30.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 176/1


RIALACHÁN (AE) 2016/1035 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle (2) a leasú go suntasach (3). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Mar thoradh ar idirbheartaíocht iltaobhach a rinneadh faoi choimirce na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, cuireadh Comhaontú um Ghnáthdhálaí Iomaíochta a Urramú sa Tionscal Longthógála agus Longdheisithe Tráchtála (“an Comhaontú Longthógála”) i gcrích an 21 Nollaig 1994.

(3)

I gcreat an Chomhaontaithe Longthógála, aithníodh nach raibh sé praiticiúil, i ngeall ar thréithe speisialta a bhaineann le hidirbhearta um cheannach loinge, dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála a chur i bhfeidhm orthu, dleachtanna dá bhforáiltear faoi Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, faoin gComhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh, agus faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 a Chur Chun Feidhme (“Comhaontú Frithdhumpála 1994”) atá i gceangal leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Mar thoradh ar an ngá modh éifeachtach cosanta a chur ar fáil i gcoinne longa a dhíol faoina ngnáthluach, rud a dhéanann díobháil, cuireadh Cód um Phraghsáil Dhíobhálach Longthógála i gcrích agus, in éineacht leis na Bunphrionsabail a ghabhann leis, sin Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú Longthógála (“Cód IPI”).

(4)

Tá téacs Chód IPI bunaithe ar Chomhaontú Frithdhumpála 1994 den chuid is mó, ach imíonn sé ón gComhaontú sin nuair atá údar leis i ngeall ar an ngné speisialta a bhaineann le hidirbhearta um cheannach loinge. Dá bhrí sin, ba cheart an teanga atá in Cód IPI a léiriú i reachtaíocht an Aontais bunaithe ar théacs Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid is féidir.

(5)

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gComhaontú Longthógála agus na forálacha reachtacha a eascraíonn uaidh do dhlí an Aontais.

(6)

Chun an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí a bunaíodh faoin gComhaontú Longthógála a choinneáil, ba cheart don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne aon soithigh a bhfuil praghas díobhálach air, a dhéanann díobháil don tionscal de chuid an Aontais má dhíoltar é faoi bhun an ghnáthluacha.

(7)

Maidir le tógálaithe long ó Pháirtithe Conarthacha sa Chomhaontú Longthógála, ní fhéadfaidh díolachán soithí bheith faoi réir imscrúdú an Aontais ach amháin más ceannaitheoir ón Aontas ceannaitheoir an tsoithigh, agus ar choinníoll nach soitheach míleata é an long.

(8)

Is inmhianaithe rialacha soiléire agus mionsonraithe maidir le ríomh an ghnáthluacha a leagan amach. Go háirithe, ba cheart luach den sórt sin a bheith bunaithe, nuair is féidir, ar dhíolachán ionadaíoch soithigh chomhchosúil mar ghnáthchuid den trádáil sa tír onnmhairiúcháin. Is caoithiúil sainiú a dhéanamh ar na himthosca ina bhféadtar a mheas go ndéantar caillteanas ar dhíolachán intíre agus go bhféadtar é a chur as an áireamh, agus ina bhféadtar dul ar iontaoibh díolachán soithigh chomhchosúil le tríú tír, nó dul ar iontaoibh gnáthluacha ríofa. Is inmhianaithe freisin foráil a dhéanamh do leithdháileadh ceart costas, fiú amháin i gcásanna oibríochtaí atá díreach tosaithe. Tá sé riachtanach freisin, agus an gnáthluach á ríomh, an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun méideanna na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin, agus an corrlach brabúis a chur san áireamh i luach den sórt sin, a lua.

(9)

Chun bheith in ann an ionstraim um phraghsáil dhíobhálach a chomhrac a chur i bhfeidhm i gceart, ba cheart don Choimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun bailíocht na muirear cuntasaíochta sna hilchuideachtaí agus sna gabháltais mhóra i dtríú tíortha a fháil amach, nuair is gá meastachán a dhéanamh ar struchtúr an chostphraghais.

(10)

Agus an gnáthluach do thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu á chinneadh, is léir gur beart stuama é rialacha a leagan amach maidir leis an tríú tír iomchuí a bhfuil geilleagar margaidh aici a roghnú le húsáid chun na críche sin agus, i gcás nach féidir tríú tír iomchuí a fháil, a fhoráil gur féidir an gnáthluach a shuíomh ar aon bhonn réasúnach eile.

(11)

Is caoithiúil an praghas onnmhairiúcháin a shainiú agus liosta a dhéanamh de na coigeartuithe ar cheart a dhéanamh sna cásanna sin ina meastar gur gá an praghas sin a athchóiriú ón gcéad phraghas ón margadh oscailte.

(12)

Chun críocha comparáid chothrom a áirithiú idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach a áirithiú, moltar liosta a dhéanamh de na fachtóirí a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do phraghsanna agus d'inchomparáideacht praghsanna, lena n-áirítear pionóis chonarthacha.

(13)

Is inmhianaithe treoir shoiléir agus mhionsonraithe a sholáthar i dtaca leis na fachtóirí a d'fhéadfadh a bheith ábhartha lena chinneadh i dtaobh an ndearna an díolachán ar phraghas díobhálach díobháil ábhartha nó an bhfuil baol ann go ndéanfadh sé díobháil ábhartha. Agus é á thaispeáint go ndearna leibhéal praghsanna an díolacháin lena mbaineann díobháil don tionscal de chuid an Aontais, ba cheart aird a thabhairt ar an tionchar atá ag fachtóirí eile agus, go háirithe, ar na dálaí margaidh atá i réim san Aontas.

(14)

Tá sé inmholta an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a shainmhíniú trí thagairt a dhéanamh don chumas soitheach comhchosúil a thógáil agus foráil a dhéanamh go bhféadfar páirtithe a bhfuil baint acu le honnmhaireoirí a eisiaimh ó thionscal den sórt sin, agus an téarma “baint” a shainmhíniú.

(15)

Is gá na coinníollacha nós imeachta agus substainteacha maidir le gearán i gcoinne praghsáil dhíobhálach a thaisceadh, lena n-áirítear an méid is ceart don tionscal de chuid an Aontais tacú leis, agus an fhaisnéis faoi cheannaí an tsoithigh, praghsáil dhíobhálach, díobháil nó cúisíocht is ceart a bheith i ngearán den sórt sin a leagan amach. Is caoithiúil freisin na nósanna imeachta maidir le diúltú do ghearáin nó imeachtaí a thionscnamh a shonrú.

(16)

I gcás ina bhfuil ceannaitheoir an tsoithigh a bhfuil praghas díobhálach air bunaithe i gcríoch Páirtí Chonarthaigh eile den Chomhaontú Longthógála, féadfar iarraidh a bheith sa ghearán go ndéanfadh údaráis an Pháirtí Chonarthaigh sin imscrúdú a thionscnamh sa ghearán freisin. Ba cheart iarraidh den sórt sin a tharchur chuig údaráis an Pháirtí Chonarthaigh, má tá údar leis sin.

(17)

Nuair is iomchuí, féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin nuair a dhéanann údaráis de Pháirtí Conarthach sa Chomhaontú Longthógála gearán i scríbhinn, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus faoi choinníollacha an Chomhaontaithe Longthógála.

(18)

Is gá a shonrú an bealach ar cheart fógra a thabhairt do pháirtithe leasmhara i leith na faisnéise atá de dhíth ar na húdaráis. Ba cheart neart deiseanna a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun an fhianaise ábhartha uile a thíolacadh agus a leasanna a chosaint. Is inmhianaithe freisin na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint i rith an imscrúdaithe a leagan amach go soiléir, go háirithe na rialacha faoina gcuireann páirtithe leasmhara iad féin in iúl, faoina gcuireann siad a dtuairimí in iúl, faoina dtugann siad faisnéis laistigh de theorainneacha ama sonraithe, más rud é go bhfuil tuairimí agus faisnéis den sórt sin le cur san áireamh. Is iomchuí freisin na coinníollacha a leagan amach faoina bhféadfaidh páirtí leasmhar rochtain a fháil ar fhaisnéis arna tíolacadh ag páirtithe leasmhara eile, agus barúlacha a thabhairt fúithi. Ba cheart comhar a bheith ann freisin idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus faisnéis á bailiú.

(19)

Is gá foráil a dhéanamh gur cheart foirceannadh cásanna, is cuma má dhéantar muirear praghsála díobhálaí a ghearradh nó nach ndéantar, a dhéanamh bliain amháin ar a dhéanaí ón dáta tionscnaimh nó ó dháta seachadta an tsoithigh, de réir mar a bheidh.

