An Bhruiséil,10.1.2017

COM(2016) 821 final

2016/0398(COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le forfheidhmiú Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, lena leagtar síos nós imeachta um fhógra a thabhairt i leith scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí, agus lena leasaítear Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2016) 434 final}
{SWD(2016) 435 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime ar cheann de dheich dtosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Ní mór an margadh sin a neartú agus sochar iomlán a bhaint as chun poist agus fás a spreagadh san Aontas Eorpach. I mí Dheireadh Fómhair 2015 ghlac an Coimisiún Straitéis don Mhargadh Aonair agus fógraíodh sraith beart inti chun an margadh aonair a uasghrádú ar mhaithe le tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí. Ar na bearta sin tá togra reachtach chun forfheidhmiú na Treorach um Sheirbhísí a fheabhsú tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt maidir le seirbhísí a athchóiriú 1 . D’iarr an Chomhairle Eorpach go mbeifí uaillmhianach san obair chun an Margadh Aonair Digiteach a bhaint amach 2 agus iarradh go gcuirfí na straitéisí éagsúla don Mhargadh Aonair i gcrích agus chun feidhme faoi 2018. Dúradh freisin go gcuideofar le hearraíocht a bhaint as uaillmhian na hEorpa maidir leis an Margadh Aonair tríd an reachtaíocht atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. 3

De bharr na Treorach um Sheirbhísí 4 , ní mór rialacha náisiúnta áirithe lena gcuirtear srian ar an tsaoirse bhunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, ní mór iad a bheith neamh-idirdhealaitheach i dtaca le náisiúntacht nó le háit chónaithe; ní mór iad a bheith comhréireach; agus ní mór údar a bheith leo ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail. Chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh bearta nua arna bhforchur ag na Ballstáit na coinníollacha sin agus, ar an mbealach sin, chun éascaíocht a dhéanamh ar iomaíochas agus comhtháthú an mhargaidh aonair do sheirbhísí, foráiltear leis an Treoir um Sheirbhísí go dtabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi scéimeanna údarúcháin nua nó athraithe nó faoi cheanglais áirithe atá nua nó athraithe a thagann faoin Treoir.

Léiríodh i measúnuithe ón gCoimisiún, áfach, nach mbaineann an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí an cuspóir atá leis amach, beag beann ar na hiarrachtaí atá déanta le blianta beaga anuas cur chun feidhme na Treorach a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an treoir a thugtar sa Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí, trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú i measc córais riaracháin náisiúnta agus trí shonraí a fhoilsiú maidir leis an méid a bhaineann na Ballstáit úsáid as an nós imeachta um fhógra a thabhairt atá ann cheana. Mar thoradh air sin, ba le bearta náisiúnta nua a bhain 40 % de na seisiúin idirphlé struchtúrtha maidir le comhlíonadh na Treorach um Sheirbhísí ba ghá don Choimisiún a sheoladh leis na Ballstáit sa bhliain 2015. Dá bhrí sin, is cosúil gur theip ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt atá ann cheana cuidiú go cuí chun an Treoir um Sheirbhísí a chur chun feidhme i gceart agus ina iomláine 5 .

Dá bhrí sin, tá ionstraim reachtach neamhspleách á cur i láthair ag an gCoimisiún lena nuachóirítear an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí chun forfheidhmiú forálacha reatha na Treorach a fheabhsú agus déantar sin trí nós imeachta níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhunú lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit scéimeanna údarúcháin nó ceanglais áirithe nach gcomhlíonann an Treoir um Sheirbhísí a ghlacadh. Ní leasaítear an Treoir um Sheirbhísí atá ann cheana le forálacha na Treorach nua seo seachas an t-athchóiriú is gá a dhéanamh ar na forálacha sonracha a bhaineann le nósanna imeachta um fhógra a thabhairt.

Rud ba shonraí fós, is iad na cuspóirí atá leis an ionstraim reachtach seo méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an nós imeachta um fhógra a thabhairt, feabhas a chur ar cháilíocht agus ábhar na bhfógraí arna gcur isteach, ceanglais bhreise a chumhdach ar léiríodh le linn chur i bhfeidhm na Treorach um Sheirbhísí gur féidir leo a bheith ina mbacainní tábhachtacha ar an margadh inmheánach do sheirbhísí, agus feabhas a chur ar chomhlíonadh éifeachtach na hoibleagáide fógra a thabhairt.

Má bhíonn nós imeachta níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos comhleanúnaí um fhógra a thabhairt ann, tacófar leis na Ballstáit cosc a chur le tabhairt isteach scéimeanna údarúcháin nó ceanglas a bhaineann le seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir um Sheirbhísí agus atá idirdhealaitheach, nach bhfuil údar leo agus atá díréireach. Cruthaíonn scéimeanna údarúcháin nó ceanglais den sórt sin geilleagar nach bhfuil chomh hoscailte ná chomh hiomaíoch, geilleagar ina bhfuil praghsanna níos airde ar thomhaltóirí agus níos lú rogha ar fáil acu. Is dóigh freisin go gcuirfidh siad srian le fiontraíocht agus le hinfheistíocht toisc go bhfuil baol ann go laghdóidh siad an líon gnólachtaí a bhíonn á mbunú agus a bhíonn ag dul isteach sa mhargadh Eorpach. Dá bhrí sin, meastar go gcuirfidh an reachtaíocht atá beartaithe le margaí seirbhísí níos iomaíche agus níos comhtháite a chruthú san Eoraip, rud a bheidh chun tairbhe do thomhaltóirí agus d’fhiontraithe araon.

Comhseasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaítear leis an Treoir seo an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt is infheidhme maidir le hearraí agus seirbhísí na sochaí faisnéise, rud a bunaíodh leis an Treoir um Thrédhearcacht sa Mhargadh Aonair 6 . Is faoin dá ionstraim dlí a rialaítear an caidreamh idir an dá Threoir.

Comhlánaítear leis an Treoir freisin na hoibleagáidí reatha tuairiscithe faoin Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla 7 . Áirítear léi airteagal lena sainítear go soiléir an caidreamh idir an dá ionstraim dlí agus na hoibleagáidí a thagann astu.

Cuirfear an Treoir seo chun feidhme trí úsáid a bhaint as Córas reatha Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bunaíodh leis an Rialachán IMI 8 .

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an Treoir seo comhlántach le roinnt tionscnamh eile beartais a bhaineann le seirbhísí agus a fógraíodh sa Straitéis don Mhargadh Aonair agus tá sí ag teacht go háirithe leis an Treoir maidir le tástáil chomhréireachta. Sa Treoir sin leagfar síos critéir a bheidh ar na Ballstáit a chomhlíonadh agus measúnuithe comhréireachta á n-ullmhú acu ar dhréachtdlíthe náisiúnta a thagann faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla. Tá bearta áirithe ann a thagann faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla agus faoin oibleagáid fógra a thabhairt sa Treoir um Sheirbhísí freisin. I gcásanna den sórt sin, chaithfeadh an fhaisnéis faoin measúnú comhréireachta is gá a sholáthar faoin nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt, chaithfeadh sí ceanglais na Treorach maidir le tástáil chomhréireachta a chomhlíonadh. Táthar ag áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht ann idir na hionstraimí seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 114 CFAE.

