4.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

56


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1144/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2014

maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (4), féadfaidh an tAontas bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chur chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha le haghaidh táirgí talmhaíochta agus a modhanna táirgthe agus le haghaidh táirgí bia áirithe atá déanta ar bhonn táirgí talmhaíochta.

(2)

I bhfianaise na taithí a fuarthas mar aon leis na forbairtí dóchúla san earnáil talmhaíochta agus sna margaí laistigh agus lasmuigh den Aontas, ba cheart an scéim a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 a athbhreithniú agus é a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 a aisghairm agus rialachán nua a chur ina ionad.

(3)

Is é cuspóir beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn den sórt sin iomaíochas earnáil talmhaíochta an Aontais a fheabhsú, agus ar an mbealach sin cothromas iomaíochta níos mó a chothú, sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha araon. Ar bhonn níos sonraí, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn go méadófaí feasacht na dtomhaltóirí maidir le fiúntais tháirgí talmhaíochta agus mhodhanna táirgthe an Aontais agus go méadófaí an fheasacht agus an t-aitheantas ar scéimeanna cáilíochta Aontais. Thairis sin, ba cheart go méadódh siad iomaíochas agus tomhaltas tháirgí talmhaíochta Aontais, go n-ardóidís a bpróifíl laistigh agus lasmuigh den Aontas agus go méadóidís sciar an mhargaidh do na táirgí sin, agus fócas speisialta ar na margaí sin i dtríú tíortha ag a bhfuil an acmhainn fáis is airde. I gcás ina mbeidh suaitheadh mór sa mhargadh, go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó go mbeidh fadhbanna sonracha eile ann, ba cheart go gcabhródh na bearta sin le gnáthdhálaí an mhargaidh a athshuíomh. Maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn den sórt sin, ba cheart go mbeidís, ar mhodh úsáideach, ina gcomhlánú agus ina dtreisiú ar na bearta cur chun feidhme ag na Ballstáit. Chun a gcuid cuspóirí a ghnóthú, ba cheart go leanfaí de bhearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chur chun feidhme laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

(4)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm freisin ag bearta barántúlacht tháirgí an Aontais a mhéadú ionas go bhfeabhsófaí feasacht na dtomhaltóirí ar cháilíochtaí táirgí barántúla i gcomparáid le táirgí cosúlachta agus góchumtha; rannchuideodh sé sin go mór leis an bhfeasacht laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha ar na siombailí, na tásca agus na giorrúcháin lena léirítear go bhfuiltear rannpháirteach sna scéimeanna cáilíochta Eorpacha a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(5)

Ar cheann de láidreachtaí an Aontais i dtáirgeadh bia tá éagsúlacht na dtáirgí agus na saintréithe suntasacha atá acu agus atá nasctha le limistéir gheografacha éagsúla agus le modhanna traidisiúnta éagsúla agus a sholáthraíonn blasanna uathúla a thugann an éagsúlacht agus an bharántúlacht atá á lorg ag tomhaltóirí níos minice anois laistigh den Aontas agus lasmuigh de.

(6)

Sa bhreis ar an bhfaisnéis maidir le gnéithe intreacha de tháirgí talmhaíochta agus bia an Aontais, d’fhéadfadh na bearta incháilithe freisin teachtaireachtaí atá áisiúil don tomhaltóir a chur in iúl, ag díriú isteach, inter alia, ar chothú, ar bhlas, ar thraidisiún, ar éagsúlacht agus ar chultúr.

(7)

Níor cheart go mbeadh na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn dírithe ar bhrandaí nó ar thionscnamh. Mar sin féin, chun cáilíocht agus éifeachtúlacht taispeántais, blaistí agus ábhar faisnéise agus cur chun cinn a fheabhsú, ba cheart go mbeadh sé indéanta brandaí tráchtála agus tionscnamh na dtáirgí a lua, ar choinníoll go n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus nach bhfuil na bearta dírithe ar thomhailt aon táirge ar leith a spreagadh ar fhoras a thionscnaimh, agus air sin amháin. Thairis sin, ba cheart go n-urramódh na bearta sin prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus níor cheart go mbeadh srianadh ar shaorghluaiseacht táirgí talmhaíochta agus bia, de shárú ar Airteagal 34 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), i gceist leo. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le hinfheictheacht brandaí agus tionscnaimh a mhéid a bhaineann leis an bpríomhtheachtaireacht Aontais atá i bhfeachtas.

(8)

Is táirgí talmhaíochta deiridh go príomha atá á n-onnmhairiú ag an Aontas, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta nach bhfuil ar áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn a oscailt suas chun go mbeadh ar áireamh orthu táirgí áirithe atá lasmuigh de raon feidhme Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE. Bheadh sé sin ag luí le scéimeanna eile den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT), amhail na scéimeanna cáilíochta Eorpacha, atá oscailte suas cheana do tháirgí den sórt sin.

(9)

Tá na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn den chuid an Aontais maidir le fíon ar cheann d’eochairbhearta na gclár cabhrach atá ar fáil d’earnáil an fhíona faoi CBT. Maidir le fíon, níor cheart go mbeadh faoi réir na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn ach fíon ag a bhfuil ainmníocht tionscnaimh nó ag a bhfuil stádas de thásc geografach faoi chosaint agus fíon ar a léirítear tásc den chineál fíonchaoire. I gcás clár simplí, ba cheart go gcumhdódh an clár atá i gceist táirge talmhaíochta nó bia eile freisin. Ar an gcaoi chéanna, forálann Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur chun cinn. Dá thoradh sin, ba cheart incháilitheacht na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe sa Rialachán (AE) sin, le haghaidh na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn dá bhforáiltear faoin scéim sin a theorannú go huile agus go hiomlán do tháirgí iascaigh agus dabharshaothraithe a bhaineann le táirge talmhaíochta nó bia eile.

