An Bhruiséil,15.7.2015

COM(2015) 341 final

2015/0149(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh agus lena n
aisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

{SWD(2015) 139 final}
{SWD(2015) 140 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.Forais agus cuspóirí an togra

D'fhógair an Coimisiún an 25 Feabhra 2015, ina chreatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh buanseasmhach maille le beartas réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide, go ndéanfar athbhreithniú ar an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh chun tuilleadh leasa a bhaint as an éifeachtúlacht fuinnimh chun an téileamh ar fhuinneamh a mhaolú agus, dá réir sin, spleáchas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a laghdú.

Téann lipéadú fuinnimh chun leas an chomhshaoil toisc go mbíonn custaiméirí in áit ar bith san Aontas in ann faisnéis chruinn ábhartha agus inchomparáide a fháil faoi ídiú fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh táirgí a bhaineann le fuinneamh, agus a bhuí leis sin is féidir leo a gcinntí i dtaobh ceannachán a dhéanamh ar bhonn eolasach, costéifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol sa dóigh go ndéanfaidh siad leas an chomhshaoil agus sábhálfaidh siad airgead.

1.2.Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais

I nDeireadh Fómhair 2014 leag an Chomhairle Eorpach síos sprioc tháscach d'fheabhas 27% ar a laghad ar leibhéal an Aontais ar éifeachtúlacht fuinnimh faoi 2030. Athbhreithneofar faoi 2020 é, agus é beartaithe leibhéal 30% a bheith ag an Aontas. Chomh maith leis sin leag an Chomhairle Eorpach síos an sprioc go ndéanfaí laghdú 40% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.

Leanann an togra seo an creatstraitéis don Aontas Fuinnimh agus tá sé beartaithe é a chur in ionad Threoir 2010/30/AE maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh. Tá an togra seo á thíolacadh anois agus meastóireacht déanta ar an Treoir sin 1 . Na rialacháin maidir le táirgí ar leith a achtaíodh faoin Treoir, beidh siad fós i bhfeidhm ach déanfar athbhreithniú orthu.

Tá an tionscnamh seo i gcomhréir le beartas fuinnimh agus aeráide an Aontais agus a bhuí leis, tabharfar chun dáta an acquis atá ann cheana maidir le lipéadú fuinnimh agus cuirfear le héifeacht an acquis sin.

1.3.Comhsheasmhacht le beartais eile an Aontais

Feabhsaíonn lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh saorghluaiseacht táirgí trína áirithiú nach dtugann Ballstáit lipéid fuinnimh náisiúnta isteach. Cuireann sé sin le hiomaíochas cuideachtaí Eorpacha mar spreagtar iad le nuálaíocht a dhéanamh, cruthaítear buntáiste do na cuideachtaí is túisce gníomh, áirithítear cothrom iomaíochta i dtaca le monaróirí ó thríú tíortha trí fhaireachas margaidh a mhéadú, agus cruthaítear an deis an corrlach brabúis a mhéadú ar tháirgí atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de toisc go bhfuil siad níos costasaí tráth a cheannaítear iad ach go sábhálfaidh an túsáideoir deiridh airgead thar shaolré an táirge.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Bunús dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arb é an bunús dlí le bearta maidir le fuinneamh é. Cé go bhféadfadh Airteagal 114 bheith ina bhunús dlí le Lipéadú Éifeachtúlachta Fuinnimh, (bhí an cineál sin bunús dlí leis an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh 2 1992) tá baol ann go bhféadfadh sé seo teorainn a chur, de neamhthoil, le cumas na mBallstát reachtaíocht a rith maidir le soláthar faisnéise faoi tháirgí a bhaineann le fuinneamh, faisnéis a bheadh comhlántach leis an lipéad fuinnimh 3 . Baineann an lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh leis an bhfuinneamh agus na hacmhainní a úsáidtear le linn chéim úsáide an táirge amháin. Ar deireadh, meastar gurb iomchuí an Conradh a úsáid toisc go bhfuil bunús dlí sonrach ann i gcomhair cúrsaí fuinnimh.

2.2.Coimhdeacht

Léiríonn na hionstraimí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a glacadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh go bhfuil tábhacht an fhuinnimh ag méadú mar dhúshlán polaitiúil agus eacnamaíoch agus léiríonn siad an dlúthghaol atá aige le réimsí beartas maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh, athrú aeráide, inbhuanaitheacht, comhshaol, an margadh inmheánach agus forbairt eacnamaíoch. Ní fhéadfadh na Ballstáit ina naonar na cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach go dtí seo agus tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na gníomhaíochtaí a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus chun tacú leo.

Tá sé riachtanach cothrom iomaíochta a áirithiú do mhonaróirí agus do dhéileálaithe ó thaobh na faisnéise faoi ídiú fuinnimh a thugtar do chustaiméirí de i gcás aon táirge ar leith atá ar díol ar fud mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha atá ceangailteach de réir dlí ar fud an Aontais.

Maidir le faireachas margaidh, is iad údaráis Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a dhéanann sin. Chun a bheith éifeachtach, ní mór faireachas margaidh a bheith aonfhoirmeach ar fud an Aontais nó bainfear an bonn ón margadh inmheánach agus beidh dídhreasú ann do ghnólachtaí chun acmhainní a infheistiú i ndearadh, i monarú agus i ndíolachán táirgí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Má chruthaítear bunachar sonraí táirgí cuideoidh sé sin le héifeachtacht an fhaireachais margaidh.

2.3.Comhréireacht

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní ghabhann na leasuithe atá molta thar an méid atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha síos a bhaint amach. Feabhsóidh na leasuithe arna dtabhairt isteach ag an Rialachán soiléireacht agus inoibritheacht an chreata reachtaigh atá ann cheana. Beidh sé de cheangal ar sholáthraithe pointí faisnéise éagsúla a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí nua ach tá orthu an fhaisnéis seo a chur ar fáil cheana d'údaráis faireachais margaidh náisiúnta nuair a iarrtar í, agus meastar dá bhrí sin go mbeadh an tualach breise anbheag agus comhréireach leis an tairbhe a bhainfear as an mbunachar sonraí táirgí ó thaobh forfheidhmiú agus trédhearcachta de. Tá tuilleadh plé ar chomhréireacht an togra i gCaibidil 8 den Mheasúnú Tionchair.

2.4.Rogha ionstraime

Cuirtear san áireamh san athrú atá beartaithe ó Threoir go Rialachán aidhm ghinearálta an Choimisiúin an timpeallacht rialála a shimpliú do na Ballstáit agus d'oibreoirí eacnamaíocha agus an gá atá le cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais le haghaidh na reachtaíochta atá beartaithe.

3.TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

3.1.Meastóireacht ex-post ar an reachtaíocht atá ann cheana

Rinne an Coimisiún meastóireacht ex-post ar an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh agus ar ghnéithe áirithe den Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an togra seo (SWD(2015)143). Is iad seo a leanas na príomhthorthaí:

1.Tá na bearta atá i bhfeidhm cheana maidir le héicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh éifeachtach sa mhéid go mbíonn coigilteas suntasach fuinnimh agus costais ag baint leo. 4

2.Níl aon bhacainní ar shaorghluaiseacht táirgí a bhaineann le fuinneamh i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh.

3.Is mó na leasanna a thagann as sin ná na costais, do lucht gnó agus don tsochaí ina hiomláine chomh maith. 5 Is mór an borradh a chuirtear faoin nuálaíocht mar gheall ar lipéadú fuinnimh, agus mar gheall ar éileamh tomhaltóirí agus ar chor iomaíoch. Dá dhéine na riachtanais do na hardaicmí is mó a thugtar deiseanna do ghnólachtaí a dtáirgí a dhifreáil, rud a spreagann nuálaíocht.

4.Aithníonn agus tuigeann formhór na dtomhaltóirí an lipéad fuinnimh agus úsáideann siad é nuair a bhíonn siad ag déanamh cinntí faoi cheannacháin.

5.Nuair a tugadh isteach A+ agus aicmí níos airde faoin Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh 2010 laghdaíodh an éifeachtacht a bhí ag an lipéad fuinnimh custaiméirí a spreagadh le táirgí a bhí níos éifeachtúla a cheannach. 6 Is deacair roinnt de na picteagraim a thuiscint a úsáidtear chun paraiméadair eile a léiriú ar an lipéad.

6.Tá treocht ann táirgí níos mó a cheannach, ar táirgí iad atá éifeachtúil agus atá rangaithe in ardaicmí fuinnimh ach a bhfuil dearbhúsáid fuinnimh i bhfad níos airde acu ná fearais den chineál céanna atá níos lú.

7.De dheasca easpa forfheidhmithe ag údaráis faireachais margaidh náisiúnta méadaítear neamhchomhlíonadh, sa dóigh go meastar go bhfuil an coigilteas fuinnimh 10% níos ísle ná an coigealtas atá beartaithe. Féach freisin Roinn 3.

8.Léiríonn roinnt de na beartais leibhéal uaillmheine atá ró-íseal i gcomparáid leis na leibhéil atá insroichte ó thaobh na teicneolaíochta agus na heacnamaíochta de.

9.Cé gur tugadh aghaidh le bearta áirithe ar an tionchar ar an gcomhshaoil le linn na céime úsáide a thagann ó fhoinsí eile nach fuinneamh le linn úsáide, d'fhéadfaí laghdú níos mó a dhéanamh ar thionchair den chineál sin. 7

10.Ó thaobh éifeachtúlachta de, tá an próiseas déanta rialacha rófhada (49 mí ar an meán), rud a fhágann, in amanna, go mbíonn obair ullmhúcháin agus theicniúil as dáta faoin am a ndéantar cinntí beartais, go háirithe i gcás táirgí leictreonacha toisc go bhforbraítear go tapa iad.

11.Tá an dá Threoir comhlántach agus tríd is tríd déantar iad a chur i bhfeidhm ar bhealach comhleanúnach.

12.I gcás roinnt táirgí, níl aon rud sna haicmí is ísle den lipéad fuinnimh, ós rud é go bhfuil toirmeasc ar mhúnlaí ísealfheidhmíochta de bharr bearta éicidhearthóireachta, agus go bhfuil monaróirí in ann táirgí atá níos éifeachtúla fós a dhéanamh a bhuí le dul chun cinn teicneolaíoch. Cheal comparáid iomlán ó A go G, níl an lipéad chomh ábhartha do thomhaltóirí agus is ceart dó bheith.

13.Tagann an luach breise a chuireann an tAontas Eorpach ar fáil ón gcreat rialála comhchuibhithe a laghdaíonn na costais atá ar mhonaróirí agus a fhágann go bhfuil an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta go hidirnáisiúnta maidir le rialáil agus caighdeánú.

14.Leanfaidh an beartas de bheith ábhartha le sprioc an Aontais Eorpaigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach i ndiaidh 2020. Ina theannta sin, féadfaidh sé cur le héifeachtúlacht acmhainní agus leis an ngeilleagar ciorclach.

15.Tá gá i gcónaí le faisnéis do thomhaltóirí sa ré dhigiteach. Leasaíodh na rialacháin maidir le lipéadú fuinnimh le deireanas chun go dtaispeánfaí an lipéad fuinnimh ar an idirlíon chomh maith.

16.Maidir leis an tionchar a bhí ag an gceanglas tagairt don aicme fuinnimh (Airteagal 4(c)) a bheith i bhfógraí, níorbh fhéidir a éifeacht seo a chainníochtú ach de réir an mheasúnaithe chuaigh sé i ngleic le bearna faisnéise a bhí sa mhargadh.

