8.3.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2017/371 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 1 Márta 2017

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (athbhreithniú ar an sásra fionraíochta)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (a) d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle (2) na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.

(2)

Maidir leis an sásra le haghaidh fhionraíocht shealadach na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001, mar a leagtar amach in Airteagal 1a den Rialachán sin é (“an sásra fionraíochta”), ba cheart é a neartú trína dhéanamh níos éasca do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na himthosca arbh fhéidir fionraíocht a bheith mar thoradh orthu, agus trína chur ar chumas an Choimisiúin an sásra fionraíochta a chur ar obair ar a thionscnamh féin.

(3)

Go háirithe, ba cheart úsáid an tsásra fionraíochta a éascu trí na tréimhsí tagartha agus na sprioc-amanna a ghiorrú, rud a d’fhágfadh go mbeadh an nós imeachta níos gasta, agus trí na forais a leathnú ar ar féidir fionraíocht a chur i bhfeidhm, ionas go gcuimseofaí laghdú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach, mar aon le méadú suntasach ar na rioscaí do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát ar na forais sin. Ba cheart, go háirithe, a chuimsiú leis an laghdú sin ar an gcomhar méadú suntasach ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach, lena n-áirítear do náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír lena mbaineann, i gcás ina ndéantar foráil maidir le hoibleagáid um athligean isteach den sórt sin i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó Ballstát agus an tríú tír sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an sásra fionraíochta a chur ar obair freisin i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír lena mbaineann agus an tAontas.

(4)

Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le méadú suntasach méadú a sháraíonn tairseach 50 %. Féadfaidh sé méadú níos ísle a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(5)

Chun críocha an tsásra fionraíochta, léirítear le ráta íseal aitheantais ráta aitheantais maidir le hiarratais ar thearmann atá cothrom le thart faoi 3 nó 4 %. Féadfaidh sé ráta aitheantais níos airde a léiriú freisin má mheasann an Coimisiún go bhfuil sé infheidhme sa chás áirithe sin ar thug an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith.

(6)

Tá sé riachtanach aon mhí-úsáid a bhainfí as an díolúine ón gceanglas víosa a sheachaint agus a chomhrac i gcás ina dtagann méadú ar an mbrú imirce, mar thoradh ar mhéadú gan bhunús ar iarratais ar thearmann, mar shampla, agus nuair a bhíonn iarratais gan bhunús ar cheadanna cónaithe mar thoradh air.

(7)

D’fhonn a áirithiú go leanfar de na ceanglais shonracha, atá bunaithe ar Airteagal - 1 agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosa, ar díolúine í a deonaíodh de thoradh ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa, a chomhall i bhfad na haimsire, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid sna tríú tíortha lena mbaineann. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sna tríú tíortha lena mbaineann.

(8)

Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis do léirscaoileadh víosa don tríú tír sin teacht i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún gur gá, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle.

(9)

Sula nglacfaidh sé aon chinneadh an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a chur ar fionraí go sealadach, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar an staid maidir le cearta an duine sa tríú tír sin agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh teacht as fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa don staid sin.

(10)

Chun a áirithiú go ndéanfar an sásra fionraíochta a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go háirithe i gcás inar gá freagairt go práinneach d’fhonn na deacrachtaí atá ag Ballstát amháin ar a laghad a réiteach, agus tionchar foriomlán na staide éigeandála ar an Aontas ina iomláine á chur san áireamh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh.

(11)

Le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa trí ghníomh cur chun feidhme, ba cheart catagóirí áirithe náisiúnach an tríú tír lena mbaineann a chumhdach, trí thagairt a dhéanamh do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise, amhail daoine atá ag taisteal den chéad uair chuig críoch na mBallstát. Ba cheart a chinneadh leis an ngníomh cur chun feidhme catagóirí na náisiúnach ar cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir leo, agus na himthosca sonracha ar thug Ballstát amháin nó roinnt Ballstát fógra maidir leo nó a thuairiscigh an Coimisiún agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh.

(12)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh páirt leordhóthanach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i gcur chun feidhme an tsásra fionraíochta, i bhfianaise na híogaireachta polaitiúla a ghabhann le fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh uile na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus a himpleachtaí cothrománacha ar na Ballstáit agus ar an Aontas féin, go háirithe i dtaca lena gcaidreamh seachtrach agus feidhmiú ginearálta limistéar Schengen, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le fionraíocht sealadach na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh na dtríú tíortha lena mbaineann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(13)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle (5); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(14)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (6); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(15)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis  (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (8).

(16)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (10).

