20.9.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1563 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2017

maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Síníodh Conradh Marrakech chun Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar Bhealach Eile (“Conradh Marrakech”) thar ceann an Aontais an 30 Aibreán 2014 (3). Ceanglaítear le Conradh Marrakech ar pháirtithe conarthacha foráil d'eisceachtaí nó teorainneacha i dtaca le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun cóipeanna, i bhformáidí inrochtana, de shaothair áirithe agus ábhar cosanta eile a dhéanamh agus a scaipeadh agus chun na cóipeanna i bhformáid inrochtana seo a mhalartú trasteorann.

(2)

Is iad tairbhithe Chonradh Marrakech ná daoine dalla, daoine atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú chun go mbeidh feidhm amhairc acu atá coibhéiseach go substaintiúil le feidhm amhairc duine nach bhfuil an mallachar sin orthu, nó daoine atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta, lena n-áirítear disléicse nó aon mhíchumas foghlama eile, lena gcuirtear cosc orthu saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna, go substaintiúil, le daoine nach bhfuil faoin míchumas sin, agus daoine nach bhfuil ábalta, mar thoradh ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil, nó nach bhfuil ábalta a súile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht, a mhéid nach bhfuil na daoine sin ábalta, mar thoradh ar na mallachair nó ar na míchumais sin, saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le daoine nach bhfuil na mallachair ná na míchumais sin orthu.

(3)

Maidir le daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile, is iomaí bac atá rompu fós chun leabhair agus ábhar clóite eile atá cosanta le cóipcheart nó le cearta gaolmhara a rochtain. Tá an gá chun méadú a dhéanamh ar líon na saothar agus an ábhair cosanta eile atá i gcóipeanna i bhformáidí inrochtana atá ar fáil do na daoine sin agus feabhas a chur ar a gciorclaíocht agus ar a scaipeadh aitheanta ar leibhéal idirnáisiúnta.

(4)

I gcomhréir le Tuairim 3/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (4), caithfear na heisceachtaí nó na teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara nó na teorainneacha leis na cearta sin chun cóipeanna i bhformáidí inrochtana de shaothair áirithe agus d'ábhar eile dá bhforáiltear i gConradh Marrakech a chur chun feidhme laistigh den réimse a chomhchuibhítear le Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is amhlaidh atá i gcás na socruithe maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú a fhorordaítear leis an gconradh, sin a mhéid a beartaíodh iad, i ndeireadh na dála, chun cóipeanna i bhformáid inrochtana a fhoilsítear i gcríoch páirtí eile a chur in iúl don phobal nó a dháileadh i gcríoch páirtí, gan toiliú na sealbhóirí cirt a fháil.

(5)

Maidir le Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), is é is aidhm léi oibleagáidí nach mór don Aontas a chur chun feidhme faoi Chonradh Marrakech a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe chun feabhas a chur ar infhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine is tairbhithe i mBallstáit uile an Aontais agus ar a gciorclaíocht de chóipeanna i bhformáid inrochtana den chineál sin laistigh den mhargadh inmheánach, agus cuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Treoir eisceacht shainordaitheach a thabhairt isteach ar chearta áirithe sealbhóirí cirt atá comhchuibhithe ag dlí an Aontais. Is é is aidhm leis an Rialachán seo ná na hoibleagáidí faoi Chonradh Marrakech a chur chun feidhme maidir leis na socruithe i leith cóipeanna i bhformáid inrochtana a onnmhairiú agus a allmhairiú chun críocha neamhthráchtála chun leasa daoine is tairbhithe idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech agus na coinníollacha don onnmhairiú agus don allmhairiú sin a leagan síos ar bhealach aonfhoirmeach laistigh den réimse a chomhchuibhítear le Treoracha 2001/29/CE agus (AE) 2017/1564 chun a áirithiú go gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus nach ndéantar an comhchuibhiú ar chearta eisiacha agus eisceachtaí atá ann sna Treoracha sin a chur i mbaol leo.

