Strasbourg, 13.12.2016

COM(2016) 815 final

2016/0397(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

{SWD(2016) 460 final}
{SWD(2016) 461 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Ceann de na ceithre bhunsaoirse atá cumhdaithe i gConarthaí an Aontais Eorpaigh is ea ceart shaoránaigh an Aontais agus a dteaghlach gluaiseacht faoi shaoirse agus cónaí i dtír ar bith den Aontas.

Ní fhéadfaí saorghluaiseacht daoine a bheith ann gan cosaint do chearta slándála sóisialta na nEorpach soghluaiste agus a mball teaghlaigh.

Cuid de Phacáiste Soghluaiseachta Saothair 2016 an Choimisiúin Eorpaigh is ea an tionscnamh seo. Is é is cuspóir don tionscnamh seo leanúint de phróiseas an nuachóirithe ar dhlí an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta mar a leagtar amach é i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 1 agus i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 2 (na "Rialacháin"), trí fheidhmiú chearta na saoránach a éascú a thuilleadh agus an tsoiléireacht dlí, dáileadh cóir cothromasach den ualach airgeadais idir na mBallstát, an tsimplíocht riaracháin agus infhorghníomhaitheacht na rialacha a áirithiú. Príomhaidhm de chuid an tionscnaimh seo is ea córas nuachóirithe a chur ar bun do chomhordú na slándála sóisialta chun freastal ar chúrsaí sóisialta agus eacnamaíocha mar atá siad dáiríre sna Ballstáit.

Dírítear an togra ar cheithre réimse comhordúcháin a dteastaíonn feabhsú iontu: rochtain na saoránach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ar shochair shóisialta, ar shochair chúraim fhadtéarmaigh, ar shochair dhífhostaíochta agus ar shochair theaghlaigh. Tá saoirse ag gach Ballstát sainghnéithe a chóras slándála sóisialta féin a chinneadh, lena náirítear na sochair a thabharfar, na coinníollacha ar incháilitheacht, an chaoi a ríomhfar na sochair sin agus na ranníocaíochtaí is ceart a dhéanamh, agus sainghnéithe gach brainse den tslándáil shóisialta a chinneadh, amhail sochair sheanaoise, dhífhostaíochta agus teaghlaigh ar chuntar go nurramaíonn na forálacha náisiúnta sin prionsabail dhlí an Aontais Eorpaigh go háirithe maidir leis an gcóir chomhionann agus an neamhidirdhealú. Sa chomhthéacs sin, tá saoirse ag na Ballstáit súil a choinneáil ar a bhfuil ag tarlú maidir le híoc na sochar sin, le saoránaigh a bhfuil cónaí orthu i mBallstáit eile freisin. Tá ról ar leith ag an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta maidir le malartú faisnéise den sórt sin.

Ar an gcéad dul síos, aidhm de chuid an athbhreithnithe is ea soiléiriú a dhéanamh ar na cúinsí inar féidir leis na Ballstáit teorainn a chur le rochtain ar na sochair shóisialta a éilíonn saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch. As deireadh an chásdlí atá tagtha ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí (dá nglaoitear an "Chúirt Bhreithiúnais" anseo feasta), teastaíonn an méid sin ar mhaithe le soiléireacht, trédhearcacht agus deimhnitheacht dlí. Meastar go bhfuil 3.7 milliún saoránach ann ar saoránaigh shoghluaiste atá neamhghníomhach go heacnamaíoch iad 3 . Tá ag beagnach 80% díobh cearta díorthacha (cearta cónaithe agus/nó cearta ar shochair) atá acu a bhuí le baill dá dteaghlach atá gníomhach go heacnamaíoch agus a bhfuil cónaí orthu leo, agus leanann siad de bheith i dteideal cóir chomhionann maidir le baill teaghlaigh na noibrithe náisiúnta. An saoránach soghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a raibh cónaí air go dleathach sa Bhallstát roimhe sin ach nach gcomhlíonann coinníollacha Threoir 2004/38/CE a thuilleadh, ba cheart an saoránach sin a bheith in ann brath ar phrionsabal na córa comhionainne i ndáil le sochair slándála sóisialta ranníocacha, fad is nach bhfuil deireadh curtha go foirmiúil ag an mBallstát óstach lena cheart cónaithe.

Ar an dara dul síos, aidhm eile de chuid an athbhreithnithe is ea córas comhleanúnach a bhunú le haghaidh comhordú na sochar cúraim fhadtéarmaigh (a ndéileáiltear leo faoi chaibidil na breoiteachta faoi láthair) trí Chaibidil nua a thabhairt isteach dá gcomhordú i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, trí shainmhíniú a thabhairt agus liosta de na sochair sin a bhunú. Meastar go bhfuil thart ar 80 000 saoránach soghluaiste ann atá i dteideal sochair chúraim fhadtéarmaigh, dar luach €793 milliún (0.4% de chaiteachas iomlán an Aontais ar shochair cúraim fhadtéarmaigh).

Ar an tríú dul síos, moltar socruithe nua san athbhreithniú chun sochair dhífhostaíochta a chomhordú i gcásanna trasteorann. Baineann na socruithe sin le comhshuimiú tréimhsí árachais chun ceart ar shochar dífhostaíochta a chruthú nó a choinneáil, le honnmhairiú sochar dífhostaíochta agus leis an gCinneadh cén Ballstát atá freagrach as sochair dhífhostaíochta a íoc le hoibrithe teorann agus le hoibrithe trasteorann eile. Tá thart ar 25 000 cás comhshuimithe ann (de réir thuairisciú 23 Ballstát) 4 agus thart ar 27 300 duine laistigh den Aontas a onnmhairíonn a sochar dífhostaíochta chuig Ballstát eile 5 agus tuairim is 91 700 oibrí trasteorann dífhostaithe in aghaidh na bliana, ar oibrithe teorann iad 53 500 díobh 6 . 

Ar an gceathrú dul síos, tá forálacha nua sa togra chun comhordú a dhéanamh ar na sochair theaghlaigh arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh. Tá sochar den sórt sin ag 22 Ballstát 7 .

Thairis sin, soiléirítear sa togra na rialacha atá ag teacht salach ar a chéile maidir leis an reachtaíocht is infheidhme agus an gaol idir na Rialacháin agus Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar ("Treoir 96/71/CE" anseo feasta) 8 . Treisítear na rialacha riaracháin maidir le comhordú na slándála sóisialta i ndáil leis an malartú faisnéise agus leis an bhfíorú ar stádas slándála sóisialta na noibrithe sin chun cosc a chur ar mhíúsáid nó ar chleachtais a d'fhéadfadh a bheith éagórach. Tabharfaidh an togra cumhachtaí nua cur chun feidhme don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar chur chuige aonfhoirmeach maidir le heisiúint, fíorú agus tarraingt siar Dhoiciméad Iniompartha A1 (deimhniú maidir leis an reachtaíocht slándála sóisialta a bhfuil feidhm aici maidir leis an sealbhóir).

Ina theannta sin, tá roinnt leasuithe teicniúla ar áireamh sa togra. Baineann na leasuithe sin le tosaíocht na gceart díorthach ar shochair bhreoiteachta, le haisíoc costas i gcás scrúdú leighis, le ríomh na meánchostas bliantúil i réimse na sochar breoiteachta agus le tabhairt isteach beart chun sainaithint calaoise nó earráide a éascú agus na Rialacháin á gcur i bhfeidhm, lena náirítear foras ceadaitheach a thabhairt isteach ar a bhféadfaidh na Ballstáit sonraí pearsanta a mhalartú go tréimhsiúil. Ina theannta sin, na nósanna imeachta maidir le gnóthú sochar slándála sóisialta a íocadh go mícheart, rinne iad a athchóiriú chun iad a ailíniú leis na nósanna imeachta coibhéiseacha i dTreoir 2010/24/AE maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile, agus rinneadh amhlaidh go háirithe chun foráil a dhéanamh maidir le hionstraim aonfhoirmeach le húsáid le haghaidh bearta forghníomhaithe chomh maith le nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh cúnamh frithpháirteach a iarraidh agus le haghaidh fógra a thabhairt faoi ionstraimí agus faoi chinntí i ndáil le héileamh.  9  

Tá roinnt nuashonruithe teicniúla tréimhsiúla ar áireamh sa togra chun léiriú a thabhairt ar na forbairtí sin ar an reachtaíocht náisiúnta a dhéanann difear do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais Eorpaigh.

Ar deireadh, tabharfar cumhachtaí nua don Choimisiún faoin togra seo gníomhartha tarmligean i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a ghlacadh chun an nós imeachta reachtach maidir le leasú na nIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh.883/2004 a éascú agus chun dlús a chur leo.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánú é an tionscnamh seo ar thionscnaimh eile atá sainaitheanta sna Treoirlínte Polaitiúla. Tús nua don Eoraip 10 i ndáil le Tosaíocht 4: Margadh Inmheánach Níos Doimhne agus Níos Cothroime a bhfuil Bonn Tionsclaíoch Níos Láidre aige 11 . Bealach í an tsoghluaisteacht saothair chun leithdháileadh éifeachtúil acmhainní a éascú idir earnálacha agus laistigh d'earnálacha agus chun an dífhostaíocht agus neamhréir scileanna a laghdú.

Cuireann an tionscnamh seo le Tosaíocht 1 de na Treoirlínte Polaitiúla freisin trí thimpeallachta rialála a chruthú atá níos fabhraí don fhiontraíocht agus do chruthú post, agus áirithíonn sé go bhfuil na Rialacháin i gcomhréir le tiomantas an Choimisiúin don Rialáil Níos Fearr 12 . 

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta toisc nach bhfuil an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach ná áitiúil, agus is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais ar an cúiseanna seo a leanas:

Baineann comhordú slándála sóisialta le cásanna trasteorann, ar cásanna iad nach féidir le haon Bhallstát gníomhú ina aonar iontu. Éilítear bearta comhordúcháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh in Airteagal 48 CFAE agus is gá na bearta sin le gur féidir an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. D'uireasa an chomhordúcháin sin, d'fhéadfaí bac a chur ar an tsaorghluaiseacht: ba leisce le daoine bogadh dá bhfágfadh sé go gcaillidís na cearta slándála sóisialta a fuair siad i mBallstát eile.

Cuirfear reachtaíocht chomhordaitheach an Aontais Eorpaigh in ionad an iliomad comhaontú déthaobhach a bhí ann roimpi. Ach creat AE a chruthú sa réimse seo táthar ag áirithiú go ndéanfar cearta na saoránach soghluaiste den Aontas Eorpach agus a mball teaghlaigh a thuiscint agus a chosaint ar dhóigh aonfhoirmeach nach mbeadh indéanta ag na Ballstáit ina naonar ar an leibhéal náisiúnta.

Ní simpliú an chomhordaithe slándála sóisialta do na Ballstáit amháin é sin, ach rud a áiritheoidh cóir chomhionann do na saoránaigh den Aontas atá árachaithe de réir na reachtaíochta náisiúnta slándála sóisialta.

Leis an togra seo, déanfar na rialacha atá ann cheann maidir le comhordú a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe a chur i bhfeidhm a bhfuil gá leo anois de thoradh na nathruithe atá ag teacht ar an tsochaí agus de thoradh na nathruithe dlíthiúla atá curtha chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Ní théann an Rialachán leasaitheach atá beartaithe thar a bhfuil gá leis chun comhordú éifeachtach slándála sóisialta a bhaint amach: ní mhéadóidh sé ar raon feidhme na Rialachán atá ann ó thaobh ábhair de ná ó thaobh pearsan de agus is ar na ceithre réimse atá leagtha amach thuas atá a éifeachtaí dírithe. Is faoi na Ballstáit a bheidh sé fós a gcuid scéimeanna slándála sóisialta féin a eagrú agus a mhaoiniú.

Leis an togra seo, déanfar níos fusa é do na Ballstát scéimeanna slándála sóisialta a chomhordú agus féachfar chuige cosaint a thabhairt do dhaoine a bhogfaidh laistigh den Aontas Eorpach, agus ag an am céanna freastalaíonn na forálacha ar na hathruithe atá ag teacht ar riachtanais na mBallstát.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

An rogha ionstraime

Rialachán an ionstraim atá beartaithe. Le hionstraim de shaghas eile ní bhfaighfí an deimhneacht dhlíthiúil ná an tsoiléireacht dhlíthiúil is gá i.e. ionstraim amhail Teachtaireacht nó ionstraim eile nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí de.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar a mhéad a áirithíonn an creat dlí atá ann comhordú éifeachtach fós. Comhlánú is ea an anailís sin ar an athbhreithniú foirmiúil ar oibleagáidí faoi na Rialacháin lena gceanglaítear ar an gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Slándála Sóisialta (an "Coimisiún Riarachán") 13 agus ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht forálacha áirithe de na Rialachán 14 . Thairis sin, is comhlánú í ar an ngealltanas a thug an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú ar phrionsabail an chomhordaithe ar shochair dífhostaíochta 15 .

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Chuathas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí roinnt uaireanta:

1.Is laistigh den Choimisiún Riaracháin a chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit.

2.Chuathas i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta le suirbhé speisialaithe ar líne faoi chomhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh, faoi onnmhairiú sochar dífhostaíochta agus faoi chomhordú sochar dífhostaíochta i gcás oibrithe teorann.

3.Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh, comhordú sochar dífhostaíochta d'oibrithe teorann agus onnmhairiú sochar dífhostaíochta faoi chuimsiú an Choiste Chomhairligh um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta, agus maidir le comhordú sochar teaghlaigh, comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh agus comhordú sochar dífhostaíochta le linn éisteacht thiomnaithe.

4.Chuathas i gcomhairle le heagraíochtaí neamhrialtais maidir le comhordú sochar teaghlaigh, comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh agus comhordú sochar dífhostaíochta trí cheardlann comhairliúcháin thiomnaithe.

5.Seoladh dhá chomhairliúchán ar líne i mí na Nollag 2012 faoi chomhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh, faoi onnmhairiú sochar dífhostaíochta agus faoi chomhordú sochar dífhostaíochta i gcás oibrithe teorann; agus i mí Iúil 2015 faoi chomhordú sochar dífhostaíochta agus faoi chomhordú sochar teaghlaigh.

Ní raibh na Ballstáit ar aon fhocal i dtaca le rochtain ar shochair shóisialta ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch. Bhí cuid acu ar son an status quo mar an gcéad rogha nó an dara rogha; cuid eile acu, bhí siad ar son forálacha na córa comhionainne den Rialachán a leasú mar an gcéad rogha nó an dara rogha, ach ní raibh comhdhearcadh acu maidir leis na hathruithe ba ghá. Chuir mionlach de na Ballstáit in iúl gur spéis leo treoir riaracháin.

I ndáil le comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh, bhí formhór na mBallstát ar son sainmhíniú sonrach agus/nó caibidil shonrach agus/nó liosta sochar a cheapadh, ach bhí Ballstáit eile i bhfabhar an status quo. Léirigh torthaí chomhairliúchán poiblí 2012 go raibh éagsúlacht tuairime ann maidir leis an mBallstát ar cóir dó sochair chúraim fhadtéarmaigh a thabhairt.

I dtaca le sochair dhífhostaíochta:

I gcás comhshuimiú sochar dífhostaíochta, níl na Ballstáit ar aon fhocal ach tá tromlach beag acu i bhfabhar an status quo a choinneáil agus an chuid eile acu i bhfabhar an comhshuimiú a chur i bhfeidhm i ndiaidh aon mhí oibre nó trí mhí oibre. Dealraíonn sé go bhfuil na comhpháirtithe sóisialta ar son an status quo. I gcomhairliúchán poiblí 2015, mheas aon trian de na freagróirí gur cheart na rialacha a athrú.

I dtaca le honnmhairiú sochar dífhostaíochta, níl na Ballstáit ar aon fhocal: tá cuid acu ar son na bhforálacha atá ann faoi láthair, ach tá cuid eile acu ar son an ceart a bheith ann onnmhairiú a dhéanamh ar feadh 6 mhí ar a laghad. Bhí na heagraíochtaí fostóirí ar son na bhforálacha atá ann faoi láthair, ach bhí na ceardchumainn agus na heagraíochtaí neamhrialtais ar son an ceart a bheith ann onnmhairiú a dhéanamh ar feadh 6 mhí ar a laghad. I gcomhairliúchán poiblí 2012, bhí formhór na bhfreagróirí i bhfabhar síneadh a chur le fad an onnmhairithe sochar dífhostaíochta.

Ar deireadh, i dtaca le comhordú sochar dífhostaíochta i gcás oibrithe teorann agus oibrithe trasteorann eile, dealraíonn sé go bhfuil na Ballstáit roinnte idir cinn atá ar son an status quo, agus cinn atá i bhfabhar Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí sochair dhífhostaíochta a thabhairt do gach oibrí. Ina theannta sin, léiríodh i gcomhairliúchán poiblí 2012 go bhfuil réimse tuairimí ann i measc daoine aonair agus na ngeallsealbhóirí éagsúla maidir leis an ábhar seo.

I dtaca le honnmhairiú sochar teaghlaigh, bhí mionlach sách mór de na Ballstáit i bhfabhar a mhalairt de chomhordú ar shochair arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh. Bhí formhór na neagraíochtaí neamhrialtais ar son an status quo. I gcomhairliúchán poiblí 2015, mheas aon cheathrú de na freagróirí gur cheart na rialacha a athrú.

Thug an méid tuairimí éagsúla a léiríodh sna freagraí forléargas cuimsitheach don Choimisiún ar an gcaoi a bhfeidhmíonn comhordú na slándála sóisialta i láthair na huaire, lena náirítear na fadhbanna a mheastar a bheith ann, na réitigh a d'fhéadfadh a bheith orthu agus an méid tacaíochta atá ann do na réitigh sin. Tá fáil ar thoradh na gcomhairliúchán poiblí tríd an tairseach idirlín Do Ghuthsa san Eoraip 16 . Tá eolas iomlán faoi thuairimí na ngeallsealbhóirí le fáil sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair.

Bailiú agus úsáid saineolais

Agus an togra seo á ullmhú, rinneadh comhairle go fairsing le saineolaithe laistigh den Choimisiún agus le saineolaithe seachtracha. Cuireadh san áireamh staidéir agus tuarascálacha de chuid Líonra trESS de shaineolaithe dlí 17 , Líonra na saineolaithe dlí maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas Eorpach (FreSsco), Líonra na saineolaithe staidrimh maidir le soghluaisteacht laistigh den Aontas Eorpach, staidéar tacaíochta maidir le measúnú tionchair a rinne Deloitte Consulting, anailís bhreise a rinneadh KU Leuven Research Institute for Work and Society (HIVA) agus cuibhreanas arna chomhdhéanamh de Fondazione Giacomo Brodolini, COWI agus Warwick Institute for Employment Research. Tá forléargas mionsonraithe ar an gcomhairliúchán le saineolaithe le fáil sa Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Ina theannta sin, cuireadh san áireamh sa togra obair a rinne grúpa ad hoc de shaineolaithe náisiúnta ó údaráis náisiúnta na mBallstát a tionóladh faoi chuimsiú an Choimisiúin Riaracháin agus a rinne roinnt moltaí faoi na rialacha maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh, go háirithe i ndáil le hoibrithe ar phostú agus le daoine a oibríonn in dhá Bhallstát nó níos mó.

   Measúnú tionchair

I gcomhréir lena bheartas maidir le Rialáil Níos Fearr, rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais a d'fhéadfadh a ghlacadh agus meastóireacht ar a néifeachtúlacht eacnamaíoch, shóisialta agus rialála, agus ar anéifeachtúlacht fhoriomlán agus ar a gcomhsheasmhacht le cuspóir móra an Aontais Eorpaigh. 18 Mar thacaíocht leis an obair sin rinneadh comhairle struchtúrtha le seirbhísí an Choimisiúin trí an nGrúpa Stiúrtha Idirsheirbhíse 19 . 

Baineann na rialacha comhordúcháin go díreach leis na Ballstáit agus lena ninstitiúidí slándála sóisialta. Ní dhéanfaidh an togra aon difear go díreach do fhiontair bheaga agus meánmhéide. Níltear ag súil le haon tionchar dearfach ná diúltach ar an gcomhshaol.

I dtaca leis an tionchar digiteach, tá an togra go hiomlán 'in oiriúint don idirlíon'. Déanfar malartú leictreonach sonraí idir údaráis náisiúnta i réimse chomhordú na slándála sóisialta a chur chun feidhme tríd an tionscadal Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (foráiltear dá lánchur chun feidhme faoi lár 2019).

