24.12.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 341/1


RIALACHÁN (AE) 2015/2421 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2015

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Bunaíodh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga le Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá feidhm ag an Rialachán sin maidir le héilimh thrasteorann, idir shibhialta agus thráchtála, éilimh a chonspóidtear agus éilimh nach gconspóidtear araon, a bhfuil luach nach mó ná EUR 2 000 orthu. Áirithítear leis, freisin, gur féidir na breithiúnais a thugtar faoi chuimsiú an nós imeachta sin a fhorghníomhú gan aon nós imeachta idirmheánach, go háirithe gan aon ghá a bheith le dearbhú um in-fhorghníomhaitheacht i mBallstát an fhorghníomhaithe (deireadh a chur le exequatur). Is é an aidhm ghinearálta atá le Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 rochtain ar an gceartas a fheabhsú trí na costais do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí araon a laghdú agus dlús a chur leis na nósanna imeachta sibhialta i ndáil le héilimh laistigh dá raon feidhme.

(2)

Luaitear sa tuarascáil ón gCoimisiún an 19 Samhain 2013 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 go meastar gur éascaíodh dlíthíocht trasteorann le haghaidh éilimh bheaga san Aontas, ar an mórchóir, leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Aithnítear sa tuarascáil sin freisin, áfach, go bhfuil bacainní ann, a fhágann nach féidir lánacmhainneacht an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga a bhaint amach ar mhaithe leis na tomhaltóirí agus na gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Suitear sa tuarascáil sin, i measc nithe eile, go gceiltear, le tairseach íseal Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 a mhéid a bhaineann le luach an éilimh, úsáid nós imeachta simplithe ar roinnt mhaith éilitheoirí ionchasacha i ndíospóidí trasteorann. Ina theannta sin, luaitear inti go bhféadfaí roinnt eilimintí den nós imeachta a shimpliú tuilleadh chun na costais agus tréimhse na dlíthíochta a laghdú. Is é tátal thuarascáil an Choimisiúin go bhféadfaí deireadh a chur leis na bacainní sin go han-éifeachtach trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 a leasú.

(3)

Ba cheart tomhaltóirí a bheith in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis an margadh inmheánach, agus níor cheart teorainn a bheith lena muinín cheal réitigh éifeachtacha dlí ar dhíospóidí inarb ann d'eilimint thrasteorann. Is é is aidhm leis na feabhsuithe ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thograítear sa Rialachán seo na hacmhainní is gá le haghaidh sásamh éifeachtach a chur ar fáil do thomhaltóirí, agus rannchuidiú ar an gcaoi sin lena gcearta a fhorghníomhú ar bhonn praiticiúil.

(4)

Dá n-ardófaí an tairseach i dtaca le héileamh go EUR 5 000, d'fheabhsófaí an rochtain ar réiteach breithiúnach ar dhíospóidí trasteorann a bheadh éifeachtach agus cost-éifeachtúil, go háirithe i gcás FBManna. Le rochtain níos fearr ar an gceartas, d'fheabhsófaí an mhuinín as idirbhearta trasteorann agus rannchuideofaí le lánúsáid na ndeiseanna a thairgtear leis an margadh inmheánach.

(5)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cásanna trasteorann agus leo sin amháin. Ba cheart a mheas gurb ann do chás trasteorann nuair atá sainchónaí nó gnáthchónaí ar pháirtí amháin ar a laghad de na páirtithe i mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, seachas Ballstát na cúirte nó an bhinse a dtugtar an cás os a comhair nó os a chomhair.

(6)

Ba cheart tuilleadh feabhais a chur ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí bhuntáiste a bhaint as na forbairtí teicniúla i réimse an cheartais agus as na huirlisí nua atá ar fáil do na cúirteanna nó do na binsí lena bhféadfaí cabhrú, ar nithe iad a rannchuidíonn le fadhb an achair gheografaigh a shárú, chomh maith leis na hiarmhairtí a ghabhann leis sin ó thaobh ardchostas agus fad na n-imeachtaí.

(7)

Chun costais na dlíthíochta agus fad na n-imeachtaí a laghdú tuilleadh, ba cheart na páirtithe agus na cúirteanna agus na binsí a spreagadh tuilleadh le teicneolaíocht chumarsáide nua-aimseartha a úsáid.

(8)

I gcás doiciméid is gá a sheirbheáil ar na páirtithe sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ba cheart seirbheáil leictreonach a bheith ar comhchéim le seirbheáil tríd an bpost. Chun na críche sin, ba cheart creat ginearálta a leagan amach leis an Rialachán seo lena gceadaítear seirbhís leictreonach a úsáid nuair atá na meáin theicniúla riachtanacha ar fáil agus nuair a fhéadfar leas a bhaint as an tseirbheáil leictreonach i gcomhréir le rialacha náisiúnta nós imeachta na mBallstát lena mbaineann. I gcás gach cumarsáid eile i scríbhinn idir na páirtithe nó idir daoine eile atá rannpháirteach sna himeachtaí agus na cúirteanna nó na binsí, ba cheart tús áite a thabhairt do mheáin leictreonacha a úsáid, a mhéid is féidir, i gcás ina mbeidh na meáin sin ar fáil agus inghlactha.