(20)

Ba cheart imscrúduithe nó imeachtaí a fhoirceannadh i gcásanna inar corrlach praghsála díobhálaí de minimis atá ann.

(21)

Féadfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuirtear díolachán an tsoithigh a bhfuil praghas díobhálach air ar neamhní go cinntitheach gan choinníoll nó má ghlactar le leigheas coibhéiseach eile. Mar sin féin, an gá gan baint amach na haidhme atá á saothrú faoin Rialachán seo a chur i mbaol, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar conas a dhéanfar sin.

(22)

Ba cheart muirear praghsála díobhálaí atá comhionann leis an gcorrlach praghsála díobhálaí a ghearradh trí chinneadh ar an tógálaí long a rinne díobháil don tionscal de chuid an Aontais trí shoitheach a dhíol ar phraghas díobhálach, i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha go léir dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart rialacha beachta agus mionsonraithe a leagan síos maidir le cinneadh den sórt sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear gach beart is gá chun é a fhorfheidhmiú go hiarbhír, go háirithe frithbhearta a dhéanamh mura n-íocann an tógálaí long an muirear praghsála díobhálaí laistigh den teorainn ama is infheidhme.

(23)

Is gá rialacha beachta a leagan amach maidir leis an gceart lódála agus dílódála i gcalafoirt an Aontais a dhiúltú do shoithí arna dtógáil ag tógálaithe long atá faoi réir frithbheart.

(24)

Ní théann an oibleagáid chun an muirear praghsála díobhálaí a íoc in éag ach amháin má dhéantar muirear den sórt sin a íoc ina iomláine nó ag deireadh na tréimhse a bhfuil feidhm ag na frithbhearta lena linn.

(25)

Níor cheart aon ghníomhaíocht a dhéantar faoin Rialachán seo a bheith contrártha do leas an Aontais.

(26)

Agus é ag gníomhú de bhun an Rialacháin seo, ba cheart don Aontas an gá atá le gníomhaíocht thapa agus éifeachtach a choinneáil i gcuimhne.

(27)

Is caoithiúil foráil a dhéanamh maidir le cuairteanna fíorúcháin chun faisnéis arna cur isteach maidir le praghsáil dhíobhálach agus maidir le díobháil a sheiceáil, ach ní fhéadfar cuairteanna den sórt sin a thabhairt mura bhfuarthas freagraí iomchuí ar cheistneoirí.

(28)

Is gá a fhoráil, i gcás nach gcomhoibríonn páirtithe go sásúil, go bhféadfar faisnéis eile a úsáid chun na torthaí a bhunú agus go bhféadfadh sé nach mbeadh faisnéis den sórt sin chomh fabhrach do na páirtithe agus a bheadh dá gcomhoibreoidís.

(29)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le déileáil le faisnéis rúnda sa chaoi nach nochtar rúin ghnó.

(30)

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le fíorais bhunriachtanacha agus breithnithe a nochtadh go cuí do pháirtithe atá cáilithe do dhéileáil den sórt sin agus go ndéantar nochtadh den sórt sin, ag féachaint go cuí don phróiseas cinnteoireachta san Aontas, laistigh de theorainn ama inar féidir le páirtithe a leasanna a chosaint.

(31)

Ceanglaítear coinníollacha aonfhoirmeacha le cur chun feidhme na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo chun na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabail agus sainmhínithe

1.   Féadfar muirear praghsála díobhálaí a ghearradh ar thógálaí aon soithigh a bhfuil praghas díobhálach air, a ndéantar díobháil nuair a dhíoltar í do cheannaitheoir nach ceannaitheoir i dtír tionscnaimh an tsoithigh é.

2.   Measfar go bhfuil praghsáil dhíobhálach déanta ar shoitheach más rud é go bhfuil praghas onnmhairiúcháin an tsoithigh atá á dhíol níos lú ná praghas inchomparáide ar shoitheach comhchosúil, agus é á dhíol i ngnáthchúrsa trádála, chuig ceannaitheoir ón tír onnmhairiúcháin.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “soitheach” aon soitheach féinghluaiste muirghabhála 100 tona comhlán nó níos mó, a úsáidtear chun earraí nó daoine a iompar nó chun sainseirbhís a dhéanamh (mar shampla, bristeoirí oighir agus dreidirí) agus aon tuga 365 kW nó níos mó;

(b)

ciallaíonn “soitheach comhchosúil” aon soitheach den chineál céanna a bhfuil an cuspóir céanna leis agus atá thart ar an méid céanna leis an soitheach atá i gceist agus a bhfuil tréithe aige atá an-chosúil le tréithe an tsoighigh atá i gceist;

(c)

ciallaíonn “soitheach den chatagóir ginearálta céanna” aon soitheach den chineál céanna a bhfuil an cuspóir céanna leis, ach a bhfuil difear suntasach sa mhéid ann;

(d)

cumhdaíonn “díolachán” leas úinéireachta sa soitheach a chruthú nó a aistriú, seachas leas úinéireachta arna chruthú nó arna fháil chun na críche urrús a sholáthar do ghnáthiasacht tráchtála, agus chun na críche sin amháin;

(e)

cuimsíonn “leas úinéireachta” aon leas conarthach nó dílsithe a chuireann ar chumas tairbhí nó tairbhithe leasa den sórt sin buntáiste a bhaint as oibriú an tsoithigh ar bhealach atá inchomparáide go substaintiúil leis an gcaoi ar féidir le húinéir leas a bhaint as oibriú an tsoithigh. Agus cinneadh á dhéanamh an ann d'inchomparáideacht shubstaintiúil den sórt sin, cuirfear na fachtóirí seo a leanas, inter alia, san áireamh:

(i)

téarmaí agus dálaí an idirbhirt;

(ii)

an cleachtas tráchtála sa tionscal;

(iii)

cé acu atá an soitheach atá faoi réir an idirbhirt comhtháite in oibríochtaí an tairbhí nó na dtairbhithe nó nach bhfuil; agus

(iv)

cé acu atá dóchúlacht ann go hiarbhír go mbainfidh tairbhí nó tairbhithe leasanna den sórt sin buntáiste as oibriú an tsoithigh, agus an riosca a ghlacadh chuige nó chucu féin, ar feadh cuid shuntasach de shaolré an tsoithigh nó nach bhfuil;

(f)

ciallaíonn “ceannaitheoir” aon duine nó aon chuideachta a fhaigheann leas úinéireachta, lena n-áirítear trí léas nó cairtfhostú lom fadtéarmach, i gcomhar leis an aistriú bunaidh ón tógálaí long, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear duine nó cuideachta is úinéir ceannaitheora nó a rialaíonn ceannaitheoir, nó a thugann treoracha don cheannaitheoir. Is úinéir ceannaitheora é duine nó cuideachta má tá leas os cionn 50 % aige nó aici sa cheannaitheoir. Rialaíonn duine nó cuideachta ceannaitheoir nuair is féidir leis an duine nó leis an gcuideachta, ó thaobh an dlí nó ó thaobh cúrsaí oibríochta de, srian nó treoir a chur ar an gceannaitheoir, agus toimhdítear gur leas 25 % atá i gceist anseo. Má dhéantar úinéireacht ar cheannaitheoir a léiriú, déantar toimhde de nach bhfuil rialú ar leithligh air ach amháin má léirítear a mhalairt. Féadfar níos mó ná ceannaitheoir amháin a bheith ag aon soitheach amháin;

(g)

ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta arna bunú nó aon ghnóthas arna bhunú faoin dlí sibhialta nó tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile arna rialú ag dlí poiblí nó príobháideach, bíodh siad brábúsmhar nó neamhbhrábúsmhar;

(h)

ciallaíonn “Páirtí Conarthach” aon tríú tír ar páirtí í sa Chomhaontú Longthógála.

Airteagal 2

Praghsáil dhíobhálach a chinneadh

1.   Beidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a d'íoc ceannaitheoir neamhspleách sa tír onnmhairiúcháin nó atá le híoc aige, i ngnáthchúrsa trádála, as soitheach comhchosúil.

2.   Ní fhéadfar praghsanna idir páirtithe ar cosúil go bhfuil comhlachas eatarthu nó socrú cúitimh acu le chéile a mheas mar phraghsanna i ngnáthchúrsa trádála agus ní fhéadfar iad a úsáid chun an gnáthluach a shocrú ach amháin má chinntear nach bhfuil tionchar ag an gcaidreamh sin orthu.

