27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 83/16


RIALACHÁN (AE) 2015/478 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir le comhrialacha d'allmhairí

(codú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (3) ón gComhairle a leasú go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Ba cheart an comhbheartas tráchtála a bheith fothaithe ar phrionsabail aonfhoirmeacha.

(3)

Thug an Comhphobal Eorpach an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”) i gcrích. In Iarscríbhinn 1A a ghabhann leis an gComhaontú sin tá inter alia an Comhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 (“CGTT 1994”) agus an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta.

(4)

Sásaíonn an Comhaontú maidir le Bearta Cosanta an riachtanas le disciplíní CGTT 1994 a shoiléiriú agus a threisiú, go háirithe disciplíní Airteagal XIX de. Tá ceangal sa Chomhaontú sin deireadh a chur le bearta cosanta nach gcuimsítear sna rialacha sin, amhail srianta deonacha ar onnmhairí, socruithe ordúla margaíochta agus aon socruithe comhchosúla eile maidir le hallmhairí nó le honnmhairí.

(5)

Cumhdaítear táirgí guail agus cruach faoin gComhaontú maidir le Bearta Cosanta freisin. Dá bhrí sin, na comhrialacha maidir le hallmhairí, go háirithe i ndáil le bearta cosanta, tá feidhm acu freisin maidir leis na táirgí sin gan dochar d'aon bhearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun comhaontú a chur i bhfeidhm a bhainfeadh go sonrach le táirgí guail agus cruach.

(6)

Tá na táirgí teicstíle a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 517/94 (5) ón gComhairle faoi réir cóireála speisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon bhaol de thoradh treochtaí in allmhairiú a bhféadfadh call a bheith le faireachas an Aontais orthu nó le bearta cosanta a chur i bhfeidhm orthu.

(8)

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha faoina ndéantar an t-allmhairiú, ar an treocht in allmhairiú, ar ghnéithe éagsúla na staideanna eacnamaíocha agus trádála agus, más iomchuí, ar na bearta atá le cur i bhfeidhm.

(9)

I gcás ina gcuirfear réamhfhaireachas an Aontais i bhfeidhm, is faoi réir doiciméad faireachais a thíolacadh a chomhlíonann critéir aonfhoirmeacha ba cheart na táirgí lena mbaineann a scaoileadh chun saorchúrsaíochta. Ba cheart d'údaráis na mBallstát an doiciméad sin a eisiúint laistigh de thréimhse áirithe, ar iarratas simplí an allmhaireora, ach gan an t-allmhaireoir aon cheart allmhairiúcháin a fháil tríd sin. Dá bhrí sin, níor cheart an doiciméad faireachais a bheith bailí ach amháin ar feadh cibé tréimhse a bhfanfaidh na rialacha allmhairiúcháin gan athrú.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún an fhaisnéis a thiocfaidh as faireachas an Aontais a mhalartú is iomláine is féidir.

(11)

Is ar an gCoimisiún atá an cúram na bearta cosanta a ghlacadh a theastaíonn chun leasa an Aontais. Ba cheart an leas sin a chur san áireamh ina iomláine agus ba cheart, go háirithe, leasanna tháirgeoirí, úsáideoirí agus thomhaltóirí an Aontais a chuimsiú iontu.

(12)

Ní féidir bearta cosanta a úsáid i gcoinne baill EDT ach amháin má dhéantar an táirge lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu agus faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a dhéanann táirgí atá cosúil nó in iomaíocht dhíreach leis, mura bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta ann a cheadaíonn maolú ar an riail seo.

(13)

Ba cheart na téarmaí “mórdhíobháil”, “bagairt mórdhíobhála” agus “táirgeoirí an Aontais” a shainmhíniú agus ba cheart critéir bheachta a leagan síos chun díobháil a chinneadh.

(14)

Ba cheart imscrúdú a dhéanamh sula gcuirtear aon bhearta cosanta i bhfeidhm, faoi réir an choinníll go mbeadh cead ag an gCoimisiún i gcásanna práinne bearta sealadacha a chur i bhfeidhm.

(15)

Ba cheart forálacha mionsonraithe a bheith ann maidir le himscrúduithe a thosú, maidir leis na seiceálacha agus na cigireachtaí atá ina gceangal, maidir le rochtain tíortha onnmhairithe agus páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis arna bailiú, maidir le héisteachtaí do na páirtithe lena mbaineann agus maidir leis na deiseanna do na páirtithe sin a dtuairimí a chur isteach.

(16)

Tá na forálacha maidir le himscrúduithe atá leagtha síos sa Rialachán seo gan dochar do rialacha an Aontais nó do rialacha náisiúnta maidir le rúndacht ghairmiúil.

(17)

Ní mór freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh cé acu is iomchuí nó nach iomchuí bearta, d'fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(18)

I gcásanna ina ndéantar bearta cosanta i bhfoirm cuóta níor cheart leibhéal an chuóta sin a leagan, i bprionsabal, níos ísle ná an meánleibhéal allmhairí thar thréimhse ionadaíoch trí bliana ar a laghad.

