52014PC0457

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) /* COM/2014/0457 final - 2014/0213 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá sé mar aidhm ag an togra roinnt beart a ghlac an Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir (CGIM) ina sheisiúin bhliantúla in 2011, 2012 agus 2013 a thrasuí i ndlí an Aontais. Is eagraíocht réigiúnach bainistíochta iascaigh é CGIM a bunaíodh faoi Airteagal XIV de bhunreacht Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe; is iad príomhchuspóirí CGIM forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí agus forbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe a chur chun cinn sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus ina n‑uiscí cónascacha. Tá an t‑údarás ag CGIM cinntí éigeantacha ("moltaí") a ghlacadh ina réimse inniúlachta; tríd is tríd, is ar na Páirtithe Conarthacha atá na gníomhartha sin dírithe ach d'fhéadfaí oibleagáidí ar oibreoirí (e.g. máistir soithigh) a bheith iontu chomh maith. Bíonn na moltaí ina gceangal 120 lá ón dáta a thugtar fógra fúthu den chéad uair, ar choinníoll nach ndéantar aon agóid ina leith.

Tá an tAontas Eorpach, chomh maith le deich mBallstát (an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Fhrainc, an Ghréig, an Iodáil, Málta, an tSlóivéin, an Spáinn agus an Rómáin) ina bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú CGIM. Sa mhéid nach bhfuil ábhar moltaí de chuid CGIM cumhdaithe faoi Dhlí an Aontais faoi láthair, nó sa mhéid nach bhfuil sé ach cumhdaithe i bpáirt faoi láthair, is gá na forálacha ábhartha de chuid CGIM a thrasuí chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus éifeachtach na bhforálacha sin ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

Is trí Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011[1] a rinneadh an trasuí deireanach de mholtaí de chuid CGIM Leis an togra seo leasófar an rialachán sin chun na bearta atá le trasuí a chur isteach ann. 

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Ní raibh gá le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ná le measúnú tionchair.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Tá bearta teicniúla sa togra maidir le coiréal dearg a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe, gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara, de thurtair mhara agus de chéiticigh a laghdú agus rónta manaigh, siorcanna agus roic a chaomhnú i limistéar Chomhaontú CGIM[2]. Tugann na bearta sin níos mó cosanta ná mar atá ar fáil do na speicis sin faoi láthair ar leibhéal an AE faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus faoi ghníomhartha eile an Aontais[3] agus tá oibleagáidí sonracha ar oibreoirí agus ar na Ballstáit iontu maidir le taifeadadh agus tuairisciú . Ina theannta sin, cuireann an togra bearta áirithe maidir le hiascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad[4] chun feidhme i ndlí an Aontais. 

Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

Prionsabal na comhréireachta

Leis an téacs atá beartaithe déanfar trasuí beart ábhartha de chuid CGIM i ndlí an Aontais a áirithiú gan níos mó ná a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán atá ann cheana.

Níor leor modhanna eile ar an gcúis seo: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉIDEACHA

Ní bhaineann aon chaiteachas breise ón Aontas leis an mbeart seo.

2014/0213 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Leis an gComhaontú um bunú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir ("Comhaontú CGIM") soláthraítear creat iomchuí do chomhar iltaobhach chun forbairt, caomhnú, bainistiú réasúnach agus scothúsáid acmhainní beo muirí a chur chun cinn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh ar leibhéil a meastar ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe agus go bhfuil riosca íseal ann maidir leo go gclisfidh siad.

(2)       Tá an tAontas Eorpach, chomh maith leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an Spáinn, leis an bhFrainc, leis an gCróit, leis an Iodáil, leis an gCipir, le Málta, leis an Rómáin agus leis an tSlóivéin, ina bpáirtithe conarthacha i gComhaontú CGIM.

(3)       Le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6] leagtar síos forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir ("CGIM"). Is é an gníomh reachtach iomchuí é chun na moltaí ó CGIM nach bhfuil a n‑ábhar cumhdaithe go fóill faoi dhlí an Aontais a chur chun feidhme. Go deimhin, is féidir Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú chun na bearta sna moltaí ábhartha ó CGIM a chumhdach.

