52008PC0469

Togra le haghaidh Rialacháin ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádáil i dtáirgí róin {SEC(2008) 2290} {SEC(2008) 2291} /* COIM/2008/0469 leagan deireanach - COD 2008/0160 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil23.7.2008

COIM(2008) 469 leagan deireanach

2008/0160 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trádáil i dtáirgí róin

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2290} {SEC(2008) 2291}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

( Forais agus cuspóirí an togra

Is é is aidhm leis an togra seo le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle toirmeasc a chur ar tháirgí róin a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach, a bheith ar idirthuras tríd nó a onnmhairiú ón gComhphobal. D'fhéadfaí trádáil a dhéanamh sna táirgí sin, áfach, ach coinníollacha áirithe i ndáil leis an tslí agus an dóigh ina maraítear agus ina bhfeanntar na rónta a chomhlíonadh. Bunaítear leis, freisin ceanglais faisnéise a bhfuil sé d'aidhm acu a áirithiú go n-aithneofaí go soiléir i gcás táirgí róin a bhféadfaí trádáil faoi mhaolú ó na toirmisc a dhéanamh iontu, go dtagann siad ó thír a chomhlíonnann na coinníollacha a cheanglaítear, é sin nó go n-aithneofaí gurbh iad daoine a bhí ag gníomhú faoi dhlínse tíortha ina gcomhlíontar na coinníollacha sin a mharaigh na rónta agus a d’fheann iad.

Beartaítear go ngabhfaidh na toirmisc seo ionad na mbeart éagsúil a ghlac Ballstáit áirithe nó a bhfuil sé ar intinn acu a ghlacadh, chun cosc a chur le allmhairiú, táirgeadh agus a dáileadh táirgí a dhíorthaítear ó rónta, de réir mar a bheidh, sa chaoi is go mbeidh an trádáil sna táirgí sin á rialú le coinníollacha comhchuibhithe laistigh de Chomhphobal. Chomh maith, tá sé d'aidhm ag an dréacht-Rialachán, a áirithiú nach féidir táirgí róin a tháirgtear lasmuigh den Chomhphobal a allmhairiú isteach, a bheith ar idirthuras tríd, nó a allmhairiú amach as an gComhphobal.

Allmhairítear táirgí róin isteach sa Chomhphobal agus déantar trádáil iontu sa Chomhphobal. Tá sé le tuiscint ón bhfianaise atá ar fáil gur í tríú tíortha a thionscnaítear an chuid is mó de na táirgí seo, cé go dtáirgtear méid áirithe laistigh den Chomhphobal ó tharla go ndéantar rónta a mharú agus an craiceann a bhaint díobh san Fhionlainn agus sa tSualainn, agus go dtáirgtear táirgí róin i mBallstáit eile, amhail an Ríocht Aontaithe (Alba), ag úsáid seithí fionnaidh róin a thig ó thíortha eile.

Le roinnt blianta anuas, tá roinnt mhaith daoine den phobal ag déanamh imní de ghnéithe leasa ainmhithe i ndáil le rónta a mharú agus an craiceann a bhaint díobh agus i ndáil le trádáil a thig as táirgí a díorthaíodh ó rónta a maraíodh agus ar baineadh an craiceann díobh ar bhealach ar ábhar péine, anacra agus foirmeacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é, is féidir le rónta, mar ainmhithe mothaitheacha, a bhrath. Chuir daoine den phobal an imní sin in iúl ar chúiseanna eiticiúla. Le blianta beaga anuas cuireadh líon ollmhór litreacha agus achanaíocha chuig an gCoimisiún faoin gceist ina gcuireann saoránaigh in iúl an fearg agus an deistin atá orthu ós rud é go bhfuil táirgí róin a dtrádáil faoi na coinníollacha sin.

De thoradh an imní a rinne na saoránaigh de, ghlac roinnt Ballstát, nó tá siad i mbun í a ghlacadh nó a scrúdú, reachtaíocht ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh táirgí róin a shrianadh nó a thoirmeasc. Tá na reachtóirí náisiúnta ag dul i ngleic leis an gceist trí bhíthin beart éagsúil ina dtoirmisctear táirgí a dhíorthaítear ó rónta nó ó speicis áirithe róin a allmhairiú, a tháirgeadh, a thráchtálú, nó a chur ar an margadh, de réir mar a bheidh. Toisc gur eolaí anois an pobal bheith agus iad ag cur brú ar reachtóirí náisiúnta is dóigh go mbeidh tuilleadh tionscnamh reachtach sna Ballstáit a mbeidh sé d'aidhm acu freagairt ar an imní mhór atá ar dhaoine den phobal mar a luaitear thuas.

Thug dhá Bhallstát reactaíocht isteach ag maidir le trádáil i dtáirgí róin a shrianadh.

Cé go bhfuil (nó go bhféadfadh sé go mbeidh go luath) trádáil i dtáirgí róin faoi réir rialacha sriantacha i mBallstáit áirithe, níor achtaíodh aon cheanglais shonracha chun na críche sin i mBallstáit eile sa chaoi go bhfuil coinníollacha trádála difriúla taobh le taobh laistigh den Chomhphobal agus iad ag athrú ó Bhallstát amháin (grúpa de Bhallstáit) go Ballstát eile (grúpa de Bhallstáit). Dá dheasca sin, tá ilroinnt sa mhargadh inmheánach toisc gur gá do na trádálaithe a gcleachtais tráchtála a choigeartú de réir na bhforálacha éagsúla atá i bhfeidhm i ngach Ballstát.

Ní fhoráiltear sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do bhunús dlí sonrach lena gceadaítear don Chomhphobal reachtú i réimse a bhaineann le heitic den sórt sin. Mar sin féin, i gcás sa Chonradh ina dtugtar de chumhacht don Chomhphobal reachtú i réimsí áirithe agus ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha na mbunús dlí sin, ní hionann reachtas an Chomhphobail a bheith ag brath ar chúrsaí eiticiúla is é a chosc ó bhearta reachtacha a ghlacadh. Ba chóir go dtabharfaí faoi deara, ina leith sin, go dtugann an Conradh de chumhacht don Chomhphobal bearta a ghlacadh a bhfuil sé d'aidhm acu margadh inmheánach a bhunú agus a chothabháil, ar margadh é gan teorainneacha inmheánacha de réir Airteagal 14 den Chonradh.

Leanann sé ó chásdlí socraithe na Cúirte Breithiúnais, sa chás go bhfuil difríochtaí idir dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin na mBallstát ar difríochtaí iad a d'fhéadfadh saoirsí bunúsacha a chosc agus a mbeadh tionchar díreach acu ar an gcuma sin ar an margadh inmheánach, leanann sé go bhfuil call cuí le bearta an Chomhphobail chun constaicí dá leithéidí a chosc. Dé réir na n-imthosca, is éard a d'fhéadfadh a bheith sna bearta sin margaíocht táirge nó táirgí a thoirmeasc go sealadach nó go cinntitheach[1].

Tá difríochtaí idir dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát i ndáil le táirgí róin. Tá dhá Bhallstát tar éis margaíocht na dtáirgí sin a thoirmeasc agus Ballstát eile tar éis fógra a thabhairt faoin rún atá aige é a dhéanamh. Tá Ballstáit eile i mbun diospóireachtaí diana poiblí maidir leis an gá atá le reachtaíocht dá leithéid. Is é is aidhm do na bearta sin, de réir a n-údar, deireadh a chur le trádáil i dtáirgí róin go príomha i ngeall ar cúiseanna eiticiúla a bhaineann le leas ainmhithe. Rannchuidíonn na toirmisc sin ar mhargaíocht le forbairt ilchineálach an mhargaidh sin agus ar an ábhar sin is constaicí sa bhealach ar shaorghluaiseacht earraí iad.

Ag féachaint freisin do phobal atá níos eolaí agus níos íogairí faoi chúrsaí eiticiúla a bhaineann le conas a fhaightear táirgí róin, is dóigh go dtarlóidh constaicí in aghaidh saorghluaiseacht na dtáirgí sin de dhroim na mBallstát do ghlacadh rialacha nua a bhaineann leis na cúiseanna imní sin.

Ar an ábhar sin, tá údar le ghíomh ó reachtas an Chomhphobail ar bhonn Airteagal 95 CE i ndáil le táirgí róin [2].

Is é comhchuibhiú na dtoirmeasc éagsúil agus/nó na mbeart sriantach eile atá ann faoi láthair an bealach is fusa agus is simplí chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh leas rónta óna ndíorthaítear táirgí nuair a tharlaíonn trádáil i dtáirgí róin, faoin gcoinníoll go gcomhlíonfar ceanglais áirithe.

D'aithin an Chúirt Bhreithiúnais gur cuspóir dlisteanach é leas ainmhithe a chosaint ar mhaithe le leas an phobail[3].

Is é Cinneadh seasta na Cúirte Breithiúnais freisin nach féidir a chosc, sa chás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le leas a bhaint as Airteagal 95 CE mar bhunús dlí, go mbeifear ag brath i reachtas an Chomhphobail ar an mbunús dlí sin ar an bhforas gur fíoras cinntitheach atá sa tsláinte phoiblí ó thaobh na roghanna atá le déanamh[4].

