52012SC0136

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach /* SWD/2012/0136 final - COD 2012/0146 */


DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

A ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach

1.           Comhthéacs an bheartais, Saincheisteanna nós imeachta agus comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Tá forbairt eacnamaíoch ag brath go mór ar iontaoibh a chothú ar an timpeallacht ar líne. I ngeall ar easpa iontaoibhe bíonn drogall ar thomhaltóirí, gnóthais agus riaracháin idirbhearta a dhéanamh go leictreonach agus seirbhísí nua a úsáid. Sa tionscnamh atá beartaithe le haghaidh creata rialúcháin féachtar le hidirbhearta leictreonacha slána gan uaim a chur ar fáil idir gnóthais, saoránaigh agus riaracháin, agus ar an dóigh sin méadú ar a éifeachtaí atá seirbhísí leictreonacha poiblí agus príobháideacha, ríomhghnó agus ríomhthráchtáil.

Tá bacainní ar ríomhsheirbhísí trasteorann ann agus ní foláir iad a dhíchur. Ar mhaithe le bheith ina gcumasóirí táirgiúla seachas ina gconstaicí, ní foláir ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú, ríomhshínithe (eIAS) agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara a aithint agus a ghlacadh go frithpháirteach ar fud an AE.

Níl aon chreat AE cuimsitheach trasteorann ná trasearnála le haghaidh seirbhísí eIAS. Is do ríomhshínithe amháin atá creat dlí ar leibhéal an AE ann agus gan ann do chreat dlí don ríomhaitheantas agus ríomhfhíordheimhniú ná seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe lena mbaineann. In Clár Oibre Digiteach don Eoraip d'fhógair an Coimisiún go mbeadh bearta dlíthiúla á moladh aige a dhíreodh níos mó ar ríomhshíniú agus a chinnteodh aitheantas frithpháirteach san ríomhaitheantas (eID) agus ríomhfhíordheimhniú chun ilroinnt agus easpa idir‑inoibritheacht a dhíchur, feabhas a chur ar 'saoránacht dhigiteach' agus cibearchoireacht a chosc.

Ba le linn pléití, ceardlann agus comhdhálacha a bhailigh an Coimisiún aiseolas ó na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gheallsealbhóirí agus an measúnú tionchair seo á ullmhú. Seoladh staidéir a bhain le eIAS agus rinneadh suirbhé ar an litríocht ar an ábhar seo. Seoladh comhairliúchán poiblí in 2011 chun ionchur a bhailiú i dtaobh conas a d'fhéadfadh ríomhaitheantais, fíordheimhniú agus sínithe feabhas a chur ar an margadh aonair. Cuireadh leis an gcomhairliúchán suirbhé spriocdhírithe a rinneadh ar thuairimí agus riachtanais shonracha FBManna.

2.2.        Sainmhíniú na faidhbe

D'fhéadfadh deacrachtaí bheith ag úsáideoirí agus seirbhísí eIAS trasteorann á n‑úsáid acu. Is iad seo a leanas na príomhchonstaicí atá roimh eIAS trasteorann atá slán agus atá gan uaim:

1 - Ilroinnt an mhargaidh: bíonn rialacha difriúla i bhfeidhm maidir le soláthraithe de réir an Bhallstáit a bhfuil siad ag freastal air.

Maidir le ríomhshínithe, tá an comhchuibhiú atá i réim ó tugadh isteach Treoir 1999/93/CE maidir le ríomhshínithe, tá sé neamhfhoirfe. Sainaithníodh ceithre fhadhb: na rialacha a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla ar an leibhéal Eorpach mar thoradh ar léirmhínithe éagsúla ag na Ballstáit ar an Treoir; maolaithe de facto d'iarratais earnála poiblí a bheith á gcur i bhfeidhm; caighdeáin atá as dáta agus dualgais mhaoirseachta a bhí doiléir agus a chruthaigh fadhbanna idir‑inoibritheachta; margadh an AE a bheith mórdheighilte agus saobhadh sa mhargadh inmheánach.

I gcás an ríomhaitheantais, tagann fadhbanna idir‑inoibritheachta chun cinn de thoradh réitigh teicneolaíocha difriúla maidir le haitheantas pearsanta a bheith ag na Ballstáit, de thoradh easpa cinnteachta dlí maidir le húsáid trasteorainn an ríomhaitheantais agus de thoradh easpa freagrachta as cruinneas na sonraí aitheantais.

