Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) /* COM/2014/0457 final - 2014/0213 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá sé mar aidhm ag an togra roinnt beart a ghlac
an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CGIM) ina sheisiúin bhliantúla
in 2011, 2012 agus 2013 a thrasuí i ndlí an Aontais. Is eagraíocht réigiúnach
bainistíochta iascaigh é CGIM a bunaíodh faoi Airteagal XIV de bhunreacht
Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe; is iad príomhchuspóirí
CGIM forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí
agus forbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe a chur chun cinn sa Mheánmhuir,
sa Mhuir Dhubh agus ina n‑uiscí cónascacha. Tá an t‑údarás ag CGIM
cinntí éigeantacha ("moltaí") a ghlacadh ina réimse inniúlachta; tríd
is tríd, is ar na Páirtithe Conarthacha atá na gníomhartha sin dírithe ach
d'fhéadfaí oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. máistir soithigh) a bheith iontu
chomh maith. Bíonn na moltaí ina gceangal 120 lá ón dáta a thugtar fógra
fúthu den chéad uair, ar choinníoll nach ndéantar aon agóid ina leith. Tá an tAontas Eorpach, chomh maith le deich
mBallstát (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil,
Málta, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Rómáin) ina bPáirtithe Conarthacha i
gComhaontú CGIM. Sa mhéid nach bhfuil ábhar moltaí de chuid CGIM cumhdaithe
faoi Dhlí an Aontais faoi láthair, nó sa mhéid nach bhfuil sé ach cumhdaithe i
bpáirt faoi láthair, is gá na forálacha ábhartha de chuid CGIM a thrasuí chun
cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach na bhforálacha sin ar fud an
Aontais Eorpaigh a áirithiú. Is trí Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011[1] a rinneadh an trasuí
deireanach de mholtaí de chuid CGIM Leis an togra seo leasófar an rialachán sin
chun na bearta atá le trasuí a chur isteach ann. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Ní raibh gá le comhairliúchán leis na
páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Tá bearta teicniúla sa togra maidir le coiréal
dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe, gabhálacha de thaisme d'éanlaith
mhara, de thurtair mhara agus de chéiticigh a laghdú agus rónta manaigh,
siorcanna agus roic a chaomhnú i limistéar Chomhaontú CGIM[2]. Tugann na bearta sin
níos mó cosanta ná mar atá ar fáil do na speicis sin faoi láthair ar leibhéal
an AE faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus faoi ghníomhartha eile an Aontais[3] agus tá oibleagáidí
sonracha ar oibreoirí agus ar na Ballstáit iontu maidir le taifeadadh agus
tuairisciú . Ina theannta sin, cuireann an togra bearta áirithe maidir le
hiascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad[4]
chun feidhme i ndlí an Aontais. Bunús dlí Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh. Prionsabal na coimhdeachta Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an
Aontais Eorpaigh. Prionsabal na comhréireachta Leis an téacs atá beartaithe déanfar trasuí
beart ábhartha de chuid CGIM i ndlí an Aontais a áirithiú gan níos mó ná a
bhfuil gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach. Rogha ionstraime An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán atá ann
cheana. Níor leor modhanna eile ar an gcúis seo: ní
mór Rialachán a leasú le Rialachán eile. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉIDEACHA Ní bhaineann aon chaiteachas breise ón Aontas
leis an mbeart seo. 2014/0213 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le
forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An
Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[5], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Leis an gComhaontú um bunú an
Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir ("Comhaontú CGIM")
soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú,
bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa
Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad
inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann maidir leo go gclisfidh siad. (2) Tá an tAontas Eorpach, chomh
maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, leis
an gCróit, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis
an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM. (3) Le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6]
leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú
an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir ("CGIM"). Is é an
gníomh reachtach iomchuí é chun na moltaí ó CGIM nach bhfuil a n‑ábhar
cumhdaithe go fóill faoi dhlí an Aontais a chur chun feidhme. Go deimhin, is
féidir Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú chun na bearta sna moltaí
ábhartha ó CGIM a chumhdach. (4) Ina sheisiúin bhliantúla in
2011 agus 2012, rinne CGIM bearta maidir le saothrú inbhuanaithe coiréil dheirg
ina réimse inniúlachta a ghlacadh atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais.
