An Bhruiséil,13.7.2016

COM(2016) 468 final

2016/0225(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Creat Athlonnaithe an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁINx

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá an tAontas ag obair i dtreo beartas imirce comhtháite, inbhuanaithe agus iomlánaíoch, bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt chothrom freagrachtaí, a bheidh in ann feidhmiú go héifeachtach in am an tsuaimhnis agus in am na géarchéime araon. Leag an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 1 an bhunchloch d'obair leanúnach an Choimisiúin tabhairt faoi na dúshláin láithreacha agus fadtéarmacha maidir le sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go cuimsitheach.

Tá athlonnú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát ar cheann de na bealaí is féidir a ofráil do dhaoine easáitithe a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ionas go mbeidh siad in ann dul isteach sna Ballstáit go dleathach agus go sábháilte agus cosaint a fháil fad atá sí de dhíth orthu. Ina theannta sin, is uirlis dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta é agus bealach le freagracht a roinnt le tríú tíortha chuig a neasáitítear nó ina neasáitítear líon mór daoine a mbíonn cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus is uirlis bainistithe imirce agus géarchéime é chomh maith.

Tá an tathlonnú ina dhlúthchuid den chuspóir mór a áirithiú gur féidir cosaint a ofráil dóibh sin a bhfuil sí de dhíth orthu agus san am céanna laghdú a dhéanamh ar na bealaí neamhrialta agus contúirteacha a úsáidtear le cosaint dá leithéid a fháil, cosc a chur ar na gréasáin smuigleála tairbhe a bhaint as, agus dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin chuig a neasáitítear nó ina neasáitítear líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí chuidiú an brú ar na tíortha sin a mhaolú.

Dar le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (ACNAD) beidh breis agus 1.19 milliún duine ar fud an domhain lena nathlonnú in 2017, áit nár athlonnaíodh ach thart ar 80 000 duine ar fud an domhain in 2015. Le blianta beaga anuas tá UNHCR i ndiaidh an tAontas agus a Bhallstáit a ghríosú a ngealltanas a mhéadú maidir le dídeanaithe a ghlacadh trí chláir athlonnaithe inbhuanaithe, ina measc, trí thacú le feachtas 2012 a raibh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) agus cúig eagraíocht neamhrialtasacha atá gníomhach maidir le cosaint dídeanaithe ar thús cadhnaíochta air, 20 000 duine a athlonnú gach bliain faoi 2020 2 .

Mar a fógraíodh ina Theachtaireacht an 6 Aibreán 2016, I dtreo leasú ar an Chomhchóras Tearmainn Eorpach agus bealaí dlíthiúla chuig an Eoraip a fheabhsú 3 , tá sé beartaithe ag an Choimisiún creat athlonnaithe níos struchtúrtha, níos comhoiriúnaithe, agus níos buaine a chruthú fud fad an Aontais, ag tógáil ar eispéiris atá ann cheana. Tá gá le creat den sórt sin le hiarrachtaí athlonnaithe san Aontas amach anseo a threorú mar nach féidir leis an Aontas a chuspóirí beartais a bhaint amach toisc nach ann do chur chuige níos daingne agus níos comhchoitinne san Aontas faoi láthair. Ainneoin gur tharla athlonnú le blianta fada san Aontas Eorpach, go nuige seo is éard a bhí i gceist leis na tionscnaimh ar fad teaglaim de chláir náisiúnta nó iltaobhacha, nó is amhlaidh a eagraíodh iad ar bhonn adhoc.

Faoin Chiste Eorpach um Dhídeanaithe (ERF) agus á choinneáil ar aghaidh ag an Chiste um Thearmann Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) comhaontaíodh roinnt gnéithe athlonnaithe ar leibhéal an Aontais d'fhonn dreasachtaí airgeadais spriocdhírithe, eadhon trí chomhthosaíochtaí athlonnaithe, a sholáthar. Rinneadh forlíonaidh air seo trí bhíthin comhar praiticiúil idir Ballstáit, lena náirítear tríd an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) agus an Gréasán Athlonnaithe Eorpach.

Ag tógáil ar na tionscnaimh athlonnaithe agus iontrála daonnúla atá ann cheana i gcreat an Aontais Eorpaigh agus ar an taithí freisin a fuarthas trí chláir athlonnaithe náisiúnta, tá sé d'aidhm ag an togra reachtach seo Creat Athlonnaithe an Aontais a bhunú chun beartas athlonnaithe Aontais a éascú agus foráil a dhéanamh i leith cur chuige comhchoiteann agus comhoiriúnaithe le nós imeachta comhaontaithe. Laghdófaí dá réir ar na héagsúlachtaí idir na cleachtais athlonnaithe náisiúnta agus chuirfí an tAontas in áit níos láidre lena chuspóirí beartais a bhaint amach ar fud an domhain freisin. Ba cheart don Aontas a bheith in ann labhairt d'aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta, gealltanas singil a dhéanamh rannchuidiú a thabhairt maidir le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda agus, dá réir, iarrachtaí an Aontais a dhéanamh níos feiceálaí fós chun áiteamh ar a chomhpháirtithe idirnáisiúnta a gcion den fhreagracht a ghlacadh chucu féin, agus lena linn méadú de réir a chéile ar chomhiarrachtaí athlonnaithe na mBallstát.

Go háirithe, is é aidhm an togra: cur chuige comhchoiteann a sholáthar i leith teacht isteach sábháilte agus dleathach san Aontas do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, á gcosaint freisin dá réir ar dhúshaothrú ag gréasáin smuigleála imirceach agus ar a mbeatha a chur i mbaol ina niarrachtaí an Eoraip a bhaint amach; cuidiú chun laghdú ar an bhrú ar chórais thearmainn na mBallstát mar gheall ar inimircigh ag teacht isteach gan choinne; cumasú i dtaca leis an fhreagracht um chosaint a chomhroinnt le tíortha dá neasáitítear nó ina neasáitítear líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu agus cabhrú chun maolú ar an bhrú ar na tíortha sin; rannchuidiú comhchoiteann de chuid Aontais a sholáthar maidir le hiarrachtaí athlonnaithe domhanda.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra comhsheasmhach leis na tionscnaimh um athlonnú agus um ligean isteach daonnúil seo a leanas a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus mar fhorlíonadh orthu.

Ar an 20 Iúil 2015, ag cruinniú laistigh den Chomhairle, ghlac Ionadaithe Rialtais na mBallstát Conclúidí 4 chun 22 504 duine ar léir cosaint a bheith de dhíth orthu a athlonnú trí scéimeanna iltaobhacha agus náisiúnta, i gcomhar le Stáit Chomhlachaithe, bunaithe ar an Moladh ón gCoimisiún maidir le Scéim Athlonnaithe Eorpach 5 chun 20 000 duine a athlonnú. Déanann an Coimisiún tuairisciú tráthrialta maidir le cur chun feidhme na gConclúidí seo, go háirithe trína Thuarascálacha Athlonnaithe agus Athshocraíochta 6 .

Ar an 15 Nollaig 2015, ghlac an Coimisiún Moladh maidir le Scéim Ligean Isteach Dhaonnúil Dheonach leis an Tuirc 7 le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt na freagrachta a chruthú leis an Tuirc maidir le daoine a easáitíodh chuig an Tuirc mar gheall ar an gcoinbhleacht sa tSiria a chosaint, dá bhfuil mórán gnéithe mar chuid de chur chun feidhme Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016. Aontaíodh i Ráiteas AEna Tuirce, in aghaidh gach Siriach a chuirfí ar ais chuig an Tuirc ó oileáin na Gréige, go nathlonnófaí Siriach eile ón Tuirc chuig an Aontas Eorpach, agus Critéir Leochaileachta na NA á gcur san áireamh.

An 21 Márta 2016, chuir an Coimisiún síos togra i leith Cinneadh ón gComhairle chun leasú a dhéanamh ar Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle lena mbunaítear bearta sealadacha i réimse na cosanta idirnáisiúnta chun tairbhe na hIodáile agus na Gréige 8 . Leis an togra seo cuirtear ar chumas na mBallstát 54 000 áit a úsáid a bhí beartaithe ag an tús le haghaidh athlonnaithe a bheadh ar fáil chun Siriaigh a ligean isteach ón Tuirc trí bhíthin athlonnaithe, ligean isteach daonnúil nó bealaí dlíthiúla eile. Dá réir sin bheadh Ballstáit in ann an líon Siriach a athlonnaíodh ina gcríoch ón Tuirc a dhealú ó líon iarratasóirí a bhí lena nathlonnú. Bheadh na líonta seo de bhreis ar na gealltanais a rinneadh de réir Chonclúidí athlonnaithe an 20 Iúil 2015.

Is cuid riachtanach den Chomhchóras Tearmainn Eorpach é an Rialachán atá molta agus tá sé go huile agus go hiomlán comhsheasmhach leis an chéad phacáiste de thograí reachtacha lena leasú, a tíolacadh ar an 4 Bealtaine 2016, lena náirítear togra i leith athmhúnlú ar Rialachán Baile Átha Cliath III 9 , athmhúnlú ar Rialachán EURODAC 10 , agus togra maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 11 a bhunú chomh maith leis an dara pacáiste de thograí reachtacha, ina náirítear an leasú ar na Treoracha maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn 12 , Dálaí Glactha 13 agus Cáilitheacht 14 .

Áireofar sa sásra cothroime a leagtar amach sa togra le haghaidh leasú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath III an líon daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a d'athlonnaigh Ballstáit go héifeachtach. Chun an sásra leithdháilte ceartaitheach a ríomh cuirfear líon na ndaoine athlonnaithe le líon na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Aithnítear leis seo an tábhacht a thugtar d'iarrachtaí chun bealaí dlíthiúla agus sábháilte chuig an Eoraip a chur chun feidhme.

Le comhoiriúnacht leis an acquis tearmainn a áirithiú, ba cheart cosaint idirnáisiúnta a thabhairt do dhaoine a roghnaíodh le haghaidh athlonnaithe. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha maidir lena bhfuil sa chosaint idirnáisiúnta atá san acquis tearmainn a luaithe agus atá daoine athlonnaithe ar chríoch na mBallstát. Ina theannta sin,ba iomchuí Rialachán xxxx/xx/AE [athmhúnlú nua Rialachán EURODAC] a leasú lena chinntiú go bhféadfaidh Ballstáit sonraí maidir le daoine athlonnaithe a stóráil sa chóras EURODAC, mar a gcaitear leo mar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ainneoin nár thaisc siad iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sna Ballstáit. Chiallódh seo go mbeadh sé ar chumas na mBallstát gluaiseachtaí tánaisteacha féideartha daoine athlonnaithe a rianú ó Bhallstát an athlonnaithe chuig Ballstáit eile.

Beidh ról ag [Gníomhaireacht um Tearmann an Aontais Eorpaigh] maidir leis an Chreat Athlonnaithe a chur chun feidhme mar go mbeidh Ballstáit in ann a cúnamh a lorg maidir le comhar teicniúil a chomhordú agus comhroinnt bhonneagair a éascú, i gcomhréir leis an togra chun Gníomhaireacht um Thearmann an Aontais Eorpaigh a bhunú.

