ghníomhaireacht, inter alia, bearta iomchuí lena náirítear pleananna slándála chun léitheoireacht neamhúdaraithe, cóipeáil neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc le linn aistrithe sonraí pearsanta nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí bhíthin teicnící criptiúcháin iomchuí. Aon fhaisnéis oibríochtúil a bhaineann leis an gcóras atá i gcúrsaíocht sa bhonneagar cumarsáide, déanfar í a chriptiú.

4.Féadfar cúraimí a bhaineann le bainistiú oibríochtúil an bhonneagair cumarsáide a chur ar eintitis sheachtracha de chuid na hearnála príobháidí nó ar chomhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Ina leithéid de chás, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 3 ina gceangal ar an soláthróir líonra agus ní bheidh rochtain aige, in aon slí, ar shonraí oibríochtúla na gcóras seo: SIS II, VIS, Eurodac, [EES], [ETIAS], [an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta] [nó an córas ECRIS-TCN], ná ar an malartú SIRENE a bhaineann le SIS II.

5.Gan dochar do na conarthaí atá ann cheana le haghaidh bonneagair chumarsáide SIS II, VIS agus Eurodac, fanfaidh bainistiú na neochracha criptiúcháin faoi inniúlacht na Gníomhaireachta agus ní dhéanfar é a eisfhoinsiú chuig aon eintiteas seachtrach de chuid na hearnála príobháidí.

Airteagal 8
Cáilíocht sonraí

Rachaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhar leis an gCoimisiún, i mbun oibre chun sásraí uathoibrithe rialaithe maidir le cáilíocht sonraí agus táscairí coiteanna maidir le cáilíocht sonraí a bhunú i gcás gach córais atá faoi fhreagracht oibríochtúil na Gníomhaireachta, agus maidir le lárstóras a fhorbairt le haghaidh tuairisciú agus staidrimh, faoi réir leasuithe reachtacha sonracha arna ndéanamh ar na hionstraimí a bhaineann leis na córais atá ann cheana agus/nó arna ndéanamh ar fhorálacha sonracha in ionstraimí nua.

Airteagal 9
Idir-inoibritheacht

Forbróidh an Ghníomhaireacht freisin na bearta is gá chun idir-inoibritheacht na gcóras a chumasú faoi réir na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh, nuair is gá.

Airteagal 10
Faireachán a dhéanamh ar thaighde
 

1.Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí atá déanta i gcúrsaí taighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil na gcóras seo: SIS II, VIS, Eurodac, [EES], [ETIAS], [an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta], [an córas ECRIS-TCN], agus do bhainistiú oibríochtúil córas mórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(4).

2.Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuidiú chun na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le córais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme. Chun na críche sin, agus i gcás ina ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici, beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

(a)bainistiú ar chuid de chéimeanna cur chun feidhme an chláir, agus ar chuid de na céimeanna i saolré tionscadal áirithe ar bhonn na gclár oibre ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún;

(b)na hionstraimí forghníomhúcháin buiséid agus na hionstraimí ioncaim agus caiteachais a ghlacadh, agus na hoibríochtaí uile is gá a dhéanamh chun an clár a bhainistiú;

(c)tacaíocht a chur ar fáil chun an clár a chur chun feidhme.

3.Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus i gcásanna a bhaineann le saincheisteanna i ndáil le cosaint sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a choimeád ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis na forbairtí dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 11
Treoirthionscadail
, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála

1.Arna iarraidh sin go sonrach beacht don Choimisiún tar éis dó Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas trí mhí roimh ré ar a laghad, agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh, féadfaidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir le hAirteagal 15(1)(u) den Rialachán seo, treoirthionscadail a chur i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le forbairt nó bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF, i gcur i bhfeidhm Airteagal 67 go hAirteagal 89 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, trí bhíthin comhaontú tarmligin.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus, i gcásanna a bhaineann le saincheisteanna i ndáil le cosaint sonraí, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a choimeád ar an eolas ar bhonn rialta maidir le forbairt na dtreoirthionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.Maidir le leithreasuithe airgeadais i gcomhair treoirthionscadal dá dtagraítear in Airteagal 54(2)(a) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 arna iarraidh don Choimisiún, ní dhéanfar iad a iontráil sa bhuiséad i leith níos mó ná dhá bhliain airgeadais as a chéile.

3.Arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh, féadfar cúraimí a chur ar an nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcás cruthúnais choincheapa arna maoiniú faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 i gcomhréir le hAirteagal 58(1)(c) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 trí bhíthin comhaontú tarmligin.

4.Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí tástála a phleanáil agus a chur chun feidhme a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo agus sna hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht, tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh.

Airteagal 12
Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún

1.Féadfar a iarraidh ar an nGníomhaireacht comhairle a chur ar na Ballstáit i ndáil le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais agus tacaíocht ad hoc a chur ar fáil do na Ballstáit. Cuirfear na harrataí ar thacaíocht ad hoc faoi bhráid an Choimisiúin a tharchuirfidh chuig an nGníomhaireacht iad. Féadfar iarraidh uirthi freisin comhairle nó tacaíocht a chur ar fáil don Choimisiún maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá i bhfeidhm cheana nó córais nua, lena náirítear trí bhíthin staidéar agus tástála.

2.Féadfaidh grúpa sé Bhallstát ar a laghad a chur de chúram ar an nGníomhaireacht freisin córas TF coiteann a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil, grúpa a bheartaíonn ar bhonn deonach ar réiteach láraithe d'fhonn cuidiú leo gnéithe teicniúla d'oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn ó reachtaíocht an Aontais maidir le córais mhórscála TF díláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, faoi réir formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh. Sa chás sin, cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann na cúraimí sin ar an nGníomhaireacht trí bhíthin comhaontú tarmligin lena náirítear na coinníollacha maidir leis an tarmligean agus lena leagfar amach ríomh na gcostas ábhartha agus an modh sonrascaithe.

CAIBIDIL III
STRUCHTÚR AGUS EAGRÚ

Airteagal 13
Stádas dlí
agus suíomh

1.Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici

2.I ngach ceann de na Ballstáit, tabharfar don Ghníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina páirtí in imeachtaí dlí.

3.Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.

4.Is i dTaillinn, an Eastóin, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Is in Strasbourg, an Fhrainc, a rachfar i mbun na gcúraimí a bhaineann leis an bhforbairt agus an bainistiú oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1(3) agus (4) agus in Airteagail 3, 4, 5 [5a], [5b], [5c], [5d], [5e], 6 agus 7.

I gcás ina ndéantar foráil maidir le láithreán cúltaca nó dara láithreán teicniúil sna hionstraimí reachtacha a bhaineann le gach ceann de na córais a fhorbairt, a bhunú agus a oibriú, déanfar an láithreán sin a bhunú in Sankt Johann im Pongau, an Ostair.

5.Is féidir an dá láithreán theicniúla a úsáid go comhuaineach le haghaidh oibriú gníomhach na gcóras mórscála TF ar choinníoll go mbeadh sé d'acmhainn ag an dara láithreán oibriú na gcóras sin a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar cheann amháin nó níos mó de na córais sin. Ní féidir tuilleadh láithreán teicniúil a bhunú gan an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 14
Struchtúr

1.Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a)Bord Bainistíochta;

(b)Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)Grúpaí Comhairleacha.

2.Áireofar mar chuid de struchtúr na Gníomhaireachta:

(a)Oifigeach Cosanta Sonraí;

(b)Oifigeach Slándála;

(c)Oifigeach Cuntasaíochta.

Airteagal 15
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a)gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a threorú go ginearálta;

(b)buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vótála, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil V;

(c)an Stiúrthóir Riaracháin a cheapadh agus, más iomchuí, síneadh a chur lena théarma oifige nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 22;

(d)údarás araíonachta a fheidhmiú maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maoirseacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht, lena náirítear cur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta;

(e)gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúir eagraíochtúil na Gníomhaireachta agus maidir le modhnú an struchtúir sin, más gá, ag cur san áireamh riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ag féachaint do bhainistiú buiséadach fónta;

(f)beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh;

(g)rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta a bhunú;

(h)straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus sochair na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(i)rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí;

(j)tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 37;

(k)tar éis dó moladh a fháil ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta, agus na comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus na láithreáin chúltaca arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 13(4) atá le síniú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gcomhar leis na Ballstáit óstacha, na comhaontuithe sin a fhormheas;

(l)maidir le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, a thugtar sna Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá cumhachtaithe chun conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích ("cumhachtaí an údaráis ceapacháin");

(m)i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(n)na rialacha is gá a ghlacadh maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht;

(o)dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta a ghlacadh, lena náirítear an plean bunaíochta sealadach, agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain;

(p)an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain ina dhiaidh sin agus dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta a ghlacadh, lena náirítear an plean bunaíochta sealadach, agus an doiciméad sin mar aon le haon leagan nuashonraithe de a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain;

(q)roimh an 30 Samhain gach bliain, an doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil, tar éis tuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, agus a áirithiú go gcuirfear an leagan cinntitheach den doiciméad clársceidealaithe aonair sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é;

(r)tuarascáil eatramhach a ghlacadh faoi dheireadh Lúnasa gach bliain ar dhul chun cinn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe an bhliain sin, agus í a chur faoi bhráid an Choimisiúin;

(s)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta an bhliain roimhe sin a mheas agus a ghlacadh ag cur i gcomparáid, go háirithe, na torthaí arna mbaint amach maidir le cuspóirí an chláir oibre bhliantúil agus an tuarascáil agus an measúnú uirthi a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Chúirt na nIniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain; foilseofar an tuarascáil bhliantúil sin ar ghníomhaíochtaí;

(t)a feidhmeanna a dhéanamh maidir le buiséad na Gníomhaireachta, lena náirítear na treoirthionscadail agus na cruthúnais choincheapa dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur chun feidhme;

(u)na rialacha airgeadais a ghlacadh is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 44;

(v)oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus faoi réir na gCoinníollacha Fostaíochta, a bheidh neamhspleách ar fad i gcomhlíonadh a chuid dualgas, agus féadfaidh sé gurb é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin atá i gceist;

(w)obair leantach leordhóthanach a dhéanamh maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as na tuarascálacha iniúchóireachta agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-chalaoise (OLAF);

(x)na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 30(4) a ghlacadh agus iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(y)na bearta slándála is gá a ghlacadh, lena náirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, agus na moltaí a d'fhéadfadh teacht ó na saineolaithe slándála atá sna Grúpaí Comhairleacha á gcur san áireamh;

(``)na rialacha slándála a ghlacadh maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún;

(aa)oifigeach slándála a cheapadh;

(bb)oifigeach cosanta sonraí a cheapadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001;

(cc)na rialacha sonraithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme;

(dd)[na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX lena mbunaítear EES] [na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ETIAS de bhun Airteagal 81(2) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX lena mbunaítear ETIAS];

(ee)[na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an chórais ECRIS-TCN de bhun Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) XX/XX lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN.];

(ff)na tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS II de bhun Airteagal 50(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(4) de Chinneadh 2007/533/JHA faoi seach, [nó Airteagal 54(7) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 71(7) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún] agus maidir le VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/JHA, [maidir le EES de bhun Airteagal 64(4) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX agus maidir le ETIAS de bhun Airteagal 81(4) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX, agus maidir leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) XX/XXX;

(gg)an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí lárchóras Eurodac a ghlacadh de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [nó Airteagal 42 de Rialachán XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach [Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)];

(hh)barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí a rinneadh de bhun Airteagal 45(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, [Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) XX/XX an XXX (lena mbunaítear EES)] agus [Airteagal 57 de Rialachán (AE) XX/XX an XXX (lena mbunaítear ETIAS)] agus [Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) XX/XXXX) (lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN)], agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;

(ii)staidreamh a bhaineann le SIS II a fhoilsiú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(3) de Chinneadh 2007/533/JHA faoi seach;

(jj)staidreamh a thiomsú agus a fhoilsiú ar obair lárchóras Eurodac de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 [nó de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán XX an XX maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach [Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát], chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú)];

(kk)[staidreamh a fhoilsiú a bhaineann le EES de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XX lena mbunaítear EES;]

(ll)[staidreamh a fhoilsiú a bhaineann le ETIAS de bhun Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/XX lena mbunaítear ETIAS;]

(mm)[staidreamh a fhoilsiú a bhaineann leis an gcóras ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 30 de Rialachán Uimh. XXXX/XX;]

(nn)foilsiú bliantúil liosta na núdarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II de bhun Airteagal 31(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 46(8) de Chinneadh 2007/533/JHA a áirithiú, mar aon le liosta oifigí chórais náisiúnta SIS II (N.SIS II) agus na mbiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus in Airteagal 7(3) de Chinneadh 2007/533/JHA faoi seach [nó de bhun Airteagal 36(8) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus in Airteagal 53(8) de Rialachán XX an XX maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún mar aon le liosta oifigí chórais náisiúnta SIS II (N.SIS II) agus na mbiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, agus Airteagal 7(3) de Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla faoi seach; [mar aon le liosta na núdarás inniúil de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX lena mbunaítear EES]; [liosta na núdarás inniúil de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. XX/XXXX lena mbunaítear ETIAS] agus [liosta na núdarás inniúil de bhun Airteagal 32 de Rialachán Uimh. XX/XXX lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN];

(oo)foilsiú bliantúil liosta na naonad á áirithiú de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;

(pp)a áirithiú go nurramaíonn cinntí agus gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a dhéanfaidh difear do chórais IT ar leibhéal na hEorpa sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, go nurramaíonn siad prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna;

(qq)aon chúraimí eile a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá sin mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

3.Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige le forbairt nó le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde, treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála.

