24.5.2017   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

22


TREOIR (AE) 2017/853 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Bealtaine 2017

lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 91/477/CEE ón gComhairle (3), bunaíodh beart tionlacain don mhargadh inmheánach. Chruthaigh sé cothromaíocht, ar lámh amháin, idir an gealltanas saorghluaiseacht áirithe a áirithiú i gcás roinnt arm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha díobh laistigh den Aontas, agus, ar an lámh eile, idir an gá leis an tsaorghluaiseacht sin a rialú trí ráthaíochtaí slándála atá oiriúnach do na táirgí sin a úsáid.

(2)

Is gá feabhsú breise a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de Threoir 91/477/CEE ar shlí chomhréireach d'fhonn dul i ngleic le mí-úsáid arm tine chun críoch coiriúil, agus gníomhartha sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ina theachtaireacht an 28 Aibreán 2015 i ndáil leis an gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil, d'iarr an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Treoir sin agus go mbeadh cur chuige comhchoiteann ann maidir le hairm a dhíghníomhachtú chun a n-athghníomhachtú ag coirpigh a chosc agus gan iad a bheith á n-úsáid ag coirpigh.

(3)

A fhad agus a fhaightear airm tine go dleathach agus a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE iad, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha naisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí.

(4)

Chun críocha Threoir 91/477/CEE, ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú ar bhróicéir aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí, agus ba cheart a mheas go n-áirítear iasachtú agus léasú leis an téarma “soláthar”. Ós rud é go gcuireann bróicéirí seirbhísí ar fáil atá comhchosúil leis na seirbhísí a sholáthraíonn déileálaithe, ba cheart iad a chumhdach freisin le Treoir 91/477/CEE i leith oibleagáidí sin na ndéileáilithe atá ábhartha do ghníomhaíochtaí na mbróicéirí, a mhéid atá siad in ann na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus a mhéid nach gcomhlíonann déileálaí iad maidir leis an idirbheart foluiteach céanna.

(5)

Ní hamháin go n-áirítear le gníomhaíochtaí déileálaí an mhonaraíocht ach freisin modhnú nó tiontú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin, amhail giorrú airm tine iomláin, as a dtiocfaidh athrú ar a gcatagóir nó ar a bhfochatagóir. Maidir le gníomhaíochtaí neamhthráchtála, ar gníomhaíochtaí príobháideacha amháin iad, amhail lámhlódáil agus athlódáil armlóin ó chomhpháirteanna armlóin dá n-úsáid féin nó modhnú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha atá faoi úinéireacht an duine lena mbaineann, amhail athruithe ar an stoc nó ar an treoir nó cothabháil chun dul i ngleic le caitheamh agus cuimilt comhpháirteanna bunriachtanacha, níor cheart a mheas gur gníomhaíochtaí iad nach gceadófaí ach do dhéilealaí iad a ghabháil de láimh.

(6)

Chun inrianaitheacht na n-arm tine agus na gcomhpháirteannna bunriachtanacha go léir a mhéadú agus chun a saorghluaiseacht a éascú, ba cheart na hairm tine uile nó a gcomhpháirteanna bunriachtanacha uile a mharcáil le marcáil shoiléir, bhuan agus uathúil agus a chlárú i gcórais chomhdúcháin sonraí na mBallstát.

(7)

Maidir leis na taifid a bheidh á gcoimeád sna córais chomhdúcháin sonraí, is é ba cheart a bheith iontu an fhaisnéis go léir lena lamhálfar nasc a bheith idir arm tine agus a úinéir agus ba cheart dóibh ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó ionad an mhonaraithe, cineál, déanamh, samhail, cailibre agus sraithuimhir an airm tine nó aon mharcáil uathúil a bheith curtha ar fhráma nó ar ghlacadóir an airm tine a thaifeadadh. Ba cheart comhpháirteanna bunriachtanacha seachas an fráma nó an glacadóir a thaifeadadh sna córais chomhdúcháin sonraí faoi thaifead a bhaineann leis an arm tine ar faoi a bheidh siad feistithe.

(8)

Chun cosc a chur ar mharcálacha a bheith á scriosadh go héasca agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na comhpháirteanna bunriachtanacha ar cheart na marcálacha a ghreamú díobh, ba cheart rialacha comhchoiteanna Aontais maidir leis an marcáil a thabhairt isteach. Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin ach amháin maidir le hairm tine nó le comhpháirteanna bunriachtanacha a dhéanfar a mhonarú nó a allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, nuair a chuirfear ar an margadh iad, agus, san am céanna, ba cheart airm tine agus páirteanna díobh a bheidh monaraithe nó allmhairithe isteach san Aontas roimh an dáta sin leanúint de bheith cumhdaithe ag na ceanglais mharcála agus chlárúcháin faoi Threoir 91/477/CEE a bheidh infheidhme go dtí an dáta sin.

(9)

I bhfianaise nádúr contúirteach agus bhuanfas na n-arm tine agus a gcomhpháirteanna bunriachtanacha, chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis inniúla in ann airm tine agus comhpháirteanna bunriachtanacha a rianú chun críche imeachtaí riaracháin agus coiriúla, agus aird á tabhairt ar na dlíthe nós imeachta náisiúnta, tá sé riachtanach go ndéanfar na taifid sna córais chomhdúcháin sonraí a choimeád ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna riachtanacha lena mbaineann. Ba cheart gur ag na húdaráis inniúla amháin a bheadh rochtain ar na taifid sin agus ar na sonraí pearsanta gaolmhara uile agus níor cheart an rochtain sin a cheadú ach amháin go dtí 10 mbliana i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann chun údaruithe a dheonú nó a tharraingt siar nó le haghaidh imeachtaí custaim, lena n-áirítear forchur féideartha pionós riaracháin, agus go dtí 30 bliain i ndiaidh scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann i gcás inar gá an rochtain sin chun an dlí coiriúil a fhorfheidhmiú.

(10)

Tá sé tábhachtach faisnéis a chomhroinnt go héifeachtúil idir déileálaithe agus bróicéirí, ar lámh amháin, agus na húdaráis inniúla náisiúnta, ar an lámh eile, chun go n-oibreodh na córais chomhdúcháin sonraí go héifeachtach. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla náisiúnta. Chun an méid sin a éascú, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta meán nasc leictreonach a bhunú a bheidh inrochtana ag déileálaithe agus ag bróicéirí, inar féidir an fhaisnéis a chur isteach trí ríomhphost nó é a dhéanamh go díreach trí bhunachar sonraí nó trí chlárlann eile a áireamh.

(11)

Maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit córas faireacháin a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha d'údarú arm tine á gcomhlíonadh le linn a ré, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil tástáil mhíochaine nó shíceolaíoch roimh ré le baint a bheith aige leis an measúnú.

(12)

Gan dochar do dhlíthe náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar an ndliteanas gairmiúil, níor cheart a thoimhdiú leis an measúnú sin ar an bhfaisnéis mhíochaine nó shícheolaíoch ábhartha go sanntar aon dliteanas don ghairmí leighis nó do dhaoine eile a sholáthraíonn faisnéis den sórt sin i gcás ina mbaintear mí-úsáid as airm tine a shealbhaítear i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE.

(13)

Ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar bhealach sábháilte nuair nach ndéantar iad a mhaoirsiú láithreach. Má stóráiltear ar bhealach eile seachas i dtaisceadán iad, ba cheart airm tine agus armlón a stóráil ar leithligh óna chéile. Nuair atá an t-arm tine agus an t-armlón le tabhairt ar láimh d'iompróir lena n-iompar, ba cheart an t-iompróir sin a bheith freagrach as an maoirsiú cuí agus as an stóráil chuí. Ba cheart na critéir maidir le stóráil chuí agus maidir le hiompar sábháilte a shainmhíniú sa dlí náisiúnta, agus líon agus catagóir na n-arm tine agus an armlóin lena mbaineann á gcur i gcuntas.