Le hAirteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 114 CFAE an inniúlacht d’AE gníomhú i ndáil leis an margadh aonair do sheirbhísí. Ba cheart rialacha de chuid AE arna nglacadh faoi Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 CFAE a úsáid chun comhordú a dhéanamh ar fhorálacha arna leagan síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit sa chás go mbaineann na forálacha sin le glacadh agus saothrú gníomhaíochtaí mar dhaoine féinfhostaithe, d’fhonn na gníomhaíochtaí sin a éascú. Tugtar le hAirteagal 114 CFAE an inniúlacht d’AE, faoi choinníollacha áirithe, reachtaíocht AE a ghlacadh le haghaidh bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh aonair.

Is é an aidhm atá leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt a bhunaítear leis an Treoir seo an tsaoirse bhunaíochta agus an saorsholáthar seirbhísí a chosaint, ar nithe iad atá i measc fhothaí an Aontais. Go háirithe, is é an aidhm atá leis a áirithiú go ndéanfaidh srianta náisiúnta áirithe ar an tsaoirse bhunaíochta agus ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar an Treoir um Sheirbhísí a chomhlíonadh, rud a chabhróidh leis an Treoir a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt a bhunaítear leis an Treoir seo, cumasaítear measúnú a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta, ar rialacháin náisiúnta nó ar fhorálacha riaracháin náisiúnta agus foráiltear go ndéanfar bheart coisctheach éifeachtach i gcás neamh-chomhlíonadh na bhforálacha ábhartha den Treoir um Sheirbhísí. Foráiltear go háirithe leis an Treoir um Sheirbhísí maidir le coinníollacha an neamh-idirdhealaithe, an riachtanais agus na comhréireachta ar gá iad a chomhlíonadh le scéimeanna údarúcháin agus le ceanglais áirithe a bhaineann le seirbhísí sna Ballstáit. Leagtar amach inti freisin rialacha sonracha a bhaineann le scéimeanna údarúcháin (mar shampla, rialacha maidir le ráthaíochtaí nós imeachta) agus le ceanglais áirithe (mar shampla, ceanglais árachais).

Is é an toradh a bheidh ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt ná cosc a chur leis na bacainní atá ann ar dhul isteach sa mhargadh aonair de bharr forbairt ilchineálach dlíthe náisiúnta. Ina theannta sin, cuideofar chun dlíthe náisiúnta, rialacháin náisiúnta nó forálacha riaracháin náisiúnta a chomhfhogasú i dtaca leis na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir um Sheirbhísí. Cuirfidh an méid sin ar fad feabhas ar fheidhmiú mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh do sheirbhísí agus spreagfaidh sé poist agus fás.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Is é an cuspóir foriomlán atá leis an togra reachtach seo feidhmiú réidh mhargadh aonair AE do sheirbhísí a áirithiú, rud nach bhfuil teoranta do chríoch Ballstáit amháin agus a chumhdaíonn críoch iomlán AE freisin. Mar gheall ar chineál trasnáisiúnta mhargadh aonair AE, is ar leibhéal an Aontais Eorpaigh amháin is féidir fíorú comhleanúnach éifeachtúil a dhéanamh ar an dóigh a gcomhlíonann dréachtbhearta náisiúnta forálacha na Treorach um Sheirbhísí, lena n-áirítear uirlis iomchuí TF a bhainistiú chun na críche sin. Foráiltear leis an Treoir seo go gcuirfear nós imeachta nua um fhógra a thabhairt in áit an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a bunaíodh leis an Treoir um Sheirbhísí.

Comhréireacht

Tá na bearta a thugtar isteach leis an Treoir seo comhréireach leis an gcuspóir atá léi, is é sin, nós imeachta níos éifeachtaí um fhógra a thabhairt a sholáthar chun an Treoir um Sheirbhísí a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. I gcomparáid leis an nós imeachta reatha, bunaítear leis an Treoir seo oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a bhfuil cur síos níos soiléire uirthi agus atá ag teacht níos gaire le raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí; foráiltear leis an Treoir seo maidir le nós imeachta dea-shainmhínithe éifeachtúil comhairliúcháin ar dhréachtbhearta ar tugadh fógra fúthu; cinntítear leis an Treoir seo go mbeidh fógraí trédhearcach do pháirtithe leasmhara; sonraítear agus mínítear go soiléir leis an Treoir seo an deis atá ag an gCoimisiún faoi láthair Cinntí a ghlacadh maidir le bearta ar tugadh fógra fúthu; agus soiléirítear léi freisin na hiarmhairtí dlíthiúla a bheidh ann sa chás go mainneofar fógra a thabhairt.

Ní théann na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun na fadhbanna sainaitheanta a réiteach agus chun na cuspóirí sainaitheanta a bhaint amach. Ní chuireann siad aon oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse. Ní fhorchuireann siad aon chostais dhíréireacha ar na Ballstáit ach oiread: tá oibleagáid ar údaráis phoiblí na mBallstát cheana féin an Treoir um Sheirbhísí a chomhlíonadh agus fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta áirithe faoin Treoir um Sheirbhísí. Meastar go mbeidh méadú beag ar chostais riaracháin do na Ballstáit ach is amhlaidh go gcúiteofaí sin trí laghdú ar chostais a thiocfadh seachas sin ó chásanna sáraithe: tá sé i gceist go laghdóidh an tionscnamh seo an líon cásanna sáraithe toisc go bhféachann sé le seachaint a dhéanamh ar bhacainní áirithe san earnáil seirbhísí nach bhfuil comhoiriúnach leis an Treoir um Sheirbhísí.

An rogha ionstraime

Teastaíonn ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí ó nós imeachta comhleanúnach trédhearcach um fhógra a thabhairt lena gceadaítear fíorú a dhéanamh ar an dóigh a gcomhlíonann scéimeanna údarúcháin nó ceanglais an Treoir um Sheirbhísí sula nglacfadh na Ballstáit na scéimeanna nó na ceanglais sin.