(9)

Mura bhfuil oibleagáid ar na páirtithe, nó ar na seolaithe eile, faoin dlí náisiúnta glacadh le meáin leictreonacha, ba cheart é bheith de rogha acu go mbainfí leas as meáin leictreonacha, i gcás ina mbeidh na meáin sin ar fáil agus inghlactha, nó as meáin níos traidisiúnta, chun na doiciméid a sheirbheáil nó le haghaidh aon chineáil chumarsáidí eile i scríbhinn leis an gcúirt nó leis an mbinse. Má ghlacann páirtí le seirbheáil trí mheáin leictreonacha, beidh sé sin gan dochar dá cheart diúltú glacadh le doiciméad nach bhfuil scríofa i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an seolaí nó dá cheart diúltú glacadh le doiciméad nach bhfuil aistriúchán go dtí an teanga sin in éineacht leis nó, i gcás ina bhfuil níos mó na teanga oifigiúil amháin sa Bhallstát sin, i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla na háite ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an seolaí, nó i dteanga a thuigeann an seolaí.

(10)

I gcás ina mbaintear leas as meáin leictreonacha le doiciméid a sheirbheáil nó le haghaidh aon chineál cumarsáidí eile i scríbhinn, ba cheart do na Ballstáit na dea-chleachtais atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh inneachar na ndoiciméad agus na gcumarsáidí eile sin i scríbhinn a fuarthas fíor agus dílis d'inneachar na ndoiciméad agus na gcumarsáidí eile i scríbhinn arna seoladh, agus go ndearbhaítear leis an modh a úsáidtear lena admháil go bhfuarthas na doiciméid agus na cumarsáidí oifigiúla eile, go bhfuair an seolaí na doiciméid agus an dáta a fuarthas iad.

(11)

Go bunúsach, is nós imeachta i scríbhinn é an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Níor cheart éisteachtaí ó bhéal a thionól ach go heisceachtúil i gcás nach féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na fianaise i scríbhinn nó i gcás ina n-aontaíonn cúirt nó binse éisteacht ó bhéal a thionól arna iarraidh sin do pháirtí.

(12)

Chun go mbeidh daoine in ann éisteacht a fháil gan a cheangal orthu taisteal chuig an gcúirt nó chuig an mbinse, ba cheart éisteacht ó bhéal a dhéanamh chomh maith le glacadh fianaise trí éisteacht le finnéithe, saineolaithe nó páirtithe, a reáchtáil trí úsáid a bhaint as aon mheáin iomchuí chianchumarsáide atá ar fáil don chúirt nó don bhinse, ach amháin más rud é nach mbeadh úsáid teicneolaíochta den sórt sin iomchuí chun na himeachtaí a sheoladh go cóir, mar gheall ar dhálaí ar leith an cháis. Maidir le daoine a bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí orthu i mBallstát nach é an Ballstát é ina bhfuil an chúirt nó an binse a dtugtar an cás os a comhair nó os a chomhair, ba cheart éisteacht ó bhéal a reáchtáil trí leas a bhaint as na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle (4).

(13)

Ba cheart do Bhallstáit úsáid na teicneolaíochta cianchumarsáide a chur chun cinn. Chun críocha éisteachtaí ó bhéal a reáchtáil, ba cheart socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain ag na cúirteanna nó ag na binsí atá inniúil maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar theicneolaíocht iomchuí chianchumarsáide d'fhonn cothroime na n-imeachtaí a áirithiú i dtaca le dálaí ar leith an cháis. I ndáil le físchomhdháil, ba cheart na moltaí ón gComhairle maidir leis an bhfíschomhdháil thrasteorainn a ghlac an Chomhairle an 15 agus 16 Meitheamh 2015 agus an obair a rinneadh i gcreat an r-Cheartais Eorpaigh a chur san áireamh.

(14)

Is féidir leis na costais a bhainfeadh le dlíthíocht tionchar a imirt ar chinneadh an éilitheora maidir le cás cúirte a thosú. D'fhéadfadh táillí cúirte, i measc costais eile, éilitheoirí a dhíspreagadh maidir le cás cúirte a thabhairt. Chun rochtain ar an gceartas a áirithiú i gcás éilimh bheaga trasteorann, níor cheart táillí cúirte a ghearrtar i mBallstát don Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga bheith díréireach leis an éileamh agus níor cheart iad a bheith níos airde ná na táillí cúirte a ghearrtar do nósanna imeachta cúirte simplithe náisiúnta sa Bhallstát sin. Mar sin féin, níor cheart bac a chur leis sin ar tháillí cúirte íosta réasúnacha a thobhach agus ba cheart é sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht, faoi na coinníollacha céanna, táille ar leith a thobhach maidir le haon nós imeachta achomhairc i gcoinne breithiúnas a thugtar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

(15)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart gurb é a bheadh sna táillí cúirte na táillí agus na muirir a bheidh le híoc leis an gcúirt nó leis an mbinse, ar táillí iad a gcinnfear a méid i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart a áireamh iontu, mar shampla, suimeanna a aistrítear chuig tríú páirtithe le linn imeachtaí, amhail táillí dlíodóirí, costais aistriúcháin, costais eintiteas eile nach cúirt ná binse iad maidir le doiciméid a sheirbheáil, nó costais a íoctar le saineolaithe nó le finnéithe.