(14)

Níor cheart do Threoir 91/477/CEE difear a dhéanamh do rialacha na mBallstát a lamhálann idirbhearta dlíthiúla a bhfuil airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón mar chuid díobh atá le socrú trí ordú poist, tríd an idirlíon nó trí chianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i dTreoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), mar shampla trí bhíthin catalóga ceant ar líne nó mionfhógraí, teileafóin nó ríomhphoist. Mar sin féin, tá sé bunriachtanach go bhféadfaí céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh a sheiceáil agus go seiceálfar iarbhír céannachtaí na bpáirtithe in idirbhearta den sórt sin agus a gcumas dlíthiúil idirbhearta den sórt sin a dhéanamh. Maidir le ceannaitheoirí, is iomchuí dá bhrí sin a áirithiú go ndéanfaidh déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe, nó údarás poiblí nó ionadaí údaráis den sórt sin, a gcéannacht a sheiceáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fíoras go bhfuil siad údaraithe arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a fháil a fhíorú, sula seachadfar é, nó ar a dhéanaí ar é a sheachadadh.

(15)

Ba cheart rialacha níos déine a thabhairt isteach le Treoir 91/477/CEE do na hairm tine is contúirtí chun a áirithiú nach lamhálfar, seachas i roinnt eisceachtaí teoranta cuí-réasúnaithe, úinéireacht a bheith ar na hairm sin ná iad a shealbhú nó a thrádáil. I gcás nach n-urramaítear na rialacha sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta iomchuí uile a dhéanamh a bhféadfadh gaibhniú na n-arm tine sin a bheith ar áireamh iontu.

(16)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit, áfach, fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a údarú nuair is gá chun críocha oideachais, cultúrtha, lena n-áirítear scannáin agus an amharclann, taighde nó stairiúla. D'fhéadfaí, inter alia, armadóirí, promhthithe, monaróirí, saineolaithe creidiúnaithe, fóiréinseolaithe agus, i gcásanna áirithe, iad siúd atá rannpháirteach i dtaifeadtaí scannáin nó teilifíse a áireamh ar na daoine údaraithe sin. Chomh maith leis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann daoine aonair a údarú chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú don chosaint naisiúnta, amhail i gcomhthéacs oiliúint mhíleata shaorálach dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

(17)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú údaruithe a thabhairt do mhúsaeim agus do bhailitheoirí aitheanta chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú nuair is gá chun críocha stairiúla, cultúrtha, eolaíocha, teicniúla, oideachais nó oidhreachta, ar choinníoll go dtaispeánann músaeim agus bailitheoirí den sórt sin fianaise, sula dtabharfar údarú den sórt sin, go mbeidh na bearta riachtanacha déanta acu chun dul i ngleic le haon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord phoiblí, lena n-áirítear trí stóráil chuí. Le haon údarú den sórt sin, ba cheart an staid shonrach a chur i gcuntas agus a léiriú, lena n-airítear cineál agus cuspóirí an bhailiúcháin, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh córas i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar bhailitheoirí agus ar bhailiúcháin.

(18)

Níor cheart cosc a chur ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a láimhseáil i gcásanna ina mbeidh fáil agus seilbh arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin den sórt sin lamháilte go heisceachtúil, i gcás go mbeidh a láimhseáil riachtanach chun críocha díghníomhachtú nó tiontú, nó aon uair a cheadaítear sin ar shlí eile faoi Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo. Níor cheart, ach an oiread, cosc a chur ar dhéileálaithe ná ar bhróicéirí airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón den sórt sin a láimhseáil i gcásanna nach gcumhdaítear le Treoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, amhail airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a bheidh le honnmhairiú lasmuigh den Aontas nó airm a bheidh le fáil ag na fórsaí armtha, na póilíní nó na húdaráis phoiblí.

(19)

Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann diúltú aon idirbheart amhrasach a chur i gcrích chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna beophríméir armlóin a fháil. Féadfar a mheas go bhfuil idirbheart amhrasach más rud é, mar shampla, go mbaineann cainníochtaí leis atá neamhchoitianta le haghaidh na húsáide príobháidí a shamhlaítear, má dhealraíonn sé nach bhfuil cur amach ag an gceannaitheoir ar úsáid an armlóin nó má áitíonn an ceannaitheoir íoc in airgead tirim agus gan an té sin a bheith toilteanach cruthú ar a chéannacht nó a céannacht a sholáthar. Ba cheart do dhéileálaithe agus do bhróicéirí a bheith in ann freisin idirbhearta amhrasacha den sórt sin a thuairisciú do na húdaráis inniúla.

(20)

Is ard an riosca é go ndéanfar airm acústacha agus cineálacha eile arm lámhaigh caocha a thiontú ina bhfíorairm tine. Tá sé bunriachtanach, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n-arm tine tiontaithe sin a bheith á n-úsáid i ndéanamh cionta coiriúla, go háirithe trína n-áireamh laistigh de raon feidhme Threoir 91/477/CEE. Anuas air sin, chun go seachnófar an riosca go mbeidh airm rabhaidh agus chomhartha á monarú ar shlí a chumasaíonn iad a thiontú chun go bhféadfar urchar, piléar nó diúracán a dhíchur leo trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, ba cheart don Choimisiún sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú amhlaidh.

(21)

Agus an t-ardriosca atá ann airm tine nach bhfuil díghníomhachtaithe i gceart a athghníomhachtú á chur san áireamh agus chun an tslándáil ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart airm tine den sórt sin a chuimsiú le Treoir 91/477/CEE. Ba cheart sainmhíniú a thabhairt ar airm tine dhíghníomhachtaithe a chuimseoidh na prionsabail ghinearálta a bhaineann le hairm tine a dhíghníomhachtú dá bhforáiltear leis an bPrótacal i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, a ghabhann le Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle (5), a dhéanann an Prótacal sin a thrasuí i gcreat dlíthiúil an Aontais.

(22)

Maidir leis na hairm tine atá deartha le haghaidh úsáid mhíleata, amhail AK47 agus M16, agus atá feistithe chun oibriú ar bhonn lámhach roghnach, i gcás ina bhféadfar iad a bheith coigeartuithe de láimh idir modhanna lámhaigh uathoibríocha agus leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú mar airm tine de chuid chatagóir A agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Má dhéantar iad a thiontú ina n-airm tine leath-uathoibríocha, ba cheart iad a aicmiú i bpointe 6 de chatagóir A.

(23)

Is féidir airm tine leath-uathoibríocha áirithe a thiontú go héasca ina n-airm tine uathoibríocha, rud atá ina bhagairt don tslándáil. Fiú amháin in éagmais an tiontaithe sin, d'fhéadfadh airm tine leath-uathoibríocha áirithe a bheith an-chontúirteach nuair a bheidh acmhainneacht ard acu ó thaobh líon na n-urchar ar féidir a choimeád iontu. Dá bhrí sin, airm tine leath-uathoibríocha ag a bhfuil gléas lódála seasta lena lamháltar líon mór urchar a scaoileadh, chomh maith le hairm tine leath-uathoibríocha in éineacht le gléas lódála inbhainte a bhfuil ardacmhainneacht aige, ba cheart iad a thoirmeasc lena n-úsáid ag sibhialtaigh. Ní dhéanann an fhéidearthacht gléas lódála a fheistiú le hacmhainneacht níos mó ná 10 n-urchar le haghaidh airm tine fhada agus 20 urchar le haghaidh airm tine ghearra aicmiú an airm tine i gcatagóir shonrach a chinneadh.