17.Rinneadh meastóireacht ar na ceanglais maidir le soláthar poiblí (Airteagal 9(1)) in 2011 agus mar thoradh air sin scriosadh iad ón Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh agus cuireadh san áireamh iad i bhfoirm leasaithe sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 8 .

18.I bhfianaise clúdach sna meáin le blianta beaga anuas, is léir nár leor mar a cuireadh na leasanna a bhaineann leis an mbeartas in iúl.

3.2.Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Ritheadh comhairliúchán poiblí ón 31 Lúnasa go dtí an 30 Samhain 2013 ar an leathanach gréasáin 'Do Ghuthsa san Eoraip'. Díríodh leagan níos faide den suirbhé ar ghrúpaí sainleasa, comhlachtaí rialtais agus saineolaithe, agus díríodh suirbhé níos giorra ar thomhaltóirí agus ar mhiondíoltóirí agus ar mhonaróirí. Fuarthas 138 bhfreagra ar an suirbhé is faide, 58 ó mhonaróirí agus a ngrúpaí sainleasa, 20 ó chomhlachtaí rialtais, 13 ó ghrúpaí sainleasa comhshaoil agus 9 ó ghrúpaí sainleasa tomhaltóirí. Fuarthas 197 bhfreagra ar an suirbhé gearr, 127 ó thomhaltóirí, 40 ó mhiondíoltóirí agus 30 monaróirí. Foilsíodh achoimre mhionsonraithe ar na freagróirí agus ar na freagraí i bhFeabhra 2014 9 .

Reáchtáladh trí chruinniú leis na geallsealbhóirí: an 27 Meitheamh 2013, an 14 Deireadh Fómhair 2013 agus an 18 Feabhra 2014. I gcomhar leis an gcruinniú deireanach de chuid na gconraitheoirí, d'eagraigh an Coimisiún cruinniú de na geallsealbhóirí an 19 Feabhra 2014 i dtaobh na dtorthaí a bhí ar thástail ar réamhthacar de dhearaí lipéid fuinnimh agus na dearaí lipéid fuinnimh a mbeadh sé beartaithe tuilleadh tástála a dhéanamh orthu.

3.3.Bailiú agus úsáid saineolais

Coimisiúnaíodh dhá staidéar go sonrach chun an tathbhreithniú a ullmhú:

Staidéar ar an meastóireacht ar an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh agus ar ghnéithe áirithe den Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht, críochnaíodh i Meitheamh 2014 é;

Staidéar ar an tionchar atá ag an lipéad fuinnimh – agus ag athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh air – ar thuiscint an tomhaltóra agus ar chinntí faoi cheannacháin, críochnaíodh i nDeireadh Fómhair 2014 é.

Foilsíodh an dá staidéar ar shuíomh gréasáin Europa an Choimisiúin 10 .

3.4.Measúnú tionchair

Gabhann an Measúnú Tionchair (SWD(2015)139) leis an togra seo agus tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin Europa an Choimisiúin 11 maille le tuairim fhabhrach ón mBord um Ghrinnscrúdú Rialála (SEC(2015)323) a glacadh an 16 Meitheamh 2015.

Ag teacht as an meastóireacht thuasluaite, féachtar sa mheasúnú tionchair ar roinnt ceisteanna a bhaineann leis an Treoir atá ann faoi láthair agus ar mhíreanna sonracha a bhaineann leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht. Ní mholtar aon bheart reachtach ann i gcás na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht ag an bpointe seo.

Ba iad éifeachtacht laghdaithe an lipéid fuinnimh agus an neamhchomhlíontacht de bharr easpa forfheidhmithe an dá cheist ba thabhachtaí a bhaineann leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht. Sainaithníodh freisin go bhfuil na próisis déanta rialacha fada, rud a fhágann go dtéann an obair theicniúil agus ullmhúcháin as dáta.

Ar deireadh Cinneadh an creat rialála a bhí ann cheana maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, clárú lipéad i mbunachar sonraí nua a éileamh, an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh atá ann cheana a iompú ina Rialachán chun an struchtúr dlíthiúil a fheabhsú, é a ailíniú leis an rialachán maidir le faireachas margaidh 12 , agus bearta comhpháirteacha faireachais margaidh de chuid an Aontais Eorpaigh a mhaoiniú.

Cuireann an togra chun feidhme an chuid reachtach den rogha arna roghnú sa Mheasúnú Tionchair. Leagtar amach gníomhaíochtaí neamhreachtacha eile atá ceaptha an rogha sin a chur chun feidhme sa Tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle a ghabhann leis an togra seo.

3.5.Oiriúnacht rialála agus simpliú

Is ionann an éifeacht ar ghnólachtaí móra, ar fhiontair bheaga agus meánmhéide agus ar mhicreaghnólachtaí de thoradh an tionchair dhearfaigh a imreofar ar ioncam (€34 bhilliún in aghaidh na bliana in 2030 de réir an mheastacháin). Ní féidir údar cuí a thabhairt i leith réimeas difriúil do mhicrifhiontair nó d'fhiontair bheaga agus meánmhéide. Ba cheart gach miondíoltóir a bheith faoi réir na rialacha céanna, toisc nach úsáideach lipéid fuinnimh do thomhaltóirí ach amháin má tá lipéad ar gach táirge i ngach asraon miondíola. Ní bheidh tionchar ach ar roinnt bheag fiontar beag agus meánmhéide agus ní bheidh tionchar ar mhicreaghnó ar bith. Ba cheart aon tacar rialacha amháin a bheith i bhfeidhm ar gach gnólacht le hiomaíocht chothrom a áirithiú sa mhargadh aonair agus le faisnéis chomhleanúnach agus chomhsheasmhach a áirithiú do chustaiméirí. Meastar go sábhálfaidh tomhaltóirí €10-30 billiún sa bhliain in 2030 (de réir toimhdí maidir le forbairt na bpraghsanna fuinnimh sa todhchaí).

Cuirfear feabhas ar iomaíochas chuideachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh toisc go spreagfar iad chun nuálaíocht a dhéanamh, go dtugann sé buntáiste do na cuideachtaí is túisce gníomh, go ndéanann sé faireachas margaidh le cothromaíocht le monaróirí sa tríú domhan a chothú, agus go gceadaíonn sé dóibh corrlach brabúis níos mó a thógáil ar tháirgí níos éifeachtúla a chosnaíonn níos mó nuair a cheannaítear iad ach atá níos costéifeachtúla don úsáideoir deiridh le linn a shaolré fhóinteach.

Ó thaobh costais riaracháin de meastar go mbeidh costas EUR 10 milliún ar dhéileálaithe na lipéid uile ar na táirgí uile a athsholáthar thar thréimhse deich mbliana don Aontas Eorpach ina iomláine. Meastar go mbeidh costais thart ar EUR 50 milliún ar mhonaróirí thar thréimhse 10 mbliana. Is ionann é sin agus 2 cent in aghaidh gach táirge lipéadaithe a dhíoltar. Meastar go mbeidh costais riaracháin EUR 1.5 milliún in aghaidh na bliana ar tháirgí a chlárú, don tionscal ina iomláine; thart ar 0.5 cent in aghaidh gach táirge a dhíoltar. I ndáiríre áfach, is lú ná sin a bheidh an costas a bhainfidh le clárú táirgí a bheith ceangailteach, nó ní bheidh costas ar bith ag baint leis fiú, toisc nach mbeidh sé de cheangal ar sholáthraithe a thuilleadh doiciméid theicniúla a choinneáil, lena gcur ar fáil d'údaráis faireachais margaidh, ar feadh cúig bliana ón uair dheireanach a monaraíodh táirge.

Féadfaidh monaróirí agus déileálaithe na costais riaracháin sin a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí agus ina gcás siúd cúiteofar na costais sin le fuílleach de bharr an choigiltis fuinnimh a thiocfaidh leis na táirgí níos éifeachtúla a cheannóidh siad de thoradh an Rialacháin.

Tá an togra in oiriúint don Idirlíon ós rud é go gcuimsítear ann bunachar sonraí táirgí ar líne a bhunú, rud a shimpleoidh, a fheabhsóidh agus a chuirfidh dlús le tarchur faisnéise faoi tháirgí idir monaróirí, miondíoltóirí, údaráis faireachas margaidh agus tomhaltóirí deiridh.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Cuirtear an togra seo in ionad Treoracha atá ann cheana maidir le lipéadú agus meastar go mbeidh na tionchair riaracháin agus na costais ar na Ballstáit measartha ós rud é gurb ann d'fhormhór na struchtúir agus na rialacha riachtanacha cheana féin.

Ní bheidh gá le maoiniú breise ó Aontas Eorpach don togra seo. Cuirfear maoiniú ar fáil do bhunú an bhunachair táirgí (1 500 000 EUR in 2016 agus costas cothabhála 150 000 EUR in aghaidh na bliana le haghaidh gach bliain as sin amach) agus do staidéir ar an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar na lipéid atá ar grúpaí sonracha tairgí (300 000 EUR in aghaidh na bliana ó 2017) trí leasú a dhéanamh ar an mbuiséad atá ann do chur chun feidhme an bheartais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh táirgí lena gcuimsítear cabhair theicniúil agus/nó staidéir a dhéanfar chun gnéithe grúpaí táirgí a mheasúnú de réir mar a éilítear le gníomhartha tarmligthe agus tacaíocht don chaighdeánú. Cuimsítear an buiséad seo faoi na codanna sin de dhúshláin shochaíocha Fís 2020 a bhaineann le glacadh ar an margadh agus nuálaíocht.

5.GNÉITHE EILE

5.1.Socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Tá sé foráilte go ndéanfar an chéad mheastóireacht eile ar an creat i gcomhair Lipéadú Fuinnimh i gceann 8 mbliana. Ba cheart tógáil leis an meastóireacht sin ar na measúnuithe ex-post a rinneadh ar staidéir táirgeshonracha lenar athbhreithníodh na gníomhartha tarmligthe a glacadh faoin gcreat seo, agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chreata maidir le saorghluaiseacht earraí a áirithiú (e.g. Ar staon na Ballstáit ó lipéadú fuinnimh náisiúnta táirgí a chur chun cinn?). Ba cheart measúnú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar thionchair shuntasacha eile ar an gcomhshaol, go háirithe maidir leis na feabhsuithe a cuireadh ar an ráta claochlaithe margaidh a bhaintear amach a bhuí le lipéid athscálaithe. Is féidir feabhsuithe ar an ráta faireachais margaidh agus ar an ráta comhlíonta de thoradh an bhunachair táirgí a mheas trí thuairisciú na mBallstát ar thorthaí faireachais margaidh faoin rialachán maidir le faireachas margaidh.

