24.5.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 135/53


RIALACHÁN (AE) 2016/794 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2016

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 88 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid a leanas:

(1)

Bunaíodh Europol le Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle (2) mar eintiteas de chuid an Aontais arna chistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta tromchúisí a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac. Tháinig Cinneadh 2009/371/CGB in ionad an Choinbhinsiúin a bhí bunaithe ar Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le hOifig Eorpach Póilíní (Coinbhinsiún Europol) (3) a bhunú.

(2)

Foráiltear in Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go ndéanfar Europol a rialáil le rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear leis an Airteagal sin freisin go mbunóidh Parlaimint na hEorpa, i dteannta leis na parlaimintí náisiúnta, nósanna imeachta um ghrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol, faoi réir phointe (c) d'Airteagal 12 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí Náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (“Prótacal Uimh. 1”), chun dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach Europol a fheabhsú do shaoránaigh an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart rialachán lena leagtar síos, inter alia, rialacha maidir le grinnscrúdú parlaiminteach a chur in ionad Chinneadh 2009/371/CGB.

(3)

I “gclár Stócólm — Eoraip a bheidh oscailte agus slán, a fhónfaidh do na saoránaigh agus a chosnóidh iad” (4), iarrtar ar Europol dul i mbun éabhlóide agus teacht chun bheith ina mhol maidir le malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát um fhorfheidhmiú an dlí, ina sholáthraí seirbhíse agus ina chlár le haghaidh seirbhísí forfheidhmithe dlí. Ar bhonn measúnú ar fheidhmiú Europol, tá gá lena éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú tuilleadh chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(4)

Tá gréasáin mhóra coirpeach agus sceimhlitheoirí ina mbagairt mhór do shlándáil inmheánach an Aontais agus do shábháilteacht agus do shlí beatha a chuid saoránach. Léirítear sna measúnuithe ar bhagairtí atá ar fáil go bhfuil grúpaí coiriúla ag éirí níos ilchoiriúla agus ag feidhmiú trasna teorainneacha níos mó agus iad i mbun a gcuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, is gá d'údaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí comhoibriú níos dlúithe lena gcontrapháirtithe sna Ballstáit eile. Sa chomhthéacs sin, is gá Europol a ullmhú chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do na Ballstáit agus iad i mbun an choireacht a chosc ar fud an Aontais, agus i mbun anailísí agus imscrúduithe ar fud an Aontais. Dearbhaíodh é sin freisin sa mheastóireacht ar Chinneadh 2009/371/CGB.

(5)

Is é is aidhm don Rialachán seo leasú a dhéanamh ar fhorálacha Chinneadh 2009/371/CGB agus iad a leathnú, mar aon le forálacha Chinntí 2009/934/CGB (5), 2009/935/CGB (6), 2009/936/CGB (7) agus 2009/968/CGB (8) ón gComhairle lena ndéantar Cinneadh 2009/371/CGB a chur chun feidhme. Ós rud é go bhfuil líon suntasach leasuithe substaintiúla le déanamh, ba cheart gníomh nua a chur in ionad na gCinntí sin ina n-iomláine, ar mhaithe le soiléire, maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo. Ba cheart do Europol arna bhunú leis an Rialachán seo teacht in ionad Europol mar a bunaíodh le Cinneadh 2009/371/CGB, agus ba cheart do Europol mar a bhunaítear leis an Rialachán seo feidhmeanna Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB a ghlacadh chuige féin, agus ba cheart, mar thoradh air sin, an Cinneadh sin a aisghairm.

(6)

Toisc gur minic a tharlaíonn an choireacht thromchúiseach thar theorainneacha inmheánacha, ba cheart do Europol tacú agus treisiú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus leis an gcomhar eatarthu d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac. Toisc go bhfuil an sceimhlitheoireacht ar cheann de na bagairtí is suntasaí ar shlándáil an Aontais, ba cheart do Europol cuidiú leis na Ballstáit agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin choiteanna maidir leis sin. Mar ghníomhaireacht an Aontais um fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart do Europol tacú agus treisiú freisin le gníomhaíochtaí agus comhar d'fhonn dul i ngleic le saghsanna coireachta a dhochraíonn leasanna an Aontais. I measc na saghsanna coireachta a bhfuil Europol inniúil chun déileáil leo, leanfaidh an choireacht eagraithe de theacht faoi raon feidhme phríomhchuspóirí Europol, ós rud é, mar gheall ar a scála, ar an tionchar suntasach a bhíonn aici agus ar na hiarmhairtí a ghabhann léi, go n-éilíonn sí freisin cur chuige comhchoiteann ó na Ballstáit. Ba cheart do Europol tacaíocht a thairiscint freisin maidir le cionta coiriúla lena mbaineann a chosc agus a chomhrac, ar cionta iad a dhéantar chun modh a aimsiú le gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a dhéanamh nó chun gníomhartha den sórt sin a éascú nó a dhéanamh nó chun a áirithiú go bhfuil na daoine a dhéanann gníomhartha den sórt sin saor ó phionós.

(7)

Ba cheart do Europol anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a chur ar fáil chun cuidiú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a leagan síos d'fhonn an choireacht a chomhrac agus chun na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme go hoibríochtúil. I gcás go n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (9), ba cheart do Europol anailísí riosca a dhéanamh freisin, lena n-áirítear maidir leis an gcoireacht eagraithe, sa mhéid agus go bhféadfadh na rioscaí lena mbaineann an bonn a bhaint ó chur i bhfeidhm acquis Schengen ag na Ballstáit. Thairis sin, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún, ba cheart do Europol, nuair is iomchuí, anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí a chur ar fáil chun cur leis an meastóireacht ar na stáit is iarratasóirí ar aontachas leis an Aontas.

(8)

Is bagairt atá ag méadú in aghaidh an lae iad na hionsaithe in aghaidh na gcóras faisnéise a dhéanann difear do chomhlachtaí de chuid an Aontais nó do dhá Bhallstát nó níos mó, go háirithe i bhfianaise a ghasta a dhéantar iad agus an tionchair a bhíonn acu agus na deacrachta a bhaineann lena bhfoinsí a shainaithint. Agus breithniú á dhéanamh acu ar iarrataí ó Europol imscrúdú a thionscnamh ar ionsaí tromchúiseach in aghaidh córais faisnéise a dhéanann difear do chomhlachtaí de chuid an Aontais nó do dhá Bhallstát nó níos mó, ar ionsaí é a bhfuil amhras faoi go bhfuil bunús coiriúil leis, ba cheart do na Ballstáit freagra a thabhairt do Europol gan mhoill, agus é á thabhairt ar aird acu gur tosca ríthábhachtach é mire na freagartha ó thaobh dul i ngleic leis an gcoireacht ríomhaire.

(9)

I bhfianaise a thábhachtaí agus atá an comhar idirghníomhaireachta, ba cheart do Europol agus do Eurojust a áirithiú go gcuirtear na socruithe riachtanacha ar bun chun a gcomhar oibríochtúil a bharrfheabhsú, agus aird cuí á tabhairt ar a misin agus a sainorduithe faoi seach agus ar leasanna na mBallstát. Ba cheart, go háirithe, do Europol agus do Eurojust a chéile a choinneáil ar an eolas maidir le haon ghníomhaíocht a mbíonn maoiniú ar fhoirne comhpháirteacha um imscrúdú i gceist léi.

(10)

Nuair a chuirtear foireann chomhpháirteach um imscrúdú ar bun, ba cheart na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht bhaill foirne Europol san fhoireann a chinneadh sa chomhaontú ábhartha. Ba cheart do Europol taifead a choimeád ar a rannpháirtíocht i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú den sórt sin a spriocdhíríonn ar ghníomhaíochtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí.

(11)

Ba cheart do Europol bheith in ann iarraidh ar na Ballstáit imscrúduithe coiriúla a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú i gcásanna sonracha nach gcuirfeadh comhar trasteorann luach leo. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.

(12)

Ba cheart do Europol feidhmiú mar mhol le haghaidh malartú faisnéise san Aontas. Ar an bhfaisnéis a dhéanann Europol a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú, áirítear faisnéis choiriúil a bhaineann le faisnéis faoin gcoireacht nó faoi ghníomhaíochtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol, ar faisnéis í a fhaightear d'fhonn a shuí an ndearnadh gníomhaíochtaí nithiúla coiriúla nó an bhféadfaí iad a dhéanamh amach anseo.

(13)

D'fhonn éifeachtacht Europol mar mhol le haghaidh malartú faisnéise a áirithiú, ba cheart oibleagáidí soiléire a leagan síos lena gceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí riachtanacha a chur ar fáil do Europol le go mbeidh sé in ann a chuid cuspóirí a chomhlíonadh. Agus oibleagáidí den sórt sin á gcur chun feidhme acu, ba cheart do na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar shonraí a sholáthar atá ábhartha don chomhrac in aghaidh coireanna a mheastar gur tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla laistigh d'ionstraimí beartais ábhartha an Aontais iad, go háirithe na tosaíochtaí a leagann an Chomhairle amach faoi chuimsiú Thimthriall Beartais AE um choireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach. Ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh freisin cóip a chur ar fáil do Europol de mhalairtí déthaobhacha agus iltaobhacha faisnéise leis na Ballstáit eile maidir leis an gcoireacht a thagann faoi réim chuspóirí Europol. Agus an fhaisnéis riachtanach á tabhairt acu do Europol, ba cheart do na Ballstáit faisnéis a thabhairt freisin faoi aon chibear-ionsaithe líomhnaithe a dhéannan difear do chomhlachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe ar a gcríoch. Ag an am céanna, ba cheart do Europol méadú a dhéanamh ar an leibhéal tacaíochta a thugann sé do Bhallstáit, chun comhar frithpháirteach agus roinnt faisnéise a fheabhsú. Ba cheart do Europol tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus na bparlaimintí náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit aonair ar fáil.

(14)

Chun comhar éifeachtach a áirithiú idir Europol agus na Ballstáit, ba cheart aonad náisiúnta a bhunú i ngach Ballstát (“an t-aonad náisiúnta”). Ba cheart don aonad náisiúnta a bheith mar nasc idirchaidrimh idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus Europol, agus ba cheart dá bhrí sin ról comhordaitheach a bheith ag an aonad i ndáil le comhar idir na Ballstáit agus Europol, agus ba cheart dó cabhrú, ar an gcaoi sin, lena áirithiú go dtugann gach Ballstát freagairt ar na hiarrataí ó Europol ar bhealach aonfhoirmeach. Chun malartú leanúnach agus éifeachtach faisnéise idir Europol agus na haonaid náisiúnta a áirithiú agus chun a gcomhar a éascú, ba cheart do gach aonad náisiúnta oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad a ainmniú a bheidh le tabhairt ar iasacht do Europol.

(15)

Agus struchtúr díláraithe roinnt Ballstát agus an gá le malartú tapa faisnéise a chinntiú á gcur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag Europol comhoibriú go díreach leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit, faoi réir na gcoinníollacha a shainíonn na Ballstáit, agus na haonaid náisiúnta á gcoimeád ar an eolas ag an am céanna arna iarraidh sin dóibh.

(16)

Ba cheart bunú na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú a spreagadh agus ba cheart d'fhoireann Europol a bheith in ann páirt a ghlacadh iontu. Chun a áirithiú go mbeifear in ann an rannpháirtíocht sin a bhaint amach i ngach Ballstát, foráiltear le Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle (10) nach mbaineann foireann Europol leas as díolúintí le linn dóibh a bheith páirteach sna foirne comhpháirteacha um imscrúdú.

(17)

Tá sé riachtanach freisin rialachas Europol a fheabhsú, trí ghnóthachain éifeachtacha a lorg agus trí nósanna imeachta a shruthlíniú.

(18)

Ba cheart ionadaíocht a dhéanamh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit ar Bhord Bainistíochta Europol (“an Bord Bainistíochta”) chun a chuid oibre a mhaoirsiú go héifeachtach. Ba cheart na comhaltaí agus na comhaltaí ionaid den Bhord Bainistíochta a cheapadh agus a gcuid scileanna bainistithe, riaracháin agus buiséadacha ábhartha á gcur san áireamh mar aon lena gcuid eolais faoi chomhar i bhforfheidhmiú an dlí. Ba cheart do chomhaltaí ionaid gníomhú mar chomhaltaí in éagmais an chomhalta.

(19)

Ba cheart do gach páirtí a bhfuil ionadaíocht déanta orthu ar an mBord Bainistíochta iarracht a dhéanamh láimhdeachas a gcuid ionadaithe a theorannú, d'fhonn leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Ba cheart do gach páirtí díriú ar ionadaíocht chothrom a bhaint amach idir fir agus mná ar an mBord Bainistíochta.

(20)

Ba cheart don Bhord Bainistíochta bheith in ann cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí gan vóta, a bhféadfaidh a dtuairim bheith ábhartha don phlé, lena n-áirítear ionadaí arna ainmniú ag an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC).

(21)

Ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a thabhairt don Bhord Bainistíochta, go háirithe chun an buiséad a shocrú, chun cur i ngníomh an bhuiséid a fhíorú, agus chun na rialacha airgeadais agus na doiciméid phleanála iomchuí a ghlacadh, chomh maith le rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chomhaltaí, chun nósanna imeachta oibre trédhearcacha a bhunú do chinnteoireacht Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol agus chun an tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil a ghlacadh. Ba cheart dó cumhachtaí údaráis ceapacháin a fheidhmiú i leith bhaill foirne na gníomhaireachta lena n-áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

(22)

Chun feidhmiú laethúil éifeachtacht Europol a áirithiú, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith mar ionadaí dlí agus mar bhainisteoir air, ag gníomhú go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ag áirithiú go ndéanann Europol na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheith freagrach as doiciméid bhuiséadacha agus phleanála a ullmhú le tíolacadh le haghaidh cinneadh ón mBord Bainistíochta, agus as clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla Europol agus doiciméid phleanála eile a chur chun feidhme.

(23)

Chun críocha an choireacht a chosc agus a chomhrac, rud a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí, tá sé riachtanach go mbeadh an fhaisnéis is iomláine agus is deireanaí is féidir ag Europol. Mar sin, ba cheart do Europol bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí a dhéanann na Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus, faoi na coinníollacha géara a leagtar síos leis an Rialachán seo, páirtithe príobháideacha a chuirtear ar fáil dó, mar aon le sonraí a thagann ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, d'fhonn tuiscint a fháil ar fheiniméin choiriúla agus ar threochtaí coiriúla, chun faisnéis a bhailiú faoi ghréasáin choiriúla, agus chun naisc a bhrath idir ciontaí coiriúla éagsúla.

(24)

Chun éifeachtacht Europol a fheabhsú maidir le hanailísí cruinne ar choireacht a chur ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát, ba cheart dó teicneolaíochtaí nua a úsáid chun sonraí a phróiseáil. Ba cheart do Europol bheith in ann naisc a bhrath go tapa idir imscrúduithe agus modi operandi coiteanna sna grúpaí coiriúla éagsúla, chun crosmheaitseanna sonraí a sheiceáil agus chun léargas soiléir a fháil ar threochtaí, agus ardleibhéal cosanta sonraí á ráthú ag an am céanna do dhaoine aonair. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair shonraí Europol a bheith leagtha amach ar chaoi agus go bhféadfadh Europol an struchtúr TF is éifeachtúla a roghnú. Ba cheart do Europol bheith in ann gníomhú mar sholáthraí seirbhíse freisin, go háirithe trí líonra slán a sholáthar chun sonraí a mhalartú, amhail Córas an Fheidhmchláir Líonra um Malartú Slán Faisnéise (SIENA), agus é mar aidhm malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Chun ardleibhéal cosanta sonraí a áirithiú, ba cheart cuspóir na n-oibríochtaí próiseála agus na gcearta rochtana chomh maith le coimircí sonracha breise a leagan síos. Ba cheart, go háirithe, prionsabal an ghá agus prionsabal na comhréireachta a urramú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil.

(25)

Ba cheart do Europol a áirithiú go dtugtar cuspóir sonrach do na sonraí pearsanta uile a phróiseáiltear d'anailísí oibríochtúla. Mar sin féin, chun go gcomhlíonfaidh Europol an misean atá aige, ba cheart cead a bheith aige na sonraí pearsanta uile a fhaigheann sé a phróiseáil d'fhonn naisc a shainaithint idir ilréimsí coireachta agus imscrúduithe iolracha, agus níor cheart é bheith teoranta do na ceangail laistigh de réimse coireachta amháin a shainaithint.

(26)

Chun úinéireacht sonraí agus cosaint na sonraí pearsanta a urramú, ba cheart do na Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta bheith in ann an cuspóir nó na cuspóirí a shainiú a bhféadfaidh Europol na sonraí a chuireann siad ar fáil a phróiseáil agus cearta rochtana a shrianadh lena n-aghaidh. Is prionsabal bunúsach den phróiseáil sonraí pearsanta é an teorannú de réir cuspóra; go háirithe, cuireann sé le trédhearcacht, le deimhneacht dhlíthiúil agus le hintuarthacht agus tá an-tábhacht leis go háirithe i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí, nuair is iondúil nach mbíonn a fhios ag ábhair sonraí an uair a bhíonn a gcuid sonraí pearsanta á mbailiú agus á bpróiseáil agus nuair a d'fhéadfadh úsáid sonraí pearsanta tionchar suntasach a bheith aici ar shaol agus ar shaoirsí daoine aonair.

(27)

Chun a áirithiú nach dtugtar rochtain ar na sonraí sin ach dóibh siúd a bhfuil rochtain riachtanach dóibh chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, ba cheart don Rialachán seo rialacha sonracha a leagan síos maidir le céimeanna éagsúla den cheart chun rochtana ar shonraí arna bpróiseáil ag Europol. Ba cheart rialacha den sórt sin bheith gan dochar do shrianta ar rochtain a fhorchuireann soláthraithe sonraí, toisc gur cheart prionsabal úinéireacht na sonraí a urramú. Chun méadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht chosc agus chomhrac na gcoireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol, ba cheart do Europol fógra a thabhairt do na Ballstáit faoin bhfaisnéis a bhaineann leo.

(28)

Chun comhar oibríochtúil idir na gníomhaireachtaí a fheabhsú, agus go háirithe chun naisc a bhunú idir sonraí atá i seilbh na ngníomhaireachtaí éagsúla cheana féin, ba cheart do Europol cur ar chumas Eurojust agus na hOifige Frith-chalaoise Eorpaigh (OLAF) rochtain a bheith acu ar shonraí atá ar fáil i Europol, ar bhonn córais braite/neamhbhraite. Ba cheart do Europol agus do Eurojust bheith in ann socrú oibre a thabhairt i gcrích lena n-áireofaí, ar bhealach comhalartach laistigh dá sainorduithe faoi seach, rochtain ar an bhfaisnéis uile a cuireadh ar fáil le haghaidh cros-seiceáil i gcomhréir le coimircí sonracha agus ráthaíochtaí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus lena n-áireofaí an fhéidearthacht cuardach a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin. Aon rochtain ar na sonraí atá ar fáil in Europol, ba cheart í bheith teoranta, trí mheáin theicniúla, don fhaisnéis a thagann faoi réim shainorduithe na gcomhlachtaí sin de chuid an Aontais, faoi seach.

(29)

Ba cheart do Europol caidreamh comhoibritheach a choimeád le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, le húdaráis i dtríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích.

(30)

Chun éifeachtacht oibríochtúil a áirithiú, ba cheart do Europol a bheith in ann an fhaisnéis ábhartha go léir a mhalartú, ach amháin sonraí pearsanta, le comhlachtaí eile an Aontais, le húdaráis i dtríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil saineolas agus faisnéis ag cuideachtaí, comhlachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhrialtais agus páirtithe príobháideacha eile atá ábhartha go díreach do chosc agus chomhrac na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, ba cheart do Europol a bheith in ann freisin faisnéis den sórt sin a mhalartú le páirtithe príobháideacha. Chun an chibearchoireacht, mar a bhaineann sí le teagmhais de shlándáil líonra agus faisnéise, a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol, de bhun ghníomh reachtach is infheidhme an Aontais lena leagtar síos bearta chun ardleibhéal coiteann de shlándáil líonra agus faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais, comhar a dhéanamh agus faisnéis, cé is moite de shonraí pearsanta, a mhalartú le húdaráis náisiúnta atá inniúil i ndáil le slándáil na gcóras líonra agus faisnéise.