I dtaca le rochtain ar shochair shóisialta ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, is é rogha na tosaíochta leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le cóir chomhionann i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 chun tagairt a dhéanamh do na teorainneacha i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena naisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (dá nglaoitear 'Treoir 2004/38/CE' anseo feasta) 20 agus lena léirítear cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Is fearr sin ná na roghanna malartacha reachtacha (maolú den sórt sin a cheadú maidir leis na sochair airgid speisialta neamhranníocacha in Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004; nó na sochair airgid speisialta neamhranníocacha a sholáthraíonn ioncam cothaithe a bhaint den Rialachán seo agus roghanna neamhreachtacha (na rialacha a shoiléiriú i dTeachtaireacht). Déanfaidh an togra códú ar dhlíthe an Aontais mar atá siad forléirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais agus dá bhrí sin is beag tionchar eacnamaíoch nó tionchar ar chearta sóisialta a bheidh aige, ach mar sin féin, i gcomparáid leis an mbunlíne, d'fhéadfadh sé go laghdódh an togra na costais rialála toisc go mbeadh ní ba mhó soiléire ann maidir le staid reatha dhlí an Aontais.

Faoin togra seo, bunófar córas comhsheasmhach i gcomhair sochair chúraim fhadtéarmaigh trí Chaibidil ar leith a thabhairt isteach maidir le comhordú na sochar sin a bheidh ailínithe leis na forálacha atá ann cheana maidir le sochair bhreoiteachta agus ina mbeidh sainmhíniú ar shochair cúraim fhadtéarmaigh agus, forálfar maidir le liosta de shochair náisiúnta. Is fearr sin ná na roghanna malartacha faoina dtabharfadh an Ballstát cónaithe na sochair cúraim fhadtéarmaigh uile agus go naisíocfadh an Ballstát inniúil é (bíodh forlíonadh ón Stát inniúil ag dul leis nó ná bíodh). Faoin rogha tosaíochta, déanfar foráil bunús dlí sainráiteach do na rialacha atá ann cheana, rud a thugann an trédhearcacht agus an chobhsaíocht isteach sa chóras. Rachaidh an soiléiriú chun tairbhe na saoránach agus na ninstitiúidí agus méadófar an chosaint shóisialta. Ní bheidh tionchar suntasach eacnamaíoch ná ardchostais cur chun feidhme ag an rogha tosaíochta i gcomparáid leis an mbunlíne.

I dtaca le comhordú sochar dífhostaíochta: 

Is é an rogha tosaíochta i gcomhair comhshuimiú sochar dífhostaíochta íostréimhse trí mhí árachais i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí a leagan síos le duine a bheith cáilithe don cheart tréimhsí árachais san am a chuaigh thart a chomhshuimiú (agus ceangal a chur ar Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí sochair a thabhairt nuair nach gcomhlíonfar an coinníoll sin). Is fearr sin ná roghanna eile faoina gceadófaí an comhshuimiú tar éis lá amháin nó mí amháin árachais nó faoina gceadófaí ioncam tagartha a fuarthas i mBallstát na gníomhaíochta roimhe sin, agus sochair dhífhostaíochta á ríomh, a chur san áireamh tar éis mí amháin nó trí mhí gníomhaíochta sa Bhallstát inniúil. Meastar go náiritheoidh an rogha tosaíochta gur láidre an nasc idir na hinstitiúidí is inniúil chun na sochair dhífhostaíochta a sholáthar agus sábhálfar de bharr na rogha sin €41 milliún, cé go mbeadh dáileadh na gcostas idir na Ballstáit éagsúil. Ní bheadh aon tionchar suntasach ar na costais rialála.

Maidir le honnmhairiú sochar dífhostaíochta is é an rogha tosaíochta an íostréimhse a shíneadh i gcás onnmhairiú sochar dífhostaíochta ó thrí mhí go sé mhí, agus foráil a dhéanamh maidir leis an deis an sochar a onnmhairiú do thréimhse iomlán na teidlíochta. Sa bhreis ar an rogha sin, neartófar an sásra comhoibre chun tacú le daoine atá ag lorg fostaíochta post a chuardach rud a dhéanfaidh comhtháthú an mhargaidh saothair níos dealraithí. Is fearr sin ná an rogha mhalartach mar atá an ceart sochar dífhostaíochta a onnmhairiú a dheonú do thréimhse iomlán na teidlíochta. Ní bheidh aon tionchar suntasach eacnamaíoch ná ardchostais cur chun feidhme ag baint leis an rogha tosaíochta i gcomparáid leis an mbunlíne óir ní bheidh ar an mBallstát inniúil sochair a onnmhairiú ach amháin má bhíonn teidlíocht ar na sochair sin ann cheana féin.

I dtaca le comhordú sochar dífhostaíochta i gcás oibrithe teorann agus oibrithe trasteorann eile, is é an rogha tosaíochta an fhreagracht a chur ar an mBallstát is deireanaí fostaíochta as sochair dhífhostaíochta a íoc má oibrigh an toibrí teorann sa Bhallstát sin ar feadh 12 mhí ar a laghad agus an fhreagracht a leagan ar an mBallstát cónaithe seachas sin. Dá thoradh sin cuirfear deireadh leis an nós imeachta aisíocaíochta atá ann faoi láthair. Is fearr an rogha sin ná na roghanna malartacha a measadh, mar atá rogha a thabhairt d'oibrithe teorann faoin áit a d'éileoidís sochair dhífhostaíochta nó an fhreagracht a chur ar an mBallstát is deireanaí fostaíochta as sochair dhífhostaíochta a íoc i ngach cás. Meastar go mbeidh méadú ar an gcostas eacnamaíoch i gceist leis an rogha sin ó €416 milliún go €442 milliún ach laghdófar ar na costais rialála ó €9.9 milliún go €3.7 milliún.

I dtaca le comhordú sochar tógála linbh arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, is é an rogha tosaíochta na forálacha comhordaithe atá ann faoi láthair a athrú ionas go mbreathnófar ar liúntais tógála linbh mar chearta dílse pearsanta agus chun ceart roghnach a cheadú a ligfidh don dara Ballstát inniúil an sochar a íoc ina iomláine. Ligfidh sé sin do na Ballstáit sin atá ag iarraidh comhroinnt na bhfreagrachtaí tuismitheoireachta a chur chun cinn deireadh a chur le haon dídhreasuithe airgeadais a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás ina dtógfadh an dá thuismitheoir saoire thuismitheoireachta le linn na tréimhse céanna. Is fearr an rogha sin ná na roghanna malartacha a measadh, mar atá oibleagáid shainordaitheach a chur ar an dara Ballstát inniúil maolú ó na rialacha maidir le forluí i ndáil le gach liúntas tógála linbh nó i ndáil le liúntas tógála linbh a bhaineann le tuarastal. Is é an tionchar eacnamaíoch is mó a bheadh ag an rogha tosaíochta go dtiocfadh méadú idir 58% agus 84% ar na costais eacnamaíocha don dara Ballstát eacnamaíoch, ach i ndáiríre is dócha go mbeidh an méadú ní ba lú óir ní chuirfidh gach Ballstát an maolú i bhfeidhm. An tathrú seo ar chearta dílse agus pearsanta, meastar gur beag tionchar a bheidh aige ar chearta sóisialta de thoradh na leibhéal íseal comhlíontachta leis an gceanglas chun aitheantas a thabhairt do chearta díorthacha ar liúntas tógála linbh.

Tá tuarascáil ar an measúnú tionchair (SWD (2016) 460 ag gabháil leis an togra seo, tuarascáil a d'athbhreithnigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála. Thug an Bord sin tuairim dhearfach uaidh an 21 Eanáir 2016. Cuireadh moltaí uile an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála san áireamh sa tuarascáil deiridh ar an measúnú tionchair.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí ag an togra maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh. Leagadh amach thuas na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann do bhuiséid na mBallstát.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta, cúig bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm na Rialachán leasaithe, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí, tuarascáil meastóireachta maidir le cur i bhfeidhm na hionstraime nua i gcomhréir leis na Treoirlínte do Rialáil Níos Fearr.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tugtar sa roinn seo míniú níos mionsonraithe ar na forálacha sonracha atá sa togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (dá nglaoitear "an bunRialachán" anseo feasta) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 (dá nglaoitear "an Rialachán cur chun feidhme" anseo feasta).

Airteagal 1

Is leis na leasuithe ar an mbunRialachán a bhaineann Airteagal 1.

1.Leasaítear Aithris 2 chun tagairt a dhéanamh don cheart chun saorghluaiseachta le haghaidh shaoránaigh uile an Aontais Eorpaigh de réir dhlí an Aontais.

2.Leasaítear Aithris 5 chun tagairt a dhéanamh do na srianta maidir le rochtain ar shochair shóisialta ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, atá ar áireamh i dTreoir 2004/38/CE.

3.Cuirtear Aithris 5a isteach chun a shoiléiriú, maidir leis an gcaoi a gcuirfear Treoir 2004/38/CE i bhfeidhm ar an Rialachán, gur faoi bhrí dhlíeolaíocht na Cúirte Breithiúnais atá sin déanta, mar atá Cásanna C-140/12, Brey, EU:C:2013:565, C-333/13, Dano, EU:C:2014:2358 agus C-308/14 An Coimisiún v An Ríocht Aontaithe, EU:C:2016:436.

4.Cuirtear Aithris 5b isteach chun a shoiléiriú, agus measúnú á dhéanamh ag na Ballstáit ar chomhlíonadh an cheanglais bheith i seilbh cumhdaigh chuimsithigh breoiteachta mar a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE, gur cheart dóibh a áirithiú gur féidir le saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch an ceanglas sin a chomhlíonadh.

5.Cuirtear Aithris 5c isteach chun a shoiléiriú, maidir leis na teorainneacha a chuirtear de réir Threoir 2004/38/CE ar chearta saoránach soghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, chun a shoiléiriú nach sáraíonn na teorainneacha sin cearta bunúsacha na ndaoine sin mar a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh iad.

6.Leasaítear Aithris 24 chun tagairt don Chaibidil nua maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh a chur isteach.

7.Cuirtear Aithris 35a isteach chun a mhíniú maidir leis na sochair theaghlaigh arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, gur catagóir speisialta de shochair theaghlaigh iad na sochair sin agus nach mór caitheamh leo mar cheart dílis agus pearsanta ar choinníoll go bhfuil an sochar i gceist liostaithe i gCuid 1 d'Iarscríbhinn XIII den bhunRialachán. Fágann sin nach bhfuil ar an mBallstát inniúil cearta díorthacha a dheonú i dtaobh sochar den sórt sin do bhaill de theaghlach an duine árachaithe. Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil inniúlacht thánaisteach acu roghnú an fheidhm a bhaint de na rialacha in aghaidh forluí in Airteagal 68(2) den bhunRialachán agus sochar den sórt sin a bhronnadh ina niomláine ar an duine a bhfuil teidlíocht aige. I gcás ina roghnóidh an Ballstát maolú amhlaidh, ba cheart é a liostú i gCuid 2 d'Iarscríbhinn XIII agus ní mór an maolú sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir leis na daoine uile lena mbaineann a bhfuil teidlíocht acu.

8.Baineann Aithris 39a leis na hionstraimí ábhartha cosanta sonraí de chuid an Aontais Eorpaigh.

9.Cuirtear Aithris 46 isteach chun tagairt a dhéanamh don chumhacht tharmligthe a dheonaítear don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE lena leasaítear na hIarscríbhinní uile den bhunRialachán agus den Rialachán cur chun feidhme. Sna hIarscríbhinní sin tá iontrálacha tírshonracha ina dtugtar léargas ar na difríochtaí atá idir córais náisiúnta na mBallstát.

10.Cuirtear Aithris 47 isteach chun a aibhsiú go nurramaíonn an bunRialachán na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus nach mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

11.Cuirtear Aithris 48 isteach chun a shoiléiriú nach bhfuil rud ar bith sa bhunRialachán a chuirfidh teorainn leis na cearta neamhspleácha ná leis na hoibleagáidí neamhspleácha a aithnítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

12.Leasaítear Airteagal 1 chun an chaibidil nua atá beartaithe maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh, Caibidil 1a, a chur san áireamh. Cuimsítear leis sin sainmhíniú ar shochair chúraim fhadtéarmaigh i bpointe (d) ina sonraítear na heilimintí a chomhdhéanann na sochair sin. Cuirtear san áireamh sa sainmhíniú sin an anailís a rinne líonra trESS 21 , léirítear casdlí na Cúirte Breithiúnais 22 agus cloítear le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

13.Leasaítear Airteagal 3(1) chun sochair chúraim fhadtéarmaigh a áireamh mar bhrainse ar leith den tslándáil shóisialta.

14.Foráiltear in Airteagal 4 i ndáil leis an rochtain ar shochair slándála sóisialta sa Bhallstát óstach atá ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, gur féidir an coinníoll a chur ar an rochtain sin go bhfuil cónaí dleathach acu mar a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE. Chun críocha na forála sin, cé is moite de rochtain ar chúnamh sóisialta de réir bhrí Threoir 2004/38/CE, ní áireofar mar shaoránach soghluaiste den Aontas atá neamhghníomhach go heacnamaíoch duine soghluaiste atá ag lorg fostaíochta a bhfuil ceart cónaithe aige, i gcomhréir le hAirteagal 45 CFAE 23 , sa Bhallstát óstach fad is atá sé ag lorg fostaíochta.

15.Leasaítear Airteagal 11 ag mír 2 i bhfianaise an tsainmhínithe nua ar shochair chúraim fhadtéarmaigh. Nuashonraítear mír 5 le go mbeidh an sainmhíniú ar "bhunáit" i gcomhréir leis an sainmhíniú atá in Iarscríbhinn III, Fochuid FTL, pointe 14, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2016/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 83/2014/AE ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2014 24 .

16.Leasaítear Airteagal 12 chun a shoiléiriú go mbeidh ag an téarma "oibrí ar phostú" an bhrí atá air de réir Threoir 96/71/CE. Mar sin féin, ní athrófar de thoradh an tsoiléirithe sin scóip phearsanta an Airteagail. Níltear ach ag cur na nóisin a úsáidtear sna téacsanna dlí sin i gcomhréir le chéile. Foráiltear sna leasuithe freisin gur cheart na daoine féinfhostaithe a bheith cumhdaithe ag na forálacha maidir le hathsholáthar atá ar fáil in Airteagal 12(1) cheana.

17.Cuirtear Airteagal 13(4a) isteach chun riail shoiléir maidir le coinbhleacht a chur ar fáil i gcás ina mbeidh duine ag fáil sochair dhífhostaíochta ó Bhallstát amháin agus ag obair i mBallstát eile ag an am céanna. Cuirtear bunús reachtach ar fáil leis do na prionsabail i Moladh U1 de chuid an Choimisiúin Riaracháin 25 .

18.Leasaítear Airteagal 32 chun rialacha soiléire tosaíochta a leagan síos maidir le cearta díorthacha an bhaill teaghlaigh i gcásanna ina bhfuil forluí idir teidlíochtaí sochar breoiteachta comhchineáil faoi reachtaíocht níos mó na Ballstáit amháin.

19.Scriostar Airteagal 34 toisc go bhfuil caibidil nua maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh, Caibidil 1a, á tabhairt isteach.

20.Cuirtear Caibidil 1a isteach le go mbeidh caibidil ar leith ann maidir le comhordú na sochar cúraim fhadtéarmaigh.

Leagtar amach in Airteagal 35a na forálacha ginearálta maidir le comhordú na sochar cúraim fhadtéarmaigh arna nailíniú leis na rialacha maidir le sochair bhreoiteachta.

Baineann mír 1 leis na forálacha is infheidhme de chuid Theideal III de Chaibidil 1 den bhunRialachán.

Le mír 2 cuirtear d'oibleagáid ar an gCoimisiún Riaracháin na sochair chúraim fhadtéarmaigh uile arb ann dóibh sa reachtaíocht náisiúnta a liostú.

Foráiltear i mír 3 maidir le maolú ó chomhordú na sochar cúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim faoin gCaibidil nua trí ligean do na Ballstáit sochair a chomhordú faoi chaibidil eile de chuid Theideal III den bhunRialachán. Liostófar na sochair sin in Iarscríbhinn XII.

Déanfar na forálacha in aghaidh forluí a bhí in Airteagal 34 a chuimsiú san Airteagal nua, Airteagal 35b, cé is moite de mhír 2 a chuimseofar in Airteagal nua eile, Airteagal 35a(2).

Leagtar amach in Airteagal 35c na rialacha aisíoca idir institiúidí i ndáil le sochair chúraim fhadtéarmaigh. Le mír 1 cuirtear Airteagal 35 i bhfeidhm ar shochair chúraim fhadtéarmaigh. Foráiltear i mír 2 maidir le hinniúlacht choimhdeach le haghaidh aisíoc ag institiúidí árachais bhreoiteachta i gcás nach bhfuil aon reachtaíocht shonrach ann maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh chomhchineáil. Luíonn sin le héirim Airteagal 40(2) maidir le sochair le haghaidh tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

21.Leasaítear Airteagal 50(2) le deireadh a chur leis an tagairt iomarcach d'Airteagal 52(1)(a), óir ní dhéantar tréimhsí árachais a cuireadh isteach i mBallstáit eile a chur san áireamh agus sochair neamhspleácha á ríomh de réir Airteagal 52(1)(a).

22.Leasaítear Airteagal 61 chun na forálacha speisialta maidir le comhshuimiú atá i mír 1 faoi láthair a bhaint. Seachas sin, beidh feidhm ag na forálacha ginearálta maidir le comhshuimiú atá in Airteagal 6 ionas gur féidir le Ballstát na gníomhaíochta is deireanaí tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a cuireadh isteach i mBallstát eile a chur san áireamh más gá, ar choinníoll gur sa Bhallstát sin a cuireadh isteach na tréimhsí fostaíochta nó féinfhostaíochta is déanaí agus gur faide ná trí mhí a mhair na tréimhsí sin.

23.Leasaítear Airteagal 64 chun síneadh a chur leis an íostréimhse gur féidir le daoine atá ag lorg fostaíochta i mBallstát eile onnmhairiú sochar dífhostaíochta a iarraidh, ó thrí mhí go sé mhí (nó an chuid eile den tréimhse teidlíochta más lú ná sé mhí í). Féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur leis an tréimhse sin, ó shé mhí go tréimhse iomlán na teidlíochta ar shochairdhífhostaíochta sa Bhallstát inniúil.

24.Comhlánú Airteagal 61 is ea an tAirteagal nua, Airteagal 64a. Foráiltear ann, maidir le daoine dífhostaíochta a bhogfaidh a náit chónaithe go Ballstát eile agus a fhágfar dífhostaithe sa Bhallstát sin tar éis tréimhse is lú ná trí mhí d'obair árachaithe, gur féidir leis na daoine sin onnmhairiú a sochar dífhostaíochta in airgead tirim a iarraidh ar Bhallstát an árachais roimhe. Sa chás sin, ní mór dóibh clárú le seirbhísí fostaíochta Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí agus cloí leis na hoibleagáidí atá ar éilitheoirí sochair dhífhostaíochta faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin.

25.Leasaítear Airteagal 65 chun forálacha nua a thabhairt isteach maidir le sochair dhífhostaíochta a íoc le hoibrithe teorann agus le hoibrithe trasteorann eile a raibh cónaí orthu, le linn a dtréimhse oibre is deireanaí, lasmuigh den Bhallstát inniúil.

Foráiltear i mír 1 go gcaithfear le daoine den sórt sin mar a bheadh cónaí orthu sa Bhallstát inniúil.

Foráiltear i mír 2 maidir leis na daoine sin a bhí ag obair ar feadh níos lú na 12 mhí sa Bhallstát inniúil, gur ón Stát cónaithe a gheobhaidh siad a sochair. Mar sin féin, féadfaidh an toibrí a bhfuil ceart aige ar shochair dhífhostaíochta faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit inniúil gan beann ar phrionsabal an chomhshuimithe in Airteagal 6, go bhféadfaidh an toibrí sin roghnú na sochair dhífhostaíochta a fháil ón mBallstát sin.

Le mír 3 déantar eisceacht ar an ngnáthoibleagáid,faoi Airteagal 64(1)(a), atá ar an duine dífhostaithe ar mian leis a shochair dhífhostaíochta a onnmhairiú, go gcaithfidh sé a bheith cláraithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit inniúil le ceithre seachtain ar a laghad. Bíonn feidhm ag an eisceacht sin i gcás an duine atá go hiomlán dífhostaithe a roghnaíonn fostaíocht a lorg ina Bhallstát cónaithe agus a chuireann isteach ar an tréimhse iomlán teidlíochta ar shochar dífhostaíochta. Le mír 4 tabharfar rogha don duine sin clárú leis na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát cónaithe nó i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí.

Le mír 5 soiléirítear nach bhfuil feidhm ag mír 2 go mír 4 maidir le daoine atá páirtdífhostaithe nó dífhostaithe go treallach. Níl na daoine sin i dteideal sochair dhífhostaíochta a éileamh ach i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí.

