52014PC0163

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 /* COM/2014/0163 final - 2014/0095 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Faoi chuimsiú chomhar idir‑rialtasach Schengen, leagadh síos rialacha mionsonraithe maidir le hiontráil agus fanacht náisiúnach tríú tíortha suas le trí mhí le linn tréimhse sé mhí (gearrfhanacht, mar a thugtar air)[1]. Is é an cuspóir a bhí leis sin, slándáil limistéar Schengen[2] a áirithiú agus an ceart a thabhairt do dhaoine gluaiseacht go saor laistigh de, náisiúnaigh tríú tíortha san áireamh. Ansin, rinneadh forbairt bhreise agus comhdhlúthú ar na rialacha sin faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Amstardam. Chun críche an togra seo, is iad seo a leanas príomheilimintí na reachtaíochta atá i bhfeidhm:

– I Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 (Cód Teorainneacha Schengen) agus sna leasuithe a rinneadh air ó shin[3], inter alia, tá coinníollacha iontrála leagtha síos maidir le náisiúnaigh tríú tíortha i gcás gearrfhanachta;

– I Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 (Rialáil Víosaí) agus sna leasuithe a rinneadh air ó shin[4], tá liosta de na tríú tíortha nach mór dá náisiúnaigh víosa a bheith acu agus iad ag trasnú na dteorainneacha seachtracha le haghaidh gearrfhanachta, agus liosta de na tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

– Le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 (Cód Víosaí) agus leis na leasuithe a rinneadh air ó shin[5], bunaítear nósanna imeachta agus coinníollacha comhchuibhithe maidir le próiseáil iarratas ar víosa ghearrfhanachta agus eisiúint víosaí.

– Sa Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme[6] agus sna leasuithe a rinneadh air ó shin tá prionsabal an 'aitheantais fhrithpháirtigh' i leith víosaí gearrfhanachta leagtha síos. Tá sé leagtha síos iontu freisin go mbeidh an ceart ag náisiúnaigh tríú tíortha ag a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta arna eisiúint ag ceann de na Ballstáit[7] gluaiseacht go saor ar feadh suas le 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.

Is féidir le náisiúnaigh tríú tíortha, ar ndóigh, fanacht níos faide na trí mhí nó 90 lá i limistéar Schengen, ach ní féidir sin a dhéanamh ar bhonn na bhforálacha maidir le gearrfhanacht atá ann faoi láthair. De réir na bhforálacha sin, níor mhór dul chun cónaí i gceann de na Ballstáit. Dá bhrí sin, bíonn ar náisiúnaigh tríú tíortha iarratas a chur isteach ar chead cónaithe nó víosa fadfhanachta ón mBallstát lena mbaineann. Tá na ceadanna sin ceangailte de chríoch agus eisítear iad chun críche oibre, gnó, staidéir, athaontaithe teaghlaigh etc., ach, i bpriosabal, ní chun críche turasóireachta. Níl aon rialacha ginearálta, cothrománacha ar leibhéal an AE ann lena mbunaítear na coinníollacha le ceadanna cónaithe nó víosaí fadfhanachta a eisiúint, ach tá treoracha earnála ann a chumhdaíonn catagóirí sonracha náisiúnach tríú tír, e.g. oibrithe nó mic léinn. Os a choinne sin, ní fhoráiltear sna Treoracha sin do chomhchuibhiú iomlán agus fágann siad solúbthacht ag na Ballstáit maidir le foráil d'eisceachtaí agus maoluithe agus sonraí áirithe a shonrú ina ndlíthe náisiúnta.

An 'teorainn' 90 lá/180 lá atá in acquis Schengen, ní hé an t‑aon sampla amháin é dá leithéid sa dlí maidir le heachtrannaigh. Tá idirdhealú go traidisiúnta sa reachtaíocht náisiúnta maidir le heachtrannaigh idir iontrálacha do thréimhsí gearrfhanachta (a haon, a trí, a sé de mhíonna) ‒ 'cuairteoirí' ‒ go háirithe i gcás turasóireachta, agus tá coinníollacha leo siúd nach bhfuil chomh dian sin, agus tá coinníollacha níos déine le cead isteach do náisiúnaigh tríú tíortha ar mian leo cónaí ann níos faide ar mhaithe le hobair, staidéar etc. Ar scor ar bith, cibé líne dheighilte atá ann idir gearrfhanacht agus cónaí agus na coinníollacha a fhorchuirtear ar eachtrannaigh, tá údaruithe iomchuí sa reachtaíocht náisiúnta maidir le hiontráil, fanacht agus cónaí, cibé fad atá leis an tréimhse fanachta atá beartaithe i gcríoch Ballstáit (víosaí nach ionann fad bailíochta dóibh, fadú ar víosaí, ceadanna cónaithe sealadacha, ceadanna cónaithe buan etc.).

Os a choinne sin, níl córas le fáil in acquis Schengen ná in acquis imirce an AE faoi láthair a chumhdaíonn na cineálacha uile tréimhsí fanachta a bheadh beartaithe atá inchurtha leis an reachtaíocht náisiúnta sin. Ar chúiseanna dlíthiúla agus polaitiúla a bhfuil tuairisc orthu thuas, cumhdaíonn acquis Schengen gearrfhanacht i gcríoch na mBallstát uile, agus tá an creat le haghaidh reachtaíochta náisiúnta i gcomhair cead isteach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tíortha i gcás tréimhsí fanachta is mó ná trí mhí ar a gcríoch féin in ionstraimí dlí de chuid an AE a forbraíodh i réimse na mbeartas imirce/ceada isteach.

Tá limistéar Schengen leathnaithe go dtí go bhfuil 26 tír ann agus tá cúiseanna dlisteanacha ag cuid mhór náisiúnach tríú tíortha, amhail turasóirí, ealaíontóirí beothaibhiúcháin, taighdeoirí, mic léinn etc. le bheith ag taisteal laistigh den limistéar sin ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh de thréimhse áirithe 180 lá gan bheith curtha in aicme na 'n‑inimirceach'. Ní mian leo agus/ná ní gá dóibh cónaí i mBallstát áirithe ar feadh níos mó ná trí mhí. Os a choinne sin níl víosa ‘Schengen’ ná aon údarú eile ann lena dtugtar cead fanacht níos mó ná trí mhí nó 90 lá i limistéar Schengen.

Thar na blianta, fuair an Coimisiún cuid mhór gearán agus iarratas ar réitigh maidir leis an bhfadhb sin ó náisiúnaigh tríú tíortha, idir na náisiúnaigh a bhfuil de cheanglas orthu víosaí a bheith acu agus iad siúd atá díolmhaithe ó víosaí a bheith acu. B'fhéidir go raibh an 'teorainn' 90 lá/180 lá oiriúnach do limistéar na gcúig stát a bhunaigh comhar Schengen, ach tá limistéar 26 Ballstát faoi Schengen anois agus is bacainn nach beag í an teorainn sin roimh chuid mhór náisiúnach tríú tíortha a bhfuil cúiseanna dlisteanacha acu le bheith ag taisteal sna Ballstáit. Cailleann na Ballstáit deiseanna eacnamaíocha mar gheall uirthi freisin.

Is é is príomhghné do na taistealaithe a chuireann fadhbanna in iúl go bhfuil sé beartaithe acu 'camchuairt a thabhairt' timpeall na hEorpa/na mBallstát. Is mian leo fanacht níos mó ná 90 lá (laistigh d'aon tréimhse 180 lá) i limistéar Schengen. Mar sin de, más náisiúnaigh tríú tíortha iad a bhfuil de cheanglas orthu víosa a bheith acu, ní féidir leo iarratas a chur isteach ar víosa ghearrfhanachta 'Schengen', ó nach n‑eisítear na víosaí sin ach do thurais ar feadh 90 lá tar éis a chéile ar a mhéad. Is gnách nach mbíonn náisiúnaigh tríú tíortha nach bhfuil víosaí de dhíth orthu i dteideal sin a dhéanamh ach oiread. Ach níl sé beartaithe ag na daoine i gceachtar den dá chatagóir sin fanacht níos mó ná 90 lá in aon cheann de na Ballstáit, agus, ar an ábhar sin, ní féidir leo víosa fadfhanachta 'náisiúnta'[8] ná cead cónaithe náisiúnta a fháil.

Mar gheall ar an mbearna sa reachtaíocht sin idir acquis Schengen agus rialacha náisiúnta inimirce an AE, ní mór do na taistealaithe sin, i bprionsabal, limistéar Schengen a fhágáil ar an lá deireanach den tréimhse fanachta 90 lá as a chéile agus 'fanacht' lasmuigh de na Ballstáit ar feadh 90 lá sular féidir leo filleadh le fanacht go dleathach arís. Ní leor ábhair imní na mBallstát mar chúis leis an gcruachás seo agus ní fearrde na Ballstáit é ó thaobh geilleagair, cultúir ná oideachais de.

Go háirithe, tá comhlachais agus grúpaí leasa ealaíontóirí beothaibhiúcháin ag leagan béime ar na deacrachtaí a bhíonn acu go minic mar gheall ar an 'teorainn' sin 90 lá/180 lá agus iad ag reáchtáil turas san Eoraip. Is gnách nach gcomhlíonann comhlachtaí ar camchuairt na ceanglais chónaithe lenar féidir le healaíontóirí, baill foirne agus a mbaill teaghlaigh víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe a fháil. Ós minic an‑saineolas agus an‑oiliúint ag baill foirne na gcomhlachtaí sin, ní féidir, de ghnáth, ionadaithe a fháil dóibh, nó bheadh sé costasach sin a dhéanamh agus chuirfeadh sé isteach go mór ar an obair. De réir samplaí a chuir Comhlachas Eorpach na Sorcas (European Circus Association) ar fáil, cailleadh ioncaim tuairim is EUR 380 000 in aghaidh na cuairte taibhiúcháin (i.e. in aghaidh an bhaile mhóir ina dtaibhíonn grúpa clúiteach) i sampla amháin agus ioncam EUR 920 000 i sampla eile (fostú áitiúil d'uiséirí, lamháltas, foirne glantóireachta, cíos ar láithreán, cánacha agus táillí, soláthraithe áitiúla, clódóirí, margaíocht, seirbhísí, óstáin agus bialanna, seirbhísí iompair áitiúla, pá agus tuarastal a íocadh i ngach baile mór). Luaigh Comhlachas Eorpach na Sorcas cásanna ina raibh ar chomhlacht an fhoireann agus an criú a ionadú/aistriú chun cloí leis an 'teorainn' fanachta. I gcás amháin, chaill comhlacht tuairim is EUR 110 000 mar gheall ar ionadú 36 ball foirne. De réir chraobh Eorpach Chumann na bhFostaitheoirí Beothaibhiúcháin (Pearle*). bíonn costas idir EUR 500 milliún agus EUR 1 bhilliún ar an AE ó nach bhfuil údarú 'malartach' ann, agus ní beag an méid sin agus cúrsaí airgeadais agus eacnamaíochta mar atá.

