An Bhruiséil,11.3.2016

COM(2016) 134 final

2016/0074(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena n
x001e
aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

{SWD(2016) 56 final}
{SWD(2016) 57 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is éard atá i mbearta teicniúla rialacha lena rialaítear cén chaoi agus cén áit ar féidir le hiascairí iascaireacht a dhéanamh. Is é is aidhm dóibh an ghabháil is féidir a thógáil le hiarracht iascaireachta áirithe a rialú agus tionchair na hiascaireachta ar an éiceachóras a laghdú a oiread is féidir. Is cuid dhílis iad den chreat rialála atá ag formhór na gcóras bainistithe iascaigh, na hiascaigh atá laistigh d'uiscí an Aontais san áireamh.

Is féidir na bearta teicniúla a roinnt ina ngrúpaí mar a leanas:

bearta lena rialáiltear feidhmiú an trealaimh iascaireachta;

bearta lena rialáiltear saintréithe deartha an trealaimh a úsáidtear;

íosmhéideanna nach mór iasc a chur ar ais i bhfarraige faoina mbun;

bearta lena mbunaítear rialuithe spásúla agus ama (e.g. limistéir iata/iontrála teoranta agus iaimh shéasúracha) chun comhbhailiúcháin d'iasc óg agus d'iasc sceite a chosaint; agus

bearta lena maolaítear an tionchar atá ag trealamh iascaireachta ar speicis leochaileacha (e.g. mamaigh mhuirí, éanlaith mhara agus turtair) nó limistéir iata chun gnáthóga íogaire a chosaint (e.g sceireacha coiréil fuaruisce).

Má bhreathnaítear ar na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo i reachtaíocht an Aontais maidir le hiascach, faoi chuimsiú an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), is éard a fheictear an iliomad rialachán, leasuithe, rialacha cur chun feidhme agus beart teicniúil sealadach a tugadh isteach mar réitigh shealadacha ar fhadhbanna a bhí ag teacht chun cinn. Tá níos mó ná 30 rialachán ann ina bhfuil bearta teicniúla maidir le himchuacha farraige uile an Aontais agus uiscí nach de chuid an Aontais iad ina bhfuil soithí de chuid an Aontais ag oibriú.

Faoi láthair tá trí rialachán ann ina bhfuil bearta teicniúla mionsonraithe arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach lena gcumhdaítear na príomh-imchuacha farraige in uiscí an Aontais – Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint lena gcumhdaítear an tAtlantach Thoir Thuaidh (agus an Mhuir Dhubh ó 2012); Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94; Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98.

Mar aon leis na rialacháin sin tá roinnt gníomhartha ón gCoimisiún ina bhfuil rialacha mionsonraithe maidir le trealamh a thógáil (e.g. Rialachán (CEE) Uimh. 3440/84 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 1984 maidir le feistí a cheangal le tráil, le saighní Danmhargacha, nó le líonta den tsamhail chéanna) nó maidir le limistéir shonracha a iamh (e.g. Rialachán (CE) Uimh. 1922/1999 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 1999 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 850/98 maidir leis na coinníollacha faoina gceadaítear do shoithí atá níos mó ná ocht méadar ar fhad ar an iomlán tráil bhíoma a úsáid laistigh d'uiscí áirithe de chuid an Chomhphobail) mar aon le bearta teicniúla arna dtabhairt isteach chun bagairtí láithreacha ar chaomhnú a mhaolú, ar bagairtí iad arb ann dóibh de thoradh ídiú stoc áirithe (Rialachán (CE) Uimh. 2056/2001 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2001 lena mbunaítear bearta teicniúla breise chun na stoic trosc sa Mhuir Thuaidh agus amach ó chósta Thiar na hAlban a athshlánú). Tríd is tríd, is iad na cumhachtuithe atá sna príomhrialacháin bunús na rialachán sin.

Tá roinnt rialachán eile ann ar rialacháin aonair iad ina bhfuil bearta teicniúla. Orthu sin tá Rialachán (CE) Uimh.812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha teagmhasacha céiticeach in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh.88/98 agus Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí.

Tá roinnt rialachán comhchinnteoireachta ann lenar trasuíodh bearta teicniúla a comhaontaíodh maidir le huiscí tríú tíortha atá cumhdaithe faoi Eagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (RFMOanna) amhail an Coinbhinsiún um Chaomhnú Acmhainní Beo Muirí an Antartaigh (CCALMR) agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus roinnt eile nach iad. Níl na rialacháin seo cuimsithe ag an togra seo.

Roimh theacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) cuireadh bearta teicniúla san áireamh sna Rialacháin maidir le Deiseanna Iascaireachta lenar socraíodh TACanna agus cuótaí bliantúla don Atlantach Thoir Thuaidh, do Mhuir Bhailt agus don Mhuir Dhubh mar aon le TACanna agus cuótaí maidir le speicis dhomhainfharraige. Is éard a bhí sna bearta teicniúla seo meascán de bhearta teicniúla a measadh a bheith sealadach mar aon le meascán de bhearta a bhí sonrach ó thaobh réigiúin de agus de mhaoluithe ar fhorálacha ginearálta a bhí i rialacháin eile. Tar éis ghlacadh CFAE ní fhéadfaí an cineál birt sin a chur san áireamh sna Rialacháin maidir le Deiseanna Iascaireachta ach amháin na bearta a raibh nasc feidhmiúil díreach acu leis na teorainneacha gabhála maidir le stoc/stoic éisc áirithe. Dá bhrí sin níl ach líon beart teoranta den chineál sin sna Rialacháin maidir le Deiseanna Iascaireachta anois. Mar shampla tá limistéar iata ar chósta thiar na hÉireann chun gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a chosaint agus baineann sin leis an TAC don speiceas sin sa limistéar sin. Leanann bearta a eascraíonn as RFMOanna eile amhail an Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) agus Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NAFO) de bheith san áireamh fós sa Rialachán maidir le Deiseanna Iascaireachta don Atlantach Thoir Thuaidh mar bhearta sealadacha.

I bhfianaise an méid sin tá an struchtúr rialála do bhearta teicniúla tar éis éirí anchasta agus sách scaipthe. Rinneadh meastóireacht shiarghabhálach 1 mar thacaíocht leis an togra seo agus léiríonn sin nach bhfuil cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh atá ann cheana á gcomhlíonadh leis na bearta teicniúla atá ann faoi láthair – Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus le saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh. Tá sé seo le feiceáil níos soiléire in imchuacha farraige áirithe ná mar atá in imchuacha eile (e.g. an tAtlantach Thoir Thuaidh) ach is é a nglactar leis go ginearálta go bhfuil an iliomad rialacha casta neamhéifeachtacha ann agus go bhfuil siad cuimsithe i struchtúr rialachais righin.

Tháinig an Comhbheartas Iascaigh 2 nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014 agus i bhfianaise na ndúshlán nua atá roimhe baineadh de thátal as an meastóireacht shiarghábhalach go leanfadh an struchtúr rialála atá ann cheana do bheartais theicniúla de bheith fo-optamach. Cúig fhadhb inaitheanta is cúis leis seo:

(1)Feidhmíocht fho-optamach: Is beag spreagadh le hiascaireacht a dhéanamh ar bhonn roghnaíoch atá sna beartais theicniúla toisc nach gcuireann siad aon chostas ar aischur, ná ar speicis leochaileacha a ghabháil ná ar thionchar dochrach a imirt ar ghrinneall na farraige. Níor coinníodh an brú iascaireachta faoi smacht dá dheasca sin, rud a d'fhág go ndearnadh ró-iascaireacht ar roinnt stoc éisc, go raibh leibhéil arda aischuir in iascaigh áirithe agus nár tugadh ach cosaint theoranta do ghnáthóga íogaire agus do speicis leochaileacha. Ina theannta sin, tá cuid de na bearta ina mbacainní dlíthiúla nó ina gcosc ar nuálaíocht ar chleachtais roghnaíoch iascaireachta a fhorbairt, rud a fhágann gur minic a ndeachthas timpeall ar an rialacha, go dleathach agus go neamhdhleathach, chun tionchar na mbeart a laghdú a mhéid ab fhéidir.

(2)Is deacair a éifeachtacht a thomhas: Ní chuimsíonn na rialacháin atá ann cheana méadrachtaí sainithe lenar féidir éifeachtacht a thomhas. Dá dheasca sin, is deacair a thomhas a éifeachtaí atá bearta teicniúla ó thaobh na cuspóirí caomhnaithe atá sa Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach.

(3)Rialacha saintreoracha casta: Chuaigh bearta teicniúla i líonmhaire agus i gcastacht le himeacht ama agus rinneadh iarracht an iomarca gnéithe teicniúla d'oibríochtaí iascaireachta a rialú. Is deacair do na húdaráis rialaithe cuid de na bearta a fhorfheidhmiú agus is deacair d'iascairí iad a chomhlíonadh. Is ualach mór riaracháin agus costas iad do na Ballstáit agus do gheallsealbhóirí. Bhain an méid sin an bonn ó mhuinín earnáil an iascaigh agus ba mhór an spreagadh le dul timpeall ar na rialacháin é, rud a d'fhág gur glacadh tuilleadh reachtaíochta chun dul i ngleic le seachaint sin na rialacha.

(4)Easpa solúbthachta: Is trí phróiseas fada polaitiúil atá casta righin a chinntear ar bhearta teicniúla den chuid is mó, agus ní maith mar a oireann an próiseas sin do rialacha mionsonraithe teicniúla is gá a nuashonrú go minic agus a athchóiriú go tráthrialta, a leagan síos. Is deacra dá bharr sin bearta teicniúla a choigeartú nó a athbhreithniú chun freastal ar athruithe in iascaigh nó chun leas a bhaint as nuálaíocht i dteicneolaíocht an trealaimh nó chun gníomh a dhéanamh i gcás teagmhais neamhthuartha. Ina theannta sin fágadh rialacha nó maoluithe sealadacha i bhfeidhm gan athrú ar feadh tréimhsí fada agus ba mheasaide muinín earnáil an iascaigh é sin.

(5)Páirtíocht neamhleor na ngeallsealbhóirí sa phróiseas cinnteoireachta: Faoi chóras rialachais ordlathach (i.e. ón mbarr anuas seachas ón mbonn aníos), is ar dhídhreasachtaí, iad comhéigneach den chuid is mó, atá bearta teicniúla bunaithe. Dá bhrí sin tuigtear d'iascairí agus do gheallsealbhóirí nach bhfuil páirt acu i bpróiseas rannpháirtíoch. Tuigtear d'iascairí nach bhfuil bearta teicniúla praiticiúil, nach gcomhfhreagraíonn siad don iascaireacht mar atá sí á cleachtadh faoi láthair agus go dtagann siad salach ar a chéile uaireanta.

Le linn na caibidlíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh nua bhí na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus Parlaimint na hEorpa araon ag teacht leis an tuairim sách diúltach sin de na bearta teicniúla atá ann faoi láthair. Sin d'ainneoin nár thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le pacáiste nua beart le deich mbliana anuas: níor éirigh le tograí a mhol an Coimisiún in 2002 3 agus in 2008 4 ar chúiseanna éagsúla. Mhaígh na Ballstáit go raibh an téacs éirithe róchasta agus go raibh sé ródheacair a léirmhíniú agus nár leor mar a thug na tograí sin aghaidh ar na bunfhadhbanna. Mhaígh geallsealbhóirí áirithe nach ndeachthas i gcomhairle mar ba cheart leo agus go ndeachaigh na rialacha ní b'fhaide ná comhdhlúthú na mbeart a bhí ann cheana. Theip fiú amháin ar na hiarrachtaí a rinneadh na bearta teicniúla a bhí i bhfeidhm san Atlantach Thoir Thuaidh, i Muir Bhailt agus sa Mheánmhuir a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) toisc go ndírítí sa chaibidlíocht ar mhionsonruithe na rialachán seachas ar an ailíniú.

De bhrí nach rabhthas in ann teacht ar chomhaontú maidir le rialachán i dtaobh bearta teicniúla nua is léir gur gá úsáid a bhaint as cur chuige nua. Ba cheart sin é sin a bheith bunaithe ar shimpliú, ar an gcinnteoireacht a chur in oiriúint do Chonradh Liospóin, ar neartú an chur chuige fhadtéarmaigh maidir le caomhnú agus bainistiú acmhainní lena náirítear dul i ngleic le fadhb an ábhair mhuirí aischurtha, ar réigiúnú, ar bhreis rannpháirtíochta i gcás geallsealbhóirí agus ar bhreis freagrachta i gcás lucht tionscail (i.e. cultúr comhlíontachta).

Agus aghaidh á tabhairt ar na fadhbanna sin agus i bhfianaise na ndeacrachtaí institiúideacha atá ann is é is aidhm don togra seo:

A oiread tairbhe is féidir a bhaint as bearta teicniúla chun príomhchuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh nua a bhaint amach.

An tsolúbthacht is gá a fhorbairt chun bearta teicniúla a choigeartú trí chur chuige réigiúnach a éascú (i gcomhréir leis na cuspóirí atá i ndlí an Aontais).

Na rialacha atá ann cheana a shimpliú i gcomhréir le clár REFIT an Choimisiúin 5 .

Cé gurb é an rud is mó a dhéanfar leis an togra seo struchtúr rialachais na mbeart teicniúil a athrú seachas athruithe forleathana a dhéanamh ar na bearta féin, déanfar feabhsuithe ar éifeachtacht na mbeart teicniúil mar thoradh ar an tsolúbthacht fheabhsaithe agus na dreasachtaí le haghaidh roghnaíocht iascaireachta a thabharfar isteach. Le imeacht ama is fearr a bheidh gabhálacha óir is mó na héisc a bheidh á ngabháil agus laghdófar tionchar na hiascaireachta ar éiceachóras na mara trí chleachtais iascaireachta freagracha a ghlacadh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leagtar síos an creat ginearálta don Chomhbheartas Iascaigh i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 204/585/CE ón gComhairle. Sa chreat sin is uirlisí atá i mbearta teicniúla a úsáidfear mar a leanas le cuspóirí foriomlána an Comhbheartas Iascaigh a bhaint amach:

(1)is éasca a bheidh sé uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach de thoradh bearta teicniúla a chur i bhfeidhm lena rialófar an patrún saothraithe (i.e. an dóigh a ndéantar an brú iascaireachta a dháileadh de réir phróifíl aoise stoic éisc). Chun uastáirgeacht inbhuanaithe a fháil ó stoc éisc áirithe ní mór úsáid a bhaint as patrún saothraithe lena seachnaítear éisc óga a ghabháil. Chun an méid seo a chur i gcrích beidh teaglaim de bhearta teicniúla éifeachtacha ag teastáil (i.e. bearta lena rialáiltear feidhmiú agus dearadh an trealaimh, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe agus iaimh spásúla agus ama) lena bhfeabhsófar patrúin saothraithe faoi struchtúr rialála oiriúnaitheach.

(2)Beidh athruithe teicniúla (oibriú agus dearadh trealaimh) ag teastáil chun deireadh a chur le haischur ábhair mhuirí agus chun gabhálacha neamhbheartaithe a laghdú a mhéid is féidir agus beidh athruithe oirbheartaíocha (limistéir iata nó shrianta) ag teastáil chun roghnaíocht mhéadaithe a chur chun cinn agus chun gabhálacha de thaisme a sheachaint (i.e. éisc atá níos lú ná íosmhéideanna tagartha). De bhrí go dtabharfar isteach oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, ní mór athsmaoineamh a dhéanamh ar an struchtúr rialachais atá ann faoi láthair, d'fhonn cur leis an tsolúbthacht atá ann cheana chun an sprioc sin a bhaint amach.

(3)Lena áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta i gcomhréir le gnéithe éiceolaíocha beifear ag brath ar chur i bhfeidhm na mbeart teicniúil lena laghdaítear a mhéid is féidir tionchar an trealaimh iascaireachta ar an éiceachóras (e.g. bearta maolaithe nó limistéir iata). Go sonrach, ní mór do bhearta teicniúla bheith ina gcuidiú stádas maith comhshaoil a bhaint amach i ndáil le 4 cinn as na 11 tuairisceoir a chuimsítear faoi Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Creat-Treoir um Straitéis Mhuirí) – Éagsúlacht bhitheolaíoch a chothabháil (Tuairisceoir 1); Na pobail éisc agus sliogéisc a shaothraítear ar bhonn tráchtála a choinneáil laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte agus a áirithiú go bhfuil a ndáileadh aoise agus méide sláintiúil (Tuairisceoir 3); Bia-eangacha muirí a choinneáil ar ghnáthleibhéil flúirse agus éagsúlachta (Tuairisceoir 4); agus sláine ghrinneall na farraige a choinneáil (Tuairisceoir 6). Is é an príomhdhúshlán a bheidh ann creat a chruthú chun bearta den chineál sin a chur chun feidhme ar shlí a fhágfaidh go gcosnóidh siad na speicis is mó atá i mbaol, gnáthóga íogaire agus limistéir atá i ngá a gcosanta ar an mbealach is éifeachtaí.

I dteannta na gcuspóirí sin cuireann an Comhbheartas Iascaigh nua réigiúnú chun cinn mar chur chuige rialachais nua. Leis an réigiúnú cuirfear deis ar fáil na rialacha arna socrú ag an reachtóir a shimpliú agus tá ríthábhacht ag baint leis an réigiúnú i leith na húsáide a bhainfear as bearta teicniúla mar uirlisí bainistithe, toisc go mbaineann an fhadhb i leith éifeachtacht na mbeart teicniúil ar bhealach leis an struchtúr rialachais ina bhfeidhmíonn siad. Leis an réigiúnú beifear in ann bearta teicniúla a fhorbairt ar an leibhéal réigiúnach (i.e. faoi scáth na bpleananna ilbhliantúla ar deireadh nó trí bhearta eile de chuid an Aontais sa ghearrthéarma). Ina theannta sin, tiocfaidh den réigiúnú gur lú gá a bheidh le Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh bearta teicniúla mionsonraithe a ghlacadh faoin nós imeachta comhchinnteoireachta. Laistigh de chreat dlíthiúil simplithe atá sainithe ag an reachtóir, is féidir bearta a shaincheapadh ar an leibhéal réigiúnach do shainiúlachtaí gach iascaigh ar leith. Leis an réigiúnú cuirfear deis ar fáil úsáid níos mó a bhaint as bearta teicniúla mar spreagadh le hiascaigh inbhuanaithe a fhorbairt, seachas mar bhearta srianta nó comhéigneacha, mar chomhlánú ar dheiseanna iascaireachta agus ar shrianta iarrachta. Má dhéantar cinnteoireacht ar an leibhéal réigiúnach ní bheidh gá athruithe a dhéanamh go minic ar bhunús na mbeart teicniúil i ngníomhartha comhchinnteoireachta.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra agus na cuspóirí a bhaineann leis i gcomhréir le beartas an Aontais. Go háirithe le hoibleagáidí dlíthiúla atá sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, i dTreoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le caomhnú éan fiáin agus i dTreoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fauna agus flora fiáine agus i dTreoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (An Treoir Réime Uisce). Cuid de ghníomhaíocht an Aontais i leith a ghealltanas faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht is ea na Treoracha sin a chur chun feidhme ina niomláine agus is treise an gealltanas sin de thoradh an ghealltanais a thug Cinn Stáit an Aontais Eorpaigh "stad a chur le cailleadh na bithéagsúlachta [san Aontas Eorpach] faoi 2010"; dearbhaítear é sin freisin i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2020 6 .

D'fhéadfadh bearta teicniúla cur leis an straitéis Eoraip 2020 7 , go háirithe leis an tionscnamh suaitheanta dá cuid i leith éifeachtúlacht acmhainní trí úsáid níos fearr a bhaint as stoic éisc. Ina theannta sin, déanfaidh athchóiriú na mbeart teicniúil tairbhe do chlár REFIT trí roinnt rialachán agus beart sonrach atá ann cheana a shimpliú nó a scriosadh.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Baineann forálacha an togra le caomhnú acmhainní bitheolaíocha mara, caomhnú a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Leasaítear bearta atá ann cheana féin leis an togra seo; mar sin níl aon údar imní ann ó thaobh phrionsabal na comhréireachta de. Tá na bearta atá molta i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta toisc go bhfuil siad iomchuí agus go bhfuil gá leo. Ní ann d'aon bhearta eile nach bhfuil chomh sriantach céanna lena bhféadfaí na cuspóirí inmhianaithe beartais a bhaint amach.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: Ní mór Rialacháin a leasú le Rialachán eile.

3.TORTHAÍ NA MEASTÓIREACHTAÍ EX POST, NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE IARMHARTA

Meastóireachtaí ex-post/seiceálacha oiriúnachta ar reachtaíocht atá ann cheana

I Nollaig 2012 rinneadh meastóireacht ar na bearta teicniúla. Ba é a bhí anseo meastóireacht shiarghabhálach1 ar na rialacháin a bhí ann cheana maidir le bearta teicniúla ó thaobh a nábharthacht, a néifeachtacht, a gcomhleanúnachas agus an chaoi ar glacadh leo. Rinneadh comhairliúcháin fhorleathana le linn na meastóireachta sin le hionadaithe de chuid lucht thionscal na hiascaireachta, na núdarás náisiúnta agus ghníomhaireachtaí taighde na mBallstát. Críochnaíodh é seo i mí an Mheithimh 2013. Ina dhiaidh sin rinneadh meastóireacht ionchasach1 ar an tionchar eacnamaíoch sóisialta agus comhshaoil agus ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus inghlacthacht na roghanna beartais éagsúla arna sainiú. Críochnaíodh an staidéar sin i mí Iúil 2014.

Ba léir ón meastóireacht shiarghabhálach go bhfuil na bearta teicniúla atá ann cheana róchasta agus tríd is tríd ba léir go raibh siad mí-éifeachtach. Níl cuspóirí agus spriocanna soiléire sonracha ag baint leo agus ní dreasacht iad a chúiteodh cleachtais fhreagracha agus an chomhlíontacht. Tá sé costasach na bearta a rialú agus tá an struchtúr rialachais faoina bhfeidhmíonn siad righin; is ón mbarr anuas a eagraítear é den chuid is mó agus ní dhéantar ach comhairliúchán teoranta leis na geallsealbhóirí.

Baineadh de thátal as an meastóireacht ionchasach go bhféadfadh sé gur cur chuige bainistithe bunaithe ar thorthaí is fearr a d'oirfeadh do bhearta teicniúla sa todhchaí, is é sin más féidir fadhbanna a bhaineann le rialú agus forfheidhmiú a réiteach. Le cur chuige den chineál sin, ba cheart nach mbeadh gá leis an méid céanna rialachán saintreorach ina mbeadh bearta teicniúla.

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Rinneadh comhairliúchán poiblí ar an idirlíon ó Eanáir go Bealtaine 2016 8 . Fuarthas freagraí mionsonraithe ó na príomh-gheallsealbhóirí (i.e. na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa, Comhairlí Comhairleacha, earnáil an iascaigh agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha) 9 . Is iad seo a leanas na príomhchonclúidí, agus bhí siad comhsheasmhach tríd is tríd le torthaí na meastóireachta siarghabhálaí agus na meastóireachta ionchasaí:

(1)Le haon rialachán (rialacháin) ina mbeidh bearta teicniúla ba cheart imeacht ó mhicreabhainistiú agus díriú ar chur chuige bainistíochta atá bunaithe ar thorthaí.

(2)Ba cheart iascairí a bheith níos cuntasaí faoina bhfuil á ghabháil acu seachas faoi dhéanamh agus oibriú an trealaimh iascaireachta a úsáideann siad.

(3)Is bunchuspóir é na rialacha a shimpliú ach níor cheart go mbeadh eágothroime sna córais bhainistíochta sna Ballstáit ina toradh ar an simpliú ("cothrom iomaíochta a chur ar fáil").

(4)Meastar gur deis thábhachtach an réigiúnú chun tús a chur le simpliú na rialachán ina bhfuil bearta teicniúla.

(5)Is fearr cur chuige creata. Ba cheart cuspóirí uileghabhálacha agus caighdeáin íosta choiteanna a chuirfear i bhfeidhm ar fud an Aontais a bheith sa chreat sin. Ba cheart coimircí a bheith ann lena áirithiú gur féidir gníomh a dhéanamh má thagann fadhbanna chun cinn in iascaigh.