3.   I gcás nár díoladh soithí comhchosúla i ngnáthchúrsa trádála, nó i gcás nach féidir comparáid cheart a dhéanamh ar bhonn díolacháin den sórt sin, i ngeall ar an staid shonrach an mhargaidh sin, déanfar gnáthluach an tsoithigh chomhchosúil a ríomh ar bhonn praghas onnmhairiúcháin soithigh chomhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, chuig tríú tír iomchuí, ar choinníoll go bhfuil an praghas sin ionadaíoch. Mura bhfuil díolacháin den sórt sin chuig aon tríú tír iomchuí ann nó mura féidir comparáid cheart a dhéanamh ar bhonn na ndíolachán sin, déanfar gnáthluach na soithí comhchosúla a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe sa tír tionscnaimh móide méid réasúnta do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis.

4.   Díolacháin soithí comhchosúla i margadh intíre na tíre onnmhairiúcháin, nó díolacháin onnmhairiúcháin chuig tríú tír, ar phraghsanna faoi bhun chostais táirgthe an aonaid (idir sheasta agus inathraitheach) móide costais díola, ghinearálta agus riaracháin, ní fhéadfar glacadh leo mar chostais nach dtagann as gnáthchúrsa trádála ar chúiseanna praghais, agus ní fhéadfar neamhaird a thabhairt orthu agus an gnáthluach á shocrú, ach amháin má chinntear go bhfuil díolacháin den sórt sin á ndéanamh ar phraghsanna a fhágfaidh nach féidir na costais go léir a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnta, ar cheart a bheith ina tréimhse cúig bliana de ghnáth.

5.   Déanfar costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifid arna gcoinneáil ag an tógálaí long atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go bhfuil taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo sa tír lena mbaineann agus go léirítear go dtugann na taifid léiriú réasúnta ar na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolachán an tsoithigh atá i gceist.

Tabharfar aird ar fhianaise a cuireadh isteach maidir le leithdháileadh ceart na gcostas, ar choinníoll go léirítear gur úsáideadh leithdháilte den sórt sin go stairiúil. In éagmais modh níos iomchuí, tabharfar tús áite do leithdháileadh na gcostas ar bhonn láimhdeachais. Mura léiríodh é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú iomchuí ar na costais a bhaineann leis na míreanna neamh-athfhillteacha costais a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó atá chun leasa táirgeachta i láthair na huaire, nó le cásanna ina bhfuil tionchar ag oibríochtaí atá díreach tosaithe ar na costais.

6.   Beidh na méideanna do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le soithí comhchosúla a dhíolann agus a tháirgeann an tógálaí long atá faoi imscrúdú, i ngnáthchúrsa trádála. I gcásanna nach féidir méideanna den sórt sin a shocrú ar an mbonn sin, féadfar na méideanna a shocrú ar bhonn na nithe seo a leanas:

(a)

meán ualaithe na méideanna iarbhír arna socrú do thógálaithe long eile sa tír tionscnaimh i ndáil le táirgeadh agus díolacháin soithí comhchosúla ar mhargadh intíre na tíre sin;

(b)

na méideanna iarbhír is infheidhme maidir le táirgeadh agus díolacháin soithí den chatagóir ginearálta céanna, i ngnáthchúrsa trádála, don tógálaí long atá i gceist i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(c)

aon mhodh réasúnta eile, ar choinníoll nach bhfuil an méid don bhrabús a shocrófar leis an modh sin níos mó ná an brabús a dhéanfaidh togálaithe long eile de ghnáth ar dhíolacháin soithí den chatagóir ginearálta céanna ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh.

Lena chois sin, beidh an brabús a chuirfear leis agus luach tógála á ríomh, i ngach cás, bunaithe ar an meánbhrabús arna dhéanamh thar thréimhse réasúnta ama, sé mhí de ghnáth roimh an díolachán atá faoi imscrúdú agus ina dhiaidh, agus léireoidh sé brabús réasúnta tráth díolacháin den sórt sin. Agus ríomh den sórt sin á dhéanamh, cuirfear deireadh le haon saobhadh a dtaispeántar go mbeidh brabús tráth an díolacháin nach brabús réasúnta é mar thoradh air.

7.   I ngeall ar an aga fada idir an conradh agus seachadadh soithí, ní bheidh san áireamh sa ghnáthluach costais iarbhíre a dtaispeánann an tógálaí long gur costais de thoradh force majeure atá iontu agus atá i bhfad níos mó ná an méadú costais a bhféadfadh an tógálaí long bheith ag súil leis le réasún agus a chur san áireamh nuair a socraíodh na téarmaí ábhartha díolacháin.

8.   I gcás díolacháin ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu agus, go háirithe, tíortha a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir leo, déanfar an gnáthluach a shocrú ar bhonn an phraghais nó an luacha ríofa i dtríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici, nó ar bhonn an phraghais ó thríú tír den sórt sin chuig tíortha eile, an tAontas san áireamh, nó, nuair nach féidir an méid sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnta eile, lena n-áirítear an praghas iarbhír a íocadh nó atá le híoc san Aontas ar an soitheach comhchosúil, arna choigeartú más gá chun corrlach brabúis réasúnta a chur san áireamh.

Roghnófar tríú tír iomchuí a bhfuil geilleagar margaidh aici ar bhealach nach bhfuil míréasúnta, ag tabhairt aird iomchuí ar aon fhaisnéis iontaofa arna cur ar fáil tráth an roghnúcháin. Tabharfar aird ar theorainneacha ama freisin.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas, go gairid tar éis an t-imscrúdú a thionscnaimh, faoin tríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici atá beartaithe agus tabharfar 10 lá dóibh chun a dtuairimí a thabhairt.

9.   An praghas onnmhairiúcháin, beidh sé cothrom leis an bpraghas iarbhír a íocadh nó atá le híoc don soitheach atá i gceist.

10.   I gcásanna nach bhfuil praghas onnmhairiúcháin ann nó más cosúil go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas nó socrú cúitimh idir an tógálaí long agus an ceannaitheoir nó tríú páirtí, féadfar an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar bhonn an phraghais ar a athdhíolfar an soitheach den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách, nó, mura ndéanfar an soitheach a athdhíol le ceannaitheoir neamhspleách nó nach ndéanfar é a athdhíol sa riocht céanna ar díoladh é ar an gcéad dul síos, ar aon bhonn réasúnta.

Sna cásanna sin, déanfar coigeartú do gach costas, lena n-áirítear dleachtanna agus cánacha, arna dtabhú idir an chéad díolachán agus an t-athdhíolachán, agus coigeartú do bhrabúis arna dtabhú, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a shocrú.

Ar na nithe a ndéanfar coigeartú ina leith, beidh na nithe sin a ghlacann ceannaitheoir chuige féin de ghnáth ach a íocann aon pháirtí, bíodh an páirtí sin laistigh nó lasmuigh den Aontas, ar cosúil go bhfuil sé comhlachaithe leis an tógálaí long nó leis an gceannaitheoir nó go bhfuil socrú cúitimh aige leis, lena n-áirítear na gnáthchostais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, gnáthdhleachtanna custaim agus cánacha eile atá le híoc sa tír allmhairiúcháin i dtaca le ceannach an tsoithigh agus corrlach réasúnta do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus don bhrabús.

11.   Déanfar comparáid chothrom idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach. Déanfar an chomparáid seo ar an leibhéal trádála céanna agus i ndáil le díolacháin arna ndéanamh ag an tráth is gaire is féidir don tráth céanna, rud a chiallaíonn de ghnáth diolacháin arna ndéanamh laistigh de thrí mhí roimh an díolachán atá faoi imscrúdú nó ina dhiaidh, nó, in éagmais díolacháin den sórt sin, aon tréimhse iomchuí. Cuirfear difríochtaí a dhéanann difear d'inchomparáideacht praghsanna i ngach cás san áireamh de réir mar is iomchuí sa chás sin, lena n-áirítear difríochtaí maidir le coinníollacha agus téarmaí díolacháin, pionóis chonarthacha, cáin, leibhéal trádála, cainníochtaí, tréithe fisiciúla, agus aon difríochtaí eile a dtaispeántar mar dhifríochtaí a dhéanann difear d'inchomparáideacht praghsanna. Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear i mír 10, gur imríodh tionchar ar inchomparáideacht praghsanna, socrófar an gnáthluach ar leibhéal trádála atá comhionann le leibhéal trádála an phraghais onnmhairiúcháin ríofa, nó cuirfear sin san áireamh mar is iomchuí, má tá údar leis sin, faoin mír seo. Seachnófar aon dúbailt agus coigeartuithe á ndéanamh, go háirithe maidir le lascainí agus pionóis chonarthacha. Más gá airgeadraí a thiontú chun na praghsanna a chur i gcomparáid, déanfar an tiontú sin de réir an ráta malartaithe ar an dáta díolacháin, ach i gcás díolacháin airgeadra eachtraigh ar réamh — mhargaí atá nasctha go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, úsáidfear ráta malartaithe an réamhdhíola. Chun críche na forála seo, beidh an dáta díolacháin comhionann leis an dáta ar a socrófar na téarmaí ábhartha díolacháin, dáta an chonartha de ghnáth. Má dhéantar na téarmaí ábhartha díolacháin a athrú go suntasach ar dháta eile, áfach, ba cheart an ráta malartaithe ar dháta an athraithe a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, déanfar coigeartuithe iomchuí chun aon tionchar míréasúnta ar an gcorrlach praghsála díobhálaí a imríodh de dheasca luaineachta ar an ráta malartaithe idir an chéad dáta díolacháin agus dáta an athraithe, agus é sin amháin, a chur san áireamh.