De réir gníomhaireachtaí taistil, agus an iomad ceisteanna a cuireadh ar an gCoimisiún, b'fhearrde go mór roinnt taistealaithe 'aonair' (mic léinn, taighdeoirí, ealaíontóirí agus gairmithe cultúir, pinsinéirí, lucht gnó, soláthraithe seirbhísí etc.) dá ligfí dóibh dul timpeall ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá laistigh de limistéar Schengen.

Sa bhreis air sin, is iomaí náisiúnach tríú tír atá ina chónaí cheana i limistéar Schengen agus víosa fadfhanachta nó cead cónaithe arna eisiúint ag Ballstát aige gur gá dó nó ar mian leis taisteal go Ballstáit eile le linn a thréimhse fanachta nó tar a éis. Mar shampla, b'fhéidir gur mhaith le náisiúnaigh tríú tíortha atá ina mic léinn taisteal laistigh de limistéar Schengen ar feadh sé mhí, cuir i gcás, tar éis dóibh a gcuid staidéir a chríochnú, De réir Airteagal 21 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme tá an ceart ag na daoine sin, i bprionsabal, gluaiseacht go saor sna Ballstáit ar bhonn a víosa fadfhanachta nó a gceada cónaithe, ach tá feidhm ag an 'teorainn' 90 lá/180 lá orthusan freisin.

Ní fadhb í an riail ghinearálta in aon chor i gcás formhór mór na dtaistealaithe agus ba cheart í a choinneáil. Ach chomh fada siar le 2001, d'aithin an Coimisiún go raibh gá ann í a chomhlánú trí údarú a thabhairt isteach do thréimhsí fanachta níos mó ná trí mhí i limistéar Schengen. Bheartaigh sé Treoir ón gComhairle faoina mbeadh sé de shaoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal laistigh de chríoch na mBallstát ar feadh tréimhsí nach mó ná trí mhí, lena dtabharfaí isteach údarú taistil sonrach agus lena socrófaí na coinníollacha iontrála agus gluaiseachta do thréimhsí nach mó ná sé mhí[9].

Bheartaigh an Coimisiún údarú taistil sonrach a thabhairt isteach do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil sé beartaithe acu taisteal i gcríoch na mBallstát ar feadh tréimhse nach mó ná sé mhí laistigh d'aon tréimhse áirithe 12 mhí. Leis an údarú sin, d'fhéadfaí fanacht 6 mhí tar éis a chéile i limistéar Schengen, ach ní fhanfadh na daoine a fuair é níos mó ná trí mhí in aon Bhallstát amháin. Tharraing an Coimisiún siar an togra sin — lenar cumhdaíodh roinnt saincheisteanna eile, e.g. díbirt — i Márta 2006. Ba iad príomhábhair imní na mBallstát an tráth sin an bonn dlí agus an maorlathas a síleadh a bhainfeadh leis an togra a bhí beartaithe. Bhí cuid acu i gcoinne an phlean an cead a thabhairt isteach do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil de cheanglas orthu víosa a fháil do thréimhse gearrfhanachta ó mheas siad go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do shláine an chórais víosaí gearrfhanachta.

Mar gheall ar an mbearna thuasluaite sa reachtaíocht, bíonn ar Bhallstáit na rialacha a lúbadh agus úsáid a bhaint as ionstraimí dlí nár ceapadh chun 'fadú' a chur le tréimhse fanachta údaraithe i limistéar Schengen: cur i bhfeidhm Airteagal 20(2)[10] den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme nó eisiúint víosaí bailíochta críochaí teoranta faoi Airteagal 25(1)(b) den Chód Víosaí[11]. Tá miontuairisc ar na cleachtais sin in Iarscríbhinn 7 den Mheasúnú Tionchair[12] a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir le Víosaí (an Cód Víosaí) (athmhúnlú)a tíolacadh san am céanna[13].

Dá bhrí sin, is oiriúnach cineál nua víosa a thabhairt isteach do náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu agus dóibh siúd a bhfuil de cheanglas orthu víosa a bheith acu agus a bhfuil cúis dhlisteanach acu le bheith ag taisteal timpeall limistéar Schengen ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.

Is é is cuspóir leis an togra seo an bhearna sa reachtaíocht idir acquis Schengen maidir le tréimhsí gearrfhanachta agus dlí an AE/an dlí náisiúnta maidir le cónaí i mBallstát áirithe a líonadh trí bhíthin:

– cineál nua víosa a bhunú ('víosa chamchuairte') le haghaidh tréimhse fanachta atá beartaithe i mBallstát amháin nó níos mó ar feadh níos mó ná 90 lá ach nach mó í ná aon bhliain amháin (ar féidir í a fhadú suas le dhá bhliain), ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá in aon Bhallstát amháin, agus

– na nósanna imeachta maidir le hiarratas a chur isteach agus na coinníollacha eisiúna maidir le víosaí camchuairte a leagan síos.

Ní rialáiltear leis an togra seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cead isteach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tíortha ar feadh tréimhsí fanachta níos mó ná trí mhí i mBallstát, ná na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le ceadanna oibre nó a gcoibhéis d'údaruithe a eisiúint (i.e. rochtain ar an margadh saothair).

Cé go bhforáiltear leis an togra seo gur cheart feidhm a bheith ag cuid mhór forálacha de chuid an Chóid Víosaí maidir leis an gcineál nua víosa a phróiseáil, tá údar le togra ar leith a bheith ann, seachas na forálacha sin a chur isteach sa togra le haghaidh an Cód Víosaí a leasú, ós iad is ábhar do na forálacha sin na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le víosaí a eisiúint do náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil de cheanglas orthu víosa a bheith acu (féach Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001).

2.           TORADH NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

· Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Tá tuairisc air sin sa Mheasúnú Tionchair dá dtagraítear i Roinn 1. Dearbhaíonn an chuid is mó de na grúpaí leasa — comhaltais ealaíontóir go háirithe— gur bacainn mhór roimh shoghluaiseacht í an bhearna atá sa chreat dlí atá ann faoi láthair, cibé acu ar chúiseanna gairmiúla nó ar chúiseanna fóillíochta a dhéantar an ghluaiseacht sin, agus ba bhreá leo dá dtabharfaí isteach víosa nua. Tá an chuma ar fhormhór na mBallstát, áfach, nach léir dóibh gur gá beart a dhéanamh ós beag an grúpa iarratasóirí a bheadh i gceist. Chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh ábhair imní acu maidir leis an mbonn dlí (féach Roinn 3).

· Measúnú tionchair

Tá an measúnú ar an tionchar a d'imreofaí dá dtabharfaí údarú isteach lena ligfí do náisiúnaigh tríú tíortha fanacht níos mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá i limistéar Schengen ina chuid den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra lena leasófaí an Cód Víosaí.

Tá plé ar dhá rogha rialála sa Mheasúnú Tionchair.

Ceann de na roghanna sin, cineál nua údaraithe a bhainfeadh le tréimhse fanachta i limistéar Schengen a mhairfeadh níos mó ná 90 lá ach nach mairfeadh níos mó ná 360 lá, ní raibh sé beartaithe é a bheith le fáil ach 'amháin' ag grúpa teoranta náisiúnach tríú tíortha: ealaíontóirí (nó lucht spóirt), gairmithe cultúir agus a mbaill criú atá fostaithe ag comhlachtaí nó ag eagraíochtaí beothaibhiúcháin iontaofa aitheanta agus croíbhaill teaghlaigh atá in éineacht leo. Níor cuireadh an tairbhe sin ar fáil ach don ghrúpa sin amháin mar gur cosúil gurb é sin an príomhghrúpa náisiúnach tríú tíortha a ndéanann an bhearna atá sa reachtaíocht faoi láthair dochar dóibh.

Bhí údarú den chineál céanna i gceist i rogha beartais eile, ní don chatagóir sin náisiúnach tríú tíortha amháin, ach do na náisiúnaigh tríú tíortha uile (i.e. taistealaithe 'aonair', e.g. turasóirí, taighdeoirí, mic léinn, lucht gnó). Ós é is cúis leis an bhfadhb go bhfuil bearna sa reachtaíocht idir acquis Schengen maidir le gearrfhanacht i limistéar Schengen agus an reachtaíocht maidir le cead isteach a thabhairt do náisiúnaigh tríú tíortha do thréimhsí fanachta níos mó ná 90 lá i gcríoch Ballstáit, níor forbraíodh rogha beartais neamhrialaitheach.

Léiríodh sa Mheasúnú Tionchair[14] go gcailleann an AE cuid mhór airgid de cheal údarú lenarbh fhéidir le taistealaithe fanacht níos mó ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá i limistéar Schengen. De réir an staidéir atá ina thaca ag an Measúnú Tionchair, tá líon na dtairbhithe is féidir a bheith ann measartha beag. B'fhéidir go mbainfeadh cur chun feidhme na chéad rogha le tuairim is 60 000 iarratasóir, ach d'fhéadadh a dhá oiread sin a bheith ann dá nglacfaí an dara rogha. Tá na líonta sin measartha beag, má chuirtear sa chuntas gur cuireadh isteach níos mó ná 15 mhilliún iarratas ar víosaí 'Schengen' in 2012 agus go bhfuil an líon sin ag síormhéadú.

Os a choinne sin, meastar gur 'caiteoirí móra airgid' iad na taistealaithe sin agus, dá bhrí sin, gur dócha go gcruthóidh siad ioncam nach beag agus go gcuirfidh siad borradh faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch san AE, agus ní hé an chúis is lú leis sin go bhfanann siad níos faide i limistéar Schengen. D'fhéadfadh ioncam breise tuairim is EUR 500 milliún teacht as limistéar Schengen gach bliain, dá nglacfaí rogha 1. Meastar go mbeadh tionchar eacnamaíoch tuairim is EUR 1 bhilliún ag an rogha eile. I gcás an dá rogha, thiocfadh an tairbhe eacnamaíoch as an airgead a chaithfeadh taistealaithe 'nua' a tharraingeofaí isteach leis an deis nua fanacht níos faide i limistéar Schengen gan 'modhanna eile' achrannacha nach bhfuil go hiomlán dleathach a úsáid, amhail víosaí bailíochta críochaí teoranta a fháil.

Léiríodh sa Mheasúnú Tionchar freisin gur beag an costas riaracháin a bheadh ar an gcineál nua údaraithe a phróiseáil, ó táthar ag súil go mbeidh líon na n‑iarratas beag agus ó bheadh táille le híoc. Gearrtar costais cheana ar náisiúnaigh tríú tíortha a chuireann isteach iarratais ar víosaí nua nó ar fhaduithe. Maidir leis an dara rogha, tá riosca sonrach léirithe sa Mheasúnú Tionchair: b'fhéidir go lorgódh roinnt daoine ag a mbeadh an t‑údarú nua fostaíocht ar an margadh dubh.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Míniú mionsonraithe ar an togra

Is é is cuspóir don togra bearna sa reachtaíocht a líonadh. Dá bhrí sin, bunaítear cineál nua víosa darb ainm 'víosa chamchuairte' (víosa de Chineál‑T) le hAirteagal 1 den togra. Léirítear leis an togra freisin nach ndéanann an Rialachán difear don acquis maidir le cead isteach/inimirce. Is intuigthe as sin, mar shampla, nach ndéanann an Rialachán difear do reachtaíocht na mBallstát maidir leis an tionchar a imríonn náisiúnaigh tríú tíortha 'a bheith as láthair' ar a gcead cónaithe agus iad ag taisteal i mBallstáit eile ar bhonn víosa camchuairte. Níl náisiúnaigh tríú tíortha a theachtann soghluaiseacht (laistigh den AE) faoi réir rialacha an AE cumhdaithe faoin Rialachán.