(6)Cuireadh feabhas ar an roghnaíocht san am atá caite nuair a cuireadh struchtúir dreasachta i gcomhréir le cuspóirí bainistíochta. Ba cheart struchtúir den chineál sin a bheith ina ndlúthchuid d'aon chreat rialála nua do bhearta teicniúla.

Sa bhreis ar an gcomhairliúchán poiblí tionóladh roinnt ceardlann, comhairliúchán agus cruinnithe leis na príomhgheallsealbhóirí le linn na tréimhse ó 2011 go tús 2015. De thoradh an chomhairliúcháin phoiblí agus an idirphlé fhairsing a rinneadh leis na príomhgheallsealbhóirí (earnáil an iascaigh, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus Ballstáit) ina dhiaidh sin, táthar cinnte gur léiriú iad na tuairimí a cuireadh in iúl ar sheasaimh na ngrúpaí éagsúla de gheallsealbhóirí.

Saineolas a bhailiú agus a úsáid

Tionóladh trí cinn de chruinnithe de Ghrúpa Oibre Saineolaithe de chuid an Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) i nDeireadh Fómhair 2012 10 , i Márta 2013 11  agus i Márta 2015 12 . Ag na cruinnithe rinneadh iniúchadh ar an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na bearta teicniúla mar uirlis bhainistíochta i gcomhthéacs an Chomhbheartais Iascaigh. Cuidiú a bhí i dtorthaí na dtuarascálacha sin agus cinneadh á dhéanamh cé na roghanna a mheasfaí le linn na meastóireachta ionchasaí a rinneadh agus chomh maith leis sin faisnéis a bhí iontu a rinne tairbhe d'fhorbairt an togra.

De bhreis ar na cruinnithe sin, cuireadh roinnt iarrataí chuig CETEI agus chuig an gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) faoi shaincheisteanna a bhaineann le roghnaíocht trealaimh iascaireachta; rialacha nua maidir le mogallmhéid agus comhdhéanamh gabhálacha a chur in ionad rialacha a bhí ann cheana; foghabháil mamach muirí agus speiceas eile atá faoi chosaint; agus maidir le limistéir iata agus srianta atá ann cheana. Ba threoir iad sin chomh maith agus an togra á dhréachtú.

Measúnú tionchair

Rinneadh Measúnú Tionchair, inar cuireadh san áireamh faisnéis ón bpobal agus comhairliúcháin leantacha spriocdhírithe, meastóireachtaí siarghabhálacha agus ionchasacha, comhairle ó shaineolaithe, barúlacha ó Ghrúpa Stiúrtha an Mheasúnaithe Tionchair a bunaíodh chun tacú leis an togra agus ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála.

Maidir leis an Measúnú Tionchair, cuireadh trí rogha beartais agus fo-rogha amháin i gcomparáid leis an gcás bonnlíne toisc gur measadh gur dhóchúla gur leo sin a mbainfí na cuspóirí amach agus a dtabharfaí aghaidh ar na fadhbanna arna sainaithint.

Cás bonnlíne: Leanfadh na beartais atá ann cheana, agus an Comhbheartas Iascaigh mar ghné lárnach iontu, de bheith i bhfeidhm agus leagfaí amach iad ina sraith rialachán agus beartas caomhnaithe eile a bhainfeadh leis an gComhbheartas Iascaigh. Leis an mbonnlíne sin chuirfí san áireamh na coigeartuithe a rinneadh le déanaí lenar cuireadh deireadh le neamhréireachtaí trí bhíthin oibleagáidí nua faoin gComhbheartas Iascaigh (an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, agus ailíniú leis an CFAE maidir le cumhachtuithe de chuid an Choimisiúin atá ann cheana a leagan síos). Dhéanfaí na bearta teicniúla a réigiúnú le pleananna aischuir nó pleananna ilbhliantúla, trí 'ghréasán' na rialachán a leathnú níos mó agus trí rialacha nua a thabhairt isteach chun rialacha teicniúla atá ann cheana a mhaolú nó a leasú.

Comhdhlúthú: Rialachán nua a mbeadh raon feidhme teoranta aige lena gcomhdhlúthófaí in aon Rialachán amháin comhrialacha do na hiascaigh go léir i ngach limistéar (e.g. toirmisc chineálacha ar mhodhanna iascaireachta áirithe). Rialacha ar leithligh a bheadh sna comhrialacha (faoin gcinnteoireacht) agus na rialacha a d'fhéadfaí a réigiúnú. Leanfaidh na rialacha teicniúla den chineál deireanach sin de bheith i bhfeidhm faoi na rialacháin atá ann cheana (cinnteoireacht chomhpháirteach agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin). Bheadh aon leasuithe nó athruithe agus aon ailíniú le CFAE a rinneadh ar na rialacháin le déanaí san áireamh. Dhéanfaí na bearta teicniúla a réigiúnú le pleananna aischuir arna nglacadh ag an gCoimisiún mar Ghníomhartha Tarmligthe agus le Gníomhartha Tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn na bpleananna ilbhliantúla nua a chinntear le comhchinnteoireacht. Thabharfaí isteach leis na Gníomhartha Tarmligthe sin maoluithe (sealadacha) agus leasuithe ar na rialacha atá ann cheana. D'fhéadfaí réigiúnú a dhéanamh i gcás ina gcuirfeadh na Ballstáit isteach moltaí comhpháirteacha maidir le pleananna aischuir ar bhonn sealadach ar feadh trí bliana ar a mhéid. Ina dhiaidh sin, chun go leanfadh na maoluithe de bheith i bhfeidhm níor mhór Gníomhartha Tarmligthe a ghlacadh, gníomhartha arna nglacadh de bhua cumhachtú i bplean ilbhliantúil de chuid an Aontais Eorpaigh.

Cur Chuige Creata: Rialachán nua ina mbeadh a) forálacha ginearálta (raon feidhme, cuspóirí, prionsabail treoracha) agus sainiú na dtorthaí a mbeifí ag súil leo agus caighdeáin chomhfhreagracha; b) comhrialacha agus forálacha teicniúla (mar atá i rogha 1); agus c) caighdeáin bhonnlíne (de réir réigiúin) atá i gcomhréir le torthaí a mbeifí ag súil leo agus a d'fheidhmeodh mar bhearta réamhshocraithe i gcomhthéacs an réigiúnaithe. Bhunófaí na caighdeáin bhonnlíne ar bhunús na rialacha atá ann cheana agus thiocfaidís in áit na rialacha atá ann cheana maidir le mogallmhéid agus comhdhéanamh gabhálacha: thiontófaí na híosmhéideanna ina níosmhéideanna tagartha caomhnaithe, leanfaí de limistéir a iamh chun comhbhailiúcháin d'iasc óg agus d'iasc sceite a chosaint agus d'áiritheofaí leo go leanfadh aon rialacha teicniúla a bhaineann le réigiún faoi leith de bheith i bhfeidhm. Dhéanfaí an struchtúr a athmhúnlú (rialachán aonair amháin in áit an iliomad rialachán). Dhéanfaí cuid mhaith rialacha atá ann cheana a aisghairm agus dhéanfaí iad a chomhtháthú/réasúnú sa chreat nua. Bheadh feidhm ag na bonnlínte agus na bearta teicniúla réamhshocraithe a fhreagraíonn do na cuspóirí mura ndéanfaí bearta réigiúnaithe a dhearadh agus a thabhairt isteach i ndlí an Aontais (le Gníomhartha Tarmligthe) nó go dtí go ndéanfaí an méid sin. I gcás nach ndéanfaí gníomh réigiúnaithe a fhorbairt, leanfadh na bonnlínte d'fheidhmiú mar rialacha réamhshocraithe. Bheadh sé de rogha ag Ballstáit faoin réigiúnú imeacht níos faide ó na bearta teicniúla dochta (na bearta réamhshocraithe) agus cur chuige bainistithe níos solúbtha atá bunaithe ar thorthaí a fhorbairt faoin réigiúnú chun torthaí plean a mbeifí ag súil leo agus cuspóirí an phlean sin a bhaint amach.

Creat gan bhonnlínte: Choinneofaí príomhghnéithe an chreata go léir seachas na bearta bonnlíne. Chuimseofaí cumhachtú le haghaidh bearta sonracha a fhorbairt faoi phróiseas an réigiúnaithe. Leis an gcumhachtú sin d'fhéadfaí bearta a mbeadh gá leo go réigiúnach a fhorbairt chun cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach trí bhíthin Gníomhartha Tarmligthe a bheadh ina gcuid de na pleananna aischuir agus na pleananna ilbhliantúla.

Deireadh a chur le rialacha atá ann cheana: Dhéanfaí formhór na rialachán atá ann cheana a aisghairm láithreach ach d'fhágfaí bearta caomhnaithe dúlra riachtanacha i bhfeidhm. Dhéanfaí aon bhearta teicniúla a bheadh ag teastáil san fhadtéarma a fhorbairt go réigiúnach faoi phleananna ilbhliantúla (agus bheadh an rogha ann bearta teicniúla a ionchorprú sna bearta teicniúla sa ghearrthéarma). Ní bheadh aon rialachán réime ann faoin rogha sin.

Comparáid idir na roghanna

Measadh gurb é an cur chuige creata agus caighdeáin bhonnlíne ag gabháil leis ab fhearr a chomhlíonfadh na cuspóirí arna leagadh síos agus a náiritheodh go pointe áirithe go leanfaí de chuspóirí caomhnaithe a chomhlíonadh fad a bheadh an réigiúnú á fhorbairt. San fhadtéarma (faoi 2022 ar a dhéanaí) tá sé beartaithe aon bhearta teicniúla is gá a chur san áireamh faoi phleananna réigiúnacha. Is é is oiriúnaí chun bainistiú a dhéanamh ar an aistriú chuig an réigiúnú sa tréimhse go 2022.

Dhéanfaí na bearta teicniúla a shimpliú gan mhoill leis an gcreat gan bhonnlínte agus le díothú beart teicniúil rud a dtacódh an earnáil iascaigh leis ach tá rioscaí níos mó ag baint leis an dá rogha sin. Ba mhór an t-athrú é seo ar an rialachas agus d'aistreofaí an dualgas cruthúnais chuig na hiascairí (agus chuig na Ballstáit). Chuige sin níor mhór do na hiascairí a thaifead agus a thaispeáint go trédhearcach go bhfuil siad ag baint na gcuspóirí ginearálta agus na dtorthaí arna gcomhaontú (faoin CBI) amach chomh maith leis na cuspóirí sonracha agus na torthaí arna sainaithint sna pleananna ilbhliantúla. Is ar athrú a theacht ar iompraíocht iascairí, agus ar an mbrú piarach agus ar an bhféinrialáil atá siad ag brath chun a áirithiú nach leanfaí de chleachtais iascaireachta neamhroghnaíocha. Dealraíonn sé go bhfuil drogall ar chuid den earnáil iascaigh agus d'Eagraíochtaí Neamhrialtasacha aghaidh a thabhairt air seo sa ghearrthéarma ach go háirithe.

Ba é comhdhlúthú beart teicniúil an rogha ba lú a raibh glacadh leis. Is é rud é go gcoinníonn sé an struchtúr rialála casta atá ann cheana i bhfeidhm agus nach dtugann sé dreasachtaí soiléire do gheallsealbhóirí de bhreis ar an méid atá sa chás bonnlíne. Níl sé lánchomhleanúnach le spiorad an réigiúnaithe mar atá beartaithe faoin gComhbheartas Iascaigh.

Achoimre na dTionchar

Tríd is tríd is athruithe ar an struchtúr rialála agus ar rialachas na mbeart teicniúil atá i rogha na tosaíochta. Ní thabharfaí ach beagán beart nua isteach agus is ar an méid seo a leanas a ndíreofaí aon athruithe bunúis; rialacha a scriosadh d'fhonn an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, inrialaitheacht a fheabhsú agus bearta caomhnaithe dúlra a chomhdhlúthú. Dá bhrí sin is ar mheasúnú cáilíochtúil, a raibh samplaí sonracha agus cás staidéir ag tacú leis, a bhí an anailís ar thionchair sa Mheasúnú Tionchair bunaithe. Is iad seo a leanas na príomhthionchair:

Eacnamaíoch

Bheadh tionchair dhearfacha ag an gcur chuige creata. Spreagfadh an cur chuige creata réigiúnú. An méadú ar sholúbthacht agus ar pháirtíocht geallsealbhóirí i bhforbairt beartas teicniúil a bheadh ann trí bhíthin an réigiúnaithe, ba cheart gur dreasacht a bheadh sa mhéid sin trealamh roghnaíoch a ghlacadh níos tapa ná mar a dhéanfaí faoi roghanna beartais eile. Chuideodh sé sin le huastorthaí inbhuanaithe agus laghdú ar ghabhálacha neamhbheartaithe a chur i gcrích rud a dhéanfadh leas comhfhreagrach i dtéarmaí eacnamaíocha de bhrí go dtiocfaidh méadú ar na deiseanna iascaireachta. Thiocfadh feabhas air sin le himeacht ama, go háirithe dá dtabharfadh na Ballstáit luaíocht i bhfoirm deiseanna breise iascaireachta faoin gComhbheartas Iascaigh d'iascairí a dhéanann iascaireacht roghnaíoch.

Sóisialta

D'fhéadfadh laghdú teacht ar fhostaíocht san earnáil iascaigh sa ghearrthéarma fad is atá an earnáil ag dul i dtaithí ar na dúshláin a bhaineann le huastorthaí inbhuanaithe agus leis oibleagáidí gabhálacha a thabhairt i dtír. D'fhéadfaí bearta ceartaitheacha maidir le haniarsmaí a dhéanamh níos tapúla, áfach, dá gcuirfí an réigiúnú i bhfeidhm níos luaithe agus dá ndéanfadh na cabhlaigh is mó a bhfuil baint acu leis, is é sin na cabhlaigh a dhíríonn ar speicis ghrinnill, an roghnaíocht a fheabhsú gan mhoill. Dhéanfaí leibhéil fostaíochta a chobhsú. Má thugtar iascaireacht inbhuanaithe chun críche san fhadtéarma, tiocfaidh méadú ar dheiseanna iascaireachta (méadú 20 % faoi 2020). Le méadú suntasach den chineál sin d'fhéadfaí poist nua a chruthú in earnáil an iascaigh. Tiocfaidh méadú ar ioncam agus ar phá mar thoradh ar an iascaireacht inbhuanaithe agus dá bhrí sin tiocfaidh méadú ar an éileamh a bheidh ar an iascaireacht mar ghairm bheatha.

Comhshaol

Is dealraitheach gur túisce a chuirfí aon aniarsmaí gearrthéarmacha ar ceal faoin rogha seo ná faoi na roghanna eile atá á meas. Trí bhíthin an chreata dhéanfaí an t-aistriú chuig an réigiúnú a bhainistiú agus, trí chaighdeáin bhonnlíne a chur san áireamh agus trí bheartais theicniúla atá ann cheana agus a bhfuil gá leo i gcónaí a choinneáil, dhéanfaí a áirithiú nach gcuirfí cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Chomhbheartais Iascaigh i mbaol. San fhadtéarma, ba cheart a theacht den réigiúnú go bhforbrófar bearta a bheidh cuimsithe ag creat rialachais oiriúnaitheach a bheidh níos freagrúla agus níos réamhbheartaí i dtaobh bagairtí ar éiceachórais mhuirí, agus faoina bhféadfar bearta cosanta a dhéanamh gan mhoill.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Simpliú

Is é is príomhchuspóir don togra seo rialacháin atá ann cheana a shimpliú. Leis an gcreat seo tiocfaidh rialachán amháin in áit 6 cinn de rialacháin chomhchinnteoireachta agus déanfar 3 cinn de rialacháin eile a aisghairm nó a leasú i bpáirt. Mar thoradh air sin freisin, aisghairmfear 10 gcinn de rialachán tánaisteacha ón gCoimisiún. Tabharfar gnéithe áirithe de na rialacháin sin faoin togra creata go dtí go gcuirfear an réigiúnú i gcrích. Leis sin féadfar an dara leibhéal simpliúcháin a thabhairt isteach i ndá phríomhréimse. Ar an gcéad dul síos simpleofar nó cuirfear deireadh le beagnach a leath de na 40 limistéar atá iata nó srianta mar gheall ar chosaint iasc óg agus comhbhailiúcháin sceite. Tá an méid seo bunaithe ar chomhairle ó CETEI, ina bhfuil barúlacha a cuireadh faoi bhráid na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí san áireamh. Is é an dara gné atá le simpliú na táblaí casta maidir le mogallmhéid agus comhdhéanamh gabhálacha atá sna rialacháin atá ann faoi láthair don Atlantach Thoir Thuaidh agus do Mhuir Bhailt. Rinneadh iad seo a shimpliú i ngach limistéar trí mhogallmhéid íosta a réamhshocrú maidir le trealamh tarraingthe agus trealamh éighníomhach de réir na bpatrún saothraithe atá ann cheana ach de mhaolú air sin i roinnt cásanna féadfar trealamh ina bhfuil mogallmhéid níos lú a úsáid chun iascaigh thábhachtacha a chosaint.

FBManna

Is í earnáil an iascaigh ina bhfuil tuairim is 82,000 soitheach agus ina bhfuil 98,500 post i gcoibhneas lánaimseartha (FTE) is mó a bheidh ag fulaingt de bharr na nathruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacháin ina bhfuil bearta teicniúla. Den 82,000 éigin soitheach iascaireachta sin, is micrifhiontair a bheadh i mbeagnach 98 % díobh gan níos mó ná deichniúr fostaithe acu agus láimhdeachas bliantúil agus/nó clár comhordaithe ar lú ná EUR 2 mhilliún acu. Ós rud é gur mhicrifhiontair cion ard den earnáil sin bhainfí an bonn de chuspóirí caomhnaithe an Chomhbheartais Iascaigh dá ndíolmhófaí na micrifhiontair sin ón togra seo toisc nach mbeadh ach líon beag fiontar á rialú faoi na rialacha ginearálta.

Is tionchar dearfach a bheadh ag an togra ar FBManna ó thaobh costais agus ualach riaracháin de toisc go ndéanfaí simpliú gan mhoill ar na rialacháin agus go mbeadh ról níos mó ag earnáil an iascaigh trí bhíthin na gComhairlí Comhairleacha i bhforbairt na mbeart teicniúil sa todhchaí. Ina theannta sin dhéanfaí na rialacha teicniúla a shimpliú a thuilleadh san fhadtéarma dá bhféadfaí athrú go córas atá bunaithe ar thorthaí. Chiallódh sin go naistreofaí an dualgas cruthúnais chuig earnáil an iascaigh agus chuirfí de dhualgas orthu gabhálacha a thaispeáint agus a thaifead go cruinn. D'fhéadfadh méadú teacht ar na costais a bhaineann le gabhálacha a thaifead cé go mbeadh na costais arna dtabhú ag brath ar chur chuige na mBallstát maidir le 'rialú réigiúnaithe' ach d'fhéadfaí iad a fhritháireamh i gcoinne na solúbthachta breise a bheadh mar thoradh ar an gcur chuige sin.

Cearta bunúsacha

Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cosaint na gceart bunúsach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon chaiteachas breise ón Aontas i gceist leis an mbeart seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Faireachán

Faoin rogha tosaíochta leagfaí síos spriocanna soiléire maidir le gabhálacha neamhbheartaithe a laghdú agus a dhíothú a mhéid is féidir faoi 2019 agus maidir le hiascaireacht gach stoc éisc a dhéanamh de réir uastorthaí inbhuanaitheacha faoi 2020. Bhunófaí spriocanna maidir le haniarsmaí na hiascaireachta ar éiceachórais mhuirí chun cuidiú le stádas comhshaoil maith a bhaint amach faoi 2020. Moltar úsáid a bhaint as na táscairí comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus comhlíontachta seo a leanas atá ann chun faireachán a dhéanamh ar bhearta teicniúla ionas gur féidir gnóthú na spriocanna sin a mheas:

Comhshaol: an fhorbairt a thiocfaidh ar phróifílí gabhálacha, an líon stoc éisc atá faoi réir uastorthaí inbhuanaithe, agus an fhorbairt a thiocfaidh ar fhoghabhálacha speiceas leochaileach agus ar chosaint gnáthóg íogair

Eacnamaíoch: ioncam, oll-bhreisluach (GVA), ioncam/pointe cothroime ioncaim agus glanchorrlaigh bhrabúis

Sóisialta: fostaíocht agus tuarastal na foirne

Comhlíonadh: an líon sáruithe ar rialacha teicniúla ábhartha agus an líon laethanta a chaitear ar phatróil ar muir.

Bheadh sonraí maidir le faireachán ar fáil faoin gCreat um Bailiú Sonraí (DCF) 13 atá ann cheana, i bhfoirm comhairle ó CETEI agus ICES agus maille leis sin ó thuarascálacha bliantúla de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA).

Meastóireacht

Ba cheart meastóireacht ex-post ina ndéanfaí príomhcheisteanna meastóireachta na mbeart teicniúil a phlé a chur i gcrích roimh 2022 tráth a mbeadh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm ina hiomláine, a mbeadh uastorthaí inbhuanaithe i bhfeidhm maidir le gach stoc éisc agus a mbeadh stádas comhshaoil maith bainte amach d'éiceachórais mhuirí. Bheadh an mheastóireacht sin ina dlúthchuid den mheastóireacht shiarghabhálach atá leagtha amach le tosú in 2022.

Déanfaidh CETEI agus ICES na pleananna ilbhliantúla a mheasúnú go tráthrialta le cinneadh an bhfuil na cuspóirí a bhaineann le hinbhuanaitheacht á gcomhlíonadh nó nach bhfuil. Soláthrófar leis na meastóireachtaí sin tásca faoi éifeacht na mbeart teicniúil arna gcuimsiú leis na pleananna sin.

Na ceanglais maidir le tuairisciú faoi Airteagal 49 (feidhmiú an Chomhbheartais Iascaigh) agus Airteagal 50 (dul chun cinn maidir le huastorthaí inbhuanaithe a ghnóthú) den Chomhbheartas Iascaigh, cé nach bhfuil baint dhíreach acu le bearta teicniúla, gheofar léargas ar éifeachtacht na mbeart teicniúil ó na ceanglais sin.

Ní mór do CETEI nó ICES meastóireacht a dhéanamh go tráthrialta ar bhearta arna bhforbairt go réigiúnach lena áirithiú go bhfuil na bearta sin comhleanúnach le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh.

Sna Tuarascálacha Bliantúla de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach maidir le Comhphleananna Imlonnaithe, déanfar doiciméadú ar líon agus ar chúiseanna na sáruithe arna mbrath agus déanfar comparáid idir sin agus líon agus cineál na gcigireachtaí arna gcur i gcrích. Is léiriú iad seo ar an leibhéal comlíontachta i leith na rialachán ina bhfuil bearta teicniúla.

Tuairisciú

Faoi dheireadh 2020 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus beidh san áireamh ansin measúnú ar thionchar na mbeart teicniúil ar chaomhnú acmhainní iascach agus ar na tionchair a bhíonn ag iascaigh ar éiceachórais mhuirí ó thaobh an chomhshaoil de . Ar bhonn na tuarascála sin, molfaidh an Coimisiún aon leasuithe is gá.

Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is faoin struchtúr seo a leanas a leagtar amach an togra:

Forálacha Ginearálta – ina bhfuil an raon feidhme, na cuspóirí uileghabhálacha agus sonracha, na spriocanna a ghabhann leis na cuspóirí uileghabhálacha agus sonracha agus iad sloinnte i dtéarmaí leibhéal na ngabhálacha neamhbheartaithe a dhéantar; tairseacha do ghabhálacha teagmhasacha speiceas leochaileach; agus laghdú ar an méid de ghrinneall na farraige a gcuireann an iascaireacht isteach go mór uirthi; prionsabail dea-rialachais agus sainmhínithe. Baineann na sainmhínithe go príomha le sainmhíniú trealaimh iascaireachta agus oibríochtaí iascaireachta agus is ionann iad do na réigiúin go léir. Comhdhlúthaítear agus nuashonraítear leis an méid sin na sainmhínithe atá sna Rialacháin atá ann cheana.