12.   Faoi réir na bhforálacha ábhartha a rialaíonn comparáid chothrom, socrófar de ghnáth an bhfuil corrlaigh phraghsála díobhálaí ann nó nach bhfuil ar bhonn comparáide idir gnáth-mheánluach ualaithe agus meán ualaithe na bpraghsanna do na díolacháin go léir, nó ar bhonn comparáide idir gnáthluachanna aonair agus praghsanna onnmhairiúcháin aonair de réir an idirbhirt. Féadfar gnáthluach atá bunaithe ar mheán ualaithe a chur i gcomparáid le praghsanna na ndíolachán aonair go léir, áfach, má tá patrún praghsanna onnmhairiúcháin a bhfuil difríocht shuntasach i gceist leis idir ceannaitheoirí, réigiúin nó tréimhsí difriúla, agus más rud é nach léireodh na modhanna atá sonraithe sa chéad abairt den mhír seo méid iomlán na praghsála díobhálaí atá á déanamh.

13.   Is é an méid a sháraíonn an gnáthluach an praghas onnmhairiúcháin an corrlach praghsála díobhálaí a bheidh ann. I gcás ina bhfuil corrlaigh phraghsála díobhálaí difriúla ann, féadfar meánchorrlach praghsála díobhálaí ualaithe a bhunú.

Airteagal 3

Díobháil a chinneadh

1.   De bhun an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, baol díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moilliú ábhartha ar bhunú tionscail den sórt sin, agus léireofar é i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.   Beidh cinneadh go bhfuil díobháil ann bunaithe ar fhianaise dhearfach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar na nithe seo a leanas i gceist leis:

(a)

an tionchar atá ag an díolachán ar phraghas níos lú ná an gnáthluach ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais do shoithí comhchosúla; agus

(b)

an tionchar a bheidh ag an díolachán sin ar an tionscal de chuid an Aontais dá bharr.

3.   Maidir le tionchar ar phraghsanna atá ag an díolachán ar phraghas atá níos lú ná an gnáthluach, cuirfear san áireamh ar tharla sé go ndearnadh sladghearradh praghais suntasach de thoradh an díolacháin ar níos lú ná an gnáthluach i gcomparáid le praghas soithí comhchosúla den tionscal de chuid an Aontais nó an bhfuil sé mar thionchar ag an díolachán sin praghsanna a bhrú síos go suntasach nó méaduithe ar phraghsanna, a thitfeadh amach murach sin, a chosc go suntasach. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a bhaint as aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí sin.

4.   I gcás ina bhfuil díolacháin soithí ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe praghsála díobhálaí go comhuaineach, ní dhéanfar tionchar an díolachán sin a mheas go carnach ach amháin má chinntear:

(a)

go bhfuil an corrlach praghsála díobhálaí arna socrú i ndáil leis na ceannacháin ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainithe in Airteagal 7(3); agus

(b)

gur iomchuí measúnú carnach ar thionchair na ndíolachán oiriúnach i bhfianaise na ndálaí iomaíochta idir soithí arna ndíol ag tógálaithe long neamh-Aontais chuig an gceannaitheoir agus na dálaí iomaíochta idir soithí den sórt sin agus soithí comhchosúla an Aontais.

5.   An scrúdú ar an tionchar atá ag an díolachán ar níos lú ná an gnáthluach ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, cuimseoidh sé gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch ábhartha a mbeidh tionchar acu ar staid an tionscail, lena n-áirítear tionscal a bheith fós ag teacht chuige féin ón tionchar a bhí ag dumpáil, praghsáil dhíobhálach nó fóirdheonú san am atá thart, méid an chorrlaigh iarbhír praghsála díobhálaí, an laghdú iarbhír agus féideartha ar dhíolacháin, brabúis, aschur, cion den mhargadh, táirgeacht, toradh ar infheistíochtaí agus úsáid toillte, fachtóirí a imríonn tionchar ar phraghsanna an Aontais tionchair dhiúltacha iarbhír agus féideartha ar shreabhadh airgid, fardail, fostaíocht, pá, fás, cumas caipiteal nó infheistíochtaí a chruinniú. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

6.   Ní mór a thaispeáint, ón bhfianaise ábhartha uile a chuirfear i láthair i ndáil le mír 2, go bhfuil díobháil, de réir bhrí an Rialacháin seo, á déanamh, nó go bhfuil díobháil déanta, ag an díolachán ar luach atá níos lú ná an gnáthluach. Go sonrach, beidh gá ann a thaispeáint chun na críche sin gurb iad leibhéil na bpraghsanna a sainaithníodh de bhun mhír 3 is cúis leis an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais mar a fhoráiltear dó i mír 5, agus go bhfuil an tionchar sin ann chomh mór sin gur féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

7.   Déanfar scrúdú freisin ar fhachtóirí a bhfuil eolas orthu, seachas an díolachán ar níos lú ná an gnáthluach, fachtóirí atá ag déanamh díobhála don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna, lena áirithiú nach gcuirfear an díobháil arna cruthú ag na fachtóirí eile sin i leith an díolacháin ar níos lú ná an gnáthluach faoi mhír 6. Ar na fachtóirí is féidir a mheas i ndáil leis sin beidh méid agus praghsanna díolachán ag tógálaithe long i dtíortha cé is moite de na tíortha onnmhairiúcháin nach ndearnadh ar luach a bhí faoi bhun an ghnáthluacha, laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais, cleachtais trádála shriantacha táirgeoirí tríú tíortha agus táirgeoirí de chuid an Aontais agus iomaíocht eatarthu, forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

8.   Déanfar tionchar an díolacháin ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluacha a mheasúnú i ndáil le táirgeadh na long comhchosúil a dhéanann an tionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe agus díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar leithligh, déanfar tionchar an díolacháin ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluacha a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an ghrúpa long nó an raon long is srianta a chuimsíonn an long chomhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

9.   Má chinntear go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an díolachán ar phraghas atá faoi bhun an ghnáthluach ina chúis díobhála a bheith intuartha go soiléir agus ní mór é a bheith ar tí tarlú.

Agus é á chinneadh go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, ba cheart fachtóirí amhail an méid seo a leanas a mheas:

(a)

cé acu an bhfuil go leor cumais tógála shaoir ar fáil ar thaobh an tógálaí long nó méadú láithreach suntasach sa chumas tógála sin a thugann le fios gur dócha go mbeidh méadú suntasach ar dhíolachán faoi bhun an ghnáthluacha, agus a mhéid atá margaí onnmhairiúcháin eile ar fáil chun aon onnmhairithe breise a ghlacadh isteach á chur san áireamh;

(b)

an bhfuil soithí á n-onnmhairiú ar phraghsanna a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dócha go méadóidís an t-éileamh ar cheannacháin bhreise ó thíortha eile.

Ní gá go bhféadfaí treoir chinntitheach a bhaint as aon cheann de na fachtóirí atá sa liosta thuas ann féin, ach ní mór a bhaint de thátal, agus na fachtóirí go léir á meas le chéile, go bhfuil díolacháin bhreise faoi bhun an ghnáthluacha ar tí tarlú agus go ndéanfar díobháil ábhartha, mura ndéanfar gníomhaíocht chosantach.

Airteagal 4

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, léireofar “tionscal de chuid an Aontais” mar théarma atá ag tagairt do tháirgeoirí an Aontais ar an iomlán a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh leis na háiseanna atá acu faoi láthair nó ar féidir a n-áiseanna a oiriúnú in am ionas go dtáirgfear soitheach comhchosúil, nó do na táirgeoirí arb ionann a gcomhchumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh agus sciar mór, mar atá sainmhínithe in Airteagal 5(6), de chumas an Aontais ar an iomlán soitheach comhchosúil a tháirgeadh. Os a choinne sin, i gcás ina bhfuil gaol ag na táirgeoirí leis an tógálaí long, leis na honnmhaireoirí nó leis na ceannaitheoirí, nó ina bhfuil na táirgeoirí féin ag ceannach an tsoithigh a bhfuil sé líomhainte go bhfuil sé ar phraghas díobhálach, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar bheith ag tagairt do na táirgeoirí eile.