Le hAirteagal 2, leagtar bunphrionsabal síos trí chrostagairt a dhéanamh d'fhorálacha an Chóid Víosaí agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí agus malartú sonraí i ndáil le víosaí gearrfhanachta idir na Ballstáit (Rialachán an CFV)[15]. Tá an víosa chamchuairte éagsúil go leor ar chuid mhór bealaí leis an víosa ghearrfhanachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Chód Víosaí. Os a choinne sin, tá sí an‑chosúil le víosa aonfhoirmeach ós rud é go bhfuil sé bailí, i bpriosabal, do chríoch na mBallstát uile. Tá an cineál nua víosa bunaithe ar an mbonn dlí atá ag víosaí agus ceadanna gearrfhanachta, mar atá, Airteagal 77 den CFAE. Dá bhrí sin, tá údar maith, i bprionsabal, leis na forálacha ábhartha den Chód víosaí a chur i bhfeidhm ar an víosa chamchuairte. Leis na forálacha tar a éis sin (Airteagal 4 agus Airteagal 9), mionsonraítear cé na forálacha den Chód Víosa is infheidhme maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le víosaí camchuairte a eisiúint, agus leagtar síos na maoluithe ar na rialacha sin agus an méid atá á chur leo, agus sonraíochtaí an chineáil nua víosa á gcur san áireamh. Chun na críche sin, leanann na hAirteagail tar a éis sin struchtúr an Chóid Víosaí, ag dul ó chaibidil go caibidil agus ag dearbhú i gcás gach uile fhorála an bhfuil feidhm aici agus an gcuirtear léi nó an bhfuil aon mhaoluithe uirthi. Ó tá athmhúnlú ar an gCód Víosaí[16] beartaithe ag an gCoimisiún san am céanna, is do na forálacha atá sa rialachán athmhúnlaithe atá beartaithe a thagrófar sa togra seo, agus ní do na forálacha atá ann faoi láthair[17]. Beidh lánfheidhm ag Rialachán an CFV, arna leasú leis an togra seo, maidir leis an víosa chamchuairte agus ní gá cur leis ná maolú de.

Le hAirteagal 3, foráiltear gur infheidhme sainmhínithe áirithe atá sa Chód Víosaí (e.g. 'náisiúnach tríú tír', 'greamán víosa', 'iarratas', 'consalacht') maidir leis an togra seo freisin. Lena chois sin, sainmhínítear 'víosa chamchuairte' san Airteagal mar údarú a eisíonn Ballstát le haghaidh tréimhse fanachta bheartaithe in dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh 90 lá san iomlán laistigh d'aon tréimhse 180 lá, ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá[18] in aon Bhallstáit amháin. Leis an 'teorainn' sin, leagtar síos nach gceadófar tréimhsí fanachta níos mó ná trí mhí in aon Bhallstát amháin.

In Airteagal 4, tá na forálacha leagtha amach atá sa Chód Víosaí maidir leis na húdaráis a ghlacann páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis an víosa chamchuairte. Tá sé leagtha síos ann nach bhféadfar iarratais ar víosaí camchuairte a chur isteach ag na teorainneacha seachtracha, ós gá mionscrúdú a dhéanamh ar an gcás sula n‑údarófar tréimhse fanachta is féidir a mhairfidh suas le dhá bhliain i limistéar Schengen, rud nach féidir a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha. Tá maolú ar Airteagal 5 den Chód Víosaí san Airteagal freisin, ó tá sé ráite ann gurb é an Ballstát a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir dul trasna a theorann seachtraí ba cheart a bheith inniúil ar iarratas ar víosa chamchuairte a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh faoi. Is é is údar leis sin nárbh infheidhme in aon chor forálacha an Chóid Víosaí mar atá (príomhcheann scríbe de réir cuspóra agus faid tréimhse fanachta) maidir le cuid mhór náisiúnach tríú tíortha ar mian leo bheith ar camchuairt i limistéar Schengen ar feadh níos mó ná 90 lá. Sa chás sin, b'ionann cuspóir na cuairte sna Ballstáit uile (e.g. beothaibhiú nó turasóireacht) i bprionsabal, ach, i gcuid mhór cásanna, ní bhíonn a fhios ag na hiarrthóirí roimh ré cá fhad a fhanfaidh siad i mBallstáit éagsúla. Ar deireadh, de réir Airteagal 4, tá náisiúnaigh tríú tíortha áirithe i dteideal iarratas ar víosa chamchuairte a chur isteach i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil siad i láthair go dleathach. Is é is údar leis sin, go mbíonn cóir airgeadais leordhóthanach agus cúis dhlisteanach le bheith ag dul timpeall i mBallstáit eile ar feadh níos mó ná 90 lá i dtréimhse áirithe 180 lá agus iad ina gcónaí/ag fanacht i mBallstát áirithe (nó díreach tar éis bheith ina gcónaí ann ar an dóigh sin) ag cuid mhór náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí i gcríoch na mBallstát agus ag náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu do thréimhsí fanachta suas le 90 lá (gearrfhanacht). Ní le leas slándála ná le leas eacnamaíoch an Aontais é a chur de cheanglas ar na daoine sin limistéar Schengen a fhágáil chun iarratas a chur isteach ar víosa chamchuairte ina dtír thionscnaimh.

In Airteagal 5, tá na forálacha sa Chód Víosa sonraithe arb infheidhme iad maidir leis an bpróiseas iarratais ar víosa chamchuairte agus tá forálacha agus eisceachtaí breise leagtha síos ann. Leis an Airteagal sin, cuirtear de cheanglas ar iarratasóirí doiciméad taistil bailí a thaispeáint, doiciméad a aithníonn an Ballstát atá inniúil i dtaobh iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis agus aon Bhallstát amháin eile ar a laghad. Tá coinníoll bhreise ann d'iarratasóirí, mar atá, nach mór dóibh cruthúnas iomchuí a chur ar fáil go bhfuil sé beartaithe acu fanacht i gcríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh níos mó ná 90 lá san iomlán gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch aon cheann de na Ballstáit sin. Níl maoluithe ar an gCód Víosaí maidir leis an táille víosa san Airteagal agus EUR 60 a bheidh sa táille sin mar sin (i.e an táille víosa chaighdeánach ar iarratas ar víosa ghearrfhanachta). Is é is údar leis sin gurb ionann cúraimí na gconsalachtaí, a bheag nó a mhór, cibé acu víosaí gearrfhanachta nó víosaí camchuairte atá á bpróiseáil acu. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sa Chód Víosaí a bhaineann leis an táille víosa a laghdú nó a tharscaoileadh freisin. Mar an gcéanna, beidh feidhm ag na forálacha sa Chód Víosaí a bhaineann leis an táille sheirbhíse is féidir le soláthraithe seirbhísí seachtracha a ghearradh agus ní bheidh an táille sin os cionn EUR 30 (leathchuid den táille víosa).

Critéar tábhachtach eile atá leagtha amach san Airteagal sin, go mbeidh ar iarratasóirí a léiriú go bhfuil cóir mhaireachtála leordhóthanach acu agus go bhfuil a staid eacnamaíoch cobhsaí le duillíní pá nó ráitis bhainc a chumhdaíonn tréimhse 12 mhí roimh dháta an iarratais agus/nó doiciméid tacaíochta lena léirítear go bhfaighidh na hiarratasóirí cóir airgeadais leordhóthanach go dleathach le linn a dtréimhse fanachta (e.g. cruthúnas go bhfuil siad i dteideal pinsin). De réir an Airteagail sin, beidh cead ag iarratasóirí ag a bhfuil víosa chamchuairte iarratas a chur isteach sa Bhallstát ina bhfuil siad i láthair go dleathach ar chead(anna) oibre atá ceangailte i mBallstáit ina mbeidh siad tar a éis sin. Ní chuirfidh an fhoráil sin isteach ar fhorálacha a bhaineann le rochtain ar an margadh saothair ná ní rialálfar léi an bhfuil cead oibre ceangailte nó nach bhfuil, ná ní dhéanfaidh sé difear do na coinníollacha eisiúna. Ní rialálfar leis an bhforáil sin ach an áit iarratais, a mhéid is ba cheart cead a bheith ag náisiúnach tríú tír iarratas a chur isteach ar chead oibre gan limistéar Schengen a fhágáil. Tá éascuithe nós imeachta áirithe beartaithe san Airteagal (i.e. gur féidir cur isteach doiciméad tacaíochta áirithe a tharscaoileadh) do chatagóirí sonracha iarratasóirí a oibríonn do chuideachta, eagraíocht nó institiúid iontaofa aitheanta, go háirithe ar an leibhéal bainistíochta nó mar mhac léinn, taighdeoir, ealaíontóir, gairmí cultúir etc. Maidir leis an gcatagóir seo daoine, maíonn geallsealbhóirí, agus is fíor dóibh, nár cheart an nós imeachta a bheith dírithe ar an iarratasóir 'aonair' amháin, ach ar stádas iontaofa na cuideachta/na heagraíochta/na hinstitiúide a chuireann an t‑iarratasóir amach, a bheidh ina óstach ag an iarratasóir nó a thugann cuireadh dó.

Seachas an tagairt d'fhorálacha ginearálta an Chóid Víosaí i leith iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis a bheidh infheidhme maidir le víosaí camchuairte, is é an phríomhfhoráil in Airteagal 6 gur cheart aird ar leith a dhíriú ar staid airgeadais an iarratasóra: cóir mhaireachtála airgeadais leordhóthanach d'fhad iomlán na tréimhse fanachta atá beartaithe, lena n‑áirítear cóir leordhóthanach le híoc as cóiríocht. Tá spriocam ginearálta 20 lá féilire i leith cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas leagtha síos san Airteagal freisin. Is faide sin ná an fad ama d'iarratais a phróiseáil atá ann faoi láthair agus is é is údar leis gur gá mionscrúdú a dhéanamh ar staid airgeadais reatha an iarratasóra.

Ós gá soiléiriú a dhéanamh maidir leis an idirghníomhaíocht idir tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe seachas tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí camchuairte chun an cineál nua víosa a ionchorprú sa 'chóras', tá cead tugtha in Airteagal 6 tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí camchuairte a chumasc le tréimhsí fanachta saor ó víosa roimhe sin nó tar a éis sin, tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe. Cuirfear forálacha atá cosúil leo sin isteach sa Chód Víosaí agus i gCód Teorainneacha Schengen.