Airteagal 17
Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún, agus ceart vótála acu ar fad, a bheidh ar an mBord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 20.

2.Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus é as láthair. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn leibhéal ard a dtaithí ábhartha agus a saineolais ábhartha i réimse na gcóras mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ar bhonn a gcuid eolais i dtaca le cosaint sonraí, ag cur san áireamh a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a nionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an bhoird a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

3.Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha agus féadfar síneadh a chur leis. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtréimhse oifige nó i gcás ina néireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí in oifig go ndéanfar a gceapachán a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina nionad.

4.Tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Ceapfaidh gach tír ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin le bheith ar an mhord Bainistíochta.

Airteagal 18
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach as measc na gcomhaltaí sin den Bhord Bainistíochta arna gceapadh ag na Ballstáit atá faoi cheangal go hiomlán ag dlí an Aontais trí bhíthin ionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leaschathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil cearta vótála acu.

Glacfaidh an Leaschathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, má tharlaíonn sé nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas a chomhlíonadh.

2.Mairfidh tréimhse oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh ceithre bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 19
Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.Is é an Cathaoirleach a dhéanfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a thionól.

2.Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

4.Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/JHA, a bheith ar an gclár oibre. [Féadfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le SIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1624 nó Rialachán (AE) XXX an XXX 90 , a bheith ar an gclár oibre]. Ina theannta sin, féadfaidh Europol freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/JHA, nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a bheith ar an gclár oibre. [Féadfaidh Europol freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin nuair a bheidh ceist a bhaineann le EES, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear EES), ar an gclár oibre nó nuair a bheidh ceist a bhaineann le ETIAS, i ndáil le Rialachán (AE) XX/XXXX (lena mbunaítear ETIAS), ar an gclár oibre. Féadfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bhaineann le ETIAS, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán XX/XX an XXX, a bheith ar an gclár oibre.] [Féadfaidh an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) freastal, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bheith ar an gclár oibre a bhaineann leis an gcóras uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don sásra um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 de Rialachán (AE) lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) COM(2016) 270 final–2016/0133(COD).] [Féadfaidh Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, ach ceist a bheith ar an gclár a bhaineann le Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (an córas ECRIS-TCN).] Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine eile freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir, ar duine é a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise.

5.Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe ar comhaltaí iad de na Grúpaí Comhairleacha cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus dá gcomhaltaí malartacha, faoi réir rialacha nós imeachta an Bhoird.

6.Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 20
Rialacha vótála
an Bhoird Bainistíochta

1.Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo ná d’Airteagal 15(1)(b) ná d’Airteagal 22(1) agus (8), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta le tromlach dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu.

2.Gan dochar do mhír 3, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. In éagmais comhalta a bhfuil ceart vótála aige, beidh a chomhalta malartach i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

3.Maidir le gach comhalta arna cheapadh ag Ballstát atá faoi cheangal ag dlí an Aontais trí bhíthin aon ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais mórscála TF arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht, féadfaidh an comhalta sin vótáil ar cheist a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

Féadfaidh an Danmhairg vótáil ar cheist a bhaineann le córas mórscála TF den chineál sin, más rud é go gcinneann sí faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge an ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

4.I gcás easaontú idir comhaltaí i dtaobh an ndéanann vóta difear do chóras mórscála TF ar leith, aon chinneadh lena socraítear nach ndéantar difear dó amhlaidh, déanfar sin le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

5.Glacfaidh an Cathaoirleach páirt sa vótáil.

6.Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

7.Bunófar le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon riachtanais maidir le córam, más iomchuí.

Airteagal 21
Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta agus tabharfaidh sé chúnamh dó. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.

2.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

3.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a)riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b)oibríocht na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)na nósanna imeachta, na cinntí, na straitéisí, na cláir agus na gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus leis an dlí is infheidhme;

(d)an doiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(e)an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(f)an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(g)plean gníomhaíochta a ullmhú a leanfaidh ó chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frithchalaoise (OLAF), agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn rialta, maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta;

(h)leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OLAF, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(i)straitéis frith-chalaoise a ullmhú don Ghníomhaireacht agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;

(j)dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(k)an buiséad i gcomhair na bliana atá le teacht a ullmhú, arna bhunú ar bhonn buiséadú de réir gníomhaíochta;

(l)dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú;

(m)a buiséad a chur chun feidhme;

(n)córas éifeachtach a bhunú agus a chur chun feidhme lena bhféadfar faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(i) córais mhórscála TF, lena náirítear córais staidrimh; agus

(ii) an Ghníomhaireacht, lena náirítear a cuspóirí a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil;

(o)gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/JHA, Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a chomhlíonadh; [Airteagal 34(4) de Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear EES), [Airteagal 64(2) de Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear ETIAS)] agus [Airteagal 11(16) de Rialachán XX/XXXX (lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN).];

(p)comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus comhaontuithe maidir le láithreáin theicniúla agus láithreáin chúltaca a chaibidliú agus, tar éis don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, na comhaontuithe sin a shíniú le Rialtais na mBallstát óstach.

(q)na socruithe praiticiúla a dhéanamh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme agus chun iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(r)na bearta slándála is gá a ullmhú, lena náirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(s)tuarascálacha a ullmhú ar fheidhmiú teicniúil gach córais mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(ff) agus an tuarascáil bhliantúil ar gníomhaíochtaí lárchóras Eurodac dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(gg), ar bhonn na dtorthaí a thagann ón bhfaireachán agus ón meastóireacht, agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(t)[na tuarascálacha a ullmhú ar fhorbairt EES dá dtagraítear in Airteagal 64(2) de Rialachán XX/XXX [lena mbunaítear ESS] agus ar fhorbairt ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 81(2) de Rialachán XX/XXXX [lena mbunaítear ETIAS], an tuarascáil ar fhorbairt an chórais ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 34(3) de Rialachán XX/XXXX [lena mbunaítear an córas ECRIS-TCN] agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;]

(u)liosta bliantúil na núdarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II a ullmhú lena fhoilsiú, lena náirítear liosta na noifigí N.SIS II agus na mBiúrónna SIRENE [agus liosta na núdarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in EES, ETIAS agus an córas ECRIS-TCN] dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(nn) agus liosta na naonad dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(oo) agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh.

4.Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon chúraimí eile a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.    Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó chun críche cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil éifeachtach. Sula gcinnfidh sé oifig áitiúil a chur ar bun, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ó na Ballstáit lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha, agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a dhéanamh faoi dhó. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a dhéantar ar láithreáin theicniúla a dhéanamh in oifig áitiúil.

Airteagal 22
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1.Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta iarrthóirí a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Sa nós imeachta roghnúcháin sin, déanfar foráil maidir le glao ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntas pearsanta, taithí i réimse córas mórscála TF, scileanna riaracháin, airgeadais agus bainistíochta agus eolas faoi chosaint sonraí. Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.

2.Sula gceapfar é, iarrfar ar an iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil (choistí inniúla) Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na gcoistí a fhreagairt. Tar éis an ráitis, glacfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim lena leagfar amach a dearcadh i dtaobh an iarrthóra arna roghnú agus cuirfidh sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta í. Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin mbealach inar cuireadh an tuairim sin san áireamh. Caithfear leis an tuairim mar thuairim phearsanta a bheidh faoi rún go dtí go gceapfar an tiarrthóir.

3.Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a chuirfidh san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo.

4.Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 3 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéad.

5.Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh de mhí amháin roimh an síneadh sin, iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil (choistí inniúla) Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na gcoistí a fhreagairt.

6.Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

7.Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

8.Is le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

9.Chun críche an conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, is é Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a dhéanfaidh ionadaíocht ar an nGníomhaireacht. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 23
Grúpaí Comhairleacha

1.Soláthróidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas don Bhord Bainistíochta saineolas a bhaineann le córais mhórscála TF, go háirithe agus a gclár oibre bliantúil agus a dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí á nullmhú acu:

(a)Grúpa Comhairleach SIS II;

(b)Grúpa Comhairleach VIS;

(c)Grúpa Comhairleach Eurodac;

(d)Grúpa Comhairleach [EES-][ETIAS];

(e)[Grúpa Comhairleach an chórais ECRIS-TCN];

(f)aon Ghrúpa Comhairleach eile a bhaineann le córas mórscála TF i gcás ina bhforáiltear dó san ionstraim reachtach ábhartha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin.

2.Gach Ballstát atá faoi cheangal ag dlí an Aontais trí bhíthin ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais mórscála TF áirithe, mar aon leis an gCoimisiún, ceapfaidh siad comhalta amháin don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin ar feadh téarma ceithre bliana, ar téarma é a fhéadfar a athnuachan uair amháin.

Ceapfaidh an Danmhairg comhalta freisin do Ghrúpa Comhairleach a bhaineann le córas mórscála TF, más rud é go gcinneann sí, faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, an ionstraim reachtach lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF áirithe sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

Gach tír atá comhlachaithe le acquis Schengen, le bearta a bhaineann le Eurodac agus le bearta a bhaineann le córais mórscála TF eile a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus atá rannpháirteach i gcóras mórscála TF faoi leith, déanfaidh sí comhalta a cheapadh don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

3.Féadfaidh Europol agus Eurojust [agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach] ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach SIS II. Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh do Ghrúpaí Comhairleacha VIS agus Eurodac [agus EES/ETIAS]. Féadfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach EES/ETIAS freisin.] [Féadfaidh Eurojust, Europol [agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh] ionadaí a cheapadh do Ghrúpa Comhairleach an chórais ECRIS-TCN freisin.]

4.Ní bheidh comhaltaí den Bhord Bainistíochta ná a gcomhaltaí malartacha ina gcomhaltaí d'aon cheann de na Grúpaí Comhairleacha. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ionadaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i dteideal freastal ar chruinnithe uile na nGrúpaí Comhairleacha mar bhreathnóirí.

5.Leagfar síos na nósanna imeachta maidir le hoibriú agus comhar na nGrúpaí Comhairleacha i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta.

6.Agus tuairim á hullmhú acu, déanfaidh comhaltaí gach Grúpa Comhairleach a ndícheall teacht ar chomhdhearcadh. Mura féidir teacht ar chomhdhearcadh sa chás sin, is éard a bheidh sa tuairim seasamh réasúnaithe thromlach na gcomhaltaí. Déanfar an seasamh (na seasaimh) réasúnaithe mionlaigh a thaifeadadh freisin. Beidh feidhm ag Airteagal 20(3) agus (4) dá réir sin. Na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh cead acu tuairimí a chur in iúl maidir le saincheisteanna nach bhfuil siad i dteideal vótáil orthu.

7.Gach Ballstát agus gach tír atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt déanfaidh sé gníomhaíochtaí na nGrúpaí Comhairleacha a éascú.

8.Maidir le cathaoirleacht na nGrúpaí Comhairleacha, beidh feidhm ag Airteagal 18 mutatis mutandis.

CAIBIDIL IV
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 24
An fhoireann

1.Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir le foireann na Gníomhaireachta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh.

2.Chun críche na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme, measfar gur gníomhaireacht an Ghníomhaireacht de réir bhrí Airteagal 1a(2) de na Rialacháin Foirne.

3.Beidh oifigigh, foireann shealadach nó foireann ar conradh ar fhoireann na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta a thoiliú ar bhonn bliantúil i gcás ina dtiocfaidh na conarthaí a mbeidh sé beartaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a athnuachan chun bheith ina gconarthaí tréimhse éiginnte de bhun na gCoinníollacha Fostaíochta.

4.Ní earcóidh an Ghníomhaireacht foireann eatramhach chun dualgais airgeadais a mheastar a bheith íogair a chomhlíonadh.

5.Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit oifigigh nó saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht ar bhonn sealadach. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

6.Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais, cuirfidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais rúndachta coibhéiseacha eile i bhfeidhm.

7.Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá a ghlacadh, dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 25
Leas an phobail

Gabhfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí na nGrúpaí Comhairleacha orthu féin gníomhú ar mhaithe le leas an phobail. Chuige sin, déanfaidh siad ráiteas tiomantais poiblí i scríbhinn a eisiúint gach bliain.