Ó léamh comhcheangailte an chásdlí thuas is léir nach féidir a chosc i reachtas an Chomhphobail go mbeifear ag brath ar Airteagal 95 CE ar an bhforas gur fíoras cinntitheach a bheadh sa tsláinte phoiblí ó thaobh na roghanna atá le déanamh.

Ar aon nós, rannchuidíonn an dréacht-Rialachán, a mhéid a fhéachtar ann le coinníollacha aonfhoirmeacha a bhunú faoinar féidir táirgí róin a thrádáil de mhaolú ar na toirmisc a bheadh, mura mbeadh sin, infheidhme, chun saorghluaiseacht earraí laistigh den mhargadh inmheánach a áirithiú.

Ós rud é go dtionscnaítear formhór na dtáirgí róin atá sa Chomhphobal i dtríú tíortha, ní foláir go ngabhfaidh cosc coibhéiseach ar allmhairiú na dtáirgí céanna isteach sa Chomhphobal le bunú an choisc ar thrádáil.

Ba chóir go n-áireofaí trí bhíthin toirmisc ar tháirgí ar idirthuras agus ar onnmhairí nach mbeidh táirgí róin ar idirthuras tríd an gComhphobal agus nach dtáirgfear iad sa Chomhphobal le haghaidh onnmhairiú. Rannchuideoidh na toirmisc bhreise sin leis an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal a dhéanamh níos éifeachtúla, mar go bhfuil an baol ann go gcuirfear ar mhargadh an Chomhphobail go calaoiseach na táirgí róin sin a chuirtear faoi nós imeachta bealach tríd nó a líomhnaítear a tháirgeadh le haghaidh onnmhairiú.

Sa mhéid is go bhfuil tionchar ag forálacha an Rialacháin seo ar ghníomhaíochtaí tráchtála i dtáirgí róin le tríú tíortha, thar a bhfuil riachtanach chun an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal a chaomhnú, bá chóir go measfaí gur beart lena rialaítear trádáil idirnáisiúnta é.

D’Fhreagródh na toirmisc éagsúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo don imní atá ar daoine den phobal i ndáil le leas ainmhithe maidir leis an bhféidearthacht táirgí róin, a fuarthas ó rónta a d'fhéadfadh sé nár maraíodh agus nár feannadh gan pian, anacair agus foirmeacha eile fulaingthe inseachanta, a thabhairt isteach sa Chomhphobal.

Ba chóir, áfach, go bhféadfaí táirgí róin a thrádáil ar chuntar go n-úsáidfí modhanna maraithe agus feannta lena dtabharfaí ráthaíocht réasúnta go gcuirtear i gcrích an marú agus an feannadh gan pian, anacair nó foirmeacha eile fulaingthe inseachanta.

Cheapfaí an creat rialúcháin a bunaíodh mar sin chun dreasachtaí a thabhairt do thíortha i dtrácht a reachtaíocht agus a gcleachtas maidir leis na modhanna atá le comhlíonadh agus rónta á marú agus á bhfeannadh, a athbhreithniú agus a fheabhsú, nuair is gá.

Ba chóir nach rachfaí chun dochair do leas bunúsach eacnamaíoch agus sóisialta na gcomhphobal Ionúiteach, a mbíonn sé de thraidisiún acu dul ag fiach rónta. Dá bhrí sin, ní cóir go bhfolófaí táirgí róin a dhíorthaítear ón bhfiach a dhéanann na pobail Ionúiteacha ó thraidisiún agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú faoi na toirmisc dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

- Comhthéacs ginearálta

Déantar táirgí a dhíorthaítear ó rónta a thrádáil laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal.

Laistigh den Chomhphobal, maraítear agus baintear an craiceann de rónta sa tSualainn, san Fhionlainn agus sa Ríocht Aontaithe (Alba) d'fhonn táirgí a dhíorthaítear ó rónta a fháil nó chun lotnaidí a shrianadh. Lasmuigh den Chomhphobal, maraítear agus feanntar rónta ar na cúiseanna céanna i gCeanada, sa Ghraonlainn, sa Namaib, san Iorua agus sa Rúis.

Ó shin ghlac an Comhphobal reachtaíocht iomchuí chun go n-áiritheofaí nach gcuirfeadh fiach laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal stádas caomhnaithe go leor speiceas róin i mbaol (féach thíos).

Mar aon leis na cúraimí caomhnaithe seo, is cúis mhór imní do dhaoine den phobal, eagraíochtaí agus Ballstáit áirithe le roinnt blianta anuas na modhanna a úsáidtear chun rónta agus laonna róin a mharú mar gheall ar an eagla, an pian, an anacair agus cineálacha eile fulaingthe a bhraitheann na rónta.

An 17 Samhain 2006, ghlac Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa moladh maidir le fiach róin inar iarradh ar Bhallstáit agus ar Stáit a bhfuil stádas breathnadóra acu ina ndéantar fiach róin, inter alia, "na modhanna cruálacha fiaigh uile, nach ráthaíonn bás ar an toirt, gan fulaingt a thoirmeasc, na n-ainmhithe, agus ionstraimí ar nós hakapik, maidí agus gunnaí a úsáidtear chun néal a chur ar ainmhithe, a thoirmeasc".

Ar an 26 Meán Fómhair 2006, ghlac Parlaimint na hEorpa dearbhú ina n-iarradh ar an gCoimisiún Eorpach allmhairiú, onnmhairiú agus díol táirgí uile róin Ghraonlannaigh agus róin chochallaigh a rialú, agus ag áirithiú ag an am céanna nach mbeadh tionchar ag an Rialachán seo ar an bhfiach traidisiúnta róin a chleachtann na hIonúitigh.

An 16 Márta 2007 ghlac an Bheilg Ionstraim lena dtoirmisctear táirgí a dhíorthaítear ó rónta a mhonarú agus a chur ar an margadh agus ghlac an Ísiltír Foraithne an 4 Iúil 2007 lena leasaítear an Ionstraim Flora agus Fauna (Foraithne maidir le Speicis Ainmhithe agus Plandaí a ainmniú) agus an Foraithne maidir le Speicis Chosanta Ainmhithe agus Plandaí (Díolúine) i ndáil le trádáil i dtáirgí róin Ghraonlaigh agus i dtáirgí róin chochallaigh a thoirmeasc. Tá sé beartaithe ag an nGearmáin Ionstraim a ghlacadh lena dtoirmisceofar táirgí róin a allmhairiú, a phróiseáil, agus a chur ar an margadh. Ní fhéadfar tionscnaimh dá leithéidí ó Bhallstáit eile a chur as an áireamh amach anseo.

- Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Go dtí pointe tá an trádáil i dtáirgí róin áirithe faoi réir forálacha Comhphobail atá ann cheana, ach tá raon feidhme agus réasúnaíocht na bhforálacha seo an-difriúil.

Toirmisctear i dTreoir 83/129/CEE ón gComhairle an 28 Márta 1983 craicne laonna róin áirithe[5] agus táirgí a ndíorthaítear uathu[6] a allmhairiú isteach sna Ballstáit chun críocha tráchtála. Glacadh an Treoir de thoradh staidéar éagsúil a chruthaigh imní maidir le líon na rónta Graonlannacha agus na rónta cochallacha, agus go háirithe maidir le tionchar atá ag fiach neamhthraidisiúnta ar chaomhnú agus líon na rónta cochallacha. Ós rud é nach ndéantar aon dochar do laonna róin leis an bhfiach seo, mar a chleachtann an pobal Ionúiteach é, níl feidhm ag an Treoir maidir le táirgí a thig as an gcineáil fiaigh seo.

Cosnaítear le Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóga nadúrtha agus le fauna agus flora fiáine[7] gach speiceas róin atá sa Chomhphobal. Dála na speiceas go léir (agus na gnáthóga go léir) eile a fholaítear le Treoir, is é is aidhm iomlán di stádas comhnaithe fabhrach a chothabháil nó a athshlánú maidir leis na speicis róin atá sa Chomhphobal.

Mar chuid de na bearta a ceapadh chun an cuspóir a chur i gcrích, toirmisctear in Airteagal 15 den Treoir na modhanna neamh-idirdhealaitheacha uile a chuirfeadh deireadh leis na speicis sin, nó a chuirfeadh isteach orthu go mór. Tá na modhanna agus slite gabhála agus maraithe liostaithe in Iarscríbhinn VI (a) agus tá na cineálacha gabhála agus maraithe ó mhodhanna iompair liostaithe in Iarscríbhinn VI (b).

Toirmisctear sa Treoir gach cineál gabhála agus maraithe d'aon turas eiseamail na speiceas sin atá liostaithe in Iarscríbhinn IV (a) a ghabhann léi, lena n-áirítear na speicis róin seo a leanas: monachus monachus agus p hoca hispida saimensis . Ceanglaítear freisin, i bhfianaise faireacháin ar stádas caomhnaithe na speiceas lena mbaineann, go n-áiritheoidh na Ballstáit freisin gcuireann gabháil eiseamail na speiceas sin fauna fiáine atá liostaithe in Iarscríbhinn V - n-áirithítear gach speiceas atá atá sa Chomhphobal nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn IV - chomh maith lena saothrú, isteach ar a stádas caomhnaithe a choimeád ar leibhéal fabhrach. D’Fhéadfaidh a bheith san áireamh sna bearta sin modhanna gabhála eiseamal a rialú, rialacha fiaigh a chuireann san áireamh caomhnú na rónta sin agus eiseamail á ngabháil a chur i bhfeidhm, nó eiseamail a cheannach, a dhíol, a thairiscint lena ndíol nó a iompar lena ndíol a rialú.

