16.9.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2016/1627 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meán Fómhair 2016

maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI), mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú go ndéanfar acmhainní uisceacha beo a shaothrú ar bhealach a chruthóidh dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(2)

Is Páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“an Coinbhinsiún”) (4).

(3)

Ag a 15ú cruinniú speisialta in 2006, ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“ICCAT”), arna bhunú ag an gCoinbhinsiún, Moladh 06-05 lena bunaíodh plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, plean a mbeidh deireadh leis in 2022 (“an plean téarnaimh”). Tháinig an Moladh sin i bhfeidhm an 13 Meitheamh 2007.

(4)

Cuirtear san áireamh sa phlean téarnaimh sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla trealamh agus teicnící iascaireachta. Le linn dó an plean téarnaimh a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus úsáid trealamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, lena n-áirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(5)

Cuireadh Moladh 06-05 ICCAT chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 (5) ón gComhairle.

(6)

Ag a 16ú cruinniú speisialta in 2008, ghlac ICCAT Moladh 08-05 lena leasaítear Moladh 06-05. Chun an stoc tuinnín gorm a athbhunú, foráladh le Moladh 08-05 do laghdú de réir a chéile ar an leibhéal gabhála iomláine is incheadaithe ó 2007 go 2011, srianta ar iascaireacht laistigh de limistéir agus tréimhsí ama áirithe, íosmhéid nua maidir leis an tuinnín gorm, bearta maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéantar mar spórt nó mar chaitheamh aimsire, bearta maidir le hacmhainn feirmeoireachta iasc agus iascaireachta mar aon le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta a threisiú.

(7)

Rinneadh Moladh 08-05 ó ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais le Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (6).

(8)

Ag a 17ú cruinniú speisialta in 2010, ghlac ICCAT Moladh 10-04, lena leasaítear Moladh 08-05. Chun an stoc tuinnín gorm a athbhunú, bunaíodh le Moladh 10-04 laghdú breise ar an ngabháil iomlán is incheadaithe agus ar an acmhainn iascaireachta agus treisíodh na bearta rialaithe, go háirithe na bearta maidir le hoibríochtaí aistrithe agus cur i gcaighean. Rinneadh foráil freisin maidir le comhairle bhreise ón mBuanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh ICCAT (“SCRS”) in 2012 i ndáil le láithreacha sceite a aithint agus tearmainn a chruthú.

(9)

D'fhonn bearta idirnáisiúnta caomhnaithe leasaithe Mholadh 10-04 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 le Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(10)

Ag a 18ú cruinniú speisialta in 2012, ghlac ICCAT Moladh 12-03 lena leasaítear Moladh 10-04. D'fhonn éifeachtacht an phlean téarnaimh a neartú, leag Moladh 12-03 síos bearta teicniúla maidir le tuinníní gorma beo a aistriú agus a chur i gcaighean, ceanglais nua maidir le tuairisciú gabhála, cur i bhfeidhm chlár breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus athruithe ar na séasúir iascaireachta. Thairis sin, treisíodh ról SCRS maidir le measúnú a dhéanamh ar stoic na dtuinníní gorma.

(11)

Ag a 23ú gnáthchruinniú in 2013, ghlac ICCAT Moladh 13-07 lena leasaítear Moladh 12 03 trí mhionathruithe ar shéasúir iascaireachta a thabhairt isteach nach gcuireann isteach ar chabhlach an Aontais. Thairis sin, glacadh Moladh 13-08 a chomhlánaíonn an plean téarnaimh. Leag Moladh 13-08 síos nós imeachta comhchoiteann maidir le córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cainníochtaí de thuinníní gorma ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh isteach dáta tosaigh solúbtha do shéasúr iascaireachta na mbád baoite agus na mbád trálála san Atlantach Thoir.

(12)

D'fhonn bearta riachtanacha amhail na bearta maidir leis na séasúir iascaireachta i Moladh 12-03 agus i Moladh 13-08 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 tuilleadh le Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(13)

Ag a 19ú cruinniú speisialta in 2014, ghlac ICCAT Moladh 14-04 lena leasaítear Moladh 13-07 agus lena n-aisghairtear Moladh 13-08. Cé go ndearnadh roinnt de na forálacha rialaithe a bhí ann an tráth sin a chuíchóiriú, rinneadh tuilleadh sonraithe ar na nósanna imeachta maidir le ceamara steiréascópach a úsáid ag an bpointe ag a gcuirtear na héisc i gcaighean agus tugadh bearta isteach sa phlean téarnaimh atá dírithe ar oibríochtaí scaoilte agus ar conas déileáil le héisc atá marbh.

(14)

Tá Moladh 14-04 ina cheangal ar an Aontas.

(15)

Ba cheart na leasuithe go léir ar an bplean téarnaimh a ghlac ICCAT in 2012, in 2013 agus in 2014, agus nár cuireadh chun feidhme go fóill, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ós rud é go mbaineann an cur chun feidhme sin le plean téarnaimh arb é ICCAT a shainigh a chuspóirí agus bearta, ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an t-ábhar go léir atá i bpleananna ilbhliantúla mar atá leagtha amach in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(16)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. D'fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéideanna ICCAT a thrasuí i ndlí an Aontais mar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí d'íosmhéideanna tuinníní gorma i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún (9) a léamh mar thagairtí d'íosmhéideanna tagartha caomhnaithe sa Rialachán seo.

(17)

D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le hoibríochtaí aistrithe, oibríochtaí cur i gcaighean agus gníomhaíochtaí gaiste agus soithigh a thaifeadadh agus a thuairisciú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(18)

Tá forálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 imithe i léig, go háirithe ós rud é go bhfuil siad cumhdaithe anois faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais. Ba cheart forálacha eile a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh siad ag teacht le hathruithe sa reachtaíocht, go háirithe iad siúd a rinneadh mar thoradh ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a ghlacadh.

(19)

Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (11) bunaítear córas de chuid an Aontais um rialú, cigireacht agus forfheidhmiú ag a bhfuil cur chuige domhanda agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (12) leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (13), bunaítear córas Comhphobail le haghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Tá cuid de na hábhair i Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 faoi rialú ag na gníomhartha sin anois, go háirithe Airteagal 33 de maidir le bearta forfheidhmithe agus Iarscríbhinn VIII maidir le tarchur sonraí ó chórais faireacháin soithí (VMS). Ní gá, mar sin, na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(20)

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, beidh feidhm ag na fachtóirí coinbhéartachta a ghlac SCRS maidir le meáchan slánaithe coibhéiseach na dtuinníní gorma próiseáilte a ríomh, lena n-áirítear chun críche an Rialacháin seo.

(21)

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE ón gCoimisiún (14). Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin bunaítear, inter alia, sprioc-thagarmharcanna agus cuspóirí le haghaidh iascaireacht tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rialú.

(22)

Bunaíodh le Moladh 06-07 ó ICCAT clár samplála chun meastachán a dhéanamh ar an líon lánfhásta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí feirmeoireachta i réimse an tuinnín ghoirm. Cuireadh an fhoráil sin chun feidhme le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 302/2009. Ní gá foráil shonrach a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le clár samplála, ós rud é go bhfuil riachtanais an chláir samplála sin cumhdaithe go hiomlán anois faoi na cláir a cuireadh ar bun le mír 83 de Mholadh 14-04, atá le cur chun feidhme leis an Rialachán seo.

(23)

Ar mhaithe le soiléireacht, simpliú agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 a aisghairm.

(24)

Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún á gcomhlíonadh ag an Aontas, foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 do mhaoluithe ón oibleagáid gabhálacha tuinníní gorma a thabhairt i dtír a leagtar amach in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 13-07 ICCAT a chur chun feidhme lena mbunaítear oibleagáid aischuir agus oibleagáid scaoilte le haghaidh soithí agus gaistí lena ngabhtar tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, ní gá don Rialachán seo an oibleagáid aischuir agus an oibleagáid scaoilte sin a chumhdach agus beidh sé gan dochar, dá réir sin, do na forálacha comhfhreagracha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/98,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm an phlean téarnaimh, a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 3, ag an Aontas.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tuinnín gorm (Thunnus thynnus) san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 2

Cuspóir

Is é is cuspóir don Rialachán seo, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 3 bithmhais tuinnín gorm a ghnóthú a fhreagraíonn don uastáirgeacht inbhuanaithe faoin mbliain 2022 a mbeidh dóchúlacht de 60 % ar a laghad i gceist leis an cuspóir sin a bhaint amach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “plean téarnaimh” an plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm, a bhfuil feidhm aige ó 2007 go 2022 agus a mhol ICCAT;

(2)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” aon soitheach cumhachtaithe a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críocha acmhainní tuinníní gorma a shaothrú ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear soithí gabhála, soithí próiseála, soithí tacaíochta, soithí tarraingthe, soithí a ghabhann don trasloingsiú agus soithí iompair atá feistithe le táirgí an tuinnín a iompar agus soithí coimhdeachta, seachas soithí coimeádán;

(3)

ciallaíonn “soitheach gabhála” soitheach a úsáidtear chun críocha acmhainní tuinníní gorma a ghabháil ar bhonn tráchtála;

(4)

ciallaíonn “soitheach próiseála” soitheach ar a ndéantar ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí a leanas ar tháirgí iascaigh, sula ndéantar iad a phacáil: filléadú nó slisniú, reo agus/nó próiseáil;

(5)

ciallaíonn “soitheach coimhdeachta” aon soitheach a úsáidtear chun tuinníní gorma marbha (gan phróiseáil) a iompar ó chaighean iompair/feirmeoireachta, ó eangach peas-saighne nó ó ghaiste chuig calafort ainmnithe agus/nó chuig soitheach próiseála;

(6)

ciallaíonn “soitheach tarraingthe” aon soitheach a úsáidtear chun caighin a tharraingt;

(7)

ciallaíonn “soitheach tacaíochta” aon soitheach eile dá dtagraítear faoi pointe (2);

(8)

ciallaíonn “iascaireacht ghníomhach”, i gcás aon soitheach gabhála nó gaiste, go ndírítear ar thuinníní gorma le linn séasúr iascaireachta ar leith;

(9)

ciallaíonn “comhoibríocht iascaireachta” aon oibríocht ina bhfuil dhá shoitheach peas-saighne nó níos mó páirteach agus ina ndéantar gabháil de chuid soitheach peas-saighne amháin a shannadh do shoitheach peas-saighne eile nó níos mó i gcomhréir le scála cionroinnte;

(10)

ciallaíonn “oibríochtaí aistrithe” aon oibríocht ina ndéantar:

(i)

tuinníní gorma beo a aistriú ó eangach an tsoithigh gabhála go dtí an caighean iompair,

(ii)

tuinníní gorma beo a aistriú ón gcaighean iompair go dtí caighean iompair eile,

(iii)

an caighean ina bhfuil tuinníní gorma á aistriú ó shoitheach tarraingthe amháin go dtí soiteach tarraingthe eile,

(iv)

tuinníní gorma beo a aistriú ó fheirm iascaireachta amháin go dtí feirm iascaireachta eile,

(v)

tuinníní gorma beo a aistriú ón ngaiste go dtí an caighean iompair;

(11)

ciallaíonn “aistriú rialaithe” aon aistriú breise a dhéantar ar iarratas ó na hoibreoirí iascaireachta/feirme nó ó na húdaráis rialaithe chun líon na n-iasc atá á n-aistriú a fhíorú;

(12)

ciallaíonn “gaiste” trealamh feistithe atá ar ancaire ar an ngrinneall a mbíonn treoireangach ina cuid de go hiondúil agus lena dtreoraítear tuinníní gorma isteach in imfhálú nó i sraith imfháluithe, áit a gcoinnítear é sula ndéantar é a shaothrú;

(13)

ciallaíonn “cur i gcaighean” tuinníní gorma beo a aistriú ón gcaighean nó ón ngaiste iompair go dtí na caighin feirmeoireachta;

(14)

ciallaíonn “feirmeoireacht” tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha agus iad a bheathú ina dhiaidh sin chun iad a ramhrú agus a mbithmhais iomlán a mhéadú;

(15)

ciallaíonn “feirm” suiteáil a úsáidtear le haghaidh fheirmeoireacht tuinníní gorma a gabhadh le gaistí agus/nó le soithí peas-saighne;

(16)

ciallaíonn “saothrú” tuinníní gorma a mharú ar fheirmeacha nó i ngaistí;

(17)

ciallaíonn“trasloingsiú” na héisc go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soitheach iascaireachta a dhíluchtú chuig soitheach iascaireachta eile. Ní mheasfar díluchtú tuinníní gorma marbha ón eangach peas-saighne nó ón soitheach tarraingthe chuig soitheach coimhdeachta a bheith ina thrasloingsiú;

(18)

ciallaíonn “iascach spóirt” iascach neamhthráchtála a bhfuil baint ag a bhaill le heagraíocht náisiúnta spóirt nó ar eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

(19)

ciallaíonn “iascach áineasa” iascach neamhthráchtála nach bhfuil baint ag a bhaill le heagraíocht náisiúnta spóirt agus nár eisíodh ceadúnas náisiúnta spóirt dóibh;

(20)

ciallaíonn “ceamara steiréascópach” ceamara ar a bhfuil dhá lionsa nó níos mó, ina bhfuil braiteoir íomhánna nó fráma scannáin ar leith le haghaidh gach lionsa lenar féidir íomhánna tríthoiseacha a thógáil;

(21)

ciallaíonn “ceamaraí rialaithe” ceamaraí steiréascópacha agus/nó gnáth-fhíscheamaraí chun críche na rialuithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(22)

ciallaíonn “BCD” nó “ríomhBCD” doiciméad um ghabháil an tuinnín choirm maidir le Tuinnín Gorm. De réir mar is iomchuí, cuirfear an tagairt do ríomh BCD in ionad na tagartha do BCD;

(23)

ciallaíonn “an Ballstát freagrach” nó “an Ballstát atá freagrach” an Ballstát brataí nó an Ballstát a bhfuil an gaiste nó an fheirm suite faoina dhlínse nó, má tá an fheirm nó an gaiste suite ar an mórmhuir, an Ballstát ina bhfuil oibreoir an ghaiste nó na feirme bunaithe;

(24)

Ciallaíonn “Tasc II” Tasc II mar atá sainmhínithe ag ICAAT sa “Field manual for statistics and sampling Atlantic tunas and tuna-like fish” (An tríú heagrán, ICCAT, 1990);

(25)

Ciallaíonn “CPC” Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún agus páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha, eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha nó eintitis chomhoibritheacha neamhchonarthacha iascaireachta;

(26)

Ciallaíonn “limistéar an Choinbhinsiúin” an limistéar geografach atá cumhdaithe faoi bhearta ICCAT de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 1 den Choinbhinsiún.

Airteagal 4

Fad soithí

Tuigtear gur fad iomlán atá i gceist le fad soithigh dá dtagraítear sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA

Airteagal 5

Coinníollacha a bhaineann le bearta bainistíochta

1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma atá ar fáil don Bhallstát sin san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.   Beidh toirmeasc ar aon chuóta nár baineadh feidhm as a thabhairt anonn.

3.   Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta an Aontais a chairtfhostú le haghaidh tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 6

Pleananna iascaireachta bliantúla, pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta agus pleananna bainistíochta feirmeoireachta a chur isteach

1.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta don tuinnín gorm an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh chuig an gCoimisiún:

(a)

plean iascaireachta bliantúil le haghaidh na soithí gabhála agus na ngaistí atá i mbun tuinníní gorma a ghabháil san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;

(b)

plean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainn iascaireachta lena n-áireofar go bhfuil acmhainn iascaireachta an Bhallstáit i gcomhréir leis an gcuóta a leithroinneadh ar an mBallstát sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na pleananna dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean bainistíochta an Aontais maidir le hiascaireacht agus acmhainn. Cuirfidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain chun go ndéanfar é a phlé agus a fhormheas.