(17)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis  (11) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1a:

Airteagal 1a

1.   De mhaolú ar Airteagal 1(2), déanfar an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún más rud é, thar thréimhse dhá mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin, nó leis an dá mhí dheireanacha roimh theacht i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, más rud é gurb ann do cheann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

méadú suntasach a theacht ar an líon náisiúnach den tríú tír sin ar diúltaíodh dul isteach dóibh nó a bhfuarthas go bhfuil siad ag fanacht ar chríoch an Bhallstáit gan ceart chuige sin a bheith acu;

(b)

méadú suntasach a theacht ar an líon iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den tríú tír sin, ar tír í a bhfuil an ráta aitheantais íseal ina leith;

(c)

laghdú ar an gcomhar leis an tríú tír sin maidir le hathligean isteach, arna fhíorú le sonraí leordhóthanacha, go háirithe méadú suntasach a bheith tagtha ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach a chuir an Ballstát faoi bhráid an tríú tír sin, ar iarratais iad a bhaineann le náisiúnaigh den tríú tír sin nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó an Ballstát sin agus an tríú tír sin, le náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír sin;

(d)

riosca méadaithe nó garbhagairt a bheith ann do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát, go háirithe méadú suntasach ar chionta coiriúla tromchúiseacha, a bhaineann le náisiúnaigh ón tríú tír sin, arna bhfíorú le faisnéis oibiachtúil, nithiúil ábhartha agus le sonraí arna gcur ar fáil ag údaráis inniúla.

Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus cuimseofar leis sonraí agus staidreamh ábhartha mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann d’fhonn an staid a leigheas. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a shonrú san fhógra uaidh na catagóirí náisiúnach ón tríú tír lena mbaineann atá le cumhdach le gníomh cur chun feidhme faoi phointe (a) de mhír 4, lena léirítear na cúiseanna mionsonraithe atá leis. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi fhógra den sórt sin.

2a.   I gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa ag an gCoimisiún, agus sonraí, tuarascálacha agus staidreamh ábhartha á gcur san áireamh aige i dtaobh na n-imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d) de mhír 2, ar iomthosca iad a éiríonn i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás nach bhfuil an tríú tír ag comhoibriú i ndáil le hathligean isteach, go háirithe i gcás ina bhfuil comhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích idir an tríú tír sin agus an tAontas, mar shampla:

iarratais ar athligean isteach a dhiúltú nó mainniú iad a phróiseáil in am trátha,

mainniú doiciméid taistil a eisiúint in am trátha, ar chun críocha an fhillidh laistigh de na sprioc-amanna atá sonraithe sa chomhaontú um athligean isteach iad nó gan glacadh le doiciméid taistil Eorpacha arna n-eisiúint tar éis dhul in éag na sprioc-amanna atá sonraithe sa chomhaontú um athligean isteach, nó

an comhaontú um athligean isteach a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí,

déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go pras maidir lena anailís, agus beidh feidhm ag forálacha mhír 4.

2b.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhall leanúnach na gceanglas sonrach, atá bunaithe ar Airteagal - 1 agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht léirscaoilte víosa arna dheonú, ag na tríú tíortha ar díolmhaíodh a náisiúnaigh ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch Ballstát, ar díolúine í ar toradh í ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosa idir an tAontas agus an tríú tír sin.

Ina theannta sin, tuairisceoidh an Coimisiún go tráthrialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, go ceann tréimhse seacht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm léirscaoileadh víosa don tríú tír sin, agus ina dhiaidh sin nuair a mheasann an Coimisiún go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle. Díreofar sa tuarascáil ar thríú tíortha ar ina leith a mheasann an Coimisiún nach gcomhalltar ceanglais áirithe a thuilleadh, bunaithe ar fhaisnéis nithiúil iontaofa.

I gcás ina dtaispeánann tuarascáil ón gCoimisiún nach gcomhalltar ceann amháin nó níos mó de na ceanglais shonracha a thuilleadh i ndáil le tríú tír ar leith, beidh feidhm ag mír 4.

3.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra arna thabhairt de bhun mhír 2, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

cibé acu an ann d’aon cheann de na staideanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 nó nach ann dóibh;

(b)

líon na mBallstát a ndéanann aon cheann de na staideanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dóibh;

(c)

tionchar foriomlán na n-imthosca dá dtagraítear i mír 2 maidir le staid na himirce san Aontas i bhfianaise na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil nó atá ar fáil don Choimisiún;

(d)

na tuarascálacha a ullmhóidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn nó an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) nó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais nó eagraíocht idirnáisiúnta atá inniúil sna hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo, má éilítear sin leis na himthosca sa chás sonrach;

(e)

na tásca a d’fhéadfadh a bheith tugtha ag an mBallstát lena mbaineann san fhógra uaidh maidir le bearta féideartha faoi phointe (a) de mhír 4;