(31)

Ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí pearsanta ábhartha go léir a mhalartú le comhlachtaí eile an Aontais a mhéid is gá chun a chuid cúraimí nó a gcuid cúraimí a chur i gcrích.

(32)

Is minic go mbíonn naisc thar chríoch an Aontais ag an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Mar sin ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le húdaráis i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta mar Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta — Interpol a mhéid is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích.

(33)

Tá gach Ballstát comhcheangailte le Interpol. D'fhonn a mhisean a chomhlíonadh, faigheann, stórálann agus scaipeann Interpol sonraí chun cuidiú le húdaráis inniúla um fhorfheidhmiú an dlí an choireacht idirnáisiúnta a chosc agus a chomhrac. Is iomchuí, mar sin, comhar a threisiú idir Europol agus Interpol trí mhalartú éifeachtúil sonraí pearsanta a chur chun cinn agus urraim do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha á háirithiú ag an am céanna i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch. Nuair a aistrítear sonraí pearsanta ó Europol go Interpol, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, go háirithe na forálacha maidir le haistrithe idirnáisiúnta.

(34)

D'fhonn teorannú de réir cuspóra a ráthú, ní mór a áirithiú go mbeifear in ann sonraí pearsanta a aistriú ó Europol chuig comhlachtaí an Aontais, chuig triú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, más gá leis an gcoireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, agus sa chás sin amháin. Chun na críche sin, is gá a áirithiú, agus sonraí pearsanta á n-aistriú, go dtabharfaidh an faighteoir gealltanas go mbainfidh sé úsáid as na sonraí nó go ndéanfar na sonraí a sheoladh ar aghaidh chuig údarás inniúil de chuid tríú tír don chuspóir a ndearnadh iad a aistriú ina leith ó thús agus don chuspóir sin amháin. Ba cheart aon sonraí a aistrítear ina dhiaidh sin a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(35)

Ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta ar bhonn chinnidh ón gCoimisiún ina bhfaightear go n-áirithíonn an tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta atá i gceist leibhéal dóthanach de chosaint sonraí (“cinneadh leordhóthanachta”), nó in éagmais chinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta a thugann an tAontas chun críche de bhun Airteagal 218 CFAE, nó comhaontú comhair, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a thugtar chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. I bhfianaise Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36. ar fhorálacha idirthréimhseacha atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá éifeachtaí dlí comhaontuithe den sórt sin le caomhnú go dtí go ndéantar na comhaontuithe sin a aisghairm, a neamhní nó a leasú agus na Conarthaí á gcur chun feidhme. I gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart don Choimisiún bheith in ann dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) roimh an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idirnáisiúnta nó lena linn. I gcás ina sainaithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil gá oibríochtúil leis an gcomhar le tríú tír nó le heagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart dó bheith in ann moladh don Chomhairle go ndéanfadh an Chomhairle aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá atá le cinneadh leordhóthanachta nó moladh maidir le tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear thuas.

(36)

Nuair nach féidir aistriú sonraí pearsanta a bhunú ar chinneadh leordhóthanachta, ar chomhaontú idirnáisiúnta a thugann an tAontas chun críche, ná ar chomhaontú comhair atá ann cheana, ba cheart cead a thabhairt don Bhord Bainistíochta, i gcomhaontú le MECS, sraith aistrithe a údarú, i gcás ina n-éilítear sin le dálaí sonracha agus ar choinníoll go n-áirithítear coimircí leordhóthanacha. Ba cheart cead a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí a údarú i gcásanna eisceachtúla ar bhonn gach cáis faoi leith, i gcás ina n-éilítear aistriú den sórt sin, faoi choinníollacha sonracha déine.

(37)

Níor cheart do Europol bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta de thionscnamh páirtithe príobháideacha agus daoine príobháideacha ach amháin má aistríonn ceann de na dreamanna seo a leanas chuig Europol na sonraí sin: aonad náisiúnta i gcomhréir lena dhlí náisiúnta; pointe teagmhála i dtríú tír; eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil comhar bunaithe ar siúl leis trí chomhaontú comhair lena dtugtar cead sonraí pearsanta a mhalartú a thugtar chun críche i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; údarás de chuid tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta atá faoi réir comhaontú leordhóthanachta nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas leo de bhun Airteagal 218 CFAE. Mar sin féin, i gcásanna ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus i gcás nach bhféadfar an t-aonad náisiúnta, an pointe teagmhála nó an t-údarás lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do Europol bheith in ann na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun na heintitis sin a shainaithint agus chun na críche sin amháin, agus ba cheart sonraí den sórt sin a scriosadh mura ndéanann na heintitis sin na sonraí pearsanta sin a thíolacadh arís laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith aistrithe. Ba cheart do Europol a áirithiú, trí mheáin theicniúla, nach mbeadh na sonraí sin inrochtana le haghaidh próiseála, le linn na tréimhse sin, chun aon chríche eile.

(38)

Agus aird á tabhairt ar an mbagairt eisceachtúil agus shonrach do shlándáil inmheánach an Aontais a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus le saghsanna eile coireachta tromchúisí, go háirithe nuair a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar iad agus úsáid á baint as an idirlíon, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh faoin 1 Bealtaine 2019 ar na gníomhaíochtaí ar cheart do Europol tabhairt fúthu ar bhonn an Rialacháin seo, ag eascairt as cur chun feidhme na gConclúidí ón gComhairle an 12 Márta 2015 agus as an nglao ón gComhairle Eorpach an 23 Aibreán 2015 go mór mór i ndáil leis na réimsí tosaíochtaí sin, go háirithe an cleachtas comhfhreagrach maidir le malairtí díreacha sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha.

(39)

Maidir le haon fhaisnéis ar léir go ndearnadh sárú follasach ar chearta an duine agus í á fáil, níor cheart próiseáil a dhéanamh uirthi.

(40)

Ba cheart rialacha ar chosaint sonraí ag Europol a threisiú agus ba cheart dóibh tarraingt ar na prionsabail a thacaíonn le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 chun ardleibhéal cosanta a áirithiú i gcás daoine aonair maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil. Toisc go n-aithnítear sainiúlacht na próiseála ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí le Dearbhú Uimh. 21 maidir le sonraí pearsanta a chosaint i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus an chomhair phóilíneachta atá i gceangal le CAE agus le CFAE, ba cheart do rialacha Europol ar chosaint sonraí a bheith neamhspleách, agus ag an am céanna comhleanúnach le hionstraimí ábhartha eile um chosaint sonraí a bhfuil feidhm acu i réimse an chomhair phóilíneachta san Aontas. Ar na hionstraimí sin, áirítear, go háirithe, Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar aon leis an gCoinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch ó Chomhairle na hEorpa agus a Moladh Uimh. R(87) 15 (13).

(41)

Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann Europol ar na sonraí pearsanta bheith dleathach agus cothrom ó thaobh na n-ábhar sonraí lena mbaineann. Éilítear le prionsabal na próiseála cothroime trédhearcacht ó thaobh na próiseála de, lena gceadaítear do na hábhair sonraí lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo. Ba cheart é bheith indéanta rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a dhiúltú nó a shrianadh mar sin féin, más rud é, agus an aird chuí á tabhairt ar leasanna na n-ábhar sonraí lena mbaineann, gurb ionann diúltú nó srian den sórt sin agus beart riachtanach le go gcuirfear ar chumas Europol a chúraimí a chomhlíonadh mar is ceart, an tslándáil agus an t-ord poiblí a chosaint nó cosc a chur ar an gcoireacht, lena ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i mbaol nó le cearta agus saoirsí tríú páirtithe a chosaint. Le go gcuirfear feabhas ar thrédhearcacht, ba cheart do Europol doiciméad a chur ar fáil go poiblí ina leagtar amach ar shlí intuigthe na forálacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus na bealaí atá ar fáil do na hábhair sonraí a gcuid ceart a fheidhmiú. Chomh maith leis sin, ba cheart do Europol liosta de chinntí leordhóthanacha, comhaontuithe agus socruithe riaracháin a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig triú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin. Thairis sin, d'fhonn cur le trédhearcacht Europol i leith shaoránaigh an Aontais agus le cuntasacht Europol, ba cheart do Europol liosta de chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus, nuair is iomchuí, achoimrí ar thorthaí chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, agus na ceanglais maidir le cosaint sonraí á n-urramú aige ag an am céanna.

(42)

A mhéid is féidir, ba cheart sonraí pearsanta a idirdhealú de réir leibhéal a gcruinnis agus a n-iontaofachta. Ba cheart fíricí a idirdhealú ó mheasúnuithe pearsanta, d'fhonn cosaint daoine aonair agus cáilíocht agus iontaofacht na faisnéise a ndéanann Europol próiseáil uirthi a áirithiú. I gcás na faisnéise a fhaightear ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe ó fhoinsí ar an idirlíon, ba cheart do Europol, a mhéid agus is féidir, cruinneas na faisnéise sin a mheas chomh maith lena hiontaofa agus atá foinse na faisnéise sin, agus an aird chuí á léiriú ina leith sin le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann leis an idirlíon ó thaobh sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint.

(43)

Déantar sonraí pearsanta a bhaineann le catagóirí éagsúla d'ábhair sonraí a phróiseáil i réimse an chomhair i bhforfheidhmiú an dlí. Ba cheart do Europol deighiltí idir sonraí pearsanta i leith catagóirí difriúla d'ábhair sonraí a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Ba cheart, go háirithe, sonraí pearsanta a bhaineann le daoine amhail íospartaigh, finnéithe agus daoine a bhfuil faisnéis ábhartha acu, chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le mionaoisigh a chosaint. Níor cheart do Europol sonraí íogaire a phróiseáil ach amháin má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile atá próiseáilte ag Europol cheana féin.

(44)

I bhfianaise na gceart bunúsach go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, níor cheart do Europol sonraí pearsanta a stóráil go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá atá ann leanúint leis na sonraí sin a stóráil tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis tús a chur leis an bpróiseáil tosaigh.

(45)

Chun slándáil sonraí pearsanta a ráthú, ba cheart do Europol agus do na Ballstáit na bearta teicniúla agus eagrúcháin riachtanacha a chur chun feidhme.

(46)

Ba cheart ceart rochtana a bheith ag aon ábhar sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, ceart go ndéanfaí ceartúchán má tá na sonraí sin míchruinn, agus ceart go ndéanfaí léirscriosadh nó srianadh mura bhfuil na sonraí sin ag teastáil a thuilleadh. Níor cheart do na costais a bhaineann le feidhmiú an chirt rochtana ar shonraí pearsanta bac a chur ar dhuine an ceart sin a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach. Níor cheart do na cearta a thugtar don ábhar sonraí agus d'fheidhmiú na gceart sin difear a dhéanamh do na hoibleagáidí atá ar Europol agus ba cheart dóibh bheith faoi réir na srianta a leagtar síos sa Rialachán seo.

(47)

Chun ceart agus saoirse ábhar sonraí a chosaint teastaíonn sannadh soiléir freagrachtaí faoin Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit bheith freagrach as cruinneas na sonraí, as na sonraí atá aistrithe chuig Europol acu a choimeád cothrom le dáta agus as dlíthiúlacht aistruithe sonraí den sórt sin. Ba cheart do Europol bheith freagrach as cruinneas na sonraí agus as na sonraí a chuireann soláthraithe sonraí eile ar fail nó a eascraíonn as anailísí féin Europol a choimeád cothrom le dáta. Ba cheart do Europol a áirithiú go ndéantar sonraí a phróiseáil go cóir agus go dleathach, agus go mbailítear agus go bpróiseáiltear le haghaidh cuspóir sonrach iad. Ba cheart do Europol a áirithiú freisin go bhfuil na sonraí leordhóthanach, ábhartha, nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis an gcuspóir a ndéantar próiseáil orthu lena n-aghaidh, agus nach stóráiltear iad go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcuspóir sin, agus ba cheart próiseáil a dhéanamh orthu ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí sonraí pearsanta agus rúndacht próiseála sonraí.

(48)

Ba cheart do Europol taifid a choimeád faoi bhailiú, athrú, rochtain, nochtadh, comhcheangal nó léirscriosadh sonraí pearsanta chun críocha dlíthiúlacht na próiseála sonraí agus an fhéinfhaireacháin a fhíorú agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú. Ba cheart oibleagáid a bheith ar Europol comhoibriú le MECS agus na logaí nó an doiciméadacht a chur ar fáil arna iarraidh sin, ionas gur féidir iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála.

(49)

Ba cheart do Europol Oifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú chun cuidiú leis faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo. Ba cheart é a bheith ar chumas an Oifigigh Chosanta Sonraí a chuid cúraimí nó a cuid cúraimí a chomhlíonadh ar bhealach neamhspleách agus éifeachtach, agus ba cheart na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil dó nó di chun déanamh amhlaidh.

(50)

Tá sé sár-riachtanach go mbeadh struchtúir maoirseachta atá neamhspleách, trédhearcach, cuntasach agus éifeachtach ann maidir le daoine aonair a chosaint a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, mar a cheanglaítear le hAirteagal 8(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na sonraí pearsanta a chuireann na Ballstáit ar fáil do Europol. Ba cheart do MECS faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí a dhéanann Europol. agus a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna á bhfeidhmiú aige nó aici le neamhspleáchas iomlán. Maidir leis sin, coimirce thábhachtach atá i sásra an réamhchomhairliúcháin do chineálacha nua oibríochtaí próiseála. Níor cheart feidhm a bheith aige sin maidir le gníomhaíochtaí sonracha oibríochtúla aonair, amhail na tionscadail anailíse oibríochtúla, ach maidir le húsáid chórais nua TF chun sonraí pearsanta agus aon athruithe suntasacha orthu a phróiseáil.

(51)

Tá sé tábhachtach maoirseacht treisithe agus éifeachtach ar Europol a áirithiú agus a ráthú go mbeidh MECS in ann leas a bhaint as an saineolas iomchuí maidir le cosaint sonraí fhorfheidhmiú an dlí nuair a ghlacfaidh sé nó sí an fhreagracht air nó uirthi maidir le maoirseacht ar chosaint sonraí Europol. Maidir le saincheisteanna sonracha a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta ag teastáil lena n-aghaidh, ba cheart do MECS agus do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta comhoibriú go dlúth lena chéile agus ba cheart dóibh cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais.

(52)

D'fhonn comhar idir MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a éascú, ach gan dochar do neamhspleáchas MECS agus don fhreagracht atá air nó uirthi maidir le maoirseacht a dhéanamh ar Europol i ndáil le cosaint sonraí, ba cheart dóibh teacht le chéile go rialta laistigh den Bhord um Chomhar, ar cheart dó, mar chomhlacht comhairleach, tuairimí, treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtas a thabhairt maidir le saincheisteanna éagsúla a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta ag teastáil lena n-aghaidh.

(53)

Toisc go ndéanann Europol próiseáil chomh maith ar shonraí pearsanta neamhoibríochtúla nach mbaineann le himscrúduithe coiriúla, amhail sonraí pearsanta a bhaineann le foireann Europol, soláthraithe seirbhísí nó cuairteoirí, ba cheart do phróiseáil sonraí den sórt sin a bheith faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

(54)

Ba cheart do MECS éisteacht le gearáin a thaisceann ábhair sonraí agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin den sórt sin. Ba cheart an t-imscrúdú de thoradh gearáin a dhéanamh, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a mhéid atá oiriúnach sa chás faoi leith. Ba cheart don údarás maoirseachta náisiúnta an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta faoi dhul chun cinn i ndáil leis an ngearán chomh maith le toradh an ghearáin.

(55)

Ba cheart an ceart a bheith ag aon duine aonair chun leigheas breithiúnach i gcoinne chinneadh MECS a bhaineann leis nó léi.

(56)

Ba cheart do Europol bheith faoi réir na rialacha ginearálta ar dhliteanas conarthach agus neamhchonarthach is infheidhme maidir le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, cé is moite de na rialacha ar dhliteanas as próiseáil neamhdhleathach sonraí.

(57)

D'fhéadfadh nach mbeadh sé soiléir don duine atá i gceist cibé acu ar tharla nó nár tharla an damáiste a d'fhulaing sé nó sí mar gheall ar phróiseáil neamhdhleathach sonraí de thoradh beart a rinne Europol nó Ballstát. Ba cheart do Europol agus don Bhallstát inar tharla an t-imeacht as ar eascair an damáiste bheith faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, dá bhrí sin.

(58)

Agus urraim á tabhairt don ról atá ag Parlaimint na hEorpa, in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta ó thaobh grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid Europol, is den riachtanas é gurb eagraíocht inmheánach iomlán cuntasach agus trédhearcach é Europol. Chuige sin, i bhfianaise Airteagal 88 CFAE, ba cheart nósanna imeachta a bhunú le go bhféadfadh Parlaimint na hEorpa, in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta, grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid Europol. Ba cheart nósanna imeachta den sórt sin a bheith faoi réir phointe (c) d'Airteagal 12 CAE agus faoi réir Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1, lena bhforáiltear go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta le cinneadh a dhéanamh le chéile maidir le comhar idirpharlaiminteach éifeachtach agus rialta laistigh den Aontas a eagrú agus a chur chun cinn. Na nósanna imeachta atá le bunú chun grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid Europol, ba cheart dóibh aird cuí a thabhairt ar an ngá atá ann a áirithiú go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta ar chomhchéim lena chéile, agus ar an ngá atá ann rúndacht na faisnéise oibríochtúla a choimirciú. Mar sin féin, is ceist a bhaineann le heagrúchán agus cleachtas bunreachtúil áirithe gach Ballstáit é an dóigh a ndéanann na parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtais féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais.

(59)

Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na “Rialacháin Foirne”) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile”) atá leagtha síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (14), ba cheart feidhm a bheith acu maidir le baill foirne Europol. Ba cheart do Europol bheith in ann baill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát a fhostú mar ghníomhairí sealadacha ar cheart a dtréimhse seirbhíse a theorannú chun prionsabal na huainíochta a choimeád, toisc go n-éascaítear le hath-imeascadh ball foirne den sórt sin ina dhiaidh sin i seirbhís a n-údaráis inniúil dlúthchomhar idir Europol agus údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit aon bheart is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhféadfaidh baill foirne atá fostaithe ag Europol mar ghníomhairí sealadacha, ag deireadh a dtréimhse seirbhíse le Europol, filleadh ar an státseirbhís lena mbaineann siad.

(60)

I bhfianaise chineál dhualgais Europol agus ról an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ba cheart do choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa bheith in ann cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin teacht os a comhair sula gceaptar é nó í, agus sula ndéantar aon síneadh ar a thréimhse oifige nó ar a tréimhse oifige. Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle freisin. Thairis sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bheith in ann iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt faoi fheidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas.

(61)

Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Europol a áirithiú, ba cheart buiséad neamhspleách a dheonú dó agus a chuid ioncaim a eascraíonn go bunúsach as ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais bheith infheidhme a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais agus aon fhóirdheontais eile inmhuirir do bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí tabhairt faoi iniúchadh na gcuntas.

(62)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún (15) maidir le Europol.

(63)

I bhfianaise a gcumhachtaí sonracha dlíthiúla agus riaracháin agus a n-inniúlachtaí teicniúla maidir le gníomhaíochtaí, oibríochtaí agus imscrúduithe malartaithe faisnéise trasteorann a dhéanamh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí, oibríochtaí agus imscrúduithe i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, agus maidir le saoráidí oiliúna a chur ar fáil, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát a bheith in ann deontais a fháil ó Europol gan glao ar thairiscintí, i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 190(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (16).

(64)

Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le Europol.

(65)

Próiseálann Europol sonraí a bhfuil cosaint faoi leith ag teastáil uathu toisc go gcuimsíonn siad faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe AE. Ba cheart do Europol, dá bhrí sin, rialacha maidir le rúndacht agus próiseáil faisnéise den sórt sin a tharraingt suas. Ba cheart do na rialacha maidir le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint bheith i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (18).