Comhbhearta Teicniúla – lena gcuimsítear comhrialacha atá sna rialacháin príomhúla uile ina bhfuil bearta teicniúla, ach is infheidhme maidir leis na himchuacha farraige uile iad agus meastar gur rialacháin bhuana de facto iad toisc nach bhfuil gá ná cúis mhaith iad a athrú. Ar na forálacha atá san áireamh sa chuid seo tá

trealamh agus cleachtais a thoirmeasc lena náirítear toirmeasc ar speicis mhuirí a dhíol má ghabhtar iad le cineálacha trealaimh áirithe,

bearta chun speicis leochaileacha (e.g. mamaigh mhuirí, reiptílí agus éanlaith mara) agus gnáthóga (e.g. coiréil fhuaruisce) lena náirítear na gnáthóga atá liostaithe faoin Treoir um Éin agus faoin Treoir um Ghnáthóga;

srianta ginearálta ar úsáid trealaimh tharraingthe agus coinníollacha maidir lena núsáid (lena gcumhdaítear tógáil soc-fhoircinn bunúsach agus feistis is ceadmhach a cheangal le trealamh iascaireachta);

srianta ginearálta ar úsáid eangacha éighníomhacha. Cuimsítear leis seo comhdhlúthú na srianta atá ann cheana maidir le sruthlíonta a úsáid (i.e. toirmeasc ar shruthlíonta ar mó ná 2.5 km iad a úsáid, toirmeasc ar threalamh den chineál sin a úsáid chun díriú ar speicis atá animirceach agus toirmeasc iomlán ar shruthlíonta a úsáid i Muir Bhailt. Faoin réigiúnú ba cheart do na Ballstáit na forálacha sin a threisiú chomh fada le leibhéal an toirmisc iomláin agus an leibhéal sin san áireamh maidir le húsáid trealaimh i gcás inarb ann d'fhianaise eolaíoch lena léireofaí go bhféadfadh stádas caomhnaithe speiceas leochaileach sa réigiún sin a bheith i mbaol dá leanfaí de shruthlíonta a úsáid;

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe (sainmhíniú, tomhas, éisc níos lú ná na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a úsáid);

bearta comhpháirteacha le haghaidh aischuir (roghnú scotha, sleamhnú, cosaint do speicis nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála).

Réigiúnú – leagtar síos na prionsabail maidir le réigiúnú i ndáil le bearta bonnlíne a mbeidh feidhm acu i gcás nach bhfuil bearta réigiúnacha i bhfeidhm agus lena leagfar síos na cumhachtuithe is gá chun bearta teicniúla a réigiúnú le pleananna ilbhliantúla, pleananna aischuir sealadacha agus bearta caomhnaithe is gá chun oibleagáidí faoin reachtaíocht comhshaoil a chomhlíonadh. Leis na cumhachtuithe sin féadfar bearta réigiúnacha a fhorbairt atá bunaithe ar mholtaí arna ndéanamh ag grúpaí réigiúnacha de Bhallstáit lena leasaítear bearta/maolaítear ar bhearta bonnlíne atá ann cheana, lena mbunaítear bearta nua nó lena maolaítear ar bhearta ar choinníoll gur féidir a thaispeáint nach bhfuil aon leas caomhnaithe ag baint leis na bearta sin nó go bhfuil bearta eile curtha ina náit. Eascraíonn na cumhachtuithe sin ón gComhbheartas Iascaigh. Ina theannta sin sainítear na bearta réigiúnacha is féidir a dhéanamh faoi phleananna aischuir sealadacha, mar aon leis na coimircí a dhéanfar má tá fianaise eolaíoch ann a léiríonn nach bhfuil na cuspóirí caomhnaithe á gcomhlíonadh ag na bearta réigiúnacha. Chuige sin, tá clásal cosanta san áireamh lena bhféadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcás ina léirítear le comhairle eolaíoch gur gá gníomhú gan mhoill chun speicis mhuirí a chosaint. Leis seo féadfaidh an Coimisiún bearta teicniúla a bhunú chun bagairtí den chineál sin a mhaolú, i dteannta nó de mhaolú ar an Rialachán seo nó bearta teicniúla a bhunú atá socraithe ar shlí eile i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. D'fhéadfaí a chuimsiú le bearta den chineál sin srianta maidir le húsáid trealaimh iascaireachta nó gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe.

Bearta Teicniúla in uiscí nach de chuid an Aontais iad: tá cumhachtú don Choimisiún sa chuid seo gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le rialacha mionsonraithe atá ann cheana maidir le liostaí d'éiceachórais leochaileacha mhuirí agus, mar aon leis sin, bearta teicniúla sainithe a bhaineann le hiascaigh áirithe do langaí gorma agus do phéirsí mara arna gcomhaontú ag an gCoimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Leis seo freisin, tríd an Rialachán comhfhreagrach a leasú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil leis na bearta teicniúla atá ann cheana i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2001 14 maidir leis an gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CIGM). Leis seo chomh maith féadfaidh an Coimisiún a ionchorprú i ndlí an Aontais leasuithe a dhéanfar ar na bearta sin arna nglacadh ag NEAFC agus ag CIGM. Ní ann do chumhachtuithe den chineál sin faoi láthair.

Forálacha Teicniúla – forálacha coiteanna i leith taighde eolaíochta a dhéanamh agus ina theannta sin i leith athstocáil shaorga agus trasphlandú speiceas muirí.

Forálacha Nós Imeachta – feidhmiú an tarmligin i ndáil le gníomhartha tarmligthe arna gcuimsiú sa togra agus an nós imeachta coiste i ndáil le gníomhartha tarmligthe.

Forálacha Críochnaitheacha – aisghairmeacha agus leasuithe ar na rialacháin i gceist agus ar an bpróiseas athbhreithnithe agus tuairiscithe.

Iarscríbhinní – Sna hiarscríbhinní tá bearta bonnlíne de réir imchuach farraige (i.e. an Mhuir Thuaidh, Muir Bhailt, Uiscí an Iarthuaiscirt, Uiscí an Iardheiscirt, an Mheánmhuir, agus na Réigiúin is Forimeallaí). Beidh feidhm ag na bearta bonnlíne mura gcuirfear bearta i bhfeidhm go réigiúnach. Cuimsíonn siad seo mogallmhéideanna bonnlíne, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, limistéir srianta nó iata chun iasc óg agus iasc sceite a chosaint agus aon bhearta réigiúnacha sonracha eile. Tá iarscríbhinní ann freisin ina bhfuil liosta de na speicis thoirmiscthe nach mór a aischur más foghabhálacha na gabhálacha inar gabhadh iad; limistéir iata arna mbunú chun gnáthóga íogaire agus liosta speiceas atá toirmeasctha óna ngabháil le sruthlíonta a chosaint.

2016/0074 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 15 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 16 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 17 lena mbunaítear Comhbheartas Iascaigh (CBI) chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe.

(2)Is éard is bearta teicniúla ann uirlisí lena dtacaítear le cur chun feidhme an CBI. Tá léirithe ag meastóireacht shiarghabhálach a rinneadh, ámh, nach dócha go mbainfear spriocanna an CBI amach toisc an struchtúir rialála atá ag bearta den saghas sin i láthair na huaire agus gur cheart cur chuige nua a ghlacadh ina leith a mhéadódh a néifeachtacht trí bhéim a leagan ar an struchtúr rialachais a oiriúnú.

(3)Is gá creat a fhorbairt le bearta teicniúla a rialáil. Leis an gcreat sin ba cheart rialacha ginearálta a bhunú a bheadh infheidhme maidir le huiscí uile an Aontais agus foráil a dhéanamh maidir le bearta teicniúla a thabhairt isteach, a gcuirfí sainiúlachtaí réigiúnacha iascach san áireamh iontu trí bhíthin phróiseas an réigiúnaithe a tugadh isteach faoin CBI.

(4)Ba cheart go gcumhdódh an creat acmhainní iascaigh a ghabháil agus a thabhairt i dtír mar aon le hoibriú trealaimh iascaireachta agus idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

(5)Ba cheart go mbeadh feidhm aige maidir le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dhéanann soithí de chuid an Aontais, soithí nach de shoithí an Aontais iad agus náisiúnaigh de na Ballstáit (gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát), agus maidir le soithí de chuid an Aontais atá ag oibriú sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 394 den Chonradh. Ba cheart go mbeadh feidhm aige freisin in uiscí nach de chuid an Aontais iad maidir le bearta teicniúla arna nglacadh i limistéar rialála an Choimisiúin um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) agus i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM).

(6)Nuair is ábhartha, ba cheart go mbeadh feidhm ag bearta teicniúla maidir le hiascaigh áineasa a bhféadfadh mórthionchar a bheith acu ar stoic de speicis éisc agus de shliogéisc.

(7)Ba cheart go rannchuideodh bearta teicniúla le roinnt de spriocanna an CBI a bhaint amach, mar atá, iascaireacht a dhéanamh ag leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe, gabhálacha neamhbheartaithe a laghdú agus deireadh a chur le hábhair mhuirí aischurtha fara rannchuidiú leis an dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 .

(8)Ba cheart go dtabharfaí cosaint ar leith le bearta teicniúla do chomhbhailiúcháin d'éisc óga agus d'éisc sceite trí threalamh iascaireachta roghnaíche agus bearta seachanta a úsáid. Ba cheart freisin go laghdófaí le bearta teicniúla, a oiread is féidir, an tionchar a bhíonn ag trealamh iascaireachta ar an éiceachóras muirí, agus go háirithe ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire, agus ba cheart go gcuirfí deireadh dá ndroim leis an tionchar sin nuair is féidir. Ba cheart go rannchuideoidís freisin le bearta bainistíochta a chur ar bun ar mhaithe leis na hoibleagáidí a leagtar síos le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle 19 , Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 agus Treoir 2008/56/CE a chomhlíonadh.

(9)Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht beart teicniúil ba cheart spriocanna maidir leis an leibhéal de ghabhálacha neamhbheartaithe; maidir leis an leibhéal d'fhoghabhálacha de speicis íogaire agus maidir le fairsinge na ngnáthóg sin ar ghrinneall na farraige a ndéanann an iascaireacht dochar dóibh; ba cheart na spriocanna sin a bhunú agus cuspóirí an CBI, reachtaíocht chomhshaoil an Aontais (go háirithe Treoir 92/43 ón gComhairle agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 21 ), agus dea-chleachtais idirnáisiúnta curtha san áireamh iontu.

(10)Chun aonfhoirmeacht a áirithiú i dtaca leis an mbrí a bhaintear as bearta teicniúla agus an chaoi a gcuirtear chun feidhme iad, ba cheart na sainmhínithe ar threalamh iascaireachta agus ar oibríochtaí iascaireachta atá sna rialacháin maidir le bearta teicniúla atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhdhlúthú.

(11)Maidir le trealamh iascaireachta díobhálach áirithe, nó modhanna iascaireachta díobhálacha áirithe ina mbaintear feidhm as pléascáin, nimheanna, substaintí támhaithe, sruth leictreach, casúir neomatacha nó fearais buailte eile, agus maidir le trealamh tarraingthe agus alpairí a úsáidtear chun coiréal dearg a shaothrú nó cineálacha eile coiréil nó speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú agus ga-ghunnaí áirithe, ba cheart go mbeadh toirmeasc orthu sin ar fad ach amháin i gcás bíogthrál leictreach, rud ar cás ar leith é agus rud is ceadmhach a úsáid ar choinníollacha dochta áirithe.

(12)I bhfianaise comhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) ba cheart rialacha comhchoiteanna áirithe a bhunú maidir le srianta ar threalamh tarraingthe a úsáid agus maidir le déanamh soc-fhoirceann d'fhonn cosc a chur ar dhroch-chleachtais agus ar iascaireacht nach iascaireacht roghnaíoch í.

(13)Ionas go bhféadfar cosc a chur ar úsáid sruthlíonta, ar féidir feidhm a bhaint astu chun iascaireacht a dhéanamh ar fud limistéir mhóra agus lenar féidir méideanna móra de speicis íogaire a ghabháil, ba cheart comhdhlúthú a dhéanamh ar na srianta atá ann i láthair na huaire ar threalamh den sórt sin a úsáid.

(14)I bhfianaise comhairle ó CETEI, ba cheart go leanfadh an toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le heangacha éighníomhacha i ranna ICES IIIa, VIa, VIb, VIIb, VIIc, VIIj agus VIIk agus i bhforanna ICES VIII, IX, X agus XII soir ó 27° I in uiscí ar mó ná 600 méadar a ndoimhneacht chairte, ba cheart go leanfadh an toirmeasc sin de bheith i bhfeidhm d'fhonn speicis íogaire domhainfharraige a chosaint.

(15)I gcás speicis éisc neamhchoitianta áirithe, amhail speicis siorcanna agus speicis roc, is féidir go mbeadh gníomhaíocht theoranta iascaireachta, dá laghad féin í, ina baol tromchúiseach do chaomhnú na speiceas sin. D'fhonn iad a chosaint ba cheart go dtabharfaí isteach toirmeasc ginearálta ar speicis den sórt sin a iascach.

(16)Chun dianchosaint a thabhairt do speicis mhuirí íogaire, amhail mamaigh mhuirí, éanlaith mhara agus réiptílí muirí, dá bhforáiltear i dTreoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, ba cheart do na Ballstáit bearta maolaithe a chur ar bun chun gabhálacha de na speicis sin le trealamh iascaireachta a laghdú a oiread is féidir agus, nuair is féidir, deireadh a chur leo.

(17)Chun leanúint de bheith ag cosaint gnáthóga muirí íogaire atá suite amach ó chóstaí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, agus timpeall ar na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha, ba cheart na srianta maidir le trealamh iascaireachta grinneallach a úsáid a choinneáil mar atá i láthair na huaire.

(18)I gcás ina sainaithneofar limistéir eile den sórt sin le comhairle eolaíoch agus le faisnéis theicniúil, ba cheart srianta dá samhail a thabhairt isteach d'fhonn na gnáthóga sin a chosaint.

(19)I gcomhréir leis an CBI, ba cheart íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú chun a áirithiú go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí agus chun limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú.

(20)Ba cheart an chaoi le méid speiceas muirí a thomhas a shainiú.

(21)Chun cuidiú leis an earnáil gabhála an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit bearta a chur ar bun chun é a dhéanamh níos fusa speicis mhuirí atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a stóráil agus margaí a aimsiú dóibh. Ba cheart a áireamh ar na bearta sin tacaíocht d'infheistíocht arb é is aidhm léi láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír mar aon le fothanacha a thógáil agus a oiriúnú, nó tacaíocht d'infheistíocht arb é is aidhm léi luach a chur le táirgí iascaigh.

(22)Ba cheart go mbeadh toirmeasc ar dhá chleachtas, mar atá, roghnú na scotha agus an sleamhnú, ach amháin i gcásanna ina dtugtar díolúintí isteach faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(23)I gcásanna ina léiríonn comhairle eolaíoch go bhfuil líon mór gabhálacha neamhbheartaithe de speicis ann ar speicis iad nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála agus nach bhfuil, dá bhrí sin, faoi réir cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart do na Ballstáit tabhairt faoi threoirthionscadail ar mhaithe le dóigheanna a aimsiú chun na gabhálacha sin a laghdú agus d'fhonn bearta teicniúla iomchuí a thabhairt isteach chun an aidhm sin a bhaint amach.

(24)I gcás nach bhfuil aon bhearta teicniúla curtha ar bun ar an leibhéal réigiúnach ba cheart mar sin go mbeadh feidhm ag caighdeáin shainithe íosta. Is ar bhearta teicniúla atá ann cheana ba cheart na caighdeáin íosta sin a bhunú, agus an chomhairle ó CETEI agus tuairimí na ngeallsealbhóirí á gcur san áireamh. Is éard is ceart a bheith sna caighdeáin íosta sin mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe agus d'eangacha éighníomhacha, íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, limistéir iata nó shrianta, bearta caomhnaithe dúlra chun foghabhálacha de mhamaigh mhuirí agus d'éanlaith mhara a mhaolú i limistéir ar leith agus aon bhearta eile, a bhaineann le réigiún ar leith agus atá i bhfeidhm faoi láthair, a bhfuil gá leo i gcónaí chun a áirithiú go leanfar de chuspóirí caomhnaithe a chomhlíonadh go dtí go gcuirfear bearta ar bun faoi phróiseas an réigiúnaithe.

(25)Is féidir leis na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí, bearta teicniúla iomchuí comhpháirteacha a mholadh a bheadh ag imeacht ó na caighdeáin íosta, i gcomhréir le próiseas an réigiúnaithe a leagtar amach sa CBI.

(26)Ba cheart go mbeadh bearta teicniúla réigiúnacha den sórt sin coibhéiseach, ar a laghad, leis na caighdeáin íosta a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus cosaint speiceas íogair agus gnáthóg íogair.

(27)Is iad na pleananna ilbhliantúla arna sainiú sa CBI an phríomhuirlis ba cheart a úsáid le bearta teicniúla réigiúnacha a bhunú. I bpleananna ilbhliantúla den sórt sin, féadfar na caighdeáin íosta a leasú, féadfar bearta nua a bhunú chun na caighdeáin íosta a fhorlíonadh nó chun na bearta nua sin a chur in áit na gcaighdeán íosta, nó féadfar maolú ar na bearta sin i gcás inar féidir a léiriú nach bhfuil aon tairbhe caomhantais ag baint leo nó go bhfuil bearta malartacha curtha ina náit lena náiríthítear go bhfuiltear ag leanúint de na cuspóirí agus na spriocanna a chomhlíonadh. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh bearta caomhnaithe dúlra eile a bheith sna pleananna ilbhliantúla, ar bearta iad atá ceaptha ainiarsmaí na hiascaireachta ar an éiceachóras a laghdú, amhail na bearta atá riachtanach chun na hoibleagáidí a leagtar síos le hAirteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE, Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE nó Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE a chomhlíonadh.

(28)Agus moltaí comhpháirteacha á ndéanamh ina gcuid pleananna ilbhliantúla acu i leith trealamh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis a chur in oiriúint do na mogallmhéideanna íosta, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát a áirithiú go mbeidh mar thoradh ar threalamh den sórt sin, ar a laghad, patrúin roghnaíochta atá ar aon dul leis an trealamh íosta nó níos fearr ná é.

(29)Agus moltaí comhpháirteacha á ndéanamh ina gcuid pleananna ilbhliantúla acu i leith limistéir iata nó shrianta a leasú nó limistéir iata nó shrianta nua nó a bhunú d'fhonn éisc óga agus comhbhailiúcháin d'éisc sceite a chosaint, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát na sonraíochtaí, an fhairsinge, an fad ama, na srianta trealaimh agus socruithe rialaithe agus faireacháin a shainiú.

(30)Agus moltaí comhpháirteacha á ndéanamh ina gcuid pleananna ilbhliantúla acu i leith íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leasú nó a bhunú, ba cheart go náiritheodh grúpaí réigiúnacha Ballstát nach gcuirtear cuspóirí an CBI i mbaol; chuige sin ba cheart dóibh a áirithiú go nurramaítear cosaint éisc óga de speicis mhuirí, nach saobhtar an margadh ar aon sórt slí leo agus nach gcruthaítear margadh le haghaidh éisc atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(31)Ba cheart go gceadófaí iaimh fhíor-ama a chruthú maille le forálacha maidir le hathrú láithreach anuas orthu sin trí bhíthin na moltaí comhpháirteacha d'fhonn éisc óga agus comhbhailiúcháin d'éisc sceite a chosaint. Ba cheart go saineofaí sna moltaí iomchuí comhpháirteacha na coinníollacha a bhaineann le limistéir den sórt sin a chur ar bun nó a chur ar ceal chomh maith leis na socruithe rialaithe agus faireacháin.

(32)Ar bhonn measúnú eolaíoch ar an tionchar a bhíonn ag trealamh nuálach, agus meastóireacht iomchuí déanta ag CETEI air, d'fhéadfaí úsáid trealaimh nuálaigh den sórt sin, amhail bíogthrál leictreach, nó leathnú na húsáide sin, a bheith ina rogha sna moltaí comhpháirteacha ó ghrúpaí réigiúnacha Ballstát. Níor cheart go gceadófaí trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh measúnú eolaíoch go dtiocfaidh den úsáid sin ainiarsmaí ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach sprioc-speicis iad.

(33)Chun foghabhálacha de speicis íogaire agus tionchar an trealaimh iascaireachta ar ghnáthóga íogaire a laghdú a oiread is féidir, ba cheart do ghrúpaí réigiúnacha Ballstát bearta maolaithe breise a fhorbairt d'fhonn tionchar na hiascaireachta ar speicis íogaire agus ar ghnáthóga íogaire a laghdú. I gcás ina léiríonn fianaise eolaíoch gurb ann do bhagairt thromchúiseach ar stádas caomhnaithe na speiceas agus na ngnáthóg sin, ba cheart do na Ballstáit srianta breise a thabhairt isteach ar threalamh iascaireachta áirithe a dhéanamh agus a oibriú nó toirmeasc iomlán ar a núsáid sa réigiún i dtrácht a thabhairt isteach. D'fhéadfaí go háirithe forálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le sruthlíonta a úsáid, ar gabhadh leo i limistéir áirithe méideanna móra de chéiticigh nó d'éanlaith mhara.

(34)I gcás nach bhfuil aon phlean ilbhliantúil i bhfeidhm, ceadaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 pleananna aischuir sealadacha a bhunú le haghaidh cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Ba cheart go gceadófaí mar chuid de phleananna den sórt sin bearta teicniúla a bhunú a bhfuil dlúthbhaint acu le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a bhfuil sé mar aidhm leo roghnaíocht a mhéadú agus gabhálacha neamhbheartaithe a laghdú, a mhéid is féidir.

(35)D'fhonn na moltaí mionsonraithe atá ann cheana a chomhaontaigh NEAFC a choinneáil ar bun, ba cheart an chumhacht lena nglactar gníomhartha i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le liostaí d'éiceachórais leochaileacha muirí agus freisin i ndáil le sainbhearta teicniúla a bhaineann le bearta sainithe atá ceaptha langaí gorma agus péirsí mara a chosaint. Ba cheart ina theannta sin go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le leasuithe a ionchorprú i ndlí an Aontais, leasuithe a dhéanfar amach anseo ar na bearta sin arna nglacadh ag NEAFC arb iad is ábhar do ghnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo atá sainithe go sainráite agus a thagann chun bheith ceangailteach ar an Aontas i gcomhréir le téarmaí Choinbhinsiún NEAFC. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh.

(36)D'fhonn is nach gcuirfear bac ar thaighde eolaíoch, athstocáil shaorga ná trasphlandú, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le hoibríochtaí a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin.

(37)I gcásanna ina léirítear le comhairle eolaíoch gur gá gníomhú gan mhoill chun speicis mhuirí a chosaint ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, i gcásanna cuí-réasúnaithe, gníomhartha tarmligthe atá infheidhme láithreach a ghlacadh lena mbunófaí bearta teicniúla chun bagairtí den chineál sin a mhaolú, sa bhreis nó de mhaolú ar an Rialachán seo nó bearta teicniúla atá socraithe ar shlí eile i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Ba cheart na bearta sin a cheapadh go sonrach chun dul i ngleic le hathruithe gan choinne ar phatrúin stoic de thoradh an leibhéil d'éisc óga inghafa i stoc ar leith a bheith ard nó a bheith íseal, nó iad a cheapadh chun cosaint a thabhairt d'éisc sceite nó do shliogéisc nuair a bhíonn stoic aníseal nó i gcás athruithe eile ar stádas caomhnaithe stoc éisc a d'fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar stádas stoic éisc. D'fhéadfaí a áireamh ar na bearta sin srianta ar threalamh tarraingthe nó trealamh éighníomhach a úsáid nó srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta i limistéir ar leith nó le linn tréimhsí ar leith.