5.2.Míniú mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Sa togra, coinnítear cuspóirí agus príomhphrionsabail na Treorach atá ann cheana maidir le Lipéadú Fuinnimh ach soiléirítear, treisítear agus leathnaítear raon feidhme fhorálacha na Treorach sin trí:

An lipéad a thabhairt chun dáta agus athscálú a cheadú

Forfheidhmiú a fheabhsú

Bunachar sonraí táirgí a chruthú atá cumhdaithe ag oibleagáidí lipéadaithe fuinnimh

Oibleagáidí na bpáirtithe éagsúla a shoiléiriú

Feabhas a chur ar an nasc idir lipéadú fuinnimh agus caighdeáin tomhais

5.2.1.An lipéad a uasdhátú agus athscálú a cheadú

Tá ag éirí chomh maith sin leis an lipéadú fuinnimh táirgeadh táirgí a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh níos mó acu a spreagadh go bhfuil teorainn a áirgiúlachta bainte amach. I gcás neart grúpaí tairgí, tá formhór na múnlaí sna hardaicmí fuinnimh anois, rud a fhágann gur deacair dealú idir na múnlaí. Cé gur cuireadh na haicmí A+ go A+++ in úsáid do roinnt grúpaí táirgí in 2010, tá na múnlaí go léir sna haicmí nua anois agus níl aon mhúnlaí sna haicmí ísle anois. Tá riachtanas córasach ann na táirgí a 'athscálú' agus filleadh ar an scála A go G a bhí ag an lipéad fuinnimh roimhe seo. Is é an scála sin is fearr a thuigeann tomhaltóirí de réir roinnt staidéar. Cé go gceadaítear leis an Treoir an deis athaicmiú a dhéanamh ar tháirgí trí ghníomhartha tarmligthe sonracha, déileálann an togra seo leis an ngá atá ann na lipéid fuinnimh a athscálú ar bhealach atá i bhfad níos córasaí. Soiléirítear inti chomh maith na hoibleagáidí a bhíonn ar sholáthraithe agus ar dhéileálaithe le linn na céime athscálaithe agus athsholáthraithe.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na lipéid atá ann faoi láthair ag tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, d'fhonn iad a athscálú. Tabharfar aghaidh ar dtús ar na grúpaí táirgí sin ina bhfuil formhór na dtáirgí atá ar an margadh sna haicmí is airde. Dhéanfaí an tathscálú féin roinnt blianta tar éis dáta an athbhreithnithe.

Bheadh idirthréimhse de dhíth don athscálú a mbeadh na seanlipéid (ó roimh an athscálú) agus na lipéid athscálaithe nua araon ar fáil sna siopaí. Chun an baol go mbeadh mearbhall ar chustaiméirí a sheachaint a mhéid is féidir, chun costais chomhlíonta a laghdú agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir do sholáthraithe agus do dhéileálaithe a áirithiú, tá an cur chuige seo a leanas beartaithe sa dréachtRialachán:

1.Dhéanfaí gníomh tarmligthe maidir leis an lipéad athscálaithe a fhoilsiú agus thiocfadh sé i bhfeidhm 20 lá níos déanaí (mar atá cheana). Shocródh na gníomhartha tarmligthe na ceanglais fuinnimh sa chaoi nach bhféadfadh táirge ar bith atá ar an margadh faoi láthair bheith sna hardaicmí fuinnimh, le haghaidh dul chun cinn teicneolaíochta agus nuálaíocht a spreagadh agus ionas gur féidir aitheantas a thabhairt do tháirgí atá níos éifeachtúla fós. Luafaí dáta sonrach sa ghníomh tarmligthe a mbeadh na 'seanlipéid' le haistarraingt agus na lipéid athscálaithe le soláthar roimhe (an 'dáta athsholáthraithe').

2.Ar feadh sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ach roimh an dáta athsholáthraithe chuirfeadh soláthraithe an lipéad athscálaithe sa bhosca in éineacht leis an táirge agus an lipéad a bhí ann cheana.

3.Ar dáta an athsholáthair, níor mhór do dhéileálaithe an lipéad nua a chur in áit an tseanlipéid ar na táirgí go léir a bheidh ar taispeáint i siopaí. Bheadh seachtain amháin acu chun na lipéid nua a chur in áit na seanlipéad.

4.Maidir le táirgí a bhí sa siopa sular thosaigh an idirthréimhse 6 mhí, níor mhór do dhéileálaithe lipéad nua a fháil ón soláthraí (d'fhéadfadh na soláthraithe é a chur ar fáil ar líne lena íoslódáil óna suíomhanna gréasáin).

5.Bheadh ar na Ballstáit feachtais fógraíochta faisnéise a reáchtáil chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin bpróiseas athscálaithe.

Leis an gcur chuige seo tá sé beartaithe go mbeidh na seanlipéid agus na lipéid nua in éineacht le chéile a laghad is féidir ar tháirgí den chineál céanna atá ar taispeáint i siopaí. Méadófar éifeachtacht an lipéid sa dóigh sin agus sábhálfaidh an custaiméir fuinneamh agus airgead. Ní gá aon athrú substaintiúil a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair i leith sásra dáileacháin an lipéid, ar léir go bhfuil sé ag obair go sásúil go dtí seo.

5.2.2.Forfheidhmiú a fheabhsú trí bhunachar sonraí táirgí a chruthú do na táirgí atá cumhdaithe ag na oibleagáidí lipéadaithe fuinnimh

Ó thaobh an fhorfheidhmithe de, meastar gurb é 20% an ráta foriomlán neamhchomhlíonta sa mhargadh, rud a fhágann go gcailltear thart ar 10% den choigilt fhuinnimh atá beartaithe. Eascraíonn an easpa forfheidhmithe seo (go pointe áirithe) ón deacracht a bhíonn ag údaráis náisiúnta faireachais margaidh rochtain a fháil ar dhoiciméid theicniúla in am trátha agus is measaide í an easpa soiléire i dtaobh uimhreacha múnlaí éagsúla a bheith ag an aon mhúnla amháin i mBallstáit éagsúla. Leis an mbunachar sonraí nua ina gclárófar tairgí beidh na húdaráis faireachais margaidh in ann rochtain a fháil i bhfad níos tapúla ar an bhfaisnéis atá riachtanach.

Ina theannta sin, beidh na sonraí margaidh agus an fhaisnéis is déanaí faoi éifeachtúlacht fuinnimh ar fáil sa bhunachar sonraí táirgí, rud a chuirfidh dlús leis na staidéir ullmhúcháin/athbhreithnithe agus leis an bpróiseas rialála a leanfaidh iad agus giorrófar an próiseas fada rialála atá ann faoi láthair do ghníomhartha tarmligthe.

Is dealraitheach go bhfuil gá mór le bunachar sonraí cláraithe i gcás na Treorach maidir le Lipéadú Fuinnimh ós rud é go gcumhdaíonn na lipéid fuinnimh fearais tí den chuid is mó agus go bhfuil éifeacht níos forleithne ag an easpa faireachais margaidh agus gur mó go mór líon na múnlaí.

I dteannta le haghaidh a thabhairt ar na laigí atá sa chóras atá ann faoi láthair, d'fhéadfaí an bunachar sonraí a úsáid chomh maith chun lipéid fuinnimh a dháileadh ar dhéileálaithe ar bhealaí nua, ós rud é go mbeadh na lipéid agus na lipéid athscálaithe le fáil ar sa bhunachar sonraí sin. Leis an togra seo tabharfar ceanglais na Treorach chun dáta ó thaobh foráil a dhéanamh maidir le lipéid a sholáthar go leictreonach nó maidir le soláthraithe iad a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin féin.

I gcomparáid leis na ceanglais maidir le faisnéis faoi tháirgí atá ar sholáthraithe cheana, ní chruthaíonn an bunachar sonraí ina gclárófar táirgí ach oibleagáid nua ach múnla táirge a chlárú, trí faisnéis a lódáil a bhfuil de cheanglas é a chur ar fáil faoin gcóras atá ann faoi láthair faoi ghníomhartha tarmligthe difriúla.

Meastar go mbeidh an tualach riaracháin a bhaineann le clárú táirgí thart ar EUR 1.5 milliún in aghaidh na bliana don tionscal ina iomláine; thart ar 0.5 cent in aghaidh gach táirge a dhíoltar. Beidh an costas níos lú ná nó cothrom le nialas toisc nach mbeidh sé de cheangal a thuilleadh ar sholáthraithe doiciméid theicniúla a choinneáil, lena gcur ar fáil d'údaráis faireachas margaidh, ar feadh cúig bliana ón uair dheireanach a monaraíodh táirge. Faoi láthair, caithfidh na húdaráis faireachais margaidh doiciméid theicniúla a iarraidh ar sholáthraithe, agus caithfidh déileálaithe lipéid a iarraidh ar sholáthraithe má bhíonn a leithéid ag teastáil. Beidh na doiciméid theicniúla i gcomhair faireachas margaidh agus na lipéid déileálaithe in ionad amháin.

5.2.3.Oibleagáidí na bpáirtithe éagsúla a shoiléiriú

Leis an togra seo déantar athghrúpáil ar na hoibleagáidí éagsúla atá ar na Ballstáit, ar sholáthraithe agus ar dhéileálaithe ionas go mbeidh siad níos comhtháite agus níos simplí.

Toisc go gcuirfear Rialachán in ionad na Treorach laghdófar an tualach riaracháin a bheidh ar na Ballstáit (cé go mbeidh orthu fós féin bearta, a rinneadh chun Treoir 2010/30AE a thrasuí, a bhaint ón dlí náisiúnta) agus leis na ceanglais atá infheidhme go díreach ar sholáthraithe agus ar dhéileálaithe áiritheofar go mbeidh comhchuibhiú iomlán ann ar fud an Aontais Eorpaigh.

5.2.4.Feabhas a chur ar an nasc idir lipéadú fuinnimh agus caighdeáin tomhais

Táirgí atá i gcomhréir leis na modhanna tomhais agus ríomha atá leagtha síos sna caighdeáin chomhchuibhithe chuí, soiléirítear sa togra seo go measfar go bhfuil na táirgí sin i gcomhréir le forálacha cuí an ghnímh tharmligthe is infheidhme.

2015/0149 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh agus lena naisghairtear Treoir 2010/30/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 14 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)Tá an tAontas Eorpach tiomanta Aontas Fuinnimh a thógáil a mbeidh beartas aeráide forásach aige. Dlúthchuid de Chreat Beartais 2030 an Aontais Eorpaigh don Aeráid agus don Fhuinneamh is ea an éifeachtúlacht fuinnimh agus tá sí ríthábhachtach má tá an téileamh ar fhuinneamh le maolú.

(2)A bhuí le lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh, bíonn tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh i dtaobh an méid fuinnimh a ídíonn táirgí agus ar an dóigh sin spreagtar nuálaíocht.

(3)Rinneadh éifeachtacht Threoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 15 a mheas 16 . Aithníodh sa mheastóireacht sin an gá an creat i gcomhair lipéadú fuinnimh a thabhairt chun dáta chun a éifeachtacht a fheabhsú.

(4)Is iomchuí Rialachán a mbeidh an raon feidhme céanna aige, ach ina mbeidh roinnt de na forálacha athraithe agus feabhsaithe chun a bhfuil iontu a shoiléiriú agus a thabhairt chun dáta, a chur in ionad Threoir 2010/30/AE. Rialachán an ionstraim iomchuí dlí mar cuirfear rialacha soiléire mionsonraithe i bhfeidhm leis nach bhfágfaidh seans go ndéanfadh na Ballstáit iad a thrasuí ar shlite éagsúla agus, dá bhrí sin, áiritheofar leibhéal níos airde comhchuibhithe ar fud an Aontais. Is ísle a bheidh na costais ar mhonaróirí de bharr creat rialála atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais seachas ar leibhéal na mBallstát, agus áiritheoidh sé cothrom iomaíochta freisin. A bhuí le comhchuibhiú ar fud an Aontais, áirithítear saorghluaiseacht earraí ar fud an mhargaidh aonair.

(5)Tá maolú an éilimh ar fhuinneamh aitheanta mar phríomhghníomhaíocht sa Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh 17 . Sa Chreat Straitéise don Aontas Fuinnimh 18 leagadh tuilleadh béime ar chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar an ngá an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i dtaobh fuinnimh a chur chun feidhme ina hiomláine. Leagadh síos i bplean oibre na straitéise sin go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcreat éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhair táirgí in 2015. Leis an Rialachán seo cuirfear feabhas ar an gcreat reachtach agus ar an gcreat forfheidhmithe i gcomhair lipéadú fuinnimh.

