52007PC0856

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú /* COIM/2007/0856 leagan deireanach - COD 2007/0297 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil19.12.2007

COIM(2007) 856 leagan deireanach

2007/0297 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA |

110 | Forais agus cuspóirí an togra Cuimsíonn an margadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaitear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Ceanglaítear le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1993 maidir le críochnú Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide[1], go ndéanfaidh na páirtithe go léir cláir náisiúnta agus, nuair is iomchuí, cláir réigiúnacha a fhoirmiú agus a chur chun feidhme ina mbeidh bearta a mhaolóidh an t-athrú aeráide. I dtaca leis sin, mhol an Coimisiún in Eanáir 2007 go saothródh an tAE, i gcomhthéacs idirbheartaíochtaí idirnáisiúnta, an cuspóir maidir le hísliú 30% in astaíochtaí gáis cheaptha teasa i dtíortha forbartha faoi cheann 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990) agus gur chóir don AE tiomantas láidir neamhspleách a dhéanamh chun ísliú 20% ar a laghad d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach faoi cheann 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990)[2]. Thacaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa leis an gcuspóir seo. Ar cheann de na himpleachtaí a bheadh ag na tiomantais sin go mbeadh ar na Ballstáit go léir laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ó ghluaisteáin phaisinéirí. Is gné thábhachtach den ghnáthshaol ag líon mór daoine san Eoraip iad na gluaisteáin agus tá an tionscal feithicleach ina fhoinse shuntasach fostaíochta agus fáis in a lán réigiún den AE. Trí ghluaisteáin a úsáid cruthaítear iarmhairtí suntasacha freisin ar athrú aeráide. Tugann úsáid na ngluaisteán paisinéirí cuntas ar thuairim is 12% d'iomlán na n-astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin san AE (CO2), an príomhghás ceaptha teasa. Toisc feabhas a bheith tagtha ar mhótartheicneolaíocht feithicle, go háirithe ar éifeachtacht breosla, tá feabhas 12.4% tagtha ar éifeachtacht breosla idir 1995 agus 2004. Tá an feabhas a tháinig ar éifeachtacht breosla cealaithe, áfach, ag an méadú in éileamh ar iompar agus ar fheithiclí níos toirtiúla. Cé go bhfuil ísliú tuairim is 5% tagtha ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an AE ar an iomlán le linn na tréimhse 1990-2004 agus go bhfuil laghdú ag teacht de réir a chéile ar astaíochtaí in earnálacha neamhiompair, tá méadú 26% tagtha ar astaíochtaí CO2 ón earnáil iompair de bhóthar. Ainneoin feabhas suntasach a bheith déanta i mótartheicneolaíocht feithicle, go háirithe éifeachtacht breosla a chiallaíonn laghdú in astaíochtaí CO2, tá méadú tagtha ar an éileamh ar iompar agus ar fheithiclí níos toirtiúla agus níl dóthain dul chun cinn déanta chun cuspóir an Chomhphobail a bhaint amach maidir le meán na n-astaíochtaí ón gcabhlach nua gluaisteán a laghdú go 120g CO2/km. Is éard is cuspóir leis an togra seo dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ngluaisteáin phaisinéirí trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos lena ndéanfar meán na n-astaíochtaí CO2 ón ngnáthchabhlach nua gluaisteán sa Chomhphobal a theorannú go 130g CO2/km faoi cheann 2012. Gan comhchuibhiú dá leithéid bheadh baol mór ann go ndéanfaí dochar don mhargadh inmheánach agus go ndéanfadh na Ballstáit iarracht gníomh aontaobhach a ghlacadh chun éifeachtacht breosla i ngluaisteáin phaisinéirí a fheabhsú agus astaíochtaí CO2 a laghdú. Is cuid de chur chuige comhtháite é seo agus déanfar é a chomhlánú le bearta a thabharfaidh laghdú 10g CO2/km breise chun cuspóir an Chomhphobail de 120g CO2/km mar atá leagtha amach i dTeachtaireacht COIM(2007)19 a bhaint amach. Tá sé riachtanach spriocanna Comhphobail a ghlacadh i gcomhair gluaisteán nua paisinéirí chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, rud a tharlódh dá nglacfaí bearta éagsúla ar leibhéal na mBallstát. Trí spriocanna Comhphobail a shocrú cruthaítear níos mó cinnteachta do mhonaróirí maidir le pleanáil, mar aon le breis solúbthachta chun na ceanglais i laghdú CO2 a bhaint amach ná mar a chruthófaí trí spriocanna náisiúnta ar leith. Agus caighdeáin astaíochtaí á socrú is tábhachtach aird a thabhairt ar na himpleachtaí a bheidh acu ar iomaíochtas margaí agus monaróirí, nuálaíocht a spreagadh agus tomhaltas fuinnimh a laghdú. Trí chaighdeáin den sórt sin a shocrú, is tábhachtach cinnteacht pleanála ar fud na hEorpa a sholáthar do mhonaróirí feithiclí. Is é is aidhm don Rialachán seo dreasachtaí a chruthú do thionscal na ngluaisteán ionas go n-infheisteoidh sé i dteicneolaíochtaí nua. Cuirtear éiceanuálaíocht chun cinn go gníomhach leis an Rialachán seo agus cuirtear forbairtí teicneolaíocha sa todhchaí san áireamh ann. Sa tslí sin, cuirtear le hiomaíochtas an Tionscail Eorpaigh agus cruthaítear poist ar ardchaighdeán. |

120 | Comhthéacs ginearálta I 1995 ghlac an Coimisiún Straitéis Comhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin a laghdú. Bhí an straitéis bunaithe ar thrí cholún: gealltanais dheonacha a fháil ón tionscal gluaisteán maidir le hastaíochtaí a ghearradh, feabhsú ar an bhfaisnéis do thomhaltóirí agus gluaisteáin atá éifeachtach ó thaobh breosla a chur chun cinn trí bhearta fioscacha. I 1998, ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA – Association des constructeurs européens d'automobiles) tiomantas chun meán na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin nua a laghdú go 140g CO2/km faoi cheann 2008 agus i 1999 ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na Seapáine agus na Cóiré tiomantas chun meán na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin nua a laghdú go 140g CO2/km faoi cheann 2009. An 7 Feabhra 2007, ghlac an Coimisiún dhá Theachtaireacht chomhthreomharacha: Teachtaireacht faoi thorthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroim a laghdú agus Teachtaireacht faoin gCreat Rialúcháin Iomaíoch Feithicleach don 21ú haois CARS 21 ("na Teachtaireachtaí"). Tugadh chun suntais sna Teachtaireachtaí cé go bhfuil beagán dul chun cinn déanta chun an sprioc 140g CO2/km a bhaint amach faoi cheann 2008/9, nach bhféadfaí sprioc an Chomhphobail de mheán 120g CO2/km d'astaíochtaí ón gcabhlach nua gluaisteán a bhaint amach faoi cheann 2012 cheal bearta breise. Is éard a moladh sna Teachtaireachtaí, dá bhrí sin, cur chuige comhtháite a ghlacadh d'fhonn cuspóir an Chomhphobail a bhaint amach agus fógraíodh iontu go mbeartódh an Coimisiún creat reachtach chun cuspóir an Chomhphobail a bhaint amach trí dhíriú ar laghduithe sainordaitheacha in astaíochtaí CO2 chun an cuspóir 130g CO2/km a ghnóthú don ghnáthchabhlach nua gluaisteán trí fheabhsuithe i mótartheicneolaíocht feithiclí, agus laghdú breise 10g CO2/km nó a chomhionann dá mbeadh gá leis go teicniúil trí fheabhsuithe eile teicneolaíochta agus trí bhreis bithbhreoslaí a úsáid. Cuireadh béim sna Teachtaireachtaí ar an ngá go n-áiritheodh an creat reachtach maidir le sprioc an ghnáthchabhlaigh nua gluaisteán a chur chun feidhme spriocanna laghdúcháin atá inbhuanaithe, neodrach ó thaobh iomaíochta agus cothrom ar bhonn sóisialta a bheidh cothrom maidir leis an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus ba chóir dó aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis a sheachaint idir monaróirí gluaisteán. Ba chóir go mbeadh an creat reachtach ag luí leis an gcuspóir foriomlán maidir le spriocanna Kyoto atá de cheangal ar an AE a bhaint amach. I mBealtaine 2007, thacaigh Comhairle na nAirí Iomaíochtais le "cur chuige comhtháite mar atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le hastaíochtaí CO2 ó mhótarfheithiclí a laghdú" agus cuireadh béim ar "a thábhachtaí atá sé go gcuideoidh na gníomhaithe go léir le hastaíochtaí atá dochrach don aeráid a laghdú" agus "go n-áiritheoidh an deis le creat rialúcháin atá éifeachtúil ó thaobh costais de, soghluaisteacht ar phraghas réasúnta agus go gcuideoidh sé le hiomaíochtas domhanda an tionscail fheithicligh a chaomhnú". I Meitheamh 2007, d'áitigh Comhairle na nAirí Comhshaoil ar an gCoimisiún bogadh ar aghaidh, a luaithe is féidir agus roimh dheireadh na bliana 2007, le creat reachtach maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin (...) a laghdú. D'áitigh an dá Chomhairle Airí seo, mar aon le Comhairle na nAirí Iompair i Meitheamh 2007, ar an gCoimisiún "an creat atá beartaithe chun an sprioc maidir le meán na n-astaíochtaí CO2 ón gcabhlach nua gluaisteán a dhíolfar san AE a fhíorú bunaithe ar mheasúnú iarmharta críochnúil i slí a bheadh chomh neodrach agus is féidir maidir leis an iomaíocht, agus a bheadh inbhuanaithe agus cothrom ar bhonn sóisialta. Ba chóir é a cheapadh sa tslí is go n-áiritheofar go dtreiseoidh na monaróirí go léir a n-iarrachtaí chun a gcuid feithiclí a tháirgeadh go hiomlán i slí nach bhfuil díobhálach don chomhshaol agus atá éifeachtúil ó thaobh costais". Sa rún a ghlac Parlaimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2007, d'fháiltigh sí roimh an bplean ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht a bheartú agus mhol sí go gcuirfí spriocanna ceangailteacha astaíochta chun feidhme amhail ó 2011 d'fhonn a áirithiú go mbeadh an gnáthchabhlach nua gluaisteán in acmhainn 125g CO2/km a bhaint amach faoi cheann 2015 trí fheabhsuithe teicniúla ar na feithiclí amháin. Mhol an Pharlaimint spriocanna laghdúcháin a shainiú trí luach teorantach a bheadh lorgbhunaithe (leithead an riain oiread an fhaid idir na hacastóirí tosaigh agus deiridh [wheelbase]). D'áitigh an Pharlaimint freisin an dara céim a ghlacadh ar mhaithe leis an sprioc níos fadtéarmaí: ba chóir go mbeadh an gnáthchabhlach nua gluaisteán in acmhainn 95g CO2/km faoi cheann 2020 agus b'fhéidir 70g CO2/km faoi cheann 2025 a bhaint amach faoi réir ag deimhniú nó athbhreithniú a dhéanfaidh an Coimisiún faoi cheann 2016 ar a dhéanaí. Tá tionchar ag iompraíocht tomhaltóirí ar an líon foriomlán astaíochtaí ó ghluaisteáin phaisinéirí. Ba chóir faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir lena gcloíonn nó nach gcloíonn gluaisteáin nua paisinéirí leis na spriocanna astaíochta. Glacfaidh an Coimisiún togra leasaitheach chun cur le héifeachtúlacht Threoir 1999/94/CE maidir le lipéadú na héifeachtachta breosla. Is uirlis chumhachtach é cánachas gluaisteán chun tionchar a fháil ar chinntí ceannaigh na dtomhaltóirí. D'fhéadfadh cánacha difreáilte a thacódh le gluaisteáin atá éifeachtach ó thaobh breosla agus a astaíonn leibhéal íseal CO2 a chur ar an margadh cuidiú le sprioc an Chomhphobail a bhaint amach. Tá togra déanta ag an gCoimisiún le haghaidh Treorach ón gComhairle maidir le cánachas gluaisteán paisinéirí (COIM(2005)261) a thugann an deis seo trína cheangal go ndéanfar cáin a dhifreáil bunaithe ar na hastaíochtaí CO2 ó gach aon ghluaisteán, agus thiocfadh méadú ó 25% go 50% ar an méid ioncaim cánach a ghnóthófaí ó fhoinsí a bhaineann le CO2. Athdhaingníodh san athbhreithniú meántéarma ar an bPáipéar Bán maidir leis an gComhbheartas Iompair (COIM(2006)314) na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol a chaomhnú agus le cinnteacht fuinnimh a áirithiú, agus cuireadh béim ar astaíochtaí CO2 mar cheann de na dúshláin. |