3.   Faoin 15 Aibreán de gach bliain, gach Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige modhnú a dhéanamh ar phlean ICCAT maidir le hacmhainn feirmeoireachta atá i bhfeidhm, cuirfidh sé plean bainistíochta feirmeoireachta bliantúil ar aghaidh chuig an gCoimisiún, a sheolfaidh chuig Rúnaíocht ICCAT é.

Airteagal 7

Pleananna iascaireachta bliantúla

1.   Sa phlean iascaireachta bliantúil a thíolacfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta don tuinnín gorm, sainaithneofar na cuótaí a leithroinneadh ar gach grúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 11 agus Airteagal 12, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

na soithí gabhála is faide ná 24 mhéadar a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(1) — an cuóta indibhidiúil arna leithroinnt orthu agus na bearta arna gcur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar na cuótaí indibhidiúla agus na lamháltais seachghabhála a chomhlíonadh;

(b)

i gcás na soithí gabhála is giorra ná 24 mhéadar agus i gcás gaistí — an cuóta arna leithroinnt ar eagraíochtaí táirgeoirí nó ar ghrúpa soithí atá ag iascaireacht le trealamh den chineál céanna, ar a laghad.

2.   De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfar an cuóta indibhidiúil arna leithroinnt ar gach soitheach gabhála is faide ná 24 mhéadar a chur isteach nach déanaí ná 30 lá roimh thús an tséasúir iascaireachta is infheidhme maidir le gach soitheach den sórt sin.

3.   Maidir le haon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bplean iascaireachta bliantúil nó ar na cuótaí indibhidiúla arna leithroinnt ar shoithí gabhála is faide ná 24 mhéadar agus a áirítear ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(1), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann é ar aghaidh chuig an gCoimisiún trí lá ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin. Cuirfidh an Coimisiún modhnú den sórt sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT 48 n-uaire ar a laghad sula ndéanfar an ghníomhaíocht is cúis leis an modhnú sin.

Airteagal 8

Leithroinnt deiseanna iascaireachta

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithroinnt acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

Airteagal 9

Pleananna bainistíochta maidir le hacmhainn iascaireachta

1.   Leis an bplean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainn iascaireachta a thíolacfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta don tuinnín gorm, comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an líon uasta gaistí is féidir a chlárú i mBallstát agus soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain acu agus a fhéadfaidh tuinníní gorma a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír, déanfar é a shocrú i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.   Líon uasta agus olltonnáiste comhfhreagrach na soithí iascaireachta a mbeidh bratach Ballstáit ar foluain orthu agus a bheidh i mbun tuinníní gorma a iascach, beidh sé teoranta do líon agus d'olltonnáiste comhfhreagrach soithí iascaireachta a raibh bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu agus a bhí ag iascach tuinníní gorma, a choinnigh ar bord iad, a thrasloingsigh iad, a d'iompair iad nó a thug i dtír iad ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 1 Iúil 2008. Beidh feidhm ag an teorainn sin maidir le soithí gabhála de réir an chineáil trealaimh.

4.   I gcás soithí atá údaraithe tuinníní gorma a iascach faoin maolú dá dtagraítear in Airteagal 14(2), leagtar amach coinníollacha breise in Iarscríbhinn I maidir leis an líon uasta soithí iascaireachta a shocrú.

5.   Beidh an líon uasta gaistí a bheidh ag Ballstát a bheidh ag iascach tuinníní gorma teoranta don líon gaistí arna údarú ag an mBallstát sin faoin 1 Iúil 2008.

6.   De mhaolú ar mhír 3 agus ar mhír 5 den Airteagal seo i leith na mblianta 2016 agus 2017, i gcás inar féidir le Ballstát a thaispeáint go bhféadfadh sé nach n-úsáidfear a chuóta iomlán de bharr a acmhainne iascaireachta, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh líon níos airde gaistí agus soithí a áireamh ina phleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 7.

7.   Maidir leis na blianta 2016 agus 2017, beidh líon a chuid soithí peas-saighne teoranta i ngach Ballstát do líon na soithí peas-saighne arna údarú aige in 2013 nó in 2014. Ní bheidh feidhm ag an méid sin maidir le soithí peas-saighne atá ag oibriú faoin maolú dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 14(2).

8.   Agus pleananna bainistíochta maidir lena acmhainn iascaireachta á leagan amach ag Ballstát, déanfar acmhainn iascaireachta gach Ballstáit a bhunú ar an meastachán a rinne SCRS ina thuarascáil in 2009 ar na rátaí gabhála is fearr in aghaidh an tsoithigh agus an trealaimh, meastachán lenar aontaigh ICCAT le linn chruinniú idirsheisiúnach Choiste um Chomhlíonadh ICCAT in 2010 (15). I gcás ina ndéanfaidh SCRS aon leasú ar na rátaí gabhála sin, is iad na rátaí gabhála is déanaí lenar aontaigh ICCAT a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm.

Airteagal 10

Pleananna bainistíochta feirmeoireachta

1.   Leis an bplean bainistíochta feirmeoireachta bliantúil a thíolacfaidh gach Ballstát, comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an uas-acmhainn a bheidh ag gach Ballstát i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma agus maidir leis an uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhtar arbh fhéidir le gach Ballstát iad a leithroinnt, déanfar iad a shocrú i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

3.   Beidh uas-acmhainn Ballstáit ó thaobh feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma de teoranta d'acmhainn feirmeoireachta agus ramhraithe na bhfeirmeacha de chuid an Bhallstáit sin a bhí cláraithe i dtaifead ICCAT maidir le saoráidí feirmeoireachta nó a bhí údaraithe agus dearbhaithe do ICCAT ar an 1 Iúil 2008.

4.   Beidh uas-ionchur tuinníní gorma fiáine a ghabhfar agus a thabharfar isteach i bhfeirmeacha Ballstáit, teoranta do leibhéal na gcainníochtaí ionchuir a chláraigh feirmeacha an Bhallstáit sin le ICCAT sna blianta 2005, 2006, 2007 nó 2008.

5.   Déanfaidh gach Ballstát uas-ionchur bliantúil a leithroinnt ar a gcuid feirmeacha a bheidh ina chuid den uaschainníocht ionchuir tuinníní gorma fiáine a ghabhfar dá dtagraítear i mír 4.

CAIBIDIL III

BEARTA TEICNIÚLA

ROINN 1

Séasúir iascaireachta

Airteagal 11

Báid spiléar, soithí peas-saighne, trálaeir pheiligeacha, gaistí agus iascaigh spóirt agus áineasa

1.   Ceadófar do shoithí mórscála peiligeacha gabhála spiléar is faide ná 24 mhéadar tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine, cé is moite den limistéar siar ó 10° I agus ó thuaidh ó 42° T agus de limistéar eacnamaíoch eisiach na hIorua, limistéir ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Eanáir.

2.   Ceadófar peas-saighneoireacht tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 26 Bealtaine go dtí an 24 Meitheamh, cé is moite de limistéar eacnamaíoch eisiach na hIorua, limistéar ina gceadófar iascaireacht den sórt sin ón 25 Meitheamh go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

3.   Ceadófar do thrálaeir pheiligeacha tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

4.   Ceadófar tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar spórt nó mar chaitheamh aimsire ón 16 Meitheamh go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

5.   Ceadófar tuinníní gorma a iascach le trealaimh, seachas na trealaimh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo agus in Airteagal 12, lena n-áirítear gaistí, ó cheann ceann na bliana i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT.

Airteagal 12

Báid bhaoite agus báid trálála

1.   Ceadófar do bháid bhaoite agus do bháid trálála tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ón 1 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair.

2.   Ar choinníoll nach ndéanfar aon difear do chosaint na láithreacha sceite agus nach mbeidh fad an tséasúir iascaireachta i gcás na n-iascach sin níos faide ná ceithre mhí, féadfaidh gach Ballstát dáta tosaigh difriúil a shocrú maidir le báid bhaoite agus báid trálála a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá i mbun oibríochta san Atlantach Thoir.

3.   Sa phlean iascaireachta bliantúil dá chuid dá dtagraítear in Airteagal 7, sonróidh gach Ballstát cé acu a rinneadh dáta tosaigh na n-iascach sin a mhodhnú nó nach ndearnadh, agus luafaidh siad comhordanáidí na limistéar lena mbaineann.

ROINN 2

Íosmhéid tagartha caomhnaithe, gabháil de thaisme, seachghabháil

Airteagal 13

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

Beidh forálacha na Roinne seo gan dochar d'Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, lena n-áirítear aon mhaoluithe is infheidhme maidir leis.

Airteagal 14

Íosmhéid tagartha caomhnaithe

1.   30 kg nó 115 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh mar íosmhéid tagartha caomhnaithe tuinníní gorma a ghabhfar san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.   De mhaolú ar mhír 1, 8 kg nó 75 cm (fad go gabhal an eireabaill) a bheidh mar íosmhéid tagartha caomhnaithe tuinníní gorma i gcás na n-iasc seo a leanas:

(a)

tuinníní gorma arna ngabháil san Atlantach Thoir ag báid bhaoite agus ag báid trálála;

(b)

tuinníní gorma arna ngabháil i Muir Aidriad chun críocha feirmeoireachta;

(c)

tuinníní gorma arna ngabháil sa Mheánmhuir ag an iascach cósta agus mionscála le haghaidh éisc úra, ag báid bhaoite, báid spiléar agus báid lámhdhorú.

3.   Déantar na coinníollacha sonracha a bhaineann leis an maolú dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach in Iarscríbhinn I.

4.   Eiseoidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe sonracha chuig na soithí atá ag iascaireacht faoin maolú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Cuirfear na soithí lena mbaineann in iúl ar liosta na soithí gabhála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(1). Chun na críche sin, beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.

Airteagal 15

Gabhálacha de thaisme

1.   Gan dochar d'Airteagal 14(1), i gcás gach soithigh gabhála agus gaiste i mbun iascaireacht ghníomhach tuinníní gorma, ceadófar gabhálacha de thaisme d'uasmhéid 5 % de thuinníní gorma idir 8 agus 30 kg meáchan nó a bhfuil an fad go gabhal a eireabaill idir 75 agus 115 cm.

2.   Déanfar an céatadán 5 % dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn na ngabhálacha go léir de thuinníní gorma de réir líon iasc arna gcoinneáil ar bord nó laistigh den ghaiste tráth ar bith i ndiaidh gach oibríocht iascaireachta.

3.   Déanfar gabhálacha de thaisme a bhaint de chuóta an Bhallstáit atá freagrach as na soithí gabhála nó as an ngaiste.

4.   Beidh gabhálacha de thaisme de thuinníní gorma faoi réir Airteagail 25, 30, 31 agus 32.

Airteagal 16

Seachghabháil

1.   Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le seachghabháil tuinníní gorma laistigh dá chuóta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin tráth a gcuirfidh sé a phlean iascaireachta ar aghaidh. Áireofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach iasc marbh a asbhaint ón gcuóta.

2.   Maidir le soithí iascaireachta an Aontais nach bhfuil i mbun iascaireacht ghníomhach tuinníní gorma, áiritheofar nach mbeidh seachghabhálacha de thuinníní gorma níos mó ná 5 %, de réir meáchan nó líon iasc na gabhála iomláine ar bord, am ar bith tar éis oibríocht iascaireachta. Ní bheidh feidhm ag ríomh an chéatadáin sin de réir líon na n-iasc ach maidir le tuinníní agus le speicis atá cosúil le tuinníní atá bainistithe ag ICCAT. Déanfaidh gach Ballstát gach iasc marbh atá laistigh den seachghabháil a asbhaint dá chuóta.

3.   I gcás Ballstáit nach bhfuil cuóta don tuinnín gorm acu, déanfar na seachghabhálacha lena mbaineann a asbhaint de chuóta seachghabhála sonrach de chuid an Aontais don tuinnín gorm arna bhunú i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

4.   Má tá an cuóta a leithroinneadh ar Bhallstát an tsoithigh iascaireachta nó an ghaiste lena mbaineann tagtha chun deireadh cheana féin, déanfar aon ghabhálacha de thuinníní gorma a sheachaint. Ní mór tuinníní gorma marbha a thabhairt i dtír slán agus neamhphróiseáilte, agus beidh siad faoi réir coigistiú agus na mbeart leantach is iomchuí. I gcomhréir le hAirteagal 29, forálfaidh gach Ballstát faisnéis ar bhonn bliantúil maidir le cainníocht tuinníní gorma marbha den sórt sin chuig an gCoimisiún a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT í.

5.   Beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 27, 30, 31, 32 agus 56 maidir le seachghabháil.

ROINN 3

Aermhodhanna a úsáid

Airteagal 17

Aermhodhanna a úsáid

Cuirfear toirmeasc ar aon aermhodhanna a úsáid chun tuinníní gorma a chuardach, lena n-áirítear aerárthaí, héileacaptair nó aon chineál aerárthaí gan foireann.

CAIBIDIL IV

IASCAIGH ÁINEASA AGUS IASCAIGH SPÓIRT

Airteagal 18

Cuóta sonrach le haghaidh iascaigh spóirt agus áineasa

Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta don tuinnín gorm iascaigh spóirt agus áineasa a rialáil trí chuóta sonrach a leithroinnt chun críche na n-iascach sin agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin agus a phlean iascaireachta á chur ar aghaidh chuige.

Airteagal 19

Iascach spóirt agus áineasa

1.   Déanfaidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta do thuinníní gorma iascach spóirt agus áineasa spóirt a rialáil trí údaruithe iascaireachta a eisiúint do shoithí chun críche iascaireachta spóirt agus áineasa.

2.   I gcás iascach spóirt agus áineasa agus spóirt, ní cheadófar níos mó ná aon tuinnín gorm amháin a ghabháil in aghaidh an tsoithigh in aghaidh an lae.

3.   Aon tuinnín gorm a thugtar i dtír, beidh sé iomlán nó geolbhaithe agus/nó glanta. Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe ógánaigh, a ghabhtar beo faoi chuimsiú na hiascaireachta spóirt agus áineasa.

4.   Cuirfear toirmeasc ar thuinníní gorma a gabhadh le linn iascaireacht spóirt agus áineasa a chur ar an margadh.

5.   Déanfaidh gach Ballstát taifead ar shonraí gabhála, lena n-áirítear meáchan agus fad gach tuinnín ghoirm a gabhadh trí iascaireacht spóirt agus áineasa agus cuirfidh sé na sonraí a bhaineann leis an mbliain roimhe sin in iúl don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS.

6.   Déanfaidh gach Ballstát gabhálacha marbha ó iascaigh spóirt agus áineasa a chomhaireamh in aghaidh an chuóta a leithroinn sé i gcomhréir le hAirteagal 7(1) agus le hAirteagal 18.

CAIBIDIL V

BEARTA RIALAITHE

ROINN 1

Taifid ar shoithí agus gaistí

Airteagal 20

Taifid ar shoithí

1.   Gach bliain, cuirfidh gach Ballstát an fhaisnéis seo a leanas go leictreonach faoi bhráid an Choimisiúin aon mhí amháin roimh thús na séasúr iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus in Airteagal 12, nuair is infheidhme, agus aon mhí amháin roimh thús na tréimhse údaraithe i gcásanna eile.

(a)

liosta de na soithí gabhála go léir a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir mar gur eisíodh údarú iascaireachta dóibh;

(b)

liosta de na soithí iascaireachta eile go léir, seachas soithí gabhála, a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá údaraithe tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

2.   Déanfar an dá liosta a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.

3.   Le linn bliain féilire, féadfar soitheach iascaireachta a áireamh ar an dá liosta dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil sé ar an dá liosta ag an am céanna.