(7)An feabhas a chuirfear ar éifeachtúlacht táirgí a bhaineann le fuinneamh de thoradh an deis a thabhairt do thomhaltóirí rogha eolasach a dhéanamh, rachaidh sé chun tairbhe gheilleagar an Aontais ina iomláine, spreagfaidh sé nuálaíocht agus cuideoidh sé le gnóthú spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2020 agus 2030. Beidh custaiméirí in ann airgead a shábháil dá bharr freisin.

(8)I gconclúidí na Comhairle Eorpaí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014 leagadh síos sprioc tháscach éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú 27 % ar a laghad ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin ar an ídiú fuinnimh a bheidh ann amach anseo. Déanfar an sprioc sin a athbhreithniú faoi 2020 agus é beartaithe leibhéal 30 % a bheith ag an Aontas. Leagadh síos iontu freisin sprioc cheangailteach don Aontas Eorpach astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % ar a laghad ar bhonn náisiúnta faoi 2030 i gcomparáid le 1990, lena náirítear laghdú 30 % ar astaíochtaí in earnálacha nach mbaineann trádáil astaíochtaí leo.

(9)Nuair a chuirtear faisnéis chruinn ábhartha inchomparáide ar fáil maidir leis an ídiú fuinnimh sonrach atá ag táirgí a bhaineann le fuinneamh, éascaítear don chustaiméir táirgí a roghnú a ídíonn níos lú fuinnimh agus acmhainní bunriachtanacha eile le linn a núsáide. Is modh éifeachtach lipéad éigeantach caighdeánach le faisnéis inchomparáide a chur ar fáil do chustaiméirí ionchasacha faoin ídiú fuinnimh atá ag táirgí a bhaineann le fuinneamh. Ba cheart bileog eolais faoin táirge a bheith ag gabháil leis. Ba cheart an lipéad a bheith so-aitheanta, simplí agus gonta. Chuige sin, ba cheart cloí leis an scála dathanna, ó dhubhuaine go dearg, atá ag an lipéad cheana le custaiméirí a chur ar an eolas faoi éifeachtúlacht fuinnimh táirgí. Tá sé léirithe gur éifeachtaí do chustaiméirí aicmiú a úsáideann litreacha ó A go G. I gcásanna nach féidir táirgí a chur in aicme F ná in aicme G a thuilleadh de thoradh bearta éiceidhearthóireachta faoi Threoir 2009/125/CE, níor cheart na haicmí sin a léiriú ar an lipéad. I gcásanna eisceachtúla, ba cheart é sin a dhéanamh maidir leis na haicmí D agus E freisin, cé nach dealraitheach go dtarlódh a leithéid de chás ós rud é go ndéanfaí an lipéad a athscálú nuair a bheadh formhór na múnlaí táirge sa dá aicme is airde.

(10)A bhuí le dul chun cinn sa teicneolaíocht dhigiteach tá bealaí eile ann le lipéid a sheachadadh agus a thaispeáint go leictreonach, ar an idirlíon mar shampla, agus ar thaispeáintí leictreonacha i siopaí. Ar mhaithe le leas a bhaint as na buntáistí sin, ba cheart a cheadú faoin Rialachán seo lipéid leictreonacha a úsáid in ionad an lipéid fuinnimh fhisiciúil nó mar chomhlánú air. I gcásanna nach féidir an lipéad fuinnimh a thaispeáint, amhail cineálacha áirithe ciandíolacháin, fógraí agus ábhar fógraíochta teicniúil, ba cheart aicme fuinnimh an táirge ar a laghad a chur ar fáil do chustaiméirí ionchasacha.

(11)Is é freagra na monaróirí ar an lipéad fuinnimh táirgí atá níos éifeachtúla fós a chruthú. De thoradh na forbartha teicneolaíche sin is sna haicmí is airde den lipéad fuinnimh a bhíonn táirgí den chuid is mó. D'fhéadfadh gá a bheith le tuilleadh dealaithe idir táirgí le gur féidir le custaiméirí comparáid cheart a dhéanamh, sa dóigh gur ghá na lipéid a athscálú. B'iomchuí an tathscálú sin a dhéanamh thart ar uair sa deich mbliana, agus an riachtanas gan ró-ualach a chur ar mhonaróirí á chur san áireamh. Ba cheart socruithe mionsonraithe a leagan síos sa Rialachán seo maidir le hathscálú chun deimhneacht dhlíthiúil do sholáthraithe agus do dhéileálaithe a uasmhéadú. Ba cheart na haicmí is airde ar lipéad nua athscálaithe a bheith folamh chun dul chun cinn teicneolaíoch a spreagadh agus ionas gur féidir táirgí atá níos éifeachtúla fós a fhorbairt agus a aithint. Nuair a dhéantar lipéad a athscálú, ba cheart gach lipéad fuinnimh a athsholáthar laistigh d'achar gearr ama ionas nach gcuirfear mearbhall ar chustaiméirí.

(12)I gcás lipéad athscálaithe, ba cheart do sholáthraithe an seanlipéad agus an lipéad athscálaithe araon a chur ar fáil do dhéileálaithe ar feadh tréimhse áirithe. Ba cheart na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad atá cheana ar tháirgí atá ar taispeáint, ar an idirlíon freisin, a luaithe is féidir tar éis an dáta athsholáthraithe atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe maidir leis an lipéad athscálaithe. Níor cheart do dhéileálaithe na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta athsholáthraithe.

(13)Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. Ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíonadh i dtaca lena róil féin sa slabhra soláthair agus ba cheart dóibh bearta iomchuí a dhéanamh lena náirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena ghníomhartha tarmligthe.

(14)Chun muinín custaiméirí as an lipéad fuinnimh a chaomhnú, níor cheart úsáid lipéad eile a dhéanann aithris ar an lipéad fuinnimh a cheadú i gcomhair táirgí a bhaineann le fuinneamh. Níor cheart a cheadú ach oiread lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní ar dóchúil go gcuirfidís custaiméirí ar míthreoir nó go gcuirfidís mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh atá ag táirge.

(15)Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ní mór a shoiléiriú go bhfuil feidhm maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh ag na rialacha maidir le faireachas margaidh san Aontas agus maidir le rialú ar tháirgí ag teacht isteach san Aontas, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 . I bhfianaise phrionsabal na saorghluaiseachta earraí, tá sé ríthábhachtach go noibreodh údaráis faireachais margaidh na mBallstát i gcomhar le chéile go héifeachtach. Ba cheart comhar den sórt sin i dtaobh lipéadú fuinnimh, ba cheart é a neartú le tacaíocht an Choimisiúin.

(16)Chun faireachán ar chomhlíonadh a éascú agus chun sonraí margaidh atá cothrom le dáta a sholáthar don phróiseas rialála, ar sonraí iad maidir le hathbhreithnithe ar lipéid agus ar bhileoga eolais atá sonrach ó thaobh an táirge de, ba cheart do sholáthraithe an fhaisnéis faoi chomhlíonadh a dtáirgí a chur ar fáil go leictreonach i mbunachar sonraí a chuirfidh an Coimisiún ar bun. Ba cheart an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí chun go mbeidh fáil ag custaiméirí uirthi agus chun bealaí malartacha a cheadú do dhéileálaithe le lipéid a fháil. Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis faireachais margaidh ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí.

(17)Na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoina réir, ba cheart iad a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(18)Chun éifeachtúlacht fuinnimh, maolú ar an athrú aeráide agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann dreasachtaí a chruthú maidir le húsáid táirgí atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Is faoi na Ballstáit atá sé cineál na ndreasachtaí sin a chinneadh. Ba cheart na dreasachtaí sin a bheith i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le státchabhair agus níor cheart iad a bheith ina mbacainní gan údar ar an margadh. Tá an Rialachán seo gan dochar do thoradh aon nós imeachta maidir le státchabhair a d'fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 107 agus le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na dreasachtaí sin.

(19)Chun ídiú fuinnimh agus faisnéis eile faoi na táirgí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo ag ceanglais atá sonrach ó thaobh an táirge de a thomhas, ba cheart modhanna iontaofa cruinne inathsholáthraithe a úsáid lena gcuirfear san áireamh na modhanna úrscothacha tomhais agus ríomha a aithnítear go ginearálta. Is fearr a fheidhmeoidh an margadh inmheánach a bhuí le caighdeáin arna gcomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Mura bhfuil caighdeáin foilsithe tráth a chuirfear i bhfeidhm ceanglais atá sonrach ó thaobh an táirge de, ba cheart don Choimisiún modhanna idirthréimhseacha tomhais agus ríomha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis na ceanglais sin atá sonrach ó thaobh an táirge de. Nuair atá tagairt do chaighdeán den sórt sin foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  ba cheart comhlíonadh an chaighdeáin sin toimhde comhréireachta a thabhairt i dtaca le modhanna tomhais i gcomhair na gceanglas sin atá sonrach ó thaobh an táirge de arna nglacadh ar bhonn an Rialacháin seo.

(20)Ba cheart don Choimisiún plean oibre a sholáthar i gcomhair athbhreithniú na lipéad ar tháirgí ar leith ina mbeadh liosta táscach de tháirgí eile a bhaineann le fuinneamh a bhféadfaí lipéad fuinnimh a leagan síos ina gcás. Ba cheart tús a chur le cur chun feidhme an phlean oibre le hanailís theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch ar na grúpaí táirgí lena mbaineann. Ba cheart breathnú ar fhaisnéis fhorlíontach san anailís sin freisin, lena náirítear an deis faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le feidhmíocht táirgí a bhaineann le fuinneamh, amhail an dearbh-ídiú fuinnimh atá ag an táirge, an mharthanacht nó an fheidhmíocht chomhshaoil atá aige, agus an costas ar an bhfaisnéis sin a chur ar fáil, i gcomhréir leis an gcuspóir geilleagar ciorclach a chur chun cinn. A bhuí le faisnéis fhorlíontach den sórt sin, ba cheart go gcuirfí feabhas ar a intuigthe agus a éifeachtaí atá an lipéad le haghaidh tomhaltóirí agus níor cheart aon tionchar diúltach a bheith aici ar thomhaltóirí.

(21)Chun lipéid atá sonrach ó thaobh an táirge de, bileoga eolais agus mionsonraí oibríochta i dtaobh an bhunachair sonraí táirgí a leagan síos, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena náirítear comhairliúchán le saineolaithe agus leis an bhFóram Comhairliúcháin.

(22)Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun Treoir 2010/30/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta agus a chur i bhfeidhm.

(23)Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2010/30/AE a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

(1)Leagtar síos leis an Rialachán seo creat i gcomhair ídiú fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh, le linn a núsáide, a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach agus faisnéis fhorlíontach maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl ionas go mbeidh custaiméirí in ann táirgí níos éifeachtúla a roghnú.