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 114 CFAE. Trí bhíthin an togra seo, molann an Coimisiún go nglacfaí Treoir.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Le linn dó an Treoir seo a ullmhú, rinne an Coimisiún meastóireacht ar an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Treoir um Sheirbhísí. Tháinig roinnt easnamh sa nós imeachta reatha chun solais le linn na meastóireachta sin, go háirithe na nithe seo a leanas: bíonn deiseanna teoranta ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún agus ag páirtithe leasmhara idirghabháil a dhéanamh go réamhghníomhach sula nglacfaí rialachán náisiúnta; is neamh-chomhleanúnach atá na bealaí atá ann chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais ar tugadh fógra fúthu agus a thagann faoin nós imeachta seo; tá easpa measúnuithe cearta comhréireachta ann; agus ní soiléir atá na hiarmhairtí dlíthiúla a ghabhann le neamh-chomhlíonadh na hoibleagáide fógra a thabhairt. Thar aon rud eile, ní chomhlíonann gach ceann de na Ballstáit an oibleagáid fógra a thabhairt. Téann sé sin chun aimhleasa do sholáthraithe seirbhíse agus d’fhaighteoirí seirbhísí agus bíonn baol ann freisin go gcuirfidh sé ualach níos troime ar chórais riaracháin náisiúnta agus ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus go ndéanfaidh sé a gcuid oibre níos casta.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an Treoir seo á hullmhú aige, thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán poiblí in éineacht le páirtithe leasmhara idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2016. Chomh maith leis sin, d’eagraigh sé díospóireacht dhomhain le páirtithe leasmhara institiúideacha (na Ballstáit agus institiúidí eile de chuid AE) a bhfuil baint dhíreach acu leis an nós imeachta um fhógra a thabhairt agus le hathchóiriú pleanáilte an nós imeachta sin. Foilsíodh torthaí an chomhairliúcháin ina dhiaidh sin agus tá siad leagtha amach sa mheasúnú tionchair.

Bhí formhór mór na bpáirtithe leasmhara a thug freagra ar an gcomhairliúchán poiblí i bhfách le togra reachtach a thabhairt isteach chun nuachóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí (70% de na húdaráis phoiblí; 60% de na gnólachtaí). Bhí na cúiseanna seo ar na cúiseanna éagsúla a thug na páirtithe leasmhara sin: chun tuilleadh soiléirithe a thabhairt maidir le cé na bearta nach mór fógra a thabhairt fúthu agus maidir le cén uair nach mór fógra a thabhairt fúthu; chun an fhéidearthacht a thabhairt isteach go ndéanfaí scrúdú ar bheart náisiúnta sula nglacfaí go hoifigiúil é; chun rialacha soiléire a thabhairt isteach ar mhaithe lena áirithiú go gcomhlíonann gach ceann de na Ballstáit an oibleagáid fógra a thabhairt; agus chun fógraí a dhéanamh trédhearcach don phobal.

I measc na bpáirtithe leasmhara a thug freagra ar an gcomhairliúchán poiblí léiríodh tacaíocht fhorleathan freisin do thogra reachtach chun céimeanna an nós imeachta um fhógra a thabhairt a shoiléiriú agus a thabhairt chun rialtachta (80% de na húdaráis phoiblí agus 80% de na gnólachtaí), chun fógraí a dhéanamh níos trédhearcaí (60% de na húdaráis phoiblí agus 80% de na gnólachtaí), chun fógra a thabhairt faoi bhearta ag céim an dréachtaithe (50% de na húdaráis phoiblí; 70% de na gnólachtaí), chun faisnéis a thabhairt faoi mheasúnuithe comhréireachta (60% de na húdaráis phoiblí; 50% de na gnólachtaí), chun raon feidhme na hoibleagáide maidir le fógra a thabhairt a leathnú chun ceanglais thábhachtacha eile a thagann faoin Treoir um Sheirbhísí a chur san áireamh (60% de na húdaráis phoiblí; 75% de na gnólachtaí), agus chun comhlíonadh na hoibleagáide maidir le fógra a thabhairt a fheabhsú sna Ballstáit (80% de na húdaráis phoiblí agus 80% de na gnólachtaí).

Bailiú agus úsáid saineolais

Na torthaí ar phróiseas frithpháirteach meastóireachta ar tugadh faoi i gcomhar leis na Ballstáit sa tréimhse 2010-11 9 , na seiceálacha feidhmíochta a rinneadh sa tréimhse 201112 10 agus an t-athbhreithniú piaraí a rinneadh sa tréimhse 2012-2013 11 , chuir gach ceann díobh le hullmhú an togra seo le haghaidh Treorach.

Rinne an Chúirt Iniúchóirí scrúdú ar an oibleagáid reatha fógra a thabhairt mar chuid den mheasúnú a rinne sí ar chur chun feidhme éifeachtach na Treorach um Sheirbhísí 12 . Shainaithin an Chúirt roinnt easnamh ina leith sin, lenar áiríodh an easpa soiléire atá ann sa nós imeachta reatha, an easpa oibleagáide atá ann fógra a thabhairt faoi bheart ag céim an dréachtaithe agus an easpa trédhearcachta a ghabhann leis na fógraí.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair mar chuid d’ullmhúchán an tionscnaimh seo. Sa bhreis ar an status quo (an cás bunlíne), breithníodh 4 rogha beartais sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. D’fhéadfadh sé go gcuideodh treoirlínte neamhreachtacha (rogha 2) chun an nós imeachta reatha agus na hoibleagáidí a eascraíonn as a shoiléiriú, ach ní fhéadfadh an rogha sin dearadh an nós imeachta reatha a dhéanamh níos éifeachtaí ná níos éifeachtúla.

D’fhéadfaí roinnt roghanna éagsúla a thabhairt le chéile i dtionscnamh reachtach. Bheadh sé mar aidhm aige éifeachtacht, ábhar agus cáilíocht an nós imeachta um fhógra a thabhairt a fheabhsú, trí oibleagáid a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt faoi dhréachtdlíthe reachtacha, tríd an gcóras a dhéanamh trédhearcach, trí na céimeanna agus na tascanna sa nós imeachta a shoiléiriú agus trí cháilíocht na faisnéise a chuirtear isteach mar chuid den fhógra a fheabhsú (rogha 3). Chun an oibleagáid fógra a thabhairt a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos ábhartha, d’fhéadfaí í a leathnú chun ceanglais thábhachtacha rialála a thagann faoin Treoir um Sheirbhísí a chumhdach ach nach dtagann faoin oibleagáid reatha chun fógra a thabhairt (rogha 4). D’fhéadfaí ionstraimí a áireamh freisin chun comhlíonadh na hoibleagáide ag na Ballstáit a fheabhsú - tá dhá fhorogha ann maidir leis sin (rogha 5a agus rogha 5b).

Fuarthas réidh leis an rogha seirbhísí a áireamh sa Treoir um Thrédhearcacht sa Mhargadh Aonair toisc go bhfuil difear bunúsach idir rialáil seirbhísí agus rialáil earraí i ndlí an Aontais Eorpaigh. Níor breithníodh an rogha chun an oibleagáid faoin Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla agus an oibleagáid fógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí a thabhairt le chéile ós rud é go bhfuil raon feidhme agus ábhar an dá Threoir sin éagsúil.

Is é rogha na tosaíochta meascán de rogha 3, rogha 4 agus rogha 5a. Cinneadh gurb é an bealach is fearr le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh, go mbunófaí nós imeachta éifeachtach agus éifeachtúil um fhógra a thabhairt agus nach mbeadh ach méadú beag ar na costais riaracháin do na húdaráis phoiblí náisiúnta agus don Choimisiún.