(24)

Gan dochar d'athnuachan na n-údaruithe i gcomhréir le Treoir 91/477/CEE, níor cheart airm tine leath-uathoibríocha a úsáideann forbhualadh imeall-lámhaigh, lena n-airítear iad siúd ag a bhfuil cailibre 22 nó níos lú, a aicmiú i gcatagóir A mura mbeidh siad tiontaithe ó airm tine uathoibríocha.

(25)

Ba cheart feabhas a chur ar fhorálacha Threoir 91/477/CEE a bhaineann le pas arm tine Eorpach mar an príomhdhoiciméad is gá dá ngníomhaíochtaí faoi seach ag na lámhachóirí targaidí agus ag daoine eile a bheidh údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin trí thagairt d'airm tine a aicmítear i gcatagóir A a chur san áireamh sna forálacha ábhartha de, gan dochar do cheart na mBallstát rogha a dhéanamh rialacha níos déine a chur i bhfeidhm.

(26)

Réada ag a bhfuil cuma fhisiceach airm tine (“macasamhail”) ach a mhonaraítear ar shlí nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, níor cheart iad a chumhdach le Treoir 91/477/CEE.

(27)

I gcás ina mbeidh dlíthe náisiúnta i mBallstát lena rialaítear airm sheanda, níl airm den sórt sin faoi réir Threoir 91/477/CEE. Mar sin féin, níl an tábhacht stairiúil chéanna le macasamhlacha d'airm sheanda ná níl an spéis chéanna ag gabháil leo agus féadfar iad a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicnící nua-aimseartha, rud is féidir feabhas a chur ar a mbuanfas agus ar a gcruinneas. Dá bhrí sin, ba cheart macasamhlacha den sórt sin a thabhairt faoi raon feidhme Threoir 91/477/CEE. Níl feidhm ag Treoir 91/477/CEE maidir le nithe eile, amhail gairis bhog-aeir, nach gcomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar arm tine agus nach rialaítear dá bhrí sin leis an Treoir sin.

(28)

Chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit, bheadh sé ina chúnamh dá bhféadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar eilimintí bunriachtanacha córais chun tacú leis an malartú faisnéise sin atá sna ríomhchórais chomhdúcháin sonraí atá i bhfeidhm sna Ballstáit, lena n-áirítear a indéanta atá sé a chumasú do gach Ballstát córas den sórt sin a rochtain. Féadfaidh an córas sin leas a bhaint as modúl de Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ar modúl é a rinneadh a shaincheapadh go sonrach d'airm tine. Ba cheart don mhalartú faisnéise sin idir na Ballstáit tarlú i gcomhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). I gcás gur gá d'údarás inniúil rochtain a bheith aige ar thaifid choiriúla duine atá ag cur isteach ar údarú chun arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart don údarás sin a bheith in ann an fhaisnéis sin a fháil faoi Chinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle (8). D'fhéadfadh, más iomchuí, togra reachtach a bheith ag gabháil leis an measúnú ón gCoimisiún, agus ionstraimí atá ann cheana maidir le malartú faisnéise á gcur i gcuntas.

(29)

Chun malartú iomchuí faisnéise a áirithiú trí mheán leictreonach idir na Ballstáit maidir le húdaruithe a dheonaítear chun airm tine a aistriú chuig Ballstát eile agus maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú arm tine a fháil nó a shealbhú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le forálacha a bhunú lena gcuirtear ar chumas na mBallstát córas malartaithe faisnéise den sórt sin a chruthú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(31)

Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(32)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú Threoir 91/477/CEE. I gcás ina ndéanfar sonraí pearsanta a bhailítear faoi Threoir 91/477/CE a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ba cheart do na húdaráis a phróiseálann na sonraí sin na rialacha a ghlactar de bhun Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chomhlíonadh.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 91/477/CEE a leasú dá réir sin.

(35)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (13).

(36)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (14), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (15).

(37)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Treoir seo agus i dTreoir 91/477/CEE forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (16), ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (17),

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 91/477/CEE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

1.   Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘arm tine’ aon arm iniompartha a bhfuil bairille air agus a dhíchuireann urchar, piléar nó diúracán trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite nó atá ceaptha chun iad a dhíchur, nó a d'fhéadfaí a thiontú chun iad a dhíchur, ach amháin má tá sé eisiata ón sainmhíniú sin ar cheann amháin de na cúiseanna a liostaítear i gCuid III d'Iarscríbhinn I. Déantar airm tine a aicmiú i gCuid II d'Iarscríbhinn I.

Measfar go bhféadfar réad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

tá cuma airm tine air; agus

(b)

is féidir, de bharr a dhéanaimh nó de bharr an ábhair as a bhfuil sé déanta, é a thiontú amhlaidh;

(2)

ciallaíonn ‘comhpháirt bhunriachtanach’ an bairille, an fráma, an glacadóir, lena n-áirítear an glacadóir uachtarach agus íochtarach araon, i gcás inarb infheidhme, an sleamhnán, an sorcóir, an bolta nó an craosbhloc, agus, ós rud é gur réada ar leithligh iad, áirítear iad i gcatagóir na n-arm tine ar a bhfuil siad feistithe nó ar a bhfuil beartaithe iad a fheistiú;

(3)

ciallaíonn ‘armlón’ an t-urchar iomlán nó na comhpháirteanna de, lena n-áirítear cásanna na gcartús, príméir, púdar tiomána, piléir nó diúracáin, a úsáidtear in arm tine, ar an gcoinníoll go bhfuil na comhpháirteanna sin faoi réir údarú sa Bhallstát lena mbaineann;

(4)

ciallaíonn ‘airm rabhaidh agus chomhartha’ gléasanna le coinneálaí cartús nach bhfuil deartha ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthacha phiriteicniúla, agus an méid sin amháin, a scaoileadh, agus nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite;

(5)

ciallaíonn ‘airm chúirtéise agus acústacha’ airm tine atá tiontaithe go sonrach lena n-úsáid chun urchair chaocha a scaoileadh, agus an méid sin amháin, lena n-úsáid i gcásanna amhail léirithe amharclainne, seisiúin ghrianghrafadóireachta, taifeadtaí teilifíse agus scannánaíochta, athléirithe stairiúla, paráidí, imeachtaí agus traenáil spóirt;

(6)

ciallaíonn ‘airm tine dhíghníomhachtaithe’ airm tine a rinneadh neamhoiriúnach d'úsáid go buan trí dhíghníomhachtú, á áirithiú go ndéanfar comhpháirteanna bunriachtanacha uile an airm tine atá i gceist do-úsáidte go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith;

(7)

ciallaíonn ‘músaem’ institiúid bhuan a fheidhmíonn i seirbhís na sochaí agus a forbartha, atá oscailte don phobal, a fhaigheann agus a chaomhnaíonn airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón, agus a dhéanann taighde orthu agus a dhéanann taispeántas díobh, chun críocha stairiúla, cultúrtha, eolaíochta, teicniúla, oideachais, oidhreachta nó siamsaíochta, agus a aithnítear amhlaidh sa Bhallstát lena mbaineann;

(8)

ciallaíonn ‘bailitheoir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá tiomnaithe d'airm tine, do chomhpháirteanna bunriachtanacha nó d'armlón a bhailiú agus a chaomhnú chun críocha stairiúla, cultúrtha, eolaíochta, teicniúla, oideachais, nó oidhreachta, agus a aithnítear amhlaidh sa Bhallstát lena mbaineann;

(9)

ciallaíonn ‘déileálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar ceann díobh seo a leanas an cheird nó an gnó atá ag an duine sin, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

monarú, trádáil, malartú, fruiliú, deisiú, modhnú nó tiontú arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha; nó

(b)

monarú, trádáil, malartú, modhnú nó tiontú armlóin;