Tá rath nó meath an athlonnaithe ag brath freisin ar lánpháirtíocht luath, éifeachtach agus rathúil na ndaoine athlonnaithe. Tabharfaidh an Plean Gníomhaíochta ar lánpháirtíocht náisiúnach tríú tír 15 a tarraingíodh suas ar an 7 Meitheamh 2016 rannchuidiú maidir leis seo freisin. Ar ghníomhartha tosaíochta foráiltear leis an phlean go mbeadh caidreamh i mbearta réamhimeachta/réamhtheachta a dhíreodh orthu sin atá ag teacht ó thríú tíortha agus ar an tsochaí is faighteoir. Féadann bearta den sórt seo dul chun tairbhe do dhaoine aonair beag beann ar na fáthanna ar aistrigh siad go dleathach chuig an Aontas Eorpach, ach féadann siad a bheith tábhachtach go háirithe maidir le hullmhú i leith daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu a athlonnú.

Ba cheart an Rialachán seo a fheidhmiú gan dochar do Threoir 2004/38/AE ar cheart shaoránaigh an Aontais agus a dteaghlach bogadh agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát.

Tá tábhacht ar leith ann maidir le beartais agus uirlisí éagsúla a chur i bhfeidhm chun comhoibriú taidhleoireachta, teicniúil agus airgeadais an Aontais le tríú tíortha a mhéadú i dtaca le bainistiú imirce. Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creatlach Chomhpháirtíochta nua a bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach um Imirce 16 lorgóidh an tAontas comhpháirtíochtaí le heochairthríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais trí rannpháirtíocht chomhtháite agus saindeartha ina mbeidh an tAontas agus a Bhallstáit ag gníomhú ar bhealach comhordaithe. I measc rudaí eile, ba cheart go bhfeabhsófaí leis an Chreat Comhpháirtíochta seo an tacaíocht dóibh sin a bhfuil cosaint de dhíth orthu ina dtíortha tionscnaimh agus idirthurais féin agus fíordheiseanna athlonnaithe chuig an Aontas a chruthú turais neamhrialta agus chontúirteacha a dhíspreagadh agus daoine a shábháil ar a mbás. Is léiriú díreach é an togra reachtach seo ar thiomantas an Aontais maidir le cabhrú le tíortha dár brú imirceach is troime agus daoine a spreagadh gan tabhairt faoi thurais chontúirteacha trí bhíthin bealaí dlíthiúla eile a ofráil.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra seo comhsheasmhach leis an bheartas chuimsitheach fhadtéarmach maidir le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce, inar forbraíodh Treoirlínte Polaitiúla an Uachtaráin Juncker ina shraith de chomhthionscnaimh chomhtháite lena gcomhneartaítear a chéile atá bunaithe ar cheithre cholún. Is éard atá sna colúin sin ná laghdú ar an dreasacht le haghaidh imirce neamhrialta, teorainneacha seachtracha a dhaingniú agus daoine a shábháil ar a mbás, beartas tearmainn láidir agus beartas nua maidir le himirce dhleathach.

Ba cheart breathnú ar an togra seo, a dhéanann cur chun feidhme breise maidir leis an cuspóir beartas tearmainn an Aontais a neartú, mar chuid den bheartas níos leithne ar leibhéal an Aontais i dtreo córas láidir agus éifeachtach a thógáil i leith bainistíocht imirce inbhuanaithe amach anseo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá an togra seo mar chuid de na bearta dá gcomhdhéantar an Comhchóras Tearmainn Eorpach. Féachann sé chun rannchuidiú a thabhairt maidir le bainistíocht a dhéanamh ar shreabha isteach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta trí bhíthin bealaí dlíthiúla chuig cosaint idirnáisiúnta a sholáthar i gcomhpháirtíocht agus i gcomhar le tríú tíortha. Tá d'aidhm ag an togra Creat Athlonnaithe an Aontais a bhunú le nósanna imeachta comhchoiteanna maidir le ligean isteach náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ó thríú tír roghnaithe, dá neasáitítear nó ina neasáitítear iad chuig críoch na mBallstát d'fhonn cosaint idirnáisiúnta a ofráil dóibh. Dá réir sin tá an togra bunaithe ar phointí (d) (nósanna imeachta comhchoiteanna), agus (g) (comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha) Airteagal 78(2) TFEU. Tá an bunús dlí seo i gceannas ar an ghnáthnós imeachta reachtach.

Geoiméadracht Athraitheach

I gcomhréir le forálacha Phrótacal Uimh. 21 i gceangal leis an CFAE, maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh bearta molta ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den TFEU. Féadann an Ríocht Aontaithe agus Éire fógra a thabhairt don Chomhairle, laistigh de thrí mhí i ndiaidh togra nó tionscnamh a bheith tarraingte suas, gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm aon bhearta molta den sórt, nó ag tráth ar bith i ndiaidh a ghlactha, go nglacann siad leis an bheart sin.

I gcomhréir le forálacha Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an TFEU, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh bearta molta ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den TFEU. Ag tráth ar bith féadfaidh an Danmhairg, i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla, fógra a thabhairt do na Ballstáit eile gur mian leo gach beart ábhartha a glacadh de bhun Theideal V den TFEU a chur i bhfeidhm go huile agus go hiomlán.

Tá an Pobal Eorpach i ndiaidh tabhairt chun críche comhaontuithe leis an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin lena bhfuil siad comhlachaithe le “acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac”. Ní ionann an togra seo agus forbairt ar an “acquis Bhaile Átha Cliath/Eurodac” agus dá bhrí sin níl aon oibleagáid ar na stáit chomhlachaithe fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil siad ag glacadh leis an Rialachán seo, a luaithe a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é. Féadfaidh na Stáit Chomhlachaithe, mar sin féin, Cinneadh ar bheith rannpháirteach go deonach i gCreat Athlonnaithe an Aontais a bhunaítear leis an Rialachán seo.

Coimhdeacht

Má dhéantar cleachtais athlonnaithe na mBallstát a chomhoiriúnú go méid áirithe is ea is dóichí nach ndiúltóidh daoine atá i dteideal a nathlonnaithe go nathlonnófaí iad chuig Ballstát amháin seachas ceann eile. Mhéadódh comhoiriúnú den sórt seo tionchar foriomlán an Aontais freisin vis-a-vis tríú tíortha in idirphlé beartais agus polaitiúil agus maidir le freagracht a chomhroinnt le tríú tíortha dar easáitíodh nó inar easáitíodh líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí seo a bhaint amach leordhóthanach go leor ar a gconlán féin, ach is fearr is féidir, de bharr scála agus éifeachtaí Chreat Athlonnaithe an Aontais, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.

Comhréireacht

Ní mó foirm Rialacháin agus a inneachar ná an méid a theastaíonn le cuspóirí an togra a bhaint amach, eadhon (a) éagsúlachtaí i gcleachtais agus i nósanna imeachta athlonnaithe náisiúnta a laghdú, (b) foráil a dhéanamh i leith teacht dleathach agus shábháilte chuig críocha na mBallstát náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, (c) cabhrú chun laghdú ar an riosca maidir le plódú neamhrialta mórscála náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát chuig críocha na mBallstát, ag laghdú dá réir ar an bhrú ar chórais thearmainn na mBallstát mar gheall ar theacht gan choinne, (d) a bheith mar léiriú dlúthpháirtíochta le tíortha i réigiúin dar easáitíodh nó inar easáitíodh líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí chabhrú chun maolú ar an bhrú ar na tíortha sin, (e) cabhrú chun cuspóirí beartais eachtraigh an Aontais a bhaint amach trí ghiaráil an Aontais vis-a-vis tríú tíortha a mhéadú, agus (f) rannchuidiú a thabhairt go héifeachtach maidir le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda trí labhairt d'aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

Tá an tinneachar ag tógáil ar an eispéireas le tionscnaimh athlonnaithe atá ann cheana i gcreat an Aontais Eorpaigh agus ar chleachtais athlonnaithe atá sna Ballstáit cheana féin, go háirithe na Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc atá leagtha amach i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016.

An rogha ionstraime

Roghnaítear Rialachán d'fhonn an méid céanna cóineasaithe a bhaint amach don nós imeachta athlonnaithe atá ag an nós imeachta tearmainn, dá moltar Rialachán freisin. Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais athlonnaithe atá ann cheana sna Ballstáit, go háirithe na Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc atá leagtha amach i Ráiteas an 18 Márta 2016, ciallaíonn Rialachán gur féidir leibhéal cóineasaithe níos airde a bhaint amach maidir leis na cleachtais athlonnaithe sin ná Treoir, nach bhfuil infheidhme go díreach agus a fhágann rogha na foirme agus an mhodha faoi Bhallstáit. Mar gheall ar an leibhéal níos airde cóineasaithe seo beidh níos mó sineirgí i gcur i bhfeidhm Chreat Athlonnaithe an Aontais agus cabhróidh sé chun daoine atá i dteideal a nathlonnaithe a chur i gcoinne athlonnú a dhiúltú chuig Ballstát ar leith chomh maith le bac a chur le gluaiseachtaí tánaisteacha daoine athlonnaithe. Ina theannta sin, meastar go nglacfaidh institiúidí an Aontais pleananna athlonnaithe an Aontais agus scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais atá riachtanach maidir le hoibríochtú Chreat Athlonnaithe an Aontais, a bhfuil Rialachán mar an ionstraim iomchuí ina leith.

3.TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN GEALLSEALBHÓRA

Chuathas i mbun comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le hArd-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR), an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM), agus EASO laistigh den séú Fóram Athlonnaithe an 6 Aibreán 2016. Chuathas i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí seo ar bhonn plécháipéise a seoladh chucu roimh an chruinniú.

D'aontaigh na geallsealbhóirí seo ar fad gur ghá cur leis na hiarrachtaí maidir le bealaí sábháilte agus dlíthiúla a ofráil chuig cosaint idirnáisiúnta san Aontas seachas daoine ag teacht i dtír ar bhealaí contúirteacha nó neamhrialta. Chuir mórán geallsealbhóirí in iúl go láidir freagracht an Aontais maidir le ról feiceálach a ghlacadh chucu féin in iarrachtaí athlonnaithe foriomlána agus gur gá níos mó comhordaithe a dhéanamh ar iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát.

Ainneoin go raibh cuid acu i bhfách le creat a bhí ina cheangal de réir dlí le rannpháirtíocht na mBallstát ar fad ar bhonn gealltanais athlonnaithe aonair de chuid an Aontais agus comhroinnt na freagrachta i measc na mBallstát ar bhonn eochair leithdháilte chothrom, b'fhearr le cuid eile gealltanais dheonacha ó na Ballstáit.

Aithníodh go ginearálta go bhféadfar, i roinnt cásanna, athlonnú a úsáid mar ghiaráil in idirphlé beartais agus polaitiúil le tríú tíortha b'fhéidir freisin trí bhíthin straitéisí spriocdhírithe agus saincheaptha.

Rinne roinnt geallsealbhóirí tagairt don phlé ar Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear an scéim athlonnaithe leis an Tuirc, a leagtar amach i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016 agus mhachnaigh siad ar an fhéidearthacht go bhféadfaí roinnt de na gnéithe atá ann a mhacasamhlú i gcur chuige comhchoiteann de chuid an Aontais i leith athlonnú. Ainneoin go raibh roinnt Ballstát ar son na féidearthachta maidir le bonneagair a chomhroinnt agus comhmhisin roghnaithe a úsáid le costais a laghdú, bhí a mbunús i gcoinne socruithe comhroinnte freisin i dtéarmaí seiceálacha slándála.

Chuir mórán geallsealbhóirí in iúl go láidir an ról speisialta atá ag an UNHCR sa phróiseas, go háirithe a ról maidir le daoine atá i dteideal a nathlonnaithe a shainaithint. Tugadh tacaíocht freisin don fhéidearthacht go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag gníomhaithe eile, macasamhail EASO agus IOM, maidir le socruithe praiticiúla a chur chun feidhme.