D’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach an 24 Meitheamh 2016 ar an Measúnú Tionchair a rinne an Coimisiún ar an tionscnamh seo. Glacadh ar bord na moltaí ón mBord maidir le míniú níos mionsonraithe a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis an nós imeachta reatha chun fógra a thabhairt, maidir le húdar níos fearr a thabhairt leis an raon feidhme atá molta don nós imeachta leasaithe, maidir le míniú níos fearr a thabhairt ar an nasc idir sainiú na faidhbe agus na roghanna éagsúla, agus maidir le níos mó sonraí a thabhairt faoi ábhar rogha na tosaíochta agus mar a réiteoidh an rogha sin na fadhbanna a sainaithníodh 13 .

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leis an Treoir atá beartaithe, cuirfear le hoiriúnacht rialála agus le simpliú trí fheabhas a chur ar fhorfheidhmiú aonfhoirmeach na reachtaíochta reatha de chuid AE sa mhargadh aonair agus trí chúnamh a thabhairt cosc a chur le tabhairt isteach bacainní áirithe atá idirdhealaitheach, nach bhfuil údar leo agus atá díréireach i réimse na seirbhísí. Leis an Treoir, cuirfear nós imeachta níos soiléire, níos comhleanúnaí, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla in áit an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a bunaíodh leis an Treoir um Sheirbhísí. Cruthófar leis an Treoir timpeallacht níos cobhsaí rialála toisc go gcumasaítear léi fíorú a dhéanamh ar an dóigh a gcomhlíonann scéimeanna údarúcháin agus ceanglais áirithe an Treoir um Sheirbhísí ag céim an dréachtaithe agus sula nglacfaí iad, rud a íoslaghdaíonn an baol nach gcomhlíonfaidh bearta náisiúnta áirithe an Treoir um Sheirbhísí agus go mbeidh gá ann le tuilleadh athruithe dlíthiúla a dhéanamh orthu.

Cearta bunúsacha

Cuireann an togra seo na cearta a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha chun cinn, go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh a leagtar amach in Airteagal 16.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Samhlaítear leis an Treoir go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur i bhfeidhm na Treorach gach trí bliana.

Doiciméid mhíniúcháin

Ní éilíonn an togra seo doiciméid mhíniúcháin don trasuí sa dlí náisiúnta toisc nach dtugann sé isteach ach athruithe beaga ar nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a bunaíodh leis an Treoir um Sheirbhísí. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún comhairle a thabhairt, nuair is gá, maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta athbhreithnithe um fhógra a thabhairt.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sonraítear le hAirteagal 1 ábhar agus raon feidhme na Treorach atá beartaithe. Is é an aidhm atá leis an Treoir a áirithiú go ndéanann dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na mBallstát an Treoir um Sheirbhísí a chomhlíonadh i gcás ina dtugtar isteach leo scéimeanna údarúcháin nó ceanglais áirithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí. Mar sin, is ionann na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo agus iad sin a chumhdaítear leis an Treoir um Sheirbhísí.

Leagtar síos le hAirteagal 2 na sainmhínithe ábhartha, i gcomhréir leis na sainmhínithe a thugtar faoin gConradh arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis an Treoir um Sheirbhísí.

Le hAirteagal 3, cuirtear leis an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar amach sa Treoir um Sheirbhísí. Foráiltear leis go gcuirfear oibleagáid shonrach agus neamhchoinníollach ar na Ballstáit. Sonraítear leis an Airteagal freisin cé na bearta nach mór fógra a thabhairt fúthu agus cén uair nach mór fógra a thabhairt fúthu, cén fhaisnéis ghaolmhar nach mór a chur isteach mar chuid d’aon fhógra, agus na hiarmhairtí a bheidh ann sa chás nach gcomhlíontar oibleagáidí áirithe faoin Treoir seo. D’fhonn go mbeidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt éifeachtúil agus éifeachtach agus d’fhonn go mbeidh sé chun leas na bpáirtithe uile lena mbaineann, leagtar na teorainneacha ama is infheidhme amach in Airteagal 3 agus in Airteagal 5 araon. D’fhonn éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint agus feidhmiú réidh an nós imeachta a áirithiú, beidh feidhm ag na teorainneacha ama sin a luaithe a dhearbhaítear go bhfuil an fógra curtha i gcrích.

Sonraítear le hAirteagal 4 cé na ceanglais agus na scéimeanna údarúcháin a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/123/CE agus nach mór fógra a thabhairt fúthu. Foráiltear leis nach mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna údarúcháin, faoi cheanglais bhunaíochta áirithe, faoi cheanglais áirithe a théann i bhfeidhm ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar agus faoi cheanglais a bhaineann le hárachas dliteanais ghairmiúil agus le gníomhaíochtaí ildisciplíneacha.

Bunaítear le hAirteagal 5 go mbeidh tréimhse chomhairliúcháin trí mhí ann tar éis fógra a thabhairt faoi dhréachtbheart. Beidh uastréimhse dhá mhí ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit eile tuairimí a chur in iúl ar bheart ar tugadh fógra faoi. Ina dhiaidh sin, beidh uastréimhse aon mhíosa ag an mBallstát atá ag tabhairt fógra freagra a thabhairt ar thuairimí den sórt sin. An gá atá ann le luas agus le héifeachtúlacht, ní mór é a réiteach leis an ngá atá ann go mbeidh na páirtithe lena mbaineann in ann tuairimí cuiditheacha doimhne a chur in iúl agus go mbeidh an Ballstát atá ag tabhairt fógra in ann aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arna gcur in iúl. Ar mhaithe le feidhmiú réidh éifeachtach an nós imeachta um fhógra a thabhairt, ní mór do na páirtithe uile an nós imeachta a chur chun feidhme de mheon fíorchomhair agus ní mór dóibh meas a thabhairt ar riachtanais dhlisteanacha na bpáirtithe eile.

Faoi Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún foláireamh a eisiúint chuig an mBallstát atá ag tabhairt fógra i gcás ina bhfuil imní air, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an mbeart ar tugadh fógra faoi, maidir leis an dóigh a gcomhlíonann sé an Treoir um Sheirbhísí. Tugann eisiúint an fholáirimh le fios nach ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart ar tugadh fógra faoi a ghlacadh go ceann tréimhse trí mhí.

Tar éis foláireamh a eisiúint, féadfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 7 agus i gcomhréir leis an bhforáil atá sa Treoir um Sheirbhísí cheana, Cinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh, rud lena gcinntear nach bhfuil an beart ar tugadh fógra faoi comhoiriúnach leis an Treoir um Sheirbhísí agus lena n-iarrtar ar an mBallstát lena mbaineann staonadh ón dréachtbheart a ghlacadh.

