30.6.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/1130 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta

(athmhúnlú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle (3) a leasú go substaintiúil (4). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart an Rialachán sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)

Faoi chuimsiú an Chomhbheartais Iascaigh, déantar tagairt do shaintréithe soithí iascaireachta, amhail fad, leithead, tonnáiste, dáta tosaigh dul ar seirbhís agus cumhacht an innill.

(3)

Tá sé riachtanach rialacha comhionanna a úsáid chun saintréithe soithí iascaireachta a chinneadh chun na coinníollacha faoina ngabhtar don ghníomhaíocht san Aontas a aontú. Ba cheart na rialacha sin bheith i gcomhréir le caighdeáin an Chomhbheartais Iascaigh.

(4)

Ba cheart na sainmhínithe a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith bunaithe ar thionscnaimh a rinne saineagraíochtaí idirnáisiúnta cheana féin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, aird a thabhairt ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Iascaireacht agus ar Chaomhnú Acmhainní Beo na Mórmhara, a síníodh sa Ghinéiv an 29 Aibreán 1958, ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, a síníodh i Londain an 23 Meitheamh 1969 (“Coinbhinsiún 1969”), agus ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Soithí Iascaireachta, a síníodh in Torremolinos an 2 Aibreán 1977.

(6)

I gcás soithí iascaireachta a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 15 mhéadar, ní iomchuí i gcásanna áirithe an mhodheolaíocht atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún 1969. Dá bhrí sin, i gcás na soithí sin is inmhianaithe sainmhíniú níos simplí ar olltonnáiste.

(7)

Tharraing Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO) caighdeáin suas maidir le hinnill dócháin inmheánaigh, ar caighdeáin iad a chuirtear i bhfeidhm go forleathan sna Ballstáit.

(8)

Chun an tagairt don Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO ábhartha, lena leagtar amach na ceanglais maidir leis an gcumhacht innill leanúnach a chinneadh, a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le glacadh na leasuithe riachtanacha ar an tagairt don Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO ábhartha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid eile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Foráil ghinearálta

Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar shaintréithe soithí iascaireachta a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le rialacha ar fad an Aontais a bhaineann leis an iascach.

Airteagal 2

Fad

1.   Is é a bheidh i bhfad soithigh an fad iomlán, atá sainmhínithe mar an t-achar i líne dhíreach idir an pointe is faide amach den cheann agus an pointe is faide siar den deireadh.

Chun críocha an tsainmhínithe seo:

(a)

measfar go gcuimsíonn ceann an tsoithigh an struchtúr cabhlach uisce-obach, an caiseal tosaigh, an stuimine, an bábhún cinn, má tá sé daingnithe, ach go n-eiseofar boghspriotanna agus rálaí sábháilteachta;

(b)

measfar go gcuimsíonn deireadh an tsoithigh an struchtúr cabhlach uisce-obach, an transam, an tile deiridh, an rampa tráil agus an bábhún, ach go n-eiseofar rálaí sábháilteachta, cleitheanna scóide, innealra tiomána, stiúracha agus gaireas stiúrtha, agus dréimirí agus ardáin tumairí.

Déanfar an fad iomlán a thomhas i méadair agus cruinneas dhá dheachúil a bheidh sa tomhas sin.

2.   Nuair a dhéantar tagairt d'fhad idir ingir i reachtaíocht an Aontais, sainmhíneofar é mar an fad arna thomhas idir an t-ingear tosaigh agus an t-ingear deiridh mar atá siad sainmhínithe sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Soithí Iascaireachta.

Déanfar an fad idir ingir a thomhas i méadair agus cruinneas dhá dheachúil a bheidh sa tomhas sin.

Airteagal 3

Leithead

Is é a bheidh i leithead soithigh an t-uasleithead mar atá sé sainmhínithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas (“Coinbhinsiún 1969”).

Déanfar an fad iomlán a thomhas i méadair agus cruinneas dhá dheachúil a bheidh sa tomhas sin.

Airteagal 4

Tonnáiste

1.   Déanfar olltonnáiste soithí iascaireachta a bhfuil a bhfad iomlán cothrom le, nó níos mó ná 15 mhéadar a thomhas mar atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún 1969.

2.   Déanfar olltonnáiste soithí iascaireachta a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 15 mhéadar a thomhas i gcomhréir leis an bhfoirmle atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Nuair a dhéantar tagairt do ghlantonnáiste i rialacha an Aontais sainmhíneofar é mar atá sonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún 1969.