(38)Ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún d'fhonn liosta na niasc agus na sliogiasc sin a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh orthu a thabhairt cothrom le dáta; d'fhonn liosta na limistéar íogair a bhfuil toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh iontu a thabhairt cothrom le dáta; d'fhonn bearta teicniúla a ghlacadh mar chuid de phleananna ilbhliantúla; agus d'fhonn bearta teicniúla a ghlacadh mar chuid de phleananna aischuir sealadacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh. Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(39)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le sonrú gaireas a bhunú a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh den trealamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin; sonraíocht a shainiú i gcomhair na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte de threalamh sainithe íosta; sonraíochtaí a shainiú i gcomhair an bhíogthráil; srianta maidir le tógáil agus maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí; rialacha a leagan síos: maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí i leith úsáid a bhaint as trealamh éighníomhach ag doimhneacht idir 200–600 méadar, rialacha mionsonraithe a shainiú maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás limistéir iata nó shrianta; agus rialacha mionsonraithe a shainiú maidir le tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a bhaineann le gairis a úsáidtear chun céiticigh a choinneáil ó eangacha éighníomhacha agus modhanna a úsáidtear chun foghabhálacha d'éanlaith mhara agus de reiptílí muirí a laghdú, chun na coinníollacha sin uile a áirithiú ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 22 .

(40)Faoi dheireadh 2020 agus gach tríú bliain as sin amach ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus i ndiaidh do CETEI meastóireacht a dhéanamh air. Ba chóir go ndéanfaí measúnú sa tuarascáil sin ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon le cuspóirí agus spriocanna an Rialacháin seo a bhaint amach. Ar bhonn na tuarascála sin, i gcás ina léireofar le fianaise nach bhfuil na cuspóirí agus na spriocanna sin á mbaint amach ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart do Bhallstáit laistigh den réigiún sin plean a chur isteach ag leagan amach na mbeart ceartaitheach nach mór a dhéanamh lena áirithiú go mbainfear na cuspóirí agus na spriocanna sin amach. Ba cheart freisin go molfadh an Coimisiún aon leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn na tuarascála sin.

(41)Mar gheall ar líon na leasuithe atá le déanamh agus a thábhachtaí atá siad, ba cheart Rialacháin (CE) 894/97 23 , (CE) 850/98 24 , (CE) Uimh. 2549/2000 25 , (CE) Uimh. 254/2002 26 , (CE) Uimh. 812/2004 27 agus (CE) Uimh. 2187/2005 28 ón gComhairle a aisghairm.

(42)Ba cheart Rialachán (CE) 1967/2006 ón gComhairle 29 , Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle 30 , Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 31 , mar aon le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 32 agus Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 33 a leasú dá réir.

(43)D'fhonn rialacha mionsonraithe lena trasuítear moltaí arna gcomhaontú ag CIGM a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht lena nglactar gníomhartha i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le bearta teicniúla atá i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011. Ba cheart ina theannta sin go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le leasuithe a ionchorprú i ndlí an Aontais, leasuithe a dhéanfar amach anseo ar na bearta sin arna nglacadh ag CIGM arb iad is ábhar do ghnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo atá sainithe go sainráite agus a thagann chun bheith ceangailteach ar an Aontas i gcomhréir le téarmaí chomhaontú CIGM. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta teicniúla maidir leis an méid seo a leanas:

(a)acmhainní iascaigh a ghabháil agus a thabhairt i dtír; agus

(b)oibriú trealaimh iascaireachta agus idirghníomhú gníomhaíochtaí iascaireachta le héiceachórais mhuirí.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus ag náisiúnaigh de na Ballstáit, gan dochar don phríomhfhreagracht atá ar an mBratstát, sna limistéir iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus ag soithí iascaireachta a mbíonn bratach tríú tíortha ar foluain acu, agus atá cláraithe i dtríú tíortha, le linn dóibh bheith ag iascaireacht in uiscí an Aontais.

2.Beidh feidhm freisin ag Airteagal 7 agus Airteagal 14, agus ag Cuid A d'Iarscríbhinn V go hIarscríbhinn X maidir le hiascaigh áineasa.

3. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 29 agus Airteagal 30, ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun na críocha seo a leanas agus chun na críocha sin amháin:

(a)imscrúduithe eolaíocha, agus

(b)athstocáil shaorga nó trasphlandú speiceas muirí.

Airteagal 3

Cuspóirí ginearálta agus sonracha

1.    Ar an ábhar gurb éard atá i mbearta teicniúla uirlisí lena dtacaítear le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), cuirfidh siad le cuspóirí sin an CBL a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus go háirithe i mír 2, mír 3 agus mír 5(a) agus (j) den Airteagal sin.

2.    Ina theannta sin, le bearta teicniúla déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)patrúin saothraithe a bharrfheabhsú d'fhonn éisc óga agus comhbhailiúcháin sceite de speicis mhuirí a chosaint;

(b)a áirithiú go laghdófar foghabhálacha de na speicis mhuirí a liostaítear i dTreoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE maille le foghabhálacha d'aon speicis íogaire eile a ghabhtar le linn iascaireachta, go laghdófar iad a oiread is féidir agus, nuair is féidir, go gcuirfear deireadh leo, sa chaoi nach bagairt ar stádas caomhnaithe na speiceas sin iad;

(c)a áirithiú go ndéanfar an tionchar comhshaoil a bhíonn ag an iascaireacht ar ghnáthóga muirí a laghdú a oiread is féidir, agus nuair is féidir, go gcuirfear deireadh leis, sa chaoi nach bagairt ar stádas caomhnaithe na ngnáthóg sin é;

(d)rannchuidiú le bearta bainistíochta iascaigh a chur ar bun chun críocha na noibleagáidí a leagtar síos le Treoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE, 2008/56/CE agus 2000/60/CE a chomhlíonadh.

Airteagal 4

Spriocanna

1.    Is éard a bheidh mar aidhm ag bearta teicniúla na spriocanna seo a leanas a bhaint amach:

(a)a áirithiú nach mbeidh níos mó na 5 % de ghabhálacha speiceas muirí faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(b)a áirithiú nach sáróidh foghabhálacha de mhamaigh mhuirí, de reiptílí muirí, d'éanlaith mhara agus de speicis eile nach ndéantar saothrú tráchtála orthu, nach sáróidh siad na leibhéil dá bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta.

(c)a áirithiú nach sáróidh an tionchar comhshaoil a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar ghnáthóga ar ghrinneall na farraige, nach sáróidh sé na leibhéil is gá le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach do gach cineál gnáthóige arna mheas faoi chuimsiú Threoir 2008/56/CE i ngach réigiún nó foréigiún muirí, a fhad a bhaineann le cáilíocht gnáthóige agus leis an achar spáis a theastaíonn chun na leibhéil riachtanacha a bhaint amach.

2.    Déanfar athbhreithniú ar a mhéid a baineadh na spriocanna sin amach mar chuid den phróiseas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 34.

Airteagal 5

Sainmhínithe ar limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir iascaireachta seo a leanas:

(a)ciallaíonn 'an Mhuir Thuaidh' ranna ICES 34 IIa, IIIa agus IV;

(b)ciallaíonn 'an Mhuir Bhailt' ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId;

(c)ciallaíonn 'Uiscí an Iarthuaiscirt' folimistéir ICES V (seachas Va agus uiscí nach de chuid an Aontais iad atá in Vb), VI agus VII;

(d)ciallaíonn 'Uiscí an Iardheiscirt' folimistéir ICES VIII, IX agus X (uiscí an Aontais) agus limistéir CECAF 35 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí an Aontais);

(e)ciallaíonn 'an Mheánmhuir' uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36' I;

(f)ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' uiscí i bhforéigiún geografach 29 de chuid An Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (CIGM) mar atá sainithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 36 (Rún CIGM/33/2009/2);

(g)ciallaíonn 'na Réigiúin is Forimeallaí' uiscí timpeall ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh, agus iad roinnte i dtrí imchuacha: an tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;

(h)ciallaíonn 'Limistéar Rialála NEAFC' na huiscí sin de chuid Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC atá lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse iascaigh na bPáirtithe Conarthacha mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 37 ;

(i)ciallaíonn 'limistéar Chomhaontú CIGM' an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh agus uiscí cónascacha, mar a shainítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 38 .

Airteagal 6

Sainmhínithe ar théarmaí

1.    Chun críocha an Rialacháin seo, agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'patrún saothraithe' dáileadh brú iascaireachta ar stoc éisc ar feadh phróifíl aoise an stoic sin;

(2)ciallaíonn 'roghnaíocht' cainníocht arna sloinneadh mar dhóchúlacht go ngabhfar méid áirithe éisc le mogallmhéid áirithe (nó le duán de mhéid áirithe);

(3)ciallaíonn 'iascaireacht roghnaíoch' a ábalta atá modh iascaireachta éisc nó sliogéisc a aimsiú de réir méide agus cineál speicis le linn oibríochta iascaireachta, iad a ghabháil, agus speicis nach sprioc-speicis a sheachaint nó a scaoileadh saor gan díobháil dóibh;

(4)ciallaíonn 'iascaireacht dhírithe' speiceas sainithe nó comhcheangal de speicis a iascach nuair is mó ná 50 % de luach eacnamaíoch na gabhála gabháil iomlán an speicis nó na speiceas sin;

(5)ciallaíonn 'dea-stádas comhshaoil' stádas comhshaoil na nuiscí mara mar a shainítear é in Airteagal 3(5) de Threoir 2008/56/CE;

(6)ciallaíonn 'gnáthóg íogair' gnáthóg a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, gníomhaíochtaí iascaireachta san áireamh, difear dochrach dá stádas comhshaoil, lena náirítear fairsinge na gnáthóige agus staid (struchtúr agus feidhm) a comhpháirteanna bitheacha agus aibitheacha. Áirítear go sonrach ar na gnáthóga íogaire na cineálacha gnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I agus gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, gnáthóga na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/147/CE, gnáthóga a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh d'fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach de réir Threoir 2008/56/CE agus éiceachórais leochaileacha mhuirí mar a shainítear iad in Airteagal 2(b) de Rialachán Uimh. 734/2008 ón gComhairle 39 ;

(7)ciallaíonn 'speiceas íogair' speiceas a ndéanann an brú a eascraíonn as gníomhaíochtaí daonna, gníomhaíochtaí iascaireachta san áireamh, difear dochrach dá stádas comhshaoil, lena náirítear dá ghnáthóg, dá dháileadh, dá líon agus dá bhail. Áirítear go sonrach ar na speicis íogaire na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, na speicis a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE agus speicis a bhfuil sé riachtanach cosaint a thabhairt dóibh d'fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi Threoir 2008/56/CE;

(8)ciallaíonn 'speicis bheaga peiligeacha' ronnaigh, scadáin, bolmáin, ainseabhaithe, sairdíní, faoitíní gorma, airgintíní, saláin, torcéisc;

(9)ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(10)ciallaíonn 'Comhairlí Comhairleacha' grúpaí geallsealbhóirí a bunaíodh faoin CBI chun ionadaíocht chothrom ar na geallsealbhóirí uile a chur chun cinn agus chun rannchuidiú le cuspóirí an CBI a bhaint amach;

(11)ciallaíonn 'trál' trealamh iascaireachta a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag soitheach iascaireachta amháin nó níos mó agus arb é atá ann líon a bhfuil cruth cóin nó pirimide ar a chorp (más corp tráil é) agus atá dúnta ar gcúl le soc-fhoirceann; ciallaíonn 'trealamh tarraingthe' aon tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh dá samhail a bhfuil cruth cóin nó pirimide ar a chorp agus atá dúnta ar gcúl le mála (soc-fhoirceann) nó ar a bhfuil dhá eiteog fhada, corp agus mála (soc-fhoirceann) agus a bhogtar go gníomhach san uisce;

(12)ciallaíonn 'trál grinneallach' trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go noibreoidh sé ar ghrinneall na farraige nó in aice leis;

(13)ciallaíonn 'trál grinneallach dhá bhád' trál grinneallach a bhíonn á tharraingt ag dhá bhád in éineacht, agus leataobh an tráil á tharraingt ag gach bád díobh sin. Is trál é a gcoinnítear a bhéal cothrománach ar oscailt de thoradh an achair idir an dá shoitheach le linn dóibh an trealamh a tharraingt;

(14)ciallaíonn 'trál peiligeach' trál atá ceaptha agus rigeáilte sa chaoi go noibreoidh sé ar meándoimhneacht;

(15)ciallaíonn 'trál bíoma' trealamh a bhfuil a thrál ar oscailt go cothrománach ag píobán cruach nó adhmaid agus go dtarraingítear an bíoma agus líontán, ar a bhfuil slabhraí grinneallacha, mataí slabhraí nó slabhraí suaite, go gníomhach ar an ngrinneall;

(16)ciallaíonn 'bíogthrál leictreach' teicníc iascaireachta arb é atá ann réimse leictreach a úsáid chun éisc a ghabháil. Is éard atá i dtrealamh bíogthráil leictrigh méid áirithe leictreoidí, atá ceangailte den trealamh i dtreo na tarraingthe agus a chuireann gearrbhíoga leictreacha astu;

(17)ciallaíonn 'saighean Dhanmhargach' trealamh ciorclaithe agus tarraingthe a oibrítear ó bhád amháin le dhá rópa fhada (rópaí saighne) atá ceaptha chun na héisc a thiomáint i dtreo bhéal na saighne. Is éard atá sa trealamh líon atá cosúil le trál grinnill i dtaca le dearadh agus méid, agus a bhfuil dhá eiteog fhada, corp agus mála (soc-fhoirceann) air;

(18)ciallaíonn 'peaslíon saighne' trealamh ciorclaithe arb é atá ann líon a bhfuil a bhun tarraingthe le chéile ag braighdeán íochtair ag bun an lín, agus an braighdín sin ag dul trí shraith fáinní ar feadh na téide grinnill, rud a fhágann gur féidir an líon a fháscadh agus a dhúnadh;

(19)ciallaíonn 'dreidirí' trealamh a bhíonn á tharraingt go gníomhach ag inneall an phríomhbháid (dreidire báid) nó á tharraingt ag crann tochrais innealta soithigh ar ancaire (dreidirí meicnithe) d'fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí a ghabháil, dreidirí arb é atá iontu mála lín nó ciseán miotail suite ar fhráma nó slat dhocht de mhéideanna agus de chruthanna éagsúla agus a bhféadfaidh lann scríobtha de chineál cruinn, faobhrach nó fiaclach a bheith ar an gcuid íochtair díobh, agus a bhféadfaidh scidí agus cláir tumadóireachta a bheith feistithe orthu nó gan a bheith feistithe orthu. Tá dreidirí áirithe ann, agus tá trealamh hiodrálach (dreidirí hiodrálacha) feistithe orthu. Maidir le dreidirí a tharraingítear de láimh nó le crainn tochrais láimhe in uisce éadomhain le cabhair báid nó dá uireasa d'fhonn débhlaoscaigh, gastrapóid nó spúinsí (dreidirí láimhe) a ghabháil, ní mheasfar gur trealamh tarraingthe iad chun críche an Rialacháin seo;

(20)ciallaíonn 'eangacha éighníomhacha' aon chineál eangaí geolbhaigh, lín fostúcháin nó traimle atá ar ancaire ar ghrinneall na farraige (eangacha geolbhaigh nó eangacha socraithe) nó a ligtear dóibh imeacht le sruth (sruthlíonta) ionas go snámhfaidh éisc isteach iontu agus go rachaidh siad i bhfostú sa líontán nó go lúbfar ann iad;

(21)ciallaíonn 'sruthlíon' líon comhdhéanta de bhalla líontáin amháin nó níos mó, atá ar crochadh le chéile go comhthreomhar ar an téad uachtair nó ar na téada uachtair, a choinnítear ar bharr an uisce nó ag fad áirithe thíos faoi le gairis atá ar snámh, agus a ghluaiseann le sruth uaidh féin nó leis an mbád a bhfuil sé ceangailte de, má tá sé ceangailte de bhád. Féadfaidh gairis a bheith feistithe air a bhfuil sé d'aidhm acu an líon a choinneáil cobhsaí nó a ghluaiseacht a theorannú, gairis amhail ancaire farraige nó ancaire ar an ngrinneall atá ceangailte de thaobh amháin den líon;

(22)ciallaíonn 'eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe' eangach atá déanta d'aon bhlúire eangaí amháin a choinnítear go ceartingearach ina ionad san uisce le snámháin agus le tomhais. Gabhtar léi beo-acmhainní uisceacha trína lúbadh agus bíonn sí ceangailte, nó is féidir í a cheangal, ar chuma éigin, de ghrinneall na farraige;

(23)ciallaíonn 'líon fostúcháin grinneallsocraithe' balla aonair líontáin atá rigeáilte sa chaoi go mbíonn an líontán ar crochadh ar na téada d'fhonn níos mó scaoilteachta a bheith sa líontán seachas mar a bheadh i gcás eangach gheolbhaigh. I dtaca le líonta fostúcháin, is gnách go mbíonn níos lú snámhachta ag roinnt lena gceannrópa agus is ísle iad, ina seasamh dóibh, le linn a núsáide chun iascaireachta ná gnátheangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe, agus bíonn siad ceangailte, nó is féidir iad a cheangal, ar chuma éigin, de ghrinneall na farraige;

(24)ciallaíonn 'traimil ghrinneallsocraithe' eangach atá comhdhéanta de dhá shraith líontáin nó níos mó a bhfuil dhá shraith ar an taobh amuigh di a bhfuil mogallmhéid mhór iontu, agus leathán de mhogall mín beag istigh eatarthu, ar eangach í a bhíonn ceangailte, nó is féidir a cheangal, ar chuma éigin, de ghrinneall na farraige;

(25)ciallaíonn 'eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht' aon eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe in éineacht le traimil arb í an chuid íochtair den eangach í;

(26)ciallaíonn 'spiléar' trealamh iascaireachta arb é atá ann príomhdhorú, a mbíonn fad mór ann ar uairibh, agus a gceanglaítear de, fad áirithe ó chéile, snúdaí agus duáin baoiteáilte orthu nó snúdaí agus duáin gan bhaoite orthu. Is go cothrománach ar ghrinneall na farraige nó in aice le grinneall na farraige, nó go ceartingearach, a bhíonn an príomhdhorú ar ancaire, sin nó bíonn sé ag imeacht le sruth ar bharr an uisce;

(27)ciallaíonn 'potaí agus cléibh' gaistí le haghaidh crústaigh nó iasc a ghabháil atá i bhfoirm cásanna nó ciseanna déanta as ábhair éagsúla, a chuirtear ar an ngrinneall leo féin nó i sraitheanna, agus atá ceangailte le rópaí (baoilínte) de bhullaí atá ar bharr an uisce chun a suíomh a léiriú agus a bhfuil oscailt nó bealach isteach amháin nó níos mó orthu;

(28)ciallaíonn 'dorú láimhe' teicníc iascaireachta arb é atá ann greim láimhe a choinneáil ar dhorú aonair. Ceanglaítear den dorú baoite amháin nó duán amháin ar a bhfuil baoite, nó níos mó ná ceann amháin díobh sin;

(29)ciallaíonn 'cros San Aindrias' alpaire a dhéanann oibriú mar a bheadh siosúr ann d'fhonn moilisc dhébhlaoscacha nó coiréal dearg ó ghrinneall na farraige a ghabháil;

(30)ciallaíonn 'soc-fhoirceann' an chuid is sia siar den trál, a bhfuil cruth sorcóireach air, i.e. is ionann imlíne dó ar a fhud, nó a bhfuil cruth barrchaolaithe air. É comhdhéanta de phainéal (blúirí líontáin) amháin nó níos mó arb ionann mogallmhéid dóibh agus atá ceangailte dá chéile feadh a sleasa ar ais an tráil le séama, áit ar féidir taobhrópa a cheangal de. Chun críocha rialála, is éard a thuigfear leis sin an caoga mogall deireanach atá sa trál;

(31)ciallaíonn 'mogallmhéid' mogallmhéid aon soc-fhoircinn atá ar threalamh iascaireachta tarraingthe arna tomhas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 517/2008 ón gCoimisiún 40 ;

(32)ciallaíonn 'mogall cearnógach' cruth an mhogaill mar a bhíonn nuair a fheistítear líontán ar uillinn dhiallta 45° aduaidh sa chaoi go mbíonn na barraí comhthreomhar le chéile agus ar uillinn 90° le hais an tráil;

(33)ciallaíonn 'mogall muileatach' an cruth rombóideach is gnách a bheith ar mhogaill i líontán leatháin;

(34)ciallaíonn 'T90' tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh tarraingthe dá samhail a bhfuil soc-fhoirceann agus blúire sínidh orthu a dhéantar de líontán mogaill de chineál muileatach snaidhmthe atá iompaithe 90° ionas go mbeidh príomhthreo rith an líontáin comhthreomhar le treo na tarraingthe;

(35)ciallaíonn 'fuinneog éalaithe Bacoma' painéal éalaithe déanta de líontán mogaill de chineál cearnógach, gan snaidhmeanna, atá feistithe ar bharrphainéal soc-fhoircinn agus a bhfuil a ciumhais íochtair ceithre mhogall ar a mhéad ón dorú lásála;

(36)ciallaíonn 'líon criathrúcháin' gaireas atá ceangailte d'imlíne iomlán an tráil séaclaí in aice an bhíoma, agus a bhfuil barrchaolú air i dtreo an rinnphointe, áit a bhfuil sí ceangailte de leathán íochtair an tráil séaclaí. Tá poll éalaithe san áit a bhfuil an líon criathrúcháin agus an soc-fhoirceann ag teacht le chéile, rud a fhágann gur féidir le speicis nó aonáin atá rómhór le dul tríd an gcriathar ealú ach gur féidir le séaclaí dul tríd an gcriathar isteach go dtí an soc-fhoirceann;

(37)ciallaíonn 'titim' an pheaslín saighne suim airde na mogall (snaidhmeanna san áireamh) nuair is fliuch dóibh agus iad sínte go hingearach leis an téad snámhán;

(38)ciallaíonn 'tréimhse tumtha' an tréimhse ón tráth a chéadchuirtear na líonta san uisce nó go dtugtar na líonta uile slán arís ar bord an tsoithigh iascaireachta;

(39)ciallaíonn 'braiteoirí faireacháin trealaimh' cianbhraiteoirí leictreonacha is féidir a fheistiú ar thráil nó ar pheaslíon saighne d'fhonn faireachán a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair feidhmíochta amhail an t-achar idir doirse an tráil nó méid na gabhála;

(40)ciallaíonn 'fuaimghaireas bactha' cianghairis a úsáidtear chun go dtuigfidh speicis amhail mamaigh mhuirí go bhfuil trealamh iascaireachta in aice leo agus chun rabhadh a thabhairt dóibh ina thaobh sin, rud a dhéanann an fuaimghaireas trí chomhairceanna fuaimníocha a chur as;

(41)ciallaíonn 'línte scanraithe éan' téada (ar a bhfuil sraoilleáin) a tharraingítear ó ardphointe in aice dheireadh soithí iascaireachta nuair a bhíonn feidhm á baint chun iascaireachta as duáin ar a bhfuil baoite, agus tá sé d'aidhm ag na téada sin éanlaith mhara a scanrú chun siúil ó na duáin;

(42)ciallaíonn 'roghnú na scotha' an cleachtas arb é atá ann éisc ísealphraghais a aischur atá faoi réir teorainneacha gabhála, ar a shon go bhféadfaí iad a thabhairt i dtír go dleathach, d'fhonn luach iomlán eacnamaíoch nó airgeadaíoch na niasc sin a thugtar chun an chuain a uasmhéadú.

(43)ciallaíonn 'sleamhnú' an cleachtas arb é atá ann éisc a scaoileadh saor ón trealamh iascaireachta d'aon toisc sula dtugtar an trealamh sin ar bord an tsoithigh iascaireachta, cleachtas a mbíonn de thoradh air éisc mharbha nó éisc i mbéal báis a chailleadh;

(44)ciallaíonn 'athstocáil dhíreach' an ghníomhaíocht arb é atá ann ainmhithe fiáine beo de chuid speicis roghnaithe a scaoileadh saor sna huiscí ina maireann na speicis sin de ghnáth, d'fhonn leas a bhaint as táirgeadh nádúrtha na timpeallachta uiscí ionas go dtiocfaidh méadú ar líon na naonán atá ar fáil d'iascaigh agus/nó méadú nádúrtha ar líon na niasc óg inghafa;

(45)ciallaíonn 'trasphlandú' an próiseas arb é atá ann daoine speicis a iompar d'aon ghnó agus a scaoileadh saor i limistéir ina bhfuil líon na speiceas sin bunaithe.

