An Bhruiséil,26.1.2017

COM(2017) 38 final

2017/0013(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2017) 22 final}
{SWD(2017) 23 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Leagtar amach rialacha faoi Threoir 2011/65/AE (RoHS 2) faoi shrian le substaintí áirithe guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL). Tá forálacha RoHS 2 infheidhme maidir leis an trealamh leictreach agus leictreonach uile a chuirtear ar mhargadh an AE cibé an san AE a táirgeadh é nó sa tríú tír. Déantúsóirí tionsclaíochta, allmhaireoirí agus dáilitheoirí trealaimh leictraigh agus leictreonaigh is mó a ndéanann RoHS 2 difear dóibh, chomh maith le custaiméirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh.

Dírítear ar dhramhaíl a chosc, an beart is airde tábhacht in ord tábhachta na dramhaíola, le RoHS 2. Tagann bearta trína laghdaítear ar méid de shubstaintí díobhálacha in ábhair agus in earraí san áireamh le cosc dramhaíola. Tagann buntáiste maidir leis an mbainistíocht ar dhramhaíl de thoradh ar ísliú ar an méid de shubstaintí guaiseacha a bhíonn i ndramhaíl leictreach agus leictreonach. Cuirtear an athúsáid as táirgí chun cinn agus an athchúrsáil ar ábhar réamhúsáidte, rud a chuireann bonn faoin ngeilleagar ciorclach.

Tá gá le RoHS 2 ionas go seachnaítear bacanna ar thrádáil agus saobhadh na hiomaíochta san AE, rud a d'fhéadfadh tarlú sa chás go mbeadh dlíthe nó bearta riaracháin maidir le srianta ar shubstaintí guaiseacha a úsáid in trealamh leictreach agus leictreonach sna Ballstáit éagsúla ar neamhréir lena chéile. Déantar leas freisin maidir le sláinte an duine a chosaint agus aisghabháil agus diúscairt a dhéanamh ar dhramhaíl leictreach agus leictreonach ar bhealach atá slán ó thaobh cúrsaí comhshaoil de.

Is athmhúnlú RoHS 2 ar an Treoir 2002/95/CE (RoHS 1) a chuaigh roimpi. Spreag an dá threoir RoHS laghdú maidir le hábhair ghuaiseacha ar fud an domhain: is iomaí tír, an tSín, an Chóiré agus na Stáit Aontaithe ina measc, ar tugadh reachtaíocht de chineál RoHSchun cinn iontu

Tugadh sainmhíniúcháin nua isteach le RoHS 2 agus leathnaíodh leis an raon feidhme chun feistí leighis agus ionstraimí monatóireachta agus rialúcháin a chuimsiú. Rinneadh measúnú maidir leis an tionchar a bheadh ag na forálacha seo ar thogra an Choimisiúin sa bhliain 2008. Tugadh athruithe eile freisin isteach le RoHS 2 áfach: an 'raon feidhme oscailte' trí chatagóir nua, catagóir 11: "Trealamh leictreach agus leictreonach eile nach dtagann faoi scáth aon cheann de na catagóirí eile". Fágann na hathruithe sin go bhfuil feidhm ag an Treoir maidir leis an trealamh leictreach agus leictreonach uile (ach amháin trealamh a eisiatar go sainráite) agus tugtar léirmhíniú níos forleithne ar threalamh leictreach agus leictreonach, bunaithe ar shainmhíniú nua maidir leis an spleáchas ar leictreachas. Ní dhearnadh measúnú go sonrach maidir leis na forálacha nua 'raon feidhme oscailte' seo ar a dtabhairt isteach maidir le RoHS 2.

Tugtar de shainordú don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá le leasú maidir le raon feidhme na Treorach i ndáil leis an sainmhíniú ar threalamh leictreach agus leictreonach agus le grúpaí breise táirgí a eisiamh maidir le raon feidhme RoHS 2 mar gheall ar an raon feidhme oscailte a tugadh isteach le hathmhúnlú na bliana 2011. Rinne an Coimisiún an measúnú sin agus tugadh roinnt ceisteanna chun suntais i ndáil le raon feidhme RoHS 2 ar gá díriú orthu ionas go seachnaítear torthaí neamhbheartaithe ar an reachtaíocht.

