16.9.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
80 |
RIALACHÁN (AE) 2016/1626 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Meán Fómhair 2016
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an méid seo a leanas:
(1) |
Na húdaráis náisiúnta a bhfuil sé de chúram orthu chuireann feidhmeanna garda cósta a chomhlíonadhi gcrích, tá freagracht orthu i leith raon leathan cúraimí, lena n áirítear a bhféadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú ag teorainneacha, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil a bheith ar áireamh leo. |
(2) |
An Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle (3) dá ngairtear de ghnáth an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna bunú le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tacaíonn siad leis na húdaráis náisiúnta i bhfeidhmiú na coda is mó de na feidhmeanna sin. |
(3) |
Ba cheart do na gníomhaireachtaí sin, dá bhrí sin, a gcomhar a neartú le chéile agus leis na húdaráis náisiúnta sin a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, chun feasacht ar dhálaí muirí a mhéadú agus chun tacú le gníomhaíocht chomhleanúnach chost-éifeachtúil. |
(4) |
Ba cheart an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a thabhairt ar an nGníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 mar a leanas:
(1) |
Sa teideal agus in Airteagal 1, cuirtear na focail “an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach” in ionad na bhfocal “an Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach”; |
(2) |
In Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1)." (**) Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).”;" |
(3) |
Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 7a Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta 1. I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal idirnáisiúnta, mar seo a leanas:
2. Is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na gníomhaireachtaí, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Déanfaidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí agus na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach socrú den sórt sin a fhormheas. 3. Déanfaidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm moladh.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meán Fómhair 2016.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
M. SCHULZ
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
I. KORČOK
(1) Tuairim an 25 Bealtaine 2016 (IO C 303, 19.8.2016, lch. 109).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 ón gComhairle lena mbunaítear córas um rialú is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1)
(4) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).