19.3.2018   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

28


TREOIR (AE) 2018/411 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2018

lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm bhearta trasuí na mBallstát

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 62 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar comhchuibhiú ar na forálacha náisiúnta maidir le hidirghabhálaithe árachais agus comhlachtaí árachais, agus a gcuid fostaithe, agus idirghabhálaithe coimhdeacha árachais san Aontas táirgí árachais agus táirgí athárachais agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe a dháileadh.

(2)

De bhun Airteagal 42(1) de Threoir (AE) 2016/97, tá na Ballstát chun na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 23 Feabhra 2018.

(3)

An 21 Meán Fómhair 2017, ghlac an Coimisiún Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 (3) agus (AE) 2017/2359 (4) lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97.

(4)

Sna cinntí a rinne sí gan aon agóid a dhéanamh i dtaca le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 agus (AE) 2017/2359, thug Parlaimint na hEorpa cuireadh don Choimisiún togra reachtach a ghlacadh ina leagfaí síos an 1 Deireadh Fómhair 2018, seachas an 23 Feabhra 2018, mar an dáta a ndéanfaí na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm. Mar bhunús leis an iarraidh sin, luaigh Parlaimint na hEorpa gur gá do ghnóthais árachais agus dáileoirí árachais tuilleadh ama a bheith acu le hullmhú níos fearr chun Treoir (AE) 2016/97 a chur chun feidhme go ceart éifeachtach, agus chun na hathruithe teicniúla agus eagraíochtúla is gá a chur chun feidhme chun Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2358 agus (AE) 2017/2359 a chomhlíonadh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/97 a leasú dá réir sin.

(6)

I bhfianaise a ghiorra atá an tréimhse atá fágtha sula mbeidh na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta is gá chun Treoir (AE) 2016/97 a chomhlíonadh le tabhairt i bhfeidhm, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus aon suaitheadh a d'fhéadfadh a bheith sa mhargadh a sheachaint, ba cheart don Treoir seo teacht i bhfeidhm go práinneach agus ba cheart feidhm a bheith aici, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018.

(7)

Dá bharr sin, tá údar freisin leis an eisceacht i gcomhair cásanna práinneacha a chur i bhfeidhm sa chás seo, is eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir (AE) 2016/97 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 42, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“1.   Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2018 ar a dhéanaí.”;

(2)

in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Aisghairtear Treoir 2002/92/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2018, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aici, le héifeacht chúlghabhálach, ón 23 Feabhra 2018.

Airteagal 3

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in Strasbourg, 14 Márta 2018.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. PAVLOVA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta 2018 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus an cinneadh ón gComhairle an 9 Márta 2018.

(2)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2358 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maoirseacht agus rialachas táirgí le haghaidh gnóthais árachais agus dáileoirí árachais (IO L 341, 20.12.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2359 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha iompair gnó is infheidhme maidir le dáileadh táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IO L 341, 20.12.2017, lch. 8).