Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 /* COM/2012/0371 final - 2012/0179 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Is ag cabhlaigh thraidisiúnta chósta (cabhlach
na Portaingéile) agus ag mórthrálaeir fánaíochta (cabhlach na Fraince agus na
Spáinne) atá an lámh in uachtar, cuid mhaith, in iascaigh domhainfharraige san
Atlantach Thoir Thuaidh. I dteannta a chéile is ionann iad agus tuairim is
1 % den iasc a thugtar i dtír ón Atlantach Thoir Thuaidh, cé go
mbraitheann inmharthanacht eacnamaíoch líon áirithe pobal iascaireachta go
pointe ar an iascaireacht domhainfharraige. Déantar an iascaireacht sin in
uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta atá faoi rialú ag comhaontuithe a
tugadh i gcrích faoin gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh
(NEAFC). Tugtar stoic éisc
dhomhainfharraige ar na stoic éisc sin a mbeirtear orthu lasmuigh de phríomh‑mheánna
na scairbheach ilchríochach. Tá siad scaipthe ar na fánaí ilchríochacha nó
áitríonn siad tuláin ghrinnill. Níl ann ach ó 2003 i leith atá iascaigh
dhomhainfharraige faoi réir ag bainistiú shonrach ar dheiseanna iascaigh (gabháil
iomlán incheadaithe, uas‑iarracht iascaireachta). Roimhe sin, tháinig
forbairt neamhrialáilte ar an iascach agus léirigh go pointe na comharthaí
sóirt na faidhbe "ruathar iascaireachta", rud a mbíodh ídiú stoc mar
thoradh air. Ón gcéad lá a tugadh isteach an bainistiú ar
dheiseanna iascaireachta, cuireadh bearta i bhfeidhm a chuireann srian ar úsáid
a bhaint as gléasanna áirithe in uiscí doimhne nó a chuireann cosc le
hiascaireacht i limistéir áirithe ard‑bhithéagsúlachta ar ghrinneall na
farraige. Is éard atá sa dúnadh limistéar sin beart atá ag leanúint as an
gComhbheartas Iascaigh (CFP) i leith ainmniú láithreán Natura 2000 na
mBallstát faoin Treoir maidir le Gnáthóga[1], é sin nó is
bearta ginearálta réamhchúraim iad nó céimeanna réamhchúraim atá iontu. Glacadh agus
déanadh trasuí i ndlí an Aontais ar bhearta NEAFC i réimse na hiascaireachta
domhainfharraige agus iontu siúd cuimsítear toirmeasc ar eangacha geolbhaigh,
limistéir dhúnta chun cosaint a thabhairt do ghnáthóga beantacha ar
phríomhfhoinsí bithéagsúlachta iad (éiceachórais mhuirí sholoite), uasteorannú
ar an iarracht bhliantúil caite le hiascaireacht, agus mapáil ar an
ngníomhaíocht iascaireachta reatha le súil agus iascaigh nua a bheith
coinníollach ar mheasúnú tionchair timpeallachta a dhéanamh roimh ré. Roimh theacht i
bhfeidhm Chonradh Liospóin, chuirtí na bearta sin agus bearta teicniúla eile a
mholadh NEAFC chun feidhme go bliantúil le Rialachán ón gComhairle maidir le
deiseanna iascaireachta; ón am sin tá córas idirthréimhseach[2]
i bhfeidhm don Atlantach Thoir Thuaidh ar fad, lena n‑áirítear bearta a
glacadh sa NEAFC. I dtaobh uiscí
idirnáisiúnta nach bhfuil rialáilte ag Eagraíochtaí Réigiúnacha um Bainistíocht
Iascaigh agus mar fhreagairt ar Rún 61/105 ón UNGA[3],
ghlac an tAontas Rialachán ar leith a thoirmeascann gléasanna ghrinnill a úsáid
ar an Mórmhuir gan measúnú tionchair a dhéanamh roimh ré (Rialachán (CE)
Uimh. 734/2008 ón gComhairle) maidir le bainistiú inbhuanaithe iascach
domhainfharraige. Ón mbliain 2002 i leith tá córas sonrach
rochtana curtha ar bun ag an Aontas (Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002) le
haghaidh soithí iascaireachta atá ag gabháil d'iascaigh dhomhainfharraige an
Atlantaigh Thoir Thuaidh agus tá ceithre chomhchuid ann: srian acmhainne,
bailiú sonraí, faireachán ar an iarracht iascaireachta agus rialú. Níor réitigh na bearta a rinneadh go dtí seo
príomhfhadhbanna na hiascaireachta go héifeachtach, mar atá: · na stoic i gceist a bheith thar a bheith soloite ag an iascaireacht;
roinnt mhaith acu ní féidir leo ach brú an‑íseal iascaireachta a
sheasamh, thar tréimhse fhada, rud nach bhfuil inmharthana go heacnamaíoch; · iascaireacht le tráil ghrinnill is mó a chuireann éiceachórais mhuirí
soloite i mbaol a scriosta go deo ag trealamh iascaireachta. Ní fios cé chomh
fairsing is atá an scrios atá déanta cheana; · ardleibhéil ghabhála de speicis domhainfharraige gan iarraidh a bhíonn
mar thoradh ar an iascaireacht a déantar le tráil ar speicis domhainfharraige
(ar an meán idir 20 % agus 40 % i dtéarmaí meáchana ach tá buaiceanna
ann i bhfad níos airde ná sin); · mórdheacracht bheith ag baint le leibhéal inbhuanaithe an bhrú
iascaireachta a chinneadh le comhairle eolaíoch. Toisc stoic dhomhainfharraige a bheith thar a
bheith soloite ag an‑iascaireacht, is féidir le hídiú stoic tarlú i
dtréimhse ghearr agus d'fhéadfadh an t‑athbhunú tamall fada a thógáil nó
d'fhéadfadh sé teip ar fad. Táthar nach mór iomlán dall ar staid bitheolaíoch
na stoc. Meastar cuid acu a bheith ídithe, agus tuilleadh acu tosaithe ar
chobhsú ag leibhéil ísle saothraithe. Tríd is tríd, níl na hiascaigh
inbhuanaithe. Tá laghdú seasta tagtha ar dheiseanna iascaireachta ó a tosaíodh
ar iad a rialáil. Leanfaidh sonraí ó shuirbhéanna eolaíocha de bheith neamhleor, is
dócha, ó thaobh measúnuithe iomlána agus anailísí ar stoic a dhéanamh sna
blianta atá romhainn. Tá an Coimisiún ag taighde bealaí le córas na suirbhéanna
eolaíocha agus bailiú sonraí a fheabhsú maidir le speicis domhainfharraige don
tréimhse chláraithe seo chugainn. De thuras na huaire, agus ceal faisnéise, ní
féidir an coincheap bainistíochta atá ceaptha uastáirgeacht inbhuanaithe a
bhaint amach, ní féidir é a chur i bhfeidhm maidir le stoic dhomhainfharraige.