Foráiltear le hAirteagal 8 go mbeifear trédhearcach le tríú páirtithe maidir le dréachtbhearta ar tugadh fógra fúthu, maidir le faisnéis ghaolmhar agus maidir leis na bearta deiridh a glacadh. Mar gheall ar an eolas atá acu ar na margaí lena mbaineann agus ar an tionchar atá ag dlíthe, ag rialacháin agus ag forálacha riaracháin orthu, tá sé tábhachtach gur féidir tríú páirtithe a chur ar an eolas faoi dhréachtbhearta ar tugadh fógra fúthu.

Foráiltear le hAirteagal 9 go gceapfar údarás i ngach Ballstát mar údarás a bheidh freagrach ar leibhéal náisiúnta as feidhmiú an nós imeachta um fhógra a thabhairt a leagtar síos sa Treoir seo.

Soiléirítear le hAirteagal 10 an caidreamh idir an Treoir seo agus Treoir (AE) 2015/1535 agus an caidreamh idir an Treoir seo agus Treoir 2005/36/CE.

Bunaítear le hAirteagal 11 go ndéanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm na Treorach.

Foráiltear le hAirteagal 12 maidir le leasuithe a dhéanamh ar Threoir 2006/123/CE.

Foráiltear le hAirteagal 13 maidir le leasú a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

Sonraítear le hAirteagal 14 an tréimhse nach mór do na Ballstáit an Treoir a thrasuí laistigh di.

Pléitear in Airteagal 15 le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm na Treorach.

Sonraítear le hAirteagal 16 cé chuige a ndírítear an Treoir seo.

2016/0398 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le forfheidhmiú Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, lena leagtar síos nós imeachta um fhógra a thabhairt i leith scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí, agus lena leasaítear Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1), Airteagal 62 agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar ráthaíocht do sholáthraithe seirbhíse go mbeidh saoirse bhunaíochta acu i mBallstáit eile agus go mbeidh saoirse acu chun seirbhísí a sholáthar idir na Ballstáit.

(2)Sonraítear le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 a bhfuil i gceist leis an tsaoirse bhunaíochta agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i dtaca le seirbhísí áirithe. I measc nithe eile, foráiltear leis an Treoir nach mór scéimeanna údarúcháin agus cineálacha áirithe ceanglas a bhaineann le seirbhísí a bheith neamh-idirdhealaitheach ó thaobh náisiúntachta nó áit chónaithe de, nach mór údar a bheith leo ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail agus nach mór iad a bheith comhréireach.

(3)Foráiltear le Treoir 2006/123/CE go gcuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit measúnú agus oiriúnú a dhéanamh ar a reachtaíocht maidir le scéimeanna údarúcháin agus ceanglais áirithe a bhaineann le seirbhísí d’fhonn an reachtaíocht sin a thabhairt i gcomhréir leis na rialacha a leagadh síos sa Treoir sin. Ina theannta sin, agus d’fhonn cabhrú le fíorú a dhéanamh sa todhchaí maidir le comhlíonadh na Treorach ag na Ballstáit, foráiltear le Treoir 2006/123/CE go gcuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhlíthe nua, faoi rialacháin nua nó faoi fhorálacha riaracháin nua lena leagtar amach ceanglais nua áirithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin nó lena leagtar amach aon athruithe substainteacha ar cheanglais den sórt sin.

(4)Fuair an Coimisiún líon méadaitheach fógraí ó na Ballstáit maidir le ceanglais nua a tugadh isteach faoi Threoir 2006/123/CE. Tá sé amhlaidh, áfach, nach bhfuil gach ceann de na ceanglais náisiúnta sin neamh-idirdhealaitheach maidir le náisiúntacht nó áit chónaithe, nach bhfuil údar le gach ceann díobh agus nach bhfuil gach ceann díobh comhréireach, agus dá bhrí bhí ar an gCoimisiún líon suntasach seisiún idirphlé struchtúrtha leis na Ballstáit a sheoladh. Léiríonn sé sin nach leor an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt chun idirdhealú a sheachaint ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe nó ar bhonn ceanglais nach bhfuil údar leo nó atá díréireach. Téann sé sin chun aimhleasa saoránach agus gnólachtaí sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí. Ina theannta sin, is cosúil nár tugadh aon fhógra faoi roinnt ceanglais nua nó mhodhnaithe a bhaineann le seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/123/CE.

(5)Ba ar na cúiseanna sin a d’fhógair an Coimisiún ina Straitéis don Mhargadh Aonair 16 go seolfaí tionscnamh arb é is aidhm dó comhlíonadh Threoir 2006/123/CE a fheabhsú tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt dá bhforáiltear sa Treoir sin a athchóiriú.

(6)Forfheidhmiú éifeachtach na rialacha lena rialaítear an margadh inmheánach do sheirbhísí a leagtar amach i dTreoir 2006/123/CE, ba cheart é a bhreisiú trí fheabhas a chur ar an nós imeachta reatha um fhógra a thabhairt a bunaíodh leis an Treoir sin i dtaca le scéimeanna údarúcháin náisiúnta agus ceanglais áirithe a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíochtaí féinfhostaithe agus le feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart cabhrú le cosc a chur le glacadh forálacha náisiúnta lena mbunaítear ceanglais agus scéimeanna údarúcháin a bheadh contrártha do Threoir 2006/123/CE. Tá an Treoir seo gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi na Conarthaí agus don oibleagáid atá ar na Ballstáit forálacha dhlí an Aontais a chomhlíonadh.

(7)An oibleagáid fógra a thabhairt a bhunaítear leis an Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le bearta rialála na mBallstát, amhail dlíthe, rialacháin, forálacha riaracháin de chineál ginearálta nó aon riail cheangailteach eile de chineál ginearálta, lena n-áirítear rialacha arna nglacadh ag eagraíochtaí gairmiúla chun rochtain ar ghníomhaíochtaí seirbhíse nó feidhmiú na ngníomhaíochtaí sin a rialáil ar bhealach comhchoiteann. Ar an taobh eile, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le cinntí aonair arna n-eisiúint ag údaráis náisiúnta.

(8)An oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhréachtbhearta lena leagtar síos scéimeanna údarúcháin nó ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4 den Treoir seo, trí mhí ar a laghad sula nglacfaí na scéimeanna nó na ceanglais sin, is é an aidhm atá léi a áirithiú go gcomhlíonann na bearta atá le glacadh Treoir 2006/123/CE. Ionas gurb éifeachtach a bheidh an nós imeachta um fhógra a thabhairt, ba cheart comhairliúchán ar bhearta ar tugadh fógra fúthu a dhéanamh tamall fada go leor sula nglacfaí iad. Is iomchuí sin chun dea-chomhar agus trédhearcacht a chothú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhráite idir an Coimisiún agus údaráis náisiúnta ar scéimeanna údarúcháin agus ceanglais áirithe atá nua nó leasaithe a chumhdaítear le Treoir 2006/123/CE, de réir Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). D’fhonn éifeachtacht an nós imeachta a áirithiú, ba cheart sárú ar an oibleagáid fógra a thabhairt faoi bheart nó staonadh ó bheart ar tugadh fógra faoi a ghlacadh, lena n-áirítear le linn na tréimhse tar éis foláireamh a fháil, ba cheart é a mheas a bheith ina fhabht substaintiúil nós imeachta de chineál tromchúiseach maidir lena éifeachtaí ar dhaoine aonair.