Déanfar liosta de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

Airteagal 26
An comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú agus comhaontuithe maidir leis na

láithreáin theicniúla
 

1.    Leagfar síos i gComhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gcomhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla, ar comhaontuithe iad é arna dtabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit óstacha tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta, na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sna Ballstáit óstacha agus maidir leis na saoráidí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit sin chomh maith leis na rialacha sonracha is infheidhme sna Ballstáit óstacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlaigh.

2.    Déanfaidh Ballstát óstach na Gníomhaireachta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun dea-fheidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú, lena náirítear córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis agus naisc iomchuí iompair a chur ar fáil.

Airteagal 27
Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 28
Dliteanas

1.Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.I gcás dliteanas neamhchonarthach, slánóidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste arbh iad a ranna nó a seirbhísigh ba chúis leis agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu.

4.Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.Beidh dliteanas pearsanta a foirne i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.

Airteagal 29 Socruithe teanga

1.Beidh feidhm ag forálacha Rialachán Uimh. 1 91 maidir leis an nGníomhaireacht.

2.Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 CFAE, déanfar an doiciméad clársceidealaithe aonair agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(r) agus (s) den Rialachán seo a chur ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

3.Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh maidir leis na teangacha oibre gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.

4.Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Airteagal 30
Trédhearcacht agus cumarsáid

1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm. Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid na Gníomhaireachta, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

3.Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina nábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó a bheith ina nábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 de Chonradh CFAE faoi seach.

4.Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid i gcomhréir leis na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF agus féadfaidh sí dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta. Áiritheoidh sí, go háirithe, go ndéanfar faisnéis faoina cuid oibre atá oibiachtúil, cruinn, iontaofa, cuimsitheach agus sothuigthe a thabhairt go tapa don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar faoina cuid oibre, i dteannta na bhfoilseachán a shonraítear in Airteagal 15(1)(r), (s), (ii), (jj), [(kk)], [(ll)], [(mm)] agus Airteagal 42(9). Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar d'fheidhmiú éifeachtach chúraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 go hAirteagal 12. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir le pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

5.Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal comhfhreagras i scríbhinn a chur chuig an nGníomhaireacht in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine sin freagra a fháil sa teanga chéanna.

Airteagal 31
Cosaint sonraí

1.Gan dochar do na forálacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos sna hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF, beidh an phróiseáil faisnéise ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [Rialachán (AE) XX/2018 maidir le cosaint sonraí pearsanta le haghaidh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais].

2.Bunóidh an Bord Bainistíochta bearta le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 [Rialachán (AE) XX/2018 maidir le cosaint sonraí pearsanta le haghaidh institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais] ag an nGníomhaireacht, lena náirítear na bearta sin a bhaineann leis an oifigeach cosanta sonraí. Bunófar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 32
Cuspóirí na próiseála ar shonraí pearsanta

1.Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)a cúraimí a dhéanamh a bhaineann le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF a chuirtear de chúram uirthi faoi dhlí an Aontais;

(b)cúraimí riaracháin.

2.I gcás ina bpróiseálann an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta chun na críche dá dtagraítear i mír 1(a), beidh feidhm ag na forálacha sonracha maidir le cosaint sonraí agus slándáil sonraí na nionstraimí reachtacha ábhartha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 33
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus
faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint lena náirítear, inter alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 92 ón gCoimisiún agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 93 ón gCoimisiún. Beidh formheas ón gCoimisiún faighte roimh ré i gcás gach malartaithe faisnéise rúnaicmithe a dhéanfar le húdaráis ábhartha tríú Stáit.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha slándála tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a dhéanamh chun malartú na faisnéise is ábhartha maidir lena cúraimí a éascú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, más iomchuí, leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Déanfaidh sí córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú a mbeidh sé d'acmhainn aige faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na gníomhaithe sin i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún. De bhun Airteagal 2 agus Airteagal 15(1)(y) den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir leis an struchtúr inmheánach is gá don Ghníomhaireacht chun na prionsabail slándála iomchuí a chomhlíonadh.

Airteagal 34
Slándáil na Gníomhaireachta

1.Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as an tslándáil agus as ord a choimeád laistigh de na foirgnimh, na háitribh agus an talamh atá in úsáid aici. Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm prionsabail slándála agus forálacha ábhartha na nionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF.

2.Déanfaidh na Ballstáit óstacha gach beart éifeachtach agus leordhóthanach is gá chun ord agus slándáil a choimeád díreach in aice leis na foirgnimh, na háitribh agus an talamh atá in úsáid ag an nGníomhaireacht agus déanfaidh siad an chosaint iomchuí a sholáthar don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gcomhréir leis na comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus na láithreáin chúltaca, agus saor-rochtain ar na foirgnimh, ar na háitribh agus ar an talamh sin á ráthú do dhaoine arna núdarú ag an nGníomhaireacht an tráth céanna.

Airteagal 35
Meastóireacht

1.Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún feidhmíocht na Gníomhaireachta a mheas i dtaca lena cuspóirí, a sainordú, a cúraimí agus a suíomhanna i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin. Déanfar a mheas sa mheastóireacht freisin a mhéid a chuidíonn an Ghníomhaireacht le timpeallacht TF atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhleanúnach a bhunú ar leibhéal an Aontais chun córais mhórscála TF a bhainistiú a thacaíonn le cur chun feidhme beartas i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. Rachfar i ngleic go háirithe sa mheastóireacht leis an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú, agus leis na himpleachtaí airgeadais a bheadh le haon athrú den sórt sin

2.I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh ag an nGníomhaireacht leanúint leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.

3.Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an mBord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.

Airteagal 36
Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh.

Airteagal 37
Comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

1.Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe leo sin atá bunaithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chearta Bunúsacha maidir le cúrsaí arna gcumhdach leis an Rialachán seo.

2.Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis an gCoimisiún faoi chuimsiú socrú oibre lena leagtar síos na modhanna oibre oibríochtúla.

3.Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir le slándáil líonraí, más iomchuí, agus déanfaidh sí obair leantach ar na moltaí sin, más iomchuí.

4.Rachfar i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi chuimsiú socruithe oibre. Beidh formheas ón gCoimisiún faighte roimh ré i gcás na socruithe sin. Féadfar foráil a dhéanamh sna socruithe sin maidir le seirbhísí a roinnt idir gníomhaireachtaí más iomchuí de réir ghaireacht na suíomhanna nó an réimse beartais faoi theorainneacha na sainorduithe atá acu agus gan dochar dá bpríomhchúraimí.

5.Na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, ní bhainfidh siad úsáid as faisnéis a gheobhaidh siad ón nGníomhaireacht ach amháin laistigh de theorainneacha a ninniúlachtaí agus a mhéid a urramaíonn siad cearta bunúsacha an duine, lena náirítear ceanglais chosanta sonraí. Maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht a tharchuirtear chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, beidh an tarchur sin faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta agus beidh sé faoi réir formheas roimh ré ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Beidh aon aistriú sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir leis na forálacha cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 31 agus Airteagal 32. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil sna socruithe sin maidir leis an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais na rialacha agus caighdeáin slándála a chomhlíonadh, a bheidh coibhéiseach leo siúd a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm.

Airteagal 38
Rannpháirtíocht tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt


1.Glacfaidh an Ghníomhaireacht le rannpháirtíocht tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe comhlachais déanta acu leis an Aontas chuige sin.

2.Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe comhlachais dá dtagraítear i mír 1, déanfar socruithe chun, inter alia, cineál, méid agus modh rannpháirtíochta na dtíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt in obair na Gníomhaireachta a shonrú, lena náirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, maidir leis an bhfoireann agus le cearta vótála a shonrú, agus déanfar socruithe chun na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin a shonrú freisin.

CAIBIDIL V
BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID

ROINN 1
DOICIMÉAD CLÁRSCEIDEALAITHE AONAIR

Airteagal 39
   DOICIMÉAD CLÁRSCEIDEALAITHE AONAIR

1.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil don bhliain ina dhiaidh sin, mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 agus i rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 44 agus ag cur san áireamh treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún.

Is éard a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe aonair clár oibre bliantúil mar aon leis an mbuiséad agus faisnéis faoi na hacmhainní, mar a leagtar amach go mionsonraithe i rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 44.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair tar éis dul i gcomhairle leis na Grúpaí Comhairleacha agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin é faoin 31 Eanáir ar a dhéanaí gach bliain chomh maith le haon leagan nuashonraithe den doiciméad sin.

3.Roimh an 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil, an doiciméad clársceidealaithe aonair, ag cur san áireamh thuairim an Choimisiúin. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go dtarchuirfear an leagan cinntitheach den doiciméad clársceidealaithe aonair sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é. Roimh an 30 Samhain gach bliain, agus ag cur san áireamh thuairim an Choimisiúin, glacfaidh an Bord Bainistíochta, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil agus le clár reachtach an Aontais i réimsí faoi chuimsiú Airteagail 67 go 89 CFAE, an doiciméad clársceidealaithe aonair do na blianta ina dhiaidh sin agus áiritheoidh sé go dtarchuirfear an doiciméad clársceidealaithe atá glactha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é.

4.Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith cinntitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go críochnaitheach agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin. Déanfar an doiciméad clársceidealaithe aonair atá glactha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus foilseofar é.

5.Beidh sa chlár oibre bliantúil don bhliain ina dhiaidh sin cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 6. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstainteacha a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

6.Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena náirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena náirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a nuashonrú nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 35.

Airteagal 40
An buiséad a bhunú

1.Gach bliain tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas, agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh, dréachtráiteas de mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena náirítear plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an Bhoird Bainistíochta é.

2.Glacfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn an dréachtráitis meastachán arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtmheastachán ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena náirítear an dréachtphlean bunaíochta. Cuirfidh an Bord Bainistíochta na doiciméid sin chuig an gCoimisiún agus na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, mar chuid de doiciméad clársceidealaithe aonair, faoin 31 Eanáir gach bliain.

3.Cuirfidh an Coimisiún an dreachtmheastachán chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ("an túdarás buiséadach") mar aon leis réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

4.Ar bhonn an dréachtmheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh iad i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

5.Is é an túdarás buiséadach a údaróidh na leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta don Ghníomhaireacht.

6.Is é an túdarás buiséadach a ghlacfaidh an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

7.Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Más iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

8.Maidir le haon mhodhnú ar an mbuiséad, lena náirítear an plean bunaíochta, déanfar é de réir an nós imeachta chéanna.

9.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta, a luaithe agus is féidir, fógra don údarás buiséadach i dtaca le tionscadal a bhfuil sé beartaithe aige a chur chun feidhme a d’fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige maidir leis an mbuiséad a chistiú, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Má tá sé i gceist ag ceachtar den dá bhrainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, laistigh de choicís tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, tabharfaidh sé fógra don Bhord Bainistíochta go bhfuil sé beartaithe aige tuairim den sórt sin a thabhairt. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibríocht arna beartú. I gcás aon tionscadail ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis.

ROINN 2
AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME, A THÍOLACADH AGUS A RIALÚ

Airteagal 41
Struchtúr an bhuiséid

1.Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

2.Déanfar ioncam na Gníomhaireachta a chomhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.Gan dochar do chineálacha eile ioncam, is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)ranníocaíocht ón Aontas, arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (roinn an Choimisiúin);

(b)ranníocaíocht ó na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireachta arna suí sna comhaontuithe comhlachais ábhartha agus sa socrú dá dtagraítear in Airteagal 38 ina sonraítear a ranníocaíocht airgeadais;

(c)cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 44 agus le forálacha na nionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d)ranníocaíochtaí arna níoc ag na Ballstáit as na seirbhísí a sholáthraítear dóibh i gcomhréir leis an gcomhaontú tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 12;

(e)aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

4.Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

Airteagal 42
An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

3.Faoin 1 Márta de bhliain airgeadais N+1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha do bhliain N in iúl d'oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadach na ninstitiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 147 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

4.Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

5.Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

6.Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas faoina fhreagracht féin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

7.Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta do bhliain N.

8.Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus bearta a bhaineann le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt.

9.Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.

10.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha siúd faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

11.Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoina bráid chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 165(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

12.Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 43
Coinbhleachtaí leasa a chosc

Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha inmheánacha lena gceanglaítear ar bhaill a comhlachtaí agus ar a baill foirne aon staid a sheachaint a d'fhéadfadh bheith ina cúis le coinbhleacht leasa le linn a bhfostaíochta nó a dtéarma oifige agus na staideanna sin a thuairisciú.

Airteagal 44
Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

Airteagal 45
Calaois a chomhrac

1.Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2013 chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac.

2.Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.

3.Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, agus é mar aidhm acu a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 94 .

4.Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta forálacha lena gcumhachtófar go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh de réir a ninniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL VI
LEASUITHE AR IONSTRAIMÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 46

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid [nó ar Rialachán XX an XX maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 1987/2006]

I Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 [nó i Rialachán XX an XX maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 1987/2006] cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2) agus (3):

"(2) Is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as gach cúram a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a) maoirseacht;

(b) slándáil;

(c) comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d) cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e) fáil agus athnuachan, agus

(f) ábhair a bhaineann le conarthaí."