Chuir na Ballstáit ar fad in iúl go láidir an tábhacht a bhí le maoiniú ón Aontas chun tacú le hiarrachtaí athlonnaithe.

Cearta bunúsacha

Tá an togra seo gan dochar don cheart chun tearmainn agus chun cosanta ar refoulement i gcomhréir le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’). Agus Creat Athlonnaithe an Aontais á dhearadh, cuireadh san áireamh go cuí an gá maidir le cearta an linbh a chur chun cinn agus a urramú, an ceart ar shaol teaghlaigh agus an ceart ar chosaint sonraí pearsanta faoi mar a áirithítear, faoi seach, le hAirteagal 24, le hAirteagal 7 agus le hAirteagal 8 den Chairt, go háirithe agus sainmhíniú á dhéanamh ar na critéir cháilitheachta athlonnaithe de réir Airteagal 5 den togra agus an nós imeachta athlonnaithe de réir Airteagal 10, agus Airteagal 11 den togra.

Sa chomhthéacs seo, tabharfar aird ar leith do na cearta agus na prionsabail atá cumhdaithe i gCoinbhinsiún um Chearta an Linbh na NA nuair atá an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe a glacadh ar a bhonn á chur chun feidhme agus á chur i bhfeidhm.

Agus mar a chéile, i bhfianaise Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean i gcoinne mná agus foréigean baile a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), ba cheart cur chuige íogair ó thaobh inscne a ghlacadh agus an Rialachán seo á shainmhíniú agus á chur i bhfeidhm.

Seasann an togra le prionsabail ghinearálta na cothroime agus an neamhleatroim, sa mhéid is go gcuimsítear ann toirmeasc follasach ar leatrom i gcás Ballstát, lena náirítear ar bhonn gnéis, cine, datha, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, nó gnéaschlaonadh, agus naisc shóisialta nó chultúrtha á gcur san áireamh, nó aon tréithe eile a fhéadann lánpháirtíocht sa Stát rannpháirteach a éascú. Tá seo gan dochar do chásanna inar gá déileáil ar bhonn difriúil le daoine chun gur féidir raon feidhme scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais agus na gcritéar cáilitheachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d'Airteagal 5.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

I leith gach duine a athlonnaítear de réir an togra seo beidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) i dteideal EUR 10 000 ó bhuiséad an Aontais. Déanfar an uaslíon daoine a bheidh le hathlonnú chuig an Aontas gach bliain a shocrú trí bhíthin gníomhartha chun chun feidhme de chuid na Comhairle lena mbunaítear pleananna athlonnaithe bliantúla an Aontais.

Ba cheart breathnú ar an bhliain airgeadais 2017 mar bhliain idirthréimhseach idir an scéim athlonnaithe a rinneadh de réir na gConclúidí an 20 Iúil 2015 maidir le 22 504 duine ar léir go raibh cosaint de dhíth orthu, a athlonnú trí scéimeanna iltaobhacha agus náisiúnta, mar aon le Stáit Chomhlachaithe, agus teacht i bhfeidhm an togra seo. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh na himpleachtaí buiséadacha níos ísle i leith 2017 ná i leith na mblianta ina dhiaidh sin.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra bunaítear Creat Athlonnaithe an Aontais chun líon áirithe náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a athlonnú go bliantúil chuig críoch na mBallstát.

Tá sé d'aidhm aige an tAontas a chumasú chun teacht i dtír dleathach agus sábháilte a sholáthar do náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, rannchuidiú a thabhairt maidir le laghdú ar an riosca maidir le plódú mórscála de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu chuig críoch na mBallstát, agus rannchuidiú a thabhairt maidir le tionscnaimh athlonnaithe idirnáisiúnta.

Leagtar amach sa togra reachtach seo gnéithe riachtanacha an Chreata, macasamhail rialacha comhchoiteanna de chuid an Aontais a leagan síos maidir le náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach trí bhíthin athlonnaithe, lena náirítear na rialacha i dtaca le critéir cháilitheachta agus forais eisiaimh, na nósanna imeachta caighdeánacha lena rialaítear gach céim den phróiseas athlonnaithe, an stádas atá le bronnadh ar dhaoine athlonnaithe, na nósanna imeachta cinnteoireachta le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Chreata, agus an tacaíocht airgeadais i gcomhair iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát. Cuimseoidh cur chun feidhme an togra pleananna athlonnaithe bliantúla de chuid an Aontais a shocrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de chuid na Comhairle agus scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin.

Is iad príomhghnéithe an togra:

Athlonnú

Ciallaíonn athlonnú náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chuig críoch na mBallstát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a easáitíodh óna dtír náisiúntachta, nó a easáitíodh ina dtír náisiúntachta, d'fhonn cosaint idirnáisiúnta a bhronnadh orthu. Is amhlaidh an cás maidir le daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a easáitíodh óna seantír ghnáthchónaithe nó a easáitíodh ina seantír ghnáthchónaithe.

Réigiúin nó tríú tíortha óna mbeidh daoine le hathlonnú

Sna gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais agus pleananna athlonnaithe bliantúla an Aontais, cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle san áireamh, nuair atá na réigiúin nó na tríú tíortha ónar féidir athlonnú tarlú á sonrú acu, roinnt tosca san áireamh a léiríonn staid na ndaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, na tíortha ónar cheart athlonnú tarlú, agus an líon daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a easáitíodh chuig réigiúin nó tríú tíortha shonracha nó a easáitíodh i réigiúin nó tríú tíortha shonracha. Beidh comhar éifeachtach tríú tíortha leis an Aontas maidir le himirce agus tearmann mar ghné thábhachtach ar a mbunóidh an Coimisiún a chinneadh. Ba cheart go léireofaí comhar den sórt sin i dtéarmaí iarrachtaí an tríú tír laghdú ar líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a thrasnaíonn teorainn an Aontais go neamhrialta óna chríoch, a gcomhar leis an Aontas maidir le hathligean isteach agus filleadh na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá atá ag fanacht go neamhrialta i gcríoch na mBallstát, agus ag cur lena gcumas glactha agus cosanta maidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, lena náirítear córas tearmainn éifeachtach a fhorbairt.

Daoine atá le hathlonnú

Leagtar amach sa togra reachtach seo critéir cháilitheachta (Airteagal 5) agus forais eisiaimh (Airteagal 6) do dhaoine a fhéadfar a chur san áireamh le haghaidh athlonnaithe. Ní mór an dá fhoráil a urramú maille leis an cheanglas go dtagann an duine faoi raon feidhme gach scéime athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a glacadh de bhíthin gníomh cur chun feidhme de chuid an Choimisiúin. Ní chruthaíonn an togra seo aon cheart ar ligean isteach chuig críoch na mBallstát d'fhonn go mbronnfaí cosaint idirnáisiúnta.

(a)Cáilitheacht

Foráiltear go bhféadfaí na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát sin a athlonnú a easáitíodh ní amháin chuig tír eile ach laistigh dá dtír féin freisin mar gheall ar an eagla a bhfuil údar maith léi go ndéanfaí iad a chiapadh nó mar gheall ar fhorais shuntasacha ann chun a chreidiúint go mbeadh siad i mbaol réadach go ndéanfaí díobháil thromchúiseach dóibh.

I dtaca le daoine a thagann faoi cheann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas –mná agus cailíní i mbaol; leanaí agus ógánaigh i mbaol, lena náirítear leanaí neamhthionlactha; daoine a d'fhulaing foréigean agus/nó céastóireacht, lena náirítear ar bhonn inscne; daoine le riachtanais mhíochaine nó míchumais; daoine le riachtanais chosanta dhlíthiúla agus/nó fhisiceacha; agus daoine atá leochaileach ar bhonn socheacnamaíoch – beidh siad i dteideal a nathlonnaithe de réir scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais. Beidh daoine incháilithe freisin a bhfuil naisc theaghlaigh acu le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát nó saoránaigh de chuid an Aontais a chónaíonn go dleathach i mBallstát nó atá ag brath orthu. Trí dhaoine atá leochaileach ar bhonn socheacnamaíoch agus iad sin le naisc theaghlaigh a chur san áireamh leathnaítear na catagóirí athlonnaithe clasaiceacha a úsáidtear de ghnáth de réir tarchur de chuid UNHCR agus leantar an cur chuige a comhaontaíodh sna Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc a leagtar amach i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016.

(b)Eisiamh

Níor cheart do Bhallstáit náisiúnaigh tríú tír ná daoine gan stát a athlonnú nach gcomhlíonann na critéir cháilitheachta nó a thagann faoi raon feidhme forais eisiaimh éigeantaigh.

Cumhdaíonn na forais eisiaimh éigeantacha: a) forais eisiaimh an Rialacháin Cáilitheachta 17 – cuirfear i bhfeidhm freisin iad sin a bhfuil feidhm acu maidir le daoine atá i dteideal cosaint choimhdeach seachas sin maidir le daoine a cháilíonn mar dhídeanaithe; b) na forais lena ndiúltaítear cead isteach ag an teorainn 18 , c) na forais gan ceadúnas cónaithe a athnuachan nó a chúlghairm i gcomhréir leis an Rialachán Cáilitheachta.

Eisiafar freisin daoine a tháinig isteach go neamhrialta, a d'fhan istigh go neamhrialta nó a rinne iarracht teacht isteach i gcríoch na mBallstát le linn na gcúig bliana a chuaigh thart sular athlonnaíodh iad. Ní áireofar lena nathlonnú na daoine sin atá athlonnaithe cheana féin ag Ballstát eile de réir scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais nó i gcur chun feidhme thionscnaimh athlonnaithe an Aontais atá ann cheana. Tá feidhm ag eisiamh freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát ar dhiúltaigh Ballstát iad a athlonnú sna cúig bliana a chuaigh thart sular athlonnaíodh iad.

Is é atá beartaithe leis an fhoras eisiaimh roghnach ná go bhféadfaidh Ballstáit diúltú náisiúnaigh tríú stát nó daoine gan stát á bhfuil feidhm prima facie ag ceann amháin de na forais eisiaimh dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) d'Airteagail 6(1) ina leith.

Féadfaidh Ballstáit socruithe comhairliúcháin a dhéanamh roimh ré leis na forais eisiaimh a chur i bhfeidhm.

Nósanna Imeachta Athlonnaithe Caighdeánacha

Sa togra seo leagtar amach nósanna imeachta comhchoiteanna caighdeánacha ag tógáil ar eispéireas agus ar chaighdeáin an mBallstát, lena náirítear na Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc a leagtar síos i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016. Ba cheart go gceadódh Creat Athlonnaithe an Aontais dhá nós imeachta athlonnaithe: Gnáthnós imeachta athlonnaithe agus nós imeachta athlonnaithe brostaithe. Déanfaidh gach scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais Cinneadh maidir le cé acu de na rialacha nós imeachta caighdeánacha seo a mbeadh feidhm acu maidir lena cur chun feidhme.

(a)Gnáthnós imeachta

Léiríonn an gnáthnós imeachta na caighdeáin agus na cleachtais athlonnaithe a bhíonn in úsáid de ghnáth ag Ballstáit. Tá sé bunaithe ar chinneadh sa tríú tír maidir le lánstádas dídeanaí agus ar Bhallstáit, más féidir, stádas dídeanaí, nó stádas coimhdeach a dheonú do na náisiúnaigh athlonnaithe tríú tír nó do na daoine gan stát. Ba cheart an nós imeachta a chur i gcrích a luaithe is féidir agus laistigh d'ocht mí ón uair a chláraigh Ballstáit na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát. Féadfar an tréimhse seo a fhadú le ceithre mhí.

