19.5.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

55


RIALACHÁN (AE) 2015/757 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2015

maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ar treoir í agus ar cinneadh é ina n-éilítear rannchuidiú ó earnálacha uile an gheilleagair, lena n-áirítear earnáil na loingseoireachta muirí idirnáisiúnta, d'fhonn laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach gurb amhlaidh, i gcás nach bhfuil aon chomhaontú idirnáisiúnta ina n-áirítear astaíochtaí muirí idirnáisiúnta ina spriocanna maidir le laghdú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) formheasta ag na Ballstáit, nó mura bhfuil aon chomhaontú den sórt sin trí Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide formheasta ag an gComhphobal faoin 31 Nollaig 2011, gur cheart don Choimisiún togra a dhéanamh astaíochtaí muirí idirnáisiúnta a áireamh i ngealltanasan Chomhphobail maidir le laghdú agus é mar aidhm go dtiocfadh an togra atá beartaithe i bhfeidhm faoi 2013. Le togra den sórt sin, ba cheart aon tionchar diúltach ar iomaíochas an Chomhphobail a íoslaghdú agus na tairbhí ionchasacha don chomhshaol á gcur san áireamh ag an am céanna.

(2)

Bíonn tionchar ag muiriompar ar an aeráid dhomhanda agus ar cháilíocht an aeir, mar thoradh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus ar astaíochtaí eile a ghintear leis, amhail ocsaídí nítrigine (NOx), ocsaídí sulfair (SOx), meatán (CH4), ábhar cáithníneach (PM) agus carbón dubh (BC).

(3)

Is loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta fós an t-aon mhodh iompair nach n-áirítear sa ghealltanas atá tugtha ag an Aontas na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. De réir an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh an Rialacháin seo, tháinig ardú 48 % ar na hastaíochtaí CO2 a bhaineann leis an Aontas, ar astaíochtaí iad a thagann ó loingseoireacht idirnáisiúnta, idir 1990 agus 2007.

(4)

I bhfianaise na tuisceana eolaíche atá á forbairt go mear maidir leis an tionchar a bhíonn ag astaíochtaí ón muiriompar, nach astaíochtaí a bhaineann le CO2 iad, ar an aeráid dhomhanda, ba cheart measúnú nuashonraithe ar an tionchar sin a dhéanamh go rialta i gcomhthéacs an Rialacháin sin. Bunaithe ar a mheasúnuithe, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar na himpleachtaí atá ann i ndáil le beartais agus le bearta, d'fhonn na hastaíochtaí sin a laghdú.

(5)

Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Feabhra 2014 maidir le creat 2030 do bheartais aeráide agus fuinnimh, iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sprioc cheangailteach AE 2030 a leagan síos, sprioc arb é laghdú 40 % a dhéanamh ar astaíochtaí intíre gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990. Léirigh Parlaimint na hEorpa freisin go gcaithfeadh gach earnáil sa gheilleagar cabhrú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas ag súil a cion cothrom a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí domhanda de.

(6)

Ina Conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach AE chun laghdú intíre 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin a thábhachtaí agus atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú agus d'iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar ionstraimí agus ar bhearta do chur chuige cuimsitheach a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, inter alia, le laghdú astaíochtaí agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn.

(7)

Cuirtear i bhfios go láidir sa 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (EAP) (5) go gcaithfidh gach earnáil sa gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas ag súil a chion cothrom a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí domhanda de. Sa chomhthéacs seo, léirítear sa 7ú EAP nach mór creat láidir beartais a bheith mar bhonn ag Páipéar bán 2011 maidir le hiompar.

(8)

In Iúil 2011, ghlac IMO bearta teicniúla agus oibríochtúla, go háirithe an Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) le haghaidh longa nua agus an Plean Bainistithe um Éifeachtúlacht i bhFuinneamh Long (SEEMP), a fheabhsóidh cúrsaí i dtéarmaí an mhéadaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuiltear ag súil leis a laghdú, ach ní féidir leis na bearta sin amháin na dearbhlaghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa ó loingseoireacht idirnáisiúnta is gá a bhaint amach chun coinneáil leis an sprioc dhomhanda méaduithe ar theocht dhomhanda a theorannú do 2 °C.

(9)

De réir na sonraí a chuir IMO ar fáil, d'fhéadfaí laghdú suas le 75 % a dhéanamh ar thomhaltas sonrach fuinnimh agus astaíochtaí CO2 ó longa trí bhearta oibríochtúla a chur i bhfeidhm agus trí na teicneolaíochtaí atá ann cheana a chur chun feidhme; d'fhéadfaí breathnú ar chuid mhór de na bearta sin mar bhearta atá éifeachtach ó thaobh costais de agus mar sin, d'fhéadfaí tairbhí glana a thabhairt don earnáil leo, ós rud é go n-áirithítear le costais íslithe breosla go n-íocfar ar ais aon chostais oibríochtúla nó infheistíochta.

(10)

D'fhonn astaíochtaí CO2 ó loingseoireacht a laghdú ar leibhéal an Aontais, is é an rogha is fearr i gcónaí córas a chur ar bun chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 (córas MRV) bunaithe ar ídiú breosla na long mar chéad chéim i gcur chuige céimnithe chun astaíochtaí ó mhuiriompar a áireamh i ngealltanas an Aontais maidir le gás ceaptha teasa a laghdú, i dteannta astaíochtaí ó earnálacha eile a chuireann leis an ngealltanas sin cheana. Le rochtain phoiblí ar shonraí faoi astaíochtaí, rannchuideofar le bacainní margaidh a bhaint lena gcuirtear cosc ar ghlacadh a lán beart atá diúltach ó thaobh costais lena laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar.

(11)

Is deacair bearta a ghlacadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ídiú breosla a laghdú de dheasca bacainní margaidh amhail easpa faisnéise iontaofa maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na long nó maidir leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil chun longa a iarfheistiú, easpa rochtana ar mhaoiniú le haghaidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht long agus dreasachtaí scoilte, toisc nach mbainfeadh úinéirí long tairbhe as a n-infheistíochtaí in éifeachtúlacht long más iad na hoibreoirí a íocann na billí breosla.

(12)

Léirítear leis na torthaí ón gcomhairliúchán le geallsealbhóirí agus ó phlé le comhpháirtithe idirnáisiúnta gur cheart cur chuige céimnithe a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí ó mhuiriompar a áireamh i ngealltanas an Aontais maidir le gás ceaptha teasa a laghdú agus córas láidir MRV a chur chun feidhme i leith astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar mar chéad chéim agus praghsáil na n-astaíochtaí sin a dhéanamh ag céim níos deireanaí. Éascaítear dul chun cinn suntasach ar leibhéal idirnáisiúnta leis an gcur chuige seo maidir le spriocanna i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir le bearta breise chun na laghduithe sin a bhaint amach ar an gcostas is ísle.

(13)

Táthar ag súil le laghduithe suas le 2 % ar astaíochtaí mar thoradh ar thabhairt isteach chóras MRV an Aontais i gcomparáid le gnó-mar-is-gnách, agus le laghduithe comhiomlánaithe ar ghlanchostais suas le EUR 1,2 billiún faoi 2030 toisc go bhféadfadh sé rannchuidiú le bacainní margaidh a bhaint, go háirithe iad siúd a bhaineann le heaspa faisnéise maidir le héifeachtúlacht long, trí fhaisnéis inchomparáide agus iontaofa maidir le tomhaltas breosla agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil do na margaí ábhartha. Ba cheart trádáil idirnáisiúnta a éascú leis an laghdú seo ar chostais iompair. Ina theannta sin, is réamhriachtanas é córas láidir MRV maidir le haon bheartas atá bunaithe ar an margadh, aon chaighdeán éifeachtúlachta nó aon bheart eile, cibé a bhfuil siad á gcur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal domhanda. Soláthraíonn sé freisin sonraí iontaofa chun spriocanna beachta i ndáil le laghdú ar astaíochtaí a leagan síos agus chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn rannchuidiú earnáil an mhuiriompair i ndáil le geilleagar ísealcharbóin a bhaint amach. I bhfianaise chineál idirnáisiúnta na loingseoireachta, is comhaontú domhanda a bheadh ar an modh is fearr agus is éifeachtaí le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú sa mhuiriompar idirnáisiúnta.