In Airteagal 7, pléitear eisiúint na víosa camchuairte, cás inar cheart forálacha sonraithe den Chód Víosa a bheith i bhfeidhm freisin. Tá sé leagtha síos go sonrach san Airteagal sin gur cheart iliontrálacha a bheith ceadaithe le víosa chamchuairte i gcónaí. Maidir le fad na tréimhse fanachta údaraithe — in éindí le hAirteagal 8 — foráiltear sa togra go bhféadfaidh náisiúnaigh tríú tíortha ar féidir leo a chruthú go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá le tréimhse chomh fada sin fanacht suas le dhá bhliain as a chéile i limistéar Schengen. Agus iarratas á measúnú acu, agus go háirithe tréimhse fanachta údaraithe á sainiú acu, ba cheart do chonsalachtaí na fachtóirí ábhartha uile a chur san áireamh, e.g. nach mbaineann fadhbanna mar is léir ar an taithí a fuarthas maidir le himirce neamhrialta nó rioscaí slándála le saoránaigh tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa do thréimhsí gearrfhanachta. Ba cheart tréimhse bailíochta na víosa camchuairte a bheith ag freagairt d'fhad na tréimhse fanachta údaraithe. Mar gheall ar an gcineál víosa atá sa víosa nua, tá sé leagtha síos san Airteagal nach féidir víosa chamchuairte a eisiúint a mbeidh a bailíocht teoranta do chríoch aon Bhallstáit amháin. Tá víosa chamchuairte, de réir a shainmhínithe féin, in ainm ligean d'iarratasóirí dul timpeall i roinnt Ballstát.

Tá an víosa chamchuairte le heisiúint i bhformáid aonfhoirmeach (greamán víosa) atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95, agus beidh an litir 'T' ar mar chomhartha ar a cineál. Tá tagairt in Airteagal 77(2)(a) den CFAE do 'víosaí' agus do 'cheadanna cónaithe gearrfhanachta' araon. Ó eisítear ceadanna cónaithe i bhformáid cárta (phlaistigh) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 an 13 Meitheamh 2002[19], agus ó nach bhfuil sé d'acmhainn ag formhór chonsalachtaí na mBallstát ceadanna i bhformáid cárta a eisiúint, bheadh ualach iomarcach ar na Ballstáit dá mbeadh de cheanglas orthu cead nua i bhformáid cárta a eisiúint.

Baineann Airteagal 8 le modhnú víosa a eisíodh cheana féin, i.e. í a fhadú a neamhniú nó a chúlghairm. Foráiltear ann go bhféadfar fad tréimhse fanachta a shíneadh i gcás tréimhse suas le dhá bhliain. Murab ionann agus forálacha maidir le víosa ghearrfhanachta a shíneadh, ní bheidh de cheanglas ar iarratasóirí údar a thabhairt do chásanna 'eisceachtúla'. Is é rud gur minic gur gá do dhaoine is féidir a chuirfidh iarratas isteach ar an gcineál sin víosa (go háirithe ealaíontóirí beothaibhiúcháin) fanacht ar feadh tréimhsí fada i limistéar Schengen gan dul ag cónaí in aon cheann de na Ballstáit. Chun iarratas a chur isteach ar fhadú ar víosa chamchuairte, beidh ar na hiarratasóirí a chruthú go gcomhlíonann siad fós na coinníollacha iontrála agus eisiúna víosa agus go gcomhlíonfaidh an tréimhse fanachta leanúnaí an ceanglas gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá in aon Bhallstát amháin.

In Airteagal 9 tá na forálacha sonraithe atá sa chaibidil sa Chód Víosaí maidir le 'Bainistiú riaracháin agus eagrú' ar cheart feidhm a bheith acu maidir le víosaí camchuairte a eisiúint freisin. Faoi chuimsiú chomhar áitiúil Schengen, ba cheart do chonsalachtaí staitisticí agus faisnéis eile faoi víosaí camchuairte a mhalartú.

Airteagail chríochnaitheacha agus/nó oibríochtúla, mar a thugtar orthu, atá in Airteagail 10 go dtí 16, agus in Airteagail nach iad, lena bpléitear leis na treoracha oibríochtúla maidir le víosaí camchuairte a phróiseáil (ina dtabharfar soiléiriú breise maidir leis an mbaint idir forálacha an Chóid Víosaí agus na forálacha atá leagtha amach sa Togra seo), faireachán, teacht i bhfeidhm etc. Is é is príomhchuspóir do na leasuithe ar Chód Víosaí Schengen agus ar Rialachán an CFV, an víosa chamchuairte a 'chomhtháthú' in acquis Schengen.

I dtosach báire, is ionann sin agus a rá go mbeidh feidhm ag na coinníollacha iontrála atá leagtha amach in Airteagal 5 de Chód Víosaí Schengen mar choinníollacha maidir le víosa chamchuairte a eisiúint freisin agus, sa bhreis air sin, ní mór a áirithiú go gclárófar iarratais ar víosaí camchuairte agus na víosaí féin sa CFV. Ba cheart a lua, áfach, go mbaineann an togra le náisiúnaigh atá díolmhaithe ón gceanglas víosa ghearrfhanachta a bheith acu freisin (féach Iarscríbhinn II den Rialachán Víosaí) agus nach bhfuil a sonraí cláraithe sa CFV ar an dóigh sin, ós rud é, i bprionsabal, nach mbaineann rioscaí slándála nó imirce le taistealaithe ó na tíortha sin do na Ballstáit. Dá bhrí sin, i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, níl údar go leor ann méarloirg náisiúnach na dtríú tíortha sin (e.g. an Astráil, Ceanada, na Stáit Aontaithe) a bhailiú. Foráiltear don díolúine sin in Airteagal 5 agus cuireann sí ar chumas na mBallstát iarratais ar víosaí camchuairte a ghlacadh ar líne nó tríd an bpost ó shaoránaigh na dtríú tíortha sin.

Is gá léirmhíniú níos mó a thabhairt ar Airteagal 12. Aisghairtear leis go páirteach Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, ina bhfuil sé leagtha síos, má thug Ballstát comhaontú déthaobhach maidir le víosaí a tharscaoileadh i gcrích le tríú tír atá ar an liosta in Iarscríbhinn II den Rialachán Víosaí (an 'liosta saor ó víosa') roimh theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme (nó ar an dáta a tháinig an Ballstát sin isteach i gComhaontú Schengen, más déanaí é ná sin), go bhféadfaidh Ballstát forálacha an chomhaontaithe dhéthaobhaigh sin a úsáid mar bhonn le haghaidh tréimhse fanachta saor ó víosa a 'fhadú' níos mó ná trí mhí ina chríoch i gcás náisiúnach an tríú tír lena mbaineann.

Is amhlaidh, mar shampla, a fhéadfaidh saoránaigh Cheanada, na Nua‑Shéalainne nó na Stát Aontaithe fanacht sna Ballstáit sin ar feadh na tréimhse dá bhforáiltear leis an gcomhaontú déthaobhach maidir le víosaí a tharscaoileadh atá i bhfeidhm idir na Ballstáit agus na trí thír sin (trí mhí de ghnáth), le cois na tréimhse fanachta ginearálta 90 lá i limistéar Schengen. I gcás na dtíortha sin, is eol don Choimisiún go bhfuil roinnt comhaontuithe déthaobhacha ann a fhágann go bhféadfaidh a saoránaigh fanacht go dleathach ar feadh tréimhse beagnach gan teorainn i limistéar Schengen ar bhonn tarscaoilte víosa gearrfhanachta. Tá 16 chomhaontú dhéthaobhacha ag an Nua‑Shéalainn, mar shampla, agus mar sin de, féadfaidh a saoránaigh, i ngníomh, sa bhreis ar an tréimhse fanachta saor ó víosa 90 lá, fanacht i gcríoch limistéar Schengen ar feadh 51 mí (trí mhí móide 48 mí).

Chomh fada siar le 1998, mheas na Ballstáit nach raibh a leithéid de thréimhse fanachta gan teorainn ag teacht le spiorad limistéir gan teorainneacha críche. Ghlac an Coiste Feidhmiúcháin Cinneadh i leith comhchuibhiú comhaontuithe maidir leis an gceanglas víosa a chealú[20]. De réir an Chinnidh sin, bhí na Ballstáit le clásail chaighdeánacha a chur isteach ina gcomhaontuithe déthaobhacha lena gcuirfí teorainn trí mhí do gach sé mhí le fad tréimhsí fanachta saor ó víosa i limistéar Schengen (seachas i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann)

Nuair a tháinig Conradh Amstardam i bhfeidhm agus gur comhtháthaíodh acquis Schengen sa chreat Comhphobail, fágadh, ní amháin nach raibh Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme ag teacht le spiorad an limistéir gan teorainneacha críche ach nach raibh sé ag luí leis an gConradh ach oiread. Bhí tagairt in Airteagal 62(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE) do 'bhearta ag leagan amach na gcoinníollacha faoina mbeidh saoirse taistil ag náisiúnaigh tríú tíortha ar chríoch na mBallstát le linn tréimhse nach faide ná trí mhí’. Dá bhrí sin, sa tionscnamh a tháinig uaidh in 2001 darb ainm 'an ceart taisteal', bheartaigh an Coimisiún Airteagal 20(2) a aisghairm.

Ní chuirtear teorainn trí mhí feasta le 'gearrfhanacht' i limistéar Schengen leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ní shonraítear leis fad na tréimhse atá i gceist ach oiread. Os a choinne sin, níl Airteagal 20(2) ná 'faduithe' ar thréimhsí fanachta' déthaobhacha ag luí fós le 77(2)(a) agus (c) den Chonradh ó nach féidir an comhbheartas maidir le víosaí a bhunú ar chomhaontuithe déthaobhacha ón am atá caite. Níor cheart an raon saoirse taistil atá ag náisiúnaigh tríú tíortha a bheith faoi réir líon ná ábhar na gcomhaontuithe déthaobhacha a tugadh i gcrích roimhe seo. Ba cheart aon tacar rialacha amháin a bheith i bhfeidhm ar gach náisiúnach tríú tír atá saor ó víosa. Tagann fadhbanna praiticiúla as Airteagal 20(2) a chur i bhfeidhm, agus fágann sé go bhfuil neamhchinnteacht dlí ann d'údaráis agus do thaistealaithe araon, agus taistealaithe ag imeacht as limistéar Schengen go háirithe. Lena chois sin, tá rialacha glana soiléire de dhíth ar an gCóras Isteach/Amach agus, ar chúiseanna teicniúla, ní fhéadfar a chur san áireamh gur féidir go leanfaidh d'fheidhm an tarscaoilte víosa dhéthaobhaigh nuair a bheidh an tréimhse fanachta údaraithe le fíorú. Ar deireadh, ceann de na haidhmeanna atá le víosa chamchuairte a thabhairt isteach, creat dlí agus údarú iomchuí a chur ar fáil lenar féidir le náisiúnaigh tríú tíortha saor ó víosa fanacht i limistéar Schengen ar feadh níos mó ná 90 lá.