Ar áireamh sa nós imeachta tá na céimeanna mionsonraithe seo:

Sainaithníonn Ballstáit daoine dá bhfuil sé beartaithe acu an nós imeachta athlonnaithe a dhéanamh ceachtar acu tríd an tarchur ó UNHCR nó i gcás inarb infheidhme, ón [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] nó ó chomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha, nó uathu féin, gan tarchur den sórt sin. Agus a sainaithint á bunú ar tharchur ó cheann amháin de na heintitis seo, féadfaidh Ballstáit measúnú iomlán a iarraidh orthu maidir le cé acu comhlíonann nó nach gcomhlíonann na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát na ceanglais le haghaidh scéime athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais agus an dtagann nó nach dtagann siad faoi cheann de na catagóirí leochaileachta a leagtar amach i bpointe (b)(i) d'Airteagal 5. I gcás tarchuir ó UNHCR féadfaidh Ballstáit iarraidh ar an UNHCR freisin measúnú iomlán a dhéanamh an gcáilíonn na daoine atreoraítear chucu mar dhídeanaithe de réir bhrí Choinbhinsiún na Ginéive 1951.

Tar éis dóibh na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát a chlárú a bhfuil sé beartaithe acu an nós imeachta athlonnaithe a chur i gcrích ina leith, déanfaidh Ballstáit measúnú an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na daoine seo na critéir cáilitheachta a leagtar amach in Airteagal 5 agus an bhfuil siad eisiata i gcomhréir leis na forais a leagtar amach in Airteagal 6(1).

I gcás ina ndéantar Cinneadh deimhneach tabharfaidh Ballstáit stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí do na daoine a bheidh le hathlonnú. Maidir le Cinneadh stádas dídeanaithe nó stádas cosanta coimhdí a thabhairt is ionann na héifeachtaí a ghabhann leis agus Cinneadh le stádas dídeanaí a thabhairt nó stádas cosanta coimhdí a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 19 den [Rialachán Cáilitheachta], a luaithe a iontrálann an duine lena mbaineann i gcríoch Ballstáit.

Tar éis cinnidh dheimhnigh, ofrálfaidh Ballstáit go ndéanfaidh siad na socruithe ar fad is gá maidir le himeacht na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát agus, d'fhonn lánpháirtíocht thapa, réidh agus éifeachtach sa tsochaí aíochta a éascú, ofrálfaidh siad clár insealbhaithe réamhimeachta.

Ba cheart aon sonraí pearsanta a bhaileofar chun críche an nóis imeachta athlonnaithe a stóráil go ceann cúig bliana ar a mhéid ó dháta an athlonnaithe. Meastar go bhfuil an tréimhse stórála sin riachtanach chun go bhféadfadh Ballstáit gan náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá athlonnaithe cheana féin i mBallstát eile nó a dhiúltaigh, sna cúig bliana a chuaigh thart athlonnú chuig Ballstát, dá bhforáiltear sa togra seo, a chur san áireamh le nathlonnú.

A luaithe a thagann an duine dá ndéantar Cinneadh deimhneach athlonnaithe isteach i gcríoch na mBallstát, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha maidir lena bhfuil sa chosaint idirnáisiúnta atá san acquis tearmainn, lena náirítear na rialacha chun tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a spreagadh gan tabhairt faoi ghluaiseachtaí tánaisteacha atá i Rialachán Bhaile Átha Cliath 19 agus sa Treoir Um Chónaí Fadtéarmach arna leasú leis an Rialachán Cáilitheachta 20 .

Ba cheart go náireofaí athlonnú mar an bealach tosaíochta chuig cosaint idirnáisiúnta i gcríoch na mBallstát agus níor cheart go ndéanfadh nós imeachta tearmainn dúbailt air. Dá réir sin, ní bheadh sé inghlactha glacadh le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhair daoine a athlonnaíodh via gnáthnós imeachta, a bhfuil measúnú iomlán ina leith maidir lena gcáilitheacht mar dhídeanaí agus lena nincháilitheacht mar thairbhí cosanta coimhdí.

(b)Nós imeachta brostaithe

Tugann an nós imeachta brostaithe léiriú ar an chur chuige a comhaontaíodh sna Nósanna Imeachta Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc a leagtar amach i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016. Foráiltear é le haghaidh cásanna ina bhfuil forais dhaonnúla shonracha nó riachtanais dhlíthiúla nó cosanta fisiciúla phráinneacha, a chiallaíonn gur gá náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ligean isteach go tapa chuig críoch na mBallstát. Ba cheart nós imeachta den sórt sin a sheoladh a luaithe is féidir agus laistigh de 4 mí ón uair a chláraigh Ballstáit na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát. Féadfar an tréimhse seo a fhadú le dhá mhí. Ainneoin gur cheart go ndéanfaí seiceálacha slándála atá ar comhleibhéal leo sin sa ghnáthnós imeachta, ba cheart an measúnú ar riachtanais chosanta idirnáisiúnta náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a bheith teoranta do mheasúnú ar a nincháilitheacht ar chosaint choimhdeach gan measúnú a dhéanamh ar a gcáilitheacht i gcomhair stádas dídeanaí.

I gcodarsnacht leis an méid is infheidhme sa ghnáthnós imeachta, nuair a athlonnaítear daoine tríd an nós imeachta brostaithe, gan a gcáilitheacht mar dhídeanaí a mheasúnú, ar a ligean isteach sa Bhallstát athlonnaitheach ba cheart go mbeadh lánchead acu iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta. Ba cheart go mbeadh an Ballstát dá nathlonnaítear an duine a bheith freagrach as an scrúdú a dhéanamh ar iarratas den sórt. Ba cheart go dtuigfí sa Rialachán Um Nósanna Imeachta Tearmainn nach gcuireann Ballstáit chun feidhme coincheapa ón chéad tír tearmainn agus ón tríú tír shábháilte nuair atá an tiarratas á scrúdú acu 21 .

(c)Cumhachtaí tarmligthe chun nósanna imeachta caighdeánacha a leasú

Ba cheart solúbthacht áirithe a sholáthar lena gcuirfear in oiriúint an nós imeachta caighdeánach le freastal ar chúinsí sonracha tríú tír óna bhfuil athlonnú ag tarlú faoi scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais. Trí ghníomhartha tarmligthe, de réir an nóis imeachta a leagtar amach in Airteagal 11, údaraítear don gCoimisiún gnéithe neamhriachtanacha a chur leis an nós imeachta más gá.

Nósanna imeachta cinnteoireachta

Sa togra seo leagtar amach creat lena mbeartaítear struchtúrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfidh an tAontas gealltanais athlonnaithe chun feidhme. D'fhonn go bhféadfar freagairt do shreabha imirce aistreacha agus do chúinsí idirnáisiúnta athraitheacha, áfach, ní chinntear sa chreat ann féin roinnt gnéithe athraitheacha, eadhon scála an athlonnaithe agus na tríú tíortha nó réigiúin sonracha óna dtarlóidh athlonnú.

(a)Coiste Athlonnaithe Ardleibhéil

Bunófar Coiste Athlonnaithe Ardleibhéil faoi chathaoirleacht an Choimisiúin le Treoir pholaitiúil a thabhairt maidir le cur chun feidhme Chreat Athlonnaithe an Aontais.

Beidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach agus Slándála, agus na Ballstáit rannpháirteach sa choiste chomh maith le hionadaithe ón Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, agus an Eilvéis má tá curtha in iúl ag na Stáit Chomhlachaithe seo go bhfuil sé beartaithe acu a bheith bainteach le cur chun feidhme Chreat Athlonnaithe bliantúil an Aontais. Féadfaidh sé freisin go niarrfar ar [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh Um Thearmann], an UNHCR agus IOM.

(b)Gníomh cur chun feidhme ón gComhairle lena mbunaítear plean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais

Údaraítear an Chomhairle le plean athlonnaithe bliantúil Aontais a bhunú, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ar thogra ón gCoimisiún, don chéad bhliain eile lena gcinntear an tuaslíon daoine a athlonnófar agus an líon daoine a athlonnóidh gach Ballstát laistigh den líon iomlán seo. Ba cheart go gcuirfí in iúl sa phlean bhliantúil freisin na tosaíochtaí athlonnaithe geografacha foriomlána. Agus gníomhartha den sórt á nglacadh ba cheart don Chomhairle an plé laistigh den gCoiste Athlonnaithe Ardleibhéil a chur san áireamh go huile agus go hiomlán maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme.

Mar gheall ar an nasc tábhachtach a bheith ann idir an líon daoine a athlonnaíodh chuig na Ballstáit agus buiséad an Aontais, déanfaidh an Coimisiún a togra do phlean athlonnaithe bhliantúil an Aontais mar aon lena thogra maidir le dréachtbhuiséad bliantúil an Aontais agus na hiarmhairtí airgeadais á gcur san áireamh. Ba cheart go bhféadfadh an Chomhairle freagairt go tapa agus gníomh cur chun feidhme a ghlacadh laistigh de dhá mhí. Ainneoin nach bhfuil aon ráiteas airgeadais reachtach i gceangal leis an togra reachtach seo, beidh impleachtaí airgeadais an Rialacháin ag brath ar an líon iomlán daoine a bheidh lena nathlonnú gach bliain.

(c)Gníomh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais

Údaraítear an Coimisiún le scéim athlonnaithe spriocdhírithe amháin nó níos mó de chuid an Aontais a bhunú gach bliain. Ba cheart go dtarlódh seo a luaithe is féidir tar éis plean athlonnaithe bliantúil an Aontais a ghlacadh agus é a bheith comhsheasmhach leis agus go gcuirfí san áireamh freisin an plé sa Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil. Féadfaidh an Coimisiún scéim athlonnaithe spriocdhírithe amháin nó níos mó de chuid an Aontais a ghlacadh le linn thréimhse plean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais.

I gcás gach scéime athlonnaithe de chuid an Aontais leagfaidh an Coimisiún amach cosaint mhionsonraithe, an líon beacht as measc an líon iomlán daoine a bheidh le hathlonnú agus rannpháirtíocht na mBallstát mar a leagtar amach i bplean athlonnaithe bliantúil an Aontais, chomh maith le cur síos ar an spriocghrúpa/na spriocghrúpaí de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bheidh le hathlonnú agus ainmneoidh siad ceantar geografach sonrach a ina gcumhdófar tríú tír amháin nó níos mó óna dtarlóidh athlonnú. Déanfar tosaíochtaí geografacha athlonnaithe a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 4 den togra reachtach, agus an plean athlonnaithe bliantúil á chur san áireamh agus ar mhaithe le ról féideartha athlonnaithe i rannpháirtíocht shaincheaptha le tríú tíortha chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce dá bhforáiltear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2016 maidir le Creat Comhpháirtíochta nua a bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 22 .

Sonrófar freisin dáta seolta agus fad gach scéime athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais agus cé acu nós imeachta caighdeánach a bheidh i bhfeidhm. Ba cheart breathnú ar ghnáthnós imeachta mar an norm, mura rud é go bhfuil gá le nós imeachta brostaithe ar chúinsí daonnúla, nó mar gheall ar riachtanais phráinneacha maidir le cosaint dhlí nó le cosaint fhisiciúil.