26.Cuirtear Airteagal 68b isteach chun forálacha speisialta comhordúcháin a chur ar fáil maidir leis na sochair theaghlaigh arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, ar sochair iad a liostaítear i gCuid I den iarscríbhinn nua, mar atá Iarscríbhinn XIII. Foráiltear ann nach mór caitheamh leis na sochair sin mar chearta dílse agus pearsanta seachas mar shochar don teaghlach ina iomláine. Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil inniúlacht thánaisteach acu roghnú an fheidhm a bhaint de na rialacha in aghaidh forluí in Airteagal 68(2) den bhunRialachán agus sochar den sórt sin a bhronnadh ina niomláine ar an duine a bhfuil teidlíocht aige. Liostófar na Ballstáit sin i gCuid II d'Iarscríbhinn XIII.

27.Cuirtear isteach an tAirteagal nua, Airteagal 75a, chun aibhsiú a dhéanamh ar an oibleagáid atá in Airteagal 89(3) den Rialachán cur chun feidhme cheana go gcaithfidh na hinstitiúidí inniúla a áirithiú go bhfuil a ninstitiúidí ar an eolas faoina noibleagáidí comhordúcháin, lena náirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, agus go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí sin. Tugtar isteach leis freisin oibleagáid an comhar idir institiúidí inniúla agus cigireachtaí saothair ar an leibhéal náisiúnta a chur chun cinn.

28.Cuirtear isteach Airteagal 76a chun an Coimisiún a chumhachtú gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291 de CFAE, áit a sonraítear na nósanna imeachta atá le leanúint chun coinníollacha comhionanna a áirithiú do chur i bhfeidhm na rialacha speisialta atá in Airteagal 12 agus in Airteagal 13 den bhunRialachán maidir le hoibrithe ar phostú, oibrithe arna seoladh agus daoine féinfhostaithe agus maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíocht i mBallstát amháin nó níos mó. Bunófar leis na bearta sin nósanna imeachta caighdeánacha um eisiúint, conspóid agus tarraingt siar an doiciméid iniompartha A1 lena ndeimhnítear an reachtaíocht is infheidhme maidir le daoine atá sna cásanna dá dtagraítear thuas.

29.Cuirtear isteach Airteagal 87b chun na forálacha idirthréimhseacha arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo a shonrú. Forálacha caighdeánacha atá sna forálacha sin, ach amháin go dtugtar isteach le mír 4 forálacha speisialta idirthréimhseacha maidir le comhordú sochar dífhostaíochta d’iar-oibrithe trasteorann. Foráiltear leis an mír sin go leanfaidh d’fheidhm a bheith ag na forálacha atá ann cheana, go leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na sochair sin a deonaíodh do dhaoine sular tháinig na forálacha nua i bhfeidhm.

30.In ionad Airteagal 88 cuirtear Airteagal 88 agus 88a nua, a bhaineann leis an nós imeachta um nuashonrú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán. Sna hIarscríbhinní sin tá iontrálacha tírshonracha ina dtugtar léargas ar na difríochtaí atá idir córais náisiúnta na mBallstát. De thoradh an leasaithe sin leathnófar na cumhachtaí dá bhforáiltear cheana le hAirteagal 92 den Rialachán cur chun feidhme chun é a chur ar chumas an Choimisiúin Eorpaigh gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE agus na hIarscríbhinní ar fad a ghabhann leis an mbunRialachán a leasú. Ach próiseas níos tapa a thabhairt isteach chun na hIarscríbhinní a leasú d’fhonn athruithe a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh, áiritheofar go méadóidh trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil do gheallsealbhóirí agus gur fearr a chosnófar saoránaigh. I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitúideach maidir le Reachtóireacht níos fearr dár dáta 13 Aibreán 2016 26 , rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe le linn a chuid oibre ullmhúcháin.

Airteagal 2

Is leis na leasuithe ar an Rialachán cur chun feidhme a bhaineann Airteagal 2.

1.Cuirtear isteach an aithris nua 18a chun tagairt a dhéanamh don nós imeachta speisialta is infheidhme sa chás nach bhfuil sé ar chumas Ballstáit fógra a thabhairt faoi na meánchostais bhliantúla in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa i gcás bliain thagartha ar leith chun críocha aisíoc caiteachas ar shochair chomhchineáil ar bhonn méideanna socruithe.

2.Leasaítear Aithris 19 chun nuashonrú a dhéanamh ar an tagairt do Threoir 2008/55/CE an 26 Bealtaine 2008 maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le tobhaigh, dleachtanna agus cánacha áirithe agus le bearta eile, rud ar cuireadh ina ionad Treoir 2010/24/AE maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile 27 .

3.Cuirtear isteach na haithrisí nua 25 agus 26 chun tagairt a dhéanamh d’fhorálacha nua arb é is aidhm dóibh comhrac a chur ar chalaois agus ar earráid i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le cosaint sonraí.

4.Leasaítear Airteagal 1 chun sainmhíniú nua ar “chalaois” a thabhairt isteach i bhfianaise na forála nua atá in Airteagal 5(2). Tá an sainmhíniú sin bunaithe ar an Teachtaireacht “Saorghluaiseacht saoránaigh den Aontas Eorpach: cúig bheart chun difríocht a dhéanamh” 28 .

5.Leasaítear Airteagal 2 chun go mbeidh foras ag na Ballstáit sonraí pearsanta daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leo a mhalartú go tráthrialta chun gur fusa calaois agus earráid i gceartchur chun feidhme na Rialachán a shainaithint. Tá aistrithe sonraí faoin bhforáil sin faoi réir na noibleagáidí atá in Airteagal 77 den bhunRialachán i dtaobh sonraí a aistriú i gcomhréir le forálacha an Aontais maidir le cosaint daoine nádúrtha ó thaobh próiseáil agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta.

6.Leasaítear Airteagal 3(3) chun sonrú a dhéanamh ar chearta an duine is ábhar do shonraí de bhun dlíthe an Aontais maidir le cosaint sonraí agus foráiltear leis an Airteagal sin go bhféadfaidh duine is ábhar do shonraí a iarraidh go gcomhordóidh údarás inniúil an Bhallstáit chónaithe iarrataí ón duine is ábhar do shonraí i ndáil le sonraí pearsanta arna próiseáil de bhun na Rialachán sin.

7.Leasaítear Airteagal 5 chun foráil a dhéanamh nach mbeidh doiciméad dearbhaitheach arna eisiúint ag institiúid bailí ach amháin má tá tugadh an fhaisnéis éigeantach ar fad.

Má iarrtar é, beidh sé de cheangal ar an institiúid eisiúna athbhreithniú a dhéanamh ar na forais atá le heisiúint doiciméid, agus nuair is gá, an doiciméad a cheartú nó a tharraingt siar laistigh de 25 lá. I gcás calaois arna déanamh ag an iarratasóir, beidh feidhm aisghníomhach ag tarraingt siar doiciméid.

Ina cheann sin, cuirfidh an institiúid eisiúna ar aghaidh chuig an institiúid iarrthach an fhianaise thacaíochta ar fad ar ar bhunaigh sí a cinneadh, agus déanfaidh sí sin laistigh de 25 lá oibre nó laistigh de dhá lá oibre i gcás práinne fhollasach.

8.Leasaítear Airteagal 14(1) chun é a chur ar comhréim leis na hathruithe a rinneadh ar Airteagal 12(1) den bhunRialachán. Ina theannta sin, foráiltear leis an Airteagal céanna nach gá d’oibrí ar phostú ná d’oibrí arna sheoladh a bhí cleamhnaithe roimhe sin le córas slándála sóisialta Bhallstát an tseolta, nach gá dó a bheith cleamhnaithe le córas an Bhallstáit ina bhfuil a fhostóir lonnaithe.

9.Soiléirítear le hAirteagal 14(5a) nach mbeidh feidhm ag Airteagal 13(1)(b)(i) den bhunRialachán lena bhforáiltear go mbeidh fostaí faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an fhostóra nó an ghnóthais lonnaithe, nach mbeidh feidhm leis ach amháin más gnách go mbíonn an fostóir nó an gnóthas sin ag gabháil do ghníomhaíocht shubstaintiúil sa Bhallstát sin. Sa chás nach mbeidh sin amhlaidh is ag reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil príomhghníomhaíochtaí nó lárionad leasa an fhostóra nó an ghnóthais lonnaithe a bheidh an fostaí clúdaithe. Is i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 14(9) agus (10) den Rialachán cur chun feidhme a chinnfear sin. Scriosta an dara fomhír de mhí 5a ar an ábhar nach bhfuil gá leis, de dhroim na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 11(5) den bhunRialachán.

10.Cuirtear isteach Airteagal 14(12) chun foráil maidir le heasaontacht dlí a thabhairt isteach do na cásanna sin ina bhfuil duine atá ina chónaí i dtríú tír, atá lasmuigh de raon feidhme na Rialachán, ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát amháin nó níos mó agus é cumhdaithe ag reachtaíocht slándála sóisialta ceann de na Ballstáit sin. Foráiltear leis an leasú gur faoi réir reachtaíocht slándála sóisialta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra nó lárionad leasa a ghníomhaíochta lonnaithe, agus faoina réir sin amháin a bheidh a leithéid de dhuine.

11.Leasaítear Airteagal 15(2) chun foráil a dhéanamh maidir le Doiciméad Iniompartha A1 a eisiúint d’fhoireann eitilte agus d’fhoireann cábáin dá dtagraítear in Airteagal 11(5) den bhun Rialachán.

12.Leasaítear Airteagal 16 chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta lena gcinntear an reachtaíocht is infheidhme i gcás fostaíocht in dhá Bhallstát nó níos mó. Foráiltear le mír 1 agus le mír 5 gur féidir le fostóir an nós imeachta a chur i ngníomh thar ceann a fhostaithe agus go gcuirfear in iúl don fhostóir cén reachtaíocht slándála sóisialta a Cinneadh a mbeadh feidhme aici. Foráiltear le leasuithe a rinneadh ar mhír 2 go gcuirfear an Cinneadh sin in iúl don institiúid ina bhfuil an fostóir lonnaithe freisin. Foráiltear leis an leasú a dhéantar ar mhír 3 go bhfuil an nós imeachta atá ann cheana, is é sin go mbíonn Cinneadh sealadach ann i dtosach a éiríonn ina chinneadh deifnídeach mura ndéanann aon institiúid lena mbaineann sin a chonspóid laistigh de dhá mhí, foráiltear leis nach mbeidh feidhm ag an nós imeachta sin ach maidir le cásanna ina gcinneann institiúid na háite cónaithe go bhfuil feidhm ag reachtaíocht Ballstáit eile.

13.Is é is aidhm d’Airteagal 19 foráil a dhéanamh go bhfuil oibleagáid ar institiúidí inniúla faisnéis a bhaineann le hábhar a fhíorú roimh Dhoiciméad Iniompartha A1 a eisiúint dóibh á chinneadh cén reachtaíocht is infheidhme maidir lena shealbhóir. Tá sin i gcomhréir le dlíeolaíocht na Cúirte Breithiúnais. 29 Foráiltear leis an Airteagal sin freisin go mbeidh institiúidí slándála sóisialta agus cigireachtaí saothair, agus údaráis cánach agus imirce i dteideal faisnéis a mhalartú go díreach maidir le stádas slándála sóisialta daoine lena mbaineann, chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí dlí i dtaca le fostaíocht, sláinte agus sábháilteacht, imirce agus cánachas. (Is é an Coimisiún Riaracháin a shonróidh mionsonraí malartuithe dá leithéidí.) Beidh sé de cheangal ar an údarás inniúil faisnéis shonrach leordhóthanach a thabhairt do dhaoine is ábhar do shonraí faoi na cuspóirí atá ag próiseáil sonraí pearsanta.

14.Leasaítear Caibidil 1 de Theideal III chun a chur i bhfeidhm a leathnú d’fhonn sochair chúraim fhadtéarmaigh a chumhdach.

15.Leasaítear Airteagail 23, 24(3), 28(1), 31 agus 32 chun a áirithiú go bhfuil feidhm acu maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh. Maidir le scéimeanna speisialta do státseirbhísigh, ní mór iad a liostú in Iarscríbhinn 2.

16.Scriostar an dara fomhír d’Airteagal 43(3) lena ndéantar foráil maidir le cásanna ina bhfuil luachanna éagsúla sannta sa reachtaíocht náisiúnta do thréimhsí árachais de chineál deonach nó roghnach agus ina bhfuil an institiúid inniúil gan a bheith in ann an méid atá dlite a chinneadh. Cinneadh sin a dhéanamh i bhfianaise athbhreithniú a rinne an Coimisiún Riaracháin inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuil gá a thuilleadh leis an riail sin.

17.Leasaítear Airteagal 55(4) chun an nós imeachta rialaithe dá dtagraítear sa tríú fomhír a neartú, trí na tuarascálacha míosúla a dhéanamh éigeantach.

18.Leasaítear Airteagal 55(7) chun foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha atá ann i láthair na huaire maidir le honnmhairiú sochar dífhostaíochta i gcás onnmhairiú ar bhonn an Airteagail 64a nua den Rialachán.

19.Ar bhonn 64a den bhunRialachán a chuirtear isteach an tAirteagal 55a nua d’fhonn deimhin a dhéanamh de go bhfaighidh institiúid inniúil Bhallstát an árachais roimhe gach faisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar an teidlíocht chun sochair dífhostaíochta atá ag an duine lena mbaineann.

20.Leasaítear Airteagal 56 chun athruithe a rinneadh ar Airteagal 65 den bhunRialachán a chur san áireamh.

21.Athainmnítear Caibidil I de Theideal IV d’fhonn a chur san áireamh go bhfuil feidhm ag an gCaibidil sin freisin maidir le haisíoc sochair chúraim fhadtéarmaigh ar bhonn caiteachas iarbhír nó méideanna socruithe.

22.Is é is aidhm don chéad fhleasc d’Airteagal 64(1) feabhas a chur ar an modh a úsáidtear chun an taisíoc a ríomh ar bhonn méideanna socruithe idir na Ballstáit, rud dá bhforáiltear in Airteagal 24(1), agus in Airteagail 25 agus 26 den bhunRialachán, trí bhíthin trí cinn d’aoisghrúpaí éagsúla a chur i bhfeidhm maidir le daoine atá 65 bliain d’aois nó os a chionn sin.

23.Leasaítear Airteagal 65(1) maidir le haisíoc sochair chomhchineáil ar bhonn méideanna socraithe chun a shoiléiriú go bhféadfaidh an Coimisiún Riaracháin, mura féidir le Ballstát fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla bliain ar leith laistigh den spriocdháta atá leagtha síos, go bhféadfaidh sé, arna iarraidh sin air, toiliú le húsáid a bhaint as meánchostais bhliantúla na bliana go díreach roimhe sin a foilsíodh san Iris Oifigiúil. Ní féidir an maolú sin a dheonú dhá bhliain as a chéile.

24.Scriostar Airteagal 70 chun na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 65 den bhunRialachán a chur san áireamh, leasuithe lena gcuirtear deireadh leis na rialacha maidir le haisíoc sochar dífhostaíochta d’iar-oibrithe trasteorann.

25.Leasaítear Airteagal 73(1) agus (2) agus cuirtear isteach mír 3 chun cur i bhfeidhm an nós imeachta frithchúitimh a leathnú d’fhonn socrú éileamh a chumhdach a thagann as athruithe aisghníomhacha ar an reachtaíocht is infheidhme. Ina cheann sin, cuirtear isteach mír 4 d’fhonn a áirithiú nach mbeidh teorainneacha ama arna leagan síos sa reachtaíocht náisiúnta ina mbac ar an nós imeachta frithchúitimh idir institiúidí. Ar an ábhar gur tugadh isteach tréimhse cúig bliana cheana le hAirteagal 82(1)(b) den Rialachán cur chun feidhme le haghaidh an nós imeachta um ghnóthú, cuirtear isteach mír 5 chun foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag tréimhse teorann cúig bliana maidir leis an nós imeachta frithchúitimh faoi Airteagal 73, ag comhaireamh siar ón dáta a tionscnaíodh an nós imeachta um réiteach díospóidí idir na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagail 5(2) nó 6(3) den Rialachán cur chun feidhme lena mbaineann.

26.Leasaítear Airteagail 75 go 82 agus 84 agus cuirtear isteach Airteagal 85a chun nuashonrú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um ghnóthú atá i gCaibidil III de Theideal V den rialachán cur chun feidhme. Na nósanna imeachta atá ann cheana, tá siad bunaithe orthu sin a leagtar amach i dTreoir 2008/55/CE, rud ar cuireadh Treoir 2010/24/AE ina hionad ó shin. Go háirithe, leis na leasuithe a rinneadh déantar foráil maidir le hionstraim aonfhoirmeach a úsáid le haghaidh bearta um fhorghníomhú agus maidir le nósanna imeachta um chúnamh frithpháirteach a iarraidh agus um fhógra a thabhairt faoi chinntí a bhaineann le héileamh.

27.Leasaítear Airteagal 75 chun bunús dlí a thabhairt do na Ballstáit an fhaisnéis arna malartú a úsáid, sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus chomh maith leis sin chun cánacha agus dleachta atá cumhdaithe ag Treoir 2010/24/AE a fhorghníomhú. Ina cheann sin, tugtar isteach bunús dlí d’údaráis faisnéis a mhalartú, gan iarraidh a dhéanamh roimh ré, i gcás aisíoc ranníocaíochtaí slándála sóisialta.

28.Leasaítear Airteagal 76 chun teorainn a chur an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit diúltú faisnéis a sholáthar i gcásanna ina mbeadh an fhaisnéis úsáideach ó thaobh éileamh a ghnóthú.

29.Leasaítear Airteagal 77 chun foirm fógra chaighdeánach a thabhairt isteach. Soiléirítear leis an leasú sin freisin gur cheart iarraidh ar fhógra a dhéanamh i gcás nach bhfuil Ballstáit an pháirtí iarrthaigh é féin in ann fógra a thabhairt de dhroim a rialacha, nó i gcás go dtiocfadh deachrachtaí díréireacha as an Stát sin fógra a thabhairt.

30.Leasaítear Airteagal 78 chun eisceachtaí a thabhairt isteach ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt i nós imeachta um ghnóthú i gcásanna inar léir nach bhfuil aon súil le gnóthú iomlán nó i gcás ina dtiocfadh deacrachtaí díréireacha as an nós imeachta.

31.Leasaítear Airteagal 79 chun ionstraim aonfhoirmeach um ghnóthú a fhorghníomhú a thabhairt isteach, gnóthú is inaitheanta go díreach i mBallstát eile. Bhí ionadaithe na mBallstát sa Choimisiún Riaracháin go mór ar son ionstraim aonfhoirmeach le haghaidh forghníomhú a thabhairt isteach 30 .

32.Leasaítear Airteagal 80 chun na cúinsí a shoiléiriú ina bhféadfaidh an páirtí iarrthach costais arna dtabhú a bhaint as an éileamh arna athghnóthú.

33.Le hAirteagal 81 athraítear na forálacha maidir le conspóid chun na leasuithe a rinneadh maidir le fógra a thabhairt agus an ionstraim aonfhoirmeach le haghaidh forghníomhú a chur san áireamh.

34.Leasaítear Airteagal 82 chun soiléiriú a dhéanamh ar na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le cúnamh i leith éileamh is sine ná cúig bliana.

35.Leasaítear Airteagal 84 chun soiléiriú a dhéanamh ar an cásanna ina bhféadfaidh Ballstát cúnamh a iarraidh bearta réamhchúraim a dhéanamh. Ina cheann sin, foráiltear leis an Airteagal sin nach féidir doiciméad a tarraingíodh suas le bearta réamhchúraim a cheadú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, nach féidir é a bheith faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an doiciméad sin a aithint, a fhorlíonadh nó a athsholáthar.

36.Leasaítear Airteagal 85 chun foráil a thabhairt isteach lena soiléirítear an oibleagáid atá ar an bpáirtí iarrthach costais a aisíoc a bhaineann le gnóthú agus a thabhaigh an páirtí iarrtha, i gcásanna nach féidir na costais sin a ghnóthú ón bhféichiúnaí ná iad asbhaint ón éileamh.

37.Tugtar isteach Airteagal 85a chun cead a thabhairt d’oifigigh an pháirtí iarrthaigh páirt a ghlacadh sa nós imeachta um ghnóthú laistigh de Bhallstát eile, i gcás ina socraíonn na páirtithe sin agus go bhfuil sin i gcomhréir le socruithe an pháirtí iarrtha.

38.Leasaítear Airteagal 87(6) chun teorainn a chur leis an eisceacht ar an bprionsabal a leagtar síos san Airteagal sin go bhfuil comhar riaracháin frithpháirteach saor in aisce, agus déantar sin trí dheireadh a chur leis an oibleagáid speansais ar scrúduithe leighis agus ar sheiceálacha riaracháin arna ndéanamh ag institiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe i gcásanna ina núsáideann an institiúid sin na cinntí chun oibleagáidí faoina reachtaíocht féin a chomhlíonadh.

39.Scriostar Airteagal 89(3) ar an ábhar go bhfuil an fhoráil a bhí inti ionchorpraithe anois in Airteagal 75a den bhunRialachán.