(16)

Príomhchuspóir is ea é go mbeadh rochtain éifeachtach ar an gceartas ann ar fud an Aontais. Chun rochtain éifeachtach den chineál sin a áirithiú i gcomhthéacs an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ba cheart cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/8/CE ón gComhairle (5).

(17)

Níor cheart a cheangal ar an éilitheoir taisteal chuig Ballstát na cúirte nó an bhinse a dtugtar an cás os a comhair nó a chomhair chun na táillí cúirte a íoc ná dlíodóir a fhostú chun na críche sin. D'fhonn a áirithiú go dtugtar rochtain éifeachtach ar imeachtaí, freisin, d'éilitheoirí atá suite i mBallstát nach é an Ballstát é ina bhfuil an chúirt nó an binse a dtugtar an cás os a comhair nó a chomhair suite, ba cheart do na Ballstáit ar a laghad ceann amháin de na modhanna cianíocaíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thairiscint ar a laghad.

(18)

Maidir le socraíocht chúirte a formheasadh nó a tugadh i gcrích os comhair cúirte nó os comhair binse le linn an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil an tsocraíocht sin in-fhorghníomhaithe ar an dóigh chéanna agus atá breithiúnas a thugtar sa nós imeachta sin.

(19)

D'fhonn an gá le haistriúchán agus na costais a ghabhann leis a íoslaghdú, ba cheart don chúirt nó don bhinse, agus deimhniú á eisiúint aice nó aige d'fhorghníomhú i ndáil le breithiúnas a tugadh le linn an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, nó le socraíocht chúirte a formheasadh nó a tugadh i gcrích os comhair cúirt nó os comhair binse le linn an nós imeachta sin i dteanga nach í a teanga/a theanga féin í, an leagan teanga ábhartha den fhoirm chaighdeánach don deimhniú a úsáid, atá ar fáil i bhformáid dhinimiciúil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Maidir leis an méid seo, ba cheart don chúirt nó don bhinse bheith in ann brath ar chruinneas an aistriúcháin atá ar fáil ar an Tairseach sin. Tá aon chostas ar aistriúchán a bhfuil gá leis ar an téacs a chuirtear i réimsí téacs saor an deimhnithe le leithdháileadh dá bhforáiltear faoi dhlí Bhallstát na cúirte nó an bhinse.

(20)

Maidir leis na foirmeacha caighdeánacha dá bhforáiltear sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ba cheart do Bhallstáit cuidiú praiticiúil a chur ar fáil chun iad a líonadh isteach. Thairis sin, ba cheart dóibh faisnéis ghinearálta a chur ar fáil maidir le raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus maidir leis na cúirteanna nó leis na binsí atá inniúil ina leith. Níor cheart, áfach, soláthar chúnamh dlíthiúil nó chuidiú dlíthiúil a mbeadh measúnú dlíthiúil ar chás sonrach i gceist léi bheith san oibleagáid sin. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na bealaí agus na meáin is iomchuí chun cuidiú praiticiúil agus faisnéis ghinearálta den sórt sin a chur ar fáil, agus ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí ar a gcuirfidís na hoibleagáidí sin. An fhaisnéis ghinearálta sin maidir le raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus maidir leis na cúirteanna nó na binsí inniúla, féadfar í a chur ar fáil freisin trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis a thugtar i mbróisiúir, i lámhleabhair, ar láithreáin ghréasáin náisiúnta nó ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas, nó trí eagraíochtaí tacaíochta iomchuí amhail Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí.

(21)

Ba cheart faisnéis faoi na táillí cúirte agus faoi na modhanna íocaíochta, chomh maith le faisnéis faoi na húdaráis nó faoi na heagraíochtaí atá inniúil maidir le cuidiú praiticiúil a thabhairt sna Ballstáit a bheith níos trédhearcaí agus ar fáil go héasca ar an idirlíon. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a thabhairt don Choimisiún, agus ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí í agus go scaiptear go forleathan í trí aon mheán iomchuí, go háirithe tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.

(22)

I gcás ina dtagann díospóid faoi raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ba cheart a shoiléiriú i Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) gur cheart an nós imeachta sin a bheith ar fáil freisin d'éilitheoir in ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta i gcás ina bhfuil ráiteas freasúra curtha isteach ag an gcosantóir i gcoinne an ordaithe Eorpaigh le haghaidh íocaíochta.