Maidir le seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe, ceal creata dhlíthiúil AE glactar dlíthe náisiúnta i gcás cuid de na seirbhísí seo i roinnt Ballstáit agus ar chostais arda do sholáthraithe ar mian leo a seirbhísí a thairiscint i roinnt Ballstát. Bacainní trádála sa mhargadh inmheánach agus ilroinnt an toradh atá air sin sa dá chás.

2 - Easpa iontaoibhe agus easpa muiníne: de thoradh an easpa iontaoibhe agus an easpa muiníne i gcórais leictreonacha, sna huirlisí a soláthraítear agus sa chreat dlíthiúil, feictear do dhaoine uaireanta gur lú na coimircí dlíthiúla a ghabhann le leagan leictreonach seachas le hidirghníomhaíocht fhisiciúil.

I gcás ríomhshínithe, tá difríocht cháilíochtúil idir na ceanglais mhaoirseachta náisiúnta ó Bhallstát go chéile, rud a fhágann casta go maith é do pháirtithe a bhíonn ag brath ar ríomhshíniú le fios a bheith acu cén sórt maoirsithe a dhéantar ar sholáthraí seirbhíse.

Maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe de thoradh reachtaíochtaí náisiúnta ilchineálacha is deacair d'úsáideoirí bheith ag mothú slán agus iad ag idirghníomhú ar líne i gcásanna trasteorainn.

Seo hiad na ceithre phríomhchúiseanna atá leis na fadhbanna seo:

A: Raon feidhme neamhleor leis an gcreat dlíthiúil reatha

Réamhchoinníollacha is ea seirbhísí eIAS do réimse leathan ríomh‑idirghníomhaíochtaí amhail ríomhbhaincéireacht, ríomhrialtas nó seirbhísí ríomhshláinte. Tá creat rialála neamhfhoirfe agus teoranta ann, ar leibhéal an AE, a dhíríonn go bunúsach ar ríomhshínithe. Ní ann d'aon chreat sonrach don ríomhaitheantas frithpháirteach, don ghlacadh le ríomhaitheantas ná do sheirbhísí coimhdeacha iontaoibhe cosúil le stampáil ama ná ríomhshéalaí.

B: Easpa comhordaithe idir forbairt ríomhshínithe agus forbairt ríomhaitheantais .

Rinneadh bonneagair eIAS a fhorbairt go leithliseach ar a chéile gan comhordú ar leibhéal an AE. Cruthaítear bacainní roimh ríomhidirbhearta de thoradh an easpa idir‑inoibritheachta trasteorann idir réitigh theicniúla. Tá an easpa aithinte agus glactha fhrithpháirtigh ar cheann de na cúiseanna a bhfuil drogall ar úsáideoirí agus soláthraithe ríomhsheirbhísí eIAS a úsáid.

C: Easpa trédhearcachta i ráthaíochtaí slándála

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh slándáil láidir agus comhchuibhithe i bhfeidhm má tá réitigh iontaofa le cruthú. Tá sé seo ábhartha go háirithe i gcás rochtana ar sheirbhísí ina mbíonn sonraí pearsanta san áireamh, ar nós seirbhísí ríomhshláinte. Leagadh síos i dTreoir 99/93/CE nach féidir deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt ach do na ríomhshínithe sin a thugann ráthaíocht slándála agus atá cosanta a ndóthain ar ghóchumadh agus ar chalaois (ríomhshínithe ardleibhéil agus cáilithe).

Measann úsáideoirí gur mórbhacainn is ea an easpa córas slán ríomhaitheantas. Ciallaíonn gan creat dlíthiúil comhchuibhithe do ríomhaitheantas a bheith ann nach féidir slándáil ná iontaofacht ríomhaitheantais oifigiúla a chinneadh ar bhealach oibiachtúil trasna teorainneacha. Cruthaíonn se sin bacainní trasteorainn, easpa iontaoibhe dá réir agus margadh ilroinnte.

Cúis imní eile is ea goid aitheantais. Féadfaidh ríomhaitheantais slána an riosca sin a laghdú. Os a choinne sin agus fágann ríomhaitheantais nár slánaíodh mar is ceart gur fusa do choirpigh teacht ar ríomhaitheantais bhréagacha nó ar ríomhaitheantais ar baineadh dóibh.