(f)

ceist fhoriomlán an bheartais phoiblí agus na slándála inmheánaí, i gcomhairliúcháin leis an mBallstát lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí a scrúdaithe.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn na hanailíse dá dtagraítear i mír 2a, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 2b, nó ar bhonn an scrúdaithe dá dtagraítear i mír 3, agus iarmhairtí fhionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa do chaidreamh seachtrach an Aontais agus na mBallstát leis an tríú tír lena mbaineann á gcur san áireamh aige, agus é ag obair i ndlúthchomhar leis an tríú tír lena mbaineann chun teacht ar réitigh mhalartacha fhadtéarmacha ag an am céanna, go bhfuil gá le gníomhaíocht, nó i gcás inar thug tromlach simplí de na Ballstáit fógra don Choimisiún á rá gurb ann d’imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) de mhír 2, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann go ceann tréimhse naoi mí. Beidh feidhm ag an bhfionraíocht maidir le catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann, trí thagairt do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na catagóirí a bhfuil feidhm ag an bhfionraíocht leo, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, catagóirí atá mór a ndóthain chun go mbeidh siad ina gcabhair éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 2a agus i mír 2b a áireamh i ngach cás sonrach, agus urramóidh sé prionsabal na comhréireachta i gcomhthráth. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme laistigh de mhí amháin:

(i)

tar éis dó na fógraí dá dtagraítear i mír 2 a fháil;

(ii)

tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2a;

(iii)

tar éis dó an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2b a thíolacadh; nó

(iv)

tar éis dó an fógra a fháil ó thromlach simplí de na Ballstáit á rá gurb ann d’imthosca dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) de mhír 2.

Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin. Cinnfear leis an dáta a dtiocfaidh fionraíocht na díolúine ón gceanglas víosa i bhfeidhm.

Le linn na tréimhse fionraíochta, bunóidh an Coimisiún idirphlé feabhsaithe leis an tríú tír lena mbaineann, d’fhonn go leigheasfaí na himthosca atá i gceist.

(b)

I gcás inarb ann i gcónaí do na himthosca dá dtagraítear i mír 2, i mír 2a agus i mír 2b, glacfaidh an Coimisiún, ar a dhéanaí dhá mhí roimh dhul in éag na tréimhse naoi mí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 4b lena gcuirfear cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II ar fionraí go sealadach go ceann tréimhse 18 mí maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír lena mbaineann. Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe ó dháta dhul in éag an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus déanfar Iarscríbhinn II a leasú leis dá réir. Déanfar an leasú sin trí fhonóta a chur le hais ainm an tríú tír atá i gceist, lena léirítear go bhfuil an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sonrófar tréimhse na fionraíochta sin.

I gcás inar thíolaic an Coimisiún togra reachtach de bhun mhír 5, déanfar an tréimhse fionraíochta dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe a fhadú sé mhí. Déanfar an fonóta a leasú dá réir sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 4, cuirfear de cheangal, le linn na tréimhse fionraíochta, ar náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát.

Ballstát a dhéanann foráil, i gcomhréir le hAirteagal 4, do dhíolúintí nua ón gceanglas víosa do chatagóir náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear leis an ngníomh lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí, cuirfidh sé na bearta sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5.

5.   Roimh dheireadh thréimhse bailíochta an ghnímh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) de mhír 4, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach maidir le leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo a bheith ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II chuig Iarscríbhinn I.

6.   I gcás ina mbeidh togra reachtach tíolactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 5, féadfaidh sé bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 4 a fhadú go ceann tréimhse nach faide ná 12 mhí. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4a(2) a ghlacfar an cinneadh chun bailíocht an ghnímh cur chun feidhme a fhadú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1b:

“Airteagal 1b

Faoin 10 Eanáir 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéantar measúnú ar éifeachtacht an tsásra cómhalartachta dá bhforáiltear in Airteagal 1(4) agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh maidir leis an Rialachán seo a leasú. Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a ghníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith togra den sórt sin.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 1c

Faoin 29 Márta 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a mbeidh measúnú inti ar éifeachtacht an tsásra fiontraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 1a agus, más gá, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh maidir leis an Rialachán seo a leasú. Is tríd an ngnáthnós imeachta reachtach a ghníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i leith togra den sórt sin.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4b:

“Airteagal 4b

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 9 Eanáir 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

2a.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1a(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 28 Márta 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 1(4) agus i bpointe (b) d’Airteagal 1a(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3a.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (f) d’Airteagal 1(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse cheithre mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun phointe (b) d’Airteagal 1a(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid.

(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Márta 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. AGIUS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Nollaig 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Feabhra 2017.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 an 15 Márta 2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81, 21.3.2001, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  IO L 123. 12.5.2016, lch. 1.

(5)  Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 131, 1.6.2000, lch. 43).

(6)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(7)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36

(8)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le hacquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(9)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(10)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(11)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(12)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).