Mura mbeadh togra ón gCoimisiún, thiocfadh na fadhbanna seo a leanas chun cinn tar éis an 22 Iúil 2019:

díchumasú oibríochtaí tánaisteacha margaidh (e.g. athdhíolachán, margadh athláimhe) maidir le trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoin raon feidhme den chéad uair. 'stop iomlán' a thugtar air seo;

deireadh leis an bhféidearthacht go bhféadfaí fothacar den trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoin raon feidhme den chéad uair a dheisiú le páirteanna spártha ó chuirfí ar an margadh go dleathach roimh an dáta sin;

an ionramháil éagsúil (saofa) maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair corda-cheangailte i gcomórtas le hinnealra atá cosúil leis ar gach bealach eile ach a chumhachtaítear le cadhnra nó le hinneall (a eisiatar áireamh maidir le raon feidhme RoHS faoi láthair);

an cosc de facto ar phíoporgáin a chur ar mhargadh an Aontais (mar gheall ar neamh-chomhlíonadh RoHSde bharr luaidhe a úsáid ionas go ndéantar an fhuaim inmhianta)

D'fhéadfadh na ceithre cinn d'fhadhbanna sin cur isteach ar mhargadh an Aontais, ar dhéantúsóirí agus ar shaoránaigh agus tionchar mhíbhuntáisteach a tharraingt ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, comhshaoil, sóisialta agus cultúir.

Téann togra an Choimisiúin i ngleic dá réir sin le fadhbanna maidir leis an raon feidhme nach féidir a réiteach trí ionadú substainte ná le díolúintí agus treoir, e.g. maidir le grúpaí táirgí faoi leith lena mbíonn fadhb comhlíonta go buan nó le cásanna ina gcruthaíonn forálacha maidir leis an raon feidhme saobhadh margaidh, eadhon:

oibríochtaí tánaisteacha margaidh maidir le trealamh leictreach agus leictreonach RoHS 2 a bhí lasmuigh de raon feidhme RoHS 1;

páirteanna spártha do trealamh leictreach agus leictreonach RoHS 2 a bhí lasmuigh de raon feidhme RoHS 1;

innealra soghluaiste neamhbhóthair corda-cheangailte le tiomáint frithchuimilte;

píoporgáin.

Dírítear leis an togra freisin ar cheachtanna a foghlaimíodh ó RoHS 2 a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na cuspóirí forghinearálta agus le riachtanais maidir le soiléire faoin dlí.

Ní cuid den chlár oibre REFIT an tionscnamh seo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana

Trí dhíriú ar oibríochtaí tánaisteacha margaidh, féachann an togra le comhlíonadh iomlán phrionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh maidir le reachtaíocht táirgí a chur ar bun an athuair i ndáil le RoHS 2. Go háirithe, faoi mar a leagtar amach sa Treoir Ghorm ina dtugtar treoir chothrománach faoin ról atá le táirgí a chur ar an margadh i ndáil le reachtaíocht táirgí an Aontais 1 : ‘When made available on the market, products must be in compliance with the Union harmonisation legislation applicable at the time of placing on the market. Accordingly, new products manufactured in the Union and all products imported from third countries — whether new or used — must meet the provisions of the applicable Union harmonisation legislation when placed on the market i.e. when made available for the first time on the Union market. Compliant products once they have been placed on the market may subsequently be made available along the delivery chain without additional considerations, even in case of revisions to the applicable legislation or the relevant harmonised standards, unless otherwise specified in the legislation’. Tugtar sainmhíniú ar ‘Making available on the market’ agus ‘placing on the market’ in RoHS 2. Ceadaítear cheana féin oibríochtaí tánaisteacha margaidh, mar shampla trealamh leictreach agus leictreonach a athdhíol, lena mbainfeadh freisin deisiúchán, páirteanna spártha a athsholáthar, athfheistiú agus athúsáid, i ndáil leis an gcuid is mó den TLL (cé nach é an tiomlán é).

(1)Ceadaítear faoi RoHS 2 leanúint de trealamh leictreach agus leictreonach a bhí lasmuigh de raon feidhme RoHS 1, ach nach gcomhlíonfadh RoHS 2, a chur ar fáil ar an margadh go dtí an 22 Iúil 2019. Ón dáta sin amach, áfach, beidh cosc ar threalamh leictreach agus leictreonach neamhchomhlíonta a chur ar an margadh den chéaduair agus ar oibríochtaí tánaisteacha margaidh ina leith (e.g. athdhíol). Feistí leighis, ionstraimí monatóireachta agus rialúcháin agus trealamh leictreach agus leictreonach eile a thagann faoi scáth an raon feidhme den chéad uair an trealamh leictreach agus leictreonach a ndéanann an 'stop iomlán' seo difear ina leith. Níl an bac seo ar oibríochtaí tánaisteacha margaidh i gcomhréir le comhchuibhiú ginearálta reachtaíocht táirgí an Aontais. Ar an gcúis sin, molann an Coimisiún an stop iomlán le hoibríochtaí tánaisteacha margaidh a scrios.