(10)

ciallaíonn ‘bróicéir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, seachas déileálaí, ar ceann díobh seo a leanas an cheird nó an gnó atá ag an duine sin, go hiomlán nó go páirteach:

(a)

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a cheannach, a dhíol nó a sholáthar;

(b)

aistriú arm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón a shocrú laistigh de Bhallstát, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ó Bhallstát chuig tríú tír nó ó thríú tír chuig Ballstát;

(11)

ciallaíonn ‘monarú aindleathach’ monarú nó cóimeáil arm tine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus armlóin:

(a)

ó aon chomhpháirt bhunriachtanach d'airm tine den sórt sin a ndéantar gainneáil aindleathach orthu;

(b)

gan údarú arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ina ndéantar an monarú nó an chóimeáil; nó

(c)

gan airm tine a mharcáil i gcomhréir le hAirteagal 4 tráth an mhonaraithe;

(12)

ciallaíonn ‘gáinneáil aindleathach’ fáil, díolachán, seachadadh, gluaiseacht nó aistriú arm tine, a gcomhpháirteanna bunriachtanacha nó armlón ó chríoch Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile, nó trasna críche Ballstáit amháin chuig críoch Ballstáit eile mura mbeidh sé údaraithe ag aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an Treoir seo nó mura mbeidh na hairm tine, na comhpháirteanna bunriachtanacha nó an t-armlón marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 4;

(13)

ciallaíonn ‘rianú’ rianú córasach a dhéanamh ar airm tine agus, i gcás inar féidir, ar a gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus ar armlón ón monaróir chuig an gceannaitheoir chun cuidiú le húdaráis inniúla na mBallstát monarú aindleathach agus gáinneáil aindleathach a bhrath, a imscrúdú agus a anailísiú.

2.   Chun críocha na Treorach seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine sa tír a luaitear sa seoladh atá ar dhoiciméad oifigiúil lena léirítear a áit nó a háit chónaithe, amhail pas nó cárta aitheantais náisiúnta, a chuirtear, ar sheiceáil ar fháil nó ar sheilbh, faoi bhráid údaráis inniúla Ballstáit nó déileálaí nó bróicéara. Mura mbeidh seoladh duine ar a phas nó ar a chárta aitheantais náisiúnta, nó ar a pas nó ar a cárta aitheantais náisiúnta, cinnfear a thír nó a tír chónaithe ar bhonn aon chruthúnas oifigiúil eile ar chónaí a aithníonn an Ballstát lena mbaineann.

3.   Arna iarraidh sin d'údaráis inniúla Ballstáit, eiseofar ‘pas arm tine Eorpach’ do dhuine a mbeidh arm tine ag teacht ina sheilbh nó ina seilbh ag an duine sin go dleathach nó a bheidh á úsáid ag an duine sin go dleathach. Beidh sé bailí ar feadh uastréimhse cúig bliana, tréimse ar féidir a fhadú, agus beidh an t-eolas a leagtar amach in Iarscríbhinn II ann. Beidh sé neamh-inaistrithe agus déanfar taifead ann ar an arm tine nó ar na hairm tine atá ina sheilbh nó ina seilbh ag sealbhóir an phas agus a úsáideann an sealbhóir. Ní mór an pas sin a bheith i seilbh an duine a úsáideann an t-arm tine i gcónaí agus cuirfear in iúl ar an bpas aon athrú maidir le seilbh nó gnéithe an airm tine, agus má chailltear nó má ghoidtear é.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

1.   Ní dochar an Treoir seo do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le hiompar arm, fiach nó lámhach targaidí, úsáid arm a fhaightear agus a shealbhaítear go dleathach i gcomhréir leis an Treoir seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le fáil nó seilbh arm tine agus armlóin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ag na fórsaí armtha, na póilíní nó ag na húdaráis phoiblí. Ní bheidh feidhm aici ach an oiread maidir le haistrithe arna rialáil le Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Treoir 2009/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009, lena simplítear téarmaí agus coinníollacha aistrithe táirgí a bhaineann le cosaint laistigh den Chomhphobal (IO L 146, 10.6.2009, lch. 1).”;"

(3)

leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, mhír 2 agus mhír 3:

“1.   Maidir leis na hairm tine arna monarú nó arna n-allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir le haon arm tine nó aon chomhpháirt bhunriachtanach den sórt sin a chuirtear ar an margadh:

(a)

go mbeidh marcáil shoiléir, bhuan, uathúil air gan mhoill i ndiaidh monarú agus ar a dhéanaí roimh é a chur ar an magadh, nó gan mhoill tar éis é a allmhairiú isteach san Aontas; agus

(b)

go gclárófar é i gcomhréir leis an Treoir seo gan mhoill i ndiaidh monarú agus ar a dhéanaí sula gcuirfear é ar an magadh, nó gan mhoill tar éis é a allmhairiú isteach san Aontas.

2.   Áireofar leis an marcáil uathúil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ainm an mhonaróra nó an bhranda, tír nó áit an mhonaraithe, an tsraithuimhir agus bliain an mhonaraithe, más rud é nach cuid cheana féin iad den tsraithuimhir, agus den tsamhail i gcás inarb indéanta. Ní dochar é sin do thrádmharc an mhonaróra a ghreamú díobh. I gcás go mbeidh comhpháirt bhunriachtanach róbheag le marcáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, marcálfar í ar a laghad le sraithuimhir nó le cód alfa-uimhriúil nó digiteach.

Cinnfear na ceanglais marcála maidir le harm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha a bhfuil tábhacht stairiúil faoi leith acu i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gach bunphacáiste d'armlón iomlán marcáilte ar shlí a léireoidh ainm an mhonaróra, uimhir sainaitheantais na baisce (na luchtóige), cailibre agus cineál an armlóin.

Chun críocha mhír 1 agus na míre seo, féadfaidh na Ballstáit a roghnú forálacha an Choinbhinsiúin maidir le Marcanna Promhaidh ar Mhionairm a Aithint go Cómhalartach an 1 Iúil 1969 a chur i bhfeidhm.

Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit, tráth aistrithe airm tine nó a chomhpháirteanna bunriachtanacha ó stoic an rialtais go buanúsáid ag sibhialtaigh, gurb ann don mharcáil uathúil, dá bhforáiltear faoi mhír 1, lena gceadaítear an t-eintiteas aistritheach a shainaithint.

2a.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla don mharcáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2).

3.   Bunóidh gach Ballstát córas chun gníomhaíochtaí na ndéileálaithe agus na mbróicéirí a rialáil. Déanfar ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a áireamh i gcórais den sórt sin:

(a)

clárú déileálaithe agus bróicéirí a oibríonn laistigh de chríoch an Bhallstáit sin;

(b)

ceadúnú nó údarú gníomhaíochtaí déileálaithe agus bróicéirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin; agus

(c)

seiceáil ar iontaofacht phríobháideach agus ghairmiúil agus ar chumais ábhartha an déileálaí nó an bhróicéara lena mbaineann. I gcás duine dlítheanach, déanfar an tseiceáil ar an duine dlítheanach agus ar an duine nádúrtha nó ar na daoine nádúrtha a stiúrann an gnóthas araon.”;

(b)

leasaítear mír 4 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Taifeadfar sa chóras comhdúcháin sonraí sin gach faisnéis a bhaineann le hairm tine a bhfuil gá léi chun na hairm tine sin a rianú agus a shainaithint, lena n-áirítear:

(a)

cineál, déanamh, samhail, cailibre agus sraithuimhir gach airm tine agus an marc a chuirfear ar a fhráma nó ar a ghlacadóir mar mharcáil uathúil i gcomhréir le mír 1, a fhónfaidh mar aitheantóir uathúil do gach arm tine;

(b)

an tsraithuimhir nó an mharcáil uathúil a chuirfear ar na comhpháirteanna bunriachtanacha, i gcás nach ionann é sin agus an mharcáil ar fhráma nó ar ghlacadóir gach airm tine;

(c)

ainmneacha agus seoltaí na soláthraithe agus na ndaoine a fhaigheann nó a bhfuil an t-arm tine ina seilbh acu, mar aon leis an dáta ábhartha nó na dátaí ábhartha; agus

(d)

aon tiontuithe nó modhnuithe ar arm tine as a leanann athrú ar a chatagóir nó ar a fhochatagóir, lena n-áirítear a dhíghníomhachtú nó a scriosadh deimhnithe agus an dáta ábhartha nó na dátaí ábhartha.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh na húdaráis inniúla taifead na n-arm tine agus na gcomhpháirteanna bunriachtanacha, lena n-áirítear na sonraí pearsanta a bhaineann leo, sna córais chomhdúcháin sonraí ar feadh tréimhse 30 bliain i ndiaidh scriosadh na n-arm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i dtrácht.