Foráiltear sa togra do thréimhse eatramhach cúig bliana ar féidir leis na Ballstáit 'deireadh a chur de réir a chéile' lena linn le tionchar a gcomhaontuithe déthaobhacha a mhéid a bhaineann siad le fad tréimhsí fanachta náisiúnach tríú tíortha i limistéar Schengen. Ní féidir sin a dhéanamh thar oíche agus ba cheart a aithint freisin gur mór le tríú tíortha áirithe an status quo a chaomhnú.

Ó thaobh na polaitíochta de, tá sin intuigthe. Tá comhaontú maidir le víosaí a tharscaoileadh ar cheann de na hionstraimí dlí a mbaineann saoránaigh ar an dá thaobh tairbhe nithiúil dhíreach astu. Ní mór a léiriú nach ionann Airteagal 20(2) a aisghairm agus na comhaontuithe sin a aisghairm. Lena chois sin, dá gcuirfí cineál nua víosa le haghaidh suas le bliain amháin — ab fhéidir a fhadú suas le dhá bhliain — in ionad an chórais atá ann faoi láthair lena sínítear tréimhsí gearrfhanachta ar bhonn sean‑chomhaontuithe déthaobhacha maidir le víosaí a tharscaoileadh, gur bheag Meiriceánach, Ceanadach, Nua‑Shéalannach etc. a n‑imreofaí drochthionchar orthu dáiríre. Cuid mhór díobh sin ar mian leo fanacht ar feadh bliana nó níos mó, is dócha go n‑oibreoidh siad le linn na tréimhse sin agus teastóidh uathu, dá bhrí sin, dul chun cónaí i gceann de na Ballstáit, agus, mar gheall air sin, iarratas a chur isteach ar víosa fadfhanachta nó ar chead cónaithe.

· Nasc le tograí, lena n‑áirítear an togra maidir le Rialachán lena n‑athmhúnlófaí an Cód víosaí atá á chur síos san am céanna

Beidh tionchar ag an idirbheartaíocht maidir leis an Rialachán lena n‑athmhúnlófaí an Cód víosaí atá á chur síos san am céanna leis an togra seo, agus ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh a áirithiú go mbeidh na sineirgíochtaí is gá ann idir an dá thogra sin le linn na hidirbheartaíochta. Más rud é, le linn na hidirbheartaíochta sin, gur cosúil gur féidir na tograí a ghlacadh faoi cheann achair ama den chineál céanna, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an dá thogra a chumasc in aon togra amháin athmhúnlaithe.

Mar an gcéanna, níos faide anonn, ní mór sineirgíochtaí a áirithiú leis an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunófar Córas Isteach/Amach (EES) chun sonraí i ndáil le hiontráil agus imeacht náisiúnach tríú tíortha a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh[21]. Is féidir go mbeidh athruithe ar a ábhar agus ar a raon feidhme de dhíth má shocraítear úsáid a bhaint as an gCóras Isteach/Amach chun iontrálacha agus imeachtaí sealbhóirí víosa camchuairte ag teorainneacha seachtracha a rialú[22].

· Bunús Dlí

Le hAirteagal 77 den CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas beart a dhéanamh maidir le 'tréimhsí gearrfhanachta' i limistéar Schengen. De réir Airteagal 77(2) den CFAE:

‘[…] glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) an comhbheartas maidir le víosaí agus maidir le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile;

(b) na seiceálacha a mbeidh daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha;

(c) na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal ar feadh gearrthréimhse laistigh den Aontas;’

Tá bearta sa togra maidir le gach ceann de na trí eilimint sin. Dá bhrí sin, is cosúil gurb é Airteagal 77(2)(a), (b) an bunús dlí is iomchuí i gcás an togra seo.

Le hAirteagal 79 CFAE, tugtar de chumhacht don Aontas, faoi chuimsiú comhbheartais inimirce, reachtú maidir le víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe ó bhaineann an dá ní sin le cónaí dleathach i mBallstáit, i.e. le tréimhsí fadfhanachta in aon Bhallstát amháin. I mír (1) d'Airteagal 79, atá ina réamhrá, agus i mír (2)(b) den Airteagal sin, tá tagairt shainráite do náisiúnaigh tríú tíortha atá ina gcónaí go dleathach i mBallstáit. An spriocghrúpa atá ag an togra seo, ní mian leo ná ní gá dóibh bheith ina gcónaí in aon cheann de na Ballstáit; is é rud gur mian leo taisteal timpeall na hEorpa, i.e. dul timpeall laistigh de limistéar Schengen, agus é a fhágáil tar a éis sin. Dá bhrí sin, ní bunús dlí iomchuí don togra é Airteagal 79 CFAE.

Bhí tagairt in Airteagal 62 CCE, ar cuireadh Airteagal 77 CFAE ina ionad, do 'bhearta ag leagan amach na gcoinníollacha faoina mbeidh saoirse taistil ag náisiúnaigh tríú tíortha ar chríoch na mBallstát le linn tréimhse nach mó ná trí mhí'. Le hAirteagal(2)(c) 77 CFAE ní chuirtear teorainn trí mhí leis an ‘ngearrthréimhse’ feasta. Leis an athrú soiléir sin ar an gConradh, cuireadh deireadh leis an mbacainn a d'fhéadfadh bheith ann de réir na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana roimh thogra den chineál seo a ghlacadh.

Ar deireadh, is é Airteagal 77(2)(a), (b) agus (c) den CFAE an bunús dlí iomchuí don togra seo, lena bhfuil sé beartaithe dul timpeall náisiúnach tríú tír i limistéar Schengen a rialáil agus níl áit ann do chásanna a thagann faoi Airteagal 79 CFAE (cead isteach do thréimhsí gearrfhanachta i gcríoch aon Bhallstáit amháin). Is le sainmhíniú beartaithe nach gceadófaí do shealbhóirí na víosa camchuairte fanacht níos mó ná 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá i gcríoch aon Bhallstáit amháin a áirithítear nach mbeidh na cásanna sin ann.

· Prionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta

In Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) tá sé ráite nach ngníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtagann faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na gníomhaíochta arna beartú a bhaint amach go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Maidir leis an togra seo, is léir gur gá idirghabháil a dhéanamh ar leibhéal an Aontais. Aon údarú a bheadh bailí sna Ballstáit uile, is ar leibhéal an AE amháin is féidir é a thabhairt isteach; ní féidir leis na Ballstáit 'aitheantas frithpháirteach' víosaí camchuairte a chéile a chur ar bun ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na coinníollacha agus na nósanna imeachta eisiúna a bheith aonfhoirmeach do na mBallstát uile. Is ar leibhéal an Aontais amháin is féidir sin a dhéanamh.

In Airteagal 5(4) den CAE, tá sé ráite nach rachaidh gníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Maidir leis an bhfoirm a roghnófar do ghníomhaíocht seo an AE, is gá gur féidir cuspóirí an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme léi ar shlí atá chomh héifeachtach agus is féidir. Níl aon eilimintí sa togra seo nach mbainfeadh go díreach leis na cuspóirí sin. Tá sé comhréireach ó thaobh costas de freisin. Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

· Rogha ionstraime

Leis an togra seo, bunófar cineál nua víosa a bheidh bailí, i bprionsabal, sna Ballstáit uile agus leagfar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir leis an víosa sin a eisiúint. Dá bhrí sin, is Rialachán an t‑aon ionstraim dlí is féidir a roghnú.

4.           EILIMINTÍ BREISE

· Rannpháirtíocht

Cuireann an togra sin le acquis Schengen sa mhéid agus go mbaineann sé leis an gcomhbheartas víosaí a fhorbairt tuilleadh. Dá bhrí sin, ní mór na hiarmhairtí seo a leanas a bhaineann leis na prótacail éagsúla a ghabhann leis na conarthaí agus leis na comhaontuithe leis na tíortha comhlachaithe a chur san áireamh:

An Danmhairg: I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 den Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an CAE agus leis an CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta de bhun Theideal V de chuid 3 den CFAE. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

An Ríocht Aontaithe agus Éire: I gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 den Phrótacal lena gcomhtháthaítear acquis Schengen isteach i gcreat an Aontais Eorpaigh agus Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le hiarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus Cinneadh ón gComhairle 2002/192/CE an 28 Feabhra 2002 maidir le hiarraidh na hÉireann ar bheith rannpháirteach i gcuid d'fhorálacha acquis Schengen, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i gcur chun feidhme an chomhbheartais víosaí, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí). Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

An Íoslainn agus an Iorua: Maidir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Chomhaontú Comhlachais arna chur i gcrích ag an gComhairle agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag an Iorua le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, is infheidhme iad, toisc go gcuireann an togra reatha le acquis Schengen mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn A den Chomhaontú sin[23].

An Eilvéis: Is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag an gCónaidhm le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[24].

Lichtinstéin: Is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, agus Cónaidhm na hEilvéise i ndáil leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[25].

An Chipir: Is éard atá sa Rialachán seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint eile aige leis, dá bhforáiltear le hAirteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

An Bhulgáir agus an Rómáin Is éard atá sa Rialachán seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint eile aige leis, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

An Chróit: Is éard atá sa Rialachán seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint eile aige leis, dá bhforáiltear le hAirteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

2014/0095 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a), (b) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[26],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[27],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Bunaíodh rialacha comhchuibhithe le reachtaíocht an Aontais maidir le hiontráil náisiúnach tríú tíortha sna Ballstáit do thréimhse suas le 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá.

(2)       Glacadh roinnt Treoracha earnála a bhaineann leis na coinníollacha atá le cead isteach a bheith ag náisiúnaigh i gcríoch na mBallstát do thréimhse níos mó ná trí mhí. Le hAirteagal 21 den Choinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme[28], tugtar ceart saorghluaiseachta laistigh de chríoch na mBallstát eile ar feadh suas le 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá do náisiúnaigh tríú tíortha ag a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta arna heisiúint ag ceann de na Ballstáit.

(3)       Náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil víosa de dhíth orthu agus iad siúd atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu, b'fhéidir go mbeadh cúis dhlisteanach acu le bheith ag taisteal laistigh de limistéar Schengen ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh de thréimhse áirithe 180 lá gan fanacht in aon Bhallstát amháin ar feadh níos mó ná 90 lá. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a ghlacadh chun gur féidir sin a dhéanamh.

(4)       Is minic a bhíonn sé deacair d'ealaíontóirí beothaibhiúcháin, go háirithe, camchuairteanna a eagrú san Aontas. Is féidir gur mian le mic léinn, taighdeoirí, gairmithe cultúir, pinsinéirí, lucht gnó agus soláthraithe seirbhísí chomh maith le turasóirí fanacht ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i limistéar Schengen. Ós rud é nach ann don údarás iomchuí tá daoine ann a thiocfadh ar cuairt agus nach dtagann agus cailltear airgead mar gheall air sin.