(2)Cruthaítear eisceacht (i ndáil leis an srian ghinearálta ar shubstaintí) faoi RoHS 2 maidir le cáblaí agus páirteanna spártha don deisiúchán, don athúsáid, d'uasdhátú feidhmiúlachtaí nó d'uasghrádú acmhainne na ngrúpaí trealamh leictreach agus leictreonach atá ag teacht faoi scáth raon feidhme RoHS de réir a chéile. Ní liostaítear, áfach, trealamh leictreach agus leictreonach atá ag teacht faoi scáth an raon feidhme den chéad uair ach amháin feistí leighis agus ionstraimí monatóireachta agus rialúcháin. Tagann dá bharr sin nach bhféadfaí páirteanna spártha a úsáid ón 22 Iúil 2019 amach agus éagsúlacht ionramhála nach bhfuil údar maith leis. Molann an Coimisiún dá bhrí sin foráil faoi leith a thabhairt isteach chun páirteanna spártha a eisiamh maidir le srian ar shubstaintí i riocht agus go gceadaítear deisiú a dhéanamh tráth ar bith ar iomlán an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a thagann faoi scáth raon feidhme RoHS 2 agus a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

(3)Liostaítear 10 gcinn faoi leith de chineálacha trealaimh faoi RoHS 2 a eisiatar maidir le forálacha 'raon feidhme oscailte'. Ní thagann san áireamh le cineál amháin trealaimh (‘innealra soghluaiste neamhbhóthair a chuirtear ar fáil go heisiach d'úsáid ghairmiúil’) ach amháin innealra le foinse cumhachta ar bord. Fágann an fhoráil sin cineálacha innealra atá comhionann ar gach bealach eile a theacht faoi scáth dhá réimeas rialúcháin éagsúla gan de chúis leis sin ach amháin éagsúlacht maidir le foinsí cumhachta (ar bord nó seachtrach). Molann an an sainmhíniú ar ‘innealra soghluaiste neamhbhóthair a chuirtear ar fáil go heisiach d'úsáid ghairmiúil’ a leasú ionas go dtugtar innealra faoi thiomáint frithchuimilte san áireamh chomh maith.

(4)Tá beartaithe ag an gCoimisiún freisin píoporgáin a chur leis an liosta den trealamh a eisiatar cheal malairtí lena gcur ina nionad.

Faoi RoHS 2, ba cheart go mbeadh fad teoranta sainithe le díolúintí ó thaobh srian ar shubstaintí agus déantar dá bhrí sin dátaí tosaigh agus dátaí deiridh maidir le díolúintí a chur in iúl go sainráite sna iontrálacha in Iarscríbhinní III agus IV nó go hintuigthe ón uastréimhse bailíochta in Airteagal 5(2). Ní shonraítear, áfach, aon uastréimhse bailíochta maidir le catagóir 11 faoi Airteagal 5(2) faoi láthair.

Cé nach luaitear spriocthráth sonrach in Airteagal 5(5) maidir le cinneadh an Choimisiúin faoi iarratais ar dhíolúintí nua, leagtar síos sé mhí ar a dheireanaí roimh dhul in éag na díolúine mar tráthchlár i ndáil le cinneadh an Choimisiúin ar iarratais maidir le díolúine a athnuachan agus tarlaíonn nárbh fhéidir déanamh dá réir sin. Ar a thabhairt in éineacht leis an gcoinníoll gur gá iarratas ar athnuachan a dhéanamh tráth nach deireanaí ná 18 mí roimh dhul in éag na díolúine, fágann an spriocthráth gur gá don Choimisiún cinneadh a dhéanamh ar iarratais maidir le díolúintí reatha a athnuachan laistigh de dhá mhí dhéag ó chuirtear an tiarratas faoi bhráid, mura mbíonn cúinsí faoi leith ina gcúis mhaith le malairt spriocthrátha. Ní féidir de facto cloí leis an spriocthráth sin mar gheall ar an iliomad céimeanna nós imeachta éigeantacha atá de dhíth chun an tiarratas ar athnuachan a mheas. Ní eascraíonn aon tairbhe breise de bharr an spriocthrátha seachas an nós imeachta follasach reatha i ndáil le hiarratais ar athnuachan a mheas agus ní chuireann spriocthráth a choinneáil ar eol ó thaithí nach féidir cloí leis go praiticiúil leis an intuarthacht do ghnólachtaí ná do pháirtithe leasmhara. Déantar leanúnachas gnó a chinntiú ar aon chaoi ó tharla gur féidir le hoibritheoirí brath ar dhíolúine reatha a bheith bailiú go dtí go ndéantar cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan. Ba chóir dá bhrí sin an fhoráil a scrios lena leagtar síos tráthchlár don Choimisiún i ndáil le cinneadh a dhéanamh ar iarratas maidir le díolúintí a athnuachan.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh

Ní chuireann na hathruithe faoi réir an togra seo athrú ar an gcur chuige bunúsach maidir le RoHS 2 ná ar an gcomhréireacht leis an reachtaíocht eile. Tagann RoHS 2 agus an Rialachán REACH i gcomhréir le chéile ó thaobh idirghníomhaíocht beartais. Déantar, go háirithe, foráil maidir le comhchuibheas le REACH maidir le srian le substaintí nua agus díolúintí ó shrianadh a cheadú.

Tagann RoHS 2 i gcomhréir freisin le reachtaíocht eile maidir le táirgí, de leithéid Threoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite. D'fhéadfadh dualgais neamhspleácha maidir le céim úsáide trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bheith i reachtaíocht eile de chuid an Aontais Eorpaigh, mar shampla i ndáil le feistí leighis nó sláinte agus sábháilteacht oibre, ach ní tharlóidh forluí maidir lena néilítear i ndáil le RoHS 2.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT, COMHRÉIREACHT AGUS EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arb é is cuspóir leis feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú trí chomhchuibhiú ar na forálacha a leagtar síos faoin dlí, trí rialúchán nó trí bhearta riaracháin sna Ballstáit maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, is é sin an bunús dlí le RoHS 2 agus leis an tionscnamh seo.

Ní féidir na fadhbanna a ndírítear orthu leis an togra reatha a réiteach gan athrú a dhéanamhar an raon feidhme maidir le RoHS 2, de réir mar a thagann siad chun cinn faoi mar atá an raon feidhme agus forálacha gaolmhara maidir le RoHS 2 leagtha amach faoi láthair.Réitítear ar leibhéal an Aontais an taon bhealach amháin chun na fadhbanna a réiteach ó tharla go mbíonn tionchar díreach ag forálacha maidir le srian ar úsáid substaintí guaiseacha in dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar mhargadh aonair an Aontais agus nach féidir a ndréachtadh ar leibhéal na mBallstát gan saobhadh a theacht dá thoradh.

Is iad na bearta a mholtar amháin, as iomlán na roghanna beartais, a d'fhéadfadh dul i ngleic go hiomlán leis na fadhbanna a shonraítear a bhfuil tionchar acu ar mhargadh aonair an Aontais ina iomláine. Ní réiteofaí na fadhbanna a shonraítear go buan ná go hiomlán leis na roghanna beartais eile, ná ní áiritheofaí cinnteacht maidir leis an dlí.

Tugtar táscairí breise maidir le comhréireacht na dtograí san áireamh sa tuarascáil measúnaithe tionchair.Baineann an tionscnamh seo le hathbhreithniú a éilítear faoin Treoir. Tugtar isteach an leasú treorach trí threoir leasaitheach, a mínítear a hábhar thíos:

Athraítear le hAirteagail 1(1)(a) agus 1(3)(a) an spriocam aistrithe a shonraítear san Airteagal 2(2) RoHS reatha maidir le trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoi scáth an raon feidhme den chéad uair a chur ar mhargadh an Aontais go ndéantar dáta comhlíonta as maidir leis an trealamh leictreach agus leictreonach a shonraítear in Airteagal 4(3) RoHS a chur ar mhargadh an Aontais. Leantar ar an gcaoi sin an cur chuige céanna a bhain leis na grúpaí táirgí eile ar fad a thugtar faoi scáth na forála sin cheana. Áirithítear soiléire agus comhréireacht dhlíthiúil leis an leasú chomh maith leis an 'stop iomlán' maidir le hoibríochtaí tánaisteacha margaidh a chur ar neamhní nach bhféadfaí dá réir oibríochtaí dá leithéid a dhéanamh a thuilleadh ón 22 Iúil 2019 amach i ndáil leis na táirgí ábhartha.