4.   Áireofar sna liostaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais(CFR) mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún (16).

5.   Ní ghlacfar le haon iarratas cúlghabhálach. Ní ghlacfar le hathruithe ina dhiaidh sin ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1 le linn bliain féilire ach amháin mura féidir leis an soitheach iascaireachta ar tugadh fógra ina leith páirt a ghlacadh de bharr cúiseanna oibríochtúla nó de bharr force majeure. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh sé an méid seo a leanas ar fáil:

(a)

sonraí iomlána maidir leis an soitheach iascaireachta nó na soithí iascaireachta a bhfuil sé beartaithe é nó iad a chur in ionad soitheach atá ar na liostaí dá dtagraítear i mír 1; agus

(b)

cuntas cuimsitheach ar na cúiseanna atá leis an ionadú agus aon fhianaise thacaíochta nó tagairtí iomchuí.

6.   Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na soithí a thaifeadadh i dtaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach nó i dtaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile (seachas soithí gabhála) atá údaraithe tuinníní gorma a iascach.

7.   Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle (17) fara aon mhodhnuithe is gá.

Airteagal 21

An Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Beidh feidhm ag na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo mar aon leo sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 22

Údaruithe iascaireachta do shoithí

1.   Gan dochar d'Airteagal 16, ní bheidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil i dtaifid ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 20(1) údaraithe tuinníní gorma a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar, a aistriú, a phróiseáil nó a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir.

2.   Nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta indibhidiúil ídithe, tarraingeoidh an Ballstát brataí an t-údarú iascaireachta siar agus féadfaidh sé a cheangal ar an soitheach dul láithreach bonn chuig calafort arna ainmniú aige.

Airteagal 23

Taifid ar ghaistí atá údaraithe tuinníní gorma a iascach

1.   Faoin 15 Feabhra gach bliain, seolfaidh gach Ballstát liosta go leictreonach chuig an gCoimisiún de na gaistí dá chuid atá údaraithe, trí bhíthin údarú iascaireachta a eisiúint chun tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir. Beidh ainm na ngaistí agus an chláruimhir ar an liosta agus déanfar é a leagan amach i gcomhréir leis an bhformáid sna Treoirlínte ó ICCAT maidir le sonraí a thíolacadh agus maidir leis an bhfaisnéis is gá.

2.   Seolfaidh an Coimisiún an liosta chuig Rúnaíocht ICCAT ionas gur féidir na gaistí sin a thaifeadadh i dtaifead ICCAT maidir le gaistí atá údaraithe tuinníní gorma a iascach.

3.   Ní bheidh gaistí an Aontais nár taifeadadh i dtaifead ICCAT údaraithe tuinníní gorma a iascach, a choinneáil, a aistriú, a chur i gcaighean ná a thabhairt i dtír san Atlantach Thoir ná sa Mheánmhuir.

4.   Beidh feidhm ag Airteagal 8a(2), (4), (6), (7) agus (8) de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 fara na modhnuithe is gá.

Airteagal 24

Comhoibríocht iascaireachta

1.   Ní dhéanfar aon chomhoibríocht iascaireachta (“JFO”) le haghaidh tuinníní gorma a údarú ach amháin le toiliú an Bhallstáit brataí nó na mBallstát brataí lena mbaineann. Le húdarú a fháil, ní mór gach soitheach peas-saighne a bheith feistithe le haghaidh tuinníní gorma a iascach agus cuóta indibhidiúil a bheith aige. Ní cheadófar JFOanna le CPCanna eile.

2.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun an fhaisnéis seo a leanas a fháil óna shoithí iascaireachta atá ag cur isteach ar údarú chun bheith páirteach i JFO:

(a)

an fad ama;

(b)

aitheantas na n-oibreoirí a bheidh páirteach;

(c)

an cuóta atá ag gach soitheach;

(d)

an scála leithroinnte idir na soithí iascaireachta maidir leis na gabhálacha ábhartha; agus

(e)

faisnéis maidir leis na feirmeacha cinn scríbe.

3.   15 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta, seolfaidh gach Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 chuig an gCoimisiún san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig Stát brataí na soithí iascaireachta eile atá ag glacadh páirt sa JFO 10 lá ar a laghad roimh thús na hoibríochta.

4.   I gcás force majeure, ní bheidh feidhm ag an sprioc ama atá leagtha amach i mír 3 maidir leis an bhfaisnéis a iarrtar faoi phointe (e) de mhír 2. Sa chás sin, féadfaidh na Ballstáit nuashonrú ar an bhfaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin a luaithe is féidir, maille le tuairisc ar na heachtraí is cúis le force majeure. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

ROINN 2

Gabhálacha

Airteagal 25

Ceanglais tuairiscithe

1.   Chomh maith le hAirteagail 14, 15, 23 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a chomhlíonadh, déanfaidh máistir ar shoitheach gabhála an Aontais, más infheidhme, an fhaisnéis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a iontráil sa logleabhar.

2.   Déanfaidh máistrí soithí tarraingthe an Aontais, soithí coimhdeachta agus soithí próiseála a ngníomhaíochtaí a thaifeadadh i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach i gCuid B, i gCuid C agus i gCuid D d'Iarscríbhinn II.

Airteagal 26

Tuarascálacha maidir le gabhálacha le seoladh ag máistrí agus oibreoirí gaistí

1.   Seolfaidh máistrí soithí iascaireachta atá i mbun iascaireacht ghníomhach tuinníní gorma faisnéis laethúil ó logleabhair chuig údaráis an Bhallstáit brataí, a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, ainm an tsoithigh, tús agus deireadh na tréimhse údaraithe, dáta, am, suíomh (domhanleithead agus domhanfhad) agus meáchan agus líon na dtuinníní gorma a gabhadh i limistéar an Choinbhinsiúin. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin go leictreonach san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V le linn na tréimhse iomláin a n-údaraítear don soitheach tuinníní gorma a iascach lena linn.

2.   Cuirfidh máistrí soithí peas-saighne na tuarascálacha laethúla amhail dá dtagraítear i mír 1 le chéile le haghaidh gach oibríocht iascaireachta, fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil.

3.   Cuirfidh an t-oibritheoir na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 ar aghaidh chuig údaráis an Bhallstáit brataí ar bhonn laethúil, i gcás soithí peas-saighne agus soithí is faide ná 24 mhéadar faoi 9.00 GMT don lá roimhe sin agus i gcás soithí gabhála eile faoi 24:00 (meán oíche) ar an Luan an tseachtain roimhe sin dar críoch 24:00 (meán oíche) GMT ar an Domhnach.

4.   Seolfaidh oibreoirí gaiste atá i mbun iascaireacht ghníomhach le haghaidh tuinníní gorma tuarascáil laethúil maidir le gabhálacha a mbeidh an fhaisnéis a leanas ina cuid de: cláruimhir ICCAT, dáta, am, gabhálacha (meáchan agus líon na n-iasc), fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil. Seolfaidh siad an fhaisnéis sin chuig údarás a mBallstát go leictreonach laistigh de 48 n-uaire san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V le linn na tréimhse iomláin a n-údaraítear dóibh tuinníní gorma a iascach.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann le gníomhaíochtaí soithí agus gaistí a thaifeadadh agus a thuairisciú dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 agus Iarscríbhinn V. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

Airteagal 27

Tuarascálacha seachtainiúla agus míosúla maidir le gabhálacha le seoladh ag na Ballstáit

1.   Tar éis do gach Ballstát na tuarascálacha maidir le gabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 26 a fháil, déanfaidh siad iad a chur ar aghaidh go leictreonach agus go pras chuig an gCoimisiún agus soláthróidh siad tuarascálacha seachtainiúla maidir le gabhálacha go pras don Choimisiún maidir le gach soitheach gabhála agus gach gaiste i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn V. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach sna Treoirlínte maidir le sonraí agus faisnéis a éilíonn ICCAT a thíolacadh.

2.   Roimh an 15ú lá gach mí, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chainníochtaí na dtuinníní gorma a gabhadh san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a thrasloingsigh soithí iascaireachta nó gaistí a raibh bratach an Bhallstáit lena mbaineann ar foluain acu nó a bhí cláraithe sa Bhallstát sin, nó a thug siad i dtír, a ghabh siad i ngaistí nó a chuir siad i gcaighean le linn na míosa roimhe sin. Déanfar an fhaisnéis a chuirfear ar fáil a leagan amach de réir an chineáil trealaimh lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le seachghabháil, gabhálacha in iascaigh spóirt agus áineasa agus cásanna nárbh ann d'aon ghabháil. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh go pras chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 28

Faisnéis maidir le hídiú cuótaí

1.   De bhreis ar fhorálacha Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheastar gur baineadh amach 80 % den chuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 11 nó in Airteagal 12 den Rialachán seo.

2.   De bhreis ar fhorálacha Airteagal 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas nuair a mheasfar go bhfuil an cuóta a leithroinneadh ar ghrúpa trealaimh dá dtagraítear in Airteagal 11 nó in Airteagal 12 den Rialachán seo nó ar JFO nó ar shoitheach peas-saighne ídithe.

3.   Beidh doiciméadacht oifigiúil in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, doiciméadacht lena gcruthaítear an cosc ar iascaireacht nó an glao ar ais chuig calafort a d'eisigh an Ballstát don chabhlach, don ghrúpa trealaimh, do JFO nó do na soithí ag a bhfuil cuóta indibhidiúil agus beidh dáta agus am an dúnta curtha in iúl go soiléir.

Airteagal 29

Tuairisciú bliantúil ar ghabhálacha ag na Ballstáit

1.   Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis mhionsonraithe chuig an gCoimisiún maidir le haon ghabhálacha de thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a rinneadh sa bhliain iascaireachta roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

ainm agus uimhir ICCAT gach soithigh gabhála;

(b)

tréimhse nó tréimhsí údaraithe gach soithigh gabhála;

(c)

gabhálacha iomlána gach soithigh gabhála fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe;

(d)

an líon iomlán laethanta a bhí gach soitheach gabhála ag iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir le linn na tréimhse/na dtréimhsí údaraithe; agus

(e)

an ghabháil iomlán lasmuigh dá dtréimhse údaraithe (seachghabháil) fiú i gcás nárbh ann d'aon ghabháil.

2.   I gcás soithí nach bhfuil údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir ach a ghabh tuinníní gorma mar sheachghabháil, áireofar an fhaisnéis seo a leanas mar chuid den fhaisnéis a bheidh le cur chuig an gCoimisiún ar an dáta céanna amhail dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ainm agus uimhir ICCAT nó cláruimhir náisiúnta an tsoithigh, mura bhfuil sé cláraithe le ICCAT; agus

(b)

na gabhálacha iomlána de thuinníní gorma.

3.   Cuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún aon fhaisnéis faoi shoithí nach bhfuil faoi réir mhír 1 agus mhír 2 is eol nó a mheastar a bheith ag iascach tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

4.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar faoi mhír 1, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

ROINN 3

Tabhairt i dtír agus trasloingsithe

Airteagal 30

Calafoirt ainmnithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát calafoirt nó ionaid gar don chósta (calafoirt ainmnithe) ina gceadófar tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

2.   Chun go mbeidh calafort ina chalafort ainmnithe, sonróidh Ballstát an chalafoirt amanna agus ionaid ina gceadófar gabhálacha a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú.

3.   Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh gach Ballstát liosta de na calafoirt ainmnithe ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

4.   Beidh toirmeasc ar aon chainníocht de thuinníní gorma a gabhadh san Atlantach Thoir nó sa Mheánmhuir a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ó aon soithí iascaireachta in aon ionad seachas calafoirt nó ionaid gar don chósta arna n-ainmniú ag CPCanna agus Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2.

Airteagal 31

Tabhairt i dtír

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais is faide ná 12 mhéadar ar fad a áirítear sa liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo. Seolfar an fógra réamhtheachta faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír.

2.   De bhreis air sin, máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú ná 12 mhéadar ar fad san iomlán iad agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 20, tabharfaidh siad fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit (lena n-áirítear an Ballstát brataí) nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír ceithre huaire an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, fógra ina sonrófar ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b)

meastachán ar an gcainníocht de thuinníní gorma atá ar bord; agus

(c)

faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh na gabhálacha.

3.   Más rud é, maidir leis na Ballstáit go n-údaraítear dóibh faoi reachtaíocht infheidhme de chuid an Aontais fógra níos giorra a chur i bhfeidhm ná an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí de thuinníní gorma a choinnítear ar bord a chur in iúl ag an am is infheidhme amhlaidh maidir le fógra a thabhairt roimh theacht chun calafoirt. Más giorra ná turas ceithre huaire an chloig an turas idir an t-iascach agus an calafort, féadfar na meastacháin ar na cainníochtaí de thuinníní gorma a choinnítear ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.

4.   Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a tugadh sa bhliain reatha.

5.   Déanfaidh údaráis rialaithe ábhartha an Bhallstáit calafoirt gach gabháil a thabharfar i dtír a rialú i gcomhréir le hAirteagal 55(2) agus déanfar cigireacht ar chéatadán díobh bunaithe ar chóras measúnaithe riosca a mbeidh cuóta, méid an chabhlaigh agus iarracht iascaireachta ina gcuid de. Beidh na sonraí go léir maidir leis an gcóras rialaithe sin arna nglacadh ag gach Ballstát sonraithe sa phlean cigireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 53. Beidh feidhm ag an gcóras rialaithe sin maidir le hoibríochtaí saothraithe chomh maith.

6.   De bhreis ar Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tar éis gach turais, déanfaidh maistrí de shoitheach gabhála an Aontais dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír a thíolacadh, beag beann ar fhad an tsoithigh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bhrataí agus, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit calafoirt nó an CPC lena mbaineann, i gcás ina ndearnadh an tabhairt i dtír i gcalafort de chuid Ballstáit nó CPC eile.

7.   Déanfar na gabhálacha go léir a thugtar i dtír a mheá.

Airteagal 32

Trasloingsiú

1.   Beidh toirmeasc i ngach imthoisc ar thrasloingsiú tuinníní gorma ar muir i limistéar an Choinbhinsiúin.

2.   Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta gabhálacha de thuinníní gorma a thrasloingsiú ach sna calafoirt ainmnithe faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 30.

3.   Áiritheoidh Ballstát an chalafoirt go mbeidh cigireacht iomlán ar siúl gach uair agus i ngach ionad ina mbíonn gabhálacha á dtrasloingsiú.

4.   Sula dtiocfaidh siad isteach in aon chalafort, agus 48 n-uaire ar a laghad roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach, cuirfidh máistrí nó ionadaithe na soithí iascaireachta glactha an méid seo a leanas ar fáil d'údaráis inniúla an Bhallstáit nó an CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafort:

(a)

dáta agus am sroichte agus an calafort a mheastar a bhainfear amach;

(b)

meastachán ar an gcainníocht de thuinníní gorma atá ar bord, agus faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar gabhadh é;

(c)

ainm an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;

(d)

ainm an tsoithigh iascaireachta glactha, uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT ar gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; agus

(e)

tonnáiste agus an limistéar geografach inar gabhadh na tuinníní gorma atá le trasloingsiú.

5.   Ní cheadófar do shoithí iascaireachta trasloingsiú a dhéanamh mura mbíonn údarú faighte acu roimh ré óna Stát brataí.