Tá sé d'oibligeáid ar na Ballstáit tuarascáil a ullmhú gach sé bliana maidir leis na bearta a glacadh faoi Threoir 92/43 a chur chun feidhme. D'fholaíodh sa tréimhse tuarascála is déanaí 2001-2006 agus nocht sé faisnéis den chéad uair i ndáil le stádas caomhnaithe na speiceas róin go léir a bhfuil feidhm ag an Treoir maidir leo.

Le Rialachán Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú[8], déantar an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) a chur chun feidhme laistigh den Chomhphobal. Is é is aidhm don Rialachán (agus do CITES) caomhnú speiceas fauna agus flora fiáine a ráthú trí thrádáil iontu a rialú. De bhun CITES agus an Rialacháin, ní tharlóidh trádáil ach amháin sa chás nach gcuirfidh sí teacht slán na speiceas lena mbaineann i mbaol. Tá roinnt speiceas Eite-chosach liostaithe i bhFoscríbhinn I nó II a ghabhann le CITES agus in hIarscríbhinní comhfhreagracha A agus B a ghabhann leis an Rialachán. Ní fholaítear sa togra le haghaidh Rialacháin ach speiceas amháin – rón fionnaidh Rinn Namaib (a rctocephalus pusillius pusillus ) -, atá liostaithe faoi láthair faoi CITES (Foscríbhinn II a ghabhann leis).

Go hachomair, díríítear sa reachtaíocht atá ann cheana ar chuspóirí caomhnaithe agus braitheann a cur chun feidhme iarbhír go pointe áirithe (ar a laghad i leith Threoir 92/43) ar éabhlóid stádas caomhnaithe an speicis lena mbaineann. Cibé ar bith, ní thoirmisctear inti gach gníomhaíocht tráchtála i leith gach speicis róin mar a airbheartaítear sa togra seo le haghaidh Rialacháin, ná ní dhírítear inti go sonrach ó thaobh seasaimh leasa ainmhithe de ar mhodhanna ina maraítear agus ina bhfeanntar rónta.

- Comhchuibheas le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Is cuspóir dleathach é cosaint leasa ainmhithe agus is féidir leis an Comhphobal í a shaothrú ar mhaithe le leas an phobail nuair a fheidhmíonn sé na cumhachtaí reachtacha a thugtar do leis an gConradh AE[9]. Cuirtear cúrsaí leasa ainmhithe san áireamh i reachtas an Chomhphobail i réimsí éagsúla. I réimsí áirithe, amhail an margadh inmheánach, tá sé de cheangal fiú ar institiúidí an Chomhphobail lánaird a thabhairt ar cheanglais leasa ainmhithe agus iad ag rith reachtaíochta[10].

Croílár Phlean Gníomhaíochta an Chomhphobail maidir le Leas agus Cosaint Ainmhithe 2006-2010 [11].is ea leas ainmhithe. Léirítear sa Phlean Gníomhaíochta seo an Prótacal a ghabhann leis an gConradh AE maidir le Cosaint Ainmhithe a shainmhínítear mar neacha mothaitheacha. Mar a comhaontaíodh tráth ar glacadh an Plean Gníomhaíochta agus d'fhonn tacú le comhchuibhiú caighdeán leasa ainmhithe a ghlactar sa Chomhphobal go poiblí agus go príobháideach, tá an Coimisiún tar éis staidéar indéantachta a láinseáil chun Ionad Eorpach um Chosaint agus Leas Ainmhithe a chruthú. D'fhéadfaí an Lárionad Eorpach a fhorbairt ar bhealach a chuideodh leis an gComhphobal agus na Ballstáit ceisteanna leasa ainmhithe a bhainistiú ar leibhéal an Chomhphobail agus ar leibhéal idirnáisiúnta araon. De réir mar a bhunófar agus nuair a bhunófar é, d'fhéadfadh an Lárionad sin cuidiú leis an gCoimisiún agus é ag cur chun feidhme na ceanglais lipéadaithe/marcála a mbeidh a ngnéithe bunúsacha le leagan síos sa Rialachán seo.

Níl aon neamhréireacht idir an togra seo agus an reachtaíocht Chomhphobail atá ann cheana (féach thuas): Dírítear sa chéad cheann ar cheisteanna leasa ainmhithe agus, sa mhéid is go bhforchuirfeadh an Rialachán seo forálacha níos déine i dtéarmaí trádála, d'fhéadfaí é a dhéanamh go foirfe mar nach ndéantar foráil sa reachtaíocht Chomhphobail atá ann cheana ach d'íoscheanglais. I gcor dá mhalairt, dá gceadófaí trádáil i dtáirgí róin faoi mhaolú, tá sé riachtanach a áirithiú go leanfadh na córais dá bhforáiltear faoin reachtaíocht Chomhphobail atá ann cheana ar aghaidh.

Maidir leis an toirmeasc ar allmhairiú, tá sé i gcomhréir le hAirteagal XX(a) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT), faoina gceadaítear d'aon pháirtí conarthach na bearta is gá a ghlacadh nó a chur i bhfeidhm chun moráltacht phoiblí a chosaint, ar an gcoinníoll nach gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm ar dhóigh a bheadh ina idirdhealú treallach nó dochosanta. Tá an Rialachán atá beartaithe neamh-idirdhealaitheach mar go mbeidh feidhm ag na toirmisc éagsúla dá bhforáiltear leis maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal agus maidir le hallmhairithe agus onnmhairithe chomh maith.

2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair

( Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Mar ionchur sa phróiseas ceaptha beartais, sheol an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí bunaithe ar an idirlíon a thug deis do shaoránaigh an AE chomh maith le daoine nach saoránaigh an AE iad a mbarúlacha a chur in iúl maidir le fiach róin a rialáil. Fuarthas 73 153 freagra ó shaoránaigh i 160 tír ar fud an domhain. Léiríonn an líon mór freagairtí (agus timpeall 1 350 r-phost sa bhreis air sin) gur ceist shuntasach í an fiach róin dar le líon mór saoránach. Léiríonn na freagairtí go bhfuiltear thar a bheith míshásta leis na cleachtais fiaigh róin mar atá faoi láthair, nó ar a laghad mar a bhraitheann an pobal i gcoitinne iad. Toirmeasc an rud ab fhearr le formhór soiléir na bhfreagróirí i mbeagnach gach limistéar geografach a ndearnadh anailísiú air. Bhí cónaí ag formhór na bhfreagóirí sa Ríocht Aontaithe, i SAM agus i gCeanada

Thairis sin, d'eagraigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) comhairliúchán geallsealbhóirí faoi chuimsiú a obair chun tuairim eolaíoch a bhunú maidir le gnéithe leasa ainmhithe agus rónta á marú agus á bhfeannadh (féach thíos). Iarradh ar na geallsealbhóirí a dtuairimí a chur in iúl maidir le hiomláine agus le hiontaofacht na sonraí a tíolacadh sa dréacht-thuarascáil a d'ullmhaigh grúpa oibre UESB, ionas nach mbeadh aon seans go bhfágfaí aon fhianaise thábhachtach eolaíoch ar lár. Thairis sin, d'eagraigh an Coimisiún Eorpach ceardlann le saineolaithe ó thíortha ina saothraítear rónta, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha leasa ainmhithe agus ó chomhlachais trádála fionnaidh agus fiagaithe d'fhonn aiseolas a fháil ar na sonraí fíorais a úsáideadh sa chóras tuarascála tuaithe (na córais bainistíochta fiach náisiúnta) a seoladh faoi chuimsiú mheasúnú foriomlán an Choimisiúin. Tionóladh cruinnithe déthaobhacha le réimse mór geallsealbhóirí ar leibhéal polaitiúil agus ar leibhéal teicniúil araon.

Achoimre ar na freagairtí agus ar an tslí ar cuireadh san áireamh iad

Léirigh torthaí an chomhairliúcháin go bhfuil a lán freagróirí i gcoinne an fhiaigh róin ar phrionsabail, rud a d'fhéadfadh a bheith fréamhaithe i meabhairbhrath áirithe den chaidreamh idir daoine agus nádúr. Mar sin féin, léirigh na torthaí freisin, i gcás roinnt freagróirí, go mbaineann inghlacthacht an fhiaigh róin leis an gcaoi mbainistítear agus a gcuirtear i gcrích an fiach róin agus ar na cúiseanna atá leis an bhfiach.

Cuirtear san áireamh sa togra toradh na gcomhairliúchán a seoladh agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an imní a cuireadh in iúl maidir le táirgí róin a fuarthas ó rónta a d'fhéadfadh nár maraíodh agus nár feannadh ar bhealach nár ábhar péine, anacra agus cineálacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é, a chur ar mhargadh an Chomhphobail lena n-áirítear allmhairithe ó thríú tíortha. Thairis sin, ceapadh scéim foriomlán an togra chun dreasachtaí a thabhairt do thíortha ina saothraítear rónta chun na modhanna maraithe agus feannta rónta a fheabhsú.