(10)

Táirgí atá cumhdaithe ag scéimeanna cáilíochta Aontais agus ag scéimeanna cáilíochta a aithnítear sna Ballstáit, ba cheart go mbeidís incháilithe le haghaidh beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn mar go dtugann scéimeanna den sórt sin dearbhuithe do thomhaltóirí maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge nó an phróisis táirgthe a bhíonn in úsáid, go ngnóthaíonn siad breisluach do na táirgí i dtrácht agus go bhfeabhsaíonn siad deiseanna sa mhargadh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart go mbeadh an modh orgánach táirgthe, mar aon leis an lógó do tháirgí sonracha talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí incháilithe le haghaidh beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn.

(11)

Le linn na tréimhse 2001-11, ní dhearnadh ach 30 % ar éigean den bhuiséad a bhí leagtha amach do bhearta um sholáthar faisnéise agus do bhearta cur chun cinn faoi Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 a chaitheamh ar bhearta a bhí dírithe ar mhargaí tríú tíortha, cé go bhfuil acmhainn mhór fáis sna margaí sin. Tá gá dá bhrí sin le socruithe chun líon níos mó beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta Aontais i dtríú tíortha a spreagadh, go háirithe trí thacaíocht airgeadais mhéadaithe achur ar fáil.

(12)

Chun éifeachtúlacht na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn a chuirtear cur chun feidhme a ráthú, ba cheart iad a fhorbairt i gcomhthéacs clár faisnéise agus cur chun feidhme. Go dtí seo, is eagraíochtaí trádála agus/nó eagraíochtaí idirthrádála a rinne cláir den sórt sin a thíolacadh. Chun líon na mbeart a mholtar a mhéadú agus chun cáilíocht na mbeart sin a fheabhsú, ba cheart raon na dtairbhithe a leathnú amach ionas go mbeadh ar áireamh ann eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcuid comhlachas, grúpaí agus comhlachtaí de chuid na hearnála agraibhia arb é a gcuspóir agus a ngníomhaíocht é faisnéis a sholáthar maidir le táirgí talmhaíochta agus táirgeadh na dtáírgí talmhaíochta a chur chun cinn.

(13)

Ba cheart go léireofaí gné shonrach Aontais leis na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn a bhíonn á gcómhaoiniú ag an Aontas. Chuige sin, agus chun scaipeadh acmhainní a sheachaint agus chun infheictheacht na hEorpa a mhéadú trí na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn sin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia áirithe, is gá clár oibre a bhunú lena saineofar tosaíochtaí straitéiseacha do na bearta sin maidir le pobail, táirgí, scéimeanna nó margaí a bhfuiltear le díriú orthu, agus le cineál na dteachtaireachtaí faisnéise agus cur chun cinn atá le craobhscaoileadh. Ba cheart an clár a fhorbairt ar bhonn na gcuspóirí ginearálta agus na gcuspóirí sonracha a bhunaítear faoin Rialachán seo agus ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh na féidearthachtaí atá sna margaí agus an gá atá le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag Ballstáit agus ag oibreoirí, ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha araon, a chomhlánú agus a threisiú chun beartas comhchuí cur chun cinn agus faisnéise a áirithiú. Chuige sin, nuair a bheidh an clár sin á cheapadh, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha.

(14)

Ba cheart go bhforálfadh an clár oibre, i measc nithe eile, do shocruithe sonracha chun freagairt i gcás ina dtarlóidh suaitheadh mór ar an margadh, i gcás ina gcaillfear muinín an tomhaltóra nó i gcás fadhbanna sonracha eile. Sa bhreis air sin, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an bhfíoras gur fiontair bheaga agus mheánmhéide iad formhór na bhfiontar san earnáil agraibhia, ar earnáil í a thairbhíonn de bhearta eisceachtúla dá bhforáiltear in Airteagal 219, Airteagal 220 agus Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus, maidir le bearta atá dírithe ar thríú tíortha, de chomhaontuithe saorthrádála a thagann faoi raon feidhme chomhbheartas thráchtála an Aontais. Nuair a bheidh an clár sin á cheapadh, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na míbhuntáistí atá ag ceantair sléibhtiúla, ag na hoileáin agus ag na réigiúin is forimeallaí den Aontas.

(15)

Chun a áirithiú go ndéanfar bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chur chun feidhme go héifeachtach, ba cheart iad a chur ar iontaoibh comhlachtaí feidhmiúcháin a roghnaítear trí nós imeachta iomaíoch. Mar sin féin, i gcásanna cuí-réasúnaithe ba cheart go mbeadh an deis ag eagraíochtaí tairisceana codanna áirithe dá gclár a chur chun feidhme go díreach.

(16)

Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann bearta faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh ar a thionscnamh féin, lena n-áirítear misin ardleibhéil, go háirithe d’fhonn rannchuidiú le margaí nua a oscailt suas. Ba cheart freisin go mbeadh an Coimisiún in ann a chuid feachtais féin a sheoladh chun freagairt phras agus éifeachtach a thabhairt sa chás go dtarlóidh suaitheadh mór sa mhargadh nó go gcaillfear muinín an tomhaltóra. Más gá, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún athbhreithniú ar a chuid tionscnamh féin lena mbeartaítear feachtais den sórt sin a chur chun feidhme. Leithreasaí a leithdháiltear chuig cláir shimplí nó ilchláir maidir le faisnéis agus cur chun cinn, ar cláir iad atá ann cheana, níor cheart iad a laghdú sa chás go ndéanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht faoi na himthosca sin.