Baineann ceann amháin de na bearta sin le feithiclí cianrialaithe faoi uisce a
úsáid. Ar bhonn an mholta CGIM/35/2011/2, chinn CGIM nach gceadófaí feithiclí
cianrialaithe faoi uisce, i limistéir faoin dlínse náisiúnta le haghaidh
breathnaithe agus taiscéalaíochta ar choiréal dearg, a thuilleadh tar éis 2014.
De réir birt eile atá leagtha síos sa mholadh CGIM/36/2012/1, ní dhéanfar
gabhálacha coiréil dheirg a thabhairt i dtír ach i líon teoranta calafort a
bhfuil saoráidí calafoirt leordhóthanacha acu agus ní mór na liostaí de na
calafoirt ainmnithe a chur chuig rúnaíocht CGIM. Ní mór aon athruithe ar na
liostaí de na calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún
Eorpach lena dtraschur chuig rúnaíocht CGIM. (5) Ina sheisiúin bhliantúla in
2011 agus 2012, ghlac CGIM na moltaí CGIM/35/2011/3, CGIM/35/2011/4,
CGIM/35/2011/5, CGIM/36/2012/2 ina leagtar síos bearta, atá le cur chun
feidhme i ndlí an Aontais, maidir le laghdú gabhálacha de thaisme d'éanlaith
mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh agus de chéiticigh le linn
gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar Chomhaontú CGIM. Ar na bearta sin tá
toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe le haonfhiliméad nó sreanga
atá níos mó ná 0.5 mm a úsáid ón 1 Eanáir 2015, d'fhonn
gabhálacha de thaisme de chéiticigh a laghdú. Tá toirmeasc den sórt sin i
Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle cheana, ní chumhdaíonn an
Rialachán sin ach an Mheánmhuir áfach. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith sa
Rialachán seo le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith. (6) Ina sheisiún bhliantúil in
2012, ghlac CGIM an moladh CGIM/36/2012/3 chomh maith ina leagtar síos bearta
chun ardleibhéal cosanta ó ghníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú ina réimse
inniúlachta do shiorcanna agus roic , go háirithe do na speicis siorca agus
roic atá liostaithe mar speicis atá i mbaol nó faoi bhagairt in Iarscríbhinn II
den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le
hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir[7]
a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona[8].
De réir birt ó CGIM, toirmeascfar gníomhaíochtaí iascaireachta le tráil
laistigh de 3 mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait
50 méadar, nó laistigh den iseabat 50 méadar i gcás ina mbaintear
amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta. Tá toirmeasc den sórt
sin i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle cheana, ní chumhdaíonn
an Rialachán sin ach an Mheánmhuir áfach. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith sa
Rialachán seo le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith.
Tá bearta áirithe eile sa mholadh sin a bhfuil sé mar aidhm acu siorcanna a
shainaithint i gceart agus nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003[9] ná ag reachtaíocht eile
an Aontais, agus is gá iad a bheith sa Rialachán seo chun iad a chur chun
feidhme ina n‑iomláine i ndlí an Aontais. (7) Ina sheisiúin bhliantúla in
2013 agus 2014 ghlac CGIM na moltaí CGIM/37/2013/1 agus CGIM/38/2014/1 ina
leagtar síos bearta maidir le hiascaigh a shaothraíonn stoic pheiligeacha
bheaga i Muir Aidriad agus nach mór a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.