130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Moladh 1999/125/CE ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú http://ec.europa.eu/environment/co2/99125/en.pdf. Moladh 2000/303/CE ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (KAMA) http://ec.europa.eu/environment/co2/00303/en.pdf. Moladh 2000/304/CE ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (JAMA) http://ec.europa.eu/environment/co2/00304/en.pdf. Treoir 1753/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéim a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar mheán na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí http://ec.europa.eu/environment/co2/001753/001753_en.pdf. |

140 | Comhchuibheas maidir le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais Tá an togra i gcomhréir leis na trí cholún atá i Straitéis Liospóin ós rud é go spreagfadh ceanglais níos déine maidir le hastaíochtaí CO2 agus éifeachtacht breosla teicneolaíochtaí nua comhshaoil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, a d'fhéadfadh ina dhiaidh sin onnmhairí teicneolaíocha ag a bhfuil ardleibhéal breisluacha de theicneolaíochtaí agus d'fheithiclí a spreagadh chuig margaí atá ag teacht chun cinn in áiteanna ina bhfuil ganntanas ola agus poist ardcháilithe a chur chun cinn san Eoraip. Rannchuidíonn an togra freisin leis an Straitéis Athnuaite faoi Fhorbairt Inbhuanaithe a ghlac an Chomhairle Eorpach i Meitheamh 2006 trí rannchuidiú le breis soghluaisteachta inbhuanaithe. Trí iompar a dhéanamh níos inbhuanaithe bheadh sé níos éasca spriocanna eile a bhaineann le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Tá an caidreamh seo láidir go háirithe idir an t-iompar, athrú aeráide, sláinte an phobail, caomhnú acmhainní nádúrtha agus úsáid fuinnimh. |

COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

211 | Modhanna comhairliúcháin, príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Mar thacaíocht do Theachtaireachtaí níos luaithe, d'eagraigh an Coimisiún an chéad bhabhta de chomhairliúchán poiblí in 2005-2006 trí chomhairliúchán ar líne. Mar chomhlánú ar seo bunaíodh meitheal tiomanta faoin gClár Eorpach um Athrú Aeráide. Lena chois sin, d'athbhreithnigh grúpa geallsealbhóirí CARS 21 an ról atá leis an mbeartas comhshaoil agus astaíochtaí CO2 chun cuidiú le creat uileghabhálach comhtháite beartais a fhorbairt don earnáil fheithicleach. Mar bharr ar an obair seo, eagraíodh na deiseanna comhairliúcháin seo a leanas, mar aon le staidéar seachtrach dírithe ar iniúchadh a dhéanamh ar mhodhanna rialaitheacha cur chuige a d'fhéadfaí a fhorbairt chun CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú: - Rinneadh comhairliúchán poiblí ar líne, idir 5 Bealtaine agus 15 Iúil 2007, dírithe ar thuairimí na ngeallsealbhóirí go léir agus an phobail i gcoitinne a fháil maidir leis an straitéis athbhreithnithe um CO2 agus gluaisteáin a chur chun feidhme; - Mar chomhlánú ar an gcomhairliúchán seo ar líne, d'eagraigh an Coimisiún éisteacht phoiblí an 11 Iúil 2007, nuair a tugadh an deis do na geallsealbhóirí a raibh baint dhíreach acu leis an reachtaíocht atá le teacht (tionscal feithicleach, soláthróirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhaineann leis an gcomhshaol, comhpháirtithe sóisialta, tomhaltóirí) a dtuairimí a thabhairt. |

212 | Achoimre ar na freagairtí agus ar an gcaoi ar cuireadh san áireamh iad Tá an fhaisnéis a bailíodh tríd an gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara curtha san áireamh agus an scéim atá beartaithe á ceapadh. Tá na mionsonraí a bhaineann leis an tslí ina ndearnadh amhlaidh leagtha amach sa tuarascáil ar an measúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo. |

213 | Fuair an Coimisiún 2,390 freagairt ar an gcomhairliúchán ar líne a rinneadh idir Bealtaine agus Iúil 2007. Tá na torthaí le fáil ar http://ec.europa.eu/reducing_co2_emissions_from_cars/index_en.htm agus déantar iad a achoimriú, mar aon leis an tuarascáil iomlán ar an éisteacht phoiblí, san iarscríbhinn a ghabhann leis an measúnú iarmharta a théann leis an togra. |

Bailiú agus úsáid saineolais |

221 | Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist (1) Saineolas ón tionscal feithicleach, monaróirí san áireamh agus (2) saineolas a bhaineann le samhaltú arna sholáthar ag comhairleoirí seachtracha (féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Measúnú Iarmharta a théann leis an togra seo i gcomhair mionsonraí ar na doiciméid tagartha agus na comaoineacha a bhaineann leis an gcreat don samhaltú). |

222 | An Mhodheolaíocht a úsáideadh Samhaltú bunaithe ar shamhlacha foirmiúla matamaiticiúla agus ríomhanna bunaithe ar shonraí staidrimh. |

223 | Na príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo Údaráis phoiblí, comhlachais tionscal, eagraíochtaí trádála, eagraíochtaí comhshaoil, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhairleoirí seachtracha. |

2241 | Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh |

225 | Baineadh úsáid as an gcomhairle a fuarthas ón gcomhairleoir seachtrach chun na himpleachtaí a bheadh ag na roghanna éagsúla beartas a mheas maidir le cuspóirí an togra a bhaint amach. Tá cur síos déanta sa mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an togra seo ar na roghanna sin agus ar a n-impleachtaí faoi seach. |

226 | Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal Cuirfear an staidéar a rinneadh mar thacaíocht don mheasúnú iarmharta, mar aon leis an obair ghaolmhar a rinneadh roimhe sin, ar fáil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas: http://ec.europa.eu/environment/co2/co2_studies.htm http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/index_en.htm |

230 | Measúnú iarmharta Rinneadh trí phríomhrogha a mheas sa mheasúnú iarmharta: An chéad rogha a rinneadh a mheas is ea an teorainn chéanna d'astaíochtaí CO2 a shocrú i gcomhair na monaróirí go léir maidir le meán na n-astaíochtaí óna gcabhlacha nua gluaisteán paisinéirí in 2012, eadhon meánsprioc astaíochta 130g CO2/km. An dara rogha a rinneadh a mheas is ea cuar líneach a shainiú ar a mbeadh an luach CO2 a bheadh le baint amach ag gluaisteán áirithe mar fheidhm "d'fhóntas" an ghluaisteáin (mais nó lorg) ionas go mbeadh meán na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin nua paisinéirí in 2012 ionann leis an sprioc 130g CO2/km. An tríú rogha agus an rogha deireanach a rinneadh a mheas is ea a cheangal ar mhonaróirí laghdú socraithe céatadáin a bhaint amach a chomhfhreagródh don laghdú is gá chun an sprioc 130g CO2/km a bhaint amach in 2012 i gcomparáid le staid 2006. Cuireadh meicníochtaí solúbthachta san áireamh sna trí rogha éagsúla, lena n-áirítear meánú na gcabhlach, comhthiomsú agus trádáil i measc monaróirí. Rinneadh iniúchadh freisin ar mheicníochtaí comhlíonta éagsúla. Rinneadh na hiarmhairtí ionchasacha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a mheas go mion. |

231 | Tá an mheastóireacht mhionsonraithe ar na roghanna éagsúla leagtha amach sa mheasúnú iarmharta a ghabhann leis an togra agus beidh fáil air ag na seoltaí seo a leanas: http://ec.europa.eu/environment/co2/co2_home.htm agus http://ec.europa.eu/enterprise/automotive/index_en.htm. |

EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA |

305 | Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Is é is aidhm don togra dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i ngluaisteáin phaisinéirí trí fhéachaint chuige nach sáróidh meán na n-astaíochtaí sonracha ó ghluaisteáin nua paisinéirí sa Chomhphobal 130g CO2/km amhail ó 2012. Seo a leanas na príomhghnéithe atá sa togra: - Beidh an togra infheidhme maidir le feithiclí M1 (gluaisteáin phaisinéirí). - Socraíonn an togra spriocanna d'astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí sa Chomhphobal mar fheidhm de mhais na ngluaisteán. - Socraíonn an togra spriocanna sainordaitheacha d'astaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí amhail ó 2012. Beidh na spriocanna infheidhme maidir le meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 léirithe i g/km i leith na ngluaisteán nua paisinéirí maidir le gach aon mhonaróir atá cláraithe san AE i ngach bliain féilire faoi seach. Féadfaidh na monaróirí comhthiomsú a dhéanamh chun a gcuid spriocanna a bhaint amach. Sa chás go ndéanann dhá mhonaróir nó níos mó comhthiomsú ar a n-astaíochtaí, glacfar leis an gcomhthiomsú mar mhonaróir amháin chun comhréireacht leis na spriocanna a shainiú. - Beidh sé de dhualgas ar na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir leis na gluaisteáin nua a chláraítear ar a gcríoch agus na sonraí sin a thuairisciú don Choimisiún chun comhréireacht leis na spriocanna a mheasúnú. - Má theipeann ar mhonaróir a sprioc shonrach a bhaint amach, beidh air préimh i leith astaíochtaí iomarcacha a íoc i ndáil le gach bliain féilire amhail ó 2012 i leith. Déanfar an phréimh a ríomh trí líon na ngram CO2/km ar sháraigh an monaróir a sprioc a iolrú faoi líon na ngluaisteán nuachláraithe agus faoin bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha don bhliain sin. Beidh an pionós i leith astaíochtaí iomarcacha cothrom le EUR 20 in 2012, EUR 35 in 2013, EUR 60 in 2014 agus EUR 95 in 2015 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin. - Tá na spriocanna faoin Rialachán bunaithe ar an eolas is fearr atá ar fáil faoi láthair go háirithe maidir leis an éabhlóid atá tuartha i gcás na gcabhlach idir an tráth seo agus 2012 i gcás an mhéadaithe ar mheáchan uathrialaitheach. |

310 | Bunús dlí Is é Airteagal 95 de Chonradh CE an bunús dlí iomchuí i ngeall ar an ngá le cothromaíocht a áirithiú i measc na ngníomhaithe eacnamaíocha go léir sa mhargadh inmheánach mar aon le leibhéal ard cosanta don tsláinte agus don chomhshaol a áirithiú freisin. |

320 | Prionsabal na coimhdeachta Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. |

Ní fhéadfaidh na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas: |

321 | An gá le go seachnófar go dtiocfaidh bacainní chun cinn ar an margadh aonair, an chuma thrasteorann atá ar athrú aeráide agus na héagsúlachtaí tábhachtacha i meáin náisiúnta na n-astaíochtaí sonracha CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí: léiríonn torthaí na monatóireachta ar mheán na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua go bhfuil éagsúlacht ann ó Bhallstát go Ballstát maidir leis na hastaíochtaí náisiúnta ó chabhlaigh nua gluaisteán (sa bhliain 2006 bhí an gnáthghluaisteán nua sa Phortaingéil ag astú 144g CO2/km i gcomparáid le 187g CO2/km sa tSualainn) agus, mar thoradh air sin, ní bheadh na Ballstáit in acmhainn bearta náisiúnta a chur chun feidhme ionas go mbainfí amach meán an AE de 130g CO2/km. |

Éireoidh níos fearr le gníomh Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach i ngeall ar na cúiseanna seo a leanas: |

324 | Is é an tslí is fearr chun gníomh comhchuibhithe a dhéanamh maidir leis an tionchar a bhíonn ag gluaisteáin phaisinéirí ar athrú aeráide a laghdú reachtaíocht ar leibhéal an Chomhphobail a ghlacadh. Trí spriocanna a ghlacadh d'astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin ar leibhéal an Chomhphobail seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus cruthóidh sé breis solúbthachta do mhonaróirí agus iad ag cur na laghduithe CO2 is gá chun feidhme ar a gcabhlach nua gluaisteán sa Chomhphobal seachas straitéisí sonracha a bheith ann ag a mbeadh cuspóirí sonracha náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí. Tá sprioc fhadtéarmach ag an gComhphobal chun meán na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua sa Chomhphobal a laghdú agus d'iarr an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh reachtaíochta ar an ábhar seo. |

327 | Tá raon feidhme an togra teoranta do spriocanna a shainiú i gcomhair monaróirí maidir le meán 130g CO2/km a bhaint amach i gcás cabhlaigh nua gluaisteán, gan bearta forlíontacha a fhorordú (ceanglais fógraíochta, dreasachtaí fioscacha) a d'fhéadfadh na Ballstáit a ghlacadh agus a d'fhéadfadh cuidiú leis an gcuspóir foriomlán a bhaineann le CO2 ó ghluaisteáin a ísliú, cé nach leor iad astu féin chun an sprioc 130g CO2/km a bhaint amach. |

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas: |

331 | Ní théann sé níos faide ná an méid is gá d'fhonn na cuspóirí a bhaint amach a bhaineann le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus tugann sé leibhéal ard cosanta don chomhshaol freisin. Tá an togra i gcomhréir le cuspóir foriomlán an AE maidir le spriocanna Kyoto atá de cheangal ar an AE a bhaint amach agus socraíonn sé spriocanna laghdúcháin atá inbhuanaithe, neodrach ó thaobh iomaíochta agus cothrom ar bhonn sóisialta a bheidh cothrom maidir leis an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus ba chóir dó aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis idir monaróirí gluaisteán a sheachaint. |

332 | Beidh an togra mar fhorbairt ar scéim monatóireachta atá ann cheana agus a bunaíodh níos luaithe chun an tslí ina gcuirtear an straitéis um CO2 agus gluaisteáin chun feidhme a mheas. |

Rogha na n-ionstraimí |

341 | An ionstraim atá beartaithe: rialachán. |

342 | Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar na cúiseanna seo a leanas: Tagann an Rialachán seo chun cinn tar éis gur measadh go raibh na gealltanais dheonacha a rinne an tionscal neamhoiriúnach ar mhaithe le dul chun cinn breise a dhéanamh mar chuid den straitéis athbhreithnithe maidir le CO2 agus gluaisteáin (creat reachtach lena gcuirtear cur chuige comhtháite chun feidhme). Meastar gurb é an ionstraim dhlíthiúil iomchuí Rialachán a úsáid chun an dearbhú a cheanglaítear le haghaidh comhlíonta a sholáthar ach gan trasuí i reachtaíocht na mBallstát a cheangal. Tá cuspóir an Chomhphobail infheidhme maidir leis an gComhphobal ina iomláine. Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go gcuirtear cur chuige aonfhoirmeach i bhfeidhm sna Ballstáit go léir. Thairis sin, beidh gá le cur chuige comhchuibhithe chun saobhadh iomaíochta a sheachaint a d'fhéadfadh iarmhairtí bheith aige ar an margadh inmheánach. |

IMPLEACHT BHUISÉADACH |

401 | Amhail ón tráth a ghlacfar an togra beidh gá le hacmhainní ar leibhéal AE chun é a chur chun feidhme ionas go ndéanfar monatóireacht chuí ar fheidhmíocht na monaróirí i gcomparáid leis na spriocanna laghdúcháin CO2 a bheidh acu, agus, nuair is gá, chun préimheanna i leith astaíochtaí iomarcacha dá bhforáiltear sa reachtaíocht a riaradh, rud a ionchorprófar i mbuiséad ginearálta an AE. |

FAISNÉIS BHREISE |

- Aisghairm na reachtaíochta atá ann cheana

Má ghlactar an togra déanfar an reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm.

- Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Folaítear clásal athbhreithnithe sa togra.

- Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus, dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2007/0297 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí ó ghluaisteáin nua paisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO 2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[6],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is é is cuspóir leis an Rialachán seo caighdeáin feidhmíochta astaíochtaí a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí a chláraítear sa Chomhphobal, rud a áirithíonn dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a sholáthraíonn cuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú.

(2) Cuimsíonn an margadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina gcaitear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú. Tá margadh inmheánach dea-fheidhmitheach san earnáil fheithicleach curtha i ngníomh ag an gComhphobal, rud a chuir bonn láidir le trádáil gan bhac laistigh den Chomhphobal do tháirgí feithicleacha. Ba chóir na spriocanna a bhaineann le hastaíochtaí CO2 a chomhchuibhiú ionas nach mbeidh ceanglais dhifriúla i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla, chun an méid dul chun cinn atá déanta ag an margadh inmheánach a chaomhnú agus chun go n-áiritheofar saorghluaiseacht do ghluaisteáin phaisinéirí laistigh den Chomhphobal agus leibhéal ard cosanta don chomhshaol.

(3) Ceanglaítear le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 94/69/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1993 maidir le críochnú Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide[7], go ndéanfaidh na páirtithe go léir cláir náisiúnta agus, nuair is iomchuí, cláir réigiúnacha a fhoirmiú agus a chur chun feidhme ina mbeidh bearta a mhaolóidh an t-athrú aeráide. I dtaca leis sin, mhol an Coimisiún in Eanáir 2007 go saothródh an tAE, i gcomhthéacs idirbheartaíochtaí idirnáisiúnta, an cuspóir maidir le hísliú 30% in astaíochtaí gáis cheaptha teasa i dtíortha forbartha faoi cheann 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990) agus gur chóir don AE tiomantas láidir neamhspleách a dhéanamh chun ísliú 20% ar a laghad d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach faoi cheann 2020 (i gcomparáid le leibhéil 1990)[8]. Thacaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa leis an gcuspóir seo.