(4)       Ina sheisiúin bhliantúla in 2011 agus 2012, rinne CGIM bearta maidir le saothrú inbhuanaithe coiréil dheirg ina réimse inniúlachta a ghlacadh atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais. Baineann ceann amháin de na bearta sin le feithiclí cianrialaithe faoi uisce a úsáid. Ar bhonn an mholta CGIM/35/2011/2, chinn CGIM nach gceadófaí feithiclí cianrialaithe faoi uisce, i limistéir faoin dlínse náisiúnta le haghaidh breathnaithe agus taiscéalaíochta ar choiréal dearg, a thuilleadh tar éis 2014. De réir birt eile atá leagtha síos sa mholadh CGIM/36/2012/1, ní dhéanfar gabhálacha coiréil dheirg a thabhairt i dtír ach i líon teoranta calafort a bhfuil saoráidí calafoirt leordhóthanacha acu agus ní mór na liostaí de na calafoirt ainmnithe a chur chuig rúnaíocht CGIM. Ní mór aon athruithe ar na liostaí de na calafoirt atá ainmnithe ag na Ballstáit a chur chuig an gCoimisiún Eorpach lena dtraschur chuig rúnaíocht CGIM.

(5)       Ina sheisiúin bhliantúla in 2011 agus 2012, ghlac CGIM na moltaí CGIM/35/2011/3, CGIM/35/2011/4, CGIM/35/2011/5, CGIM/36/2012/2  ina leagtar síos bearta, atá le cur chun feidhme i ndlí an Aontais, maidir le laghdú gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh agus de chéiticigh le linn gníomhaíochtaí iascaireachta i limistéar Chomhaontú CGIM. Ar na bearta sin tá toirmeasc ar eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe le haonfhiliméad nó sreanga atá níos mó ná 0.5 mm a úsáid ón 1 Eanáir 2015, d'fhonn gabhálacha de thaisme de chéiticigh a laghdú. Tá toirmeasc den sórt sin i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle cheana, ní chumhdaíonn an Rialachán sin ach an Mheánmhuir áfach. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith sa Rialachán seo le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith.

(6)       Ina sheisiún bhliantúil in 2012, ghlac CGIM an moladh CGIM/36/2012/3 chomh maith ina leagtar síos bearta chun ardleibhéal cosanta ó ghníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú ina réimse inniúlachta do shiorcanna agus roic , go háirithe do na speicis siorca agus roic atá liostaithe mar speicis atá i mbaol nó faoi bhagairt in Iarscríbhinn II den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir[7] a ghabhann le Coinbhinsiún Barcelona[8]. De réir birt ó CGIM, toirmeascfar gníomhaíochtaí iascaireachta le tráil laistigh de 3 mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar, nó laistigh den iseabat 50 méadar i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta. Tá toirmeasc den sórt sin i Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle cheana, ní chumhdaíonn an Rialachán sin ach an Mheánmhuir áfach. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith sa Rialachán seo le go mbeidh feidhm aige maidir leis an Muir Dhubh chomh maith. Tá bearta áirithe eile sa mholadh sin a bhfuil sé mar aidhm acu siorcanna a shainaithint i gceart agus nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003[9] ná ag reachtaíocht eile an Aontais, agus is gá iad a bheith sa Rialachán seo chun iad a chur chun feidhme ina n‑iomláine i ndlí an Aontais.

(7)       Ina sheisiúin bhliantúla in 2013 agus 2014 ghlac CGIM na moltaí CGIM/37/2013/1 agus CGIM/38/2014/1 ina leagtar síos bearta maidir le hiascaigh a shaothraíonn stoic pheiligeacha bheaga i Muir Aidriad agus  nach mór a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Baineann na bearta sin le bainistiú acmhainne iascaireachta i gcás stoc peiligeach beag i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 de CGIM, ar bhonn na hacmhainne iascaireachta tagartha arna bunú trí bhíthin an liosta de na soithí a bhí le cur chuig rúnaíocht CGIM faoin 30 Samhain 2013, i gcomhréir le mír 22 den mholadh CGIM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n‑údarú ag na Ballstáit lena mbaineann le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 de CGIM, nó atá ag feidhmiú i bhfolimistéar geografach 17 agus/nó folimistéar geografach 18 cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha eile atá siad cláraithe ar an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2013. Ba cheart aon athruithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh don liosta thuasluaite a chur chuig an gCoimisiún Eorpach a luaithe a tharlaíonn siad lena gcur ar aghaidh chuig rúnaíocht CGIM. Thairis sin, tá toirmeasc sa bheart ó CGIM ar choinneáil ar bord nó tabhairt i dtír ar cheart a chur i bhfeidhm i ndlí an AE i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013[10].