6.   Sula gcuirfear tús leis an trasloingsiú, cuirfidh máistrí soithí iascaireachta trasloingsithe a Stát brataí ar an eolas maidir leis an méid a leanas:

(a)

na cainníochtaí de thuinníní gorma atá le trasloingsiú;

(b)

dáta agus calafort an trasloingsithe;

(c)

ainm, cláruimhir agus bratach an tsoithigh iascaireachta glactha agus uimhir an tsoithigh sin ar thaifead ICCAT maidir le soithí gabhála atá údaraithe an tuinníní gorma a iascach go gníomhach nó ar thaifead ICCAT maidir le gach soitheach iascaireachta eile atá údaraithe tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; agus

(d)

an limistéar geografach inar gabhadh na tuinníní gorma.

7.   Déanfaidh údaráis an Bhallstáit inniúil cigireacht ar gach trasloingsiú ag an gcalafort ainmnithe. Déanfaidh na húdaráis sin an méid a leanas:

(a)

cigireacht ar an soitheach iascaireachta glactha ar theacht isteach dó agus seiceáil ar an lasta agus na doiciméid a bhaineann leis an oibríocht trasloingsithe;

(b)

seolfaidh siad taifead ar an trasloingsiú chuig údarás Stát brataí an tsoithigh iascaireachta trasloingsithe, laistigh de chúig lá tar éis deireadh a chur leis an trasloingsiú.

8.   De mhaolú ar Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 déanfaidh máistrí soithí iascaireachta an Aontais, beag beann ar fhad an tsoithigh, dearbhú trasloingsithe ICCAT a líonadh agus seolfaidh siad é chuig údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain ar an soitheach iascaireachta. Cuirfear an dearbhú ar aghaidh tráth nach déanaí ná 48 n-uaire tar éis dháta an trasloingsithe sa chalafort i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III den Rialachán seo.

ROINN 4

Oibríochtaí aistrithe

Airteagal 33

Údarú aistrithe

1.   Sula ndéanfar aon oibríocht aistrithe, déanfaidh máistir soithigh ghabhála nó soithigh tharraingthe nó oibreoir na feirme nó an ghaiste as a dtionscnaíonn an t-aistriú i dtrácht, réamhfhógra um aistriú a sheoladh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha agus tabharfar an méid seo a leanas le fios sa réamhfhógra sin:

(a)

ainm an tsoithigh ghabhála, an tsoithigh tharraingthe, na feirme nó an ghaiste agus cláruimhir ICCAT;

(b)

an t-am a mheastar a dhéanfar an t-aistriú;

(c)

meastachán ar an méid tuinníní gorma atá le haistriú;

(d)

faisnéis faoin suíomh (domhanleithead/domhanfhad) ina ndéanfar an t-aistriú mar aon le huimhreacha so-aitheanta na gcaighean;

(e)

ainm an tsoithigh tharraingthe ghlactha, líon na gcaighean a tarraingíodh agus an chláruimhir ICCAT más iomchuí;

(f)

an calafort, an fheirm nó an caighean a bheidh ina cheann scríbe ag na tuinníní gorma.

2.   Chun na críche dá dtagraítear i mír 1, déanfar uimhir chaighin uathúil a shainiú le haghaidh gach caighean. Déanfar uimhreacha a eisiúint i gcomhréir le córas uimhrithe uathúil ina mbeidh trí uimhir ag leanúint na dtrí litir alfa-chóid a fhreagraíonn do bhratach na soithí tarraingthe.

3.   Ní cheadófar do shoithí gabhála, soithí tarraingthe,, feirmeacha ná gaistí aistriú a dhéanamh mura mbeidh údarú faighte acu roimh ré ón mBallstát ábhartha. I gcás gach oibríocht aistrithe, is iad údaráis an Bhallstáit sin a chinnfidh cibé an ndeonóidh siad údarú nó nach ndeonóidh. Chun na críche sin, déanfar uimhir aitheantais uathúil a shainiú i gcomhair gach oibríocht aistrithe agus déanfar an uimhir sin a chur in iúl do mháistir an tsoithigh iascaireachta, d'oibreoir an ghaiste nó d'oibreoir na feirme, de réir mar is iomchuí. I gcás ina ndeonófar údarú, beidh san uimhir sin cód trí litir an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir “AUT”, (údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh. I gcás ina ndiúltófar údarú, beidh san uimhir sin na trí litir de chód an Bhallstáit, na ceithre uimhir a léireoidh an bhliain agus na trí litir “NEG”, (gan údarú), agus uimhreacha seicheamhacha ina ndiaidh.

4.   I gcás ina bhfaighidh éisc bás le linn na hoibríochta aistrithe, leanfaidh na Ballstáit ábhartha agus na hoibreoirí a bhí páirteach san aistriú ar aghaidh i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XII.

5.   Laistigh de 48 n-uaire ar éis an réamhfhógra um aistriú a bheith curtha isteach, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, an soitheach tarraingthe, an fheirm nó an gaiste, an t-údarú aistrithe a dheonú nó a dhiúltú, de réir mar is iomchuí.

6.   Ní dhéanfaidh an t-údarú aistrithe a thabharfaidh an Ballstát ábhartha réamhbhreith ar an údarú tuinníní gorma a chur i gcaighean.

Airteagal 34

Údarú aistrithe a dhiúltú

1.   An Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm, ní údaróidh sé an t-aistriú má mheasann sé, tar éis an réamhfhógra um aistriú a fháil:

(a)

nach bhfuil a dhóthain de chuóta ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc;

(b)

nach bhfuil an méid iasc tuairiscithe go cuí ag an soitheach gabhála nó ag oibreoir an ghaiste nó nár údaraíodh an méid sin iasc a chur i gcaighean, nó nár cuireadh an méid sin iasc san áireamh maidir le hídiú an chuóta a fhéadfaidh a bheith infheidhme;

(c)

nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe tuinníní gorma a iascach; nó

(d)

nach bhfuil an soitheach tarraingthe a dearbhaíodh gurb é atá chun an t-aistriú iasc a ghlacadh cláraithe i dtaifead ICCAT ar na soithí iascaireachta eile ar fad (seachas soithí gabhála) atá údaraithe tuinníní gorma a iascach, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20(1), nó nach bhfuil VMS feistithe air.

2.   I gcás nach n-údaraítear an t-aistriú:

(a)

déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste ordú scaoilte a eisiúint chuig máistir an tsoithigh gabhála nó oibreoir an ghaiste nó oibreoir na feirme de réir mar is iomchuí agus cuirfidh an Ballstát ar an eolas iad nach bhfuil an t-aistriú údaraithe agus nach mór na héisc a scaoileadh ar ais san fharraige;

(b)

scaoilfidh máistir an tsoithigh gabhála, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste, de réir mar is iomchuí, na héisc ar ais san fharraige;

(c)

scaoilfear tuinníní gorma i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 35

Faireachán le físcheamara

1.   I gcás oibríochtaí aistrithe, áiritheoidh máistir an tsoithigh ghabhála, an tsoithigh tarraingthe, oibreoir na feirme nó oibreoir an ghaiste a aistríonn tuinníní gorma, go ndéanfar faireachán ar na hoibríochtaí aistrithe le físcheamara san uisce, d'fhonn líon na n-iasc atá á n-aistriú a fhíorú. Beidh íoschaighdeáin agus nósanna imeachta an fhístaifeadta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus do bhreathnóirí náisiúnta.

4.   Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an soitheach, an gaiste nó an fheirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.

Airteagal 36

An fíorú a dhéanfaidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT agus imscrúdú a thionscnamh agus a dhéanamh

1.   Breathnóirí réigiúnacha de chuid ICCAT a bheidh ar bord an tsoithigh ghabhála nó i láthair ag gaiste, atá leagtha amach in Airteagal 51 agus in Iarscríbhinn VII, déanfaidh siad na hoibríochtaí aistrithe a rinneadh a thaifeadadh agus a thuairisciú, breathnóidh siad ar na gabhálacha a aistríodh agus déanfaidh siad meastachán orthu agus déanfaidh siad iontrálacha a fhíorú sa réamhúdarú aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 33 agus i ndearbhú aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 38.

2.   I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir na meastacháin gabhála ar líon na n-iasc atá déanta ag breathnóir réigiúnach ICCAT, na húdaráis rialaithe iomchuí agus/nó maistrí an tsoithigh gabhála nó ionadaí an ghaiste, nó i gcás nach leor caighdeán nó soiléireacht an taifeadta físe chun na meastacháin sin a dhéanamh, tionscnóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, as an bhfeirm nó as an ngaiste imscrúdú a chuirfear i gcrích sula gcuirfear na héisc i gcaighean ar an bhfeirm nó i gcás ar bith laistigh de 96 huaire tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh. Ní údarófar an cur i gcaighean go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin agus ní dhéanfar an roinn a bhaineann le gabháil den doiciméad maidir le tuinníní gorma a ghabháil (“BCD”) a bhailíochtú.

3.   I gcás nach bhfuil caighdeán nó soiléireacht an fhístaifid ard go leor chun meastachán a dhéanamh ar an líon, áfach, féadfaidh an t-oibreoir iarraidh ar udarú ó stát bratach an tsoithigh, an ghaiste nó na feirme oibríocht aistrithe nua a dhéanamh agus an fístaifeadadh comhfhreagrach a sholáthar do bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

4.   Gan dochar do na fíoruithe a dhéanann cigire, ní shíneoidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT dearbhú aistrithe ICCAT ach i gcás ina bhfuil a dtuairimí i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus ina bhfuil an fhaisnéis ar an dearbhú aistrithe i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne siad lena n-áirítear fístaifead comhlíontach mar a cheanglaítear le hAirteagal 35(1). Síneoidh siad an dearbhú sin le hainm agus uimhir ICCAT a bheidh scríofa amach go soiléir.

5.   Fíoróidh breathnóirí réigiúnacha ICCAT chomh maith go ndéanfar dearbhú aistrithe ICCAT a chur ar aghaidh chuig máistir an tsoithigh tharraingthe nó ionadaí na feirme nó an ghaiste.

Airteagal 37

Bearta chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma atá le cur i gcaighean

Déanfaidh na Ballstáit na bearta agus na gníomhaíochtaí is gá chun níos mó staidéir a dhéanamh ar mhodheolaíochtaí lenar féidir meastachán níos fearr a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma ag an bpointe gabhála agus ag an bpointe ag a gcuirtear i gcaighean iad. Faoin 22 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát na bearta sin a rinneadh a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.

Airteagal 38

Dearbhú aistrithe

1.   Faoi dheireadh na hoibríochta aistrithe, déanfaidh máistrí soithí gabhála nó soithí tarraingthe, oibreoirí gaiste nó oibreoirí feirme dearbhú aistrithe ICCAT a chomhlánú agus a chur chuig údaráis inniúla a mBallstáit, i gcomhréir leis an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

2.   Déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as na soithí, as na feirmeacha nó as na gaistí as a dtionscnaíonn na haistrithe sin, foirmeacha maidir le dearbhú aistrithe a uimhriú. Áireofar sa chóras uimhrithe sin cód trí litir an Bhallstáit, agus ina dhiaidh sin ceithre uimhir a thabharfaidh an bhliain le fios agus trí uimhir sheicheamhacha, a mbeidh na trí litir “ITD” ina ndiaidh (MS-20**/xxx/ITD).

3.   Beidh an dearbhú aistrithe bunaidh ag gabháil leis an aistriú éisc. Coimeádfaidh máistir an tsoithigh ghabhála, oibreoir an ghaiste, máistir an tsoithigh tharraingthe nó oibreoir na feirme cóip den dearbhú.

4.   Déanfaidh máistrí soithí i mbun oibríochtaí aistrithe (lena n-áirítear soithí tarraingthe) a ngníomhaíochtaí a thuairisciú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 39

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le hoibríochtaí aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 33 go hAirteagal 38, agus na hIarscríbhinní dá dtagraítear sna hAirteagail sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

ROINN 5

Oibríochtaí cur i gcaighean

Airteagal 40

Údarú maidir le cur i gcaighean

1.   Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean, beidh toirmeasc ar chaighin iompair a chur ar ancaire i ngaireacht 0,5 míle farraige de shaoráidí feirmeoireachta.

2.   Sula gcuirfear tús le haon oibríocht cur i gcaighean, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a chur in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste cé na cainníochtaí a ghabh an soitheach nó an gaiste sin agus iarrfaidh sé údarú maidir le cur i gcaighean.

3.   Ní chuirfear tús leis an oibríocht cur i gcaighean gan údarú a fháil roimh ré:

(a)

ón mBallstát nó ón CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste; nó

(b)

ón mBallstát nó ón CPC atá freagrach as an bhfeirm má tá comhaontú déanta idir na Ballstáit rannpháirteacha nó leis an CPC brataí lena mbaineann.

4.   Déanfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó, más infheidhme, as an bhfeirm, an t-údarú maidir le cur i gcaighean a dheonú nó a dhiúltiú laistigh d'aon lá oibre tar éis na hiarrata agus thíolacadh na faisnéise dá dtagraítear i mír 2. I gcás nach dtagann aon fhreagairt laistigh d'aon lá oibre ón mBallstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó an gaiste, féadfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm an cur i gcaighean a údarú.

5.   Cuirfear tuinníní gorma i gcaighean roimh an 15 Lúnasa ach amháin má thugann an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an bhfeirm a fhaigheann na héisc cúiseanna a bhfuil údar cuí leo. Beidh na cúiseanna sin ag gabháil leis an tuarascáil ar an oibríocht cur i gcaighean.

Airteagal 41

Údarú maidir le cur i gcaighean a dhiúltú

1.   Diúltóidh an Ballstát atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó, más infheidhme, as an bhfeirm an t-údarú maidir le cur i gcaighean, má mheasann sé, tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 40(2) a fháil:

(a)

nach raibh a dhóthain de chuóta i gcomhair líon na dtuinníní gorma a cuireadh i gcaighean ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste ar dearbhaíodh gurbh é a ghabh na héisc sin;

(b)

nach ndearna an soitheach gabhála nó an gaiste an méid iasc a gabhadh a thuairisciú go hiomchuí nó nár cuireadh an méid sin san áireamh agus an cuóta is infheidhme á ríomh; nó

(c)

nach bhfuil an soitheach gabhála nó an gaiste a bhfuil sé dearbhaithe gurbh é a ghabh na héisc údaraithe tuinníní gorma a iascach.

2.   Mura bhfuil an cur i gcaighean údaraithe, iarrfaidh an Ballstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála ar an mBallstát nó ar an CPC atá freagrach as an bhfeirm na gabhálacha a urghabháil agus na héisc a scaoileadh trí ordú scaoilte a eisiúint.

3.   Tar éis dó an t-ordú scaoilte a fháil, rachaidh an t-oibreoir feirme ar aghaidh leis an scaoileadh i gcomhréir le hIarscríbhinn XI.

Airteagal 42

Doiciméid um ghabháil an tuinnín ghoirm

Cuirfidh Ballstáit atá freagrach as feirmeacha toirmeasc ar aon tuinnín gorm a chur i gcaighean chun críocha feirmeoireachta mura mbeidh an doiciméadacht a éilíonn ICCAT ag dul leis agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Beidh an doiciméadacht sin beacht, comhlánaithe agus dearbhaithe agus bailíochtaithe ag údaráis Bhallstáit nó ag údaráis CPC na soithí gabhála nó na ngaistí.

Airteagal 43

Cigireachtaí

Déanfaidh na Ballstáit atá freagrach as feirmeacha na bearta is gá maidir le cigireacht a dhéanamh ar gach oibríocht cur i gcaighean ar na feirmeacha.

Airteagal 44

Faireachán le físcheamara

1.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go ndéanfar faireachán ar oibríochtaí cur i gcaighean le físcheamara san uisce. Déanfar fístaifead i gcomhair gach oibríocht cur i gcaighean i gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn IX.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí agus do bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm go gcuirfear na fístaifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do chigirí an Aontais agus do bhreathnóirí náisiúnta.