Beidh tionscadal eolaíoch tábhachtach (Deepfishman) ag dul ar aghaidh go dtí
2012. Is é is aidhm don tionscadal sin rialacha fómhair atá bunaithe ar
tháscairí tánaisteacha a fhorbairt, ós rud é nach bhfuil na táscairí príomhúla
(ráta básmhaireachta na n‑iasc agus méid stoic) ar eolas (DEEPFISHMAN[4]
Ref 227390). An oibleagáid atá ar na Ballstáit, i gcomhréir
leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, dea‑bhail a chur ar
éiceachórais mhuirí faoi 2020[5], nó an bhail sin a
choinneáil ar bun, cothaíonn sí meon criticiúil ar na coinníollacha ina
bhfuiltear ag dul i mbun iascaigh dhomhainfharraige, gnéithe comhshaoil agus
bithéagsúlachta san áireamh. Saothrú inbhuanaithe ar stoic
dhomhainfharraige a chinntiú a mhéid agus is féidir is cuspóir ginearálta don
togra agus tionchar comhshaoil ar na hiascaigh seo a laghdú, maraon leis an
mbunús faisnéise a fheabhsú don mheasúnú eolaíoch. Fad nach mbeidh an leibhéal
is gá bainte amach ag na sonraí ná an modh chun bainistiú uastáirgeachta
inbhuanaithe a chur i bhfeidhm, ní mór na hiascaigh a bhainistiú de réir chur
chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh. Ba cheart deireadh ar bhonn céimnithe a chur
le húsáid trál grinnill san iascach seo, chun an tionchar scriosach ar
éiceachórais mhuirí a laghdú, toisc gurb iad is mó a dhéanann dochar
d'éiceachórais mhuirí sholoite agus toisc go bhfuil siad ina gcúis le gabhálacha
de speicis domhainfharraige gan iarraidh. Ba cheart toirmeasc ar dhíriú ar
speicis domhainfharraige bheith i dteannta na srianta idirthréimhseacha ar
eangacha geolbhaigh grinnill ag doimhneacht faoi bhun 600m agus sa raon
doimhneachta 200m‑600m. Cuireann an togra san áireamh chomh maith an
deis atá ann an córas bainistíochta a rialaíonn na stoic seo a shimpliú. Faoi
láthair tá siad faoi réir ionstraime dúbailte: teorannú gabhála agus teorannú
cumais/iarrachta. I gcásanna nach bhfuil gá leis an dúbailt chun cuspóirí an
Rialacháin seo a bhaint amach, déantar tograí nua chun na hiascaigh lena
mbaineann a rialáil leis an aon ionstraim bhainistíochta amháin. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR I ndiaidh na Teachtaireachta ar an
athbhreithniú ar chóras rochtana na bliana 2002, a cuireadh chuig Parlaimint na
hEorpa agus chuig an gComhairle[6], rinne an Coimisiún
measúnú tionchair ar na roghanna beartais a bhí le teacht trí na Ballstáit agus
na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha a thabhairt san áireamh. Chuathas i
gcomhairle chomh maith leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um
Iascach (STECF) i dtaobh gnéithe teicniúla ar leith de bhainistiú iascaigh
dhomhainfharraige. Léirigh na freagraí ar an gcomhairliúchán go
raibh aontú a bheag nó a mhór ann go raibh gá córas rochtana na bliana 2002 a
fheabhsú. Bhí éagsúlacht mhór, áfach, i dtuairimí na ngeallsealbhóirí i ndáil
leis na bearta a bhí le cur chun feidhme: Leag na Ballstáit béim ar an bhfiúntas teoranta
a bhí sa tuairisciú iarrachta, bainistiú iarrachta agus sa bhainistiú acmhainne
sa socrú atá ann faoi láthair, go háirithe ós rud é nach bhfreagraíonn an
toilleadh cláraithe (bunaithe ar na húdaruithe a eisíodh) do staid fhírinneach
an iascaigh. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an iomad soithí ag a bhfuil
údarú acu iascaireacht a dhéanamh ar speicis domhainfharraige, cé nach ionann
na speicis sin agus cion beag dá ngabhálacha iomlána. Níor cheart do shoithí dá
sórt a bheith bainteach le métier na hiascaireachta domhainfharraige. Bhí na
Ballstáit cáinteach chomh maith maidir le haschur ábhar muirí arbh iad na
rialacháin iascaigh féin ba chúis leis, ar shlí, dar leo. Chuir siad i bhfios
go tréan chomh maith cé chomh tábhachtach is atá sé an córas rochtana a chur in
oiriúint don chreat rialaithe nua. Bhí drogall orthu an cur chuige bainistithe
a leagan síos go luath ar a laghad sula mbeadh fáil ar thorthaí an tionscadail
eolaíoch "Deepfishman" atá fós ag dul ar siúl. Maidir leis an liosta speiceas atá san áireamh,
d'admhaigh na Ballstáit go raibh critéir shoiléir riachtanach cé gur chuir siad
i bhfios go láidir go mbeadh ainiarsma ar athruithe ar phatrúin iascaireachta
agus bainistiú. De bhreis air sin, leag siad béim ar an tábhacht atá le cearta
atá bunaithe cheana a urramú faoi phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta. Ar
deireadh, maidir leis na hoibleagáidí speisialta a bhaineann le bailiú sonraí,
bhí siad in aghaidh aon chlúdach eolaíoch níos airde trí bhreathnóirí ar bord a
úsáid agus bhí siad i bhfabhar bailiú sonraí domhainfharraige a
chomhshnaidhmeadh le creat bailithe sonraí níos leithne, agus de réir na n‑oibleagáidí
speisialta sin déantar sampláil cheana ar roinnt métier atá dírithe ar
iascaireacht dhomhainfharraige. Cuireadh amhras in iúl faoi an raibh cúis
mhaith leis an gcostas a bheadh ar an athrú seo i dtreo measúnuithe stoc
anailíseacha toisc a laghad gníomhaíochta, ach moladh tús áite a thabhairt do
chur chuige bainistíochta réamhchúraim a bheadh bunaithe ar threochtaí stoic
bhreathnaithe. Rinneadh comhairliúchán le Comhairlí
Comhairleacha Réigiúnacha Uiscí Thiar Thuaidh agus Uiscí Thiar Theas an Aontais
agus tugadh le fios go tréan go bhfuil gá le sainmhíniú comhsheasmhach ar
iascaigh dhomhainfharraige, agus thacaigh siad le bearta bainistíochta a bheadh
dírithe ar na soithí atá speisialaithe san iascach seo. Ach, mhol siad gan bac
a chur ar na soithí sin a raibh teist iascaireachta acu ó fhilleadh ar an
iascach agus a rannchuidigh le hathbhunú stoc trí imeacht go hiascaigh eile le
blianta beaga anuas. Moladh bainistiú iarrachta de réir métier, agus
d'fhéadfadh cuma dhifriúil a bheith air seo do na grúpaí mórshoithí il‑métier
i gcomparáid le grúpaí de mhórán soithí beaga. D'iarr siad go ndéanfaí níos mó
gníomhartha dírithe ar chosaint a thabhairt d'éiceachóras mhuirí soloite agus
córas leithdháileacháin, athnuachana agus aistarraingthe maidir le húdaruithe
iascaireachta. Thug comhaontas d'eagraíochtaí
neamhrialtasacha (an Deep‑sea Conservation Coalition) le fios go
raibh gá le coinníollacha a thabhairt isteach maidir le húsáid trál grinnill
cosúil leo siúd atá in úsáid ar an Mórmhuir agus leag béim ar an bhfadhb atá
fós le réiteach maidir le gabhálacha gan iarraidh de speicis domhainfharraige. Dhírigh an measúnú ar thionchair de thoradh ar
chinntí difriúla beartais ar chúig rogha. Cuireadh trí cinn acu as an áireamh
toisc gur measadh nach raibh siad fíor‑ionadaíoch ar chur chuige
bainistíochta, ina raibh níos mó de mhíbhuntáistí ag baint leo ná mar a bhí de
bhuntáistí, eadhon: (a) cloí leis an gcóras atá ann cheana á leasú go
díreach sa chás go mbeadh nuashonrú de dhíth; (b) an iascaireacht ar
speicis domhainfharraige a thoirmeasc ar fad, agus (c) laghdú a dhéanamh
ar an gcóras ionas nach mbeadh ann ach uirlis chun bearta a thrasuí i NEAFC
agus na bearta sin a chur i bhfeidhm in uiscí an Aontais. Seo iad an dá rogha a raibh buntáistí
coibhneasta leo: (d) deireadh a chur de réir a chéile leis na gléasanna is
díobhálaí iascaireachta atá dírithe ar speicis domhainfharraige, nó
(e) caighdeáin bhainistithe a ceapadh don iascaireacht ghrinnill ar an
