52010PC0469

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 6.9.2010

COIM(2010) 469 leagan deireanach

2008/0237 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaighi dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpaar sheasamh na Comhairle maidir leis antogra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

2008/0237 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

1. CÚLRA

An dáta ar seoladh an togra chuig an bParlaimint agus an Chomhairle: 5 Nollaig 2008

Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh: 23 Aibreán 2009

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: 16 Iúil 2009

An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle d'aon toil: 11 Márta 2010

Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh: 6 Iúil 2010

2. Cuspóir an togra

Tá an togra reachtach dírithe ar chearta a bhunú do phaisinéirí a bhíonn ag taisteal de bhus agus de chóiste ar bhealaí náisiúnta agus trasnáisiúnta araon. Ar na cearta sin tá rialacha íosta maidir le faisnéis le haghaidh gach uile phaisinéir roimh a dturais agus lena linn, dliteanas i leith tionóiscí bóthair, cúnamh agus cúiteamh i gcás cur isteach ar a dturais, bearta i gcás moilleanna agus cúnamh sonrach do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Mar atá sa reachtaíocht atá ann cheana a bhaineann le hearnálacha an aeriompair agus an iompair d'iarnród, déantar foráil sa togra do chomhlachtaí náisiúnta neamhspleácha a dhéanfaidh díospóidí a réiteach.

3. Tuairim ón g COIMISIÚN AR LEASUITHE PHARLAIMINT NA h EORPA

3.1 Achoimre ar sheasamh an Choimisiúin

Ghlac Parlaimint na hEorpa 50 leasú. Féadfaidh an Coimisiún 5 leasú a ghlacadh mar atá siad (11, 20, 33, 37, 38), 3 leasú a ghlacadh i bprionsabal, rud a scriosfadh roinnt forálacha atá i seasamh na Comhairle (15, 16 agus 50) agus 39 leasú a ghlacadh tar éis athdhréachtú (1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12, 13, 14, 17, 18, 19, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 34, 39, 40, 41, 42, 44, 45, 46, 47, 48, 49, 51). Diúltaíonn an Coimisiún do leasuithe 21, 35 agus 36.

Cuireann an Coimisiún fáilte roimh na hiarrachtaí a rinne an Pharlaimint na forálacha a chuirfeadh le leibhéal cosanta an Phaisinéara a neartú i gcomparáid le seasamh na Comhairle. I gcás go leor saincheisteanna, imíonn na leasuithe a ghlac an Pharlaimint ó sheasamh na Comhairle. Tá an Coimisiún lánchinnte, áfach, gur féidir teacht ar chomhréiteach le linn an nós imeachta idir-réitigh.

3.2 Leasuithe na Parlaiminte ag an dara léamh

3.2.1 Leasuithe ar glacadh leo

Glacann an Coimisiún le leasuithe 11, 20, 33, 37 agus 38.

Tugann na leasuithe soiléiriú in aithrisí (aithris 17), i sainmhínithe (an sainmhíniú ar 'iompróir', Airteagal 3g) agus sna forálacha ar mhoilleanna (Airteagal 14(1)(b) pointe I, Airteagal 19(1) agus 19(1)(a)), rud a fheabhsaíonn cáilíocht an téacs dhlíthiúil nó a fheabhsaíonn leibhéal cosanta an phaisinéara.

3.2.2 Leasuithe a nglactar leo faoi réir a n-athdhréachtaithe nó i bprionsabal

Raon feidhme

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe sin a bhaineann le raon feidhme an dréacht-Rialacháin (Airteagal 2) agus nuair a chuirtear i gcomparáid iad le seasamh na Comhairle is léir go dteorannaíonn siad an deis atá ag na Ballstáit díolúine a thabhairt ó chearta paisinéirí i gcás cineálacha áirithe seirbhísí ar nós seirbhísí intíre agus seirbhísí áitiúla (i.e. seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha) agus go dteorannaíonn siad an fad ama a bhaineann le díolúintí den sórt sin mar go bhfeabhsaíonn siad an chosaint a thugtar do phaisinéirí. Mar sin féin, ar mhaithe le soiléire, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil bheadh gá na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú : 1, 13, 14, 17 agus 18.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le leasuithe 15 agus 16 (is é sin go scriosfaí an deis a bheadh ag na Ballstáit díolúine ón raon feidhme a thabhairt do sheirbhísí intíre agus idirnáisiúnta má sholáthraítear cuid mhór den tseirbhís lasmuigh den AE) d'fhonn a áirithiú gur féidir an reachtaíocht um chearta paisinéirí a chur i bhfeidhm go forleathan. Ar mhaithe le comhréiteach a fháil leis an gComhairle, áfach, admhaíonn an Coimisiún gur dócha nach bhféadfar raon feidhme níos forleithne a bhaint amach ach trí chur chuige níos solúbtha, i.e. díolúine a d'fhéadfaí a thabhairt do na seirbhísí thuasluaite, ach trí liosta níos faide de na hairteagail nach bhféadfaí díolúine a fháil ina leith in Airteagal 2(5) seachas an liosta teoranta atá molta ag an gComhairle.