(14)

Maidir leis na muiraistir uile laistigh den Aontas, na muiraistir uile isteach ón gcalafort cuarda deireanach nach bhfuil san Aontas go dtí an chéad calafort cuarda san Aontas, agus na muiraistir uile amach ó chalafort san Aontas go dtí an chéad chalafort cuarda eile nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear muiraistir bhallasta, ba cheart iad a mheas mar aistir ábhartha chun críocha faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 i gcalafoirt san Aontas, lena n-áirítear astaíochtaí ó longa atá i mbeart nó a ghluaiseann laistigh de chalafort, ar nithe iad ba cheart a chumhdach freisin, go háirithe toisc go bhfuil bearta sonracha ar fáil maidir leis na hastaíochtaí sin a laghdú nó a sheachaint. Ba cheart na rialacha seo a chur i bhfeidhm ar bhonn neamh-idirdhealaitheach i ndáil le gach long beag beann ar an mbratach atá ar foluain aige. Ós rud é go ndírítear ar mhuiriompar sa Rialachán seo, áfach, níor cheart go mbunófaí ceanglais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú do ghluaiseachtaí agus do ghníomhaíochtaí long leis, ar gluaiseachtaí nó gníomhaíochtaí iad nach bhfuil de chuspóir leo lastas nó paisinéirí a iompar chun críoch tráchtála, amhail gníomhaíochtaí dreidireachta, gníomhaíochtaí briste leac oighir, gníomhaíochtaí leagain píopaí nó gníomhaíochtaí suiteálacha amach ón gcósta.

(15)

Chun go n-áiritheofar cothrom na féinne i gcás longa a fheidhmíonn i ndálaí aeráide nach bhfuil chomh fabhrach, ba cheart go bhféadfaí faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge, agus le loingseoireacht na loinge tríd an oighear, a áireamh sna sonraí a ndéantar faireachán orthu ar bhonn an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart an córas MRV atá beartaithe a bheith i bhfoirm Rialachán de bharr a chasta agus a fhíortheicniúla is atá cineál na bhforálacha atá le tabhairt isteach, an ghá atá le rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme ar fud an Aontais chun gné idirnáisiúnta an mhuiriompair a léiriú, rud a chiallaíonn go mbítear ag súil le go leor long a bheith ag teacht isteach chuig calafoirt i mBallstáit éagsúla, agus chun cur chun feidhme ar fud an Aontais a éascú.

(17)

Ba cheart córas láidir MRV an Aontais atá sonrach maidir le longa a bheith bunaithe ar ríomh na n-astaíochtaí ó bhreosla a ídítear le linn muiraistir ó chalafoirt an Aontais agus chucu, toisc nach bhféadfaí meastacháin chruinne iomchuí don bhreosla a ídítear laistigh den raon feidhme sonrach seo a sholáthar ó shonraí maidir le díolacháin breosla, mar gheall ar thoilleadh mór umair na long.

(18)

Ba cheart do chóras MRV an Aontais faisnéis ábhartha eile a chumhdach freisin chun éifeachtúlacht long a chinneadh nó chun tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na nithe a spreagann méadú nó laghdú ar astaíochtaí, agus rúndacht na faisnéise tráchtála nó tionsclaíche á caomhnú ag an am céanna. Déanann an raon feidhme seo córas MRV an Aontais a ailíniú freisin le tionscnaimh idirnáisiúnta lena dtugtar isteach caighdeáin éifeachtúlachta fuinnimh do longa atá ann cheana, agus lena gcumhdaítear bearta oibríochtúla, agus rannchuidíonn sé le bacainní margaidh a bhaineann le heaspa faisnéise a bhaint.

(19)

D'fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú d'úinéirí agus d'oibreoirí long, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus d'fhonn cóimheas costais-tairbhe an chórais MRV a bharrfheabhsú gan an cuspóir a chur i gcontúirt, eadhon an chuid is mó d'astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a chumhdach, níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an chórais MRV ach i gcás astaírí móra. Roghnaíodh tairseach olltonnáiste (GT) 5 000 tar éis anailís mhionsonraithe oibiachtúil a dhéanamh ar mhéideanna agus ar astaíochtaí long atá ag teacht isteach agus ag imeacht ó chalafoirt an Aontais. Is iad longa atá os cionn 5 000 GT, agus arb ionann iad agus thart ar 55 % de líon na long a thagann isteach i gcalafoirt an Aontais, is cúis le thart ar 90 % de na hastaíochtaí lena mbaineann. D'áiritheodh an tairseach neamh-idirdhealaitheach seo go gcumhdófaí na hastaírí b'ábhartha. Bheadh ualach riaracháin níos airde mar thoradh ar thairseach níos ísle, agus chuirfeadh tairseach níos airde srian le cumhdach na n-astaíochtaí agus, dá bhrí sin, le héifeachtúlacht chóras MRV ó thaobh an chomhshaoil de.

(20)

Chun an t-ualach riaracháin d'úinéirí agus d'oibreoirí long a laghdú tuilleadh, ba cheart go ndíreofar leis na rialacha maidir leis an bhfaireachán ar CO2 mar an gás ceaptha teasa is ábhartha a astaítear ó mhuiriompar.

(21)

Ba cheart go gcuirfí na ceanglais atá ann cheana agus na sonraí atá ar fáil cheana ar bord na longa san áireamh sna rialacha; mar sin de, ba cheart go dtabharfaí an deis do chuideachtaí ceann amháin de na ceithre mhodh faireacháin seo a leanas a roghnú: leas a bhaint as Nótaí Seachadta Breosla Umair, faireachán ar bord ar thanc breosla umair, sreabhmhéadair do phróisis infheidhme dócháin nó tomhais na n-astaíochtaí díreacha. Ba cheart an rogha a dhéantar a dhoiciméadú i bplean faireacháin is sonrach do gach long agus sonraí breise a sholáthar leis ar chur i bhfeidhm an mhodha roghnaithe.

(22)

Ba cheart a mheas go bhfuil aon chuideachta atá freagrach as tréimhse tuairiscithe iomlán maidir le long atá ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí loingseoireachta freagrach as na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe uile a eascraíonn maidir leis an tréimhse tuairiscithe sin, lena n-áirítear tuarascáil ar astaíochtaí atá fíoraithe go sásúil a chur isteach. I gcás athrú ar chuideachta, níor cheart go mbeadh an chuideachta nua freagrach ach as na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a bhaineann leis an tréimhse tuairiscithe ar tharla an t-athrú ar chuideachta lena linn. D'fhonn comhlíonadh na n-oibleagáidí seo a éascú, ba cheart go bhfaigheadh an chuideachta nua cóip den phlean faireacháin is déanaí agus den doiciméad comhlíontachta is déanaí, más infheidhme.

(23)

Níor cheart gáis cheaptha teasa eile, nithe lena gcuirtear brú ar an aeráid ná truailleáin aeir a chumhdach le córas MRV an Aontais ag an gcéim seo d'fhonn ceanglais a sheachaint maidir le trealamh tomhais nach bhfuil iontaofa go leor ná nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a shuiteáil; d'fhéadfadh an méid sin cur isteach ar chur chun feidhme chóras MRV an Aontais.

(24)

Le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta IMO um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL), foráiltear do chur i bhfeidhm éigeantach EEDI ar longa nua agus d'úsáid SEEMPanna i gcabhlach an domhain iomláin.

(25)

D'fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú d'úinéirí long agus d'oibreoirí long, ba cheart tuairisciú agus foilsiú na faisnéise tuairiscithe a eagrú ar bhonn bliantúil. Ba cheart dul i ngleic le saincheisteanna rúndachta trí fhoilsiú faisnéise faoi astaíochtaí, ídiú breosla agus faisnéise a bhaineann le héifeachtúlacht a theorannú do mheáin bhliantúla agus figiúirí comhiomlánaithe. D'fhonn a áirithiú nach mbaintear an bonn do chosaint na leasanna eacnamaíocha dlisteanacha lena sáraítear leas an phobail i ndáil le nochtadh, ba cheart leibhéal éagsúil comhlánaithe sonraí a chur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla ar iarraidh ón gcuideachta. Ba cheart na sonraí a thuairiscítear don Choimisiún a chomhtháthú le staidreamh a mhéid atá na sonraí sin ábhartha d'fhorbairt, do tháirgeadh agus do scaipeadh staidreamh Eorpach i gcomhréir le Cinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún (6).

(26)

Ba cheart a áirithiú le fíorú arna dhéanamh ag fíoraitheoirí creidiúnaithe go bhfuil pleananna faireacháin agus tuarascálacha astaíochtaí cruinn agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. Mar ghné thábhachtach chun fíorú a shimpliú, ba cheart d'fhíoraitheoirí inchreidteacht sonraí a sheiceáil trí shonraí tuairiscithe a chur i gcomparáid le sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long. D'fhéadfadh an Coimisiún meastacháin den sórt sin a sholáthar. D'fhonn neamhchlaontacht a áirithiú, ba cheart go mbeadh fíoraitheoirí ina n-eintitis dlí neamhspleácha agus inniúla agus ba cheart go mbeidís creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(27)

Ba cheart doiciméad comhlíontachta a eisíonn fíoraitheoir a choinneáil ar bord long chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a léiriú. Ba cheart go gcuirfeadh fíoraitheoirí an Coimisiún ar an eolas nuair a eisítear doiciméid den sórt sin.