CAIBIDIL II

COMHBHEARTA TEICNIÚLA

ROINN 1

Trealamh iascaireachta agus úsáidí atá faoi thoirmeasc

Airteagal 7

Trealamh iascaireachta agus modhanna iascaireachta a bhfuil toirmeasc orthu

Beidh toirmeasc ar na modhanna seo a leanas a úsáid chun speicis mhuirí a ghabháil nó a shaothrú:

(a)substaintí tocsaineacha, támhaithe nó creimneacha;

(b)sruth leictreach ach amháin úsáid bíogthráil leictrigh, mar a leagtar amach in Airteagal 24 agus i gCuid E d'Iarscríbhinn V;

(c)pléascáin;

(d)casúir neomatacha nó fearais buailte eile;

(e)trealamh tarraingthe ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú é nó cineálacha eile coiréil nó orgánaigh atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(f)cros San Aindrias nó alpairí dá samhail ar le haghaidh coiréal dearg a shaothrú iad nó cineálacha eile coiréil agus speicis atá dealraitheach le coiréal a shaothrú;

(g)aon chineál teilgeain;

(h)ga-ghunnaí i gcás ina mbaintear úsáid astu in éineacht le gaireas análaithe faoi uisce (uathscamhóg) nó istoíche ó dhul faoi na gréine go breacadh an lae.

Airteagal 8

Úsáidí atá faoi thoirmeasc

Beidh toirmeasc ar speicis mhuirí, a ghabhtar ar na modhanna a liostaítear in Airteagal 7, a dhíol, a thaispeáint nó a chur ar díol.

ROINN 2

Srianta ginearálta ar threalamh iascaireachta agus coinníollacha a úsáide

Airteagal 9

Srianta ginearálta ar threalamh tarraingthe a úsáid

1.    Ní bheidh mogallmhéid aon chuid de threalamh tarraingthe níos lú ná mogallmhéid an tsoc-fhoircinn. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le gairis líontáin a úsáidtear chun braiteoirí faireacháin trealaimh a ghreamú.

2.    I gcás ina mbeidh níos mó ná aon líon amháin á tharraingt in éineacht ag soitheach iascaireachta nó ag níos mó ná soitheach amháin, beidh an mhogallmhéid chéanna i ngach líon acu.

3.    Beidh toirmeasc ar aon soc-fhoirceann a dhéanamh nó aon ghaireas a ghreamú a chuirfidh bac ar mhogallmhéid an tsoc-fhoircinn nó aon chuid de threalamh tarraingthe, nó a mbeidh sé d'éifeacht acu na nithe sin a laghdú. Ní fhágfaidh an fhoráil sin nach bhféadfar feidhm a bhaint as gairis shonracha a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt, a chuireann le héalú gabhálacha as an gcuid tosaigh de threalamh tarraingthe nó a chuireann srian leis sin.

4.    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear rialacha mionsonraithe maidir le sonraíocht soc-fhoirceann agus sonraíocht na ngaireas dá dtagraítear i mír 3. Is ar an gcomhairle eolaíoch agus theicniúil is fearr dá bhfuil ar fáil a bhunófar na gníomhartha cur chun feidhme sin agus féadfar an méid seo a leanas a shainiú leo:

srianta ar thiús téide;

srianta ar imlíne soc-fhoirceann;

srianta ar ábhar líontáin a úsáid;

struchtúr agus greamú soc-fhoirceann;

gairis cheadaithe a laghdaíonn caitheamh agus cuimilt; agus

gairis cheadaithe a chuireann srian le héalú gabhálacha.

5.    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 10

Srianta ginearálta ar eangacha éighníomhacha a úsáid

1.    Beidh toirmeasc ar shruthlíon amháin nó níos mó a bheith ar bord nó a úsáid ar mó ná 2.5 ciliméadar a bhfad iomlán nó fad aon cheann acu.

2.    Beidh toirmeasc ar shruthlíonta a úsáid chun na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn III a iascach.

3.    D'ainneoin mhír 1, beidh toirmeasc ar aon sruthlíon a bheith ar bord soithigh i Muir Bhailt dó nó ar aon sruthlíon a úsáid sa Mhuir sin.

4.    Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid d'fhonn na speicis seo a leanas a ghabháil:

Tuinníní colgacha (Thunnus alalunga), 

Tuinníní gorma (Thunnus thynnus),

Sáimhíní (Brama brama), 

Colgáin (Xiphias gladius),

Siorcanna de na speicis nó de na finí seo a leanas: Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; gach speiceas de Alopiidae; Carcharhinidae; Sphymidae; Isuridae; Lamnidae. 

5.    Beidh toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí a úsáid aon áit a bhfuil an doimhneacht cairte níos mó ná 600 méadar.

ROINN 3

Cosaint Speiceas Íogair agus Gnáthóg Íogair

Airteagal 11

Speicis éisc agus sliogéisc atá faoi thoirmeasc

1.    Beidh toirmeasc ar na nithe seo a leanas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE, a dhéanamh d'aon turas: speicis éisc nó sliogéisc a ghabháil, a choinneáil ar bord soithigh, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír ach amháin i gcás inar deonaíodh maolú i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir sin.

2.    Mar aon leis na speicis dá dtagraítear i mír 1, beidh toirmeasc ar shoithí de chuid an Aontais na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol, a thaispeáint nó a chur ar díol.

3.     Más foghabhálacha gabhálacha eiseamal de na speicis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.

4.    I gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn I trí speicis nua a bhfuil a gcosaint riachtanach a chur leis an liosta sin, cumhachtófar don Choimisiún leasuithe den sórt sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32.

5.    Beidh d'aidhm ag na bearta a ghlactar de bhun mhír 4 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) a bhaint amach.

Airteagal 12

Foghabhálacha de mhamaigh mhuirí, d'éanlaith mhara agus de reiptílí muirí

1.    Beidh toirmeasc ar na mamaigh mhuirí agus na reiptílí muirí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus ar na speicis d'éanlaith mhara a chumhdaítear le Treoir 2009/147/CE , beidh toirmeasc ar na speicis sin uile a ghabháil d'aon turas, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

2.    Más foghabhálacha gabhálacha eiseamal de na speicis dá dtagraítear i mír 1, ní dhéanfar díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.

3.    D'ainneoin mhír 1 agus mhír 2, údarófar eiseamail de na speicis mhuirí dá dtagraítear i mír 1, nuair is foghabhálacha iad, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír a fhad is atá sin riachtanach chun cúnamh a fháil d'fhonn na hainmhithe aonair sin a fháil ar ais agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta lena mbainfidh go hiomlán ar an eolas roimh ré.

4.    Ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil féadfaidh Ballstát bearta maolaithe nó srianta ar threalamh iascaireachta áirithe a chur ar bun i leith soithí a bhfuil a bhratach ar foluain orthu, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le bearta den sórt sin laghdófar a oiread is féidir gabhálacha de na speicis dá dtagraítear i mír 1 agus, nuair is féidir, cuirfear deireadh leo, agus beidh na bearta sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta teicniúla is infheidhme faoi dhlí an Aontais.

5.    Beidh d'aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) a bhaint amach.

Airteagal 13

Gnáthóga íogaire a chosaint, lena náirítear éiceachórais leochaileacha mhuirí

1.    Beidh toirmeasc ar an trealamh iascaireachta a shonraítear in Iarscríbhinn II a úsáid laistigh de na limistéir iomchuí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.    I gcás ina dtugtar le fios leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil gur gá liosta na limistéar in Iarscríbhinn II a leasú, lena náirítear limistéir nua a chur leis, cumhachtófar don Choimisiún leasuithe den sórt sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Agus leasuithe den sórt sin á nglacadh aige tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar na hainiarsmaí a eascróidh as gníomhaíocht iascaireachta a dhíláithriú go dtí limistéir íogaire eile a mhaolú.

3.    I gcás ina bhfuil gnáthóga den sórt sin le fáil in uiscí atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit, cumhachtófar don Bhallstát sin limistéir iata a bhunú nó bearta caomhnaithe eile a chur ar bun d'fhonn na gnáthóga sin a chosaint, de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh bearta den sórt sin ag luí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

4. Beidh d'aidhm ag bearta arna nglacadh de bhun mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo an sprioc a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c) a bhaint amach.

ROINN 4

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Airteagal 14

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

1.    Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe na speiceas muirí a shonraítear i gCuid A d'Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm acu chun na críocha seo a leanas:

(a)féachaint chuige go gcosnófar éisc óga de speicis mhuirí de bhun Airteagal 15(11) agus 15(12) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

2.    Is i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a thomhasfar méid speicis mhuirí.

3.    I gcás ina ndéantar foráil maidir le níos mó ná aon mhodh amháin le méid speicis mhuirí a thomhas, ní mheasfar an t-eiseamal a bheith faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe má tá an mhéid, de réir aon cheann de na modhanna tomhais sin, cothrom leis an íosmhéid tagartha caomhnaithe nó níos mó ná é.

Airteagal 15

Forálacha maidir le speicis mhuirí atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe

Beidh bearta i bhfeidhm sna Ballstáit chun é a dhéanamh níos fusa gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe a stóráil agus margaí a aimsiú dóibh, ar gabhálacha iad a tugadh i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Féadfar a áireamh ar na bearta sin tacaíocht d'infheistíocht arb é is aidhm léi láithreáin ag a gcuirtear iasc i dtír mar aon le fothanacha a thógáil agus a oiriúnú, nó tacaíocht d'infheistíocht arb é is aidhm léi luach a chur le táirgí iascaigh.

ROINN 5

Bearta chun aischur éisc a laghdú

Airteagal 16

Toirmeasc ar roghnú na scotha agus ar shleamhnú

1.    Beidh toirmeasc ar roghnú na scotha agus ar shleamhnú.

2.    Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le gabhálacha speiceas atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 17

Speicis nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála

1.    Féadfaidh na Ballstáit tabhairt faoi threoirthionscadail a bhfuil sé d'aidhm acu modhanna a aimsiú le gabhálacha neamhbheartaithe de speicis nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála a sheachaint, a laghdú a oiread is féidir agus deireadh a chur leo. Tabharfar aird sna treoirthionscadail sin ar thuairimí na gComhairlí Comhairleacha iomchuí agus bunófar iad ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

2.    I gcás ina léiríonn torthaí na dtreoirthionscadal sin nó ina léirítear le comhairle eolaíoch eile gurb ann do líon mór gabhálacha neamhbheartaithe de speicis nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, féadfaidh na Ballstáit bearta teicniúla a bhunú chun na gabhálacha neamhbheartaithe sin a laghdú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Beidh feidhm ag na bearta teicniúla sin maidir le soithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain orthu, agus maidir leis na soithí sin amháin.

CAIBIDIL III

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 18

Treoirphrionsabail

1.    Leagtar amach sna hIarscríbhinní seo a leanas bearta teicniúla arna mbunú ar an leibhéal réigiúnach:

(a)Iarscríbhinn V – an Muir Thuaidh;

(b)Iarscríbhinn VI – Uiscí an Iarthuaiscirt;

(c)Iarscríbhinn VII – Uiscí an Iardheiscirt;

(d)Iarscríbhinn VIII – Muir Bhailt;

(e)Iarscríbhinn IX – an Mheánmhuir;

(f)Iarscríbhinn X – an Mhuir Dhubh;

(g)Iarscríbhinn XI – na Réigiúin is Forimeallaí.

2.    I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach ina sainítear bearta teicniúla iomchuí ar an leibhéal réigiúnach a imíonn ó na bearta a leagtar amach i mír 1.

3.    Beidh na bearta teicniúla réigiúnacha a mholtar i gcomhréir le mír 2 coibhéiseach, ar a laghad, leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 a fhad a bhaineann le patrúin saothraithe agus leis an leibhéal cosanta a thugtar do speicis íogaire agus gnáthóga íogaire.

Airteagal 19

Bearta réigiúnacha sna pleananna ilbhliantúla

1.    Cumhachtófar don Choimisiún bearta teicniúla a bhunú ar an leibhéal réigiúnach féachaint cuspóirí na bpleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachan (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach. Is trí ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhunófar bearta den sórt sin.

2.     Féadfar leis na bearta a bhunaítear i gcomhréir le mír 1:

(a)na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn XI a leasú nó a fhorlíonadh;

(b)maolú ar na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn XI i gcás limistéar ar leith nó tréimhse ar leith, ar choinníoll gur féidir a léiriú nach bhfuil aon tairbhe caomhantais ag baint leis na bearta sin sa limistéar sin nó le linn na tréimhse sin, nó go bhféadfaí na cuspóirí céanna a bhaint amach de dhroim na mbeart malartach.

3.    Féadfar a shainiú i bplean ilbhliantúil na cineálacha beart teicniúil a fhéadfar a ghlacadh de bhun mhír 1 agus mhír 2 le haghaidh an réigiúin iomchuí.

4.    Maidir leis na bearta a ghlacfar de bhun mhír 1 agus mhír 2

(a) beidh sé d'aidhm acu na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo a chur i gcrích;

(b) beidh na prionsabail dea-rialachais a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ina dtreoir acu; agus

(c) cuirfear ar fáil dá ndroim dreasachtaí do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch, nó as teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, trí dheiseanna iascaireachta a leithdháileadh.

5.    I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir leis na bearta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, cuirfidh siad ar fáil fianaise eolaíoch chun tacú le glacadh na mbeart sin.

6.    Féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar CETEI measúnú a dhéanamh ar na moltaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 20

Trealamh iascaireachta atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis

1.Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir le trealamh atá roghnaíoch ó thaobh méide agus speicis a shainiú, cuirfidh siad fianaise ar fáil á léiriú go gcomhlíonann an trealamh sin ceann amháin ar a laghad de na critéir seo a leanas:

(a)go mbeidh an trealamh ar a laghad chomh roghnaíoch céanna i gcás speicis áirithe nó meascán speiceas leis an trealamh a thuairiscítear i gCuid B d'Iarscríbhinní V go X agus i gCuid A d'Iarscríbhinn XI; nó

(b)go mbeidh gabhálacha neamhbheartaithe de speicis shainithe nó de mheascán speiceas ann dá thoradh atá faoi bhun leibhéal tairsí.

2.Déanfar na tréithe roghnaíochta dá dtagraítear i mír 1(a) maille leis an leibhéal tairsí agus na speicis dá dtagraítear i mír 1(b) a shainiú sa phlean ilbhliantúil iomchuí.

Airteagal 21

Limistéir iata nó shrianta chun éisc óga agus comhbhailiúcháin d'éisc sceite a chosaint

Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir leis na limistéir iata nó shrianta a liostaítear i gCuid C d'Iarscríbhinní V go VIII agus Iarscríbhinn X agus i gCuid B d'Iarscríbhinn XI nó maidir le nua-limistéir iata nó shrianta a bhunú, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh ina gcuid moltaí comhpháirteacha:

cuspóir an iaimh;

fairsinge agus fad ama an iaimh;

srianta ar threalamh ar leith; agus

socruithe rialaithe agus faireacháin.

Airteagal 22

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 19 maidir leis na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinní V go X a leasú nó a bhunú, cloífidh siad leis an gcuspóir atá ann i dtaca le héisc óga de speicis mhuirí a chosaint.

Airteagal 23

Iaimh fhíor-ama agus forálacha maidir le hathrú láithreach

Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 19, moltaí chun cead a thabhairt iaimh fhíor-ama a chruthú agus forálacha maidir le hathrú láithreach a cheapadh, agus a bhfuil sé d'aidhm acu comhbhailiúcháin d'éisc óga nó d'éisc sceite nó de speicis sliogéisc a chosaint, beidh na nithe seo a leanas ar áireamh iontu:

fairsinge agus fad ama na niamh;

na speicis agus na leibhéil tairsí is siocair leis an iamh;

an t-achar nach mór do shoitheach fanacht amach ón limistéar iata a luaithe a chuirfear sin ar bun;

an úsáid a dhéanfar den trealamh ardroghnaíoch d'fhonn cead isteach a fháil ar limistéir a bheadh iata murach sin; agus

socruithe rialaithe agus faireacháin.

Airteagal 24

Trealamh iascaireachta nuálach

1.    Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 19, moltaí chun cead a thabhairt trealamh iascaireachta nuálach a úsáid nó an úsáid sin a leathnú lena náirítear an bíogthrál a úsáid laistigh d'imchuach ar leith, mar a thuairiscítear i gCuid E d'Iarscríbhinn V, cuirfidh siad measúnú ar fáil ar an tionchar is dócha a bheidh ag trealamh den sórt sin a úsáid ar na sprioc-speicis agus ar speicis íogaire agus gnáthóga íogaire.

2.    Déanfaidh CETEI na measúnuithe sin a mheas.

3.    Ní cheadófar trealamh iascaireachta nuálach a úsáid i gcás ina léireoidh na measúnuithe sin go dtiocfaidh dá úsáid ainiarsmaí ar ghnáthóga íogaire agus ar speicis nach sprioc-speicis iad.

Airteagal 25

Bearta caomhnaithe dúlra

Maidir le moltaí comhpháirteacha a chuirfidh na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 19, moltaí chun cead a thabhairt leas a bhaint as bearta caomhnaithe dúlra le speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint, féadfar an méid seo a leanas a dhéanamh dá ndroim:

liostaí a tharraingt suas de na speicis íogaire agus na gnáthóga íogaire is mó atá i mbaol ag gníomhaíochtaí iascaireachta laistigh den limistéar iomchuí agus na liostaí sin a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;

sonrú a dhéanamh ar na bearta maolaithe is gá a dhéanamh de bhreis orthu sin dá dtagraítear i gCuid D d'Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn X d'fhonn foghabhálacha de na speicis sin dá dtagraítear in Airteagal 12 a laghdú a oiread is féidir;

sonrú a dhéanamh ar na bearta arb é is aidhm leo tionchar trealaimh iascaireachta ar na gnáthóga sin dá dtagraítear in Airteagal 13 nó ar ghnáthóga íogaire eile lasmuigh de láithreáin NATURA 2000 a laghdú a oiread is féidir;

sonrú a dhéanamh ar na srianta ar threalamh sonraithe a dhéanamh agus a oibriú nó toirmeasc iomlán ar úsáid trealaimh iascaireachta ar leith a thabhairt isteach i réigiún inar bagairt trealamh den sórt sin ar stádas caomhnaithe na speiceas sin dá dtagraítear in Airteagal 11 agus Airteagal 12 nó ar na gnáthóga dá dtagraítear in Airteagal 13 nó ar ghnáthóga íogaire eile lasmuigh de láithreáin NATURA 2000.

Airteagal 26

Bearta réigiúnacha sna pleananna aischuir sealadacha

1.    Nuair a dhéanfaidh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha a chur isteach maidir le bunú beart teicniúla i bpleananna aischuir sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 15(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith iontu:

(a)sonraíochtaí trealaimh iascaireachta agus na rialacha maidir le húsáid an trealaimh sin;

(b)sonraíochtaí modhnuithe ar threalamh iascaireachta nó úsáid trealaimh roghnaíochta chun roghnaíocht ó thaobh méide agus speicis a fheabhsú;

(c)srianta nó toirmisc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d)íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

2.    Beidh d'aidhm leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, go sonrach beidh d'aidhm leo comhbhailiúcháin d'éisc óga nó d'éisc sceite nó de shliogéisc a chosaint.

Airteagal 27

Gníomhartha cur chun feidhme

1.    Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

sonraíochtaí na ngaireas roghnúcháin atá ceangailte den trealamh a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinní V go hIarscríbhinn VII;

rialacha mionsonraithe maidir le sonraíochtaí an trealaimh iascaireachta a thuairiscítear i gCuid E d'Iarscríbhinn V a bhaineann le srianta ar dhéanamh trealaimh agus le bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí;

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh ag an mBallstát brataí nuair a bheidh feidhm á baint aige as an trealamh dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, Cuid C, Pointe 6, in Iarscríbhinn VI, Cuid C, Pointe 9 agus in Iarscríbhinn VII, Cuid C, Pointe 4;

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta rialaithe agus faireacháin atá le glacadh i gcás na limistéar iata nó srianta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, Cuid C, Pointe 2, agus in Iarscríbhinn VI, Cuid C, Pointe 6 agus Pointe 7;

rialacha mionsonraithe maidir le tréithe comharthaíochta agus cur chun feidhme a roinneann leis na fuaimghairis bactha dá dtagraítear i gCuid D d'Iarscríbhinní V go X;

rialacha mionsonraithe maidir le dearadh agus úsáid na línte scanraithe éan agus na ndoruithe ualaithe dá dtagraítear i gCuid D d'Iarscríbhinn VI, Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn IX.

2.    Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

CAIBIDIL IV

EAGRAÍOCHTAÍ RÉIGIÚNACHA BAINISTÍOCHTA IASCAIGH

Airteagal 28

An Coimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC)

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an méid a leanas a dhéanamh

(a) bearta teicniúla áirithe arna gcomhaontú ag an gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) a thrasuí i ndlí an Aontais, lena náirítear liostaí d'éiceachórais leochaileacha mhuirí agus de shainbhearta teicniúla a bhaineann le hiascaigh langaí gorma agus péirsí mara a shainítear i moltaí 05:2013, 19:2014, 01:2015, 02:2015 de chuid NEAFC; agus

(b)bearta teicniúla eile a ghlacadh lena bhforlíontar nó lena leasaítear eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomhartha reachtacha lena trasuítear moltaí de chuid NEAFC.

CAIBIDIL V

TAIGHDE EOLAÍOCH, ATHSTOCÁIL AGUS TRASPHLANDÚ

Airteagal 29

Taighde eolaíoch

1.    Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)    is le cead agus faoi údarás an Bhallstáit brataí a dhéanfar na hoibríochtaí iascaireachta;

(b)    Cuirfear an Coimisiún agus an Ballstát a bhfuil na hoibríochtaí iascaireachta á ndéanamh in uiscí atá faoina cheannas agus faoina dhlínse ('an Ballstát cósta'), cuirfear iad ar an eolas mí amháin roimh ré ar a laghad mar gheall ar oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe, mar gheall ar na soithí a bheidh páirteach iontu agus mar gheall ar na himscrúduithe eolaíocha a dhéanfar;

(c)    beidh ag an soitheach nó ag na soithí a bheidh i mbun na noibríochtaí iascaireachta údarú bailí iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009;

(d)    I gcás ina niarrfaidh an Ballstát cósta nó an Ballstát brataí é, tabharfaidh an máistir soithí breathnadóir de chuid an Bhallstáit cósta ar bord le linn na noibríochtaí iascaireachta.

2.    Féadfar na speicis mhuirí a ghabhfar chun na críocha a shonraítear i mír 1, féadfar iad a dhíol, a stóráil, a thaispeáint nó a chur ar díol, ar choinníoll go ndéanfar iad a áireamh mar chuid de na cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 33(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009 agus:

(a)agus go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinní IV go VIII den Rialachán seo; nó

(b)go ndíolfar iad chun críocha eile seachas chun a gcaite ag an duine.

Airteagal 30

Athstocáil shaorga agus trasphlandú

1.    Ní bheidh feidhm ag na bearta teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanfar chun críche speicis mhuirí a athstocáil go saorga agus a thrasphlandú, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na hoibríochtaí sin le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige nó acu.

2.    I gcás ina ndéanfar an athstocáil shaorga nó an trasphlandú in uiscí de chuid Ballstáit nó Ballstát eile, cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit sin ar an eolas mí amháin roimh ré ar a laghad mar gheall ar oibríochtaí iascaireachta den sórt sin atá beartaithe.

CAIBIDIL VI

BEARTA COIMIRCE

Airteagal 31
Bearta coimirce

1.    I gcás ina léirítear leis an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil gur gá gníomhú gan mhoill chun speicis mhuirí a chosaint, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun bagairtí den chineál sin a mhaolú. D'fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhartha sin, go háirithe, le srianta ar threalamh iascaireachta a úsáid nó ar oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh i limistéir ar leith nó le linn tréimhsí ar leith.

2.Déanfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a cheapadh chun na críocha seo a leanas go háirithe:

(a)dul i ngleic le hathruithe gan choinne ar phatrúin stoic de thoradh an leibhéil d'éisc óga inghafa i stoc ar leith a bheith ard nó a bheith íseal;

(b) cosaint a thabhairt d'éisc sceite nó do shliogéisc nuair a bhíonn stoic aníseal nó i gcás ina bhfuil tosca timpeallachta eile ina mbagairt ar stádas stoic.

3. Beidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse trí bliana ar a mhéad gan dochar do mhír 6 d'Airteagal 32.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.    Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.    Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 11, 13, 19, 28 agus 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón [----]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.    Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 11, 13, 19, 28 agus 31, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.    A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.    Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 11, 13, 19 agus 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.    Maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoi Airteagal 31, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach léirítear aon agóid i gcomhréir le mír 7. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

7.    Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoi Airteagal 31 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 5. Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 33

Nós Imeachta Coiste

1.    Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle.

3.    I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Caibidil VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 34

Athbhreithniú agus tuairisciú

1.    Faoi dheireadh 2020 agus gach tríú bliain as sin amach, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit agus na Comhairlí Comhairleacha iomchuí agus i ndiaidh do CETEI meastóireacht a dhéanamh, déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin ar a mhéid a rannchuidigh bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais araon leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus leis na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 a bhaint amach.

2.    Ar bhonn na tuarascála sin, i gcás ina bhfuil fianaise ar an leibhéal réigiúnach nár baineadh amach na cuspóirí agus na spriocanna, laistigh de shé mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach, déanfaidh na Ballstáit atá sa réigiún sin plean a chur isteach á leagan amach na bearta ceartaitheacha a dhéanfar lena áirithiú go mbainfear na cuspóirí agus na spriocanna sin amach.

3.     Féadfaidh an Coimisiún freisin aon leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle de dhroim na tuarascála sin.

Airteagal 35

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 mar leanas:

(a)    Scriostar Airteagail 3, 8, 9, 10, 11, 12, 14, 15, 16 agus 25;

(b)    Scriostar Iarscríbhinní I, II, III agus IV.

Airteagal 36

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007

I Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 scriostar Airteagal 8 agus Airteagal 9.

Airteagal 37

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Caibidil IV de Theideal IV mar leanas:

(a)Scriostar Roinn 3;

(b)Cuirtear an Roinn 4 seo a leanas isteach:

'Roinn 4

'Próiseáil ar Bord agus Iascaigh Pheiligeacha'

Airteagal 54a

Próiseáil ar bord

1.    Beidh toirmeasc ar aon phróiseáil éisc de chineál fisiceach nó ceimiceach a dhéanamh ar bord soithigh ar chun críocha min éisc, ola éisc nó táirgí dá samhail a tháirgeadh í, nó chun críocha gabhálacha éisc a thrasloingsiú.

2.    Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)scairteach a phróiseáil nó a thrasloingsiú; nó

(b)suiréime a tháirgeadh ar bord soitheach iascaireachta.

Airteagal 54b

Srianta ar láimhseáil agus scaoileadh gabhálacha ar bord soithí peileagacha

1.    10 mm a bheidh san uas-spás idir barraí an deighilteora uisce ar bord soithí peiligeacha iascaireachta atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC mar a shainítear é in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010.

Beidh na barraí táite dá náit. Más poill seachas barraí a úsáidtear sa deighilteoir uisce, 10 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas na bpoll sin. 15 mm ar a mhéad a bheidh i dtrastomhas pholl na bhfánán atá os comhair an deighilteora uisce.

2.    I gcás gach soithigh pheiligigh atá ag oibriú i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, beidh toirmeasc ar éisc a scaoileadh faoi bhun líne uisce an tsoithigh ó umair mhaolánacha nó ó umair sáile chuisnithe.

3.    Seolfaidh máistir an tsoithigh dearaí a bhaineann le cumas láimhseála agus scaoilte soithí peiligeacha atá dírithe ar iascaireacht ronnach, scadán agus bolmán i Limistéar Coinbhinsiúin NEAFC, dearaí atá deimhnithe ag údaráis inniúla na mBallstát brataí, mar aon le haon mhodhnú a dhéanfar orthu sin, seolfaidh sé na dearaí sin chuig údaráis inniúla iascaireachta an Bhallstáit brataí. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát brataí na soithí cruinneas na ndearaí a chuirtear faoina mbráid a fhíorú go tráthrialta. Beidh cóipeanna de na dearaí sin ar bord an tsoithigh i gcónaí.

Airteagal 54c

Srianta maidir le trealamh grádúcháin uathoibríoch a úsáid

1.    Beidh toirmeasc ar threalamh a d'fhéadfaí a úsáid chun scadáin, ronnaigh nó bolmáin a ghrádú de réir méide nó gnéis a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord soithigh.

2.    Os a choinne sin, ceadófar trealamh den sórt sin a bheith ar bord soithigh nó a úsáid ar bord ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní bheidh ar bord an tsoithigh aon am ar leith ach trealamh tarraingthe ar lú ná 80 mm a mhogallmhéid nó peaslíon saighne amháin nó níos mó, nó trealamh iascaireachta dá samhail; nó

(b)maidir le hiomlán na gabhála is féidir a choinneáil ar bord go dleathach:

déanfar sin a stóráil i riocht reoite;

déanfar éisc ghrádaithe a reo go díreach tar éis a ngrádaithe agus ní chuirfear aon éisc ghrádaithe ar ais i bhfarraige; agus

beidh an trealamh suiteáilte agus suite ar bord an tsoithigh ar chuma a áiritheoidh go ndéanfar an reo láithreach bonn agus nach féidir speicis mhuirí a chur ar ais i bhfarraige.

3.De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh aon soitheach atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh i Muir Bhailt, sna Belts nó in Øresund, trealamh grádúcháin a iompar sa Kattegat dó ar choinníoll gur eisíodh údarú iascaireachta ina chomhair i gcomhréir le hAirteagal 7. Saineofar san údarú iascaireachta sin na speicis, na limistéir, na tréimhsí ama agus aon cheanglais riachtanacha eile is infheidhme maidir le trealamh grádúcháin a úsáid ar bord nó a iompar.'

Airteagal 38

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011

Leasaítear Airteagal 26 de Rialachán (CE) Uimh. 1343/2011 mar leanas:

(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

'(h)    bearta teicniúla in Airteagail 4, 10, 12, 15, 15a, 16, 16b, 16c, 16d, 16f, 16g, 16h, 16i, 16j agus 16k.';

(2) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

'Cumhachtófar don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 d'fhonn bearta teicniúla eile arna mbunú ag CIGM a thiocfaidh chun bheith éigeantach don Aontas a thrasuí i ndlí an Aontais agus d'fhonn eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomhartha reachtacha lena trasuítear moltaí de chuid NEAFC maidir le bearta teicniúla a fhorlíonadh nó a leasú.'

Airteagal 39

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013

I Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(12):

'I gcás na speiceas nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír mar a shonraítear í i mír 1, ní choinneofar ar bord gabhálacha na speiceas sin atá faoi bhun na níosmhéideanna tagartha caomhnaithe ach cuirfear ar ais i bhfarraige iad láithreach seachas nuair a úsáidfear iad mar bhaoite beo.'

Airteagal 40

Aisghairmeacha

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005.

Déanfar tagairtí a dhéanfar do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    MRAG et al. (2014) . Staidéar chun tacú le creat nua beartas teicniúil caomhnaithe a fhorbairt laistigh de Chomhbheartas Iascaigh athchóirithe. Baisc 2: meastóireacht shiarghabhálach agus ionchasach ar an gComhbheartas Iascaigh, gan an ghné idirnáisiúnta a chur san áireamh. An Bhruiséil. 265 lch
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3)    COM(2002) 672 final Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.
(4)    COM(2008) 324 final Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú le bearta teicniúla.
(5)    COM(2013) 685 final, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Clár Choiste na Réigiún um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT): Torthaí agus na Chéad Chéimeanna Eile.
(6)

   COM(2011) 244 final Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, agus chuig Coiste na Réigiún – Ár nárachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: Straitéis Bhithéagsúlachta don Aontas Eorpach go 2020

(7)

   COM(2014) 130 final/2 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún, Breithniú ar an straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach

(8)

   http://ec.europa.eu/dgs/maritimeaffairs_fisheries/consultations/technical-measures/index_en.htm

(9)    http://ec.europa.eu/dgs/maritimeaffairs_fisheries/consultations/technical-measures/contributions/index_en.htm
(10)    An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI). (2012) Grúpa Oibre Saineolaithe ar phrionsabail éagsúla chun roghnaíocht a shainiú faoin rialachán beart teicniúil a mholfar amach anseo (EWG-2-14). 61 lch
(11)    CETEI (2013). (2012) Grúpa Oibre Saineolaithe ar phrionsabail éagsúla chun roghnaíocht a shainiú faoin rialachán beart teicniúil a mholfar amach anseo (EWG-13-04. 38 lch.
(12)    CETEI (2015) Bearta Teicniúla cuid III (CETEI 15-05). 2015. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, EUR 27223 EN, JRC 95832, 59 lch.
(13)

   RIALACHÁN (CE) Uimh. 199/2008 ón gCOMHAIRLE an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lch. 1).

(14)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascach sa Mheánmhuir IO L 347, 30.12.2001, lch. 44
(15)    IO C , , lch. .
(16)    IO C , , lch. .
(17)    IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(18)    Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).
(19)    Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(20)    Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. ).
(21)    Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(22)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(23)    Rialachán (CE) Uimh. 1239/98 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 894/97 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe chun acmhainní iascaigh a chaomhnú (IO L 171, 17/06/1998).
(24)    Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle an 30 Márta 1998 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint (IO L 125, 27.4.1998, lch. 1).
(25)    Rialachán (CE) Uimh. 2549/2000 ón gComhairle an 17 Samhain 2000 lena mbunaítear bearta teicniúla breise maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (Roinn ICES VIIa IO L 292, 21.11.2000, lch. 5).
(26)    Rialachán (CE) Uimh. 254/2002 ón gComhairle an 12 Feabhra 2002 lena mbunaítear bearta a bheidh infheidhme in 2002 maidir leis an stoc trosc i muir na hÉireann a aisghabháil (roinn ICES VIIa) (IO L 41, 13.2.2002, lch. 1).
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreáin 2004 lena leagtar síos bearta a bhaineann le foghabhálacha de chéiticigh in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lch. 12).
(28)    Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla i Muir Bhailt, sna Belts agus in Øresund, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1434/98 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 349, 31.12.2005, lch. 1).
(29)    Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(30)    Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic trosc i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 779/97 (IO L 248, 22.9.2007, lch. 1).
(31)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(32)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2001, lch. 44).
(33)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(34)    Is é sainiú atá ar ranna ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
(35)    Is é sainiú atá ar limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) an sainiú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch 1).
(36)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(37)    Rialachán (AE) Uimh. 1236/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leagtar síos scéim um rialú agus um fhorfheidhmiú a mbeidh feidhm aige sa limistéar atá cumhdaithe leis an gCoinbhinsiún um chomhar iltaobhach sa todhchaí in iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2791/1999 ón gComhairle (IO L 348, 31.12.2010, lch. 17).
(38)    Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CIGM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistithe do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).
(39)    Rialachán (CE) Uimh. 734/2008 ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le héiceachórais leochaileacha mhuirí ar an mórmhuir a chosaint ar éifeacht dhochrach gléasanna iascaireachta grinnill. (IO L 201, 15.7.2008, lch. 8.)
(40)    Rialachán (CE) Uimh. 517/2008 an 10 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle ó thaobh mogallmhéid a chinneadh agus tiús téide i líonta iascaireachta a mheasúnú (OJ L 151, 11.6.2008, lch. 5).

An Bhruiséil,11.3.2016

COM(2016) 134 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na heorpa agus ón gComhairle

maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle

{SWD(2016) 56 final}
{SWD(2016) 57 final}


IARSCRÍBHINNÍ

IARSCRÍBHINN I

Speicis atá faoi thoirmeasc

(a)an roc réaltach (Amblyraja radiata) in uiscí de chuid an Aontais i ranna ICES IIa, IIIa agus VIId agus i bhfolimistéar ICES IV.

(b)na speicis sábh mara seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i) an sábh mara biorach (Anoxypristis cuspidata);

(ii) an mionsábh mara (Pristis clavata);

(iii) an sábh mara beagfhiaclach (Pristis pectinata);

(iv) an sábh mara mórfhiaclach (Pristis pristis);

(v) an sábh mara glas (Pristis zijsron);

(c)an liamhán gréine (Cetorhinus maximus) agus an siorc bán mór (Carcharodon carcharias) sna huiscí uile;

(d)an coimpléacs speiceas (Dipturus cf. flossada agus Dipturus cf. intermedia) arb é an sciata coiteann (Dipturus batis) é in uiscí de chuid an Aontais i roinn ICES IIa agus i bhfolimistéir ICES III, IV, VI, VII, VIII, IX agus X;

(e)an lóchrannsiorc mín (Etmopterus pusillus) in uiscí de chuid an Aontais i roinn ICES IIa agus i bhfolimistéar IV agus in uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéir ICES I, V, VI, VII, VIII, XII agus XIV;

(f)roc sceire (Manta alfredi) in uiscí uile an Aontais;

(g)roc mór aigéanach (Manta birostris) in uiscí uile an Aontais;

(h)na speicis roic de chineál Mobula seo a leanas in uiscí uile an Aontais:

(i) roc an diabhail (Mobula mobular);

(ii) diabhalroc beag Guineach (Mobula rochebrunei);

(iii) diabhalroc earrspíonach (Mobula japanica);

(iv) an roc mínearrach (Mobula thurstoni);

(v) an diabhalroc fadadharcach (Mobula eregoodootenkee);

(vi) mionroc an diabhail (Mobula munkiana);

(vii) an diabhalroc Sileach (Mobula tarapacana);

(viii) an diabhalroc gearreiteach (Mobula kuhlii);

(ix) diabhalroc Atlantach (Mobula hypostoma);

(i)an roc garbh (Raja clavata) in uiscí de chuid an Aontais atá i roinn ICES IIIa;

(j)an sciata Ioruach (Raja (Dipturus) nidarosiensis) in uiscí de chuid an Aontais i ranna ICES VIa, VIb, VIIa, VIIb, VIIc, VIIe, VIIf, VIIg, VIIh agus VIIk;

(k)an sciata bán (Raja alba) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir ICES VI, VII, VIII, IX agus X;

(l)giotáréisc (Rhinobatidae) in uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir ICES I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII, IX, X agus XII;

(m)an bráthair (Squatina squatina) in uiscí uile an Aontais;

(n)an bradán (Salmo salar) agus an breac geal (Salmo trutta) agus iascaireacht á déanamh le haon líon tarraingthe in uiscí atá lasmuigh den teorainn sé mhíle arna thomhas ó bhonnlínte na mBallstát i bhfolimistéir ICES I, II, IV, V, VI, VII, VIII, IX agus X (uiscí an Aontais);

(o)an phiardóg eochraí bhaineann (Palinuridae spp.) agus an gliomach eochraí baineann (Homarus gammarus) in uiscí uile an Aontais ach amháin nuair is chun críocha athstocáil dhíreach nó trasphlandú a dhéanamh atá siad á núsáid;

(p)an diúilicín clochtholltach Eorpach (Lithophaga lithophaga) agus an phideog (Pholas dactylus) in uiscí de chuid an Aontais sa Mheánmhuir.



IARSCRÍBHINN II

Limistéir atá iata chun gnáthóga íogaire a chosaint

Chun críocha Airteagal 13, tá na srianta seo a leanas infheidhme sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Cuid A

Uiscí an Iarthuaiscirt

1.    Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill nó líonta tarraingthe dá samhail, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

Belgica Mound Province:

51°29.4' T, 11°51.6' I

51°32.4' T, 11°41.4' I

51°15.6' T, 11°33.0' I

51°13.8' T, 11°44.4' I

51°29.4' T, 11°51.6' I

Hovland Mound Province:

52°16.2' T, 13°12.6' I

52°24.0' T, 12°58.2' I

52°16.8' T, 12°54.0' I

52°16.8' T, 12°29.4' I

52°04.2' T, 12°29.4' I

52°04.2' T, 12°52.8' I

52°09.0' T, 12°56.4' I

52°09.0' T, 13°10.8' I

52°16.2' T, 13°12.6' I

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar I:

53°30.6' T, 14°32.4' I

53°35.4' T, 14°27.6' I

53°40.8' T, 14°15.6' I

53°34.2' T, 14°11.4' I

53°31.8' T, 14°14.4' I

53°24.0' T, 14°28.8' I

53°30.6' T, 14°32.4' I

Iarthuaisceart Bhanc Porcupine – Limistéar II:

53°43.2' T, 14°10.8' I

53°51.6' T, 13°53.4' I

53°45.6' T, 13°49.8' I

53°36.6' T, 14°07.2' I

53°43.2' T, 14°10.8' I

Iardheisceart Bhanc Porcupine:

51°54.6' T, 15°07.2' I

51°54.6' T, 14°55.2' I

51°42.0' T, 14°55.2' I

51°42.0' T, 15°10.2' I

51°49.2' T, 15°06.0' I

51°54.6' T, 15°07.2' I

2.    Maidir leis na soithí peiligeacha uile sna limistéir a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 1:

beidh siad ar liosta de shoithí údaraithe agus beidh údarú iascaireachta eisithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

ní bheidh de threalamh ar bord acu ach trealamh peiligeach;

déanfaidh siad, aon uair atá rún acu dul isteach i limistéar cosanta gnáthóg domhainfharraige leochaileach, fógra a thabhairt ceithre uair an chloig roimh ré d'Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann arna shainmhíniú in Airteagal 4(15) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus, san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá á choinneáil ar bord acu;

beidh acu córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i lánchomhréir leis na rialacha is infheidhme agus iad in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1;

úsáidfidh siad an córas um fhaireachán soithí chun tuairisc a thabhairt gach uair an chloig;

cuirfidh siad Ionad Monatóireachta Iascaigh na hÉireann ar an eolas ar imeacht dóibh as an limistéar, agus san am céanna, tabharfaidh siad fógra faoin méid éisc atá ar bord acu; agus

beidh ar bord acu tráil a bhfuil mogallmhéid a socfhoircinn idir 16 mm agus 79 mm

Darwin Mounds

Beidh toirmeasc ar aon trál grinnill nó aon líon tarraingthe dá samhail a úsáid sna limistéir seo a leanas:

59°54' T, 6°55' I

59°47' T, 6°47' I

59°37' T, 7°39' I

59°45' T, 7°39' I

59°54' T, 7°25' I

Cuid B

Uiscí an Iardheiscirt

1.    El Cachucho:

1.1    Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as tráil ghrinnill, eangacha geolbhaigh ghrinneallsocraithe, líonta fostúcháin nó traimlí agus as spiléir ghrinneallsocraithe laistigh de na limistéir seo a leanas:

44°12' T, 5°16' I

44°12' T, 4°26' I

43°53' T, 4°26' I

43°53' T, 5°16' I

44°12' T, 5°16' I

1.2.    Soithí a rinne iascaireacht dhírithe ar cholmóirí gabhlacha móra (Phycis blennoides) le spiléir ghrinneallsocraithe in 2006, 2007 agus 2008, féadfaidh siad leanúint den iascaireacht sa limistéar atá laisteas de 44°00.00′ T ar choinníoll go bhfuil údarú iascaireachta acu a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

1.3.    Gach soitheach a bhfuil an túdarú iascaireachta sin aige, beag beann ar a fhad iomlán, úsáidfidh sé córas um fhaireachán soithí atá oibríochtúil, lánfheidhmiúil, slán agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme agus é ag iascaireacht in aon cheann de na limistéir a thuairiscítear i bpointe 1.1.

2. Maidéara agus na hOileáin Chanáracha

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 200 m nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas: 

27°00' T, 19°00' I

26°00' T, 15°00' I

29°00' T, 13°00' I

36°00' T, 13°00' I

36°00' T, 19°00' I

3. Na hAsóir

Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe, líonta fostúcháin agus traimlí ag doimhneacht is mó ná 200 nó as tráil ghrinnill nó trealamh tarraingthe dá samhail laistigh de na limistéir seo a leanas:

36°00' T, 23°00' I

39°00' T, 23°00' I

42°00' T, 26°00' I

42°00' T, 31°00' I

39°00' T, 34°00' I

36°00' T, 34°00' I



IARSCRÍBHINN III

Liosta de speicis a bhfuil a ngabháil le sruthlíon faoi thoirmeasc

Tuinnín colgach: Thunnus alalunga 

Tuinnín gorm Atlantach: Thunnus thynnus 

Tuinnín mórshúileach: Thunnus obesus 

Boiníotó aigéanach: Katsuwonus pelamis 

Boiníotó Atlantach: Sarda sarda 

Tuinnín buí: Thunnus albacares 

Tuinnín dubheite: Thunnus atlanticus 

Tuinnín beag: Euthynnus spp.

Tuinnín gorm deisceartach: Thunnus maccoyii 

Tuinnín frigéid: Auxis spp.

Garbhánaigh aigéanacha: Brama rayi 

Mairlíní: Tetrapturus spp.; Makaira spp.

Gaithéisc: Istiophorus spp.

Colgáin: Xiphias gladius 

Preabairí: Scomberesox spp.; Cololabis spp.

Doráid: Coryphœna spp.

Siorcanna: Hexanchus griseus; Cetorhinus maximus; Alopiidae; Carcharhinidae; Sphymidae; Isuridae; Lamnidae 

Ceifileapóid: gach speiceas



IARSCRÍBHINN IV

An mhéid atá in orgánach muirí a thomhas

1.    Is faoi mar a léirítear a dhéanfar an mhéid atá in iasc a thomhas, is é sin, ó bharr an ghoib go deireadh eite an eireabaill.

2.    Is faoi mar a léirítear i Léaráid 2 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thomhas:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

3.    Is faoi mar a léirítear i Léaráid 3 a dhéanfar an mhéid atá i ngliomach (Homarus gammarus) a thomhas:

fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó chúl ceachtar de na loig súile go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis, nó

an fad iomlán, ó bharr an rostraim go ceann deiridh an teilsin, gan na séití a áireamh.

4.    Is faoi mar a léirítear i Léaráid 4 a dhéanfar an mhéid atá i bpiardóg (Palinuridae) a thomhas, is é sin fad an charapáis, i gcomhthreo leis an meánlíne, ó bharr an rostraim go meánphointe imeall droma aimhneasach an charapáis.

5.    Is faoi mar a léirítear i Léaráid 5 a dhéanfar an mhéid atá i moilisc dhébhlaoscach a thomhas, is é sin fad an chuid is faide den bhlaosc.

Léaráid 1: Speiceas éisc



Léaráid 2: Gliomach na hIorua

Léaráid 3: Gliomach

·

·

Léaráid 4: Piardóg

Léaráid 5: Moileasc débhlaosach



IARSCRÍBHINN V

An Mhuir Thuaidh

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Mhuir Thuaidh

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dipterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán: 85 mm

Fad an charapáis: 25 mm

Eireabaill ghliomach na hIorua 46 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm

Scadán (Clupea harengus)

20 cm

Bolmán Atlantach (Trachurus spp.)

15 cm

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kilo

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm

Gliomach (Homarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostirs)

22mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140mm 1,2,3

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

Speiceas

An Skagerrak/Kattegat

Trosc (Gadus morhua)

30 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

27 cm

Glasán (Pollachius virens)

30 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

-

Colmóir (Merluccius merluccius)

30 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

25 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

23 cm

Langa (Molva molva)

-

Langa gorm (Molva dipterygia)

-

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Fad iomlán: 105 mm

Fad an charapáis: 32 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm

Scadán (Clupea harengus)

18 cm

Bolmán Atlantach (Trachurus spp.)

15 cm

Gliomach (Homarus gammarus)

Fad iomlán: 220 mm

Fad an charapáis: 78 mm

1 In uiscí de chuid an Aontais i roinn ICES IVa.

2 Beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 115 mm sa limistéar i ranna ICES IVb agus IVc atá iniata acu seo: pointe atá ag 53°28'22" T, 0°09'24" O, ar chósta Shasana, líne dhíreach agus í ag nascadh an phointe sin le 53°28'22" T, 0°22'24" O, teorainn sé mhíle na Ríochta Aontaithe, agus líne dhíreach agus í ag nascadh pointe ag 51°54'06" T, 1°30'30" O le pointe ar chósta Shasana ag 51°55'48" T, 1°17'00" O.

3 I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

Cuid B

Mogallmhéid

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas sa Mhuir Thuaidh agus sa Skagerrak/Kattegat.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

120mm ar a mhéad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe Nephrops norvegicus nó speiceas nach bhfuil teorainneacha gabhála i bhfeidhm maidir leo. Beidh painéal de mhogall cearnógach 120mm ar a laghad feistithe nó greille sórtála nach mó ná 35mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach.