(6)

Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo gur féidir cóipeanna i bhformáid inrochtana de leabhair, lena n-áirítear ríomhleabhair, irisleabhair, nuachtáin, irisí agus scríbhinní eile, nodaireachtaí, lena n-áirítear bileoga ceoil, agus ábhar clóite eile, lena n-áirítear i bhfoirm fuaime, cibé acu digiteach nó analógach, a rinneadh in aon Bhallstát i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta a glacadh de bhun Threoir (AE) 2017/1564 a dháileadh, a chur in iúl nó a chur ar fáil do dhuine is tairbhí nó d'eintiteas údaraithe dá dtagraítear i gConradh Marrakech. Ar fhormáidí inrochtana áirítear, mar shampla, Braille, cló mór, ríomhleabhair oiriúnaithe, closleabhair agus craoltaí raidió. Agus “cuspóir neamhthráchtála Chonradh Marrakech” á chur san áireamh (7), níor cheart an dáileadh, an cur in iúl don phobal ná cur ar fáil don phobal a dhéantar i gcás cóipeanna i bhformáid inrochtana do dhaoine dalla, do dhaoine lagamhairc nó do dhaoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile nó d'eintitis údaraithe sa tríú tír a dhéanamh ach ar bhonn neamhbhrabúsach ag eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstát.

(7)

Leis an Rialachán seo freisin ba cheart ceadú d'onnmhairiú agus rochtain ar chóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéantar i gcomhréir le cur chun feidhme Conradh Marrakech, ó thríú tír, ag daoine is tairbhithe san Aontas agus ag eintitis údaraithe atá bunaithe i mBallstát, chun críoch neamhthráchtála chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile. Ba cheart go mbeadh sé indéanta na cóipeanna i bhformáid inrochtana sin a scaipeadh sa mhargadh inmheánach faoi na coinníollacha céanna agus a bhaineann le cóipeanna i bhformáid inrochtana a dhéantar san Aontas i gcomhréir le Treoir (AE) 2017/1564.

(8)

Chun feabhas a chur ar infhaighteacht cóipeanna i bhformáid inrochtana agus chun cosc a chur ar scaipeadh neamhúdaraithe saothar nó ábhair eile, ba cheart d'eintitis údaraithe a ghabhann do dháileadh, do chur in iúl don phobal nó do chur ar fáil don phobal cóipeanna i bhformáid inrochtana oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh. Ba cheart tionscnaimh ó na Ballstáit chun cuspóirí Chonradh Marrakech agus chun malartú cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe le tríú tíortha atá ina bpáirtithe sa chonradh sin a chur chun cinn, agus chun tacú le heintitis údaraithe chun faisnéis a mhalartú agus a chur ar fáil a spreagadh. Ba cheart go n-áireofaí leis na tionscnaimh sin forbairt treoirlínte nó dea-chleachtas maidir le cóipeanna i bhformáid inrochtana, i gcomhairle le hionadaithe eintiteas údaraithe, le daoine is tairbhithe agus le sealbhóirí cirt.

(9)

Maidir le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dheantar faoin Rialachán seo tá sé bunriachtanach go n-urramaítear léi cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh aon phróiseáil den sórt sin, faoi mar a fhéadfaidh eintitis údaraithe a dhéanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo agus faoi mhaoirsiú údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE (8) agus Treoir 2002/58/CE (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(10)

Ráthaíonn Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (“UNCRPD”), ar páirtí ann an tAontas, do dhaoine faoi mhíchumais an ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar oideachas agus an ceart páirt a ghlacadh sa saol cultúrtha, eacnamaíoch agus sóisialta ar bhonn comhionann le daoine eile. Ceanglaítear le UNCRPD ar na páirtithe sa Choinbhinsiún gach beart is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, chun a áirithiú nach bhfágann na dlíthe lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla go gcruthaítear bacainní míréasúnacha nó idirdhealaitheacha ar rochtain ag daoine faoi mhíchumais ar ábhair chultúrtha.

