24.12.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 341/14


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2015/2422 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2015

lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d'Airteagal 254 agus an dara mír d'Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Ag féachaint don tuairimí ón gCoimisiún Eorpach (1),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar an leathnú comhleanúnach atá ag teacht ar a dlínse ó bunaíodh í, tá líon na gcásanna atá á dtabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta ag dul i méid go leanúnach anois.

(2)

Faoi láthair, tá an chosúlacht ar rudaí nach bhfuil fad na n-imeachtaí inghlactha ó thaobh na ndlíthithe de, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(3)

Maidir leis an riocht ina bhfuil an Chúirt Ghinearálta anois, tá cúiseanna leis sin a bhaineann, inter alia, leis an méadú ar líon agus ar éagsúlacht na ngníomhartha dlíthiúla ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais agus freisin i ngeall ar líon agus ar chastacht na gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta, go háirithe i réimsí na hiomaíochta, na Státchabhrach agus na maoine intleachtúla.

(4)

Níor tógadh an rogha cúirteanna speisialaithe a bhunú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 257 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(5)

Dá thoradh sin, ba cheart bearta oiriúnacha de chineál eagraíochtúil, struchtúrtha agus nós imeachta, lena n-áirítear, go háirithe, méadú ar líon na mbreithiúna, a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an riocht sin. Trí úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear leis na Conarthaí líon na mBreithiúna sa Chúirt Ghinearálta a mhéadú, d'fhéadfaí líon na gcásanna atá ar feitheamh agus fad iomarcach na n-imeachtaí atá os comhair na Cúirte Ginearálta araon a laghdú laistigh de thréimhse ghearr.

(6)

Agus an forás in ualach oibre na Cúirte Ginearálta á chur san áireamh, ba cheart líon na mBreithiúna a shocrú ag 56 ag deireadh próiseas trí chéim, lena ndéanfaí beirt Bhreithiúna a cheapadh ar thogra ó gach ceann de na Ballstáit, agus leis an tuiscint nach féidir le níos mó ná beirt de na Breithiúna atá ceaptha ar thogra ón mBallstát céanna a bheith ina suí sa Chúirt Ghinearálta ag am ar bith.

(7)

Maidir leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255 CFAE, cuirtear san áireamh ann, go háirithe, neamhspleáchas, neamhchlaontacht, saineolas agus oiriúnacht phroifisiúnta agus phearsanta na n-iarrthóirí.

(8)

Chun riaráiste na gcásanna atá ar feitheamh a laghdú go mear, ba cheart go rachadh dáréag Breithiúna breise in oifig ar theacht i bhfeidhm don Rialachán seo.

(9)

I mí Mheán Fómhair 2016, ba cheart go n-aistreofaí chuig an gCúirt Ghinearálta dlínse ag an gcéad chéim i gcásanna a dhéileálann le seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh mar aon le seacht bpost na mBreithiúna atá ina suí ar an mBinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (“an Binse um Sheirbhís Shibhialta”), ar bhonn na hiarrata reachtaí atá fógartha cheana ag an gCúirt Bhreithiúnais. Breithneofar san iarraidh sin na rialacha mionsonraithe maidir le haistriú sheacht bpost Bhreithiúna an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta, lena n-áirítear foireann agus acmhainní.

(10)

I mí Mheán Fómhair 2019, ba cheart go rachadh an naonúr Breithiúna eile i mbun oifige. Chun cost-éifeachtúlacht a áirithiú, níor cheart go mbeadh sé i gceist leis sin go n-earcófaí rúnaithe dlí nó foireann tacaíochta eile sa bhreis. Le bearta don atheagrú inmheánach laistigh den institiúid, ba cheart a bheith deimhin de go mbainfear úsáid éifeachtach as na hacmhainní daonna atá ann cheana, agus ba cheart go mbeadh na hacmhainní daonna sin comhionann do na Breithiúna uile, gan dochar do chinntí a dhéanann an Chúirt Ghinearálta i dtaca le heagar inmheánach na Cúirte.

(11)

Tá tábhacht mhór le cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh den Chúirt Ghinearálta. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart nuair a athrófar cuid de na Breithiúna sa Chúirt sin go n-eagrófaí an t-athrú ar shlí a fhágfaidh go dtosóidh rialtais na mBallstát de réir a chéile ar bheirt Bhreithiúna a ainmniú don athrú céanna ar chuid de na Breithiúna agus é mar aidhm leis an méid sin, dá bhrí sin, bean amháin agus fear amháin a roghnú, ar choinníoll go n-urramaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí.