80 mm ar a laghad

Roinn ICES IVb laisteas de 54° 30' T agus roinn ICES IVc

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma nó le [bíogthráil leictreacha]. Beidh painéal, arb é 180mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon.

32 mm ar a mhéad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe Pandalus borealis. Beidh greille sórtála feistithe a bhfuil spás 19mm ar a laghad idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach.

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

Iascaireacht dhírithe trosc Ioruach. In iascach an troisc Ioruaigh, beidh greille sórtála feistithe a bhfuil spás 22 mm ar a laghad idir a barraí.

Iascaireacht dhírithe Crangon crangon. Beidh greille sórtála, criathareangach nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

Níos lú ná 16 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Sa Mhuir Thuaidh, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

120mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sól nó speiceas nach bhfuil teorainneacha gabhála i bhfeidhm maidir leo

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

Cuid C

Limistéar iata nó srianta

1.    Limistéar a iamh i ranna ICES IVa agus IVb chun corra gainimh a chosaint

1.1    Beidh toirmeasc ar chorra gainimh a iascach le haon trealamh tarraingthe ar lú ná 80mm a mhogallmhéid nó le haon eangach éighníomhach ar lú ná 100mm mogallmhéid a soc-fhoircinn laistigh den limistéar geografach a bhfuil cósta thoir Shasana agus na hAlban mar theorainn aige, agus a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

cósta thoir Shasana ag domhanleithead 55o30' T

55o 30' T, 01o 00' I

58o 00' T, 01o 00' I

58o 00' T, 02o 00' I

cósta thoir na hAlban ag domhanfhad 02o00' I.

1.2    Ceadófar iascaigh chun críche taighde eolaíoch, chun faireachán a dhéanamh ar an stoc de chorra gainimh sa limistéar agus ar thionchar an iaimh;

2.            Limistéar a iamh chun leathóga óga i bhfolimistéar ICES IV a chosaint

2.1            Beidh toirmeasc ar shoithí is faide ná 8 m san iomlán aon trál grinneallach, saighean Dhanmhargach nó trealamh tarraingthe dá samhail a úsáid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhílte ó chóstaí na Fraince, lastuaidh de dhomhainleithead 51°00' T, na Beilge, agus na hÍsiltíre suas go 53°00' T, arna thomhas ó na bonnlínte;

(b)an limistéar atá iniata ag líne atá ag ceangal na gcomhordanáidí seo a leanas le chéile:

(c)pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00' T,

57°00' T, 7°15' O

55°00' T, 7°15' O

55°00' T, 7°00' O

54°30' T, 7°00' O

54°30' T, 7°30' O

54°00' T, 7°30' O

54°00' T, 6°00' O

53°50' T, 6°00' O

53°50' T, 5°00' O

53°30' T, 5°00' O

53°30' T, 4°15' O

53°00' T, 4°15' O

pointe ar chósta thiar na hÍsiltíre ag domhanleithead 53°00' T

an limistéar atá laistigh de 12 mhuirmhílte ó chósta thiar na Danmhairge ó 57°00' T ó thuaidh go teach solais Hirtshals, arna thomhas ó na bonnlínte;

2.2    Ceadaítear do na soithí seo a leanas a bheith ag iascaireacht sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1:

soithí nach mó ná 221 kW a gcumhacht innill agus tráil ghrinneallacha nó saighní Danmhargacha á núsáid acu;

soithí péireáilte nach mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW am ar bith agus tráil ghrinneallacha dhá bhád á núsáid acu;

soithí ar mó ná 221 kW a gcumhacht innill, ceadófar dóibh tráil ghrinneallacha nó saighní Danmhargacha a úsáid, agus soithí péireáilte ar mó a gcumhacht innill in éineacht ná 221 kW, ceadófar dóibh tráil ghrinneallacha dhá bhád a úsáid ar choinníoll nach ndéanann siad iascaireacht dhírithe leathóg agus sól agus go nurramaíonn siad na rialacha ábhartha maidir le mogallmhéid atá i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

3.    Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe

3.1    Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid laistigh de 12 mhíle ó chóstaí na Ríochta Aontaithe, arna dtomhas ó bhonnlínte na nuiscí críochacha.

3.2    De mhaolú ar phointe 3.1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 mhéadar an fad iomlán; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 méadar, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 m, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe Crangon crangon á déanamh agus mogallmhéid níos lú ná 31 mm á húsáid.

4.    Srianta ar iascaireacht salán, chun scadáin a chosaint i roinn ICES IVb

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 80 mm nó le líonta éighníomhacha ar lú ná 100 mm a mogallmhéid laistigh de na limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte, le linn na dtréimhsí seo a leanas:

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh den limistéar staidrimh ICES 39E8. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh sa limistéar ICES sin an limistéar atá iniata ag líne atá ag dul soir díreach ó chósta thoir na Ríochta Aontaithe feadh dhomhanleithead 55°00′ T go dtí pointe atá ag domhanfhad 1°00′ I, agus uaidh sin ó thuaidh díreach go pointe atá ag domhanleithead 55°30′ T agus uaidh sin siar díreach go dtí cósta na Ríochta Aontaithe;

ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig, laistigh d'uiscí inmheánacha an Moray Firth, siar ó dhomhanfhad 3°30′ I, agus in uiscí inmheánacha an Firth of Forth siar ó dhomhanleithead 3° 00′ I,

ón 1 Iúil go dtí an 31 Meán Fómhair, laistigh den limistéar geografach atá iniata ag na comhordanáidí seo a leanas:

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 55°30' T,

domhanleithead 55°30′ T, domhanfhad 7°00′ O

domhanleithead 57°00′ T, domhanfhad 7°00′ O

cósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 57°00' T,

5.    Forálacha sonracha maidir leis an Skagerrak/Kattegat i roinn ICES IIIa

5.1    Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma sa Kattegat.

5.2    Beidh toirmeasc ar shoithí an Aontais bradáin agus breaca geala a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a stóráil, a dhíol agus a thaispeáint nó a thairiscint lena ndíol. Nuair a ghabhtar de thaisme iad laistigh d'aon chuid den Skagerrak /Kattegat atá lasmuigh de theorainn ceithre mhíle arna tomhas ó bhonnlíne na mBallstát cuirfear ar ais i bhfarraige arís iad láithreach.

5.3    Ón 1 Iúil go dtí 15 Meán Fómhair beidh toirmeasc ar threalamh tarraingthe a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn níos lú ná 32 mm a úsáid sna huiscí atá laistigh de thrí mhuirmhíle ó na bonnlínte sa Skagerrak/Kattegat ach amháin má tá iascaireacht dhírithe Pandalus borealis, puteascann (Zoarces viviparous), mac siobháin (Gobiidae) nó scairpiasc (Cottus spp.) á déanamh acu agus é beartaithe na speicis sin a úsáid mar bhaoite.

6.    Úsáid líonta éighníomhacha i roinn ICES IVa

6.1    Ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 m a ndoimhneacht cairte:

eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an uastréimhse tumtha;

líonta fostúcháin atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an uastréimhse tumtha;

6.2    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 1 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 méadar. Nuair a ghabhtar siorc domhainfharraige de thaisme, coinneofar ar bord é. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar é mar chuid de na cuótaí. I gcás ina bhfuil na gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige ag soithí aon Bhallstáit os cionn 10 dtona, ní fhéadfaidh na soithigh sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a leagtar amach i bpointe 6.1.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis íogaire

Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach i roinn ICES IIIa agus i bhfolimistéar IV a mhaolú

1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid i bhfolimistéar ICES IV agus i roinn ICES IXa gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a thuairiscítear i bpointe 1 sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

Cuid E

Modhanna nuálaíocha iascaireachta

Úsáid bíogthrál leictreach i ranna ICES IVb agus IVc

In ainneoin Airteagal 13, ceadófar iascaireacht a dhéanamh le bíogthrál leictreach i ranna ICES IVb agus IVc sna dálaí a shainítear i gcomhréir leis an dara fleasc de mhír 1 d'Airteagal 27 den Rialachán seo, maidir le saintréithe na bíge agus na bearta rialaithe faireacháin atá ar bun laisteas de rumlíne a iniatar trí na pointí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile le rumlíne:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 55° T

soir go domhanleithead 55° T, domhanfhad 5° O

ó thuaidh go domhanfhad 56° T

soir go pointe ar chósta thiar na Danmhairge ag domhanleithead 56° T



IARSCRÍBHINN VI

Uiscí an Iarthuaiscirt

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dipterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Eireabaill Ghliomach na hIorua

Fad iomlán: 85 mm

Fad an charapáis: 25 mm1

46 mm2

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm

Scadán (Clupea harengus)

20 cm

Bolmán Atlantach (Trachurus spp.)

15 cm3

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kilo

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Clamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rósséacla domhainmhara (Parapenaeus longirostis)

22mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm3,4

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm5

1 I ranna ICES VIa agus VIIa beidh feidhm ag na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe seo: 70 mm (fad iomlán) agus 20 mm (fad an charapáis).

2 I Ranna ICES VIa agus VIIa beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 37 mm.

3 In uiscí de chuid an Aontais atá i bhfolimistéir ICES V, VI (laisteas de 56° T) agus VII (cé is moite de ranna ICES VIId, e, f), beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

4 I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

5 I roinn ICES VIIa lastuaidh de 52° 30' T, agus i roinn ICES VIId, beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 110 mm.

Cuid B

Mogallmhéid

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna socfhoircinn seo a leanas in uiscí an Iarthuaiscirt.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

120 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe colmóirí nó faoitíní. Beidh painéal de mhogall cearnógach 100mm feistithe

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe Nephrops norvegicus nó speiceas nach bhfuil teorainneacha gabhála i bhfeidhm maidir leo. Beidh painéal de mhogall cearnógach 120mm ar a laghad feistithe nó greille sórtála nach mó ná 35mm an spás idir a barraí nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach.

80 mm ar a laghad

Ranna ICES VIIa, b, d, e, h agus j

Iascaireacht dhírithe sól le tráil bhíoma. Beidh painéal, arb é 180 mm ar a laghad a mhogallmhéid, feistithe ar an leath uachtarach den chuid tosaigh den líon

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

In uiscí an Iarthuaiscirt, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

120 mm ar a laghad1

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sól nó speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

Cuid C

Limistéir atá iata nó srianta

1.    Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn ICES VIa

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh le trealamh tarraingthe nó le líonta éighníomhacha sa limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

55o25' T, 7o07' I

55o25' T, 7o00' I

55o18' T, 6o50' I

55°17' T, 6o50' I

55°17' T, 6°52' I

55°25′ T, 7°07′ I

2.    Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn ICES VIIf agus VIIg

2.1    Ón 1 Feabhra go dtí an 31 Márta, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh sna dronuilleoga staidrimh ICES seo a leanas: 30E4, 31E4, 32E3. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin laistigh de shé mhuirmhíle ón mbonnlíne.

2.2    Ceadófar gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh le potaí agus cléibh laistigh de na limistéir agus na tréimhsí sonraithe, ar choinníoll:

(i)    nach bhfuil aon trealamh iascaireachta eile seachas potaí agus cléibh ar bord, agus

(ii)    go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go náirítear iad mar chuid de na cuótaí.

2.3    Ceadófar iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach a dhéanamh le trealamh tarraingthe ar lú ná 50 mm a mhogallmhéid, ar choinníoll:

(i)    nach bhfuil aon líon ar bord a bhfuil a mhogallmhéid níos mó ná 50 mm nó cothrom le 50 mm.

(ii)    go ndéantar foghabhálacha éisc de speicis atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go ndéantar iad a thabhairt i dtír agus go náirítear iad mar chuid de na cuótaí.

3.    Limistéar atá iata chun trosc a chaomhnú i roinn ICES VIIa

3.1    Le linn na tréimhse ón 14 Feabhra go dtí an 30 Aibreán beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál grinneallach, líon, saighean nó líon tarraingthe dá samhail, eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin, nó trealamh iascaireachta ina bhfuil duáin laistigh den chuid sin de roinn ICES VIIa atá iniata ag cósta thoir na hÉireann agus cósta thoir Thuaisceart Éireann agus línte díreacha atá ag ceangal go seicheamhach na gcomhordanáidí geografacha seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84:

pointe ar chósta thoir na hArda i dTuaisceart Éireann ag 54° 30′ T,

54°30′ T, 04°50′ I,

54°15′ T, 04°50′ I

pointe ar chósta thoir Éireann ag 53° 15' T.

3.2    De mhaolú ar phointe 1, laistigh den limistéar agus den tréimhse ama dá dtagraítear sa phointe sin, ceadófar tráil ghrinnill a úsáid ar choinníoll go bhfuil gairis roghnaíochta feistithe orthu a bhfuil measúnú déanta orthu ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach. I gcás ina bhfuil níos mó ná 10 dtona sna foghabhálacha éisc arna ngabháil ag soithí aon Bhallstáit atá ag oibriú laistigh de na limistéir dá dtagraítear i bpointe 3.1, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag iascaireacht laistigh den limistéar sin.

4.    Bosca cadóg Rocal i bhfolimistéar ICES VI

Beidh toirmeasc ar gach iascaireacht, seachas le spiléir, sna limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas a cheangal go seicheamhach le rumlínte, arna dtomhas de réir chóras WGS84:

57o00' T, 15o00' I

57o00' T, 14o00' I

56o30' T, 14o00' I

56o30' T, 15o00' I

57o00' T, 15o00' I

5.    Limistéar atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i roinn ICES VIIc agus VIIk

5.1    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus speiceas atá bainteach leo (i.e. trosc, scoilteáin, láimhínigh, cadóga, faoitíní, colmóirí, leathóga, mangaigh, glasáin, sciataí agus roic, sól coiteann, torscaí, langaí gorma, langa agus fíogach gobach) ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Bealtaine gach bliain laistigh den limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

52°27' T, 12°19' I

52°40' T, 12°30' I

52°47' T, 12°39,600' I

52°47' T, 12°56' I

52°13,5' T, 13°53,830'I

51°22' T, 14°24' I

51°22' T, 14°03' I

52°10' T, 13°25' I

52°32' T, 13°07,500' I

52°43' T, 12°55'I

52°43' T, 12°43' I

52°10' T, 13°25' I

52°38,800' T, 12°37' I

52°27' T, 12°23' I

52°27' T, 12°19' I

5.2    Ceadófar idirthuras a dhéanamh trí Bhanc Porcupine agus na speicis dá dtagraítear i bpointe 5.1 ar bord, ceadófar sin i gcomhréir le hAirteagal 50(3), (4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

6.    Rialacha speisialta maidir le langaí gorma a chosaint i roinn ICES VIa

6.1    Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine gach bliain, beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe langaí gorma sna limistéir de roinn ICES VIa a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

Imeall scairbh ilchríochach na hAlban

59o58' T, 07o00' I

59o55' T, 06o47' I

59o51' T, 06o28' I

59o45' T, 06o38' I

59o27' T, 06o42' I

59o22' T, 06o47' I

59o15' T, 07o15' I

59o07' T, 07o31' I

58o52' T, 07o44' I

58o44' T, 08o11' I

58o43' T, 08o27' I

58o28' T, 09o16' I

58o15' T, 09o32' I

58o15' T, 09o45' I

58o30' T, 09o45' I

59o30' T, 07o00' I

59o58' T, 07o00' I

Imeall Bhanc Rosemary

60o00' T, 11o00' I

59o00' T, 11º00' I

59º00' T, 09º00' I

59º30' T, 09º00' I

59º30' T, 10º00' I

60º00' T, 10º00' I

60o00' T, 11o00' I

Gan an limistéar a áireamh a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

59o15' T, 10o24' I

59o10' T, 10o22' I

59o08' T, 10o07' I

59o11' T, 09o59' I

59o15' T, 09o58' I

59o22' T, 10o02' I

59o23' T, 10o11' I

59o20' T, 10o19' I

59o15' T, 10o24' I

6.2    Is féidir foghabháil de langaí gorma suas go teorainn 6 thona a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír. A luaithe a shroicfidh soitheach an teorainn 6 thona sin de langaí gorma:

(a)scoirfidh sé láithreach den iascaireacht agus imeoidh sé ón limistéar ina bhfuil sé;

(b)ní fhéadfaidh sé dul isteach arís in aon cheann de na limistéir sin go dtí go dtabharfar an ghabháil i dtír;

(c)ní fhéadfaidh sé aon chuid den ghabháil de langaí gorma a chur ar ais i bhfarraige.

6.3    Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Aibreán gach bliain, beidh toirmeasc ar úsáid trál grinnill, spiléar agus líonta éighníomhacha laistigh de limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

60o58.76' T, 27o27.32' I

60o56.02' T, 27o31.16' I

60o59.76' T, 27o43.48' I

61o03.00' T, 27o39.41' I

60o58.76' T, 27o27.32' I

7.    Srianta ar iascaireacht ronnach i bhfolimistéir ICES VIIe, f, g, h

7.1    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ronnach le trealamh tarraingthe ar lú ná 80 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn nó le peaslíonta saighne i gcás inar ronnach níos mó ná 50 tona den ghabháil atá á coinneáil ar bord, beidh toirmeasc air sin laistigh den limistéar a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 02°00' I

49° 30' T, 2° 00' I

49° 30' T, 7° 00' I

52° 00' T, 7° 00' I

pointe ar chósta thoir na Ríochta Aontaithe ag domhanleithead 52° 00' T.

7.2    Laistigh den limistéar a shainítear i bpointe 1, ceadófar iascaireacht a dhéanamh leis na nithe seo:

   líonta éighníomhacha agus/nó doruithe láimhe;

tráil ghrinneallacha, saighní Danmhargacha nó líonta tarraingthe eile dá samhail, ar mó ná 80 mm a mogallmhéid;

7.3    Soithí nach bhfuil feistithe le haghaidh iascaireachta agus a bhfuil ronnach á dtrasloingsiú chucu, ceadófar iad laistigh den limistéar atá sainithe i bpointe 7.1.    

8.    Srianta ar úsáid trál bíoma laistigh de 12 mhíle ó chósta na Ríochta Aontaithe

8.1    Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon trál bíoma ar lú ná 100 mm a mhogallmhéid i bhfolimistéar ICES Vb agus i bhfolimistéar ICES VI lastuaidh de dhomhanleithead 56° T.

8.2.    Beidh toirmeasc ar shoithí aon trál bíoma a úsáid sna limistéir atá lasmuigh de 12 mhíle ó chóstaí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, arna dtomhas ó na bonnlínte óna dtomhaistear na huiscí críochacha.

8.3.    Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil bhíoma laistigh den limistéar sonraithe ar choinníoll:

nach mó ná 221 kW cumhacht innill na soithí agus nach mó ná 24 mhéadar a fhad; agus

nach bhfuil fad an bhíoma, nó fad iomlán an bhíoma, is é sin suim fhad na mbíomaí go léir, níos mó ná 9 méadar, nó nach féidir é a shíneadh thar 9 méadar, ach amháin nuair atá iascaireacht dhírithe Crangon crangon á déanamh agus mogallmhéid soc-fhoircinn is lú ná 31 mm á húsáid.

9.    Úsáid líonta éighníomhacha i ranna ICES Vb, VIa, VII b, c, j, k

9.1.    Ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht cairte:

eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 120 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an uastréimhse tumtha;

líonta fostúcháin atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an uastréimhse tumtha;

9.2.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 méadar. Nuair a ghabhtar siorc domhainfharraige de thaisme, coinneofar ar bord é. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar mar chuid de na cuótaí í. I gcás ina bhfuil níos mó ná 10 dtona sna gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige a ghabhann soithí aon Bhallstáit, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a thuairiscítear i bpointe 9.1.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis íogaire

1.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach i ranna ICES VIa agus VII d, e, f, g, h agus j a laghdú

1.1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid i ranna ICES VIa agus VIId, e, f, g, h agus j gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

1.2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

1.3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na mbeart maolaithe sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha d'éanlaith mhara i bhfolimistéir ICES VI agus VII a laghdú

Soithí atá ag iascach le spiléir i bhfolimistéir ICES VI agus VII, úsáidfidh siad línte scanraithe éan agus/nó línte ualaithe, agus más indéanta, is nuair atá an dorchadas ann, agus gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá le haghaidh sábháilteachta, a shocróidh siad trealamh spiléir.



IARSCRÍBHINN VII

Uiscí an Iardheiscirt

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An limistéar ar fad

Trosc (Gadus morhua)

35 cm

Cadóg (Melanogrammus aeglefinus)

30 cm

Glasán (Pollachius virens)

35 cm

Mangach (Pollachius pollachius)

30 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

27 cm

Scoilteán (Lepidorhombus spp.)

20 cm

Sól (Solea spp.)

24 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

27 cm

Faoitín (Merlangius merlangus)

27 cm

Langa (Molva molva)

63 cm

Langa gorm (Molva dipterygia)

70 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

Eireabaill Ghliomach na hIorua

Fad iomlán: 70 mm

Fad an charapáis: 20 mm

37 mm

Ronnach (Scomber spp.)

20 cm

Scadán (Clupea harengus)

20 cm

Bolmán Atlantach (Trachurus spp.)

15 cm1

Ainseabhaí (Engraulis encrasicolus)

12 cm nó 90 aonán in aghaidh an kilo2

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

42 cm

Sairdín (Sardina pilchardus)

11 cm

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Gliomach (Hommarus gammarus)

87 mm

Portán faoilinne spíonach (Maia squinado)

120 mm

Cluaisín (Chlamys spp.)

40 mm

Breallach croise eitreach (Ruditapes decussatus)

40 mm

Breallach croise eireogach (Venerupis pullastra)

38 mm

Breallach féithghearr (Venerupis philippinarum)

35 mm

Breallach (Venus verrucosa)

40 mm

Breallach crua (Callista chione)

6 cm

Scian mhara (Ensis spp.)

10 cm

Breallach toinne (Spisula solida)

25 mm

Breallach Donax (Donax spp.)

25 mm

Scianbhreallach pónaire (Pharus legumen)

65 mm

Cuachma (Buccinum undatum)

45 mm

Ochtapas (Octopus vulgaris)

750 g3

Piardóg (Palinurus spp.)

95 mm

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostirs)

22mm (fad an charapáis)

Portán dearg (Cancer pagurus)

140 mm (Reigiún 1 agus Réigiún 2 lastuaidh de 56° T, Roinn ICES VII d, e, f)4,5

Muirín mór (Pecten maximus)

100 mm

1 Ní bheidh aon íosmhéid tagartha caomhnaithe i bhfeidhm maidir le bolmáin (Trachurus picturatus) arna ngabháil in uiscí atá cóngarach do na hAsóir agus faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Portaingéile.

2 I limistéar ICES IX agus i limistéar CECAF 34.1.2 beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 9 cm.

3 In uiscí an chuid sin den Atlantach Thoir Láir a chuimsíonn ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.1.3 agus folimistéar 34.2.0 de limistéar iascaireachta 34 den réigiún CECAF, beidh feidhm ag meáchan glanta 450 g.

4 In uiscí de chuid an Aontais i bhfolimistéar ICES VIII agus IX beidh feidhm ag íosmhéid tagartha caomhnaithe 130 mm.

5 I gcás portáin dhearga arna ngabháil i bpota nó i gcléibh, is féidir crúba scortha a bheith in 1 % ar a mhéad, de réir meáchain, den ghabháil iomlán. I gcás portáin dhearga arna ngabháil le haon saghas eile trealaimh iascaireachta, ní féidir níos mó ná 75 kg de chrúba portáin scortha a thabhairt i dtír.

Cuid B

Mogallmhéid

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas in uiscí an Iardheiscirt.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

70 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe Nephrops norvegicus. Beidh mogall cearnógach 100 mm ar a laghad nó gaireas roghnaíochta coibhéiseach feistithe.