Beidh na taifid ar airm tine agus ar chomhpháirteanna bunriachtanacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus na sonraí pearsanta a bhaineann leo inrochtana:

(a)

ag na húdaráis atá inniúil chun údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 a dheonú nó a tharraingt siar nó ag na húdaráis atá inniúil maidir le himeachtaí custaim, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i dtrácht; agus

(b)

ag na húdaráis atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, go ceann tréimhse 30 bliain tar éis scriosadh an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha atá i gceist.

Áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar na sonraí pearsanta ó na córais chomhdúcháin sonraí nuair a rachaidh na tréimhsí a shonraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír in éag. Ní dochar é seo do chásanna ina mbeidh sonraí pearsanta sonracha aistrithe chuig údarás atá inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus a úsáidtear sa chomhthéacs sonrach sin amháin nó chuig údaráis eile atá inniúil chun críche comhoiriúnaí dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta. Sna cásanna sin, déanfaidh dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann próiseáil na sonraí sin ag na húdaráis inniúla a rialáil, i lánchomhlíonadh dhlí an Aontais, go háirithe maidir le cosaint sonraí.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Le linn a dtréimhse gníomhaíochta, beidh de cheangal ar dhéileálaithe agus ar bhróicéirí clár a chothabháil ina ndéanfar taifead ar gach arm tine agus gach comhpháirt bhunriachtanach d'arm tine atá faoi réir na Treorach seo agus a bheidh faighte nó diúscartha acu, i dteannta na sonraí sin a fhágann gur féidir an t-arm tine nó na comhpháirteanna bunriachtanacha a shainaithint agus a rianú, go háirithe an cineál, an déanamh, an tsamhail, an cailibre agus an tsraithuimhir de agus ainmneacha agus seoltaí na soláthraithe agus na ndaoine a bheidh á fháil nó á fáil.

Ar scor dá ngníomhaíochtaí, déanfaidh na déileálaithe agus na bróicéirí an clár sin a sheachadadh ar na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na córais chomhdúcháin sonraí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh déileálaithe agus bróicéirí atá bunaithe ina gcríoch tuairisciú gan moill mhíchuí do na údaráis inniúla náisiúnta ar idirbhearta a bhaineann le hairm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha, go mbeidh nasc leictreonach ag déileálaithe agus ag bróicéirí leis na húdaráis sin chun críocha tuairiscithe den sórt sin agus go ndéantar na córais chomhdúcháin sonraí a thabhairt cothrom le dáta láithreach ar faisnéis maidir leis na hidirbhearta sin a fháil.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar nasc a bheith ag gach arm tine lena úinéir tráth ar bith.”.

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4a

“Airteagal 4a

Gan dochar d'Airteagal 3, ní lamhálfaidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a mbeidh ceadúnas deonaithe dóibh nó, maidir le hairm tine a aicmítear i gcatagóir C, a cheadaítear dóibh go sonrach airm tine den sórt sin a fháil agus a shealbhú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;

(5)

scriostar Airteagal 4b;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 agus Airteagal 6:

“Airteagal 5

1.   Gan dochar d'Airteagal 3, ní cheadóidh na Ballstáit fáil agus seilbh arm tine ach amháin do dhaoine a bhfuil cúis mhaith acu lena n-aghaidh agus:

(a)

atá ar a laghad 18 mbliana d'aois, ach amháin i ndáil le fáil, seachas trí cheannach, agus seilbh arm tine le haghaidh fiaigh agus lámhach targaidí, ar choinníoll, sa chás sin, go mbeidh cead óna dtuismitheoirí ag daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó go mbeidh siad faoi threoir tuismitheora nó faoi threoir duine fásta ag a bhfuil ceadúnas bailí arm tine nó fiaigh, nó atá laistigh d'ionad oiliúna ceadúnaithe nó formheasta ar shlí eile, agus go nglacfaidh an tuismitheoir, nó duine fásta a bhfuil ceadúnas bailí arm tine nó fiaigh ina sheilbh nó ina seilbh freagracht as stóráil chuí de bhun Airteagal 5a; agus

(b)

nach dócha go mbeidh siad ina gcontúirt dóibh féin nó do dhaoine eile, don ord poiblí nó don tsláinte phoiblí; measfar gur léiriú ar an gcontúirt sin duine a bheith ciontaithe i gcoir intinniúil fhoréigneach.

2.   Beidh córas faireacháin i bhfeidhm ag na Ballstáit, a fhéadfaidh siad a fheidhmiú ar bhonn leanúnach nó neamhleanúnach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha údaraithe a leagtar síos sa dlí náisiúnta le linn thréimhse an údaraithe agus, inter alia, go ndéanfar measúnú ar fhaisnéis ábhartha leighis agus síceolaíochta. Cinnfear na socruithe sonracha don fhaireachán sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

I gcás nach gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha údaraithe a thuilleadh, tarraingeoidh na Ballstáit an t-údarú faoi seach siar.

Ní fhéadfaidh na Ballstáit daoine atá ina gcónaí laistigh dá gcríoch a thoirmeasc ó sheilbh a bheith acu ar arm tine a bheidh faighte acu i mBallstát eile mura rud é go dtoirmisceann siad an cineál céanna airm tine a bheith á fháil ina gcríoch féin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeofar siar údarú chun arm tine a fháil agus údarú chun arm tine a aicmítear i gcatagóir B a shealbhú má fhionntar go bhfuil gléas lódála i seilbh an duine a fuair an t-údarú sin, gléas atá oiriúnach lena fheistiú ar airm tine leath-uathoibríocha lárlámhaigh nó ar airm tine athchaite a bhfuil ceann de na tréithe seo a leanas aige:

(a)

is féidir leo níos mó ná 20 urchar a choinneáil; nó

(b)

i gcás airm tine fhada, is féidir leo níos mó ná 10 n-urchar a choinneáil,

mura bhfuil údarú deonaithe don duine sin faoi Airteagal 6 nó mura bhfuil údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 7(4a) deonaithe don duine sin.

Airteagal 5a

Chun an riosca a íoslaghdú go bhfaigheadh daoine neamhúdaraithe rochtain ar airm tine agus ar armlón, déanfaidh na Ballstáit rialacha a bhunú maidir leis an maoirseacht chuí ar airm tine agus ar armlón agus rialacha maidir lena stóráil chuí ar bhealach atá slán. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm tine agus ar armlón le chéile. Ciallóidh maoirseacht chuí go bhfuil smacht ag an duine a bhfuil an t-arm tine nó an t-armlón lena mbaineann ina seilbh aige nó aici go dleathach air le linn a iompair agus a úsáide. Ní bheidh rochtain go réidh ar airm tine agus ar armlón do na hairm tine sin le chéile. Léireoidh an leibhéal grinnscrúdaithe do shocruithe stórála cuí den sórt sin líon agus catagóir na n-arm tine lena mbaineann agus an armlóin lena mbaineann.