(66)

Is iomchuí measúnú rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(67)

Ba cheart na forálacha riachtanacha maidir le cóiríocht do Europol sa Háig, áit a bhfuil a cheanncheathrú aige, agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le baill foirne go léir Europol agus baill a dteaghlaigh a leagan síos i gcomhaontú ceanncheathrún. Sa bhreis air sin, ba cheart don Bhallstát óstach na coinníollacha riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh fheidhmiú rianúil Europol, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach a mbeidh gné Eorpach ag baint leis agus naisc iomchuí iompair, chun acmhainní daonna d'ardchaighdeán a tharraingt ó cheantar geografach chomh leathan agus is féidir.

(68)

Gabhann Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ionad Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB agus téann sé i gcomharbas air. Ba cheart dó, dá bhrí sin, bheith ina chomharba dlíthiúil ar a chonarthaí go léir, lena n-áirítear conarthaí fostaíochta, na dliteanais agus na haonaid réadmhaoine a fuarthas. Ba cheart do chomhaontuithe idirnáisiúnta a thug Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB chun críche agus do chomhaontuithe a thug Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol chun críche roimh an 1 Eanáir 2010 leanúint d'fheidhm a bheith acu.

(69)

Chun Europol a chumasú le go bhféadfaidh sé cúraimí Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB a chomhlíonadh chomh maith agus is féidir leis, ba cheart bearta idirthréimhseacha a leagan síos, go háirithe maidir leis an mBord Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus baill foirne a fhostaítear faoi chonradh tréimhse éiginnte mar bhaill foirne áitiúla arna chur i gcrích ag Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol, ar baill foirne iad ar cheart an deis fostaíochta mar bhaill den fhoireann shealadach nó mar bhaill foirne faoi chonradh a thabhairt dóibh faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

(70)

Rinneadh Gníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998 (19) maidir le rialacháin foirne Europol a aisghairm le hAirteagal 63 de Chinneadh 2009/371/CGB. Ba cheart feidhm fós a bheith aige, áfach maidir leis an bhfoireann a d'fhostaigh Europol sular tháinig Cinneadh 2009/371/CGB i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh le forálacha idirthréimhseacha go bhfanfaidh conarthaí a tugadh i gcrích i gcomhréir leis na rialacháin foirne sin faoi rialú na rialachán sin.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon eintiteas a bhunú a bheidh freagrach as comhar i bhforfheidhmiú an dlí ar leibhéal an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(72)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(73)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(74)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(75)

Chuathas i gcomhairle le MECS agus thug sé tuairim uaidh an 31 Bealtaine 2013.

(76)

Déanann an Rialachán seo na cearta bunúsacha a urramú agus cloíonn sé leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta mar a chosnaítear le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 7 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ EUROPOL

Airteagal 1

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí a bhunú

1.   Leis seo bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) d'fhonn tacú leis an gcomhar frithpháirteach i measc na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí san Aontas.

2.   Gabhfaidh Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ionad Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB, agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn “údaráis inniúla na mBallstát” na húdaráis phóilíneachta uile agus na seirbhísí eile forfheidhmithe dlí atá sna Ballstáit agus atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as ciontaí coiriúla a chosc agus a chomhrac. Cuimseofar leis na húdaráis inniúla freisin údaráis phoiblí eile sna Ballstáit atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a chosc agus a chomhrac;

(b)

ciallaíonn “anailís straitéiseach” gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú agus é d'aidhm leis sin tacú le beartas coireachta agus é a fhorbairt, ar beartas é a rannchuidíonn leis an gcoireacht a chosc, ar bhonn éifeachtúil agus éifeachtach, agus leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta;

(c)

ciallaíonn “anailís oibríochtúil” gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú agus é d'aidhm leis sin tacú le himscrúduithe coiriúla;

(d)

ciallaíonn “comhlachtaí de chuid an Aontais” comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag CAE agus ag CFAE nó ar bhonn na gconarthaí sin;

(e)

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a cuid fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn comhaontú den sórt sin;

(f)

ciallaíonn “páirtithe príobháideacha” eintitis agus comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí Ballstáit nó tríú tír, go háirithe cuideachtaí agus gnólachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus daoine dlíthiúla eile nach gcumhdaítear faoi phointe (e);

(g)

ciallaíonn “daoine príobháideacha” gach duine nádúrtha;

(h)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis maidir le hábhar sonraí;

(i)

ciallaíonn “ábhar sonraí” duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta; is é is duine in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh nó aitheantóir ar líne nó do cheann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin;

(j)

ciallaíonn “sonraí géiniteacha” na sonraí pearsanta uile a bhaineann le tréithe géiniteacha duine aonair, ar tréithe ó oidhreacht nó faighte iad, a thugann sainfhaisnéis faoi fhiseolaíocht nó sláinte an duine aonair sin, ar sonraí iad a fuarthas go háirithe mar thoradh ar anailís arna déanamh ar shampla bitheolaíoch a tugadh ón duine aonair atá i gceist;

(k)

ciallaíonn “próiseáil”, aon oibríocht nó aon sraith d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(l)

ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó aon chomhlacht eile dá nochtar sonraí, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh;

(m)

ciallaíonn “aistriú sonraí pearsanta” cur in iúl sonraí pearsanta, a chuirtear ar fáil go gníomhach, idir líon teoranta páirtithe sainaitheanta, agus é ar eolas ag an seoltóir nó é de rún aige rochtain ar na sonraí pearsanta a thabhairt don fhaighteoir;

(n)

ciallaíonn “sárú i ndáil le sonraí pearsanta” sárú ar shlándáil as a dtiocfaidh díothú, cailleadh, athrú nó nochtadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseail ar bhealach eile, nó rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí sin, bíodh sé sin de thaisme nó neamhdhleathach;

(o)

ciallaíonn “toiliú an ábhair sonraí” aon chomhartha sonrach, eolasach agus gan débhrí ar a chuid mianta nó ar a cuid mianta arna thabhairt gan srianadh trína dtugann an t-ábhar sonraí le fios, le ráiteas scríofa nó le gníomh soiléir dearfach, go bhfuil sé nó sí sásta go ndéanfaí próiseáil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi;

(p)

ciallaíonn “sonraí pearsanta riaracháin” na sonraí pearsanta go léir a phróiseálann Europol seachas iad siúd a phróiseáiltear chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhlíonadh.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Tacóidh agus treiseoidh Europol le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a chosc agus a chomhrac.

2.   De bhreis ar mhír 1, cumhdófar cionta coiriúla gaolmhara freisin le cuspóirí Europol. Measfar iad seo a leanas mar chionta coiriúla gaolmhara:

(a)

cionta coiriúla a dhéantar chun an modh a aimsiú le gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a dhéanamh;

(b)

cionta coiriúla a dhéantar chun gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a éascú nó a dhéanamh;

(c)

cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go bhfuil na daoine a dhéanann gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh saor ó phionós.

Airteagal 4

Cúraimí

1.   Cuirfidh Europol na cúraimí seo a leanas i gcrích chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach:

(a)

faisnéis, lena n-áirítear faisnéis choiriúil, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b)

na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill maidir le faisnéis ar bith agus nasc ar bith idir cionta coiriúla a bhaineann leo, trí na haonaid náisiúnta a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 7(2);

(c)

gníomhaíochtaí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar:

(i)

go comhpháirteach le húdaráis inniúla na mBallstát; nó

(ii)

i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus, i gcás inarb iomchuí, i gcuibhreann le Eurojust;

(d)

páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus moladh a dhéanamh go mbunófar i gcomhréir le hAirteagal 5 iad;

(e)

tacaíocht faisnéise agus anailíse a chur ar fáil do na Ballstáit i dtaca le mórimeachtaí idirnáisiúnta;

(f)

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus oibríochtúla agus tuarascálacha ginearálta staide a ullmhú;

(g)

saineolas faoi mhodhanna chosc na coireachta, nósanna imeachta imscrúdaitheacha agus modhanna teicniúla agus fóiréinseacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun cinn, agus comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit;

(h)

tacú le gníomhaíochtaí trasteorann malartuithe faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, agus le foirne comhpháirteacha um imscrúdú chomh maith, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar;

(i)

oiliúint speisialaithe a chur ar fáil agus cuidiú leis na Ballstáit oiliúint a eagrú, lena n-áirítear le tacaíocht airgeadais a sholáthar, laistigh dá raon feidhme cuspóirí agus i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus buiséadacha atá ar fáil dó agus i gcomhordú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL);

(j)

comhoibriú leis na comhlachtaí Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE agus le OLAF, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíse sna réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlacht a chur ar fáil dóibh;

(k)

faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do struchtúir bhainistithe géarchéime AE agus do mhisin AE arna mbunú ar bhonn CAE, laistigh de raon feidhme chuspóirí Europol a leagtar amach in Airteagal 3;

(l)

lárionaid saineolais Aontais a fhorbairt chun cineálacha áirithe coireachta a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chomhrac, go háirithe Ionad Cibearchoireachta na hEorpa;

(m)

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát d'fhonn na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosc agus a chomhrac, ar saghsanna iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn agus a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, ábhar ar an idirlíon, lena n-éascaítear, lena gcuirtear chun cinn agus lena ndéantar na saghsanna sin coireachta a chur ar aghaidh chuig na soláthróirí seirbhísí ar líne lena mbaineann chun go ndéanfaidh siad a mheas, go deonach, an bhfuil an t-ábhar ar an idirlíon a cuireadh ar aghaidh chucu comhoiriúnach lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin.

2.   Cuirfidh Europol anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí ar fáil chun cuidiú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a leagan síos chun an choireacht a chomhrac. Cuideoidh Europol freisin leis na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme go hoibríochtúil.

3.   Cuirfidh Europol anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí ar fáil chun cuidiú le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil na n-acmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus chun tacaíocht leis na gníomhaíochtaí sin.

4.   Gníomhóidh Europol mar an Lároifig chun góchumadh an euro a chomhrac i gcomhréir le Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle (20). Molfaidh Europol comhordú a dhéanamh freisin ar na bearta a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát chun góchumadh an euro a chomhrac nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcás inarb iomchuí, i gcuibhreann le comhlachtaí an Aontais agus údaráis tríú tíortha.

5.   Ní chuirfidh Europol bearta comhéigneacha i bhfeidhm agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige.

CAIBIDIL II

COMHAR IDIR NA BALLSTÁIT AGUS EUROPOL

Airteagal 5

Rannpháirtíocht i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú

1.   Féadfaidh baill foirne Europol páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú a bhíonn ag déileáil leis an gcoireacht a thagann faoi réim chuspóirí Europol. Leis an gcomhaontú lena mbunaítear foireann chomhpháirteach um imscrúdú, cinnfear na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht bhaill foirne Europol sa bhfoireann, agus áiritheofar ann faisnéis maidir leis na rialacha i ndáil le dliteanas.

2.   Féadfaidh baill foirne Europol, laistigh de theorainneacha dhlíthe na mBallstát a bhfuil foireann chomhpháirteach um imscrúdú ag oibriú iontu, cuidiú le gach gníomhaíocht agus gach malartú faisnéise le baill uile na foirne comhpháirtí um imscrúdú.

3.   Féadfaidh baill foirne Europol atá rannpháirteach i bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an fhaisnéis riachtanach arna próiseáil ag Europol chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 18(2) a chur ar fáil do bhaill uile na foirne. Déanfaidh Europol, ag an am céanna, aonaid náisiúnta na mBallstát a bhfuil ionadaíocht déanta orthu ar an bhfoireann a chur ar an eolas chomh maith leis na cinn sin sna Ballstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil.

4.   An fhaisnéis a gheobhaidh baill foirne Europol agus iad mar chuid den fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú, le toiliú agus faoi fhreagracht an Bhallstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil, féadfaidh Europol í a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 18(2), faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

5.   I gcás ina mbeidh cúis ag Europol lena chreidiúint go gcuirfí luach le himscrúdú dá mbunófaí foireann chomhpháirteach um imscrúdú, d'fhéadfadh sé é sin a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann agus bearta a ghlacadh chun cuidiú leo an fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú.

Airteagal 6

Iarraidh ó Europol ar imscrúdú coiriúil a thionscnamh

1.   I gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, trí na haonaid náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú.

2.   Cuirfidh na haonaid náisiúnta Europol ar an eolas gan mhoill maidir le cinneadh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann faoi aon iarraidh a dhéantar de bhun mhír 1.

3.   Má chinneann údaráis inniúla Ballstáit gan géilleadh d'iarraidh arna déanamh ag Europol de bhun mhír 1, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoin méid is cúis lena gcinneadh, gan moill mhíchuí, ach b'fhearr é a dhéanamh laistigh d'aon mhí tar éis an iarraidh a fháil. Mar sin féin, féadfar gan na cúiseanna a thabhairt, i gcás, dá dtabharfaí iad:

(a)

go mbeadh sé ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann; nó

(b)

go gcuirfí rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol.

4.   Cuirfidh Europol Eurojust ar an eolas láithreach faoi aon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1 agus faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun mhír 2.

Airteagal 7

Aonaid náisiúnta Europol

1.   Comhoibreoidh na Ballstáit agus Europol le chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi seach a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát aonad náisiúnta agus is éard a bheidh ann an comhlacht idirchaidrimh idir Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Ceapfaidh gach Ballstát oifigeach mar cheannaire ar a aonad náisiúnta.

3.   Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a aonad náisiúnta inniúil faoin dlí náisiúnta na cúraimí a shanntar d'aonaid náisiúnta sa Rialachán seo a chomhlíonadh, agus go háirithe go mbeidh rochtain aige ar shonraí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus ar shonraí ábhartha eile a bheidh riachtanach don chomhar le Europol.

4.   Cinnfidh gach Ballstát eagrú agus foirne a aonaid náisiúnta i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

5.   I gcomhréir le mír 2, is é an t-aonad náisiúnta a bheidh ina chomhlacht idirchaidrimh idir Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit teagmhálacha díreacha idir a gcuid údarás inniúil agus Europol a cheadú, faoi réir coinníollacha arna gcinneadh ag na Ballstáit, lena n-áirítear rannpháirtíocht a bheith ag an aonad náisiúnta roimh ré. Gheobhaidh an t-aonad náisiúnta, i gcomhthráth, ó Europol aon fhaisnéis a malartaíodh le linn teagmhálacha díreacha idir Europol agus na húdaráis inniúla, ach amháin má léiríonn an t-aonad náisiúnta nach gá dó faisnéis den sórt sin a fháil.

6.   Déanfaidh gach Ballstát, trína aonad náisiúnta nó, faoi réir mhír 5, trí údarás inniúil, an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le saghsanna coireachta a measann an tAontas gur tosaíocht é iad a chosc nó a chomhrac;

(b)

cumarsáid éifeachtach agus comhar éifeachtach a áirithiú idir údaráis inniúla ábhartha uile agus Europol;

(c)

feasacht a mhúscailt faoi ghníomhaíochtaí Europol;

(d)

i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 38(5), a áirithiú go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta agus faisnéis á soláthar do Europol.

7.   Gan dochar do chomhlíonadh a gcuid freagrachtaí ag na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú, ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit, in aon chás ar leith, faisnéis a sholáthar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 6, ar faisnéis í:

(a)

a bheadh ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil na mBallstát lena mbaineann;

(b)

a chuirfeadh rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol; nó

(c)

a nochtfadh faisnéis a bhaineann le heagraíochtaí nó le gníomhaíochtaí sonracha eolais i réimse na slándála náisiúnta.

Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit, áfach, faisnéis a sholáthar a luaithe a scoireann sí de theacht faoi raon feidhme phointe (a), phointe (b) nó phointe (c) den chéad fho-mhír.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go gceadófar dá gcuid aonad eolais airgeadais a bunaíodh de bhun Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) comhoibriú le Europol trína aonad náisiúnta maidir le hanailísí, laistigh de theorainneacha a sainorduithe agus a n-inniúlachta.

9.   Tiocfaidh ceannairí na n-aonad náisiúnta le chéile go rialta, go háirithe chun fadhbanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs a gcomhair oibríochtúil le Europol a phlé agus a réiteach.

10.   Is iad na Ballstáit a iompróidh na costais a thabhóidh na haonaid náisiúnta i gcumarsáid le Europol agus, cé is moite de na costais naisc, ní dhéanfar iad a ghearradh ar Europol.

11.   Tarraingeoidh Europol tuarascáil bhliantúil suas maidir leis an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag gach Ballstát de bhun phointe (a) de mhír 6 ar bhonn na gcritéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna sainmhíniú ag an mBord Bainistíochta. Seolfar an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Airteagal 8

Oifigigh idirchaidrimh

1.   Ainmneoidh gach aonad náisiúnta oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad a bheidh le ceangal le Europol. Ach amháin mar a leagtar a mhalairt síos sa Rialachán seo, beidh na hoifigigh idirchaidrimh faoi réir dhlí náisiúnta na mBallstát ainmniúcháin.

2.   Beidh na biúrónna náisiúnta idirchaidrimh in Europol comhdhéanta d'oifigigh idirchaidrimh agus tabharfaidh a gcuid aonad náisiúnta treoir dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leas laistigh de Europol i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ainmniúcháin agus leis na forálacha is infheidhme maidir le Europol a riar.

3.   Cuideoidh oifigigh idirchaidrimh le malartú faisnéise idir Europol agus a gcuid Ballstát.

4.   Cuideoidh na hoifigigh idirchaidrimh, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, le malartú faisnéise idir a gcuid Ballstát agus oifigigh idirchaidrimh Ballstát eile, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Féadfar úsáid a bhaint as struchtúr Europol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le haghaidh malairtí déthaobhacha den sórt sin chun coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol a chlúdach chomh maith. Beidh gach malartú faisnéise den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

5.   Is é an Bord Bainistíochta a shaineoidh cearta agus oibleagáidí oifigeach idirchaidrimh i ndáil le Europol. Beidh na pribhléidí agus na díolúintí ag oifigigh idirchaidrimh atá riachtanach chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 63(2).

6.   Áiritheoidh Europol go bhfuil oifigigh idirchaidrimh go hiomlán ar an eolas faoina chuid gníomhaíochtaí, a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

7.   Clúdóidh Europol na costais as na háitribh riachtanacha laistigh d'fhoirgneamh Europol a sholáthar do Bhallstáit agus as tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d'oifigigh idirchaidrimh chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Iompróidh an Ballstát ainmniúcháin gach costas eile a thagann chun cinn maidir le hoifigigh idirchaidrimh a ainmniú, lena n-áirítear na costais as trealaimh d'oifigigh idirchaidrimh, mura gcinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a mhalairt de réir moladh ón mBord Bainistíochta.

CAIBIDIL III

EAGRÚ EUROPOL

Airteagal 9

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol:

(a)

Bord Bainistíochta;

(b)

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c)

i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí comhairleacha eile arna mbunú ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le pointe (s) d'Airteagal 11(1).

ROINN 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 10

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.   Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Beidh ceart vótála ag gach ionadaí.

2.   Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an t-eolas atá acu ar chomhar i bhforfheidhmiú an dlí á chur san áireamh.

3.   Beidh comhalta ionaid ag gach comhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, comhaltaí ionaid a cheapfar agus an critéar a leagtar amach i mír 2 á chur san áireamh. Déanfaidh an comhalta ionaid ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

Cuirfear san áireamh freisin prionsabal na hionadaíochta cothroime inscne ar an mBord Bainistíochta.

4.   Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún sainordú a gcomhalta agus a gcomhalta ionaid faoi seach a fhoirceannadh, is tréimhse ceithre bliana a bheidh i mballraíocht an Bhoird Bainistíochta. Féadfar an tréimhse sin a fhadú.