Déantar le hAirteagal 1(1)(b) píoporgáin a eisiamh maidir le raon feidhme RoHS 2.

Déantar le hAirteagal 1(2) an sainmhíniú ar innealra soghluaiste neamhbhóthair a leathnú ionas go dtugtar san áireamh innealra arna chumhachtú le tiomáint frithchuimilte cordacheangailte, chomh maith le hinnealra de chineálacha cosúla arna chumhachtú ag foinse cumhachta ar bord. Dá thoradh sin, eisiafar innealra soghluaiste neamhbhóthair arna chumhachtú le tiomáint frithchuimilte maidir le raon feidhme RoHS 2

Déantar le hAirteagal 1(3)(b) a lua go bhfuil cáblaí nó páirteanna spártha don deisiúchán, don athúsáid, d'uasdhátú feidhmiúlachtaí nó d'uasghrádú acmhainne saor ó shrianta i ndáil leis an trealamh leictreach agus leictreonach ar fad atá ag teacht faoi scáth an raon feidhme den chéad uair. Déantar leis seo an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm a rinneadh i gcás grúpaí táirgí eile.

Déantar le hAirteagal 1(4)(a) an uastréimhse bailíochta a leagan síos maidir le srianta a bhfuil feidhm leo maidir le 'raon feidhme oscailte' chatagóir 11 (i.e. trealamh leictreach agus leictreonach eile nach dtagann faoi scáth aon cheann eile de na catagóirí). Sonraítear cheana féin an tréimhse bailíochta maidir le díolúintí i ndáil leis na catagóirí eile.

Déantar le hAirteagal 1(4)(b) an spriocam maidir le cinneadh an Choimisiúin faoi dhíolúintí reatha a athnuachan a bhaint amach, i bhfianaise taithí phraiticiúil agus toisc nach dtugann spriocam dá shórt aon chinnteacht breise i gceist d'iarratasóirí.

3.COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh comhairle trí láithreáin gréasáin faoi leith le páirtithe leasmhara maidir le trí cinn de bhearta staidéir 2 réamhullmhúcháin de chuid an Choimisiúin; eagraíodh trí bheart comhairliúcháin oscailte 12 seachtaine le páirtithe leasmhara agus ceithre cinn de chruinnithe le páirtithe leasmhara i rith na mblianta 2012-2015.

Cothaíodh caidreamh le tuairim is thrí chéad saineolaí, ionadaí ó na Ballstáit, cumainn tionscail, déantúsóirí trealaimh leictrigh agus leictreonacigh, eagraíochtaí neamhrialtais i réimse an chomhshaoil, comhlachtaí forais comhairliúcháin agus eagraíochtaí de chineálacha eile (e.g. ollscoileanna). Tháinig freagra ó thuairim is daichead rannpháirtí agus cuireadh iad sin ar fáil go poiblí. Lucht gnó agus údaráis phoiblí is mó a chuir freagraí isteach.

Ar a fhiafraí díobh faoina rogha bealaí chun tabhairt faoi na fadhbanna a bhí i gceist, b'fhearr leis an gcuid is mó de lucht na bhfreagraí:

i ndáil leis an bhfadhb maidir leis an margadh tánaisteach, an 'stop iomlán' ar oibríochtaí margaidh tánaisteacha i ndáil leis an trealamh leictreach agus leictreonach ar fad a bhí ag teacht faoi scáth an raon feidhme den chéad uair a chur ar neamhní agus an idirthréimhse a athrú ina choinníoll comhlíonta faoin dáta céanna;

i ndáil leis an bhfadhb maidir le páirteanna spártha, foráil maidir le deisiú de réir mar a táirgeadh a thabhairt isteach;

i ndáil leis an bhfadhb maidir le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair, innealra cordacheangailte dá chomhleithéid a eisiamh maidir le raon feidhme RoHS;

i ndáil leis an bhfadhb maidir le píoporgáin, foráil do phíoporgáin a eisiamh maidir leis an raon feidhme.

Feictear gur roghanna éifeachtacha, éifeachtúla, sábháilte iad seo agus déantar iad a thabhairt san áireamh i dtogra an Choimisiúin.