40.Scriostar Airteagal 92 de thoradh na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 88 den bhunRialachán.

41.Leasaítear Airteagal 93 agus cuirtear isteach Airteagal 94a chun tagairt a dhéanamh do na socruithe idirthréimhseacha atá in Airteagal 87b den bhunRialachán agus do na socruithe speisialta idirthréimhseacha maidir le comhordú sochar dífhostaíocht d’iar-oibrithe trasteorann.

42.Leasaítear Airteagal 96 chun foráil a dhéanamh go bhféadfaidh institiúidí inniúla, chun comhshó airgeadra a dhéanamh faoi Airteagal 107 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 ón gComhairle an 21 Márta 1972 lena socraítear an nós imeachta chun Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 a chur chun feidhme i ndáil le scéimeanna slándála sóisialta a chur i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe agus lena dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh sa Chomhphobal 31 , go bhféadfaidh siad tagairt a dhéanamh do na rátaí comhshó airgeadra a fhoilsítear de bhun Airteagal 90 den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 3

Leis an Airteagal seo sonraítear teacht i bhfeidhm na bhforálacha nua.

Iarscríbhinn

1.Tá san Iarscríbhinn leasuithe ar na hIarscríbhinní atá ag gabháil i láthair na huaire leis an mbunRialachán. Is gá na hIarscríbhinní sin a nuashonrú go tráthrialta go háirithe ar an ábhar go mbítear ag déanamh athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta.

2.Maidir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an mbunRialachán agus a bhaineann leis na heisceachtaí ar chomhordú sochar teaghlaigh, leasaítear í chun athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh a bhaineann le réamhíoc íocaíochtaí cothabhála i gcás na Slóvaice agus na Sualainne agus le liúntais speisialta breithe clainne agus uchtaithe i gcás na hUngáire, na Rómáine agus na Sualainne.

3.Maidir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an mbunRialachán agus a bhaineann le coinbhinsiúin dhéthaobhacha, leasaítear í chun an tagairt do ‘AN SPÁINNAN PHORTAINGÉIL’, atá dulta in éag, a scriosadh.

4.Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an mbunRialachán i gcomhréir le hAirteagal 87(10a): scriostar na hiontrálacha maidir leis an Eastóin, an Spáinn, an Iodáil, an Liotuáin, an Ungáir agus an Ísiltír ar an ábhar go ndeachaigh siad in éag an 1 Bealtaine 2014. Ina theannta sin, baintear an Chróit, an Fhionlainn agus an tSualainn d’Iarscríbhinn III, arna iarraidh sin dóibh féin.

5.In Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbunRialachán tá liosta de na Ballstáit a dheonaíonn níos mó ceart do phinsinéirí a fhilleann ar an stát inniúil. Cuirtear leis an liosta sin an Eastóin, an Liotuáin, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an Ríocht Aontaithe, Ballstáit ar mian leo teidlíocht iomlán ar shochair bhreoiteachta comhchineáil a thabhairt do phinsinéir a fhilleann ar a gcríoch.

6.Maidir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis an mbunRialachán, ina bhfuil liosta de na sochair airgid speisialta neamhranníocacha, leasaítear é chun athruithe ar an reachtaíocht naisiúnta a chur san áireamh.

Scriostar roinnt iontrálacha ar an ábhar nach ann a thuilleadh do na sochair a liostaítear (liúntas sóisialta Phoblacht na Seice, liúntas na hEastóine do dhaoine fásta faoi mhíchumas, liúntas iompair na hUngáire, agus liúntas pinsin stáit agus cothabhála na Slóivéine) nó ar an ábhar gur athshainíodh an sochar agus go ndearnadh cuid den reachtaíocht náisiúnta maidir le cúnamh sóisialta de (tacaíocht ioncaim na Slóivéine do phinsinéirí).

Sochair nua a tugadh isteach agus a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 70(2) den bhunRialachán ní mór iad a chur leis an liosta (sochar sochraide na hEastóine, liúntas sóisialta na Rómáine do phinsinéirí agus an chuid sin d’íocaíocht neamhspleáchais phearsanta na Ríochta Aontaithe a bhaineann le soghluaisteacht).

Is gá dhá cheann de na hiontrálacha atá ann i láthair na huaire, maidir leis an nGearmáin agus an tSulainn, a nuashonrú ar an ábhar gur leasaíodh an reachtaíocht náisiúnta.

7.Is gá nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an mbunRialachán, ina bhfuil forálacha speisialta maidir le cur i bhfeidhm reachtaíocht na mBallstát.

Is é is aidhm don leasú ar iontráil na Gearmáine deimhin a dhéanamh de gurb iad na rialacha cánacha is fabhraí a mbeidh feidhm acu maidir le daoine dá ndeonaítear sochar saoire do thuismitheoirí.

Leis an leasú ar iontráil na hEastóine tugtar isteach modh chun sochar easláine pro rata a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den bhunRialachán, agus sonraítear go gcuirfear san áireamh tréimhsí cónaithe san Eastóin ó aois 16 bliana go dtí tús na heasláine.

Leis an leasú ar iontráil na hÍsiltíre foráiltear go bhfuil daoine a fhaigheann ‘pinsean coibhéiseach’ i gcomhréir le hAirteagal XI(1)(f), agus baill dá dteaghlaigh, i dteideal, ar bhonn pinsean coibhéiseach agus ina dhiaidh sin ar bhonn an phinsin seanaoise reachtaigh, sochair bhreoiteachta comhchineáil a fháil sa Bhallstát cónaithe ar chostas na hÍsiltíre.

Cuirtear isteach dhá iontráil nua, maidir le Poblacht na Seice agus an tSlóvaic, a bhaineann le cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir leis an tSlándáil Shóisialta dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 1992 a tugadh i gcrích i ndiaidh dhíscaoileadh Phoblacht Chónaidhmeach na Seice agus na Slóvaice (liostaithe cheana féin in Iarscríbhinn II). Is é is aidhm don athrú sin saintréithe cuid fordheontas pinsin an dá thír sin, a bhaineann le cúinsí staire speisialta, a chur san áireamh.

Ba cheart an chéad dá mhír d’iontráil na Sualainne a bhaint i ngeall ar rialú na Cúirte Breithiúnais i gCás C-257/10, Bergström, EU:C:2011:839.

Leasaítear míreanna 1, 2 agus 4 d’iontáil na Ríochta Aontaithe chun athruithe ar an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh.

8.Cuirtear Iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn XII, leis an mbunRialachán, ina mbeidh liosta de na sochair chúraim fhadtéarmaigh a chomhordaítear faoi Chaibidil 1a, dá dtagraítear in Airteagal 35a(3).

9.Cuirtear Iarscríbhinn nua, Iarscríbhinn XIII, leis an mbunRialachán ina mbeidh liosta de na sochair teaghlaigh atá ceaptha ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, dá dtagraítear in Airteagal 68b.

2016/0397 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 32 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tháinig córas nuachóirithe do chomhordú na slándála sóisialta i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010 de thoradh Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

(2)Nuashonraíodh na Rialacháin sin le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 chun forálacha áirithe de na Rialacháin a chomhlánú, a shoiléiriú agus a nuashonrú, go speisialta maidir leis an reachtaíocht is infheidhme agus na sochair dhífhostaíochta a chinneadh, agus chun oiriúnuithe teicniúla a dhéanamh ar na tagairtí do reachtaíocht náisiúnta sna hIarscríbhinní.

(3)Tá sé tagtha chun cinn de thoradh meastóireachtaí agus plé laistigh den Choimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta gur cheart leanúint de phróiseas an nuachóirithe i réimsí na sochar cúraim fhadtéarmaigh, na sochar dífhostaíochta agus na sochar teaghlaigh.

(4)Tá sé fós sár-riachtanach go gcoinneodh na rialacha comhordúcháin bord ar bhord leis na hathruithe atá ag teacht ar an gcomhthéacs dlíthiúil agus sochaíoch ina gcuirtear i bhfeidhm iad trí fheidhmiú chearta na saoránach a éascú a thuilleadh agus an tsoiléireacht dlí, dáileadh cóir cothromasach den ualach airgeadais idir institiúidí na mBallstát lena mbaineann, an tsimplíocht riaracháin agus infhorghníomhaitheacht na rialacha a áirithiú.

(5)Is gá an deimhneacht dhlíthiúil a ráthú trína shoiléiriú gur féidir an rochtain ar shochair slándála sóisialta sa Bhallstát óstach atá ag saoránaigh shoghluaiste atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, gur féidir coinníoll a chur ar an rochtain sin nach mór ceart dlíthiúil cónaithe a bheith ag an saoránach sa Bhallstát sin i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát 33 . Chun na críocha sin, ba cheart idirdhealú follas a dhéanamh idir an saoránach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus an duine atá ag cuardach fostaíochta dá dtugtar ceart cónaí go díreach faoi Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(6)Go dtí seo, níor cuimsíodh go sainráite sochair chúraim fhadtéarmaigh faoi raon feidhme ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, seachas sin bhí siad comhordaithe mar shochair bhreoiteachta, rud a d'fhág go raibh éiginnteacht dhlíthiúil ann d'institiúidí agus do dhaoine a bhí ag éileamh sochair chúraim fhadtéarmaigh. Is gá creat dlí cobhsaí a fhorbairt a bheidh oiriúnach do na sochair chúraim fhadtréimhsigh laistigh den Rialachán chun sainiú follasach de na sochair sin a thabhairt isteach.

(7)Chun soiléireacht a áirithiú maidir leis an téarmaíocht i ndlí an Aontais Eorpaigh, níor cheart an téarma "postú" a úsáid ach amháin maidir le postú oibrithe laistigh de bhrí Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar 34 . Ina theannta sin, chun comhsheasmhacht a bhaint amach maidir leis an gcaoi a gcaitear le daoine fostaithe agus daoine féinfhostaithe is gá feidhm chomhsheasmhach maidir le daoine fostaithe agus daoine féinfhostaithe araon a bheith ag na rialacha speisialta maidir le Cinneadh na reachtaíochta is infheidhme i gcásanna oibrithe arna bpostáil go sealadach nó arna seoladh chuig Ballstát eile.

(8)I réimse na sochar dífhostaíochta, ba cheart do na Ballstáit uile na rialacha maidir le comhshuimiú tréimhsí árachais a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Diomaite d'oibrithe trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 65(2), ba cheart na rialacha maidir le comhshuimiú tréimhsí chun teidlíocht sochar dífhostaíochta a thabhairt, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll gur sa Bhallstát sin is déanaí atá ar a laghad trí mhí árachais curtha isteach ag an duine árachaithe. An Ballstát b'inniúil roimhe sin, ba cheart é a bheith inniúil i gcás na ndaoine árachaithe uile nach gcomhlíonfadh an coinníoll sin. Sa chás sin, ba cheart an éifeacht chéanna a bheith ag an gclárú le seirbhísí fostaíochta i mBallstát an árachais is déanaí agus a bheadh ag an gclárú le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit, áit a raibh an duine dífhostaithe árachaithe roimhe sin.

(9)As deireadh na moltaí a rinneadh sa Tuarascáil ar Shaorántacht AE 2013 35 , is gá an íostréimhse onnmhairithe do shochair dhífhostaíochta a shíneadh ó thrí mhí go sé mhí chun feabhas a chur ar dheiseanna daoine dífhostaithe atá ag bogadh go Ballstát eile chun obair a lorg agus chun feabhas a chur ar a seansanna dul ar ais isteach sa mhargadh saothair agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna thar theorainneacha.

(10)Is gá breis cothromaíochta a áirithiú maidir leis an gcaoi a gcaitear le hoibrithe teorann agus le hoibrithe trasteorann trína áirithiú go bhfaighidh na hoibrithe teorann sochair dhífhostaíochta ó Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí ar choinníoll gur oibrigh siad sa Bhallstát sin ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad.

(11)Na sochair theaghlaigh arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, tá siad ceaptha chun riar ar riachtanais dhílse phearsanta an tuismitheora faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit inniúil agus dá bhrí is féidir iad a dhealú ó shochair theaghlaigh eile ós é is aidhm leo an tuismitheoir a chúiteamh as cailleadh ioncaim nó tuarastail i rith an ama a chaitear ag tógáil linbh seachas go díreach speansas ginearálta an teaghlaigh a chlúdach.

(12)Chun gur féidir an Rialachán seo a thabhairt bord ar bhord, in am tráth, leis na forbairtí a bheidh tagtha chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 36 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)D'fhonn tacú le hiarrachtaí na mBallstát troid in aghaidh na calaoise agus na hearráide agus na rialacha comhordúcháin á gcur i bhfeidhm, is gá bunús dlí ceadaitheach breise a bhunú chun próiseáil sonraí pearsanta a éascú i gcás na ndaoine a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 maidir leo. Chuirfeadh sé sin ar a chumas don Bhallstát comparáid a dhéanamh go tréimhsiúil idir na sonraí atá i seilbh a institiúidí inniúla agus na sonraí atá i seilbh Ballstáit eile chun earráidí nó neamhréir a shainaithint a mbeadh tuilleadh iniúchadh de dhíth ina leith.

(14)Chun cearta daoine is ábhar do shonraí a chosaint agus, ag an am céanna, freastal ar an leas dlisteanach atá ag na Ballstáit comhoibriú le chéile maidir le forghníomhú oibleagáidí dlíthiúla, is gá na cúinsí a shonrú go soiléir inar féidir úsáid a bhaint as an malartú sonraí pearsanta de bhun na Rialachán seo chun críocha nach críocha slándála sóisialta iad agus is gá soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faisnéis shonrach agus leordhóthanach a thabhairt do na hábhair sonraí.

(15)D'fhonn dlús a chur leis an nós imeachta lena ndéantar doiciméid (go háirithe maidir leis an reachtaíocht slándála sóisialta is infheidhme maidir leis an sealbhóir) a fhíorú agus a tharraingt siar i gcás calaoise agus earráide, is gá an comhoibriú agus an malartú faisnéise a neartú idir an institiúid eisiúna agus an institiúid atá ag iarraidh na tarraingthe siar. I gcás ina bhfuil amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chirte na fianaise tacaíochta nó i gcás nach bhfuil an bharúil chéanna ag Ballstáit maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh, is chun leas na mBallstát agus an ndaoine lena mbaineann é go dtiocfadh na hinstitiúidí lena mbaineann ar chomhaontú laistigh de thréimhse réasúnta ama.

(16)Chun feidhmiú éifeachtach éifeachtúil na rialacha comhordúcháin a áirithiú is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir leis an gCinneadh cén reachtaíocht is infheidhme maidir le fostaithe a ghabhann dá ngníomhaíocht eacnamaíoch in dhá Bhallstát nó níos mó chun breis cothromaíochta a sholáthar i ndáil leis na dálaí a bhfuil feidhm acu maidir le daoine arna bpostú nó arna seoladh chun gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch i mBallstát aonair. Thairis sin, na rialacha faoi phostú lena bhforáiltear maidir le leanúint den reachtaíocht is infheidhme, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir le daoine a raibh baint acu roimhe sin le córas slándála sóisialta an Bhallstáit tionscnaimh.

(17)Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún Eorpach chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh 883/2004. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún 37 .

(18)Más rud é nach féidir le Ballstát fógra a thabhairt faoin sprioc-am maidir leis an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain tagartha áirithe, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an Ballstát éilimh don bhliain sin a chur isteach bunaithe ar na meánchostais bhliantúla don bhliain díreach roimhe sin a foilsíodh san Iris Oifigiúil. An taisíoc a dhéanfar, ar bhonn méideanna socruithe, ar an gcaiteachas ar shochair chomhchineáil, ba cheart é a bheith chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír; dá bhrí sin, aon mhaolú ón oibleagáid fógra a thabhairt, ba cheart é a bheith faoi réir fhaomhadh an Choimisiúin Riaracháin agus níor cheart é a dheonú dhá bhliain as a chéile. 

(19)Ag cur san áireamh dhlíeolaíocht na Cúirte Breithiúnais sna cásanna C-345/09 van Delft agus Eile, EU:C:2010:610 agus C-543/13 EU:C:2015:359 Fischer-Lintjens is gá athruithe siarghabhálacha ar an reachtaíocht is infheidhme a éascú. Dá bhrí sin, an nós imeachta frithchúitimh a mbíonn feidhm aige nuair a chuirtear reachtaíocht Ballstáit i bhfeidhm go sealadach i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, ba cheart é a leathnú freisin chun cásanna eile a chuimsiú a eascraíonn ó athrú aisghníomhach ar an reachtaíocht is infheidhme. Ina theannta sin, sa chomhthéacs sin, is gá an fheidhm a bhaint de na forálacha teorannaithe sa dlí náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir le chéile chun a áirithiú nach gcuirfear bac ar shocrú aisghníomhach idir na hinstitiúidí de dheasca teorainneacha ama sa reachtaíocht náisiúnta nach bhfuil comhoiriúnach agus ag an am céanna tréimhse teorannaithe aonfhoirmeach cúig bliana a leagan síos ag comhaireamh siar ón uair a cuireadh tús leis an nós imeachta idirphlé dá dtagraítear faoi Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(3) den Rialachán seo chun a áirithiú nach ndéanfar an nós imeachta sin lena réitítear díospóidí dá sórt a chur ó rath.

(20)Is bealach é an gnóthú éifeachtach le calaois agus míúsáid a chosc agus le dul i ngleic leo, agus le feidhmiú rianúil scéimeanna slándála sóisialta a áirithiú. Na nósanna imeachta um ghnóthú atá i gCaibidil III de Theideal IV de Rialachán Uimh. 987/2009, tá siad bunaithe ar na nósanna imeachta agus ar na rialacha a cuireadh ar bun i dTreoir 2008/55/CE an 26 Bealtaine 2008 maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le tobhaigh, dleachtanna agus cánacha áirithe agus le bearta eile 38 . In ionad na Treorach sin cuireadh Treoir 2010/24/AE maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile 39 , lenar tugadh isteach ionstraim aonfhoirmeach le húsáid le haghaidh bearta forghníomhaithe chomh maith le foirm chaighdeánach chun fógra a thabhairt maidir le hionstraimí agus bearta a bhaineann le héilimh. San athbhreithniú a rinne an Coimisiún Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 86(3) de Rialachán Uimh. 987/2009 mheas formhór na mBallstát gur bhuntáiste é ionstraim aonfhoirmeach le haghaidh forghníomhú a úsáid cosúil leis an ionstraim dá bhforáiltear i dTreoir 2010/24/AE. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach agus éilimh slándála sóisialta á ngnóthú, is gá go mbeidís de réir na mbeart nua atá i dTreoir 2010/24/AE chun a áirithiú gurbh éifeachtaí an gnóthú agus gur rianúil feidhmiú na rialacha comhordúcháin.

(21)Chun athruithe ar an dlí i mBallstáit áirithe a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú do na geallsealbhóirí, is gá na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a oiriúnú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 mar a leanas:

1.Cuirtear an dara habairt isteach in Aithris 2 mar a leanas:

"In Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ráthaítear do gach saoránach den Aontas an ceart chun gluaiseacht faoi shaoirse faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme."

2.In Aithris 5, i ndiaidh "an reachtaíocht náisiúnta éagsúil do na daoine lena mbaineann" cuirtear isteach an fhoclaíocht seo a leanas:

40 ", faoi réir na gcoinníollacha maidir leis an rochtain ar shochair slándála sóisialta áirithe sa Bhallstát óstach atá ag saoránaigh shoghluaiste den Aontas Eorpach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát."

3.I ndiaidh Aithris 5, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

"5(a) Tá sé dearbhaithe ag an gCúirt Bhreithiúnais go bhfuil na Ballstáit i dteideal an coinníoll a chur ar rochtain na saoránach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch ar shochair slándála sóisialta sa Bhallstát óstach, nach cúnamh sóisialta iad laistigh de bhrí Threoir 2004/38/CE, go bhfuil siad faoi réir ceart dlíthiúil cónaithe laistigh de bhrí na Treorach sin. Ba cheart an fíorú ar an gceart dlíthiúil cónaí a dhéanamh i gcomhréir le ceanglas Threoir 2004/38/CE. Chun na críocha sin, ba cheart idirdhealú follas a dhéanamh idir an saoránach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus an duine atá ag cuardach fostaíochta dá dtugtar ceart cónaí go díreach faoi Airteagal 45 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chun an tsoiléireacht dlí a fheabhsú do shaoránaigh agus d'institiúidí, is gá códú a dhéanamh ar an gcásdlí seo.

(5b) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirfear cosc ar shaoránaigh shoghluaiste den Aontas Eorpach atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, nach gcuirfear cosc orthu an coinníoll a chomhlíonadh nach mór cumhdach cuimsitheach árachais bhreoiteachta sa Bhallstát óstach a bheith acu, mar a leagtar síos i dTreoir 2004/38/CE. Féadfaidh sé a bheith i gceist leis sin ceadú do na saoránaigh sin ranníocaíocht chomhréireach a dhéanamh le scéim cumhdaigh bhreoiteachta sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí orthu.