Comhar

Is gníomhaíocht chomhpháirtíochta é athlonnú agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar i measc geallsealbhóirí éagsúla, lena náirítear na tríú tíortha, óna bhfuil daoine á nathlonnú. D'fhéadfaí comhar le tríú tíortha eile óna bhfuil daoine á nathlonnú ón réigiún céanna le Ballstáit a fhiosrú chun sineirgí a chruthú. I bhfianaise an tsaineolais atá ag an UNHCR maidir le héascaíocht a dhéanamh ar na foirmeacha éagsúla um ligean isteach daoine ó thríú tíortha a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, dá neasáitíodh iad chuig Stáit a thoiligh iad a ligean isteach, leanfaidh UNHCR de ról tábhachtach a bheith acu maidir le daoine a athlonnú faoin togra seo.

I gcomhréir le [Gníomhaireacht nua an Aontais Eorpaigh um Rialú Tearmainn] féadfaidh [Gníomhaireacht um Thearmann an Aontais Eorpaigh] tacú le Ballstáit thrí bhíthin comhar teicniúil a chomhordú eatarthu, cabhrú leo chun scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme, agus comhroinnt an bhonneagair a éascú.

D'fhonn socruithe praiticiúla a chun chun feidhme, agus go háirithe d'fhonn cláir insealbhaithe réamhimeachta, seiceálacha míochaine oiriúnach le haghaidh taistil agus socruithe praiticiúla eile a dhéanamh, féadfaidh sé go niarrfaidh Ballstáit ar chomhpháirtithe eile amhail IOM nó eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta cabhrú leo.

Stáit Chomhlachaithe

Iarrtar ar an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, agus an Eilvéis a bheith comhlachaithe le cur chun feidhme phleananna athlonnaithe bliantúla an Aontais. I gcás gur chuir siad in iúl gur rún dóibh a bheith comhlachaithe, iarrfar ar a nionadaithe freastal ar chruinnithe an Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil. I gcomhlachas den sórt sin cuirfear san áireamh go tráthúil croí-ghnéithe an Rialacháin seo, go háirithe iad sin a bhaineann leis an nós imeachta athlonnaithe agus le cearta agus oibleagáidí daoine athlonnaithe.

Tacaíocht airgeadais

I gcás Ballstáit atá rannpháirteach i Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF), beidh siad i dteideal cnapshuim de EUR 10 000 ó bhuiséad an Aontais i leith gach duine a athlonnaíonn siad, is cuma ar úsáideadh gnáthnós imeachta nó nós imeachta brostaithe. Is trí Chreat Athlonnaithe an Aontais amháin a gheobhaidh Ballstáit na suimeanna seo agus iad i mbun athlonnaithe. Ní thabharfar tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais i gcás athlonnuithe a tharlóidh de réir scéimeanna athlonnaithe náisiúnta lasmuigh den chreat seo.

Meastóireacht agus Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in am cuí ar mhaithe le hathbhreithniú ar an Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfaí an tathbhreithniú ar an togra reachtach seo ag an am céanna leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht mar gheall ar na dlúthnaisc idir an dá ghníomh.

Beifear in ann an fhaisnéis a thabharfaidh Ballstáit do Ghníomhaireacht um Thearmann an Aontais ar an líon de náisiúnaigh tríú tír a athlonnaítear ar bhonn seachtainiúil a úsáid sa mheastóireacht.

2016/0225 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Creat Athlonnaithe an Aontais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2)(d) agus (g) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 23 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 24 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ghnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Sainaithníodh sna Conclúidí ón gComhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 10 Deireadh Fómhair 2014 gur cheart, agus na hiarrachtaí atá déanta ag Ballstáit a ndéanann sreabha imirce difear dóibh á gcur san áireamh, gur cheart do na Ballstáit ar fad a gcion a dhéanamh maidir le [hathlonnú] ar bhealach cóir agus cothrom 25 .

(2)Ina Theachtaireacht ar Chlár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 26 an 13 Bealtaine 2015, leag an Coimisiún amach an gá maidir le cur chuige comhchoiteann i leith daoine easáitithe, a bhfuil cosaint de dhíth orthu, a chosaint trína nathlonnú.

(3)Ar an 8 Meitheamh 2015 chuir an Coimisiún Moladh maidir le Scéim Athlonnaithe Eorpach 27 faoi bhráid na mBallstát, bunaithe ar eochair dháilte chothrom. Ina dhiaidh sin tháinig Conclúidí ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ó chruinniú sa gComhairle an 20 Iúil 2015 chun 22 504 duine a athlonnú, trí scéimeanna iltaobhacha agus náisiúnta, ar léir go raibh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu 28 . Rinneadh na háiteanna athlonnaithe a leithdháileadh idir Ballstáit agus Stáit Chomhlachaithe Bhaile Átha Cliath i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis na Conclúidí.

(4)Ar an 15 Nollaig 2015, dhírigh an Coimisiún Moladh le haghaidh Scéim Shaorálach Dhaonnúil leis an Tuirc don Ligean Isteach 29 ar na Ballstáit agus ar na Stáit Chomhlachaithe inar moladh go ligfeadh Stáit rannpháirteacha isteach daoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht sa tSiria a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. De réir Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016 cuirfear Scéim Shaorálach Dhaonnúil don Ligean Isteach i ngníomh a luaithe a bheidh deireadh ag teacht le transnuithe neamhrialta idir an Tuirc agus an tAontas Eorpach, nó a luaithe a bheidh laghdú suntasach inbhuanaithe orthu ar a laghad. Tabharfaidh Ballstáit rannchuidiú maidir leis an scéim seo ar bhonn deonach.

(5)I gcomhréir le Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016 sheolfaí ar ais chuig an Tuirc, ón 20 Márta 2016 ar aghaidh, gach inimirce neamhrialta nua a thrasnódh ón Tuirc isteach in oileáin na Gréige. In aghaidh gach Siriach a chuirfí ar ais chuig an Tuirc ó oileáin na Gréige, athlonnófar Siriach eile ón Tuirc chuig an Aontas agus Critéir Leochaileachta na Náisiún Aontaithe á gcur san áireamh. I mBealtaine 2016, tháinig na Ballstáit agus Stáit Chomhlachaithe Bhaile Átha Cliath ar chomhaontú i dtaca le Nósanna Imeachta Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe seo.

(6)Ar an 6 Aibreán 2016, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i dTreo Comhchóras Tearmainn na hEorpa a leasú agus bealaí dlíthiúla chuig an Eoraip a fheabhsú 30 inar fhógraíodh go leagfadh sé amach togra le haghaidh córas athlonnaithe struchtúraithe lena leagfaí síos creat an Aontais maidir le hathlonnú agus lena ndéanfaí foráil maidir le cur chuige comhchoiteann don teacht isteach san Aontas go sábháilte agus go dleathach le haghaidh daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu.

(7)Ar an 12 Aibreán 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa togra ar an Staid sa Mheánmhuir agus ar an ngá le cur chuige iomlánaíoch AE i leith Imirce 31 inar cuireadh in iúl go láidir gur gá clár athlonnaithe buan uile-Aontais a bheith ann, chun athlonnú a a chur ar fáil do líon fóinteach dídeanaithe, agus aird á tabhairt ar an líon foriomlán dídeanaithe a bhfuil cosaint san Aontas á lorg acu.

(8)Agus forbairt á déanamh ar na tionscnaimh atá ann cheana, ba cheart Creat Athlonnaithe an Aontais, ar creat daingean iontaofa é, a bhunú le haghaidh daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a athlonnú, creat a bheidh le cur chun feidhme i gcomhréir le pleananna athlonnaithe bliantúla de chuid an Aontais agus scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais lena gcuirtear gealltanais nithiúla na mBallstát i gcrích go héifeachtach.

(9)Tá creat den sórt seo riachtanach mar chuid de bheartas imirce dea-bhainistithe chun éagsúlachtaí i gcleachtais agus i nósanna imeachta náisiúnta a laghdú, foráil a dhéanamh le gur féidir náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu teacht isteach go dleathach agus go shábháilte ar chríoch na mBallstát, cabhrú chun an riosca laghdú go mbeidh plódú neamhrialta mórscála de náisiúnaigh tríú tír agus de dhaoine gan stát chuig críoch na mBallstát, agus an brú ar chórais thearmainn na mBallstát mar gheall ar dhaoine theacht isteach gan choinne a laghdú dá réir, chun léiriú dlúthpháirtíochta a dhéanamh le tíortha i réigiúin dar easáitíodh nó inar easáitíodh líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí chabhrú chun an brú ar na tíortha sin a mhaolú, cabhrú chun cuspóirí beartas eachtrach an Aontais a bhaint amach trí thionchar an Aontais i leith tríú tíortha a mhéadú, agus cabhrú go héifeachtach i dtaca le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda trí labhairt d'aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha.

(10)Chun cabhrú an riosca go mbeidh plódú neamhrialta mórscála isteach de náisiúnaigh tríú tír agus de dhaoine gan stát chuig críoch na mBallstát a laghdú, dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin dar easáitíodh nó inar easáitíodh líon mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí chabhrú chun an brú ar na tíortha sin a mhaolú, agus chun cabhrú chun cuspóirí beartas eachtrach an Aontais a bhaint amach, ba cheart do na réigiúin nó na tríú tíortha óna mbeidh daoine á nathlonnú rannpháirtíocht shaincheaptha a oibriú isteach le tríú tíortha le gur fearr a bheifear in ann imirce a bhainistiú mar dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2016 maidir le Creat Comhpháirtíochta nua a Bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce 32 .

(11)Chun éagsúlachtaí i gcleachtais agus i nósanna imeachta náisiúnta a laghdú, ba cheart nósanna imeachta comhchoiteanna agus critéir cháilitheachta agus forais eisiaimh chomhchoiteanna i leith an roghnúcháin a leagan síos, chomh maith le stádas cosanta comhchoiteann a thabharfar do dhaoine athlonnaithe.

(12)Ba cheart go ndéanfadh na nósanna imeachta comhchoiteanna forbairt ar an taithí agus ar chaighdeáin na mBallstát maidir le hathlonnú, go háirithe na Nósanna Imeachta Oibriúcháin Caighdeánacha lena dtreoraítear cur chun feidhme na scéime athlonnaithe leis an Tuirc a leagtar amach i Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016. Ba cheart go gceadódh Creat Athlonnaithe an Aontais dhá chineál nós imeachta athlonnaithe caighdeánach a úsáid.

(13)Cuimsítear na céimeanna seo a leanas sa dá chineál nós imeachta: sainaithint, clárú, measúnú agus cinneadh.

(14)Ba cheart gnáthnós imeachta a leagan síos lena gceadófaí measúnú iomlán a dhéanamh ar na riachtanais chosanta idirnáisiúnta atá ag náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát.

(15)Ba cheart nós imeachta brostaithe a bhunú, a mbeidh seiceálacha slándála aige atá ar comhleibhéal leo sin atá sa ghnáthnós imeachta. Mar sin féin, sa nós imeachta brostaithe, ba cheart an measúnú ar riachtanais chosanta idirnáisiúnta náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát a bheith teoranta do mheasúnú ar a nincháilitheacht ar chosaint choimhdeach agus nach ndéanfaí measúnú ar a incháilitheacht do stádas dídeanaí.