(28)

Bunaithe ar thaithí ó chúraimí comhchosúla a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), faoi chuimsiú a sainordaithe, tacú leis an gCoimisiún trí chúraimí áirithe a chur i gcrích.

(29)

Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí a bhaineann leis an gcóras MRV a bheith bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana, eadhon orthu sin arna mbunú faoi Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus faoi Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus ar fhaisnéis i leith doiciméid comhlíontachta a eisiúint. Ba cheart an doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh na loinge leis na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chur le liosta na ndeimhnithe agus na ndoiciméad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE.

(30)

Ba cheart go ndéanfadh na Ballstáit a ndícheall cigireacht a dhéanamh ar na longa a thagann isteach i gcalafoirt faoina ndlínse agus nach bhfuil faisnéis áirithe a cheanglaítear ina leith ar fáil, ar faisnéis í a bhaineann leis an doiciméad comhlíontachta.

(31)

Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm pionós mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis sin. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(32)

I gcás inar mhainnigh longa ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe leantacha nó níos mó agus i gcás inar mhainnigh bearta forfheidhmithe eile comhlíonadh a áirithiú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht iad a dhíbirt. Ba cheart go gcuirfí beart den sórt sin i bhfeidhm ar bhealach trínar féidir an cás neamh-chomhlíontachta a réiteach laistigh de thréimhse ama réasúnta.

(33)

Ballstáit nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí ina gcríoch acu ná aon longa a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, nó a bhfuil a gcláir náisiúnta long dúnta acu, ba cheart go mbeidís in ann maolú ó fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le pionóis, fad agus nach bhfuil a mbratach ar foluain ag aon longa den sórt sin.

(34)

Ba cheart a bheith in ann córas MRV an Aontais a úsáid mar shamhail do chur chun feidhme chóras MRV domhanda. Is fearr córas domhanda MRV ós rud é go bhféadfaí a mheas go mbeadh sé níos éifeachtaí de bharr a raon feidhme is leithne. Sa chomhthéacs seo, agus d'fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh d'IMO i ndáil le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar, ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt leis an IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile ar bhonn rialta, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid an IMO. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chóras MRV domhanda, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chóras MRV an Aontais d'fhonn é a ailíniú le córas MRV domhanda.

(35)

Chun rialacha ábhartha idirnáisiúnta agus caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha mar aon leis an dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i dtaca le gnéithe teicniúla áirithe den fhaireachán agus den tuairisciú ar astaíochtaí CO2 ó longa a athbhreithniú agus i dtaca leis na rialacha do na gníomhaíochtaí fíoraithe agus modhanna creidiúnaithe na bhfíoraitheoirí a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoimisiún ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(36)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le teimpléid chaighdeánacha a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile, le córais uathoibríocha agus teimpléid chaighdeánacha leictreonacha a úsáid chun tuairisciú comhleanúnach a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile don Choimisiún agus d'údaráis na mBratstát lena mbaineann, agus maidir le rialacha teicniúla a shonrú lena sonrófar na paraiméadair is infheidme maidir le catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádán, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na paraiméadair sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó longa mar an chéad chéim i gcur chuige céimnithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a ghnóthú go leordhóthanach, mar gheall ar ghnéithe idirnáisiúnta an mhuiriompair, ach gur féidir é a ghnóthú níos fearr, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(38)

Ba cheart go gcomhlíonfadh na rialacha lena gcuirtear an córas MRV ar bun Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(39)

Ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2015 d'fhonn a áirithiú go bhfuil dóthain ama ag na Ballstáit agus ag na geallsealbhóirí ábhartha chun na bearta is gá a ghlacadh ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo sula dtosaíonn an chéad tréimhse tuairiscithe an 1 Eanáir 2018,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu, d'fhonn laghdú na n-astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar ar bhealach costéifeachtach a chur chun cinn.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa atá os cionn olltonnáiste 5 000 i ndáil le hastaíochtaí CO2 a sceitear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, chomh maith le muiraistir laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa rialtais a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “astaíochtaí CO2” CO2 a bheith á scaoileadh isteach san atmaisféar ag longa;

(b)

ciallaíonn “calafort cuarda” an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, déantar stopanna a dhéantar chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí úra a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long agus/nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh;

(c)

ciallaíonn “muiraistear” aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda agus arb é is feidhm léi paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála;

(d)

ciallaíonn “cuideachta” úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ó úinéir na loinge;

(e)

ciallaíonn “olltonnáiste” (GT) an t-olltonnáiste arna ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, a ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i Londain an 23 Meitheamh 1969, nó in aon choinbhinsiún a thiocfaidh i gcomharbacht air;

(f)

ciallaíonn “fíoraitheoir” eintiteas dlíthiúil a dhéanann gníomhaíochtaí fíoraithe agus atá creidiúnaithe ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;

(g)

ciallaíonn “fíorú” na gníomhaíochtaí a chuireann fíoraitheoir i gcrích d'fhonn measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na ndoiciméad arna dtarchur ag an gcuideachta le ceanglais an Rialacháin seo;

(h)

ciallaíonn “doiciméad comhlíontachta” doiciméad is sonrach do long, agus é eisithe do chuideachta ag fíoraitheoir, ar doiciméad é lena ndeimhnítear gur chomhlíon an long sin ceanglais an Rialacháin seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;

(i)

ciallaíonn “faisnéis ábhartha eile” faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí CO2 a thagann ó ídiú breosla, le hobair iompair agus le héifeachtúlacht fuinnimh long, lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht long;

(j)

ciallaíonn “fachtóir astaíochta” meánráta astaíochta gás ceaptha teasa i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, ag glacadh le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibriúchán ceimiceach eile uile;

(k)

ciallaíonn “neamhchinnteacht” paraiméadar, a bhaineann le toradh ar chainníocht a chinneadh, arb é a phríomhthréith na luachanna a scaipeadh a d'fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe, lena n-áirítear éifeachtaí fachtóirí córasacha chomh maith le fachtóirí randamacha, arna shloinneadh mar chéatadán, agus léirítear leis eatramh muiníne timpeall an mheánluacha lena gcuimsítear 95 % de luachanna bunaithe ar thátal ag cur aon neamhshiméadrachta i scaipeadh na luachanna san áireamh;

(l)

ciallaíonn “coimeádach” go bhfuil tacar toimhdí sainithe d'fhonn a áirithiú nach dtarlaíonn aon ghannmheastachán ar astaíochtaí bliantúla ná aon rómheastachán ar achair nó ar mhéideanna lastais a iompraítear;

(m)

ciallaíonn “tréimhse tuairiscithe” bliain féilire amháin nach mór faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 lena linn. I gcás muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in dhá bhliain féilire éagsúla, déanfar na sonraí faireacháin agus tuairiscithe a chur i gcuntas faoin gcéad bhliain féilire lena mbaineann;

(n)

ciallaíonn “long atá i mbeart” long atá múráilte go daingean nó ar ancaire go daingean i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit le linn di a bheith á luchtú, á díluchtú nó le linn di bheith ar fuireach ann, lena n-áirítear an t-am a chaitear ann gan a bheith gafa le hoibríochtaí lastais;

(o)

ciallaíonn “aicme oighir” an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an Bhratstáit nó eagraíocht arna haithint ag an Stát sin, don long agus lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta i ndálaí muiroighir.

CAIBIDIL II

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

ROINN 1

Prionsabail agus modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh

Airteagal 4

Comhphrionsabail chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh

1.   I gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na paraiméadair ábhartha, do gach long dá gcuid, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus d'aon mhuiraistir chuig calafor atá faoi dhlínse Ballstáit nó uaidh.

2.   Beidh faireachán agus tuairisciú iomlán agus cumhdófar leo na hastaíochtaí CO2 a eascraíonn as dóchán breosla, le linn do na longa bheith ar muir agus le linn dóibh bheith i mbeart freisin. Cuirfidh cuideachtaí bearta iomchuí i bhfeidhm chun aon bhearnaí sna sonraí a sheachaint laistigh den tréimhse tuairiscithe.

3.   Beidh faireachán agus tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide thar am. Chuige sin, bainfidh cuideachtaí úsáid as na modheolaíochtaí faireacháin céanna agus as na tacair shonraí chéanna faoi réir modhnuithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú orthu.