Airteagal 11

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)

doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol don bhliain dár gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b)

buiséad bliantúil Europol a ghlacadh trí thromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh bhuiséad Europol de bhun Chaibidil X;

(c)

tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle, an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfar an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite a phoibliú;

(d)

na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir le Europol a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61;

(e)

straitéis inmheánach fhrithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(f)

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, lena n-áirítear maidir leis an dearbhú leasanna a dhéanfaidh siad;

(g)

i gcomhréir le mír 2, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don údarás atá cumhachtaithe conradh fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt i gcrích faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú i ndáil le foireann Europol;

(h)

rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(i)

rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le nós imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhdhéanamh an choiste roghnúcháin lena n-áirithítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht;

(j)

gearrliosta iarrthóirí do na poist mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a mholadh don Chomhairle agus, i gcás inarb ábhartha, moladh a thabhairt don Chomhairle go ndéanfaí a dtréimhsí oifige a fhadú nó go ndéanfaí iad a bhaint as oifig i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 55;

(k)

táscairí feidhmíochta a bhunú agus maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme;

(l)

Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú;

(m)

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh a bheidh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú;

(n)

inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;

(o)

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a thagann as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó as na tuarascálacha iniúchóireachta seachtraí agus as meastóireachtaí inmheánacha nó as meastóireachtaí seachtracha, agus freisin as imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus ag MECS;

(p)

na critéir meastóireachta a shainiú don tuarascáil bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 7(11);

(q)

treoirlínte a ghlacadh lena sonrófar tuilleadh na nósanna imeachta don phróiseáil faisnéise ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 18, agus tar éis dó dul i gcomhairle le MECS;

(r)

cinneadh a dhéanamh maidir le tabhairt chun críche na socruithe oibre agus riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 23(4) agus le hAirteagal 25(1), faoi seach;

(s)

cinneadh a dhéanamh, agus ceanglais ghnó agus ceanglais airgeadais á gcur san áireamh, maidir le struchtúir inmheánacha Europol a bhunú, lena n-áirítear lárionaid saineolais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 4(1), ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(t)

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le cúraimí agus le feidhmiú a rúnaíochta;

(u)

rialacha inmheánacha eile a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí.

2.   Má mheasann an Bord Bainistíochta go bhfuil sé riachtanach chun cúraimí Europol a chomhlíonadh, féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle go ndéanfaidh sí aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá atá le cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) nó le moladh le haghaidh cinneadh lena dtabharfar údarú chun tús a chur le caibidlíocht d'fhonn comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 25(1) a thabhairt i gcrích.

3.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a bheidh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena ndéanfar cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena ndéanfar coinníollacha a bhunú faoina bhféadfar tarmligean cumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí. Údarófar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus aon fho-tharmligean ar chumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó na cumhachtaí sin a tharmligean chuig duine dá gcuid comhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 12

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

1.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le GGPC. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad sin ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC.

2.   Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus foireann. Beidh ar áireamh ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta de dhroim thoradh na meastóireachtaí seachtracha agus na meastóireachta inmheánacha. Léireofar conclúid na meastóireachtaí sin, i gcás inarb iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn.

3.   Beidh cuspóirí sonracha, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta mar chuid den chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhchuí leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.

4.   I gcás go sannfar cúram nua do Europol, tar éis ghlacadh cláir oibre bhliantúil, leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil.

5.   Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna leis an gceann sin is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil thosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 13

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.   Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ó ghrúpa na dtrí Bhallstát a bhfuil clár 18 mí na Comhairle réitithe aige go comhpháirteach. Feidhmeoidh siad don tréimhse 18 mí a fhreagraíonn don chlár sin ón gComhairle. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige mar Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathrialach an tráth céanna.

2.   Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.

3.   Nuair nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach a ionad nó a hionad.

Airteagal 14

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.   Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Boird Bainistíochta a chomóradh.

2.   Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bpléití an Bhoird Bainistíochta.

3.   Beidh dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Sa bhreis air sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

4.   Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh a thuairim nó a tuairim a bheith ábhartha don phlé, lena n-áirítear, más iomchuí, ionadaí de chuid GGPC, freastal ar chruinnithe dá chuid i gcáil breathnóra gan ceart vótála.

5.   Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí agus ag comhaltaí ionaid an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.

6.   Cuirfidh Europol an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 15

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.   Gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) d'Airteagal 11(1), Airteagal 13(2), Airteagal 50(2), Airteagal 54(8) agus Airteagal 64, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach dá chomhaltaí.

2.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina mbíonn comhalta a bhfuil ceart vótála aige nó aici as láthair, beidh a chomhalta ionaid nó a comhalta ionaid i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.   Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vóta.

4.   Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta bunófar socruithe vótála a bheidh níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, agus aon riachtanais chóraim, i gcás inar gá.

ROINN 2

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 16

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a bhainistiú. Beidh sé nó sí cuntasach don Bhord Bainistíochta.

2.   Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin nó an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí le treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.   Féadfaidh an Chomhairle cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le feidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas.

4.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil ar Europol.

5.   Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar do Europol faoin Rialachán seo, go háirithe, as an méid seo a leanas:

(a)

riarachán laethúil Europol;

(b)

moltaí a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir le struchtúir inmheánacha Europol a bhunú;

(c)

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

(d)

an dréacht-chlársceidealú ilbhliantúil agus na dréachtchláir oibre bhliantúla a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(e)

an clársceidealú ilbhliantúil agus na cláir oibre bhliantúla a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(f)

dréachtrialacha cur chun feidhme iomchuí a ullmhú chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(g)

an dréacht-tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ullmhú agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;

(h)

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, chomh maith le tuarascálacha imscrúdaithe agus moltaí ó imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus ag MECS, agus tuairisc ar dhul chun cinn a thabhairt don Choimisiún dhá uair sa bhliain agus ar bhonn rialta don Bhord Bainistíochta;

(i)

leas airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta a chur i bhfeidhm chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a chosc agus, gan dochar d'inniúlacht imscrúdaitheach OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a chur i bhfeidhm;

(j)

dréachtstraitéis inmheánach frithchalaoise a ullmhú do Europol agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;

(k)

dréachtrialacha inmheánacha a ullmhú maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus na dréachtrialacha sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena nglacadh;

(l)

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol a ullmhú;

(m)

dréachtráiteas Europol faoi mheastacháin ioncaim agus faoi mheastacháin caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(n)

tacú le Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus cruinnithe an Bhoird Bainistíochta á n-ullmhú;

(o)

an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme tosaíochtaí straitéiseacha agus tosaíochtaí oibríochtúla an Aontais chun an choireacht a chomhrac;

(p)

cúraimí eile de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS A PHRÓISEÁIL

Airteagal 17

Foinsí faisnéise

1.   Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ach amháin ar fhaisnéis arna cur ar fáil dó:

(a)

ag na Ballstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7;

(b)

ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le Caibidil V;

(c)

ag páirtithe príobháideacha agus ag daoine príobháideacha i gcomhréir le Caibidil V.

2.   Féadfaidh Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil go díreach ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, lena n-áirítear an t-idirlíon agus sonraí poiblí.

3.   A mhéid atá Europol i dteideal, faoi ionstraimí de chuid an Aontais, faoi ionstraimí dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, rochtain ríomhaireachta a fháil ar shonraí ó chórais faisnéise náisiúnta, idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais, féadfaidh sé faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil, trí mhodhanna den sórt sin i gcás inar gá sin chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Is iad forálacha infheidhme na n-ionstraimí dlí Aontais, idirnáisiúnta nó náisiúnta sin a rialóidh rochtain ar an bhfaisnéis sin agus úsáid na faisnéise sin ag Europol, sa mhéid is go ndéantar foráil iontu do rialacha níos déine ar rochtain agus úsáid i gcomparáid leis na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ní thabharfar rochtain ar chórais faisnéise den sórt sin ach do bhaill foirne Europol a bheidh údaraithe mar is cuí agus sa mhéid is gá agus is comhréireach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.

Airteagal 18

Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise

1.   A mhéid is gá chun a chuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach, féadfaidh Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil.

2.   Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun na críocha seo a leanas:

(a)

cros-seiceáil a dhéanamh lena ndírítear ar cheangail nó ar naisc ábhartha eile a shainaithint idir míreanna faisnéise a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

daoine a bhfuil drochamhras fúthu go bhfuil cion coiriúil déanta acu, nó gur ghlac siad páirt i gcion coiriúil, ar cion coiriúil é a bhfuil Europol inniúil maidir leis, nó daoine a ciontaíodh i gcion den sórt sin;

(ii)

daoine a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann ina leith le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil maidir leo;

(b)

anailísí de chineál straitéiseach nó de chineál téamach;

(c)

anailísí oibríochtúla;

(d)

malartú faisnéise idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú.

3.   Maidir le próiseáil chun críocha anailísí oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, déanfar í trí bhíthin tionscadail anailíse oibríochtúla, a mbeidh feidhm ag na coimircí sonracha seo a leanas maidir leo:

(a)

i gcás gach tionscadail anailíse oibríochtúla, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an cuspóir sonrach, na catagóirí de shonraí pearsanta agus na catagóirí d'ábhair sonraí, na rannpháirtithe, ré na stórála agus na coinníollacha maidir le rochtain, le haistriú agus le húsáid na sonraí lena mbaineann a shainiú, agus cuirfidh sé an Bord Bainistíochta agus MECS ar an eolas maidir leis an méid sin;

(b)

ní fhéadfar sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach amháin chun críche an tionscadail anailíse oibríochtúla shonraithe. I gcás inar léir go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith ábhartha do thionscadal anailíse oibríochtúla eile, ní cheadófar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ach amháin sa mhéid agus go mbeidh tuilleadh próiseála den sórt sin riachtanach agus comhréireach agus go mbeidh na sonraí pearsanta ag luí leis na forálacha a leagtar amach i bpointe (a) atá infheidhme don tionscadal anailíse eile;

(c)

ní fhéadfaidh ach baill foirne údaraithe rochtain a fháil ar shonraí an tionscadail ábhartha agus na sonraí sin a phróiseáil.

4.   Déanfar an phróiseáil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis na coimircí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfaidh Europol na hoibríochtaí próiseála sin a dhoiciméadú go cuí. Déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil, arna iarraidh sin, don Oifigeach Cosanta Sonraí agus do MECS ar mhaithe le dlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála a fhíorú.

5.   Maidir leis na catagóirí de shonraí pearsanta agus leis na catagóirí d'ábhair sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh gach cuspóra dá dtagraítear i mír 2, liostaítear in Iarscríbhinn II iad.

6.   Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha dá chúraimí agus, má tá, chun na críocha dá dtagraítear i mír 2 dá bhfuil siad ábhartha a chinneadh. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú tuilleadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar na sonraí agus le húsáid na sonraí sin, chomh maith leis na teorainneacha ama a bheidh ann maidir leis na sonraí a stóráil agus a scriosadh, ar teorainneacha ama iad nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná sé mhí, agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 28.

7.   De réir mar is iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, glacfaidh an Bord Bainistíochta treoirlínte lena sonrófar tuilleadh na nósanna imeachta maidir le faisnéis a phróiseáil chun na gcríoch a liostaítear i mír 2 i gcomhréir le pointe (q) d'Airteagal 11(1).

Airteagal 19

An chríoch atá le próiséail faisnéise ag Europol, agus na srianta atá ar an bpróiseáil sin, a chinneadh

1.   Is Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann faisnéis ar fáil do Europol a chinnfidh an chríoch nó na críocha dá ndéanfar próiseáil uirthi, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18. Mura bhfuil sé sin déanta aige, déanfaidh Europol, i gcomhaontú le soláthraí na faisnéise lena mbaineann, an fhaisnéis a phróiseáil chun ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh, agus chun an chríoch nó na críocha dá ndéanfar tuilleadh próiseála uirthi a chinneadh freisin. Ní fhéadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis le haghaidh cuspóir atá difriúil ón gcuspóir ar cuireadh an fhaisnéis ar fáil ach amháin i gcás ina dtabharfaidh soláthraí na faisnéise údarás dó déanamh amhlaidh.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí, tráth a soláthrófar faisnéis do Europol, aon srian ar rochtain uirthi nó ar an úsáid atá le baint aisti a chur in iúl, i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n-áirítear maidir le haistriú, le léirscriosadh nó le díothú na faisnéise. I gcás ina mbeidh sé soiléir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh siad Europol ar an eolas dá réir. Cloífidh Europol le srianta den sórt sin.

3.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh Europol srianta a chur ar an rochtain atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fhaisnéis arna n-aisghabháil ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, agus féadfaidh sé srianta a chur ar úsáid na faisnéise sin ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 20

Rochtain ag na Ballstáit agus ag baill foirne Europol ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol

1.   I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7(5), beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis go léir arna soláthar chun críocha phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 18(2), agus beidh siad in ann í a chuardach. Beidh an méid sin gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta aon srianta a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

2.   I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7(5), beidh rochtain indíreach ag na Ballstáit ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna soláthar chun críocha pointe (c) d'Airteagal 18(2). Beidh an méid sin gan dochar d'aon srianta arna sonrú ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

I gcás braite, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis arbh chúis leis an mbrath a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol.

3.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, agus déanfaidh siad í a phróiseáil tuilleadh chun cosc a chur ar an méid seo a leanas agus chun an méid seo a leanas a chomhrac, agus chun na críche sin amháin:

(a)

saghsanna coireachta a bhfuil Europol inniúil maidir leo; agus

(b)

saghsanna eile coireachta tromchúisí, a leagtar amach i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (22).

4.   Beidh rochtain ag baill foirne Europol, agus iad cumhachtaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar fhaisnéis arna próiseáil ag Europol a mhéid a theastaíonn chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus gan dochar d'Airteagal 67.

Airteagal 21

Rochtain ag Eurojust agus ag OLAF ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol

1.   Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas Eurojust agus OLAF, laistigh dá gcuid sainorduithe faoi seach, rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna cur ar fáil chun críocha phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 18(2), gan dochar d'aon srianta arna sonrú ag an mBallstát, ag comhlacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis i gceist ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

I gcás braite, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis arbh chúis leis an mbrath a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol, agus sa mhéid go bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an mbrath chun go ndéanfadh Eurojust nó OLAF a gcuid cúraimí, faoi seach, a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.

2.   Féadfaidh Europol agus Eurojust socrú oibre a thabhairt i gcrích lena n-áiritheofaí, ar bhealach comhalartach agus laistigh dá sainorduithe faoi seach, rochtain ar an bhfaisnéis uile a cuireadh ar fáil chun na críche dá sonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(2) agus lena n-áiritheofaí an fhéidearthacht cuardach a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin uile. Beidh an méid sin gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta srianta a shonrú ar rochtain ar shonraí den sórt sin agus ar úsáid sonraí den sórt sin, agus beidh sé i gcomhréir le ráthaíochtaí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

3.   Ní dhéanfar cuardaigh faisnéise i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 ach chun críocha a shainaithint cibé acu an meaitseálann faisnéis atá ar fáil ag Eurojust nó ag OLAF le faisnéis arna próiseáil ag Europol.

4.   Ní cheadóidh Europol cuardaigh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 ach amháin tar éis dó faisnéis a fháil ó Eurojust i ndáil leis na Comhaltaí Náisiúnta, na hIonadaithe agus na Cúntóirí, chomh maith le baill foirne Eurojust a ainmníodh mar bheith údaraithe cuardaigh den sórt sin a dhéanamh, agus faisnéis a fháil ó OLAF i ndáil leis na baill foirne OLAF a ainmníodh amhlaidh.

5.   Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí Europol um próiseáil faisnéise i dtaobh imscrúdú aonair, go sainaithníonn Europol nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, comhar nó tacaíocht i gcomhréir le sainordú Eurojust nó OLAF, tabharfaidh Europol fógra dóibh chuige sin agus tionscnóidh sé an nós imeachta chun an fhaisnéis a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit a sholáthraíonn an fhaisnéis. I gcás den sórt sin, rachaidh Eurojust nó OLAF i gcomhairle le Europol.

6.   Déanfaidh Eurojust, lena n-áirítear an Coláiste, na Comhaltaí Náisiúnta, na hIonadaithe agus na Cúntóirí, chomh maith le baill foirne Eurojust, agus OLAF, aon srian ar rochtain nó ar úsáid a urramú, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna sonrú ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

7.   Cuirfidh Europol, Eurojust agus OLAF a chéile ar an eolas más rud é, tar éis sonraí a chéile a cheadú i gcomhréir le mír 2 nó mar thoradh ar bhrath i gcomhréir le mír 1, go bhfuil an chosúlacht ann go bhféadfadh sonraí a bheith mícheart nó go bhféadfaidís a bheith contrártha le sonraí eile.

Airteagal 22

An dualgas na Ballstáit a chur ar an eolas

1.   I gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 4(1), cuirfidh Europol Ballstát ar an eolas gan mhoill faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis. Má tá faisnéis den sórt sin faoi réir srianta ar rochtain de bhun Airteagal 19(2) a dhéanfadh roinnt na faisnéise a thoirmeasc, rachaidh Europol i gcomhairle le soláthraí na faisnéise lena sonraítear an srian ar rochtain agus iarraidh sé cead uaidh nó uaithi an fhaisnéis a roinnt.

I gcás den sórt sin, ní dhéanfar an fhaisnéis a roinnt gan údarú sainráite ón soláthraí.

2.   Beag beann ar aon srianta ar rochtain, cuirfidh Europol Ballstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis más amhlaidh go bhfuil sin iomlán riachtanach ar mhaithe le garbhaol ar bheatha a chosc.

I gcás den sórt sin, cuirfidh Europol soláthraí na faisnéise ar an eolas faoi roinnt na faisnéise ag an am céanna agus tabharfaidh sé bonn cirt lena anailís ar an staid.

CAIBIDIL V

CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 23

Forálacha coiteanna

1.   A mhéid is gá chun a chuid chúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a chothabháil le comhlachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le cuspóirí na gcomhlachtaí sin, le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha.

2.   Faoi réir aon srianta de bhun Airteagal 19(2) agus gan dochar d'Airteagal 67, féadfaidh Europol an fhaisnéis uile, cé is moite de shonraí pearsanta, a mhalartú go díreach le heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid a bhaineann malartú den sórt sin le feidhmiú chúraimí Europol.

3.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi aon chaidreamh comhoibritheach rialta atá sé ar intinn ag Europol a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, agus faoi fhorbairt caidrimh den sórt sin nuair a bhunófar é.

4.   Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, féadfaidh Europol socruithe oibre a thabhairt i gcrích le heintitis dá dtagraítear i mír 1. Ní cheadófar malartú sonraí pearsanta le socruithe oibre den sórt sin agus ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar na Ballstáit.

5.   Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 a mhéid is gá agus is comhréireach chun a chuid cúraimí a fheidhmiú go dlisteanach agus faoi réir fhorálacha na Caibidle seo.

6.   Gan dochar d'Airteagal 30(5), ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin i gcás gur gá sin chun an choireacht a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac agus go ndéantar é sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus go dtugann an faighteoir gealltanas nach bpróiseálfar na sonraí ach chun na críche dár aistríodh iad. Más é Ballstát a sholáthair na sonraí atá le haistriú, iarrfaidh Europol toiliú an Bhallstáit sin, ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát maidir le haistriú ar aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraing siar tráth ar bith.

7.   Beidh cosc ar Bhallstáit, ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ar thríú tíortha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta sonraí pearsanta atá i seilbh Europol a aistriú ar aghaidh mura mbeidh údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré.

8.   Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

9.   Maidir le haon fhaisnéis ar léir go ndearnadh sárú follasach ar chearta an duine agus í á fáil, ní dhéanfar próiseáil uirthi.

ROINN 2

Sonraí pearsanta a aistriú agus a mhalartú

Airteagal 24

Sonraí pearsanta a aistriú chuig comhlachtaí de chuid an Aontais

Faoi réir srianta ar bith a d'fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d'Airteagal 67, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú díreach chuig comhlacht de chuid an Aontais, a mhéid is gá aistriú den sórt sin chun a chuid cúraimí nó cúraimí an chomhlachta de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí pearsanta a chomhlíonadh.

Airteagal 25

Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Faoi réir srianta ar bith a d'fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d'Airteagal 67, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, a mhéid is gá aistriú den sórt sin chun go bhfeidhmeoidh Europol a chúraimí, ar bhonn ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

cinneadh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír nó críoch nó earnáil phróiseála laistigh den tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta (“cinneadh leordhóthanachta”);

(b)

comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE, ar comhaontú é lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint;

(c)

comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017 idir Europol agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB.

Féadfaidh Europol socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích chun comhaontuithe nó cinntí leordhóthanachta den sórt sin a chur chun feidhme.

2.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas i ndáil le malartuithe sonraí pearsanta ar bhonn cinntí leordhóthanachta de bhun phointe (a) de mhír 1.

3.   Déanfaidh Europol liosta de chinntí leordhóthanachta, comhaontuithe, socruithe riaracháin agus ionstraimí eile a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a choimeád cothrom le dáta i gcomhréir le mír 1.