2.   Chun críche mhír 1, ní mheasfar baint a bheith ag na táirgeoirí leis an tógálaí long, na honnmhaireoirí nó na ceannaitheoirí ach amháin:

(a)

má rialaíonn duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach;

(b)

má rialaíonn tríú duine an bheirt acu go díreach nó go hindíreach; nó

(c)

má rialaíonn siad tríú duine le chéile go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil foras ann a chreidiúint nó bheith in amhras go mbeadh sé d'éifeacht ag an mbaint sin go ngníomhódh an táirgeoir lena mbaineann ar chaoi eile ná mar a ghníomhódh sé le táirgeoirí nach bhfuil baint aige leo.

Chun críche na míre seo, measfar go rialaíonn táirgeoir táirgeoir eile i gcás inar féidir leis an gcéad táirgeoir, ó thaobh an dlí nó ó thaobh cúrsaí oibríochta de, srian a chur leis an dara táirgeoir nó treoir a chur air.

3.   Beidh forálacha Airteagal 3(8) infheidhme maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 5

Imeachtaí a thionscnamh

1.   Ach amháin sa chás dá bhforáiltear i mír 8, tionscnófar imscrúdú lena chinneadh an ann d'aon phraghsáil dhíobhálach atá líomhainte agus a thromchúisí agus a éifeachtaí atá sí nuair a gheofar gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, atá ag feidhmiú thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit, a sheolfaidh é chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta ar an gCoimisiún trí phost cláraithe nó tar éis don Choimisiún admháil fála a eisiúint.

I gcás, in éagmais aon ghearáin, ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát go bhfuil praghsáil dhíobhálach ann agus go ndearnadh díobháil don tionscal de chuid an Aontais dá dheasca, cuirfidh sé an fhianaise sin in iúl don Choimisiún láithreach.

2.   Comhdófar gearán faoi mhír 1 tráth nach déanaí ná:

(a)

sé mhí ón am ab eol don ghearánach, nó ba cheart gurbh eol dó, gur díoladh an soitheach, sna cásanna seo:

(i)

gur tugadh cuireadh don ghearánach tairiscint a chur isteach maidir leis an gconradh i gceist trí iltairiscint leathan nó aon phróiseas tairisceana eile;

(ii)

gur chuir an gearánach tairiscint isteach go hiarbhír; agus

(iii)

gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de na sonraíochtaí tairisceana;

(b)

naoi mí ón am b'eol don ghearánach, nó ba cheart gurbh eol dó, gur díoladh an soitheach in éagmais cuiridh tairiscint a chur isteach, ar choinníoll gur cuireadh isteach fógra go raibh rún aige cur isteach, fógra ina raibh fianaise a bhí ar fáil go réasúnta ag an ngearánach lenarbh fhéidir an t-idirbheart i gceist a shainaithint, tráth nach déanaí ná sé mhí ón am sin chuig an gCoimisiún nó chuig Ballstát.

Ní chomhdófar gearán in aon chor tráth is déanaí ná sé mhí ón dáta a seachadadh an soitheach.

Féadfar a mheas gurbh eol don ghearánach gur díoladh soitheach ón am a foilsíodh gur tugadh i gcrích an conradh, maille le faisnéis an-ghinearálta ar an soitheach, sa phreas trádála idirnáisiúnta.

Chun críche an Airteagail seo, is é an léiriú a bheidh ar iltairiscint leathan, iltairiscint ina dtugann an ceannaitheoir atá beartaithe cuireadh tairiscint a chur isteach do na tógálaithe long uile, ar a laghad, arb eol don cheannaitheoir go bhfuil sé ar a gcumas an soitheach i gceist a thógáil.

3.   Ba cheart fianaise a bheith i ngearán faoi mhír 1:

(a)

ar phraghsáil dhíobhálach;

(b)

ar dhíobháil;

(c)

gurb é an díolachán ar phraghas díobhálach ba chúis leis an díobháil atá líomhnaithe; agus

(d)

(i)

gur tugadh cuireadh don ghearánach, má díoladh an soitheach trí iltairiscint leathan, tairiscint a chur isteach ar an gconradh i gceist, go ndearna sé amhlaidh go hiarbhír agus gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de shonraíochtaí na tairisceana (is e sin le rá dáta seachadta agus riachtanais theicniúla); nó

(ii)

más rud é gur díoladh an soitheach trí aon phróiseas tairisceana eile agus gur tugadh cuireadh don ghearánach tairiscint a chur isteach ar an gconradh i gceist, go ndearna sé amhlaidh go hiarbhír agus gur chomhlíon tairiscint an ghearánaigh sciar mór de shonraíochtaí na tairisceana; nó

(iii)

go raibh sé ar chumas an ghearánaigh, in éagmais cuiridh tairiscint a chur isteach seachas tairiscint faoi iltairiscint leathan, an soitheach i gceist a thógáil agus, má b'eol don ghearánach, nó dá mba cheart gurbh eol dó, go raibh an díolachán beartaithe, go ndearna sé iarrachtaí sodhearbhaithe díolachán a thabhairt i gcrích leis an gceannaitheoir i gcomhréir leis na sonraíochtaí tairisceana i gceist. Féadfar a mheas gurbh eol don ghearánach go raibh an díolachán beartaithe má thaispeántar go ndearna formhór an tionscail ábhartha iarrachtaí leis an gceannaitheoir sin díolachán an tsoithigh i gceist a thabhairt i gcrích, nó má thaispeántar go raibh faisnéis ghinearálta ar an díolachán a bhí beartaithe ar fáil ó bhróicéirí, airgeadaithe, cumainn aicmiúcháin, cairtfhostóirí, comhlachais trádála nó eintitis eile a mbíonn baint acu de ghnáth le hidirbhearta longthógála a mbíodh teagmháil nó déileáil ag an ngearánach leo go tráthrialta.

4.   Sa ghearán beidh cibé faisnéis atá ar fáil go réasúnta ag an ngearánach ar na nithe seo a leanas:

(a)

aitheantas an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach tháirgeacht an Aontais an tsoithigh chomhchosúil. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais saineofar sa ghearán an tionscal a ndéantar an gearán thar a cheann trí liosta de na táirgeoirí uile de chuid an Aontais a bhfuiltear ar an eolas fúthu go bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a thógáil, agus a mhéad is féidir, tuairisc ar mhéid agus luach tháirgeacht an Aontais an tsoithigh chomhchosúil a thagann ó na táirgeoirí sin;

(b)

tuairisc iomlán ar an soitheach a bhfuil sé líomhainte go bhfuil sé ar phraghas díobhálach, ainm na tíre nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin atá i gceist, aitheantas gach onnmhaireora nó gach táirgeora eachtraigh a bhfuiltear ar an eolas faoi agus aitheantas cheannaitheoir an tsoithigh i gceist;

(c)

na praghsanna ar a ndíoltar soithigh den sórt sin i margaí intíre na tíre nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin (nó, más iomchuí, na praghsanna ar a ndíoltar soithí den sórt sin as an tír nó na tíortha tionscnaimh nó onnmhairiúcháin isteach i dtríú tír nó tíortha, nó luach ríofa an tsoithigh) agus na praghsanna onnmhairiúcháin nó, más iomchuí, na praghsanna ar a gcéad-athdhíoltar soithí den sórt sin do cheannaitheoir neamhspleách.

(d)

an éifeacht a bhí ag an díolachán ar phraghas dhíobhálach ar phraghsanna an tsoithigh chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus an tionchar a d'imir an díolachán ar an tionscal de chuid an Aontais dá dheasca sin, agus sin á thaispeáint ag fachtóirí agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais amhail na fachtóirí agus na hinnéacsanna atá liostaithe in Airteagal 3(3) agus (5).