Airteagal 5b

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna a bhaineann le fáil agus le díol arm tine nó comhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin a aicmítear i gcatagóir A, i gcatagóir B nó i gcatagóir C trí bhithín cianchonarthaí de réir mar a shainmhínítear iad i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), go seiceálfar céannacht, agus i gcás ina gceanglaítear sin, údarú cheannaitheoir an airm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha nó armlóin, sula seachadfaidh, nó ar a dhéanaí nuair a sheachadfaidh, duine díobh seo a leanas é ar an duine sin:

(a)

déileálaí nó bróicéir ceadúnaithe nó údaraithe; nó

(b)

údarás poiblí nó ionadaí den údarás sin.

Airteagal 6

1.   Gan dochar d'Airteagal 2(2), déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun fáil agus seilbh na n-arm tine, na gcomhpháirteanna bunriachtanacha agus an armlóin a aicmítear i gcatagóir A a thoirmeasc. Áiritheoidh siad go ngaibhneofar na hairm tine, na comhpháirteanna bunriachtanacha agus an t-armlón sin a shealbhaítear go mídhleathach de shárú ar an toirmeasc sin.

2.   D'fhonn slándáil an bhonneagair chriticiúil, loingseoireacht thráchtála, conbhuanna ardluacha agus áitribh íogaire a chosaint, mar aon le críocha cosanta náisiúnta, oideachais, cultúrtha, taighde agus stairiúla agus gan dochar do mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta údaruithe a dheonú d'airm tine, do chomhpháirteanna bunriachtanacha agus d'armlón a aicmítear i gcatagóir A, i gcásanna aonair, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, i gcás nach mbeidh sé sin contrártha don tslándáil phoiblí ná don ord poiblí.

3.   I gcásanna aonair speisialta, go heisceachtúil agus ar bhealach atá cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit roghnú údaruithe a dheonú do bhailitheoirí chun airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí, lena n-áirítear taispeáint do na húdaráis inniúla náisiúnta go bhfuil bearta ann chun díriú ar aon rioscaí don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí agus go stóráiltear na hairm tine, na comhpháirteanna bunriachtanacha nó an t-armlón le leibhéal slándála atá coibhéiseach leis na rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe ar na nithe sin.

Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na bailitheoirí a údaraítear faoin gcéad fhomhír den mhír seo a shainaithint laistigh de na córais chomhdúcháin sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4. Beidh sé d'oibleagáid ar na bailitheoirí údaraithe sin clár a choinneáil de na hairm tine uile atá ina seilbh acu a aicmítear i gcatagóir A, a bheidh inrochtana ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Cuirfidh na Ballstáit córas faireacháin iomchuí ar bun maidir leis na bailitheoirí údaraithe sin, agus na fachtóirí ábhartha uile á gcur i gcuntas.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do dhéileálaithe nó do bhróicéirí, ina gcáileanna gairmiúla faoi seach, airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil, a mhonarú, a dhíghníomhachtú, a dheisiú, a sholáthar, a aistriú agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do mhúsaeim airm tine, comhpháirteanna bunriachtanacha agus armlón a aicmítear i gcatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir dianchoinníollacha maidir le slándáil chuí.

6.   Féadfaidh na Ballstáit a údarú do lámhachtóirí targaidí airm tine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6 nó i bpointe 7 de chatagóir A a fháil agus a shealbhú, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

measúnú sásúil ar fhaisnéis ábhartha a thagann as cur i bhfeidhm Airteagal 5(2);

(b)

cruthúnas a sholáthar go bhfuil an lámhachóir targaidí lena mbaineann ag cleachtadh go gníomhach i gcomhair comórtais lámhaigh nó ag glacadh páirt iontu, ar comórtais iad a aithníonn eagraíocht spóirt lámhaigh an Bhallstáit lena mbaineann atá aitheanta go hoifigiúil nó a aithníonn cónaidhm spóirt lámhaigh atá bunaithe go hidirnáisiúnta agus aitheanta go hoifigiúil; agus

(c)

teastas a sholáthar ó eagraíocht spóirt lámhaigh atá aitheanta go hoifigiúil ina ndaingnítear:

(i)

gur ball é an lámhachóir targaidí de chlub lámhaigh agus go bhfuil sé ag cleachtadh lámhach targáidí ann go rialta ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad, agus

(ii)

go gcomhlíonann an t-arm tine atá i dtrácht na sonraíochtaí a cheanglaítear do dhisciplín lámhaigh a aithníonn cónaidhm spóirt lámhaigh atá bunaithe go hidirnáisiúnta agus aitheanta go hoifigiúil.

Maidir le hairm tine a aicmítear i bpointe 6 de chatagóir A, féadfaidh Ballstáit a chuireann córas míleata i bhfeidhm bunaithe ar choinscríobh ginearálta agus a bhfuil córas i bhfeidhm acu le 50 bliain anuas maidir le haistriú arm tine míleata chuig daoine a fhágann an t-arm tar éis dóibh a ndualgais mhíleata a chomhlíonadh, údarú a dheonú do na daoine sin ina gcáil mar lámhachóir targaidí, chun arm tine amháin a choimeád a d'úsáid siad le linn a dtréimhse míleata éigeantaí. Claochlóidh an t-údarás poiblí ábhartha na hairm tine sin ina n-airm tine leath-uathoibríocha agus déanfaidh siad seiceáil go tréimhsiúil nach ionann na daoine a úsáideann na hairm tine sin agus riosca don tslándáil phoiblí. Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír.

7.   Déanfar athbhreithniú ar údaruithe a dheonaítear faoin Airteagal seo go tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná cúig bliana.”;

(*2)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64)."

(7)

leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“Déanfar athbhreithniú ar údaruithe maidir le hairm tine a shealbhú go tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná cúig bliana. Féadfar údarú a athnuachan nó a shíneadh má tá na coinníollacha ar ar a bhonn a deonaíodh é á gcomhlíonadh go fóill.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“4a.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh údaruithe d'airm tine leath-uathoibríocha a aicmítear i bpointe 6, i bpointe 7 nó i bpointe 8 de chatagóir A dhaingniú, a athnuachan nó a shíneadh i leith arm tine a bhí aicmithe i gcatagóir B, agus arna fháil agus arna chlárú go dleathach, roimh an 13 Meitheamh 2017, agus na húdaruithe sin a athnuachan nó a fhadú, faoi réir na gcoinníollacha eile a leagtar síos sa Treoir seo. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit a lamháil go bhfaighidh daoine eile a bheidh údaraithe ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir seo arna leasú le Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), airm tine den sórt sin.

(*3)  Treoir (AE) 2017/853 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 137, 24.5.2017, lch. 22).”;"

(8)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo in ionad mhír 3:

“3.   Má dhéanann Ballstáit fáil agus seilbh arm tine a aicmítear i gcatagóir B nó i gcatagóir C laistigh dá chríoch a thoirmeasc nó a chur faoi réir údaraithe, cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas, agus áireoidh siad go sainráite ráiteas chuige sin ar aon phas arm tine Eorpach a eisíonn siad i leith arm tine den sórt sin, de bhun Airteagal 12(2).”

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

1.   Is ionann na socruithe chun armlón a fháil agus a shealbhú agus na cinn sin chun na hairm tine dá bhfuil an t-armlón beartaithe a fháil agus a shealbhú.