4.   Gheobhaidh cuideachtaí sonraí faireacháin, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta agus sonraí gníomhaíochtaí, agus déanfaidh siad iad a thaifeadadh, a thiomsú, a anailísiú agus a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach a chuideoidh leis an bhfíoraitheoir cinneadh na n-astaíochtaí CO2 a dhéanamh athuair.

5.   Áiritheoidh cuideachtaí nach ndéanfar cinneadh míchruinn faoi astaíochtaí CO2 go córasach ná go feasach. Aithneoidh siad agus laghdóidh siad aon fhoinse míchruinnis.

6.   Cumasóidh cuideachtaí go ndéanfar sláine sonraí astaíochta CO2 a mbeidh faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu a áirithiú go réasúnach.

7.   Féachfaidh na cuideachtaí leis na moltaí atá sna tuarascálacha fíoraithe a eisítear de bhun Airteagal 13(3) nó (4) a chur san áireamh san fhaireachán agus sa tuairisciú a dhéanfaidh siad ina dhiaidh sin.

Airteagal 5

Modhanna chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile

1.   Chun críocha Airteagal 4(1), (2) agus (3), déanfaidh cuideachtaí, do gach long dá gcuid, na hastaíochtaí CO2 a chinneadh i gcomhréir le haon cheann de na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus déanfaidh siad faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II nó a ghlactar dá bun.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú, d'fhonn rialacha ábhartha idirnáisiúnta agus caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha a chur san áireamh. Cumhachtófar don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a leasú d'fhonn eilimintí na modhanna faireacháin a leagtar amach iontu a bheachtú, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha.

ROINN 2

Plean faireacháin

Airteagal 6

Ábhar agus cur isteach an phlean faireacháin

1.   Faoin 31 Lúnasa 2017, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin do gach long dá gcuid faoi bhráid na bhfíoraitheoirí, ar plean é ina sonrófar an modh arna roghnú chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile.

2.   D'ainneoin mhír 1, i gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh an 31 Lúnasa 2017, cuirfidh an chuideachta plean faireacháin faoi bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

3.   Is é a bheidh sa phlean faireacháin ná doiciméadú iomlán agus trédhearcach ar an modh faireacháin don long lena mbaineann agus beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh ann:

(a)

céannacht agus cineál na loinge, lena n-áirítear a hainm, a huimhir aitheantais IMO, a calafort cláraithe nó a calafort baile, agus ainm úinéir na loinge;

(b)

ainm na cuideachta agus seoladh, sonraí teileafóin agus ríomhphoist duine teagmhála;

(c)

tuairisc ar na foinsí astaíochta CO2 seo a leanas ar bord na loinge: príomhinill, innill chúnta, tuirbíní gáis, coirí agus gineadóirí triathgháis, agus na cineálacha breosla arna n-úsáid;

(d)

tuairisc ar na nósanna imeachta, na córais agus na freagrachtaí arna n-úsáid chun an liosta d'fhoinsí astaíochtaí CO2 a nuashonrú i rith na tréimshe tuairiscithe;

(e)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n- úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear;

(f)

tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla na loinge, lena n-áirítear:

(i)

an modh atá roghnaithe as na cinn sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun ídiú breosla gach foinse astaíochta CO2 a ríomh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an trealamh tomhais arna úsáid,

(ii)

na nósanna imeachta maidir leis an méid breosla a chuirtear ar bord agus an méid breosla i dtancanna a thomhas, tuairisc ar na huirlisí tomhais arna n-úsáid agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhaineann le tomhais a thaifeadadh, a aisghabháil, a aistriú agus a stóráil, de réir mar is infheidhme,

(iii)

an modh atá roghnaithe chun dlús a chinneadh, nuair is infheidhme,

(iv)

nós imeachta d'fhonn a áirithiú go bhfuil neamhchinnteacht iomlán na dtomhas breosla comhsheasmhach le ceanglais an Rialacháin seo agus, más féidir, tagairt á déanamh do dhlíthe náisiúnta, clásail i gconarthaí custaiméirí nó caighdeáin chruinnis soláthraithe breosla;

(g)

fachtóirí aonair astaíochtaí arna n-úsáid le haghaidh gach cineál breosla, nó i gcás breoslaí ionadúla, na modheolaíochtaí chun na fachtóirí astaíochtaí a chinneadh, lena n-áirítear an mhodheolaíocht do shampláil, modhanna anailíse agus tuairisc ar na saotharlanna arna n-úsáid, mar aon le creidiúnú ISO 17025 na saotharlanna sin, más ann dó;

(h)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena n-áirítear:

(i)

na nósanna imeachta, na freagrachtaí agus na foinsí sonraí chun an fad a chinneadh agus a thaifeadadh,

(ii)

na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí arna n-úsáid chun an lastas arna iompar agus an líon paisinéirí a chinneadh, agus a thaifeadadh, de réir mar is infheidhme,

(iii)

na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí arna n-úsáid chun an méid ama a caitheadh ar muir idir imeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort a chinneadh agus a thaifeadadh;

(i)

tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh;

(j)

bileog taifid d'athbhreithnithe chun mionsonraí uile stair an athbhreithnithe a thaifeadeadh.

4.   Leis an bplean faireacháin, féadfar a faisnéis áireamh freisin i ndáil le haicme oighir na loinge agus/nó na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí chun an t-achar a taistealadh agus an t-am a caitheadh ar muir nuair a bhíothas ag loingseoireacht trí oighear a chinneadh agus a thaifeadeadh.

5.   Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid, lena n-áirítear na rialacha teicniúla chun iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 7

Modhnuithe ar an bplean faireacháin

1.   Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus ar a laghad uair sa bhliain, an léirítear le plean faireacháin loinge cineál agus feidhmiú na loinge agus an féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú.

2.   Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú in aon cheann de na cúinsí seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-athraítear cuideachta;

(b)

i gcás inarb ann d'astaíochtaí CO2 nua mar gheall ar fhoinsí nua astaíochtaí nó mar gheall ar úsáid a bheith á baint as breoslaí nua nach bhfuil luaite sa phlean faireacháin go fóill;

(c)

i gcás ina bhfuil athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna samplála nó modhanna anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile a dhéanfadh difear do chruinneas chinneadh na n-astaíochtaí CO2;

(d)

i gcás ina n-aimsítear go bhfuil na sonraí a tháinig as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;

(e)

i gcás ina sainaithnítear nach bhfuil aon chuid den phlean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ina gceanglaítear ar an gcuideachta athbreithniú a dhéanamh ar an bplean faireacháin sin de bhun Airteagal 13(1).

3.   Tabharfaidh na cuideachtaí fógra do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon togra le haghaidh an plean faireacháin a mhodhnú.

4.   Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi phointe (b), faoi phointe (c) agus faoi phointe (d) de mhír 2 den Airteagal seo faoi réir mheasúnú an fhíoraitheora, i gcomhréir le hAirteagal 13(1). Tar éis an mheasúnaithe, cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta an bhfuil na modhnuithe sin i gcomhréir nó nach bhfuil.

ROINN 3

Faireachán ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile

Airteagal 8

Faireachán ar ghníomhaíochtaí laistigh de thréimhse tuairiscithe

Ón 1 Eanáir 2018, déanfaidh cuideachtaí, bunaithe ar an bplean faireacháin a ndearnadh measúnú air i gcomhréir le hAirteagal 13(1), faireachán ar astaíochtaí CO2 le haghaidh gach loinge in aghaidh an mhuiraistir agus ar bhonn bliantúil tríd an modh iomchuí a chur i bhfeidhm as measc a bhfuil leagtha amach i gCuid B d'Iarscríbhinn I chun astaíochtaí CO2 a chinneadh agus trí astaíochtaí CO2 a ríomh i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 9

Faireachán in aghaidh an mhuiraistir

1.   Bunaithe ar an bplean faireacháin a ndearnadh measúnú air i gcomhréir le hAirteagal 13(1), le haghaidh gach loinge a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn uaidh agus le haghaidh gach muiraistir chuig calafort atá faoi dhlínse Ballstait nó uaidh, déanfaidh cuideachtaí faireachán ar na paraiméadair seo a leanas i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I agus le Cuid A d'Iarscríbhinn II:

(a)

an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus uair na himeachta agus an teachta isteach;

(b)

méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál breosla arna ídiú ar an iomlán;

(c)

CO2 a astaítear;

(d)

an fad a thaistealaítear;

(e)

an t-am a chaitear ar muir;

(f)

an lastas a iompraítear;

(g)

an obair iompair.

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar d'Airteagal 10, díolmhófar cuideachta ón oibleagáid maidir le faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in aghaidh an mhuiraistir do long sonraithe, más rud é:

(a)

go dtosaíonn nó go gcríochnaíonn aistir uile na loinge le linn na tréimhse tuairiscithe ag calafort atá faoi dhlínse Ballstáit; agus

(b)

go ndéanann an long, de réir a sceidil, os cionn 300 aistear le linn na tréimhse tuairiscithe.