(23)

D'fhonn rochtain ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a éascú tuilleadh, ba cheart an fhoirm chaighdeánach éilimh a chur ar fáil, ní hamháin sna cúirteanna agus sna binsí is inniúil maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ach ba cheart í a chur ar fáil freisin trí láithreáin ghréasáin ábhartha náisiúnta. D'fhéadfaí an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí nasc don Tairseach Eorpach don r-Cheartas a chur ar fáil ar na láithreáin ghréasáin náisiúnta ábhartha.

Chun feabhas a chur ar chosaint an chosantóra, ba cheart faisnéis a bheith sna foirmeacha caighdeánacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 faoi na hiarmhairtí don chosantóir mura ndéanann sé an t-éileamh a chonspóid nó mura mbíonn sé i láthair ag éisteacht ó bhéal nuair a dhéantar é a thoghairm, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis go bhféadfaí breithiúnas a thabhairt nó a fhorghníomhú ina aghaidh agus go bhféadfaí dliteanas a thabhú i leith costas a bhaineann leis na himeachtaí. Ba cheart faisnéis a bheith sna foirmeacha caighdeánacha freisin lena chur in iúl go bhféadfadh sé nach mbeadh an páirtí a n-éireoidh leis in ann costais na n-imeachtaí a aisghabháil sa mhéid is gur tabhaíodh gan aon ghá iad nó go bhfuil siad díréireach le luach an éilimh.

(24)

D'fhonn foirmeacha caighdeánacha an Nós Imeachta Eorpaigh maidir le hÉilimh Bheaga agus an Nós Imeachta maidir le hOrdú Íocaíochta Eorpach a choimeád cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hathruithe ar Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 agus i ndáil le hathruithe ar Iarscríbhinní I go VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mian leo a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(27)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i gcásanna trasteorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3 iad, maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála, beag beann ar chineál na cúirte nó an bhinse, i gcás nach mó ná EUR 5 000 luach an éilimh tráth a bhfaighidh an chúirt a bhfuil dlínse aici, nó an binse a bhfuil dlínse aige, an fhoirm éilimh, gan aon ús, aon chaiteachais ná aon íocaíochtaí amach a áireamh. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, chustaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha ná neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta jure imperii).

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a)

stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha;

(b)

cearta ar mhaoin a eascraíonn as cóngas pósta, nó gaol a meastar go bhfuil comhéifeachtaí aige le pósadh, faoin dlí is infheidhme maidir le gaol den sórt sin;

(c)

oibleagáidí cothabhála a eascraíonn ó ghaol teaghlaigh, ó thuismíocht, ó phósadh nó ó chleamhnas;

(d)

uachtanna agus comharbas, lena n-áirítear oibleagáidí cothabhála a thagann chun cinn mar gheall ar bhás;

(e)

féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin;

(f)

slándáil shóisialta;

(g)

eadráin;

(h)

dlí na fostaíochta;

(i)

tionóntachtaí maoine dochorraithe, seachas caingne maidir le héilimh ar airgead; nó

(j)

sáruithe príobháideachta agus sáruithe ceart a bhaineann le pearsantacht, lena n-áirítear clúmhilleadh.”.

(2)

In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 agus mhír 3:

“2.   Cinnfear sainchónaí i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

3.   Is é an dáta a bhfaigheann an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh an tráth ábhartha chun a chinneadh an cás trasteorann é an cás atá i gceist.

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).”."

(3)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

Sa dara fomhír de mhír 4, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

“Cuirfidh an chúirt nó an binse an t-éilitheoir ar an eolas faoi dhíbhe den chineál sin agus faoi achomharc a bheith ar fáil nó gan a bheith ar fáil i gcoinne díbhe den chineál sin.”;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh Foirm chaighdeánach éilimh A ar fáil sna cúirteanna uile agus sna binsí uile inar féidir tús a chur leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus go mbeidh rochtain uirthi trí na láithreáin gréasáin náisiúnta ábhartha.”.

(4)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Nós imeachta i scríbhinn a bheidh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

1a.   Ní thionólfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal ach amháin má mheasann sí nó sé nach féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na fianaise i scríbhinn nó má iarrann páirtí amhlaidh. Féadfaidh an chúirt nó an binse iarraidh den sórt sin a dhiúltú má mheasann sí nó sé, ag féachaint do dhálaí an cháis, nach gá éisteacht ó bhéal a bheith ann d'fhonn na himeachtaí a sheoladh go cóir. Tabharfar i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú. Ní fhéadfar an diúltú a chonspóid ar leithligh ó aon chur i gcoinne an bhreithiúnais féin.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Éisteacht ó bhéal

1.   I gcás ina meastar gur gá éisteacht ó bhéal, i gcomhréir le hAirteagal 5(1a), déanfar í a thionól trí fheidhm a bhaint as aon teicneolaíocht chianchumarsáide is iomchuí amhail físchomhdháil nó teileachomhdháil, atá ar fáil don chúirt nó don bhinse, ach amháin i gcás nach iomchuí, mar gheall ar dhálaí ar leith an cháis, leas a bhaint as an teicneolaíocht sin chun na himeachtaí a sheoladh go cóir.