(9)De réir mheon na trédhearcachta agus an chomhair, agus i gcás ina ndéantar leasuithe substainteacha ar dhréachtbheart atá faoi réir nós imeachta leanúnach um fhógra a thabhairt faoin Treoir seo, ba cheart don Bhallstát atá ag tabhairt fógra an Coimisiún, na Ballstáit eile agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi na leasuithe sin in am trátha. Níor cheart modhnuithe ar modhnuithe de chineál cléireachais amháin iad a chur in iúl.

(10)Ba cheart an fhaisnéis atá le tabhairt ag an mBallstát atá ag tabhairt fógra a bheith leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 2006/123/CE agus go háirithe ar chomhréireacht scéime údarúcháin nó ceanglais ar tugadh fógra fúithi/faoi. Dá bhrí sin, ba cheart soiléiriú a thabhairt san fhaisnéis sin, de réir chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar chuspóir leas an phobail atáthar ag saothrú, ba cheart a leagan amach inti cén fáth a bhfuil gá agus údar leis an scéim údarúcháin nó leis an gceanglas ar tugadh fógra fúithi/faoi chun an cuspóir sin a chomhlíonadh agus ba cheart a mhíniú inti conas atá sí/sé comhréireach chuige sin; ba cheart, mar sin de, míniúcháin a bheith inti ar an bhfáth a bhfuil an scéim údarúcháin nó an ceanglas oiriúnach, ar an bhfáth nach bhfuil sí/sé ag dul thar a bhfuil riachtanach agus ar an bhfáth nach mbeadh aon mhodh malartach nach bhfuil chomh sriantach céanna ar fáil. Ná cúiseanna sin a d’fhéadfadh an Ballstát lena mbaineann a agairt mar údar leis an mbeart, ba cheart fianaise iomchuí agus anailís ar chomhréireacht na mbeart ar tugadh fógra faoi a bheith ag gabháil leo.

(11)Chun malartú éifeachtach faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú, ba cheart leanúint le húsáid a bhaint faoin Treoir seo as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 .

(12)Leis an oibleagáid fógra a thabhairt a leagtar amach i dTreoir 2006/123/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas faoi cheanglais a chumhdaítear le hAirteagal 15(2), leis an tríú fomhír d’Airteagal 16(1) agus leis an gcéad abairt d’Airteagal 16(3) de Threoir 2006/123/CE. Léiríonn cur i bhfeidhm na Treorach sin gur nithe coitianta iad scéimeanna údarúcháin nó ceanglais a bhaineann le scéimeanna údarúcháin, le hárachas dliteanais ghairmiúil, le ráthaíochtaí nó le socruithe den chineál céanna agus srianta ildisciplíneacha agus gur féidir leo a bheith ina mbacainní tábhachtacha ar an margadh aonair do sheirbhísí. Ba cheart iad a bheith cumhdaithe freisin, dá bhrí sin, le hoibleagáid fógra a thabhairt chun a chinntiú go gcomhlíonann dréachtdlíthe, dréachtrialacháin agus dréachtfhorálacha riaracháin ábhartha na mBallstát Treoir 2006/123/CE. Cumhdaítear na ceanglais a luaitear in Airteagal 16(2) de Threoir 2006/123/CE leis an oibleagáid fógra a thabhairt a mhéid a thagann siad faoi Airteagal 16(3).

(13)Leis an Treoir seo, bunaítear comhairliúchán trí mhí chun measúnú ar dhréachtbhearta ar tugadh fógra fúthu agus idirphlé éifeachtach leis an mBallstát atá ag tabhairt fógra a éascú. Ionas go n-oibreoidh an comhairliúchán sa chleachtas agus chun cur ar chumas na mBallstát, an Choimisiúin agus na bpáirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur ar fáil go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhréachtbhearta trí mhí ar a laghad sula nglacfaí iad. Ba cheart do Bhallstáit atá ag tabhairt fógra na tuairimí a cuireadh ar fáil faoin dréachtbheart ar tugadh fógra faoi a chur san áireamh i gcomhlíonadh dhlí an Aontais.

(14)I gcás ina bhfuil ábhair imní ag an gCoimisiún fós, tar éis an comhairliúchán a chur i gcrích, faoi chomhlíonadh Threoir 2006/123/CE ag an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi, féadfaidh sé foláireamh a thabhairt don Bhallstát atá ag tabhairt fógra, agus an deis á tabhairt aige don Bhallstát a dhréachtbheart a thabhairt i gcomhréir le dlí AE. San fholáireamh sin ba cheart míniú a thabhairt ar na hábhair imní dlí arna sainaithint ag an gCoimisiún. Is é atá i gceist le foláireamh den sórt sin a fháil ná nach ndéanfaidh an Ballstát atá ag tabhairt fógra an beart ar tugadh fógra faoi a ghlacadh go ceann tréimhse trí mhí.

(15)Mura gcloítear leis an oibleagáid fógra a thabhairt faoi dhréachtbhearta trí mhí ar a laghad sula nglacfaí iad agus/nó mura staontar ón mbeart ar tugadh fógra faoi a ghlacadh le linn na tréimhse sin agus, de réir mar a bheidh, le linn na 3 mhí tar éis foláireamh a fháil, ba cheart sin a mheas a bheith ina fhabht substaintiúil nós imeachta de chineál tromchúiseach maidir lena éifeachtaí ar dhaoine aonair.

(16)Lena áirithiú go bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt éifeachtúil, éifeachtach agus comhleanúnach, ba cheart don Choimisiún an chumhacht a choimeád aige féin chun Cinntí a ghlacadh lena gceanglaítear ar an mBallstát i gceist staonadh ó bhearta ar tugadh fógra fúthu a ghlacadh nó, má glacadh iad cheana féin, iad a aisghairm i gcás ina sáraíonn siad Treoir 2006/123/CE.

(17)Ba cheart rochtain a thabhairt do thríú páirtithe leasmhara ar fhógraí arna dtabhairt ag na Ballstáit chun na tríú páirtithe sin a chur ar an eolas faoi scéimeanna údarúcháin atá beartaithe nó faoi cheanglais áirithe atá beartaithe agus a bhaineann le seirbhísí i margaí ina n-oibríonn siad iarbhír nó a bhféadfadh siad oibriú iontu agus chun cur ar a gcumas a gcuid tuairimí a chur ar fáil ina leith.

(18)Ní dhéanann an Treoir seo difear do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na ceanglais a bhaineann le seirbhísí na sochaí faisnéise faoi Threoir (AE) 2015/1535. Chun dúbláil a sheachaint i dtabhairt na bhfógraí, ba cheart a mheas go ndéanann fógra arna thabhairt faoin Treoir sin agus i gcomhréir leis na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Treoir seo, go gcomhlíonann sé freisin an oibleagáid fógra a thabhairt a bunaíodh faoin Treoir seo.