Mórmhuir a thabhairt isteach in uiscí an Aontais. Coinníodh rogha
(d) toisc í a bheith ina hionstraim níos éifeachtaí agus níos simplí, agus
mar thoradh ar rogha (e) bheadh ceanglais rialála fairsinge á gcur san
áireamh maraon leis na baic ar infheistíocht in iascach atá ag meath cheana a
thiocfadh dá ndroim. Leis an laghdú atá á dhéanamh ar riaracháin iascach de
dheasca beart gátair buiséadach, níl go leor deimhnithe ann go gcuirfí bearta
breise agus fairsinge chun feidhme sa chleachtas. Maidir le simpliúchán, ba chóir deireadh a chur
leis an gcóras reatha i ndáil le tuairisciú ar iarracht iascaireachta de réir
speiceas. Is fearr a chinnteofaí faireachán ar iarracht iascaireachta mar
chleachtadh rialta trí ghlaonna bliantúla sonracha a dhéanamh faoin Creat um
Bailiú Sonraí[7], maraon le hiarratais ad
hoc ón gCoimisiún ar thuairisciú riaracháin; agus go d'úsáidfí na hiarratais
sin, cuir i gcás, sa chás go mbeadh amhras ann maidir le teorainneacha
iarrachta a bheith á gcomhlíonadh nó nuair nach mbíonn cáilíocht na sonraí ard
go leor. Tá beachtú déanta ar raon feidhme an Rialacháin chun a áirithiú go
ndíríonn an Rialachán seo go hiomlán ar na soithí atá dírithe ar speicis
domhainfharraige agus chun a áirithiú nach ndéanann na soithí a mbíonn na
speicis seo acu ina bhfoghabháil éisc an t‑iascach a mhéadú. Ina theannta
sin, déanfar na rialacha a bhaineann go sonrach le bailiú sonraí a ailíniú leis
an gCreat um Bailiú Sonraí, rud a áiritheoidh go mbeidh na caighdeáin chéanna
in úsáid ag na Ballstáit agus go seolfaidh siad na sonraí isteach go dtí aon
chóras uathúil stórála agus próiseála amháin. Cailliúint deiseanna
iascaireachta, mar bheart bainistíochta réamhchúraim, an toradh a bheadh ar gan
na caighdeáin maidir le bailiú sonraí eolaíocha a chomhlíonadh. 3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA Bunaíonn an togra seo creat‑Rialachán
chun dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta atá dírithe ar speicis
domhainfharraige san Atlantach Thoir Thuaidh; lena n‑áirítear uiscí an
Aontais a chuimsíonn réigiúin is forimeallaí na Spáinne agus na Portaingéile,
agus uiscí idirnáisiúnta. Is é Airteagal 43(2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. Tagann an togra faoi
inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag
prionsabal na coimhdeachta. Is é Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón
gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus saothrú
inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh, a bhunaíonn an
creat rialúcháin ginearálta don Chomhbheartas Iascaigh. De réir
Airteagail 4 den Rialachán sin, bunófar bearta Aontais a dhéanfaidh
rialáil ar rochtain ar uiscí agus acmhainní agus ar ghníomhaíochtaí
iascaireachta a chur i gcrích ar bhonn inbhuanaithe. Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta. Féadann Ballstáit bearta a fhorbairt dá gcabhlaigh bhaile, ba
thús ann féin é ar bhainistiú níos inbhuanaithe ar acmhainní domhainfharraige
Ach, roinntear mórán de na stoic dhomhainfharraige idir Bhallstáit (i gcásanna
áirithe bíonn cabhlach Ballstát amháin i láthair formhór an ama in uiscí
Ballstáit eile). Bíonn drogall ar na Ballstáit bearta sriantacha a chur i
bhfeidhm ar a gcabhlaigh féin gan na rialacha céanna nó a gcomhionann a bheith
i bhfeidhm maidir le cabhlaigh a gcomharsana. Rialachán ag leibhéal an Aontais is ea an
ionstraim ghnímh a roghnaíodh. Ní áirítear féinrialúchán mar rogha. De réir na
taithí a fuarthas le forbairt neamhrialáilte na n‑iascach domhainfharraige,
ní féidir a bheith ag tnúth le dóthain muiníne go ndéanfadh an earnáil forbairt
agus forfheidhmiú ar a cód iompair féin ar bhealach a áiritheodh go mbainfeadh
sí leas as na hacmhainní seo ar bhealach inbhuanaithe. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an
Aontais. 2012/0179 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir
le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha
maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh
agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[8], Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Rialachán (AE)
Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le
caomhnú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas
Iascaigh[10], ceanglaítear bearta
Comhphobail a bhunú chun rialú a dhéanamh ar rochtain ar uiscí agus ar
acmhainní, agus ar shaothrú inbhuanaithe gníomhaíochtaí iascaigh, bearta a
bhfuil gá leo d'fhonn saothrú céillí freagrach acmhainní ar bhealach
inbhuanaithe a áirithiú. Ceanglaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin
cur chuige an éiceachórais agus an cur chuige réamhchúraim a úsáid agus bearta
á nglacadh chun an éifeacht atá ag gníomhaíochtaí iascaigh ar éiceachórais
mhuirí a laghdú a oiread is féidir. (2) Tá an tAontas tiomanta na
Rúin atá glactha ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur i
bhfeidhm, go háirithe Rún 61/105 agus Rún 64/72, ina n‑iarrtar
ar Stáit agus ar eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh féachaint
chuige go gcosnófar éiceachórais domhainfharraige leochaileacha ar an éifeacht
mhillteach atá ag gléasanna iascaireachta grinnill agus go ndéanfar stoic
d'éisc dhomhainfharraige a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe. (3) Rinne an Coimisiún measúnú ar
Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 lena mbunaítear ceanglais shonracha
rochtana agus coinníollacha gaolmhara is infheidhme maidir le stoic
dhomhainfharraige[11] a iascach. Chinn an
Coimisiún[12], go háirithe, go raibh
méid an chabhlaigh rómhór, go raibh easpa treorach ann ó thaobh na gcalafort
arna n-ainmniú agus na gclár samplála, agus go raibh caighdeán tuairiscithe na
mBallstát ar na leibhéil iarrachta róluaineach. (4) D'fhonn na laghduithe
riachtanacha ar acmhainn iascaireachta atá bainte amach go nuige seo in
iascaigh dhomhainfharraige a choinneáil ar bun, tá sé oiriúnach foráil a
dhéanamh go mbeidh iascaireacht speiceas domhainfharraige faoi réir údarú
iascaireachta a chuirfeadh srian ar acmhainn na soithí atá incháilithe speicis
domhainfharraige a thabhairt i dtír. D'fhonn bearta bainistíochta a dhíriú ar an
gcuid sin den chabhlach a bhfuil an bhaint is mó aici le hiascaigh
dhomhainfharraige, ba cheart na húdaruithe iascaireachta a eisiúint i leith
sprioc-iascaigh nó iascaigh foghabhála. (5) Ba cheart do shealbhóirí
údaruithe iascaireachta a cheadaíonn speicis domhainfharraige a ghabháil
comhoibriú agus gníomhaíochtaí taighde eolaíochta á ndéanamh féachaint feabhas
a chur ar mheasúnuithe ar stoic agus ar éiceachórais domhainfharraige. (6) Agus iad ag aimsiú ar speicis
eile i limistéir san fhána ilchríochaí ina bhfuil an iascaireacht
domhainfharraige ceadmhach freisin, ba cheart údarú iascaireachta a cheadaíonn
foghabhálacha domhainfharraige a bheith ag úinéirí soithí. (7) De na gléasanna iascaireachta
domhainfharraige go léir a úsáidtear, is iad gléasanna grinnill is mó baol
d'éiceachórais mhuirí leochaileacha, agus is leosan a bhaineann an ráta
tuairiscithe is airde de ghabhálacha gan iarraidh de speicis domhainfharraige.