(5)       Tá idirdhealú sa Chonradh idir, ar thaobh amháin, coinníollacha iontrála sna Ballstáit agus forbairt comhbheartais maidir le víosaí gearrfhanachta agus, ar an taobh eile, coinníollacha maidir le hiontráil chun cónaí go dleathach i mBallstát agus eisiúint víosaí fadfhanachta agus ceadanna cónaithe chun na críche sin. Os a choinne sin níl aon sainmhíniú sa Chonradh ar cad is gearrfhanacht ann.

(6)       Ba cheart cineál nua víosa (víosa chamchuairte) a bhunú do náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu agus iad siúd a bhfuil víosa de dhíth orthu a bhfuil sé beartaithe acu dul timpeall i gcríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh níos mó ná 90 lá, ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe acu fanacht ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch aon Bhallstáit amháin. San am céanna, ba cheart an riail maidir le 90 lá sna 180 lá a choinneáil mar líne deighilte ghinearálta idir tréimhsí gearrfhanachta agus tréimhsí fadfhanachta, ó nach cúis trioblóide í ag formhór mór na dtaistealaithe.

(7)       Nuair a bhaineann sé le hábhar, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30] maidir le víosaí camchuairte a iarraidh agus a eisiúint. Dá ainneoin sin, ós rud é nach ionann riachtanais agus dálaí náisiúnach tríú tíortha a iarrann víosaí camchuairte agus ar chúiseanna eacnamaíocha agus slándála, ba cheart rialacha sonracha a thabhairt isteach, inter alia, maidir leis na húdaráis a ghlacann páirt sna nósanna imeachta, ag céim na hiarrata, i scrúdú ar iarratais agus cinnteoireacht ina leith, agus in eisiúint agus diúltú víosaí camchuairte.

(8)       Ba cheart an bóthar a réiteach ar dhóigheanna áirithe do na náisiúnaigh tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[31] ón gComhairle, amhail an díolúine ó bhailiú méarlorg.

(9)       Ba cheart soiléiriú a thabhairt maidir leis an idirghníomhaíocht idir tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí gearrfhanachta agus ceadanna cónaithe agus tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí camchuairte chun cinnteacht dlí a áirithiú. Ba cheart an deis a bheith ann tréimhsí fanachta ar bhonn víosaí camchuairte a chomhcheangal de thréimhsí fanachta saor ó víosa roimhe sin nó tar a éis sin agus de thréimhsí fanachta ar bhonn víosaí gearrfhanachta, víosaí fadfhanachta nó ceadanna cónaithe.

(10)     Ba cheart an deis a bheith ann fadú chur le tréimhse fanachta údaraithe, agus pátrúin taistil agus riachtanais shonracha á gcur san áireamh, ar choinníoll go leanfaidh sealbhóirí víosaí camchuairte de na coinníollacha iontrála agus eisiúna víosaí a chomhlíonadh agus gur féidir leo a chruthú go gcomhlíonann siad an ceanglas gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch an aon Bhallstáit amháin le linn na tréimhse fanachta ar cuireadh fadú léi.

(11)     Ba cheart scéim na víosaí camchuairte a chomhtháthú in uirlisí dlí ábhartha acquis Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart leasuithe a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32] agus i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5 de Rialachán Uimh. 562/2006 mar choinníollacha eisiúna. Ba cheart iarratais ar víosaí camchuairte agus cinntí maidir le víosaí camchuairte a chlárú sa Chóras Faisnéise Víosaí.

(12)     Tar éis bhunú na víosa camchuairte, ba cheart Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen a leasú ó nach bhfuil sé ag luí le 77(2)(a) agus (c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ós rud é nach féidir comhbheartas maidir le víosaí a bhunú ar chomhaontuithe déthaobhacha tarscaoilte maidir le víosaí a thug Ballstáit i gcrích a bheith ann nó as. Níor cheart an raon saoirse taistil atá ag náisiúnaigh tríú tíortha a bheith faoi réir líon ná ábhar na gcomhaontuithe déthaobhacha sin a tugadh i gcrích roimhe seo.

(13)     Ba cheart tréimhse eatramhach cúig bliana a bheith ann le haghaidh deireadh a chur de réir a chéile leis an tionchar atá ag comhaontuithe déthaobhacha tarscaoilte maidir le víosaí ar fhad tréimhse fanachta náisiúnach tríú tíortha i limistéar Schengen.

(14)     Chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha faoina gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le treoracha oibríochtúla i ndáil leis na cleachtais agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag na Ballstáit agus iad ag próiseáil iarratas ar víosaí camchuairte. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[33]. Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh.

(15)     Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Go háirithe, tá an Rialachán seo dírithe ar a áirithiú go n‑urramófar go hiomlán an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 7, an chosaint sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 8 agus cearta an linbh dá dtagraítear in Airteagal 24 den Chairt.

(16)     Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34] maidir le Ballstáit i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun an Rialacháin seo.

(17)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá, cineál nua víosa a thabhairt isteach a bheidh bailí sna Ballstáit uile agus coinníollacha agus nósanna imeachta eisiúna a bhunú a bheidh aonfhoirmeach, a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(18)     De réir Airteagal 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal le Conradh an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh maidir leis an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(19)     Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh ón gComhairle 2000/365/EC[35]; dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(20)     Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 2000/192/EC[36]; dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(21)     A fhad a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an mbaint atá ag Ríocht na hIorua le acquis[37] Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle[38].

(22)     A fhad a bhaineann leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen[39] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[40].

(23)     Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail arna síniú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen[41] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe A d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE ón gComhairle[42] maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail sin.

(24)     Maidir leis an gCipir, is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen nó a bhfuil baint eile aige le acquis Schengen de réir bhrí Airteagal 3(2) d'Ionstraim Aontachais 2003.

(25)     Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is éard atá sa Rialachán seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint aige leis de réir bhrí Airteagal 4(2) d'Ionstraim Aontachais 2005.

(26)     Maidir leis an gCróit, is éard atá sa Rialachán seo, gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint eile aige leis de réir bhrí Airteagal 4 (2) d'Ionstraim Aontachais 2011.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I – Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.         Leis an Rialachán seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le víosaí camchuairte.

2.         Beidh feidhm aige maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach saoránaigh iad den Aontas de réir bhrí Airteagal 20(1), gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)        an ceart saorghluaiseachta atá ag náisiúnaigh tríú tíortha ar baill de theaghlaigh saoránaigh de chuid an Aontais iad;

(b)        na cearta coibhéiseacha atá ag náisiúnaigh tríú tíortha agus ag baill a dteaghlaigh agus a bhfuil cearta saorghluaiseachta acu, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus a Bhallstáit agus na tríú tíortha sin, atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais agus baill a dteaghlaigh.

3.         Ní dhéanann an Rialachán seo difear d'fhorálacha dhlí an Aontais ná an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a bhaineann le:

(a)        cead isteach le haghaidh tréimhsí fanachta is mó na trí mhí i gcríoch aon Bhallstáit amháin agus an cead gluaiseacht go críoch Ballstát eile a leanann é;

(b)        rochtain ar an margadh saothair agus gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh.

Airteagal 2

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)]

1.         Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 maidir le víosaí camchuairte.

2.         Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)] maidir le víosaí camchuairte dá bhforáiltear in Airteagail 4 go dtí 10.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1) beidh feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagail 2(1), agus (11) go dtí (16) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

(2) ciallaíonn 'víosa chamchuairte' údarú a eisíonn Ballstát le haghaidh tréimhse fanachta bheartaithe i gcríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá, ar choinníoll nach bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch aon Bhallstáit amháin.

Caibidil II– Coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le víosaí camchuairte a eisiúint

Airteagal 4

Na húdaráis a ghlacfaidh páirt sna nósanna imeachta a bhaineann le hiarratais

1.         Beidh feidhm ag Airteagail 4(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Ní scrúdófar iarratais agus ní dhéanfar cinneadh maidir leo ag teorainneacha seachtracha na mBallstát.

3.         Is é an Ballstát a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a theorainn a thrasnú chun iontráil i gcríoch na mBallstát a bheidh inniúil i dtaobh iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis.

4.         Féadfar iarratais ó náisiúnaigh tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 atá i láthair go dleathach i gcríoch Ballstáit a chur isteach laistigh de chríoch an Bhallstáit sin ar choinníoll go bhfuil 20 lá féilire ar a laghad ag consalacht an Bhallstáit inniúil le haghaidh cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas.

5.         Iarratais ó náisiúnaigh tríú tíortha, cibé náisiúntacht atá acu, ag a bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bhailí arna eisiúint ag Ballstát, féadfar iad a chur isteach laistigh de chríoch an Bhallstáit sin 20 lá féilire ar a laghad roimh dhul in éag don chead cónaithe nó don víosa fadfhanachta.

6.         I gcásanna dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, is é an Ballstát a bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir iontráil ann ar dtús tríd an víosa chamchuairte a úsáid a bheidh inniúil i dtaobh iarratas ar víosa chamchuairte a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis.

Airteagal 5

Iarratas

1.         Beidh feidhm ag Airteagal 8(1), (2), (5), (6) agus (7), Airteagal 9, Airteagal 10(1), agus (3) go dtí (7), Airteagal 11, pointí (b) agus (c), Airteagal 12, Airteagal 13(1), pointí (a) go dtí (d), Airteagal 13(5), (6) agus (7), Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Beidh an fhoirm iarratais le haghaidh na víosa camchuairte ar an dóigh atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

3.         Sa bhreis ar na critéir atá leagtha amach in Airteagal 11, pointí (b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], taispeánfaidh iarratasóirí doiciméad taistil a aithníonn an Ballstát atá inniúil i dtaobh iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis agus aon Bhallstát amháin eile ar a laghad.

4.         Sa bhreis ar na catagóirí daoine atá liostaithe in Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], beidh náisiúnaigh tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt. Sna cásanna sin, cuirfear an iontráil 'ní infheidhme' isteach sa Chóras Faisnéise Víosaí i gcomhréir le hAirteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008.

5.         Sa bhreis ar na doiciméid tacaíochta atá liostaithe in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], taispeánfaidh iarratasóirí:

(a)        cruthúnas iomchuí go bhfuil sé beartaithe acu fanacht i gcríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch ceann de na Ballstáit sin;

(b)        cruthúnas go bhfuil árachas tinnis acu i leith na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth i gcás náisiúnaigh na mBallstát a bhfuiltear le cuairt a thabhairt air.

6.         Léireofar go bhfuil cóir leordhóthanach agus staid eacnamaíoch cobhsaí ag an iarratasóir le duillíní pá nó ráitis bhainc a chumhdaíonn tréimhse 12 mhí roimh dháta an iarratais agus/nó doiciméid tacaíochta lena léirítear go bhfaighidh na hiarratasóirí cóir airgeadais leordhóthanach go dleathach le linn a dtréimhse fanachta nó go mbeidh an tairbhe sin acu.