(2)Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)Táirgí athláimhe;

(b)Modhanna iompair daoine nó earraí seachas iad siúd a ritear le hinneall nach mbogann.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn 'custaiméir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn nó a fhruilíonn táirge atá cumhdaithe ag an Rialachán seo dá úsáid féin, bíodh sé á dhéanamh chun críocha atá lasmuigh dá shlí maireachtála, gnó, ceird nó gairm féin, nó ná bíodh;

(2)ciallaíonn 'cuir ar an margadh' táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(3)ciallaíonn 'cuir ar fáil ar an margadh' táirge a sholáthar lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(4)ciallaíonn 'cuir i seirbhís' céadúsáid táirge chun na críche dár ceapadh é ar mhargadh an Aontais;

(5)ciallaíonn 'soláthraí' an monaróir san Aontas, ionadaí údaraithe monaróra nach bhfuil bunaithe san Aontas, nó an tallmhaireoir, a chuireann táirgí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo ar an margadh san Aontas;

(6)ciallaíonn 'monaróir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge a bhaineann le fuinneamh nó a chuireann táirge den sórt sin á dhearadh nó á mhonarú, agus a mhargaíonn, faoina ainm nó faoina thrádmharc, an táirge sin a bhaineann le fuinneamh;

(7)ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ón monaróir gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(8)ciallaíonn 'allmhaireoir' aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge a bhaineann le fuinneamh ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(9)ciallaíonn 'déileálaí' miondíoltóir nó duine eile a dhéanann táirgí a dhíol le custaiméirí, nó a fhruiliú, a thairiscint i gcomhair fruilcheannaigh nó a chur ar taispeáint do chustaiméirí;

(10)ciallaíonn 'ciandíolachán' díol, fruiliú nó fruilcheannach trí phostdíol, trí chatalóg, ar líne, trí theileamhargíocht nó trí mhodh ar bith eile nuair nach féidir a bheith ag súil leis go bhfeicfeadh an túsáideoir deiridh ionchasach an táirge ar taispeáint.

(11)ciallaíonn 'táirge a bhaineann le fuinneamh' aon earra nó córas nó seirbhís ag a bhfuil tionchar ar ídiú fuinnimh le linn a úsáide, agus a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear i seirbhís san Aontas, lena náirítear páirteanna atá le hionchorprú i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear i seirbhís;

(12)ciallaíonn 'caighdeán comhchuibhithe' caighdeán Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh.1025/2012 é 20 ;

(13)ciallaíonn 'lipéad' léaráid ghrafach ina bhfuil aicmiú a úsáideann litreacha ó A go G i seacht ndath éagsúla ó dhubhuaine go dearg chun ídiú fuinnimh a thaispeáint;

(14)ciallaíonn 'múnla' leagan de tháirge a bhfuil na saintréithe teicniúla céanna atá ábhartha i gcomhair an lipéid agus na bileoige eolais faoin táirge agus an taitheantóir múnla céanna ag gach aonad de;

(15)ciallaíonn 'aitheantóir múnla' an cód, atá alfa-uimhriúil de ghnáth, lena ndéantar dealú idir múnla sonrach de tháirge agus múnlaí eile arb ionann trádmharc nó ainm soláthraithe dóibh;

(16)ciallaíonn 'múnla comhionann' múnla a chuireann soláthraí amháin ar an margadh arb ionann lipéad agus faisnéis faoin táirge dó agus lipéad agus faisnéis múnla eile, ach nach ionann an taitheantóir múnla;

(17)ciallaíonn 'bileog eolais faoi tháirge' tábla caighdeánach faisnéise faoi tháirge;

(18)ciallaíonn 'athscálú' cleachtas tréimhsiúil lena gcuirtear le déine na riachtanas le haicmiú fuinnimh ar lipéad táirge ar leith a bhaint amach, agus i gcás lipéid arb ann dóibh cheana, d'fhéadfadh scriosadh aicmithe fuinnimh áirithe a bheith i gceist leis;

(19)ciallaíonn 'lipéad athscálaithe' lipéad i gcomhair táirge ar leith a ndearnadh athscálú air.

(20)ciallaíonn 'faisnéis fhorlíontach' faisnéis faoi fheidhmíocht fheidhmiúil agus chomhshaoil táirge a bhaineann le fuinneamh, amhail an dearbh-ídiú fuinnimh atá ag an táirge nó marthanacht an táirge, ar faisnéis í atá bunaithe ar shonraí atá intomhaiste ag údaráis faireachais margaidh, agus ar faisnéis í nach bhfuil débhríoch agus nach bhfuil aon tionchar diúltach suntasach aici ar intuigtheacht ná ar éifeachtacht an lipéid ina iomláine le haghaidh custaiméirí.

Airteagal 3
Oibleagáidí soláthraithe agus déileálaithe

(1)Comhlíonfaidh soláthraithe an méid seo a leanas:

(a)áiritheoidh siad, i gcás táirgí a chuirtear ar an margadh, go soláthrófar saor in aisce lipéid chruinne agus bileoga eolais cruinne faoin táirge i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe ábhartha;

(b)déanfaidh siad lipéid a sheachadadh gan mhoill agus saor in aisce nuair a iarrfaidh déileálaithe iad;

(c)áiritheoidh siad go bhfuil na lipéid agus na bileoga eolais faoin táirge a sholáthraíonn siad cruinn agus táirgfidh siad doiciméid theicniúla ar leor iad chun measúnú a dhéanamh ar a gcruinneas;

(d)déanfaidh siad, sula gcuirtear múnla de tháirge ar an margadh, an fhaisnéis atá sonraithe in Iarscríbhinn I a iontráil sa bhunachar sonraí táirgí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8.

(2)Comhlíonfaidh déileálaithe an méid seo a leanas:

(a)taispeánfaidh siad ar dhóigh infheicthe an lipéad a sholáthair an soláthraí nó a cuireadh ar fáil ar bhealach eile i gcás táirge atá cumhdaithe ag gníomh tarmligthe;

(b)i gcás nach mbeidh lipéad ná lipéad athscálaithe acu, déanfaidh siad;

(i)an lipéad nó an lipéad athscálaithe a iarraidh ar an soláthraí;

(ii)an lipéad a chur i gcló ón mbunachar sonraí táirgí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8 má tá an fheidhm sin ar fáil i gcás an táirge sin; nó

(iii)an lipéad nó an lipéad athscálaithe a chur i gcló ó shuíomh gréasáin an tsoláthraí má tá an fheidhm sin ar fáil i gcás an táirge sin.

(c)cuirfidh siad an bhileog eolais faoin táirge ar fáil do chustaiméirí.

(3)Comhlíonfaidh soláthraithe agus déileálaithe an méid seo a leanas:

(a)luafaidh siad aicme éifeachtúlachta fuinnimh an táirge in aon fhógra nó in aon ábhar fógraíochta teicniúil i gcomhair múnla sonrach de tháirge i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe ábhartha;

(b)oibreoidh siad i gcomhar le húdaráis faireachais margaidh agus gníomhóidh siad gan mhoill chun aon chás de neamhchomhlíonadh na gceanglas, arb iad a gcúram iad, atá leagtha amach sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha tarmligthe, a leigheas ar a gconlán féin nó nuair a éileoidh údaráis faireachais margaidh orthu é;

(c)ní dhéanfaidh siad, i gcás táirgí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní eile a sholáthar ná a chur ar taispeáint nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe ábhartha, más dóchúil go gcuirfidís custaiméirí ar míthreoir nó go gcuirfidís mearbhall orthu maidir leis an ídiú fuinnimh nó ídiú acmhainní eile a úsáidtear;

(d)ní dhéanfaidh siad, i gcás táirgí nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, lipéid a sholáthar ná a chur ar taispeáint a dhéanann aithris ar an lipéad atá sainithe sa Rialachán seo.

Airteagal 4
Oibleagáidí na mBallstát

1.Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís, laistigh dá gcríocha, ar táirgí iad a chomhlíonann an Rialachán seo agus a ghníomhartha tarmligthe ábhartha.

2.Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is iomchuí lena áirithiú go gcomhlíonfaidh soláthraithe agus déileálaithe oibleagáidí agus ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe ábhartha.

3.I gcás ina dtabharfaidh na Ballstáit aon dreasachtaí i gcomhair táirge a bhaineann le fuinneamh atá cumhdaithe ag an Rialachán seo agus atá sonraithe i ngníomh tarmligthe, is ar an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is airde atá leagtha síos sa ghníomh tarmligthe is infheidhme a bheidh na dreasachtaí sin dírithe.

4.Nuair a thabharfar lipéid isteach, lena náirítear lipéid athscálaithe agus bileoga eolais faoi tháirge, áiritheoidh na Ballstáit go reáchtálfar feachtais faisnéise oideachasúla agus fógraíochta a mbeidh sé mar aidhm acu an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus custaiméirí a spreagadh le húsáid níos freagraí a bhaint as fuinneamh, más iomchuí i gcomhar leis na déileálaithe.

5.Déanfaidh na Ballstáit rialacha maidir le pionóis agus sásraí forfheidhmithe a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ar a ghníomhartha tarmligthe, agus glacfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 5

Faireachas margaidh an Aontais agus rialú táirgí a bhaineann le fuinneamh atá ag teacht isteach i margadh an Aontais

1.Beidh feidhm ag Airteagal 16 go hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh atá cumhdaithe ag an Rialachán seo agus a ghníomhartha tarmligthe.

2.Tacóidh an Coimisiún le comhar agus le malartú faisnéise faoi fhaireachas margaidh ar lipéadú fuinnimh ar tháirgí idir údaráis náisiúnta na mBallstát a bhfuil faireachas margaidh nó rialuithe teorainneacha seachtracha de chúram orthu agus idir na húdaráis sin agus an Coimisiún.

Airteagal 6

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údaráis faireachais margaidh Ballstáit amháin a chreidiúint go bhfuil táirge a bhaineann le fuinneamh atá cumhdaithe ag gníomh tarmligthe faoin Rialachán seo ina bhaol do ghnéithe de chosaint leas an phobail atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht ar an táirge a bhaineann le fuinneamh atá i gceist lena gcumhdófar na ceanglais uile atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha tarmligthe ábhartha. Comhoibreoidh an soláthraí de réir mar is gá leis na húdaráis faireachais margaidh chun na críche sin.

2.I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge a bhaineann le fuinneamh na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo agus ina ghníomhartha tarmligthe ábhartha, ceanglóidh siad gan mhoill ar an soláthraí na bearta ceartaitheacha uile is iomchuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an táirge a bhaineann le fuinneamh na ceanglais sin, nó ceanglóidh siad air an táirge a bhaineann le fuinneamh a tharraingt siar ón margadh nó a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnach, a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca atá ann, de réir mar a fhorordóidh siad. Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa mhír seo.

3.I gcás ina measfaidh na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí a chuir siad de cheangal ar an soláthraí a dhéanamh.

4.Áiritheoidh an soláthraí go ndéanfar gach gníomhaíocht cheartaitheach is iomchuí maidir leis na táirgí a bhaineann le fuinneamh uile atá i gceist, a chuir sé ar fáil ar an margadh ar fud an Aontais.

5.I gcás nach ndéanfaidh an soláthraí gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge a bhaineann le fuinneamh a chur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an táirge a bhaineann le fuinneamh a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm. Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

6.San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge a bhaineann le fuinneamh neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an táirge a bhaineann le fuinneamh, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an soláthraí. Go háirithe, tabharfaidh an túdarás faireachais margaidh le fios an toradh é an neamhchomhlíonadh ar mhainneachtain an táirge a bhaineann le fuinneamh ceanglais a chomhlíonadh a bhaineann le gnéithe de chosaint leas an phobail atá leagtha síos sa Rialachán seo, nó an toradh ar easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 9 lena mbronntar toimhde comhréireachta é.

7.Déanfaidh na Ballstáit seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh ar thaobh an táirge a bhaineann le fuinneamh atá i gceist agus, i gcás nach naontóidh siad leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, maidir lena gcuid agóidí.

8.Más rud é, laistigh de 60 lá tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 5 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

9.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gan mhoill bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a bhaineann le fuinneamh a bhaint dá margadh, i ndáil leis an táirge a bhaineann le fuinneamh i gceist.

10.Más rud é, tar éis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 4 agus mír 5 a thabhairt chun críche, go ndéanfar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do reachtaíocht an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an soláthraí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. I bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

11.Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é, agus don soláthraí, gan mhoill.