(19)Ar an gcúis chéanna, ba cheart a mheas go ndéanann fógra arna thabhairt faoin Treoir seo comhlíonadh ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ar na Ballstáit faoi Airteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(20)Mar thoradh ar bhunú an nós imeachta um fhógra a thabhairt dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart forálacha Threoir 2006/123/CE i ndáil le nósanna imeachta um fhógra a thabhairt a scriosadh. Ba cheart Rialachán (AE) 1024/2012 a leasú dá réir.

(21)Ós rud é nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon nós imeachta um fhógra a thabhairt a bhunú le haghaidh fhorfheidhmiú níos fearr Threoir 2006/123/CE lena n-éascaítear an tsaoirse bhunaíochta do sholáthraithe seirbhíse agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar sa mhargadh aonair, nach féidir sin a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát amháin, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachta, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun a cuspóir a ghnóthú.



TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le fógra a bheith á thabhairt ag na Ballstáit faoi dhréachtdlíthe, dréachtrialacháin nó dréachtfhorálacha riaracháin lena dtugtar scéimeanna údarúcháin nua nó ceanglais áirithe nua isteach nó lena leasaítear scéimeanna údarúcháin nó ceanglais áirithe reatha a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/123/CE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4(1), (2), (3) agus (5) go (9) de Threoir 2006/123/CE agus sa dara mír d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (AE).

Ina dteannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'dréachtbheart' téacs lena leagtar síos scéim údarúcháin nó ceanglas, de réir bhrí Airteagal 4(6) agus (7) de Threoir 2006/123/CE faoi seach, a ceapadh d’fhonn é a achtú mar dhlí, rialachán nó foráil riaracháin de chineál ginearálta, agus ar téacs é atá ag céim an ullmhúcháin a bhféadfaidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra leasuithe substainteacha a dhéanamh air lena linn;

(b)ciallaíonn 'glacadh' an cinneadh i mBallstát lena ndéantar críochnaitheach an dlí, an rialachán nó an fhoráil riaracháin de chineál ginearálta de réir an nós imeachta is infheidhme.

Airteagal 3

An oibleagáid fógra a thabhairt

1.Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon dréachtbheart lena dtugtar isteach ceanglais nua nó scéimeanna údarúcháin nua dá dtagraítear in Airteagal 4 nó lena modhnaítear ceanglais nó scéimeanna údarúcháin den sórt sin atá ann cheana.

2.I gcás ina modhnaíonn Ballstát dréachtbheart ar tugadh fógra faoi, rud a mbeadh d’éifeacht aige go méadófaí a raon feidhme nó a ábhar go mór, nó go ngiorrófaí an tréimhse ama a beartaíodh ar dtús le haghaidh cur chun feidhme, nó go gcuirfí ceanglais nó scéimeanna údarúcháin leis, nó go ndéanfaí na ceanglais nó na scéimeanna údarúcháin sin níos sriantaí le haghaidh seirbhísí a bhunú nó seirbhísí trasteorann a sholáthar, tabharfaidh sé fógra an athuair faoin dréachtbheart modhnaithe ar tugadh fógra faoi cheana féin faoi mhír 1, lena n-áireofar míniú ar chuspóir agus ábhar na modhnuithe. I gcás den sórt sin, measfar an fógra roimhe a bheith tarraingthe siar.

3.Tabharfar fógra don Choimisiún faoi dhréachtbhearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 trí mhí ar a laghad sula nglacfaí iad.

4.Is é a bheidh i sárú ar cheann amháin de na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3(1), (2) agus (3) nó in Airteagal 6(2) ná fabht substaintiúil nós imeachta de chineál tromchúiseach maidir lena éifeachtaí ar dhaoine aonair.

5.Mar chuid d’aon fhógra, soláthróidh na Ballstáit faisnéis lena léirítear go gcomhlíonann an scéim údarúcháin nó an ceanglas ar tugadh fógra fúithi/faoi Treoir 2006/123/CE.

Tabharfar san fhaisnéis sin an chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail atáthar ag saothrú agus tabharfar na cúiseanna a bhfuil an scéim nó an ceanglas ar tugadh fógra fúithi/faoi neamh-idirdhealaitheach ar bhonn náisiúntachta nó áit chónaithe agus an fáth a bhfuil sí/sé comhréireach.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin measúnú ina léirítear nach bhfuil modhanna eile nach bhfuil chomh sriantach céanna ar fáil agus fianaise shonrach lena dtacaítear le hargóintí an Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra.

6.Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann téacs na forála reachtaíochta nó rialála is bonn leis an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi a chur in iúl san fhógra freisin.

7.Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an beart glactha in iúl laistigh de dhá sheachtain tar éis a ghlactha.

8.Chun críche an nós imeachta um fhógra a thabhairt a bhunaítear leis an Treoir seo agus lena áirithiú go malartaítear faisnéis idir an Ballstát atá ag tabhairt fógra, na Ballstáit eile agus an Coimisiún, bainfear úsáid as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012.

Airteagal 4

Scéimeanna údarúcháin agus ceanglais atá faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt

Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na scéimeanna údarúcháin agus na ceanglais seo a leanas:

(a)scéimeanna údarúcháin de réir bhrí Airteagal 9(1) de Threoir 2006/123/CE;

(b)ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Threoir 2006/123/CE;

(c)ceanglais a dhéanann difear don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 16(1) agus sa chéad abairt d’Airteagal 16(3) de Threoir 2006/123/CE;

(d)ceanglas chun árachas dliteanais ghairmiúil, ráthaíocht nó socrú den chineál céanna dá dtagraítear in Airteagal 23 de Threoir 2006/123/CE a shuibscríobh;

(e)ceanglas chun gníomhaíocht shonrach ar leith a fheidhmiú go heisiach nó ceanglas lena gcuirtear srian le feidhmiú gníomhaíochtaí difriúla dá dtagraítear in Airteagal 25 de Threoir 2006/123/CE i gcomhar nó i gcomhpháirt.

Airteagal 5

Comhairliúchán

1.Ar fhógra a fháil ó Bhallstát dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2), tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi iomláine an fhógra a fuarthas don Bhallstát atá ag tabhairt fógra.

2.Amhail ón dáta a thugann an Coimisiún eolas faoi iomláine an fhógra a fuarthas don Bhallstát atá ag tabhairt fógra, cuirfear comhairliúchán a mhairfidh trí mhí ar a mhéad ar siúl idir an Ballstát atá ag tabhairt fógra, na Ballstáit eile agus an Coimisiún.

3.Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, laistigh de dhá mhí ó thosach na tréimhse comhairliúcháin dá dtagraítear i mír 2, tuairimí a chur faoi bhráid an Bhallstáit atá ag tabhairt fógra.