7.         Má theastaíonn cead oibre i mBallstát amháin nó níos mó tráth a iarrfar víosa chamchuairte mar gheall ar chuspóir na cuairte, is leor don iarratasóir a chruthú go bhfuil cead oibre aige sa Bhallstát atá inniúil i dtaobh iarratas ar víosa chamchuairte a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis. Ceadófar do shealbhóirí víosa camchuairte iarratas a chur isteach sa Bhallstát ina bhfuil siad i láthair go dleathach ar an gcead oibre atá ceangailte sa chéad Bhallstát eile a bhfuil siad le cuairt a thabhairt air.

8.         Féadfaidh consalachtaí tarscaoileadh a dhéanamh ar an gceanglas aon doiciméad tacaíochta amháin nó níos mó a thaispeáint má oibríonn na hiarratasóirí do chuideachta, eagraíocht nó institiúid iontaofa a bhfuil aithne ag an gconsalacht uirthi, go háirithe ag leibhéal na bainistíochta, nó má thugann ceann de na comhlachtaí sin cuireadh do na hiarratasóirí, go háirithe mar thaighdeoir, mac léinn, ealaíontóir, gairmí cultúir, lucht spóirt nó ball foirne ag a bhfuil saineolas, taithí agus sáreolas teicniúil aige agus má chuirtear cruthúnas leordhóthanach isteach chuig an gconsalacht ina leith sin. Lena chois sin, féadfar an ceanglas a tharscaoileadh do ghar‑bhaill teaghlaigh, lena n‑áirítear an céile, daoine clainne faoi bhun 18 agus tuismitheoirí linbh faoi bhun 18 i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu taisteal le chéile.

Airteagal 6

Iarratas a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis

1.         Beidh feidhm ag Airteagal 16 agus Airteagal 17, Airteagail 18(1), (4), (5), (9), (10) agus (11), Airteagal 19 agus Airteagal 20(4), an abairt dheireanach, de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Sa bhreis ar na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)] chun a mheas an bhfuil an t‑iarratas inghlactha, seiceálfaidh an chonsalacht inniúil an gcomhlíonann an doiciméad taistil an ceanglas atá leagtha amach in Airteagal 5(3).

3.         Ina chuid den scrúdú ar iarratas ar víosa chamchuairte beidh, go háirithe, an measúnú ar an gceist an bhfuil cóir mhaireachtála airgeadais leordhóthanach ag na hiarratasóirí d'fhad iomlán na tréimhse fanachta atá beartaithe, lena n‑áirítear cóiríocht, mura soláthróidh an chuideachta, an eagraíocht nó an institiúid a thug an cuireadh nó a bheidh ina óstach an cóir mhaireachtála sin.

4.         Déanfar an scrúdú ar iarratas ar víosa chamchuairte agus an cinneadh maidir leis gan aird a thabhairt ar thréimhsí fanachta a údaraíodh faoi víosa ghearrfhanachta nó faoi tharscaoileadh víosa gearrfhanachta, faoi víosa fadfhanachta nó faoi chead cónaithe a eisíodh roimhe sin.

5.         Déanfar cinneadh maidir le hiarratais laistigh de 20 lá féilire ó dháta cur isteach iarratais inghlactha. I gcásanna eisceachtúla, féadfar fadú suas le 40 lá féilire a chur leis an tréimhse sin.

Airteagal 7

An víosa chamchuairte a eisiúint

1.         Beidh feidhm ag Airteagal 21(6), Airteagal 24(1), (3) agus (4), Airteagal 25, Airteagal 26(1) agus (5), Airteagail 27 agus Airteagal 28, Airteagal 29(1), pointe (a)(i) go dtí (iii), (v) agus (vi) agus pointe (b), agus Airteagal 29(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Leis an víosa chamchuairte, ceadófar iliontrálacha i gcríoch na mBallstát uile, gan dochar do mhír 5.

3.         Socrófar fad tréimhse fanachta údaraithe ar bhonn mionscrúdú ar an iarratas. Ní mhairfidh tréimhse fanachta údaraithe níos mó ná bliain amháin ach is féidir fadú suas le bliain eile a chur léi i gcomhréir le hAirteagal 8.

4.         Freagróidh tréimhse bailíochta na víosa camchuairte d'fhad na tréimhse fanachta údaraithe.

5.         Má bhíonn doiciméad taistil a aithníonn níos mó ná Ballstát amháin ach nach n‑aithníonn na Ballstáit uile ag iarratasóirí, beidh an víosa chamchuairte bailí do chríoch na mBallstát a aithníonn an doiciméad taistil, ar choinníoll nach mó an tréimhse fanachta atá beartaithe ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch na mBallstát lena mbaineann.

6.         Eiseofar an víosa chamchuairte san fhormáid aonfhoirmeach do víosaí atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95[43] ón gComhairle agus ceannteideal air ar a bhfuil an litir 'T' lena sonraítear cineál na víosa.

7.         Sa bhreis ar na cúiseanna diúltaithe atá liostaithe in Airteagal 29(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], diúltófar víosa a thabhairt mura gcuirfidh iarratasóirí na nithe seo a leanas ar fáil:

(a)        cruthúnas iomchuí go bhfuil sé beartaithe acu fanacht i gcríoch dhá Bhallstát nó níos mó ar feadh níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch ceann de na Ballstáit sin.

(b)        cruthúnas go bhfuil árachas tinnis acu i leith na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth i gcás náisiúnaigh na mBallstát a bhfuiltear le cuairt a thabhairt orthu.

8.         Tabharfar fógra don iarratasóir i dtaobh cinnidh lenar diúltaíodh iarratas agus na gcúiseanna ar a bhfuil an diúltú bunaithe trí bhíthin na foirme caighdeánaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 8

Víosa a eisíodh a mhodhnú

1.         Beidh feidhm ag Airteagail 30(1), (3), (6) agus (7), Airteagal 31(1) go dtí (5), (7) agus (8) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Sa bhreis ar an deis a bheith ann fadú a chur leis an tréimhse fanachta ar chúiseanna sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], féadfaidh sealbhóirí víosa camchuairte iarratas a chur isteach ar shíneadh i gcríoch na mBallstát tráth nach luaithe ná 90 lá agus nach déanaí ná 15 lá roimh dhul in éag don víosa chamchuairte.

3.         Beidh consalacht an chéad Bhallstáit eile a bhfuiltear le cuairt a thabhairt air inniúil iarratas ar fhadú a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh maidir leis.

4.         Iarrfaidh iarratasóirí an fadú trí fhoirm iarratais líonta a chur isteach mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

5.         Gearrfar táille EUR 30 do gach iarratas ar fhadú.

6.         I dtaca le cead oibre, beidh feidhm ag Airteagal 5(7) maidir le faduithe, más infheidhme.

7.         Déanfar cinntí laistigh de 15 lá féilire ón dáta a cuireadh isteach iarratas ar fhadú.

8.         Agus iad ag cur iarratais isteach ar fhadú, cruthóidh iarratasóirí go gcomhlíonann siad fós na coinníollacha iontrála agus eisiúna víosa agus an ceanglas gan fanacht níos mó ná 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá i gcríoch aon Bhallstáit amháin.

9.         Le linn an scrúdaithe ar iarratas ar, féadfaidh an t‑údarás inniúil, i gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo, iarraidh ar iarratasóirí dul faoi agallamh agus doiciméid bhreise a iarraidh.

10.       Ní bheidh an fadú níos faide ná bliain, agus ní bheidh fad foriomlán tréimhse fanachta údaraithe, mar atá, fad na tréimhse fanachta a údaraíodh ar dtús móide an fadú a cuireadh leis, níos mó ná dhá bhliain.

11.       Tabharfar fógra don iarratasóir faoi chinneadh fadú a dhiúltú agus faoi na cúiseanna leis trí bhíthin na foirme caighdeánaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

12.       Beidh an ceart ag iarratasóirí ar diúltaíodh a n‑iarratas achomharc a dhéanamh. Seolfar achomhairc i gcoinne an Bhallstáit a mbeidh na cinntí críochnaitheacha glactha aige maidir leis an iarratas nó an fadú agus i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i gcás achomhairc, mar atá sonraithe in Iarscríbhinn II.

13.       Cuirfear cinneadh maidir le neamhniú nó cúlghairm víosa camchuairte agus na cúiseanna leis in iúl don iarratasóir trí bhíthin na foirme caighdeánaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Caibidil III – Bainistiú riaracháin agus eagrú

Airteagal 9

Bainistiú riaracháin agus eagrú

1.         Beidh feidhm ag Airteagal 35 go dtí Airteagal 43, Airteagail 45, Airteagal 52(1)(a), (c) go (f) agus (h) agus Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)].

2.         Tiomsóidh na Ballstáit staitisticí bliantúla maidir le víosaí camchuairte, i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Cuirfear isteach na staitisticí sin chuig an gCoimisiún faoin 1 Márta gach bliain don bhliain féilire roimhe sin.

3.         San fhaisnéis maidir le teorainneacha ama le hiarratais a scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 45(1)(e) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)] atá le cur ar fáil don phobal i gcoitinne, beidh na teorainneacha ama le víosaí camchuairte atá leagtha síos in Airteagal 6(5) den Rialachán seo.

4.         I gcomhthéacs chomhar áitiúil Schengen, de réir bhrí Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)], malartófar sonraí ráithiúla maidir le víosaí camchuairte a iarradh, a eisíodh agus a diúltaíodh le cois faisnéise ar na cineálacha iarratasóirí.

Caibidil IV – Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 10

Treoracha maidir leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na treoracha oibríochtúla sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil fhorálacha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 11

An nós imeachta coiste

1.         Tabharfaidh coiste a bhunófar le hAirteagal 51(1) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)] (an Coiste Víosaí) cúnamh don Choimisiún.

2.         I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Leasú ar an gCoinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20(2) den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme:

'2. Ní dhéanfaidh mír 1 difear don cheart atá ag gach Páirtí Conarthach tréimhse fanachta eachtrannaigh a shíneadh thar 90 lá ina chríoch i gcásanna eisceachtúla.'

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)        i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

'(b) víosa bhailí a bheith acu, má tá sin ceangailte de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001* ón gComhairle nó víosa chamchuairte bhailí a bheith acu mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x an xxx **, nó cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bhailí a bheith acu.

_________

* Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha nach mór dá náisiúnaigh víosa a bheith acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

** Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xx.xx.201x lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008(IO L xxx).'

(b)        cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

'1a. Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, measfar gurb é an dáta iontrála an chéad lá den tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát agus measfar gurb é an lá imeachta an dáta deireanach den tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát. Ní chuirfear tréimhsí fanachta a údaraíodh faoi víosa chamchuairte, cead cónaithe nó víosa fadfhanachta san áireamh sa ríomh ar fhad na tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát.’

(c)        cuirtear isteach mír 3a seo a leanas:

'3 a. Beidh feidhm ag míreanna 1 go dtí 3 mutatis mutandis maidir le hiontrálacha a bhaineann le tréimhsí fanachta ar bhonn víosa camchuairte bailí.'