(4) Ar cheann de na himpleachtaí a bheadh ag na tiomantais sin go mbeadh ar na Ballstáit go léir laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí ó ghluaisteáin phaisinéirí. Ba chóir beartais agus bearta a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus an Chomhphobail i ngach uile earnáil de gheilleagar an Chomhphobail, agus ní hamháin sna hearnálacha tionscail agus fuinnimh, chun na laghduithe suntasacha is gá a chruthú. Tá iompar de bhóthar ar an dara hearnáil is mó san AE a astaíonn gás ceaptha teasa agus tá méadú ag teacht fós ar líon na n-astaíochtaí sin. Más rud é go leantar den mhéadú i dtionchar an iompair de bhóthar ar athrú aeráide déanfaidh sé dochar suntasach do na laghduithe a dhéantar in earnálacha eile chun dul i ngleic le hathrú aeráide.

(5) Tá sé riachtanach spriocanna Comhphobail a ghlacadh i gcomhair gluaisteán nua paisinéirí chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint, rud a tharlódh dá nglacfaí bearta éagsúla ar leibhéal na mBallstát. Trí spriocanna Comhphobail a shocrú cruthaítear níos mó cinnteachta do mhonaróirí maidir le pleanáil, mar aon le breis solúbthachta chun na ceanglais i laghdú CO2 a bhaint amach ná mar a chruthófaí trí spriocanna náisiúnta ar leith. Agus caighdeáin astaíochtaí á socrú is tábhachtach aird a thabhairt ar na himpleachtaí a bheidh acu ar iomaíochtas margaí agus monaróirí, ar na costais dhíreacha agus indíreacha a fhorchuirtear ar ghnó agus ar na sochair a fhabhraíonn maidir le nuálaíocht a spreagadh agus tomhaltas fuinnimh a laghdú.

(6) Tá an Rialachán seo mar bharr ar phróiseas seanbhunaithe a bhaineann le tomhas agus monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó mhonaróirí feithiclí ar an leibhéal Eorpach i gcomhréir le Cinneadh 1753/2000/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 2000 maidir le scéim a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar mheán na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí[9] agus is tábhachtach nach dtiocfaidh deireadh leis an gcinnteacht intuarthachta agus pleanála do mhonaróirí feithiclí ar fud an Chomhphobail dá gcabhlach nua gluaisteán sa Chomhphobal leis na ceanglais laghdúcháin CO2 a shocraítear.

(7) I 1995 ghlac an Coimisiún Straitéis Comhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin a laghdú[10]. Bhí an straitéis bunaithe ar thrí cholún: gealltanais dheonacha a fháil ón tionscal gluaisteán maidir le hastaíochtaí a ghearradh, feabhsú ar an bhfaisnéis do thomhaltóirí agus gluaisteáin atá éifeachtach ó thaobh breosla a chur chun cinn trí bhearta fioscacha.

(8) I 1998, ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na hEorpa (ACEA - Association des constructeurs européens d'automobiles ) tiomantas chun meán na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin nua a laghdú go 140g CO2/km faoi cheann 2008 agus, i 1999, ghlac Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na Seapáine (JAMA – Japan Automobile Manufacturers' Association ) agus Comhlachas Mhonaróirí Gluaisteán na Cóiré (KAMA – Korea Automobile Manufacturers' Association ) tiomantas chun meán na n-astaíochtaí ó ghluaisteáin nua a laghdú go 140g CO2/km faoi cheann 2009. Tugadh aitheantas do na tiomantais seo i Moladh 1999/125/CE ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1999 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú[11] (ACEA); Moladh 2000/303/CE ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2000 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (KAMA)[12] agus Moladh 2000/303/CE ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2000 maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú (JAMA)[13].

(9) An 7 Feabhra 2007, ghlac an Coimisiún dhá Theachtaireacht chomhthreomharacha: Teachtaireacht ag leagan síos thorthaí an athbhreithnithe ar Straitéis an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroim[14] agus Teachtaireacht maidir le Creat Rialúcháin Iomaíoch Feithicleach don 21ú haois CARS21[15]. Tugadh chun suntais sna Teachtaireachtaí go bhfuil dul chun cinn déanta chun an sprioc 140g CO2/km a bhaint amach faoi cheann 2008/2009, ach nach bhféadfaí sprioc an Chomhphobail de 120g CO2/km a bhaint amach faoi cheann 2012 cheal bearta breise.

(10) Is éard a moladh sna Teachtaireachtaí cur chuige comhtháite d'fhonn sprioc an Chomhphobail de 120g CO2/km a bhaint amach faoi cheann 2012 agus fógraíodh iontu go mbeartódh an Coimisiún creat reachtach chun cuspóir an Chomhphobail a bhaint amach trí dhíriú ar laghduithe sainordaitheacha in astaíochtaí CO2 chun an cuspóir 130g CO2/km a bhaint amach don ghnáthchabhlach nua gluaisteán trí fheabhsuithe i mótartheicneolaíocht feithiclí. I gcomhréir leis an gcur chuige faoi na gealltanais dheonacha a ghlac na monaróirí, folaíonn sé na heilimintí sin a dtugtar aird orthu agus astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí á dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le mótarfheithiclí a chineál-cheadú i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí saothair éadroim agus ó fheithiclí tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí[16]. Déanfar laghdú breise 10g CO2/km, nó a chomhionann dá mbeadh gá leis go teicniúil, a ghnóthú trí fheabhsuithe eile teicneolaíochta agus trí bhreis bithbhreoslaí a úsáid. Lena chois seo, tá tionchar ag iompraíocht tomhaltóirí ar an líon foriomlán astaíochtaí ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ba chóir faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir lena gcloíonn nó nach gcloíonn gluaisteáin nua paisinéirí leis na spriocanna astaíochta atá socraithe faoin Rialachán seo.

(11) Ba chóir go n-áiritheodh an creat reachtach maidir leis an sprioc don ghnáthchabhlach nua gluaisteán a chur chun feidhme spriocanna laghdúcháin atá inbhuanaithe, neodrach ó thaobh iomaíochta agus cothrom ar bhonn sóisialta, a bheidh cothrom maidir leis an éagsúlacht atá ann i measc mhonaróirí gluaisteán na hEorpa agus ba chóir dó aon saobhadh iomaíochta nach bhfuil call leis idir monaróirí gluaisteán a sheachaint. Ba chóir go mbeadh an creat reachtach i gcomhréir leis an gcuspóir foriomlán maidir le spriocanna Kyoto atá de cheangal ar an AE a bhaint amach agus gur chóir é a chomhlánú le hionstraimí eile a bhaineann le húsáid, amhail cánacha idirdhealaitheacha gluaisteáin agus fuinnimh.

(12) Ionas nach gcaillfear an éagsúlacht atá sa mhargadh gluaisteán agus an cumas atá ann freastal ar riachtanais éagsúla tomhaltóirí, ba chóir na spriocanna CO2 do ghluaisteáin phaisinéirí a shainmhíniú mar fheidhm d'fhóntas na ngluaisteán ar bhonn líneach. Chun cur síos a dhéanamh ar an bhfóntas seo, is é mais an ghluaisteáin an paraiméadar is oiriúnaí mar go dtugann sé comhghaolú sásúil leis na hastaíochtaí reatha agus dá bhrí sin chruthófaí spriocanna atá níos réadúla agus níos neodraí ó thaobh iomaíochta agus i ngeall go bhfuil sonraí maise ar fáil go héasca. Ba chóir sonraí maidir leis an bparaiméadar eile fóntais, is é sin an lorg (leithead an riain oiread an fhaid idir na hacastóirí tosaigh agus deiridh [wheelbase] ), a bhailiú d'fhonn meastóireachtaí níos fadtéarmaí ar an gcur chuige fóntasbhunaithe a éascú. Trí na spriocanna seo a bhunú, ba chóir an éabhlóid atá tuartha i mais na ngluaisteán nua go dtí 2012 a chur san áireamh agus ba chóir go seachnófaí dreasachtaí ionchasacha maidir le mais gluaisteáin a mhéadú sa chás nach bhfuil mar aidhm leo ach leas a bhaint as méadú suntasach ar an sprioc laghdúcháin CO2. I ngeall air sin, ba chóir an éabhlóid uathrialaitheach i méadú meáchain feithiclí a d'fhéadfadh bheith ann sa todhchaí i bhfeithiclí arna dtáirgeadh ag na monaróirí agus arna ndíol ar mhargadh an AE a chur san áireamh agus na spriocanna á sainiú don bhliain 2012. Ar deireadh, ba chóir go spreagfadh an difreálú i spriocanna laghduithe astaíochtaí i ngach catagóir gluaisteán agus go n-aithneofaí, ag an tráth céanna, gur féidir laghduithe astaíochtaí níos mó a bhaint amach i gcomhair gluaisteán níos troime.

(13) Is é is aidhm don Rialachán seo dreasachtaí a chruthú do thionscal na ngluaisteán ionas go n-infheisteoidh sé i dteicneolaíochtaí nua. Cuirtear éiceanuálaíocht chun cinn go gníomhach leis an Rialachán seo agus cuirtear forbairtí teicneolaíocha sa todhchaí san áireamh ann. Sa tslí sin, cuirtear le hiomaíochtas an Tionscail Eorpaigh agus cruthaítear poist ar ardchaighdeán.

(14) Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an gcur chuige arna ghlacadh faoi Straitéis an Choimisiúin maidir le CO2 agus gluaisteáin, go háirithe maidir leis na gealltanais dheonacha atá déanta ag comhlachais na monaróirí, ba chóir an sprioc a chur i bhfeidhm ar ghluaisteáin nua paisinéirí atá cláraithe sa Chomhphobal den chéad uair riamh agus nach raibh cláraithe lasmuigh den Chomhphobal roimhe sin ach ar feadh tréimhse teoranta chun sáruithe a sheachaint.

(15) Is éard a bhunaítear le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin[17] creat comhchuibhithe ina bhfuil na forálacha riaracháin agus na ceanglais ghinearálta theicniúla maidir leis na gluaisteáin nua go léir faoina raon feidhme a fhormheas. Ba chóir go mbeadh an t-eintiteas a bheidh freagrach as comhlíonadh fhorálacha an Rialacháin freagrach freisin as gach gné den phróiseas cineál-cheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin agus as comhréireacht táirgeachta a áirithiú.