(8)       Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Baineann na forálacha sin le formáid na hiarrata, agus le cur ar aghaidh na hiarrata, ar mhaolú ó íosdoimhneacht chun coiréal dearg a shaothrú nó ón íos‑trastomhas nach mór a bheith i mbonn coilíneachtaí coiréil dheirg; le formáid torthaí, agus le cur ar aghaidh torthaí, ar mheastóireachtaí eolaíocha ar na criosanna atá faoi réir maolaithe ó íosdoimhneacht chun coiréal dearg a shaothrú; le formáid torthaí agus le cur ar aghaidh torthaí maidir le saothrú coiréil dheirg; le faisnéis maidir le gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus de roic, athruithe ar liostaí de na calafoirt atá ainmnithe chun gabhálacha de choiréal dearg a thabhairt i dtír, tionchar soithí iascaireachta áirithe ar phobail céiticeach agus athruithe ar léarscáileanna agus ar liostaí de na háiteanna geografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh.  Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11].

(9)       Chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas dá oibleagáidí faoi Chomhaontú CGIM a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le húdaruithe le maolú ón toirmeasc ar choiréal dearg a shaothrú ag doimhneacht níos lú ná 50 m agus gan cloí leis an íos‑trastomhas nach mór a bheith i mbonn coilíneachtaí coiréil dheirg. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(10)     Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 mar a leanas:

(1) cuirtear Airteagal 15a isteach mar a leanas:

"Airteagal 15a

"Tráil agus eangacha geolbhaigh a úsáid sa Mhuir Dhubh 

1.           Toirmeascfar tráil a úsáid laistigh de 3 mhuirmhíle ón gcósta, ar choinníoll nach mbaintear amach na hiseabait 50 méadar, nó laistigh den iseabat 50 méadar i gcás ina mbaintear amach an doimhneacht 50 méadar níos giorra don chósta.

2.           Ón 1 Eanáir 2015, ní bheidh trastomhas níos mó ná 0.5 mm ag aonfhiliméad ná ag sreanga d'eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe."

(2) i dTeideal II, cuirtear isteach Caibidlí IV, V agus VI mar a leanas:

"Caibidil IV

Coiréal dearg a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuainaithe

Airteagal 16a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo gan dochar d'Airteagal 4(2) ná  d'Airteagal 8(1), (e) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ná d'aon bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE*.

Airteagal 16b

Íosdoimhneacht saothraithe

1.           Toirmeascfar coiréal dearg a shaothrú ag doimhneacht atá níos lú ná 50 m.

2.           Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 chun maoluithe ar mhír 1 a ghlacadh. Beidh rialacha sna gníomhartha tarmligthe sin lena áiritheofar  meastóireacht eolaíoch ar na criosanna atá faoi réir maoluithe.

3.           Ní fhéadfar na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 a dheonú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)     go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta iomchuí i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009**;

(b)     go bhfuil staidéir déanta le déanaí ar an leibhéal náisiúnta ar fhlúirse agus ar dháileadh spásúil coilíneachtaí coiréil dheirg;

(c)     go n‑áirithítear trí dhúnadh spásúil/ama iomchuí nach ndéantar ach líon teoranta coilíneachtaí coiréil dheirg a shaothrú; agus

(d)     go bhfuil meastóireacht eolaíoch déanta ag an mBallstát ábhartha ar na criosanna atá faoi réir maolaithe.  