4.   Faoin 14 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na forálacha atá sna comhaontuithe comhair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, go háirithe iad sin a bhaineann le cosaint sonraí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an toradh a bheidh ar an measúnú sin, agus, más iomchuí, féadfaidh sé moladh a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht i leith comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a thabhairt chun críche.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú ar bhonn gach cáis faoi leith más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú:

(a)

go bhfuil sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint;

(b)

go bhfuil sé riachtanach chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i ndlí an Bhallstáit a bhfuil na sonraí pearsanta á n-aistriú aige;

(c)

go bhfuil sé sár-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc;

(d)

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur; nó

(e)

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó le smachtbhanna coiriúil sonrach a chur i gcrích.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca leis an aistriú dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e).

Ní fhéadfaidh maoluithe a bheith infheidhme maidir le haistrithe sistéamacha, fíormhóra nó struchtúracha.

6.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú le MECS, sraith d'aistrithe i gcomhréir le pointe (a) go pointe (e) de mhír 5 a údarú le haghaidh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, ar tréimhse í a bheidh in-athnuaite, ag cur san áireamh go bhfuil coimircí leordhóthanacha ann maidir le príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. Tabharfar údar cuí le húdarú den sórt sin agus déanfar taifead air.

7.   A luaithe is féidir, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta agus MECS ar an eolas faoi na cásanna inar cuireadh mír 5 i bhfeidhm.

8.   Coimeádfaidh Europol taifid mhionsonraithe ar na haistrithe go léir arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 26

Sonraí pearsanta á malartú le páirtithe príobháideacha

1.   A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear ó pháirtithe príobháideacha ar an gcoinníoll go bhfaightear iad trí:

(a)

aonad náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta ar thug Europol comhaontú comhair chun críche leis nó léi roimh an 1 Bealtaine 2017, ar comhaontú é lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB; nó

(c)

údarás de chuid tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá faoi réir comhaontú leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) den Rialachán seo nó ar thug an tAontas comhaontú idirnáisiúnta chun críche léi de bhun Airteagal 218 CFAE.

2.   Mar sin féin, i gcásanna ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus nach bhféadfar an t-aonad náisiúnta, an pointe teagmhála nó an t-údarás lena mbaineann dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, féadfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun sainaithint den sórt sin a dhéanamh agus chun na críche sin amháin. Ina dhiaidh sin, cuirfear na sonraí pearsanta ar aghaidh láithreach chuig an aonad náisiúnta, chuig an bpointe teagmhála nó chuig an údarás lena mbaineann agus scriosfar iad mura rud é go ndéanann an t-aonad náisiúnta, an pointe teagmhála nó an t-údarás lena mbaineann na sonraí pearsanta sin a thíolacadh arís i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de cheithre mhí ón uair a ndéantar an t-aistriú. Áiritheoidh Europol trí mheáin theicniúla, nach mbeidh rochtain ar na sonraí i dtrácht le haghaidh próiseála, le linn na tréimhse sin, chun críoch ar bith eile.

3.   Tar éis sonraí pearsanta a aistriú i gcomhréir le pointe (c) de mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh Europol, i dtaca leis sin, sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtí príobháideach a dhearbhaíonn gur féidir leis an bhfaisnéis sin a tharchur go dleathach i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, chun sonraí den sórt sin a phróiseáil ar mhaithe leis an gcúram sin a leagtar amach i bpointe (m) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.

4.   Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach a chónaíonn i dtríú tír nach bhfuil comhaontú idir an tír sin agus Europol, ar comhaontú é a tugadh i gcrích ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó nach bhfuil faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) den Rialachán seo, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann agus lena bhfuil comhaontú den sórt sin tugtha chun críche aige.

5.   Ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig páirtithe príobháideacha seachas sna cásanna seo a leanas, ar bhonn gach cáis faoi leith i gcás ina bhfuil géarghá leis agus faoi réir srianta ar bith a d'fhéadfadh bheith sonraithe de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d'Airteagal 67:

(a)

go bhfuil an t-aistriú gan amhras chun leasanna an ábhair sonraí, agus gurb amhlaidh gur thoiligh an t-ábhar sonraí nó go léirítear leis na cúinsí toimhde shoiléir toilithe; nó

(b)

go bhfuil dearbhghá leis an aistriú chun coir atá ar tí tarlú a chosc, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, a bhfuil Europol inniúil i dtaobh sin; nó

(c)

go bhfuil géarghá le haistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram a leagtar amach i bpointe (m) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

baineann an t-aistriú le cás sonrach aonair; agus

(ii)

níl cearta bunúsacha ná saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail a d'éileodh an t-aistriú sa chás i dtrácht.

6.   Maidir le pointe (a) agus le pointe (b) de mhír 5 den Airteagal seo, mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i pointe (a) d'Airteagal 25(1) den Rialachán seo, ní dhéanfar an t-aistriú a údarú ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú:

(a)

go bhfuil sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint; nó

(b)

go bhfuil sé riachtanach chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; nó

(c)

go bhfuil sé sár-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc; nó

(d)

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó

(e)

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair le haghaidh éilimh dhlíthiúla bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a bhfuil Europol inniúil ina thaobh a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.

7.   Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 40.

8.   Má dhochraíonn na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.

9.   Ní dhéanfaidh Europol teagmháil le páirtithe príobháideacha chun sonraí pearsanta a aisghabháil.

10.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú, faoin 1 Bealtaine 2019, ar an gcleachtas maidir le malairtí díreacha sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha.

Airteagal 27

Faisnéis ó dhaoine príobháideacha

1.   A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol faisnéis de thionscnamh daoine príobháideacha a fháil agus a phróiseáil. Ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta de thionscnamh daoine príobháideacha a phróiseáil ach amháin ar choinníoll go bhfaightear iad trí na nithe seo a leanas:

(a)

aonad náisiúnta Ballstáit i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta ar thug Europol comhaontú comhair chun críche léi, roimh an 1 Bealtaine 2017, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB; nó

(c)

údarás de chuid tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) nó ar thug an tAontas comhaontú idirnáisiúnta chun críche leis de bhun Airteagal 218 CFAE.

2.   Má fhaigheann Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ó dhuine príobháideach a chónaíonn i dtríú tír nach bhfuil comhaontú idirnáisiúnta idir an tír sin agus Europol, ar comhaontú é a tugadh chun críche bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE, nó nach bhfuil faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) den Rialachán seo, ní fhéadfaidh Europol an fhaisnéis sin a chur a aghaidh ach chuig Ballstát nó chuig tríú tír lena mbaineann agus lena bhfuil an comhaontú idirnáisiúnta sin tugtha chun críche aige.

3.   Má dhochraíonn na sonraí pearsanta a fhaightear leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.

4.   Ní dhéanfaidh Europol teagmháil le daoine príobháideacha chun faisnéis a aisghabháil.

5.   Gan dochar d'Airteagal 36 agus d'Airteagal 37, ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú go daoine príobháideacha.

CAIBIDIL VI

COIMIRCÍ COSANTA SONRAÍ

Airteagal 28

Prionsabail ghinearálta cosanta sonraí

1.   Maidir le sonraí pearsanta:

(a)

déanfar próiseáil chóir agus dhleathach orthu;

(b)

baileofar iad le haghaidh cuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach a bheidh comhoiriúnach leis na cuspóirí sin. Ní mheasfar go bhfuil tuilleadh próiseála le haghaidh cuspóirí taighde stairiúil, staidrimh agus eolaíoch neamh-chomhoiriúnach ar choinníoll go gcuireann Europol coimircí iomchuí ar fáil, chun a áirithiú, go háirithe, nach bpróiseáiltear sonraí le haghaidh cuspóirí eile;

(c)

beidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil;

(d)

beidh siad cruinn agus coimeádfar cothrom le dáta iad; ní mór gach céim réasúnta a ghlacadh lena áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta atá míchruinn a léirscriosadh nó a chur i gceart gan mhoill, ag féachaint do na cuspóirí dá ndéantar iad a phróiseáil;

(e)

coimeádfar i bhfoirm iad lena gceadófar na hábhair sonraí a shainaithint ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse atá riachtanach le haghaidh na gcuspóirí dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil; agus

(f)

déanfar iad a phróiseáil sa chaoi go n-áiritheofar slándáil iomchuí na sonraí pearsanta.

2.   Cuirfidh Europol doiciméad ar fáil go poiblí ina leagtar amach ar shlí intuigthe na forálacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus na bealaí atá ar fáil chun cearta na n-ábhar sonraí a fheidhmiú.

Airteagal 29

Iontaofacht an fhoinse agus cruinneas na faisnéise a mheasúnú

1.   Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar iontaofacht fhoinse na faisnéise de thionscnamh Ballstáit trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:

 

(A): i gcás nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le barántúlacht, le hiontaofacht ná le hinniúlacht na foinse, nó más foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa i ngach cás a chuir an fhaisnéis ar fáil;

 

(B): i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;

 

(C): i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;

 

(X): i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.

2.   Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar chruinneas na faisnéise de thionscnamh Ballstáit a mheasúnú trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:

 

(1): faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist maidir lena cruinneas;

 

(2): faisnéis arb eol í go pearsanta don fhoinse ach nach eol í go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige nó aici;

 

(3): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;

 

(4): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.

3.   I gcás ina dtagann Europol, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, ar an gconclúid gur gá an measúnú dá bhforáiltear i mír 1 nó i mír 2 a cheartú, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh Europol an measúnú d'uireasa a leithéid de chomhaontú.

4.   I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó Bhallstát gan mheasúnú i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, déanfaidh sé iarracht measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn faisnéis atá ina sheilbh cheana féin. Déanfar measúnú ar shonraí agus ar fhaisnéis shonrach i gcomhaontú leis an mBallstát a chuireann na sonraí ar fáil. Féadfaidh Ballstát teacht ar chomhaontú freisin le Europol i dtéarmaí ginearálta maidir le measúnú ar chineálacha sonraithe sonraí agus ar fhoinsí sonraithe. Mura dtagtar ar chomhaontú i gcás sonrach, nó mura bhfuil aon chomhaontú i dtéarmaí ginearálta ann, déanfaidh Europol measúnú ar an bhfaisnéis nó ar na sonraí agus déanfaidh sé na cóid mheastóireachta (X) agus (4), dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi seach, a shannadh d'fhaisnéis nó do shonraí den sórt sin.

5.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo i gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó chomhlacht de chuid an Aontais, ó thríú tír, ó eagraíocht idirnáisiúnta nó ó pháirtí príobháideach.

6.   Déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis ó fhoinsí atá ar fáil don phobal trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.

7.   I gcás gur as anailís a rinne Europol agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige a tháinig an fhaisnéis, déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis den sórt sin i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus le toiliú ó na Ballstáit atá rannpháirteach san anailís.

Airteagal 30

Catagóirí speisialta de shonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla d'ábhair sonraí a phróiseáil

1.   Ceadófar próiseáil sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi chionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois más gá go docht agus más comhréireach sin chun an choireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac.

2.   Toirmiscfear próiseáil ar shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó eile, a nochtfaidh tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann agus próiseáil ar shonraí géiniteacha nó sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis an duine, ach amháin i gcás go bhfuil dearbhghá leis agus go bhfuil sé comhréireach chun an choireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac agus má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta atá próiseáilte ag Europol. Toirmeascfar grúpa áirithe daoine a roghnú bunaithe ar shonraí pearsanta den sórt sin amháin.

3.   Is ag Europol amháin a bheidh rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta oifigeach de chuid Europol a mbeidh rochtain den sórt sin acu, má tá gá leis sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

4.   Ní bheidh aon chinneadh a dhéanfaidh údaráis inniúil agus a mbeidh drochéifeachtaí dlí aige ar ábhar sonraí bunaithe go hiomlán ar uathphróiseáil sonraí amhail dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má tá an cinneadh údaraithe go sainráite de bhun reachtaíocht náisiúnta nó de bhun reachtaíocht an Aontais.

5.   Ní tharchuirfear sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 chuig na Ballstáit, chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin má tá dearbhghá leis agus má tá sé comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann leis an gcoireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.

6.   Gach bliain, tabharfaidh Europol forléiriú staidrimh do MECS ar shonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 2 atá próiseáilte aige.

Airteagal 31

Teorainneacha ama chun sonraí pearsanta a stóráil agus a léirscriosadh

1.   Maidir le sonraí pearsanta a ndéanann Europol próiseáil orthu, ní dhéanfaidh Europol iad a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach agus comhréireach chun na gcríoch dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil.

2.   In aon chás, déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá le stóráil leantach, tráth nach déanaí ná trí bliana ó cuireadh tús leis an bpróiseáil tosaigh ar shonraí pearsanta. Féadfaidh Europol a chinneadh sonraí pearsanta a stóráil go dtí go ndéanfar an chéad athbhreithniú eile, a tharlóidh tar éis tréimhse eile trí bliana, má tá sé fós riachtanach leanúint den sonraí a stóráil chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Déanfar na cúiseanna leis an stóráil leantach a dhlisteanú agus a thaifeadadh. Mura ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, léirscriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis trí bliana.

3.   Má stóráiltear sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus (2) ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana, cuirfear MECS ar an eolas dá réir.

4.   I gcás ina bhfuil aon srian maidir le léirscriosadh nó díothú sonraí pearsanta níos luaithe sonraithe ag Ballstát, ag comhlacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta tráth a ndéanfar an t-aistriú i gcomhréir le hAirteagal 19(2), léirscriosfaidh Europol na sonraí pearsanta i gcomhréir leis na srianta sin. Má mheastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfadh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh, iarrfaidh Europol údarú ón soláthraí sonraí chun leanúint ar aghaidh ag stóráil na sonraí agus tabharfaidh sé bonn cirt le hiarraidh den sórt sin.

5.   I gcás ina léirscriosann Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sonraí pearsanta arna soláthar do Europol óna gcomhaid sonraí féin, cuirfidh sé nó sí Europol ar an eolas dá réir. Léirscriosfaidh Europol na sonraí mura meastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfaidh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh. Cuirfidh Europol an soláthraí sonraí ar an eolas faoi stóráil leantach sonraí den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin.

6.   Ní léirscriosfar sonraí pearsanta más amhlaidh:

(a)

go ndéanfadh sé sin damáiste do leas ábhair sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uaidh nó uaithi. I gcásanna den sórt sin, ní úsáidfear na sonraí ach amháin le toiliú sainráite agus i scríbhinn an ábhair sonraí;

(b)

go gcuireann an t-ábhar sonraí in aghaidh a gcruinnis, ar feadh tréimhse a chuireann ar chumas Ballstát nó Europol, más iomchuí, cruinneas na sonraí a fhíorú;

(c)

nach mór iad a choimeád chun críocha cruthúnais nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó

(d)

go gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne a léirscriosta agus go n-iarrann sé nó sí, in ionad sin, srian a chur lena n-úsáid.

Airteagal 32

Slándáil na próiseála

1.   Cuirfidh Europol bearta iomchuí teicniúla agus eagrúcháin i bhfeidhm chun sonraí pearsanta a chosaint ó dhíothú de thaisme nó neamhdhleathach, ó chaillteanas de thaisme nó ó nochtadh neamhúdaraithe, ó athrú neamhúdaraithe agus ó rochtain neamhúdaraithe nó ó aon chineál eile próiseála neamhúdaraithe.

2.   Maidir le huathphróiseáil sonraí, cuirfidh Europol agus gach Ballstát bearta chun feidhme a bheidh ceaptha chun:

(a)

rochtain ar threalamh um próiseáil sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar threalamh);

(b)

léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhdhleathach mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);

(c)

ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(d)

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(e)

a áirithiú nach bhfuil rochtain ag daoine atá údaraithe chun córas uathphróiseála sonraí a úsáid ach ar shonraí atá clúdaithe ag a n-údarú rochtana (rialú rochtana ar shonraí);

(f)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé hiad na comhlachtaí a bhféadfar sonraí pearsanta a tharchur chucu nó a bhfuil sonraí pearsanta tarchurtha chucu agus úsáid á baint as trealamh cumarsáide sonraí (rialú cumarsáide);

(g)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cé acu na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);

(h)

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuíomh cad iad na sonraí pearsanta a ndearna duine den fhoireann iad a rochtain, cén duine den fhoireann a bhí i gceist, agus cén t-am a ndearna an duine sin é sin (loga rochtana);

(i)

léamh neamhúdaraithe, cóipeáil neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc le linn aistrithe sonraí pearsanta nó le linn meán sonraí a iompar (rialú iompair);

(j)

a áirithiú gur féidir córais shuiteáilte, i gcás cur isteach, a thabhairt ar ais láithreach (aisghabháil); agus

(k)

a áirithiú go bhfeidhmíonn feidhmeanna an chórais gan locht, go ndéantar tarlú lochtanna sna feidhmeanna a thuairisciú láithreach (iontaofacht) agus nach féidir sonraí stóráilte a thruailliú trí mhífheidhmeanna córais (sláine).

3.   Bunóidh Europol agus na Ballstáit sásraí lena áirithiú go dtógtar riachtanais slándála san áireamh ar fud teorainneacha córais faisnéise.

Airteagal 33

Cosaint sonraí trí dhearadh

Déanfaidh Europol bearta agus nósanna imeachta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a chur chun feidhme ar shlí a fhágfaidh go gcomhlíonfaidh an phróiseáil sonraí an Rialachán seo agus go ndéanfar cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann a chosaint.

Airteagal 34

Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann

1.   I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí do MECS chomh maith le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith.

2.   Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí lena mbaineann;

(b)

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;

(c)

tabharfar tuairisc ar na bearta atá beartaithe nó atá déanta ag Europol chun dul i ngleic leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d)

i gcás inarb iomchuí, molfar bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

3.   Déanfaidh Europol aon sárú i ndáil le sonraí pearsanta a dhoiciméadú, lena n-áirítear na fíorais i dtaobh an tsáraithe, na héifeachtaí atá aige agus an ghníomhaíocht leighis a rinneadh, rud a d'fhágfadh go mbeadh MECS ábalta fíorú an bhfuiltear ag comhlíonadh an Airteagail seo.

Airteagal 35

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   Faoi réir mhír 4 den Airteagal seo, i gcás inar dócha go ndéanfadh sárú i ndáil le sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear in Airteagal 34 dochar tromchúiseach agus díobhálach do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí, tabharfaidh Europol fógra don ábhar sonraí, gan moill mhíchuí, gur tharla an sárú sin i ndáil le sonraí pearsanta.

2.   Maidir leis an teachtaireacht chuig an ábhar sonraí, dá dtagraítear i mír 1, tabharfar tuairisc ann, i gcás inar féidir, ar chineál an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta bearta a mholadh chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta, agus beidh inti céannacht agus mionsonraí teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí.

3.   Mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Cuirfidh an Ballstát a sholáthraíonn na sonraí an sárú in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoina dhlí náisiúnta.

4.   Ní bheidh gá an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí sna cásanna seo a leanas:

(a)

má chuir Europol bearta cosanta teicneolaíocha iomchuí a fhágann na sonraí dothuigthe d'aon duine nach bhfuil údaraithe rochtain a fháil orthu i bhfeidhm maidir leis na sonraí pearsanta lena mbaineann i ndail leis an sárú sin;

(b)

má ghlac Europol bearta ina dhiaidh sin a d'áireodh nach dócha a thuilleadh go ndéanfaí dochar tromchúiseach do chearta ná do shaoirsí an ábhair sonraí; nó

(c)

dá mbeadh iarracht dhíréireach ag baint le teachtaireacht den sórt sin, go háirithe i ngeall ar líon na gcásanna lena mbaineann. I gcás den sórt sin, eiseofar teachtaireacht phoiblí nó glacfar beart atá comhchosúil leis trína dtabharfar fógra do na hábhair sonraí lena mbaineann ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna.

5.   Féadfar an teachtaireacht chuig an ábhar sonraí a mhoilliú, a shrianadh nó a fhágáil ar lár i gcás inar beart riachtanach é sin, le haird chuí ar leasanna dlisteanacha an duine atá i gceist chun:

(a)

a sheachaint go gcuirfí bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;

(b)

a sheachaint go ndéanfaí dochar do chionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó a sheachaint go ndéanfaí dochar do phionóis choiriúla a fhorghníomhú;

(c)

an tslándáil phoiblí agus náisiúnta a chosaint;

(d)

cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint.