Cúiteamh agus cúnamh i gcás tionóiscí

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe a bhaineann le Cúiteamh agus cúnamh i gcás tionóiscí agus a fheabhsaíonn an chosaint a thugtar do na paisinéirí i gcomparáid le seasamh na Comhairle. Bheadh gá, áfach, na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú chun go mbeidís comhoiriúnach leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair a bhaineann le dliteanas i leith mótarfheithiclí agus, ar an tslí sin, teacht ar chomhaontú leis an gComhairle: 2, 3, 4, 22, 23, 24 agus 25.

Daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe a bhaineann le daoine faoi mhíchumas agus le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus a fheabhsaíonn na forálacha maidir le hinrochtaineacht seirbhísí bus agus cóiste do na daoine sin i gcomparáid le seasamh na Comhairle. Mar sin féin, ar mhaithe le soiléire, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil bheadh gá na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú : 5, 6, 7, 8, 9, 18, 19, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 34 agus 51.

Cealú nó moilleanna

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe a bhaineann le cearta paisinéirí i gcás cealú nó moilleanna seirbhísí bus agus cóiste nuair is feabhsú iad ar chosaint an phaisinéara, mar shampla, maidir le coinníollacha níos fearr do chúiteamh agus do chúnamh. Mar sin féin, ar mhaithe le soiléire, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil bheadh gá na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú : 10, 39, 40, 41 agus 42.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le leasú 44 i bprionsabal (Airteagal nua 22a lena leagtar síos oibleagáid d'iompróirí comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha chun feabhas a chur ar an gcúram do phaisinéirí). Ar mhaithe le comhréiteach a fháil leis an gComhairle, áfach, admhaíonn an Coimisiún go bhféadfadh gá a bheith le cur chuige níos solúbtha i leith na hoibleagáide comhair a cheanglaítear ar na hoibreoirí.

Faisnéis

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe a bhaineann le soláthar faisnéise faoi sheirbhísí iompair agus faoin gcaoi ina soláthraítear iad, mar aon leis na leasuithe sin a bhaineann le cearta paisinéirí nuair is feabhasú iad ar choinníollacha na dtaistealaithe i gcomparáid le seasamh na Comhairle. Mar sin féin, ar mhaithe le soiléire, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil bheadh gá na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú : 12, 45 agus 46.

Láimhseáil gearán agus forfheidhmiú

Glacann an Coimisiún leis na leasuithe a bhaineann leis na coinníollacha bunaíochta do mheicníochtaí láimhseála gearán agus do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe sa chás ina gcuireann siad leis an gcuimsiú de chosaint paisinéirí agus ina n-éascaíonn siad struchtúir riaracháin nach bhfuil ródhian. Mar sin féin, ar mhaithe le soiléire, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil bheadh gá na leasuithe seo a leanas a athdhréachtú : 47, 48 agus 49.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le leasú 50 i bprionsabal : Airteagal 27(3) lena gcuimsítear Airteagal 5 go dtí Airteagal 7 den Rialachán seo faoi raon feidhme na scéimeanna neamhspleácha láimhseála gearán. Ar mhaithe le comhréiteach a fháil leis an gComhairle, áfach, admhaíonn an Coimisiún go bhféadfadh gá a bheith le cur chuige níos solúbtha i leith na forála seo lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht dhlíthiúil idir an dlí náisiúnta agus dlí an AE, sa chaoi sin ag baint Airteagal 7 ó raon feidhme Airteagal 27(3) ós rud é go dtagraíonn Airteagal 7 don reachtaíocht náisiúnta dliteanais agus d'fhéadfadh nósanna imeachta an Airteagail sin ó thaobh athbhreithnithe dlíthiúlachta de imeacht ó na hamlínte nós imeachta atá sainithe sa Rialachán seo.

3.2.3 Leasuithe ar diúltaíodh dóibh

Diúltaíonn an Coimisiún do Leasú 21 (sainmhíniú ar 'tionscnóir turas' in Airteagal 3k) ós rud é nach dtiocfadh scriosadh na tagartha do 'miondíoltóir' atá sa sainmhíniú sin le struchtúr dlí an dréacht-Rialacháin seo agus nach mbeadh sí i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann cheana a bhaineann le cearta paisinéirí, ar nós Rialacháin 1107/2006 agus 1371/2007.

Diúltaíonn an Coimisiún do leasuithe 35 agus 36 a bhfuil sé mar aidhm leo Airteagal 18(1) agus (2) a scrios, is é sin míreanna a thugann an deis do na Ballstáit díolúine a thabhairt i leith seirbhísí rialta intíre ó chur i bhfeidhm fhorálacha Chaibidil III den Rialachán seo, más rud é go n-áirithíonn siad go bhfuil an leibhéal cosanta do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar chomhleibhéal leis an leibhéal cosanta a fhoráiltear faoin Rialachán seo ar a laghad. Tá forálacha Airteagal 18(1) agus (2) úsáideach óir tugann siad an tsolúbthacht is gá do na Ballstáit leibhéal cosanta níos airde a chothabháil, nuair is gá sin, ar an leibhéal náisiúnta, agus a áirithiú ag an am céanna, go ndéanfar an leibhéal céanna cosanta ar a laghad agus a fhoráiltear leis an Rialachán seo a bhaint amach sna Ballstáit eile.