(11)

Faoin gCairt, toirmisctear gach cineál idirdhealaithe, lena n-áirítear ar fhoras míchumais, agus aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun leas a bhaint as bearta a dheartar chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na hoibleagáidí faoi Chonradh Marrakech i leith cóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile a onnmhairiú agus a allmhairiú chun críocha neamhthráchtála agus chun leasa daoine is tairbhithe idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, agus na coinníollacha don onnmhairiú ná don allmhairiú sin a leagan síos, a ghnóthú go leordhóthanach, ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(13)

Leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt agus in UNCRPD. Ba cheart an Rialachán seo a léiriú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an malartú trasteorann de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile idir an tAontas agus tríú tíortha atá ina bpáirtithe i gConradh Marrakech gan údarú ón sealbhóir cirt, chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile, laistigh den réimse atá comhchuibhithe le Treoir 2001/29/CE agus le Treoir (AE) 2017/1564, chun nach ndéanfar an comhchuibhiú ar chearta eisiacha agus eisceachtaí sa mhargadh inmheánach a chur i mbaol.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “saothar nó ábhar eile” saothar i bhfoirm leabhair, irisleabhair, nuachtáin, irise nó aon chineál scríbhinne eile, nodaireacht, lena n-áirítear bileoga ceoil, agus maisithe a ghabhann leo, in aon mheán, lena n-áirítear i bhfoirm fuaime amhail closleabhair agus i bhformáid dhigiteach, atá cosanta le cóipcheart nó cearta gaolmhara agus a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil go poiblí agus go dlíthiúil ar bhealach eile;

(2)

ciallaíonn “duine is tairbhí”, gan beann ar aon mhíchumas eile duine:

(a)

atá dall;

(b)

atá faoi mhallachar amhairc nach féidir a fheabhsú ionas go mbeidh feidhm amhairc ag an duine atá coibhéiseach go substaintiúil le duine nach bhfuil mallachar den sórt sin air, agus mar thoradh air sin, nach bhfuil ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le duine nach bhfuil mallachar den sórt sin air;

(c)

atá faoi mhíchumas aireachtála nó léitheoireachta agus nach bhfuil, mar thoradh air sin, ábalta saothair chlóite a léamh go dtí an leibhéal céanna go substaintiúil le duine nach bhfuil faoi mhíchumas den sórt sin; nó

(d)

nach bhfuil ábalta ar bhealach eile, mar thoradh ar mhíchumas coirp, breith ar leabhar nó leabhar a láimhseáil nó nach bhfuil ábalta a shúile a fhócasú nó a bhogadh a mhéid agus a bheadh inghlactha de ghnáth don léitheoireacht.

(3)

ciallaíonn “cóip i bhformáid inrochtana” cóip de shaothar nó ábhar eile i mbealach nó foirm mhalartach a thugann rochtain do dhuine is tairbhí ar an saothar nó ábhar eile, lena n-áirítear ligean don duine mar sin rochtain a bheith aige chomh hindéanta agus chomh compordach le duine nach bhfuil faoi aon cheann de na mallachair nó na míchumais dá dtagraítear i mír 2;

(4)

ciallaíonn “eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát” eintiteas a údaraíonn nó a aithníonn Ballstát maidir le hoideachas, oiliúint teagaisc, léitheoireacht oiriúnaitheach nó rochtain ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine is tairbhithe ar bhonn neamhbhrabúsach. Áirítear leis freisin institiúid phoiblí nó eagraíocht neamhbhrabúsach a sholáthraíonn na seirbhísí céanna do dhaoine is tairbhithe mar cheann dá príomhghníomhaíochtaí, dá hoibleagáidí institiúideacha nó mar chuid dá misin chun leas an phobail.

Airteagal 3

Cóipeanna i bhformáid inrochtana a onnmhairiú chuig tríú tíortha

Maidir le daoine is tairbhithe nó d'eintiteas údaraithe atá bunaithe i dtríú tír atá ina páirtí i gConradh Marrakech, féadfaidh eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát cóip i bhformáid inrochtana de shaothar nó d'ábhar eile a dháileadh, a chur in iúl nó a chur ar fáil dóibh, ar cóip í arna déanamh de bhun Threoir (AE) 2017/1564.