Airteagal 36

Ceart rochtana don ábhar sonraí

1.   Beidh sé de cheart ag ábhar sonraí, ag idirthréimhsí réasúnta, eolas a fháil maidir le cibé acu an bhfuil próiseáil á déanamh ag Europol ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi.

2.   Gan dochar do mhír 5, cuirfidh Europol an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don ábhar sonraí:

(a)

dearbhú maidir le cibé acu an bhfuil sonraí a bhaineann leis nó léi á bpróiseáil;

(b)

faisnéis maidir le cuspóirí na hoibríochta próiseála, na catagóirí sonraí atá i gceist, agus na faighteoirí nó na catagóirí d'fhaighteoirí a bhfuil na sonraí á nochtadh dóibh;

(c)

cumarsáid i bhfoirm intuigthe faoi na sonraí a bhfuil próiseáil á déanamh orthu agus faoi aon fhaisnéis atá ar fáil faoina gcuid foinsí;

(d)

tásc i dtaobh an bhunúis dlí chun na sonraí a phróiseáil;

(e)

an tréimhse stórála a bheidh beartaithe do na sonraí pearsanta;

(f)

gur ann don cheart a iarraidh ar Europol sonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a cheartú nó a léirscriosadh nó próiseáil na sonraí sin a shrianadh.

3.   Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin a fheidhmiú iarraidh a dhéanamh chuige sin, gan costais iomarcacha a thabhú, don údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin. Déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol laistigh d'aon mhí amháin óna fáil. Dearbhóidh Europol go bhfuair sé an iarraidh.

4.   Deimhneoidh Europol go bhfuair sé an iarraidh faoi mhír 3. Freagróidh Europol í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de thrí mhí tar éis do Europol an iarraidh a fháil ón údarás náisiúnta.

5.   Rachaidh Europol i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus le soláthraí na sonraí lena mbaineann maidir le cinneadh a bheidh le déanamh. Beidh cinneadh faoi rochtain ar shonraí pearsanta ag brath ar dhlúthchomhar idir Europol agus na Ballstáit agus soláthraí na sonraí a bhfuil baint dhíreach ag an rochtain atá ag an ábhar sonraí ar na sonraí sin leo. Má dhéanann an Ballstát nó soláthraí na sonraí agóid i gcoinne freagra beartaithe Europol, tabharfaidh sé fógra do Europol faoi na cúiseanna lena agóid i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Tabharfaidh Europol lánaird ar aon agóid den sórt sin. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Europol fógra faoina chinneadh do na húdaráis inniúla lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí.

6.   Maidir le faisnéis a sholáthar mar fhreagairt ar aon iarrataí faoi mhír 1, féadfar sin a dhiúltú nó a shrianadh más amhlaidh gurb ionann an diúltú nó an srian sin agus beart is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur ar chumas Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gceart;

(b)

slándáil agus ord poiblí a chosaint nó an choireacht a chosc;

(c)

a ráthú nach gcuirfear aon imscrúdú náisiúnta i gcontúirt; nó

(d)

cearta agus saoirse tríú páirtithe a chosaint.

Cuirfear cearta agus leasanna bunúsacha an ábhair sonraí san áireamh agus infheidhmeacht díolúine á meas.

7.   Cuirfidh Europol an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi dhiúltú do rochtain nó srian uirthi, faoi na fáthanna leis an gcinneadh sin agus faoina cheart nó faoina ceart chun gearán a thaisceadh le MECS. I gcás ina gceilfeadh soláthar faisnéise den sórt sin éifeacht mhír 6, tabharfaidh Europol fógra don ábhar sonraí go bhfuil na seiceálacha déanta aige gan aon fhaisnéis a thabhairt uaidh a thabharfadh le fios dó nó di an bpróiseálann Europol sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó nach ndéanann.

Airteagal 37

An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh agus srianadh

1.   Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí, tar éis dó nó di rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus arna bpróiseáil ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 36 den Rialachán seo, beidh sé de cheart aige nó aici iarraidh ar Europol tríd an údarás a ceapadh chun na críche sin i mBallstát dá rogha féin sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi atá ina seilbh ag Europol a cheartú má tá siad mícheart nó iad a chomhlánú nó a thabhairt cothrom le dáta. Déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol laistigh d'aon mhí amháin óna fáil.

2.   Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí, tar éis dó nó di rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi agus arna bpróiseáil ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 36, beidh sé de cheart aige nó aici iarraidh ar Europol tríd an údarás a ceapadh chun na críche sin i mBallstát dá rogha féin sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi atá ina seilbh ag Europol a léirscriosadh, mura bhfuil siad ag teastáil a thuilleadh do na cuspóirí a ndéantar iad a bhailiú nó a ndéantar tuilleadh próiseála orthu lena n-aghaidh. Déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol laistigh d'aon mhí amháin ón dáta a bhfuarthas í.

3.   Déanfaidh Europol sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 2 a shrianadh seachas iad a léirscriosadh má tá cúiseanna réasúnta le creidiúint go bhféadfadh léirscriosadh dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí. Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach don chuspóir ar cuireadh cosc ar a léirscriosadh mar gheall air.

4.   Más amhlaidh gur chuir tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó comhlachtaí de chuid an Aontais sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3, atá i seilbh Europol, ar fáil dó nó más páirtithe príobháideacha a chuir ar fáil go díreach dó iad nó más Europol a d'aisghabh na sonraí sin ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó má tháinig na sonraí chun cinn mar thoradh ar anailísí Europol féin, déanfaidh Europol sonraí den sórt sin a cheartú, a scriosadh nó a shrianadh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraithe na sonraí.

5.   Más amhlaidh gur chuir na Ballstáit sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 atá i seilbh Europol ar fáil go díreach dó, is iad na Ballstáit atá i gceist a cheartóidh, a léirscriosfaidh nó a shrianfaidh na sonraí sin i gcomhpháirt le Europol faoi chuimsiú a gcuid inniúlachtaí faoi seach.

6.   Má aistríodh sonraí pearsanta míchearta ar bhealaí eile iomchuí nó má tharla na hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit mar thoradh ar aistriú lochtach nó má aistríodh iad de shárú ar an Rialachán seo nó má tháinig siad chun cinn toisc gur ionchuir Europol na sonraí sin ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo, nó má chuaigh Europol i gceannas orthu ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo nó má stóráil Europol ar bhealach mícheart iad nó de shárú ar an Rialachán seo, ceartóidh nó léirscriosfaidh Europol na sonraí i gcomhpháirt le soláthraí na sonraí atá i gceist.

7.   Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6 tabharfar fógra láithreach dóibh siúd go léir a bhfuil na sonraí lena mbaineann dírithe orthu. I gcomhréir leis na rialacha atá infheidhme dóibh, ceartóidh, léirscriosfaidh nó srianfaidh siad siúd a bhfuil na sonraí dírithe orthu na sonraí ina gcuid córas féin.

8.   Cuirfidh Europol in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn, gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de thrí mhí ó gheofar iarraidh i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 gur ceartaíodh, gur léirscriosadh nó gur srianadh na sonraí a bhaineann leis nó léi.

9.   Laistigh de thrí mhí ón iarraidh i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 a fháil, cuirfidh Europol in iúl don ábhar sonraí i scríbhinn faoi dhiúltú ar cheartúchán, ar léirscriosadh nó ar shrianadh, faoi na cúiseanna a bhí le diúltú den sórt sin agus faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le MECS agus leigheas breithiúnach a lorg.

Airteagal 38

Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí

1.   Stórálfaidh Europol sonraí pearsanta ar bhealach ar féidir a bhfoinse, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17, a shuíomh.

2.   Maidir le freagracht as cáilíocht sonraí pearsanta dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 28(1):

(a)

is é an Ballstát nó an comhlacht Aontais a chuir na sonraí pearsanta ar fáil do Europol a bheidh freagrach;

(b)

is é Europol a bheidh freagrach i ndáil le sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag tríú tíortha, nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó go díreach ag páirtithe príobháideacha; agus as sonraí pearsanta arna n-aisghabháil ag Europol ó fhoinsí atá ar fáil don phobal nó a eascraíonn as anailísí Europol féin agus as sonraí pearsanta atá á stóráil ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 31(5).

3.   Más eol do Europol go bhfuil sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil de bhun pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 17(1) mícheart go fíorasach nó má stóráladh go neamhdhleathach iad, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraí na sonraí sin dá réir.

4.   Beidh Europol freagrach as na prionsabail mar atá sonraithe i bpointe (a), (b), (c), (e) agus (f) d'Airteagal 28(1) a chomhlíonadh.

5.   Seo a leanas na dreamanna a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe sonraí:

(a)

an Ballstát a sholáthair na sonraí pearsanta do Europol;

(b)

Europol i gcás arb é Europol a sholáthair na sonraí pearsanta do na Ballstáit, do thríú tíortha nó d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

6.   I gcás aistrithe idir Europol agus comhlacht Rialtais, is é Europol a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe.

Gan dochar don chéad fhomhír, áit a n-aistríonn Europol sonraí tar éis iarrata ón bhfaighteoir, beidh Europol agus an faighteoir araon freagrach as dlíthiúlacht aistrithe den sórt sin.

7.   Is é Europol a bheidh freagrach as na hoibríochtaí próiseála sonraí uile arna gcur i gcrích aige ach amháin malartú déthaobhach sonraí idir Ballstáit, comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ina mbaintear leas as bonneagar Europol agus nach bhfuil rochtain ag Europol air. Is faoi fhreagracht na n-eintiteas lena mbaineann agus i gcomhréir lena ndlí a dhéanfar na malartuithe déthaobhacha den sórt sin. Áiritheofar slándáil malartaithe den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 32.

Airteagal 39

Réamhchomhairliúchán

1.   Aon chineál nua oibríochtaí próiseála a bheidh le déanamh beidh sé faoi réir réamhchomhairliúcháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil catagóirí speisialta sonraí a dtagraítear dóibh in Airteagal 30(2) le próiseáil;

(b)

go bhfuil rioscaí sonracha maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha, agus go háirithe cosaint sonraí pearsanta ábhar sonraí an chineál próiseála, ag baint leis an gcineál próiseála.

2.   Déanfaidh MECS na réamhchomhairliúcháin tar éis dó fógra a fháil ón Oifigeach Cosanta Sonraí ina mbeidh, ar a laghad, tuairisc ghinearálta ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe, measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, na bearta atá beartaithe chun dul i ngleic leis na rioscaí, coimircí agus bearta slándála agus sásraí sin chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, ag cur san áireamh cearta agus leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann.

3.   Tabharfaidh MECS a bharúil nó a barúil don Bhord Bainistíochta laistigh de dhá mhí ó fhógra a fháil. Féadfar an tréimhse sin a chur ar fionraí go mbeidh aon fhaisnéis bhreise a d'fhéadfadh a bheith iarrtha aige nó aici faighte ag MECS.

Mura mbeidh an bharúil tugtha tar éis cheithre mhí aige, measfar gur barúil fhabhrach í.

Más é barúil MECS go bhféadfadh go mbeadh sárú ar aon fhoráil den Rialachán seo i gceist leis an bpróiseáil ar tugadh fógra fúithi, déanfaidh sé nó sí moltaí, i gcás inarb iomchuí, chun sárú den sórt sin a sheachaint. Áit nach ndéanann Europol leasú dá réir ar an oibríocht próiseála, feidhmeoidh MECS na cumhachtaí arna ndeonú dó faoi Airteagal 43(3).

4.   Coimeádfaidh MECS clár de gach oibríocht próiseála ar tugadh fógra dó nó di fúthu faoi bhun mhír 1. Ní bheidh an clár ar fáil go poiblí.

Airteagal 40

Logáil agus doiciméadacht

1.   Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí agus an fhéinfhaireacháin a fhíorú agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú, coimeádfaidh Europol taifid faoi bhailiú, athrú, rochtain, nochtadh, comhcheangal nó léirscriosadh sonraí pearsanta. Scriosfar logaí nó doiciméadacht den sórt sin tar éis trí bliana, mura rud é go dteastaíonn na sonraí atá iontu le haghaidh rialú leanúnach. Ní bheifear in ann na logaí a mhodhnú.

2.   Cuirfear logaí nó doiciméadacht arna n-ullmhú de bhun mhír 1 ar fáil, arna iarraidh sin, do MECS, don Oifigeach Cosanta Sonraí agus, más gá i gcás imscrúdú sonrach, don aonad náisiúnta lena mbaineann. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach chun cosaint sonraí a rialú agus chun próiseáil cheart sonraí agus sláine agus slándáil sonraí a áirithiú.

Airteagal 41

An tOifigeach Cosanta Sonraí

1.   Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne. Gníomhóidh sé nó sí go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas.

2.   Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn a chuid cáilíochtaí nó a cuid cáilíochtaí pearsanta agus gairmiúla, agus go háirithe an saineolas ar chosaint sonraí.

Agus an tOifigeach Cosanta Sonraí á roghnú, áiritheofar nach bhféadfar aon choinbhleachtaí leasa a bheith de thoradh ar a dhualgas nó ar a dualgas mar Oifigeach Cosanta Sonraí ná ar aon dualgais oifigiúla eile, go háirithe na dualgais sin a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

3.   Ceapfar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar feadh tréimhse ceithre bliana. Beidh sé nó sí incháilithe um athcheapadh suas go tréimhse iomlán uasta ocht mbliana. Ní fhéadfaidh an Bord Bainistíochta é nó í a bhriseadh as an bpost mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le toiliú MECS, más amhlaidh nach gcomhlíonann sé nó sí na coinníollacha a theastaíonn chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú a thuilleadh.

4.   Tar éis a cheapacháin nó a ceapacháin, cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí le MECS.

5.   Maidir le feidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas, ní ghlacfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí le haon treoracha.

6.   Beidh na cúraimí seo a leanas, go háirithe, maidir le sonraí pearsanta ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, cé is moite de shonraí pearsanta riaracháin:

(a)

cur i bhfeidhm inmheánach an Rialacháin seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta a áirithiú, ar bhealach neamhspleách;

(b)

a áirithiú go gcoimeádtar taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)

a áirithiú go gcuirtear ábhair sonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo arna iarraidh sin dóibh;

(d)

comhoibriú le baill foirne Europol atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;

(e)

comhoibriú le MECS;

(f)

tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur in iúl don Bhord Bainistíochta agus do MECS;

(g)

clár a choimeád de sháruithe i ndáil le sonraí pearsanta.

7.   Comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí freisin na feidhmeanna dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 i ndáil le sonraí pearsanta riaracháin.

8.   I bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas, beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí go léir arna bpróiseáil ag Europol agus ar áitribh uile Europol.

9.   Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé nó sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas agus éileoidh sé nó sí air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a chur i gceart laistigh de thréimhse ama shonraithe.

Mura gcuireann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart laistigh de thréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar an eolas. Tiocfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus an Bord Bainistíochta ar chomhaontú maidir le tréimhse ama shonraithe le haghaidh freagra ón mBord Bainistíochta. Mura gcuireann an Bord Bainistíochta an neamhchomhlíonadh i gceart laistigh den tréimhse ama shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t-ábhar faoi bhráid MECS.

10.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme a bhaineann leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin, go háirithe, leis an nós imeachta roghnúcháin um post an Oifigigh Chosanta Sonraí agus lena bhriseadh as oifig nó lena briseadh as oifig, le cúraimí, dualgais agus cumhachtaí atá aige nó aici, agus le coimircí lena n-áirithítear neamhspleáchas an Oifigigh Chosanta Sonraí.

11.   Cuirfidh Europol na baill foirne agus na hacmhainní a bheidh riachtanach dó nó dí chun a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh ar fáil don Oifigeach Cosanta Sonraí. Ní bheidh rochtain ag na baill foirne sin ach ar na sonraí uile arna bpróiseáil ag Europol agus áitribh Europol ach a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

12.   Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus a chuid nó a cuid foirne faoi cheangal na hoibleagáide chun rúndachta i gcomhréir le hAirteagal 67(1).

Airteagal 42

Maoirseacht ag an údarás maoirseachta náisiúnta

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta. Beidh sé de chúram ar an údarás maoirseachta náisiúnta faireachán neamhspleách a dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, chun socrú an bhfuil aistriú, aisghabháil agus aon chur in iúl sonraí pearsanta chuig Europol ag an mBallstát lena mbaineann incheadaithe, agus chun scrúdú a dhéanamh an sáraíonn aistriú, aisghabháil nó cur in iúl den sórt sin cearta na n-ábhar sonraí lena mbaineann. Chun na críche sin, beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta, san aonad náisiúnta nó in áitribh na n-oifigeach idirchaidrimh, ar shonraí a chuireann a Bhallstát faoi bhráid Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus beidh rochtain acu ar na logaí agus ar an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 40.

2.   Chun críocha a bhfeidhm mhaoirseachta a fheidhmiú, beidh rochtain ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar oifigí agus ar dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh faoi seach in Europol.

3.   I gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha, déanfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta maoirseacht ar ghníomhaíochtaí aonad náisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí oifigeach idirchaidrimh, sa mhéid is go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Chomh maith leis sin, coimeádfaidh siad MECS ar an eolas faoi aon ghníomhartha a ghlacann siad i dtaobh Europol.

4.   Beidh sé de cheart ag aon duine iarraidh ar an údarás maoirseachta náisiúnta a fhíorú go bhfuil aon aistriú sonraí a bhaineann leis nó léi nó aon chur in iúl sonraí a bhaineann leis nó léi chuig Europol i bhfoirm ar bith agus go bhfuil rochtain ar na sonraí ag an mBallstát atá i gceist dleathach. Déanfar an ceart sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a ndéantar an iarraidh ann.

Airteagal 43

Maoirseacht ag MECS

1.   Beidh MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le cosaint cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, agus as a áirithiú go gcuirtear na forálacha sin i bhfeidhm, agus as comhairle a chur ar Europol agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Chuige sin, comhlíonfaidh sé nó sí na dualgais a leagtar amach i mír 2 agus feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a leagtar síos i mír 3, agus é nó í ag comhoibriú go dlúth leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 44.

2.   Beidh na dualgais seo a leanas ag MECS:

(a)

éisteacht le gearáin agus imscrúdú a dhéanamh orthu, agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(b)

fiosrúcháin a dhéanamh as a stuaim féin nó ar bhonn gearáin, agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(c)

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon ghnímh eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin;

(d)

comhairle a chur ar Europol, as a stuaim féin nó mar fhreagra ar chomhairliúchán, ar gach ábhar a bhaineann le sonraí pearsanta, go háirithe sula gceapann sé rialacha inmheánacha i ndáil le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta;

(e)

clár a choimeád faoi chineálacha nua oibríochtaí próiseála a dtugtar fógra dó nó di fúthu de bhua Airteagal 39(1) agus arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 39(4);

(f)

réamhchomhairliúchán a dhéanamh ar phróiseáil a dtugtar fógra dó nó di fúithi.

3.   De bhun an Rialacháin seo, féadfaidh MECS:

(a)

comhairle a chur ar ábhair sonraí maidir le feidhmiú a gcuid ceart;

(b)

an t-ábhar a chur faoi bhráid Europol, i gcás sárú líomhnaithe ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh chun an sárú sin a mheas agus cosaint na n-ábhar sonraí a fheabhsú;

(c)

a ordú go gcomhlíonfar iarrataí chun cearta áirithe maidir le sonraí a fheidhmiú i gcás inar diúltaíodh d'iarrataí den sórt sin de shárú ar Airteagal 36 agus ar Airteagal 37;

(d)

rabhadh a thabhairt do Europol nó Europol a cháineadh;

(e)

a ordú go ndéanfaidh Europol sonraí pearsanta a cheartú, a shrianadh, a léirscriosadh nó a dhíothú, ar sonraí iad a ndearnadh próiseáil orthu de shárú ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta agus go dtabharfar fógra faoi ghníomhartha den sórt sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí sin dóibh;

(f)

bac sealadach nó críochnaitheach a chur ar na hoibríochtaí próiseála a dhéanann Europol, ar oibríochtaí iad lena sáraítear na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta;

(g)

ábhar a chur faoi bhráid Europol agus, más gá, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

(h)

ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear dóibh in CFAE;

(i)

idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

4.   Beidh sé de chumhacht ag MECS:

(a)

rochtain a fháil ó Europol ar na sonraí pearsanta go léir agus an bhfaisnéis go léir atá riachtanach dá chuid nó dá cuid fiosrúchán;

(b)

rochtain a fháil ar aon áitribh a ndéanann Europol a chuid gníomhaíochtaí orthu i gcás ina bhfuil forais réasúnta le ceapadh go bhfuil gníomhaíocht atá clúdaithe ag an Rialachán seo á déanamh ansin.

