1.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/439 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2022

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cead a thabhairt clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde a úsáid mar fhoinse niaicine i mbia chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 bunaítear liosta de chuid an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin.

(2)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), údaraíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/16 ón gCoimisiún (3) clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena húsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), le haghaidh an daonra fhásta.

(3)

Tar éis iarratas ar úsáid chlóiríde riobóisíde nicitíonaimíde a leathnú mar bhia núíosach chun a húsáid chun críoch cothaitheach mar fhoinse niaicine a chumhdach freisin, go háirithe, i mbia chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a thabhairt maidir leis an leathnú úsáide sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 agus, tar éis thoradh an mheasúnaithe sin, meastóireacht a dhéanamh, i gcomhthéacs Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, ar shábháilteacht agus ar bhith-infhaighteacht na substainte sin nuair a chuirtear í leis na bianna atá i gceist. An 14 Meán Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le húsáid chlóiríde riobóisíde nicitíonaimíde a leathnú mar bhia núíosach (5). Sa tuairim sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde chomh sábháilte le nicitíonaimíd íon, lena húsáid i mbia chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Ina theannta sin, dheimhnigh an tÚdarás bith-infhaighteacht nicitíonaimíde, cineál niaicine, ó chlóiríd ribóisíde nicitíonaimíde.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1160 ón gCoimisiún (6) údaraíodh clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde a úsáid i mbianna chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú le haghaidh an daonra fhásta, gan mná torracha ná mná atá ag lachtadh a áireamh, faoi réir coinníollacha áirithe.

(5)

Measann an Coimisiún gur leor na forais sa tuairim ón Údarás freisin chun a shuí nach ábhar imní sábháilteachta í clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde mar fhoinse niaicine nuair a úsáidtear í i mbia chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú, faoi na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1160. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt clóiríd ribóisíde nicitíonaimíde a úsáid mar fhoinse niaicine i mbia chun críoch speisialta míochaine agus in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú. Dá bhrí sin, ba cheart an tsubstaint sin a áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le catagóirí áirithe bia, liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 181, 29.6.2013, lch. 35.

(2)  Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/16 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2020 lena n-údaraítear clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 7, 13.1.2020, lch. 6).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  Scientific opinion on the extension of use of nicotinamide riboside chloride as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Tuairim Eolaíoch maidir le húsáid chlóiríde riobóisíde nicitíonaimíde a leathnú mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283], EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6843.

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1160 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde (IO L 179, 6.7.2022, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, laistigh de chatagóir na substainte “Vitimíní”, faoi ‘Niaicin’, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála “nicitíonaimíd”:

“clóiríd riobóisíde nicitíonaimíde

 

 

X

X”