Airteagal 10

Faireachán ar bhonn bliantúil

Bunaithe ar an bplean faireacháin a ndearnadh measúnú air i gcomhréir le hAirteagal 13(1), le haghaidh gach loinge agus gach bliana féilire, déanfaidh cuideachtaí faireachán, i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I agus le Cuid B d'Iarscríbhinn II, ar na paraiméadair seo a leanas:

(a)

méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál breosla arna ídiú ar an iomlán;

(b)

CO2 comhiomlánaithe iomlán a astaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(c)

astaíochtaí CO2 comhiomlánaithe ó gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(d)

astaíochtaí CO2 comhiomlánaithe ó gach muiraistear a d'imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(e)

astaíochtaí CO2 comhiomlánaithe ó gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(f)

astaíochtaí CO2 a tharlaíonn laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit nuair atá an long i mbeart;

(g)

an fad iomlán a thaistealaítear;

(h)

an méid iomlán ama a chaitear ar muir;

(i)

an obair iompair iomlán;

(j)

an mheán-éifeachtúlacht fuinnimh.

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar an mbreosla a ídítear agus ar an CO2 a astaítear, agus idirdhealú á dhéanamh ar bhonn critéir eile a sainíodh sa phlean faireacháin.

ROINN 4

Tuairisciú

Airteagal 11

Ábhar na tuarascála astaíochtaí

1.   Ó 2019 ar aghaidh, faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh cuideachtaí tuarascáil astaíochtaí i ndáil leis na hastaíochtaí CO2 agus faisnéis ábhartha eile le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ar fad le haghaidh gach loinge atá faoina bhfreagracht faoi bhráid an Choimisiúin agus údaráis na mBratstát lena mbaineann, ar tuarascáil í a bheidh fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoir de réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 13.

2.   I gcás ina dtagann athrú ar an gcuideachta, áiritheoidh an chuideachta nua go gcomhlíonfaidh gach long faoina freagracht ceanglais an Rialacháin seo i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe iomlán a bhfuil sí freagrach as an long ábhartha lena linn.

3.   Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis seo a leanas a áireamh sa tuarascáil astaíochtaí:

(a)

sonraí chun an long agus an chuideachta a shainaithint, lena n-áirítear:

(i)

ainm na loinge,

(ii)

uimhir aitheantais IMO,

(iii)

calafort cláraithe nó calafort baile,

(iv)

aicme oighir na loinge, má áirítear sin sa phlean faireacháin,

(v)

éifeachtúlacht theicniúil na loinge (Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) nó an Treoirluach Measta (EIV) i gcomhréir le Rún IMO MEPC.215 (63), nuair is infheidhme),

(vi)

ainm úinéir na loinge,

(vii)

seoladh úinéir na loinge agus a phríomháit ghnó,

(viii)

ainm na cuideachta (murab ionann í agus úinéir na loinge),

(ix)

seoladh na cuideachta (murab ionann í agus úinéir na loinge) agus a príomháit ghnó,

(x)

seoladh, sonraí teileafóin agus ríomhphoist duine teagmhála;

(b)

céannacht an fhíoraitheora a rinne measúnú ar an tuarascáil astaíochtaí;

(c)

faisnéis maidir leis an modh faireacháin arna úsáid agus an leibhéal gaolmhar neamhchinnteachta;

(d)

torthaí ón bhfaireachán bliantúil a dhéantar ar na paraiméadair i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 12

Formáid na tuarascála astaíochtaí

1.   Déanfar an tuarascáil astaíochtaí a chur isteach trí úsáid a bhaint as córais uathoibríocha agus as formáidí iomlána malartaithe sonraí, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha.

2.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha teicniúla lena mbunófar formáidí na malartaithe sonraí lena n-áirítear na teimpléid leictreonacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

CAIBIDIL III

FÍORÚ AGUS CREIDIÚNÚ

Airteagal 13

Raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil fhíoraithe

1.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 7. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe isteach le go bhféadfaidh an fíoraitheoir measúnú críochnaitheach a dhéanamh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse ama atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse ama sin thar tús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na tuarascála astaíochtaí leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 go hAirteagal 12 agus in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú, go háirithe, i dtaobh ar cinneadh na hastaíochtaí CO2 agus an fhaisnéis ábhartha eile atá san áireamh sa tuarascáil astaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10 agus leis an bplean faireacháin, nó nár cinneadh.

3.   Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe, le dearbhú réasúnach ón bhfíoraitheoir, go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíshonruithe ábhartha, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luaitear go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí fíoraithe chun sástachta. Sonrófar sa tuarascáil fhíoraithe na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an bhfíoraitheoir.

4.   Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe go bhfuil míshonruithe ábhartha sa tuarascáil astaíochtaí nó neamh-chomhréireachtaí le ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh an fíoraitheoir an méid sin in iúl don chuideachta go tráthúil. Déanfaidh an chuideachta na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí a cheartú ansin ionas go bhféadfar an próiseas fíoraithe a chríochnú go tráthúil agus déanfaidh sí an tuarascáil athbhreithnithe astaíochtaí agus aon fhaisnéis eile ba ghá chun na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú a chur chuig an bhfíoraitheoir. Ina thuarascáil fhíoraithe, luafaidh an fíoraitheoir cibé ar cheartaigh an chuideachta na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe fhíoraithe nó nár cheartaigh. I gcás nár ceartaíodh na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí agus go n-eascraíonn míshonruithe ábhartha astu, ar bhonn aonair nó in éineacht, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luafar nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí an Rialachán seo.

Airteagal 14

Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí

1.   Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní cuideachta ná oibreoir loinge a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid den eintiteas dlí céanna, ná ina úinéir cuideachta ná ní bheidh siad faoina n-úinéireacht ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an gcuideachta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíoraitheora.

2.   Agus fíorú na tuarascála astaíochtaí agus na nósanna imeachta faireacháin arna gcur i bhfeidhm ag an gcuideachta á mheas aige, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na gcóras faireacháin agus na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a bhaineann le hastaíochtaí CO2, go háirithe:

(a)

ídiú breosla a chur i leith muiraistear;

(b)

na sonraí tuairiscithe maidir le breosla ídithe agus na tomhais ghaolmhara agus na ríomhanna gaolmhara;

(c)

rogha agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta;

(d)

na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na n-astaíochtaí CO2 foriomlána;

(e)

na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na héifeachtúlachta fuinnimh.

3.   Ní bhreithneoidh an fíoraitheoir ach na tuarascálacha astaíochtaí a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 12 i gcás inar féidir na hastaíochtaí CO2 a chinneadh le méid réasúnta cinnteachta éigin le sonraí agus faisnéis iontaofa agus inchreidte agus ar an gcoinníoll go n-áirithítear na nithe seo a leanas:

(a)

go bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill suiteáilte;

(b)

nach bhfuil aon neamh-chomhsheasmhachtaí sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an ídiú comhiomlán breosla le linn muiraistear;

(c)

gur bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus

(d)

go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.

Airteagal 15

Nósanna imeachta fíoraithe

1.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir na hastaíochtaí CO2 tuairiscithe agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill suiteáilte. I gcás ina n-aimsítear claontaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.

2.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad atá in úsáid.

3.   Cuirfidh an fíoraitheoir san áireamh aon mhodhanna éifeachtacha rialaithe riosca arna gcur i bhfeidhm ag an gcuideachta chun go ndéanfaí leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ar leibhéil iad a bhaineann leis an gcruinneas is sonrach do na modhanna faireacháin a úsáidtear.

4.   Soláthróidh an chuideachta aon fhaisnéis bhreise don fhíoraitheoir a chuirfidh ar a chumas na nósanna imeachta fíoraithe a dhéanamh. Féadfaidh an fíoraitheoir seiceálacha ar an láthair a dhéanamh le linn an phróisis fhíoraithe d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hiontaofacht na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, d'fhonn na rialacha a shonrú tuilleadh do na gníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear sa Rialachán seo. Le linn dó na gníomhartha seo a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na heilimintí a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn III. Beidh na rialacha a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorú dá bhforáiltear in Airteagal 14 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.