5.   Déanfaidh MECS tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta Europol a tharraingt suas, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Beidh an tuarascáil sin mar chuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Áireofar sa tuarascáil faisnéis staidrimh maidir le gearáin, fiosrúcháin agus imscrúduithe a dhéantar i gcomhréir le mír 2, agus maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, cásanna réamhchomhairliúcháin, agus úsáid na gcumhachtaí a leagtar síos i mír 3.

6.   Beidh MECS, oifigigh agus baill foirne eile Rúnaíocht MECS faoi cheangal na hoibleagáide chun rúndachta a leagtar síos in Airteagal 67(1).

Airteagal 44

Comhar idir MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.   Gníomhóidh MECS i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna lena gceanglaítear rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe má fhaigheann MECS nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó aistrithe a d'fhéadfadh a bheith neamhdhleathach in úsáid chainéil Europol um malartú faisnéise, nó i bhfianaise ceisteanna arna n-ardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léiriú an Rialacháin seo.

2.   Bainfidh MECS úsáid as saineolas agus taithí na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus a chuid nó a cuid dualgas, mar a leagtar amach in Airteagal 43(2) iad, á gcur i gcrích aige nó aici. Agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu i dteannta MECS, agus aird chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus comhréireachta, beidh cumhachtaí ag comhaltaí agus foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta atá coibhéiseach leis na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 43(4) agus beidh siad faoi cheangal oibleagáid atá coibhéiseach leis an gceann a leagtar síos in Airteagal 43(6). Déanfaidh MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, agus ceachtar acu ag feidhmiú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, faisnéis ábhartha a mhalartú agus cuideoidh siad lena chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh.

3.   Coimeádfaidh MECS údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an eolas go hiomlán faoi gach saincheist a bhaineann go díreach leo nó atá ábhartha dóibh ar shlí eile. Arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfidh MECS iad ar an eolas maidir le saincheisteanna sonracha.

4.   I gcásanna a bhaineann le sonraí de thionscnamh Ballstáit amháin nó níos mó, lena n-áirítear cásanna dá dtagraítear in Airteagal 47(2), rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh MECS beart breise sula gcuireann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sin a seasamh in iúl do MECS, laistigh den sprioc ama a shonraíonn sé nó sí nach mbeidh níos giorra ná mí amháin agus níos faide ná trí mhí. Cuirfidh MECS seasamh na n-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann san áireamh go hiomlán. I gcásanna nach bhfuil sé ar intinn ag MECS seasamh de chuid údaráis mhaoirseachta náisiúnta a leanúint, cuirfidh sé nó sí an t-údarás sin ar an eolas agus tabharfaidh sé nó sí údar cuí leis agus cuirfidh sé nó sí an t-ábhar chun plé a dhéanamh ina leith faoi bhráid an Bhoird um Chomhar arna bhunú le hAirteagal 45(1).

I gcásanna a measann MECS a bheith práinneach, féadfaidh sé nó sí cinneadh a dhéanamh beart a dhéanamh láithreach bonn. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh MECS na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé nó sí bonn cirt maidir le práinn na staide agus maidir leis an mbeart atá déanta aige nó aici.

Airteagal 45

Bord um Chomhar

1.   Leis seo bunaítear Bord um Chomhar a bhfuil feidhm chomhairliúcháin aige. Beidh sé comhdhéanta d'ionadaí ó údarás maoirseachta náisiúnta ó gach Ballstát agus MECS.

2.   Feidhmeoidh an Bord um Chomhar go neamhspleách agus a gcuid cúraimí á bhfeidhmiú aige de bhun mhír 3 agus ní lorgóidh sé treoracha ó aon chomhlacht agus ní ghlacfaidh sé le treorach ó aon chomhlacht.

3.   Beidh na cúraimí seo a leanas ag an mBord um Chomhar:

(a)

beartas ginearálta agus straitéis ghinearálta a phlé maidir le maoirseacht Europol ar chosaint sonraí chun socrú an bhfuil aistriú, aisghabháil agus aon chur in iúl sonraí pearsanta chuig Europol ag na Ballstáit atá i gceist incheadaithe;

(b)

breathnú ar na deacrachtaí a bhaineann le léiriú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(c)

staidéar a dhéanamh ar fhadhbanna ginearálta a bhaineann le feidhmiú na maoirseachta neamhspleáiche nó feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí;

(d)

tograí comhchuibhithe a phlé agus a dhréachtadh maidir le réitigh chomhpháirteacha i ndáil le hábhair dá dtagraítear in Airteagal 44(1);

(e)

cásanna a phlé arna dtíolacadh ag MECS i gcomhréir le hAirteagal 44(4);

(f)

cásanna a phlé arna dtíolacadh ag aon údarás maoirseachta náisiúnta; agus

(g)

feasacht maidir le cearta um chosaint sonraí a chur chun cinn.

4.   Féadfaidh an Bord um Chomhar tuairimí, treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais a eisiúint. Déanfaidh MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, gan dochar dá neamhspleáchas agus iad araon ag gníomhú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, a seacht ndícheall iad a chur san áireamh.

5.   Beidh cruinniú ag na mBord um Chomhar nuair is gá, agus ar a laghad dhá uair sa bhliain. Iompróidh MECS costais agus seirbhísiú na gcruinnithe de chuid an Bhoird um Chomhar.

6.   Glacfar rialacha nós imeachta an Bhoird um Chomhar ag an gcéad chruinniú, trí thromlach simplí a chuid chomhaltaí. Forbrófar tuilleadh modhanna oibre go comhpháirteach de réir mar is gá.

Airteagal 46

Sonraí pearsanta riaracháin

Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le sonraí pearsanta riaracháin uile atá i seilbh Europol.

CAIBIDIL VII

LEIGHEASANNA AGUS DLITEANAS

Airteagal 47

An ceart chun gearán a thaisceadh le MECS

1.   Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí gearán a thaisceadh le MECS má mheasann sé nó sí nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh agus Europol ag próiseáil a chuid sonraí pearsanta.

2.   I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 36 nó in Airteagal 37, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. Agus a chinneadh nó a cinneadh á ghlacadh aige nó aici, ar cinneadh é a fhéadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl, déanfaidh MECS tuairim an údaráis mhaoirseachta náisiúnta a chur san áireamh.

3.   I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir Ballstát ar fáil do Europol, áiritheoidh MECS agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin a chuir na sonraí ar fáil, agus iad ag gníomhú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, go ndéantar i gceart na seiceálacha is gá maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.

4.   Má bhaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fáil do Europol, nó le sonraí a d'aisghabh Europol ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó a eascraíonn as anailísí Europol féin, áiritheoidh MECS go bhfuil na seiceálacha riachtanacha déanta i gceart ag Europol maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.

Airteagal 48

An ceart chun leigheas breithiúnach i gcoinne MECS

Tógfar aon chaingean i gcoinne chinneadh MECS os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 49

Forálacha ginearálta ar dhliteanas agus an ceart chun cúitimh

1.   Beidh dliteanas conarthach Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Europol.

3.   Gan dochar d'Airteagal 49, i gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Europol, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a bhaill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste amhail dá dtagraítear i mír 3.

5.   Beidh dliteanas pearsanta bhall foirne Europol i leith Europol faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.

Airteagal 50

Dliteanas i leith sonraí pearsanta a phróiseáil go mícheart agus an ceart chun cúitimh

1.   Beidh sé de cheart ag aon duine aonair a bhfuil damáiste arna bhaint dó nó di de thoradh oibríocht próiseála neamhdhleathach sonraí cúiteamh a fháil i leith an damáiste arna bhaint dó nó di ó Europol i gcomhréir le hAirteagal 340 CFAE nó ón mBallstát inar tharla an teagmhas ba shiocair don damáiste, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. Déanfaidh an duine aonair caingean a thionscnamh in aghaidh Europol os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nó in aghaidh an Bhallstáit os comhair chúirt inniúil an Bhallstáit sin.

2.   Déanfar aon díospóid idir Europol agus Ballstát maidir le cúiteamh arna íoc nó maidir le méid na haisíocaíochta a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta a shocróidh an ní trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

CAIBIDIL VIII

GRINNSCRÚDÚ PARLAIMINTEACH COMHPHÁIRTEACH

Airteagal 51

Grinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach

1.   De bhun Airteagal 88 CFAE, déanfaidh Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta. Grúpa speisialaithe um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) a bheidh iontu arna mbunú ag na parlaimintí náisiúnta agus ag coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa le chéile. Parlaimint na hEorpa in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta a chinnfidh eagrú agus rialacha nós imeachta GGPC i gcomhréir le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1.

2.   Déanfaidh GGPC faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus é i mbun a mhisin, lena n-áirítear maidir le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha.

Chun críocha na chéad fhomhíre:

(a)

tiocfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó a nIonadaithe os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear gnéithe buiséadacha na ngíomhaíochtaí sin, eagrúchán struchtúrach Europol agus aonaid nua agus lárionaid shainfheidhmithe nua a d'fhéadfaí a bhunú, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh. Féadfaidh GGPC a chinneadh cuireadh a thabhairt chuig a chuid cruinnithe do dhaoine ábhartha eile, más iomchuí;

(b)

tiocfaidh MECS os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le cosaint chearta bunúsacha agus shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe cosaint sonraí pearsanta, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí Europol, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh;

(c)

rachfar i gcomhairle le GGPC i ndáil le clársceidealú ilbhliantúil Europol i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

3.   Tarchuirfidh Europol na doiciméid seo a leanas, chun críocha faisnéise, chuig GGPC agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh:

(a)

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus tuarascálacha ginearálta staide a bhaineann le cuspóir Europol chomh maith le torthaí staidéar agus meastóireachtaí arna gcoimisiúnú ag Europol;

(b)

na socruithe riaracháin a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(c)

an doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, dá dtagraítear in Airteagal 12(1);

(d)

an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 11(1);

(e)

an tuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas ag an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 68(1).

4.   Féadfaidh GGPC doiciméid ábhartha eile a iarraidh a mbeadh gá leo chun a chúraimí a bhaineann le faireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol a chomhlíonadh, faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus gan dochar d'Airteagal 52 agus d'Airteagal 67 den Rialachán seo.

5.   Féadfaidh GGPC conclúidí achoimre a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa ar aghaidh iad, chun críocha faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol.

Airteagal 52

Rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis arna próiseáil ag nó trí Europol

1.   D'fhonn a chumasú di grinnscrúdú parlaiminteach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol i gcomhréir le hAirteagal 51, comhlíonfaidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe arna próiseáil ag nó trí Europol, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67(1).

2.   Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis rúnaicmithe AE arna próiseáil ag nó trí Europol comhchuí leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a bhaineann le nithe seachas na nithe i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus maidir le láimhseáil Pharlaimint na hEorpa ar an bhfaisnéis sin (24), agus comhlíonfaidh an rochtain sin na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67(2) den Rialachán seo.

3.   Na sonraí riachtanacha a bhaineann le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, beidh siad á rialú ag socruithe oibre a thabharfar chun críche idir Europol agus Parlaimint na hEorpa.

CAIBIDIL IX

FOIREANN

Airteagal 53

Forálacha ginearálta

1.   Maidir leis na Rialacháin Foirne, le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann Europol cé is moite de na baill foirne sin a bheidh, an 1 Bealtaine 2017, fostaithe de bhun conradh arna thabhairt i gcrích ag Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol gan dochar d'Airteagal 73(4) den Rialachán seo. Leanfaidh conarthaí den sórt sin de bheith faoi rialú Ghníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998.

2.   Is é a bheidh i bhfoireann Europol baill foirne shealadacha agus/nó baill foirne ar conradh. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas ar bhonn bliantúil i ndáil le conarthaí tréimhse éiginnte arna ndeonú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na poist shealadacha dá bhforáiltear sa phlean bunaíochta nach bhféadfar a líonadh ach le baill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát. Beidh na baill foirne a earcófar chuig poist den sórt sin ina ngníomhairí sealadacha agus ní fhéadfar ach conarthaí ar théarma seasta a dhámhachtain orthu, ar conarthaí iad is féidir a athnuachan uair amháin go ceann tréimhse sheasta.

Airteagal 54

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.   Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Europol faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

2.   Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó ghearrliosta iarrthóirí arna moladh ag an mBord Bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

Coiste roghnúcháin a bhunóidh an Bord Bainistíochta agus ina mbeidh comhaltaí a ainmneoidh na Ballstáit agus ionadaí ón gCoimisiún a tharraingeoidh suas an gearrliosta.

D'fhonn conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann Europol.

Sula gceapfar é nó í, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Chomhairle teacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, a thabharfaidh a thuairim neamhcheangailteach ansin.

3.   Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, measúnú lena gcuirtear san áireamh an méid seo a leanas:

(a)

meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus

(b)

na cúraimí a bheidh ag Europol agus na dúshláin a bheidh roimhe san am atá le teacht.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Bainistíochta a chuireann an measúnú a dtagraítear dó i mír 3 san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin agus ar feadh tréimhse ceithre bliana ar a mhéid.

5.   Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige moladh don Chomhairle go ndéanfar téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Sa mhí sula ndéanfar an téarma oifige a fhadú, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin teacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa.

6.   Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a ndearnadh síneadh ar an téarma oifige, páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

7.   Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin de bhun chinneadh ón gComhairle ag gníomhú di ar thogra ón mBord Bainistíochta. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh sin.

8.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir leis na tograí le cur faoi bhráid na Comhairle faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige nó faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin le tromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Airteagal 55

Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin

1.   Cuideoidh triúr Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a gcuid cúraimí.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 54 maidir leis na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Rachfar i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sula gceapfar iad, sula gcuirfear aon fhad lena dtréimhse oifige, nó sula mbainfear as oifig iad.

Airteagal 56

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

1.   Féadfaidh Europol leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

2.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a leagfaidh síos rialacha faoi shaineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht chuig Europol.

CAIBIDIL X

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 57

Buiséad

1.   Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Europol do gach bliain airgeadais, a fhreagróidh don bhliain féilire, agus léireofar i mbuiséad Europol iad.

2.   Comhardófar buiséad Europol i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.   Gan dochar d'acmhainní eile, cuimseofar in ioncam Europol ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear i mbuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.

5.   Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair, agus costais oibriúcháin san áireamh i gcaiteachas Europol.

6.   D'fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha maidir le tionscadail mhórscála a shíneann thar bhreis agus aon bhliain airgeadais amháin a mhiondealú i roinnt tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 58

An buiséad a bhunú

1.   Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.

2.   Ar bhonn an dréachtráitis ar mheastacháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain é.

3.   Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán críochnaitheach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol, lena gcuimseofar dréachtphlean bunaíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.

4.   Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

5.   Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.

6.   Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht ón Aontas a íocfar le Europol.

7.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta Europol.

8.   Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad Europol. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

9.   Le haghaidh aon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu ar bhuiséad Europol, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013.

Airteagal 59

An buiséad a chur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Europol chun feidhme.

2.   Gach bliain, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí aon nós imeachta meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 60

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dar gcionn (bliain N + 1).

2.   Seolfaidh Europol tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Pharlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

3.   Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Europol do bhliain N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

4.   Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

5.   Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Europol do bhliain N.

6.   Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 5, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

7.   Foilseofar na cuntais deiridh do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.

8.   Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Seolfaidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

9.   Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, mar a leagtar síos in Airteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.

10.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a dheonú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 61

Rialacha airgeadais

1.   Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol. Ní imeoidh siad ón Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin d'fheidhmiú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.

2.   Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhámhachtain.

3.   Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thairiscintí, as a n-oibríochtaí agus a n-imscrúduithe trasteorann a chomhlíonadh agus as oiliúint a sholáthar maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (h) agus i bpointe (i) d'Airteagal 4(1).

4.   I dtaca le tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 62

Stádas dlíthiúil

1.   Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Europol. Beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2.   I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlí náisiúnta ag Europol. Féadfaidh Europol, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.   I gcomhréir le Prótacal Uimh. 6 maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh agus suímh comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (“Prótacal Uimh. 6”) beidh Europol suite sa Háig.

Airteagal 63

Pribhléidí agus díolúintí

1.   Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le Europol agus a bhaill foirne.

2.   Beidh pribhléidí agus díolúintí oifigeach idirchaidrimh agus a gcuid ball teaghlaigh faoi réir comhaontú idir Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile. Forálfaidh an comhaontú sin do na pribhléidí agus na díolúintí sin atá riachtanach chun cúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh a chomhlíonadh i gceart.

Airteagal 64

Socruithe teanga

1.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 (26) maidir le Europol.

2.   Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga Europol trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

3.   Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh Europol.

Airteagal 65

Trédhearcacht

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh Europol.

2.   Faoin 14 Nollaig 2016, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i dtaca le doiciméid Europol.

3.   Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh Europol faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

4.   Foilseoidh Europol ar a láithreán gréasáin liosta de chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta agus an achoimre ar an toradh a bhí ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta. Beidh foilsiú na n-achoimrí sin sealadach nó fágfar amach nó srianfar go deo é más rud é go mbeadh baol ann go gcuirfí feidhmiú chúraimí Europol i mbaol leis an bhfoilsiú sin, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta agus gné oibríochtúil Europol á gcur san áireamh.

Airteagal 66

Calaois a chomhrac

1.   Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, aontóidh Europol, faoin 30 Deireadh Fómhair 2017, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (27) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile Europol, agus úsáid á baint aici as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú sin.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais ó Europol.

3.   Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhochraíonn leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh a dhéanfaidh Europol a dhámhachtain. Déanfar imscrúduithe den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (28) ón gComhairle.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh i socruithe oibre le comhlachtaí an Aontais, le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais Europol forálacha a thugann de chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 67

Rialacha maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint

1.   Bunóidh Europol rialacha maidir le hoibleagáidí discréide agus rúndachta, agus maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint.

2.   Bunóidh Europol na rialacha maidir le cosaint faisnéis rúnaicmithe AE a bheidh comhchuí le Cinneadh 2013/488/AE chun leibhéal comhionann cosanta a áirithiú don fhaisnéis sin.

Airteagal 68

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 1 Bealtaine 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Europol agus a chleachtais oibre. Féadfaidh an mheastóireacht díriú go háirithe ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfaidh le haon mhodhnú den sórt sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Soláthróidh an Bord Bainistíochta a bharúlacha maidir leis an tuarascáil mheastóireachta laistigh de thrí mhí ó dháta a fála. Ansin cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach mar aon le conclúidí an Choimisiúin agus barúlacha an Bhoird Bainistíochta a bheidh mar iarscríbhinn ag gabháil léi, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid na bparlaimintí naisiúnta agus faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Más iomchuí, cuirfear príomhthorthaí na tuarascála meastóireachta ar fáil don phobal.

Airteagal 69

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir fiosrúcháin ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 70

Ceanncheathrú

Maidir leis na socruithe riachtanacha a bhaineann leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Europol i Ríocht na hÍsiltíre agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag Ríocht na hÍsiltíre, i dteannta leis na rialacha sonracha is infheidhme ansin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, do bhaill foirne Europol agus dá mbaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 6.

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 71

Comharbas dlíthiúil

1.   Beidh Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ina chomharba dlíthiúil i dtaca le gach conradh a thug Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB i gcrích, le dliteanais is dlite do Europol arna bhunú le le Cinneadh 2009/371/CGB, agus le maoin a shealbhaigh Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB.

2.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB roimh an 13 Meitheamh 2016, nó comhaontuithe a rinne Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB a thabhairt i gcrích roimh an 1 Eanáir 2010.

Airteagal 72

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

1.   Déanfar téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de Chinneadh 2009/371/CGB a fhoirceannadh an 1 Bealtaine 2017.