(19)

I gcásanna ina leithdháiltear cuóta i measc tíortha is soláthraithe, féadfar cuóta gach tíre a chinneadh trí chomhaontú leis na tíortha féin nó tríd an leibhéal allmhairí thar thréimhse ionadaíoch a úsáid mar thagairt. Ba cheart maolú ar na rialacha sin a bheith indéanta i gcás ina bhfuil mórdhíobháil agus méadú neamhréireach ar allmhairí, ar choinníoll go ndéantar comhairliúchán faoi choimirce an Choiste um Choimircí EDT.

(20)

Ba cheart fad uasta beart cosanta a chinneadh agus ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le síneadh, léirscaoileadh de réir a chéile agus athbhreithniú beart den sórt sin.

(21)

Ba cheart na himthosca a leagan síos ina ndéanfar táirgí de thionscamh tíre i mbéal forbartha atá ina ball de chuid EDT a dhíolmhú ó bhearta cosanta.

(22)

D'fhéadfadh sé gurbh oiriúnaí bearta faireachais nó cosanta atá teoranta do réigiún amháin nó níos mó den Aontas ná bearta a mbeadh feidhm acu maidir leis an Aontas ina iomláine. Níor cheart bearta den sórt sin a údarú ach go heisceachtúil áfach, agus i gcás nach ann d'aon rogha mhalartach. Is gá a áirithiú go bhfuil bearta den sórt sin sealadach agus go ndéanann siad a laghad suaite is féidir ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(23)

Ar mhaithe le haonfhoirmeacht i rialacha d'allmhairí, ba cheart do na foirmiúlachtaí atá le déanamh ag allmhaireoirí a bheith simplí agus comhionann beag beann ar an áit ina dtéann na hearraí trí chustaim. Is inmhianaithe dá bhrí sin a fhoráil gur cheart aon fhoirmiúlachtaí a chur i gcrích trí úsáid a bhaint as foirmeacha a fhreagraíonn don eiseamal atá i gceangal leis an Rialachán seo.

(24)

Doiciméid faireachais arna n-eisiúint i dtaca le bearta faireachais an Aontais, ba cheart dóibh a bheith bailí ar fud an Aontais is cuma cén Ballstát a d'eisigh iad.

(25)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun bearta cosanta sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, agus chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur. Ba cheart na bearta sin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(26)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid maidir le bearta faireachais agus bearta sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí beart den sórt sin agus a loighce seicheamhaí maidir le glacadh na mbeart cosanta cinntitheach. I gcás ina ndéanfadh moill ar fhorchur na mbeart dochar ba dheacair a leigheas, is gá a cheadú don Choimisiún bearta sealadacha atá infheidhme láithreach a ghlacadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL GHINEARÁILTA

Airteagal 1

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hallmhairiú táirgí de thionscamh tríú tíortha, ach amháin:

(a)

táirgí teicstíle atá faoi réir rialacha allmhairithe sonracha faoi Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle;

(b)

táirgí de thionscamh tríú tíortha áirithe a liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle (7).

2.   Déanfar na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a allmhairiú faoi shaoirse isteach san Aontas agus dá réir sin, gan dochar do na bearta cosanta is féidir a dhéanamh faoi Chaibidil V, ní bheidh siad faoi réir aon srianta cainníochtúla.

CAIBIDIL II

NÓS IMEACHTA FAISNÉISE AGUS COMHAIRLIÚCHÁIN AN AONTAIS

Airteagal 2

Cuirfidh na Ballstát an Coimisiún ar an eolas más dealraitheach go léiríonn treochtaí san allmhairiú go bhfuil gá le bearta faireachais nó cosanta. Beidh san fhaisnéis sin an fhianaise atá ar fáil, arna cinneadh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 9. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit uile gan mhoill.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh Coiste um Choimircí cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

5.   De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcás ina rachfar ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn le haghaidh bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo, déanfar nós imeachta den sórt sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 amhlaidh. Má théitear ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa Choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos. Má théitear ar iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa Choiste, cuirfear críoch gan toradh leis an nós imeachta sin má chinneann an cathaoirleach amhlaidh nó má iarrann an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA AN AONTAIS UM IMSCRÚDÚ

Airteagal 4

1.   Gan dochar d'Airteagal 7, cuirfear nós imeacht imscrúdaithe an Aontais chun feidhme sula gcuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm.

2.   Ag úsáid na gcúinsí dá dtagraítear in Airteagal 9 mar bhonn, beidh sé d'aidhm ag an imscrúdú a chinneadh an bhfuil allmhairiú an táirge i gceist ina chúis le mórdhíobháil, nó bagairt mórdhíobhála, do na táirgeoirí lena mbaineann san Aontas.