( Bailiú agus úsáid saineolais

D'aithin an Coimisiún, ina fhreagairt do Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2007, leibhéal ard imní an phobail i dtaca le gnéithe leasa ainmhithe an fhiaigh róin. I gcomhréir lena ghealltanas maidir le caighdeáin leasa ainmhithe, thug sé faoi mheasúnú oibiachtúil iomlán a dhéanamh ar ghnéithe leasa ainmhithe an fhiaigh róin agus, i bhfianaise na dtorthaí, tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin ina mbeidh tograí reachtacha féideartha dá mba ghá é. Rinne an Coimisiún a mheasúnú ar bhonn eilimintí éagsúla, lena n-áirítear, a mhéid a bhaineann le húsáid saineolais, tuairim eolaíoch neamhspleách ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (UESB) agus staidéar arna choimisiúnú chun tacú leis an bpróiseas measúnaithe iarmharta.

I ndiaidh iarraidh ón gCoimisiún Eorpach i mBealtaine 2007, ghlac UESB an 6 Nollaig 2007 tuairim eolaíoch neamhspleách maidir le gnéithe leasa ainmhithe agus rónta á marú agus á bhfeannadh[12].

Bhain UESB de thátal aisti gur "féidir rónta a mharú go tapa agus go héifeachtúil ar bhealach nach ábhar péine ná anacra inseachanta dóibh é . Mar sin féin, léirigh an Painéal go bhuil fianaise ann nach maraítear na rónta, i gcleachtas, go héifeachtúil agus go daonnachtúil i gcónaí."

Níl aon tuairim oifigiúil ag UESB maidir le modhanna a úsáidtear faoi láthair chun rónta a mharú agus a fheannadh. Is amhlaidh a bhunaíonn sé roinnt critéar chun inghlacthacht modhanna a chuirtear i bhfeidhm i bhfiaigh éagsúla róin a mheasúnú.

Ó tharla nach bhfuil go leor sonraí láidre ann a bhfuil piarmheasúnú eolaíoch déanta orthu, cuireadh i gcrích próiseas Mheasúnú Riosca UESB ar bhealach cáilíochtúil. Mar sin féin, meastar go bhfuil na conclúidí agus na moltaí láidir go leor chun an próiseas ceaptha beartais a mhúnlú.

I bhfianaise thuairim eolaíoch UESB, rinneadh scrúdú i staidéar (a choimisiúnaigh an Coimisiún)[13] ar na creata rialúcháin le haghaidh na bhfiach éagsúil róin agus ar a gcleachtais bainistíochta.

Rinneadh forálacha reachtacha agus forfheidhmithe i roinnt tíortha ina saothraítear rónta, laistigh den Chomhphobal agus lasmuigh, a mheasúnú agus rinneadh dea-chleachtais a shainaithint. Bunaíodh na méasúnuithe ar staidéar taighde doiciméadach agus ar fhaisnéis a soláthraíodh i rith an phróisis ghinearálta; níor thug an fhoireann taighde cuairt ar na stáit raoin go léir ar fud an domhain.

Chomh maith leis sin, rinneadh measúnú sa staidéar ar an iarmhairt a bheadh ag toirmeasc féideartha ar tháirgí róin ar thrádáil agus ar ghnéithe eile socheacnamaíocha.

( Measúnú iarmharta

Rinneadh bearta beartais reachtacha agus neamhreachtacha araon a mheas sa mheasúnú iarmharta. Thairis sin, rinneadh anailís ar bhearta beartais nach mbaineann go díreach le córais lena mbainistítear fiaigh róin, amhail toirmeasc iomlán ar tháirgí róin a chur ar mhargadh an Chomhphobail agus/nó a allmhairiú/onnmhairiú, chomh maith le bearta a d'fhéadfadh baint a bheith acu le dea-chleachtais nó droch-chleachtais na gcóras bainistíochta fiach róin.

Tá gné chomhshaoil an mheasúnaithe teoranta d’iarmhairtí na ngnéithe leasa ainmhithe ar rónta atá, áfach, deacair a thomhas mar go n-athraíonn éifeachtúlacht na modhanna maraithe a úsáidtear de réir na modhanna a úsáidtear, de réir scil na n-oibreoirí agus de réir na gcoinníollacha comhshaoil. Thairis sin, tá na hiarmhairtí eacnamaíocha teoranta d’iarmhairtí sin ar thrádáil agus ar gheilleagair áitiúla, sna tíortha ina saothraítear rónta agus sna tíortha ina mbíonn táirgí róin ar idirthuras agus á gclaochlú araon, agus baineann an ghné shóisialta go príomha leis na coinníollacha maidir leis an bpobal Ionúiteach.

Measúnaítear nach mbeadh ach iarmhairt eacnamaíoch an-bheag ar Bhallstáit an Chomhphobail dá ndéanfaí toirmeasc iomlán ar tháirgí róin a chur ar mhargadh an Chomhphobail. Tá sé seo ar an mbonn tuisceana, áfach, gur féidir leanúint de bheith ag trasloingiú craicne róin agus táirgí róin eile agus craicne róin a allmhairiú le haghaidh tuilleadh próiseála agus le haghaidh onnmhairiú. Measúnaítear go mbeidh na hiarmhairtí beagán níos suntasaí i gcás na stát raoin neamh-Chomhphobail. Na fiaigh róin sna tíortha neamh-Chomhphobail seo a bheith i bhfad níos mó ná mar atá i stáit raoin an Chomhphobail, agus margadh an Chomhphobail a bheith - cé is moite den Rúis - tábhachtach go leor is cúis le seo. Lena chois sin, d’fhágfadh an rogha seo nach mbeadh an rogha ag tomhaltóirí táirgí róin a cheannach sa Chomhphobal.

Bheadh iarmhairtí eacnamaíocha meánacha ar Bhallstáit an Chomhphobail dá gcuirfí toirmeasc iomlán ar allmhairí agus onnmhairí, cé go bhféadfadh iarmhairtí suntasacha bheith ann don Fhionlainn agus don Ghearmáin, dá bhfolófaí táirgí ar idirthuras sa toirmeasc sin. Bheadh na hiarmhairtí beagán níos airde i gcás na stát raoin neamh-Chomhphobail. Arís, na fiaigh róin sna tíortha neamh-Chomhphobail seo a bheith i bhfad níos mó ná mar atá i stáit raoin an Chomhphobail, agus margadh an Chomhphobail a bheith - cé is moite den Rúis - tábhachtach go leor is cúis leis seo. Má leathnaítear an toirmeasc, áfach, ionas go bhfolófar trádáil táirgí ar idirthuras, beidh Ceanada go háirithe thíos leis, murar féidir an trádáil seo a aistriú ón nGearmáin agus ón bhFionlainn go tír lasmuigh den Chomhphobal (go dtí an Iorua, mar shampla). Da bhrí sin, d’fhéadfadh an Iorua a stádas mar thrádálaí táirgí ar idirthuras a neartú. Maidir le tomhaltóirí, ní bheadh acu ach rogha an-teoranta táirgí róin a dhíothaítear ó speicis róin a dhéantar a fhiach sa Chomhphobal agus a thairiscint lena ndíol ar mhargaí áitiúla amháin.

Is iad an Danmhairg agus an Iodáil go mór fada thar aon tíortha eile a allmhairíonn chraiceann fionnaidh amh le haghaidh tuilleadh próiseála/díolacháin ar mhargadh an Chomhphobail, agus dá bhrí sin beidh siadsan faoi thionchar a leithéid de rialáil chomh maith. Allmhairíonn an Danmhairg na craicne fionnaidh amha isteach ó Cheanada agus ón nGraonlainn (nach ndéantar a aicmiú mar tháirgí ar idirthuras nuair is ón nGraonlainn iad) agus allmhairíonn an Iodáil craicne fionnaidh amha isteach ón Rúis, ón bhFionlainn agus ón Ríocht Aontaithe (Alba). Tá trádáil shuntasach freisin ag an nGréig i gcraicne amha leis an dá stát raoin a luadh go deireanach.

D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sna sochair a thig as córas lipéadaithe uasmharcáil praghais ar mhargadh an tomhaltóra agus feabhas ar íomha an fhiaigh róin i gcoitinne. Más córas deonach é, d'fhéadfadh sé go spreagfadh sé próiseas féin-roghnaithe maidir le comhlíonadh agus mar sin go gcoimeádfaí an chothromaíocht idir leas ainmhithe agus gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta, i.e. gur mhó an tairbhe a bhainfeadh na daoine a úsáideann an lipéad as ná an costas, agus go gcuirfí le leas rónta. Thairis sin, meastar go mbeidh an iarmhairt is mó ann más córas lipéadaithe idirnáisiúnta forleathan seachas córas sonrach Comhphobail a bheidh ann.

D'fhéadfaí comhaontuithe déthaobhacha/iltaobhacha a dhéanamh idir an Comhphobal agus stát raoin amháin nó níos mó ná stát raoin amháin, a mhéadódh an limistéar geografach nach gclúdófaí le haon bhearta reachtacha. Beidh an iarmhairt cosúil leis an iarmhairt dá mbeadh toirmeasc teoranta ann lena cheadaítear trádáil má chomhlíontar i bhfiach na rónta roinnt caighdeán atá bunaithe, mar a pléadh thuas.

I bhfianaise na himní maidir le leas ainmhithe a chuir an pobal, Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit in iúl, ní mheastar gur leor bearta neamhreachtacha aonair chun dul i ngleic leis an gceist.