(16) Ba chóir a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo feithiclí sainchuspóireacha dá bhfuil riachtanais shonracha i bhfeidhm chun críocha an chineál-cheadaithe, lena n-áirítear feithiclí ar chun críocha tráchtála a thógtar go sonrach iad chun freastal a dhéanamh ar úsáid cathaoireacha rothaí laistigh den fheithicil i gcomhréir le beartas an Chomhphobail maidir le cabhrú le daoine faoi mhíchumas.

(17) Ba chóir go mbeadh solúbthacht ag na monaróirí cinneadh a dhéanamh faoin tslí a mbainfí na spriocanna amach faoin Rialachán seo agus ba chóir go mbeadh an deis acu astaíochtaí a mheánú de réir a gcabhlaigh nua gluaisteán seachas dualgas bheith orthu na spriocanna CO2 a urramú i gcás gach gluaisteáin ar leith. Ba chóir go gceanglófaí ar na monaróirí, dá bhrí sin, go n-áiritheofar nach sáróidh meán na n-astaíochtaí sonracha a bhaineann leis na gluaisteáin nua go léir a chláraítear sa Chomhphobal agus dá bhfuil freagracht orthu ina leith meán na spriocanna astaíochta do na gluaisteáin sin.

(18) D'fhonn solúbthacht a thabhairt do mhonaróirí, féadfaidh na monaróirí teacht ar chomhaontú maidir le comhthiomsú a dhéanamh ar bhonn oscailte trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach chun na spriocanna faoin togra seo a bhaint amach. Cúig bliana ar a mhéad a bheidh i dtréimhse feidhme an chomhaontaithe agus féadfar an comhaontú a athnuachan. Sa chás go ndéanann na monaróirí comhthiomsú, ba chóir a áitiú gur bhain na monaróirí na spriocanna faoin Rialachán seo amach ar choinníoll nach sáraíonn meán na n-astaíochtaí comhthiomsaithe ar an iomlán na spriocanna astaíochta don chomhthiomsú.

(19) Is gá meicníocht láidir comhlíonta d'fhonn a áirithiú go mbaintear amach na spriocanna faoin Rialachán seo.

(20) Tomhaistear na hastaíochtaí sonracha de dhé-ocsaíd charbóin ó ghluaisteáin nua paisinéirí ar bhonn comhchuibhithe sa Chomhphobal i gcomhréir leis an modheolaíocht atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Chun ualach riaracháin na scéime a íoslaghdú, ba chóir go dtomhaisfí cé chomh maith agus a dhéantar an scéim a chomhlíonadh trí thagairt a dhéanamh do shonraí a bhaineann le clárú gluaisteán nua sa Chomhphobal, arna mbailiú ag na Ballstáit agus arna dtuairisciú chuig an gCoimisiún. Chun a áirithiú go mbeidh na sonraí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na scéime i gcomhréir, ba chóir na rialacha a bhaineann le bailiú agus tuairisciú na sonraí seo a chomhchuibhiú a mhéad is féidir.

(21) Foráiltear le Treoir 2007/46/CE go n-eiseoidh na monaróirí deimhniú comhréireachta nach foláir a chur le gach gluaisteán nua paisinéirí agus nach gceadóidh na Ballstáit gluaisteán nua paisinéirí a chlárú ná a chur i seirbhís mura ngabhann deimhniú comhréireachta bailí leis an ngluaisteán sin. Ba chóir go mbeadh na sonraí a bhaileoidh na Ballstáit i gcomhréir leis an deimhniú comhréireachta arna eisiúint ag an monaróir don ghluaisteán paisinéirí.

(22) Ba chóir comhlíonadh na spriocanna faoin Rialachán seo ag na monaróirí a mheas ar leibhéal an Chomhphobail. Beidh ar mhonaróirí a sáróidh meán a n-astaíochtaí sonracha CO2 an líon astaíochtaí a cheadaítear faoin Rialachán seo préimh i leith astaíochtaí iomarcacha a íoc maidir le gach bliain féilire amhail ó 2012. Ba chóir an phréimh a mhodhnú mar fheidhm den mhéid a theipeann ar mhonaróirí a sprioc a chomhlíonadh. Ba chóir don phréimh dul i méad le himeacht ama. Chun dreasacht leordhóthanach a thabhairt chun bearta a ghlacadh maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí a laghdú ba chóir don phréimh na costais teicneolaíochta a léiriú. Ba chóir suimeanna na préimhe i leith astaíochtaí iomarcacha a mheas mar ioncam do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

(23) Ba chóir go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do na rialacha iomaíochta sa Chomhphobal a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.

(24) I ngeall ar an tosaíocht a bhaineann go bunúsach leis an laghdú in astaíochtaí CO2, ba chóir, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme ar leibhéal an Chomhphobail, go mbeadh sé de chuidiú aige Ionstraim Airgeadais an Chomhphobail don Chomhshaol (LIFE+) i gcomhréir leis na rialacha agus coinníollacha is infheidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+)[18].

(25) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[19].

(26) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún na ceanglais mhonatóireachta agus tuairiscithe a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, modhanna a bhunú chun na préimheanna i leith astaíochtaí iomarcacha a bhailiú agus forálacha mionsonraithe a ghlacadh chun an maolú speisialta do mhonaróirí neamhspleácha ísealtáirgeachta a fheabhsú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú agus an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(27) Ba chóir Cinneadh 1753/2000/CE a aisghairm ar mhaithe le simpliú agus le soiléire dhlíthiúil.

(28) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an ghnímh atá beartaithe a ghnóthú agus iad ag gníomhú go neamhspleách, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus cuspóirí

Bunaítear leis an Rialachán seo ceanglais feidhmíochta d'astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí ionas go n-áiritheofar dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus go ngnóthófar cuspóir foriomlán an AE, is é sin go mbainfear amach 120g CO2/km d'astaíochtaí CO2 ón ngnáthchabhlach nua gluaisteán. Socraítear leis an Rialachán meán 130g CO2/km d'astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí trí fheabhsuithe i mótartheicneolaíocht feithiclí arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus lena bhearta cur chun feidhme. Déanfar an Rialachán seo a chomhlánú le bearta breise, rud a thabharfaidh 10g/km breise, mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Beidh an Rialachán seo infheidhme maidir le mótarfheithiclí i gcatagóir M1 mar a shainítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ag a bhfuil mais tagartha nach mó ná 2 610 kg agus le gluaisteáin a thagann faoi réir an chineál-cheadaithe anois i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ('gluaisteáin phaisinéirí') atá cláraithe sa Chomhphobal den chéad uair agus nach raibh cláraithe roimhe sin lasmuigh den Chomhphobal ('gluaisteáin nua paisinéirí').

2. Ní thabharfar aon aird ar ghluaisteáin a cláraíodh lasmuigh den Chomhphobal roimhe seo do thréimhse níos lú ná trí mhí roimh an gluaisteán a chlárú sa Chomhphobal.

3. Ní bheidh feidhm aige maidir le feithiclí sainchuspóireacha mar a shainítear i mír 5 d'Iarscríbhinn II de Threoir 2007/46/CE.

Airteagal 3 Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas

2. ciallaíonn 'meán na n-astaíochtaí sonracha CO2', i ndáil leis an monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 ó na gluaisteáin nua paisinéirí go léir a rinne sé a mhonarú;

3. ciallaíonn 'deimhniú comhréireachta' an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 18 de Threoir 2007/46/CE[20];

4. ciallaíonn 'monaróir' an duine nó an comhlacht atá freagrach don údarás formheasta as na gnéithe go léir a bhaineann leis an nós imeachta do chineál-cheadú CE i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE agus a áirithíonn comhréireacht táirgeachta;

5. ciallaíonn 'mais' mais an ghluaisteáin lena n-áirítear an chabhail in ord reatha mar atá sonraithe ar an deimhniú comhréireachta agus sainmhínithe i mír 2.6 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2007/46/CE;

6. ciallaíonn 'astaíochtaí sonracha CO2' na hastaíochtaí ó ghluaisteán paisinéirí arna dtomhas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus atá sonraithe mar astaíocht mhaise CO2 (comhcheangailte) ar an deimhniú comhréireachta;

7. ciallaíonn 'sprioc shonrach astaíochtaí', i ndáil leis an monaróir, meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 atá ceadaithe i gcomhréir le hIarscríbhinn I maidir le gach gluaisteán nua paisinéirí a rinne sé a mhonarú nó, i gcás ina mbronntar maolú faoi Airteagal 9 ar an monaróir, na hastaíochtaí sonracha CO2 atá ceadaithe i gcomhréir leis an maolú sin.

2. Chun críocha an Rialacháin seo, glacfar leis go bhfuil monaróirí nasctha más gnóthais nasctha iad. Ciallaíonn 'gnóthais nasctha':

8. gnóthais ina bhfuil ag páirtí i gcomhaontú idir gnóthas amháin nó níos mó, go díreach nó go hindíreach:

(i) de chumhacht, níos mó ná a leath de na cearta vótála a fheidhmiú; nó

(ii) de chumhacht, níos mó ná a leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh; nó

(iii) an ceart, gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú;

9. gnóthais a bhfuil, go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe ag pointe (a) acu ar pháirtí i gcomhaontú dá leithéid;

10. gnóthais ina bhfuil gnóthas dá dtagraítear ag pointe (b) ag a bhfuil, go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe ag pointe (a);

11. gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe ag pointe (a) go comhpháirteach ag páirtí i gcomhaontú dá leithéid in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear ag pointí (a), (b) nó (c), nó ag dhá ghnóthas ar a laghad as measc na ngnóthas sin dá dtagraítear ag pointí (a), (b) nó (c);

12. gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe ag pointe (a) go comhpháirteach ag:

(i) na páirtithe i gcomhaontú dá leithéid nó ag a ngnóthais nasctha faoi seach dá dtagraítear ag pointí (a) go (d); nó

(ii) páirtí amháin ar a laghad i gcomhaontú dá leithéid nó ag gnóthas nasctha amháin ar a laghad dá chuid/gcuid dá dtagraítear ag pointí (a) go (d) agus ag tríú páirtí amháin ar a laghad.