12.I gcás ina measfar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge a bhaineann le fuinneamh neamhchomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Má mheastar nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar.

13.I gcás ina measfar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a bhaineann le fuinneamh a chur síos d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i mír 6, déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 7
Lipéadú agus athscálú

1.Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13, lipéid a thabhairt isteach nó lipéid arb ann dóibh cheana a athscálú.

2.Más rud é nach ceadmhach, i gcás grúpa táirgí ar leith, aon mhúnlaí ar d'aicmí D, E, F nó G iad a chur ar an margadh a thuilleadh de thoradh beart cur chun feidhme arna ghlacadh faoi Threoir 2009/125/CE, ní léireofar an aicme nó na haicmí i gceist a thuilleadh ar an lipéad.

3.Áiritheoidh an Coimisiún, nuair a dhéantar lipéad a thabhairt isteach nó a athscálú, go mbeidh na ceanglais leagtha síos sa dóigh nach mbeifear ag súil go mbeidh aon táirge in aicme fuinnimh A ná in aicme fuinnimh B tráth a thabharfar an lipéad isteach agus sa dóigh gurb é deich mbliana ar a laghad an tréimhse a mheastar a thógfaidh sé le go mbeidh formhór na múnlaí sna haicmí sin.

4.Déanfar lipéid a athscálú go tréimhsiúil.

5.I gcás ina ndéanfar lipéad a athscálú:

(a)déanfaidh soláthraithe an lipéad reatha agus an lipéad athscálaithe araon a sholáthar do dhéileálaithe ar feadh tréimhse sé mhí roimh an dáta atá sonraithe i mír (b).

(b)déanfaidh déileálaithe na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad reatha ar tháirgí atá ar taispeáint, lena náirítear ar líne, laistigh d'aon seachtain amháin tar éis an dáta atá sonraithe chuige sin sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Ní dhéanfaidh déileálaithe na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta sin.

6.Measfar gur lipéid iad chun críche an Rialacháin seo lipéid atá tugtha isteach le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2010/30/AE roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialachán seo. Athbhreithneoidh an Coimisiún na lipéid sin laistigh de chúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo d'fhonn athscálú a dhéanamh orthu.

Airteagal 8
Bunachar sonraí táirgí

Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí táirgí a chur ar bun agus a choinneáil ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I. Déanfar an fhaisnéis atá liostaithe faoi phointe 1 d'Iarscríbhinn I a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 9
Caighdeáin chomhchuibhithe

Tar éis glacadh gnímh tharmligthe faoin Rialachán seo ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 21 , tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a chomhlíonann na ceanglais tomhais agus ríomha ábhartha den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go gcomhlíonann an táirge na ceanglais tomhais agus ríomha ábhartha den ghníomh tarmligthe.

Airteagal 10
Comhairliúchán

Déanfaidh an Coimisiún, agus é i mbun a ghníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, a áirithiú maidir le gach gníomh tarmligthe, go mbeidh cothromaíocht ann i dtaobh rannpháirteachas ionadaithe na mBallstát agus páirtithe leasmhara a bhaineann leis an ngrúpa táirgí i gceist, amhail lucht tionscail, lena náirítear FBManna agus lucht tionscail cheirde, ceardchumainn, trádálaithe, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí cosanta an chomhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún Fóram Comhairliúcháin ar bun ina dtiocfaidh na páirtithe sin le chéile. Féadfar an Fóram Comhairliúcháin sin a chomhcheangal leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2009/125/CE.

Más iomchuí, sula nglactar gníomhartha tarmligthe, déanfaidh an Coimisiún dearadh agus inneachar na lipéad i gcomhair grúpaí táirgí sonracha a thástáil le tomhaltóirí lena náirithiú go bhfuil na lipéid sothuigthe dóibh.

Airteagal 11
Plean oibre

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10, plean oibre a leagan síos a chuirfear ar fáil go poiblí. Leagfar amach sa phlean oibre liosta táscach de ghrúpaí táirgí a mheastar a bheith ina dtosaíochtaí maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Leagfar amach sa phlean oibre freisin pleananna maidir le hathbhreithniú agus athscálú na lipéad atá ag táirgí nó ag grúpaí táirgí. Féadfaidh an Coimisiún an plean oibre a leasú go tréimhsiúil tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhFóram Comhairliúcháin. Féadfar an plean oibre a chomhcheangal leis an bplean oibre a cheanglaítear faoi Airteagal 16 de Threoir 2009/125/CE.

Airteagal 12
Gníomhartha tarmligthe

(1)Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le ceanglais mhionsonraithe i ndáil le lipéid i gcomhair grúpaí sonracha de tháirgí a bhaineann le fuinneamh ('grúpaí táirgí sonracha') i gcomhréir le hAirteagal 13.

(2)Sonrófar i ngníomhartha tarmligthe grúpaí táirgí sonracha a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)de réir na bhfigiúirí is déanaí dá bhfuil ar fáil agus i bhfianaise na gcainníochtaí a chuirtear ar mhargadh an Aontais, beidh acmhainneacht shuntasach sa ghrúpa táirgí fuinneamh, agus acmhainní eile más ábhartha, a shábháil;

(b)beidh difear suntasach sna leibhéil feidhmíochta ábhartha idir grúpaí táirgí a bhfuil feidhmiúlacht chomhionann acu;

(c)ní bheidh aon tionchar diúltach suntasach ó thaobh inacmhainneacht agus chostas saolré an ghrúpa táirgí de.

(3)Sonrófar i ngníomhartha tarmligthe a bhaineann le grúpaí táirgí sonracha na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)sainmhíniú na ngrúpaí táirgí sonracha atá le cumhdach, ar grúpaí iad atá faoin sainmhíniú ar 'táirge a bhaineann le fuinneamh' atá leagtha amach in Airteagal 2(11);

(b)dearadh agus inneachar an lipéid, lena náirítear scála A go G a léireoidh an tídiú fuinnimh; chomh fada agus is féidir beidh saintréithe deartha aonfhoirmeacha ag an scála sin do gach grúpa táirgí agus i ngach cás beidh sé soiléir soléite;

(c)más iomchuí, úsáid acmhainní eile agus faisnéis fhorlíontach faoi tháirgí a bhaineann le fuinneamh; aibhseoidh an lipéad éifeachtúlacht fuinnimh an táirge sa chás sin;

(d)na suíomhanna ina mbeidh an lipéad ar taispeáint, amhail ceangailte den táirge, clóite ar an bpacáistíocht, tugtha i bhformáid leictreonach nó ar taispeáint ar líne;

(e)más iomchuí, modhanna leictreonacha le táirgí a lipéadú;

(f)an dóigh ina soláthrófar an lipéad agus an fhaisnéis theicniúil i gcás ciandíolacháin;

(g)an tinneachar agus, más iomchuí, an fhormáid agus mionsonraí eile a bhaineann leis na doiciméid theicniúla agus leis an mbileog eolais faoin táirge;

(h)nach mbeidh feidhm, tráth atá comhlíonadh na gceanglas á fhíorú, ach ag na lamháltais fíoraithe sin atá leagtha amach sa ghníomh tarmligthe nó sna gníomhartha tarmligthe;

(i)na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe agus ar dhéileálaithe i ndáil leis an mbunachar sonraí táirgí;

(j)tásc sonrach na haicme fuinnimh atá le cur i bhfógraí agus in ábhar fógraíochta teicniúil, lena náirítear ceanglais go gcaithfidh an tásc sin a bheidh soléite agus sofheicthe;

(k)na nósanna imeachta comhréireachta agus na modhanna tomhais agus ríomha atá le húsáid chun an fhaisnéis a chuirfear ar an lipéad agus ar an mbileog eolais faoin táirge a chinneadh;

(l)an gá, i gcás fearais mhóra, leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh atá níos airde chun aicme fuinnimh ar leith a bhaint amach;

(m)formáid aon tagartha breise ar an lipéad lenar féidir le custaiméirí rochtain a fháil go leictreonach ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi fheidhmíocht an táirge mar atá sí luaite ar an mbileog eolais faoin táirge;

(n)an gá na haicmí fuinnimh a léiríonn ídiú fuinnimh an táirge le linn a úsáide a thaispeáint ar mhéadair chliste nó ar thaispeáint idirghníomhach an táirge, agus conas é sin a dhéanamh;

(o)an dáta le meastóireacht a dhéanamh, agus athbhreithniú a dhéanamh más gá, ar an ngníomh tarmligthe.

I gcás inneachar an lipéid dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, coigilteas suntasach fuinnimh agus costais ó thaobh an chustaiméara de a bheidh i ngach céim A go G den aicmiú.

I gcás fhormáid na dtagairtí dá dtagraítear i bpointe (m) den chéad fhomhír, féadfaidh na tagairtí sin a bheith i bhfoirm seoladh suímh gréasáin, cód QR, nasc ar lipéid ar líne nó aon mhodh oiriúnach eile atá dírithe ar an tomhaltóir.

I gcás ina ndéantar lipéad a thabhairt isteach i gcomhair táirge atá le cumhdach ag gníomh tarmligthe, ní bheidh tionchar diúltach suntasach aige ar fheidhmiúlacht táirge ó thaobh an úsáideora de.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le mionsonraí oibríochta a bhaineann leis an mbunachar sonraí táirgí, lena náirítear aon oibleagáidí ar sholáthraithe agus ar dhéileálaithe, i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Tabharfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 12 don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 12 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh Cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa Rialachán seo. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 12 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 14
Meastóireacht

Ocht mbliana tar éis a theacht i bhfeidhm ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mheas agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Measfar sa tuarascáil sin a éifeachtaí a bhí an Rialachán seo maidir lena chur ar a gcumas do chustaiméirí táirgí níos éifeachtúla a roghnú, agus a thionchar ar ghnó á chur san áireamh.

Airteagal 15
Aisghairm

Déantar Treoir 2010/30/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2017.

Déanfar na tagairtí do Threoir 2010/30/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2017.

Beidh feidhm ag Airteagal 3(1)(d) ón 1 Eanáir 2019, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

1.4.Cuspóirí

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh agus lena naisghairtear Treoir 2010/30/AE

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 22  

Teideal 32 – Fuinneamh

32 04 Fís 2020 – Taighde agus nuálaíocht i réimse an fhuinnimh

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

An tAontas Fuinnimh

1.4.2.Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach

Maolú ar éileamh ar fhuinneamh a chur chun cinn

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

ABB 2: Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i réimse an fhuinnimh

1.4.3.An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo

Táthar ag súil go ndéanfar leis an tionscnamh seo an creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh san Aontas a fheabhsú. Ní hé an córas is fearr é faoi láthair ó thaobh a éifeachtachta le haghaidh tomhaltóirí de, ná ó thaobh comhlíonadh ná leibhéal uaillmhéine de.

Feabhsóidh an togra seo an leibhéal cosanta do thomhaltóirí agus úsáideoirí eile táirgí a bhaineann le fuinneamh trí lipéadú fuinnimh níos éifeachtaí agus trí fhorfheidhmiú níos éifeachtaí.

Beidh tionchar ag an togra ar oibreoirí eacnamaíocha a mbeidh orthu leanúint de lipéid fuinnimh a sholáthar agus a chur ar taispeáint agus faisnéis a sholáthar chun críche faireachais margaidh, cé go mbeidh cur chuige éagsúil i gceist leis sin.

A bhuí leis an togra, is fearr a bheidh údaráis náisiúnta in ann bearta faireachais margaidh a dhéanamh.