(16)Ba cheart an nós imeachta athlonnaithe a chur i gcrích a luaithe is féidir chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu gan bealaí neamhrialta a úsáid le teacht isteach san Aontas Eorpach chun cosaint a lorg. Ag an am céanna, ba cheart go náiritheofaí leis go mbeidh go leor ama ag Ballstáit chun scrúdú iomlán leordhóthanach a dhéanamh ar gach cás. Ba cheart go mbeadh na teorainneacha ama ag freagairt don mhéid is gá chun na cineálacha éagsúla measúnaithe a dhéanamh dá bhforáiltear sa ghnáthnós imeachta agus sa nós imeachta brostaithe.

(17)Ba cheart aon sonraí pearsanta a bhaileofar chun críche an nóis imeachta athlonnaithe a stóráil go ceann cúig bliana ar a mhéid ó dháta an athlonnaithe. Ó tharla nár cheart go gcuirfí san áireamh lena nathlonnú chuig Ballstát eile náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a d'athlonnaigh Ballstát amháin cheana féin nó a dhiúltaigh glacadh le hathlonnú chuig Ballstát sna cúig bliana a chuaigh thart, ba cheart breathnú ar an tréimhse sin mar thréimhse riachtanach chun sonraí pearsanta a stóráil, lena náirítear méarloirg agus íomhánna aghaidhe.

(18)Ba cheart an rogha maidir leis nós imeachta athlonnaithe a dhéanamh i leith gach scéime athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais. Féadfaidh sé go bhfuil gá le nós imeachta brostaithe ar chúinsí daonnúla, nó mar gheall ar riachtanais phráinneacha maidir le cosaint dhlíthiúil nó le cosaint fhisiciúil.

(19)Níl aon cheart suibiachtúil ann a bheith athlonnaithe.

(20)Chun a bheith in ann forlíonadh a dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear an nós imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm i scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais, ba cheart an chumhacht a tharmligean don gCoimisiún maidir le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun an nós imeachta a chur in oiriúint do na cúinsí sa tríú tír óna mbeidh daoine a nathlonnú, amhail Cinneadh a dhéanamh maidir le ról an tríú tír sin sa nós imeachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin seo i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 33 . Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun plean athlonnaithe bliantúil an Aontais a bhunú, lena leagfar síos an tuaslíon daoine a bheidh le hathlonnú, na sonraí maidir le rannpháirtíocht na mBallstát sa phlean agus a rannchuidiú i leith líon iomlán na ndaoine a bheidh le hathlonnú, chomh maith le tosaíochtaí geografacha foriomlána.

(22)Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar thogra ón gCoimisiún maidir le líon iomlán na ndaoine a bheidh le hathlonnú agus tosaíochtaí geografacha foriomlána. Ba cheart don Choimisiún a thogra a dhéanamh i gcomhthráth lena thogra maidir le dréachtbhuiséad bliantúil an Aontais. Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an gComhairle an togra a ghlacadh laistigh de dhá mhí. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle an plé sa Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil a chur san áireamh.

(23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún chun scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a bhunú ina leagfaí síos go cruinn an líon daoine a bheidh le hathlonnú agus rannpháirtíocht an Bhallstáit, i gcomhréir le plean Athlonnaithe bliantúil an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta i ndáil leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún 34 . Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a bhunú ós rud é go bhfuil impleachtaí móra ag na scéimeanna sin. Ba cheart é a bheidh d'aidhm ag an gCoimisiún scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a bhunú a luaithe is féidir tar éis plean athlonnaithe bliantúil an Aontais a ghlacadh agus aon uair is gá le linn na tréimhse a thagann faoi phlean athlonnaithe bliantúil an Aontais. Ba cheart don Choimisiún san áireamh an plé sa Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil a chur san áireamh.

(24)Ba cheart a chinneadh faoi gach scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais cé acu de na rialacha nós imeachta caighdeánacha a mbeidh feidhm acu nuair atá an scéim á cur chun feidhme. Ina theannta sin ba cheart socruithe comhair áitiúla a leagan amach nuair is iomchuí agus de réir mar is iomchuí lena cur chun feidhme a éascú.

(25)Ba cheart cosaint idirnáisiúnta a thabhairt do dhaoine athlonnaithe. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha maidir lena bhfuil sa chosaint idirnáisiúnta atá san acquis maidir le tearmainn ón am a sroicheann daoine athlonnaithe críoch na mBallstát, lena náirítear na rialacha chun gluaiseachtaí tánaisteacha tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta a dhíspreagadh.

(26)I gcomhréir leis an togra ón gCoimisiúin le haghaidh Rialachán lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) 35 , chun léiriú cuimsitheach a thabhairt ar iarrachtaí gach Ballstáit, ba cheart an líon daoine a athlonnaíodh go héifeachtach chuig Ballstát a chur le líon na niarratas ar chosaint idirnáisiúnta chun críche an sásra leithdháilte ceartaitheach atá beartaithe ag an gCoimisiún a ríomh.

(27)I bhfianaise saineolas UNHCR maidir le héascú a dhéanamh ar na foirmeacha éagsúla um ligean isteach do dhaoine, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, ó thríú tíortha, dá neasáitíodh iad, chuig Stáit a thoilíonn iad a ligean isteach, ba cheart ról tábhachtach a bheith i gcónaí ag UNHCR in iarrachtaí athlonnaithe a dhéantar faoi Chreat Athlonnaithe an Aontais. I dteannta UNHCR, ba cheart a iarraidh ar ghníomhaithe idirnáisiúnta eile, amhail an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) cabhrú leis na Ballstáit chun Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme.

(28)Ba cheart do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] cabhrú le Ballstáit maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir lena sainordú.

(29)Ba cheart Coiste Athlonnaithe Ardleibhéil a bhunú ionas go bhféadfaí dul i mbun comhairliúcháin ar bhonn leathan leis na geallsealbhóirí uile maidir le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme.

(30)Ba cheart tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí athlonnaithe na mBallstát le maoiniú iomchuí ó bhuiséad an Aontais. Chun feidhmiú ceart agus inbhuanaithe na scéimeanna athlonnaithe a chumasú teastaíonn leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 36 .

(31)Ní dhéanann an Rialachán seo aon difear do chumas na mBallstát scéimeanna athlonnaithe náisiúnta a ghlacadh nó a chur chun feidhme, nach gcuireann baint amach chuspóirí an Aontais i mbaol faoin Rialachán seo, mar shampla, sa chás go dtugann siad líon breise d'áiteanna athlonnaithe do scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a bunaítear de réir an Rialacháin seo sa bhreis ar a rannchuidiú i leith an tuaslíon daoine a bheidh le hathlonnú faoi phlean athlonnaithe bliantúil an Aontais.

(32)Ba cheart go náiritheofaí comhlántacht le tionscnaimh athlonnaithe agus dhaonnúla leanúnacha um ligean isteach a dhéantar laistigh de chreat an Aontais.

(33)Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ba cheart é a chur i bhfeidhm dá bhrí sin ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus prionsabail seo, lena náirítear maidir le cearta an linbh, an ceart ar urramú shaol an teaghlaigh agus prionsabal ginearálta an neamhidirdhealaithe.

(34)Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann údaráis na mBallstát faoi chuimsiú chreat an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

(35)Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann [Gníomhaireacht um Thearmann an Aontais Eorpaigh] faoi chuimsiú chreat an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 , chomh maith le [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX, Rialachán um Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 38 ] agus ba cheart go nurramódh sí prionsabal an riachtanais agus prionsabal na comhréireachta.

(36)Ba cheart feidhmiú an Rialacháin seo a athbhreithniú i gcomhthráth leis an athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.

(37)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an dá Bhallstát sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]

(37)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(37)[I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(37a)I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,, tá fógra tugtha ag Éirinn [, le litir an …,] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.]

(37)[I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe [, le litir an …,] gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(37a)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.]

(38)I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Creat Athlonnaithe an Aontais maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a ligean isteach ar chríoch na mBallstát d'fhonn cosaint idirnáisiúnta a thabhairt dóibh.

Airteagal 2
Athlonnú

Chun críocha an Rialacháin seo ciallaíonn ‘athlonnú’ náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a ligean isteach ó thríú tír dá neasáitíodh nó ina neasáitíodh iad chuig críoch na mBallstát d'fhonn cosaint idirnáisiúnta a thabhairt dóibh.

Airteagal 3
Creat Athlonnaithe an Aontais

Bunaítear leis seo Creat Athlonnaithe an Aontais.

Leagtar síos ann rialacha maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a athlonnú chuig críoch na mBallstát.

Déanfaidh Creat Athlonnaithe an Aontais na nithe seo a leanas:

(a)foráil a dhéanamh maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu bheith ag teacht isteach go dleathach agus go sábháilte ar chríoch na mBallstát;

(b)cabhrú chun an riosca maidir le hinsreabhadh neamhrialta mórscála de náisiúnaigh tríú tír agus daoine daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu chuig críoch na mBallstát a laghdú;

(c)rannchuidiú le tionscnaimh athlonnaithe idirnáisiúnta.

Airteagal 4
Réigiúin nó tríú tíortha óna mbeidh daoine le hathlonnú

Agus Cinneadh á dhéanamh maidir leis na réigiúin nó na tríú tíortha óna mbeidh le hathlonnú faoi chuimsiú Chreat Athlonnaithe an Aontais, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8, cuirfear san áireamh na tosca seo a leanas:

(a)an líon daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a easáitíodh chuig tríú tír nó a easáitíodh laistigh de thríú tír agus aon ghluaiseacht de na daoine sin ar aghaidh chuig críoch na mBallstát;

(b)comhlántacht leis an gcúnamh airgeadais agus teicniúil a thugtar do na tríú tíortha a rinneadh daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a easáitiú chucu nó laistigh díobh;

(c)caidreamh foriomlán an Aontais leis an tríú tír nó leis na tríú tíortha óna mbeidh daoine á nathlonnú, agus le tríú tíortha i gcoitinne;

(d)comhar éifeachtach tríú tír leis an Aontas i réimse na himirce agus an tearmainn, lena náirítear:

(i) laghdú ar líon na náisiúnach tríú tír agus na ndaoine gan stát a thrasnaíonn an teorainn go neamhrialta isteach i gcríoch na mBallstát ag teacht ón tríú tír sin;

(ii) na dálaí a chruthú le coincheapa na chéad tíre tearmainn agus an tríú tír shábháilte a úsáid maidir le hiarratasóirí ar thearmann a chur ar ais a thrasnaigh an teorainn isteach i gcríoch na mBallstát go neamhrialta ag teacht ón tríú tír lena mbaineann nó a bhfuil baint acu leis an tríú tír lena mbaineann;

(iii) méadú a dhéanamh ar chumas na tíre daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus atá ag fanacht sa tír sin, a ghlacadh agus a chosaint, lena náirítear córas tearmainn éifeachtach a fhorbairt; nó

(iv) méadú a dhéanamh ar an ráta ag a nathligtear isteach náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhrialta i gcríoch na mBallstát mar shampla trí bhíthin comhaontuithe um athligean isteach a thabhairt chun críche agus a chur chun feidhme go héifeachtach;

(e)scála agus inneachar na ngealltanas athlonnaithe atá déanta ag tríú tíortha.