3.   Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “mórdhíobháil” lagú suntasach foriomlán ar sheasamh tháirgeoirí an Aontais;

(b)

ciallaíonn “bagairt mórdhíobhála” mórdhíobháil ar léir ina leith go bhfuil sí ar tí tarlú;

(c)

ciallaíonn “táirgeoirí an Aontais” na táirgeoirí ina n-iomláine a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach agus a oibríonn laistigh de chríoch an Aontais, nó na táirgeoirí sin arb ionann a gcomh-aschur de tháirgí comhchosúla nó de tháirgí atá in iomaíocht dhíreach agus cion mór de tháirgeacht iomlán an Aontais i dtaca leis na táirgí sin.

Airteagal 5

1.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil dóthain fianaise ann chun bonn cirt a thabhairt chun imscrúdú a thionscnamh, tionscnóidh an Coimisiún imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin ó fhaisnéis a fháil ó Bhallstát agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar na nithe seo a leanas san fhógra sin:

(a)

achoimreofar an fhaisnéis a fuarthas agus ceanglófar leis nach mór gach faisnéis ábhartha a chur chuig an gCoimisiún;

(b)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus faisnéis a thíolacadh, más rud é go bhfuil tuairimí agus faisnéis den sórt sin le cur san áireamh le linn an imscrúdaithe;

(c)

luafar ann an tréimhse ar laistigh di a fhéadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le mír 4.

Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit.

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an bhfaisnéis de ghnáth laistigh de 21 lá ón dáta ar a gcuirfear an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún.

2.   Iarrfaidh an Coimisiún gach faisnéis is gá dar leis agus, má mheasann sé gurb iomchuí, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, féachfaidh sé leis an bhfaisnéis sin a sheiceáil le hallmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, agus le comhlachais agus eagraíochtaí trádála.

Déanfaidh foireann ón mBallstát a mbeidh na seiceálacha sin á ndéanamh ina chríoch cúnamh a thabhairt don Choimisiún sa tasc seo, ar choinníoll gur mian leis an mBallstát seo é sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus nósanna imeachta a leag sé síos á leanúint acu, an fhaisnéis atá ar fáil dóibh faoi chora i margadh an táirge atá á imscrúdú.

4.   Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1 agus ionadaithe na tíre onnmhairithe, féadfaidh siad, ar iarraidh a dhéanamh i scríbhinn, scrúdú a dhéanamh ar gach faisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún maidir leis an imscrúdú, amach ó dhoiciméid inmheánacha a d'ullmhaigh údaráis an Aontais nó a Bhallstáit, ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis sin le cur i láthair a gcáis agus nach faisnéis rúnda atá ann de réir bhrí Airteagal 8 agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú.

Páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne, féadfaidh siad a gcuid tuairimí i leith na faisnéise i dtrácht a chur in iúl don Choimisiún. Féadfar na tuairimí sin a chur san áireamh nuair atá leorfianaise ann a thacaíonn leo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún éisteacht a thabhairt do na páirtithe leasmhara. Ní mór éisteacht a thabhairt do pháirtithe den sórt sin má bhíonn iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos san fhógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarratas ina léireofar gur dócha go n-imreoidh toradh na n-imscrúduithe tionchar orthu agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht ó bhéal a bheith acu.

6.   I gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos ag an Rialachán seo nó ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo, nó go bhfuil bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar na torthaí a chinneadh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur thug páirtí leasmhar nó tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá le fáil.

7.   I gcás inar cosúil don Choimisiún nach bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himscrúdú, cuirfidh sé a chinneadh in iúl do na Ballstáit laistigh d'aon mhí amháin ón bhfaisnéis a fháil ó na Ballstáit.

Airteagal 6

1.   Ag deireadh an imscrúdaithe, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choiste.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, laistigh de naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe, nach gá don Aontas aon fhaireachas a dhéanamh ná aon bhearta cosanta a dhéanamh, foirceannfar an t-imscrúdú laistigh d'aon mhí amháin. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

3.   Má mheasann an Coimisiún gur gá bearta faireachais nó cosanta an Aontais, glacfaidh sé na cinntí is gá i gcomhréir le Caibidil IV agus V, tráth nach déanaí ná naoi mí ó thionscnamh an imscrúdaithe. In imthosca eisceachtúla, féadfar an teorainn ama sin a shíneadh ar feadh tréimhse uasta breise dhá mhí. Ansin foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leagfar amach fad an tsínte agus achoimre ar na fáthanna atá leis.

Airteagal 7

1.   Ní choiscfidh forálacha na Caibidle seo úsáid beart faireachais, aon tráth, i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 ná úsáid beart cosanta sealadach i gcomhréir le hAirteagail 15, 16 agus 17.

Cuirfear bearta cosanta sealadacha i bhfeidhm:

(a)

in imthosca fíor-thromchúiseacha ina ndéanfadh moill dochar ba dheacair a leigheas, a fhágann gur gá gníomhú gan mhoill; agus

(b)

i gcás ina dtugann réamhchinneadh fianaise fhollasach go raibh méadú san allmhairiú ina chúis le mórdhíobháil nó ina chúis le bagairt mórdhíobhála.

Ní mhairfidh bearta den sórt sin níos faide ná 200 lá.