Baineann na bearta sin le bainistiú acmhainne iascaireachta i gcás stoc
peiligeach beag i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 de CGIM, ar bhonn na
hacmhainne iascaireachta tagartha arna bunú trí bhíthin an liosta de na soithí
a bhí le cur chuig rúnaíocht CGIM faoin 30 Samhain 2013, i gcomhréir
le mír 22 den mholadh CGIM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach
soitheach atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha
timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n‑údarú ag na Ballstáit lena
mbaineann le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i
gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 de CGIM, nó
atá ag feidhmiú i bhfolimistéar geografach 17 agus/nó folimistéar geografach 18
cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha eile atá siad
cláraithe ar an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2013. Ba cheart aon
athruithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don liosta thuasluaite a chur chuig
an gCoimisiún Eorpach a luaithe a tharlaíonn siad lena gcur ar aghaidh chuig
rúnaíocht CGIM. Thairis sin, tá toirmeasc sa bheart ó CGIM ar choinneáil ar bord
nó tabhairt i dtír ar cheart a chur i bhfeidhm i ndlí an AE i gcomhréir le hAirteagal 15(2)
de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013[10]. (8) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den
Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún. Baineann na forálacha sin le formáid na hiarrata, agus le cur ar
aghaidh na hiarrata, ar mhaolú ó íosdoimhneacht chun coiréal dearg a shaothrú
nó ón íos‑trastomhas nach mór a bheith i mbonn coilíneachtaí coiréil
dheirg; le formáid torthaí, agus le cur ar aghaidh torthaí, ar mheastóireachtaí
eolaíocha ar na criosanna atá faoi réir maolaithe ó íosdoimhneacht chun coiréal
dearg a shaothrú; le formáid torthaí agus le cur ar aghaidh torthaí maidir le
saothrú coiréil dheirg; le faisnéis maidir le gabhálacha de thaisme d'éanlaith
mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna
agus de roic, athruithe ar liostaí de na calafoirt atá ainmnithe chun
gabhálacha de choiréal dearg a thabhairt i dtír, tionchar soithí iascaireachta
áirithe ar phobail céiticeach agus athruithe ar léarscáileanna agus ar liostaí
de na háiteanna geografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna
rónta manaigh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[11].
(9) Chun a áirithiú go leanfaidh
an tAontas dá oibleagáidí faoi Chomhaontú CGIM a chomhlíonadh, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le húdaruithe le maolú ón
toirmeasc ar choiréal dearg a shaothrú ag doimhneacht níos lú ná 50 m agus
gan cloí leis an íos‑trastomhas nach mór a bheith i mbonn coilíneachtaí
coiréil dheirg. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun
comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear
ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha
tarmligthe ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid
ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach
comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (10) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasuithe
ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011
mar a leanas: (1)
cuirtear Airteagal 15a isteach mar a leanas: "Airteagal 15a "Tráil
agus eangacha geolbhaigh a úsáid sa Mhuir Dhubh 1. Toirmeascfar tráil a úsáid
laistigh de 3 mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na
hiseabait 50 méadar, nó laistigh den iseabat 50 méadar i gcás ina
mbaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta. 2. Ón 1 Eanáir 2015, ní bheidh trastomhas níos mó ná
0.5 mm ag aonfhiliméad ná ag sreanga d'eangacha geolbhaigh
grinneallsocraithe." (2)
i dTeideal II, cuirtear isteach Caibidlí IV,
V agus VI mar a leanas: "Caibidil IV Coiréal dearg a chaomhnú agus a shaothrú
go hinbhuainaithe Airteagal 16a Raon
feidhme Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo
gan dochar d'Airteagal 4(2) ná d'Airteagal 8(1), (e) agus (g) de
Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ná d'aon bhearta níos déine a eascraíonn ó
Threoir 92/43/CEE*. Airteagal 16b Íosdoimhneacht saothraithe 1. Toirmeascfar coiréal dearg a
shaothrú ag doimhneacht atá níos lú ná 50 m. 2. Cumhachtófar don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun
maoluithe ar mhír 1 a ghlacadh. Beidh rialacha sna gníomhartha tarmligthe sin
lena áiritheofar meastóireacht eolaíoch ar na criosanna atá faoi réir
maoluithe. 3. Ní fhéadfar na maoluithe dá
dtagraítear i mír 2 a dheonú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na
coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta
iomchuí i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i
gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009**; (b) go bhfuil staidéir déanta le déanaí ar an
leibhéal náisiúnta ar fhlúirse agus ar dháileadh spásúil coilíneachtaí coiréil
dheirg; (c) go n‑áirithítear trí dhúnadh
spásúil/ama iomchuí nach ndéantar ach líon teoranta coilíneachtaí coiréil
dheirg a shaothrú; agus (d) go bhfuil meastóireacht eolaíoch déanta
ag an mBallstát ábhartha ar na criosanna atá faoi réir maolaithe. 4. Cuirfidh Ballstáit a bhfuil
sé beartaithe acu maolú dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh na nithe a
leanas faoi bhráid an Choimisiúin: (a) na
réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla; (b)
an liosta de na soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréal dearg a shaothrú
ag doimhneacht atá níos lú ná 50 m agus (c) an
liosta de na criosanna iascaireachta ina bhfuil an ghníomhaíocht sin údaraithe,
arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon. 5. Féadfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid na hiarrata ar mhaolú
dá dtagraítear i mír 4 agus thorthaí na meastóireachta eolaíche dá
dtagraítear i mír 2 agus maidir le cur ar aghaidh na hiarrata sin agus na
dtorthaí sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).
6. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí
Feidhmiúcháin CGIM ar an eolas faoi na cinntí arna ndéanamh de bhun mhír 2
agus faoi thorthaí na meastóireachta eolaíche dá dtagraítear sa mhír sin. Airteagal 16c An t‑íos‑trastomhas i
mboinn coilíneachtaí 1. Coiréal dearg a bhfuil
trastomhas níos lú ná 7 mm ann ag an stoc, é sin arna thomhas laistigh
d'aon cheintiméadar amháin de bhonn na coilíneachta, ní dhéanfar é a shaothrú,
a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a
dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge. 2. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, de mhaolú ar mhír 1, chun
uasteorainn lamháltais 10% de réir beomheáchain a údarú i gcás coilíneachtaí
coiréil dheirg atá róbheag (<7 mm). 3. Ní fhéadfar na maoluithe dá
dtagraítear i mír 2 a dheonú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na
coinníollacha a leanas: (a) go bhfuil creat bainistíochta
náisiúnta i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i
gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009**; (b) go
bhfuil cláir shonracha faireacháin agus rialaithe i bhfeidhm ina luaitear
cuspóirí, tosaíochtaí agus tagarmharcanna maidir le gníomhaíochtaí cigireachta.
4. Tráth a iarrfaidh Ballstát
maolú faoi mhír 2, cuirfidh sé na réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla
maidir leis an maolú sin faoi bhráid an Choimisiúin. 5. Féadfaidh an Coimisiún
gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid na réasúnuithe
eolaíocha agus teicniúla dá dtagraítear i mír 4, agus maidir le cur ar
aghaidh na réasúnaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a
ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2). 6. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí
Feidhmiúcháin CGIM ar an eolas faoi na cinntí a dhéanfar de bhun mhír 2. Airteagal 16d Fearas agus feistí 1. Chun coiréal dearg a
shaothrú, ní cheadófar mar fhearas ach casúr a úsáidfidh iascairí gairmiúla de
láimh. 2. Toirmeascfar feithiclí
cianrialaithe faoi uisce a úsáid chun coiréal dearg a shaothrú. Leis an
toirmeasc sin cumhdófar, ón 1 Eanáir 2015, feithiclí cianrialaithe
faoi uisce a úsáid a d'fhéadfaí a bheith údaraithe ag Ballstáit i gcriosanna
faoin dlínse náisiúnta le haghaidh breathnaithe agus taiscéalaíochta ar
choiréal dearg ar bhonn mhír 3(a) nó mhír 3(b) den mholadh
CGIM/35/2011/2. Caibidil V Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar
speicis mhara áirithe a laghdú Airteagal 16e Raon
feidhme Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo gan dochar d'aon
bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE nó ó Threoir 2009/147/CE***
ná do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle****. Airteagal 16f Gabhálacha
de thaisme d'éanlaithe mara i bhfearais iascaireachta Déanfaidh
máistrí soithí iascaireachta éanlaith mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas
iascaireachta a scaoileadh saor gan mhoill. Airteagal 16g Gabháil de thaisme de thurtair mhara
in iascach 1. Déanfaidh máistrí soithí
turtair mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta agus a chur ar ais
beo agus gan ghortú san fharraige gan mhoill. 2. Ní thabharfaidh máistrí
soithí iascaireachta turtair mhara i dtír, ach amháin mar chuid de chlár
tarrthála sonrach agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta
ar an eolas go hoifigiúil ina leith roimh fhilleadh ar an gcalafort. 3. Soithí a úsáideann peaslíonta
le haghaidh speiceas peiligeach beag nó eangacha timpeallúcháin gan corda
cruinnithe le haghaidh speiceas peiligeach, ní dhéanfaidh siad turtair mhara a
thimpeallú. 4. Beidh trealamh láimhseála,
fuascailte agus scaoilte saor atá sábháilte ar bord soithí a úsáideann spiléir
agus eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun a áirithiú go ndéanfar turtair
mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor ar bhealach a mhéadóidh an dóchúlacht
go dtiocfaidh siad slán. Airteagal 16h Gabháil de thaisme de rónta manaigh (Monachus
monachus) 1. Ní dhéanfaidh máistrí soithí
iascaireachta rónta manaigh a thabhairt ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i
dtír, murar gá sin chun ainmhithe aonair gortaithe a tharrtháil agus chun
cúnamh a fháil chun iad a leigheas agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis
náisiúnta inniúla ar an eolas go hoifigiúil roimh fhilleadh ar an gcalafort. 2. Déanfaidh máistrí soithí
rónta manaigh a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta agus a chur ar ais