Léirítear i dtuairim eolaíoch UESB go soiléir go bhfuil fianaise a tuairiscíodh, nach maraítear rónta, i gcleachtas, go héifeachtúil i gcónaí, agus neartaítear an tuairim seo i gcinntí measúnaithe breise. Dá bhrí sin, tá forais réasúnacha ann chun céimeanna réamhchúramacha a ghlacadh chun a áirithiú go ndiúltófar rochtain do tháirgí a dhíorthaítear ó rónta, a mharaítear agus a fheanntar ar bhealach ar ábhar péine, anacra agus fulaingthe inseachanta dóibh é, ar an gComhphobal.

Ní leor lipéadú táirgí ann féin mar mhalairt ar thoirmeasc ar thrádáil sna táirgí sin mar ní bheadh an lipéadú ábhartha ach amháin chun an imní eiticiúil atá ar na saoránaigh agus na dtomhaltóirí maidir le leas na n-ainmhithe a laghdú de réir mar a chomhallfaí na critéir dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na modhanna maraithe agus feannta atá i bhfeidhm i dtíortha ina saothraítear rónta. Ba chóir go mbeadh dreasachtaí ann do thíortha ina saothraítear rónta chun go n-oiriúnóidis a reachtaíocht agus a gcleachtas chun na críocha sin, rud nach féidir a chur i gcrích ach amháin le toirmisc ar thrádáil.

3. Eilimintí dlíthiúla an togra

- Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Is é is aidhm leis an togra seo le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle toirmeasc a chur ar tháirgí róin a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach, a bheith ar idirthuras nó a onnmhairiú ón gComhphobal. D'fhéadfaí trádáil a dhéanamh sna táirgí sin, áfach, nuair a chomhlíonfar coinníollacha áirithe i ndáil leis an tslí agus an dóigh ina maraítear agus ina bhfeanntar na rónta. Bunaítear leis freisin ceanglais faisnéise a bhfuil sé d'aidhm acu a áirithiú go léireofaí go soiléir i gcás táirgí róin, a bhféadfaí trádáil faoi mhaolú ó na toirmisc a dhéanamh iontu, go dtagann siad ó thír a chomhlíonnann na coinníollacha thuas, nó gur daoine a bhí ag gníomhú faoi dhlínse tíortha ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, na daoine a mharaigh na rónta agus a d’fheann iad.

- Bunús Dlí

Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 95 agus 133 den Chonradh CE. Agus an togra seo á dhréachtú, thug an Coimisiún aird chuí ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, inar leag an Chúirt amach na coinníollacha chun leas a bhaint as Airteagal 95[14].

Toisc go bhfuil sé d'aidhm sa togra freisin toirmeasc a chur ar na táirgí i dtrácht a allmhairiú agus a onnmhairiú ó thíortha atá lasmuigh den Chomhphobal, tá gá le tagairt d'Airteagal 133 chomh maith. Tá comhpháirt dhébhiorach sa togra seo ar ndóigh mar go bhfuil dhá chuspóir ann san am céanna, (toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal agus toirmeasc ar allmhairithe agus ar onnmhairithe) atá i ndlúthnasc doscartha. Ní bheadh ceann amháin tánaisteach ná i gcoibhneas indíreach leis an gceann eile.

Na nósanna imeachta a leagtar síos chun reachtaíocht Chomhphobail a ghlacadh faoi Airteagail 95 agus 133 faoi seach de Chonradh CE, níl siad neamh-chomhoiriúach dá chéile.

- Prionsabal na coimhdeachta

Tá sé d'aidhm sa togra dlíthe maidir le trádáil i dtáirgí róin a chomhchuibhiú. Tá gá leis an gcomhchuibhiú ar leibhéal an Chomhphobail chun deireadh a chur le hilroinnt an mhargaidh inmheánaigh faoi láthair, a thig as na difríochtaí atá ann faoi láthair idir forálacha na mBallstát lena rialaítear trádáil, a allmhairiú, táirgeadh agus margú táirgí róin, agus imní maidir le leas ainmhithe á cur san áireamh ag an am céanna. Ní fhéadfaí toradh dá leithéid a bhaint amach trí bhíthin beart a ghlacfaí ar leibhéal an Chomhphobail ós rud é nach féidir, bearta náisiúnta, lena n-áirítear toirmisc iomlána, ó tharla gur bearta teoranta don náisiún iad, a chur i bhfeidhm ach amháin i gcodanna den mhargadh inmheánach.

Ar an dóigh céanna, is fearr cinntí maidir le cé acu is féidir nó nach féidir leanúint de bheith ag trádáil táirgí róin, de mhaolú ó na toirmisc atá infheidhme ar shlí eile, a ghlacadh ar leibhéal an Chomhphobail mar go n-áiríthítear leis seo go gcomhlíontar coinníollacha aonfhoirmeacha sula ndeontar na maoluithe agus go rialaítear trádáil sna táirgí sin atá faoi réir maoluithe le rialacha comhchuibhithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá an réasúnaíocht seo fíor i leith ceanglas lipéadaithe agus margaíochta a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí atá faoi réir maoluithe, ós rud é nach mbeadh an reachtaíocht náisiúnta maidir leis an ábhar céanna, infheidhme sa Chomhphobal ina iomláne agus go dtiocfadh ilroinnt an mhargaidh aisti.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

- Prionsabal na comhréireachta agus rogha ionstraimí

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an cúis/na cúiseanna seo a leanas.

Ní leor lipéadú táirgí amháin mar mhalairt ar thoirmeasc ar thrádáil sna táirgí sin mar ní bheadh an lipéadú ábhartha ach chun an imní eiticiúil atá ar na saoránach agus ar na tomhaltóirí maidir le leas ainmhithe a laghdú de réir mar a chomhallfaí na critéir dá bhforáiltear sa Rialachán seo leis na modhanna maraithe agus feannta atá i bhfeidhm i dtíortha ina saothraítear rónta. Ba chóir go mbeadh dreasachtaí ann do thíortha ina saothraítear rónta chun go n-oiriúnóidis a reachtaíocht agus a gcleachtas chun na críocha sin, rud nach féidir a chur i gcrích ach amháin le toirmisc trádála.

Sna dálaí seo, is iad toirmisc a bhfuil an deis maoluithe a eisiúnt ag gabháil leo, na bearta is lú atá casta a fhéadfar a ghlacadh ar féidir leo na cuspóirí ar a ndírítear a chur i gcrích go héifeachtúil.

Ba chóir ceanglais iomchuí a sholáthar chun a áirithiú gur féidir maoluithe ar thoirmisc trádála a fhorfheidhmiú mar is ceart faoin Rialachán seo. Chun na críche sin, ba chóir forálacha a dhéanamh i ndáil le scéimeanna deimhniúcháin agus i ndáil le lipéadú agus marcáil chomh maith. Ba chóir go n-áiritheofaí sna scéimeanna deimhniúcháin go ndeimhnítear go dtagann táirgí róin as rónta a maraíodh agus a feannadh i gcomhréir leis na ceanglais iomchuí, a fhorfheidhmítear go héifeachtúil, agus go bhfuil sé d'aidhm acu a áirithiú go maraítear agus go bhfeanntar rónta ar bhealach nach ábhar péine, anacra agus cineálacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é.

Comhlíonfaidh na bearta go léir arna nglacadh ag an gCoimisiún chun an Rialachán seo a chur chun feidhme prionsabal na comhréireachta.

- Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán

Tá sé de bhuntáiste leis seo go gcuirtear i bhfeidhm é go ginearálta agus go haonfhoirmeach, agus é bheith ceangailteach go huile agus go hiomlán i ngach Ballstát ar an lá céanna, gan an t-ualach riaracháin breise a ghabhfadh le hionstraim náisiúnta a bheith riachtanach le haghaidh trasuímh.

Ní bheadh modhanna eile leormhaith. Ceanglaítear le Treoir bearta náisiúnta cur chun feidhme agus méadaítear an baol go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhealaí éagsúla. Braitheann forfheidhmiú toirmisc ar Bhallstáit agus iad ag coimeád a saoirse maidir leis an dóigh is fearr le háirithiú nach ndéantar táirgí róin a chur ar an margadh, a allmhairiú agus a onnmhairiú agus na modhanna a fhorbairt maidir leis an toirmeasc a fhorfheidhmiú. Ar an dóigh céanna, tá sé riachtanach go ráthófar cur i bhfeidhm aonfhoirmeach maoluithe féideartha ar thoirmisc trádála a bheadh ina mhalairt de chás infheidhme.

4. Impleacht bhuiséadach

Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail.

5. Faisnéis bhreise

- Simpliú

Níl aon eilimint simplithe sa togra mar nach mbaineann sé le reachtaíocht atá ann cheana.

Ba chóir a thabhairt faoi deara i leith Rialachán (CEE) Uimh. 338/97 narbh iomchuí speicis róin a áirítear faoi láthair sa Rialachán sin a bhaint de, mar go bhfuil na cinntí sin i dlúthnasc leis na cinntí atá le glacadh ag comhlachtaí rialaithe an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis i mBaol (CITES). Cé nach bhfuil an Comhphobal ina pháirtí i CITES, airbheartaítear i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 go sainráite an Coinbhinsiún sin a chur chun feidhme laistigh den Chomhphobal.