2.   Is i bhfoirm méadú ar leibhéal na dleachta custaim atá ann cheana a bheidh na bearta cosanta sealadacha, bíodh an leibhéal sin ag nialas nó níos airde, más dócha go gcuirfidh gníomhaíocht den sórt sin cosc nó leigheas ar an mórdhíobháil.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gan mhoill cibé bearta imscrúdaithe a bhfuil gá leo fós.

4.   I gcás ina n-aisghairfear na bearta cosanta sealadacha toisc nach ann d'aon mhórdhíobháil ná d'aon bhagairt mórdhíobhála, déanfar na dleachtanna custaim arna mbailiú de thoradh na mbeart sealadach a aisíoc a luaithe is féidir. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 235 et seq. de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (8).

Airteagal 8

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í.

2.   Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, lena n-áirítear a gcuid oifigeach araon, aon fhaisnéis de chineál rúnda a gheofar de bhun an Rialacháin seo ná aon fhaisnéis a gheofar ar bhonn rúnda, gan cead sonrach a fháil ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna leis an bhfaisnéis a bheith rúnda.

Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil bonn cirt leis an iarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a phoibliú ná nochtadh na faisnéise a cheadú, bíodh substaint ghinearálta na faisnéise nó achoimre di i gceist, féadfar neamhshuim a dhéanamh di.

4.   Ar chaoi ar bith, measfar go bhfuil gach faisnéis faoi rún más dócha go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir nó d'fhoinse na faisnéise sin.

5.   Ní choiscfidh mír 1 go mír 4 ar údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ghinearálta agus, go háirithe, do chúiseanna ar ar bunaíodh cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh na húdaráis sin san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann ar mian leo nach nochtfar a gcuid rún gnó.

Airteagal 9

1.   Scrúdú ar an treocht in allmhairiú, ar na dálaí ina ndéantar é agus ar mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do tháirgeoirí an Aontais a d'fhéadfadh teacht ó allmhairí den sórt sin, déanfaidh sé na tosca seo a leanas, go háirithe, a chumhdach:

(a)

méid na n-allmhairithe, go háirithe nuair a bhí méadú suntasach ann, bíodh sé sin mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeacht nó le tomhaltas san Aontas;

(b)

praghas na n-allmhairí, go háirithe i gcás inar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghasanna i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil san Aontas;

(c)

an tionchar atá aige ar tháirgeoirí an Aontais mar atá léirithe ag treochtaí i gcúinsí eacnamaíocha áirithe amhail:

táirgeacht,

úsáid an chumais táirgthe,

stoic,

díolacháin,

sciar den mhargadh,

praghsanna (i.e. ísliú ar phraghsanna nó cosc ar mhéaduithe praghsanna a bheadh tar éis tarlú de ghnáth),

brabúis,

toradh ar chaipiteal arna úsáid,

sreabhadh airgid,

fostaíocht;

(d)

cúinsí, seachas treochtaí in allmhairiú, ar cúis le díobháil do tháirgeoirí an Aontais atá nó a bhí iontu.

2.   I gcás ina líomhnaítear gurb ann do bhagairt mórdhíobhála, déanfaidh an Coimisiún scrúdú freisin an bhfuil sé intuartha go soiléir gur dócha go dtiocfaidh díobháil iarbhír as staid ar leith.

Maidir leis sin, is féidir tosca mar seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

ráta méadaithe na n-onnmhairithe chuig an Aontas;

(b)

an cumas onnmhairithe sa tír thionscnaimh nó sa tír onnmhairithe, mar atá sé nó mar is dócha go mbeidh sé cuibheasach luath amach anseo, agus an dóchúlacht go n-úsáidfear an cumas sin chun onnmhairiú a dhéanamh chuig an Aontas.

CAIBIDIL IV

FAIREACHAS

Airteagal 10

1.   I gcás inar baol go ndéanfaidh an treocht in allmhairiú táirge de thionscamh tríú tír atá cumhdaithe ag an Rialachán seo díobháil do tháirgeoirí an Aontais, agus nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfar allmhairiú an táirge sin, más iomchuí, a chur faoi réir na nithe seo a leanas:

(a)

faireachas cúlghabhálach an Aontais arna dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos sa chinneadh dá dtagraítear i mír 2;

(b)

réamhfhaireachas an Aontais arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.   Maidir leis an gcinneadh chun faireachas a fhorchur, glacfaidh an Coimisiún é trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 3(2).

3.   Beidh tréimhse theoranta bailíochta ag na bearta faireachais. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse sé mhí tar éis na sé mhí inar tugadh na bearta isteach.

Airteagal 11

1.   Ní fhéadfar táirgí atá faoi réamhfhaireachais an Aontais a chur i saorchúrsaíocht gan doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag na Ballstáit an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, is cuma cén áit ghnó san Aontas atá aige. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt.