4.           Cuirfidh Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu maolú dá dtagraítear i mír 2 a iarraidh na nithe a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)      na réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla;

(b)     an liosta de na soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréal dearg a shaothrú ag doimhneacht atá níos lú ná 50 m agus

(c)      an liosta de na criosanna iascaireachta ina bhfuil an ghníomhaíocht sin údaraithe, arna sainaithint le comhordanáidí geografacha ar talamh agus ar muir araon.

5.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid na hiarrata ar mhaolú dá dtagraítear i mír 4 agus thorthaí na meastóireachta eolaíche dá dtagraítear i mír 2 agus maidir le cur ar aghaidh na hiarrata sin agus na dtorthaí sin.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

6.           Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM ar an eolas faoi na cinntí arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus faoi thorthaí na meastóireachta eolaíche dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 16c

An t‑íos‑trastomhas i mboinn coilíneachtaí

1.           Coiréal dearg a bhfuil trastomhas níos lú ná 7 mm ann ag an stoc, é sin arna thomhas laistigh d'aon cheintiméadar amháin de bhonn na coilíneachta, ní dhéanfar é a shaothrú, a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge.

2.           Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, de mhaolú ar mhír 1, chun uasteorainn lamháltais 10% de réir beomheáchain a údarú i gcás coilíneachtaí coiréil dheirg atá róbheag (<7 mm).

3.           Ní fhéadfar na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 a dheonú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

 (a)     go bhfuil creat bainistíochta náisiúnta i bhfeidhm, lena n‑áirítear scéim údaraithe iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009**;

(b)     go bhfuil cláir shonracha faireacháin agus rialaithe i bhfeidhm ina luaitear cuspóirí, tosaíochtaí agus tagarmharcanna maidir le gníomhaíochtaí cigireachta.

4.           Tráth a iarrfaidh Ballstát maolú faoi mhír 2, cuirfidh sé na réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla maidir leis an maolú sin faoi bhráid an Choimisiúin.

5.           Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid na réasúnuithe eolaíocha agus teicniúla dá dtagraítear i mír 4, agus maidir le cur ar aghaidh na réasúnaithe sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

6.           Cuirfidh an Coimisiún Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM ar an eolas faoi na cinntí a dhéanfar de bhun mhír 2.

Airteagal 16d

Fearas agus feistí

1.           Chun coiréal dearg a shaothrú, ní cheadófar mar fhearas ach casúr a úsáidfidh iascairí gairmiúla de láimh.

2.           Toirmeascfar feithiclí cianrialaithe faoi uisce a úsáid chun coiréal dearg a shaothrú. Leis an toirmeasc sin cumhdófar, ón 1 Eanáir 2015, feithiclí cianrialaithe faoi uisce a úsáid a d'fhéadfaí a bheith údaraithe ag Ballstáit i gcriosanna faoin dlínse náisiúnta le haghaidh breathnaithe agus taiscéalaíochta ar choiréal dearg ar bhonn mhír 3(a) nó mhír 3(b) den mholadh CGIM/35/2011/2.

Caibidil V

Tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar speicis mhara áirithe a laghdú

Airteagal 16e

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo gan dochar d'aon bhearta níos déine a eascraíonn ó Threoir 92/43/CEE nó ó Threoir 2009/147/CE***  ná do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle****.

Airteagal 16f

Gabhálacha de thaisme d'éanlaithe mara i bhfearais iascaireachta

Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta éanlaith mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta a scaoileadh saor gan mhoill.

Airteagal 16g

Gabháil de thaisme de thurtair mhara in iascach

1.           Déanfaidh máistrí soithí turtair mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta agus a chur ar ais beo agus gan ghortú san fharraige gan mhoill.

2.           Ní thabharfaidh máistrí soithí iascaireachta turtair mhara i dtír, ach amháin mar chuid de chlár tarrthála sonrach agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas go hoifigiúil ina leith roimh fhilleadh ar an gcalafort.

3.           Soithí a úsáideann peaslíonta le haghaidh speiceas peiligeach beag nó eangacha timpeallúcháin gan corda cruinnithe le haghaidh speiceas peiligeach, ní dhéanfaidh siad turtair mhara a thimpeallú.