4.   Déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm na bearta is iomchuí le go ndéanfar aon athsholáthar, eagarthóireacht nó ionramháil ar an bhfístaifead bunaidh a sheachaint.

Airteagal 45

Imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh

1.   I gcás ina bhfuil an difríocht níos mó ná 10 % idir meastacháin bhreathnóir réigiúnach ICCAT ar líon na dtuinníní gorma, meastacháin údaráis rialaithe iomchuí an Bhallstáit agus meastacháin oibreoir na feirme, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhair leis an mBallstát nó an CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh.

2.   Ní dhéanfar aon saothrú ná ní dhéanfar an chuid a bhaineann le feirmeoireacht ar an BCD a bhailíochtú go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe sin.

3.   Féadfaidh na Ballstáit atá freagrach as an bhfeirm agus as an soitheach gabhála nó as an ngaiste a théann i mbun na n-imscrúduithe úsáid a bhaint as faisnéis eile atá ar fáil acu lena n-áirítear torthaí na gclár dá dtagraítear in Airteagal 46 chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche.

Airteagal 46

Bearta agus cláir chun meastachán a dhéanamh ar líon agus ar mheáchan na dtuinníní gorma le cur i gcaighean

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta agus na gníomhaíochtaí is gá amhail dá dtagraítear in Airteagal 37, a ghlacadh.

2.   Cuirfear clár a bhaineann úsáid as córais cheamaraí steiréascópacha nó as teicnící eile atá chomh beacht leo i bhfeidhm ar 100 % de na hoibríochtaí cur i gcaighean d'fhonn líon agus meáchan na n-iasc atá á gcur i gcaighean le linn gach oibríochta cur i gcaighean a bhraith níos beaichte.

3.   Cuirfear an clár sin i bhfeidhm i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.

4.   Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí an chláir sin in iúl don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún i gcomhréir le Roinn B d'Iarscríbhinn X. Seolfaidh an Coimisiún ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT iad, chun go seolfaidh an rúnaíocht ar aghaidh iad chuig breathnóir réigiúnach ICCAT.

5.   I gcás ina léiríonn torthaí an chláir nach ionann líon na dtuinníní gorma atá á gcur i gcaighean agus na cainníochtaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm, i gcomhar leis an mBallstát nó CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste, imscrúdú a thionscnamh. Mura gcuirfear críoch leis an imscrúdú faoi cheann 10 lá oibre ó cuireadh na torthaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo in iúl nó má léiríonn toradh an imscrúdaithe go bhfuil líon nó meánmheáchan an tuinnín ghoirm níos airde ná an líon nó an meánmheáchan a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfaidh údaráis an Bhallstát brataí nó údaráis CPC an tsoithigh gabhála nó an ghaiste ordú scaoilte a eisiúint maidir leis an líon agus/nó an meáchan atá iomarcach nach mór a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

6.   I gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i bpointe 3 de Roinn B d'Iarscríbhinn X agus tar éis an scaoilte, más infheidhme, déanfar na cainníochtaí a tuairiscíodh faoin gclár a úsáid chun:

(a)

na figiúirí gabhála deireanacha a bheidh le baint as an gcuóta náisiúnta a chinneadh;

(b)

na figiúirí sin a chur sna dearbhuithe maidir le cur i gcaighean agus sna rannáin ábhartha den BCD.

7.   Faoin 30 Lúnasa gach bliain, déanfaidh gach Ballstát atá freagrach as an bhfeirm torthaí na gclár sin a thuairisciú don Choimisiún agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig SCRS.

8.   Ní dhéanfar tuinníní gorma beo a aistriú ó chaighean feirmeoireachta amháin go dtí caighean feirmeoireachta eile mura mbeidh sé údaraithe agus mura mbeidh údaráis rialaithe Bhallstát na feirme i láthair.

9.   I gcás difríocht 10 % nó níos mó idir na cainníochtaí de thuinníní gorma a tuairiscíodh a ghabh an soitheach/gaiste agus na cainníochtaí de réir na gceamaraí rialaithe, amhail dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 45, beidh neamhchomhlíonadh féideartha an tsoithigh/an ghaiste lena mbaineann i gceist, agus déanfaidh an Ballstát na bearta is gá chun an ghníomhaíocht leantach is iomchuí a áirithiú.

Airteagal 47

Tuarascáil maidir le cur i gcaighean

1.   Laistigh de sheachtain amháin ó dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean, seolfaidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil maidir leis an gcur i gcaighean chuig an mBallstát nó an CPC ar ghabh a shoithí nó a ghaistí na tuinníní gorma agus beidh na heilimintí atá leagtha síos i Roinn B d'Iarscríbhinn X. sa tuarascáil sin, agus seolfaidh sé an tuarascáil sin chuig an gCoimisiún freisin. Áireofar sa tuarascáil sin chomh maith an fhaisnéis a áiríodh sa dearbhú cur i gcaighean mar atá leagtha amach in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.   Chun críocha mhír 1, ní mheasfar deireadh a bheith le haon oibríocht cur i gcaighean go dtí go mbeidh deireadh le haon imscrúdú arna sheoladh agus, más infheidhme, le haon ordú scaoilte.

Airteagal 48

Gníomhartha cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe d'oibríochtaí cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 40 go hAirteagal 47, agus sna hIarscríbhinní dá dtagraítear sna hAirteagail sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(2).

ROINN 6

Faireachán agus faireachas

Airteagal 49

Córas um fhaireachán soithí

1.   De mhaolú ar Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag an oibleagáid a bhaineann le VMS maidir leis nasoithí tuga agus tarraingthe go léir a áirítear ar thaifead ICCAT ar na soithí dá dtagraítear in Airteagal 20(6) den Rialachán seo, beag beann ar a bhfad.

2.   Soithí iascaireachta is mó ná 15 mhéadar ar fad atá ar áireamh ar an liosta de shoithí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 20(1) nó ar áireamh ar an liosta de shoithí eile dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20(1), tosóidh siad ar shonraí VMS a tharchur chuig ICCAT 15 lá ar a laghad roimh oscailt an tséasúir iascaireachta agus leanfaidh siad leis na sonraí sin a tharchur go ceann 15 lá ar a laghad tar éis chríoch an tséasúir iascaireachta, mura gcuirfear iarraidh roimh ré chuig an gCoimisiún an soitheach a bhaint de thaifead soithí ICCAT.

3.   Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur sonraí VMS ó shoithí gabhála atá údaraithe tuinníní gorma a iascach go gníomhach fad agus atá na soithí sin i gcalafort.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-ionad faireacháin iascaigh na teachtaireachtaí VMS a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide “fotha sonraí https”. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid a leanas:

(a)

go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad;

(b)

i gcás mífheidhm theicniúil ar an VMS, go ndéanfar teachtaireachtaí malartacha ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a fuarthas faoi Airteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 huaire i ndiaidh dá n-ionaid faireacháin iascaigh iad a fháil;

(c)

go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d)

go mbeidh teachtaireachtaí a chuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

6.   Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.

Airteagal 50

Clár breathnóirí náisiúnta

1.   Maidir le soithí atá gníomhach in iascach tuinníní gorma, déanfaidh na Ballstáit na céatadáin seo a leanas ar a laghad de chlúdach breathnóirí náisiúnta a áirithiú:

(a)

20 % dá thrálaeir pheiligeacha (is faide ná 15 mhéadar);

(b)

20 % dá shoithí spiléar (is faide ná 15 mhéadar);

(c)

20 % dá bháid bhaoite (is faide ná 15 mhéadar);

(d)

100 % dá shoithí tarraingthe;

(e)

100 % dá oibríochtaí saothraithe ó ghaistí.

2.   Déanfaidh na Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí náisiúnta.

3.   Déanfaidh na breathnóirí náisiúnta na tascanna seo a leanas go háirithe:

(a)

faireachán ar an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag soithí iascaireachta agus ag gaistí;

(b)

taifead agus tuairisciú ar an ngníomhaíocht iascaireachta, lena n-áireofar an méid seo a leanas:

(i)

an méid a gabhadh (seachghabháil san áireamh), lena n-áirítear diúscairt speicis, amhail an méid a coinníodh ar bord nó a caitheadh amach marbh nó beo;

(ii)

an limistéar gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid;

(iii)

tomhas iarrachta (amhail an líon tacar, an líon duán), mar atá sainithe i Lámhleabhar ICCAT maidir le trealaimh éagsúla;

(iv)

dáta na gabhála;

(c)

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíoróidh siad iontrálacha a dhéantar sa logleabhar;

(d)

soithí a d'fhéadfadh bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a aimsiú agus taifead a choinneáil orthu.

4.   Déanfaidh breathnóirí náisiúnta obair eolaíochta freisin, amhail sonraí Thasc II mar atá sainithe ag ICCAT a bhailiú, nuair a éilíonn ICCAT sin, bunaithe ar threoracha ó SCRS.

5.   Chun críche mhír 1 go mír 4, déanfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh breathnóirí náisiúnta ar a shoithí agus a ghaistí a dhéanfaidh ionadaíocht ama agus spásúil d'fhonn a áirithiú go bhfaighidh an Coimisiún sonraí agus faisnéis leordhóthanach iomchuí maidir leis an ngabháil, an iarracht, agus maidir le gnéithe eolaíochta agus bainistíochta eile, agus gnéithe a bhaineann leis an gcabhlach agus leis na hiascaigh á gcur san áireamh;

(b)

go mbeidh prótacail láidre ann maidir le bailiú sonraí;

(c)

go mbeidh breathnóirí náisiúnta oilte agus faofa mar is ceart sula rachaidh siad i mbun oibre;

(d)

a mhéid is féidir, go ndéanfar an cur isteach is lú is féidir ar oibríochtaí soithí iascaireachta agus gaistí a bheidh i mbun iascaireachta i limistéar an Choinbhinsiúin.

6.   Soláthrófar sonraí agus faisnéis arna mbailiú faoi chlár breathnóirí gach Ballstáit don Choimisiún faoin 15 Iúil gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí agus an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig SCRS agus chuig Rúnaíocht ICCAT, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 51

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

1.   Beidh feidhm ag clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT san Aontas mar atá leagtha amach i mír 2 go mír 6 agus mar atá sonraithe tuilleadh in Iarscríbhinn VII.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair:

(a)

ar gach bád soitheach peas-saighne atá údaraithe tuinníní gorma a iascach;

(b)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó shoitheach peas-saighne;

(c)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a aistriú ó ghaistí go dtí caighin iompair;

(d)

le linn gach aistriú ó fheirm amháin go feirm eile;

(e)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean ar fheirmeacha;

(f)

gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar fheirmeacha.

3.   Ní údarófar do shoitheach pheas-saighne nach bhfuil breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair orthu bheith ag iascaireacht ná a bheith ag oibriú in iascach tuinníní gorma.

4.   Ballstáit atá freagrach as feirmeacha, áiritheoidh siad go mbeidh breathnóir réigiúnach ICCAT i láthair gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a chur i gcaighean chomh maith le gach uair a dhéanfar tuinníní gorma a shaothrú ar na feirmeacha sin.

5.   Beidh, go háirithe, na tascanna seo a leanas ag breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

breathnóireacht agus faireachán go bhfuil oibríochtaí iascaireachta agus feirmeoireachta i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta ábhartha ICCAT;

(b)

dearbhuithe aistrithe ICCAT dá dtagraítear in Airteagal 38, tuarascálacha ar an oibríocht cur i gcaighean dá dtagraítear in Airteagal 47 agus BCDanna a shíniú i gcás ina n-aontaíonn siad go bhfuil an fhaisnéis sna doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne siad;

(c)

obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn ICCAT, bunaithe ar na treoracha ó SCRS.

6.   Áiritheoidh an Ballstát brataí nach gcuirfidh máistrí, criúnna, úinéirí feirmeacha, úinéirí gaistí ná úinéirí soithí bac ná imeagla ar bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT atá i mbun a ndualgas ná nach gcuirfidh siad isteach orthu agus áiritheoidh an Ballstát brataí freisin nach n-imreoidh siad tionchar orthu, nach dtabharfaidh siad breab dóibh ná nach ndéanfaidh siad iarracht breab a thabhairt dóibh.

ROINN 7

Cigireachtaí agus cros-seiceálacha

Airteagal 52

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.   Beidh feidhm laistigh den Aontas ag Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“scéim ICCAT”) a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII.

2.   Déanfaidh Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe tuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a iascach cigirí a cheapadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi scéim ICCAT.

3.   I gcás go bhfuil níos mó ná 15 shoitheach iascaireachta de chuid Ballstáit i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann le tuinníní gorma i limistéar an Choinbhinsiúin ag aon tráth amháin, déanfaidh an Ballstát sin soitheach cigireachta a chur amach chun críocha cigireachta agus rialaithe ar muir i limistéar an Choinbhinsiúin feadh na tréimhse a mbeidh na soithí sin sa limistéar sin lena linn. Measfar go mbeidh an oibleagáid comhlíonta i gcás ina gcomhoibríonn Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a chur amach nó i gcás ina ndéantar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a chur amach i limistéar an Choinbhinsiúin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do scéim ICCAT.

5.   Déanfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta a chomhordú don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit ábhartha, cláir chomhchigireachta a leagan síos le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun tuinníní gorma a iascach na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár sin a éascú go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina n-úsáidfear iad.

6.   Faoin 1 Aibreán gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit don Choimisiún ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin gach bliain chun plean maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a leagan síos, i gcomhar leis na Ballstáit, plean a sheolfaidh sé ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT agus chuig na Ballstáit.

Airteagal 53

Pleananna cigireachta a tharchur

1.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna cigireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

na cuspóirí, na tosaíochtaí, agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta atá leagtha amach sa Chlár um rialú sonrach agus cigireacht maidir leis an tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)

an Clár gníomhaíochta náisiúnta um an tuinnín gorm a rialú san Atlantach thoir agus sa Mheánmhuir a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean cigireachta an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, le go bhformhuineoidh ICCAT é, maille leis na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 6(1).

Airteagal 54

Cigireachtaí i gcás sáruithe

1.   Déanfaidh an Ballstát brataí an beart atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal seo más rud é go bhfuil na ráitis seo a leanas faoi shoitheach a bhfuil a bhratach ar foluain air fíor:

(a)

níor chomhlíon sé a cheanglas tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 25 agus in Airteagal 26; nó

(b)

rinne sé sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo, in Airteagal 89 go hAirteagal 93 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nó i gCaibidil IX de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

2.   Áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfar cigireacht fhisiciúil faoina údarás ina gcalafoirt nó go ndéanfaidh duine eile a bheidh ainmnithe aige é i gcás nach bhfuil an soitheach i gceann dá chalafoirt.

Airteagal 55

Cros-seiceáil

1.   Fíoróidh gach Ballstát tuarascálacha na mbreathnóirí agus sonraí VMS, tarchur logleabhar agus faisnéise ábhartha atá taifeadta i logleabhair a shoithí iascaireachta sna doiciméid maidir le haistriú nó trasloingsiú agus sna BCDanna i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus bainfidh siad úsáid as tuarascálacha cigireachta chomh maith le rudaí eile chuige sin.

2.   Déanfaidh gach Ballstát cros-seiceálacha ar gach tabhairt i dtír, trasloingsiú nó cur i gcaighean idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta nó idir na cainníochtaí de réir an speicis a taifeadadh ar an dearbhú aistrithe nó trasloingsithe agus na cainníochtaí a taifeadadh ar an dearbhú maidir le gabháil a thabhairt i dtír nó ar an dearbhú maidir le cur i gcaighean, agus aon doiciméid ábhartha eile, amhail sonrasc agus/nó nótaí díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

ROINN 8

Cur ar an margadh

Airteagal 56

Bearta margaíochta

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), cuirfear toirmeasc ar an tuinnín gorm a thrádáil san Aontas, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighean chun críocha ramhraithe nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú nó a thrasloingsiú mura mbeidh na doiciméid bheachta iomlána agus bhailíochtaithe a leagtar amach sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 agus in Airteagal 4b de Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, ag gabháil leis.