5.   Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéad is féidir, cruinneas agus leormhaithe na fianaise arna cur ar fáil sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise ann chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

6.   Ní thionscnófar imscrúdú de bhun mhír 1 murar cinntíodh, ar bhonn scrúdú maidir lena mhéad atáthar i bhfách leis an ngearán a chuir táirgeoirí de chuid an Aontais a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a thógáil in iúl, nó ina choinne, go ndearna an tionscail de chuid an Aontais an gearán nó go ndearnadh thar a cheann é. Measfar go ndearna an tionscal de chuid an Aontais an gearán nó go ndearnadh thar a cheann é más iad atá i bhfách leis táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhchumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh agus 50 % de chumas iomlán an chuid sin den tionscal de chuid an Aontais a mhaíonn go bhfuil sé i bhfách leis an ngearán nó ina choinne. Ní thionscnófar aon imscrúdú, áfach, i gcás inarb ionann cumas na dtáirgeoirí de chuid an Aontais atá i bhfách leis an ngearán go sainráite agus 25 % de chumas iomlán tháirgeoirí an Aontais a bhfuil sé ar a gcumas soitheach comhchosúil a tháirgeadh.

7.   Seachnóidh na húdaráis poibliú an ghearáin lenar iarradh imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Sula dtionscnófar imscrúdú, áfach, tabharfar fógra ina leith do rialtas na tíre onnmhairiúcháin lena mbaineann.

8.   Más rud é, i gcásanna ar leith, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a fháil ón tionscal de chuid an Aontais, nó thar a cheann, lena n-iarrtar an t-imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar sin má tá go leor fianaise ann go bhfuil praghsáil dhíobhálach agus díobháil ann, gurb í an phraghsáil dhíobhálach ba chúis leis an díobháil agus gur chomhlíon ball den tionscal de chuid an Aontais a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh díobháil dó na critéir dá dtagraítear i mír 3 (d), le bheith ina húdar leis an tionscnamh sin.

Más iomchuí, féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin tar éis gearán a fháil i scríbhinn ó údaráis Páirtí Chonarthaigh. Beidh go leor fianaise leis mar thaca leis an ngearán sin chun a thaispeaint go bhfuiltear nó go rabhthas ag praghsáil soithigh go díobhálach agus go bhfuil an díolachán atá líomhainte le ceannaitheoir de chuid an Aontais ar luach is lú ná an gnáthluach ag déanamh díobhála nó go ndearna sé díobháil do thionscal intíre an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann.

9.   Déanfar an fhianaise go ndearnadh praghsáil dhíobhálach agus díobháil araon a mheas go comhuaineach agus an cinneadh á dhéanamh an dtionscnófar imscrúdú nó nach dtionscnófar. Diúltófar gearán mura mbeidh go leor fianaise ann go ndearnadh praghsáil dhíobhálach nó díobháil le go mbeidh údar le leanúint den chás.

10.   Is féidir an gearán a tharraingt siar sula dtionscnófar imscrúdú agus measfar nár cuireadh isteach é sa chás sin.

11.   I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann le go mbeidh údar le himeacht a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún é sin faoi cheann 45 lá ón dáta a cuireadh an gearán isteach, nó, i gcás tionscnaimh de bhun mhír 8, faoi cheann tréimhse nach faide ná sé mhí ón am ab eol nó ba cheart gurbh eol gur díoladh an soitheach, agus foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mura leor an fhianaise a cuireadh isteach, cuirfear sin in iúl don ghearánach faoi cheann 45 lá ó cuirtear an gearán isteach chuig an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a chinneadh go bhfuil gá le himeachtaí den sórt sin a thionscnamh.

12.   San fhógra tionscnaimh imeachtaí, nochtfar tionscnamh imscrúdaithe, luafar ainm agus tír an tógálaí long agus an cheannaitheora nó na gceannaitheoirí agus beidh tuairisc ar an soitheach i gceist agus achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas agus forálfar go bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile le cur chuig an gCoimisiún.

Luafar ann na tréimhsí a bhféadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach lena linn, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe. Luafar ann freisin an tréimhse a bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6(5) lena linn.

13.   Cuirfidh an Coimisiún onnmhaireoir, ceannaitheoir nó ceannaitheoirí an tsoithigh agus comhlachais ionadaíocha táirgeoirí, onnmhaireoirí nó ceannaitheoirí soithí den sórt sin arb eol dó go mbaineann siad leis an gceist chomh maith le hionadaithe na tíre a bhfuil a soitheach faoin imscrúdú sin agus na gearánaigh ar an eolas faoi thionscnamh na n-imeachtaí, agus tabharfaidh sé, ag féachaint go cuí dó do chosaint faisnéise rúnda, téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a fuarthas de bhun mhír 1 don onnmhaireoir, agus d'údaráis na tíre onnmhairiúcháin, agus an téacs sin a chur ar fáil ar iarratas do pháirtithe leasmhara eile a bhaineann leis an gceist.

Airteagal 6

An t-imscrúdú

1.   Tar éis thionscnamh na n-imeachtaí, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit agus, más iomchuí, le húdaráis tríú tíortha, imscrúdú a thosú ar leibhéal an Aontais. Cumhdóidh imscrúdú den sórt sin idir phraghsáil dhíobhálach agus díobháil araon, agus imscrúdófar iad go comhuaineach.

2.   Na páirtithe a gheobhaidh ceistneoirí a úsáidfear in imscrúdú ar phraghsáil dhíobhálach, beidh 30 lá ar a laghad acu le freagra a thabhairt. Ríomhfar an spriocam d'onnmhaireoirí ón dáta a fuair siad an ceistneoir, a measfar, chun na críche seo, go bhfuarthas é seachtain amháin ón lá a seoladh chuig an onnmhaireoir é nó a cuireadh ar aghaidh é chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre onnmhairiúcháin. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus teorainneacha ama an imscrúdaithe á gcur san áireamh go cuí, ar choinníoll go léiríonn an páirtí sin go bhfuil údar iomchuí le síneadh den sórt sin sa chás sonrach a bhaineann leis.

3.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar údaráis tríú tíortha, más iomchuí, agus ar na Ballstáit, faisnéis a thabhairt, agus déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun go mbeidh éifeacht leis na hiarrataí sin.

Cuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh maille le torthaí gach cigireachta, seiceála nó imscrúdaithe a rinneadh chuig an gCoimisiún.

Má bhaineann an fhaisnéis sin leis an leas coiteann nó má d'iarr Ballstát go gcuirfí ar aghaidh í, cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh í chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach bhfuil sí rúnda, agus,sa chás sin, cuirfear achoimre nach mbeidh faoi rún ar aghaidh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar údaráis tríú tíortha, más iomchuí, agus ar na Ballstáit, na seiceálacha agus na cigireachtaí riachtanacha uile a dhéanamh, go háirithe ar tháirgeoirí de chuid an Aontais agus imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtoilíonn na gnólachtaí lena mbaineann leis sin agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre lena mbaineann agus nár chuir sé ina choinne.

Déanfaidh na Ballstáit cibé bearta is gá chun go mbeidh éifeacht ag na hiarrataí sin ón gCoimisiún.

Beidh sé d'údarás ag oifigigh an Choimisiúin, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát é, cuidiú le hoifigigh Ballstát a ndualgais a dhéanamh. Mar an gcéanna, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin cuidiú le hoifigigh údarás tríú tíortha a ndualgais a dhéanamh, má bhíonn comhaontú ina leith sin idir an Coimisiún agus na húdaráis sin.

5.   Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 5(12) má chuir siad isteach, faoi cheann na tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh i scríbhinn ar éisteacht lena léiríodh gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh an imeachta difear dóibh agus go bhfuil fáthanna sonracha ann ar cheart éisteacht leo.

6.   Tabharfar deiseanna, arna iarraidh sin, don tógálaí long, don cheannaitheoir nó do na ceannaitheoirí, d'ionadaithe rialtas na tíre onnmhairiúcháin, do na gearánaigh agus do pháirtithe leasmhara eile, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(12), cruinniú a bheith acu leis na páirtithe sin a bhfuil tuairimí contrártha acu ionas gur féidir tuairimí contrártha a nochtadh agus argóintí ina gcoinne a dhéanamh.

Agus na deiseanna sin á dtabhairt, cuirfear an gá atá le rúndacht a chaomhnú agus an cheist an bhfuil sin caoithiúil do na páirtithe san áireamh.

Ní leagfar aon oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú, agus má mhainníonn sé freastal orthu ní dhéanfaidh sin aon díobháil do chás an pháirtí sin.

Cuirfear faisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo san áireamh a mhéad atá sé dearbhaithe dá éis sin i scríbhinn.

7.   Na gearánaigh, an tógálaí long, an ceannaitheoir nó na ceannaitheoirí agus páirtithe leasmhara eile, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(12), maille le hionadaithe na tíre onnmhairiúcháin, féadfaidh siad, arna iarraidh sin i scríbhinn, an fhaisnéis uile a iniúchadh a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil, cé is moite d'aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, atá ábhartha do chur in iúl a gcásanna agus nach bhfuil rúnda de réir bhrí Airteagal 13 agus a úsáidtear san imscrúdú.