(5c) D'ainneoin na dteorainneacha ar an gceart chun cóir chomhionann i gcás daoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, ar teorainneacha iad a eascraíonn ó Threoir 2004/38/CE nó ó dhlí eile de chuid an Aontais, níor cheart d'aon rud sa Rialachán seo srian a chur ar na cearta bunúsacha a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun dínit an duine (Airteagal 1), an ceart chun beatha (Airteagal 2) agus an ceart chun cúraim sláinte (Airteagal 35)."

4.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Aithris 18b:

41 "In Iarscríbhinn III, Fochuid FTL a ghabhann le Rialachán (AE) 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2016/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 83/2014/AE ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2016/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déantar an coincheap 'bunáit' do bhaill den fhoireann eitilte agus den fhoireann cábáin a shainmhíniú mar an áit, arna sannadh ag an oibreoir don bhall foirne, ar gnách don bhall foirne tréimhse dualgais nó sraith de thréimhsí dualgais a thosú agus a chríochnú ann agus nach freagrach, sna gnáthchúinsí, an toibreoir as cóiríocht an bhaill foirne lena mbaineann ann."

5.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 24:

"(24) Is gá na sochair chúraim fhadtéarmaigh do dhaoine árachaithe agus do bhaill dá dteaghlaigh a bheith comhordaithe de réir rialacha sonracha a leanann, i bprionsabal, na rialacha is infheidhme maidir le sochair bhreoiteachta, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Is gá freisin forálacha sonracha a chur ar fáil i gcás forluí sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil agus in airgead tirim." Is gá freisin forálacha sonracha a chur ar fáil i gcás forluí sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil agus in airgead tirim."

6.I ndiaidh Aithris 35, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

"(35a) Sochair theaghlaigh in airgead tirim arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh, cearta dílse a bhaineann leis an tuismitheoir féin faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit inniúil is ea iad. I bhfianaise chineál sonrach na sochar sin, ba cheart iad a liostú i gCuid I d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo agus ba cheart iad a bheith forchoimeádta go heisiach don tuismitheoir lena mbaineann agus don tuismitheoir sin amháin. Féadfaidh an Ballstát a bhfuil inniúlacht thánaisteach aige a roghnú, i gcás fhorluí na gceart le haghaidh sochair theaghlaigh faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil agus faoi reachtaíocht Bhallstát cónaithe na mball teaghlaigh, nach mbeidh feidhm ag na rialacha tosaíochta maidir leis na sochair sin. I gcás ina roghnóidh Ballstát an fheidhm a bhaint de na rialacha tosaíochta ní mór dó é sin a dhéanamh go comhsheasmhach maidir leis na daoine uile a bhfuil teidlíocht acu agus ar den chineál céanna a gcás agus é a liostú i gCuid II d'Iarscríbhinn XIII."

7.I ndiaidh Aithris 39, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

42 "(39a) An acquis ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 679/2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), beidh feidhm aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo."

8.I ndiaidh Aithris 45, cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach:

43 "(46) Chun gur féidir an Rialachán seo a thabhairt bord a bhord, in am tráth, leis na forbairtí a bheidh tagtha chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus le Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47) Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint sonraí pearsanta (Airteagal 8), an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart obair a dhéanamh (Airteagal 15), an ceart chun maoine (Airteagal 17), an ceart chun neamhidirdhealaithe (21), cearta an linbh (Airteagal 24), cearta daoine scothaosta (Airteagal 25), lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas (Airteagal 26), an ceart chun saol an teaghlaigh agus an tsaoil ghairmiúil (Airteagal 33); an ceart chun slándála sóisialta agus cúnaimh shóisialta (Airteagal 34), an ceart chun cúraim sláinte (Airteagal 35) agus an ceart chun saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe (Airteagal 45); agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(48) Ní chuirfidh aon rud sa Rialachán seo teorainn leis na cearta neamhspleácha ná leis na hoibleagáidí neamhspleácha a dtugtar aitheantas dóibh sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine go háirithe an ceart chun beatha (Airteagal 2), an ceart chun cosanta ar íde atá mídhaonna nó táireach (Airteagal 3), an ceart chun maoine (Airteagal 1 den chéad Phrótacal breise) agus an ceart chun neamhidirdhealaithe (Airteagal 14) agus ní mór an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí sin."

9.Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)I bPointe (c) cuirtear an téarma “Teideal III, Caibidlí 1, 1a agus 3” in ionad an téarma "Teideal III, Caibidlí 1 agus 3”.

(b)I bPointe (i)(1)(ii) i ndiaidh an téarma "Teideal III, Caibidil 1 maidir le sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta " cuirtear isteach an téarma "agus Caibidil 1a maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh".

(c)I bPointe (va)(i) i ndiaidh an téarma "Teideal III, Caibidil 1 maidir le sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais agus sochair choibhéiseacha atharthachta " cuirtear isteach an téarma "agus Caibidil 1a maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh".

(d)Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (va):

"(vb) ciallaíonn "sochar cúraim fhadtéarmaigh" aon sochar comhchineáil nó in airgead tirim nó meascán den dá rud sin le haghaidh daoine óna dteastaíonn, thar thréimhse fhada, de thoradh seanaoise, míchumais, breoiteachta nó lagú, cúnamh nach beag ó dhuine nó ó dhaoine eile chun gníomhaíochtaí laethúla bunriachtanacha a dhéanamh, lena náirítear chun tacú lena neamhspleáchas pearsanta; áirítear ar sin sochair a dheonaítear don duine nó le haghaidh an duine a sholáthraíonn an cúnamh sin;"

10.In Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe (b):

“(ba) sochair chúraim fhadtéarmaigh;”

11.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004:

"Airteagal 4

Cóir Chomhionann

1. Mura bhforáiltear maidir lena mhalairt faoin Rialachán seo, na daoine a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo beidh acu na sochair chéanna agus beidh orthu na hoibleagáidí céanna faoi reachtaíocht aon Bhallstáit le náisiúnaigh an Bhallstáit sin.

44 2. Féadfaidh Ballstát a leagan síos maidir le duine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch agus a bhfuil cónaí air sa Bhallstát sin, go mbeidh a rochtain ar shochair slándála sóisialta an Bhallstáit sin faoi réir an choinníll ceart dlíthiúil cónaithe a bheith aige mar a leagtar amach i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag daoine dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí a dhéanamh faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát."

12.Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)I mír 2 cuirtear an téarma "sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim" in ionad an téarma "sochair bhreoiteachta in airgead tirim lena gcumhdaítear cóireáil ar feadh tréimhse neamhtheoranta".

(b)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

45 "5. Maidir le gníomhaíocht mar bhall den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a dhéanann seirbhísí d'aerphaisinéirí nó seirbhísí aerlasta, measfar gur gníomhaíocht í a ngabhtar di go heisiach sa Bhallstát ina mbeidh an bhunáit lonnaithe, mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2016/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú ag Rialachán (AE) Uimh. 83/2014/AE ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2014."

13.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

Airteagal 12

Rialacha Speisialta

46 1. Duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát ar son fostóir a dhéanann a chuid gníomhaíochtaí sa Bhallstát sin de ghnáth agus a ndéanfaidh an fostóir sin é a phostú laistigh de bhrí Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar nó a sheoladh chuig Ballstát eile chun obair a dhéanamh ar son an fhostóra sin leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir reachtaíocht an chéad Bhallstáit, ar choinníoll nach mó ná 24 mhí an fad a mheastar a mhairfidh an obair sin agus nach bhfuil an duine á phostú nó á sheoladh in ionad duine fostaithe nó féinfhostaithe eile a postaíodh nó a seoladh roimhe sin laistigh de bhrí an Airteagail seo.

2. Duine a ghabhann de ghnáth do ghníomhaíocht mar dhuine féinfhostaithe i mBallstát agus a rachaidh go Ballstát eile chun gníomhaíocht chomhchosúil a dhéanamh leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir reachtaíocht an chéad Bhallstáit, ar choinníoll nach mó ná 24 mhí an fad a mheastar a mhairfidh an obair sin agus nach bhfuil an duine á chur in ionad duine fostaithe nó féinfhostaithe eile ar phostú.".

14.In Airteagal 13, cuirtear mír 4a isteach mar a leanas i ndiaidh mhír 4:

“4a. Duine a fhaigheann sochair dhífhostaíochta in airgead tirim ó Bhallstát amháin agus a ghabhann, ag an am céanna, do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe i mBallstát eile beidh an duine sin faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit a íocann na sochair dhífhostaíochta.".

15.In Airteagal 32, cuirtear mír 3 isteach mar a leanas:

"3. I gcás ina mbeidh ceart díorthach ar shochair ag ball den teaghlach de réir reachtaíocht Ballstáit amháin nó níos mó, beidh feidhm ag na rialacha tosaíochta seo a leanas:

(c)i gcás cearta atá ar fáil ar bhonn éagsúil, is mar a leanas a bheidh an tord tosaíochta:

(i) cearta atá ar fáil ar bhonn gníomhaíocht de chuid an duine árachaithe mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe;

(ii) cearta atá ar fáil ar bhonn pinsean a bheith á fháil ag an duine árachaithe;

(iii) cearta atá ar fáil ar bhonn áit chónaithe an duine árachaithe;

(d)i gcás cearta díorthacha atá ar fáil ar an mbonn céanna, socrófar an tord tosaíochta trí thagairt a dhéanamh d'áit chónaithe an bhaill teaghlaigh mar chritéar tánaisteach;

(e)i gcásanna nach féidir an tord tosaíochta a shocrú ar bhonn na gcritéar thuas, mar chritéar deiridh, is í an tréimhse árachais is faide de chuid an duine árachaithe faoi scéim phinsin náisiúnta a bheidh infheidhme.".

16.Scriostar Airteagal 34.

17.I ndiaidh Airteagal 35, cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas:

"CAIBIDIL 1a

Sochair chúraim fhadtéarmaigh

Airteagal 35a

Forálacha ginearálta

1. Gan dochar d'fhorálacha sonracha na Caibidle seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17 go hAirteagal 32 maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh.

2. Tarraingeoidh an Coimisiún Riaracháin suas liosta mionsonraithe de shochair chúraim fhadtéarmaigh a chomhlíonann na critéir atá in Airteagal 1 (vb) den Rialachán seo, ina sonrófar cé acu is sochair chomhchineáil iad agus cé acu is sochair in airgead tirim iad.

3. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim a dheonú i gcomhréir leis na Caibidlí eile de Theideal III, má tá an sochar agus na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an sochar liostaithe in Iarscríbhinn XII agus ar chuntar go mbeidh toradh an chomhordaithe sin ar a laghad chomh fabhrach céanna do na tairbhithe agus a bheadh dá mbeadh an sochar á chomhordú faoin gCaibidil seo.

Airteagal 35b

Forluí sochar cúraim fhadtéarmaigh

1. Maidir leis an duine a fhaigheann sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, má fhaigheann an duine sin, ag an am céanna agus faoin gCaibidil seo, sochair chúraim fhadtéarmaigh chomhchineáil ó institiúid na háite cónaithe nó fanachta i mBallstát eile, agus go bhfuil ar institiúid sa chéad Bhallstát freisin costas na sochar comhchineáil sin a aisíoc faoi Airteagal 35c, is í an fhoráil ghinearálta maidir le forluí sochar a chosc a leagtar síos in Airteagal 10 a bheidh infheidhme, gan ach na srianta seo a leanas: déanfar méid an tsochair in airgead tirim a laghdú an méid is inaisíoctha le haghaidh an tsochair chomhchineáil is féidir a éileamh faoi Airteagal 35c ó institiúid an chéad Bhallstáit.

2. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, nó a núdaráis inniúla, comhaontú maidir le bearta eile nó bearta forlíontacha nach lú a bhfabhar leis na daoine lena mbaineann ná na prionsabail a leagtar síos i mír 1.

Airteagal 35c

Aisíoc idir institiúidí

1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 35 maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh.

2. Más rud é, i reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid is inniúil faoin gCaibidil seo lonnaithe, nach bhforáiltear maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh chomhchineáil, is í an institiúid atá nó a bheadh inniúil sa Bhallstát sin faoi Chaibidil 1 chun sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna ndeonú i mBallstáit eile a aisíoc a mheasfar a bheith ina hinstitiúid inniúil faoi Chaibidil 1a freisin.".

18.In Airteagal 50(2), cuirtear an téarma "Airteagal 52(1) (b)" in ionad an téarma "Airteagal 52(1) (a) nó (b)"

19.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61:

Airteagal 61

Rialacha speisialta maidir le comhshuimiú treimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta

1. Diomaite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65(2), is é is coinníoll ar a gcuirfear Airteagal 6 i bhfeidhm go bhfuil tréimhse árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta de thrí mhí ar a laghad curtha isteach díreach roimhe sin ag an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a bhfuil na sochair á néileamh fúithi.

2. I gcás nach gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe na coinníollacha maidir le comhshuimiú tréimhsí i gcomhréir le mír 1 toisc gur lú ná trí mhí fad iomlán na dtréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta is déanaí atá curtha isteach aige sa Bhallstát sin beidh an duine sin i dteideal sochair dhífhostaíochta i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inar chuir sé tréimhsí den sórt sin isteach roimhe sin ar na coinníollacha agus faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos in Airteagal 64a.".

20.Leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:

(f)I mír 1(c) cuirfear an focal "sé" in ionad an fhocail "trí" agus cuirfear na focail "sé mhí go deireadh thréimhse theidlíocht an duine sin ar shochair" in ionad na bhfocal "trí mhí go sé mhí ar a mhéad";

(g)I mír 3(c) cuirfear an focal "sé" in ionad an fhocail "trí" agus cuirfear na focail "deireadh na tréimhse teidlíochta ar shochair" in ionad na bhfocal "mhí ar a mhéad".

21.I ndiaidh Airteagal 64, cuirfear Airteagal 64a isteach mar a leanas isteach:

Airteagal 64a

Rialacha speisialta maidir le daoine dífhostaithe a bhog go Ballstát eile gan coinníollacha Airteagal 61(1) agus Airteagal 64 a chomhlíonadh

Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 61(2), is é an Ballstát a raibh an duine dífhostaithe faoi réir a reachtaíochta roimhe sin a bheidh inniúil maidir le sochair dhífhostaíochta a thabhairt. Tabharfar na sochair sin ar chostas na hinstitiúide inniúla ar feadh na tréimhse a leagtar síos in Airteagal 64(1)(c), má chuireann an duine dífhostaithe é féin ar fáil do na seirbhísí fostaíochta i mBallstát an árachais is déanaí agus go gcloíonn sé leis na coinníollacha a leagtar síos faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 64(2) go (4)."

22.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Airteagal 65

Daoine dífhostaithe a raibh cónaí orthu i mBallstát seachas an Stát inniúil

1. An duine dífhostaithe a raibh cónaí air, le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, i mBallstát seachas an Ballstát inniúil cuirfidh sé é féin ar fáil don iarfhostóir nó do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát inniúil. Gheobhaidh an duine sin sochair i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil faoi mar a bheadh cónaí air sa Bhallstát sin. Is í institiúid an Bhallstáit inniúil a thabharfaidh na sochair sin.

2. De mhaolú ar mhír 1, an duine atá go hiomlán dífhostaithe agus a raibh cónaí air, le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, i mBallstát seachas an Ballstát inniúil, agus nach raibh ar a laghad 12 mhí árachais dífhostaíochta curtha isteach go heisiach aige faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil cuirfidh an duine sin é féin ar fáil do sheirbhís fostaíochta an Bhallstáit chónaithe. Gheobhaidh an duine sin sochair i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe faoi mar a bheadh gach tréimhse árachais curtha isteach aige faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin. Is í institiúid an Bhallstáit chónaithe a thabharfaidh na sochair sin. De rogha air sin, an duine atá go hiomlán dífhostaithe dá dtagraítear sa mhír seo, a bheadh i dteideal sochar dífhostaíochta faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit inniúil, agus fúithi sin amháin, dá mbeadh cónaí air sa Bhallstát sin, féadfaidh sé a chinneadh é féin a chur ar fáil do na seirbhísí fostaíocht sa Bhallstát sin agus chun sochair a fháil i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin faoi mar a bheadh cónaí air ann.

3. Mura mian leis an duine atá go hiomlán dífhostaithe dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit inniúil, nó mura mian leis leanúint de bheith ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin, tar éis dó a bheith cláraithe ann, agus más mian leis obair a lorg sa Bhallstát cónaithe nó i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 64, cé is moite d'Airteagal 64(1)(a). Féadfaidh an institiúid inniúil an tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d'Airteagal 64(1)(c) a fhadú go deireadh thréimhse na teidlíochta ar shochair.

4. An duine atá go hiomlán dífhostaithe dá dtagraítear sa mhír seo, chomh maith lena chur féin ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit inniúil, féadfaidh sé é féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit eile.

5. Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 4 den Airteagal seo maidir le daoine atá páirtdífhostaithe nó dífhostaithe go treallach."

23.I ndiaidh Airteagal 68a, cuirtear an méid seo a leanas isteach:

"Airteagal 68b

Forálacha speisialta maidir le sochair theaghlaigh in airgead tirim arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh

1. Na sochair theaghlaigh in airgead tirim arb é is aidhm leo ionad an ioncaim a ghlacadh i rith tréimhsí tógála linbh agus a liostaítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn XIII is ar an duine atá faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit inniúil agus ar an duine sin amháin a bhronnfar iad agus ní bheidh aon cheart díorthach ar na sochair sin ag a bhaill teaghlaigh. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 68a den Rialachán seo maidir leis na sochair sin ná ní bheidh ar an institiúid inniúil éileamh a chur san áireamh a bheadh curtha isteach ag an tuismitheoir eile, ag duine a chaitear leis mar thuismitheoir nó ag institiúid atá ag gníomhú mar chaomhnóir an linbh nó na leanaí de bhun Airteagal 60(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme.

2. De mhaolú ar Airteagal 68(2), i gcásanna forluí teidlíochtaí faoi reachtaíocht nó reachtaíochtaí atá ar neamhréir, féadfaidh Ballstát sochar teaghlaigh dá dtagraítear i mír 1 a bhronnadh ina iomláine ar an tairbhí gan beann ar an méid dá bhforáiltear sa chéad reachtaíocht. Na Ballstáit a roghnóidh maolú den sórt sin a chur i bhfeidhm, liostófar iad i gCuid 2 d'Iarscríbhinn XIII de réir tagairt don sochar teaghlaigh a bhfuil feidhm ag an maolú maidir leis.".

24.I ndiaidh Airteagal 75, cuirtear Airteagal 75a isteach faoi "Teideal V FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA":

Airteagal 75 a

Oibleagáidí na núdarás inniúil

1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil a ninstitiúidí ar an eolas faoi, agus go gcuireann siad i bhfeidhm, na forálacha uile, bídís forálacha reachtacha nó eile, lena náirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, sna réimsí a chumhdaítear leis an mbunRialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme agus de réir théarmaí na Rialachán sin.

2. Chun a áirithiú go gcinnfear i gceart cén reachtaíocht is infheidhme, déanfaidh na húdaráis inniúla comhoibriú idir institiúidí agus cigireachtaí saothair a chur chun cinn ina mBallstáit.".

25.I ndiaidh Airteagal 76, cuirtear Airteagal 76a isteach mar a leanas:

“Airteagal 76 a

An chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an nós imeachta a bheidh le leanúint chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Sna gníomhartha sin, leagfar síos nós imeachta caighdeánach lena náirítear teorainneacha ama don mhéid seo a leanas:

eisiúint, formáid agus inneachar doiciméid iniompartha a dheimhneoidh an reachtaíocht slándála sóisialta a bhfuil feidhm aici maidir leis an sealbhóir,

Cinneadh na gcásanna ina núsáidfear an doiciméad,

na heilimintí nach mór a fhíorú sular féidir an doiciméad a eisiúint,

tarraingt siar an doiciméid i gcás ina gconspóidfidh institiúid inniúil an Bhallstáit fostaíochta a bheachtas agus a bhailíocht.

47 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin cúnamh a thabhairt don Choimisiún, agus beidh sé ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

26.Cuirtear Airteagal 87b isteach mar a leanas:

"Airteagal 87b

48 Foráil idirthréimhseach maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) xxxx

1. Ní bhfaighfear aon chearta de bhun Rialachán (AE) xxxx le haghaidh na tréimhse roimh a chur i bhfeidhm.

2. Aon tréimhse árachais agus, más iomchuí, aon tréimhse fostaíochta agus féinfhostaíochta nó cónaithe arna cur isteach faoi reachtaíocht Ballstáit roimh an [dáta a chuirfear Rialachán (AE) xxxx i bhfeidhm] sa Bhallstát lena mbaineann, déanfar an tréimhse sin a chur san áireamh agus na cearta a fhaightear faoin Rialachán seo á gcinneadh.

3. Faoi réir mhír 1, gheofar ceart faoi Rialachán (AE) xxxx fiú má bhaineann sé le teagmhas ar tháinig ann dó roimh dháta an chur i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann.