Ba cheart, dá bhrí sin, buantoirmeasc a chur ar thráil ghrinnill a úsáid chun
díriú ar speicis domhainfharraige. (8) I láthair na huaire déanann
Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta
teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an
30 Meitheamh 2011[13] cosc a chur ar eangacha
geolbhaigh grinnill dul isteach in iascaigh dhomhainfharraige. I bhfianaise na
n‑ardrátálacha de ghabhálacha gan iarraidh a bhíodh ann tráth a d'úsáidtí
heangacha sin ar shlí neamh‑inbhuanaithe in uiscí doimhne, agus i
bhfianaise an thionchair ar an gcomhshaol atá ag gléasanna arna chailleadh agus
arna dtréigean, ba cheart buantoirmeasc a chur ar úsáid na ngléasanna sin chun
díriú ar speicis domhainfharraige. (9) Mar sin féin, d'fhonn am a
ndóthain a thabhairt d'iascairí dul in oiriúint do na ceanglais nua, ba cheart
údaruithe a eisíodh cheana don iascaireacht tráil ghrinnill agus don
iascaireacht eangacha geolbhaigh leanúint de bheith bailí go ceann tréimhse
sonraithe. (10) Ina theannta sin, na soithí
sin a chaithfidh malairt gléis a fháil chun leanúint de bheith ag gabháil
d'iascaigh dhomhainfharraige, ba cheart go mbeidís i dteideal cúnamh airgeadais
a fháil ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh ar chuntar go laghdóidh an gléas
nua an éifeacht atá ag an iascaireacht ar speicis neamhthráchtála agus go
bhfuil sé ceadaithe faoin gclár náisiúnta oibríochtúil ranníocaíocht a dhéanamh
leis na bearta sin. (11) Soithí a úsáideann gléasanna
eile grinnill agus iad ag díriú ar speicis domhainfharraige, níor cheart dóibh
raon a n‑oibríochtaí a leathnú in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis an
údarú atá acu, ach amháin má léiríonn measúnú nach bhfuil baol mór ainiarsma
d'éiceachórais leochaileacha mhuirí é. (12) Léiríonn comhairle eolaíochta
maidir le stoic éisc áirithe a bhíonn sa domhainfharraige go bhfuil siad
soloite ag an saothrú, agus gur cheart srian a chur le hiascaireacht na stoc
sin nó í a laghdú, mar bheart réamhchúraim. Níor cheart deiseanna iascaireachta
stoic dhomhainfharraige dul os cionn na leibhéal réamhchúraim a mholtar sa
chomhairle eolaíochta a fhaightear. I gcás nach ndéantar aon mholadh de cheal
faisnéise leordhóthanaí maidir le stoic nó speicis, níor cheart aon deis
iascaireachta a leithdháileadh. (13) Ina theannta sin, dar leis an
gcomhairle eolaíoch a fuarthas gur ionstraim iomchuí le deiseanna iascaireachta
domhainfharraige a shocrú é teorainneacha iarrachta iascaireachta. I bhfianaise
an iomad cineálacha gléasanna agus patrún iascaireachta a úsáidtear in iascaigh
dhomhainfharraige, agus an gá atá le bearta tionlacain a fhorbairt a rachadh i
ngleic le laigí gach iascaigh ar leith ó thaobh an chomhshaoil, níor cheart
teorainneacha iarrachta iascaireachta a úsáid in ionad teorainneacha gabhála
ach amháin nuair is féidir a áirithiú go bhfuil siad curtha in oiriúint
d'iascaigh shonracha. (14) D'fhonn a áirithiú go ndéanfar
iascaigh ar leith a bhainistiú ar bhealach oiriúnaithe, ba cheart do na
Ballstáit lena mbaineann beart caomhnaithe tionlacain a dhéanamh agus measúnú
bliantúil a dhéanamh ar comhleanúnachas an leibhéil iarrachta leis an
gcomhairle eolaíoch maidir le saothrú inbhuanaithe. Ba cheart, leis, na
teorainneacha iarrachta arna gcur in oiriúint do dhálaí réigiúnacha a chur in
ionad na teorann domhanda ar an iarracht iascaireachta arna comhaontú faoin
gCoimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). (15) Ós rud é gurb é slí is fusa
faisnéis bhitheolaíoch a bhailiú caighdeáin chomhchuibhithe maidir le bailiú
sonraí a úsáid, is iomchuí an modh bailithe sonraí maidir le métier
domhainfharraige a ionchorprú i gcreat ginearálta an mhodha eolaíochta bailithe
sonraí, á áirithiú san am céanna go soláthrófar faisnéis bhreise atá
riachtanach chun dinimic na hearnála iascaigh a thuiscint. Ar mhaithe le
simpliú, ba cheart scor den tuairisciú iarrachta de réir speicis agus, ina
ionad, anailís a dhéanamh ar na glaonna atréimhseacha ar shonraí eolaíocha ar
na Ballstáit, mar a bhfuil caibidil ar leith ar métier domhainfharraige. (16) I Rialachán (CE)
Uimh. 1224/2009 an 20 Samhain 2009 ón gComhairle lena mbunaítear
córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh
a áirithiú[14], leagtar síos ceanglais
rialaithe agus forfheidhmithe maidir le pleananna ilbhliantúla. Ó tharla go
bhfuil speicis domhainfharraige soloite ó dhúchas ag an iascaireacht, ba cheart
an aird chéanna a thabhairt orthu i dtaca le rialú de agus a thugtar do speicis
eile chaomhnaithe a bhfuil plean bainistíocht ilbhliantúil comhaontaithe ina
leith. (17) Iascairí a bhfuil údarú
iascaireachta acu a cheadaíonn dóibh speicis domhainfharraige a ghabháil, ba
cheart go gcaillfidís an t‑údarú speicis domhainfharraige a ghabháil mura
gcomhlíonann siad na bearta ábhartha caomhnúcháin. (18) Le Cinneadh 81/608/CEE
formheasadh an Coinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí maidir le
hIascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh, agus tháinig sé i bhfeidhm an
17 Márta 1982. Foráiltear sa Choinbhinsiún sin maidir le creatchlár
iomchuí le haghaidh comhair iltaobhaigh i dtaca le caomhnú agus bainistiú
réasúnach acmhainní iascaigh in uiscí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir
Thuaidh. Ar áireamh sna bearta bainistíochta arna nglacadh faoi NEAFC tá bearta
teicniúla atá ceaptha speicis arna rialú faoi chuimsiú NEAFC a chaomhnú agus a
bhainistiú, agus bearta atá ceaptha gnáthóga leochaileacha muirí a chosaint,
lena n‑áirítear bearta réamhchúraim. (19) Ba cheart cumhacht a thabhairt
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den CFAE chun bearta a ghabhann leis na teorainneacha
iarrachta bliantúla a shonrú, más rud é nach ndéanann na Ballstáit na bearta
sin nó má mheastar nach bhfuil na bearta atá glactha acu comhoiriúnach do
chuspóirí an Rialacháin seo nó neamhleor i dtaca leis na cuspóirí sin. (20) Ba cheart cumhacht a thabhairt
don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den CFAE, rud a bhféadfadh gá a bheith leis chun na
heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcás nach nglacann na
Ballstáit bearta tionlacain nó i gcás na bearta a ghlacann siad a bheith
neamhleor agus nasctha le teorainneacha iarrachta bliantúla, nuair a chuirtear
na teorainneacha sin in ionad teorainneacha gabhála. (21) Is gá, dá bhrí sin, rialacha
nua a chur ar bun chun iascaireacht stoc domhainfharraige san Atlantach Thoir
Thuaidh a rialú agus chun Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 a aisghairm. (22) Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún
gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart dó a áirithiú
go ndéanfaí na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus
go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Cuspóirí Is iad seo a
leanas cuspóirí an Rialacháin seo: 1.1.