2.   Beidh toirmeasc ar thuinníní gorma a thrádáil san Aontas, a allmhairiú, a thabhairt i dtír, a chur i gcaighean le haghaidh ramhraithe nó feirmeoireachta, a phróiseáil, a onnmhairiú, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú sna cásanna a leanas:

(a)

is soithí iascaireachta nó gaistí de chuid stáit bhrataí nach bhfuil cuóta, teorainn ghabhála ná cionroinn iarrachta iascaireachta aici do thuinnín gorm ón Atlantach Thoir agus ón Mheánmhuir, faoi théarmaí bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a ghabh an tuinnín gorm; nó

(b)

ba é soitheach iascaireachta nó gaiste a raibh a chuóta indibhidiúil nó a raibh deiseanna iascaireachta de chuid a Bhallstáit ídithe tráth na gabhála a gabhadh an tuinnín gorm.

3.   Gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) Uimh. 1005/2008 agus (AE) Uimh. 1379/2013, beidh toirmeasc ar thrádáil Aontais, ar allmhairí, ar thabhairt i dtír, ar phróiseáil agus ar onnmhairí i dtuinnín gorm ó fheirmeacha ramhraithe nó feirmeoireachta nach gcomhlíonann na Rialacháin dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 57

Meastóireacht

Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme Moladh 14-04 ICCAT faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 58

Maoiniú

Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Airteagal 59

Cur chun feidhme

1.   Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 60

Aisghairm

1.   Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 302/2009.

2.   Déanfar na tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 61

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

I. KORČOK


(1)  IO C 383, 17.11.2015, lch. 100.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2016.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (“an Coinbhinsiún”) (IO L 162, 18.6.1986, lch. 34).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 ón gComhairle an 17 Nollaig 2007 lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 (IO L 340, 22.12.2007, lch. 8).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1559/2007 (IO L 96, 15.4.2009, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 500/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 157, 16.6.2012, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 544/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (IO L 163, 29.5.2014, lch. 7).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú. (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

(14)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/156/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 lena mbunaítear clár sonrach rialaithe agus cigireachta maidir le hiascaigh atá ag saothrú stoc de thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, de cholgáin sa Mheánmhuir agus iascaigh atá ag saothrú stoc de shairdíní agus d'ainseabhaithe i Muir Aidriad Thuaidh (IO L 85, 21.3.2014, lch. 15).

(15)  An Tuarascáil ó Chruinniú Idir-Sheisiúnach an Choiste um Chomhlíonadh, Maidrid, an Spáinn — Feabhra 24 go 26, 2010), pointe 5 agus Aguisín 3 atá i gceangal le hIarscríbhinn 4.2.

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir leis an gclár de chabhlaigh iascaireachta an Chomhphobail (IO L 5, 9.1.2004, lch. 25).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic áirithe éisc mór-imirceach (IO L 263, 3.10.2001, lch 1).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Coinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis na hiascaigh dá dtagraítear in Airteagal 14(2)

1.

De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 9(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach tuinníní gorma in 2006 an t-uaslíon bád baoite agus trálála a bheidh údaraithe tuinníní gorma a iascach san Atlantach Thoir faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 14(2).

2

De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 9(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach tuinníní gorma in 2008 an t-uaslíon soithí gabhála a bheidh údaraithe tuinníní gorma a iascach sa Mhuir Aidriad chun críocha feirmeoireachta faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 14(2). Chun na críche sin, cuirfear san áireamh líon na soithí gabhála de chuid na Cróite a bhí páirteach in iascach sonrach tuinníní gorma in 2008.

3.

De bhreis ar na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 9(3), is é an líon soithí gabhála de chuid an Aontais a bhí páirteach in iascach sonrach tuinníní gorma in 2008 an t-uaslíon bád baoite, bád spiléar agus bád lámhdhorú a bheidh údaraithe tuinníní gorma a iascach sa Mheánmhuir faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme maidir leis an maolú dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(2).

4.

Déanfar an t-uaslíon soithí gabhála arna shocrú i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 den Iarscríbhinn seo a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

5.

Ní leithroinnfear níos mó ná 7 % de chuóta an Aontais i dtaca le tuinníní gorma idir 8 kg nó 75 cm agus 30 kg nó 115 cm ar na soithí gabhála údaraithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 14(2) agus i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo. Déanfar an cuóta sin a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.

De mhaolú ar phointe (a) d'Airteagal 14(2), féadfar suas le 100 tona den chuóta de 7 % dá dtagraítear i bpointe 5 den Iarscríbhinn seo a leithroinnt ar bháid bhaoite is lú ná 17 méadar chun tuinníní gorma nach lú ná 6,4 kg nó 70 cm a ghabháil.

7.

An uas-leithroinnt de chuóta an Aontais ar Bhallstáit le haghaidh iascaireacht faoi réir na gcoinníollacha sonracha is infheidhme faoin maolú dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 14(2) agus i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo, déanfar í a shocrú i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

8.

Ní leithroinnfear níos mó ná 2 % de chuóta an Aontais i dtaca le tuinníní gorma idir 8 kg nó 75 cm agus 30 kg nó 115cm ar na soithí gabhála údaraithe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 14(2) agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo. Déanfar an cuóta sin a leithroinnt ar na Ballstáit i gcomhréir le CFAE agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

9.

Gach Ballstát a bhfuil a bháid bhaoite, a bháid spiléar, a bháid lámhdhorú agus a bháid trálála údaraithe tuinníní gorma a iascach i gcomhréir le hAirteagal 14(2) agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, leagfaidh siad amach na ceanglais seo a leanas maidir le clibeanna eireabaill:

(a)

déanfar clib eireabaill a ghreamú de gach tuinnín gorm a luaithe a dhíluchtófar é;

(b)

baineann uimhir aitheantais uathúil le gach clib eireabaill agus tá an uimhir sin ar gach doiciméad staidrimh maidir leis an tuinníní gorma agus déanfar í a scríobh lasmuigh d'aon phacáiste ina bhfuil tuinnín.


IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le logleabhair

A   SOITHÍ GABHÁLA

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1.

Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.

2.

Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.

3.

Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.

4.

Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.

5.

Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d'oibríochtaí.

An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1.

Ainm agus seoladh an mháistir.

2.

Dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar imigh an bád astu, dátaí agus ainmneacha na gcalafort ar tháinig an bád i dtír iontu.

3.

Ainm an tsoithigh, an chláruimhir, uimhir ICCAT, an glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil).

4.

Trealamh iascaireachta:

(a)

cód EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) le cur isteach;

(b)

toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).

5.

Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lá den turas, lena sonrófar:

(a)

an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b)

suíomh: déanfar suíomh beacht a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríocht iascaireachta nó um meánlae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c)

taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:

(1)

cód EBT;

(2)

an meáchan slánaithe i gcileagraim in aghaidh an lae;

(3)

an líon píosaí in aghaidh an lae.

I gcás soithí peas-saighne, ba cheart an fhaisnéis sin a thaifeadadh i gcomhair gach oibríochta iascaireachta lena n-áirítear i gcás nárbh ann d'aon ghabháil

6.

Síniú an mháistir.

7.

An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord.

8.

Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luaifear ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:

1.

Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.

2.

Táirgí:

(a)

an speiceas agus cur i láthair de réir chód EBT;

(b)

líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.

3.

Síniú an mháistir nó ghníomhaire an tsoithigh.

4.

I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh ghlactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás aistriú i gcaighean:

1.

Dáta, am agus suíomh (domhanleithead / domhanfhad) aistrithe.

2.

Táirgí:

(a)

sainaithint speicis de réir chód EBT;

(b)

líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim a aistríodh i gcaighean;

3.

Ainm an tsoithigh tarraingthe, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

4.

Ainm na feirme cinn scríbe agus a huimhir ICCAT.

5.

I gcás COI, de breis ar an bhfaisnéis atá leagtha síos i bpointí 1 go dtí 4, déanfaidh na máistrí an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh ina logleabhar:

(a)

maidir leis an soitheach gabhála atá i mbun na héisc a aistriú i gcaighean:

an líon gabhálacha a tugadh ar bord,

an líon gabhálacha arna chomhaireamh in aghaidh a chuóta indibhidiúil,

ainmneacha na soithí eile a bhí páirteach sa COI;

(b)

maidir leis na soithí gabhála eile a bhí páirteach sa COI céanna ach nach raibh baint acu le haistriú na n-iasc:

ainmneacha na soithí sin, a nglao-chomharthaí raidió idirnáisiúnta agus a n-uimhreacha ICCAT,

nár tugadh aon ghabhálacha ar bord nó nár aistríodh iad i gcaighean,

an líon gabhálacha arna chomhaireamh in aghaidh a gcuótaí indibhidiúla,

ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh ghabhála dá dtagraítear i bpointe (a).

B   SOITHÍ TARRAINGTHE

1.

Déanfaidh máistir soithigh tarraingthe an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: an dáta, an t-am agus an suíomh aistrithe, na cainníochtaí a aistríodh (líon na n-iasc agus an chainníocht i gcileagraim), uimhir an chaighin, chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh gabhála, ainm agus uimhir ICCAT aon soithigh/aon soithí eile a bhí páirteach, ainm agus uimhir ICCAT na feirme cinn scríbe, agus uimhir dearbhúcháin aistrithe ICCAT.

2.

Déanfar aistrithe eile chuig soithí coimhdeachta nó chuig soitheach tarraingthe eile a thuairisciú agus tabharfar an fhaisnéis chéanna agus atá i bpointe 1 chomh maith le hainm, bratach agus uimhir ICCAT an tsoithigh choimhdeachta nó tharraingthe agus a n-uimhir dhearbhúcháin aistrithe ICCAT.

3.

Beidh mionsonraí na n-aistrithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

C   SOITHÍ COIMHDEACHTA

1.

Déanfaidh an máistir ar shoitheach coimhdeachta na gníomhaíochtaí a thaifeadadh go laethúil sa logleabhar lena n-áirítear an dáta, an t-am agus an suíomh, na cainníochtaí de thuinníní gorma a tugadh ar bord, agus ainm an tsoithigh iascaireachta, na feirme nó an ghaiste lena bhfuil sé/sí ag oibriú.

2.

Beidh mionsonraí na ngníomhaíochtaí ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil ar bord agus beidh sé le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.

D   SOITHÍ PRÓISEÁLA

1.

Déanfaidh an máistir ar shoitheach próiseála an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh sa logleabhar laethúil: dáta, am agus suíomh na ngníomhaíochtaí agus na cainníochtaí a trasloingsíodh agus líon agus meáchan na dtuinníní gorma a fuarthas ó fheirmeacha, ó ghaistí nó ó shoithí gabhála más infheidhme. Ba cheart don mháistir ainmneacha agus uimhreacha ICCAT na bhfeirmeacha, na ngaistí nó an tsoithigh gabhála sin a thuairisciú chomh maith.

2.

Coinneoidh máistir soithigh phróiseála logleabhar próiseála laethúil ina sonrófar meáchan slánaithe agus líon na n-iasc a aistríodh nó a trasloingsíodh, an fachtóir coinbhéartachta a úsáideadh, agus na meáchain agus na cainníochtaí de réir chur i láthair an táirge.

3.

Coinneoidh máistir soithigh phróiseála plean stuála ina sonrófar ionad agus cainníochtaí gach speicis agus gach cur i láthair.

4.

Beidh mionsonraí na dtrasloingsithe ar fad a rinneadh le linn an tséasúir iascaireachta sa logleabhar laethúil. Coimeádfar an logleabhar laethúil, an logleabhar próiseála, an plean stuála agus leaganacha bunaidh dearbhuithe trasloingsithe ICCAT ar bord agus beidh siad le fáil tráth ar bith chun críocha rialaithe.


IARSCRÍBHINN III

Dearbhú Trasloingsithe ICCAT

Image

Téacs an íomhá

Image

Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN IV

Image

Téacs an íomhá

Image

Téacs an íomhá

IARSCRÍBHINN V

Foirm maidir le tuairisciú gabhála

Bratach:

Uimhir ICCAT

Ainm an tsoithigh

Dáta tosaigh na tuarascála

Dáta deiridh na tuarascála

Fad ama na tuarascála (d)

Dáta gabhála

Suíomh na gabhála

Gabháil

Meáchan luaite i gcás comhoibríocht iascaireachta (kg)

Domhanleithead

Domhanfhad

Meáchan (kg)

Líon píosaí

Meánmheáchan (kg)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN VI

Comhoibríocht iascaireachta

An stát brataí

Ainm an tsoithigh

Uimhir ICCAT

Fad ama na hoibríochta

Céánnacht na n-oibreoirí

Cuóta indibhidiúil an tsoithigh

Scála leithroinnte in aghaidh an tsoithigh

Feirm ramhraithe agus feirmeoireachta is ceann scríbe

CPC

Uimhir ICCAT

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Dáta …

Bailíochtú an stáit bhrataí …


IARSCRÍBHINN VII

Clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT

BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT A SHANNADH

1.

Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag gach breathnóir réigiúnach ICCAT ionas go mbeidh sé in ann a thascanna a chur i gcrích:

(a)

taithí leordhóthanach le go mbeidh sé in ann speiceas agus trealamh iascaireachta a shainaithint;

(b)

eolas sásúil ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe ICCAT a mheasúnaítear le teastas arna sholáthar ag na Ballstáit ar bhonn threoirlínte traenála ICCAT;

(c)

cumas maidir le breathnóireacht agus taifead beacht a dhéanamh;

(d)

eolas sásúil ar theanga bhratach an tsoithigh nó na feirme ar a bhfuil siad i mbun breathnóireachta.

OIBLEAGÁIDÍ BHREATHNÓIR RÉIGIÚNACH ICCAT

2.

Maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

beidh an traenáil theicniúil mar a cheanglaítear faoi na treoirlínte atá bunaithe ag ICCAT déanta acu;

(b)

beidh náisiúntacht ceann de na Ballstáit acu, agus, a mhéid is féidir, ní náisiúntacht stát na feirme nó an ghaiste nó stát brataí an tsoithigh pheas-saighne a bheidh acu. Más as an gcaighean a shaothraítear tuinníní gorma agus má thrádáiltear iad mar tháirgí úra, áfach, féadfaidh náisiúntacht an Bhallstáit atá freagrach as an bhfeirm a bheith ag breathnóir réigiúnach ICCAT atá ag déanamh breathnóireachta ar an saothrú sin.

(c)

ní mór iad a bheith in ann na tascanna atá leagtha amach i bpointe 3 a dhéanamh;

(d)

ní mór iad a bheith ar an liosta de bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a choimeádann ICCAT;

(e)

ní mór gan aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha a bheith acu in iascach tuinníní gorma.

TASCANNA BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

3.

Is éard a bheidh i dtascanna bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT, go háirithe:

(a)

i gcás breathnóirí ar shoithí peas-saighne, déanfaidh siad faireachán ar a mhéad a chomhlíonann na soithí peas-saighne na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta arna nglacadh ag ICCAT. Go háirithe, déanfaidh an breathnóir réigiúnach na bearta sonracha seo:

(1)

i gcásanna ina mbraitheann breathnóir réigiúnach ICCAT neamh-chomhlíonadh féideartha le moladhtaí ICCAT, déanfaidh sé/sí an fhaisnéis sin a thíolacadh gan mhoill chuig cuideachta chur chun feidhme bhreathnóirí réigiúnacha ICCAT a chuirfidh an fhaisnéis faoi bhráid údaráis stát brataí an tsoithigh gabhála gan mhoill.