Airteagal 5
Critéir incháilitheachta

Beidh na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát seo a leanas incháilithe do scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8:

(a)(i) náisiúnaigh tríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi go ndéanfar géarleanúint orthu mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, ar thuairim pholaitiúil nó ar iad a bheith ina mball de ghrúpa sóisialta ar leith agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as an gcosaint ón tír sin, nó daoine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo nó den chuid den tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo, nach bhfuil, mar gheall ar na cúiseanna céanna atá luaite thuas, in ann nó nach bhfuil toilteanach, de bharr eagla den sórt sin, filleadh ar an áit sin nó fanacht ann, nó, seachas sin,

(ii) náisiúnaigh tríú tír, atá lasmuigh de thír a náisiúntachta nó den chuid den tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo, nó daoine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo nó den chuid den tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo, agus ar léiríodh forais thromchúiseacha ina leith lena chreidiúint, ach iad filleadh ar a dtír tionscnaimh nó fanacht ann, nó filleadh ar an tír ina raibh gnáthchónaí orthu roimhe seo nó fanacht ann, go mbeidís i bhfíorbhaol a mórdhíobhála, agus nach bhfuil siad in ann nó, de bharr baol den sórt sin, nach bhfuil siad toilteanach leas a bhaint as an gcosaint ón tír sin;

(b)náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a thagann faoi chuimsiú ceann amháin de na catagóirí seo a leanas ar a laghad:

(i) daoine leochaileacha:

mná agus cailíní i mbaol;

leanaí agus ógánaigh i mbaol, lena náirítear leanaí neamhthionlactha;

daoine a d'fhulaing foréigean agus/nó céastóireacht, lena náirítear ar bhonn inscne;

daoine le riachtanais chosanta dhlíthiúla agus/nó fhisiceacha;

daoine le riachtanais mhíochaine nó míchumais; nó

daoine atá leochaileach ar bhonn socheacnamaíoch;

(ii) baill teaghlaigh náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát nó saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát:

an céile nó an páirtí neamhphósta, a bhfuil caidreamh seasmhach eatarthu, i gcás ina ndéileáiltear i ndlí nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar dhóigh is inchomparáide leis an dóigh a ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nó daoine gan stát;

leanaí mionaoiseacha na lánúineacha dá dtagraítear sa chéad fhleasc, nó leanaí mionaoiseacha náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát atá le hathlonnú, ar choinníoll nach bhfuil siad pósta, is cuma cé acu a rugadh nó nár rugadh iad taobh istigh den phósadh nó is cuma cé acu a uchtaíodh nó nár uchtaíodh iad mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta;

an tathair, an mháthair nó duine fásta eile atá freagrach as an mionaoiseach neamhphósta atá le hathlonnú, bíodh sin de réir dhlí nó de réir chleachtas an Bhallstáit ina bhfuil an duine fásta i láthair;

siblín nó siblíní na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá le hathlonnú;

náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá le hathlonnú atá i gcleithiúnas a linbh nó a dtuismitheora le haghaidh cúnaimh mar gheall ar thoircheas, leanbh nuabheirthe, breoiteacht throm, míchumas trom nó seanaois, ar choinníoll go raibh naisc teaghlaigh eatarthu sa tír thionscnaimh, go bhfuil an leanbh nó an tuismitheoir in ann aire a thabhairt don chleithiúnach agus gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn;

(c)náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 1D de Choinbhinsiún na Ginéive 1951, maidir le cosaint nó cúnamh ó orgáin nó gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe seachas Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (“UNHCR”);

(d)náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát nach bhfuil sé aitheanta ina leith ag údaráis inniúla na tíre ina bhfuil siad i láthair nó ina bhfuil siad i ndiaidh dul chun cónaithe go bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí acu a ghabhann le náisiúntacht na tíre sin a bheith acu, nó cearta agus oibleagáidí atá comhionann leo sin.

Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go bhféadfar aontacht an teaghlaigh idir na daoine dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) a choimeád.

Airteagal 6
Forais eisiaimh

1.Déanfar na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát seo a leanas a eisiamh ó scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 8:

(a)daoine dá bhfuil cúiseanna réasúnta ann lena mheas:

(i) go ndearna siad coir i gcoinne na síochána, coir chogaidh, nó coir i gcoinne na daonnachta, mar a shainítear sna hionstraimí idirnáisiúnta a tharraingíodh suas le foráil a dhéanamh i ndáil le coireanna den sórt sin;

(ii) go ndearna siad coir thromchúiseach;

(iii) go raibh siad ciontach i ngníomhartha atá contrártha le cuspóirí agus le prionsabail na Náisiún Aontaithe mar a leagtar amach iad sa Bhrollach agus in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe;

(b)daoine a bhfuil cúiseanna réasúnta ann lena mheas ina leith gur contúirt iad don phobal, do bheartas poiblí, do shlándáil, don tsláinte phoiblí nó do chaidrimh idirnáisiúnta an Bhallstáit atá i mbun scrúdúcháin ar an chomhad athlonnaithe, lena náirítear i gcás inar iarr Ballstát eile ar an Bhallstát atá ag scrúdú an chomhaid athlonnaithe comhairliúchán a dhéanamh leis an Bhallstát eile sin maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát sonracha nó catagóirí sonracha de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát, ar dhiúltaigh an Ballstát eile sin iad a athlonnú ar na forais sin;

(c)daoine a bhfuil foláireamh eisithe ina leith i gCóras Faisnéise Schengen nó i mbunachar sonraí de chuid Ballstáit chun críocha ligean isteach a dhiúltú;

(d)daoine a d'fhan go neamhrialta, a tháinig isteach go neamhrialta, nó a rinne iarracht teacht isteach i gcríoch na mBallstát go neamhrialta le linn na gcúig bliana roimh athlonnú;

(e)daoine atá athlonnaithe cheana ag Ballstát eile faoi chuimsiú chur chun feidhme an Rialacháin seo, na gConclúidí ó chruinniú Ionadaithe ó Rialtais na mBallstát laistigh den gComhairle 11097/15 an 20 Iúil 2015, Ráiteas AEna Tuirce an 18 Márta 2016, an Mholta ón gCoimisiún C(2015) 9490 an 15 Nollaig 2015, nó scéim athlonnaithe náisiúnta; agus

(f)daoine a dhiúltaigh Ballstáit iad a athlonnú le linn na gcúig bliana a chuaigh thart roimh athlonnú i gcomhréir leis an mhír seo.

Tá feidhm ag pointe (a) den mhír seo i dtaca le daoine a spreagann, nó atá rannpháirteach seachas sin, i ndéanamh na gcoireanna nó na ngníomhartha a luaitear ann.

2.Féadfar náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a eisiamh ó scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8 i gcás ina bhfuil feidhm prima facie ag ceann amháin de na forais eisiaimh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1.

Airteagal 7
Plean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais

1.Ar bhonn togra ón gCoimisiún, glacfaidh an Chomhairle plean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais sa bhliain roimh an bhliain ina mbeidh sé le cur chun feidhme.

2.Áireofar sa phlean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais:

(a)an tuaslíon daoine a bheidh le hathlonnú;

(b)sonraí maidir le rannpháirtíocht na mBallstát sa phlean athlonnaithe bliantúil de chuid an Aontais agus a rannchuiduithe i leith líon iomlán na ndaoine a bheidh le hathlonnú;

(c)tosaíochtaí geografacha foriomlána.

Airteagal 8
Scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais

1.Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais a bheidh comhsheasmhach le plean athlonnaithe bliantúil an Aontais a glacfar de bhun Airteagal 7. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.Beidh ar a laghad an méid seo a leanas i scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais:

(a)léiriú mionsonraithe ar an údar atá le scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais;

(b)an líon beacht daoine atá le hathlonnú den uaslíon iomlán de réir mar a leagtar amach é i bplean athlonnaithe bliantúil an Aontais dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 7(2) agus sonraí maidir le rannpháirteachas na mBallstát i scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais;

(c)sonrú na réigiún nó na dtríú tíortha óna mbeidh daoine á nathlonnú dá dtagraítear in Airteagal 4;

(d)i gcás inar gá, socruithe maidir le comhordú áitiúil agus comhar praiticiúil idir na Ballstáit, dá dtugann [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] tacaíocht i gcomhréir le hAirteagal 12(3), agus le tríú tíortha, agus UNHCR nó comhpháirtithe eile;

(e)tuairisc ar an ngrúpa sonrach nó ar na grúpaí sonracha de náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát lena mbainfidh scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais;

(f)cé acu an gnáthnós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10 nó an nós imeachta brostaithe a leagtar amach in Airteagal 11 a chuirfear i bhfeidhm ag cur in iúl go sonrach i gcás inar gá an dóigh a ndéanfar náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a shainaithint agus a mheasúnú agus an tráthchlár maidir le cinntí athlonnaithe a dhéanamh;

(g)an dáta a ghabhfaidh éifeacht le scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais agus an ré fad a mhairfidh sé.

Airteagal 9
Toiliú

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta athlonnaithe a leagtar síos in Airteagal 10 agus in Airteagal 11 maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a thug a dtoiliú go nathlonnófaí iad agus nár tharraing siar ina dhiaidh sin a dtoiliú, lena náirítear diúltú athlonnú chuig Ballstát ar leith.

Airteagal 10
Gnáthnós imeachta

1.Agus scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais á cur chun feidhme, sainaithneoidh Ballstáit náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát agus measúnóidh siad an dtagann na náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát sin faoi raon feidhme scéime athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais.

Féadfaidh Ballstáit tús áite inter alia a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ag a bhfuil:

(a)naisc teaghlaigh le náisiúnaigh tríú tír nó le daoine gan stát nó le saoránaigh de chuid an Aontais a chónaíonn go dleathach i mBallstát;

(b)naisc shóisialta nó chultúrtha, nó gnéithe eile a fhéadfaidh lánpháirtíocht a éascú sa Bhallstát rannpháirteach, ar choinníoll go bhfuil seo gan idirdhealú bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, gnéithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht le mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, gan dochar d'éagsúlachtaí sa láimhseáil is gá don mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(c)riachtanais chosanta nó leochaileachtaí ar leith.

2.Tar éis náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a shainaithint, cláróidh Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a bhfuil sé beartaithe acu an nós imeachta athlonnaithe a sheoladh ina leith:

(a)an tainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht agus sonraí pearsanta eile

(b)méarloirg na méar uile agus íomhá aghaidhe de gach náisiúnach tríú tír nó duine gan stát darb aois sé bliana ar a laghad;

(c)cineál agus uimhir aon doiciméid aitheantais nó taistil an náisiúnaigh tríú tír; agus

(d)dáta an chlárúcháin, an áit a ndéantar an clárúchán, agus an túdarás lena ndéantar an clárúchán.

Féadfar sonraí breise atá riachtanach chun mír 3 agus mír 4 a chur chun feidhme a bhailiú freisin tráth an chlárúcháin.

3.Déanfaidh Ballstáit measúnú ar cibé acu an sásaíonn nó nach sásaíonn na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát dá dtagraítear i mír 2 na critéir cháilitheachta atá leagtha amach in Airteagal 5 agus cibé acu an bhfuil siad eisiata nó nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 6(1).

Déanfaidh Ballstáit an measúnú sin bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach, lena náirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis ó UNHCR maidir le cibé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát mar dhídeanaithe nó ar bhonn agallaimh phearsanta nó ar theaglaim den dá cheann.

4.Déanfaidh Ballstáit Cinneadh maidir le náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a athlonnú bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3 a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná ocht mí ó cláraíodh iad. Féadfaidh Ballstáit an teorainn ama sin d'ocht mí a shíneadh de thréimhse nach faide ná ceithre mhí, i gcás go bhfuil ceisteanna casta fíorais nó dlí ann.

5.Stórálfaidh Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 go ceann cúig bliana ó dháta an athlonnaithe.