Measúnú tionchair

Rinne an Coimisiún trí bheart staidéir i rith na mblianta 2012-2015. Tugadh bearta staidéir gaolmhara de chuid na mBallstát san áireamh chomh maith. Thug an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach ar an Tuarascáil Measúnaithe Tionchair agus tugtar cuntas ina leith sin ar an mbileog achoimre ar an measúnú tionchair.

Réiteofaí na ceithre fhadhb a shonraítear leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún agus thiocfadh na buntáistí a phléitear thíos dá mbarr; bheadh aon tionchar diúltach teoranta nó neamhbhríoch.

Beidh tionchar tairbheach mar a leanas ag an margadh tánaisteach a athbhunú agus cur leis an teacht ar pháirteanna spártha maidir le réimsí áirithe den Trealamh Leictreach agus Leictreonach:

Laghdú ar chostais agus ar an ualach riaracháin ag gnólachtaí, FBManna san áireamh, agus ag údaráis phoiblí araon;

Tionchar dearfach eacnamaíochta ó thaobh deiseanna margaidh breise a thabhairt do thionscal an deisiúcháin agus don díolachán tánaisteach;

Tionchar dearfach sóisialta, lena náirítear buntáiste d'ospidéil an Aontais, a shábhálfadh tuairim is €170 milliún ón mbliain 2019 amach mar gheall ar an deis feistí leighis réamhúsáidte a athdhíol agus a cheannach;

Buntáistí comhshaoil ó thaobh laghdú ar an méid iomlán dramhaíola a chruthaítear: fágfaidh an deis cur leis an ré úsáide maidir le trealamh leictreach agus leictreonach go gcuirfear deireadh feidhme agus diúscairt an trealamh leictreach agus leictreonach ar atráth, rud a fhágfaidh breis ama go gcruthaítear dramhaíl ghuaiseach trealaimh leictrigh agus leictreonaigh Sa chuid is mó de na cásanna is beag le rá an tionchar comhshaoil a ghabhann le breis páirteanna spártha a tháirgeadh i gcomórtas leis an mbuntáiste a ghabhann leis an trealamh ar fad a choinneáil á úsáid. Cuirfidh an beart seo cosc le níos mó ná 3000 tonna de dhramhaíl ghuaiseach in aghaidh na bliana a chruthú san Aontas, rud a bheadh ina chabhair i ndáil leis an tionscnamh maidir le geilleagar ciorclach. Thiocfadh sábháil bhreise maidir le fuinneamh agus amhábhar freisin de thoradh ar ré feidhme níos faide ag trealamh leictreach agus leictreonach.

Cuideoidh píoporgáin a eisiamh maidir le raon feidhme na Treorach le caillteanas suas le 90% de na poist san earnáil sin agus le caillteanas bliantúil suas le € 65 milliún faoin mbliain 2025 a sheachaint. Seachnaítear caillteanas cultúir den suntas — déantúsaíocht, cothabháil agus, de réir a chéile, úsáid na bpíoporgán a fhágáil ar lár — chomh maith.

Tacóidh innealra soghluaiste neamhbhóthair arna gcumhachtú ag tiomáint frithchuimilte a eisiamh maidir le raon feidhme na Treorach le forbairt tionscail san earnáil sin trí shaobhadh maidir leis a gcaoi a ndéileáiltear le hinnealra a chur ar neamhní. Maidir le hearnáil innealra glantacháin an Aontais, mar shampla, fágfaidh an togra gur féidir 14 000 aonad cordacheangailte a chur ar an margadh gach bliain (le láimhdeachas EUR 300 milliún), trí aon bhaol a sheachaint go gcuirfí deireadh leis na cineálacha innealra sin a bheith ar mhargadh an Aontais. Laghdófar costais freisin chomh maith le hualach riaracháin neamhriachtanach ar ghnólachtaí, FBManna san áireamh, agus ar údaráis phoiblí.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA AGUS EILIMINTÍ EILE

Níl aon impleacht buiséadach ag gabháil leis an togra reachtach seo.

2017/0013 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 3 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 4 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Éilítear faoi Airteagal 24(1) of Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith le leasú ar raon feidhme Threoir 2011/65/CE i ndáil leis an trealamh leictreach agus leictreonach a thagann faoina scáth agus, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir le haon eisiamh breise i ndáil leis an trealamh leictreach agus leictreonach sin.