Airteagal 4

Cóipeanna i bhformáid inrochtana a allmhairiú ó thríú tíortha

Maidir le duine is tairbhí nó eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát, féadfaidh sé i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta arna glacadh de bhun Threoir (AE) 2017/1564, cóip i bhformáid inrochtana de shaothar nó d'ábhar eile a dáileadh, a cuireadh in iúl nó a cuireadh ar fáil do dhaoine is tairbhithe nó d'eintitis údaraithe, ag eintiteas údaraithe i dtríú tír atá ina páirtí i gConradh Marrakech, a allmhairiú nó a fháil nó a rochtain ar bhealach eile agus a úsáid ina dhiaidh sin.

Airteagal 5

Oibleagáidí na n-eintiteas údaraithe

1.   Déanfaidh eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát atá ag cur na ngníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 i gcrích a chleachtais féin a bhunú agus a leanúint chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

nach ndéanfaidh sé cóipeanna i bhformáid inrochtana a dháileadh, a chur in iúl agus a chur ar fáil ach amháin do dhaoine is tairbhithe nó d'eintitis údaraithe eile;

(b)

go ndéanfaidh sé bearta iomchuí chun macasamhlú, dáileadh, cur in iúl don phobal agus cur ar fáil don phobal cóipeanna i bhformáid inrochtana, a dhéantar ar shlí neamhúdaraithe, a dhíspreagadh;

(c)

go léireoidh sé cúram cuí ina láimhseáil de shaothair nó de hábhar eile agus dá gcóipeanna i bhformáid inrochtana agus go gcoimeádfaidh sé taifid díobh; agus

(d)

go ndéanfaidh sé, ar a shuíomh gréasáin más iomchuí, nó trí bhealaí eile ar líne nó as líne, faisnéis faoin mbealach a gcomhlíonann sé na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe (a) go pointe (c) den mhír seo a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta;

Agus lánurraim á tabhairt aige do na rialacha is infheidhme maidir le sonraí pearsanta na ndaoine is tairbhithe, dá dtagraítear in Airteagal 6, a phróiseáil, déanfaidh eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát na cleachtais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú agus a leanúint.

2.   Déanfaidh eintiteas údaraithe atá bunaithe i mBallstát a bhfuil na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 á gcur i gcrích aige an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar bhealach inrochtana, arna hiarraidh sin, d'aon duine is tairbhí, d'eintiteas údaraithe eile nó do shealbhóir cirt:

(a)

liosta na saothar nó na n-ábhar eile a bhfuil cóipeanna i bhformáid inrochtana díobh aige agus na formáidí atá ar fáil; agus

(b)

ainm agus mionsonraí teagmhála na n-eintiteas údaraithe a raibh sé páirteach leo sa mhalartú de chóipeanna i bhformáid inrochtana de bhun Airteagal 3 agus Airteagal 4.

Airteagal 6

Sonraí pearsanta a chosaint

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh na Ballstáit faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE.

Airteagal 7

Athbhreithniú

Faoin 11 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé na príomhthátail i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa, in éineacht le tograí chun an Rialachán seo a leasú, i gcás inarb iomchuí.

Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun an tuarascáil meastóireachta a ullmhú.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón12 Deireadh Fómhair 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Meán Fómhair 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MAASIKAS


(1)  Tuairim an 5 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Iúil 2017.

(3)  Cinneadh 2014/221/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chonradh Marrakech maidir le Rochtain ar Shaothair Fhoilsithe a Éascú do Dhaoine Dalla, do Dhaoine Lagamhairc nó Dóibh Siúd atá faoi Mhíchumas Léitheoireachta Cló ar aon bhealach eile.(IO L 115, 17.4.2014, lch. 1).

(4)  Tuairim 3/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 14 Feabhra 2017, ECLI:EU:C:2017:114, mír 112.

(5)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(6)  Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus le cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (féach leathanach 6 den Iris Oifigiúil seo ).

(7)  Tuairim 3/15 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 14 Feabhra 2017, ECLI:EU:C:2017:114, mír 90.

(8)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31). Le héifeacht ón 25 Bealtaine 2018, déanfar an Treoir sin a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1), agus gabhfaidh an Rialachán sin ionad na Treorach.

(9)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).