I gcás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an duine atá le héisteacht a fháil i mBallstát seachas Ballstát na cúirte nó an bhinse a dtugtar an cás os a comhair nó os a chomhair, socrófar go bhfreastalóidh an duine sin ar éisteacht ó bhéal trí fhíschomhdháil, trí theileachomhdháil nó trí theicneolaíocht iomchuí eile chianchumarsáide, trí leas a bhaint as na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle (8).

2.   Féadfaidh páirtí a fhaigheann toghairm lena bheith i láthair ag éisteacht ó bhéal iarraidh a dhéanamh leas a bhaint as teicneolaíocht chianchumarsáide, ar an gcoinníoll go mbeidh an teicneolaíocht sin ar fáil don chúirt nó don bhinse, ar an bhforas go mbeadh na socruithe chun láithreacht fhisiciúil a bhaint amach, go háirithe i dtaca leis na costais a bhféadfadh an páirtí sin iad a thabhú mar gheall orthu, díréireach leis an éileamh.

3.   Páirtí a fuair toghairm i dtaca le bheith i láthair ag éisteacht ó bhéal trí bhíthin na teicneolaíochta cianchumarsáide, féadfaidh sé a iarraidh a bheith i láthair go fisiciúil ag an éisteacht sin. Le Foirm chaighdeánach éilimh A agus le Foirm chaighdeánach freagra C, a bhunaítear i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), beidh faisnéis lena gcuirfear na páirtithe ar an eolas gur faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 16 a bheidh aisghabháil costas ar bith a thabhaíonn páirtí ar thoradh ar bheith i láthair go fisiciúil ag an éisteacht arna iarraidh sin don pháirtí sin.

4.   Cinneadh na cúirte nó an bhinse i ndáil le hiarraidh dá bhforáiltear i mír 2 agus mír 3, ní fhéadfar cur ina choinne ar leithligh ó chur i gcoinne an bhreithiúnais féin.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).”."

(6)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

Fianaise a ghlacadh

1.   Cinnfidh an chúirt nó an binse na modhanna a úsáidfear chun fianaise a ghlacadh agus an méid fianaise is gá dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas faoi na rialacha is infheidhme maidir le hinghlacthacht fianaise. Úsáidfidh sí nó sé an modh is simplí agus is lú anró chun fianaise a ghlacadh.

2.   Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú go nglacfar fianaise trí bhíthin ráitis i scríbhinn ó fhinnéithe, ó shaineolaithe nó ó pháirtithe.

3.   I gcás ina bhfuil sé i gceist go dtabharfar éisteacht do dhuine chun fianaise a ghlacadh uaidh, déanfar an éisteacht sin a sheoladh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 8.

4.   Ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse glacadh le fianaise ó shaineolaithe nó le fianaise ó bhéal ach amháin mura féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn fianaise eile.”.

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Cuidiú do na páirtithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag na páirtithe cuidiú praiticiúil a fháil nuair a bheidh na foirmeacha á líonadh isteach acu, agus faisnéis ghinearálta, ina theannta sin, faoi raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, mar aon le faisnéis ghinearálta á rá cé na cúirteanna nó na binsí sa Bhallstát lena mbaineann atá inniúil chun breithiúnas a thabhairt uathu sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Soláthrófar an cuidiú sin saor in aisce. Ní cheanglófar ar na Ballstáit, le haon ní sa mhír seo, go bhforálfaidh siad do chúnamh dlíthiúil nó do chuidiú dlíthiúil i bhfoirm measúnú dlíthiúil ar chás sonrach.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis ar fáil faoi na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun cuidiú a thabhairt i gcomhréir le mír 1 ag na cúirteanna agus ag na binsí uile ar féidir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thionscnamh os a gcomhair, agus go bhféadfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fháil trí na láithreáin ghréasáin náisiúnta ábhartha.”.

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

Seirbheáil doiciméad agus teachtaireachtaí eile i scríbhinn

1.   Na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus (6) agus na breithiúnais a thugtar i gcomhréir le hAirteagal 7, déanfar iad a sheirbheáil:

(a)

tríd an tseirbhís poist, nó

(b)

trí mheáin leictreonacha:

(i)

i gcás ina bhfuil meáin den sórt sin ar fáil go teicniúil agus inghlactha i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh agus, i gcás ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí a bhfuil seirbheáil le déanamh air i mBallstát eile, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit sin; agus

(ii)

i gcás inar ghlac an páirtí a bhfuil na doiciméid le seirbheáil air leis go sainráite roimh ré gur féidir doiciméid a sheirbheáil air trí mheáin leictreonacha, nó i gcás ina bhfuil an páirtí sin faoi oibleagáid dhlíthiúil glacadh leis an modh sonrach seirbheála sin, i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí sin.

Dearbhófar an tseirbheáil le hadmháil go bhfuarthas na doiciméid a n-áireofar an dáta a fuarthas iad inti.