(17)

Chomh maith leis na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn, ní mór don Choimisiún seirbhísí teicniúla tacaíochta a fhorbairt agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus é mar aidhm leis an méid sin cuidiú leis na hoibreoirí páirt a ghlacadh i gcláir chómhaoinithe, feachtais éifeachtacha a sheoladh nó a ngníomhaíochtaí onnmhairithe a fhorbairt. Ba cheart, go háirithe, go n-áireofaí ar na seirbhísí sin treoirlínte a sholáthar chun cuidiú le tairbhithe ionchasacha na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an mbeartas sin a chomhlíonadh.

(18)

Tarlaíonn sé amanna go ndéanann an iomaíocht ó tháirgí cosúlachta agus góchumtha díobháil d’iarrachtaí táirgí Aontais a chur chun cinn ar mhargaí tríú tíortha. Bheadh ar áireamh sna seirbhísí tacaíochta teicniúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún, comhairle don earnáil maidir le táirgí Aontais a chosaint ó chleachtais chosúlachta agus góchumtha.

(19)

Is tosaíocht thábhachtach don Aontas é simpliú a dhéanamh ar thimpeallacht rialála CBT. Ba cheart cur chuige den sórt sin a chur i bhfeidhm freisin ar an Rialachán seo maidir le bearta faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta. Go háirithe, ba cheart na prionsabail maidir le bainistiú riaracháin na gclár faisnéise agus cur chun cinn a athbhreithniú agus é mar aidhm leis an méid sin iad a shimpliú agus a chur ar chumas an Choimisiúin rialacha agus nósanna imeachta a bhunú is infheidhme maidir le cur isteach, meastóireacht agus roghnú moltaí do chláir. Ba cheart don Choimisiún, áfach, a áirithiú go bhfaigheann Ballstáit faisnéis thráthúil maidir le gach clár a mholtar agus a roghnaítear. Ba cheart go mbeadh ar áireamh san fhaisnéis sin, go háirithe, an líon moltaí a fuarthas, na Ballstáit agus na hearnálacha lena mbaineann, agus toradh mheastóireacht na moltaí sin.

(20)

Rannchuidíonn an comhar idir gníomhairí eacnamaíocha as Ballstáit éagsúla go mór le méadú an bhreisluacha Aontais agus le haird a dhíriú ar éagsúlacht tháirgí talmhaíochta Aontais. D’ainneoin gur tugadh tosaíocht do chláir a ndearna eagraíochtaí tairisceana i mBallstáit éagsúla iad a fhorbairt go comhpháirteach, níorbh ionann cláir den sórt sin ach 16 % den bhuiséad a bhí curtha i leataobh do bhearta um sholáthar faisnéise agus do bhearta cur chun cinn le linn na tréimhse 2001-11. Dá thoradh sin, ba cheart socruithe nua a thabhairt isteach, go háirithe maidir le bainistiú ilchlár chun teacht thar na constaicí atá ar a gcur chun feidhme faoi láthair.

(21)

Ba cheart rialacha maoinithe a leagan síos. Mar riail ghinearálta, chun a áirithiú go nglacfaidh na heagraíochtaí tairisceana leasmhara a sciar de na freagrachtaí, níor cheart don Aontas ach cuid de chostais na gclár a chumhdach. Tá costais áirithe riaracháin agus phearsanra, nach bhfuil nasctha le cur chun feidhme CBT, ina gcuid dhílis, áfach, de na bearta um sholáthar faisnéise agus de na bearta cur chun cinn agus ba cheart go mbeidís incháilithe do chistiú ón Aontas.

(22)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar gach beart chun a cháilíocht a fheabhsú agus chun a bhfuil á ghnóthú aige a léiriú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart liosta táscairí a chinneadh agus tionchar an bheartais chur chun cinn a mheasúnú i dtaca lena chuspóirí straitéiseacha. Ba cheart go mbunódh an Coimisiún creat faireacháin agus meastóireachta don bheartas sin a bheadh ar comhréir le comhchreat faireacháin agus meastóireachta CBT.

(23)

Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Ba cheart go gcumhdódh an cumhachtú sin, forlíonadh a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, na critéir chun incháilitheacht na n-eagraíochtaí tairisceana a chinneadh, na coinníollacha a rialaíonn an nós imeachta iomaíoch chun comhlachtaí cur chun feidhme a roghnú, na coinníollacha sonracha maidir le hincháilitheacht i dtaca le cláir shimplí; costais na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn agus costais riaracháín agus foirne agus forálacha chun an trasdul ó Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 go dtí an Rialachán seo a éascú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le rialacha mionsonraithe maidir le hinfheictheacht brandaí tráchtála le linn taispeántais nó blaiste táirge agus ar ábhar faisnéise agus cur chun cinn agus le hinfheictheacht thionscnamh na dtáirgí ar ábhar faisnéise agus cur chun cinn; i dtaca leis na cláir oibre bhliantúla; le roghnú na gclár simplí; le rialacha mionsonraithe faoina bhféadfar an eagraíocht tairisceana a údarú chun codanna áirithe de chlár simplí a chur chun feidhme í féin; leis na socruithe chun na cláir shimplí a chur chun feidhme, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a rialú; leis na rialacha a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ar mhaithe le cur chun feidhme na gclár simplí i gcomhréir leis an Rialachán seo; agus leis an gcomhchreat measúnaithe tionchair do chláir chomh maith le córas táscairí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(25)