Treoir 83/129/CEE maidir le Laonna Róin:féach thíos.

- Reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm

Má ghlactar an Togra seo ní aisghairfear an reachtaíocht atá ann cheana mar go bhfolaítear sa cheann deireanach eilimintí eile nó go mbunaítear í ar fhorais eile agus mar go ndírítear léi ar imní dhifriúil a laghdú mar go mbaineann sí le stádas caomhnaithe an speicis róin atá i gceist.

I ndáil leis an Treoir maidir le Laonna Róin (mar atá arna leasú) níos sonraithe, is léir go gcuimsítear sa Rialachán seo an toirmeasc ar allmhairiú tráchtála táirgí sonracha a fholaítear sa reachtaíocht seo. Ní foláir, áfach, nach ndéanfar aon difear don Treoir seo mar sa Rialachán seo meastar cé acu is féidir nó nach féidir leanúint de bheith ag trádáil trí bhíthin maoluithe ar na toirmisc a bheadh infheidhme ina mhalairt de chás. Sa chás ina ndeonfar na maoluithe sin, ní foláir a áirithiú go gcomhlíonfar fós na cuspóirí caomhnaithe a shaothraítear i dTreoir 83/129, a thugann le tuiscint ar a uain go leanfar den toirmeasc ar allmhairiú dá bhforáiltear sa cheann deireanach d'fheidhm bheith aige. Dá bhrí sin, níorbh iomchuí Treoir 83/129 a aisghairm.

- Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Ní áirítear aon cheann de na clásail seo sa Togra.

- Athmhúnlú

Ní gá athmhúnlú an togra seo.

- Tábla comhghaoil

Neamh-infheidhme mar ní éilítear táblaí comhghaoil ach amháin i leith Treoracha.

- An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)

Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid LEE agus, dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2008/0160 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le trádáil i dtáirgí róin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 95 agus Airteagal 133 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[15],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[16],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[17],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is ainmhithe iad rónta ar féidir leo pian, anacair, eagla agus cineálacha eile fulaingthe a bhrath.

(2) Déantar rónta a fhiach laistigh agus lasmuigh den Chomhphobal agus úsáidtear iad chun táirgí agus earraí, amhail feoil, ola, blonag, seithí fionnaidh, agus earraí a dhéantar astu a fháil. Díoltar iad ar bhonn tráchtála ar mhargaí éagsúla, lena n-áirítear an Comhphobal.

(3) I ngeall ar an bhfiach rónta thosaigh daoine den phobal, rialtais agus Parlaimint na hEorpa, dreamanna atá íogair maidir le cúrsaí leasa ainmhithe, ar an imní mhór atá orthu a chur in iúl, ós rud é go bhfuil tásca ann a léiríonn go bhféadtar nach maraítear agus nach bhfeanntar rónta ar bhealach nach ábhar péine, anacra agus cineálacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é. Ina thuairim eolaíoch ar na gnéithe leasa ainmhithe a bhaineann le marú agus feannadh rónta, chinn an t-Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia gur féidir rónta a mharú ar bhealach tapa agus éifeacthúil nach ábhar péine nó anacra dóibh é, ach i gcleachtas nach maraítear iad i gcónaí ar bhealach éifeachtúil agus daonnachtúil[18].

(4) Mar fhreagairt ar an imní maidir le gnéithe leasa ainmhithe i ndáil le marú agus feannadh rónta, tá roinnt Ballstát tar éis reachtaíocht a ghlacadh nó tá sé i gceist acu reachtaíocht a ghlacadh, lena rialáilfear trádáil i dtáirgí róin, trí thoirmeasc a chur ar a n-allmhairiú, agus a dtáirgeadh, cé nach gcuirtear srianta ar bith ar thrádáil na dtáirgí seo i mBallstáit eile.

(5) Mar sin tá difríochtaí idir forálacha na mBallstát lena rialaítear trádáil, allmhairiú, táirgeadh agus margú táirgí róin. Na difríochtaí sin idir bearta náisiúnta, déanann siad difear d'oibríocht an mhargaidh inmheánaigh. Ba chóir go gcomhchuibheofar leis na forálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo na rialacha maidir le gníomhaíochtaí tráchtála i ndáil le táirgí róin sna Ballstáit go léir.

(6) D'fhonn deireadh a chur leis an ilroinnt atá sa mhargadh inmheánach faoi láthair, is gá foráil a dhéanamh do rialacha comhchuibhithe agus cúrsaí leasa ainmhithe á gcur san áireamh. Is iomchuí toirmeasc a chur ar tháirgí róin a chur ar an margadh chun na críche sin.

(7) Is de thionscnamh tríú tíortha formhór na dtáirgí róin sa Chomhphobal. Mar sin, le gurbh éifeachtúla an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal, ba chóir go dtoirmiscfí freisin na táirgí céanna a thabhairt isteach sa Chomhphobal.

(8) Trí bhíthin toirmisc ar tháirgí ar idirthuras agus ar onnmhairí ba chóir go n-áiritheofaí nach mbeidh táirgí róin ar idirthuras tríd an gComhphobal agus nach dtáirgfear iad sa Chomhphobal le haghaidh onnmhairiú. D’fh’agfadh toirmisc dá leithéidí gurbh éifeachtúla an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal, mar go bhfuil an baol ann go gcuirfear táirgí róin, a chuirtear faoi nós imeachta idirthurais nó a líomhnaítear gur iad táirgeadh le haghaidh onnmhairiú, ar mhargadh an Chomhphobail go calaoiseach.

(9) Sa mhéid is go bhfuil tionchar ag forálacha an Rialacháin seo ar ghníomhaíochtaí tráchtála i dtáirgí róin le tríú tíortha, thar a bhfuil riachtanach chun an toirmeasc ar thrádáil laistigh den Chomhphobal a chaomhnú, bá chóir é a mheas mar bheart lena rialaítear trádáil idirnáisiúnta.

(10) Ba chóir go bhfreagródh na toirmisc éagsúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo don imní atá ar dhaoine den phobal i ndáil le leas ainmhithe maidir le táirgí róin, a fuarthas ó rónta a d'fhéadfadh nár maraíodh agus nár feannadh ar bhealach nár ábhar péine, anacra agus foirmeacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é, a thabhairt isteach sa Chomhphobal, lena n-áireofar ó thríú tíortha.

(11) Is iomchuí, áfach, foráil a dhéanamh don fhéidearthacht go mbeidh maoluithe ón toirmeasc ginearálta ar tháirgí róin a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach, nó a onnmhairiú amach ón gComhphobal sa mhéid is go gcomhlíonfar na coinníollacha iomchuí maidir le cúrsaí leasa ainmhithe. Chun na críche sin, ba chóir critéir a sholáthar lena n-áiritheofaí ach iad a chomhlíonadh go marófar agus go bhfeannfar rónta gan pian, anacair agus foirmeacha eile fulaingthe inseachanta. Ba chóir aon mhaolú dá leithéid a dheonú ar leibhéal an Chomhphobail chun go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha i bhfeidhm ar fud an Chomhphobail i ndáil leis an trádáil a cheadaítear go sonrach faoi na maoluithe sin agus chun go gcaomhnófar oibríú rianúil an mhargaidh inmheánaigh.

(12) Ní chóir táirgí róin a chur ar an margadh, a allmhairiú, a chur ar idirthuras nó a onnmhairiú ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha dá bhforáiltear chun na críche sin sa Rialachán seo. Mar sin féin, má chuirtear ar an margadh, má allmhairítear nó má onnmhairítear iad i gcomhréir leis an maolú a dheontar faoin Rialachán seo, ní mór do tháirgí róin reachtaíocht ábhartha an Chomhphobail a chomhlíonadh, lena n-áirítear forálacha maidir le sláinte ainmhithe agus maidir le sábháilteacht bia agus beatha, de réir mar is iomchuí. Leis an Rialachán seo ba chóir nach ndéanfaí difear do na hoibleagáidí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2002 Deireadh Fómhair 2002 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seach-tháirgí ainmhithe nach mbeartaítear mar bhia don duine[19] agus maidir le diúscairt táirgí róin a ar chúiseanna sláinte poiblí agus ar chúiseanna sláinte ainmhithe.

(13) Ní cóir dochar a dhéanamh do leasa bunúsacha eacnamaíocha agus sóisialta na gcomhphobal Ionúiteach, a bhfuil sé de thraidisiún acu dul ag fiach rónta chun a mbeatha a shaothrú. Is cuid chomhtháite de chultúr agus céannacht na sochaí Ionúití é an fiach. Cuidíonn sé leis an bhfiagaí a bheatha a shaothrú. Dá bhrí sin, na táirgí róin a dhíorthaítear ó na fiaigh a dhéanann na pobail Ionúiteacha ó thraidisiún agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú, ní cóir iad a fholú faoi na toirmisc dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(14) Ba chóir ceanglais a fhoráil chun a áirithiú gur féidir maoluithe ar thoirmisc trádála a fhorfheidhmiú mar is ceart faoin Rialachán seo. Chun na críche sin, ba chóir forálacha a dhéanamh i ndáil le scéimeanna deimhniúcháin agus i ndáil le lipéadú agus marcáil chomh maith. Ba chóir go n-áiritheofaí le scéimeanna deimhniúcháin go ndeimhneofar gur de bhunús rónta arna marú agus arna bhfeannadh i gcomhréir leis na ceanglais iomchuí, arna bhforfheidhmiú go héifeachtúil, táirgí róin agus a mbeidh sé d'aidhm ag na ceanglais sin a áirithiú go marófar agus go bhfeannfar rónta ar bhealach nach ábhar péine, anacra agus cineálacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é.

(15) Ba chóir na bearta is gá i gcomhair chur chun feidhme an Rialacháin seo a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[20].

(16) Go háirithe, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go mbunófar nósanna imeachta lena gceadaítear iarratais ar mhaolú ó thoirmisc trádála arna leagan amach sa Rialachán seo a thaisceadh agus a láimhseáil ar bhealach éifeachtach, agus chun a áirithiú chomh maith go gcuirfear chun feidhme go hiomchuí forálacha an Rialacháin seo maidir le scéimeanna deimhniúcháin agus lipéadú agus marcáil. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh trí eilimintí neamhriachtanacha nua a chur leis, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. Ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún freisin Cinneadh a dhéanamh maidir le toirmisc trádála a mhaolú, a fhionraí nó a chúlghairm faoin Rialachán seo. Ó tharla go nglactar na bearta sin chun bainistíocht na scéime dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú agus é a chur i bhfeidhm i gcásanna aonair, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Chinneadh 1999/468/CE.

(17) Ba chóir go leagfadh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis a bheadh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba chóir go n-áiritheoidís go gcuirfí chun feidhme iad. Ba chóir go mbeadh na pionóis sin éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

(18) Ba chóir do na Ballstáit tuarascáil a ullmhú ar bhonn rialta maidir leis na bearta a ghlactar chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú. I bhfianaise na dtuarascálacha seo, ba chóir don Choimisiún féin tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(19) Ó tharla nach féidir cuspóir an Rialacháin seo, eadhon deireadh a chur le constaicí ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail ar na toirmisc náisiúnta ar thrádáil i dtáirgí róin a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr, dá bhrí sin, a fhéadfar iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. Féadfaidh an Comhphobal trádáil idirnáisiúnta a rialú de bhun Airteagal 133 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí róin a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach, a chur ar idirthuras tríd nó a onnmhairiú amach as an gComhphobal Eorpach.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

1. ciallaíonn 'rón' eiseamail d'Eite-cosaigh a bhaineann leis na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

2. ciallaíonn 'táirge róin' na táirgí go léir, próiseáilte nó neamh-phróiseáilte, a dhíorthaítear ó a fhaightear ó rónta, lena n-áirítear feoil, ola, blonag, agus craicne amha fionnaidh agus seithí fionnaidh coirtithe nó cóirithe, lena n-áirítear seithí fionnaidh a choimeáiltear i bplátaí, i gcrosanna agus i bhfoirmeacha dá leithéidí chomh maith le hearraí a dhéantar as seithí fionnaidh róin;

3. ciallaíonn 'cur ar an margadh' tabhairt isteach i margadh an Chomhphobail, agus tríd sin cur ar fáil do thríú páirtithe, cibé ar íocaíocht nó gan íocaíocht;

4. ciallaíonn 'allmhairiú' earraí a thabhairt isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail, cé is moite d'allmhairithe:

(i) atá de nádúr ócáideach, agus

(ii) arb é atá iontu go heisiach ná earraí le haghaidh úsáid phearsanta na dtaistealaithe nó a dteaghlaigh;

5. ciallaíonn 'cur ar idirthuras' earraí a iompar idir dhá phointe lasmuigh den Chomhphobal trí chríoch an Chomhphobail le nó gan trasloingiú, trádstóráil, toirtbhriseadh nó athrú ar an modh iompair agus nach mbíonn aon bhriseadh sa ghluaiseacht seachas le haghaidh na socruithe is gá don chineál seo tráchta;

6. ciallaíonn 'onnmhairiú' aon ghluaiseacht earraí amach as críoch custam an Chomhphobail;

7. iallaíonn 'iarratasóirí ag iarrann maolaithe' tíortha, lena n-áirítear Ballstáit, a iarrann maolaithe faoi Airteagal 5 den Rialachán seo, a maraíodh agus a bhfeannadh na rónta a ndéantar na táirgí róin astu ar a gcríoch nó faoina ndlínse, chomh maith leis an tír a dtig na daoine a mharaíonn agus a fheannann na rónta faoina dlínse, más rud é go maraítear agus go bhfeanntar na rónta i gcríoch tíre eile. Agus na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(5) á nglacadh, cinnfidh an Coimisiún, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo, cad iad na coinníollacha faoina n-áireofar eintitis nach tíortha iad.

Airteagal 3

Toirmisc

1. Toirmiscfear táirgí róin a chur ar an margadh agus a allmhairiú isteach, a chur ar idirthuras tríd nó a onnmhairiú amach as an gComhphobal.

2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le táirgí róin a thig as na fiaigh a dhéanann na pobail Ionúiteacha ó thraidisiún agus a rannchuidíonn lena mbeatha a shaothrú.

3. Glacfaidh an Coimisiún na bearta go léir is gá chun mír 2 a chur chun feidhme, lena n-áirítear ceanglais faisnéise i ndáil le cruthúnas tionscnaimh na dtáirgí róin dá dtagraítear sa mhír sin. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le cur ar an margadh, maidir le hallmhairiú, maidir le hidirthuras agus maidir le honnmhairiú

1. D'ainneoin Airteagal 3(1), ceadófar táirgí róin a chur ar an margadh a allmhairiú isteach, a chur ar idirthuras tríd an gComhphobal nó a onnmhairiú amach as má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

1. fuarthas iad ó rónta a maraíodh agus a feannadh iad i dtír, nó a mharaigh daoine iad, a bhfuil feidhm ag forálacha reachtacha iomchuí nó ceanglais eile maidir léi, lena n-áirithítear ar bhealach éifeachtúil go maraítear agus go bhfeanntar rónta ar bhealach nach ábhar péine, anacra agus cineálacha eile fulaingthe inseachanta dóibh é;

2. go ndéanann na húdaráis ábhartha na forálacha reachtacha nó na ceanglais eile dá dtagraítear i bpointe (a) a fhorfheidhmiú go héifeachtúil;

3. tá scéim iomchuí ar bun lena ndeimhnítear go dtig táirgí róin, lena n-áirítear craicne róin agus amhábhair eile a dhíorthaítear ó róin le húsáid chun táirgí róin a tháirgeadh, as rónta a bhfuil feidhm ag na pointí arna leagan síos i bpointí (a) agus (b) maidir leo, agus

4. go gcruthaítear go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a), (b) agus (c) le:

(i) deimhniú, agus

(ii) lipéad nó marcáil, sa chás nach leor deimhniú chun forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú,

i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7.

2. Na táirgí róin a chomhlíonann forálacha an Rialacháin seo, ní chuirfidh na Ballstáit bac ar a gcur ar an margadh, a n-allmhairiú ná a n-onnmhairiú.

Airteagal 5

Maoluithe

1. Maidir le hiarratasóirí a thaispeánann go sásúil don Choimisiún go gcomhlíonann siad na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), deonfar maolú orthusan.

2. Déanfaidh an Coimisiún breithmheas ar chomhlíonadh na gcoinníollacha atá leagtha síos i bpointe (a) d'Airteagal 4(1) ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

3. Déanfar maoluithe arna ndeonú de bhun mhír 1 a fhionraí nó a chúlghairm sa chás nach gcomhlíonfar a thuilleadh na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin.

4. Deonfaidh an Coimisiún maoluithe, agus déanfaidh sé Cinneadh maidir lena bhfionraí nó maidir lena gculghairm, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

5. D’fhonn maolú a fháil, glacfaidh an Coimisiún na bearta go léir is gá chun an t-Airteagal a chur chun feidhme, amhail bearta maidir leis na hiarratais a bheidh le cur faoi bhráid an Choimisiúin, lena n-áireofar ceanglais a thabharfar ar aird mar fhianaise. Agus an méid sin á dhéanamh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na coinníollacha éagsúla a d’fhéadfadh tarlú i gcríocha na dtíortha éagsúla.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 6

Deimhnithe

1. Comhlíonfaidh na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe d'Airteagal 4(1)(d)(i) na coinníollacha íosta seo a leanas:

5. beidh le sonrú iontu an fhaisnéis ábhartha go léir is gá chun a fhianú go gcomhlíonann an táirge nó na táirgí róin dá dtagraíonn siad an coinníoll atá leagtha síos in Airteagal 4(1)(c); agus

6. déanfaidh comhlacht neamhspleách nó údarás poiblí a fhianaíonn cruinneas na faisnéise a thaispeántar ann iad a bhailíochtú.

2. Glacfaidh an Coimisiún na rialacha go léir is gá chun an t-Airteagal seo a chur chun feidhme. Féadfaidh sé, go háirithe, a shonrú cad í an fhaisnéis atá le cur ar taispeáint agus na ceanglais faisnéise a thíolacfar chun a fhianú go gcomhlíonadh an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (b) de mhír 1.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 7

Lipéadú agus marcáil

1. Greamófar an lipéad nó an mharcáil dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d)(ii) ar dhóigh intuigthe doscriosta sofheicthe.