Ní cheadófar fáil gléasanna lódála d'airm tine leath-uathoibríocha lárlámhaigh nó d'airm tine athchaite, ar féidir leo níos mó ná 20 urchar a choinneáil nó níos mó ná 10 n-urchar a choinneáil i gcás airm tine fhada, ach do dhaoine a mbeidh údarú deonaithe dóibh faoi Airteagal 6 nó a mbeidh údarú a daingníodh, a athnuadh nó a síneadh faoi Airteagal 7(4a) deonaithe dóibh.

2.   Féadfaidh déileálaithe agus bróicéirí diúltú d'aon idirbheart a chríochnú chun urchair iomlána armlóin nó comhpháirteanna armlóin a fháil, a mheasfaidh siad le réasún a bheith amhrasach mar gheall ar a chineál nó ar a scála, agus déanfaidh siad aon iarracht den sórt sin ar idirbheart a thuairisciú do na húdaráis inniúla.”;

(10)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 10a

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú maidir le gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaíochta phiriteicniúla a scaoileadh, nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gléasanna le coinneálaí cartús nach ndeartar ach chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaoíochta phiriteicniúla a scaoileadh, agus ar féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite, a aicmiú mar airm tine.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm rabhaidh agus chomhartha arna monarú nó arna n-allmhairiú isteach san Aontas an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin, chun a áirithiú nach féidir iad a thiontú chun urchar, piléar nó diúracán a dhíchur trí ghníomhaíocht tiomántáin indóite. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2). Glacfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin faoin 14 Meán Fómhair 2018.

Airteagal 10b

1.   Déanfaidh na Ballstáit socruithe chun go ndéanfaidh údarás inniúil díghníomhachtú arm tine a fhíorú chun a áirithiú go bhfágfaidh na modhnuithe a dhéantar ar arm tine a chomhpháirteanna bunriachtanacha ar fad do-oibrithe go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfaidh na Ballstáit foráil, i gcomhthéacs an fhíoraithe sin, chun teastais agus taifid a eisiúint lena bhfianófar gur díghníomhachtaíodh an t-arm tine agus gur cuireadh marc, atá infheicthe go soiléir chuige sin, ar an arm tine.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirteanna bunriachtanacha ar fad in arm tine do-oibrithe go buan agus nach bhféadfar iad a bhaint, a athsholáthar ná a mhodhnú ar mhodh a cheadódh go ndéanfaí an t-arm tine a athghníomhachtú ar bhealach ar bith. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2).

3.   Ní bheidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 maidir le hairm tine arna ndíghníomhachtú roimh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme sin mura n-aistreofar na hairm tine sin chuig Ballstát eile nó mura gcuirfear iad ar an margadh d'éis an dáta sin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar éis an 13 Meitheamh 2017 maidir lena gcaighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus lena dteicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016 agus bonn cirt a thabhairt leis na cúiseanna a bhfuil an leibhéal slándála a áirithítear leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta sin agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta sin coibhéiseach leis an leibhéal sin a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún (*4) de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016.

5.   Nuair a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, 12 mhí tar éis an fógra a fháil ar a dhéanaí, gníomhartha cur chun feidhme ina gcinnfear ar áirithíodh leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta ar tugadh fógra ina leith ar an mbealach sin go raibh airm tine díghníomhachtaithe ar leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13b(2).

6.   Go dtí an dáta a chuirfear i bhfeidhm na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5, aon arm tine a dhíghníomhachtaítear i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus leis na teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm roimh an 8 Aibreán 2016, comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403, nuair a aistreofar chuig Ballstát eile é nó nuair a chuirfear ar an margadh é.

7.   Airm tine a dhíghníomhachtaítear roimh an 8 Aibreán 2016 i gcomhréir leis na caighdeáin díghníomhachtaithe náisiúnta agus le teicnící díghníomhachtaithe náisiúnta a fhionntar go n-áirithíonn siad leibhéal slándála atá coibhéiseach leis an leibhéal a áirithítear leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm tine a dhíghníomhachtú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 de réir mar is infheidhme an 8 Aibreán 2016, measfar gur airm tine dhíghníomhachtaithe iad, lena n-áirítear i gcás ina n-aistrítear iad chuig Ballstáit eile nó ina gcuirtear ar an margadh iad i ndiaidh dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5.

(*4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh airm tine dhíghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-athraithe (IO L 333, 19.12.2015, lch. 62).”;"

(11)

i dteidil Chaibidil 3, cuirtear an focal “Aontas” in ionad an fhocail “Chomhphobal”;

(12)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní fhéadfar airm tine, gan dochar d'Airteagal 12, a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta sin maidir le haistrithe arm tine i ndiaidh díolacháin trí bhíthin cianchonaradh de réir mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE.”;

(13)

leasaítear Airteagal 12, mír 2, mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“D'ainneoin mhír 1, féadfaidh arm tine amháin nó níos mó a bheith i seilbh fiagaithe agus athachtóirí stairiúla, i leith airm tine a aicmítear i gcatagóir C, agus i seilbh lámhachóirí targaidí, i leith airm tine a aicmítear i gcatagóir B nó i gcatagóir C agus airm tine a aicmítear i gcatagóir A dá bhfuil údarú deonaithe go heisceachtúil faoi Airteagal 6(6) nó dá bhfuil daingniú, athnuachan nó síneadh déanta ar an údarú faoi Airteagal 7(4a), gan an réamhúdarú dá dtagraítear in Airteagal 11(2), le linn turas trí dhá Bhallstát nó níos mó d'fhonn gabháil dá ngníomhaíochtaí, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh pas arm tine Eorpach ina seilbh acu ina liostaítear an t-arm tine nó na hairm tine sin; agus

(b)

go mbeidh siad in ann cúiseanna a dturas a shuíomh, go háirithe trí chuireadh nó trí fhianaise eile ar a gcuid gníomhaíochtaí fiaigh, lámhaigh targaidí nó athachtaithe stairiúil sa Bhallstát cinn scríbe a thabhairt ar aird.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Ní bheidh feidhm ag an maolú seo, áfach, maidir le turais chuig Ballstát a dhéanann, de bhun Airteagal 8(3), fáil agus seilbh an airm tine atá i gceist a thoirmeasc nó a chuireann faoi réir údarú é. Sa chás sin, déanfar ráiteas sainráite chuige sin a iontráil sa phas arm tine Eorpach. Féadfaidh Ballstáit diultú an maolú sin a chur i bhfeidhm i gcás airm tine a aicmítear i gcatagóir A agus dá bhfuil údarú deonaithe faoi Airteagal 6(6) nó dá bhfuil daingniú, athnuachan nó síneadh déanta ar an údarú faoi Airteagal 7(4a).”;

(14)

in Airteagal 13, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú go leictreonach maidir leis na húdaruithe a dheonaítear chun airm tine a aistriú chuig Ballstát eile agus faisnéis maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú dá bhforáiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 ar fhorais slándála nó ar fhorais a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le córas chun faisnéis a luaitear san Airteagal seo a mhalartú.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13a d'fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe a leagan síos chun faisnéis a mhalartú go córasach trí mheán leictreonach. Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 14 Meán Fómhair 2018.”;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13a:

“Airteagal 13a

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 13 Meitheamh 2017.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonraítear sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;

(16)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 13b

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(17)

in Airteagal 15, mír 1, cuirtear an focal “Aontais” ina ionad an fhocail “Chomhphobail”;

(18)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

Faoin 14 Meán Fómhair 2020, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear seiceáil oiriúnachta ar a forálacha, a mbeidh, más iomchuí, tograí reachtacha ag gabháil léi, go háirithe, maidir le catagóirí na n-arm tine in Iarscríbhinn I agus saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an chórais um an bpas arm tine Eorpach, le marcáil agus le tionchair teicneolaíochtaí nua amhail priontáil 3D, le húsáid chód QR agus le húsáid Sainaithint Radaimhinicíochta (RFID).”;

(19)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(1)

Leasaítear cuid II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“Chun críocha na Treorach seo, aicmítear airm tine sna catagóirí seo a leanas:”;

(b)

leasaítear pointe A mar a leanas:

(i)

scriostar an chuid réamhráiteach;

(ii)

i gcatagóir A, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“6.