Ós rud é, i bhfianaise na nasc atá ann idir an beartas cur chun cinn agus ionstraimí eile de CBT, agus ráthaíocht ilbhliantúil an chistithe ón Aontas mar aon lena dhíriú ar thosaíochtaí atá sainithe go soiléir á gcur san áireamh, nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal an Aontais agus gurb éifeachtaí is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis na coinníollacha seo na coinníollacha faoina bhféadfar bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus táirgí áirithe bia a dhéantar ar bhonn táirgí talmhaíochta agus a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach nó i dtríú tíortha (“bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn”), féadfar iad a mhaoiniú as buiséad an Aontais, go hiomlán nó go páirteach.

Airteagal 2

Cuspóirí ginearálta agus sonracha na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn

1.   Is é an cuspóir ginearálta atá leis na bearta um sholáthar faisnéise agus leis na bearta cur chun cinn ná iomaíochas in earnáil talmhaíochta an Aontais a fheabhsú.

2.   Is iad na cuspóirí sonracha atá le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn:

(a)

feasacht a mhéadú maidir le fiúntais táirgí talmhaíochta AE agus leis na caighdeáin arda is infheidhme maidir le modhanna táirgthe in AE;

(b)

iomaíochas agus tomhailt táirgí talmhaíochta agus táirgí áirithe bia de chuid AE a mhéadú agus a bpróifíl a ardú laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

(c)

feasacht agus aitheantas i ndáil le scéimeanna cáilíochta an Aontais a mhéadú;

(d)

sciar an mhargaidh de tháirgí talmhaíochta agus de tháirgí áirithe bia de chuid AE a mhéadú, agus fócas sonrach ar na margaí sin i dtríú tíortha ag a bhfuil an acmhainn fáis is airde;

(e)

gnáthdhálaí an mhargaidh a athshuíomh sa chás ina dtarlóidh suaitheadh mór ar an margadh, go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó ina dtarlóidh fadhbanna sonracha eile.

Airteagal 3

Cur síos ar bhearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn

Beidh na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 1 dírithe ar an méid seo a leanas:

(a)

béim a leagan ar ghnéithe sonracha de mhodhanna táirgthe talmhaíochta an Aontais, go háirithe maidir le sábháilteacht bia, inrianaitheacht, barántúlacht, lipéadú, gnéithe a bhaineann le cothú agus sláinte, leas ainmhithe, urraim don chomhshaol agus inbhuanaitheacht, agus freisin ar shaintréithe táirgí talmhaíochta agus bia, go háirithe ó thaobh cáilíochta, blais, éagsúlachta nó traidisiún de;

(b)

feasacht a mhéadú maidir lena bharántúla atá sonrúcháin tionscnaimh Eorpacha faoi chosaint, tásca geografacha faoi chosaint agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.

Is obair chaidrimh phoiblí agus feachtais faisnéise, go sonrach, a bheidh sna bearta sin agus d’fhéadfadh siad freisin a bheith i bhfoirm rannpháirtíochta in imeachtaí, aontaí agus taispeántais a bhfuil tábhacht náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta leo.

Airteagal 4

Saintréithe na mbeart

1.   Ní bheidh bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn dírithe ar bhrandaí. Mar sin féin, féadfaidh brandaí tráchtála bheith infheicthe le linn taispeántais nó blaiste táirgí agus ar an ábhar faisnéise agus cur chun cinn, ar choinníoll go ndéantar prionsabal an neamh-idirdhealaithe a urramú agus nach n-athraítear nádúr foriomlán na mbeart sa mhéid agus nach féidir leo a bheith dírithe ar bhrandaí. Beidh feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe ó thaobh cóir agus rochtain comhionann a áirithiú do na brandaí uile atá ag eagraíochtaí tairisceana agus ó thaobh cóir chomhionann a áirithiú idir Ballstáit. Beidh gach branda chomh hinfheicthe céanna agus beidh taispeáint ghrafach na mbrandaí sin i bhformáid níos lú ná an fhormáid atá i bpríomhtheachtaireacht feachtais AE. Beidh roinnt brandaí éagsúla ar taispeáint, ach amháin in imthosca cuí-réasúnaithe a bhaineann le staid shonrach an Bhallstáit lena mbaineann.

2.   Ní bheidh bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn dírithe ar bhrandaí. Ní bheidh na bearta sin dírithe ar dhaoine a spreagadh chun táirge ar leith a thomhailt agus gan d’fhoras leis an spreagadh sin ach tionscnamh an táirge. Dá ainneoin sin, féadfaidh tionscnamh na dtáirgí a bheith infheicthe ar an ábhar faisnéise agus cur chun cinn, faoi réir na rialacha seo a leanas:

(a)

sa mhargadh inmheánach, is in ord tánaisteach a bheidh lua an tionscnaimh i gcomparáid le príomhtheachtaireacht feachtais AE;

(b)

i dtríú tíortha, féadfaidh lua an tionscnaimh a bheith ar an leibhéal céanna le príomhtheachtaireacht feachtais AE;

(c)

le haghaidh táirgí a aithnítear faoi na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(4), féadfar an tionscnamh, faoi mar atá sé cláraithe sa sonrúchán, a lua gan aon srianadh a bheith air.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonracha a leagan síos a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

infheictheacht brandaí tráchtála le linn taispeántas nó blaistí agus ar an ábhar faisnéise agus cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1, agus maidir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina bhféadfar branda aonair a chur ar taispeáint; agus,

(b)

infheictheacht thionscnamh na dtáirgí ar ábhar faisnéise agus cur chun cinn, dá dtagraítear i mír 2.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)

Airteagal 5

Táirgí agus scéimeanna incháilithe

1.   Féadfaidh na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn na táirgí seo a leanas a chumhdach:

(a)

na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE, seachas tobac;

(b)

na tairgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

deochanna biotáilleacha ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint de bhun Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   D’fhonn forbairtí sa mhargadh a chur san áireamh cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22, lena bhforlíontar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo trí tháirgí bia a chur leis an liosta sin.

3.   D’ainneoin mhír 1:

(a)

is fíon ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó ag a bhfuil stádas de thásc geografach faoi chosaint mar aon le fíon ar a léirítear tásc den chineál fíonchaoire, agus na fíonta sin amháin, a fhéadfaidh a bheith cumhdaithe ag na bearta um sholáthar faisnéise agus na bearta cur chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 1. I gcás na gclár simplí dá dtagraítear in Airteagal 6(3), ní mór go gcuimseofar freisin sa chlár atá i gceist táirgí eile dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1;

(b)

i gcás deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, agus i gcás fíona amhail dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo agus i gcás beorach, beidh bearta atá dírithe ar an margadh inmheánach teoranta do thomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis na scéimeanna a leagtar amach i mír 4 agus maidir le tomhailt fhreagrach na ndeochanna sin;

(c)

de mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 a bheith faoi réir beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn ar choinníoll go bhfuil táirgí eile da dtagraítear i mír 1 cuimsithe ag an gclár atá i gceist.

4.   Féadfaidh na scéimeanna seo a leanas a bheith faoi réir beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 1:

(a)

na scéimeanna cáilíochta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus le hAirteagal 93 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b)

an modh orgánach táirgthe, mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (11);

(c)

lógónna na dtáirgí sonracha talmhaíochta ar cháilíocht mhaith ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas, amhail dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(d)

na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

CAIBIDIL II

BEARTA UM SHOLÁTHAR FAISNÉISE AGUS BEARTA CUR CHUN CINN A CHUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 6

Cineálacha gníomhaíochtaí

1.   Déanfar bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chur chun feidhme faoi chuimsiú na nithe seo a leanas:

(a)

cláir faisnéise agus cur chun cinn (dá ngairtear “cláir” anseo feasta) agus

(b)

na bearta ar thionscnaimh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 9.

2.   Beidh cláir comhdhéanta de shraith chomhleanúnach oibríochtaí agus déanfar iad a chur chun feidhme thar thréimhse de bhliain amháin ar a laghad ach gan an tréimhse sin a bheith níos mó ná trí bliana.

3.   Maidir le cláir shimplí a bhfuil mionsonraí breise ina leith curtha ar fáil i Roinn 2 den Chaibidil seo, féadfaidh ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí tairisceana, dá dtagraítear i bpointí (a), (c) nó (d) d’Airteagal 7(1), arb as an mBallstát ceannann céanna dóibh, iad a thíolacadh.

4.   Maidir le hilchláir a bhfuil sonraí breise ina leith curtha ar fáil i Roinn 3 den Chaibidil seo, féadfar iad a thíolacadh ag:

(a)

dhá eagraíocht tairisceana éagsúil ar a laghad dá dtagraítear i bpointí (a), (c) nó (d) d’Airteagal 7(1), arb as ar a laghad dhá Bhallstát dóibh; nó

(b)

ceann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Aontais, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(1).

Airteagal 7

Na heagraíochtaí tairisceana

1.   Is iad seo na heagraíochtaí a fhéadfaidh clár a thairiscint:

(a)

eagraíochtaí trádála nó idirthrádála atá bunaithe i mBallstát agus atá ionadaíoch ar an earnáil nó ar na hearnálacha lena mbaineann sa Bhallstát sin, agus go háirithe na heagraíochtaí idirchraoibhe amhail dá dtagraítear in Airteagal 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus grúpaí mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ar choiníoll go bhfuil siad ionadaíoch le haghaidh ainm atá cosanta faoin Rialachán sin is déanaí sin atá cumhdaithe ag an gclár sin;

(b)

eagraíochtaí trádála nó idirthrádála de chuid an Aontais atá ionadaíoch ar an earnáil nó ar na hearnálacha lena mbaineann ar leibhéal an Aontais;

(c)

eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, amhail dá dtagraítear in Airteagal 152 agus in Airteagal 156 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus atá aitheanta ag Ballstát;

(d)

comhlachtaí as an earnáil agraibhia arb é a gcuspóir agus a ngníomhaíocht é faisnéis a sholáthar i dtaobh táirgí talmhaíochta, agus na táirgí sin a chur chun cinn, agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí atá sainithe go soiléir maidir leis an réimse sin curtha ar a n-iontaoibh ag an mBallstát lena mbaineann; ní mór go mbeadh na comhlachtaí sin bunaithe go dlíthiúil sa Bhallstát atá i gceist le dhá bhliain ar a laghad roimh dháta an ghlao ar thairiscintí dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22, lena leagtar amach na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh gach ceann de na heagraíochtaí, grúpaí agus comhlachtaí tairisceana dá dtagraítear i mír 1 clár a thíolacadh. Ráthófar leis na coinníollacha sin, go háirithe, go bhfuil na heagraíochtaí, grúpaí agus comhlachtaí sin ionadaíoch agus go bhfuil scála suntasach ag roinnt leis an gclár.

Airteagal 8

Clár oibre bliantúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún,gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos le haghaidh gach bliain, clár oibre bliantúil ina leagfar amach na cuspóirí oibríochtúla atá le saothrú, na tosaíochtaí oibríochtúla, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, an modh cur chun feidhme agus méid iomlán an phlean maoinithe. Leis an gclár oibre bliantúil sin, agus go háirithe lena thosaíochtaí oibríochtúla, déanfar na cuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh. Go háirithe, forálfaidh an clár do shocruithe sealadacha sonracha chun freagairt i gcás ina mbeidh suaitheadh mór sa mhargadh, ina gcaillfear muinín an tomhaltóra nó ina dtarlóidh fadhbanna sonracha eile amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2). Beidh ann freisin na príomhchritéir meastóireachta, tuairisc ar na bearta atá le maoiniú, léiriú ar na méideanna a leithdháilfear ar gach cineál birt, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus, i gcás deontas, ráta uasta de ranníocaíocht airgeadais an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Déanfar an clár oibre dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, do chláir shimplí agus d’ilchláir, trí ghlaonna ar thairsicintí a fhoilsiú ag an gCoimisiún, i gcomhréir le Teideal VI de Chuid I de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

Airteagal 9

Bearta ar thionscnamh an Choimisiún

1.   Féadfaidh an Coimisiún bearta faisnéise agus cur chun cinn a dhéanamh ar an gcaoi a dtugtar tuairisc air in Airteagal 3, lena n-áirítear feachtais sa chás go dtarlóidh suaitheadh mór ar an margadh, go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó go dtarlóidh fadhbanna sonracha eile dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2). Féadfaidh na bearta sin, go háirithe, a bheith I bhfoirm misean ardleibhéal, a bheith i bhfoirm rannpháirteachais in aontaí tráchtála agus i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo trí bhíthin seastán nó le hoibríochtaí atá dírithe ar íomhá tháirgí an Aontais a fheabhsú.

2.   Forbróidh an Coimisiún seirbhísí tacaíochta teicniúla, go háirithe d’fhonn:

(a)

feasacht ar na margaí éagsúla a spreagadh, lena n-áirítear trí bhíthin cruinnithe taiscéalaíochta gnó;

(b)

líonra gairmiúil dinimiciúil a bhaineann le beartas faisnéise agus cur chun cinn a choinneáil ar bun, lena n-áirítear comhairle a chur ar fáil don earnáil i ndáil leis an mbagairt ó tháirgí cosúlachta agus góchumtha i dtríú tíortha; agus

(c)

feabhas a chur ar an eolas ar rialacha an Aontais a bhaineann le cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Airteagal 10

Toirmeasc ar chistiú dúbailte

Maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a fhaigheann cistiú ón Aontas faon Rialachán seo, ní bheidh siad faoi réir aon mhaoiniú eile faoi bhuiséad an Aontais.

ROINN 2

Cláir shimplí a chur chun feidhme agus a bhainistiú

Airteagal 11

Cláir shimplí a roghnú

1.   Déanfaidh an Coimisiún tograí le haghaidh clár simplí a mheas agus a roghnú tar éis an ghlao ar thairiscintí dá dtagraítear in Airteagal 8(2). Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 lena leagtar síos na coinníollacha sonracha le haghaidh incháilitheachta i dtaca le cláir shimplí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir leis na cláir shimplí a roghnaíodh, le haon athruithe a bheidh le déanamh orthu agus leis na buiséid chomhfhreagracha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 12

Faisnéis maidir le roghnú na gclár simplí

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis thráthúil maidir leis na cláir ar fad a mholtar nó a roghnaítear ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 23, agus ar an gcaoi sin do na Ballstáit.

Gan dochar do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, an méid seo a leanas a chur ar fáil:

(a)

faisnéis maidir le líon na dtograí a bheidh faighte, na Ballstáit ina bhfuil na heagraíochtaí tairisceana bunaithe, na hearnálacha atá i gceist, agus an margadh nó na margaí a bhfuiltear ag díriú orthu;

(b)

faisnéis maidir le toradh na meastóireachta ar na tairiscintí agus tuairisc achomair air sin.

Airteagal 13

Comhlachtaí atá freagrach as cláir shimplí a chur chun feidhme

1.   Tar éis nós imeachta iomaíoch a bheith déanta go cuí, roghnóidh an eagraíocht tairisceana na comhlachtaí a dhéanfaidh cláir shimplí a bheidh roghnaithe a chur chun feidhme, d’fhonn, go háirithe, a áirithiú go ndéantar bearta a chur chun feidhme go héifeachtach.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 22, lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear an nós imeachta iomaíoch chun na comhlachtaí cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a roghnú.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh eagraíocht tairisceana codanna áirithe de chlár a chur chun feidhme í féin, faoi réir na gcoinníollacha a bhaineann le taithí na heagraíochta tairisceana i gcur chun feidhme bearta den sórt sin, faoi réir chostas bearta den sórt sin i ndáil le gnáthrátaí an mhargaidh agus faoi réir sciar an chostais iomláin a ghabhann leis an gcuid den chlár atá á chur chun feidhme ag an eagraíocht tairisceana.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe ar fúthu a fhéadtar an eagraíocht tairisceana a údarú chun codanna áirithe den chlár a chur chun feidhme í fein. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 14

Cláir shimplí a chur chun feidhme, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a rialú

1.   Beidh na Ballstáit lena mbaineann freagrach as cláir shimplí a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 a chur chun feidhme agus as na híocaíochtaí ábhartha. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ábhar faisnéise agus cur chun cinn arna tháirgeadh i gcomhthéacs na gclár sin ag comhlíonadh dlí an Aontais.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos na socruithe maidir le cur chun feidhme ar na rialacha a bhaineann le tabhairt i gcrích na gconarthaí chun na cláir shimplí a roghnaíodh faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, agus le faireachán a dhéanamh orthu agus rialú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cláir shimplí a chur chun feidhme, agus déanfaidh siad faireachán orthu, agus rialóidh siad iad, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme atá le glacadh de bhun mhír 1

Airteagal 15

Forálacha airgeadais a bhaineann le cláir shimplí

1.   Is é a bheidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais chuig cláir shimplí sa mhargadh inmheánach ná 70 % den chaiteachas incháilithe. Is é a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais chuig cláir shimplí i dtríú tíortha ná 80 % den chaiteachas incháilithe. Is iad na heagraíochtaí tairisceana, agus iadsan amháin, a sheasfaidh an chuid eile den chaiteachas.

2.   Méadófar an céatadáin dá dtagraítear i mír 1 suas go 85 % i gcás ina mbeidh suaitheadh mór sa mhargadh, go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó gur ann d’fhadhbanna sonracha eile dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2).

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, maidir le heagraíochtaí tairisceana atá bunaithe i mBallstáit agus a fhaigheann cúnamh airgeadais an nó i ndiaidh an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE, is é 75 % agus 85 % faoi seach a bheidh sna céatadáin dá dtagraítear i mír 1 agus is é 90 % a bheidh sa chéatadán dá dtagraítear i mír 2.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir leis na cláir sin a ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh ina leith roimh an dáta arb é an dáta é nach bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann cúnamh airgeadais a thuilleadh.

4.   Maidir le staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí beart um sholáthar faisnéise agus beart cur chun cinn a dhéantar i gcomhréir leis an gcomhchreat dá dtagraítear in Airteagal 25, beidh siad incháilithe do mhaoiniú ón Aontas faoi dhálaí atá comhchosúil leis na dálaí lena rialaítear an clár simplí atá i gceist.

5.   Déanfaidh an tAontas maoiniú iomlán ar tháillí saineolaithe atá nasctha le roghnú na gclár de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

6.   Chun a áirithiú go ndéanfar cláir shimplí a chur chun feidhme go cuí, cuirfidh na heagraíochtaí tairisceana ráthaíochtaí ar fáil.

7.   Maoineoidh an tAontas bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chuirtear chun feidhme ar bhonn clár simplí de bhun phointe (c) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

8.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 22, a bhaineann leis na coinníollacha sonracha faoina bhfuil costais na mbeart um sholáthar faisnéise agus na mbeart cur chun cinn, agus, i gcás inar gá sin, na costais riaracháín agus foirne, incháilithe le haghaidh chistiú ón Aontas.

ROINN 3

Ilchláir agus bearta arna gcur chun feidhme ar thionscnamh an choimisiúin a chur chun feidhme agus a bhainistiú

Airteagal 16

Cineálacha maoinithe

1.   Féadfaidh an maoiniú a bheith i gceann amháin nó níos mó de na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, lena n-áirítear:

(a)

deontais d’ilchláir;

(b)

conarthaí do na bearta a chuirtear chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiúin.

2.   Maoineoidh an tAontas bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a chuirtear chun feidhme ar bhonn ilchlár nó ar thionscnamh an Choimisiúin de bhun phointe (a) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 17

Meastóireacht ar na hilchláir

Maidir leis na tograí le haghaidh ilchlár, déanfar meastóireacht orthu, agus déanfar iad a roghnú, ar bhonn na gcritéar a bheidh fógartha sa ghlao ar thairiscintí dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

Airteagal 18

Faisnéis maidir le cur chun feidhme na n-ilchlár

Cuirfidh an Coimisiún faisnéis thráthúil maidir leis na cláir ar fad a mholtar nó a roghnaítear ar fáil don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 23, agus, ar an gcaoi sin, do na Ballstáit.

Airteagal 19

Forálacha airgeadais a bhaineann le hilchláir

1.   Is é a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais le hilchláir ná 80 % den chaiteachas incháilithe. Is iad na heagraíochtaí tairisceana, agus iadsan amháin, a sheasfaidh an chuid eile den chaiteachas.

2.   Méadófar an céatadán dá dtagraítear i mír 1 suas go 85 % i gcás ina mbeidh suaitheadh mór sa mhargadh, go gcaillfear muinín an tomhaltóra nó gur ann d’fhadhbanna sonracha eile dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 2(2).

3.   De mhaolú ar mhír 1 agus ar mhír 2, maidir le heagraíochtaí tairisceana atá bunaithe i mBallstáit agus a bhfuil cúnamh airgeadais á fháil acu an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 136 agus le hAirteagal 143 CFAE, is 85 % agus 90 % faoi seach a bheidh sna céatadáin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir leis na cláir sin a ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh ina leith roimh an dáta arb é an dáta é nach bhfaighidh an Ballstát lena mbaineann cúnamh airgeadais a thuilleadh.

Airteagal 20

Soláthar a mhéid a bhaineann le bearta a chuirtear chun feidhme ar thionscnamh an Choimisiún

Aon soláthar a dhéanann an Coimisiún ina ainm féin nó i gcomhpháirt leis na Ballstáit, beidh sé faoi réir na rialacha maidir le soláthar a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún (16).

Airteagal 21

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a bheidh á maoiniú faoin Roinn seo chun feidhme, go ndéanfar leas airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillitheachta nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a ghearradh.

2.   Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (18) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistí an Aontais.

4.   Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as cur chun feidhme cláir faoin Rialachán seo ar forálacha iad lena gcumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d’OLAF na hiniúchtaí sin agus na himscrúduithe sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

ROINN 1

Cumhachtaí a tharmligean agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), in Airteagal 7(2), in Airteagal 11(1), in Airteagal 13(1), in Airteagal 15(8) agus in Airteagal 29(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 24 Samhain 2014. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), in Airteagal 7(2), in Airteagal 11(1), in Airteagal 13(1), in Airteagal 15(8) agus in Airteagal 29(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 23

Coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, arna bhunú le hAirteagal 229 de Rialachán (CE) Uimh. 1308/2013 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

ROINN 2

Comhairliúchán, measúnú agus tuairisciú

Airteagal 24

Comhairliúchán

I gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa idirphlé shibhialta maidir le cáilíocht agus cur chun cinn arna bhunú de bhun Chinneadh 2013/767/AE ón gCoimisiún (19).

Airteagal 25

Comhchreat chun measúnú a dhéanamh ar thionchar beart

I gcomhréir leis an gcreat coiteann faireacháin agus meastóireachta don Chomhbheartas Talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos an comhchreat chun measúnú a dhéanamh ar thionchar na gclár faisnéise agus cur chun cinn a mhaoineofar faoin Rialachán seo, mar aon le córas táscairí, a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Tabharfaidh na páirtithe leasmhara uile don Choimisiún na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá chun gur féidir tionchar na mbeart a mheasúnú.

Airteagal 26

Tuarascáil

1.   Faoin 31 Nollaig 2018, tíolacfaidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil eatramhach maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar sa tuarascáil eatramhach sin an ráta rannpháirtíochta sna Ballstáit éagsúla, maille le haon tograí is iomchuí.

2.   Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maille le haon tograí is iomchuí.

ROINN 3

Státchabhair, aisghairm, forálacha idirthréimhseacha, agus teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Airteagal 27

Státchabhair

I gcás clár atá incháilithe le haghaidh thacaíocht Aontais atá roghnaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo agus de mhaolú ar Airteagal 211(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 (20) agus, ina theannta sin, de bhua na chéad mhíre d’Airteagal 42 CFAE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 ná ag Airteagal 109 CFAE maidir le híocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhlíonadh a fhorálacha, ná ní bheidh feidhm acu maidir le ranníocaíochtaí airgeadais as táillí paraifhioscacha, as ranníocaíochtaí éigeantacha nó as ionstraimí airgeadais eile, i gcás na gclár atá incháilithe do thacaíocht ón Aontas agus atá roghnaithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 28

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 3/2008.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 29

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 d’fheidhm a bheith aige maidir leis na bearta faisnéise agus cur chun cinn sin a mbeidh cinneadh déanta ag an gCoimisiún i leith a chisithe roimh an 1 Nollaig 2015.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 chun trasdul rianúil idir cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 30

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DELLA VEDOVA


(1)  Tuairim an 30 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 2 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil), cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2014.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle an 17 Nollaig 2007 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn le haghaidh táirgí talmhaíochta ar an margadh inmheánach agus i dtríú tíortha (IO L 3, 5.1.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 an 28 Meitheamh 2007 ón gComhairle maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánachaagus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComahirle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(14)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

(16)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(18)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an mball a dhéanfaidh an Coimisiún d’fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(19)  Cinneadh 2013/767/AE ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 lena gcuirtear ar bun creat d’idirphlé sibhialta in ábhair arna gcumhdach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/391/CE (IO L 338, 17.12.2013, lch. 115).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle an 24 Iúil 2006 lena ndéantar rialacha áirithe iomaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe talmhaíochta a tháirgeadh agus maidir leis na táirgí sin a thrádáil (IO L 214, 4.8.2006, lch. 7).


IARSCRÍBHINN I

Táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) d’airteagal 5(1)

(a)

beoir,

(b)

seacláid agus táirgí díorthaithe,

(c)

arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara,

(d)

deochanna a dhéantar as eastóscáin phlandaí,

(e)

pasta,

(f)

salann,

(g)

gumaí agus roisíní nádúrtha,

(h)

leafaos mustaird,

(i)

arbhar milis,

(j)

cadás.


IARSCRÍBHINN II

An Tábla Comhghaoil

dá dtagraítear in Airteagal 28

Rialachán (CE) Uimh. 3/2008

An Rialachán seo

Airteagal 1(1), an chéad fhomhír

Airteagal 1

Airteagal 1(1), an dara fomhír

Pointe (a) d’Airteagal 6(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3 agus Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 6(1)

Airteagal 7

Airteagal 6(2)

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 11, Airteagal 12 agus Airteagal 17

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 14

Airteagal 13(1)

Airteagal 16(1)(b)

Airteagal 13(2) an chéad fhomhír

Airteagal 15(1), 15(2) agus 15(3), agus Airteagal 19

Airteagal 13(2) an dara fomhír

Airteagal 13(2), an tríú fomhír

Airteagal 13(3), (4) agus (5)

Airteagal 13(6)

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 15(5), Airteagal 15(7), agus Airteagal 16(2)

Airteagal 15 agus Airteagal 16

Airteagail 4(3), 5(2), 7(2), 8(1), 11, 13, 14(1), 15(8), 22, 23, 25 agus 29

Airteagal 17

Airteagal 24

Airteagal 18

Airteagal 26

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 30