(2) Leasaítear Airteagal 7(3) mar a leanas:

(a)        cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (aa):

'(aa) má bhíonn víosa nó víosa chamchuairte dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(b) ag an náisiúnach tríú tír, déanfar fíorú aitheantais shealbhóir na víosa/víosa camchuairte agus fíorú údaracht na víosa/víosa camchuairte trí dhul i muinín an Chórais Faisnéise Víosaí mar chuid de na mionseiceálacha a dhéanfar tráth na hiontrála i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;

_________

*** Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir na Ballstáit i dtaca le víosaí gearrfhanachta (Rialachán VIS), IO L 218, 13.8.2008, lch. 60). '

(b)        cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt dheireanach de phointe (ab):

'Os a choinne sin, sna cásanna uile ina bhfuil amhras ann maidir le haitheantas shealbhóir na víosa agus/nó na víosa camchuairte, rachfar i muinín an Chórais Faisnéise Víosaí go córasach, le huimhir an ghreamáin víosa agus fíorú na méarlorg.'

(c)        i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

'(i) fíorú go bhfuil víosa bhailí ag an duine, má tá sin ceangailte de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, nó víosa chamchuairte bhailí aige, ach amháin i gcás ina bhfuil cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta bailí aige; d'fhéadfadh go rachfaí i muinín an Chórais Faisnéise Víosaí i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar chuid den fhíorú sin ;’

Airteagal 14

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

'Leis an Rialachán seo, sainítear cuspóir fheidhmiúlachtaí agus freagrachtaí an Chórais Faisnéise Víosaí mar a bhunaítear le hAirteagal 1 de Chinneadh 2004/512/CE. Cuirtear ar bun leis an Rialachán seo na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le malartú sonraí idir na Ballstáit i ndáil le hiarratais ar víosaí gearrfhanachta agus víosaí camchuairte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x an xxx* agus i ndáil le cinntí a bhaineann leis sin, lena n‑áirítear cinntí an víosa a chealú, a aisghairm nó a fhadú, chun scrúdú na n‑iarratas sin agus cinntí a bhaineann leo a éascú.

_________

* Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xx.xx.201x lena mbunaítear víosa chamchuairte agus lena leasaítear an Coinbhinsiún Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus (CE) Uimh. 767/2008(IO L xxx).'

(2) Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)        cuirtear an pointe seo a leanas le pointe 1:

'(e) 'víosa chamchuairte' mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. Uimh xxx/201x;'

(b)        cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4 agus phointe 5:

'4. 'ciallaíonn 'foirm iarratais' an fhoirm iarratais aonfhoirmeach do víosaí in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. xxx/201x [an Cód Víosaí (athmhúnlú)] nó in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x;

5. ciallaíonn 'iarratasóir' aon duine atá faoi réir an cheanglais víosa de bhun Rialachán (CE) Uimh. 539/2001**, a chuir isteach iarratas ar víosa, nó aon duine a chuir isteach iarratas ar víosa chamchuairte de bhun Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x;

_________

** Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha nach mór dá náisiúnaigh víosaí a bheith acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(3) Cuirtear pointe (e) a leanas le hAirteagal 14(2):

‘(a) iarratas ar fhadú agus leanúint de chomhlíonadh na gcoinníollacha i gcás sealbhóra víosa camchuairte.'

Airteagal 15

Faireachán agus meastóireacht

Faoin [trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

1.         Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.         Beidh feidhm aige [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.         Beidh feidhm ag Airteagal 12 ón [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

4.         [Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.]

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa                                        Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                                                        an tUachtarán

[1]               Is fiú a áireamh gur do '3 mhí laistigh de 6 mhí ó dháta na chéad iontrála' a thagair forálacha ábhartha acquis Schengen go dtí an 18 Deireadh Fómhair 2013. Rinneadh ath‑shainmhíniú ar an gciall atá le 'gearrfhanacht' (i.e. raon ama acquis Schengen) i Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 (IO L, 182, 29.6.2013, lch 1) tá tagairt ann do '90 lá laistigh d'aon thréimhse 180 lá.'

[2]               http://ec.europa.eu/dgs/home‑affairs/what‑we‑do/policies/borders‑and‑visas/schengen/index_en.htm.

[3]               Tá an leagan comhdhlúthaithe de ar fáil ag:

                http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:2006R0562:20100405:EN:PDF.

[4]               Tá an leagan comhdhlúthaithe de ar fáil ag:

                http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:2001R0539:20110111:EN:PDF.

[5]               Tá an leagan comhdhlúthaithe de ar fáil ag:

                http://eur‑lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CONSLEG:2009R0810:20120320:EN:PDF.

[6]               IO L 239, 22.9.2000, Lch 19.

[7]               Mura bhfuil a mhalairt sonraithe, tagraíonn 'Ballstáit' do Bhallstáit den AE a chuireann an comhbheartas víosaí i bhfeidhm ina iomláine (Ballstáit uile an AE, seachas an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Rómáin) chomh maithe le baill chomhlachaithe Schengen (an Eilbhéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin).

[8]               Féach Airteagal 19 den Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, tagairt i bhfonóta 6.

[9]               COM(2001) 388 final. IO C 270, 25.9.2001, lch. 244.

[10]             'Féadfaidh eachtrannaigh nach bhfuil faoi réir ceanglais víosa gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríocha na bPáirtithe Conarthacha ar feadh uastréimhse 90 lá laistigh d'aon tréimhse 180 lá[…]. Ní dhéanfaidh Mír 1 difear don cheart atá ag gach Páirtí Conarthach tréimhse fanachta eachtrannaigh ina chríoch a fhadú thar 90 lá i gcásanna eisceachtúla nó i gcomhréir le comhaontú déthaobhach a tugadh i gcrích roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo.'

[11]             'Eiseofar víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige sna cásanna eisceachtúla seo a leanas: […] (b) i gcás, ar chúiseanna a mheasann an chonsalacht a bhfuil údar leo, ina n‑eisítear víosa nua do thréimhse fanachta le linn na tréimhse céanna 180 lá d'iarratasóir a d'úsáid cheana, le linn na tréimhse 180 lá sin, víosa aonfhoirmeach nó víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aici lenar féidir fanacht ar feadh 90 lá.'

[12]             SWD(2014) 68.

[13]             COM(2014) 164.

[14]             Lena chois sin, tá sé luaite sa Mheasúnú Tionchair go bhfuil sé an‑deacair na tionchair eacnamaíochta agus airgeadais sa réimse sin a mheas ar a laghad sonrú atá ann agus ó nach bhfuil modheolaíocht dhaingean ann le haghaidh meastachán, rud a fhágann nár cheart glacadh leis na huimhreacha atá sa mhír sin ach go héideimhin.

[15]             IO L 218, 13.8.2008, lch. 60

[16]             COM(2014) 164.

[17]             Dá bhrí sin, ní mór leasuithe ar an gCód Víosaí athmhúnlaithe a chur san áireamh sa togra seo freisin.

[18]             Mar atá luaite thuas, féadfaidh náisiúnaigh tríú tíortha, bíodh de cheanglas orthu víosa a bheith acu nó ná bíodh, atá faoi réir an chórais ghearrfhanachta, fanacht suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá i limistéar Schengen, agus tá tréimhse fanachta in aon Bhallstát amháin san áireamh ansin freisin. Faoi réir na n‑iontrálacha agus na n‑imeachtaí, is ionann sin agus a rá gurb é is uasfhad do thréimhse fanachta dhleathach laistigh de thréimhse bliana amháin, 180 lá (2 x 90 lá). Ós rud é gurbh fhéidir víosaí camchuairte a eisiúint do thréimhse suas le bliain amháin (360 lá) tá an tagairt don 'tréimhse 180 lá' riachtanach chun a áirithiú nach bhfaighidh sealbhóirí víosaí camchuairte níos lú, maidir le fad tréimhsí fanachta údaraithe in aon Bhallstát amháin, ná náisiúnaigh tríú tíortha atá díolmhaithe ó víosa a bheith acu nó sealbhóirí víosa gearrfhanachta iliontrálacha ag a bhfuil bailíocht dhá bhliain nó níos mó. Mura mbeadh tagairt ann don 'tréimhse 180 lá', mar shampla, ní fhéadfadh sealbhóir víosa camchuairte bailí bliana amháin fanacht ach 90 lá in aon Bhallstát amháin laistigh de bhailíocht a víosa camchuairte cé go bhféadfadh saoránach Rúiseach ag a bhfuil víosa ghearrfhanachta atá bailí ar feadh bliana amháin fanacht, i bprionsabal, ar feadh 180 lá (nach dtagann tar éis a chéile) in aon Bhallstát amháin laistigh de bhailíocht bliana amháin na víosa sin.

[19]             IO L, 157, 15.6.2002, lch. 1.

[20]             SCH/Com‑ex (98) 24 an 23.6.1998.

[21]             COM(2013) 95 final, 28.2.2013.

[22]             An togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach córas simplithe le haghaidh daoine a rialú ag na teorainneacha seachtracha a bheidh bunaithe ar an gCróit agus an Chipir a athint go haontaobhach go bhfuil doiciméid áirithe coibhéiseach lena víosaí náisiúnta le haghaidh idirthuras trína gcríoch nó fanacht ina gcríoch ar feadh tréimhse nach mó ná 90 lá ina aon tréimhse 180 lá agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 895/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 582/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2013) 441 final, 21.6.2013), is cinnte go nglacfar é i bhfad roimh ghlacadh an togra seo. Tar éis ghlacadh an 'Chinnidh Idirthurais' sin, tá Airteagal nua le cur isteach sa togra seo chun an víosa chamchuairte a chomhtháthú in Airteagal 2 den Chinneadh atá le bheith ann. Ós rud é go bhfuiltear ag súil go n‑aisghairfear Cinneadh Uimh. 895/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 582/2008/CE leis an gCinneadh nua, níl foráil sa Togra seo maidir leis na Cinntí sin a leasú.

[23]             IO L, 176, 10.7.1999, lch. 36.

[24]             IO L, 53, 27.2.2008, lch. 52.

[25]             IO L 160, 18.6.2011, lch. 19

[26]             IO C , , lch.

[27]             IO C , , lch.

[28]             Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a chealú de réir a chéile, IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

[29]             Rialachán (AE) Uimh. xxx/201x ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an xxx lena mbunaítear Cód an Aontais maidir le Víosaí (an Cód Víosaí) (athmhúnlú) (IO L, x, xxx, lch. x).

[30]             Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus sonraí a mhalartú idir Ballstáit i ndáil le víosaí gearrfhanachta (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

[31]             Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith leo ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1)

[32]             Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 105, 13.4.2006, lch. 1).

[33]             Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstát ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

[34]             Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

[35]             Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

[36]             Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2000 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de chuid acquis Schengen (IO L 64, 7.3. 2002, lch. 20).

[37]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[38]             Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

[39]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[40]             Cinneadh 2008/146/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

[41]             (IO L 160, 18.6.2011, lch. 21)

[42]             Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích, ar son an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, a bhaineann le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a chealú agus gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

[43]             Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid chomhionann do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).