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt don fhaisnéis sin agus cuirfear a gcuid tuairimí san áireamh i gcás ina bhfuil go leor údair leo sa fhreagairt.

8.   Ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 12, scrúdófar cruinneas na faisnéise a chuir páirtithe leasmhara ar fáil agus a bhfuil torthaí bunaithe orthu, a mhéid is féidir.

9.   I gcás imeachtaí lena mbaineann comparáid praghsanna, má seachadadh soitheach comhchosúil, críochnófar an t-imscrúdú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta a thionscanta.

I gcás imeachtaí a bhfuil an soitheach comhchosúil á thógáil, críochnófar an t-imscrúdú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta a seachadadh an soitheach comhchosúil sin.

Críochnófar imscrúduithe a mbaineann luach ríofa leo tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta a dtionscanta nó tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis an dáta seachadta, cibé acu is déanaí.

Cuirfear na spriocamanna sin ar fionraí a mhéad a chuirfear Airteagal 16(2) i bhfeidhm.

Airteagal 7

Foirceannadh gan bhearta, muirir ar phraghsáil dhíobhálach a ghearradh agus a bhailiú

1.   Má tharraingítear siar gearán, féadfar na himeachtaí a fhoirceannadh.

2.   Mura dteastóidh bearta, foirceannfar an t-imscrúdú nó na himeachtaí. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Déanfar na himeachtaí a fhoirceannadh láithreach má chruthaítear gur lú ná 2 % corrlach na praghsála díobhálaí nuair a shloinntear é mar chéatadán den phraghas onnmhairiúcháin.

4.   Má léiríonn na fíorais, faoi mar a chruthófar faoi dheireadh iad, go bhfuil praghsáil dhíobhálach ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, gearrfaidh an Coimisiún muirear praghsála díobhálaí ar an tógálaí long ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2). Is ionann méid an mhuirir praghsála díobhálaí agus an corrlach praghsála díobhálaí atá leagtha síos. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, na bearta is gá chun go gcuirfear a chinneadh chun feidhme, go háirithe an muirear praghsála díobhálaí a bhailiú.

5.   Iocfaidh an tógálaí long an muirear praghsála díobhálaí faoi cheann 180 lá ó tugadh fógra dó gur gearradh an muirear, agus measfar go bhfuarthas an fógra sin seachtain ón lá a cuireadh é chuig an tógálaí long. Féadfaidh an Coimisiún tréimhse le híoc a síníodh go réasúnta a thabhairt don tógálaí long má thaispeánann an tógálaí long go ndéanfaí dócmhainneach é nó nach mbeadh sé ag luí le hatheagrú ar a ndearnadh faireachán breithiúnach dá n-íocfadh sé an muirear faoi cheann 180 lá agus, sa chás sin, fabhrófar ús ar aon sciar den mhuirear nár íocadh, ar ráta is comhionann leis an toradh margaidh tánaisteach ar an mbanna euro i stocmhalartán Lucsamburg móide 50 bonnphointe.

Airteagal 8

Leighis eile

Féadfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan muirear praghsála díobhálaí a ghearradh má chuireann an tógálaí long díolachán an tsoithigh ar phraghas díobhálach ar neamhní go cinntitheach agus gan choinníoll nó má chomhlíonann sé leigheas coibhéiseach eile a ghlac an Coimisiún.

Ní mheasfar gur cuireadh díolachán ar neamhní murar foirceannadh na caidrimh chonarthacha uile idir na páirtithe lena mbaineann an díolachán i gceist, murar aisíocadh an chomaoin uile a bhain leis an díolachán ná murar tugadh ar ais don tógálaí long na cearta uile ar an soitheach, nó ar chomhpháirteanna an tsoithigh, lena mbaineann.

Airteagal 9

Frithbhearta — cearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú

1.   Mura n-íocfaidh an tógálaí long i gceist an muirear praghsála díobhálaí a gearradh faoi Airteagal 7, déanfaidh an Coimisiún frithbhearta ar na soithí a thóg an tógálaí long sin trí chearta luchtaithe agus díluchtaithe a dhiúltú.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a thiocfaidh foras na bhfrithbheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun cinn.

2.   Tiocfaidh an cinneadh lena ndéanfar na frithbhearta i bhfeidhm 30 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aisghairfear é tráth a bheidh an muirear praghsála díobhálaí íoctha ina iomláine ag an tógálaí long. Cumhdóidh an frithbheart na soithí uile a ndearnadh conradh ina leith le linn na tréimhse ceithre bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh. Beidh gach soitheach faoi réir an fhrithbhirt go ceann ceithre bliana tar éis a sheachadta. Ní fhéadfar na tréimhsí sin a laghdú ach i gcomhréir leis an toradh a bhí ar nós imeachta idirnáisiúnta um réiteach díospóide a bhaineann leis na frithbhearta a rinneadh.

Na soithí ar diúltaíodh a gcearta luchtaithe agus díluchtaithe, sonrófar iad le cinneadh atá le glacadh ag an gCoimisiún agus le foilsiú in Irish Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Ní thabharfaidh údaráis chustaim na mBallstát cead luchtaithe ná díluchtaithe do shoithí a bhfuil a gcearta luchtaithe agus díluchtaithe faoi réir a ndiúltaithe.

Airteagal 10

An nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste, arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/1036, cúnamh a thabhairt don Coimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Cuairteanna fíorúcháin

1.   Tabharfaidh an Coimisiún, má mheasann sé gurb iomchuí sin, cuairteanna chun taifid onnmhairithe, tógálaithe long, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachas agus eagraíochtaí trádála a scrúdú, chun an fhaisnéis a tugadh faoi phraghsáil dhíobhálach agus díobháil a fhíorú. Mura dtabharfar freagra iomchuí in am tráth, féadfaidh an Coimisiún rogha a dhéanamh gan cuairt fíorúcháin a dhéanamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaighidh sé toiliú chuige sin ó na gnólachtaí lena mbaineann, go dtabharfaidh sé fógra d'ionadaithe an rialtais i gceist agus nach ndéanfaidh an rialtas sin agóid i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe a gheobhaidh an Coimisiún toiliú ó na gnólachtaí lena mbaineann, tabharfaidh sé fógra d'údaráis na tíre onnmhairiúcháin ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuiltear le cuairt a thabhairt orthu agus na dátaí a comhaontaíodh.

3.   Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn cuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis bhreise is gá a thabhairt le linn cuairteanna den sórt sin, ach níor cheart go gcuirfeadh sin cosc ar iarrataí, arna ndéanamh le linn an fhíoraithe, ar shonraí breise atá le tabhairt i bhfianaise na faisnéise a fuarthas.

4.   Beidh oifigigh de chuid na mBallstát a iarrann sin de chúnamh ag an gCoimisiún agus imscrúduithe á ndéanamh faoi mhíreanna 1, 2 agus 3.

Airteagal 12

Neamh-chomhoibriú

1.   I gcás ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain ar an bhfaisnéis is gá a thabhairt, nó nach gcuireann ar fáil í ar dhóigh eile, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé bac mór ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó torthaí deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Má fhaightear amach gur thug aon pháirtí leasmhar faisnéis atá bréagach nó míthreorach, déanfar neamhaird den fhaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Cuirfear na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamh-chomhoibriú.

2.   Ní mheasfar gurb ionann mainneachtain freagairt ríomhaireachta a thabhairt agus neamh-chomhoibriú, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go gcuirfí ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta air dá gcuirfeadh sé an fhreagairt ar fáil mar a iarradh í.

3.   Mura mbeidh an fhaisnéis a chuirfidh páirtí leasmhar isteach foirfe ar an uile dhóigh, ní dhéanfar neamhaird de, ar a shon sin, ar choinníoll nach dtagann deacracht mhíchuí maidir le toradh réasúnta cruinn a fháil as aon easnaimh agus go gcuirtear an fhaisnéis isteach go hiomchuí agus in am agus go bhfuil sí infhíoraithe, agus gur ghníomhaigh an páirtí go lándícheallach.

4.   Mura nglacfar le fianaise nó faisnéis, cuirfear in iúl don pháirtí a thug í láithreach cé na cúiseanna atá leis sin agus tabharfar deis dó mínithe breise a thabhairt laistigh den teorainn ama a sonraíodh. Má mheastar go bhfuil na mínithe a tugadh míshásúil, nochtfar na fáthanna ar diúltaíodh an fhianaise sin nó an fhaisnéis sin agus cuirfear ar fáil iad sna torthaí a fhoilseofar.