Airteagal 5

Cumhacht an innill

1.   Is é a bheidh i gcumhacht an innill iomlán na huaschumhachta leanúnaí is féidir a fháil ag roth lústair gach innill agus is féidir a úsáid trí mheáin mheicniúla, leictreonacha, hiodrálacha nó eile chun soitheach a thiomáint. I gcás ina bhfuil giarbhosca ionchorpraithe san inneall, áfach, déanfar an chumhacht a thomhas ag feire aschurtha an ghiarbhosca.

Ní dhéanfar aon asbhaint i leith innealra chúnta arna thiomáint ag an inneall.

Is é an cileavata (kW) an t-aonad lena sloinnfear cumhacht an innill.

2.   Cinnfear cumhacht leanúnach an innill i gcomhréir leis na ceanglais a ghlac Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán sa dara leagan dá Caighdeán Idirnáisiúnta molta ISO 3046/1, Deireadh Fómhair 1981.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 a bhaineann le mír 2 den Airteagal seo a leasú chun an tagairt don Chaighdeán Idirnáisiúnta ISO ábhartha a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.

Airteagal 6

Dáta tosaigh dul ar seirbhís

Is é an dáta a céadeisíodh deimhniú oifigiúil sábháilteachta a bheidh sa dáta a chuaigh an soitheach i mbun seirbhíse.

D'ainneoin na chéad mhíre, is é an dáta tosaigh dul ar seirbhís an dáta a iontráladh an soitheach i gclár oifigiúil soithí iascaireachta den chéad uair:

(a)

mura n-eisítear deimhniú oifigiúil sábháilteachta; nó

(b)

i gcás soithí iascaireachta a chuaigh ar seirbhís roimh an 1 Nollaig 1986.

Airteagal 7

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 20 Iúil 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 9

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. DALLI


(1)  IO C 34, 2.2.2017, lch. 140.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2017

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 1986 lena sainmhínítear saintréithe soithí iascaireachta (IO L 274, 25.9.1986, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

SOITHÍ NUA < 15 MHÉADAR AR FAD IOMLÁN

Is mar a leanas a shainmhínítear olltonnáiste soithí nua iascaireachta a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 15 mhéadar:

GT = K1 · V

áit arb ionann: K1 = 0,2 + 0,02 log10 V

agus arb é V an toirt, arna thabhairt le:

V = a1 (Loa · B1 · T1)

áit arb ionann:

Loa

fad iomlán (Airteagal 2 den Rialachán seo)

B1

leithead i méadair de réir Choinbhinsiún 1969

T1

doimhneacht i méadair de réir Choinbhinsiún 1969

a1

feidhm de chuid Loa

SOITHÍ < 15 MHÉADAR A BHFAD IOMLÁN AGUS ARBH ANN DÓIBH AN 1 EANÁIR 1995

Is mar seo a leanas a shainmhínítear olltonnáiste soithí iascaireachta arbh ann dóibh an 1 Eanáir 1995 agus a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 15 mhéadar:

GT = K1 · V

áit arb é V an toirt, arna thabhairt le:

V = a2 (Loa · B1 · T1)

áit arb ionann:

Loa

fad iomlán (Airteagal 2 den Rialachán seo)

B1

leithead i méadair de réir Choinbhinsiún 1969

T1

doimhneacht i méadair de réir Choinbhinsiún 1969

a2

feidhm de chuid Loa

Déanfar na feidhmeanna a1 agus a2 a shocrú ar bhonn anailíse staidrimh ar shamplaí ionadaíocha comhthiomsaithe de shoithí ó chabhlaigh de chuid na mBallstát. Déanfar na feidhmeanna sin mar aon le sainmhínithe ar na toisí B1 agus T1 agus le rialacha mionsonraithe maidir leis na foirmlí a chur i bhfeidhm a shonrú i gcinneadh ón gCoimisiún.


IARSCRÍBHINN II

RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle

(IO L 274, 25.9.1986, lch. 1)

Rialachán (CE) Uimh. 3259/94 ón gComhairle

(IO L 339, 29.12.1994, lch. 11)


IARSCRÍBHINN III

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)(c)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(1)(d)

Airteagal 4(1)(e)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 7(1)

Airteagal 9

Airteagal 7(2)

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III