65 mm ar a laghad

Folimistéar ICES X; Ranna CECAF 34.1.1, 34.1.2, 34.1.3 agus folimistéar 34.2.0 de limistéar iascaireachta 34

Níl aon choinníoll ann

55 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas nach bhfuil cuimsithe ag teorainneacha gabhála nó deargán

55 mm ar a laghad

Roinn ICES IXa, lastoir de dhomhanfhad 7°23´48” I

Iascaireacht dhírithe crústach

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

In uiscí an Iardheiscirt, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

80 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht speiceas nach bhfuil teorainneacha gabhála i bhfeidhm maidir leo

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

Cuid C

Limistéir atá iata nó srianta

1.    Limistéar atá iata chun colmóirí a chaomhnú i roinn ICES IXa

Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trál, saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Eanáir den chéad bhliain eile, laistigh den limistéar geografach atá iniata ag línte díreacha atá ag ceangal go seicheamhach na gcomhordanáidí geografacha seo a leanas:

43°46,5' T, 07°54,4' I

44°01,5' T, 07°54,4' I

43°25,0' T, 09°12,0' I

43°10,0' T, 09°12,0' I

(b)ón 1 Nollaig go dtí an lá deireanach de mhí Feabhra den chéad bhliain eile, laistigh den limistéar geografach atá iniata ag línte díreacha atá ag ceangal go seicheamhach na gcomhordanáidí geografacha seo a leanas:

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°50' T,

37°50′ T, 09°08′ I

37°00' T, 9°07' I

pointe ar chósta thiar na Portaingéile ag domhanleithead 37°00' T

2.    Limistéir atá iata chun gliomach na hIorua a chaomhnú i roinn ICES IXa

2.1.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norevgicus) a dhéanamh le haon trál grinnill, aon saighean Dhanmhargach nó líon tarraingthe dá samhail, nó le cléibh sna limistéir gheografacha a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

(a)ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa:

42°23′ T, 08°57' I

42°00′ T, 08°57' I

42°00′ T, 09°14' I

42°04′ T, 09°14' I

42°09′ T, 09°09' I

42°12′ T, 09°09' I

42°23′ T, 09°15' I

42°23′ T, 08°57' I

(b)ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa:

37°45′ T, 09°00' I

38°10′ T, 09°00' I

38°10′ T, 09°15' I

37°45′ T, 09°20' I

2.2.    Ceadófar iascaireacht a dhéanamh le tráil ghrinnill nó le líonta tarraingthe dá samhail nó le cléibh sna limistéir gheografacha agus le linn na tréimhse a thuairiscítear i bpointe 2.1(b) ar choinníoll go ndéantar gach foghabháil de ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

2.3.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) sna limistéir gheografacha agus lasmuigh de na tréimhsí dá dtagraítear i mír 2.1. Déanfar foghabhálacha de ghliomach na hIorua (Nephrops norvgicus) a thabhairt i dtír agus a áireamh mar chuid de na cuótaí.

3.    Srianta ar ainseabhaithe a iascach i roinn ICES VIIIc

3.1.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe ainseabhaithe a dhéanamh le tráil pheiligeacha i roinn ICES VIIIc.

3.2.    Beidh toirmeasc ar thráil pheiligeacha agus peaslíonta saighne a bheith ar bord soithigh san am céanna laistigh de roinn ICES VIIIc.

4.    Úsáid líonta éighníomhacha i bhfolimistéir ICES VIII, IX, X, agus XII, lastoir de 27°I

4.1.    Ceadófar na cineálacha trealaimh seo a leanas a úsáid in uiscí ar lú ná 600 méadar a ndoimhneacht cairte:

eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe colmóirí, a bhfuil mogallmhéid 100 mm ar a laghad acu agus nach bhfuil níos mó ná 100 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 25 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 24 uair an chloig an tréimhse tumtha;

líonta fostúcháin atá á núsáid le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, ar líonta iad a bhfuil mogallmhéid 250 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 15 mhogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 100 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an tréimhse tumtha;

traimlí atá á núsáid i bhfolimistéar ICES IX le haghaidh iascaireacht dhírithe láimhíneach, a bhfuil mogallmhéid 220 mm acu ar a laghad agus nach bhfuil níos mó ná 30 mogall ar doimhneacht, i gcás nach bhfuil fad iomlán na líonta go léir atá á núsáid níos mó ná 20 km in aghaidh an tsoithigh agus gurb é 72 uair an chloig an tréimhse tumtha;

4.2.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe na siorcanna domhainfharraige a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 i ndoimhneachtaí cairte is lú ná 600 méadar. Nuair a ghabhtar siorcanna domhainfharraige de thaisme, coinneofar ar bord iad. Tabharfar aon ghabháil den saghas sin i dtír agus áireofar é mar chuid de na cuótaí. I gcás ina bhfuil níos mó ná 10 dtona sna gabhálacha de thaisme de shiorcanna domhainfharraige a ghabhann soithí aon Bhallstáit, ní fhéadfaidh na soithí sin leanúint de bheith ag baint leasa as na maoluithe a thuairiscítear i bpointe 1.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis íogaire

1. Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach i bhfolimistéir ICES VIII agus IXa a laghdú

1.1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid i bhfolimistéir ICES VIII agus IXa gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

1.2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

1.3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a thuairiscítear i bpointe 1.1 sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2. Bearta atá ceaptha foghabhálacha d'éanlaith mhara i bhfolimistéir ICES VIIIa agus b a laghdú

Soithí atá ag iascaireacht le spiléir i bhfolimistéir ICES VIIIa agus b, cuirfidh siad dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo i bhfeidhm: línte scanraithe éan, línte ualaithe, agus trealamh spiléir a shocrú nuair atá an dorchadas ann agus gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá le haghaidh sábháilteachta.



IARSCRÍBHINN VIII

Muir Bhailt

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Íosmhéid Tagartha Caomhnaithe

Trosc (Gadus morhua)

Foranna 22-32

35 cm

Leathóg bhallach (Pleuronectes platessa)

Foranna 22 go 32

25 cm

Bradán (Salmo salar)

Foranna 22 go 30 agus 32

Foroinn 31

60 cm

50 cm

Leith (Platichthys flesus)

Foranna 22 go 25

Foranna 26 go 28

Foranna 29 go 32, laisteas de 59 °

23 cm

21 cm

18 cm

Turbard (Psetta maxima)

Foranna 22 go 32

30 cm

Broit (Scophthalmus rhombus)

Foranna 22 go 32

30 cm

Eascann (Anguilla Anguilla)

Foranna 22 go 32

35 cm

Breac geal (Salmo trutta)

Foranna 22 go 25 agus 29 go 32

Foranna 26 go 28

40 cm

50 cm

Cuid B

Mogallmhéid

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas i Muir Bhailt:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

120 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Is as líontán T90 a bheidh an soc-fhoirceann agus an píosa sínidh déanta

105 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Beidh fuinneog éalaithe Bacoma feistithe arb é 110 mm ar a laghad a mhogallmhéid

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

I Muir Bhailt, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha 1,2

157 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh

110 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe cadóg agus speiceas leathógach

Níos lú ná 110 mm

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach

1 Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí is faide ná 9 km i gcás soithí ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán, agus is faide ná 21 km i gcás soithí ar mó ná 12 mhéadar a bhfad iomlán.

2 Is é 48 uair an chloig an uastréimhse tumtha atá ceadaithe do na líonta éighníomhacha uile dá dtagraítear i bpointe 1, ach amháin i gcás iascaireacht faoi oighear.

Cuid C

Limistéir atá iata nó srianta

1.    Srianta ar iascaireacht a dhéanamh le trealamh tarraingthe

Beidh toirmeasc, ó thús deireadh na bliana, ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe sa limistéar geografach a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras WGS84, a cheangal le chéile go seicheamhach le rumlínte:

54°23' T, 14°35' O

54°21' T, 14°40' O

54°17' T, 14°33' O

54°07' T, 14°25' O

54°10' T, 14°21' O

54°14' T, 14°25' O

54°17' T, 14°17' O

54°24' T, 14°11' O

54°27' T, 14°25' O

54°23' T, 14°35' O

2.    Srianta ar bhradáin agus bric gheala a iascach

2.1    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe bradán (Salmo salar) nó breac geal (Salmo trutta):

(a)ón 1 Meitheamh go dtí an 15 Meán Fómhair i bhforanna 22 go 31;

(b)ón 15 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair in uiscí fhoroinn 32.

2.2.    Is éard a bheidh sa limistéar iata le linn an tséasúir iata an limistéar atá ceithre mhuirmhíle amach ó na bonnlínte.

2.3.    Ceadófar bradáin (Salmo salar) nó bric gheala (Salmo trutta) arna ngabháil le líonta gaiste a choinneáil ar bord.

3.    Bearta sonracha do mhurascaill Riga

3.1.    Chun iascaireacht a dhéanamh i bhforoinn 281, ní mór údarú iascaireachta a bheith ag soithí, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

3.2.    Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na soithí ar eisíodh ina leith an túdarú dá dtagraítear i bpointe 3.1 a chur ar liosta, agus ainm agus uimhir chlárúcháin inmheánach na soithí sin ag dul leo, agus go gcuirfear an liosta sin ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin idirlín, suíomh a dtabharfaidh gach Ballstát a sheoladh don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.3.    Na soithí atá ar an liosta, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)ní bheidh a gcumhacht innill (kW) iomlán níos mó ná an chumhacht a taifeadadh do gach Ballstáit le linn na mblianta 2000–2001 i bhfolimistéar 281; agus

(b)ní bheidh cumhacht innill aon soithigh níos mó ná 221 kW am ar bith.

3.4. Is féidir soitheach nó soithí a chur in ionad aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 3.2, ar choinníoll:

(a)nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann; agus

(b) nach mó ná 221 kW am ar bith cumhacht innill aon soithigh a chuirtear in ionad soithigh atá ar an liosta.

3.5. Is féidir inneall a chur in ionad inneall aon soithigh atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 3.2, ar choinníoll:

(a)nach dtéann cumhacht innill an tsoithigh os cionn 221 kW am ar bith mar thoradh air sin; agus

(b)nach méadaíonn, mar thoradh air sin, an chumhacht innill iomlán a luaitear in Airteagal 3.3(a) don Bhallstát lena mbaineann;

3.6.    I bhforoinn 281, beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le tráil in uiscí ar lú na 20 m a ndoimhneacht.

4.    Tréimhsí nuair nach gceadaítear iascaireacht le cineálacha áirithe trealaimh

4.1.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh le haon trealamh tarraingthe ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn, nó le líonta éighníomhacha ar mó ná 90 mm nó ar cothrom le 90 mm a mogallmhéid, nó le doruithe grinneallsocraithe, spiléir (seachas spiléir ar fuaidreamh), doruithe láimhe agus trealamh jigeála, beidh toirmeasc air sin sna limistéir seo a leanas:

(a)ón 15 Feabhra go dtí an 30 Márta i bhforanna ICES 22 go 24; agus

(b)ón 1 Iúil go dtí an 31 Lúnasa i bhforanna ICES 25 go 28.

4.2.     Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe trosc a dhéanamh le spiléir ar fuaidreamh laistigh de na limistéir agus le linn na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe 4.1.

4.3.    De mhaolú ar phointe 4.1, ceadófar do shoithí iascaireachta ar lú ná 12 mhéadar a bhfad iomlán cúig lá in aghaidh na míosa a úsáid, agus iad roinnte ina dtréimhsí de dhá lá ar a laghad as a chéile, den íosmhéid laethanta is féidir leo a bheith as láthair ón gcalafort le linn na dtréimhsí iata dá dtagraítear i bpointe 1. Le linn na laethanta sin, ní fhéadfaidh soithí iascaireachta a líonta a thumadh agus iasc a thabhairt i dtír ach ó 06.00 ar an Luan go dtí 18.00 ar an Aoine an tseachtain chéanna.

5.    Srianta limistéireacha ar iascaireacht a dhéanamh

5.1. Beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíocht iascaireachta ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair laistigh de na limistéir a iniatar trí na comhordanáidí seo a leanas, arna dtomhas de réir chóras comhordanáidí WGS84, a cheangal go seicheamhach le rumlínte:

(a) Limistéar 1:

55°45′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°30′ O

55°00′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 16°00′ O

55°15′ T, 15°30′ O

55°45′ T, 15°30′ O

(b) Limistéar 2:

55°00′ T, 19°14′ O

54°48′ T, 19°20′ O

54°45′ T, 19°19′ O

54°45′ T, 18°55′ O

55°00′ T, 19°14′ O

(c) Limistéar 3:

56°13′ T, 18°27′ O

56°13′ T, 19°31′ O

55°59′ T, 19°13′ O

56°03′ T, 19°06′ O

56°00′ T, 18°51′ O

55°47′ T, 18°57′ O

55°30′ T, 18°34′ O

56°13′ T, 18°27′ O

5.2.    Ceadófar iascaireacht dhírithe bradán a dhéanamh le heangacha geolbhaigh, le líonta fostúcháin agus le traimlí ar mó ná 157 mm nó ar cothrom le 157 mm a mogallmhéid, nó le doruithe ar fuaidreamh. Ní choimeádfar aon trealamh eile ar bord.

5.3.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe trosc a dhéanamh leis an trealamh a shonraítear i bpointe 5.2.

6.    Srianta ar iascaireacht leitheanna agus turbard

6.1.    Beidh toirmeasc ar na speicis éisc seo a leanas a choinneáil ar bord i gcás ina ngabhtar iad laistigh de na limistéir gheografacha agus le linn na dtréimhsí thíosluaite:

Speiceas

Limistéir Gheografacha

Tréimhse

Leith

Foranna 26, 27, 28 agus 29, laisteas de 59° 30′ T

Foroinn 32

15 Feabhra go 15 Bealtaine

15 Feabhra go 31 Bealtaine

Turbard

Foranna 25, 26 agus 28, laisteas de 56° 50′ T

1 Meitheamh go 31 Iúil

6.2.    Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe a dhéanamh le tráil, saighní Danmhargacha nó trealamh dá samhail ar mó ná 105 mm nó ar cothrom le 105 mm mogallmhéid a shoc-fhoircinn, nó le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí ar mó ná 100 mm nó ar cothrom le 100 mm a mogallmhéid. Féadfar foghabhálacha leitheanna agus turbard a choinneáil ar bord agus a thabhairt i dtír suas go teorainn 10 %, de réir beomheáchain, den ghabháil iomlán arna coinneáil ar bord.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis íogaire

1.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach a laghdú

1.1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid i Muir Bhailt gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

1.2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

1.3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na bhfuaimghaireas bactha sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.    Bearta speisialta atá ceaptha eascanna a chosaint

Beidh toirmeasc ar eascanna arna ngabháil le haon trealamh gníomhach a choinneáil ar bord. Aon eascanna a ghabhtar de thaisme, ní dhéanfar aon díobháil dóibh agus cuirfear ar ais i bhfarraige go pras iad.



IARSCRÍBHINN IX

An Mheánmhuir

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

An Limistéar ar fad

Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax)

25 cm

Garbhánach fáinneach (Diplodus annularis)

12 cm

Garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo)

18 cm

Garbhánach bán (Diplodus sargus)

23 cm

Garbhánach débhandach (Diplodus vulgaris)

18 cm

Ainseabhaí Eorpach (Engraulis encrasicolus)

9 cm1

Garúpaigh (Epinephelus spp.)

45 cm

Garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus)

20 cm

Colmóir (Merluccius merluccius)

20 cm

Milléid dhearga (Mullus spp.)

11 cm

Garbhánach ascailleach (Pagellus acarne.)

17 cm

Deargán (Pagellus bogaraveo)

33 cm

Breac raice (Polyprion americanus.)

45 cm

Sairdín Eorpach (Sardina pilchardus)

11 cm2

Ronnach (Scomber spp.)

18 cm

Sól coiteann (Solea vulgaris)

20 cm

Garbhánach órcheannach (Sparus aurata.)

20 cm

Bolmáin (Trachurus spp.)

15 cm

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus)

20 mm FC3

70 mm FI3

Gliomach (Homarus gammarus)

105 mm FC3

300 mm FI3

Piardóga (Palinuridae)

90 mm FC3

Rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris)

20 mm FC3

Muirín (Pecten jacobeus)

10 cm

Breallaigh chroise (Venerupis spp.)

25 mm

Breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.)

25 mm

1 Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 110 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

2 Féadfaidh na Ballstáit an íosmhéid tagartha caomhnaithe a athrú go 55 eiseamal in aghaidh an chileagraim.

3 FC – fad an charapáis; FI – fad iomlán.

Cuid B

Mogallmhéideanna

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

sa Mheánmhuir, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas.

Mogallmhéid an tsocfhoircinn1

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

Soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 40 mm ar a laghad2 

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoirceann mogaill mhuileataigh 50 mm2 a úsáid de rogha ar an soc-fhoirceann mogaill chearnógaigh 44 mm ach uinéir an tsoithigh iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh

20 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe sairdíní agus ainseabhaithe

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach le heangacha timpeallaithe

1 Beidh toirmeasc ar líontáin ar mó ná 3 mm tiús a dtéide nó a bhfuil iltéad ann, agus ar líontáin ar mó ná 6 mm tiús a dtéide in aon chuid de thrál grinnill.

2 Ní ceadmhach ach an taon chineál amháin lín (mogall cearnógach 40 mm nó mogall muileatach 50 mm) a choinneáil ar bord nó a úsáid.

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Sa Mheánmhuir, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha.

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

16 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Níl aon choinníoll ann

Cuid C

Srianta ar úsáid trealaimh iascaireachta

1.    Srianta ar úsáid dreidirí

3 mhéadar an tuasleithead a bheidh i ndreidirí, ach amháin i gcás dreidirí a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe spúinsí.

2.    Srianta ar úsáid peaslíonta saighne

Beidh fad peaslíonta saighne agus fad saighne gan pheaslíonta teoranta do 800 méadar agus titim 120 méadar, ach amháin i gcás peaslíonta saighne a úsáidtear le haghaidh iascaireacht dhírithe tuinnín.

3.    Srianta ginearálta ar úsáid líonta éighníomhacha

3.1.    Beidh toirmeasc ar na líonta éighníomhacha seo a leanas a úsáid:

(a)traimil ar mó ná 4 mhéadar a titim;

(b)eangach gheolbhaigh ghrinneallsocraithe nó eangach gheolbhaigh agus traimil in éineacht ar mó ná 10 méadar a thitim ach amháin nuair is giorra ná 500 méadar iad; sa chás sin ceadaítear titim nach faide ná 30 méadar.

3.2.    Beidh toirmeasc ar úsáid a bhaint as aon eangach gheolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil ar mó ná 0,5 mm tiús a théada.

3.3.    Beidh toirmeasc ar níos mó ná 2,500 méadar d'eangaí geolbhaigh agus traimlí in éineacht agus níos mó ná 6 000 méadar d'aon eangach geolbhaigh, líon fostúcháin nó traimil a bheith ar bord nó a shocrú.

4.    Srianta ar úsáid spiléar

4.1.    Beidh toirmeasc ar níos mó ná 5 000 duán a bheith ar bord soithí atá ag iascach le spiléir ghrinneallsocraithe, ach amháin i gcás soithí atá ag dul i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná 3 lá; sa chás sin féadfaidh na soithí sin 7 000 duán ar a mhéad a bheith ar bord acu nó a úsáid.

4.2.    Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta atá ag iascach le spiléir barrshocraithe an líon duán seo a leanas a bheith ar bord acu nó a úsáid:

(a)2 000 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe tuinníní gorma á déanamh;

(b)3 500 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe colgán á déanamh agus

(c)5 000 duán in aghaidh an tsoithigh agus iascaireacht dhírithe tuinníní colgacha á déanamh.

4.3.    Gach soitheach atá i mbun turas iascaireachta a mhairfidh níos faide ná dhá lá, féadfaidh sé a oiread eile de dhuáin bhreise a bheith ar bord aige.

5.    Srianta ar úsáid potaí agus cliabh

Beidh toirmeasc ar níos mó ná 250 pota nó cliabh a bheith ar bord aon soithigh nó níos mó ná 250 pota nó cliabh a chur chun crústaigh dhomhainfharraige (Plesionika spp., Pasiphaea spp nó speicis eile dá samhail) a ghabháil.

6.    Srianta ar iascaireacht dhírithe deargán

Beidh toirmeasc ar iascaireacht dhírithe deargán (Pagellus bogaraveo) a dhéanamh leis an trealamh seo a leanas:

eangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, nó traimlí ar lú ná 100 mm a mogallmhéid;

spiléir ar a bhfuil duáin ar lú ná 3,95 cm a bhfad iomlán agus ar lú ná 1,65 cm a leithead.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis íogaire

1.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach a laghdú

1.1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid sa Mheánmhuir gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

1.2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

1.3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a thuairiscítear i bpointe 1.1 sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha d'éanlaith mhara a laghdú

Soithí atá ag iascaireacht le spiléir sa Mheánmhuir, cuirfidh siad dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo i bhfeidhm: línte scanraithe éan, línte ualaithe, agus trealamh spiléir a chur nuair atá an dorchadas ann agus gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá le haghaidh sábháilteachta.


IARSCRÍBHINN X

An Mhuir Dhubh

Cuid A

Íosmhéideanna tagartha caomhnaithe

Speiceas

Íosmhéid Tagartha Chaomhnaithe

Turbard (Psetta maxima)

45 cm

Cuid B

Mogallmhéideanna

1.    Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas sa Mhuir Dhubh:

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

50 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Féadfar soc-fhoircinn mogaill chearnógaigh 40 mm a úsáid

2.    Mogallmhéideanna íosta líonta éighníomhacha

Sa Mhuir Dhubh, beidh feidhm ag na mogallmhéideanna seo a leanas maidir le líonta éighníomhacha:

Mogallmhéid

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

400 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe corr gainimh

Cuid C

Limistéir atá iata nó srianta

Iamh séasúrach chun turbaird a chosaint

Ceadófar iascaireacht dhírithe, trasloingsiú, tabhairt i dtír agus céad-díol turbard idir an 15 Aibreán agus an 15 Meitheamh gach bliain in uiscí de chuid an Aontais atá sa Mhuir Dhubh.

Cuid D

Bearta maolaithe do speicis agus gnáthóga íogaire

1.    Bearta atá ceaptha foghabhálacha céiticeach a laghdú

1.1.    Beidh toirmeasc ar shoithí arb é 12 mhéadar nó níos mó a bhfad iomlán líonta éighníomhacha a úsáid i bhfolimistéir ICES VIII agus IX gan fuaimghaireas bactha gníomhach a úsáid san am céanna.

1.2.    Ní bheidh feidhm ag pointe 1.1 maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche taighde eolaíoch, agus chun na críche sin amháin, le cead agus faoi údarás an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, agus arb é is aidhm leo bearta teicniúla a cheapadh chun gabháil de thaisme nó marú céiticeach a laghdú.

1.3.    Déanfaidh na Ballstáit faireachán agus measúnú, trí bhíthin staidéir eolaíocha nó treoirthionscadail, ar éifeachtacht na mbeart maolaithe a thuairiscítear i bpointe 1.1 sna hiascaigh agus sna limistéir lena mbaineann.

2.    Srianta ar úsáid trál agus dreidirí

Beidh toirmeasc ar thráil agus dreidirí a úsáid ag doimhneachtaí is mó ná 1000 méadar.



IARSCRÍBHINN XI

Na réigiúin is forimeallaí

Cuid A

Mogallmhéideanna íosta do threalamh tarraingthe

Beidh feidhm ag na mogallmhéideanna soc-fhoircinn seo a leanas sna réigiúin is forimeallaí.

Mogallmhéid soc-fhoircinn

Limistéir Gheografacha

Coinníollacha

100 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince.

Níl aon choinníoll ann

45 mm ar a laghad

Na huiscí uile amach ó chósta na roinne Francaí an Ghuáin, atá faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Fraince.

Iascaireach dhírithe séaclaí (Penaeus subtilis, Penaeus brasiliensis, Xiphopenaeus kroyeri). 

14 mm ar a laghad

An limistéar ar fad

Iascaireacht dhírithe speiceas beag peiligeach le heangacha timpeallaithe

Cuid B

Limistéir atá iata nó srianta

Srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta sa limistéar 24 mhíle atá mórthimpeall Mayotte

Beidh toirmeasc ar shoithí aon pheaslíon saighne a úsáid ar thuinníní agus ar aon scoil éisc atá cosúil le tuinnín laistigh de 24 mhíle amach ó chóstaí Mayotte, achar arna thomhas ó bhonnlínte na nuiscí críochacha.

(1)    Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic domhainfharraige a iascach (IO L 351, 28.12.2002, lch. 6).