féachaint chuige go ndéanfar speicis
domhainfharraige a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe, agus san am céanna, an
éifeacht atá ag gníomhaíochtaí domhainfharraige ar an muirthimpeallacht a
laghdú a oiread is féidir; 1.2.
feabhas a chur ar an bhfios eolaíoch ar speicis
domhainfharraige agus ar a ngnáthóga chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointe
(a); 1.3.
bearta teicniúla arna moladh ag NEAFC maidir le
bainistiú iascaigh a chur chun feidhme. Airteagal 2
Raon feidhme Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le
gníomhaíochtaí iascaireachta, nó gníomhaíochtaí iascaireachta atá beartaithe,
sna huiscí seo a leanas: (a) uiscí comhphobail i
bhfolimistéir II go XI na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na
Mara (ICES) agus i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 an Choiste Iascaigh
um an Atlantach Thoir Láir (CECAF);
(b) uiscí idirnáisiúnta i limistéir
34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 an CECAF agus (c) limistéar Rialála NEAFC. Airteagal 3
Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo,
beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 3 de
Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE)
Uimh. 734/2008 ón gComhairle[15]. 2. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na
sainmhínithe seo a leanas: (a) is ionann sainmhíniú 'limistéir ICES'
agus an sainmhíniú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16]; (b) is ionann sainmhíniú 'limistéir CECAF'
agus an sainmhíniú atá air i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[17]; (c) ciallaíonn 'limistéar rialála NEAFC' na
huiscí atá faoi réir an Choinbhinsiúin maidir le comhar iltaobhach sa todhchaí
maidir le hiascaigh san Atlantach Thoir Thuaidh atá lasmuigh de na huiscí atá
faoi dhlínse iascaireachta pháirtithe conarthacha an Choinbhinsiúin sin; (d) ciallaíonn 'speicis domhainfharraige' na
speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I; (e) ciallaíonn 'speicis shár-sholoite' na
speicis domhainfharraige atá luaite sa tríú colún 'speicis shár-sholoite (x)'
den tábla in Iarscríbhinn I; (f) ciallaíonn 'métier' gníomhaíochtaí
iascaireachta atá dírithe ar speicis áirithe, le gléas áirithe, i limistéar
áirithe; (g) ciallaíonn 'métier domhainfharraige'
métier atá dírithe ar speicis domhainfharraige de réir na dtáscairí atá leagtha
síos in Airteagal 4(1) den Rialachán seo. (h) ciallaíonn 'lárionad faireacháin
iascaigh' lárionad oibríochta a bhunaigh Ballstát brataí agus ina bhfuil crua‑earraí
agus bogearraí ríomhaire lenar féidir sonraí a ghlacadh agus a phróiseáil go
huathoibríoch agus sonraí leictreonacha a tharchur; (i) ciallaíonn 'comhlacht comhairleach
eolaíochta' comhlacht eolaíochta iascaigh idirnáisiúnta a chomhlíonann na
caighdeáin idirnáisiúnta maidir le comhairle eolaíocht taighdebhunaithe. (j) ciallaíonn 'uastáirgeacht inbhuanaithe'
an uasghabháil is féidir a ghabháil ó stoc éisc go ceann tréimhse éiginnte. CAIBIDIL II
ÚDARUITHE IASCAIREACHTA Airteagal 4
Cineálacha údaruithe iascaireachta 1. Gníomhaíochtaí iascaireachta
a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus atá dírithe ar speicis
domhainfharraige, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta a mbeidh sé luaite
ann gur speicis domhainfharraige na spriocspeicis. 2. Chun críocha mhír 1,
déarfar gur speicis domhainfharraige na spriocspeicis ag gníomhaíochtaí
iascaireachta sna cásanna seo a leanas: (a) más speicis domhainfharraige atá luaite
mar sprioc i bhféilire iascaireachta an tsoithigh, nó (b) má tá ar bord an tsoithigh, nó á úsáid sa
limistéir oibríochta, gléas nach n‑úsáidtear ach chun speicis
domhainfharraige a ghabháil, nó (c) má iontrálann máistir an tsoithigh sa
logleabhar céatadán de speicis domhainfharraige atá cothrom le nó níos mó ná
10 % de mheáchan foriomlán gabhála an lae iascaireachta. 3. Gníomhaíochtaí iascaireachta
a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil speicis
domhainfharraige mar spriocspeicis acu, ach a ghabhann speicis domhainfharraige
mar fhoghabháil, beidh siad faoi réir údarú iascaireachta a mbeidh speicis
domhainfharraige luaite ann mar fhoghabháil. 4. An dá chineál údaraithe
iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 faoi seach, beidh
siad sodhealaithe óna chéile sa bhunachar sonraí leictreonach dá dtagraítear in
Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 1224/2009. 5. D'ainneoin mhír 1 agus
mhír 3, féadfaidh soithí iascaireachta aon chainníocht de speicis
domhainfharraige a ghabháil, a choinneáil ar bord, a athlastáil nó a thabhairt
i dtír gan údarú iascaireachta, má tá an chainníocht sin faoi bhun tairsí 100
kg d'aon sórt meascáin de speicis domhainfharraige in aghaidh an turais
iascaireachta. Airteagal 5
Bainistiú acmhainne An acmhainn chomhiomlán iascaireachta arna
tomhas in olltonnáiste agus i gcileavatanna gach soithigh iascaireachta a
bhfuil údarú iascaireachta aige arna eisiúint ag Ballstát a cheadaíonn speicis
domhainfharraige a iascach, is cuma cé acu mar spriocspeicis nó mar speicis
foghabhála, ní sháróidh sí am ar bith acmhainn chomhiomlán iascaireachta
shoithigh an Bhallstáit sin a bhfuil deich dtonna nó níos mó de speicis
domhainfharraige tugtha i dtír acu le linn aon dhá bhliain féilire roimh
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cibé acu den dhá bhliain sin ina bhfuil
an figiúr is airde. Airteagal 6
Ceanglais ghinearálta maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta Gach iarratas ar údarú iascaireachta a
cheadaíonn speicis domhainfharraige a ghabháil, is cuma cé acu mar
spriocspeicis nó mar speicis foghabhála, agus gach iarratas ar athnuachan na n‑iarratas
sin, beidh ag gabháil leis tuairisc ar an limistéar gníomhaíochta atá
beartaithe, ar na cineálacha gléasanna arna n‑úsáid, ar an raon
doimhneacht ag a ndéanfar na gníomhaíochtaí, agus ar na speicis a bhfuiltear ag
díriú orthu. Airteagal 7
Ceanglais shonracha maidir le hiarratais ar údaruithe iascaireachta agus
eisiúint na n‑údaruithe sin a cheadaíonn gléasanna grinnill a úsáid i
ngníomhaíochtaí iascaireachta atá dírithe ar speicis domhainfharraige 1 I dteannta na gceanglas atá
leagtha amach in Airteagal 6, beidh ag gabháil le gach iarratas ar údarú
iascaireachta atá dírithe ar speicis domhainfharraige, dá dtagraítear in
Airteagal 4(1), a cheadaíonn gléasanna grinnill a úsáid in uiscí an
Aontais dá dtagraítear in Airteagal 2(a), beidh ag gabháil leo plean
mionsonraithe iascaireachta ina sonrófar: (a) suíomhanna na ngníomhaíochtaí arna
mbeartú atá dírithe ar speicis domhainfharraige sa métier domhainfharraige.