2.   Déanfar an doiciméad faireacháin ar fhoirm a fhreagraíonn don mhúnla in Iarscríbhinn I.

Ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt leis an gcinneadh faireachán a fhorchur, ní bheidh in iarratas an allmhaireora le haghaidh doiciméad faireachais ach an méid seo a leanas:

(a)

ainm iomlán agus seoladh an iarratasóra (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs agus aon uimhir lena sainaithníonn an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratasóir), móide uimhir chláraithe CBL an iarratasóra má tá sé faoi dhliteanas i leith CBL;

(b)

más iomchuí, ainm iomlán agus seoladh an dearbhóra nó aon ionadaí arna cheapadh ag an iarratasóir (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus facs);

(c)

tuairisc ar na hearraí lena dtabharfar:

an t-ainm trádála,

an cód ainmníochta comhcheangailte,

an áit tionscnaimh agus an áit choinsínithe;

(d)

an chainníocht arna dearbhú, i gcileagraim agus, más iomchuí, aon aonad breise eile (péirí, míreanna, etc.);

(e)

luach na n-earraí, CAL ag teorainn an Aontais, in euro;

(f)

an ráiteas seo a leanas, dátaithe agus sínithe ag an iarratasóir, agus ainm an iarratasóra litrithe i gceannlitreacha:

“Déanaimse, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha fíor agus go bhfuilim á tabhairt de mheon macánta, agus go bhfuilim bunaithe san Aontas.”

3.   Beidh an doiciméad faireachais bailí ar fud an Aontais, beag beann ar Bhallstáit a eisiúna.

4.   I gcás cinnidh go sáraíonn an praghas aonaid ag a ndéantar an t-idirbheart an praghas a léirítear sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 % nó gur mó luach iomlán nó cainníocht na dtáirgí a thíolactar le haghaidh allmhairiú ná an luach nó an chainníocht a thugtar sa doiciméad faireachais de níos lú ná 5 %, ní choiscfidh an cinneadh sin scaoileadh an táirge atá i gceist le haghaidh saorchúrsaíochta. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis éisteacht a thabhairt do na tuairimí a thug an Coiste agus ag cur san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile de chuid na n-idirbheart lena mbaineann, céatadán difriúil a shocrú, nár cheart a bheith níos mó ná 10 % de ghnáth.

5.   Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe chun léirscaoileadh allmhairí i bhfeidhm i leith na n-idirbheart lena mbaineann. Ní fhéadfar doiciméid faireachais den sórt sin a úsáid i gcás ar bith thar an tréimhse dhul in éag a bheidh leagtha síos ag an am céanna agus trí bhíthin an nós imeachta céanna lenar forchuireadh faireachas, agus cuirfidh siad san áireamh cineál na dtáirgí agus gnéithe speisialta eile na n-idirbheart.

6.   Nuair a éilíonn an cinneadh a glacadh de bhun Airteagal 10 é sin, ní mór áit tionscnaimh na dtáirgí atá faoi fhaireachán an Aontais a chruthú le deimhniú tionscnaimh. Ní dhéanfaidh an mhír seo difear d'fhorálacha eile a bhaineann le haon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird.

7.   I gcás ina bhfuil an táirge atá faoi fhaireachas an Aontais faoi réir beart cosanta réigiúnach i mBallstát, féadfar an t-údarú ar allmhairiú a dheonaigh an Ballstát sin a chur in ionad an doiciméid faireachais.

8.   Déanfar foirmeacha doiciméid faireachais agus sleachta astu a tharraingt i ndúblach, cóip amháin, í marcáilte “Cóip an tsealbhóra” agus a mbeidh an uimhir 1 uirthi, le heisiúint chuig an iarratasóir, agus an chóip eile, í marcáilte “Cóip don údarás inniúil” agus a mbeidh an uimhir 2 uirthi, lena choimeád ag an údarás a d'eisigh an doiciméad. Chun críocha riaracháin féadfaidh an t-údarás inniúil cóipeanna breise a chur le foirm 2.

9.   Déanfar foirmeacha a phriontáil ar pháipéar bán a bheidh saor ó laíon meicniúil, cóirithe don scríobh agus a mheánn idir 55 g agus 65 g in aghaidh an mhéadair chearnaigh. Is é 210 mm × 297 mm an mhéid a bheidh iontu; is é 4,24 mm a bheidh mar spás idir na línte (an séú cuid d'orlach); beidh leagan amach na bhfoirmeacha le leanúint go beacht. Ar an dá thaobh de chóip Uimh. 1, is é sin an doiciméad faireachais féin, beidh de bhreis cúlra patrúin giolóise clóite buí chun aon fhalsú trí mheán meicniúil nó ceimiceach a nochtadh.

10.   Beidh na Ballstáit freagrach as na foirmeacha a chur á gcló. Is féidir na foirmeacha a phriontáil freisin ag clódóirí arna gceapadh ag an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe. Sa chás deireanach sin, caithfear tagairt don cheapachán ag an mBallstát a bheith le feiceáil ar gach foirm. Ar gach foirm beidh léiriú ar ainm agus seoladh an chlódóra nó marc chun an clódóir a aithint.

Airteagal 12

I gcás nár cuireadh allmhairiú táirge faoi réir fhaireachas an Aontais roimh ré, féadfaidh an Coimisiún faireachas a thabhairt isteach, i gcomhréir le hAirteagal 17, i gcás allmhairithe isteach i réigiún amháin nó níos mó ná réigiún amháin de chuid an Aontais agus i gcás na n-allmhairithe sin amháin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé faireachas a thionscnamh.

Airteagal 13

1.   Ní féidir táirgí atá faoi fhaireachas réigiúnach a chur i saorchúrsaíocht sa réigiún lena mbaineann ach amháin le doiciméad faireachais a thabhairt ar aird. Déanfaidh an t-údarás inniúil arna ainmniú ag an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an doiciméad sin a eisiúint, saor in aisce, le haghaidh aon chainníochta a iarradh agus laistigh d'uasmhéid cúig lá oibre tar éis don údarás inniúil náisiúnta iarratas a fháil ó aon allmhaireoir de chuid an Aontais, beag beann ar a áit ghnó san Aontas. Measfar go bhfuair an t-údarás inniúil náisiúnta an t-iarratas sin tráth nach déanaí ná trí lá oibre tar éis é a sheoladh, mura gcruthaítear a mhalairt. Ní fhéadfar doiciméid faireachais a úsáid ach amháin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh socruithe d'allmhairí léirscaoilte i leith na n-idirbheart lena mbaineann.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 11(2).

Airteagal 14

1.   Cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas in iúl don Choimisiún laistigh de na chéad deich lá de gach mí i gcás fhaireachán an Aontais nó faireacháin réigiúnaigh:

(a)

i gcás réamhfhaireachais, sonraí maidir le suimeanna airgid (arna ríomh ar bhonn na bpraghsanna CAL) agus cainníochtaí na n-earraí ar ina leith a eisíodh cáipéisí faireachais le linn na tréimhse roimhe sin;

(b)

i ngach cás, sonraí na n-allmhairí i rith na tréimhse roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a).

Miondealófar an fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit de réir táirge agus de réir tíre.

Féadfar forálacha éagsúla a leagan síos ag an am céanna agus leis an nós imeachta céanna leis na socruithe faireachais.

2.   Má éilíonn cineál na dtáirgí nó imthosca speisialta sin, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an tráthchláir do chur isteach na faisnéise a leasú.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

CAIBIDIL V

BEARTA COSANTA

Airteagal 15

1.   I gcás táirge a allmhairítear isteach san Aontas i gcainníochtaí a bhfuil méadú chomh mór sin tagtha orthu agus/nó faoi théarmaí nó coinníollacha de shórt go ndéanann sé, nó gur baol go ndéanfaidh sé, mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, chun leas an Aontais a chosaint, ag gníomhú dó arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

teorainn a chur le tréimhse bailíochta doiciméad faireachais laistigh de bhrí Airteagal 11 atá le heisiúint tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt seo;

(b)

na rialacha allmhairiúcháin a athrú i gcás an táirge i gceist trína scaoileadh chun saorchúrsaíochta a chur faoi réir an choinníll údarú allmhairithe a thaispeáint, agus beidh deonú an údaraithe sin faoi rialú na bhforálacha agus faoi réir na dteorainneacha a leagfaidh an Coimisiún síos.

Gabhfaidh éifeacht leis na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) láithreach.

2.   Maidir le baill EDT, ní ghlacfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach nuair a chomhlíontar an dá choinníoll atá sonraithe sa chéad fhomhír den mhír sin.

3.   Má tá cuóta á leagan síos, cuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a)

a inmhianaithe atá sé sreafaí traidisiúnta trádála a choinneáil, an oiread is féidir;

(b)

méid na n-earraí a onnmhairítear faoi chonarthaí arna dtabhairt i gcrích ar ghnáth-théarmaí agus ar ghnáthchoinníollacha roimh bheart cosanta de réir bhrí na Caibidle seo a theacht i bhfeidhm, i gcás inar thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi na conarthaí sin;

(c)

an gá gan baint amach na haidhme dar leagadh síos an cuóta a chur i gcontúirt.

Ní shocrófar aon chuóta ag leibhéal faoi bhun an mheánleibhéil allmhairithe thar thréimhse na dtrí bliana ionadaíocha deiridh a bhfuil staitisticí ar fáil dóibh ach amháin más gá leibhéal eile chun mórdhíobháil a chosc nó a leigheas.

4.   I gcásanna ina leithdháiltear cuóta i measc na dtíortha is soláthróirí, féadfar leithdháileadh a chomhaontú leis na tíortha sin a bhfuil leas suntasach acu sa táirge lena mbaineann a sholáthar lena allmhairiú isteach san Aontas.

Ina éagmais sin, déanfar an cuóta a leithdháileadh i measc na dtíortha is soláthróirí i gcomhréir lena sciar d'allmhairiú na dtáirgí lena mbaineann isteach san Aontas le linn tréimhse ionadaíche roimhe sin, agus aird chuí á tabhairt ar aon chúinse sonrach a d'fhéadfadh sé gur chuir sé isteach nó go bhfuil sé ag cur isteach ar an trádáil sa táirge.