Airteagal 47

Leasú ar Chinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid [nó ar Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún.]

I gCinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle [nó i Rialachán XX an XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún], cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2) agus (3).

"2. Is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as gach cúram a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a) maoirseacht;

(b) slándáil;

(c) comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d) cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e) fáil agus athnuachan, agus

(f) ábhair a bhaineann le conarthaí."

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 48
Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha ina théarma oifige, is do Stiúrthóir Feidhmiúcháin eu-LISA arna cheapadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011 a shannfar cúraimí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Rialachán seo.

CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 49 Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 50
Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1Teideal an togra/tionscnaimh

1.2Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3An cineál togra/tionscnaimh

1.4Cuspóirí

1.5Foras an togra/tionscnaimh

1.6Fad agus tionchar airgeadais

1.7Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2. 1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2. 2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2. 3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2. 4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2. 5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais lena naisghairtear Rialachán (AE) 1077/2011 agus lena leasaítear Rialachán (CE) 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle.

1.2Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 95  

Réimse beartais: Imirce agus Gnóthaí Baile (teideal 18)

Gníomhaíocht: Slándáil Inmheánach (caibidil 18.02)

1.3An cineál togra/tionscnaimh

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua. 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 96  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Cuspóir Sonrach 1.2 Bainistiú teorainneacha: Beatha a shábháil agus teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a dhaingniú

- Córais agus teicneolaíochtaí TF a úsáid le haghaidh Teorainneacha Cliste chun slándáil inmheánach a áirithiú níos fearr agus an trasnú teorann a éascú do thaistealaithe bona fide.

Má táthar chun teorainneacha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, ní mór úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna atá ann de thoradh córais agus teicneolaíochtaí TF. Tá trí chóras mórscála TF i bhfeidhm san Aontas Eorpach inniu atá faoi chúram AS HOME agus bíonn na trí chóras sin ag déileáil le riarachán tearmainn (Eurodac), iarratais ar víosaí (an Córas Faisnéise Víosaí – VIS) agus roinnt faisnéise faoi dhaoine nó faoi ábhair ar chruthaigh na húdaráis inniúla foláireamh ina leith (Córas Faisnéise Schengen – SIS II). Leanfaidh an Ghníomhaireacht de bheith bheith freagrach as na trí chóras mórscála TF sin.

Thíolaic AS HOME togra an 6 Aibreán 2016 maidir le Córas Dul Isteach/Imeachta an Aontais a bhunú, córas is ceart do eu-LISA a fhorbairt d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm faoi 2020. Beidh mar thoradh ar chur chun feidhme an Chórais Dul Isteach/Imeachta ar fud fad an Aontais Eorpaigh cúraimí agus gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le rialuithe ag teorainneacha a uathoibriú. Cinnteofar san uathoibriú sin go ndéanfar rialú aonfhoirmeach córasach ar thréimhse údaraithe fanachta náisiúnach tríú tír. Faoin gcóras déanfar ainm, cineál doiciméid taistil agus bithmhéadracht a chlárú chomh maith le dáta agus áit dul isteach agus imeachta. Leis an méid sin éascófar trasnú teorann do thaistealaithe bona fide, déanfar rófhantóirí a bhrath agus daoine neamhdhoiciméadaithe a shainaithint i limistéar Schengen. Má dhéantar amhlaidh, beidh ról tábhachtach ag Córas Dul Isteach/Imeachta an Aontais Eorpaigh i gcur chun feidhme éifeachtach an bheartais víosa agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar dearfach eacnamaíoch a bheadh ag níos mó turasóirí agus cuairteoirí atá ag taisteal ar chúiseanna pearsanta nó gairmiúla a mhealladh agus an imirce neamhrialta agus na rioscaí slándála a laghdú san am céanna.

Lena chois sin, faoi réir na hionstraimí reachtacha ábhartha a ghlacadh, cuirfear de chúram ar eu-LISA córais mhórscála TF eile a fhorbairt, amhail an córas uathoibrithe do chlárú, d'fhaireachán agus don chóras um leithdháileadh le haghaidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), lárchóras de chuid an Aontais lena ndéanfar measúnú sula dtiocfaidh siad go dtí an teorainn an bhfuil náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa incháilithe dul isteach i limistéar Schengen agus, go háirithe, an mbeadh bagairt slándála ann dá mbeidís i láthair sa limistéar sin. Cuirfidh ETIAS sraith bhreise de rialú córasach i bhfeidhm, i gcomparáid leis an méid atá ann faoi láthair (gan ETIAS), trí luathsheiceálacha a cheadú ar bhunachair shonraí ábhartha agus trí mheasúnú a dhéanamh ar an tslándáil, an imirce neamhrialta agus an baol do shláinte an pobail. Bíonn údaráis de chuid na mBallstát rannpháirteach sa phróiseas a chuirtear i bhfeidhm in ETIAS ar próiseas é a bhaineann le measúnú riosca a dhéanamh ar na cásanna is casta agus is achrannaí.

Cuirfear de chúram freisin ar eu-LISA ECRIS-TCN 97 , córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (NTTanna) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis.

Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:

Cuspóir Sonrach Uimh. 1.2

Bainistiú teorainneacha: Beatha a shábháil agus teorainneacha seachtracha a dhaingniú.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Baineann siad leis an gclár caiteachais, an Ciste Slándála Inmheánaí do Theorainneacha agus Víosa, Fís 2020.

1.4. 2.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Beidh an Ghníomhaireacht in ann leanúint de bheith ag áirithiú an méid seo a leanas:

- forbairt éifeachtach na gcóras mórscála TF trí bhonneagar leordhóthanach um bainistíocht tionscadal a úsáid chun córais mhórscála TF a fhorbairt go héifeachtúil;

- oibriú éifeachtach, daingean, leanúnach córas mórscála TF;

- bainistiú éifeachtúil, atá cuntasach ó thaobh airgeadais de, ar chórais mhórscála TF;

- cáilíocht sách ard seirbhíse i gcomhair úsáideoirí córas mórscála TF;

- leanúnachas agus seirbhís gan bhriseadh;

- ardleibhéal cosanta sonraí, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena náirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mhórscála TF;

- leibhéal iomchuí slándála sonraí agus slándála fisiciúla, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena náirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;

1.4. 3.- Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léireofar an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Beidh i ndoiciméad clársceidealaithe eu-LISA don bhliain ina dhiaidh sin cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena náirítear táscairí feidhmíochta (KPIanna agus SLAanna). Beidh tuairisc ann freisin ar na bearta atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach beart, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. Ba cheart tuairisc a thabhairt ar an méid a baineadh amach de réir na dtáscairí sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Gach cúig bliana amhail ón mbliain 2017, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar bhearta na Gníomhaireachta. Scrúdófar sa mheastóireacht feidhmíocht na Gníomhaireachta maidir lena cuspóirí, a sainordú, a cúraimí agus a suíomh. Déanfar a mheas sa mheastóireacht freisin a mhéid a chuidíonn an Ghníomhaireacht le timpeallacht TF atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhleanúnach a bhunú ar leibhéal an Aontais chun córais mhórscála TF a bhainistiú a thacaíonn le cur chun feidhme beartas i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile. Rachfar i ngleic go háirithe sa mheastóireacht leis an riachtanas a d'fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú (agus leis na himpleachtaí airgeadais a bheadh le haon athrú den sórt sin).

1.5Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é tátal na chéad mheastóireachta a rinneadh in 2015-2016 ar obair na Gníomhaireachta ar bhonn meastóireacht sheachtrach neamhspleách go náirithíonn eu-LISA ar bhealach éifeachtach bainistiú oibríochtúil na gcóras mórscála TF agus cúraimí eile a chuirtear air ach gur gá roinnt athruithe eile a dhéanamh ar an Rialachán lena mbunaítear an Ghníomhaireacht amhail cúraimí maidir leis an bonneagar cumarsáide atá faoi chúram an Choimisiúin go fóill a aistriú chuig an nGníomhaireacht. Ag tógáil dó ar an meastóireacht sheachtrach, chuir an Coimisiún san áireamh forbairtí beartais, dlíthiúla agus fíorasacha agus mhol sé go háirithe go ndéanfaí sainordú na Gníomhaireachta a leathnú chun go ndéanfadh sí na cúraimí a eascraíonn as na comhreachtóirí a ghlacadh moltaí lena gcuirtear córais nua de chúram ar an nGníomhaireacht, agus na cúraimí dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2016 maidir le Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil, i dtuarascáil chríochnaitheach de chuid an ghrúpa ardleibhéil saineolaithe an 11 Bealtaine 2017 maidir le Córais agus Idir-inoibritheacht agus sa seachtú tuarascáil ón gCoimisiún ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis a glacadh an 16 Bealtaine 2017. Ba cheart sainordú na Gníomhaireachta a leathnú freisin chun comhairle do na Ballstáit a áireamh i ndáil le nasc na gcóras náisiúnta leis na lárchórais agus le haghaidh cúnamh/tacaíocht ad hoc, nuair is gá sin, mar aon le cúnamh/tacaíocht a chur ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin faoi shaincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais nua. Ba cheart don Ghníomhaireacht cur le forbairtí sa taighde is ábhartha maidir le bainistiú oibríochtúil na gcóras atá faoina cúram. Ba cheart di faisnéis faoi na forbairtí sin a scaipeadh ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle agus ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Ba cheart sainordú na Gníomhaireachta a leathnú chun réitigh theicniúla chomhpháirteacha a fhorbairt, a bhainistiú agus/nó a óstáil d'fhonn oibleagáidí a chur chun feidhme ar bhonn náisiúnta a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le córais mhórscála dhíláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais do na Ballstáit leasmhara. D’fhéadfaí sin a dhéanamh trí bhíthin comhaontú tarmligin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ghníomhaireacht agus na cúraimí thuasluaite agus an buiséad comhfhreagrach a chur de chúram ar an nGníomhaireacht.

Ba cheart gurbh é croí-fheidhm na Gníomhaireachta i gcónaí comhlíonadh na gcúraimí maidir le bainistiú oibríochtúil i leith SIS II, VIS agus Eurodac agus, má chinneann na comhreachtóirí amhlaidh, i leith córas mórscála TF eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil córas TF a chuirtear de chúram uirthi. Thairis sin, d'fhéadfaí freagracht a chur de chúram ar an nGníomhaireacht maidir le hullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF breise i gcur i bhfeidhm Airteagal 67 go hAirteagal 89 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níor cheart na cúraimí sin a chur de chúram ar an nGníomhaireacht ach amháin trí bhíthin ionstraimí reachtacha leithleacha a ghlacfaí ina dhiaidh sin, agus ba cheart measúnú tionchair a dhéanamh sula nglacfaí iad.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Is é is cuspóir don bheart atá beartaithe a dheimhniú go ndéanfar bainistiú oibríochtúil SIS Láir, VIS Láir agus na gComhéadan Náisiúnta, Eurodac Láir, a gcuid bonneagar cumarsáide, mar aon le córais eile a aistriú chuig eu-LISA agus cúraimí breise nua a chur de chúram air. Ní féidir leis na Ballstáit na cúraimí sin a chur i gcrích ina naonar agus is fearr is féidir iad a chur i gcrích le bearta ar leibhéal an Aontais.

Aithnítear sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce go bhfuil “bainistiú teorainneacha” ar cheann de na “ceithre cholún chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce”. Má táthar chun teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus iad a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, ní mór úsáid níos fearr a bhaint as na deiseanna a chuireann córais agus teicneolaíochtaí TF ar fáil.

Sa togra seo, leanfar de bheith ag cur réiteach fadtéarmach ar fáil le haghaidh bainistiú SIS II, VIS, Eurodac agus córas mórscála TF eile sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgíochtaí agus chun barainneachtaí scála a áirithiú.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Tá an tionscnamh bunaithe inter alia ar anailís chríochnúil ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 1077/2011 lena náirítear meastóireacht ar bhearta na Gníomhaireachta a rinneadh faoi Airteagal 31 den Rialachán sin.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Sa togra seo, cuirtear leis an Rialachán eu-LISA atá ann cheana agus a rinneadh a leasú ina dhiaidh sin in 2015 le Rialachán (AE) 603/2013 98 chun na hathruithe a chur san áireamh arna dtabhairt isteach leis an Rialachán athmhúnlaithe maidir le Eurodac, lena náirítear rochtain ar Eurodac chun críocha fhorghníomhú an dlí. Sa togra seo, déantar sainordú na Gníomhaireachta a leathnú chun gur féidir léi dul i gceannas ar chúraimí nua. Socraíodh an treo sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil 99 agus sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 100 chun beartas an Aontais Eorpaigh a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchosúla an bhainistithe imirce agus an chomhraic i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coiriúlachta eagraithe. Sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce, cuireadh béim ar an tábhacht le húsáid iomlán a bhaint as córais mhórscála TF SIS, VIS agus Eurodac ar féidir leo dul ar sochar do bhainistiú teorainneacha mar aon le cur le cumas na hEorpa an imirce neamhrialta a laghdú agus imircigh neamhdhleathacha a chur ar ais. Dúradh freisin go dtiocfadh ann do chéim nua le glacadh an togra lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) a neartódh an comhrac i gcoinne na himirce neamhrialta trí bhíthin taifead a chruthú ar ghluaiseachtaí trasteorann náisiúnach tríú tír. Meabhraíodh sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil go nimríonn gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh ról ríthábhachtach chun tacú le comhar oibríochtúil. Spreagadh na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as tacaíocht na ngníomhaireachtaí chun dul i ngleic leis an gcoiriúlacht trí bhearta comhpháirteacha agus dúradh gur cheart comhar méadaithe idir na gníomhaireachtaí a chur chun cinn de réir a sainorduithe féin.