Saineofar an suíomh nó na suíomhanna le comhordanáidí i gcomhréir le Córas
Geodasach 1984; (b) suíomhanna na ngníomhaíochtaí, más ann
dóibh, sa métier domhainfharraige le linn na dtrí bliana féilire iomlána
deireanacha. Saineofar an suíomh/na suíomhanna sin le comhordanáidí i gcomhréir
leis an gcóras geodasach domhanda 1984 agus déanfar na gníomhaíochtaí
iascaireachta a imscríobh a bheaichte is féidir leis na comhordanáidí sin. 2. I gcás gach údarú
iascaireachta a eisítear ar bhonn iarratais a dhéantar i gcomhréir le mír 1,
sonrófar an gléas grinnill atá le húsáid agus cuirfear srian ar na
gníomhaíochtaí iascaireachta atá údaraithe sa limistéar ina bhfuil an
ghníomhaíocht iascaireachta atá beartaithe, mar atá leagtha amach i mír 1(a),
agus an ghníomhaíocht iascaireachta atá ann cheana, mar atá leagtha amach i mír
1(b), ag forluí ar a chéile. Féadfar an limistéar ina bhfuil an ghníomhaíocht
iascaireachta atá beartaithe a leathnú, áfach, thar an limistéar ina bhfuil an
ghníomhaíocht iascaireachta atá ann cheana má tá measúnú doiciméadaithe déanta
ag an mBallstát, ar bhonn comhairle eolaíche, nach mbeadh aon ainiarsma mhór ag
an leathnú sin ar éiceachórais mhuirí leochaileacha. Airteagal 8
Rannpháirteachas soithí i ngníomhaíochtaí bailithe sonraí maidir le
hiascaireacht domhainfharraige Cuirfidh na Ballstáit na coinníollacha is gá
ar áireamh sna údaruithe iascaireachta ar fad a eisítear i gcomhréir le
hAirteagal 4 d'fhonn a áirithiú go mbeidh an soitheach i gceist páirteach,
i gcomhar leis an insitiúid ábhartha eolaíochta, in aon scéim bailithe sonraí a
gcuimsíonn a raon feidhme na gníomhaíochtaí iascaireachta a bhfuil údaruithe á
seachadadh ina leith. Airteagal 9
Dul in éag údaruithe iascaireachta atá dírithe ar speicis domhainfharraige le
haghaidh soithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha geolbhaigh grinnill Údaruithe iascaireachta dá dtagraítear in
Airteagal 4(1) do shoithí a úsáideann tráil ghrinnill nó eangacha
geolbhaigh grinnill, rachaidh siad in éag ar a dhéanaí dhá bhliain tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. I ndiaidh an dáta sin, ní dhéanfar
údaruithe iascaireachta atá dírithe ar speicis domhainfharraige leis na gléasanna
sin a eisiúint ná a athnuachan. CAIBIDIL III
DEISEANNA IASCAIREACHTA AGUS BEARTA TIONLACAIN Roinn 1
Forálacha ginearálta Airteagal 10
Prionsabail 1. Socrófar deiseanna
iascaireachta sa chaoi is go mbeidh ráta saothraithe an speicis domhainfharraige
i gceist i gcomhréir le huastáirgeacht inbhuanaithe. 2. Más rud é, ar bhonn na
faisnéise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, nach féidir rátaí saothraithe
atá ag teacht le huastáirgeacht inbhuanaithe a chinneadh, socrófar na deiseanna
iascaireachta mar seo a leanas: a) i gcás ina gcinntear, ar bhonn na
faisnéise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, rátaí saothraithe a fhreagraíonn
do chur chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh, ní fhéadfar
deiseanna iascaireachta na tréimhse bainistíochta iascaireachta ábhartha a
shocrú ag leibhéal atá os cionn na rátaí sin; b) i gcás nach n-aithnítear, ar bhonn na
faisnéise eolaíche is fearr dá bhfuil ar fáil, rátaí saothraithe a fhreagraíonn
do chur chuige an réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh de cheal sonraí
leordhóthanacha maidir le stoc nó speiceas áirithe, ní fhéadfar aon deis
iascaireachta a leithdháileadh i leith na n‑iascach i gceist. Roinn 2
Bainistiú trí bhíthin teorainneacha iarrachta iascaireachta Airteagal 11
Deiseanna iascaireachta a shocrú trí bhíthin teorainneacha iarrachta
iascaireachta amháin 1. Ag gníomhú di i gcomhréir
leis an gConradh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh gan deiseanna
iascaireachta bliantúla i leith speiceas domhainfharraige a shocrú ar bhonn
teorainneacha iarrachta iascaireachta agus teorainneacha gabhála, agus ina
ionad sin, iad a shocrú ar bhonn teorainneacha iarrachta iascaireachta amháin
d'iascaigh ar leith. 2. Chun críocha mhír 1, is iad
na leibhéil iarrachta iascaireachta arna measúnú na leibhéil iarrachta
iascaireachta a bheidh ag gach métier domhainfharraige a úsáidfear mar thagairt
nuair is gá modhnú a dhéanamh d'fhonn na prionsabail atá leagtha amach in
Airteagal 10 a chomhlíonadh, ar bhonn faisnéise eolaíche, i gcomhréir leis
na gabhálacha a rinne na métier domhainfharraige le linn an dhá bhliain fhéile
roimhe sin. 3. Léireoidh teorainneacha
iarrachta iascaireachta arna socrú i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 an
méid seo a leanas: (a) an métier domhainfharraige ar leith a
bhfuil feidhm ag an teorainn iarrachta iascaireachta maidir leis, i dtéarmaí an
ghléis rialáilte, na speiceas a bhfuiltear ag díriú orthu, agus na gcriosanna
ICES nó na limistéar CECAF a bhféadfar an iarracht cheadaithe a úsáid iontu;
agus (b) an t‑aonad iarrachta iascaireachta
a úsáidfear chun críche bainistithe. Airteagal 12
Bearta tionlacain 1. I gcás ina bhfuil
teorainneacha iarrachta iascaireachta bliantúla in úsáid in ionad teorainneacha
gabhála i gcomhréir le hAirteagal 11(1), déanfaidh na Ballstáit na bearta
tionlacain seo a leanas a chur ar bun nó a choinneáil ar bun i leith a soithí a
bhfuil a mbratach ar foluain orthu: (a) bearta atá ceaptha méadú ar acmhainn
iomlán gabhála na soithí a mbaineann na teorainneacha iarrachta leo a
sheachaint; (b) bearta atá ceaptha méadú ar fhoghabhálacha
speiceas sár-sholoite a sheachaint; agus (c) coinníollacha maidir le hábhar muirí
aischurtha a chosc go héifeachtach. Beidh na coinníollacha sin ceaptha a
áirithiú go ndéanfar gach iasc a tógadh ar bord a thabhairt i dtír, ach amháin
dá mbeadh sé sin ag teacht salach ar na rialacha atá i bhfeidhm faoin
gComhbheartas Iascaireachta. 2. Beidh feidhm ag na bearta fad
is atá gá leo chun na rioscaí atá sonraithe i mír 1(a), (b) agus (c) a chosc nó
a mhaolú. 3. Déanfaidh an Coimisiún
measúnú ar éifeachtacht na mbeart tionlacain a ghlacann na Ballstáit tar éis a
nglactha. Airteagal 13
Bearta ón gCoimisiún i gcás nach nglacann na Ballstáit bearta tionlacain nó
i gcás na bearta a ghlacann siad a bheith neamhleor 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun bearta tionlacain na
dteorainneacha iarrachta bliantúla a shonrú, dá dtagraítear in Airteagal
12(1)(a), (b) nó (c), agus i gcomhréir le hAirteagal 20: (a) más rud é nach gcuireann an Ballstát lena
mbaineann an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a ghlac siad de bhun
Airteagal 12 laistigh thrí mhí tar éis dháta teacht i bhfeidhm na
dteorainneacha iarrachta iascaireachta; (b) má scoireann na bearta arna nglacadh de
bhun Airteagal 12 d'fheidhm a bheith acu cé go bhfuil ann don ghá na
rioscaí atá sonraithe in Airteagal 12(1) (a), (b) agus (c) a chosc nó a
mhaolú i gcónaí. 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20
chun bearta tionlacain na dteorainneacha iarrachta bliantúla a shonrú, dá