D: Easpa feasachta/glactha ag úsáideoirí

Cruthaíonn castacht na teicneolaíochta atá in úsáid, agus an ról lárnach a bhíonn ag tríú páirtithe a mbíonn iontaoibh astu, timpeallacht ina mbíonn sé deacair iontaoibh a mheas. Go háirithe, caithfidh úsáideoirí deiridh, atá gan a ndóthain saineolais go minic, bheith in ann brath ar rialacha a leagann síos go soiléir cearta agus freagrachtaí na ngeallsealbhóirí uile (soláthraithe seirbhísí iontaoibhe, úsáideoirí deiridh agus comhlachtaí rialachais).

3.3.        An cás bunlíne

Gan aon idirghabháil rialála nua bheith ann is cás bunlíne don tionscnamh. Táthar ag tuar sa chás seo go n‑iompódh an scéal amach mar a leanas:

Ní réiteofaí fadhbanna idir‑inoibritheachta agus ilroinnte: is dócha go leanfadh na Ballstáit de Threoir 99/93/CE a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm.

Ní bheadh deimhneacht dhlíthiúil áiritithe: na fadhbanna a thagann ón easpa aitheantais fhrithpháirtigh ar ríomhshínithe agus ó gan creat dlíthiúil chun ríomhaitheantas frithpháirteach agus glacadh le ríomhaitheantas agus le seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe, bheidís ina mbac ar aitheantas dlíthiúil bheith ag raon idirghníomhaíochtaí trasteorann.

Ní shásófaí go hiomlán riachtanais úsáideoirí: faoin gcreat reatha, ní féidir lántairbhe a bhaint as na deiseanna atá á gcruthú ag forbairtí teicneolaíocha.

Ní bhainfí lánghiaráil as príomhthionscnaimh Eorpacha: maidir le beartais an AE amhail an Treoir maidir le Seirbhísí, an Treoir maidir le Soláthar Poiblí agus an Treoir maidir le CBL (ríomhshonraisc), nó na tionscadail piolótacha mhórscála ICT‑PSP[1] atá ceaptha na dúshláin idir‑inoibritheachta agus na fadhbanna trasteorainneacha a bhaineann le ríomh‑idirghníomhaíochtaí a shárú, ní éireodh leo ach ar an leibhéal piolótach ceall creata dlíthiúil tras‑earnálach.

4.4.        Cuspóirí beartais

Sainaithníodh ceithre chuspóir ghinearálta: féachaint chuige go bhforbrófaí margadh aonair digiteach; eochairsheirbhísí poiblí trasteorainn a cur chun cinn agus a fhorbairt; iomaíocht sa mhargadh aonair a spreagadh agus a neartú; inláimhsitheacht don úsáideoir a fheabhsú (saoránaigh agus cuideachtaí). Tá na cuspóirí seo i gcomhréir le beartais straitéiseacha de chuid an AE ar nós an Straitéis Eoraip 2020, an Clár Oibre Digiteach don Eoraip, agus an Gníomh um an Margadh Aonair agus an Treochlár um Chobhsaíocht agus Fás.

Is éard a léiríonn na sainchuspóirí a bhaineann leis an margadh eIAS ('céard é') na torthaí atáthar ag iarraidh a bhaint amach trí chuspóirí oibríochtúla a chur ar bun ('conas'). I gcás gach sainchuspóra, sainaithníodh roinnt cuspóirí oibriúcháin.

5.5.        Roghanna beartais

Chun na fadhbanna a réiteach agus na cuspóirí thuasluaite a bhaint amach rinneadh measúnú ar thrí thacar roghanna: (1) raon feidhme an chreata atá beartaithe, (2) an ionstraim dlí agus (3) an leibhéal maoirseachta:

· Faoin gcéad thacar, 'raon feidhme an chreata', rinneadh scrúdú ar cheithre rogha:

Rogha 0:       Aisghairm Threoir 99/93/CE agus gan aon ghníomhaíochtaí rialála a bhaineann le ríomhaitheantas ná le seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe bheith ann.

Is éard atá sa rogha seo scor de ghníomhaíochtaí uile an AE i réimse na ríomhshínithe. Dhéanfaí Treoir 99/93/CE a aisghairm agus ní mholfaí aon bhearta reachtaíochta maidir le haitheantas frithpháirteach ríomhaitheantais.