Ar dhul in éag don tréimhse sin, scriosfaidh Ballstáit na sonraí. Scriosfaidh Ballstáit sonraí a bhaineann le duine a bhain saoránacht aon Bhallstáit amach roimh dhul in éag na tréimhse sin a luaithe a fhaigheann an Ballstát amach go bhfuil saoránacht den sórt sin faighte ag an duine lena mbaineann.

6.I gcás go ndéanfar Cinneadh diúltach, ní dhéanfar an duine lena mbaineann a athlonnú.

7.I gcás go ndéanfar Cinneadh deimhneach, déanfaidh an Ballstát na nithe seo a leanas:

(a)stádas dídeanaí a thabhairt sa chás go gcáilíonn an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann mar dhídeanaí nó stádas cosanta coimhdí sa chás go bhfuil an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann incháilithe ar chosaint choimhdeach. Cuirfidh an Ballstát an an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát lena mbaineann ar an eolas faoin gCinneadh sin. Beidh na héifeachtaí céanna ag an gCinneadh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí a thabhairt agus atá Cinneadh maidir le stádas dídeanaí a thabhairt nó stádas cosanta coimhdí a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 19 de Rialachán AE Uimh. XXX/XXX [Rialachán Cáilitheachta], a luaithe a thagann an duine lena mbaineann isteach i gcríoch Ballstáit;

(b)a thairiscint go ndéanfaidh sé socruithe taistil lena náirítear seiceálacha leighis ar an inniúlacht taistil, agus aistriú saor in aisce chuig a gcríoch a sholáthar, agus áireofar leis an tairiscint sin, nuair is gá sin, go ndéanfar nósanna imeachta a éascú sa tríú tír ónar ligeadh an náisiúnach tríú tír nó an duine gan stát isteach;

(c)clár insealbhaithe réamhimeachta a thairiscint do náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát, a d'fhéadfadh faisnéis a chuimsiú maidir lena gcearta agus a noibleagáidí, ranganna teanga, agus faisnéis maidir le leagan amach sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil an Bhallstáit.

8.Chun an gnáthnós imeachta a chur chun feidhme, sula sainaithnítear náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát, féadfaidh Ballstáit iarraidh ar UNHCR, nó más infheidhme, [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] nó ar chomhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ndearna na heagraíochtaí sin measúnú iomlán orthu a chur chucu:

(a)cé acu an dtagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme scéim athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais; agus

(b)cé acu an dtagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme ceann de na catagóirí leochaileachta a leagtar amach i bpointe (b)(i) d'Airteagal 5.

Féadfaidh Ballstáit iarraidh ar UNHCR measúnú iomlán a dhéanamh maidir cé acu an gcáilíonn nó nach gcáilíonn náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe a tharchuireann UNHCR chucu de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive 1951.

Féadfaidh Ballstáit a iarraidh freisin go gcuirfí san áireamh inter alia na critéir a leagtar amach i bpointe (a) go pointe (c) de mhír 1.

9.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 leis na gnéithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 a fhorlíonadh chun an nós imeachta athlonnaithe a chur in oiriúint do na tosca sa tríú tír óna bhfuil an tathlonnú ag tarlú nuair is gá sin.

Airteagal 11
Nós imeachta brostaithe

I gcás go ndéanann gníomh cur chun feidhme an Choimisiúin lena nglactar scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais foráil maidir le nós imeachta brostaithe, agus de mhaolú ar Airteagal 10, i gcás Ballstát:

(1)ní dhéanfaidh siad measúnú ar cibé acu sásaíonn nó nach sásaíonn náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d'Airteagal 5;

(2)ní éileoidh siad ar UNHCR measúnú a dhéanamh an gcáilíonn nó nach gcáilíonn náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe de réir bhrí Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Ginéive 1951;

(3)déanfaidh siad Cinneadh maidir le hathlonnú a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná ceithre mhí ó chlárúchán an náisiúnaigh tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 10(2); féadfaidh Ballstáit an teorainn ama sin de cheithre mí a shíneadh de thréimhse nach mó ná dhá mhí, i gcás go bhfuil ceisteanna casta fíorais nó dlí ann.

(4)tabharfaidh siad stádas cosanta coimhdí do na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát lena mbaineann.

Measfar deireadh a bheith curtha leis an stádas cosanta coimhdí a tugadh de réir phointe (4) i gcás ina ndearnadh Cinneadh críochnaitheach maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a rinne tairbhí an stádais sin.

Airteagal 12
Comhar oibríochtúil

1.Chun cur chun feidhme scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe an Aontais a éascú, ceapfaidh Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta agus féadfaidh siad Cinneadh a dhéanamh oifigigh idirchaidrimh a cheapadh i dtríú tíortha.

2.Féadfaidh [Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] tacú le Ballstáit, lena náirítear trí chomhordú a dhéanamh ar chomhar teicniúil eatarthu, cabhrú leo maidir le scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme agus comhroinnt bhonneagair a éascú i gcomhréir le [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann 39 )].

3.Chun scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a chur chun feidhme, agus go háirithe chun cláir insealbhaithe réamhimeachta, seiceálacha leighis ar an inniúlacht taistil, socruithe taistil agus socruithe praiticiúla eile a dhéanamh, féadfaidh comhpháirtithe cabhrú le Ballstáit i gcomhréir le socruithe comhordaithe agus praiticiúla áitiúla i dtaca le scéimeanna athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais a bunaítear i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 8(2).

Airteagal 13
Coiste Athlonnaithe Ardleibhéil

1.Bunófar Coiste Athlonnaithe Ardleibhéil ar a mbeidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach agus Slándála, agus ó na Ballstáit. Féadfaidh cuireadh a thabhairt do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh Um Thearmann], UNHCR agus IOM. Tabharfar cuireadh d'ionadaithe ón Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis freastal ar chruinnithe den Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil má tá curtha in iúl acu gur rún dóibh a bheith bainteach le cur chun feidhme phlean athlonnaithe bliantúil an Aontais.

2.Déanfaidh an Coimisiún cathaoirleacht ar an gCoiste Athlonnaithe Ardleibhéil. Beidh cruinniú aige aon uair is gá sin ar chuireadh ón gCoimisiún nó ar iarratas ó Bhallstát agus beidh cruinniú amháin ar a laghad sa bhliain aige.

3.Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Choiste Athlonnaithe Ardleibhéil ar cheisteanna a bhaineann le Creat Athlonnaithe an Aontais a chur chun feidhme.

Airteagal 14
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 10(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 40 .

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 10(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 15
An nós imeachta coiste

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16
Comhlachas leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis

Iarrfar ar an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis a bheith comhlachaithe le cur chun feidhme phlean athlonnaithe bliantúil an Aontais. Sa chomhlachas sin cuirfear san áireamh go tráthúil príomheilimintí an Rialacháin seo, go háirithe iad sin a bhaineann leis an nós imeachta athlonnaithe agus le cearta agus oibleagáidí daoine athlonnaithe.

Airteagal 17
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014

Déanfar Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 a leasú mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, scriostar pointe (d) de mhír 2.

(2)Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a) ciallaíonn 'athlonnú’ daoine tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ó thríú tír dá neasáitítear nó ina neasáitítear iad a ligean isteach ar chríoch ceann de na Ballstáit d'fhonn cosaint idirnáisiúnta a thabhairt dóibh’;

(b)cuirtear isteach na pointí (aa) agus (ab) seo a leanas:

‘(aa) ciallaíonn Creat Athlonnaithe an Aontais’ Creat Athlonnaithe an Aontais arna bhunú i gcomhréir le [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán um Chreat Athlonnaithe)];

‘(ab) ciallaíonn ‘scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais’ scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 15(2) [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán um Chreat Athlonnaithe)]’.

(3)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

'Airteagal 17

Acmhainní le haghaidh Creat Athlonnaithe an Aontais

1.Sa bhreis ar an leithdháileadh a ríomhtar dóibh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 15(1), gheobhaidh Ballstáit cnapshuim de EUR 10 000 in aghaidh gach duine a athlonnófar i gcomhréir le scéim athlonnaithe spriocdhírithe de chuid an Aontais.

2.Déanfar an tsuim dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar na Ballstáit sna cinntí maoinithe aonair lena gceadaítear a gclár náisiúnta athbhreithnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 514/2014.

3.Cuirfidh gach Ballstát dá leithdháiltear suim dá dtagraítear i mír 1 an líon daoine atá incháilithe don tsuim san áireamh sna cuntais bhliantúla dá bhforáiltear in Airteagal 39. Ní bheidh aistrithe den tsuim seo chuig gníomhartha eile faoin chlár náisiúnta indéanta mura ndéanfaidh an Coimisiún iad a cheadú go sainráite trí bhíthin athbhreithniú ar an chlár náisiúnta.

4.Coinneoidh Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine athlonnaithe agus dáta a nathlonnaithe a shainaithint i gceart.

5.Ní dhéanfar aon difear do leithdháiltí a rinneadh roimh [dáta theacht i bhfeidhm [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (An Rialachán um Chreat Athlonnaithe)]’

(4)cuirtear an téarma ‘Creat Athlonnaithe an Aontais’ in ionad an téarma ‘Clár Athlonnaithe an Aontais’.

(5)Scriosta Iarscríbhinn III.

Airteagal 18
Meastóireacht agus Athbhreithniú

1.Faoin 31 Nollaig 2018, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit.

2.Cuirfidh Ballstáit ar fáil don gCoimisiún agus do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] an fhaisnéis is gá chun a thuarascáil a dhéanamh chun críche mhír 1 maille leis an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do [Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann] ar an líon de náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a athlonnaíodh go héifeachtach ar bhonn seachtainiúil mar a leagtar síos in Airteagal 22(3) de [Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath)].

3.Ar bhonn an togra ón gCoimisiún, agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 á cur san áireamh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020.

Airteagal 19
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1) COM(2015) 240 final.
(2) Amnesty International, CCME, ECRE, ICMC, agus Save me.
(3) COM(2016) 197 final.
(4) 11097/15.
(5) C(2015) 3560 final.
(6) Tag do thuarascáil a ghlacfar ar an 13 Iúil.
(7) C(2015) 9490.
(8) COM(2016) 171 final.
(9) COM(2016) 270 final.
(10) COM(2016) 272 final.
(11) COM(2016) 271 final.
(12) COM(2016) xxx final.
(13) COM(2016) xxx final.
(14) COM(2016) xxx final.
(15) COM(2016) 377 final.
(16) COM(2016) 385 final.
(17) Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Cáilitheachta).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 562/2006. (Cód Teorainneacha Schengen).
(19) Airteagal 34(3) Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Bhaile Átha Cliath).
(20) Airteagal 44 Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán Cáilitheachta).
(21) Airteagal 36(2) Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX (Rialachán um Nósanna Imeachta Tearmainn).
(22) COM(2016) 385 final.
(23) IO C , , lch. .
(24) IO C , , lch. .
(25) Conclúidí ón gComhairle maidir le “Beart a dhéanamh chun sreabha imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr”, cruinniú de chuid na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 10 Deireadh Fómhair 2014.
(26) COM(2015) 240 final.
(27) C(2015) 3560 final.
(28) 11097/15.
(29) C(2015) 9490.
(30) COM(2016) 197 final. 
(31) 2015/2095(INI).
(32) COM(2016) 377 final.
(33) IO L 123, 12.05.2016, lch. 1.
(34) IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.
(35) COM(2016) 270 final.
(36) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.05.2014, lch. 168).
(37) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(38) IO L […], […], lch. […].
(39) IO L […], […], lch. […].
(40) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.