(12)

Tá sé riachtanach forálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le hathrú cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta gach trí bliana a oiriúnú dá réir sin.

(13)

Mar atá fógartha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cheana féin, déanfaidh sí, anuas ar an athchóiriú ar an gCúirt Ghinearálta, figiúirí bliantúla maidir lena gníomhaíocht bhreithiúnach a thíolacadh agus, más gá sin, molfaidh sí bearta iomchuí. Ag an dara agus an tríú céim de mhéadú na Cúirte Ginearálta, déanfar measúnú ar staid na Cúirte Ginearálta, a bhféadfadh, más gá, coigeartuithe áirithe teacht as, go háirithe i dtéarmaí caiteachas riaracháin na Cúirte.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna gach trí bliana, athrófar leath de líon na mBreithiúna. Más corruimhir atá i líon na mBreithiúna, is é a bheidh i líon na mBreithiúna a athrófar, gach re seach, ná líon is comhionann leis an uimhir atá díreach os cionn leath de líon na mBreithiúna agus an uimhir atá díreach faoi bhun leath de líon na mBreithiúna.

Beidh feidhm freisin ag an gcéad mhír nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta, gach trí bliana.”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

“Airteagal 48

Ar an gCúirt Ghinearálta beidh:

(a)

40 Breitheamh amhail ón 25 Nollaig 2015;

(b)

47 mBreitheamh amhail ón 1 Meán Fómhair 2016;

(c)

beirt Bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit amhail ón 1 Meán Fómhair 2019.”.

Airteagal 2

Is mar seo a leanas a bheidh téarma oifige na mBreithiúna breise de chuid na Cúirte Ginearálta a cheapfar de bhun Airteagal 48 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

(a)

An 31 Lúnasa 2016, tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige do sheisear as an dáréag Breithiúna breise a bheidh le ceapadh amhail ón 25 Nollaig 2015. Déanfar an seisear Breithiúna sin a roghnú ar shlí a fhágfaidh go n-ainmneoidh rialtais sé Bhallstát beirt Bhreithiúna le haghaidh an athraithe ar chuid de Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta in 2016. Tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige don seisear Breithiúna eile an 31 Lúnasa 2019;

(b)

An 31 Lúnasa 2019, tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige do thriúr as an seachtar Breithiúna breise a bheidh le ceapadh amhail ón 1 Meán Fómhair 2016. Déanfar an triúr Breithiúna sin a roghnú ar shlí a fhágfaidh go n-ainmneoidh rialtais trí Bhallstát beirt Bhreithiúna le haghaidh an athraithe ar chuid de Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta in 2019. Tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige don cheathrar Breithiúna eile an 31 Lúnasa 2022;

(c)

An 31 Lúnasa 2022, tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige do cheathrar as an naonúr Breithiúna breise a bheidh le ceapadh ón 1 Meán Fómhair 2019. Déanfar an ceathrar Breithiúna sin a roghnú ar shlí a fhágfaidh go n-ainmneoidh rialtais ceithre Bhallstát beirt Bhreithiúna le haghaidh an athraithe ar chuid de Bhreithiúna na Cúirte Ginearálta in 2022. Tiocfaidh deireadh leis an téarma oifige don chúigear Breithiúna eile an 31 Lúnasa 2025.

Airteagal 3

1.   Faoin 26 Nollaig 2020, agus leas á bhaint aici as sainchomhairleoir seachtrach, déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta agus cuirfidh sí an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Sa tuarascáil sin, díreofar go háirithe ar éifeachtúlacht na Cúirte Ginearálta, a riachtanaí agus a éifeachtaí atá an méadú go dtí 56 Bhreitheamh, úsáid agus éifeachtúlacht acmhainní agus ar dhlísheomraí speisialaithe eile a bhunú agus/nó ar athruithe struchtúracha eile.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais iarrataí reachtacha chun Reacht na Cúirte sin a leasú dá réir.

2.   Faoin 26 Nollaig 2017, déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais tuarascáil a tharraingt suas maidir le hathruithe féideartha ar dháileadh inniúlachtaí i dtaobh réamhrialuithe faoi Airteagal 267 CFAE, agus cuirfidh sí an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. I gcás inarb iomchuí, beidh iarrataí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  Tuairim an 30 Meán Fómhair 2011 (IO C 335, 16.11.2011, lch. 20) agus Tuairim an 12 Samhain 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2015 (IO C 239, 21.7.2015, lch. 14). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2015.