2.   Maidir leis na cumarsáidí uile i scríbhinn nach dtagraítear dóibh i mír 1, is trí bhíthin meáin leictreonacha, a fhianaítear le dearbhú a ghabhann leo á rá go bhfuarthas iad, a dhéanfar an chumarsáid uile i scríbhinn idir an chúirt nó an binse agus na páirtithe nó daoine eile atá páirteach sna himeachtaí, i gcás ina bhfuil na meáin sin ar fáil go teicniúil agus ina bhfuil siad inghlactha i gcomhréir le nósanna imeachta an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh, ar choinníoll gur ghlac an páirtí nó an duine leis an meán sin cumarsáide roimh ré, nó go bhfuil an páirtí nó an duine sin faoi oibleagáid dlí glacadh leis an meán sin cumarsáide i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpáirtí nó an duine sin.

3.   Chomh maith le haon mheán eile a bheadh ar fáil i gcomhréir le rialacha nós imeachta na mBallstát chun an glacadh roimh ré, a cheanglaítear faoi mhír 1 agus mír 2, a chur in iúl roimh ré maidir le húsáid meán leictreonach, féadfar an glacadh sin a chur in iúl le Foirm chaighdeánach éilimh A agus le Foirm chaighdeánach freagra C.

4.   Mura féidir seirbheáil a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfar seirbheáil a dhéanamh trí aon cheann de na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006.

Mura féidir cumarsáid a dhéanamh i gcomhréir le mír 2, nó, mar gheall ar dhálaí ar leith an cháis, murar iomchuí é sin, féadfar aon mhodh eile cumarsáide a úsáid atá inghlactha faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á sheoladh.”.

(9)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 15a

Táillí cúirte agus modhanna chun iad a íoc

1.   Na táillí cúirte a ghearrfar i mBallstát don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ní bheidh siad díréireach agus ní bheidh siad níos airde ná na táillí cúirte a ghearrtar do nósanna imeachta cúirte simplithe náisiúnta sa Bhallstát sin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na páirtithe na táillí cúirte a íoc trí bhíthin modhanna cianíocaíochta lena ligfear do na páirtithe an íocaíocht a dhéanamh ó Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt nó an binse suite, trí cheann amháin ar a laghad de na modhanna íocaíochta seo a leanas a thairiscint:

(a)

aistriú bainc;

(b)

íocaíocht le carta creidmheasa nó cárta dochair; nó

(c)

dochar díreach as cuntas bainc an éilitheora.”.

(10)

In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Beidh feidhm ag Airteagal 15a agus Airteagal 16 maidir le haon achomharc.”.

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18:

“Airteagal 18

Athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreithiúnas i gcásanna eisceachtúla

1.   Cosantóir nach raibh i láthair, beidh sé i dteideal cur isteach, os comhair na cúirte inniúla de chuid an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas, ar athbhreithniú ar bhreithiúnas a thugtar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, i gcás:

(a)

nár seirbheáladh an fhoirm éilimh ar an gcosantóir nó, i gcás ina raibh éisteacht ó bhéal ann, nach bhfuair sé toghairm lena bheith i láthair ag an éisteacht sin in am trátha ná ar bhealach ina bhféadfadh sé socrú a dhéanamh chun a chosaint a eagrú; nó

(b)

inar coisceadh ar an gcosantóir cur in aghaidh an éilimh mar gheall ar force majeure nó de dhroim dálaí urghnácha, gan aon locht a bheith air féin,

mura rud é gur mhainnigh sé cur i gcoinne an bhreithiúnais nuair ab fhéidir leis déanamh amhlaidh.

2.   Beidh tréimhse ama 30 lá ann chun cur isteach ar athbhreithniú. Cuirfear tús léi ón lá a cuireadh ábhar an bhreithiúnais in iúl go héifeachtach don chosantóir agus a raibh sé in ann freagairt dó, ar a dhéanaí ón dáta a cuireadh an chéad bheart forghníomhaithe i bhfeidhm a raibh d'éifeacht aige go ndearnadh maoin an chosantóra neamh-indiúscartha ina hiomláine nó go páirteach. Ní fhéadfar aon síneadh leis an teorainn ama a dheonú.

3.   Má dhiúltaíonn an chúirt an t-iarratas ar athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 toisc nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forais le haghaidh athbhreithnithe a leagtar amach sa mhír sin, leanfaidh an breithiúnas de bheith i bhfeidhm.

Má chinneann an chúirt go bhfuil bonn cirt le hathbhreithniú de bharr aon cheann de na forais a leagtar amach i mír 1, beidh an breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar neamhní go hiomlán. Ní chaillfidh an t-éilitheoir an sochar a bhaineann le haon bhriseadh ar an tréimhse rúraidh nó ar an tréimhse teorann, áfach, i gcás ina mbeidh feidhm ag briseadh den chineál sin faoin dlí náisiúnta.”.