Airteagal 4 Spriocanna sonracha astaíochtaí

Áiritheoidh gach monaróir gluaisteán paisinéirí, don bhliain féilire dar tús 1 Eanáir 2012 agus do gach bliain féilire ina dhiaidh sin, nach sáróidh meán a astaíochtaí sonracha CO2 an sprioc shonrach astaíochtaí atá aige arna socrú i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó, i gcás gur bronnadh maolú faoi Airteagal 9 ar mhonaróir, i gcomhréir leis an maolú sin.

Airteagal 5 Comhthiomsú

1. Féadfaidh na monaróirí, cé is moite de na monaróirí a fuair maolú faoi Airteagal 9, comhthiomsú a dhéanamh chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 4 a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh baint a bheith ag comhaontú chun comhthiomsú a dhéanamh le bliain féilire amháin nó níos mó ar choinníoll nach sáraíonn tréimhse fhoriomlán gach comhaontaithe ar leith cúig bliana féilire agus go ndéanfar é ar, nó roimh, an 31 Nollaig sa chéad bhliain féilire dá ndéanfar comhthiomsú ar na hastaíochtaí. Déanfaidh na monaróirí a dhéanfaidh comhthiomsú faisnéis a chomhadú leis an gCoimisiún:

13. ina sonrófar na monaróirí a áireofar sa chomhthiomsú;

14. ina n-ainmneofar monaróir amháin i gcáil bainisteora a bheidh mar phointe teagmhála don chomhthiomsú agus a bheidh freagrach as aon phréimh i leith astaíochtaí iomarcacha a fhorchuirtear ar an gcomhthiomsú a íoc i gcomhréir le hAirteagal 7; agus

15. ina gcuirfear fianaise ar fáil go mbeidh an bainisteoir in acmhainn a oibleagáidí a chomhall faoi phointe (b).

3. Sa chás go dteipeann ar an mbainisteoir beartaithe ceanglais phointe (c) de mhír 2 a chomhlíonadh, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na monaróirí.

4. Tabharfaidh na monaróirí atá sa chomhthiomsú fógra comhpháirteach don Choimisiún maidir le haon athrú ar an mbainisteoir nó ar a staid airgeadais go dtí sin mar a dhéanfaidh sé difear dá chumas ceanglais phointe (c) de mhír 2 a chomhlíonadh, le comhaltacht an chomhthiomsaithe nó le díscaoileadh an chomhthiomsaithe.

5. Féadfaidh monaróirí comhthiomsú a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil a gcomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagail 81 agus 82 den Chonradh agus go gceadófar rannpháirtíocht oscailte thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar théarmaí atá réasúnach ar bhonn tráchtála d'aon mhonaróir a iarrann ballraíocht sa chomhthiomsú. Gan infheidhmeacht ghinearálta rialacha iomaíochta an AE maidir le comhthiomsú dá leithéid a theorannú, áiritheoidh comhaltaí uile an chomhthiomsaithe, go háirithe, nach bhféadfar sonraí a roinnt ná faisnéis a mhalartú sa socrú comhthiomsúcháin, cé is moite den fhaisnéis seo a leanas:

(i) na hastaíochtaí sonracha CO2;

(ii) an sprioc shonrach astaíochtaí;

(iii) líon iomlán na bhfeithiclí atá cláraithe.

6. Ní bheidh feidhm ag mír 5 sa chás gur gnóthais nasctha iad na monaróirí go léir atá áirithe sa chomhthiomsú.

7. Ach amháin sa chás go dtugtar fógra faoi mhír 3, glacfar leis na monaróirí atá i gcomhthiomsú dá ndéanfar faisnéis a chomhadú leis an gCoimisiún mar mhonaróir amháin chun críocha an Rialacháin seo.

Airteagal 6 Monatóireacht agus tuairisciú ar mheán na n-astaíochtaí

1. I gcás na bliana dar tús 1 Eanáir 2010 agus i gcás gach bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát taifead ar fhaisnéis faoi gach aon ghluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn II.

2. Faoi cheann an 28 Feabhra 2011 agus gach bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh an Ballstát an fhaisnéis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn II maidir leis an mbliain féilire roimhe sin agus cuirfidh sé na sonraí faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar na sonraí a tharchur i gcomhréir leis an bhformáid atá sonraithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II.

3. Arna iarraidh sin dó ag an gCoimisiún, tarchuirfidh Ballstát foireann iomlán na sonraí a bailíodh de bhun mhír 1 freisin.

4. Coimeádfaidh an Coimisiún clár lárnach ar na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoin Airteagal seo agus, faoi cheann an 30 Meitheamh 2011 agus gach bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh sé iad seo a leanas a ríomh go sealadach i gcomhair gach monaróra:

16. meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 sa Chomhphobal i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

17. an sprioc shonrach astaíochtaí i gcomhair na bliana féilire roimhe sin; agus

18. an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc shonrach astaíochtaí don bhliain sin.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach aon mhonaróir maidir leis an ríomh sealadach a rinneadh don mhonaróir sin. Áireofar san fhógra sonraí in aghaidh gach Ballstáit faoi seach maidir leis an líon gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh agus a n-astaíochtaí sonracha CO2 faoi seach.

Cuirfear an clár ar fáil go poiblí.

5. Féadfaidh monaróirí, tráth nach déanaí ná 2 mhí ón bhfógra maidir leis an ríomh sealadach faoi mhír 4 a fháil, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le haon earráidí a bheadh sna sonraí agus an Ballstát a mheasann sé inar tharla an earráid a shonrú.

Déanfaidh an Coimisiún aon fhógraí a fhaightear ó mhonaróirí a mheas agus déanfaidh sé, faoi cheann an 30 Meán Fómhair, na ríomhanna sealadacha faoi mhír 4 a dhaingniú nó a leasú agus a dhaingniú.

6. Más rud é, bunaithe ar ríomhanna faoi mhír 5, maidir leis an mbliain féilire 2010 nó 2011, go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur sháraigh meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a bhí ag monaróir sa bhliain sin a sprioc shonrach astaíochtaí don bhliain chéanna, tabharfaidh an Coimisiún fógra don mhonaróir.

7. Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil a bhaileoidh na sonraí monatóireachta agus a chuirfidh iad in iúl i gcomhréir leis an Rialachán seo agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin údarás inniúil ainmnithe tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

8. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le monatóireacht agus tuairisciú na sonraí faoin Airteagal seo agus le hIarscríbhinn II a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2).

Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 7 Préimh i leith astaíochtaí iomarcacha

1. Maidir le gach bliain féilire amhail ó 2012, más rud é go sáróidh meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 a bhíonn ag monaróir a sprioc shonrach astaíochtaí don bhliain sin, forchuirfidh an Coimisiún préimh i leith astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir nó, i gcás comhthiomsú monaróirí, ar an mbainisteoir.

2. Déanfar an phréimh i leith astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 1 a ríomh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

Astaíochtaí iomarcacha x líon gluaisteán nua paisinéirí x préimh i leith astaíochtaí iomarcacha atá forordaithe i mír 3.

Sa chás go gciallaíonn:

'astaíochtaí iomarcacha' slánuimhir dheimhneach gram in aghaidh an chileaméadair trínar sháraigh meán astaíochtaí sonracha an mhonaróra a sprioc shonrach astaíochtaí i gcomhair na bliana féilire agus atá slánaithe go dtí na trí ionad dheachúlacha is gaire; agus

'líon gluaisteán nua paisinéirí' líon na ngluaisteán nua paisinéirí a rinne sé a mhonarú agus a cláraíodh sa bhliain sin.

3. Beidh an phréimh i leith astaíochtaí iomarcacha ionann le:

19. EUR 20 maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha i mbliain féilire 2012;

20. EUR 35 maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha i mbliain féilire 2013;

21. EUR 60 maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha i mbliain féilire 2014; agus

22. EUR 95 maidir leis na hastaíochtaí iomarcacha i mbliain féilire 2015 agus sna blianta féilire ina dhiaidh sin.

4. Bunóidh an Coimisiún modhanna chun préimheanna i leith astaíochtaí iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

5. Déanfar suimeanna na préimhe i leith astaíochtaí iomarcacha a mheas mar ioncam do bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8 Feidhmíocht na monaróirí a fhoilsiú

1. Faoi cheann an 31 Deireadh Fómhair 2011 agus gach bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta ina dtabharfar na sonraí seo a leanas le fios i leith gach monaróra:

23. a sprioc shonrach astaíochtaí i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

24. meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na bliana féilire roimhe sin;

25. an difríocht idir meán a astaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain féilire roimhe sin agus a sprioc shonrach astaíochtaí don bhliain sin; agus

26. meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i gcomhair na ngluaisteán nua paisinéirí go léir a bhí sa Chomhphobal sa bhliain féilire roimhe sin.

2. Amhail ón 31 Deireadh Fómhair 2013, tabharfar le fios freisin sa liosta arna fhoilsiú faoi mhír 1 cibé ar chomhlíon nó nár chomhlíon an monaróir ceanglais Airteagal 4 i leith na bliana féilire roimhe sin.

Airteagal 9 Maolú speisialta do mhonaróirí neamhspleácha ísealtáirgeachta

1. Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ón sprioc shonrach astaíochtaí arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I sna cásanna seo a leanas:

27. níl freagracht air ach i leith 10,000 gluaisteán nua paisinéirí ar a mhéad a cláraíodh sa Chomhphobal in aghaidh gach bliana féilire; agus

28. níl aon bhaint aige le monaróir eile.

2. Féadfaidh baint a bheith ag iarratas ar mhaolú faoi mhír 1 le cúig bliana féilire ar a mhéad. Cuirfear an t-iarratas chuig an gCoimisiún agus beidh a leanas ar áireamh ann:

29. ainm agus duine teagmhála don mhonaróir;

30. fianaise go bhfuil an monaróir i dteideal maolú a fháil faoi mhír 1;

31. mionsonraí ar na gluaisteáin phaisinéirí a mhonaraíonn sé lena n-áirítear mais agus astaíochtaí sonracha CO2 na ngluaisteán paisinéirí sin; agus

32. sprioc shonrach astaíochtaí atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear a chumas teicneolaíochta chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.