(2)

taifeadadh agus tuairisciú maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta a rinneadh;

(3)

breathnóireacht agus meastachán ar ghabhálacha agus fíorú iontrálacha a chuirtear sa logleabhar;

(4)

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na soithí peas-saighne;

(5)

soithí a aimsiú a d'fhéadfadh bheith i mbun iascaireachta in aghaidh bearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT agus taifead a choinneáil ar na soithí sin;

(6)

taifeadadh agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí aistrithe a rinneadh;

(7)

suíomh an tsoithí agus é i mbun aistrithe a fhíorú;

(8)

breathnóireacht agus meastachán ar tháirgí arna n-aistriú, lena n-áirítear trí thaifid físe a athbhreithniú;

(9)

fíorú agus taifeadadh ar ainm agus uimhir ICCAT an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann;

(10)

obair eolaíochta amhail sonraí maidir le Tasc II a bhailiú, ar éileamh ó Choimisiún ICCAT, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;

(b)

i gcás breathnóirí réigiúnacha ICCAT ar fheirmeacha agus gaistí, faireachán ar a mhéad a chomhlíontar na bearta ábhartha caomhnaithe agus bainistíochta a ghlac ICCAT. Déanfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT na rudaí sonracha seo:

(1)

na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar an BCD a fhíorú, lena n-áirítear trí fhístaifid a athbhreithniú;

(2)

na sonraí ar an dearbhú aistrithe agus ar an dearbhú cur i gcaighean agus ar na BCDanna a fhíorú;

(3)

tuarascáil laethúil a eisiúint maidir le gníomhaíochtaí aistrithe na bhfeirmeacha agus na ngaistí;

(4)

gan an dearbhú aistrithe agus an dearbhú cur i gcaighean agus na BCDanna a chomhshíniú ach amháin i gcás ina n-aontaíonn sé/sí go bhfuil an fhaisnéis ar na doiciméid sin i gcomhréir leis an mbreathnóireacht a rinne sé/sí agus fístaifead comhlíontach ann freisin de réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus in Airteagal 44(1);

(5)

obair eolaíochta, amhail samplaí a bhailiú, de réir mar a éilíonn an Coimisiún, ar bhonn na dtreoracha ó SCRS;

(6)

clárú agus deimhniú má tá aon chineál clibe ann, marcanna nádúrtha san áireamh, agus fógra a thabhairt má tá aon chomhartha ann gur baineadh clibeanna ar shiúl le déanaí;

(c)

tuarascálacha ginearálta a chur i dtoll a chéile ina dtiomsófar an fhaisnéis arna bailiú i gcomhréir leis an bpointe seo agus deis a thabhairt don mháistir agus don oibreoir feirme aon fhaisnéis ábhartha a chur sna tuarascálacha sin;

(d)

an tuarascáil ghinearálta dá dtagraítear i bpointe (c) a chur faoi bhráid na Rúnaíochta laistigh de 20 lá ó dheireadh na tréimhse breathnóireachta;

(e)

déanfaidh siad aon fheidhm eile arna sainiú ag Coimisiún ICCAT a fheidhmiú.

4.

Déileálfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT leis an bhfaisnéis go léir maidir le hoibríochtaí iascaireachta agus aistrithe na soithí peas-saighne agus na bhfeirmeacha mar fhaisnéis rúnda agus glacfaidh sé leis an gceanglas sin i scríbhinn mar choinníoll lena cheapachán mar bhreathnóir réigiúnach ICCAT.

5.

Comhlíonfaidh breathnóir réigiúnach ICCAT ceanglais arna mbunú i ndlíthe agus rialacháin an stáit bhrataí nó an stáit fheirme a bhfuil dlínse aige ar an soitheach nó ar an bhfeirm a bhfuil an breathnóir réigiúnach sannta dó nó di.

6.

Urramóidh breathnóir réigiúnach ICCAT an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta atá i bhfeidhm ar gach pearsanra soithigh agus feirme, ar choinníoll nach gcuireann na rialacha sin isteach ar dhualgais bhreathnóir réigiúnach ICCAT faoin gclár seo, ná ar na hoibleagáidí ar fhoireann soithigh agus feirme atá leagtha amach i bpointe 7 den Iarscríbhinn seo agus in Airteagal 51(6).

OIBLEAGÁIDÍ NA mBALLSTÁT BRATAÍ I LEITH BHREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

7.

Áiritheoidh na Ballstáit a bhfuil an soitheach peas-saighne, an fheirm nó an gaiste faoina gcúram, an méid a leanas maidir le breathnóirí réigiúnacha ICCAT:

(a)

go bhfuil rochtain acu ar fhoireann an tsoithigh, na feirme agus an ghaiste agus ar threalamh, caighin agus fearas;

(b)

go bhfuil rochtain acu, ar iarraidh, ar an trealamh seo a leanas, má tá sé ar bord na soithí dá bhfuil siad sannta, d'fhonn comhlíonadh a ndualgais mar atá leagtha amach i bpointe 3 den Iarscríbhinn seo a éascú:

(1)

trealamh loingseoireachta satailíte,

(2)

scáileáin féachana taispeána radair nuair a bhítear á n-úsáid,

(3)

modhanna leictreonacha cumarsáide;

(c)

go gcuirtear cóiríocht, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil dóibh, atá ar chomhchaighdeán lena bhfuil ar fáil d'oifigigh;

(d)

go gcuirtear spás leordhóthanach ar an droichead nó ar an teach píolóta ar fáil dóibh le haghaidh obair chléireachais, chomh maith le spás ar an deic atá leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

COSTAIS A THAGANN AS CLÁR BREATHNÓIRÍ RÉIGIÚNACHA ICCAT

8.

Seasfaidh gach oibreoir feirme nó úinéir soithigh peas-saighne na costais go léir a thagann as clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT a chur i bhfeidhm.


IARSCRÍBHINN VIII

Scéim ICCAT maidir le comhchigireacht idirnáisiúnta

D'aontaigh ICCAT an méid seo a leanas ag a Cheathrú Gnáthchruinniú (Maidrid, Samhain 1975) agus ag a Chruinniú Bliantúil in 2008 in Marrakech:

De bhun mhír 3 d'Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann Coimisiún ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun críche cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na bearta i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I.   SÁRUITHE TROMCHÚISEACHA

1.

Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag Coimisiún ICCAT:

(a)

iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag an CPC brataí;

(b)

gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe Choimisiún ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil agus/nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;

(c)

iascaireacht i limistéar dúnta;

(d)

iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e)

tógáil nó coinneáil d'aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistithe is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f)

sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g)

trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h)

marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d'aon ghnó;

(i)

fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j)

iliomad sáruithe ar neamhaird tromchúiseach iad ar bhearta i bhfheidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;

(k)

cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l)

cur isteach ar VMS d'aon ghnó nó é a dhíchumasú;

(m)

sáruithe eile de réir mar a fhéadfaidh ICCAT a chinneadh, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta sin;

(n)

iascaireacht a dhéanamh le cúnamh ó eitleáin bhreathnóireachta;

(o)

cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte agus/nó soitheach a úsáid gan an VMS;

(p)

gníomhaíocht aistrithe gan dearbhú aistrithe;

(q)

trasloingsiú ar muir.

2.

I gcás ina dtéitear ar bord agus ina ndéantar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin.

3.

Cláróidh cigire ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus aon sáruithe a thabharfar faoi deara i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4.

Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh an Ballstát brataí go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh an Ballstát brataí ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5.

I gcás nach gceanglaítear ar an soitheach dul chuig calafort; soláthróidh an Ballstát brataí údar iomchuí go tráthúil don Choimisiún Eorpach a chuirfidh an fhaisnéis ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT, a chuirfidh í ar fáil do Pháirtithe Conarthacha eile ar iarraidh.

II.   CIGIREACHTAÍ A SHEOLADH

6.

Cigirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus ainm gach cigire arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7.

Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna eisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar longa atá i mbun dualgais dul ar bord agus cigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na long a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT chomh luath agus is féidir sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis a chur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail;

8.

Beidh doiciméad aitheantais iomchuí arna eisiúint ag údaráis an stáit bhrataí ina sheilbh ag gach cigire, agus beidh an doiciméad aitheantais sin san fhoirm atá léirithe i bpointe 21 den Iarscríbhinn seo;

9.

Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi phointe 16, stopfaidh soitheach atá faoi bhrat Páirtí Chonarthaigh agus atá ag iascach tuinníní nó éisc atá cosúil le tuinníní i limistéar an Choinbhinsiúin lasmuigh de na huiscí dá dhlínse náisiúnta má thugann long a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i bpointe 7 ar foluain uirthi agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach i mbun oibríochtaí iascaireachta iarbhír, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar atá sonraithe i bpointe 10 dul ar bord agus cuirfidh sé dréimire bordála ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, ar ghabháil agus ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le stát brataí an tsoithigh atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigire aon mhínithe a mheasann sé a bhfuil gá leo a iarraidh.

10.

Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh chigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Beidh an páirtí cigireachta chomh beag agus is féidir chun na dualgais atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11.

Agus é ag dul ar bord an tsoithigh, taispeánfaidh an cigire an doiciméadacht aitheantais a ndéantar cur síos uirthi i bpointe 8. Urramóidh an cigire rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air agus a chriú, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord;

Ní dhéanfaidh aon chigire níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil na moltaí sin ó Choimisiún ICCAT atá i bhfeidhm maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus é i mbun cigireachta, féadfaidh cigire aon chúnamh a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh an cigire tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh an cigire an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil é/í féin nó a chinntiú go gcuirtear leis an tuarascáil iad, a mheasann sé/sí a bheith oiriúnach agus síneoidh sé/sí na barúlacha sin.

12.

Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla stát brataí an tsoithigh ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimsítear aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13.

Mura nglacfar le cigire nó mura leanfar treoracha an chigire déileálfaidh stát brataí an tsoithigh a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin in aghaidh cigire náisiúnta.

14.

Déanfaidh an cigire a dhualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh sé faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15.

Déanfaidh Páirtithe Conarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhaíodh siad dá réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh forálacha an phointe seo aon oibleagáid ar Pháirtí Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Comhoibreoidh Páirtithe Conarthacha chun nósanna imeachta breithiúnacha nó de chineál eile a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo a éascú.

16.

(a)

Cuirfidh Páirtithe Conarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 15 Feabhra gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir an Rialacháin seo le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a thabhairt do Pháirtithe Conarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse seo, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí a mbeidh cigirí ar bord orthu.

(b)

Beidh feidhm ag na socruithe atá leagtha amach sa Rialachán seo agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir Páirtithe Conarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.

(a)

Déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an cigireacht. Luafaidh an cigire an folimistéar ina ndearnadh an cigireacht, agus déanfar cur síos ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil cigireachta.

(b)

Beidh an cigire i dteideal cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18.

Cuirfidh an cigire marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndearnadh cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid Choimisiún ICCAT is infheidhme maidir le stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin sa tuarascáil chigireachta.

19.

Féadfaidh an cigire grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d'aon ní eile a cheapann sé/sí is gá a thógáil ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán i bhfeidhm, dar leis/léi, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf dóibh a liostáil sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an stát brataí.

20.

Déanfaidh an cigire cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21.

Seo a leanas léirshamhail den chárta aitheantais do chigirí:

Image


IARSCRÍBHINN IX

Íoschaighdeáin maidir le nósanna imeachta fístaifeadta

Oibríochtaí aistrithe

1.

Cuirfear an gléas ríomhstórála ar a bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta aistrithe agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d'fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2.

Coinneofar an taifead bunaidh ar bord an tsoithigh gabhála nó, nuair is iomchuí, coinneoidh oibreoir an ghaiste nó na feirme é feadh na tréimhse iomlán údaraithe.

3.

Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifeadadh ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig an mbreathnóir réigiúnach de chuid ICCAT atá ar bord an tsoithigh pheas-saighne agus cóip eile chuig an mbreathnóir náisiúnta ar bord an tsoithigh tarraingthe, agus beidh an dearbhú aistrithe agus na gabhálacha gaolmhara lena mbaineann sí ag gabháil leis an dara cóip a luadh. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sin ach maidir le breathnóirí náisiúnta i gcás aistrithe idir soithí tarraingthe.

4.

Ní mór uimhir ICCAT maidir le húdarú aistrithe a thaispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.

5.

Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

6.

Roimh thús an aistrithe, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán chomh maith le píosa scannáin ag taispeáint an bhfuil tuinníní gorma sna caighin ghlactha agus deontóra cheana féin nó nach bhfuil.

7.

Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht aistrithe ar fad cumhdaithe aige.

8.

Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9.

Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála aistriú nua a iarraidh. Maidir leis an aistriú nua, déanfar na tuinníní gorma go léir atá sa chaighean glactha a aistriú go caighean eile agus ní mór an dara caighean a bheith folamh.

Oibríochtaí cur i gcaighean

1.

Cuirfear an gléas ríomhstórála ina bhfuil an fístaifead bunaidh ar fáil do bhreathnóir réigiúnach ICCAT a luaithe agus is féidir i ndiaidh dheireadh na hoibríochta cur i gcaighean agus déanfaidh sé é a thúsú láithreach d'fhonn aon ionramháil ina dhiaidh sin a sheachaint.

2.

Coinneoidh an fheirm an taifead bunaidh, nuair is infheidhme, feadh na tréimhse iomlán údaraithe.

3.

Cuirfear dhá chóip chomhionanna den fhístaifeadadh ar fáil. Seolfar cóip amháin chuig breathnóir réigiúnach ICCAT atá ar an bhfeirm.

4.

Beidh uimhir ICCAT maidir le húdarú cur i gcaighean á taispeáint ag tús agus/nó ag deireadh gach físeáin.

5.

Beidh am agus dáta an fhíseáin ar taispeáint i gcónaí feadh gach taifid físe.

6.

Roimh thús an chur i gcaighean, beidh oscailt agus dúnadh an lín/dorais le feiceáil ar an bhfíseán agus beidh sé soiléir an bhfuil nó nach bhfuil tuinníní gorma sna caighin fhaighte agus deontóra cheana féin.

7.

Beidh an fístaifead leanúnach gan aon stopadh ná gearrthacha agus beidh an oibríocht cur i gcaighean ar fad cumhdaithe aige.

8.

Beidh an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú.

9.

Mura bhfuil an fístaifead ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar an líon tuinníní gorma atáthar á aistriú, déanfaidh na húdaráis rialála oibríocht nua cur i gcaighean a iarraidh. Maidir leis an oibríocht nua cur i gcaighean, déanfar na tuinníní gorma go léir atá i gcaighean na feirme glactha a aistriú go caighean eile agus beidh an dara caighean folamh.


IARSCRÍBHINN X

Caighdeáin agus nósanna imeachta maidir leis na cláir agus na hoibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 46(2) go (7) agus in Airteagal 47(1)

A.   Córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid

Déanfar córais cheamaraí steiréascópacha a úsáid i gcomhthéacs oibríochtaí cur i gcaighean, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 46 den Rialachán seo, i gcomhréir leis an méid a leanas:

1.

Ní lú ná 20 % de líon na n-iasc atá á gcur i gcaighean déine samplála na n-iasc beo. Nuair is féidir sin ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, déanfar sampláil na n-iasc beo ar bhealach seicheamhach, trí cheann as gach cúig eiseamal a thomhas; is éard a bheidh sa sampla sin éisc a thomhaistear idir 2 mhéadar agus 8 méadar ón gceamara.

2.

Socrófar toisí an gheata aistrithe idir an caighean deontóra agus an caighean glactha ar uasleithead 10 méadar agus uasairde 10 méadar.