Sa tionscnamh seo, cuidíonn an Coimisiún le bainistiú teorainneacha a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos sláine agus leis an tslándáil a athneartú agus an chóiriúlacht a chomhrac agus a chosc trí ról agus fhreagrachtaí eu-LISA a mhéadú, ní hamháin maidir le córais mhórscála TF atá ann cheana nó córais mhórscála TF nua i ndáil le comhar agus malartú faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ach chun tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún freisin.

Léirítear sa togra freisin na leasuithe atá beartaithe ar na hionstraimí reachtacha lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras arna mbainistiú faoi láthair ag eu-LISA agus na tograí lena gcuirtear de chúram ar eu-LISA na córais a bheidh ann amach anseo, agus tá sé go hiomlán i gcomhréir leis na leasuithe agus na tograí sin.

Ba cheart go nglacfaí leis an togra seo i dteannta na mbeart atá sa Teachtaireacht ón 6 Aibreán 2016 maidir le “Córais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus Slándáil” 101 ina leagtar béim ar an ngá don Aontas córais TF, struchtúr sonraí agus malartú faisnéise i réimse an bhainistithe teorainneacha, fhorghníomhú an dlí agus na frithsceimhlitheoireachta a neartú agus a fheabhsú.

1.6Fad agus tionchar airgeadais

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta 

   Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

   Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

 Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 102  

 Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí

na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

⌧ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209;

◻ comhlachtaí dlí poiblí;

◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa chomhbheartas eachtrach agus slándála de bhun Theideal V CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

Nótaí

2BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Tá neart sásraí ann cheana chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhearta na Gníomhaireachta agus is féidir iad a úsáid; go háirithe, is uirlis éifeachtach é an doiciméad clársceidealaithe chun na críche sin. De réir an togra atá beartaithe agus chomh luath agus a ghlacfar é, beidh éifeachtacht bhearta na Gníomhaireachta faoi réir meastóireacht éigeantach gach cúig bliana cé gur gach ceithre bliana a dhéantar na meastóireachtaí faoin Rialachán atá ann faoi láthair.

Ar oibleagáidí tuairiscithe na Gníomhaireachta tá ullmhú na tuarascála gníomhaíochta bliantúla comhdhlúite agus ullmhú na gcuntas críochnaitheach.

2.2Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Is é an riosca is mó atá ann sa ghearrthéarma an bhfuil eu-LISA in ann déileáil leis na cúraimí nua uile a chuirtear uirthi mar aon leis na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht aníos agus forbairt thráthúil na gcóras á cur i mbaol de bharr na forbartha teicniúla. Déantar foráil maidir le leibhéal leordhóthanach acmhainní san ionstraim seo chun gur féidir le eu-LISA na cúraimí a mbeifear ag súil leis a chur i gcrích ach mura ndéanfaí bainistíocht ó thaobh gníomhaíochtaí mar is ceart air, d’fhéadfaí cúraimí eu-LISA a dhéanamh níos deacra. D’iarr an Coimisiún ar eu-LISA roinnt uaireanta an faireachán sin a dhéanamh go pras.

2.2.2.Modhanna rialaithe atá beartaithe

Ina cháil mar ghníomhaireacht de chuid an Aontais, cuireann eu-LISA i bhfeidhm na modhanna rialaithe de chuid gníomhaireachtaí díláraithe is infheidhme atá leagtha síos cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011.

I Rialachán Airgeadais eu-LISA, atá bunaithe ar an rialachán réime airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí, leagtar amach na ceanglais maidir le hiniúchóir inmheánach a cheapadh agus maidir le hiniúchóireacht inmheánach a dhéanamh.

2.3Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Baineann Airteagal 45 den Rialachán atá beartaithe le calaois a chomhrac. Leis an Airteagal sin, déantar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann OLAF infheidhme maidir le eu-LISA agus cumhachtaítear OLAF agus an Chúirt Iniúchóirí chun iniúchóireachtaí agus imscrúduithe eile a dhéanamh. Comhfhreagraíonn an tAirteagal sin do shamhail an téacs maidir le gníomhaireachtaí díláraithe.

Ina theannta sin, ghlac eu-LISA straitéis frithchalaoise agus plean gníomhaíochta maidir le straitéis frithchalaoise an 18 Samhain 2015.

3AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineálcaiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 3 - Slándáil agus Saoránacht

Difr./Neamhdhifr 103 .

ó thíortha de chuid CSTE 104

ó thíortha is iarrthóirí 105

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3

18.0207 – Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais ("eu-LISA").

Difreáilte

NÍL

NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Cineálcaiteachais

Ranníocaíocht

Líon[Ceannteideal………………………………………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

[…]

[XX.YY.YY.YY]

[…]

[…]

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3

Slándáil agus saoránacht

eu-LISA

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Bliain N+4 agus níos déanaí

IOMLÁN

Teideal 1

Bonnlíne de réir an doiciméid chlársceidealaithe eu-LISA 2018-2020 106

Gealltanais / Íocaíochtaí

16,326

14,196

14,839

45,361

Ionstraimí nua

. EES

Gealltanais / Íocaíochtaí

1,876

1,876

4,221

7,973

. ETIAS

Gealltanais / Íocaíochtaí

1,638

1,813

2,684

6,135

. SIS II: teorainneacha

Gealltanais / Íocaíochtaí

0,210

0,210

0,210

0,630

. SIS II: filleadh

Gealltanais / Íocaíochtaí

0,070

0,070

0,070

0,210

. Eurodac Plus

Gealltanais / Íocaíochtaí

0,268

0,268

0,268

0,804

. ECRIS

Gealltanais / Íocaíochtaí

0,263

0,350

0,350

0,963

Athbhreithniú ar fhoireann bhreise 107

Gealltanais / Íocaíochtaí

2,902

3,178

3,454

9,534

Costas CA - roinnt seirbhísí seachtracha a ionfhoinsiú

Gealltanais / Íocaíochtaí

1,520

1,520

1,520

4,560

Iomlán Theideal 1

Gealltanais / Íocaíochtaí

25,073

23,481

27,616

76,170

Teideal 2:

Bonnlíne

Gealltanais

10,455

0,125

9,832

20,412

Ionstraimí nua

. ETIAS

Gealltanais

1,658

1,395

1,395

4,448

Athbhreithniú ar bhuiséad breise 108

Gealltanais

Costas CA - roinnt seirbhísí seachtracha a ionfhoinsiú

Gealltanais

-1,157

-1,157

-1,157

-3,470

Iomlán Theideal 2

Gealltanais

10,957

0,363

10,070

21,391

Teideal 3:

Bonnlíne

Gealltanais

58,918

73,093

64,492

196,503

Ionstraimí nua

. EES

Gealltanais

57,513

144,325

21,605

223,443

. ETIAS

Gealltanais

23,467

11,023

55,800

90,290

. SIS II: teorainneacha

Gealltanais

12,893

2,051

1,982

16,926

. SIS II: filleadh

Gealltanais

2,520

0,447

0,447

3,414

. Eurodac Plus

Gealltanais

11,870

5,600

0

17,470

. Baile Átha Cliath

Gealltanais

0,983

0,135

0,735

1,853

. ECRIS

Gealltanais

3,766

3,766

3,766

11,298

Athbhreithniú ar bhuiséad breise

Gealltanais

22,577

22,576

22,577

67,730

. Costas CA - roinnt seirbhísí seachtracha a ionfhoinsiú

Gealltanais

-0,644

-0,644

-0,644

-1,933

. An bonneagar cumarsáide a aistriú ó AS HOME chuig eu-LISA 109

Gealltanais

19,221

19,221

19,221

57,663

. Staidéir / Comhairleoireacht

Gealltanais

4,000

4,000

4,000

12,000

Iomlán Theideal 3

Gealltanais

194,507

263,017

171,403

628,927



Teideal 1, 2, 3 bonnlíne COM (2013)519

Gealltanais

85,700

87,414

89,163

262,277

Íocaíochtaí

85,700

87,414

89,163

262,277

Teideal 1, 2, 3 ionstraimí nua

. EES

Gealltanais

59,389

146,201

25,826

231,416

Íocaíochtaí

42,135

102,904

19,345

164,384

. ETIAS

Gealltanais

26,763

14,231

59,879

100,873

Íocaíochtaí

26,763

14,231

59,879

100,873

. SIS II: teorainneacha

Gealltanais

13,103

2,261

2,192

17,556

Íocaíochtaí

2,710

8,103

4,861

15,674

. SIS II: filleadh

Gealltanais

2,590

0,517

0,517

3,624

Íocaíochtaí

1,078

2,029

0,517

3,624

. Eurodac Plus

Gealltanais

12,138

5,868

0,268

18,274

Íocaíochtaí

8,577

4,188

8,908

21,673

. Baile Átha Cliath

Gealltanais

0,983

0,135

0,735

1,853

Íocaíochtaí

0,983

0,135

0,735

1,853

. ECRIS

Gealltanais

4,029

4,116

4,116

12,261

Íocaíochtaí

2,146

4,116

4,116

10,378

Teideal 1, 2, 3 Buiséad breise a athbhreithniú

Gealltanais / Íocaíochtaí

25,842

26,118

26,394

78,354

IOMLÁN na leithreasuithe
do eu-LISA

Gealltanais

=1+1a +3a

230,537

286,861

209,090

726,488

Íocaíochtaí

=2+2a

+3b

199,380

274,408

216,812

690,600



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: HOME

• Acmhainní daonna

2,001

2,001

2,001

6,003

• Caiteachas riaracháin eile

0,340

0,340

0,340

1,020

IOMLÁN DG HOME

Leithreasuithe

2,341

2,341

2,341

7,023

IOMLÁN na leithreasuithe
do CHEANNTEIDEAL 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

2,341

2,341

2,341

7,023

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

232,878

289,202

211,431

733,511

Íocaíochtaí

201,721

276,749

219,153

697,623

3.2.2.Tionchar measta ar leithreasuithe eu-LISA

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 110

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 oibríochtaí córais atá ann cheana 111 . . .

- Bonneagar Córas Comhroinnte

15,767

8,851

6,666

31,284

- SIS II

15,575

19,740

12,300

47,615

- VIS/BMS

20,053

38,578

39,602

98,233

- Eurodac

2,550

2,825

2,825

8,200

- Tacaíocht sheachtrach 112

- Cruinnithe/Misin/Oiliúint

5,501

3,626

3,626

12,753

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

59,446

73,620

65,019

198,085

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 – córais nua a fhorbairt

- Córas Dul Isteach-Imeachta

57,513

144,325

21,605

223,443

- ETIAS

23,467

11,023

55,800

90,290

- ECRIS

3,766

3,766

3,766

11,298

- Córas um leithdháileadh Bhaile Átha Cliath

0,983

0,135

0,735

1,853

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

85,729

159,249

81,906

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 – córais atá ann cheana a athbhreithniú

- SIS II: teorainneacha

12,893

2,051

1,982

16,926

- SIS II: filleadh

2,520

0,447

0,447

3,414

Eurodac

11,870

5,600

0

17,470

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 3

27,283

8,099

2,429

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 – cúraimí breise

- Costas CA - seirbhísí seachtracha a ionfhoinsiú

-1,171

-1,171

-1,171

-3,515

- líonra na naistrithe 113

19,221

19,221

19,221

57,663

- staidéir / comhairleoireacht

4,000

4,000

4,000

12,000

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4

22,049

22,049

22,049

66,148

COSTAS IOMLÁN

194,507

263,017

171,403

628,927

3.2.3.Tionchar measta ar acmhainní daonna eu-LISA

3.2.3.1.Achoimre

Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain2018

Bliain2019

Bliain2020

Bonnlíne COM(2013)519

113

113

113

saineolaithe náisiúnta ar iasacht i mbun oibre

9

9

9

gníomhairí ar conradh i mbun oibre

30

30

30

Gníomhairí sealadacha chun an Córas Dul Isteach/Imeachta a fhorbairt, COM(2016)194 faoi réir an ionstraim dlí a ghlacadh.

14

14

14 114

Gníomhairí Sealadacha chun ETIAS a fhorbairt, COM(2016)731 faoi réir an ionstraim dlí a ghlacadh.