4.Laistigh de mhí amháin tar éis tuairimí a fháil ón gCoimisiún nó ó Bhallstáit eile agus roimh ghlacadh an bhirt ar tugadh fógra faoi, tabharfaidh an Ballstát atá ag tabhairt fógra freagra ar na tuairimí sin, agus míneofar ann conas a chuirfear na tuairimí sin san áireamh sa bheart ar tugadh fógra faoi nó tabharfar na cúiseanna nach féidir na tuairimí sin a chur san áireamh.

5.I gcás nach mbeidh aon tuairimí faoi bheart ar tugadh fógra faoi curtha isteach ag an gCoimisiún ná ag Ballstáit eile laistigh den tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i mír 3, cuirfear deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin láithreach.

Airteagal 6

Foláireamh

1.Roimh dhúnadh na tréimhse comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2), féadfaidh an Coimisiún foláireamh a thabhairt don Bhallstát atá ag tabhairt fógra maidir leis na hábhair imní atá ag an gCoimisiún faoina chomhoiriúnaí le Treoir 2006/123/CE atá an dréachtbheart ar tugadh fógra faoi agus maidir leis an rún atá ag an gCoimisiún Cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 7 a ghlacadh.

2.Ar fholáireamh den sórt sin a fháil, ní ghlacfaidh an Ballstát atá ag tabhairt fógra an dréachtbheart go ceann tréimhse trí mhí tar éis dhúnadh na tréimhse comhairliúcháin.

Airteagal 7

Cinneadh

I gcás ina mbeidh foláireamh de réir Airteagal 6(1) eisithe ag an gCoimisiún, féadfaidh sé, laistigh de thréimhse trí mhí tar éis dháta dhúnadh na tréimhse comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2), Cinneadh a ghlacadh lena gcinntear nach bhfuil an dréachtbheart comhoiriúnach le Treoir 2006/123/CE agus lena gceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann staonadh ón dréachtbheart a ghlacadh nó an beart a aisghairm má glacadh beart den sórt sin de shárú ar Airteagal 3(3) nó Airteagal 6(2).

Airteagal 8

Faisnéis don phobal

Foilseoidh an Coimisiún ar shuíomh gréasáin tiomnaithe poiblí na fógraí arna dtabhairt ag na Ballstáit faoi Airteagal 3(1) agus (2) agus na bearta gaolmhara arna nglacadh.

Airteagal 9

Údarás inniúil a cheapadh

Ceapfaidh na Ballstáit údarás inniúil a bheidh freagrach ar leibhéal náisiúnta as feidhmiú an nós imeachta um fhógra a thabhairt a bhunaítear leis an Treoir seo.

Airteagal 10

Nasc le sásraí eile um fhógra a thabhairt nó sásraí eile tuairiscithe

1.I gcás ina gceanglaítear ar Bhallstát fógra a thabhairt faoi bheart faoi Airteagal 3 den Treoir seo agus faoi Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2015/1535, measfar go sásaíonn fógra arna thabhairt faoin Treoir sin agus a chomhlíonann na hoibleagáidí a leagtar síos i míreanna 3, 5, 6 agus 7 d’Airteagal 3 den Treoir seo, go sásaíonn sé an oibleagáid fógra a thabhairt a bhunaítear faoi Airteagal 3(1) agus (2) den Treoir seo freisin.

2.I gcás ina gceanglaítear ar Bhallstát fógra a thabhairt faoi bheart faoi Airteagal 3 den Treoir seo agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi i gcomhréir le hAirteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE, measfar go sásaíonn an fógra sin an oibleagáid maidir le faisnéis a thabhairt a leagtar amach in Airteagal 59(5) de Threoir 2005/36/CE freisin.

Airteagal 11

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.Faoin [36 mhí tar éis an dáta chun an Treoir seo a thrasuí] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin ar a laghad, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

2.Tar éis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht rialta ar an Treoir seo agus na torthaí meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

3.Nuair is iomchuí, beidh tograí ábhartha ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Airteagal 12

Leasuithe ar Threoir 2006/123/CE

Leasaítear Treoir 2006/123/CE mar a leanas:

1.Scriostar Airteagal 15(7) le héifeacht ón [lá amháin tar éis an spriocdháta le haghaidh trasuí].

2.In Airteagal 39(5), scriostar an dara agus an tríú fomhír le héifeacht ón [lá amháin tar éis an spriocdháta le haghaidh trasuí].

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Leasaítear an Iarscríbhinn le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 mar a leanas:

1.cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

"1. Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach: Caibidil VI.";

2.cuirtear an pointe seo 11 a leanas isteach:

"11. Treoir (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an XX maidir le forfheidhmiú Threoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach, lena leagtar síos nós imeachta um fhógra a thabhairt i leith scéimeanna údarúcháin agus ceanglais a bhaineann le seirbhísí, agus lena leasaítear Treoir 2006/123/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ach amháin má thugtar fógra, de réir fhorálacha na Treorach sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535.".

Airteagal 14

Trasuí

1.Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [dáta féilire bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach sin] ar a dhéanaí.

Beidh sna forálacha a ghlactar chun an Treoir seo a thrasuí tagairt don Treoir seo nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.Cuirfidh na Ballstáit téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún.

3.Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin i bhfeidhm ón [dáta féilire bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach sin + lá amháin].

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 16

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM(2015) 550 final
(2) Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 18 Nollaig 2015, EUCO 28/15
(3) Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 28 Meitheamh 2016, EUCO 26/16
(4) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach IO L 376, 27.12.2006, lch. 36
(5) Níor baineadh lánacmhainneacht eacnamaíoch na Treorach um Sheirbhísí amach go fóill, is é sin, fás 2.6 % in olltáirgeacht intíre AE. Maidir leis na hathchóirithe a chuir na Ballstáit chun feidhme idir 2006 go 2014, meastar nach mbainfidh siad ach aon trian den acmhainneacht sin amach (fás 0.9 % in olltáirgeacht intíre AE).
(6) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise.
(7) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(9) COM(2011) 20 final
(10) SWD(2012) 147 críochnaitheach
(11) SWD(2013) 402 críochnaitheach
(12)

   Tuarascáil speisialta Uimh. 5/2016: “Has the Commission ensured effective implementation of the Services Directive?” (Ar áirithigh an Coimisiún go bhfuil an Treoir um Sheirbhísí á cur chur chun feidhme go héifeachtach?) http://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=35556

(13) Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí, an tuarascáil mheastóireachta, an measúnú tionchair agus tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ar fáil anseo:
http://ec.europa.eu/smart-regulation/impact/ia_carried_out/cia_2016_en.htm#grow  
(14) IO C […], […], lch. […].
(15) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(16) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún, Upgrading the Single Market: More opportunities for people and business [An Margadh Aonair a Uasghrádú: Tuilleadh Deiseanna do Dhaoine agus do Ghnólachtaí] (COM (2015) 550 críochnaitheach).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (‘Rialachán IMI’) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(18) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).