3.

Nuair a bheidh dáileadh ilmhódach i gceist le tomhais faid na n-iasc (dhá cheann nó níos mó de chohóirt ar mhéideanna difriúla), beifear in ann níos mó ná algartam coinbhéartachta amháin a úsáid don t-aon oibríocht amháin cur i gcaighean; úsáidfear na halgartaim is déanaí atá bunaithe ag SCRS chun fad go gabhal an eireabaill a choinbhéartú i meáchan iomlán, de réir chatagóir méide na n-iasc a tomhaiseadh le linn na hoibríochta cur i gcaighean.

4.

Déanfar tomhais steiréascópacha an fhaid a bhailíochtú roimh gach oibríocht cur i gcaighean trí bharra scála a úsáid ag fad idir 2 mhéadar agus 8 méadar.

5.

Nuair a chuirfear torthaí an chláir steiréascópaigh in iúl, sonrófar leis an bhfaisnéis an lamháil earráide a ghabhann le sonraíochtaí teicniúla an chórais cheamaraí steiréascópaigh, lamháil nach mbeidh raon níos mó ná +/- 5 % aici.

6.

Beidh sonraí maidir leis na sonraíochtaí teicniúla thuasluaite go léir sa tuarascáil faoi thorthaí an chláir steiréascópaigh, an déine samplála, an mhodheolaíocht samplála a leanadh, an fad ón gceamara, toisí an gheata aistrithe, agus na halgartaim (gaol idir fad agus meáchan) san áireamh. Déanfaidh SCRS athbhreithniú ar na sonraíochtaí sin, agus déanfaidh sé moltaí maidir lena modhnú más gá.

7.

I gcásanna nach bhfuil an píosa scannáin ón gceamara steiréascópach ar cháilíocht ard go leor le meastachán a dhéanamh ar mheáchan tuinníní gorma atá á gcur i gcaighean, déanfaidh údaráis an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach gabhála, as an ngaiste nó as an bhfeirm oibríocht nua cur i gcaighean a ordú.

B.   Torthaí na gclár a chur i láthair agus a úsáid

1.

Déanfar cinntí maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na COI nó gabhálacha gaiste iomlána, i gcás COIanna agus gabhálacha gaiste dírithe chuig saoráid feirme a bhaineann le CPC amháin agus/nó Ballstát. Déanfar an cinneadh maidir le difríochtaí idir an tuarascáil ghabhála agus na torthaí ó chlár an chórais steiréascópaigh ar leibhéal na n-oibríochtaí cur i gcaighean i gcás COI a bhfuil níos mó ná CPC amháin agus/nó Ballstát páirteach iontu, ach amháin i gcás go n-aontaíonn údaráis na CPCanna agus/nó na mBallstát brataí go léir de chuid na soithí gabhála atá páirteach sa COI a mhalairt.

2.

Cuirfidh an Ballstát atá freagrach as an bhfeirm tuarascáil ar fáil don Bhallstát nó don CPC atá freagrach as an soitheach gabhála nó as an ngaiste agus don Choimisiún, agus beidh na doiciméid seo a leanas inti:

(a)

tuarascáil theicniúil faoin gcóras steiréascópach lena n-áirítear:

faisnéis ghinearálta: speiceas, suíomh, caighean, dáta, algartam;

faisnéis staitistiúil faoi mhéid: an meánmheáchan agus an meánfhad, an t-íosmheáchan agus an t-íosfhad, an t-uasmheáchan agus an t-uasfhad, an líon iasc a sampláladh, dáileadh meáchain, dáileadh faid;

(b)

torthaí mionsonraithe an chláir, agus méid agus meáchan gach éisc a sampláladh;

(c)

tuarascáil maidir le cur i gcaighean lena n-áirítear:

faisnéis ghinearálta faoin oibríocht: uimhir na hoibríochta cur i gcaighean, ainm na feirme, uimhir an chaighin, uimhir BCD, uimhir ITD, ainm agus bratach an tsoithigh gabhála nó an ghaiste, ainm agus bratach an tsoithigh tarraingthe, dáta oibríocht an chórais steiréascópaigh agus ainm comhaid an phíosa scannáin;

an t-algartam a úsáideadh chun an fad a choinbhéartú i meáchan;

comparáid idir na méideanna a dearbhaíodh sa BCD agus na méideanna a fuarthas faoin gcóras steiréascópach, de réir líon na n-iasc, an mheánmheáchain agus an mheáchain iomláin (seo a leanas an fhoirmle a úsáidfear chun an difríocht a ríomh: (córas steiréascópach-BCD) / córas steiréascópach * 100;

lamháil earráide an chórais;

i gcás na dtuarascálacha cur i gcaighean a bhaineann le COIanna /gaistí, beidh achoimre chomh maith sa tuarascáil dheireanach maidir le cur i gcaighean ar an bhfaisnéis go léir sna tuarascálacha maidir le cur i gcaighean roimhe sin.

3.

Agus an tuarascáil ghabhála á fáil acu, déanfaidh údaráis Bhallstát an tsoithigh gabhála nó an ghaiste na bearta go léir is gá de réir na gcásanna seo a leanas.

(a)

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD laistigh de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,

déanfar an BCD a mhodhnú de réir an lín (trí líon na n-iasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe nó ó theicnící eile a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;

(b)

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD níos ísle ná raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

déanfar scaoileadh a ordú tríd an bhfigiúir is ísle de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh a úsáid,

déanfar na hoibríochtaí scaoilte i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 34(2) agus in Iarscríbhinn XI,

i ndiaidh na n-oibríochtaí scaoilte, déanfar an BCD a mhodhnú de réir an lín (trí líon na n-iasc a fuarthas ó úsáid na gceamaraí rialaithe lúide líon na n-iasc a scaoileadh a úsáid) agus an mheánmheáchain, ach ní dhéanfar an meáchan iomlán a mhodhnú;

(c)

tá an meáchan iomlán atá dearbhaithe ag an soitheach gabhála nó ag an ngaiste sa BCD níos airde ná an figiúr is airde de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh:

ní dhéanfar aon scaoileadh a ordú,

déanfar an BCD a mhodhnú don mheáchan iomlán (tríd an bhfigiúr is airde de raon thorthaí an chórais steiréascópaigh), do líon na n-iasc (ag úsáid na dtorthaí ó na ceamaraí rialaithe) agus don mheánmheáchan dá réir.

4.

Maidir le haon mhodhnú iomchuí ar an BCD, beidh na luachanna (líon agus meáchan) a chuirtear i Roinn 2 i gcomhréir leo siúd atá i Roinn 6, agus ní bheidh na luachanna i Roinn 3, Roinn 4 agus Roinn 6 níos airde ná iad siúd atá i Roinn 2.

5.

I gcás cúiteamh i leith difríochtaí a fuarthas idir tuarascálacha maidir le cur i gcaighean indibhidiúla thar gach cur i gcaighean de chuid COI/gaiste, cibé acu atá gá le hoibríocht scaoilte nó nach bhfuil, déanfar gach BCD iomchuí a mhodhnú ar bhonn an raoin is ísle de thorthaí an chórais steiréascópaigh. Déanfar BCD a bhaineann leis na cainníochtaí de thuinníní gorma a scaoileadh a mhodhnú freisin d'fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú. Na BCDanna a bhaineann le tuinníní gorma nár scaoileadh ach a bhfuil na torthaí ó na córais steiréascópacha nó teicnící eile difriúil leis na torthaí a tuairiscíodh a gabhadh agus a aistríodh, déanfar iad a leasú chun na difríochtaí sin a léiriú.

Na BCDanna a bhaineann leis na gabhálacha ón suíomh a rinneadh an oibríocht scaoilte, déanfar iad a mhodhnú freisin d'fhonn an meáchan/an líon a scaoileadh a léiriú.


IARSCRÍBHINN XI

Prótacal scaoilte

1.

Déanfar tuinníní gorma a scaoiltear isteach san fharraige ó chaighin feirmeoireachta a thaifeadadh le físcheamara agus déanfaidh breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT an scaoileadh a bhreathnú agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil in éineacht leis na fístaifid chuig Rúnaíocht ICCAT.

2.

I gcás inar eisíodh ordú scaoilte, iarrfaidh an t-oibreoir feirme breathnóir réigiúnach de chuid ICCAT a bheith i láthair.

3.

Déanfaidh breathnóir náisiúnta an Bhallstáit atá freagrach as an soitheach tarraingthe nó as an ngaiste scaoileadh tuinníní gorma ó chaighin iompair nó ó ghaistí isteach san fharraige a bhreathnú, agus dréachtóidh sé tuarascáil agus cuirfidh sé an tuarascáil chuig údaráis rialaithe an Bhallstát atá freagrach.

4.

Sula dtabharfar faoi oibríocht scaoilte, d'fhéadfadh údaráis rialaithe Bhallstát aistriú rialaithe a ordú le gnáthcheamaraí agus/nó le ceamaraí steiréascópacha chun meastachán a dhéanamh ar líon agus meáchan na n-iasc nach mór a scaoileadh.

5.

Féadfaidh údaráis Bhallstát aon bhearta breise a cheapann siad is gá a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar oibríochtaí scaoilte ag an am agus an suíomh is feiliúnaí d'fhonn an dóchúlacht go rachaidh na héisc ar ais chuig an stoc a mhéadú. Beidh an t-oibreoir freagrach as na héisc a choinneáil beo go dtí go mbeidh an oibríocht scaoilte déanta. Déanfar na hoibríochtaí scaoilte sin laistigh de thrí seachtaine ó dheireadh na n-oibríochtaí cur i gcaighean.

6.

Tar éis dheireadh na n-oibríochtaí saothraithe, déanfar éisc atá fós ar fheirm agus nach bhfuil cumhdaithe faoi BCD a scaoileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 34(2) agus san Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN XII

Ag déileáil le héisc marbha

Le linn oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí peas-saighne, déanfar na cainníochtaí d'éisc mharbha a aimsítear sa saighean a thaifeadadh i logleabhar an tsoithigh iascaireachta agus déanfar iad a bhaint de chuóta an Bhallstáit dá réir.

Ag taifeadadh éisc marbha le linn an chéad aistrithe agus ag déaileáil leo

(1)

Cuirfear an BCD ar fáil d'oibreoir an tsoithigh tarraingthe agus Roinn 2 (Gabháil iomlán), Roinn 3 (Trádáil in éisc bheo) agus Roinn 4 (Aistriú– éisc “mharbha” san áireamh) comhlánaithe.

Beidh na cainníochtaí iomlána a thuairisceofar i Roinn 3 agus i Roinn 4 cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 2. Beidh Dearbhú Aistrithe bunaidh ICCAT (ITD) ag gabháil leis an BCD i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. Beidh na cainníochtaí a thuairisceofar in ITD bunaidh ICCAT (beo-aistriú), cothrom leis na cainníochtaí a thuairisceofar i Roinn 3 den BCD lena mbaineann.

(2)

Déanfar macasamhail den BCD agus Roinn 8 (Faisnéis trádála) a chomhlánú agus a thabhairt d'oibreoir an tsoithigh choimhdeachta a thugann tuinníní gorma marbha i dtír (nó coinneofar iad ar an soitheach gabhála má tugadh go díreach i dtír iad). Beidh cóip de ITD ICCAT ag gabháil leis na héisc marbha sin agus leis an macasamhail den BCD.

(3)

Beidh na cainníochtaí d'éisc mharbha taifeadta in BCD an tsoithigh ghabhála a ghabh iad nó, i gcás COIanna, in BCD na soithí gabhála nó soithigh eile a bhfuil bratach eile ar foluain aige atá ag glacadh páirte sa COI.


IARSCRÍBHINN XIII

Tábla comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 302/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1 agus Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1)(a)

Airteagal 4(3) agus (5)

Airteagal 7

Airteagal 4(4), an dara fomhír

Airteagal 6(1)(a) agus (2)

Airteagal 4(6)(a), (b) agus an dara fomhír

Airteagal 54

Airteagal 4(6), an tríú fomhír

Airteagal 20(2)

Airteagal 4(7) go- (12)

Airteagal 4(13)

Airteagal 5(3)

Airteagal 4(15)

Airteagal 17

Airteagal 5(1)

Airteagal 6(1)(b)

Airteagal 5(2) — go (6)

Airteagal 9(1) go- (6)

Airteagal 5(7) agus an chéad fhomhír de mhír 9

Airteagal 5(9) an dara fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11 agus Airteagal 12

Airteagal 8

Airteagal 17

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 9(3), (4), (5) agus (7) go (10)

Iarscríbhinn I

Airteagal 9(6)

Airteagal 9(11)

Airteagal 14(3)

Airteagal 9(12) go (15)

Airteagal 15

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 16(2), (3) agus (5)

Airteagal 12 (1) go (4)

Airteagal 19

Airteagal 12(5)

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 19

Airteagal 13(4)

Airteagal 14 (1), (2), (3) agus (5)

Airteagal 20

Airteagal 14(4)

Airteagal 22(1)

Airteagal 15

Airteagal 23

Airteagal 16

Airteagal 29(1),(3) agus (4)

Airteagal 17

Airteagal 30

Airteagal 18(1)

Airteagal 25

Airteagal 18(2)

Iarscríbhinn II

Airteagal 19

Airteagal 24(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(1) agus (2)

Airteagal 26(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(3) agus (4)

Airteagal 27

Airteagal 21

Airteagal 31(1) go (4) agus (6)

Airteagal 22(1) agus an chéad fhomhír de mhír 2

Airteagal 33(1), (3) agus (5)

Airteagal 22(2) an dara fomhír

Airteagal 34(1)

Airteagal 22(3)

Airteagal 34(2)

Airteagal 22(4)

Airteagal 38(1),(2) agus (3)

Airteagal 22(5)

Iarscríbhinn II

Airteagal 22(6)

Airteagal 33(6)

Airteagal 22(7)

Airteagal 35(1) agus Iarscríbhinn IX

Airteagal 22(8) agus an chéad fhomhír de mhír 9

Airteagal 36

Airteagal 22(9), an dara fomhír

Airteagal 22(10)

Airteagal 39

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 24(1)

Airteagal 47(1)

Airteagal 24(2), (4) agus (6)

Airteagal 40(2) go (5)

Airteagal 24(3)

Airteagal 41(1) agus (2)

Airteagal 24(5)

Airteagal 42

Airteagal 24(7)

Airteagal 44(1) agus Iarscríbhinn IX

Airteagal 24(8), an chéad fhomhír

Airteagal 45(1) agus (2)

Airteagal 24(9)

Airteagal 24(10)

Airteagal 48

Airteagal 24 a

Iarscríbhinn X

Airteagal 25

Airteagal 49

Airteagal 26(1)

Airteagal 26(4)

Airteagal 26(2)

Airteagal 27(1)

Airteagal 26(3)

Airteagal 26(5)

Airteagal 27(1)

Airteagal 31(5)

Airteagal 27(2)

Airteagal 41

Airteagal 27(3)

Airteagal 3 pointe (24)

Airteagal 28

Airteagal 55

Airteagal 29

Airteagal 52

Airteagal 30

Airteagal 50

Airteagal 31(1) agus (2) (a), (b), (c) agus (h)

Airteagal 51(2) go (6)

Airteagal 31(2)(d) go (g)

Iarscríbhinn VII

Airteagal 31(3) agus (4)

Iarscríbhinn VII

Airteagal 32

Airteagal 35(2), (3) agus (4)

Airteagal 44(2), (3) agus (4)

Airteagal 33

Airteagal 33a

Airteagal 53

Airteagal 34

Airteagal 56

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 57

Airteagal 38

Airteagal 58

Airteagal 38a

Airteagal 59(1) agus (2)

Airteagal 39

Airteagal 60

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 61