4. Airteagail 61, 64 agus 65 den Rialachán seo a bhí i bhfeidhm roimh [theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) xxxx], leanfar d'fheidhm a bheith acu maidir leis na sochair dhífhostaíochta a dheonaítear do dhaoine ar thosaigh a ndífhostaíocht roimh an dáta sin.".

27.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 88:

"Airteagal 88

Tarmligean na cumhachta chun na hIarscríbhinní a nuashonrú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 88a chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis an Rialachán Cur Chun Feidhme a leasú go tréimhsiúil arna iarraidh sin don Choimisiún Riaracháin.

Airteagal 88 a

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Déanfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 88 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialachán (AE) xxxx].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 88 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 88 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.".

28.Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, X agus XI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

29.Cuirtear Iarscríbhinn XII agus Iarscríbhinn XIII isteach i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 mar a leanas:

1.Cuirtear an aithris seo a leanas isteach i ndiaidh Aithris (18):

“(18A) Tá gá le rialacha agus nósanna imeachta sonracha áirithe chun costais sochar arna dtabhú ag Ballstát cónaithe a aisíoc, i gcás ina bhfuil na daoine lena mbaineann faoi árachas i mBallstát eile. Ballstáit a bhfuil gá acu le haisíocaíocht ar bhonn caiteachas socraithe, ba cheart dóibh fógra a thabhairt faoi na meánchostais bhliantúla in aghaidh an duine laistigh de spriocdháta ar leith sa chaoi is go bhféadfar an aisíocaíocht a dhéanamh chomh pras agus is féidir. Más rud é nach féidir le Ballstát fógra a thabhairt faoin spriocdháta maidir leis an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain tagartha áirithe, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfaidh an Ballstát éilimh i leith na bliana sin a chur isteach agus iad bunaithe ar na meánchostais bhliantúla a foilsíodh roimhe sin san Iris Oifigiúil. An aisíocaíocht caiteachais ar shochair chomhchineáil a dhéanfar ar bhonn méideanna socruithe, ba cheart í a bheith chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír; dá bhrí sin, aon mhaolú ón oibleagáid fógra a thabhairt, ba cheart é a bheith faoi réir fhaomhadh an Choimisiúin Riaracháin agus níor cheart é a dheonú an chéad bhliain eile.

2.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris (19):

49 “(19) Ba cheart na nósanna imeachta idir institiúidí maidir le gnóthú éileamh slándála sóisialta, ba cheart iad a neartú d’fhonn gnóthú níos éifeachtaí agus feidhmiú rianúil scéimeanna slándála sóisialta a áirithiú. Is dóigh é an gnóthú éifeachtach freisin le míúsáidí agus calaois a chosc agus a chomhrac, agus le hinbhuanaitheacht scéimeanna slándála sóisialta a áirithiú. Chuige sin caithfear nósanna imeachta nua a ghlacadh, agus mar bhonn leo roinnt forálacha atá ann cheana féin i dTreoir 2010/24/AE ón gComhairle an 26 Bealtaine 2008 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú, go háirithe trí ionstraim aonfhoirmeach le haghaidh forghníomhú a ghlacadh agus trí nósanna imeachta um chúnamh frithpháirteach a iarraidh agus um fhógra a thabhairt faoi uirlisí agus bearta a bhaineann le héileamh slándála sóisialta a ghnóthú.”

3.Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris (24):

50 “(25) I gCinneadh Uimh. H5 a ghlac an Coimisiún Riaracháin an 18 Márta 2010 maidir le comhar i dtaca le calaois agus earráid a chomhrac faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú córas slándála sóisialta, cuirtear i dtábhacht gur cuid de chur i bhfeidhm ceart Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus an Rialacháin seo gníomhaíocht arb é is aidhm di calaois agus earráid a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart, de ghrá na deimhneachta dlíthiúla foras dlí soiléir a bheith sa Rialachán seo lena gceadófaí d’údaráis inniúla sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis ábhartha sa Bhallstát fanachta nó cónaithe maidir le daoine ar suíodh cheana a gcearta agus a noibleagáidí faoi Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus faoin Rialachán seo, d’fhonn calaois agus earráid a shainaithint mar chuid de chur i bhfeidhm ceart leanúnach na Rialachán sin. Is gá, freisin, na cúinsí a shonrú inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche seachas chun críche slándála sóisialta, lena náirítear faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí dlí ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta i réimsí an tsaothair, na sláinte agus na sábháilteachta, na himirce agus an dlí cánachais.

(26) D’fhonn cearta na daoine lena mbaineann a chosaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach iarraidh ar shonraí agus gach freagairt riachtanach agus comhréireach ó thaobh chur i bhfeidhm ceart Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an reachtaíocht Eorpach maidir le cosaint sonraí. Níor cheart go mbainfí go huathoibríoch mar thoradh ar an malartú sonraí teidlíocht chun sochair, agus aon chinneadh a dhéantar ar bhonn an mhalartaithe sonraí, ba cheart go nurramófaí leis cearta agus saoirsí bunúsach an duine lena mbaineann, trína bheith bunaithe ar fhianaise leordhóthanach agus a bheith faoi réir nós imeachta achomhairc cothrom.”.

4.In Airteagal 1(2), cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (e):

“(ea) ciallaíonn ‘calaois’ aon ghníomh nó neamhghníomh intinneach arb é is aidhm dó sochair slándála sóisialta a fháil nó rannaíochtaí slándála sóisialta a sheachaint, de shárú ar dhlí Ballstáit;".

5.In Airteagal 2, cuirtear na míreanna 5 go 7 seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 4:

"5. Ach a mbeidh cearta nó oibleagáidí duine a bhfuil feidhm ag na Rialacháin cur chun feidhme maidir leo suite nó cinntithe, féadfaidh an institiúid inniúil iarraidh ar institiúid Bhallstát an chónaithe nó an fhanachta sonraí pearsanta i dtaobh an duine sin a sholáthar. Bainfidh an iarraidh agus aon fhreagairt uirthi le faisnéis a chuireann ar chumas an Bhallstáit inniúil aon mhíchruinneas a shainaithint sna fíorais ar a bhfuil doiciméad nó Cinneadh bunaithe lena gcinntear cearta agus oibleagáidí duine faoin Rialachán. Is féidir an iarraidh a dhéanamh freisin i gcás nach bhfuil aon amhras ann cheana faoi bhailíocht ná cruinneas na faisnéise atá sa doiciméad nó na faisnéise ar ar bunaíodh an Cinneadh i gcás ar leith. Ní mór an iarraidh ar fhaisnéis agus aon fhreagairt uirthi a bheith riachtanach agus comhréireach.

6. Tarraingeoidh an Coimisiún Riaracháin suas liosta mionsonraithe de na cineálacha iarrataí ar shonraí is féidir a dhéanamh agus de na cineálacha freagairtí is féidir a thabhairt faoi mhír 5, agus poibleoidh an Coimisiún Eorpach an liosta sin mar is gá. Ní cheadófar ach na cineálacha sin iarrataí ar shonraí agus na cineálacha sin freagairtí atá ar an liosta.

51 7. Beidh an iarraidh agus aon fhreagairt uirthi i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), dá bhforáiltear freisin le hAirteagal 77 den bhunRialachán.”.

6.In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.Le linn do na Ballstáit sonraí pearsanta a bhailiú, a tharchur nó a phróiseáil de bhun a reachtaíochta chun críocha an bunRialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh siad go mbeidh na daoine lena mbaineann ábalta a gcearta maidir le cosaint sonraí pearsanta a lánfheidhmiú, i gcomhréir le forálacha an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, go háirithe na cearta maidir le rochtain, ceartú agus cur i gcoinne próiseáil sonraí den saghas sin, agus áiritheoidh siad freisin go dtabharfar gach eolas do na daoine sin faoi chinntí aonair uathoibrithe. Beidh an duine is ábhar do shonraí in ann an ceart atá aige na sonraí pearsanta dá chuid a próiseáladh faoin Rialachán seo a rochtain, beidh sé in ann an ceart sin a lánfheidhmiú ní amháin trí dhul i dteagmháil leis an údarás a bhfuil na sonraí faoina stiúir aige, ach trí institiúid inniúil an stáit ina bhfuil sé ina chónaí freisin.”.

7.In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. Doiciméid a eisíonn institiúid Ballstáit agus ina dtaispeántar staid an duine ó thaobh chur i bhfeidhm an bhunRialacháin agus an Rialacháin cur chun feidhme, agus fianaise thacaíochta ar eisíodh na doiciméid ar a bonn, glacfaidh institiúidí na mBallstát eile leo fad is nach ndearna Ballstát a neisithe iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí. Ní bheidh doiciméid dá leithéidí bailí ach amháin má tá gach cuid díobh atá marcáilte mar chuid éigeantach líonta isteach.

2. I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras ar a bhfuil sé bunaithe, iarrfaidh institiúid an Bhallstáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisiúna agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí tarraingt siar an doiciméid.

a)Ar iarraidh den saghas sin a fháil di, athbhreithneoidh an institiúid eisiúna na forais le heisiúint an doiciméid agus, más gá, tarraingeoidh sí siar iad nó ceartóidh sí iad, laistigh de 25 lá oibre tar éis di an iarraidh a fháil. Ar chás dobhréagnaithe de chalaois arna déanamh ag iarratasóir an doiciméid a bhrath di, déanfaidh an institiúid eisiúna an doiciméad a tharraingt siar nó a cheartú láithreach agus éifeacht aisghníomhach aige sin.

b)Más amhlaidh, tar éis athbhreithniú a dhéanamh di ar na forais le heisiúint an doiciméid, nach féidir léi aon earráid a bhrath, cuirfidh sí an doiciméad ar aghaidh chuig an institiúid iarrthach mar aon le gach fianaise thacaíochta, laistigh de 25 lá oibre tar éis an iarraidh a fháil di. I gcásanna práinne ina luaitear go soiléir cúiseanna na práinne san iarraidh, is laistigh de dhá lá oibre tar éis an iarraidh a fháil a dhéanfar sin, gan dochar don fhéidearthacht nach mbeidh a cuid plé de bhun fhomhír (a) thuas críochnaithe ag an institiúid eisiúna.

c)I gcás ina bhfuil amhras i gcónaí ar an institiúid iarrthach, i ndiaidh an fhianaise thacaíochta a fháil di, faoi bhailíocht an doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras ar a bhfuil sé bunaithe, agus go measann sé nach bhfuil an fhaisnéis ar eisíodh an doiciméad ar a bonn ceart, féadfaidh sí fianaise a chur isteach ina leith sin agus iarraidh eile ar shoiléiriú a dhéanamh agus, nuair is iomchuí, iarraidh ar an institiúid eisiúna an doiciméad a tharraingt siar i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na hamchláir a leagtar amach thuas.”.

8.Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(A) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

52 “1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhunRialachán, cuimseoidh ‘duine a ghabhann de ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar cheann fostóir a dhéanann a chuid gníomhaíochtaí ansin go hiondúil agus a phostaítear de réir bhrí Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le maidir le hoibrithe a phostaítear faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar nó a sheolann an fostóir sin chuig Ballstát eile’, cuimseoidh sin duine a earcaítear d’fhonn é a phostú nó a sheoladh chuig Ballstát eile, ar chionníoll go bhfuil an duine sin, díreach roimh thosach na fostaíochta, faoi réir reachtaíocht Bhallstát an tseolta cheana féin i gcomhréir le Teideal II den bhunRialachán.”.

(B) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5a:

“5 a. Chun críocha Teideal II den bhunRialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ don oifig chláraithe nó don áit ghnó mar a ndéantar cinntí bunúsacha an ghnóthais agus mar a ndéantar feidhmeanna a lár-riaracháin, ar choinníoll go mbíonn an gnóthas ag gabháil do ghníomhaíocht shubstaintiúil sa Bhallstát sin. Ina mhalairt de chás, measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil lárionad leasa ghníomhaíochtaí an ghnóthais arna chinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 9 agus i mír 10, measfar gur ansin atá sé lonnaithe.”.

(c) Cuirtear an mhír nua 12 isteach i ndiaidh mhír 11

“12. Más mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó atá duine atá ina chónaí lasmuigh de chríoch an Aontais ag gabháil dá ngníomhaíochtaí agus má tá an duine sin, de bhua reachtaíocht náisiúnta ceann de na Ballstáit sin, faoi réir reachtaíocht an Stáit sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an mbunRialachán agus ag an Rialachán cur chun feidhme maidir leis an reachtaíocht infheidhme a chinneadh, ar choinníoll go measfar gur sa Bhallstát ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó a fhostóra nó lárionad leas a ghníomaíochtaí, ar choinníoll gur ansin a mheasfar é a bheith ina chónaí.”.

9.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2):

“2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le daoine a chumhdaítear le hAirteagal 11(3)(d) agus le hAirteagal 11(5) den bhunRialachán.”

10.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1, 2, 3 agus 5 d'Airteagal 16:

"1. Duine a ghabhann do ghníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh sé, nó déanfaidh a fhostóir, sin a chur in iúl don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit cónaithe.

2. Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal 13 den bhunRialachán agus d’Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. Déanfaidh an institiúid institiúidí ainmnithe gach Ballstáit ina bhfuiltear ag gabháil do ghníomhaíocht nó ina bhfuil an fostóir lonnaithe a chur ar an eolas.

3. Má chinneann an institiúid sin go bhfuil feidhm ag reachtaíocht Ballstáit eile, Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh sin agus cuirfidh sé an Cinneadh in iúl gan mhoill d’institiúid an Bhallstáit a mheasann sí a bheith ina hinstitiúid inniúil. Éireoidh an Cinneadh ina chinneadh deifnídeach dhá mhí tar éis don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a bheith curtha ar an eolas ina thaobh, ach amháin má chuireann an institiúid dheireanach acu sin in iúl don chéad institiúid acu sin agus do na daoine lena mbaineann nach féidir léi glacadh leis an gCinneadh sealadach nó go bhfuil dearcadh eile aici ina leith.

5. Is í institiúid inniúil an Bhallstáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go deifnídeach a chuirfidh an duine lena mbaineann agus nó a fhostóir ar an eolas gan mhoill. “

11.Cuirtear na haithrisí seo a leanas isteach i ndiaidh aithris 19(2):

“3. Aon uair a iarrtar ar institiúid an fianú thuasluaite a eisiúint, déanfaidh sí measúnú ceart ar na fíorais ábhartha agus deimhneoidh sí go bhfuil an fhaisnéis ar tugadh an fianú ar a bonn ceart.

4. I gcás inar gá chun cumhachtaí reachtacha a fheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, déanfar faisnéis ábhartha maidir le cearta slándála sóisialta a mhalartú go díreach idir institiúidí inniúla, cigireachtaí saothair, údaráis imirce nó údaráis cánach na Stát lena mbaineann agus is féidir a bheith ar áireamh sa mhéid sin próiseáil sonraí pearsanta chun críocha seachas chun cearta agus oibleagáidí faoin mbunRialachán agus faoin Rialachán seo a fheidhmiú nó a fhorghníomhú, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí ábhartha maidir le saothar, sláinte agus sábháilteacht, imirce agus dlí an chánachais. Leagfar síos tuilleadh mionsonraí ina thaobh sin le Cinneadh ón gCoimisiún Riaracháin.

53 5. Beidh oibleagáid ar údaráis inniúla faisnéis shonrach agus leordhóthanach a thabhairt do dhaoine lena mbaineann faoi phróiseáil a sonraí pearsanta de bhun an Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), dá bhforáiltear freisin le hAirteagal 77 den bhunRialachán, agus ina theannta sin comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 3(3) den Rialachán seo.”.

12.Cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 20:

"Airteagal 20a

An chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an nós imeachta a bheidh le leanúint chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 den bhunRialachán seo a chur i bhfeidhm. Leis na gníomhartha sin, leagfar síos nós imeachta caighdeánach, lena náirítear teorainneacha ama don mhéid seo a leanas:

eisiúint, formáid agus inneachar doiciméid iniompartha a dheimhneoidh an reachtaíocht slándála sóisialta a bhfuil feidhm aici maidir leis an sealbhóir,

Cinneadh na gcásanna ina neiseofar an doiciméad,

na heilimintí nach mór a fhíorú sular féidir an doiciméad a eisiúint,

tarraingt siar an doiciméid i gcás ina gconspóidfidh institiúid inniúil an Bhallstáit fostaíochta a chruinneas agus a bhailíocht.

54 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Coimisiún Riaracháin, agus beidh an Coimisiún sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011."

13.I gCaibidil 1 de Theideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Sochair bhreoiteachta, sochair mháithreachais, sochair choibhéiseacha atharthachta agus sochair chúraim fhadtéarmaigh”.

14.I ndeireadh Airteagal 23 cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh.

15.In Airteagal 24(3), in ionad "agus 26" cuirtear ", 26 agus 35a".

16.In Airteagal 28(1), i ndiaidh "de bhun Airteagal 21(1) den bhunRialachán", cuirtear isteach "i gcomhréir le hAirteagal 35a de".

17.Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Airteagal 35b den bhunRialachán a chur i bhfeidhm;”

(d)I mír (1), in ionad "Airteagal 34" cuirtear "Airteagal 35b";

(e)I mír (2), in ionad "Airteagal 34(2)" cuirtear "Airteagal 35a(2)";

18.In Airteagal 32, cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 3:

"4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le sochair chúraim fhadtéarmaigh.

19.Scriostar an dara fomhír d'Airteagal 43(3).

20.Sa tríú fomhír d’Airteagal 55(4), scriostar na focail “arna iarraidh sin don insitiúid inniúil”.

21.I mír (7) d’Airteagal 55, in ionad "Airteagal 65a(3)" cuirtear "Airteagal 64a agus Airteagal 65a(3)";

22.Cuirtear an tAirteagal 55a a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 55:

Airteagal 55a

Oibleagáidí sheirbhís fostaíochta Bhallstát an árachais is déanaí

Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 61(2) den bhunRialachán, déanfaidh institiúid Bhallstát an árachais is déanaí doiciméad a sheoladh gan mhoill chuig institiúid inniúil Bhallstát an árachais roimhe agus beidh sa doiciméad sin: an dáta a tháinig an duine lena mbaineann chun a bheith dífhostaithe, tréimhse an árachais, na fostaíochta nó na féinfhostaíochta a cuireadh isteach faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin, cúinsí na dífhostaíochta is dócha a dhéanfaidh difear do theidlíocht sochar, an dáta a cláraíodh an duine mar dhuine dífhostaithe agus seoladh an duine.”.

23.Leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:

(f)I mír 1, in ionad "Airteagal 65(2)” cuirtear "Airteagal 65(4)";

(g)Scriostar mír 3.

24.Athainmnítear Caibidil 1 de Theideal IV mar a leanas:

"CAIBIDIL I

Aisíoc chostas na sochar a tháinig as Airteagal 35, 35c agus Airteagal 41 den bhunRialachán a chur i bhfeidhm

25.I mír 1 d’Airteagal 64, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“ - an tinnéacs (i = 1, 2, 3 agus 4) na ceithre aoisghrúpa a úsáidtear chun na méideanna socraithe a ríomh:

i = 1: daoine faoi bhun 65 bliain d’aois

i = 2: daoine idir 65 bliain agus 74 bliain d’aois

i = 3: daoine idir 75 bliain agus 84 bliain d’aois

i = 4: daoine in aois 85 bliain agus os a cionn,”

26.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

"Airteagal 65

Fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla

1. Tabharfar fógra faoin meánchostas bliantúil in aghaidh an duine i ngach aoisghrúpa do bhliain shonrach don Bhord Iniúchóireachta tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain tar éis na bliana a bheidh i gceist.

2. Na meánchostais bhliantúla a dtabharfar fógra fúthu i gcomhréir le mír 1, foilseofar gach bliain in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad i ndiaidh a bhfaomha ag an gCoimisiún Riaracháin.

3. I gcás nach bhfuil Ballstát in ann fógra a thabhairt faoi mheánchostais bliain ar leith faoin spriocdháta dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh sé, faoin sprioc-am céanna, cead ar an Údarás Riaracháin agus ar an mBord Iniúchóireachta úsáid a bhaint as meánchostais bhliantúla an Bhallstáit sin arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil i leith na bliana roimh an mbliain nár tugadh fógra faoina meánchostais go fóill. Agus cead dá leithéid á iarraidh aige, tá sé de cheangal ar an mBallstát fáthanna a chur lena neamhábaltacht fógra a thabhairt faoi mheánchostais bhliantúla na bliana i dtrácht. Má dhéanann an Coimisiún Riaracháin, tar éis dó tuairim an Bhoird Iniúchóireachta a bhreithniú, an cead sin a thabhairt don Bhallstát, foilseofar arís in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh na meánchostais bhliantúla réamhráite.

4. Ní dhéanfar an maolú dá dtagraítear in mír 3 a dheonú dhá bhliain as a chéile.

27.Scriostar Airteagal 70.