dtagraítear in Airteagal 12(a), (b) nó (c), más rud é go meastar, i
bhfianaise measúnú arna dhéanamh de bhun Airteagal 12(3): (a) nach bhfuil bearta an Bhallstáit ag
teacht le cuspóirí an Rialacháin seo; nó (b) go bhfuil bearta an Bhallstáit neamhleor
i dtaca leis na haidhmeanna atá luaite in Airteagal 12 (1) (a), (b) nó
(c). 3. Beidh d'aidhm ag na bearta
tionlacain a ghlacfaidh an Coimisiún féachaint chuige go gcomhlíonfar na
cuspóirí agus na haidhmeanna atá leagtha amach sa Rialachán seo. Nuair a
ghlacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, scoirfidh d'éifeacht a bheith ag
bearta ar bith de chuid na mBallstát a glacadh. CAIBIDIL IV
RIALÚ Airteagal 14
Cur i bhfeidhm na bhforálacha rialaithe maidir le pleananna ilbhliantúla 1. Measfar gur 'plean
ilbhliantúil' an Rialachán seo chun críocha Rialachán (CE)
Uimh. 1224/2009. 2. Measfar gur 'speicis faoi
réir plean ilbhliantúil' speicis domhainfharraige agus go mbeidh 'na stoic faoi
réir plean ilbhliantúil' chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Airteagal 15
Calafoirt ainmnithe Ní fhéadfar aon chainníocht d'aon mheascán de
speicis domhainfharraige os cionn 100 kg a thabhairt i dtír in aon áit
seachas na calafoirt atá ainmnithe chun speicis domhainfharraige a thabhairt i
dtír. Airteagal 16
Réamhfhógra De mhaolú ar Airteagal 17 de Rialachán
(CE) Uimh. 1224/2009, ceanglófar ar mháistrí na soithí iascaireachta ar
fad de chuid an Aontais a bhfuil sé beartaithe acu 100 kg nó níos mó de speicis
domhainfharraige a thabhairt i dtír, cibé fad iad, fógra a thabhairt d'údarás
inniúil a mBallstáit brataí maidir lena bhfuil beartaithe aige. Airteagal 17
Iontrálacha logleabhair maidir le huiscí doimhne Gan dochar d'Airteagail 14 ná
d'Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, maistrí soithí a
bhfuil údarú acu i gcomhréir le hAirteagal 4(1) nó (3), déanfaidh siad an
méid seo a leanas agus iad i mbun métier domhainfharraige nó nuair atá siad ag
iascaireacht faoi bhun 400m: (a) líne nua a tharraingt sa logleabhar
páipéir tar éis gach tarlú; nó (b) i gcás ina bhfuil siad faoi réir an
chórais taifeadta leictreonaigh agus tuairiscithe, iontráil ar leith a dhéanamh
tar éis gach tarlú. Airteagal 18
Údaruithe iascaireachta a tharraingt siar 1. Gan dochar
d'Airteagal 7(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, déanfar na
húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) den Rialachán seo a
tharraingt siar ar feadh bliana ar a laghad, sna cásanna seo a leanas: a) ní chomhlíontar coinníollacha atá leagtha
amach san údarú iascaireachta maidir leis na teorainneacha ar úsáid gléasanna,
na limistéir ina bhfuil oibríochtaí ceadaithe, nó, de réir mar is iomchuí, na
teorainneacha gabhála nó iarrachta ar na speicis a bhfuil sé ceadmhach díriú
orthu; nó b) ní thógtar ar bord breathnóir eolaíochta
nó ní cheadaítear gabhálacha a shampláil chun críocha eolaíochta mar atá
sonraithe in Airteagal 19 den Rialachán seo. 2. Ní bheidh feidhm ag
mír 1 más é foiche Dé is cúis leis an mainneachtain dá dtagraítear sa mhír
sin. CAIBIDIL V
SONRAÍ A BHAILIÚ Airteagal 19
Rialacha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú 1. Baileoidh na Ballstáit sonraí
maidir le gach métier domhainfharraige i gcomhréir leis na rialacha maidir le
bailiú sonraí agus na leibhéil bheachtais arna leagan síos sa chlár Comhphobail
ilbhliantúil um bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí bitheolaíocha, teicniúla,
comhshaoil, agus socheacnamaíocha arna ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 199/2008 ón gComhairle[18], agus i mbearta eile
arna nglacadh faoin Rialachán sin. 2. Beidh sé de cheangal ar
mháistir an tsoithigh, nó ar aon duine eile atá freagrach as oibriú an
tsoithigh, an breathnóir eolaíochta a thógáil ar bord a shann an Ballstát don
soitheach sin, ach amháin sa chás nach bhfuil féidir sin a dhéanamh ar
chúiseanna slándála. Déanfaidh an máistir éascaíocht don bhreathnóir eolaíochta
agus é i mbun a chuid cúram. 3. Déanfaidh na breathnóirí
eolaíochta: (a) a gcúraimí bailithe sonraí atréimhseacha
a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach i mír 1. (b) meáchan aon choiréalaigh clochaigh, aon
choiréalaigh bhoig, aon spúinse nó aon orgánaigh a bhaineann leis an
éiceachórais chéanna a thógtar ar bord le gléasanna an tsoithigh a aithint agus
a dhoiciméadú. 4. Mar aon leis na hoibleagáidí
atá orthu dá dtagraítear i mír 1, beidh na Ballstáit faoi réir na gceanglas sonrach
maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú atá leagtha amach in
Iarscríbhinn II don métier domhainfharraige. 5. Na sonraí uile a bhailítear
maidir leis an métier domhainfharraige, lena n‑áirítear na sonraí a
bhailítear i gcomhréir le hIarscríbhinn II, déileálfar leo i gcomhréir
leis an bpróiseas bainistithe sonraí atá leagtha síos i gCaibidil III de
Rialachán (CE) Uimh. 199/2008. 6. Ar iarraidh a fháil dóibh ón
gCoimisiún, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún, ar bhonn míosúil, maidir
le sonraí iarrachta agus sonraí gabhála a bhaineann le métier. CAIBIDIL V
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE Airteagal 20
Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú 1. Is faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Is go ceann tréimhse éiginnte
a thabharfar don Choimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá
dtagraítear in Airteagal 13. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13
a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear
deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhaidh sin a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh
sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe agus a ghlacfaidh
sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a
ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó más rud
é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go bhfuil curtha in iúl ag Parlaimint na
hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear
dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón
gComhairle. CAIBIDIL VI
NÓSANNA IMEACHTA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 21
Meastóireacht 1. Laistigh de shé bliana tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn
tuarascálacha na mBallstát agus na comhairle eolaíche a iarrfaidh sé chuige
sin, tionchar na mbeart a leagadh síos sa Rialachán seo a mheasúnú agus
cinnfidh sé an méid a baineadh amach na cuspóirí dá dtagraítear in
Airteagal 1 (a) agus (b). 2. Beidh béim sa mheasúnú ar
threochtaí a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (a) na soithí a d'iompaigh ar ghléasanna a
úsáid a bhfuil tionchar níos lú acu ar ghrinneall na farraige, agus an forás a
thagann ar leibhéil ábhair mhuirí aischurtha na soithí sin; (b) raon oibríochtaí soithí atá ag gabháil do
gach métier domhainfharraige; (c) sláine agus iontaofacht na sonraí a