1.4.4.Táscairí lena léireofar toradh agus tionchar

Sciar de tháirgí d'aicme A, d'aicme B etc. ar an lipéad fuinnimh

Sciar de tháirgí neamhchomhlíontacha a aimsítear i ngeall ar bhearta faireachais margaidh

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é cuspóir ginearálta an tionscnaimh seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí shaorghluaiseacht earraí lena náirithítear leibhéal ard cosanta don chomhshaol agus do thomhaltóirí.

1.5.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais Eorpaigh

Maidir leis an gcuspóir tionchar díobhálach táirgí ar an gcomhshaol a laghdú, go háirithe i gcás úsáid fuinnimh, ní féidir leis na Ballstáit an méid sin a ghnóthú go leordhóthanach astu féin mar dá ndéanfaidís amhlaidh, bheadh forálacha agus nósanna imeachta éagsúla sna Ballstáit éagsúla (in ainneoin na gcuspóirí céanna a bheith acu) a mbeadh costais mhíchuí do lucht tionscail (agus do thomhaltóirí ina dhiaidh sin) mar thoradh orthu. Chuirfeadh an méid sin bac ar shaorghluaiseacht earraí laistigh den Aontas Eorpach. Ní féidir a áirithiú go léireofar an aicme fuinnimh chéanna ar an aon mhúnla de tháirge ar fud an Aontais Eorpaigh ach amháin trí na rialacha maidir le lipéadú fuinnimh a bheith comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais mar aon leis na tomhaiseanna agus na tástálacha ar a bhfuil an lipéadú bunaithe.

In éagmais reachtaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh ar an ábhar seo, ba dhealraitheach go dtabharfadh na Ballstáit uile lipéid fuinnimh isteach i gcás grúpaí táirgí áirithe, ar mhaithe le cosaint don tomhaltóir agus chun fuinneamh a shábháil. Ní féidir a áirithiú gurb ionann i ngach Ballstáit na lipéid le haghaidh táirgí a chuirtear ar an margadh ach amháin trí bheart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais sa dóigh go náiritheofar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ar bhonn Airteagal 26 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Cé go bhfuil margadh aonair san Aontas Eorpach ó thaobh lipéid fuinnimh de, caithfear na lipéid a thabhairt chun dáta mar, i ngeall ar an dul chun cinn teicneolaíoch atá déanta, bainfidh mórán múnlaí na haicmí is airde tuillte amach, agus ní léir do thomhaltóirí aon difríocht eatarthu dá bhrí sin. Nuair a rinneadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh in 2010, cuireadh aicmí A+, A++ agus A+++ leis an scála lipéad A-G chun an cheist sin a réiteach. Is léir anois, áfach, go bhfuil níos lú éifeachta ag na haicmí sin ar thomhaltóirí ná mar a bhí ag an scála bunaidh A-G. Téann an togra seo i ngleic leis an bhfadhb sin, dá bhrí sin, trí fhilleadh ar an lipéad A-G agus é a athscálú go tréimhsiúil.

Bíonn údaráis faireachais margaidh ag seiceáil chomhlíonadh na gceanglas maidir le lipéid fuinnimh. Mar sin féin, cailltear thart ar 10% den choigilteas fuinnimh atá beartaithe (agus cailltear coigilteas costais do thomhaltóirí freisin) de dheasca neamh-chomhlíonadh. Ba é an aidhm a bhí ag an togra a thíolaic an Coimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le faireachas margaidh (COM(2013)75) aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin a bhíonn roimh an reachtaíocht a achtaíonn an tAontas Eorpach maidir le comhchuibhiú i ndáil le táirgí. Mar sin féin, tá fadhbanna ag údaráis faireachais margaidh i réimse an lipéadaithe fuinnimh nár réitíodh leis an togra sin: rochtain thráthúil ar dhoiciméid theicniúla, fadhbanna le monaróirí eachtracha a aithint agus a sonraí teagmhála a fháil, easpa córais lárnaigh chun múnlaí comhionanna a aithint a d'fhéadfadh a bheith scrúdaithe cheana féin ag údaráis faireachais margaidh eile. Ina theannta sin, bhí sé deacair ar an gCoimisiún na ceanglais chuí maidir le haicme na lipéad a chinneadh i gcás gach grúpa táirgí de cheal sonraí poiblí úra maidir le feidhmíocht táirgí ó thaobh fuinnimh de. Is léir anois gur socraíodh na tairsigh do na haicmí lipéadaithe nua A+, A++ agus A+++ ar leibhéal ní b'ísle ná ba cheart i gcás mórán táirgí, agus dá bhrí sin beidh athbhreithnithe ag teastáil níos luaithe ná mar a bhí beartaithe. Ionas nach mbeidh gá athbhreithniú agus athscálú a dhéanamh go ró-mhinic, tá sé riachtanach sonraí a bheith le fáil atá chun dáta. Téann an togra seo i ngleic leis an dá fhadhb sin trí bhunachar sonraí ina gclárófar táirgí a bhunú ina gcuirfidh monaróirí sonraí maidir le feidhmíocht agus comhlíonadh ar fáil in áit lárnach, a mbeidh rochtain ag údaráis faireachais margaidh agus ag an gCoimisiún air.

1.5.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an tionscnamh seo ag teacht le Treoir 2009/125/CE maidir le hÉicidhearthóireacht ina leagtar síos íoscheanglais le haghaidh táirgí a bhaineann le fuinneamh. Bíonn lipéad fuinnimh ar chuid de na táirgí sin freisin. Go háirithe, áirithíonn an tionscnamh seo go mbeidh plean oibre agus próiséas comhairliúcháin comhpháirteach ann do gheallsealbhóirí i gcomhar na hoibre ar rialacháin atá sonrach ó thaobh an táirge de.

Tá an tionscnamh seo ag teacht le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le faireachas margaidh, go háirithe toisc go gcuirfidh sé deireadh le forálacha iomarcacha atá sa reachtaíocht maidir le lipéadú fuinnimh agus atá ar áireamh cheana sa rialachán maidir le faireachas margaidh, i gcás reachtaíocht uile an Aontais Eorpaigh maidir le comhchuibhiú.

Leis an mbunachar sonraí atá beartaithe ina gclárófar táirgí, féachtar le sineirgíochtaí a chothú le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le comhchuibhiú faoinar bunaíodh bunachair sonraí den sórt sin cheana, nó faoina bhféadfaí bunachair sonraí den sórt sin a bhunú amach anseo (go háirithe Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais

Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh ón 07/2016

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 23  

Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

Nótaí

Ní bheidh gá le maoiniú breise don togra seo. Maoineofar an bunachar sonraí atá beartaithe ina gclárófar táirgí a bhaineann le fuinneamh (buiséad measta 1 500 000 EUR in 2016 móide 150 000 EUR i gcomhair a chothabhála sna blianta ina dhiaidh sin), maoineofar é trí acmhainní atá beartaithe do chur chun feidhme an bheartais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh táirgí a ath-leithdháileadh i gcomhthéacs na gcodanna sin de dhúshláin shochaíocha an chláir Fís 2020 a bhaineann le glacadh ar an margadh agus nuálaíocht (faoin gClár um Fhuinneamh Cliste san Eoraip roimhe seo). Luach 2 500 000 EUR sa bhliain 2015 atá ar na hacmhainní sin le haghaidh gach beartas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh táirgí le chéile (lipéadú fuinnimh, éicidhearthóireacht, réalta fuinnimh agus lipéadú bonn). Caitear isteach agus amach le 700 000 EUR den mhéid sin ar chúnamh teicniúil agus staidéir a bhaineann le lipéadú fuinnimh (go háirithe réamhstaidéir a rialáiltear grúpaí táirgí nua nó a nathbhreithnítear rialacháin ar a mbonn) agus meastar go mbeidh sin ag teastáil freisin sna blianta atá ag teacht. Mar thoradh ar an togra seo, is gá 300 000 EUR sa bhreis in aghaidh na bliana ó 2017 amach chun staidéir a dhéanamh ar thuiscint tomhaltóirí ar lipéid le haghaidh grúpaí sonracha táirgí, mar atá beartaithe sa rialachán seo. Fágann sin gur leor na hacmhainní foriomlána comhcheangailtea bheidh ar fáil don bheartas maidir le héifeachtúlacht fuinnimh táirgí le costais an bhunachair sonraí ina gclárófar táirgí a chumhdach. A bhuí leis na sonraí sa bhunachar sonraí ina gclárófar táirgí a bheith ar fáil, is lú na costais a bheidh ag gabháil le réamhstaidéir éicidhearthóireachta ar tháirgí atá cumhdaithe faoi lipéadú fuinnimh freisin toisc go mbeidh níos lú bailiú sonraí le déanamh do na staidéir sin.

Tá an tionchar buiséadach atá beartaithe taobh istigh den chlúdach atá beartaithe i ndréachtbhuiséad 2016 agus i gclár airgeadais na mblianta 2017-2020 le haghaidh líne buiséid 32 04 03 01.

Leagtar amach i Roinn 3.2.2 na figiúirí thuasluaite i gcomhthéacs ilbhliantúil.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Ardán a bheidh san Fhóram Comhairliúcháin le haghaidh plé ar an gcaoi leis an rialachán atá beartaithe a chur chun feidhme go cuí.

Moltar i bhforáil chríochnaitheach freisin go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus go ndréachtóidh sé tuarascáil maidir leis an gcur chun feidhme, ocht mbliana tar éis don rialachán teacht i bhfeidhm. Ba cheart a shainaithint sa tuarascáil sin fadbhanna a d'fhéadfadh a bheith ann agus laigí sa rialachán. D'fhéadfaí aon bhearta eile is gá a bhunú air sin, mar shampla togra chun é a leasú.

2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.Na rioscaí a aithníodh.

Bunú bunachair ina gclárófar táirgí ar bhuiséad measta 1 500 000 EUR (móide 150 000 EUR in aghaidh na bliana chun é a chothabháil).

Na rioscaí a bhaineann le feidhmiú an bhunachair sonraí ina gclárófar táirgí, fadbhanna teicneolaíochta den chuid is mó iad, mar shampla cliseadh an chórais agus saincheisteanna rúndachta.

2.2.2.Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm.