(12)

In Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Arna iarraidh sin do dhuine de na páirtithe, eiseoidh an chúirt nó an binse deimhniú maidir le breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus leas á bhaint aici nó aige as Foirm chaighdeánach D, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV í, gan aon chostas breise a bheith i gceist. Arna iarraidh sin, cuirfidh an chúirt nó an binse an deimhniú ar fáil don pháirtí sin in aon cheann de theangacha oifigiúla eile institiúidí an Aontais, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach dhinimiciúil ilteangach atá ar fáil ar an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Ní chuirfear aon oibleagáid, le haon ní sa Rialachán seo, ar an gcúirt ná ar an mbinse aistriúchán agus/nó traslitriú a chur ar fáil ar an téacs a chuirtear isteach i réimsí téacs saor an deimhnithe sin.”.

(13)

In Airteagal 21(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 20(2) agus, i gcás inar gá, aistriúchán air go dtí teanga oifigiúil Bhallstát an fhorghníomhaithe, nó, má tá níos mó ná teanga oifigiúil amháin sa Bhallstát sin, go dtí teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte nó binse na háite ina n-iarrtar an forghníomhú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin, nó go dtí teanga eile ar chuir Ballstát an fhorghníomhaithe in iúl go bhféadfadh sé glacadh léi.”.

(14)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 21a

Teanga an deimhnithe

1.   Féadfaidh gach Ballstát an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur in iúl, seachas a theanga oifigiúil féin nó a theangacha oifigiúla féin, a bhfuil sé in ann glacadh leo le haghaidh an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2).

2.   Aon aistriúchán a dhéanfar ar an bhfaisnéis faoi bhunús breithiúnais a chuirtear ar fáil i dteastas dá dtagraítear in Airteagal 20(2), is duine cáilithe chun aistriúchán a dhéanamh i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh é.”.

(15)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 23a

Socraíochtaí cúirte

Maidir le socraíocht chúirte a fhormheastar nó a thugtar i gcrích os comhair cúirte nó binse le linn an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus atá in-fhorghníomhaithe sa Bhallstát inar seoladh an nós imeachta, aithneofar agus forghníomhnófar í i mBallstát eile faoi na coinníollacha céanna is a bhíonn ag breithiúnas a thugtar sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

Beidh feidhm ag forálacha Chaibidil III, mutatis mutandis, maidir le socraíochtaí cúirte de réir mar is iomchuí.”.

(16)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit

1.   Faoin 13 Eanáir 2017, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

na cúirteanna nó na binsí a bhfuil dlínse acu breithiúnas a thabhairt sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga;

(b)

na meáin cumarsáide a nglactar leo chun críocha an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus atá ar fáil do na cúirteanna nó do na binsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1);

(c)

na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun cuidiú praiticiúil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d)

na meáin leictreonacha seirbhíse agus cumarsáide atá ar fáil go teicniúil agus atá inghlactha faoi na rialacha nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 13(1), (2) agus (3), agus na meáin, más ann dóibh, atá ar fáil faoina ndlí naisiúnta chun glacadh roimh ré le húsáid meán leictreonach a chur in iúl, mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(1) agus (2);

(e)

na daoine nó na cineálacha gairme, más ann dóibh, a bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu glacadh le seirbheáil nó le foirmeacha eile cumarsáide i scríbhinn trí mheáin leictreonacha i gcomhréir le hAirteagal 13(1) agus (2);

(f)

cad iad na táillí cúirte an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga nó conas a dhéanfar iad a ríomh, chomh maith leis na modhanna íocaíochta a nglactar leo chun táillí cúirte a íoc i gcomhréir le hAirteagal 15a;

(g)

an bhfuil aon achomharc ar fáil faoina ndlí nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 17, an tréimhse ama atá ann chun achomharc mar sin a chur isteach agus cad é an chúirt nó an binse ar féidir achomharc den sórt sin a chur isteach chuici nó chuige;

(h)

na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 18 agus na cúirteanna nó na binsí atá inniúil chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh;

(i)

na teangacha a nglacann siad leo de bhun Airteagal 21a(1); agus

(j)

na húdaráis atá inniúil i ndáil le forghníomhú agus na húdaráis atá inniúil chun críocha Airteagal 23 a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear in iúl i gcomhréir le mír 1 a chur ar fáil go poiblí trí aon mheáin iomchuí, amhail an Tairseach Eorpach don r-Cheartas.”.

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Na hIarscríbhinní a leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 maidir le hIarscríbhinní I go IV a leasú.”.

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 26 a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón 13 Eanáir 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh aon éifeacht aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 26 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.”.

(19)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

Athbhreithniú

1.   Faoin 15 Iúil 2022, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena n-áirítear measúnú á rá:

(a)

an iomchuí an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a mhéadú tuilleadh chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach arb é rochtain ar cheartas a éascú do shaoránaigh agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide i gcásanna trasteorann; agus

(b)

an iomchuí raon feidhme an nós imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga a leathnú, go háirithe, i dtaca le héilimh ar thuarastal, le gurbh fhusa rochtain a bheith ag fostaithe ar an gceartas i ndíospóidí fostaíochta trasteorann lena bhfostóir tar éis tionchar iomlán leathnaithe den sórt sin a mheas.

Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán in éineacht leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

Chun na críche sin agus faoin 15 Iúil 2021, cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le líon na n-iarratas faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga chomh maith le líon na n-iarrataí ar fhorghníomhú breithiúnas a tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga.