Airteagal 16

Creidiúnú na bhfíoraitheoirí

1.   Maidir le fíoraitheoirí a dhéanann measúnú ar na pleananna faireacháin agus na tuarascálacha astaíochtaí, agus a eisíonn tuarascálacha fíoraithe agus doiciméid comhlíontachta dá dtagraítear sa Rialachán seo, beidh siad creidiúnaithe i ndáil le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.   I gcás nach ndéantar aon fhorálacha sonracha maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, d'fhonn modhanna creidiúnaithe na bhfíoraitheoirí a shonrú tuilleadh. Le linn dó na gníomhartha seo a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún na heilimintí a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn III san áireamh. Beidh na modhanna a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorú dá bhforáiltear in Airteagal 14 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

CAIBIDIL IV

COMHLÍONTACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE

Airteagal 17

An doiciméad comhlíontachta

1.   I gcás ina gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 go hAirteagal 15 agus na ceanglais sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, déanfaidh an fíoraitheoir doiciméad comhlíontachta don long lena mbaineann a eisiúint, ar bhonn na tuarascála fíoraithe.

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sa doiciméad comhlíontachta:

(a)

céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

(b)

ainm, seoladh agus príomháit ghnó úinéir na loinge;

(c)

céannacht an fhíoraitheora;

(d)

dáta eisiúna an doiciméid comhlíontachta, a thréimhse bailíochta agus an tréimhse tuairiscithe dá dtagraíonn sé.

3.   Maidir le doiciméid comhlíontachta, beidh siad bailí ar feadh na tréimhse 18 mí i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

4.   Cuirfidh an fíoraitheoir an Coimisiún agus údarás an Bhratstáit ar an eolas gan mhoill maidir le heisiúint aon doiciméid comhlíontachta. Déanfaidh an fíoraitheoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a tharchur trí úsáid a bhaint as córas uathoibríoch agus formáidí malartaithe sonraí, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha.

5.   Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha teicniúla lena mbunófar na formáidí malartaithe sonraí, lena n-áirítear na teimpléid leictreonacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Airteagal 18

Oibleagáid doiciméad bailí comhlíontachta a iompar ar bord

Faoin 30 Meitheamh sa bhliain tar éis deiridh tréimhse tuairiscithe, déanfaidh longa a thagann isteach i gcalafort, nó atá laistigh de chalafort nó a imíonn ó chalafort, ar calafort é atá faoi dhlínse Ballstáit, agus a bhfuil muiraistir déanta acu le linn na tréimhse tuairiscithe sin, doiciméad bailí comhlíontachta a iompar ar bord.

Airteagal 19

Ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh agus cigireachtaí

1.   Bunaithe ar an bhfaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21(1), déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann na longa a bhfuil brat an Bhallstáit sin ar foluain acu na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 12. Measfaidh na Ballstáit gur fianaise ar chomhlíonadh na gceanglas sin an fhíric gur eisíodh doiciméad comhlíontachta don long lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 17(4).

2.   Áiritheoidh gach Ballstát go n-áireofar in aon chigireacht a dhéanfar ar long atá i gcalafort faoina dhlínse agus a dhéanfar i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE seiceáil go bhfuil doiciméad bailí comhlíontachta á iompar ar bord.

3.   I gcás gach loinge nach bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (j) d'Airteagal 21(2) ar fáil ina leith, tráth a théann sí isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann seiceáil go bhfuil doiciméad bailí comhlíontachta á iompar ar bord.

Airteagal 20

Pionóis, malartú faisnéise agus ordú díbeartha

1.   Bunóidh na Ballstáit córas pionós mar gheall ar mhainneachtain na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 12 a chomhlíonadh agus déanfaidh siad gach beart is gá d'fhonn a áirithiú go bhforchuirtear na pionóis sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin 1 Iúil 2017, agus tabharfaidh siad fógra faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin don Choimisiún gan mhoill.

2.   Bunóidh na Ballstáit malartú éifeachtach faisnéise agus comhar éifeachtach idir a n-údaráis náisiúnta atá freagrach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a áirithiú nó, más infheidhme, a n-údaráis a bhfuil na nósanna imeachta um pionóis ar a n-iontaoibh. Déanfar fógra faoi nósanna imeachta náisiúnta um pionóis i gcoinne long sonraithe arna ndéanamh ag aon Bhallstát a thabhairt don Choimisiún, don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann.

3.   I gcás longa a mhainnigh na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh do dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile nó níos mó agus i gcás inar mhainnigh bearta forghníomhaithe eile comhlíonadh a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach ordú díbeartha a eisiúint a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún, d'EMSA, do na Ballstáit eile agus don Bhratstát lena mbaineann. De thoradh ordú díbeartha den sórt sin a eisiúint, diúltóidh gach Ballstát cead isteach in aon cheann dá chalafoirt don long lena mbaineann go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 18. Déanfar comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a dheimhniú le fógra faoi dhoiciméad bailí comhlíontachta a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a d'eisigh an t-ordú díbeartha. Beidh an mhír seo gan dochar do rialacha idirnáisiúnta muirí is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

4.   Beidh an ceart ag úinéir na loinge nó oibreoir loinge nó ag a ionadaí sna Ballstáit réiteach éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne ordú díbeartha agus déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt teacht isteach é nó í a chur ar an eolas go cuí ina leith sin. Déanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú agus a choimeád ar bun chun na críche seo.

5.   Maidir le haon Bhallstát nach bhfuil aon chalafort muirí ina chríoch agus a bhfuil a chlár náisiúnta long dúnta nó nach bhfuil a bhrat ar foluain ag aon longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus a fhad agus nach bhfuil a bhrat ar foluain ag longa den sórt sin, féadfaidh sé maolú ó fhorálacha an Airteagail seo. Aon Bhallstát a bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an maolú sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2015. Maidir le haon athrú eile a dhéanfar ina dhiaidh sin, cuirfear in iúl don Choimisiún é freisin.

Airteagal 21

Faisnéis agus tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi na hastaíochtaí CO2 arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 11 ar fáil go poiblí mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Áireoidh an Coimisiún an méid seo a leanas san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil go poiblí:

(a)

céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

(b)

éifeachtúlacht theicniúil na loinge (EEDI nó EIV, i gcás inarb infheidhme);

(c)

na hastaíochtaí bliantúla CO2;

(d)

ídiú breosla bliantúil iomlán do mhuiraistir;

(e)

meán-ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí CO2 in aghaidh an fhaid a thaistealaítear i gcás muiraistear;

(f)

meán-ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí CO2 in aghaidh an fhaid a thaistealaítear agus lastas a iompraítear ar mhuiraistir;

(g)

an méid ama iomlán bliantúil a chaitear ar muir ar mhuiraistir;

(h)

an modh a chuirtear i bhfeidhm don fhaireachán;

(i)

dáta eisiúna agus dáta éaga an doiciméid comhlíontachta;

(j)

céannacht an fhíoraitheora a rinne measúnú ar an tuarascáil astaíochtaí;

(k)

aon fhaisnéis eile a dhéantar faireachán uirthi agus a thuairiscítear ar bhonn deonach i gcomhréir le hAirteagal 10.

3.   I gcás ina ndéanfaí an bonn a bhaint, go heisceachtúil, do chosaint leasanna tráchtála a bhfuil cosaint dlite acu mar leas eacnamaíoch dlisteanach lena sáraítear leas an phobail i ndáil le nochtadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), de bharr cúinsí sonracha, trí chatagóir sonraí comhiomlánaithe a nochtadh faoi mhír 2, ar catagóir é nach mbaineann le hastaíochtaí CO2, cuirfear leibhéal éagsúil de chomhiomlánú i bhfeidhm maidir leis na sonraí sonracha sin, arna iarraidh sin don chuideachta, ionas go gcosnófar leasanna den sórt sin. I gcás nach féidir leibhéal éagsúil comhiomlánaithe a chur i bhfeidhm, ní chuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar fáíl go poiblí.

4.   Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar astaíochtaí CO2 agus ar fhaisnéis ábhartha eile ón muiriompar, lena n-áirítear torthaí comhiomlánaithe agus mínithe, arb é is aidhm di an pobal a chur ar an eolas agus measúnú ar na hastaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht fuinnimh an mhuiriompair de réir méide, chineál na long, gníomhaíochta, nó aon chineál catagóire eile a mheastar is ábhartha, a cheadú.

5.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach dhá bhliain ar an tionchar foriomlán atá ag an earnáil muiriompair ar an aeráid dhomhanda lena n-áirítear trí astaíochtaí nó éifeachtaí nach mbaineann le CO2.

6.   Faoi chuimsiú a shainordaithe, cabhróidh EMSA leis an gCoimisiún ina chuid oibre maidir leis an Airteagal seo agus Airteagal 12 agus Airteagal 17 den Rialachán seo a chomhlíonadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

CAIBIDIL V

COMHAR IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 22

Comhar idirnáisiúnta

1.   Cuirfidh an Coimisiún IMO agus comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile ar an eolas ar bhonn rialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo gan dochar do dháileadh inniúlachtaí ná do nósanna imeachta cinnteoireachta de réir mar a fhoráiltear dóibh sna Conarthaí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus, i gcás inarb iomchuí, na Ballstáit, malartú teicniúil a chothabháil le tríú tíortha, go háirithe i ndáil le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhodhanna faireacháin, eagrú an tuairiscithe agus fíorú na dtuarascálacha astaíochtaí.