Mar sin féin, ar choinníoll nach dtugtar neamhaird ar a oibleagáid féachaint chuige go ndéantar comhairliúcháin faoi choimirce Choiste um Choimircí an EDT, féadfaidh an tAontas imeacht ón modh leithdháilte sin i gcás mórdhíobhála má tá méadú tagtha ar allmhairithe de thionscnamh tíre is soláthróir amháin nó níos mó ar céatadán d'ardú é an méadú sin atá díréireach i ndáil leis an méadú iomlán ar allmhairithe den táirge lena mbaineann thar thréimhse ionadaíoch roimhe sin.

5.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart sin. I gcomhréir le hAirteagal 17, féadfaidh siad a bheith teoranta do réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

Mar sin féin, ní choiscfidh bearta den sórt sin scaoileadh táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta má tá na táirgí cheana féin ar a mbealach chuig an Aontas ar choinníoll nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú agus go bhfuil, i gcás na dtáirgí sin nach bhféadtar, de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 11, iad a chur i saorchúrsaíocht ach amháin le doiciméad faireacháin a thabhairt ar aird, an doiciméad sin ag gabháil leo dáiríre.

6.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), nó i gcás éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 3(4), laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón iarraidh sin a fháil.

Airteagal 16

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus le téarmaí Chaibidil III, bearta iomchuí a ghlacadh chun cosc a chur ar tháirge a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe chomh mór sin agus/nó ar théarmaí nó ar choinníollacha a bheidh ina gcúis, nó ag bagairt a bheith ina gcúis, le díobháil thromchúiseach do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí cosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leis.

Beidh feidhm ag Airteagal 15(2) go (5).

Airteagal 17

Más rud é gur léir, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 9 go príomha, go bhfuil na coinníollacha atá leagtha síos chun bearta a ghlacadh de bhun Airteagal 10 agus Airteagal 15 á gcomhlíonadh i réigiún amháin nó níos mó de chuid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, tar éis réitigh mhalartacha a scrúdú, cur i bhfeidhm beart faireacháin nó cosanta a bheidh teoranta don réigiún/do na réigiúin lena mbaineann a údarú go heisceachtúil má mheasann sé gurb oiriúnaí bearta den sórt sin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an leibhéal sin ná bearta a bheith á gcur i bhfeidhm ar fud an Aontais.

Ní mór na bearta sin a bheith sealadach agus a laghad suaite is féidir a dhéanamh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 10 agus Airteagal 15.

Airteagal 18

Ní chuirfear aon bheart cosanta i bhfeidhm ar tháirge de thionscnamh tíre i mbéal forbartha atá ina bhall de chuid EDT a fhad is nach mó ná 3 % sciar na tíre sin d'allmhairithe an Aontais den táirge lena mbaineann, ar choinníoll nach mó ná 9 % d'allmhairithe iomlána an Aontais den táirge lena mbaineann an sciar atá ag tíortha i mbéal forbartha a bhfuil sciar níos lú ná 3 % d'allmhairithe acu.

Airteagal 19

1.   Ní mór fad beart cosanta a bheith teoranta don tréimhse ama is gá chun cosc nó leigheas a chur ar mhórdhíobháil agus chun a éascú do tháirgeoirí an Aontais dul in oiriúint don chor. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná ceithre bliana, lena n-áirítear fad aon bhirt shealadaigh.

2.   Féadfar an tréimhse tosaigh sin a shíneadh, ach amháin i gcás na mbeart dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 15(4) ar choinníoll go gcinnfear an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil gá fós leis an mbeart cosanta chun cosc nó leigheas a chur ar mhórdhíobháil;

(b)

go bhfuil fianaise ann go bhfuil táirgeoirí an Aontais ag dul in oiriúint don chor.

3.   Glacfar síntí i gcomhréir le téarmaí Chaibidil III agus ag baint úsáid as na nósanna imeachta céanna leis na bearta tosaigh. Ní bheidh beart a shínfear ar an dóigh sin níos sriantaí ná mar a bhí sé ag deireadh na tréimhse tosaigh.

4.   Más faide an beart ná aon bhliain amháin, ní mór an beart a léirscaoileadh de réir a chéile go tráthrialta le linn na tréimhse feidhme, lena n-áirítear an tréimhse sínte.

5.   Ní bheidh tréimhse iomlán birt cosanta, lena n-áirítear tréimhse feidhme aon bheart sealadach, an tréimhse tosaigh feidhme agus aon iarchur a dhéanfaí uirthi, níos faide ná ocht mbliana.