3. Sa chás go bhfuil an Coimisiún den tuairim go bhfuil an monaróir i dteideal maolú a fháil faoi mhír 1 agus go bhfuil sé sásta go bhfuil an sprioc shonrach astaíochtaí atá beartaithe ag an monaróir ag luí lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas teicneolaíochta maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 a laghdú, bronnfaidh an Coimisiún maolú ar an monaróir. Beidh feidhm ag an maolú ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh an t-iarratas a dhéanamh.

4. Tabharfaidh monaróir atá faoi réir ag maolú i gcomhréir leis an Airteagal seo fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh dá incháilitheacht maidir le maolú.

5. Sa chás go bhfuil an Coimisiún den tuairim, cibé ar bhonn fógra faoi mhír 4 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir i dteideal maolú a fháil a thuilleadh, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir den chéad bhliain féilire eile agus cuirfidh sé fógra chuig an monaróir.

6. Sa chás go bhfuil an Coimisiún den tuairim nach bhfuil an monaróir ag tabhairt éifeachta don chlár laghdúcháin mar a leagadh amach ina iarratas, féadfaidh an Coimisiún an maolú a chúlghairm.

7. Féadfaidh an Coimisiún forálacha mionsonraithe a ghlacadh chun míreanna (1) go (6) a chur chun feidhme, lena n-áirítear forléiriú ar na critéir incháilitheachta do mhaolú, inneachar na n-iarratas agus inneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

Airteagal 10 Athbhreithniú agus tuairisciú

1. In 2010, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Cur Chuige Comhtháite an Chomhphobail a chur chun feidhme chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú.

2. In 2010, déanfaidh an Coimisiún measúnú, bunaithe ar na sonraí arna dtuairisciú faoi Chinneadh 1753/2000/CE, cibé ar tháinig athrú níos mó nó níos lú ná 0 ar mhais na ngluaisteán nua paisinéirí idir 2006 agus 2009.

Sa chás gur tháinig athrú ar mhais na ngluaisteán nua paisinéirí, déanfar an figiúr don mhéadú uathrialaitheach maise in Iarscríbhinn I a leasú mar mheán de na hathruithe bliantúla ar an mais idir an bhliain féilire 2006 go 2009.

Glacfar leasú dá leithéid, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forbairtí teicneolaíocha d'fhonn forálacha Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le mótarfheithiclí a chineál-cheadú a leasú mar is cuí.

Airteagal 11 Faisnéis do thomhaltóirí

Amhail ón 1 Eanáir 2010, áiritheoidh na monaróirí go dtabharfar le fios ar lipéid, póstaeir nó ar litríocht tionscnaimh agus ar ábhar den chineál dá dtagraítear in Airteagail 3, 5 agus 6 de Threoir 1999/94/CE an méid difríochta idir na hastaíochtaí sonracha CO2 ó ghluaisteán paisinéirí atá ar díol agus an sprioc shonrach astaíochtaí don ghluaisteán paisinéirí sin faoi Iarscríbhinn I.

Airteagal 12 An Coiste

1. Beidh an Coiste a bhunaítear le hAirteagal 8 de Threoir 93/389/CEE de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse arna leagan síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 13 Maoiniú ón gComhphobal

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme ar leibhéal an Chomhphobail, beidh de chuidiú aige Ionstraim Airgeadais an Chomhphobail don Chomhshaol (LIFE+) i gcomhréir leis na rialacha agus coinníollacha is infheidhme maidir le Rialachán (CE) Uimh. 614/2007.

Airteagal 14 Aisghairm

Aisghairfear Treoir Uimh. 1753/2000/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2010.

Leanfaidh Airteagail 4, 9 agus 10 den Treoir sin de bheith i bhfeidhm go dtí go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na sonraí monatóireachta do bhliain féilire 2009 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

IARSCRÍBHINN I SPRIOCANNA D'ASTAÍOCHTAÍ SONRACHA CO 2

1. Déanfar na hastaíochtaí sonracha CO2 atá ceadaithe i gcás gach gluaisteáin nua paisinéirí, arna dtomhas i ngraim in aghaidh an chileaméadair, a chinntiú i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Astaíochtaí sonracha CO2 atá ceadaithe = 130 + a × (M – M0)

Sa chás go gciallaíonn:

M = mais na feithicle i gcileagraim (kg)

M0 = 1289.0 × f

f = (1 + MUM)6

Méadú uathrialaitheach maise (MUM) = 0 %

a = 0.0457

2. Déanfar an sprioc shonrach astaíochtaí i gcomhair monaróra i mbliain féilire ar leith a ríomh mar mheán de na hastaíochtaí sonracha ceadaithe i leith gach gluaisteáin nua paisinéirí a rinne sé a mhonarú sa bhliain féilire sin.

IARSCRÍBHINN II MONTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ AR ASTAÍOCHTAÍ

CUID A – Sonraí a bhailiú maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus faisnéis mhonatóireachta CO 2 a shainiú

1. I gcás na bliana dar tús 1 Eanáir 2010 agus gach bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit taifead ar na mionsonraí seo a leanas i leith gach gluaisteáin nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch:

33. an monaróir;

34. an cineál, malairt agus leagan;

35. na hastaíochtaí sonracha CO2(g/km);

36. an mhais (kg);

37. an fad idir na hacastóirí tosaigh agus deiridh [wheelbase] (mm); agus

38. leithead an riain (mm).

2. Beidh na mionsonraí dá dtagraítear i mír 1 le fáil ar an deimhniú comhréireachta a bhaineann leis an ngluaisteán paisinéirí ábhartha. Más rud é go sonraítear mais íosta agus uasta ar an deimhniú comhréireachta a bhaineann le gluaisteán paisinéirí, ní úsáidfidh na Ballstáit ach an figiúr uasta amháin chun críche an Rialacháin seo.

3. I gcás na bliana dar tús 1 Eanáir 2010 agus gach bliana ina dhiaidh sin, cinnfidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na modhanna ar a bhfuil cur síos déanta i gCuid B, maidir le gach aon mhonaróir:

39. líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch;

40. meán na n-astaíochtaí sonracha CO2, mar atá sonraithe i mír 7 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

41. an mheánmhais, mar atá sonraithe i mír 8 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

42. maidir le gach aon mhalairt de gach aon leagan de gach aon chineál gluaisteáin nua paisinéirí:

(i) líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a chríoch, mar atá sonraithe i mír 7 de Chuid B den Iarscríbhinn seo;

(ii) na hastaíochtaí sonracha CO2;

(iii) an mhais;

(iv) lorg an ghluaisteáin, mar atá sonraithe i mír 9 de Chuid B den Iarscríbhinn seo.

CUID B – Modheolaíocht chun faisnéis mhonatóireachta CO 2 a chinneadh do ghluaisteáin nua paisinéirí

1. Socrófar an fhaisnéis mhonatóireachta a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit a chinneadh i gcomhréir le mír 3 de chuid A i gcomhréir leis an modheolaíocht a shonraítear sa Chuid seo.

Líon na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear (N) .

2. Cinnfidh na Ballstáit líon na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear ar a gcríoch sa bhliain mhonatóireachta N faoi seach.

Meán na n-astaíochtaí sonracha CO 2 i leith gluaisteán nua paisinéirí ( S ,ave )

3. Déantar meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 i leith gach aon ghluaisteáin nua paisinéirí a nuachláraítear ar chríoch na mBallstát sa bhliain mhonatóireachta ( S ,ave ) a ríomh trí shuim na n-astaíochtaí sonracha CO2 i leith gach aon ghluaisteáin nua paisinéirí ar leith, S , a roinnt ar líon na ngluaisteán nua paisinéirí, N .

S ave = (1/ N ) × Σ S

Meánmhais na ngluaisteán nua paisinéirí

Déantar meánmhais gach aon ghluaisteáin nua paisinéirí a chláraítear ar chríoch na mBallstát sa bhliain mhonatóireachta ( M ,ave ) a ríomh trí shuim mhais gach aon ghluaisteáin nua paisinéirí ar leith, M , a roinnt ar líon na ngluaisteán nua paisinéirí, N .

M ave = (1/ N ) × Σ M

Gluaisteáin nua paisinéirí a dháileadh de réir malairte

4. Maidir le gach aon mhalairt de gach aon leagan de gach aon chineál gluaisteáin nua paisinéirí, déanfar taifead ar líon na ngluaisteán paisinéirí a nuachláraítear, ar mhais na ngluaisteán, ar astaíochtaí sonracha CO2 agus ar lorg an ghluaisteáin.

Lorg

Déanfar lorg an ghluaisteáin a ríomh tríd an bhfad idir na hacastóirí tosaigh agus deiridh [wheelbase] a iolrú faoi leithead riain an ghluaisteáin.

CUID C – An fhormáid chun na sonraí a tharchur

1. Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí ar a bhfuil cur síos i mír 3 de chuid A san fhormáid seo a leanas maidir le gach aon mhonaróir agus do gach aon bhliain:

- Sonraí comhiomlánaithe:

Bliain: |

Monaróir | Líon iomlán na ngluaisteán nua paisinéirí a chláraítear | Meán na n-astaíochtaí sonracha CO2 (g/km) | Meán-mhais (kg) | Meánlorg (m2) |

(Monaróir 1) | … | … | … | … |

(Monaróir 2) | … | … | … | … |

… | … | … | … | … |

Iomlán monaróirí go léir | … | … | … | … |

- Sonraí mionsonraithe ar leibhéal an mhonaróra:

07 01 04 01 | Neamh-éigeantach | LN[21] | NÍ HEA | NÍL | TÁ | Uimh. 2 |

07 03 07 | Neamh-éigeantach | Difreáilte | NÍ HEA | NÍL | TÁ | Uimh. 2 |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[22] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 0,400 | 0,200 | 0,200 | 0,300 | 0,300 | 0,300 | 1,700 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0,240 | 0,200 | 0,240 | 0,260 | 0,280 | 0,480 | 1,700 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[23] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | - | - | - | - | - | - | - |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 0,400 | 0,200 | 0,200 | 0,300 | 0,300 | 0,300 | 1,700 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0,240 | 0,200 | 0,240 | 0,260 | 0,280 | 0,480 | 1,700 |

Caiteachas riaracháin nach bhfuil san áireamh sa mhéid tagartha[24] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0,351 | 0,351 | 0,351 | 0,585 | 0,585 | 0,585 | 2,808 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0,125 | 0,095 | 0,065 | 0,068 | 0,068 | 0,068 | 0,489 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 0,876 | 0,646 | 0,616 | 0,953 | 0,953 | 0,953 | 4,997 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 0,716 | 0,646 | 0,656 | 0,913 | 0,933 | 1,133 | 4,997 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Togra atá comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais reatha go dtí 2013.

( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[25] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is é seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh ghníomh [Bhliain n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 3 | 3 | 3 | 5 | 5 | 5 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is éard atá mar chuspóir foriomlán leis an Rialachán seo meán na n-astaíochtaí ón ngnáthchabhlach nua gluaisteán a theorannú go 130g CO2/km faoi cheann 2012. Is cuid de chur chuige comhtháite é seo agus déanfar é a chomhlánú le bearta a thabharfaidh laghdú 10g CO2/km breise chun cuspóir an Chomhphobail de 120g CO2/km a bhaint amach mar atá beartaithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi straitéis athbhreithnithe maidir le CO2 agus gluaisteáin an 7 Feabhra 2007 (COIM(2007) 19).

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá sprioc fhadtéarmach ag an gComhphobal chun meán na n-astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin nua sa Chomhphobal a laghdú agus d'iarr an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh reachtaíochta ar an ábhar seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach go leormhaith i ngeall ar an ngá le teacht chun cinn bacainní ar an margadh aonair a sheachaint, ar an gcuma thrasteorann atá ar athrú aeráide agus ar na héagsúlachtaí tábhachtacha sna meáin náisiúnta reatha a bhaineann le hastaíochtaí sonracha CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí. Chomh maith le spriocanna a ghlacadh d'astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin ar leibhéal an Chomhphobail cruthóidh sé breis solúbthachta do mhonaróirí agus iad ag cur na laghduithe CO2 is gá chun feidhme ar a gcabhlach nua gluaisteán sa Chomhphobal seachas straitéisí sonracha a bheith ann lena mbeadh cuspóirí sonracha náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Saothraíonn an togra na cuspóirí ginearálta beartas seo a leanas:

- Ardleibhéal cosanta don chomhshaol a sholáthar san Aontas Eorpach agus cuidiú le spriocanna Kyoto atá de cheangal ar an AE a bhaint amach,

- Cinnteacht soláthair fuinnimh an AE a fheabhsú,

- Iomaíochtas thionscal gluaisteán na hEorpa a chothú agus taighde a spreagadh i dteicneolaíochtaí éifeachtachta breoslaí.

Is é cuspóir sonrach an togra na hiarmhairtí ar athrú aeráide a laghdú agus éifeachtacht breosla i ngluaisteáin phaisinéirí a fheabhsú tríd an gcuspóir maidir le meánluach astaíochta 130g CO2/km a bhaint amach i gcomhair gluaisteán nuadhíolta. Beidh an meánluach astaíochta sin ina tháscaire agus an togra á chur chun feidhme.

5.4. Modhanna Cur Chun Feidhme (táscach)

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Beidh an togra mar fhorbairt ar scéim monatóireachta atá ann cheana agus a bunaíodh níos luaithe chun an tslí ina gcuirtear an straitéis maidir le CO2 agus gluaisteáin chun feidhme a mheas. Tá sé bunaithe ar shonraí a thuairiscigh an Coimisiún chuig na Ballstáit maidir le gluaisteáin nua agus a saintréithe a chlárú, lena n-áirítear astaíochtaí sonracha CO2.

Déanfar foráil sna conarthaí a shíneoidh an Coimisiún ar mhaithe leis an Treoir a chur chun feidhme do mhaoirseacht agus do rialú airgeadais ag an gCoimisiún (nó aon ionadaí arna údarú aige) agus d'iniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí, ar an láthair más gá.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex -ante

Féach an Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra seo mar Dhoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin. Rinneadh measúnú ar na hiarmhairtí a bheadh ag na bearta go léir a beartaíodh, ón dearcadh eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil araon.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex -post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Déanfar an beart a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 10.

7. Bearta frith -CHALAOISE

Caighdeáin inmheánacha rialaithe Uimh. 14, 15, 16, 18, 19, 20, 21 a chur chun feidhme mar aon le prionsabail Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach.

Nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin togra seo chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis choiriúla a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus Uimh. 2185/96 ón gComhairle, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Chun calaois a chosc agus Airteagal 7 á chur chun feidhme, tá foráil déanta faoi Airteagal 6 agus in Iarscríbhinn II a bhaineann leis do chóras láidir monatóireachta agus tuairiscithe. Lena chois sin, foráiltear le Mír 8 d'Airteagal 6 go bhféadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le monatóireacht agus tuairisciú a mbeidh sé de cheangal ar na Ballstáit iad a urramú.

8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 |

Oifigigh nó baill foirne sealadacha[27] (XX 01 01) | A*/AD | 2 | 2 | 2 | 4 | 4 | 4 |

B*, C*/AST | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 |

Foireann arna maoiniú[28] ag Airteagal XX 01 02 |

Foireann eile[29] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

IOMLÁN | 3 | 3 | 3 | 5 | 5 | 5 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Sna blianta tosaigh (2010-2012) beidh na príomhchúraimí a eascróidh ón ngníomh nasctha le comhdhlúthú na scéime monatóireachta trí threoir a thabhairt do Bhallstáit agus trí fhorbairt a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí monatóireachta a bhí ann roimhe sin sna Ballstáit agus a bunaíodh le Treoir 1753/2000/CE (a aisghairfear leis an Rialachán seo). Chomh maith leis an treoir monatóireachta, beidh ar an gCoimisiún clár lárnach a choimeád leis na sonraí a tuairiscíodh, fógra a thabhairt do mhonaróirí gluaisteán maidir leis na sonraí a bhaineann leo de réir thuairisciú na mBallstát, na sonraí a chur ar fáil go poiblí agus tuarascáil bhliantúil ar mhonatóireacht a fhoilsiú amhail ó 2011. Ina theannta sin, amhail ó 2013, beidh gá a áirithiú go mbailítear na Préimheanna i leith Astaíochtaí Iomarcacha i gcás nach gcomhlíontar na teorainneacha.

8.2.3. Foinsí na n -acmhainní daonna (reachtúla)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh

( Poist a réamh-leithdháilfear laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar trí na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistíochta a úsáid (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014 | Bliain 2015 agus níos déanaí | IOM-LÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais bhainteacha nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0,351 | 0,351 | 0,351 | 0,585 | 0,585 | 0,585 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne shonrach buiséid) |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,351 | 0,351 | 0,351 | 0,585 | 0,585 | 0,585 |

Ríomh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha |

Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más cuí |

EUR 0,117 M. an tuarastal caighdeánach d'oifigeach nó do ghníomhaire sealadach amháin mar a thuartar é i bPointe 8.2.1. |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más cuí |

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

2010 | 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 agus níos déanaí | 2010 - 2015 |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0,005 | 0,005 | 0,005 | 0,008 | 0,008 | 0,008 | 0,039 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | 0,060 | 0,030 | 0,030 | 0,030 | 0,030 | 0,030 | 0,210 |

XX 01 02 11 03 - Coistí[31] | 0,060 | 0,060 | 0,030 | 0,030 | 0,030 | 0,030 | 0,240 |

XX 01 02 11 04 – Staidéar agus comhairliúchán |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,125 | 0,095 | 0,065 | 0,068 | 0,068 | 0,068 | 0,489 |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

Amhail ó 2010 go 2012, 5 mhisean in aghaidh na bliana ar chostas EUR 1,000 an ceann. Amhail ó 2013 ar aghaidh, 8 misean in aghaidh na bliana. Tá sé beartaithe cruinnithe an Choiste Rialaithigh a bunaíodh faoin Rialachán (costas aonaid: EUR 30,000 in aghaidh an chruinnithe) a thionóil dhá uair sa bhliain don chéad dhá bhliain, agus uair sa bhliain ina dhiadh sin. Tá sé beartaithe cruinnithe na saineolaithe ar shainábhair a bhaineann leis an Rialachán a chur chun feidhme (costas aonaid: EUR 30,000 in aghaidh an chruinnithe) a thionóil dhá uair sa bhliain in 2010, agus uair sa bhliain ina dhiaidh sin. |

Folófar riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin laistigh den leithdháileadh ar féidir a dheonú don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

[1] IO L 33, 7.2.1994, lch. 11.

[2] COIM(2007) 2.

[3] IO C […], […], lch.[…].

[4] IO C […], […], lch.[…].

[5] IO C […], […], lch.[…].

[6] IO C […], […], lch.[…].

[7] IO L 33, 7.2.1994, lch. 11.

[8] COIM(2007) 2.

[9] IO L 202, 10.8.2000, lch. 1.

[10] COIM(95) 689 críochnaitheach.

[11] C(1999) 107 IO L 40, 13.2.1999, lch. 49.

[12] C(2000) 803, IO L 100, 20.4.2000, lch. 55.

[13] C(2000) 801, IO L 100, 20.4.2000, lch. 57.

[14] COIM(2007) 19 críochnaitheach.

[15] COIM(2007) 22 críochnaitheach.

[16] IO L 171, 29.6.2007, lch. 1.

[17] IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

[18] IO L 149, 9.6.2007, lch. 1.

[19] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

[20] IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

[21] Leithreasaí neamhdhifreáilte dá ngairtear LN anseo feasta.

[22] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[23] Caiteachas a thagann faoi Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[24] Caiteachas a thagann faoi Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[25] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[26] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá, i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana

[27] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha

[28] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha

[29] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha

[30] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[31] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.