28.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 73:

Airteagal 73

Socrú sochar agus ranníocaíochtaí a tugadh go míchuí nó a íocadh i gcás deonú sealadach sochar nó athrú aisghníomhach na reachtaíochta is infheidhme

1. I gcás athrú aisghníomhach ar an reachtaíocht is infheidhme, lena náirítear cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus (5) den Rialachán cur chun feidhme, déanfaidh an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go míchuí, trí mhí ar a mhéad tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinntithe nó tar éis an institiúid ba chúis le híoc na sochar a bheith sainaitheanta, déanfaidh sí ráiteas a tharraingt suas ina luafar an méid a íocadh agus seolfar an ráiteas sin chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid is inniúil chun críocha an aisíoca.

Tá feidhm ag an méid céanna maidir le sochair chomhchineáil agus is í an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil i gcomhréir le Teideal IV den Rialachán cur chun feidhme a dhéanfaidh an taisíoc.

2. An institiúid atá aitheanta mar an institiúid atá inniúil as na sochair airgid thirim a íoc, asbhainfidh sí an méid a chaithfidh sí a aisíoc leis an institiúid nach raibh inniúil nó nach raibh inniúil ach go sealadach as riaráistí na sochar comhfhreagrach a dhlíonn sí leis an duine lena mbaineann agus aistreoidh sin, gan mhoill, an méid a asbhaineadh chuig an institiúid sin.

Más mó méid na sochar a íocadh go míchuí ná méid na riaráistí is iníoctha ag an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, nó murab ann do riaráistí, bainfidh an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil an méid sin as íocaíochtaí leanúnacha faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta frithchúitimh den sórt sin faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm agus aistreoidh sí, gan mhoill, an méid a asbaineadh chuig an institiúid a d’íoc na sochair airgid thirim go míchuí chun aisíocaíocht a dhéanamh leis an institiúid sin.

3. An institiúid a fuair ranníocaíochtaí go míchuí ó dhuine nádúrtha/dlítheanach, ní aisíocfaidh sí na méideanna atá i gceist leis an duine a d’íoc iad go dtí go bhfaighidh sí amach ón institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil na suimeanna atá dlite di ón duine lena mbaineann faoi Airteagal 6(4) den bhunRialachán.

Arna iarraidh sin don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, iarraidh a dhéanfar trí mhí ar a mhéad tar éis an reachtaíocht is infheidhme a bheith cinntithe, déanfaidh an institiúid a fuair ranníocaíochtaí go míchuí na ranníocaíochtaí sin a chur chuig an institiúid atá aitheanta mar an institiúid a bhí inniúil don tréimhse sin chun críche an staid a shocrú maidir leis na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine nádúrtha agus/nó dlítheanach di. Na ranníocaíochtaí a aistreofar, meastar go haisghníomhach gur leis an institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil a íocadh iad.

Más mó méid na ranníocaíochtaí a íocadh go sealadach ná an méid a dhlíonn an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha don institiúid atá aitheanta mar an institiúid inniúil, aisíocfaidh an institiúid a fuair na ranníocaíochtaí go míchuí an méid a róíocadh leis an duine dlítheanach agus/nó nádúrtha lena mbaineann.

4. Ní bheidh teorainneacha ama a bheith sa reachtaíocht náisiúnta ina fhoras bailí le diúltú éilimh idir institiúidí a shocrú faoin Airteagal seo.

5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le héilimh a bhaineann le tréimhsí is sine ná 60 an dáta a cuireadh tús le nós imeachta i gcomhréir le hAirteagail 5(2) nó 6(3) den Rialachán seo.”

29.I ndiaidh Airteagal 75(3) cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:

55 “4. Féadfar faisnéis a mhalartaítear i gcomhréir leis an Roinn seo a úsáid chun críche measúnú agus forghníomhú, lena náirítear cur i bhfeidhm beart réamhchúraim maidir le héileamh, agus féadfar í a úsáid freisin chun críche cánacha agus dleachtanna a chumhdaítear le hAirteagal 2 de Threoir 2010/24/CE maidir le cúnamh frithpháirteach i ndáil le héilimh a ghnóthú a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile. I gcás ina mbaineann aisíoc ranníocaíochtaí slándála sóisialta le duine atá ina chónaí nó ag fanacht i mBallstát eile, féadfaidh Ballstát an aisíoca an Ballstát cónaithe nó an Ballstát fanachta a chur ar an eolas faoi aisíoc atá beartaithe, gan iarraidh a dhéanamh roimh ré. “

30.In Airteagal 76, cuirtear isteach an mhír 3a a leanas i ndiaidh mhír 3:

“3a. Níl aon chás ann ina dtuigfear as mír 3 go bhfuil cead ag páirtí iarrtha de chuid Ballstát diúltú faisnéis a thabhairt toisc gur i seilbh ag banc, ag institiúid airgeadais eile, ag ainmnitheach nó ag duine atá ag gníomhú mar ghníomhaireacht nó i gcáil muiníneach atá sí, nó toisc go mbaineann sí le leasanna úinéireachta duine.”

31.Leasaítear Airteagal 77 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Beidh ag dul leis an iarraidh ar fhógra foirm chaighdeánach ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) ainm, seoladh, agus sonraí eile atá ábhartha chun an seolaí a shainaithint;

(b) cuspóir an fhógra agus an tréimhse ar cheart fógra a thabhairt lena linn;

(c) cur síos ar an doiciméad atá i gceangal agus ar chineál agus méid an éilimh lena mbaineann;

(d) ainm, seoladh agus sonraí teagmhála eile iad seo:

(i) an oifig atá freagrach sa doiciméad atá i gceangal, agus (más oifig eile atá i gceist);

(ii) an oifig ónar féidir faisnéis bhreise a fháil faoin doiciméad ar tugadh fógra ina thaobh nó faoi na féidearthachtaí atá ann an oibleagáid íoca a chonspóid.”

b) Cuirtear na míreanna 4, 5 agus 6 seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 3

"4. Ní dhéanfaidh an páirtí iarrthach iarraidh ar fhógra de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás nach bhfuil sé in ann fógra a thabhairt ar dhóigh atá i gcomhréir leis na rialacha maidir le fógra a thabhairt faoin doiciméad i dtrácht ina Bhallstát féin, nó i gcás ina dtiocfadh deacrachtaí díréireacha as fógra a thabhairt ar an dóigh sin.

5. Áiritheoidh an páirtí iarrtha go dtugtar fógraí i mBallstát an pháirtí sin ar dhóigh atá i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin.

6. Beidh mír 5 gan dochar d’aon chineál eile fógra arna thabhairt ag údarás de chuid Bhallstáit an pháirtí iarrthaigh ar dhóigh atá i gcomhréir le na rialacha atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin.

Féadfaidh údarás de chuid Ballstáit an pháirtí iarrthaigh fógra a thabhairt go díreach faoi aon doiciméad, trí phost cláraithe nó ríomhphost a sheoladh chuig críoch Ballstáit eile.”

32.Leasaítear Airteagal 78 mar a leanas:

a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, gnóthóidh an páirtí iarrtha éilimh atá faoi réir ionstraim lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh. Beidh ag gabháil le gach iarraidh ar ghnóthú ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú do Bhallstát an pháirtí iarrtha.

b) I mír 2, scriostar pointe (b);

c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Sula ndéanfaidh an páirtí iarrthach iarraidh ar ghnóthú, ba cheart nósanna imeachta iomchuí um ghnóthú atá le fáil i mBallstát an pháirtí iarrthaigh a chur i bhfeidhm, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

a) i gcás inar follas nach bhfuil aon sócmhainní le gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh nó nach dtiocfaidh íoc an éilimh ina iomláine as nósanna imeachta dá leithéidí agus go bhfuil faisnéis shonrach ag an bpáirtí iarrthach a thugann le fios go bhfuil sócmhainní ag an duine lena mbaineann i mBallstát an pháirtí iarrtha;

b) i gcás ina dtiocfadh deacracht dhíréireach as dul i muinín nósanna imeachta dá leithéidí i mBallstát an pháirtí iarrthaigh.”

d) cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:

"6. Féadfaidh a bheith ag dul leis an iarraidh ar ghnóthú éilimh doiciméid eile a bhaineann leis an éileamh agus a eisíodh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh.”

33.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

"Airteagal 79

Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú

1. San ionstraim lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh beidh an mhórchuid de ghnéithe na hionstraime tosaigh lena gceadaítear gnóthú, agus is í an chéad ionstraim acu sin, agus í sin amháin, a bheidh mar bhonn le bearta um ghnóthú agus beartú réamhchúraim arna ndéanamh i mBallstát an pháirtí iarrtha. Ní bheidh an ionstraim faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an ionstraim sin a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar sa Bhallstát sin.

2. Beidh an méid seo ar áireamh san ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear gnóthú:

(a) ainm, seoladh agus aon fhaisnéis atá ábhartha chun an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach lena mbaineann, agus/nó an tríú páirtí a bhfuil a shócmhainní ina seilbh aige, a shainaithint;

(b) ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis an oifig atá freagrach i measúnú an éilimh, agus (más oifig eile atá i gceist) an oifig ónar féidir faiséis bhreise a fháil faoin éileamh nó faoi na féidearthachtaí atá ann an oibleagáid íoca a chonspóid;

(c) faisnéis atá ábhartha chun an ionstraim a shainaithint lena gceadaítear a forghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;

(d) cur síos ar an éileamh, lena náirítear a chineál agus an tréimhse a clúdaíonn sé, aon dáta is ábhartha don phróiseas forghníomhaithe, agus méid an éilimh, lena náirítear an phríomhshuim, an tús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais ar fad eile atá dlite, agus iad sloinnte in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha;

(e) an dáta a thug an páirtí iarrthach agus/nó an páirtí iarrtha fógra faoin ionstraim don seolaí;

(f) an dáta ónar féidir forghníomhú a dhéanamh faoi na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, agus an tréimhse ar féidir sin a dhéanamh lena linn;

(g) aon fhaisnéis ábhartha eile.”.

34.Leasaítear Airteagal 80 mar a leanas:

a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 1:

Faoi réir Airteagal 85(1a), déanfaidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh arna ghnóthú ag an bpáirtí iarrtha a íoc leis an bpáirtí iarrthach.”

b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Amhail ón dáta a fhaightear an iarraidh ar ghnóthú, gearrfaidh an páirtí iarrtha ús as íocaíocht dhéanach i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha.”

35.Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Más rud é, le linn nós imeachta um ghnóthú, go gconspóideann páirtí leasmhar an téileamh, an ionstraim tosaigh lena gceadaítear forghníomhú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh nó an ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrtha, nó bailíocht fógra a thug údarás i mBallstáit an pháirtí iarrthaigh, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a chur faoi bhráid údarás inniúil Bhallstát an pháirtí iarrthaigh, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart sin gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin gcaingean sin freisin.”

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

I gcás ina mbaineann an chonspóid le bearta um fhorghníomhú a rinneadh i mBallstát an pháirtí iarrtha nó le bailíocht an fhógra a thug údarás de chuid an pháirtí iarrtha, cuirfear an chaingean faoi bhráid údarás iomchuí an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.”

c) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4.Cuirfidh an páirtí iarrthach an páirtí iarrtha ar an eolas faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar a iarraidh ar ghnóthú nó faoi tharraingt siar a hiarratas, agus cuirfidh sé fáthanna leis an leasú nó leis an tarraingt siar."

d) cuirtear isteach an mhír 5 seo a leanas:

"5. Más Cinneadh a rinne an túdarás iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 81(1) is cúis leis leasú na hiarrata, déanfaidh an páirtí iarrthach sin an Cinneadh sin, mar aon le hionstraim aonfhoirmeach leasaithe lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrtha, a chur in iúl. Ansin déanfaidh an páirtí iarrtha tuilleadh beart um ghnóthú ar bhonn na hionstraime leasaithe.

Maidir le bearta um ghnóthú nó beartú réamhchúraim a rinneadh cheana ar bhonn na ionstraime aoinfhoirmí bunaidh lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar leanúint díobh ar bhonn na hionstraime leasaithe, ach amháin más é is cúis le leasú na hiarrata neamhbhailíocht na hionstraime tosaigh lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh nó neamhbhailíocht na hionstraime aonfhoirmí bunaidh lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrtha.

Beidh feidhm ag Airteagal 79 agus ag Airteagal 81 maidir leis an ionstraim leasaithe.”

36.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 82(1)(b):

“(b) an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 76 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú, má tá feidhm ag an iarraidh thosaigh faoi Airteagal 76 go hAirteagal 78 den Rialachán cur chun feidhme maidir le héilimh is sine ná cúig bliana, ó dháta dlite an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh go dtí dáta na hiarrata tosaigh ar chúnamh. Mar sin féin, má dhéantar an téileamh nó an ionstraim bhunaidh lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh a chonspóid, measfar gurb é an nóiméad a shuítear nach féidir an téileamh ná an ionstraim lena gceadaítear gnóthú a chonspóid, measfar gurb é sin tosach na tréimhse cúig bliana.

Ina cheann sin, i gcásanna ina ndeonaíonn údaráis Bhallstát an pháirtí iarrthaigh an íocaíocht nó an plean tráthchodanna a chur siar, measfar gurb é an nóiméad a chríochnaíonn an tréimhse íocaíochta ina hiomláine, gurb é an nóiméad sin tús na tréimhse cúig bliana.

Mar sin féin, sna cásanna sin ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha cúnamh a dheonú maidir le héilimh is sine ná deich mbliana, amhail ó dháta dlite an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh.”

37.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 84:

"Airteagal 84

Bearta réamhchúraim

1. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil dó ón bpáirtí iarrthach, déanfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim, más ceadmhach sin faoina dhlí náisiúnta agus má tá sé i gcomhréir lena chleachtas riaracháin, chun gnóthú a áirithiú i gcás ina gconspóidtear, tráth an iarraidh a dhéanamh, éileamh nó an ionstraim lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, nó i gcás nach bhfuil an téileamh faoi réir ionstraim lena gceadaítear gnóthú i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, a mhéid atá bearta réamhchúraim indéanta, i gcás comhchosúil, faoi dhlí náisiúnta Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus de réir chleachtais riaracháin an Bhallstáit sin.

Más ann dó, an doiciméad a tarraingíodh suas lena gceadaítear bearta réamhchúraim i mBallstát an pháirtí iarrthaigh agus a bhaineann leis an éileamh a bhfuil cúnamh frithpháirteach á iarraidh ina leith, beidh sé ag gabháil leis an iarraidh ar bheart réamhchúraim i mBallstát an pháirtí iarrthaigh. Ní bheidh an doiciméad sin faoi réir aon ghnímh arb é is aidhm dó an doiciméad sin a aithint, a fhorlíonadh ná a athsholáthar i mBallstát an pháirtí iarrthaigh.

2. Féadfaidh a bheith ag dul leis an iarraidh ar bhearta réamhchúraim doiciméid eile a bhaineann leis an éileamh agus a eisíodh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh.”

3. Chun an chéad mhír a chur chun feidhme, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha agus ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 78, 79, 81 agus 82 den Rialachán cur chun feidhme.”.

38. In Airteagal 85, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach i ndiaidh mhír 1:

“1a I gcás nach féidir na costais a bhaineann leis an ngnóthú a ghnóthú ón bhféichiúnaí sa bhreis ar mhéid an éilimh, asbhainfear iad ó aon mhéid is inghnóthaithe, nó mura bhfuil sin indéanta, aisíocfaidh an páirtí iarrthach iad. Féadfaidh an páirtí iarrthach agus an páirtí iarrtha socrú ar leith a dhéanamh le chéile don chás i dtrácht, nó féadfaidh siad aisíoc na gcostas a tharscaoileadh.”

39.I ndiaidh Airteagal 85, cuirtear an tAirteagal 85a seo a leanas isteach:

"Airteagal 85 a

Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin

1. Trí chomhaontú idir an páirtí iarrthach agus an páirtí iarrtha agus i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos ag an bpáirtí iarrtha, féadfaidh oifigigh atá údaraithe ag an bpáirtí iarrthach, d’fhonn an cúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear sa Roinn seo:

(a) a bheith i láthair sna hoifigí ina ndéanann údaráis riaracháin Bhallstát an pháirtí iarrtha a gcuid dualgas;

(b) a bheith i láthair le linn fiosrúcháin riaracháin a dhéantar ar chríoch Bhallstát an pháirtí iarrtha;

(c) cúnamh a thabhairt d’oifigigh inniúla Bhallstát an pháirtí iarrtha le linn imeachtaí cúirte sa Bhallstát sin.

2. A mhéid is ceadmhach faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar foráil a dhéanamh leis an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1(b) go bhféadfaidh oifigigh de chuid Ballstáit an pháirtí iarrthaigh daoine aonair a chur faoi agallamh agus taifid a scrúdú.

3. Oifigigh atá údaraithe ag an bpáirtí iarrthach agus a bhaineann leas as na féidearthachtaí dá bhforáiltear le mír 1 agus le mír 2, beidh siad ábalta i gcónaí údarás scríofa a thaispeáint a dhearbhaíonn cé hiad agus cén cháil oifigiúil atá acu.”.

40.Leasaítear Airteagal 87 mar a leanas:

a) i mír 4 scriostar an tagairt do “Airteagal 34” agus cuirtear “Airteagal 1(vb)” in hionad,

b) I ndeireadh mhír 6 cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Ach má úsáideann an institiúid ar iarradh uirthi an tseiceáil a dhéanamh na cinntí chun sochair a dheonú don duine lena mbaineann faoin reachtaíocht a chuireann sí i bhfeidhm, ní éileoidh sí na speansais dá dtagraítear san abairt roimhe seo.”.

41.Scriostar Airteagal 89(3).

42.Scriostar Airteagal 92.

43.In Airteagal 93, in ionad "Airteagal 87" cuirtear "Airteagail 87 go 87b".

44.Cuirtear an tAirteagal 94a isteach mar a leanas:

Airteagal 94 a

Forálacha idirthréimhseacha maidir le sochair dífhostaíochta

Go dtí go dtiocfaidh Rialachán (AE) XXX i bhfeidhm, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Airteagal 56 agus ag Airteagal 70 den leagan den Rialachán cur chun feidhme atá i bhfeidhm roimh [dáta theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) xxxx], leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir le sochair dífhostaíochta arna ndeonú do dhaoine a tháinig chun a bheith dífhostaithe roimh an dáta sin.”.