· Rogha 1: Gan athruithe beartais (an cás bunlíne)

D'fhágfaí Treoir 99/93/CE mar atá gan athrú. Ní mholfaí aon reachtaíocht maidir le ríomhaitheantais.

· Rogha 2:       Deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, méadú ar an gcomhordú idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus aithint agus glacadh frithpháirteach ríomhaitheantais a áirithiú.

Leathnófaí raon feidhme Threoir 99/93/CE trí fhorálacha a chur leis a chuimseodh aithint agus glacadh frithpháirteach scéimeanna 'ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith'[2]. Dhéanfaí leasú ar fhorálacha de chuid na Treorach a bhaineann le ríomhshínithe chun na laigí atá ann faoi láthair a réiteach agus, ar an dóigh sin, feabhas a chur ar an gcomhordú idir na húdaráis náisiúnta maoirseachta.

· Rogha 3:       An raon feidhme a leathnú chun seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe áirithe a chumhdach.

Cuireann an rogha seo le Rogha 2 trí sheirbhísí coimhdeacha iontaoibhe agus dintiúirí a thabhairt faoi feidhme an togra.

Ar na nithe coimhdeacha ríthábhachtacha a áireofaí sa reachtaíocht bheadh: stampáil ama, ríomhshéalaí, caomhnú fadtéarmach faisnéise, seachadadh ríomhdhoiciméid theastaithe, inghlacthacht ríomhdhoiciméid agus fíordheimhniú láithreán gréasáin.

· Faoin dara tacar, a bhaineann le 'ionstraim dlí', déantar scrúdú ar cheithre rogha:

Ionstraim reachtaíochta cuimsitheach amháin (Rogha A) nó dhá cheann ar leith (Rogha B)

Is éard a d'fhéadfadh bheith sa reachtaíocht beart amháin cuimsitheach a chuimseodh ríomhaitheantas, fíordheimhniú agus síniú nó dhá ionstraim, is é sin Cinneadh ón gCoimisiúin ar ríomhaitheantais agus athbhreithniú ar an Treoir maidir le ríomhshínithe.

Treoir (Rogha C) nó Rialachán (Rogha D):

D'fhéadfadh an reachtaíocht bheith i bhfoirm Treorach nó Rialacháin.

· Faoin tríú tacar, a bhaineann leis an leibhéal 'maoirseachta', rinneadh scrúdú ar dhá rogha:

Rogha (i): Na scéimeanna maoirseachta naisiúnta a choinneáil ar bun

Choinneofaí ar bun na scéimeanna maoirseachta náisiúnta atá ann faoi láthair ach le comhchuibhiú níos láidre trí cheanglais choiteanna sár‑riachtanach a leagan síos.

Rogha (ii): Córas maoirseachta ar leibhéal an AE a bhunú

Bhunófaí córas maoirseachta ar leibhéal an AE chun difríochtaí idir socruithe maoirseachta náisiúnta a laghdú nó a dhíchur ar fad. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh ar dhá bhealach :

Forogha (a):    scéim mhaoirseachta agus comhlacht de chuid an AE a chur in ionad scéimeanna maoirseachta naisiúnta atá ann cheana.

Forogha (b):    scéim mhaoirseachta agus comhlacht de chuid an AE a bhunú agus, anuas air sin, na scéimeanna maoirseachta naisiúnta a choinneáil (d'fhéadfadh gach Ballstát a scéim féin nó an scéim Eorpach a roghnú).

6.6.        Comparáid na roghanna beartais agus tionchair

Rinneadh measúnú ar na roghanna beartais agus cuireadh i gcomparáid iad leis an gcás bunlíne (Rogha 1) i dtéarmaí éifeachtachta, éifeachtúlachta agus comhtháiteachta.