Na modhanna rialaithe atá beartaithe, tá siad leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus sna Rialacha maidir le cur i bhfeidhm.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Níl aon bhearta sonracha seachas cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar

Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil:

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir[Ceannteideal………………….……………]

LD/LN 24

ó thíortha de chuid CSTE 25

ó thíortha is iarrthóirí 26

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

1a Cumas iomaíochta i ndáil le fás agus poist

32 04 03 01

Fís 2020 – Taighde agus nuálaíocht i réimse an fhuinnimh, dúshláin shochaíocha – Ascnamh go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch

LD

NÍL

NÍL

5 Riarachán

32 01 01

Caiteachas a bhaineann le hoifigigh agus foireann shealadach i réimse beartais an fhuinnimh

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

5 Riarachán

32 01 02

Pearsanra seachtrach agus caiteachas bainistíochta eile chun tacú le réimse beartais fuinnimh

LN

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

Línte nua buiséid atá á niarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Saghascaiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir[Ceannteideal………………….……………]

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

Uimhir

1a Cumas iomaíochta i ndáil le fás agus poist

Ard-Stiúrthóireacht: ENER

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach 27  

32 04 03 01

Dúshláin shochaíocha: Ascnamh go dtí córas fuinnimh atá iontaofa, inbhuanaithe agus iomaíoch

(3)

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

IOMLÁN leithreasuithele haghaidh AS an Fhuinnimh

Gealltanais

=1+1a +3

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Íocaíochtaí

=2+2a

+3

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta






IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochta

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as clúdach clár sonrach

(6)

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150

IOMLÁN leithreasuithefaoi CHEANNTEIDEAL 1aden chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150

Íocaíochtaí

=5+ 6

2.200

1.150

1.150

1.150

1.150





Ceannteideal an chreata airgeadaisilbhliantúil

5

"Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: ENER

• Acmhainní daonna

0.417

0.417

0.417

0.417

0.417

2.085

• Caiteachas riaracháin eile

0.066

0.066

0.066

0.066

0.066

0.330

IOMLÁN AS an Fhuinnimh

Leithreasuithe

0.483

0.483

0.483

0.483

0.483

2.415

IOMLÁN leithreasuithedo CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.483

0.483

0.483

0.483

0.483

2.415

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithefaoi CHEANNTEIDIL 1 go 5den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

2.683

1.633

1.633

1.633

1.633

9.215

Íocaíochtaí

2.683

1.633

1.683

1.633

1.633

9.215

3.2.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas 28

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH: Maolú ar éileamh ar fhuinneamh a chur chun cinn

Cur i bhfeidhm bunachair sonraí leictreonaigh ina gclárófar táirgí a bhaineann le fuinneamh

1

1.500

1

1.500

Cothabháil bunachair sonraí leictreonaigh ina gclárófar táirgí a bhaineann le fuinneamh

1

0.150

1

0.150

1

0.150

1

0.150

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

Cúnamh teicniúil agus/nó staidéir chun na gnéithe de ghrúpaí táirgí is gá le haghaidh gníomhartha tarmligthe a mheas agus chun tacú le caighdeánú

1

0.700

1

1.000

1

1.000

1

1.000

1

1.000

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

COSTAS IOMLÁN

2.20

1.150

1.150

1.150

1.150

Togra a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

3.2.3.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.Achoimre

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2016

2017

2018

2019

2020

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.417

0.417

0.417

0.417

0.417

2.085

Caiteachas riaracháin eile

0.066

0.066

0.066

0.066

0.066

0.330

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.483

0.483

0.483

0.483

0.483

2.415

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 29 den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eilede chineál riaracháin

Fo-iomlánlasmuigh de Cheannteideal 5den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.483

0.483

0.483

0.483

0.483

2.415

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

2016

2017

2018

2019

2020

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

32 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

3

3

3

3

3

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí)

XX 01 05 01 (Taighde indíreach)

10 01 05 01 (Taighde díreach)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 30

32 01 02 01 (CA, SNE, INT ón gclúdach iomlánaíoch)

0.3

0.3

0.3

0.3

0.3

XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí)

XX 01 04 yy  31

- sa cheanncheathrú

- toscaireachtaí

XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – taighde indíreach)

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Riarthóirí:

0.3 FTE mar cheann foirne

2.7 FTE mar oifigigh deisce don Rialachán, do na gníomhartha tarmligthe atá sonrach ó thaobh an táirge de agus do chomhordú an fhorfheidhmithe ag údaráis faireachais margaidh

Cúntóirí:

0.3 FTE mar thacaíocht le haghaidh nósanna imeachta reachtacha agus le haghaidh cumarsáide

Pearsanra seachtrach

0.3 FTE mar rúnaí na foirne agus cúram na lóistíochta air

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra ar ioncam.

(1) COM(2015) 143
(2) Treoir ón gComhairle 92/75/CE
(3) E.g. dlí cosanta tomhaltóirí na Fraince maidir le faisnéis faoi infhaighteacht páirteanna spártha
(4) Meastar go sábhálfaidh cur chun feidhme an dá Threoir 175 mhilliún tonna ola (Mtoe) d'fhuinneamh in aghaidh na bliana faoi 2020 (beidh 15% den choigilteas seo mar thoradh ar bhearta lipéadaithe, agus meabhraítear gurb í an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht amháin a chumhdaíonn leath de na grúpaí táirgí). Is coigilteas 19% é sin i dtaca leis an méid fuinnimh a d'úsáidfeadh na táirgí seo dá leanfaí ar aghaidh mar atá faoi láthair. A bhuí leis na beartais sin beidh beagnach leath den sprioc 20% maidir le héifeachtúlacht fuinnimh bainte amach faoi 2020. Laghdófaí spleáchas ar allmhairithe fuinnimh 23% agus 37% i gcás gás nádúrtha agus gual faoi seach. Ar an iomlán, meastar go sábhálfaidh úsáideoirí deiridh EUR 100 billiún in aghaidh na bliana in 2020 de bharr na mbeart lipéadaithe fuinnimh agus éicidhearthóireachta atá i bhfeidhm faoi láthair a bhuí lena laghdú ar bhillí fóntais.
(5) Cé gurb iad na monaróirí a sheasfaidh costais na mbeart agus an lipéadaithe ar an gcéad dul síos, cuirfear ar aghaidh ansin iad chuig na húsáideoirí deiridh (teaghlaigh agus gnólachtaí) a bhainfidh leas as coigilteas costais de bharr ídiú laghdaithe fuinnimh ar mó ar fad iad ná na costais ceannacháin tosaigh. Níl mionsonraí a bhaineann leis an Aontas Eorpach ina iomláine ar fáil. Maidir leis an Ríocht Aontaithe meastar gurb é 3.8 an cóimheas sochair le costas.
(6) Níl an leasú ar an dearadh a úsáideann plusanna breise chun aicmí éifeachtúlachta níos airde ná A a chur in iúl níos éifeachtaí ná an chéad scála A go G chun ceannach tháirgí ardéifeachtúlachta a spreagadh. Cé go léiríonn taighde a rinneadh ar thomhaltóirí go bhfuil an scála nua ar an lipéad intuigthe ag tomhaltóirí, is lú a dtoilteanas níos mó airgid a íoc as táirgí atá níos éifeachtúla mar gheall air toisc gur lú an spreagadh dóibh an difríocht idir A+ agus A+++ ná an difríocht idir C agus A. Tá tuilleadh eolais in London Economics & Ipsos Mori, A study on the impact of the energy label – and of potential changes to it – on consumer understanding and on purchase decisions, 2014.
(7) E.g. gnéithe a bhaineann le hinathúsáidteacht, le hinathchúrsáilteacht agus le hinaisghabháltacht, le hinneachar athchúrsáilte, le húsáid ábhair tosaíochta, substaintí guaiseacha agus marthanacht
(8) Treoir 2012/27/AE, IO L 315 an 14.11.2012, lch. 1
(9) https://ec.europa.eu/energy/sites/ener/files/documents/Background_document_II_-_Survey_results.pdf
(10) http://ec.europa.eu/energy/en/studies?field_associated_topic_tid=45
(11) http://ec.europa.eu/smartregulation/impact/ia_carried_out/cia_2015_en.htm
(12) RIALACHÁN (CE) Uimh. 765/2008 o Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena naisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93
(13) IO C , , lch. .
(14) IO C , , lch. .
(15) IO L 153, 18.6.2010, lch. 1.
(16) COM(2015) 143
(17) COM/2014/330
(18) COM(2015) 80 final
(19) IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.
(20) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(21) IO L 316, 14.11.2012, lch. 1.
(22) ABM: bainistiú de réir gníomhaíochtaí; ABB: buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(23) Is féidir mionsonraí na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://ec.europa.eu/budget/index_en.cfm
(24) LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(25) CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(26) Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh bheith ina niarrthóirí.
(27) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(28) Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(29) Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(30) CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht.
(31) Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte 'BA').

An Bhruiséil,15.7.2015

COM(2015) 341 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú éifeachtúlachta fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE

{SWD(2015) 139 final}
{SWD(2015) 140 final}


IARSCRÍBHINN I
Faisnéis atá le cur sa bhunachar táirgí

1.Faisnéis faoi tháirgí atá le fáil ag an bpobal:

(a)ainm nó trádmharc an mhonaróra nó an tsoláthraí;

(b)aitheantóir(í) an mhúnla, agus aitheantóirí múnlaí comhionanna;

(c)an lipéad i bhformáid leictreonach;

(d)an aicme/na haicmí agus paraiméadair eile ar an lipéad;

(e)an bhileog eolais faoin táirge i bhformáid leictreonach.

2.Faisnéis faoi chomhlíonadh, a bhfuil rochtain ag údaráis faireachais margaidh na mBallstát agus ag an gCoimisiún, agus acu sin amháin, uirthi:

(a)na doiciméid theicniúla atá sonraithe sa ghníomh tarmligthe is infheidhme;

(b)tuarascáil tástála nó fianaise theicniúil chomhchosúil lenar féidir comhlíonadh na gceanglas sa ghníomh tarmligthe is infheidhme a mheas;

(c)ainm agus seoladh an tsoláthraí;

(d)sonraí teagmhála ionadaí an tsoláthraí.

IARSCRÍBHINN II
Tábla Comhghaoil

Treoir 2010/30/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3)(a) agus (b)

Airteagal 1(2)(a) agus (b)

Airteagal 1(3)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2(a)

Airteagal 2(11)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2(17)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2(9)

Airteagal2(h)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(k)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 4(2)

Airteagal3(1)(b)

Airteagal 3(3)(c)

Airteagal 3(1)(c)

Airteagal 4(4)

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 5(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 4(a)

Airteagal 4(b)

Airteagal 3(3)(b) agus Airteagal 6

Airteagal 5(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 4(c)

Airteagal 3(3)(a)

Airteagal 4(d)

Airteagal3(3)(a)

Airteagal 5

Airteagal 5(a)

Airteagal 5(b) pointí (i), (ii), (iii) agus (iv)

Airteagal 5(c)

Airteagal 5(d)

Airteagal 5(d) an dara fomhír

Airteagal 5(e)

Airteagal 5(f)

Airteagal 5(g)

Airteagal 5(h)

Airteagal 6

Airteagal 6(a)

Airteagal 6(b)

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1) an dara mír

Airteagal 10(1) an tríú mír

Airteagal 10(1) an ceathrú mír

Airteagal 10(2)(a)

Airteagal 10(2)(b)

Airteagal 1(3) agus (3)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 3(1)(d) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 3(1)(d)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 3(1)(b)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 3(1)(a)

Airteagal 2(3) agus (3)

Airteagal 3(2)(a)

Airteagal 3(2)(a)

Airteagal 12(3)(d) agus (f)

Airteagal 4(1)

Arna aisghairm le Treoir 2012/27/CE

Arna aisghairm le Treoir 2012/27/CE

Airteagal 4(3)

Airteagal 12

Airteagal 12 (2)

Airteagal 12 (3)(c)

Airteagal 12(2)(a)

Airteagal 12(2)(b)

Airteagal 10(2)(c)

Airteagal 10(3)(a)

Airteagal 10(3)(b)

Airteagal 10(3)(c)

Airteagal 10(3)(d)

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 10(4)(d) an dara mír

Airteagal 10(4)(d) an tríú mír

Airteagal 10(4)(d) an ceathrú mír

Airteagal 10(4)(d) an cúigiú mír

Airteagal 10(4)(e)

Airteagal 10(4)(f)

Airteagal 10(4)(g)

Airteagal 10(4)(h)

Airteagal 10(4)(i)

Airteagal 10(4)(i)

Airteagal 11(1)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 10

Airteagal 12(3)(a)

Airteagal 12(3)(k)

Airteagal 12(3)(g)

Airteagal 12(3)(b)

Airteagal 12(3)(b)

Airteagal 7 (3)

Airteagal 7

Airteagal 12(3)(d)

Airteagal 12(3)(g)

Airteagal 12(3)(j)

Airteagal 7 (3)

Airteagal 12(3)(h)

Airteagal 12(3)(o)

Airteagal 13 (2)

Airteagal 13(4)

Airteagal 13(1)

Airteagal 13 (3)

Airteagal 13(3)

Airteagal 13 (5)

Airteagal 14

Airteagal 4(5)

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II