Airm tine uathoibríocha atá tiontaithe ina n-airm tine leath-uathoibríocha gan dochar d'Airteagal 7(4a).

7.

Aon cheann de na hairm tine leath-uathoibríocha lárlámhaigh seo a leanas:

(a)

airm tine ghearra a lamhálann níos mó ná 21 urchar a scaoileadh gan athlódáil, má:

(i)

tá gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar aige mar chuid den arm tine sin; nó

(ii)

chuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 20 urchar aige isteach ann;

(b)

airm tine fhada a lamhálann níos mó ná 11 urchar a scaoileadh gan athlódáil, más rud é:

(i)

go bhfuil gléas lódála ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 n-urchar aige mar chuid den arm tine sin; nó

(ii)

go gcuirtear gléas lódála inbhainte ina bhfuil acmhainneacht is mó ná 10 n-urchar aige isteach ann.

8.

Airm tine leath-uathoibríocha fhada (i.e. airm tine a bheartaítear i dtosach a scaoileadh ón ngualainn) is féidir a laghdú go fad is lú ná 60cm gan feidhmíocht a chailleadh trí stoc infhillte nó stoc teileascópála nó stoc is féidir a thabhairt chun siúil gan uirlisí a úsáid.

9.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chatagóir B:

“Catagóir B — Airm tine faoi réir údarú

1.

Airm tine athchaite ghearra.

2.

Airm tine aon-urchair ghearra le forbhualadh lárlámhaigh.

3.

Airm tine ghearra aon-urchair le forbhualadh imill, ar lú a bhfad foriomlán ná 28 cm.

4.

Airm tine fhada leath-uathoibríocha ar féidir lena ngléas lódála agus lena gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil le chéile i gcás airm tine buailte imill-lámhach agus níos mó ná trí urchar ach níos lú ná dhá urchar déag i gcás airm tine lárlámhach.

5.

Airm tine ghearra leath-uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear faoi phointe 7 (a) de chatagóir A.

6.

Airm tine fhada leath-uathoibríocha, a liostaítear faoi phointe 7(b) de chatagóir A, nach féidir lena ngléas lódála ná lena gcuasán níos mó ná trí urchar a choinneáil le chéile, i gcás ina mbeidh an gléas lódála inbhainte nó i gcás nach mbeifear cinnte nach féidir an t-arm sin a thiontú, le gnáthuirlisí, ina arm a liostaítear faoi phointe 7 (b) de chatagóir A, ar féidir lena ngléas lódála agus lena gcuasán le chéile níos mó ná trí urchar a choinneáil.

7.

Airm tine fhada athchaite agus airm tine fhada leath-uathoibríocha le bairillí mínchró nach faide ná 60 cm.

8.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

9.

Airm tine leath-uathoibríocha le húsáid ag sibhialtaigh atá cosúil le hairm ag a bhfuil meicníochtaí uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear faoi phointe 6, faoi phointe 7 nó faoi phointe 8 de chatagóir A.”;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad chatagóir C:

“Catagóir C — Airm tine agus airm faoi réir dearbhaithe

1.

Airm tine fhada athchaite seachas na cinn a liostaítear i bpointe 7 de chatagóir B.

2.

Airm tine fhada le bairillí eitreacha aon-urchair.

3.

Airm tine fhada leath-uathoibríocha seachas na cinn a liostaítear i gcatagóir A nó i gcatagóir B.

4.

Airm tine ghearra aon-urchair le forbhualadh imill, nach lú a bhfad foriomlán ná 28 cm.

5.

Aon arm tine sa chatagóir seo a bhfuiltear tar éis é a thiontú chun urchair chaocha, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúla a scaoileadh nó tar éis é a thiontú ina arm cúirtéise nó acústach.

6.

Airm tine a aicmítear i gcatagóir A nó i gcatagóir B nó sa chatagóir seo atá díghíomhachtaithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403.

7.

Airm tine fhada aon-urchair le bairillí mínchró a chuirtear ar an margadh an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin.”;

(v)

scriostar catagóir D;

(c)

scriostar pointe B;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid III:

“III.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní áireofar réada nach gcomhfhreagraíonn don sainmhíniú ar ‘arm tine’ sa sainmhíniú sin más rud é:

(a)

go bhfuil siad deartha le haghaidh rabhaidh, comharthaíochta, tarrthála, marú ainmhithe nó iascaireacht le harpúin, nó chun críocha tionsclaíocha nó teicniúla ar choinníoll gur féidir iad a úsáid chun na críche sonraithe amháin;

(b)

go meastar iad mar airm ársa i gcás nach mbeidh siad áirithe sna catagóirí a leagtar amach i gCuid II agus go mbeidh siad faoi réir dlíthe náisiúnta;

Go dtí go ndéanfar comhordú ar fud an Aontais, féadfaidh na Ballstáit a ndlíthe náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir leis na hairm tine a liostaítear sa Chuid seo.”;

(20)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

na ráitis:

‘An ceart chun taisteal chuig Ballstát eile le harm tine amháin nó níos mó a aicmítear i gcatagóir A, i gcatagóir B nó i gcatagóir C agus a luaitear sa phas sin, beidh sé faoi réir réamhúdarú comhfhreagrach amháin nó níos mó ón mBallstát a dtugtar cuairt air. Féadfar údaruithe den sórt sin a thaifeadadh ar an bpas.

I bprionsabal, níl an réamhúdarú dá dtagraítear thuas riachtanach chun taisteal le harm tine a aicimítear i gcatagóir C d'fhonn gabháil d'fhiach nó de ghníomhaíochtaí athachtaithe staire nó le harm tine a aicimítear i gcatagóir A, i gcatagóir B nó i gcatagóir C chun páirt a ghlacadh i lámhach targaidí, ar an gcoinníoll go mbeidh an pas arm tine i seilbh an taistealaí agus go mbeidh sé in ann cúis an turais a bhunú.’.

I gcás ina mbeidh Ballstát tar éis a chur in iúl do na Ballstáit eile, i gcomhréir le hAirteagal 8(3), go dtoirmisctear seilbh arm tine áirithe a aicmítear i gcatagóir B nó i gcatagóir C nó go bhfuil siad faoi réir údarú, cuirfear ceann de na ráitis seo a leanas leis:

‘Toirmiscfear turas chuig … (Ballstát (Ballstáit) lena mbaineann) leis an arm tine … (sainaitheantas)’.

‘Beidh turas chuig … (Ballstát (Ballstáit) lena mbaineann) leis an arm tine … (sainaitheantas) faoi réir údarú.’”.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 14 Meán Fómhair 2018. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 4(3) agus Airteagal 4(4) de Threoir 91/477/CEE, arna leasú leis an Treoir seo, a chomhlíonadh faoin 14 Nollaig 2019. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

4.   D'ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, maidir le hairm tine arna bhfáil roimh an 14 Meán Fómhair 2018 an ceanglas chun airm tine a dhearbhú a aicmítear i bpointe 5, i bpointe 6 nó i bpointe 7 de chatagóir C a chur ar fionraí go dtí an 14 Márta 2021.

5.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 17 Bealtaine 2017.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

A. TAJANI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. ABELA


(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 77.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2017 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Aibreán 2017.

(3)  Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 256, 13.9.1991, lch. 51).

(4)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le ceart tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(5)  Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, a bPáirteanna agus a gComhpháirteanna agus Armlón, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (IO L 89, 25.3.2014, lch. 7).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23).

(9)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(12)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(13)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(14)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(15)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(16)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(17)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, ar son an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).