3.   I gcás ina dtagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta ar chóras domhanda faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe d'astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar bhearta domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán seo ionas go n-áiritheofar ailíniú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

CAIBIDIL VI

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), in Airteagal 15(5) agus in Airteagal 16(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), in Airteagal 15(5) agus in Airteagal 16(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 15(5) nó Airteagal 16(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 26 Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Leasuithe ar Threoir2009/16/CE

Cuirfear an pointe seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE:

“50.

Doiciméad Comhlíontachta a eisíodh faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (*).

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 29 Aibreán 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 170.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 5 Márta 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2015 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun scéim trádála liúntais an Chomhphobail um astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh (IO L 140, 5.6.2009, lch. 63).

(4)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(5)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal “Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid” (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(6)  Cinneadh 2012/504/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le Eurostat (IO L 251, 18.9.2012, lch. 49).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30.)

(8)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafort (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(9)  Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas Bratstát (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(11)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 525/20103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Modhanna chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2

A.   ASTAÍOCHTAÍ CO2 A RÍOMH (AIRTEAGAL 9)

Chun críocha astaíochtaí CO2 a ríomh, cuirfidh cuideachtaí an fhoirmle seo a leanas i bhfeidhm:

Ídiú breosla × fachtóir astaíochtaí

Áireofar san ídiú breosla breosla a bhíonn á ídiú ag príomhinnill, innill chúnta, gástuirbíní, coirí agus gineadóirí triathgháis.

Déanfar ídiú breosla laistigh de chalafoirt a bhfuil longa i mbeart iontu a ríomh ar leithligh.

I bprionsabal, úsáidfear luachanna réamhshocraithe d'fhachtóirí astaíochtaí breoslaí mura gcinneann an chuideachta úsáid a bhaint as sonraí maidir le caighdeán breosla atá sonraithe sna Nótaí Seachadta Breosla Umair (BDNanna) agus a úsáidtear chun comhlíonadh na rialachán is infheidhme maidir le hastaíochtaí sulfair a léiriú.

Beidh na luachanna réamhshocraithe sin d'fhachtóirí astaíochtaí bunaithe ar luachanna an Phainéil Idir-rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) is déanaí atá ar fáil. Is féidir na luachanna sin a dhíorthú ó Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (1).

Cuirfear fachtóirí iomchuí astaíochtaí i bhfeidhm i ndáil le bithbhreoslaí agus breoslaí ionadúla neamh-iontaise.

B.   MODHANNA CHUN ASTAÍOCHTAÍ CO2 A CHINNEADH

Saineoidh an chuideachta sa phlean faireacháin cén modh faireacháin atá le húsáid chun an t-ídiú breosla do gach long atá faoina freagracht a ríomh agus áiritheoidh an chuideachta go gcuirfear i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach í a luaithe a bheidh an modh roghnaithe.

Úsáidfear an t-ídiú iarbhír breosla do gach muiraistear agus déanfar é a ríomh trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna seo a leanas:

(a)

Nóta Seachadta Breosla Umair (BDN) agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla;

(b)

Faireachán ar thanc breosla umair ar bord;

(c)

Sreabhmhéadair do phróisis dócháin is infheidhme;

(d)

Tomhais dhíreacha astaíochtaí CO2.

Maidir le haon chomhcheangal de na modhanna seo, a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air, féadfar é a úsáid má fheabhsaítear cruinneas foriomlán an tomhais leis.

1.   Modh A: BDNanna agus stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla

Tá an modh seo bunaithe ar an gcainníocht agus ar an gcineál breosla mar atá sainithe ar an BDN i dteannta le stocáirimh thréimhsiúla ar thancanna breosla bunaithe ar léamha tanc. Is éard atá i gceist leis an mbreosla ídithe i rith na tréimhse ná an breosla a bhí ann ag tús na tréimhse, móide seachadtaí, lúide an breosla a bhí ar fáil ag deireadh na tréimhse agus breosla dí-lastáilte umair idir tús na tréimhse agus deireadh na tréimhse.

Ciallaíonn an tréimhse seo an t-am a chaitear ar muir idir dhá chalafort nó an t-am a chaitear laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse áirithe, is gá an cineál breosla agus an méid sulfair a shonrú.

Ní úsáidfear an modh seo nuair nach bhfuil BDNanna ar fáil ar bord long, go háirithe nuair a bhíonn lastas in úsáid mar bhreosla, mar shampla ábhar bruite um ghás nádúrtha leachtaithe (LNG).

Faoi rialacháin Iarscríbhinn VI MARPOL atá ann cheana, tá an BDN sainordaitheach, agus tá sé le coinneáil ar bord ar feadh trí bliana i ndiaidh sheachadadh an bhreosla umair agus tá sé le bheith ar fáil go héasca. Tá an stocáireamh tréimhsiúil ar thancanna breosla ar bord bunaithe ar léamha tancanna breosla. Úsáidtear leis táblaí tanc atá ábhartha do gach tanc breosla chun cinneadh a dhéanamh maidir le toirt tráth léamh an tanc breosla. Sonrófar an neamhchinnteacht a bhaineann leis an BDN sa phlean faireacháin. Déanfar léamhanna tancanna breosla bunaithe ar mhodhanna oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna. Sonrófar an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean faireacháin.

I gcás go bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh bunaithe ar aonaid toirte, arna sloinneadh i lítir, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na modhanna seo a leanas:

(a)

córais tomhais ar bord;

(b)

an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth a chuirtear an breosla ar bord agus arna thaifeadadh ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh don teocht is infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

2.   Modh B: Faireachán ar thanc breosla umair ar bord

Tá an modh seo bunaithe ar léamha tanc breosla do gach tanc breosla ar bord. Déanfar na léamha tanc gach lá nuair a bheidh an long ar muir agus gach uair a bheidh an long ag lastáil nó ag dí-lastáil umair.

Is éard atá i gceist leis an mbreosla ídithe i rith na tréimhse ná na héagsúlachtaí carnacha idir leibhéal an tanc breosla idir an dá léamh.

Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse, is gá an cineál breosla agus an méid sulfair a shonrú.

Déanfar léamhanna tancanna breosla ar mhodhanna oiriúnacha amhail córais uathoibríocha, sondáil agus tum-théipeanna. Sonrófar an modh do shondáil tanc agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis sa phlean faireacháin.

I gcás go bhfuil méid an bhreosla a chuirtear ar bord nó méid an bhreosla atá fágtha sna tancanna á chinneadh in aonaid toirte, á sloinneadh i lítir, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a)

córais tomhais ar bord;

(b)

an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN;

(c)

an dlús a thomhaistear i dtriailanailís a sheoltar i saotharlann atá creidiúnaithe le haghaidh tástála breosla, i gcás fáil a bheith air.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh don teocht infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

3.   Modh C: Sreabhmhéadair do phróisis infheidhme dócháin

Tá an modh seo bunaithe ar shreabha breosla tomhaiste ar bord. Cuirfear na sonraí ó na sreabhmhéadair ar fad atá nasctha le foinsí ábhartha astaíochtaí CO2 le chéile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hídiú breosla do thréimhse shonrach.

Ciallaíonn an tréimhse seo an méid ama a chaitear ar muir idir dhá chalafort agus laistigh de chalafort. I ndáil leis an mbreosla a úsáidtear i rith tréimhse áirithe, ní mór faireachán a dhéanamh ar an gcineál breosla agus an méid sulfair.

Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann le sreabhmhéadair sa phlean faireacháin.

I gcás ina bhfuil an méid breosla ídithe á chinneadh in aonaid toirte, á sloinneadh i lítir, tiontóidh an chuideachta an méid ó thoirt go dtí mais trí úsáid a bhaint as na luachanna iarbhír dlúis. Cinnfidh an chuideachta an dlús iarbhír trí cheann amháin de na modhanna seo a leanas a úsáid:

(a)

córais tomhais ar bord;

(b)

an dlús arna thomhas ag an soláthróir breosla tráth a chuirtear an breosla ar bord agus taifeadta ar shonrasc an bhreosla nó ar an BDN.

Déanfar an dlús iarbhír a shloinneadh in kg/l agus déanfar é a chinneadh don teocht infheidhme do thomhas sonrach. Sna cásanna sin nach bhfuil luachanna iarbhír dlúis ar fáil ina leith, cuirfear fachtóir caighdeánach dlúis i bhfeidhm don chineál breosla ábhartha a luaithe a dhéanfaidh an fíoraitheoir measúnú air.