(2)Ba chóir oibríochtaí tánaisteacha margaidh maidir le trealamh leictreach agus leictreonach, lena mbaineann deisiúchán, páirteanna spártha a athsholáthar, athfheistiú agus athúsáid, a éascú ionas go gcuirfear geilleagar ciorclach chun cinn san Aontas. Ba chóir i measc nithe eile leibhéal ard cosanta maidir le sláinte an duine agus maidir leis an gcomhshaol a chinntiú, trí aisghabháil agus diúscairt atá slán ó thaobh an chomhshaoil de ar dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach a chinntiú. Ba chóir ualach riaracháin neamhriachtanach ar oibritheoirí margaidh a sheachaint. Is féidir, faoi Threoir 2011/65/AE leanúint de threalamh leictreach agus leictreonach a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 roimhe seo, ach nach dtiocfadh le Treoir 2011/65/AE, a chur ar fáil ar an margadh go dtí an 22 Iúil 2019. Ón dáta sin amach, áfach, toirmeasctar trealamh leictreach agus leictreonach neamhchomhlíontach a chur ar an margadh den chéad uair agus oibríochtaí tánaisteacha margaidh ina leith. Tá toirmeasc den sórt sin ar oibríochtaí tánaisteacha margaidh ar neamhréir leis na prionsabail ghinearálta is bun le bearta de chuid an Aontais ar mhaithe le comhfhogasú na ndlíthe a bhaineann le táirgí agus ba chóir a scrios dá bhrí sin.

(3)Tá grúpaí áirithe táirgí ar grúpaí nideoige iad agus ba chóir iad a choinneáil lasmuigh de raon feidhme Threoir 2011/65/AE ó tharla gur diomaibhseach an buntáiste ó thaobh an chomhshaoil nó na sláinte de a thiocfadh óna dtabhairt san áireamh agus go dtabharfaí fadhbanna dosháraithe maidir le comhlíonadh i gceist nó saobhadh nach féidir déileáil go héifeachtúil leis tríd an sásra díolúine dá bhforáiltear leis an Treoir sin.

(4)Déantar píopaí orgáin as cineál faoi leith cóimhiotail luaidhe-bhunaithe agus níor aimsíodh cineál malartach den ábhar sin go fóill. Coinnítear an chuid is mó de na píoporgáin in aon áit amháin ar feadh na gcianta agus is diomaibhseach an ráta láimhdeachais ina leith. Ba cheart píoporgáin a choinneáil lasmuigh de raon feidhme Threoir 2011/65/AE ó tharla gur diomaibhseach an buntáiste i ndáil le malairt ábhair in ionad luaidhe a thiocfadh óna dtabhairt san áireamh.

(5)Níl feidhm le Treoir 2011/65/AE i ndáil le hinnealra soghluaiste neamhbhóthair le foinse cumhachta ar bord a chuirtear ar fáil don úsáid ghairmiúil amháin. I gcás chineálacha áirithe innealra shoghluaiste neamhbhóthair áfach, déantar dhá leagan a tháirgeadh ar an aon líne táirgíochta amháin arb í an fhoinse cumhachta (ar bord nó seachtrach) an taon difríocht eatarthu. Ba chóir déileáil ar an aon bhealach amháin leis na leaganacha sin faoin Treoir sin. Ba chóir dá bhrí sin innealra soghluaiste neamhbhóthair le tiomáint frithchuimilte arna cumhachtú ag foinse chumhachta sheachtrach a choinneáil lasmuigh de raon feidhme Threoir 2011/65/AE.

(6)Ó tharla gur cheart tréimhse feidhme theoranta a bheith ag díolúine ó shrian ar substaintí áirithe guaiseacha a úsáid, ba chóir an uastréimhse bailíochta maidir leis na díolúintí reatha a shainiú go soiléir i ndáil le gach catagóir ábhartha de threalamh leictreach agus leictreonach, catagóir 11 san áireamh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I le Treoir 2011/65/AE.

(7)Nuair a thíolactar iarratas maidir le díolúine a athnuachan, ceanglaítear ar an gCoimisiún cinneadh a dhéanamh tráth nach deireanaí ná 6 mhí roimh dháta dhul in éag na díolúine reatha, mura mbíonn imthosca sonracha ina núdar maith le teorainn ama eile. Ní luaitear aon teorainn ama go sonrach maidir le cinneadh de chuid an Choimisiúin faoi iarratas ar dhíolúine nua. De réir thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta gníomhartha tarmligthe a ghlacadh tugtar don Choimisiún de bhun Threoir 2011/65/AE 7 , tarlaíonn nach den fhéidearthacht an teorainn ama sin mar gheall ar an iliomad céim éigeantach nós imeachta is gá chun iarratas ar athnuachan a mheas. Cé nach dtagann aon luach breise i gceist leis an teorainn amach i ndáil leis an nós imeachta reatha a ghabhann le hiarratais ar athnuachan a scrúdú, tagann éiginnteacht i gceist do ghnólachtaí agus do pháirtithe leasmhara eile mar gheall ar an dodhéantacht a ghabhann leis. Áirithítear leanúnachas gnóar aon chaoi ó tharla gur féidir le hoibritheoirí margaidh brath ar dhíolúine reatha a bheith bailí go dtí go ndéantar cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoráil maidir leis an teorainn ama a scrios.