7

7

7

Gníomhairí Sealadacha chun ETIAS a fhorbairt, COM(2016)731 faoi réir an ionstraim dlí a ghlacadh.

10

12.5

25

Gníomhairí ar Conradh le haghaidh SIS II athmhúnlaithe maidir le teorainneacha/póilíní/filleadh, COM(2016) 881, 882 agus 883 faoi réir an ionstraim dlí a ghlacadh

4

4

4

Gníomhairí Sealadacha le haghaidh athmhúnlú Eurodac, COM(2016)272 faoi réir an ionstraim dlí a ghlacadh

2

2

2

Gníomhairí ar conradh chun ECRIS a fhorbairt

5

5

5

Iomlán na ngníomhairí sealadacha i mbun oibre, lena náirítear gníomhairí le haghaidh na dtograí maidir le EES, ETIAS, Eurodac

136

136

136

Iomlán na ngníomhairí sealadacha i mbun oibre, lena náirítear gníomhairí le haghaidh na dtograí maidir le ETIAS, athmhúnlú SIS II, ECRIS

49

51.5

64

Iomlán na saineolaithe náisiúnta ar iasacht i mbun oibre, lena náirítear saineolaithe náisiúnta ar iasacht le haghaidh na dtograí i dtaca le EES, ETIAS, athmhúnlú SIS II, Eurodac, ECRIS

9

9

9

Iomlán na ngníomhairí sealadacha, gníomhairí ar conradh agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht i mbun oibre, lena náirítear iad sin le haghaidh na dtograí i dtaca le EES, ETIAS, athmhúnlú SIS II, Eurodac, ECRIS

194

196.5

209

Gníomhairí breise ar conradh (25 bhall foirne eatramhacha + 2 ghníomhaire ar conradh a ionfhoinsiú (chun cur leis an bhfoireann iniúchóireachta dlí agus iniúchóireachta inmheánaí))

27

27

27

Saineolaithe náisiúnta breise ar iasacht chun tacú leis na cúraimí nua a chur chun feidhme a mbeadh saineolas de chuid na mBallstát de dhíth chun an saineolas gnó is gá a sholáthar

2

2

2

Gníomhairí sealadacha breise don Oifig Tacaíochta Teicniúla: 18 AD (a fhostófar de réir a chéile), dá dtagraítear in Airteagail 9, 10, 11 agus 12).

(Beidh ar an Oifig Tacaíochta Teicniúla na cúraimí seo a leanas: (a) tacaíocht theicniúil a chur ar fáil maidir leis an gclár oibre idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm de réir a chéile, (b) cuidiú leis na Ballstáit bonneagair náisiúnta a ailíniú níos fearr le córais de chuid an Aontais, (c) réitigh choiteanna láraithe TF a fhorbairt chun cuidiú le grúpaí Ballstát nó leis na Ballstáit córais díláraithe TF a chur chun feidhme, agus (d) faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha taighde agus iad a chur chun feidhme).

Próifílí post atá ag teastáil:

- 2 bhainisteoir tionscadail (2 AD)

- 2 anailíseoir ghinearálta / shaineolaí gnó, a bheidh freagrach as measúnuithe tionchair teicniúla agus meastóireachtaí ex ante teicniúla (2 AD)

- 2 ailtire córais a bheidh freagrach as réitigh TF a dhearadh le haghaidh dúshláin aitheanta (2 AD)

- 1 saineolaí TF a bheidh freagrach as measúnú costas (1 AD)

- 1 anailíseoir sonraí, a bheidh freagrach as anailís a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na sonraí idir chórais (1 AD)

- 2 shaineolaí tástála a bheidh freagrach as treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa, fréamhshamhlú agus gníomhaíochtaí tástála (2 AD)

- 5 speisialtóir slándála, bithmhéadrachta agus líonraí chun réitigh TF a mheasúnú, a dhearadh agus a chur chun feidhme (5 AD)

- 3 oifigeach taighde chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde ábhartha agus iad a chur chun feidhme (2 AD + 1 AST)

14

16

18

Gníomhairí sealadacha breise le haghaidh gníomhaíochtaí eile ( 2 AD)

- Airgeadas agus riarachán: 1 oifigeach fála/conarthach (1 AD)

- Líonra (tar éis freagrachtaí conarthacha le haghaidh an bhonneagair cumarsáide a aistriú (le gur féidir faisnéis as VIS agus SIS a aistriú ón gCoimisiún chuig eu-LISA) (1 AD)

2

2

2

Gníomhairí sealadacha breise le haghaidh acmhainní bainistíochta breise (1 Cheann Roinne AD agus 2 Cheann Aonaid AD) chun maoirseacht a dhéanamh ar an Oifig nua Tacaíochta Teicniúla

3

3

3

Iomlán na nGníomhairí Sealadacha breise

19

21

23

Iomlán na ngníomhairí sealadacha breise, na ngníomhairí ar conradh agus na saineolaithe náisiúnta ar iasacht

48

50

52

MÉID FORIOMLÁN (lena náirítear baill foirne a bheidh faoi réir na hionstraimí dlí maidir le EES, ETIAS, SIS II, athmhúnlú Eurodac agus ECRIS a ghlacadh)

242

246.5

261

Tionchar a mheastar a bheidh ar an bplean bunaíochta 115

A - Gníomhairí Sealadacha breise

Is gá an fhoireann bhreise seo a leanas chun a bheith in ann déileáil leis na cúraimí nua mar a shainítear in Airteagail 9, 10, 11 agus 12 den Rialachán seo. Ní féidir na cúraimí nua sin a chur i gcrích leis na hacmhainní foirne agus airgeadais a bhfuil foráil déanta maidir leo sa chlársceidealú bunaidh don Ghníomhaireacht agus leis na hacmhainní breise a cuireadh san áireamh sa ráiteas airgeadais reachtach a glacadh in 2016 nach raibh ag riar ach ar na riachtanais chun EES, ETIAS agus athmhúnlú Eurodac a chur ar bun.

Chun na cúraimí nua a chuirtear ar an nGníomhaireacht a chur chun feidhme, cuirfidh sí foireann ar bun atá buan, cobhsaí agus tiomnaithe agus beidh an fhoireann sin eolach ar chomhthéacs gnó agus ar chomhthéacs teicniúil na gcóras faisnéise ábhartha, in eu-LISA agus sna Ballstáit. (Beidh ar an "Oifig Tacaíochta Teicniúla" seo na cúraimí seo a leanas:

(a)tacaíocht theicniúil a chur ar fáil maidir leis an gclár oibre idir-inoibritheachta a chur i bhfeidhm de réir a chéile

Mar a leagtar síos in Airteagal 9 agus in Airteagal 11, beidh an Ghníomhaireacht freagrach as bearta breise chun idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise a áirithiú maidir le teorainneacha agus leis an tslándáil. Ar na cúraimí beidh, inter alia, staidéar teicniúil a dhéanamh agus treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa, fréamhshamhlú agus gníomhaíochtaí tástála a chur i gcrích. Ní féidir na cúraimí sin a chur i gcrích leis na hacmhainní atá ann cheana a sannadh chun córais atá ann cheana a oibriú agus chun córais a fhorbairt amach anseo, gan feidhmiú agus forbairt cheart na gcóras sin a chur i mbaol.

(b)cuidiú leis na Ballstáit bonneagair náisiúnta a ailíniú níos fearr le córais de chuid an Aontais

Cuirtear an cúram ar eu-LISA le hAirteagal 12 tacaíocht ad hoc a chur ar fáil do na Ballstáit faoi shaincheisteanna a bhaineann le naisc le lárchórais. Ar na cúraimí, beidh freagairtí éigeandála a bheadh ionchurtha leo sin a cuireadh i gcrích le linn ghéarchéim na himirce sna teophointí nuair a iarradh ar eu-LISA measúnuithe teicniúla a dhéanamh agus moltaí a sholáthar maidir le hailínithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na bonneagair náisiúnta maidir leis na córais de chuid an Aontais, nó a bheith ag obair chun réitigh mhóibíleacha a chur ar bun. Ina theannta sin, bheadh eu-LISA ag tacú freisin leis an gCoimisiún maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá ann cheana nó le córais nua.

(c)réitigh choiteanna láraithe TF a fhorbairt chun cuidiú le grúpaí Ballstát nó leis na Ballstáit córais dhíláraithe TF a chur chun feidhme

Is é a cheadaítear le hAirteagal 12 do eu-LISA freagairt d'iarrataí ó ghrúpa Ballstát nó ó na Ballstáit maidir leis na réitigh choiteanna láraithe TF a fhorbairt, a chothabháil agus a óstáil a fhreagróidh d'oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais maidir le córais dhíláraithe mhórscála TF. Is gá go ndéanfaidh eu-LISA idirghabháil chun riar ar riachtanas i gcás ina naithneofar breisluach de chuid an Aontais Eorpaigh go soiléir ach nach bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse TF tráchtála riar ar an riachtanas sin.

Dhéanfadh eu-LISA réamhstaidéar chun tionchar na niarrataí sin a mheasúnú agus go háirithe an ghné airgeadais a bheadh acu. A luaithe a shainaithneofar tionscadail nithiúla agus a luaithe a chomhaontófar iad i gcomhar leis na Ballstáit iarrthacha (trí bhíthin comhaontú tarmligin, lena náirítear ranníocaíochtaí na mBallstát atá le haisghabháil), ba cheart iad a chur san áireamh i dtimthriall clársceidealaithe rialta eu-LISA. Is gá anseo arís foireann bhuan atá eolach ar an gcomhthéacs gnó agus ar an gcomhthéacs teicniúil, in eu-LISA agus sna Ballstáit araon, chun na gníomhaíochtaí ullmhúcháin a chur i gcrích agus na forbairtí a threorú. Dá dtiocfadh méadú ar na gníomhaíochtaí sin, agus dá mbeadh roinnt tionscadal le cur i gcrích i gcomhthráth, chaithfí an leibhéal acmhainní a oiriúnú dá réir sin. I measc na ngníomhaíochtaí sin, mar shampla, d'fhéadfaí ardáin theicniúla choiteanna a fhorbairt chun cumarsáid a dhéanamh le hiompróirí aeir i gcomhthéacs API/PNR. Déantar foráil maidir le cur leis na gníomhaíochtaí sin de réir a chéile mar gur de réir a chéile a shainaithneofar agus a chuirfear tionscadail nithiúla chun feidhme.

(d)faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha taighde agus iad a chur chun feidhme

In Airteagal 10 cuirtear roinnt freagrachtaí ar eu-LISA sa réimse taighde. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí sa taighde atá ábhartha chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar a cuid córas. Lena chois sin, féadfaidh sí cuidiú chun na codanna sin den Chreatchlár um Thaighde a chur chun feidhme. Mar chomhlacht an-speisialaithe sa réimse TF agus bithmhéadrachta, is féidir le eu-LISA luach a chur leis an gclár seo. Is í is fearr chun obair leantach a dhéanamh ar thionscadail sna réimsí sin mar nach bhfuil saineolas inchomparáide ag an gCoimisiún ná ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thaighde.

I dteannta na ngníomhairí sealadacha arna bhfostú chun cúraimí nua na hOifige Tacaíochta Teicniúla a chur chun feidhme, is gá tuilleadh gníomhairí sealadacha a fhostú chun cúraimí sa réimse seo a leanas a dhéanamh:

Airgeadas agus riarachán (tacaíocht riaracháin a atreisiú atá nasctha le méadú ar an mbuiséad arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht). Sainaithníodh sa mheastóireacht sheachtrach go raibh gá práinneach leis an nGníomhaireacht córas ceart bainistíochta ó thaobh gníomhaíochtaí de a chur ar bun. Is amhlaidh is tábhachtaí é sin i dtaca leis na freagrachtaí móra buiséadacha a chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht.

An líonra (an bonneagar cumarsáide lenar féidir faisnéis as VIS agus SIS a mhalartú) mar a naistreofar freagrachtaí ón gCoimisiún chuig eu-LISA, dá dtagraítear in Airteagal 7).

Bainistiú na Gníomhaireachta: Faoin mbliain 2020, táthar ag súil go dtiocfaidh méadú faoi dhó beagnach ar líon foriomlán fhoireann na Gníomhaireachta i gcomparáid le líon na foirne atá ann faoi láthair. Dá thoradh sin, beidh ar an nGníomhaireacht a bonneagar eagrúcháin a athbhreithniú, agus beidh uirthi poist nua bhainistíochta a chruthú, go háirithe chun maoirseacht a dhéanamh ar an Oifig nua Tacaíochta Teicniúla. Sainaithníodh an gá sin go soiléir sa mheastóireacht sheachtrach, beag beann ar na cúraimí breise a sainaithníodh a bhfuil tuairisc orthu thuas (a chuirfidh níos mó leis an ngá chun bainistíocht na Gníomhaireachta a threisiú).