2.   Le linn na tréimhse ón 13 Meitheamh 2016 go dtí an 1 Bealtaine 2017, déanfaidh an Bord Bainistíochta arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de Chinneadh 2009/371/CGB na nithe seo a leanas:

(a)

feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo a fheidhmiú;

(b)

glacadh na rialacha a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i dtaca le doiciméid Europol, dá dtagraítear in Airteagal 65(2) den Rialachán seo, agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67 den Rialachán seo, a ullmhú;

(c)

aon ionstraim is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ullmhú, go háirithe aon bhearta a bhaineann le Caibidil IV; agus

(d)

na rialacha agus na bearta inmheánacha a ghlac sé ar bhonn Chinneadh 2009/371/CGB a athbhreithniú chun go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta arna bhunú de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo cinneadh de bhun Airteagal 76 den Rialachán seo.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill tar éis an 13 Meitheamh 2016, na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an Bord Bainistíochta a bhunaítear de bhun Airteagal 10 tús lena chuid oibre an 1 Bealtaine 2017.

4.   Faoin 14 Nollaig 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha na ndaoine a cheapfaidh siad mar chomhalta agus mar chomhalta ionaid ar an mBord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 10.

5.   Reáchtálfaidh an Bord Bainistíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 a chéad chruinniú an 1 Bealtaine 2017. Ag an tráth sin, más gá, glacfaidh sé cinntí amhail dá dtagraítear in Airteagal 76.

Airteagal 73

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, leis na Leas-Stiúrthóirí agus leis an bhfoireann

1.   Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, beidh Stiúrthóir Europol a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 16 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha. Má thagann deireadh leis an téarma oifige idir an 13 Meitheamh 2016 agus an 1 Bealtaine 2017, déanfar é a shíneadh go huathoibríoch go dtí an 1 Bealtaine 2018.

2.   I gcás nach mbeidh an Stiúrthóir a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB toilteanach nó in ann gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun na dualgais a sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí, go dtí go ndéanfar an ceapachán dá bhforáiltear in Airteagal 54(2) den Airteagal seo.

3.   Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo maidir leis na Leas-Stiúrthóirí a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB.

4.   I gcomhréir le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, déanfar an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 de fostaíocht ar feadh tréimhse éiginnte mar bhall den fhoireann shealadach nó den fhoireann ar conradh a thairiscint d'aon duine atá, an 1 Bealtaine 2017, fostaithe faoi chonradh tréimhse éiginnte mar bhall den fhoireann áitiúil ag Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol. Beidh an tairiscint fostaíochta bunaithe ar na cúraimí a bheidh le comhlíonadh ag an seirbhíseach mar bhall den fhoireann shealadach nó den fhoireann ar conradh. Tiocfaidh an conradh lena mbaineann i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí. Féadfaidh ball foirne nach nglacfaidh leis an tairiscint dá dtagraítear sa mhír seo a chaidreamh conarthach nó a caidreamh conarthach a choinneáil le Europol i gcomhréir le hAirteagal 53(1).

Airteagal 74

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Cuirfear an nós imeachta um urscaoileadh i dtaca leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 42 de Chinneadh 2009/371/CGB i ngníomh i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag Airteagal 43 de.

CAIBIDIL XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 75

Ionadú agus aisghairm

1.   Gabhann an Rialachán seo, leis seo, ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936 CGB agus 2009/968/CGB i gcás na mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Bealtaine 2017.

Dá bhrí sin, déantar Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2017.

2.   Maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, déanfar tagairtí do na Cinntí dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 76

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a choimeád i bhfeidhm

Fanfaidh rialacha agus bearta inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta ar bhonn Chinneadh 2009/371/CGB i bhfeidhm tar éis an 1 Bealtaine 2017, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 77

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2017.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 71, Airteagal 72 agus Airteagal 73 ón 13 Meitheamh 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Bealtaine 2016.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.A. HENNIS-PLASSCHAERT


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) and seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Márta 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Bealtaine 2016 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle an 6 Aibreán 2009 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) (IO L 121, 15.5.2009, lch. 37).

(3)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 1.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  Cinneadh 2009/934/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena nglactar na rialacha cur chun feidhme lena rialaítear caidreamh Europol le compháirtithe, lena n-áirítear malartú sonraí pearsanta agus faisnéise rúnaicmithe (IO L 325, 11.12.2009, lch. 6).

(6)  Cinneadh 2009/935/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena gcinntear liosta tríú Stáit agus eagraíochtaí lena ndéanfaidh Europol comhaontuithe a thabhairt i gcrích (IO L 325, 11.12.2009, lch. 12).

(7)  Cinneadh 2009/936/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena nglactar na rialacha cur chun feidhme do chomhaid oibre anailíse Europol (IO L 325, 11.12.2009, lch. 14).

(8)  Cinneadh 2009/968/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena nglactar na rialacha maidir le rúndacht fhaisnéis Europol (IO L 332, 17.12.2009, lch. 17).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(10)  Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle an 25 Márta 1969 lena gcinntear na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil forálacha Airteagal 12, an dara mír d'Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Phrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal infheidhme maidir leo (IO L 74, 27.3.1969, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (OJ L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(13)  Moladh Uimh. R(87) 15 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit lena rialaítear úsáid sonraí pearsanta in earnáil na bpóilíní, 17.9.1987.

(14)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(15)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(18)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála i ndáil le faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).

(19)  Gníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998 lena leagtar síos na rialacháin foirne is infheidhme maidir le fostaithe Europol (IO C 26, 30.1.1999, lch. 23).

(20)  Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle an 12 Iúil 2005 maidir leis an euro a chosaint i gcoinne góchumtha, trí Europol a ainmniú mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac (IO L 185, 16.7.2005, lch. 35).

(21)  Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

(22)  Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(24)  IO C 95, 1.4.2014, lch. 1.

(25)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(26)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

(27)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

(28)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA SAGHSANNA COIREACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

an sceimhlitheoireacht,

an choireacht eagraithe,

gáinneáil ar dhrugaí,

gníomhaíochtaí sciúradh airgid,

an choireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,

smuigleáil inimirceach,

gáinneáil ar dhaoine,

an choireacht mhótarfheithicle,

dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,

trádáil neamhdhleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,

fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach,

ciníochas agus seineafóibe,

robáil agus tromghoid,

gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne,

caimiléireacht agus calaois,

an choireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,

déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais,

cambheartaíocht agus sracadh,

góchumadh agus píoráideacht táirgí,

brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,

brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,

an choireacht ríomhaire,

éilliú,

gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,

gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,

gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol,

an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí,

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile,

mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha,

cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.


IARSCRÍBHINN II

A.   Catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d'ábhair sonraí a bhféadfar a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críche cros-seiceála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(2)

1.

Bainfidh sonraí pearsanta arna mbailiú agus arna bpróiseáil chun críche cros-seiceála le:

(a)

daoine a gceaptar, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin;

(b)

daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh.

2.

Ní fhéadfar ach na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a chur san áireamh i sonraí a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sloinne, sloinne roimh phósadh nó aon ailias nó ainm bréige;

(b)

dáta agus ionad breithe;

(c)

náisiúntacht;

(d)

inscne;

(e)

áit chónaithe, gairm agus tuairisc an duine lena mbaineann;

(f)

uimhreacha slándála sóisialaí, ceadanna tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas; agus

(g)

nuair is gá, tréithe eile ar dócha go gcuideoidís leis an duine a aithint, lena n-áirítear aon saintréithe fisiceacha oibiachtúla nach bhféadfaí a athrú mar shonraí dactalascópacha agus próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de DNA).

3.

I dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 2, féadfar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 a bhailiú agus a phróiseáil:

(a)

ciontaí coiriúla, ciontaí coiriúla líomhnaithe, agus cathain, cá háit agus cén chaoi (a líomhnaítear) a ndearnadh iad;

(b)

na modhanna a úsáideadh nó a bhféadfaí a úsáid chun na ciontaí coiriúla sin a dhéanamh lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le daoine dlítheanacha;

(c)

na ranna atá ag láimhseáil an cháis agus a gcuid tagairtí comhdaithe;

(d)

ballraíocht amhrasta ar eagraíocht choiriúil;

(e)

ciontuithe, áit a mbaineann siad le ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh;

(f)

an páirtí ionchuir.

Féadfar na sonraí sin a chur ar fáil do Europol fiú nuair nach bhfuil aon tagairtí do dhaoine iontu.

4.

Féadfar faisnéis bhreise atá i seilbh Europol nó aonad náisiúnta agus a bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh in mír 1 a chur in iúl d'aon aonad náisiúnta nó do Europol dá n-iarrfadh ceachtar díobh é sin. Déanfaidh aonaid náisiúnta amhlaidh agus iad ag cloí lena ndlí náisiúnta.

5.

Má chuirtear deireadh gan amhras ar imeachtaí i gcoinne an duine atá i gceist nó má éigiontaítear an duine sin go cinntitheach, scriosfar na sonraí a bhaineann leis an gcás ar tógadh ceachtar cinneadh ina thaobh.

B.   Catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d'ábhair sonraí a bhféadfar a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha anailíse de chineál straitéiseach nó de chineál téamach agus chun críocha anailísí oibríochtúla nó chun na críche malartú faisnéise a éascú, dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 18(2)

1.

Sonraí pearsanta a ndéantar a bhailiú is a phróiseáil ar mhaithe le hanailísiú de chineál straitéiseach nó téamach, nó chun críche anailísí oibríochtúla nó ar mhaithe le malartú faisnéise a éascú idir Ballstáit, Europol agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, bainfidh na sonraí sin leis na daoine seo a leanas:

(a)

daoine a gceaptar, de bhun dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin;

(b)

daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh;

(c)

daoine a d'fhéadfadh go n-iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúduithe i gceangal leis na ciontaí á mbreithniú nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin;

(d)

daoine a bhí mar íospartaigh i gceann de na ciontaí atá á mbreithniú nó a dtugann fíricí áirithe maidir leo cúis le creidiúint go bhféadfadh go mbeidís ina n-íospartaigh i gcion den sórt sin;

(e)

teagmhálacha agus comhpháirtithe; agus

(f)

daoine a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla atá á mbreithniú.

2.

Féadfar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta, sonraí riaracháin bainteacha san áireamh, a phróiseáil ar na catagóirí de dhaoine a thagraítear dóibh i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1:

(a)

sonraí pearsanta:

(i)

sloinnte reatha iar-shloinnte;

(ii)

réamhainmneacha reatha agus iar-réamhainmneacha;

(iii)

sloinne roimh phósadh;

(iv)

ainm an athar (más gá chun críocha aitheantais);

(v)

ainm na máthar (más gá chun críocha aitheantais);

(vi)

inscne;

(vii)

dáta breithe;

(viii)

áit breithe;

(ix)

náisiúntacht;

(x)

stádas pósta;

(xi)

ailias;

(xii)

leasainm;

(xiii)

ainm bréige;

(xiv)

áit chónaithe reatha agus iaráit chónaithe;

(b)

cur síos fisiceach:

(i)

cur síos fisiceach;

(ii)

tréithe idirdhealaitheacha (marcanna/coilm/tatúnna etc.);

(c)

modhanna aitheantais:

(i)

doiciméid aitheantais/ceadúnas tiomána;

(ii)

cárta náisiúnta aitheantais/uimhreacha pas;

(iii)

uimhir náisiúnta aitheantais/uimhir shlándála sóisialaí, más infheidhme;

(iv)

íomhánna físe agus faisnéis eile faoi chuma;

(v)

faisnéis aitheantais fhóiréinsigh mar mhéarloirg, próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de), próifíl gutha, grúpa fola, faisnéis déidliachta;

(d)

gairm agus scileanna:

(i)

fostaíocht agus gairm reatha;

(ii)

iarfhostaíocht agus iarghairm;

(iii)

oideachas (scoil/ollscoil/gairmiúil);

(iv)

cáilíochtaí;

(v)

scileanna agus réimsí eile eolais (teanga/eile);

(e)

faisnéis eacnamaíochta agus airgeadais:

(i)

sonraí airgeadais (cuntais agus cóid bhainc, cártaí creidmheasa, etc.);

(ii)

sócmhainní airgid;

(iii)

scairshealbha/sócmhainní eile;

(iv)

sonraí réadmhaoine;

(v)

naisc le cuideachtaí;

(vi)

teagmhálacha bainc agus creidmheasa;

(vii)

staid chánach;

(viii)

faisnéis eile a léiríonn bainistíocht an duine ar a chuid nó ar a cuid gnóthaí airgeadais;

(f)

sonraí iompraíochta:

(i)

slí bheatha (ag caitheamh níos mó ná a n-acmhainn) agus gnáthamh;

(ii)

gluaiseachtaí;

(iii)

áiteanna a dtugtar cuairt orthu go minic;

(iv)

airm agus uirlisí contúirteacha eile;

(v)

rátáil chontúirte;

(vi)

rioscaí sonracha mar dhóchúlacht éalaithe, úsáid gníomhairí an dá thaobh, naisc le comhaltaí pearsanra um fhorfheidhmiú an dlí;

(vii)

tréithe agus próifílí a bhaineann le coirpigh;

(viii)

mí-úsáid drugaí;

(g)

teagmhálacha agus comhpháirtithe, lena n-áirítear cineál agus nádúr na teagmhála nó an chomhcheangail leis an gcomhpháirtí;

(h)

modh cumarsáide a úsáidtear, mar fhón (fón statach/fón póca), facs, glaoire, post leictreonach, seoltaí poist, na(i)sc idirlín;

(i)

bealaí iompair a úsáidtear, mar fheithiclí, bháid, aerárthaigh, lena n-áirítear faisnéis a aithníonn na modhanna iompair sin (cláruimhreacha);

(j)

faisnéis a bhaineann le hiompraíocht choiriúil:

(i)

ciontuithe roimhe sin;

(ii)

rannpháirtíocht amhrasta i ngníomhaíochtaí coiriúla;

(iii)

modi operandi;

(iv)

bealaí a úsáideadh nó a bhféadfaí a úsáid chun coireanna a ullmhú agus/nó a dhéanamh;

(v)

ballraíocht ar ghrúpaí/eagraíochtaí coiriúla agus ról sa ghrúpa/eagraíocht;

(vi)

ról san eagraíocht choiriúil;

(vii)

raon geografach na ngníomhaíochtaí coiriúla;

(viii)

ábhar a bailíodh le linn imscrúdaithe, lena n-áirítear íomhánna físe agus grianghraif;

(k)

tagairtí do chórais faisnéise eile ina stóráiltear faisnéis faoin duine:

(i)

Europol;

(ii)

gníomhaireachtaí póilíní/custaim;

(iii)

gníomhaireachtaí eile um fhorfheidhmiú;

(iv)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(v)

eintitis phoiblí;

(vi)

eintitis phríobháideacha;

(l)

faisnéis faoi dhaoine dlíthiúla a bhaineann leis na sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (e) agus (j):

(i)

ainmniú an duine dhlíthiúil;

(ii)

ionad;

(iii)

dáta bunaithe agus áit bhunaithe;

(iv)

cláruimhir riaracháin;

(v)

foirm dhlíthiúil;

(vi)

caipiteal;

(vii)

réimse gníomhaíochta;

(viii)

fochomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(ix)

stiúrthóirí;

(x)

naisc le bainc.

3.

Is é atá i “teagmhálacha agus comhpháirtithe” mar a thagraítear dóibh i bpointe (e) de mhír 1, ná daoine trína bhfuil dóthain cúiseanna le creidiúint gur féidir faisnéis, a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 agus atá ábhartha don anailís, a fháil, ar choinníoll nach bhfuil siad san áireamh i gceann de na catagóirí de dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (f). Is iad “teagmhálacha” ná na daoine úd a mbíonn teagmháil fhánacha acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Is iad “comhpháirtithe” ná daoine sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis na daoine a thagraítear dóibh i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1.

Maidir le teagmhálacha agus comhpháirtithe, féadfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil sonraí den sórt sin riachtanach don anailís ar ghaol daoine den sórt sin leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Sa chomhthéacs sin, cloífear leis an méid seo a leanas:

(a)

déanfar gaol den sórt sin a shoiléiriú a luaithe is féidir;

(b)

scriosfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 gan mhoill má tharlaíonn nach bhfuil aon bhunús leis an toimhde go bhfuil gaol den sórt sin ann;

(c)

féadfar na sonraí go léir dá dtagraítear i mír 2 a stóráil má cheaptar go ndearna teagmhálacha nó comhpháirtithe cion a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol, nó má ciontaíodh iad as cion den sórt sin a dhéanamh, nó má tá tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnacha faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad cion den sórt sin;

(d)

ní stórálfar sonraí dá dtagraítear i mír 2 faoi theagmhálacha de chuid teagmhálacha, agus faoi chomhpháirtithe de chuid teagmhálacha ná faoi theagmhálacha de chuid comhpháirtithe agus faoi chomhpháirtithe de chuid comhpháirtithe, cé is moite de shonraí faoi chineál agus nádúr a gcuid teagmhálacha nó comhcheangal leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1;

(e)

murar féidir soiléiriú a fháil i gcomhréir leis na pointí roimhe seo, cuirfear é sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoin ngá le stóráil sonraí le haghaidh níos mó anailíse agus faoi mhéid na stórála.

4.

Maidir le duine, mar a thagraítear dó i bpointe (d) de mhír 1, a bhí mar íospartach i gceann de na ciontaí á mbreithniú nó má tá cúis le creidiúint mar thoradh ar fhíricí ábhartha, go bhféadfadh go mbeidís mar íospartaigh i gcion den sórt sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2, chomh maith leis na catagóirí seo a leanas de shonraí a stóráil:

(a)

sonraí aitheantais an íospartaigh;

(b)

cúis le híospairt;

(c)

damáiste (fisiceach/airgeadais/síceolaíoch/eile);

(d)

cibé acu an féidir anaithnideacht a ráthú;

(e)

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha;

(f)

sonraí atá bainteach leis an gcoireacht arna soláthar ag nó trí dhaoine a thagraítear dóibh i bpointe (d) de mhír 1, lena n-áirítear, i gcás inar gá, faisnéis faoina gcaidreamh le daoine eile chun na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a shainaithint.

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad ag teastáil don anailís ar ról duine mar íospartach nó íospartach féideartha.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

5.

Maidir le daoine, mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) de mhír 1, a bhféadfadh go n-iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúduithe i ndáil leis na ciontaí atá á mbreithniú nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2 chomh maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na critéir seo a leanas, a stóráil:

(a)

faisnéis atá bainteach leis an gcoireacht arna soláthar ag na daoine sin, lena n-áirítear a ngaol le daoine eile atá sa chomhad oibre anailíse;

(b)

cibé acu an ráthófar anaithnideacht;

(c)

cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh;

(d)

aitheantas;

(e)

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha.

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis le ceapadh go bhfuil siad riachtanach don anailís ar ról na ndaoine sin mar fhinnéithe.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

6.

Maidir le daoine, mar a thagraítear dóibh i bpointe (f) de mhír 1, a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla á mbreithniú, féadfar sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2 a stóráil, chomh maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

sonraí pearsanta códaithe;

(b)

an cineál faisnéise atá á cur ar fáil;

(c)

cibé acu an ráthófar anaithnideacht;

(d)

cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh;

(e)

aitheantas;

(f)

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha;

(g)

taithí dhiúltach;

(h)

luaíochtaí (luaíochtaí airgeadais/fabhair).

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad ag teastáil don anailís ar ról daoine den sórt sin mar fhaisnéiseoirí.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

7.

Má thagann sé chun solais, am ar bith le linn anailíse, ar bhonn tásc tromchúiseach agus comhthacaíoch, gur cheart duine a áirithiú i gcatagóir daoine, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo, atá éagsúil ón gcatagóir ar cuireadh an duine sin ann ar dtús, ní fhéadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh ach ar na sonraí faoin duine sin atá ceadaithe faoin gcatagóir sin, agus scriosfar na sonraí eile go léir.

Má thagann sé chun solais, ar bhonn tásc den sórt sin, gur cheart duine a chur in dá chatagóir éagsúla nó níos mó, mar atá sainithe san Iarscríbhinn seo, féadfaidh Europol na sonraí go léir atá ceadaithe faoi na catagóirí sin a phróiseáil.