6.1.6.1.  Raon feidhme an chreata

Ní bheadh Rogha 0 ina chúnamh na cuspóirí atá sainaitheanta sa tuarascáil um Measúnú Tionchar a bhaint amach. Ní mhéadófaí ar infhaighteacht ná ar ghlacadh le seirbhísí eIAS trasteorainn agus trasearnála, ná ní áiritheofaí an leibhéal optamach rialtais, ná ní spreagfaí forbairtí margaidh, ná ní neartófaí iomaíochas thionscal na hEorpa ná earnáil seirbhísí na hEorpa ná ní áiritheofaí go mbeadh sé ar chumas gach úsáideoir leas a bhaint as seirbhísí eIAS. Is amhlaidh a chuirfeadh sé bac le forbairtí teicneolaíocha i margadh an eIAS, chuirfeadh sé isteach ar an bpróiseas atá ar siúl faoi láthair féachaint ríomhsheirbhísí trasteorann a chumasú agus chothódh sé margadh san AE a bheadh ilroinnte agus ina mbeadh an leibhéal iontaoibhe neamhchothrom.

Ní éireodh le Rogha 1 na cuspóirí a bhaint amach. Chothódh sé na débhríochtaí atá ann cheana agus leanfadh an leibhéal neamhchothroime iontaoibhe maidir le maoirseacht de bheith ann. Bheadh éiginnteacht rialála fós ann agus leanfadh margadh an AE de bheith á dheighilt ag is éard a thiocfadh as sin saobhadh ar dhálaí iomaíochta an mhargaidh inmheánaigh agus méadú ar an dóchúlacht go mbeadh cuir chuige difriúla náisiúnta ann.

Chuirfeadh Rogha 2 leis an deimhnitheach dhlíthiúil, mhéadófaí ar an maoirseacht agus d'áiritheofaí aithint agus glacadh frithpháirteach ríomhaitheantais, agus d'éascófaí go mór baint amach na gcuspóirí uile a luaitear sa tuarascáil faoin measúnú tionchair, agus as sin thiocfadh torthaí dearfacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil.

Chuirfí le mealltacht na seirbhísí eIAS, mhéadófaí ar an toradh ar infheistíochtaí a rinneadh i mbonneagar agus seirbhísí eIAS. Ina theannta sin, bheadh fail ar eIAS ag gach earnáil agus ag gach cineál cuideachta agus dhéanfaí bacainní trasteorainn a dhíchur. D'osclófaí margaí nua agus infheistíochtaí nua, rud a spreagfadh an nuálaíocht.

Laghdófaí ilroinnt an mhargaidh, toisc go gcuirfí feabhas ar idir‑inoibritheacht trasteorann trí chead a thabhairt tagairtí a dheanamh do chaighdeáin theicniúla.

D'fhágfadh aithint agus glacadh frithpháirteach ríomhaitheantas go ndéanfaí tuilleadh díchuir ar na bacainní atá ann faoi láthair roimh an margadh aonair ríomhaitheantais. Ar deireadh, is dócha go gcuirfeadh an aonchineálacht mhaoirseachta, a d'eascródh é féin ó na ceanglais riachtanacha choiteanna, le hiontaoibh, le brath calaoise a éascú agus cur leis an iarracht goid aitheantais a chosc.

Chuirfeadh Rogha 3 le mealltacht seirbhísí eIAS agus dá réir mhéadódh ar a dtionchar dearfach tríd an creat a leathnú chun seirbhísí iontaoibhe seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe riachtanacha áirithe a chumhdach.

Meastar gur Rogha 3 is oiriúnaí thar Rogha 0, 1 agus 2 maidir le tionchar suntasach a bheith aici ar ríomh‑idirghníomhaíochtaí atá slán agus éasca le húsáid.

6.2.6.2.  Ionstraim dlí

Dhearbhódh soláthar creata cuimsitheach atá laistigh d'aon ionstraim amháin go mbeadh an reachtaíocht a rialaíonn na gnéithe éagsúla de eIAS comhsheasmhach. Tá baol ann go gcruthódh dhá ionstraim ar leith dibhéirseachtaí sna forálacha a ghlacfar maidir le ríomhshínithe agus ríomhaitheantas — agus, rud níos tábhachtaí fós, i gcur chuige na dtionscnamh.

Ní bheadh glacadh Treorach ina réiteach ar na ceisteanna atá ann faoi láthair a bhaineann le hidir‑inoibritheachta ríomhshínithe a thagann ó thrasuíonna dibhéirseacha Threoir 99/93/CE. Cuireann Rialachán infheidhmeacht láithreach ar fáil gan léirmhíniú agus dá thoradh sin breis comhchuibhithe agus dá bhrí sin tá sé níos oiriúnaí chun cuspóirí na reachtaíochta atá beartaithe a bhaint amach.