beo agus gan ghortú san fharraige gan mhoill. Tabharfar conablaigh ainmhithe
marbha i dtír agus déanfaidh na húdaráis náisiúnta iad a ghabháil agus a
scrios. Airteagal 16i Gabháil de thaisme de chéiticigh Déanfaidh
máistrí soithí iascaireachta céiticigh mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas
iascaireachta a chur ar ais san fharraige gan mhoill. Airteagal 16j Siorcanna agus roic atá faoi chosaint 1. Ní dhéanfar speicis de
shiorcanna ná de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal
maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht
Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir***** a choinneáil ar bord, a athlastáil, a
thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar
díol mar amhtháirge. 2. Soithí iascaireachta atá tar
éis speicis de shiorcanna agus de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II
den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le
hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir a ghabháil de thaisme, déanfaidh siad
iad a scaoileadh saor gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo. Airteagal 16k Siorcanna a shainaithint Beidh
toirmeasc ar shiorcanna a dhícheannadh agus a fheannadh ar bord agus sula dtugtar
i dtír iad. Ní fhéadfaidh siorcanna dícheannaithe agus feannta a chur ar an
margadh ag na chéad mhargaí díolacháin tar éis a dtabhartha i dtír. Caibidil VI Bearta maidir le hiascach stoc
peiligeach beag i Muir Aidriad Airteagal 16l Acmhainn iascaireachta a bhainistiú 1. Chun
chríche an Airteagail seo, is í an acmhainn iascaireachta tagartha le haghaidh
stoc peiligeach beag an acmhainn arna leagan síos ar bhonn na liostaí de
shoithí na mBallstát lena mbaineann arna gcur chuig rúnaíocht CGIM i gcomhréir
le mír 22 den mholadh CGIM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach
soitheach atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha
timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n‑údarú le stoic pheiligeacha
bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir
gheografacha 17 agus 18 de CGIM, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó atá
ag feidhmiú i bhfolimistéar geografach 17 agus/nó folimistéar geografach 18 cé
gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha eile atá siad
cláraithe ar an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2013. 2. Déantar
soithí atá feistithe le tráil nó peaslíonta, is cuma fad iomlán an tsoithigh, a
aicmiú mar shoithí atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha
bheaga i gcás gur sairdíní agus/nó ainseabhaithe 50% ar a laghad den ghabháil i
mbeomheáchan le linn aon turais iascaireachta ar leith. 3. Maidir le
hacmhainn iomlán an chabhlaigh i dtaca le soithí atá feistithe le tráil nó
peaslíonta atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i
bhfolimistéar geografach 17, i dtéarmaí olltonnáiste agus/nó olltonnáiste
cláraithe agus i dtéarmaí cumhachta innill (kW), mar atá taifeadta i gclár
cabhlaigh an AE agus sna cláir chabhlaigh náisiúnta, ní sháróidh sí ag am ar
bith an acmhainn iascaireachta tagartha do stoic pheiligeacha bheaga dá
dtagraítear i mír 1. 4. Áiritheoidh na Ballstáit nach
mbíonn soithí atá feistithe le tráil nó peaslíonta le haghaidh stoc peiligeach
beag mar atá sainaitheanta i mír 2 i bun iascaireachta ar feadh níos mó ná
20 lá iascaireachta in aghaidh na míosa agus nach dtéann siad thar 180 lá
iascaireachta in aghaidh na bliana. 5. Ní cheadófar d'aon
soitheach nach bhfuil ar áireamh ar an liosta de na soithí údaraithe dá
dtagraítear i mír 1 iascaireacht a dhéanamh nó de mhaolú ar Airteagal 15(1)
de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní cheadófar dó aon chainníocht atá
níos mó ná 20% ainseabhaithe agus/nó sairdíní a choinneáil ar bord nó a
thabhairt i dtír i gcás ina bhfuil an soitheach ar thuras iascaireachta i
bhfolimistéar geografach 17 agus/nó i bhfolimistéar geografach 18. 6. Cuirfidh na Ballstáit aon
ábhar a cuireadh le liosta na soithí údaraithe dá dtagraítear i mír 1, nó
a scriosadh uaidh agus/nó aon athruithe ar an liosta sin in iúl don Choimisiún
a luaithe a tharlóidh siad. Tá na hathruithe seo gan dochar don acmhainn
iascaireachta tagartha dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an
fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM. *
Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga
nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
**
Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena
mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an
chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96,
(CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005,
(CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006.
(CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007,
(CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n‑aisghairtear
Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006,
(IO L 343, 22.12.2009, lch. 1). *** Treoir
2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009
maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 147, 01.07.2013, lch. 1). ****
Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003
maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167,
4.7.2003, lch. 1). *****
Cinneadh 99/800/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 i
ndáil le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint
Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus i ndáil
le glacadh leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin
(Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 1). " (3)
I dTeideal III, cuirtear isteach Caibidil Ia
mar a leanas: "CAIBIDIL Ia Oibleagáidí taifeadta Airteagal 17a Coiréal dearg a shaothrú Beidh logleabhar ar bord ag máistrí soithí
iascaireachta atá údaraithe le coiréal dearg a shaothrú ina ndéanfar taifead de
na gabhálacha laethúla de choiréal dearg agus de ghníomhaíocht iascaireachta de
réir limistéir agus doimhneachta, lena n‑áirítear líon na laethanta
iascaireachta agus tumadh. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla
náisiúnta gan mhoill. Airteagal 17b Gabháil de thaisme de speicis mhara
áirithe 1. Déanfaidh máistrí soithí
iascaireachta an fhaisnéis a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta
dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009: (a) aon chás de ghabháil de thaisme agus
scaoileadh saor éanlaithe mara; (b) aon chás de ghabháil de thaisme agus
scaoileadh saor turtar mara agus sonrófar ar a laghad cineál an fhearais
iascaireachta, amanna, fad ama san uisce, doimhneacht agus láthair,
spriocspeiceas, speiceas turtair mhara agus cé acu ar cuireadh an t‑ainmhí
ar ais san fharraige marbh, nó ar scaoileadh saor é ina bheatha; (c) aon chás de ghabháil de thaisme agus
scaoileadh saor rónta manaigh; (d) aon chás de ghabháil de thaisme agus
scaoileadh saor chéiticeach agus sonrófar ar a laghad na hiascaigh lena
mbaineann, cineál an fhearais iascaireachta, amanna, láithreacha (de réir
bhfolimistéar geografach nó dronuilleog staidrimh, mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I)
agus na speicis chéiticigh lena mbaineann; (e) aon chás de ghabháil de thaisme agus
scaoileadh saor siorcanna agus speicis de roic atá liostaithe in Iarscríbhinn II
nó in Iarscríbhinn III den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint
Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir. 2. Faoin 31 Nollaig 2014 ar
a dhéanaí, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le taifeadadh na
ngabhálacha de thaisme dá dtagraítear i mír 1 ag máistrí soithí
iascaireachta nach bhfuil faoi réir logleabhar iascaireachta a choinneáil de
bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009." (4)
cuirtear Airteagal 23a agus Airteagal 23b
isteach mar a leanas: "Airteagal 23a Sonraí
ábhartha a thuairisciú chuig an gCoimisiún 1. Faoin 15 Samhain gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an
fhaisnéis a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún: (a) na sonraí maidir le coiréal dearg dá dtagraítear in Airteagal 17a
(b) i bhfoirm tuarascála leictreonaí, na rátaí gabhála de
thaisme agus scaoilte saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta
manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus roic, chomh maith le haon
fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 17b (1)(a),
(b), (c), (d) agus (e) faoi seach. 2. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1
ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM faoin 15 Nollaig gach bliain. 3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athruithe ar
liosta na gcalafort atá ainmnithe le gabhálacha de choiréal dearg a thabhairt i
dtír i gcomhréir le mír 5 den mholadh GCIM/36/2012/1. 4. Baileoidh na Ballstáit faisnéis iontaofa maidir leis an
tionchar ar phobail céiticeach sa Muir Dhubh atá ag soithí atá ag díriú ar
fhíogaigh ghobacha le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus cuirfidh
siad an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún. 5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon
athruithe ar na léarscáileanna agus ar na liostaí de na háiteanna geografacha a
thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh agus dá dtagraítear
i mír 6 den mholadh CGIM/35/2011/5. 6. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3,
i mír 4 agus i mír 5 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM gan
mhoill. 7. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a
ghlacadh maidir le formáid na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus
5, agus maidir le cur ar aghaidh na faisnéise sin. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 25(2). Airteagal 23b Rialú, faireachán agus faireachas ar
iascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad 1. Roimh dheireadh Mheán Fómhair gach bliain, cuirfidh na
Ballstáit in iúl don Choimisiún a bpleananna agus a gcláir chun comhlíonadh
fhorálacha Airteagal 16l a áirithiú trí fhaireachán agus trí
thuairisciú leordhóthanach, go háirithe maidir leis na gabhálacha míosúla agus
an iarracht iascaireacht a rinneadh. 2. Cuirfidh an Coimisiúin an fhaisnéis faoi mhír 1 ar aghaidh
chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM tráth nach déanaí ná an 30 Deireadh Fómhair
gach bliain." (5)
Sa chéad abairt d'Airteagal 27(2) cuirtear
"[DATÁ THEACHT I BHFEIDHM AN RIALACHÁIN SEO LE CUR ISTEACH]" in ionad
"an 19 Eanáir 2012". Airteagal 2 Teacht
i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach
Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha
áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún
Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE)
Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú
inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011,
lch. 44). [2] Na moltaí CGIM/35/2011/2 agus CGIM/36/2012/1;
CGIM/35/2011/3; CGIM/35/2011/4; CGIM/36/2012/2 agus CGIM/37/2013/2;
CGIM/35/2011/5; CGIM/36/2012/3; [3] Treoir 92/43/CEE ón
gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus
flora fiáine a chaomhnú, arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE ón
gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de
shiorcanna ar bord soithí, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh.605/2013; Rialachán
(CE) Uimh. 812/2004 lena leagtar
síos bearta maidir le gabhálacha de thaisme de chéiticigh in iascach agus lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98; Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta
don Chomhphobal Eorpach maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (COM(2009)40 final);
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an
gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta maidir le gabhálacha de thaisme
d'éanlaith mhara i bhfearais iascaireachta a laghdú(COM(2012) 665 final). [4] Na moltaí CGIM/37/2013/1 agus CGIM/38/2014/1; táthar ag
súil go dtiocfaidh an moladh deireanach i bhfeidhm go luath. [5] IO C , , lch. . [6] Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i
ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta
Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE)
Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú
inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011,
lch. 44). [7] Cinneadh ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 i
ndáil le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint
Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus i ndáil
le glacadh leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin
(Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 1). [8] Cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lenar tugadh i
gcrích an Coinbhinsiún maidir leis an Mheánmhuir a chosaint ó thruailliú agus
an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus
aerárthaí a chosc (IO L 240, 19.09.1977, lch. 1) [9] Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26
Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167,
4.7.2003, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 (IO L 181,
29.6.2013, lch. 1) [10] Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas
Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle
agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE)
Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO
L 354, 28.12.2013, lch. 22). [11] Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra
2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann
leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur
chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).