4.           Beidh trealamh láimhseála, fuascailte agus scaoilte saor atá sábháilte ar bord soithí a úsáideann spiléir agus eangacha geolbhaigh grinneallsocraithe chun a áirithiú go ndéanfar turtair mhara a láimhseáil agus a scaoileadh saor ar bhealach a mhéadóidh an dóchúlacht go dtiocfaidh siad slán.

Airteagal 16h

Gabháil de thaisme de rónta manaigh (Monachus monachus)

1.           Ní dhéanfaidh máistrí soithí iascaireachta rónta manaigh a thabhairt ar bord, a athlastáil ná a thabhairt i dtír, murar gá sin chun ainmhithe aonair gortaithe a tharrtháil agus chun cúnamh a fháil chun iad a leigheas agus ar choinníoll gur cuireadh na húdaráis náisiúnta inniúla ar an eolas go hoifigiúil roimh fhilleadh ar an gcalafort.

2.           Déanfaidh máistrí soithí rónta manaigh a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta agus a chur ar ais beo agus gan ghortú san fharraige gan mhoill. Tabharfar conablaigh ainmhithe marbha i dtír agus déanfaidh na húdaráis náisiúnta iad a ghabháil agus a scrios.

Airteagal 16i

Gabháil de thaisme de chéiticigh

Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta céiticigh mhara a gabhadh de thaisme i bhfearas iascaireachta a chur ar ais san fharraige gan mhoill.

Airteagal 16j

Siorcanna agus roic atá faoi chosaint

1.           Ní dhéanfar speicis de shiorcanna ná de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir***** a choinneáil ar bord, a athlastáil, a thabhairt i dtír, a aistriú, a stóráil, a dhíol ná a thaispeáint ná a chur ar díol mar amhtháirge.

2.           Soithí iascaireachta atá tar éis speicis de shiorcanna agus de roic atá ar áireamh in Iarscríbhinn II den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir a ghabháil de thaisme, déanfaidh siad iad a scaoileadh saor gan mhoill, gan ghortú agus iad fós beo.

Airteagal 16k

Siorcanna a shainaithint 

Beidh toirmeasc ar shiorcanna a dhícheannadh agus a fheannadh ar bord agus sula dtugtar i dtír iad. Ní fhéadfaidh siorcanna dícheannaithe agus feannta a chur ar an margadh ag na chéad mhargaí díolacháin tar éis a dtabhartha i dtír.

Caibidil VI

Bearta maidir le hiascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad

Airteagal 16l

Acmhainn iascaireachta a bhainistiú

1.           Chun chríche an Airteagail seo, is í an acmhainn iascaireachta tagartha le haghaidh stoc peiligeach beag an acmhainn arna leagan síos ar bhonn na liostaí de shoithí na mBallstát lena mbaineann arna gcur chuig rúnaíocht CGIM i gcomhréir le mír 22 den mholadh CGIM/37/2013/1. Áirítear ar an liosta sin gach soitheach atá feistithe le tráil, peaslíonta nó cineálacha eile eangacha timpeallúcháin gan chorda cruinnithe, arna n‑údarú le stoic pheiligeacha bheaga a iascach agus atá cláraithe i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha 17 agus 18 de CGIM, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, nó atá ag feidhmiú i bhfolimistéar geografach 17 agus/nó folimistéar geografach 18 cé gur i gcalafoirt atá lonnaithe i bhfolimistéir gheografacha eile atá siad cláraithe ar an dáta an 31 Deireadh Fómhair 2013.

2.           Déantar soithí atá feistithe le tráil nó peaslíonta, is cuma fad iomlán an tsoithigh, a aicmiú mar shoithí atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i gcás gur sairdíní agus/nó ainseabhaithe 50% ar a laghad den ghabháil i mbeomheáchan le linn aon turais iascaireachta ar leith.