2. Glacfaidh an Coimisiún na bearta go léir is gá chun an t-Airteagal seo a chur chun feidhme, amhail bearta lena sonraítear na coinníollacha a shásóidh an mharcáil agus an lipéad agus na dálaí ina ngreamófar iad. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 8

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú. Glacfar na beart sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialacháin seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

Airteagal 9

An nós imeachta coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún coiste a bunaíodh le hAirteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle[21].

2. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 10

Pionóis agus forfheidhmiú

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme ar sháruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 31 Nollaig 200X agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú iardain orthu.

Airteagal 11

Tuarascálacha

1. Gach cúig bliana cuirfidh na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún ina dtabharfar breac-chuntas ar na bearta a ghlactar chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú.

2. I bhfianaise na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo laistigh de dhá mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse tuarascála cúig bliana i dtrácht.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 ar feadh 6 mhí tár éis an dáta a dtiocfaidh an Rialacháin seo i bhfeidhm mura bhfuil na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 3(3), 5(5), 6(2) agus 7(2) i bhfeidhm ar an dáta sin, agus sa chás sin beidh feidhm acu ar an lá tar éis do na bearta cur chun feidhme sin teacht i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Speicis Eite-cosach dá dtagraítear in Airteagal 2

1. Arctocephalus pusillus

2. Callorhinus ursinus;

3. Cystophora cristata;

4. Erignathus barbatus;

5. Eumetopias jubatus;

6. Halichoerus grypus;

7. Histrophoca fasciata;

8. Odobenus rosmarus rosmarus;

9. Odobenus rosmarus divergens;

10. Pagophilus groenlandicus;

11. Phoca largha;

12. Phoca vitulina;

13. Phoca vitulina richardii;

14. Pusa caspica;

15. Pusa hispida;

16. Pusa sibirica;

17. Zalophus californianus.

IARSCRÍBHINN II

Critéir maidir le leordhóthanacht na bhforálacha reachtacha agus ceanglais eile atá i bhfeidhm agus dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a bhreithmheas

1. prionsabail leasa ainmhithe:

Sonraítear prionsabail leasa ainmhithe sa reachtaíocht infheidhme nó i gceanglais eile.

2. uirlisí fiaigh:

Sonraítear sainghnéithe na n-arm a úsáidtear chun rónta a mharú. Tá sé soiléir sa reachtaíocht nó i gceanglais eile cad iad na hairm a cheadaítear chun néal a chur ar laonna róin agus/nó chun iad a mharú agus cad iad na hairm a cheadaítear chun néal a chur ar rónta fásta agus/nó iad a mharú.

3. NEAMHAIREACHTÁLACHT AGUS BÁS A FHÍORÚ TRÍ MHODHANNA MONATÓIREACHTA IOMCHUÍ A ÚSÁID

Tá ceanglais leagtha amach go sonrach maidir le monatóireacht agus mar sin tá sé d'oibleagáid ar an bhfiagaí a áirithiú go bhfuil an rón neamhaireachtálach go neamh-inchúlghairthe roimh dó an fhuil a sceitheadh as agus roimh dó leanúint ar aghaidh go dtí an chéad rón eile.

4. fuil a sceitheadh as ainmhithe ar cuireadh néal orthu

Ceanglaítear fuil a sceitheadh as na hainmhithe díreach tar éis néal a bheith curtha orthu go leordhóthanach, is é sin roimh dhul ar aghaidh chun néal a chur ar rón eile.

5. coinníollacha fiaigh:

Sonraítear ceanglais chun a áirithiú go bhfuil an rón agus/nó an fiagaí cobhsaí go leordhóthanach agus gur féidir an targaid a fheiceáil go soiléir. Rialaítear fachtóirí eile, atá ábhartha leis an bhfiach i dtrácht, freisin.

6. Oiliúint na bh FIAGAITHE

Ceanglaítear leibhéal sainmhínithe eolais agus ábaltachta ag an bhfiagaí maidir le bitheolaíocht róin, modhanna fiaigh agus an nós imeachta "trí chéim", agus maidir le húsáid phraiticiúil na n-uirlisí fiaigh, leithéid trialacha lámhaigh. Is éard atá sa nós imeachta "trí chéim" modh éifeachtúil chun rón a bhualadh/a lámhach, monatóireacht éifeachtúil (rud a áiríthítear tríd an frithluail caochaíola nó trí láimhsiú na blaoisce a úsáid go bhfuil an t-ainmhí go neamh-inchúlghairthe neamhaireachtáil nó marbh) agus sceitheadh fola éifeachtúil d'fhonn a áirithiú go maraítear an rón ar bhealach nach ábhar péine, anacra agus fulaingthe inseachanta dóibh é.

7. Monatóireacht neamhspleách:

Déantar foráil do chóras monatóireachta agus breathnadóireachta an fhiaigh, lena n-áirithítear maoirseoireacht rialta an fhiaigh agus neamhspleáchas na gcigirí.

8. inniúlacht tríú páirtí monatóireacht a dhéanamh:

Is féidir le tríú páirtí monatóireacht a dhéanamh ar an bhfiach, agus an méid is lú is féidir de chonstaicí riaracháin nó loighisticiúla ag baint léi.

9. ceanglais maidir le tuairisciú:

Déantar foráil do cheanglais shoiléire maidir le tuairisciú ar fhiagaithe agus ar chigirí, lena bhfolaítear an áit agus an am ina maraítear na hainmhithe agus na hairm agus an lón lámhaigh a úsáidtear. Ní mór na fachtóirí comhshaoil éagsúla atá ábhartha a thuairisciú freisin.

10. smachtbhannaí agus comhlíonadh:

Déantar faisnéis staidrimh faoin bhfiach, samplaí de neamhchomhlíonadh na gceanglas is infheidhme agus bearta forfheidhme lena mbaineann a thiomsú agus a chórasú. [pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic][pic]

[1] Breithiúnas an 14 Nollaig 2004 i gcás C-434/02 (Arnold André), míreanna 34 agus 35.

[2] Féach míreanna 37, 38, 39 agus 41 de chás C-434/02.

[3] Féach Cásanna Ceangailte C-37/06 agus C-58/06 Viamex Agrar Handels e.a., mír 22.

[4] Féach mír 32 de chás C-434/02.

[5] Laonna fionnaidh bháin ó rónta Graonlacha agus laonna ó rónta cochallacha (droimghorm).

[6] IO L 91, 09.4.1983, lch. 30. Treoir arna leasú le Treoir 89/370/CEE (IO L 163, 14.6.1989, lch. 37).

[7] IO L 206, 22.7.1992, lch. 7. Treoir mar a leasaíodh go deireanach le Treoir 2006/105/CE an 20 Samhain 2006 lena n-oiriúnaítear Treoracha 73/239/CEE, 74/557/CEE agus 2002/83/CE i réimse an chomhshaoil, de bharr aontachas na Bulgáire agus na Rómáine (IO L 363, 20.12.2002, lch. 368).

[8] IO L 61, 3.3.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 318/2008 ón gCoimisiún (IO L 95, 8.4.2008, lch. 3).

[9] Féach Cásanna Ceangailte C-37/06 agus C-58/06 Viamex Agrar Handels e.a., mír 22.

[10] Prótacal (Uimh. 33) maidir le cosaint agus leasa ainmhithe a ghabhann mar Iarscríbhinn leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (IO C 340, 10.11.1997, lch. 110). Léiríonn an Prótacal seo féin Dearbhú Uimh. 24 maidir le cosaint ainmhithe a ghabhann mar Iarscríbhinn leis an Ionstraim Chriochnaitheach den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

[11] COM(2006) 13 críochnaitheach 23.1.2006.

[12] The EFSA Journal (2007) 610, 1-122.

[13] COWI “ Assessment of the potential impact of a ban of products derived from seal species” (Measúnú ar iarmhairt ionchaiseach toirmisc ar tháirgí a dhíorthaítear ó speicis róin), Aibreán 2008.

[14] Breithiúnas an 10 Nollaig 2002 i gCás C-491/01 British American Tobacco and Imperial Tobacco [2002] ECR I-11453, míreanna 60 agus 61; breithiúnais an 14 Nollaig 2004 i gcás C-434/02 Arnold André [2004] ECR I-11825, mír 34 agus i gCás C-210/03 Swedish Match [2004] 1-11893 mír 33; breithiúnas an 12 Iúil 2005 i gCásanna Ceangailte C-154/04 agus C-155/04 Alliance for Natural Health [2006] ECR I-6451, mír 32 agus an 6 Nollaig 2005 i gCás C-66/04 United Kingdom v European Parliament and Council [2005] ECR 1-10553, mír 41.

[15] IO C , , lch. .

[16] IO C , , lch. .

[17] IO C , , lch.

[18] Scientific Opinion of the Panel on Animal Health and Welfare on a request from the Commission on the Animal Welfare aspects of the killing of seals (Tuairim Eolaíoch an Phainéil ar Shláinte agus Leas Ainmhithe ar iarraidh ón gCoimisiún i ndáil le gnéithe Leasa Ainmhithe a bhaineann le marú agus feannadh rónta). EFSA Journal (2007) 610, 1-122.

[19] IO L 273, 10.10.2002, lch. 1. Rialachán mar atá arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 523/2008 ón gCoimisiún an 11 June 2008 (IO L 153, 12.6.2008, lch. 23).

[20] IO L 184, 17.07.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[21] IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.