Tá an chuma air gurb é an t‑aon Rialachán amháin an bealach is éifeachtaí na cuspóirí a bhaint amach.

6.3.6.3.  Leibhéal maoirseachta

Faoi Rogha i, choinneodh an reachtaíocht nua na scéimeanna maoirseachta náisiúnta atá ann cheana agus a chuirfeadh sí comhcheanglais fhíor‑riachtanach i bhfeidhm ar sholáthraithe seirbhísí. D'fheabhsódh cur chuige comhchuibhithe ar leibhéal an AE maidir le ríomhshínithe agus seirbhísí coimhdeacha iontaoibh go mór an mhaoirseacht éifeachtach, chuirfeadh sé le deimhnitheacht dhlíthiúil agus mhéadódh sé iontaoibh agus slándáil ríomh‑idirbhearta.

Thabharfadh Rogha ii maoirseacht ar fud na hEorpa atá aonchineálach, éifeachtúil agus ar chaighdeán ard. Tá sé de bhuntáiste ag Forogha b níos mó solúbthacht a bheith ann seachas aon chomhlacht maoirseachta amháin mar a déantar foráil do in Forogha a: ballstáit nach bhfuil aon soláthraithe seirbhísí iontaoibhe bunaithe iontu, nó ina bhfuil na soláthraithe sin gan, d'fhéadfadh sé bheith ina bhuntáiste acu dualgais mhaoirseachta a aistriú go comhlacht maoirseachta de chuid an AE. D'fhéadfadh Ballstáit eile a gcuid scéimeanna maoirseachta a choimeád dá mba thoil leo é. Tagann ceisteanna maidir le coimhdeacht san áireamh le samhail mhaoirseachta lárnaithe a bheith ag an AE.

Más ag cloí le prionsabal na coimhdeachta atáthar is í (Rogha i) an ceann is sásúla.

7.7.        Réasúnaíocht ar son ghníomh ón AE, breisluach don AE agus coimhdeacht

Ar nós Threoir 99/93/CE, is é Airteagal 114 den CFAE maidir leis an margadh inmheánach an bunús dlí atá ag an togra reachtach chun na bacainní atá ann cheana roimh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a dhíchur trí chothú a dhéanamh ar aithint agus glacadh frithpháirteach ríomhaitheantais, fíordheimhniú, sínithe agus seirbhísí coimhdeacha iontaoibhe gaolmhara trasna teorainneacha nuair a theastaíonn siad chun ríomh‑idirbhearta a dhéanamh.

Ós rud é gur seirbhísí neamhchríochacha iad seirbhísí eIAS, is leor agus is comhréireach gníomhú ar leibhéal an AE chun an margadh aonair digiteach a chur chun feidhme. Ní féidir bheith ag súil gur leor bearta rialúcháin a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit chun an toradh céanna a bhaint amach. Dá bhrí sin tá idirghabháil ón AE ag teastáil, agus tá sé cuí agus cóir.

8.8.        Faireachán agus meastóireacht

Dhéanfadh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na reachtaíochta trí chomhchainteanna leanúnacha le páirtithe leasmhara agus trí bhailiú staidrimh; agus thuairisceoidís do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le tionchar na reachtaíochta nua ceithre bliana tar éis di teacht i bhfeidhm.

[1]               http://ec.europa.eu/information_society/activities/ict_psp/about.

[2]               ‘Ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith’: scéim ríomhaitheantas ar thug Ballstát fógra ina leith don Choimisiún lena haithint agus lena glacadh trasna teorainneacha.   Níl coincheap na ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith teoranta do na ríomhaitheantais a eisíonn an earnáil phoiblí: d'fhéadfadh na Ballstáit fógra a thabhairt maidir le ríomhaitheantais a d'eisigh an earnáil phríobháideach, ríomhaitheantais a aithníonn siad agus a úsáideann siad ina seirbhísí earnála poiblí féin. Tá gá leis an gcur chuige seo toisc nach n‑eisíonn na hudaráis i ngach Ballstát ríomhaitheantais. D'fhágfadh an ghné thras‑earnála sin den reachtaíocht go bhféadfadh an earnáil phríobháideach ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith a úsaid nuair a theastaíonn ríomhaitheantas slán.