5.   Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear cinntí maidir le gnáthluach, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a tugadh sa ghearán, seiceálfar iad, más indéanta sin agus teorainneacha ama an imscrúdaithe á gcur san áireamh go hiomchuí, trí thagairt d'fhaisnéis ó fhoinsí eile atá neamhspleách is féidir bheith ar fáil, amhail liostaí praghsanna a foilsíodh, staitisticí oifigiúla maidir le díolacháin agus tuairsceáin chustaim, nó faisnéis a fuarthas ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

6.   Mura gcomhoibreoidh páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibreoidh sé ach go páirteach, ionas go gcoinneofar faisnéis ábhartha siar mar gheall air sin, féadfaidh sé nach mbeidh toradh an imscrúdaithe chomh fabhrach sin don pháirtí agus a bheadh dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 13

Rúndacht

1.   Aon fhaisnéis ar dual di bheith rúnda (ós rud é, mar shampla, go dtabharfadh nochtadh na faisnéise sin buntáiste mór iomaíochta d'iomaitheoir nó go ndéanfadh sé dochar mór do dhuine a thugann an fhaisnéis nó do dhuine a bhfuair an duine a thugann an fhaisnéis an fhaisnéis uaidh) nó a thugann páirtithe in imscrúdú ar bhonn rúnda, is mar sin a phléifidh na húdaráis léi má léirítear go bhfuil cúis mhaith leis sin.

2.   Beidh sé de cheangal ar pháirtithe leasmhara a thugann faisnéis rúnda uathu achoimrí neamhrúnda ar an bhfaisnéis sin a chur ar fáil. Beidh go leor mionsonraí sna hachoimrí sin le gur féidir tuiscint réasúnta a bhaint astu ar éirim na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh páirtithe den sórt sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin. I gcásanna eisceachtúla den sórt sin, soláthrófar ráiteas ina mbeidh na fáthanna nach féidir achoimre a dhéanamh.

3.   Má mheastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus mura mbeidh an duine a thugann an fhaisnéis toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil nó a údarú go nochtfar í i bhfoirm ghinearálaithe nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a dhéanamh den fhaisnéis sin murab é gur féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis beacht. Ní dhiúltófar iarrataí ar rúndacht go treallach.

4.   Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar údaráis an Aontais faisnéis ghinearálta a nochtadh, agus, go háirithe, ar na fáthanna ar ar bunaíodh cinntí a rinneadh de bhun an Rialacháin seo, ná an fhianaise a raibh údaráis an Aontais ag brath uirthi a mhéad is gá sin chun na fáthanna sin a mhíniú le linn imeachtaí cúirte. Cuirfear leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach sceithfí a rúin ghnó, san áireamh agus an nochtadh sin á dhéanamh.

5.   Ní nochtfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, ná oifigigh ceachtar acu sin, aon fhaisnéis a fuarthas de bhun an Rialacháin seo agus ar iarr an duine a thug í go bpléifí léi i modh rúin, gan cead sonrach a fháil ón duine sin. Ní sceithfear malairtí faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit ná aon doiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó Ballstáit an Aontais ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.   Ní úsáidfear faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na críche ar chuici ar iarradh í.

Airteagal 14

Nochtadh

1.   Féadfaidh na gearánaigh, an tógálaí long, an t-onnmhaireoir, ceannaitheoir nó ceannaitheoirí an tsoithigh agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe na tíre onnmhairiúcháin, a iarraidh go nochtfar na mionsonraí atá laistiar de na príomhfhíorais agus na príomhbhreithnithe a bhfuil sé beartaithe ar a mbonn a mholadh go ngearrfar muirear praghsála díobhálaí nó go bhfoirceannfar imscrúdú nó imeachtaí gan muirear a ghearradh.

2.   Déanfar iarrataí ar nochtadh faisnéise deiridh, mar atá sainmhínithe i mír 1, a dhíriú chuig an gCoimisiún i scríbhinn agus gheobhaidh an Coimisiún iad laistigh de na teorainneacha ama a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún.

3.   Déanfar an nochtadh faisnéise deiridh i scríbhinn. Déanfar é sin, agus aird iomchuí á tabhairt don ghá atá ann faisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach lú ná mí amháin roimh chinneadh cinntitheach a dhéanamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais nó breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir tar éis sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh dochar d'aon chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh tar éis sin ach i gcás ina mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar fhíorais agus ar bhreithnithe éagsúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

4.   Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochtadh a thabhairt, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, tréimhse nach lú ná 10 lá, agus aird iomchuí á tabhairt ar a phráinní atá an cás.

Airteagal 15

Tuarascáil

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo isteach ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/1036.

Airteagal 16

Forálacha deiridh

1.   Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

aon rialacha speisialta a bheidh leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b)

bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí a bheidh ann de bhun an Chomhaontaithe Longthógála.

2.   Imscrúdú a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfar é ná ní dhéanfar bearta ná ní choinneofar ar bun iad i gcás ina dtiocfadh na bearta sin salach ar na hoibleagáidí atá ar an Aontas a thiocfaidh as an gComhaontú Longthógála nó as aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha eile.

Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar an Aontas a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi fhorálacha an Chomhaontaithe Longthógála maidir le réiteach díospóidí.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 385/96.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh an Rialachán Longthógála i bhfeidhm (7).

Ní bheidh feidhm aige maidir le soithí a ndearnadh conradh ina leith roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Longthógála, ach amháin i gcás soithí a ndearnadh conradh ina leith don tréimhse tar éis an 21 Nollaig 1994 agus a bheidh le seachadadh níos mó ná cúig bliana tar éis dháta an chonartha. Beidh na soithí sin faoi réir an Rialacháin seo, mura dtaispeánfaidh an tógálaí long gur ar ghnáthchúiseanna tráchtála agus ní le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheachaint a cuireadh an síneadh leis an dáta seachadta.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 8 Meitheamh 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.G. KOENDERS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 15 Eanáir 2016.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle an 29 Eanáir 1996 maidir le cosaint i gcoinne praghsála díobhálaí soithí (IO L 56, 6.3.1996, lch. 21).

(3)  Féach Iarscríbhinn I.

(4)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (Féach leathanach 21 den Iris Oifigiúil seo)

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(7)  Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Longthógála in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith L.


IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 385/96 ón gComhairle,

(IO L 56, 6.3.1996, lch. 21)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 5 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 385/96

An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an chéad fhleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(i)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an dara fleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii)

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a), an tríú fleasc

Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (a)(iii)

Airteagal 5(2), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

Airteagal 5(2), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír:

Airteagal 5(3) go hAirteagal 5(10)

Airteagal 5(3) go hAirteagal 5(10)

Airteagal 5(11), an chéad fhomhír

Airteagal 5(11), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 5(11), an dara fomhír

Airteagal 5(11), an tríu habairt

Airteagal 5(12), an chéad abairt

Airteagal 5(12), an chéad fhomhír

Airteagal 5(12), an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 5(12), an dara fomhír

Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2)

Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3), an chéad abairt

Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), an dara habairt

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an tríu abairt

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(4), an chéad abairt

Airteagal 6(4), an chéad fhomhír

Airteagal 6(4), an dara habairt

Airteagal 6(4), an dara fomír

Airteagal 6(4), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 6(4), an tríú fomír

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6), an chéad abairt

Airteagal 6(6), an chéad fhomhír

Airteagal 6(6), an dara habairt

Airteagal 6(6), an dara fomhír

Airteagal 6(6), an tríu habairt

Airteagal 6(6), an tríú fomhír

Airteagal 6(6), an ceathrú habairt

Airteagal 6(6), an cheathrú fomhír

Airteagal 6(7), an chéad abairt

Airteagal 6(7), an chéad fhomhír

Airteagal 6(7), an dara habairt

Airteagal 6(7), an dara fomhír

Airteagal 6(8) agus Airteagal 6(9)

Airteagal 6(8) agus Airteagal 6(9)

Airteagal 7 go hAirteagal 11

Airteagal 7 go hAirteagal 11

Airteagal 12(1), an chéad abairt

Airteagal 12(1), an chéad fhomhír

Airteagal 12(1), an dara habairt

Airteagal 12(1), an dara fomhír

Airteagal 12(1), an tríu habairt

Airteagal 12(1), an tríú fomhír

Airteagal 12(2) go hAirteagal 12(6)

Airteagal 12(2) go hAirteagal 12(6)

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14(1) agus Airteagal 14(2)

Airteagal 14(1) agus Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3), an chéad abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 14(3), an chéad fhomhír

Airteagal 14(3), an ceathrú habairt

Airteagal 14(3), an dara fomhír

Airteagal 14(4)

Airteagal 14(4)

Airteagal 14a

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II