Mar sin, is gá 23 ghníomhaire shealadacha bhreise sa phlean bunaíochta chun na cúraimí thuasluaite a chur chun feidhme.

Feidhmghrúpa

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

ADanna breise

18

20

22

ASTanna breise

1

1

1

MÓRIOMLÁN

19

21

23

B – gníomhairí ar conradh a chur in ionad ball foirne eatramhach atá ann faoi láthair

Sainaithníodh an gá le roinnt ball foirne eatramhach a inmheánú chun riar ar riachtanais oibríochtúla sa timpeallacht íogair slándála atá ann faoi láthair, ar bhearnaí san fhoireann a sainaithníodh sa mheastóireacht sheachtrach ar an nGníomhaireacht, agus ar na riachtanais maidir le gnó na Gníomhaireachta a bheith leanúnach agus i gcomhréir leis an dlí. I gcás ina mbeidh foireann sheachtrach níos oiriúnaí e.g. maidir le foireann ghearrthéarmach nó maidir le speisialtóirí do thionscadail theoranta, beidh sé de rún ag an nGníomhaireacht iad a choinneáil. Mar sin féin, síltear nach bhfuil seachtrú ina lán cásanna eile éifeachtach ná éifeachtúil. Níl baill foirne eatramhacha sheachtracha coibhéiseach le baill foirne rialta na Gníomhaireachta ar a lán dóigheanna (tá ráta athraithe na foirne an-ard -toisc gur beag spreagadh atá ann dóibh i ngeall ar dheiseanna fadtéarmacha agus deiseanna fáis); ní bhíonn daoine ag a bhfuil ardscileanna/eolas maith le fáil, de ghnáth; níl aon chuntasacht araíonachta ann, tá srianta slándála ann maidir le faisnéis agus acmhainní corparáideacha a rochtain (go háirithe nuair a bhaineann sé le eu-LISA mar gheall ar a shainordú agus a fheidhmiú iarbhír); comhtháthú deacair: rochtain shrianta ar bhonneagar corparáideach (e.g. bogearraí airgeadais, córas bainistithe doiciméad, acmhainní daonna). Ar na cúiseanna sin uile, is chun leas comhpháirteach gach páirtí go laghdóidh eu-LISA a spleáchas ar sholáthraithe seachtracha.

Déantar foráil maidir leis an 25 FTE a ionfhoinsiú mar ghníomhairí ar conradh chun an méid seo a leanas a áirithiú:

·chun riar ar riachtanais oibríochtúla atá ag fás: Cuireadh in iúl sa mheastóireacht sheachtrach gur ghá creat oibríochtúil an-dian a chur ar bun arna dhéanamh trí ITSM (Bainistiú Seirbhíse TF) a chur chun feidhme, go háirithe, agus gur ghá é sin mar gheall ar líon méadaitheach na gcóras TF arna mbainistiú ag eu-LISA, mar aon leis an méadú ar a méid agus ar a gcumas (uasghráduithe ar Eurodac le déanaí, cur chun feidhme SIS AFIS, nuashonrú chumas VIS...) agus a chastacht agus atá a noibríochtaí. Chun an córas sin a fhorbairt agus a bhainistiú, tá foireann atá tiomanta, fadtéarmach agus tuisceanach ar chúrsaí slándála agus atá in ann cur lena dtaithí leanúnach go héifeachtach de dhíth ar an nGníomhaireacht. Lena chois sin, moladh sa mheastóireacht go gcuirfí Oifig Bainistithe Tionscadal agus Meastóireachtaí (EPMO) ar bun chun a samhail inmheánach rialaithe tionscadal a fhorbairt a thuilleadh. Sainaithníodh gur ríthábhachtach an rud é ITSM agus EPMO a chur ar bun.

·Slándáil: ba cheart foireann chomhtháite chuntasach fhadtéarmach atá tuisceanach ar ghnóthaí slándála a fhostú sna poist thábhachtacha íogaire sin, amhail poist bhainistíochta tionscadal agus poist a bhaineann le pleanáil agus slándáil. Sa mheastóireacht, leagadh béim ar an ngá na hinniúlachtaí bainistíochta slándála a neartú agus cuid de na dualgais sa réimse slándála a leithscaradh.

·Leanúnachas gnó: is ríthábhachtach na córais arna mbainistiú ag eu-LISA le haghaidh fheidhmiú limistéar Schengen agus le haghaidh shlándáil na hEorpa. Tá leanúnachas gnó i dtaca leis na córais sin bunriachtanach agus éigeantach ó thaobh an dlí de. Níor cheart é sin a chur i mbaol le foireann sheachtrach nach bhfuil cuntasach ná tiomanta agus a bhfuil riosca leo ó thaobh na slándála de.

·Gníomhaíochtaí fála/airgeadais: Sainaithníodh sa mheastóireacht sheachtrach go raibh gá práinneach leis an nGníomhaireacht córas ceart bainistíochta ó thaobh gníomhaíochtaí de a chur ar bun. Is amhlaidh is tábhachtaí é sin agus aird á tabhairt ar na freagrachtaí móra buiséadacha a chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht chun na cúraimí agus na gníomhaíochtaí nua agus atá ann cheana a chur chun feidhme. Beidh foireann bhreise de dhíth ar eu-LISA chun cúrsaí fála agus bainistíocht airgeadais a dhéanamh ar bhealach sciliúil cheart éifeachtúil. Arís, is gá foireann atá tiomanta agus cuntasach agus atá eolach ar an nGníomhaireacht agus ar a cuid riachtanas chun na cúraimí sin a chur i gcrích nach féidir le foireann eatramhach a láimhseáil.

Lena chois sin, shainaithin an Coimisiún go raibh 2 ghníomhaire ar conradh de dhíth chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cur le foireann dlí eu-LISA (1 ghníomhaire ar conradh) d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht na ndoiciméad dlí uile agus a chur ar chumas eu-LISA freisin acmhainn dhlíthiúil inmheánach a fhorbairt le go mbeifear in ann tionchar dlíthiúil na mbeart acu atá beartaithe a mheasúnú.

Cur leis an bhfoireann iniúchóireachta inmheánaí chun a áirithiú go gcuirfear an plean bliantúil iniúchóireachta inmheánaí chun feidhme (1 ghníomhaire ar conradh) agus cur leis an acmhainn inmheánach chun na meastóireachtaí ex ante uile a dhéanamh nach bhfuil á ndéanamh faoi láthair.

Is gá 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht chun an saineolas gnó is gá a thabhairt ar na timpeallachtaí náisiúnta TF. Tá gá leo sin chun na freagraí teicniúla iomchuí a thabhairt nuair atá réitigh TF á gceapadh agus caithfear cur le líon na saineolaithe náisiúnta ar iasacht atá ann cheana i bhfianaise na gcúraimí nua.

Is tábhachtach an príomhról atá ag eu-LISA sa timpeallacht slándála atá ann faoi láthair mar a bhfuil ról tábhachtach ag na córais TF agus an idir-inoibritheacht sna réitigh arna mbeartú chun an tslándáil a threisiú ar leibhéal an Aontais. Tá an ghníomhaireacht de dhíth ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún chun córais TF iontaofa a bhainistiú maidir le teorainneacha agus slándáil, chun bearnaí slándála sa bhonneagar córas TF a dhúnadh agus chun an idir-inoibritheacht a fhorbairt.

Sa chomhthéacs sin, beidh eu-LISA ag brath go mór ar chúltaca acmhainní cobhsaí chun go néireoidh leis agus is gá an fhoireann a inmheánú a luaithe is féidir, mar atá beartaithe.

Gníomhairí ar conradh

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Iomlán

27

27

27

Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht

Bliain 2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Iomlán

2

2

2

Déanfar earcaíocht sa chéad seimeastar de gach bliain airgeadais.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach don mháthair-Ard-Stiúrthóireacht

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.

   Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad).

Bliain
2018

Bliain 2019

Bliain 2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

·Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin)

14.5

14.5

14.5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 116

XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 bb 117

- sa Cheanncheathrú 118

- i dToscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

14.5

14.5

14.5

Is gá acmhainní daonna breise in AS HOME chun gur féidir obair leantach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí nua na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpaí comhairleacha nua ar bun do na córais nua agus is gá don Choimisiún freastal orthu sin agus is gá oibreacha chun iad a chur ar bun. Ina theannta sin, i ngeall ar na cúraimí nua uile a chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht, cuirfear tuarascálacha teicniúla ar fáil, eagrófar treoirthionscadail agus beidh cruthúnas coincheapa ann a bheidh ar an gCoimisiún a athbhreithniú agus a leanúint. Maidir leis sin, caithfear foireann theicniúil an-teoranta AS HOME a atreisiú. Lena chois sin, cuirtear 1.5 FTE leis chun rannpháirtíocht AS JUST a chumhdach le forbairt ECRIS-TCN, mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme is gá a ullmhú a bhaineann le sonraíochtaí an chórais. Tá 9.5 post breise de dhíth le cur leis an mbonnlíne 6.5 atá ann cheana in AS HOME agus in AS JUST.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Comhordú agus obair leantach an Choimisiúin ar an nGníomhaireacht: I dteannta na 5 FTEanna atá ann cheana, tá gá le 1 saineolaí bithmhéadrachta, 2 shaineolaí TF ghinearálta, 1 saineolaí slándála, 1 oifigeach airgeadais agus 3 oifigeach beartas le haghaidh obair leantach an Bhoird Bainistíochta / an Ghrúpa Chomhairligh agus measúnú tionchair / meastóireachtaí ex ante do AS HOME, agus 1.5 FTEanna do AS JUST.

Pearsanra seachtrach

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair aonaid FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 d'Iarscríbhinn V.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

   Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

   Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

   Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil 119 .

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain
N

Bliain
N+1

Bliain
N+2

Bliain
N+3

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe



3.3An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

   Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

   Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

maidir le hacmhainní dílse

ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh 120

Bliain
2018

Bliain
2019

Bliain
2020

Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal 6313

Ranníocaíocht ó thíortha comhlachaithe Schengen (CH, NO, LI, IS)

p.m.

p.m.

p.m.

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.

18.0207 eu-LISA

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Áireofar sa bhuiséad ranníocaíocht ó thíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus na bearta gaolmhara Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt faoi mar a leagtar amach sna comhaontuithe faoi seach.