2.   Faoin 15 Iúil 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, maidir le scaipeadh faisnéise i ndáil leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga sna Ballstáit, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh i ndáil le conas gur fearr an aithne a bheidh ar an nós imeachta sin.”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Féadfaidh an t-éilitheoir a chur in iúl don chúirt, in Aguisín a bheidh ag gabháil leis an iarratas, cén ceann, más aon cheann, de na nósanna imeachta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 17(1) a bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfear i bhfeidhm é ina éileamh sna himeachtaí sibhialta ina dhiaidh sin i gcás ina gcuirfidh an cosantóir ráiteas cur i gcoinne isteach i gcoinne an ordaithe Eorpaigh maidir le híocaíocht.

San Aguisín dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-éilitheoir a chur in iúl don chúirt freisin go bhfuil sé ag cur i gcoinne aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí phointe (a) nó phointe (b) d'Airteagal 17(1) i gcás ina gcuirfidh an cosantóir ina choinne. Leis sin, ní chuirtear cosc ar an éilitheoir é sin a chur in iúl don chúirt ina dhiaidh sin, ach in aon chás sula n-eiseofar an t-ordú.”.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:

“Airteagal 17

An éifeacht a bhaineann le ráiteas cur i gcoinne a chur isteach

1.   Má chuirtear ráiteas cur i gcoinne isteach laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 16(2), leanfar leis na himeachtaí roimh chúirteanna inniúla an Bhallstáit tionscnaimh ach amháin más rud é gur iarr an t-éilitheoir go sainráite go gcuirfí deireadh leis na himeachtaí sa chás sin. Leanfar leis na himeachtaí i gcomhréir le rialacha:

(a)

an Nóis Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 861/2007, más infheidhme; nó

(b)

aon nós imeachta shibhialta náisiúnta iomchuí.

2.   I gcás nár chuir an t-éilitheoir in iúl cé acu de na nósanna imeachta a liostaítear i bpointe (a) agus (b) de mhír 1 a bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfear i bhfeidhm iad maidir lena éileamh sna himeachtaí a bheidh ann i gcás ráiteas cur i gcoinne nó i gcás inar iarr an t-éilitheoir go gcuirfí i bhfeidhm an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 maidir le héileamh nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, aistreofar na himeachtaí chuig an nós imeachta sibhialta náisiúnta iomchuí, ach amháin má d'iarr an t-éilitheoir go sainráite nach ndéanfaí aistriú den chineál sin.

3.   I gcás ina bhfuil éilitheoir tar éis leanúint lena éileamh tríd an nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach, ní dhéanfaidh aon ní faoin dlí náisiúnta dochar dá sheasamh in imeachtaí sibhialta ina dhiaidh sin.

4.   Is le dlí an Bhallstáit tionscnaimh a rialófar an t-aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí phointe (a) agus phointe (b) de mhír 1.

5.   Cuirfear an t-éilitheoir ar an eolas á rá an bhfuil ráiteas cur i gcoinne curtha isteach ag an gcosantóir agus á rá an ndearnadh aon aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí mhír 1.”.

(3)

In Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás, ina bhfuil na táillí cúirte le haghaidh imeachtaí sibhialta de réir bhrí phointe (a) nó phointe (b) d'Airteagal 17(1) i mBallstát, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach leis na táillí nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach nó níos airde ná sin, ní bheidh suim táillí cúirte nós imeachta maidir le hordú Eorpach íocaíochta agus na n-imeachtaí sibhialta a tharlaíonn i gcás ráiteas cur i gcoinne i gcomhréir le hAirteagal 17(1) níos airde ná táillí na n-imeachtaí sin gan nós imeachta maidir le hordú Eorpach íocaíochta roimhe sin sa Bhallstát sin.

Ní fhéadfar táillí cúirte breise a ghearradh i mBallstát le haghaidh na na-imeachtaí sibhialta a tharlaíonn i gcás ráiteas cur i gcoinne de réir bhrí phointe (a) nó phointe (b) d'Airteagal 17(1), de réir mar is infheidhme, más rud é go bhfuil táillí cúirte imeachtaí den sórt sin sa Bhallstát sin níos ísle ná na táillí le haghaidh nós imeachta maidir le hordú Eorpach íocaíochta.”.

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Na hIarscríbhinní a leasú

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinní I go VII a leasú.”.

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

“Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30 a ghlacadh ar feadh tréimhse neamhchinntithe ón 13 Eanáir 2016.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh aon éifeacht aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 30 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó ar thionscnamh na Comhairle.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Iúil 2017 cé is moite de phointe (16) d'Airteagal 1, lena leasaítear Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 861/2007, a mbeidh feidhm aige ón 14 Eanáir 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 16 Nollaig 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. SCHMIT


(1)  IO C 226, 16.7.2014, lch. 43.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 3 Nollaig 2015

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO L 199, 31.7.2007, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lch. 1).

(5)  Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 chun rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin (IO L 26, 31.1.2003, lch. 41).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1).