sholáthraíonn na Ballstáit do chomhlachtaí eolaíochta chun críche stoc a
mheasúnú, nó don Choimisiún i gcás glaonna ar shonraí ar leith; (d) na stoic dhomhainfharraige ar tháinig feabhas
ar an gcomhairle eolaíoch ina leith; (e) na hiascaigh a mbainistítear de réir
teorainneacha iarrachta iascaireachta amháin, agus éifeachtacht na mbeart
tionlacain atá ceaptha ábhar muirí aischurtha a sheachaint agus gabhálacha
speiceas sár-sholoite a laghdú. Airteagal 22
Bearta idirthréimhseacha Aon údaruithe iascaireachta speisialta a
eisítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002, leanfaidh siad de
bheith bailí go ndéanfar údaruithe iascaireachta a cheadaíonn speicis
domhainfharraige a ghabháil a eisiúint ina n-ionad i gcomhréir leis an
Rialachán seo, ach i ngach cás ní bheidh an t‑údarú bailí tar éis an
30 Meán Fómhair 2012. Airteagal 23
Aisghairm 1. Aisghairtear Rialachán (CE)
Uimh. 2347/2002. 2. Déanfar tagairtí don
Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo i
gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a
ghabhann leis an Rialachán seo. Airteagal 24
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán
[…] […] Iarscríbhinn I Roinn 1: Speicis Domhainfharraige Ainm eolaíoch || Ainm coitianta || Speicis shár‑sholoite Centrophorus granulosus Centrophorus squamosus Centroscyllium fabricii Centroscymnus coelolepis Centroscymnus crepidater Dalatias licha Etmopterus princeps Apristuris spp Chlamydoselachus anguineus Deania calcea Galeus melastomus Galeus murinus Hexanchus griseus Etmopterus spinax Oxynotus paradoxus Scymnodon ringens Somniosus microcephalus || Siorc slogach Siorc slogach gainneach duille Fíogach dubh Fíogach Portaingéalach Fíogach slim socfhada Siorc eite eitleoige Lóchrannsiorc mór Catsúileach na hÍoslainne Siorc rufach Fíogach gob éin Fíogach an bhéil dhuibh Catsúileach luiche Siorc liath na sróine finne Siorc slimbhoilg Garbhshiorc seol-eiteach Fíogach scianfhiacaile Siorc beagcheannach || x x x x x x x x Alepocephalidae Alepocephalus Bairdii Alepocephalus rostratus || Slimchinn Slimcheann Baird Slimcheann Risso || Aphanopus carbo || Scabaird dhubh || Argentina silus || Airgintín mór || Beryx spp. || Alfainsíní || Chaceon (Geryon) affinis || Portán dearg domhainuisce || Chimaera monstrosa Hydrolagus mirabilis Rhinochimaera atlantica || Coinín mara Coinín mara mórshúileach Ciméara sciansocach || Coryphaenoides rupestris || Gránadóir cruinnsocach || Epigonus telescopus || Iasc cairdinéalach dubh || x Helicolenus dactilopterus || An gormbhéal || Hoplostethus atlanticus || Gainneachán flannbhuí || x Macrourus berglax || Gránadóir ceanngharbh || Molva dypterigia || Langa gorm || Mora moro Antimora rostrata || Móra coiteann Trosc domhainmhara gorm || Pagellus bogaraveo || Deargán || Phycis blennoides || Colmóir gabhlach mór || Polyprion americanus || Breac raice || Reinhardtius hippoglossoides || Haileabó Graonlannach || Cataetyx laticeps || || Hoplosthetus mediterraneus || Gainneachán airgid || Macrouridae seachas Coryphaenoides rupestris agus Macrourus berglax || Gránadóirí seachas an gránadóir cruinnsocach agus an gránádóir ceanngharbh || Nesiarchus nasutus || Geimiasc dubh || Notocanthus chemnitzii || Eascann spíonach gheancach || Raja fyllae Raja hyperborea Raja nidarosiensus || Sciata cruinn Sciata artach Sciata Ioruach || Trachyscorpia cristulata || Deilgcheann Atlantach || Section 2: Speicis a rialaítear faoi NEAFC
freisin Brosme brosme || Torsca || Conger conger || Eascann choncair || Lepidopus caudatus || Scabaird airgid || Lycodes esmarkii || Puteascann Esmark || Molva molva || Langa || Sebastes viviparus || Péirse mhara || Iarscríbhinn II
Ceanglais shonracha maidir le bailiú sonraí agus tuairisciú dá dtagraítear in
Airteagal 18(4) 1. Aon sonraí a bhailítear
maidir le limistéar a chuimsíonn uiscí de chuid an Aontais agus uiscí
idirnáisiúnta araon, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a
dhí-chomhbhailiú ar shlí go dtagraítear ar leithligh d'uiscí de chuid an
Aontais nó d'uiscí idirnáisiúnta. 2. I gcás ina bhfuil an
ghníomhaíocht sa métier domhainfharraige ag forluí le gníomhaíocht i métier
eile sa limistéar céanna, déanfar an bailiú sonraí maidir leis an ngníomhaíocht
sa métier domhainfharraige ar leithligh ón mbailiú sonraí maidir le
gníomhaíocht sa métier eile. 3. Déanfar ábhar muirí
aischurtha a shampláil i ngach métier domhainfharraige. An straitéis samplála
maidir le tabhairt i dtír agus ábhar muirí aischurtha, cuimseoidh sí gach
speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn I mar aon le speicis a bhaineann
leis an éiceachórais ghrinnill amhail coréil dhomhain‑uiscí, spúinsí nó
orgánaigh eile a bhaineann leis an éiceachóras sin. 4. I gcás ina gceanglaítear leis
an bplean ilbhliantúil infheidhme maidir le bailiú sonraí nach mór sonraí a
bhailiú maidir le hiarrachtaí iascaireachta ó thaobh uaireanta an chloig
iascaireachta le tráil agus ama tumtha gléasanna éighníomhacha, baileoidh an
Ballstáit na sonraí seo a leanas chomh maith leis na sonraí maidir le
hiarrachtaí iascaireachta agus beidh sé in ann iad a chur ar fáil: (a) suíomh geografach na ngníomhaíochtaí
iascaireachta a bhaineann le gach gabháil, ar bhonn sonraí an Chórais um
Fhaireachán Soithí arna dtarchur ag an soitheach chuig an lárionad faireacháin
ar iascaigh; (b) na doimhneachtaí iascaireachta ag a n‑úsáidtear
na gléasanna, i gcás ina n‑úsáideann an soitheach logleabhar leictreonach
chun tuairisciú. Tabharfaidh máistir an tsoithigh fógra maidir leis an
doimhneacht iascaireachta de réir na formáide caighdeánaí tuairiscithe. [1] Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992
maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú IO L 206,
22.7.1992, lch. 7. [2] Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009, IO L 347,
24.12.2009, lch. 6 [3] A/RES/61/105 an 8 Nollaig 2006 -
Comhaontú 1995 maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le
Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc
Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór‑imirceach a chur chun feidhme;
Comhaontú NA maidir le Stoic Éisc; UNFSA
[4] http://cordis.europa.eu/fetch?CALLER=FP7_PROJ_ES&ACTION=D&DOC=19&CAT=PROJ&QUERY=01308a670983:f6dc:57618e7e&RCN=90982 [5] Féach an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, Treoir
2008/56/CE, IO L 164, 25.6.2008, lch. 19. [6] COM(2007)30 críochnaitheach. [7] Bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 199/2008. [8] , , lch. . [9] , , lch. . [10] IO L 358, 31.12.2002, lch. 59. [11] IO L 351, 28.12.2002, lch. 6. [12] COM(2007)30 críochnaitheach. [13] IO L 347, 24.12.2009, lch. 6. [14] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1. [15] IO L 201, 30.7.2008, lch. 8. [16] IO L 87, 31.3.2009, lch. 70. [17] IO L 87, 31.3.2009, lch.1. [18] IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.