Airteagal 20

1.   Fad a bhíonn aon bheart faireachais nó cosanta i bhfeidhm, ar beart é a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le Caibidil IV agus Caibidil V, féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ó Bhallstát nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, agus tráth nach déanaí ná lárphointe na tréimhse ina gcuirfear na bearta i bhfeidhm ar feadh os cionn trí bliana, na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

éifeachtaí an bhirt a scrúdú;

(b)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh an ceart luas an léirscaoileadh a bhrostú agus an dóigh is iomchuí a ndéanfaí sin;

(c)

déanamh amach an bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt sin fós riachtanach.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil cur i bhfeidhm an bhirt fós riachtanach, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas dá réir sin.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur cheart aon fhaireachas nó aon bheart cosanta dá dtagraítear in Airteagail 10, 12, 15, 16 agus 17 a chúlghairm nó a leasú, déanfaidh sé na bearta a chúlghairm nó a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

I gcás cinnidh a bhaineann le beart faireachais réigiúnaigh, beidh feidhm aige ón séú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

1.   I gcás ina raibh allmhairithe de tháirge faoi réir birt cosanta cheana, ní chuirfear aon bheart eile i bhfeidhm ar an táirge sin go dtí go mbeidh tréimhse darb ionann fad agus an beart roimhe sin istigh. Ní bheidh tréimhse den sórt sin níos giorra ná dhá bhliain.

2.   D'ainneoin mhír 1, féadfar beart cosanta 180 lá nó níos lú a fhorchur arís i gcás táirge:

(a)

má tá bliain amháin ar a laghad caite ón dáta a tugadh beart cosanta isteach maidir le hallmhairiú an táirge sin; agus

(b)

murar cuireadh beart cosanta i bhfeidhm ar an táirge céanna níos mó ná dhá uair le linn na tréimhse cúig bliana díreach roimh an dáta a tugadh an beart isteach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Nuair is gá sin chun leas an Aontais, féadfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a ghlacadh lena gcuirtear chun feidhme gníomhartha reachtacha, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3), chun go bhféadfar cearta agus oibleagáidí an Aontais nó a Bhallstát uile a fheidhmiú agus a chomhall ar an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe iad sin a bhaineann le trádáil i dtráchtearraí.

Airteagal 23

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (9).

Airteagal 24

1.   Ní choiscfidh an Rialachán seo comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as rialacha speisialta atá i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha.

2.   Gan dochar d'fhorálacha eile de chuid an Aontais, ní choiscfidh an Rialachán seo glacadh nó cur i bhfeidhm an méid seo a leanas ag na Ballstáit de:

(a)

toirmisc, srianta cainníochtúla ná bearta faireachais ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó leis an tslándáil phoiblí, le cosaint sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí, le cosaint seod náisiúnta ina bhfuil luach ealaíne, staire nó seandálaíoch, nó maoin tionscail agus tráchtála a chosaint;

(b)

foirmiúlachtaí speisialta a bhaineann le malairt eachtrach;

(c)

foirmiúlachtaí a tugadh isteach de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta nó na foirmiúlachtaí atá beartaithe acu a dtabhairt isteach nó a leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

I gcás fíorphráinne, cuirfear na bearta nó na foirmiúlachtaí náisiúnta atá i gceist in iúl don Choimisiún gan mhoill tar éis a nglactha.

Airteagal 25

1.   Beidh an Rialachán seo gan dochar d'fheidhmiú na n-ionstraimí lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta ná d'fheidhmiú forálacha riaracháin Aontais nó náisiúnta a dhíorthaítear astu ná d'fheidhmiú na n-ionstraimí sonracha is infheidhme maidir le hearraí ar toradh próiseála táirgí talmhaíochta iad. Beidh sé ag feidhmiú mar chomhlánú ar na hionstraimí sin.

2.   I gcás táirgí atá cumhdaithe ag na hionstraimí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 10 go hAirteagal 14 ná ag Airteagal 21 maidir leis táirgí sin a gceanglaítear ina leith i rialacha an Aontais maidir le trádáil le tríú tíortha ceadúnas nó doiciméad allmhairithe eile a thabhairt ar aird.

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 15, 17 agus 20 go 24 maidir leis na táirgí sin a bhforálann rialacha den sórt sin go gcuirfí srianta cainníochtúla ar allmhairiú i bhfeidhm ina leith.

Airteagal 26

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 260/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 27

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí (IO L 84, 31.3.2009, lch. 1).

(4)  Féach Iarscríbhinn II.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 517/94 ón gComhairle an 7 Márta 1994 maidir le comhrialacha d'allmhairí táirgí teicstíle ó thríú tíortha áirithe nach bhfuil cumhdaithe ag comhaontaithe déthaobhacha, prótacail ná comhshocraíochtaí eile, ná ag rialacha sonracha Comhphobail eile ar allmhairí (IO L 67, 10.3.1994, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 an 7 Iúil 2009 ón gComhairle maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Aontais (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).


IARSCRÍBHINN I

Image

Image

Image

Image


IARSCRÍBHINN II

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE MAR AON LEIS AN LEASÚ A RINNEADH AIR

Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle

(IO L 84, 31.3.2009, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 19 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin


IARSCRÍBHINN III

AN TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 260/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 4

Airteagal 3

Airteagal 5

Airteagal 4

Airteagal 6

Airteagal 5

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 10

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 17

Airteagal 19

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 21

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 23a

Airteagal 23

Airteagail 24 go 27

Airteagail 24 go 27

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III