3.           Maidir le hacmhainn iomlán an chabhlaigh i dtaca le soithí atá feistithe le tráil nó peaslíonta atá i mbun iascaireachta gníomhaí ar stoic pheiligeacha bheaga i bhfolimistéar geografach 17, i dtéarmaí olltonnáiste agus/nó olltonnáiste cláraithe agus i dtéarmaí cumhachta innill (kW), mar atá taifeadta i gclár cabhlaigh an AE agus sna cláir chabhlaigh náisiúnta, ní sháróidh sí ag am ar bith an acmhainn iascaireachta tagartha do stoic pheiligeacha bheaga dá dtagraítear i mír 1.

4.           Áiritheoidh na Ballstáit nach mbíonn soithí atá feistithe le tráil nó peaslíonta le haghaidh stoc peiligeach beag mar atá sainaitheanta i mír 2 i bun iascaireachta ar feadh níos mó ná 20 lá iascaireachta in aghaidh na míosa agus nach dtéann siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

5.           Ní cheadófar d'aon soitheach nach bhfuil ar áireamh ar an liosta de na soithí údaraithe dá dtagraítear i mír 1 iascaireacht a dhéanamh nó de mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní cheadófar dó aon chainníocht atá níos mó ná 20% ainseabhaithe agus/nó sairdíní a choinneáil ar bord nó a thabhairt i dtír i gcás ina bhfuil an soitheach ar thuras iascaireachta i bhfolimistéar geografach 17 agus/nó i bhfolimistéar geografach 18.

6.           Cuirfidh na Ballstáit aon ábhar a cuireadh le liosta na soithí údaraithe dá dtagraítear i mír 1, nó a scriosadh uaidh agus/nó aon athruithe ar an liosta sin in iúl don Choimisiún a luaithe a tharlóidh siad. Tá na hathruithe seo gan dochar don acmhainn iascaireachta tagartha dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM.

* Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

** Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

*** Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 147, 01.07.2013, lch. 1).

**** Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1).

***** Cinneadh 99/800/CE ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 i ndáil le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus i ndáil le glacadh leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 1). "

(3) I dTeideal III, cuirtear isteach Caibidil Ia mar a leanas:

"CAIBIDIL Ia

Oibleagáidí taifeadta

Airteagal 17a

Coiréal dearg a shaothrú

Beidh logleabhar ar bord ag máistrí soithí iascaireachta atá údaraithe le coiréal dearg a shaothrú ina ndéanfar taifead de na gabhálacha laethúla de choiréal dearg agus de ghníomhaíocht iascaireachta de réir limistéir agus doimhneachta, lena n‑áirítear líon na laethanta iascaireachta agus tumadh. Cuirfear an fhaisnéis sin chuig na húdaráis inniúla náisiúnta gan mhoill.

Airteagal 17b

Gabháil de thaisme de speicis mhara áirithe

1.           Déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an fhaisnéis a leanas a thaifeadadh sa logleabhar iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

(a) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor éanlaithe mara;

(b) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor turtar mara agus sonrófar ar a laghad cineál an fhearais iascaireachta, amanna, fad ama san uisce, doimhneacht agus láthair, spriocspeiceas, speiceas turtair mhara agus cé acu ar cuireadh an t‑ainmhí ar ais san fharraige marbh, nó ar scaoileadh saor é ina bheatha;

(c) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor rónta manaigh;

(d) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor chéiticeach agus sonrófar ar a laghad na hiascaigh lena mbaineann, cineál an fhearais iascaireachta, amanna, láithreacha (de réir bhfolimistéar geografach nó dronuilleog staidrimh, mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I) agus na speicis chéiticigh lena mbaineann;

(e) aon chás de ghabháil de thaisme agus scaoileadh saor siorcanna agus speicis de roic atá liostaithe in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III den Phrótacal maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir.

2.           Faoin 31 Nollaig 2014 ar a dhéanaí, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le taifeadadh na ngabhálacha de thaisme dá dtagraítear i mír 1 ag máistrí soithí iascaireachta nach bhfuil faoi réir logleabhar iascaireachta a choinneáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009."