(8)Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, rannchuidiú maidir le sláinte an duine a chosaint agus le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de trí shrian a chur le substaintí guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach, a thabhairt i gcrích go leordhóthanach ó tharla go bhféadfadh neamhréir idir na dlíthe nó na bearta riaracháin a ghlacann Ballstáit chucu féin bacanna ar thrádáil agus saobhadh iomaíochta a chruthú san Aontas agus tionchar díreach a imirt dá réir sin ar an margadh inmheánach agus gur féidir ina ionad sin, mar gheall ar scála na faidhbe agus na nimpleachtaí i ndáil le reachtaíocht eile de chuid an Aontais faoi aisghabháil agus diúscairt dramhaíola agus réimsí comhleasa, mar shampla sláinte an duine a chosaint, a thabhairt i gcrích níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2011/65/AE mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a) scriostar mír 2;

(b) cuirtear pointe (k) mar a leanas le mír 4:

   ‘(k) píoporgáin.’;

(2) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):

‘(28)    ciallaíonn ‘innealra soghluaiste neamhbhóthair arna chur ar fáil go heisiach d'úsáid ghairmiúil' innealra ar a bhfuil foinse cumhachta ar bord nó ar a bhfuil tiomáint frithchuimilte, ar gá gluaisteacht nó gluaiseacht leanúnach nó leathleanúnach le linn a oibriú idir ionaid oibre sheasta comhleantacha chun a oibriú, agus a chuirtear ar fáil go heisiach d'úsáid ghairmiúil.’;

(3) Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le feistí leighis agus ionstraimí monatóireachta agus rialúcháin a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2014 amach, maidir le feistí liachta diagnóiseacha in vitro a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2016 amach, maidir le hionstraimí monatóireachta agus rialúcháin tionsclaíochta a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2017 amach agus maidir leis an trealamh leictreach agus leictreonach eile ar fad a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE agus a chuirtear ar an margadh ón 22 Iúil 2019 amach.’;

(b) cuirtear an pointe (ea) seo mar a leanas isteach i mír 4:

‘(ea) an trealamh leictreach agus leictreonach eile ar fad a bhí lasmuigh de raon feidhme Threoir 2002/95/CE agus a chuirtear ar an margadh roimh an 22 Iúil 2019;’;

(4) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a) I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

‘I ndáil leis na díolúintí a liostaítear in Iarscríbhinn III amhail an 21 Iúil 2011, is í an uastréimhse bailí, a fhéadfar a athnuachan, mura sonraítear tréimhse níos giorra:

(a) i ndáil le catagóirí 1 go dtí 7 agus catagóir 10 in Iarscríbhinn I, 5 bhliana ón 21 Iúil 2011;

(b) i ndáil le catagóirí 8 agus 9 in Iarscríbhinn I, 7 mbliana ó na dátaí ábhartha arna leagan síos in Airteagal 4(3);

(c) i ndáil le catagóir 11 in Iarscríbhinn I, 5 bhliana ón 22 Iúil 2019.’;

(b) scriostar an chéad abairt sa dara fomhír i mír 5.

Airteagal 2

1.Tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin [cuirtear isteach dáta deich mí tar éis don Treoir seo a theacht i bhfeidhm] ar a dheireanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=OJ:C:2016:272:TOC
(2) http://ec.europa.eu/environment/waste/rohs_eee/studies_rohs4_en.htm
(3) IO C , , lch. .
(4) IO C , , lch. .
(5) Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian a chur ar shubstaintí áirithe guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chur i bhfeidhm (IO L 174, 1.7.2011, lch. 88).
(6) Treoir 2002/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le srian a chur ar shubstaintí áirithe guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chur i bhfeidhm (IO L 37, 13.2.2003, lch. 19).
(7) COM(2016) 215 deireadh den 18 Aibreán 2016.