(1) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach {Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu na Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát}, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (athmhúnlú). IO L 180, 9.6.2013.
(2) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Chórais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil. COM(2016) 205 final, 6.4.2016
(3) http://ec.europa.eu/transparency/regexpert/index.cfm?do=groupDetail.groupDetailDoc&id=32600&no=1
(4) COM(2017) 261 final.
(5) http://bookshop.europa.eu/is-bin/INTERSHOP.enfinity/WFS/EU-Bookshop-Site/en_GB/-/EUR/ViewPublication-Start?PublicationKey=DR0116464
(6) COM(2017) 346, 29.6.2017.
(7) SWD(2017) 249, 29.6.2017.
(8) Aistríodh cúraimí áirithe oibríochtúla agus slándála maidir le DubliNet chuig eu-LISA trí chomhaontú leibhéil seirbhíse an 31 Iúil 2014 idir an Ghníomhaireacht agus an tArd-Stiúrthóir um Imirce agus Gnóthaí Baile. Is é an Coimisiún atá freagrach as an mbuiséad agus ábhair a bhaineann le conarthaí go fóill. Aistreofar DubliNet chuig an nGníomhaireacht de réir dlí, trí fhoráil lena leasaítear Rialachán (AE) 1077/2011 den togra maidir le hathmhúnlú Eurodac. COM(2016) 272 final, 4.5.2016.
(9) Cuireadh feidhmiú VISION (líonra comhairliúcháin Schengen) de chúram ar eu-LISA trí chomhaontú leibhéil seirbhíse a síníodh idir na Ballstáit agus na tíortha a bhaineann úsáid as VISION, mar atá an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, a ndearna Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus an Ghníomhaireacht ionadaíocht thar a gceann an 27 Bealtaine 2013.
(10) Le linn na caibidlíochta ar Phacáiste na dTeorainneacha Cliste a ghlac an Coimisiún an 28 Feabhra 2013, tháinig gnéithe áirithe teicniúla, oibríochtúla agus costais chun solais ar measadh gur ghá tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh orthu. An 4 Feabhra 2014, thacaigh COREPER le beart cruthúnais coincheapa lena gcuimsítear beart faoi stiúir an Choimisiúin agus céim thástála nó treoirthionscadal faoi stiúir eu-LISA. Cuireadh an treoirthionscadal de chúram ar eu-LISA trí bhíthin comhaontú tarmligin agus cuireadh i gcrích go rathúil é in 2015.
(11) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an Rialachán Réime Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 328, 7.12.2013, lch. 42.
(12) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) 1077/2011 COM(2016) 194 final, 6.4.2016.
(13) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) COM(2016) 270 final, 4.5.2016.
(14) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, Rialachán (AE) 2016/794 agus Rialachán (AE) 2016/1624 COM(2016) 731 final, 16.11.2016.
(15) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Chórais Faisnéise níos Láidre agus níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil. COM(2016) 205 final, 6.4.2016.
(16) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006. COM(2016) 882 final, 21.12.2016 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2016/261/AE ón gCoimisiún. COM(2016) 883 final, 21.12.2016.
(17) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach {Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát] chun náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach sa stát a shainaithint agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí (athmhúnlú). COM(2016) 272 final, 4.5.2016.
(18) Sa seachtú tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo aontas slándála éifeachtach dílis, iarradh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle plé comhpháirteach a dhéanamh ar an mbealach chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht faoi mar atá leagtha amach sa teachtaireacht. Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún na tuairimí seo i láthair Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) an 26 Bealtaine 2017 agus i láthair na mBallstát ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 9 Meitheamh 2017 agus déanfar iad a phlé ansin. Mar thoradh ar an bplé sin, meastar go reáchtálfaidh na trí institiúid cruinnithe breise trípháirteacha ar an leibhéal teicniúil le linn fhómhar 2017 chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an mbealach chun cinn maidir le hidir-inoibritheacht mar a leagtar amach sa Teachtaireacht seo é lena náirítear na riachtanais oibríochtúla maidir le teorainneacha agus slándáil agus an chaoi le comhréireacht agus comhlíonadh iomlán ceart bunúsach a áirithiú. Tá sé mar aidhm teacht ar chomhthuiscint a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí roimh dheireadh 2017, maidir leis an mbealach chun cinn agus na céimeanna is gá a ghlacadh chun idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise a bhaint amach faoi 2020. Ar bhonn comhthuiscint den sórt sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach maidir le hidir-inoibritheacht go luath in earrach 2018. I gcomhthráth leis an bplé comhpháirteach idir na trí institiúid a bheith ar siúl, agus gan a dtiocfaidh as a thuar, beidh ar an gCoimisiún agus eu-LISA tuilleadh anailíse teicniúla a dhéanamh ar na réitigh atá beartaithe maidir le hidir-inoibritheacht le linn 2017, trí bhíthin sraith staidéar teicniúil agus cruthúnas coincheapa. Tabharfaidh an Coimisiún tuairisc rialta cothrom le dáta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le dul chun cinn san anailís theicniúil sin. A bhuí leis an bplé le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, tá an Coimisiún ag obair go dian chun togra reachtach maidir le hidir-inoibritheacht a thíolacadh a luaithe is féidir.
(19) Cinneadh 2008/615/JHA ón gComhairle (23.6.2008).
(20) Treoir (AE) 2016/681 (27.4.2016).
(21) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis taifid choiriúil faoi náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát (NTT) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS) a fhorlíonadh agus chun tacú leis agus lena leasaítear Rialachán (AE) 1077/2011 (an córas ECRIS-TCN). COM(2017) 344, 29.6.2017.
(22) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach {Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát}, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (athmhúnlú). IO L 180, 9.6.2013.
(23) COM(2015) 185 final, 28.4.2015.
(24) COM(2015) 240 final, 13.5.2015.
(25) IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.
(26) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(27) Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua a scrúdú, IO L 93, 3.4.2001, lgh. 40-47.
(28) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(29) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.
(30) Cinneadh ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, IO L 53, 27.2.2008, lch. 3.
(31) IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.
(32) Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, IO L 160 18.6.2011.
(33) Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Eilvéis a scrúdú, IO L 161, 24.6.2009, lch. 6 agus Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó san Íoslainn nó san Iorua a scrúdú, IO L 57, 28.2.2006, lch. 16.
(34) http://bookshop.europa.eu/is-bin/INTERSHOP.enfinity/WFS/EU-Bookshop-Site/en_GB/-/EUR/ViewPublication-Start?PublicationKey=DR0116464  
(35) COM(2017) 346, 29.6.2017.
(36) Sa togra maidir le EES, tá foráil déanta maidir leis na leasuithe a bhaineann le EES. D'fhéadfaidís a bheith faoi réir leasuithe le linn phróiseas na hidirbheartaíochta a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
(37) Rinneadh foráil maidir leis na leasuithe ar Rialachán eu-LISA a bhaineann le DubliNET sa togra maidir le hathmhúnlú Rialachán Eurodac, agus tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh. Cuireadh oibriú DubliNet de chúram ar an nGníomhaireacht cheana féin trí bhíthin comhaontú leibhéil seirbhíse idir an Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile agus eu-LISA an 31 Iúil 2014.
(38) Ní dhearnadh foráil maidir leis na leasuithe ar Rialachán eu-LISA a bhaineann le ETIAS sa togra maidir le ETIAS, ach d'fhéadfaí iad a chur isteach le linn na hidirbheartaíochta ar an téacs sin. Ar aon nós, tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(39) Níor cuireadh na leasuithe ar Rialachán eu-LISA isteach i dtogra athmhúnlaithe Bhaile Átha Cliath agus, ar aon nós, beidh siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(40) Cuireadh na leasuithe ar Rialachán eu-LISA isteach sna tograí maidir le ECRIS-TCN, agus tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(41) Is tionscadal é TESTA-ng a forbraíodh i bhfoirm seirbhís líonraí ar bhonn Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha, IO L 260, 3.10.2009, lch. 20.
(42) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 i ndáil leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle, IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.
(43) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 328, 7.12.2013, lch. 42.
(44) IO L 328, 7.12.2013, lch. 42.
(45) Cinneadh ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2014 maidir le meabhrán tuisceana idir an Coimisiún Eorpach agus an Ghníomhaireacht Eorpach maidir le bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, C(2014) 3486 final. Tháinig an meabhrán tuisceana i bhfeidhm an 18 Meitheamh 2014.
(46) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2011.
(47) Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).
(48) Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a oibriú agus a úsáid (IO L 205, 7.8.2007, lch. 63).
(49) Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) (IO L 213, 15.6.2004, lch. 5).
(50) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(51) Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le "Eurodac" a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (IO L 316, 15.12.2000, lch. 1).
(52) Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 maidir le "Eurodac" a bhunú chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath (IO L 62, 5.3.2002, lch. 1).
(53) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát i gceann de na Ballstáit agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).
(54) Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 286, 1.11.2011, lch. 1).
(55) Cinneadh 2008/633/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain ar Chóras Faisnéise Víosaí (VIS) a bheith ag údaráis ainmnithe de chuid Ballstát agus ag Europol chun na sonraí ann a cheadú chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile a chosc, a bhrath agus a imscrúdú (IO L 218, 13.8.2008, lch. 129).
(56) COM(2017) 346, 29.6.2017.
(57) COM(2017) 134, 23.3.2017. Cuirtear ar fáil in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Teachtaireacht seo na treoirlínte ginearálta, na moltaí agus na dea-chleachtais chun idir-inoibritheacht a bhaint amach nó, ar a laghad, chun an timpeallacht a chothú inar féidir idir-inoibritheacht ar bhonn níos fearr a bhaint amach agus seirbhísí poiblí Eorpacha á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á mbainistiú.
(58) Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (IO L 222, 5.9.2003 lch. 3).
(59) Cinneadh Uimh. 922/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha (ISA), IO L 280, 3.10.2009, lch. 20.
(60) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).
(61) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena naisghairtear Cinneadh 574/2007/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(62) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(63) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún. COM(2016) 883 final.
(64) IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.
(65) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(66) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(67) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(68) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
(69) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(70) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).
(71) IO L 66, 8.3.2006, lch. 38.
(72) IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.
(73) IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.
(74)

   IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(75) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(76) IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.
(77) IO L 93, 3.4.2001, lch. 40.
(78) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(79) IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.
(80) IO L 53, 27.2.2008, lch. 5.
(81) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(82) IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.
(83) IO L 160, 18.6.2011, lch. 39.
(84) Tá foráil déanta maidir leis na leasuithe a bhaineann le EES sa togra maidir le EES. D'fhéadfaidís bheith faoi réir leasuithe le linn an idirbheartaíocht a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.
(85) Rinneadh foráil maidir leis na leasuithe ar Rialachán eu-LISA maidir le DubliNET sa togra maidir le hathmhúnlú Rialachán Eurodac, agus tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(86) Ní dhearnadh foráil maidir leis na leasuithe ar Rialachán eu-LISA maidir le ETIAS sa togra maidir le ETIAS, ach d'fhéadfaí iad a chur isteach le linn na hidirbheartaíochta ar an téacs sin. Ar aon nós, tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(87) Níor cuireadh na leasuithe ar Rialachán eu-LISA isteach sa togra maidir le hathmhúnlú Rialachán Bhaile Átha Cliath agus, ar aon nós, beidh siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(88) Cuireadh na leasuithe ar Rialachán eu-LISA isteach sna tograí maidir le ECRIS-TCN, agus tá siad faoi réir an togra sin a ghlacadh.
(89) Faoi láthair, baineann sin le Eurodac amháin, ach beidh EuroDomain in úsáid ag an gcóras ECRIS-TCN amach anseo freisin.
(90) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún. COM(2016) 883 final.
(91) Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa IO P 17, 6.10.1958, lch. 385
(92) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 4).
(93) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).
(94) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(95) ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí ABB: Buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(96) Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(97) Maoineofar forbairt ECRIS-TCN leis an gClár Ceartais agus beidh sé neodrach ó thaobh an bhuiséid de do cheannteideal 3.
(98) Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach {Rialachán (CE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé na Ballstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát}, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (athmhúnlú). IO L 180, 9.6.2013.
(99) COM(2015) 185 final, 28.4.2015.
(100) COM(2015) 240 final, 13.5.2015.
(101) COM(2016) 205 final, 6.4.2016.
(102) Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid:  https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx .
(103) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte
(104) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(105) Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha sna Balcáin Thiar.
(106) Ní chuimsítear gníomhairí breise ar conradh sa bhonnlíne in 2018.
(107) Cuimsítear 23 ghníomhaire shealadacha, 2 ghníomhaire ar conradh agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht sa bhuiséad breise mar a mhínítear i roinn 3.2.3.
(108) D'fhéadfadh sé go mbeadh foráil shuntasach maidir le caiteachas tógála de dhíth chun an láithreán in Strasbourg a leathnú le go méadófaí ar an gcumas óstála ba ghá chun córais bhreise a fhorbairt. Tá Eu-LISA ag déanamh measúnú ar an ngá leis an méid sin riachtanais faoi láthair. Má dhearbhaítear gur gá sin, leanfaidh eu-LISA an nós imeachta maidir le tógáil i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle agus chuirfí na forálacha buiséid is gá i bhfeidhm trí bhíthin nós imeachta an dréachtbhuiséid (DB 2019).
(109) Cuirfear aistriú an bhonnegair cumarsáide i gcrích, ar thaobh amháin, don VIS in 2018 cheana féin de réir Airteagal 19a (9) de Rialachán maidir le EES a ghlacfar in 2017 agus tar éis an Rialachán eu-LISA athbhreithnithe don SIS a ghlacadh (féach fonóta 19 freisin).
(110) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(111) Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha...".
(112) Rinneadh ionfhoinsiú na foirne a asbhaint mar a leagadh amach i meabhrán eu-LISA maidir le dréachtbhuiséad 2018.
(113) Leasóidh an Rialachán maidir le EES a thiocfaidh i bhfeidhm amach anseo, a luaithe a ghlacfar é, Airteagal 26 den Rialachán maidir le VIS (CE) Uimh. 767/2008 an 9 Iúil 2008 lena ndearbhófar gurb é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as na cúraimí riaracháin VIS a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide arna mbainistiú go dtí seo ag an gCoimisiún sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir le EES. Is é a bheidh san fhoráil sa Rialachán maidir le EES a thiocfaidh i bhfeidhm amach anseo an bunús dlí chun an buiséad ábhartha (thart ar 50 % den EUR 19 221 mhilliún le haghaidh VIS agus SIS le chéile) a aistriú chuig an nGníomhaireacht fiú mura mbeidh an Rialachán nua maidir le eu-LISA lena ngabhann an ráiteas airgeadais reachtach seo glactha faoin am sin.
(114) Cuirtear 14 phost bhreise san áireamh le haghaidh na gcéimeanna ó fhorbairt an chórais go plean bunaíochta eu-LISA. Déanfar athmheasúnú ar líon na bpost do 2020 agus do na blianta ina dhiaidh sin le linn do dhréachtbhuiséad an Aontais do 2020 a bheith á ullmhú, agus na riachtanais shonracha is gá leis an gcóras a oibriú 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine, á gcur san áireamh.
(115) Ní áirítear san fhoireann bhreise dá dtagraítear sna táblaí thíos na gníomhairí sealadacha / gníomhairí ar conradh atá faoi réir na hionstraimí dlí maidir le EES, ETIAS, SIS II agus athmhúnlú Eurodac a ghlacadh.
(116) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(117) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(118) Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI) go príomha.
(119) Féach Airteagal 11 agus Airteagal 17 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020.
(120) A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.