45.Leasaítear Airteagal 96 mar a leanas:

(a) Leasaítear an dara habairt de mhír 1 mar a leanas:

“Mar sin féin, amach ó Airteagal 107, leanfaidh d’fheidhm a bheith ag Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 agus leanfaidh d’éifeacht dhlíthiúil a bheith aige chun na gcríoch seo a leanas:

(c) Cuirtear an mhír nua 1a isteach i ndiaidh mhír 1

“1 a. Chun críocha na reachtaíochta dá dtagraítear i mír 1, is faoi réir Airteagal 90 den Rialachán seo a bheidh na rialacha maidir le comhshó airgeadraí.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, ceartúchán IO L 200, 7.6.2004.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh.883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta, IO L 284, 30.10.2009
(3) Suirbhé ar an bhFórsa Saothair, 2014
(4) Pacolet J agua De Wispelaere F Comhshuimiú tréimhsí nó tuarastal le haghaidh sochair dhífhostaíochta: Tuarascáil faoi dhoiciméid U1 iniompartha le haghaidh oibrithe imirceacha (Staidreamh Líonra FMSSFE: 2015) Tábla 1 (Iarscríbhinn XII den Tuarascáil faoin Measúnú Tionchair).
(5) Pacolet, J. agus De Wispelaere, F., Onnmhairiú sochar dífhostaíochta – PD U2 Ceistneoir, Staidreamh Líonra FMSSFE, An Coimisiún Eorpach, Meitheamh 2014,
(6) Meastachán é sin atá bunaithe ar Thuarascáil Bhliantúil ar Shoghluaiseacht Saothair 2015, An Coimisiún Eorpach (2015), óir níl aon fhigiúirí ar fáil maidir le líon na noibrithe teorann de réir bhrí an tsainmhínithe dhlíthiúil atá i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.
(7) De Coninck J: Freagra ar iarraidh ad hoc ar anailís chomparáideach: sochair tógála linbh atá gaolta le tuarastal, FreSsco - Freegluaiseacht oibrithe agus comhordú na slándála sóisialta, An Coimisiún Eorpach 2015, lch. 9 (Iarscríbhinn XXV den Tuarascáil faoin Measúnú Tionchair)
(8) IO L 018 , 21.1.1997 lch. 1
(9) IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.
(10) http://ec.europa.eu/priorities/publications/presidentjunckerspolitical-guidelines_ga.
(11) http://ec.europa.eu/priorities/internal-market_en.
(12) http://ec.europa.eu/info/strategy/better-regulationwhy-andhow_en
(13) Ionadaithe na mBallstát a chomhdhéanann an Coimisiún Riaracháin. Tá an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Eilbhéis rannpháirteach i gcáil breathnóirí. Tá an Coimisiún Riaracháin freagrach as déileáil le cúrsaí riaracháin, as ceisteanna forléirithe a bhaineann le forálacha na rialachán maidir le comhordú slándála sóisialta, agus as an comhoibriú idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn agus a fhorbairt. Bíonn an Coimisiún Eorpach rannpháirteach sna cruinnithe freisin agus is é a chuireann an Rúnaíocht ar fáil.
(14) Féach Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 Airteagail 87(10b) agus 87a(2) agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 Airteagal 86(1), (2) agus (3).
(15) I mí na Nollag 2011 rinne an Chomhairle cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an éifeacht a bheadh ag baint le foráil nua a thabhairt isteach maidir le sochair dhífhostaíochta d'oibrithe teorann féinfhostaithe laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis teacht i bhfeidhm na forála. Ag an gcruinniú sin agus arna iarraidh sin d'fhormhór na mBallstát, thug an Coimisiún dearbhú gur ócáid a bheadh san athbhreithniú le plé níos fairsinge a thosú faoi na forálacha comhordúcháin atá ann i réimse na sochar dífhostaíochta agus le measúnú a dhéanamh ar an ngá le hathbhreithniú ar na prionsabail.
(16) http://ec.europa.eu/yourvoice/consultations/index_en.htm
(17) trESS Think Tank Report 2010, 'Analysis of selected concepts of the regulatory framework and practical consequences on the social security coordination' (Anailís ar choincheapa áirithe den chreat rialála agus ar na hiarmhairtí praiticiúla ar chomhordú na slándála sóisialta); the trESS Think Tank Report 2011, 'Coordination of long-term care benefitscurrent situation and future prospects' (Comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh – an staid faoi láthair agus an tionchas don todhchaí); an Staidéar Anailíseach a rinneadh in 2012 maidir leis an measúnú tionchair dhlíthiúil le haghaidh an athbhreithnithe ar Rialachán 883/2004 maidir le comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh agus trESS Think Tank Report 2012 maidir le comhordú sochar dífhostaíochta.(na tuarascálacha uile le fáil ag www.tressnetwork.org).
(18) SWD (2016) 460
(19) Bhí na seirbhísí seo a leanas rannpháirteach: AS CNECT; AS ECFIN; AS ENER; AS ESTAT; AS FISMA; AS GROW; AS HOME; AS JUST; an tSeirbhís Dlí; AS MOVE; AS NEAR; AS REGIO, AS RTD; AS SANTE, SEC GEN; AS TAXUD, AS TRADE.
(20) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(21) trESS Think Tank Report 2011, 'Coordination of long-term care benefitscurrent situation and future prospects' (Comhordú sochar cúraim fhadtéarmaigh – an staid faoi láthair agus an tionchas don todhchaí) ( http://www.tressnetwork.org/tress2012/EUROPEAN%20RESOURCES/EUROPEANREPORT/trESSIII_ThinkTankReportLTC_20111026FINAL_amendmentsEC-FINAL.pdf ).
(22) Cás C-160/96 Molenaar EU:C:1998:84, cás C-215/99, Jauch EU:C:2001:139; cásanna C-502/01 agus C-31/02 GaumainCerri agus Barth EU:C:2004:413.
(23) Cás C-282/89, Antonissen, EU:C:1991:80. Féach freisin Cás C-67/14, Alimanovic, EU:C:2015:597 mír 57
(24) IO L 28, 31.1.2014, lch. 17.
(25) Moladh Uimh. U1 an 12 Meitheamh 2009 maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le daoine dífhostaithe atá i mbun gníomhaíocht pháirtaimseartha phroifisiúnta nó trádála i mBallstát seachas an Stát cónaithe. IO C 106, 24.4.2010, lch. 49.
(26) COM(2015) 216 final.
(27) IO L 84 an 31.3.2010.
(28) COM(2013) 837 final.
(29) Mar shamplaí, Cás C-202/97, FTS, mír 51 EU:C:2000:75, agus Cás C-2/05 Herbosch Kiere mír 22 EU:C:2006:69.
(30) Pacolet J agus De Wispelaere F ‘Recovery Procedures Report’ (Network Statistics, FMSSFE: 2015). Arna ullmhú i gcomhréir leis na hoibleagáidí i leith athbhreithniú atá in Airteagal 86(3) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.
(31) IO L 74, 27.3.1972, lch. 1-83. (Eagán speisialta Béarla: Sraith I, Imleabhar 1972(I) P. 160–233)
(32) IO C , , lch. .
(33) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(34) IO L 018, 21.1.1997 lch. 1.
(35) COM(2013) 269 final.
(36) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14.
(37) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(38) IO L 150, 10.6.2008, lch. 28.
(39) IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.
(40) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(41) IO L 28, 31.01.2014, lch. 17.
(42) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1-88.
(43) COM(2015) 216 final.
(44) IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.
(45) IO L 28, 31.1.2014, lch. 17.
(46) IO L 018, 21.1.1997 lch. 1.
(47) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13-18.
(48) [le cur isteach].
(49) IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.
(50) IO 2010/C 149/05.
(51) [Le cur isteach].
(52) IO L 018, 21.1.1997 lch. 1.
(53) [Le cur isteach].
(54) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13–18.
(55) IO L 84, 31.3.2010, lch. 4.

Strasbourg, 13.12.2016

COM(2016) 815 final

IARSCRÍBHINN

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis)

{SWD(2016) 460 final}
{SWD(2016) 461 final}


1.Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a) Leasaítear Cuid I mar a leanas:

I.cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne "AN tSLÓVAIC”:

“AN tSLÓVAIC

An sochar cothabhála linbh ionadach (cothabháil linbh a íoc) faoi Acht Uimh. 452/2004 Coll. um sochar cothabhála linbh ionadach arna leasú agus arna fhorlíonadh leis an Acht Teaghlaigh Uimh. 36/2005 Coll. arna leasú agus arna fhorlíonadh le rialacháin iardain”;

II.Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na roinne "AN tSUALAINN”:

“AN tSUALAINN

Tacaíocht chothabhála (Caibidlí 17–19 den Chód Árachais Shóisialta)”.

(b)Leasaítear Cuid II mar a leanas:

I.scriostar an roinn "AN UNGÁIR";

II.scriostar an roinn "AN RÓMÁIN";

III.cuirtear isteach roinn nua i ndiaidh na roinne “AN FHIONLAINN” agus an méid seo a leanas inti:

“AN tSUALAINN

Liúntas uchtála (Caibidil 21 den Chód Árachais Shóisialta (2001:110))”

2.In Iarscríbhinn II, scriostar an roinn “AN SPÁINNAN PHORTAINGÉIL”.

3.In Iarscríbhinn III, scriostar na ranna “AN EASTÓIN”, “AN SPÁINN”, “AN CHRÓIT”, “AN IODÁIL”, “AN LIOTUÁIN”, “AN UNGÁIR”, “AN ÍSILTÍR”, “AN FHIONLAINN” agus “AN tSUALAINN”.

4.Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)cuirtear an roinn “AN EASTÓIN” isteach i ndiaidh “AN GHEARMÁIN”;

(b)cuirtear an roinn “AN LIOTUÁIN” isteach i ndiaidh “AN CHIPIR”;

(c)cuirtear an roinn “MÁLTA” isteach i ndiaidh “AN UNGÁIR”;

(d)cuirtear an roinn “AN PHORTAINGÉIL” isteach i ndiaidh “AN PHOLAINN”;

(e)cuirtear an roinn “AN RÓMÁIN” isteach i ndiaidh “AN PHORTAINGÉIL”;

(f)cuirtear an roinn “AN tSLÓVAIC” isteach i ndiaidh “AN tSLÓIVÉIN”;

(g)cuirtear an roinn “AN FHIONLAINN” isteach i ndiaidh “AN tSLÓVAIC”;

(h)cuirtear an roinn “AN RÍOCHT AONTAITHE” isteach i ndiaidh “AN tSUALAINN”;

5.Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a) scriostar an roinn "POBLACHT NA SEICE";

(b) sa roinn "AN GHEARMÁIN", cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) Sochair chun costais cothaithe a chlúdach faoin mbunfhoráil maidir le cuardaitheoirí poist i gcomhréir le Leabhar II den Chód Sóisialta ).";

(c) sa roinn "AN EASTÓIN":

I.scriostar mír (a);

II.i mír (b), in ionad "." cuirtear ";" agus cuirtear isteach mír nua:

“(c) Sochair sochraide (An tAcht um Shochair Sochraide ón Stát, an 8 Samhain 2000).";

(d) sa roinn “AN UNGÁIR”, i mír (b), in ionad ";” cuirtear "." agus scriostar mír (c);

(e) déantar an roinn "AN RÓMÁIN" a chur isteach i ndiaidh na roinne "AN PHORTAINGÉIL":

“AN RÓMÁIN

Liúntas sóisialta do phinsinéirí (Reacht Éigeandála Rialtais Uimh. 6/2009 lena mbunaítear pinsean sóisialta íosta, arna cheadú le Dlí Uimh. 196/2009).”;

(f) scriostar an roinn "AN tSLÓIVÉIN";

(g) in ionad na roinne “AN tSUALAINN” cuirtear:

“AN tSUALAINN

(a) Sochair tithíochta forlíontacha do dhaoine a fhaigheann pinsean (Caibidlí 99–103 den Chód Árachais Shóisialta);

(b) Tacaíocht chothabhála do dhaoine aosta (Caibidil 74 den Chód Árachais Shóisialta).”;

(h) sa roinn "AN RÍOCHT AONTAITHE", in ionad ".", i ndeireadh mhír (e), cuirtear ";" agus cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"(f) An chomhpháirt soghluaisteachta den Íocaíocht um Neamhspleáchas Pearsanta (i reachtaíocht na Breataine Móire, Cuid 4 den Acht um Leasú Leasa 2012, agus i reachtaíocht Thuaisceart Éireann, Cuid 5 den Ordú um Athchóiriú Leasa Shóisialaigh (Tuaisceart Éireann) 2015 (S.I. 2015/2006 (N.I. 1)).".

6.Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

(a) Sa roinn “POBLACHT NA SEICE”, cuirtear an uimhir “1.” leis an mír atá ann faoi láthair agus cuirtear mír nua ina diaidh agus an méid seo a leanas ann:

"2. D’ainneoin Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, chun críocha an sochar forlíontach a dheonú maidir le tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice, ní féidir a chur san áireamh ach na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Seice d’fhonn an coinníoll a chomhlíonadh bliain amháin de phinsean na Seice a bheith ann laistigh den tréimhse shainithe i ndiaidh dhíscaoileadh na cónaidhme (§ 106a, mír 1b) d’Acht Uimh. 155/1995 Col., maidir le hárachas pinsin).”;

(b)Sa roinn "AN GHEARMÁIN", cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

"3.Chun sochair airgid thirim a dheonú faoi §47(1) de SGB V, §47(1) de SGB VII agus § 24i de SGB V do dhaoine árachaithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, faoi scéimeanna árachais na Gearmáine, ríomhtar an glanphá, a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar shochair, amhail is dá mba sa Ghearmáin a bhí an duine árachaithe ina chónaí, ach amháin má iarrann an duine árachaithe measúnú ar bhonn an ghlanphá iarbhír a fhaigheann sé. Chun saoire do thuismitheoirí a dheonú faoin Acht Cónaidhmeach um Liúntas do Thuismitheoirí agus Saoire do Thuismitheoirí (BEEG) do dhaoine atá ina gcónaí i mBallstát eile, ríomhfaidh an institiúid atá inniúil maidir le saoire do thuismitheoirí sa Ghearmáin an meánioncam míosúil arna thuilleamh faoi §§2c go 2f den Acht (an rud lena measúnaítear sochair) amhail is dá mba sa Ghearmáin a bhí an duine sin ina chónaí. Má thagann de sin go bhfuil feidhm ag réim chánach IV, de réir an dara habairt de §2e(3) de BEEG, de bhrí nach raibh an tairbhí rangaithe in aon réim chánach de chuid na Gearmáine le linn thréimhse an mheasúnaithe, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an sochar saoire do thuismitheoirí a mheasúnú ar bhonn an ghlanioncaim iarbhír aige ar gearradh cáin air sa Bhallstát cónaithe.”;

(c)Sa roinn “AN EASTÓIN”, cuirtear an uimhir “1.” leis an mír atá ann faoi láthair agus cuirtear mír nua (2) isteach:

"2. Chun an liúntas cumais oibre pro-rata a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, cuirfear san áireamh na tréimhsí cónaithe a cuireadh isteach san Eastóin, ó aois 16 go dtí gur tharla an teagmhas.”;

(d)Sa roinn "AN ÍSILTÍR", cuirtear isteach an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír 1(f):

"(fa). Aon duine dá dtagraítear in Airteagal 69(1) den Zorgverzekeringswet (An tAcht um Árachais Cúraim Shláinte) agus atá, an lá deireanach den mhí roimh an mí ina slánaíonn sé 65 bliain, ag fáil pinsin nó sochair a gcaitear leis, ar bhonn pointe (f) den roinn seo, mar phinsean is iníoctha faoi reachtaíocht na hÍsiltíre, measfar gur éilitheoir pinsin é chun críocha Airteagal 22 den Rialachán seo go dtí sroichfidh sé an aois phinsin dá dtagraítear in Airteagal 7a den Algemene Ouderdomswet (An tAcht um Pinsean Seanaoise Ginearálta).";

(e)Déantar an roinn "AN tSLÓVAIC” seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na roinne "AN OSTAIR":

"AN tSLÓVAIC

D’ainneoin Airteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo, chun críocha an sochar forlíontach a dheonú maidir le tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht Phoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice, ní féidir a chur san áireamh ach na tréimhsí árachais a cuireadh isteach faoi reachtaíocht na Slóvaice d’fhonn an coinníoll a chomhlíonadh bliain amháin de phinsean na Slóvaice a bheith ann laistigh den tréimhse shainithe i ndiaidh dhíscaoileadh na cónaidhme (§ 69b, mír 1b) d’Acht Uimh. 461/2003 Col., maidir le hárachas sóisialta).”;

(f)Sa roinn "AN tSUALAINN":

I.scriostar mír 1 agus mír 2;

II.I mír 3, in ionad "(Acht 2000:798)" cuirtear:

"(Caibidil 6 den Acht um Chur chun Feidhme an Chóid Árachais Shóisialta a fhad a bhaineann le Caibidlí 53–74)";

III.i mír 4:

sa cheannteideal, in ionad "Caibidil 8 de Lag (1962:381) om allmän forsäkring (An tAcht um Árachas Náisiúnta)" cuirtear "Caibidil 34 den Chód Árachais Shóisialta";

i mír (b), in ionad "Caibidil 8, mír 2 agus mír 8 den Acht Thuasluaite", cuirtear "Caibidil 34, Ranna 3, 10 agus 11 den Acht thuasluaite" agus in ionad "an tAcht um Pinsean Seanaoise Ioncam-Bhunaithe (1998:674)” cuirtear "Caibidil 59 den Chód Árachais Shóisialta";

IV.i mír 5 (a), in ionad "(Acht 2000:461)" cuirtear "(Caibidil 82 den Chód Árachais Shóisialta)".

(g) Sa roinn "AN RÍOCHT AONTAITHE":

I.cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1. I gcás, i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe, ina bhféadfaidh duine a bhfuil an aois inphinsin sroichte aige roimh an 6 Aibreán 2016 a bheith i dteideal pinsean scoir más rud é:

(a) go gcuirtear ranníocaíochtaí iarchéile nó páirtí shibhialta san áireamh amhail agus dá mba ranníocaíochtaí an duine féin iad; nó

(b) go gcomhlíonann céile, páirtí sibhialta, iarchéile nó iarpháirtí sibhialta an duine sin na coinníollacha ábhartha maidir le ranníocaíochtaí, ansin ar choinníoll, i ngach cás, go bhfuil nó go raibh an céile, an páirtí sibhialta, an tiarchéile nó an tiarpháirtí sibhialta ag gabháil do ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, agus go raibh sé faoi réir reachtaíocht dhá Bhallstát nó níos mó, beidh feidhm ag forálacha Caibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo d’fhonn an teidlíocht faoi reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh. Sa chás sin, déanfar na tagairtí sa Chaibidil sin 5 do ‘tréimhsí árachais’ a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhsí árachais arna gcur isteach ag:

(i) céile, páirtí sibhialta, iarchéile, nó iarpháirtí sibhialta i gcás ina ndéanann ceann acu seo éileamh:

duine pósta nó páirtí sibhialta, nó

duine ar foirceannadh a phósadh nó a pháirtnéireacht shibhialta ar shlí seachas bás an chéile nó an pháirtí shibhialta; nó

(ii) céile, i gcás ina ndéanann ceann acu seo éileamh:

baintreach, baintreach fir nó páirtí sibhialta nach raibh, go díreach roimh an aois inphinsin a shlánú dó, i dteideal liúntais tuismitheora baintrí, nó

baintreach a bhfuair a céile bás roimh an 9 Aibreán 2001 nach raibh i dteideal liúntais do mháthair is baintreach, liúntais do thuismitheoir is baintreach nó pinsin baintrí, go díreach roimh an aois inphinsin a shlánú di nó nach bhfuil teidlíocht aici ach ar phinsean aoisbhainteach baintrí arna ríomh de bhun Airteagal 52(1)(b) den Rialachán seo, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘pinsean aoisbhainteach baintrí’ pinsean baintrí atá iníoctha ag ráta laghdaithe i gcomhréir le hAlt 39(4) den Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992.

Níl feidhm ag an méid sin maidir le daoine a shlánaíonn an aois inphinsin an 6 Aibreán 2016 nó ina dhiaidh.

2. Chun Airteagal 6 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na forálacha lena rialaítear teidlíocht chun liúntais freastail, chun liúntais cúramóra agus chun liúntais maireachtála éagumais, agus chun íocaíocht um neamhspleáchas pearsanta, cuirfear san áireamh tréimhse fostaíochta, féinfhostaíochta nó chónaithe a cuireadh isteach i gcríoch Ballstáit eile seachas an Ríocht Aontaithe, a mhéid is gá chun coinníollacha a chomhlíonadh maidir le tréimhsí láithreachta a éilítear sa Ríocht Aontaithe roimh an lá a thagann ceist na teidlíochta chun an tsochair i dtrácht chun cinn den chéad uair.”

II.in ionad mhír 4, cuirtear an méid seo a leanas:

"4.I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 46 den Rialachán seo, más duine é an duine lena mbaineann a bhfuil éagumas chun oibre air agus easláine mar thoradh air sin agus é faoi réir reachtaíocht Ballstáit eile, cuirfidh an Ríocht Aontaithe san áireamh, chun críocha Roinn 30A (5) den Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, Cuid 1 den Acht um Athchóiriú Leasa Shóisialaigh 2007 nó na forálacha comhfhreagracha i reachtaíocht Thuaisceart Éireann, cuirfidh sí san áireamh aon tréimhse ina bhfuair an duine lena mbaineann, i ndáil leis an éagumas oibre sin:

(i)sochair airgid thirim i leith breoiteachta nó pá nó tuarastal in ionad na sochar sin, nó

(ii)sochair de réir bhrí Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal III den Rialachán seo arna ndeonú i leith na heasláine a lean an téagumas chun oibre, faoi reachtaíocht an Bhallstáit eile,

amhail is dá mba é a bhí iontu, de réir mar is cuí, sochar éagumais ghearrthéarmaigh i gcomhréir le Rann 30A (1)–(4) den Acht Ranníocaíochtaí agus Sochar Slándála Sóisialta 1992, an tAcht um Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta (céim an mheasúnaithe) arna níoc i gcomhréir le Cuid 1 den Acht um Athchóiriú Leasa Shóisialta 2007 nó leis na forálacha comhfhreagracha i reachtaíocht Thuaisceart Éireann.

Agus an fhoráil sin á cur i bhfeidhm, ní chuirfear san áireamh ach tréimhsí ina mbeadh an duine éagumasach chun oibre de réir bhrí reachtaíocht na Ríochta Aontaithe.

7.I ndiaidh Iarscríbhinn XI, cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas isteach:

"IARSCRÍBHINN XII

SOCHAIR CHÚRAIM FHADTÉARMAIGH IN AIRGEAD TIRIM A THUGTAR DE MHAOLÚ AR AIRTEAGAL 35A(1)

(Airteagal 35a(3))";

"IARSCRÍBHINN VIII

SOCHAIR TEAGHLAIGH IN AIRGEAD TIRIM ATÁ CEAPTHA IONAD IONCAM LE LINN TRÉIMHSÍ TÓGÁLA LEANAÍ A GHABHÁIL

(Airteagal 68b)".

Cuid I: Sochair teaghlaigh in airgead tirim atá ceaptha ionad ioncam le linn tréimhsí tógála leanaí a ghabháil

(Airteagal 68b(1))

Cuid II: Ballstáit a thugann sochair teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 65b(1) ina niomláine

(Airteagal 68b(2))."