(4)  cuirtear Airteagal 23a agus Airteagal 23b isteach mar a leanas:

"Airteagal 23a

Sonraí ábhartha a thuairisciú chuig an gCoimisiún

1.         Faoin 15 Samhain gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún:

            (a) na sonraí maidir le coiréal dearg dá dtagraítear in Airteagal 17a 

            (b) i bhfoirm tuarascála leictreonaí, na rátaí gabhála de thaisme agus scaoilte saor d'éanlaith mhara, de thurtair mhara, de rónta manaigh, de chéiticigh agus de shiorcanna agus roic, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 17b (1)(a), (b), (c), (d) agus (e) faoi seach.             

2.         Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM faoin 15 Nollaig gach bliain.

3.         Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon athruithe ar liosta na gcalafort atá ainmnithe le gabhálacha de choiréal dearg a thabhairt i dtír i gcomhréir le mír 5 den mholadh GCIM/36/2012/1. 

4.         Baileoidh na Ballstáit faisnéis iontaofa maidir leis an tionchar ar phobail céiticeach sa Muir Dhubh atá ag soithí atá ag díriú ar fhíogaigh ghobacha le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

5.         Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe ar na léarscáileanna agus ar na liostaí de na háiteanna geografacha a thugann na láithreacha ina bhfuil uaimheanna rónta manaigh agus dá dtagraítear i mír 6 den mholadh CGIM/35/2011/5.

6.         Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM gan mhoill.

7.         Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le formáid na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1, 3, 4 agus 5, agus maidir le cur ar aghaidh na faisnéise sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25(2).

Airteagal 23b

Rialú, faireachán agus faireachas ar iascach stoc peiligeach beag i Muir Aidriad

1.         Roimh dheireadh Mheán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún a bpleananna agus a gcláir chun comhlíonadh fhorálacha Airteagal 16l a áirithiú trí fhaireachán agus trí thuairisciú leordhóthanach, go háirithe maidir leis na gabhálacha míosúla agus an iarracht iascaireacht a rinneadh.

2.         Cuirfidh an Coimisiúin an fhaisnéis faoi mhír 1 ar aghaidh chuig Rúnaí Feidhmiúcháin CGIM tráth nach déanaí ná an 30 Deireadh Fómhair gach bliain." 

(5) Sa chéad abairt d'Airteagal 27(2) cuirtear "[DATÁ THEACHT I BHFEIDHM AN RIALACHÁIN SEO LE CUR ISTEACH]" in ionad "an 19 Eanáir 2012".

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

[2]               Na moltaí CGIM/35/2011/2 agus CGIM/36/2012/1; CGIM/35/2011/3; CGIM/35/2011/4; CGIM/36/2012/2 agus CGIM/37/2013/2; CGIM/35/2011/5; CGIM/36/2012/3;

[3]               Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú, arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE ón gComhairle; Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh.605/2013; Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 lena leagtar síos bearta maidir le gabhálacha de thaisme de chéiticigh in iascach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98; Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta don Chomhphobal Eorpach maidir le Siorcanna a Chaomhnú agus a Bhainistiú (COM(2009)40 final); Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta maidir le gabhálacha de thaisme d'éanlaith mhara i bhfearais iascaireachta a laghdú(COM(2012) 665 final).

[4]               Na moltaí CGIM/37/2013/1 agus CGIM/38/2014/1; táthar ag súil go dtiocfaidh an moladh deireanach i bhfeidhm go luath.

[5]               IO C , , lch. .

[6]               Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

[7]               Cinneadh ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 1999 i ndáil le tabhairt i gcrích an Phrótacail maidir le Limistéir atá faoi Chosaint Speisialta agus maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíoch sa Mheánmhuir, agus i ndáil le glacadh leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an bPrótacal sin (Coinbhinsiún Barcelona) (IO L 322, 14.12.1999, lch. 1).

[8]               Cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lenar tugadh i gcrích an Coinbhinsiún maidir leis an Mheánmhuir a chosaint ó thruailliú agus an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus aerárthaí a chosc (IO L 240, 19.09.1977, lch. 1)

[9]               Rialachán (CE) Uimh. 1185/2003 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le heití a bhaint de shiorcanna ar bord soithí (IO L 167, 4.7.2003, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 605/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 (IO L 181, 29.6.2013, lch. 1)

[10]             Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

[11]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún  (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).