4.   Modh D: Tomhas astaíochtaí díreacha CO2

Féadfar tomhais na n-astaíochtaí díreacha CO2 a úsáid do mhuiraistir agus d'astaíochtaí CO2 a tharlaíonn i gcalafoirt atá lonnaithe i ndlínse Ballstáit. Áireofar le CO2 a astaítear CO2 a dhéanann príomhinnill, innill chúnta, gástuirbíní, coirí agus gineadóirí triathgháis a astú. I ndáil le longa a bhfuil an tuairisciú ina leith bunaithe ar an modh seo, déanfar an t-ídiú breosla a ríomh ag baint úsáide as na hastaíochtaí tomhaiste CO2 agus as fachtóir infheidhme astaíochtaí na mbreoslaí ábhartha.

Tá an modh seo bunaithe ar chinneadh sreafaí astaíochtaí CO2 i múcháin (tonnadóirí) gás sceite trí thiúchan CO2 an gháis sceite a mhéadú faoi shreabhadh an gháis sceite.

Sonrófar na modhanna calabraithe atá á gcur i bhfeidhm agus an neamhchinnteacht a bhaineann leis na gléasanna atá in úsáid sa phlean faireacháin.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2012 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 181, 12.7.2012, lch. 30).


IARSCRÍBHINN II

Faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile

A.   FAIREACHÁN IN AGHAIDH AN MHUIRAISTIR (AIRTEAGAL 9)

1.

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile in aghaidh an mhuiraistir (Airteagal 9(1)), tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas:

(a)

déanfar an dáta agus an uair a imíonn long ó chalafort agus an uair a thagann sé isteach i gcalafort a mheas de réir mheán-am Greenwich (GMT). Déanfar an méid ama a chaitear ar muir a ríomh bunaithe ar fhaisnéis a bhaineann le faisnéis i ndáil le himeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort agus ní bheidh an t-am a chaitear ar ancaire san áireamh;

(b)

féadfaidh sé gurb éard a bheidh san fhad a thaistealaítear an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann nó an fad iarbhír a thaistealaítear. I gcás ina n-úsáidtear fad an tslí is dírí idir an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann, ba cheart fachtóir coimeádach ceartúcháin a chur san áireamh d'fhonn a áirithiú nach bhfuil an fad a taistealaíodh á meas go suntasach faoina luach. Sonrófar sa phlean faireacháin cén ríomh faid a úsáidtear agus, más gá, an fachtóir ceartaithe a úsáidtear. Is i muirmhílte a shloinnfear an fad a thaistealaítear;

(c)

cinnfear obair iompair tríd an bhfad a thaistealaítear a mhéadú faoi mhéid an lastais arna iompar;

(d)

i ndáil le longa paisinéirí, úsáidfear an líon paisinéirí chun léargas a thabhairt ar an lastas arna iompar. I gcás gach catagóra eile long, is i dtonaí méadracha nó i méadair chiúbacha chaighdeánacha lastais a bheidh an méid lastais á shonrú, de réir mar is iomchuí.

(e)

i gcás longa róró, sainmhíneofar lastas mar líon na n-aonad lastais (trucailí, gluaisteáin, etc.) nó méadair lána a iolraítear faoi luachanna réamhshocraithe le haghaidh a lastas. Nuair atá lastas atá á iompar ag longa róró sainmhínithe bunaithe ar Iarscríbhinn B a ghabhann le caighdeán CEN EN 16258 (2012), lena gcumhdaítear “Modheolaíocht chun ídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó sheirbhísí iompair (lasta agus paisinéirí) a ríomh agus a dhearbhú”, measfar go gcomhlíonann an sainmhíniú sin an Rialachán seo.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long róró” long a dheartar chun aonaid iompair lastais rollta ann, rollta as a iompar nó long a bhfuil spásanna lastais rollta ann, rollta as air.

(f)

i gcás long coimeádáin, sainmhíneofar lastas atá á iompar mar mheáchan iomlán i dtonaí méadracha an lastais nó, murach sin, líon na nAonad is Coibhéis Fiche Troigh (TEUanna) iolraithe faoi luachanna réamhshocraithe le haghaidh a meáchain. Má shainmhínítear lastas atá á iompar ag soitheach coimeádáin i gcomhréir le Treoirlínte IMO is infheidhme nó le hionstraimí de bhun an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (Coinbhinsiún SOLAS), measfar go gcomhlíonann an sainmhíniú sin an Rialachán seo.

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “long coimeádáin” long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar dheic, agus chuige sin amháin;

(g)

agus lastas atá á iompar i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa ró-ró agus longa coimeádáin á chinneadh, féadfar meáchan agus toirt an lastais atá á iompar mar aon le líon na bpaisinéirí a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Áireofar leis na catagóirí sin, inter alia, tancaeir, olliompróirí, longa lastais ghinearálta, longa lastais cuisniúcháin, iompróirí feithiclí agus comhiompróirí.

2.

D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun pointe (g) de mhír 1 a chur i bhfeidhm, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha teicniúla lena sonrófar na paraiméadair is infheidhme maidir le gach ceann de na catagóirí eile long dá dtagraítear faoin bpointe sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar na paraiméadair is infheidhme dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1. I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na paraiméadair sin chun na leasuithe ar an Iarscríbhinn seo a chur san áireamh de bhun Airteagal 5(2). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

3.

Agus na rialacha dá dtagraítear i mír1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh acu, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireacht trí leac oighir a áireamh.

B.   FAIREACHÁN AR BHONN BLIANTÚIL (AIRTEAGAL 10)

Chun críocha faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha eile ar bhonn bliantúil, tabharfaidh cuideachtaí aird ar na rialacha seo a leanas:

Déanfar na luachanna a bhfuil faireachán le déanamh orthu faoi Airteagal 10 a chinneadh trí chomhiomlánú na sonraí a bhaineann leis an muiraistear faoi seach.

Déanfar faireachán ar mheán-éifeachtúlacht fuinnimh trí úsáid a bhaint as ceithre tháscaire ar a laghad, ídiú breosla bunaithe ar an bhfad a taistealaíodh, ídiú breosla bunaithe ar obair iompair, astaíochtaí CO2 bunaithe ar an bhfad a taistealaíodh agus astaíochtaí CO2 bunaithe ar obair iompair, a dhéanfar a ríomh mar seo a leanas:

 

Ídiú breosla bunaithe ar an bhfad a thaistealaítear = ídiú iomlán breosla in aghaidh na bliana/fad iomlán a thaistealaítear

 

Ídiú breosla bunaithe ar obair iompair = ídiú iomlán breosla in aghaidh na bliana/obair iomlán iompair

 

Astaíochtaí CO2 in aghaidh an fhad a thaistealaítear = astaíochtaí iomlána CO2 in aghaidh na bliana/fad iomlán a thaistealaítear

 

Astaíochtaí CO2 bunaithe ar obair iompair = astaíochtaí iomlána CO2 in aghaidh na bliana/obair iomlán iompair.

Agus iad ag comhlíonadh na rialacha seo, féadfaidh cuideachtaí rogha a dhéanamh freisin chun faisnéis shonrach a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireachta trí leac oighir a áireamh, mar aon le faisnéis ar bith eile a bhaineann leis an mbreosla a ídítear agus le CO2 a astaítear, agus idirdhealú á dhéanamh ar bhonn critéir eile a shainmhínítear sa phlean faireacháin.


IARSCRÍBHINN III

Eilimintí atá le cur san áireamh le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 15 agus in Airteagal 16

A.   NÓSANNA IMEACHTA FÍORAITHE

Inniúlachtaí na bhfíoraitheoirí;

doiciméid atá le cur ar fáil ag cuideachtaí do na fíoraitheoirí;

measúnú riosca atá le cur i gcrích ag an bhfíoraitheoir;

measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin;

Fíorú na tuarascála astaíochtaí;

tairseach ábharthachta;

sláine réasúnach an fhíoraitheora;

míshonruithe agus neamh-chomhréireachtaí;

ábhar na tuarascála fíoraithe;

moltaí maidir le feabhsúchán;

cumarsáid idir cuideachtaí, fíoraitheoirí agus an Coimisiún.

B.   CREIDIÚNÚ NA bhFÍORAITHEOIRÍ

Conas creidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí loingseoireachta a iarraidh;

an bealach ar a ndéanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta measúnú ar fhíoraitheoirí d'fhonn deimhniú creidiúnaithe a eisiúint;

an bealach ar a ndéanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta an faireachas chun deimhniú go leanfar ar aghaidh leis an gcreidiúnú;

ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta d'fhonn bheith inniúil chun creidiúnú a chur ar fáil d'fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí loingseoireachta, lena n-áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe.