4.11.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

35


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1143/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2014

maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1)

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ní hábhar imní i gcónaí go dtagann speicis choimhthíocha, cibé acu ainmhithe, plandaí, fungais nó miocrorgánaigh, go háiteanna nua. Mar sin féin, is féidir le fo-thacar sonrach de speicis choimhthíocha éirí ionrach agus tionchar díobhálach tromchúiseach a bheith aige ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, chomh maith le tionchar sóisialta agus eacnamaíoch eile a bheith acu, ar tionchar é ba cheart a chosc. Tá thart ar 12 000 speiceas sa timpeallacht san Aontas agus i dtíortha eile na hEorpa ar speicis iad atá coimhthíoch, agus meastar thart ar 10 go 15 % acu a bheith ionrach.

(2)

Tá speicis choimhthíocha ionracha ar cheann de na príomhbhagairtí ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, go háirithe in éiceachórais atá iargúlta go geografach agus ó thaobh éabhlóide, amhail oileáin bheaga. Is féidir gur mó na rioscaí a bhaineann le speicis den sórt sin i ngeall ar an méadú mór atá tagtha ar an trádáil domhanda, ar an iompar, ar an turasóireacht agus ar an athrú aeráide.

(3)

Is féidir leis an mbagairt ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais a thagann ó speicis choimhthíocha ionracha a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear tionchair mhóra ar speicis dhúchasacha agus struchtúr agus feidhm éiceachóras trí athrú gnáthóg, creachóireacht, iomaíocht, tarchur galar, ionadú na speiceas dúchasach ar fud céatadáin shuntasaigh raoin agus trí éifeachtaí géiniteacha trí hibridiú. Ina theannta sin, is féidir le speicis choimhthíocha ionracha drochthionchar suntasach a imirt ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar freisin. Is eiseamail bheo agus codanna intáirgthe díobh, agus iad sin amháin, atá ina mbagairt don bhithéagsúlacht agus do sheirbhísí gaolmhara éiceachórais, do shláinte an duine nó don gheilleagar, agus ba cheart, mar sin, go mbeadh siadsan, agus siadsan amháin, faoi réir shrianta an Rialacháin seo.

(4)

Tá an tAontas, mar pháirtí sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, a fhormheastar le Cinneadh 93/626/CEE (3), ón gComhairle faoi cheangal Airteagal 8(h) den Choinbhinsiún sin, faoina ndéanfaidh na Páirtithe, chomh fada agus is féidir agus de réir mar is iomchuí, “cosc a chur ar thabhairt isteach na speiceas coimhthíoch a bhagraíonn ar éiceachórais, gnáthóga nó speicis nó iad a rialú nó a dhíothú”.

(5)

Tá an tAontas, mar Pháirtí sa Choinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa, a fhormheastar le Cinneadh 82/72/CCE ón gComhairle (4), tar éis geallúint a thabhairt go ndéanfaidh sé gach beart iomchuí chun caomhnú ghnáthóga na speiceas fauna agus flora fiáine a áirithiú.

(6)

Chun tacú le gnóthú chuspóirí Threoracha 2000/60/CE (5), 2008/56/CE (6) agus 2009/147/CE (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (8), ba cheart gurbh é a dhéanfaí leis an Rialachán seo iarmhairtí diúltacha speiceas coimhthíoch ionrach ar an mbithéagsúlacht agus arna seirbhísí gaolmhara bithéagsúlachta, agus ar shláinte agus sábháilteacht an duine a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú agus a dtionchar sóisialta agus eacnamaíoch a laghdú.

(7)

Téann roinnt speiceas ar imirce go nádúrtha mar fhreagra ar athruithe comhshaoil. Níor cheart iad a mheas mar speicis choimhthíocha ina dtimpeallacht nua agus ba cheart iad a eisiamh dá bhrí sin ó raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go ndíreofaí leis an Rialachán seo ar speicis a thugtar isteach san Aontas mar thoradh ar idirghabháil dhaonna, agus ar na speicis sin amháin.

(8)

Ar leibhéal an Aontais, faoi láthair tá níos mó ná 40 ceann de ghníomhartha maidir le sláinte ainmhithe ann, lena n-áirítear forálacha maidir le galair ainmhithe. Fairis sin, áirítear i dTreoir 2000/29/CE (9) ón gComhairle forálacha maidir le horgánaigh atá díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí, agus leagtar amach le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) an córas is infheidhme maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh aon rialacha nua maidir le speicis choimhthíocha ionracha i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha sin de chuid an Aontais agus nach mbeadh siad ag forluí orthu agus níor cheart go mbeadh feidhm acu maidir le horgánaigh ar a ndíríonn na gníomhartha reachtacha sin.

(9)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (11) agus le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 (13) ón gComhairle do rialacha maidir le húsáid speiceas coimhthíoch áirithe a údarú chun críocha ar leith. Údaraíodh úsáid speiceas áirithe cheana faoi na córais sin tráth ar tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm. D’fhonn creat dlíthiúil comhleanúnach a áirithiú, ba cheart na speicis a úsáidtear chun na gcríoch sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(10)

Toisc go bhfuil speicis choimhthíocha ionracha líonmhar, tá sé tábhachtach a áirithiú go dtabharfar tosaíocht d’aghaidh a thabhairt ar an bhfo-thacar de speicis choimhthíocha ionracha a mheastar a bheith ina ábhar imní don Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, liosta na speiceas coimhthíoch ionrach sin a mheastar a bheith ina n-ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”) a bhunú agus a nuashonrú go rialta. Ba cheart a mheas gur ábhar imní don Aontas speiceas coimhthíoch ionrach má tá an damáiste arb é is cúis leis sna Ballstáit atá buailte chomh suntasach sin go dtugann sé bonn cirt le bearta tiomnaithe a ghlacadh ar bearta iad a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, lena n-áirítear sna Ballstáit nach bhfuil buailte nó nach dócha go mbuailfear iad fiú. Chun a áirithiú go bhfanfaidh sainaithint na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas comhréireach, ba cheart liosta an Aontais a bhunú agus a nuashonrú go céimnitheach, de réir a chéile agus a bheith dírithe ar speicis a dhéanfadh iad a áirithiú ar liosta an Aontais tionchar diúltach na speiceas sin a chosc, a laghdú nó a mhaolú ar bhealach costéifeachtach. Toisc gur minic a bhíonn na riachtanais chéanna éiceolaíocha ag speicis laistigh den ghrúpa tacsanomaíoch céanna agus toisc go bhféadfadh sé go mbeadh an riosca céanna ag baint leo, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, go gceadófaí go n-áiritheofaí grúpaí tacsanomaíocha speiceas ar liosta an Aontais.

(11)

Is iad na critéir le speicis choimhthíocha ionracha a a chur ar liosta an Aontais an phríomhionstraim chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Lena áirithiú go mbainfí leas éifeachtach as na hacmhainní, ba cheart go gcinnteofaí leis na critéir gurb iad na speicis choimhthíocha ionracha is mó a bhfuil tionchar diúltach acu as measc na speiceas ionchasach coimhthíoch ionrach a bhfuiltear ar an eolas fúthu faoi láthair na cinn a chuirfear ar an liosta. Ba cheart go gcuirfidh an Coimisiún togra isteach le haghaidh liosta de chuid an Aontais a bhunófar ar na critéir sin a chur faoi bhráid an Choiste arna bhunú leis an Rialachán seo laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Agus liosta an Aontais á mholadh aige, ba cheart don Choimisiún a chur in iúl don Choiste conas a chuir sé na critéir sin san áireamh. Ba cheart a áireamh sna critéir measúnú riosca de bhun na bhforálacha is infheidhme faoi Chomhaontuithe ábhartha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le srianta a chur le trádáil ar speicis.

(12)

Chun nach gcuirfear costais dhíréireacha nó iomarcacha ar aon Bhallstát agus chun go gcosnófar breisluach ghníomhaíocht an Aontais tríd an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún, agus liosta an Aontais agus na bearta iarmhartacha á moladh aige, an costas cur chun feidhme do na Ballstáit, an chost-éifeachtacht, na gnéithe socheacnamaíocha agus an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht a chur san áireamh. Sa chomhthéacs seo, agus na speicis choimhthíocha ionracha á roghnú le háireamh ar liosta an Aontais, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar speicis a úsáidtear go forleathan agus a mbaintear leasanna sóisialta agus eacnamaíocha suntasacha astu i mBallstát, gan spriocanna an Rialacháin seo a chur i gcontúirt.

(13)

D’fhonn comhlíonadh na rialacha faoi na Comhaontuithe ábhartha ETD agus cur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart critéir chomhchoiteanna a bhunú chun an measúnú riosca a dhéanamh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart na critéir sin a bhunú ar na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana agus ba cheart go gcuimseoidís gnéithe éagsúla de shaintréithe na speiceas, an riosca agus na modhanna tabhartha isteach san Aontas, tionchar diúltach sóisialta, eacnamaíoch, agus bithéagsúlachta na speiceas, tairbhí féideartha na n-úsáidí agus na costais a bhaineann le maolú chun iad a chur i gcomparáid leis na tionchair dhiúltacha, chomh maith le measúnú ar na costais a d’fhéadfadh a bheith i gceist le damáiste don chomhshaol, agus an damáiste sóisialta agus eacnamaíoch agus an tábhacht don Aontas á léiriú, le go ndéanfar bonn cirt a thabhairt le gníomhaíocht anuas air sin. D’fhonn an córas a fhorbairt de réir a chéile agus tógáil ar an taithí a fuarthas, ba cheart an cur chuige foriomlán a mheasúnú faoin 1 Meitheamh 2021.

(14)

Tá roinnt speiceas coimhthíoch ionrach san áireamh in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle (14), agus tá cosc ar a n-allmhairiú isteach san Aontas i ngeall ar a gcarachtar ionrach aitheanta agus toisc go bhfuil drochthionchar ag a dtabhairt isteach san Aontas ar speicis dhúchasacha. Seo iad na speicis sin: Callosciurus erythraeus, Sciurus carolinensis, Oxyura jamaicensis, Lithobates (Rana) catesbeianus, Sciurus niger, Chrysemys picta agus Trachemys scripta elegans. Chun creat dlíthiúil comhleanúnach agus rialacha aonfhoirmeacha maidir le speicis choimhthíocha ionracha a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ba cheart liostú na speiceas coimhthíoch ionrach sin mar speicis choimhthíocha ionracha a bhreithniú mar ábhar tosaíochta.

(15)

Is fearr an cosc ó thaobh an chomhshaoil de i gcoitinne agus is éifeachtaí é ó thaobh costais de ná frithghníomh tar éis an ionraidh, agus ba cheart tosaíocht a thabhairt dó. Mar sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na speicis nach bhfuil fós san Aontas nó atá ag céim luath den ionradh a liostú agus tosaíocht a thabhairt do na speicis ar dóigh a mbeidh an tionchar diúltach is mó acu. Toisc gur féidir speicis choimhthíocha ionracha nua a thabhairt isteach san Aontas go leanúnach agus toisc go bhfuil speicis choimhthíocha atá ann ag leathadh agus ag leathnú a raoin, ní mór a áirithiú go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar liosta an Aontais agus go gcoimeádfar cothrom le dáta é.

(16)

Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar an gcomhar réigiúnach idir Ballstáit ar ábhar imní dóibh na speicis chéanna, ar speicis iad nach bhfuil in ann líon inmharthanach a bhunú i gcuid mhór den Aontas. I gcás gur fearr a bhainfí amach cuspóirí an Rialacháin seo trí bhearta ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfaí na speicis sin a áireamh ar liosta an Aontais freisin.

(17)

Le linn cuspóirí an Rialacháin seo a shaothrú, tá sé oiriúnach staid shonrach na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh, agus go háirithe cé chomh iargúlta nó chomh scoite amach is atá siad agus uathúlacht a mbithéagsúlachta faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart na riachtanais faoin Rialachán seo maidir le bearta sriantacha agus coisctheacha a dhéanamh a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a oiriúnú do shainiúlachtaí na réigiún forimeallach, mar a shainítear iad sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus Cinntí 2010/718/AE (15) agus 2012/419/AE (16) ón gComhairle Eorpach á gcur san áireamh.

(18)

Dúshlán trasteorann don Aontas ar fad is ea na rioscaí agus na hábhair imní a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha. Ní mór, dá bhrí sin, toirmeasc a ghlacadh, ar leibhéal an Aontais, ar speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach san Aontas, a atáirgeadh, a chur ag fás, a iompar, a cheannach, a dhíol, a úsáid, a mhalartú, a choimeád agus a scaoileadh, d’aonghnó nó go faillitheach, chun a áirithiú go ndéanfar beart comhsheasmhach go luath ar fud an Aontais ionas go ndéanfar saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus d’fhonn easpa birt i mBallstát amháin a bhainfeadh an bonn de na bearta a glacadh i mBallstát eile a sheachaint.

(19)

D’fhonn taighde eolaíoch agus gníomhaíochtaí caomhnaithe ex-situ a chumasú, ní foláir rialacha sonracha maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a chur ar fáil faoi réir na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích i mbunaíochtaí iata ina bhfuil na horgánaigh faoi choimeád imshrianta agus na bearta uile is gá á nglacadh chun éalú nó scaoileadh neamhdhleathach speicis choimthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a sheachaint. Má údaraíonn an Coimisiún é i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe lena ngabhann leas mór poiblí, ba cheart go bhféadfaí feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le gníomhaíochtaí áirithe eile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tráchtála. Agus na rialacha sin á gcur chun feidhme, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhrochthionchair ar speicis chosanta agus gnáthóga cosanta a sheachaint, i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais.

(20)

D’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh speicis choimhthíocha nár aithníodh go fóill mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun cinn ag teorainneacha an Aontais nó go dtiocfaí orthu i gcríoch an Aontais. Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta áirithe éigeandála a ghlacadh ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil. Chumasófaí le bearta éigeandála den sórt sin foráil frithghníomhú láithreach i gcoinne speiceas coimhthíoch ionrach a bhféadfadh rioscaí a bheith lena dtabhairt isteach, a mbunú agus a sna tíortha sin, fad is a bheadh na Ballstáit ag déanamh measúnaithe ar na rioscaí a bhaineann leo iarbhír, ag teacht leis na forálacha is infheidhme de Chomhaontuithe ábhartha EDT, go háirithe d’fhonn go n-aithneofaí na speicis sin mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Is gá bearta éigeandála náisiúnta a cheangal leis an bhféidearthacht bearta éigeandála a ghlacadh ar leibhéal an Aontais d’fhonn forálacha Chomhaontuithe ábhartha EDT a chomhlíonadh. Thairis sin, le bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais, thabharfaí sásra don Aontas gníomhú go tapa i gcás ina mbeadh speiceas nua coimhthíoch ionrach ann, nó an baol go dtiocfadh sé isteach, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim.

(21)

Tá cuid mhór speiceas coimhthíoch ionrach a thugtar isteach go neamhbheartaithe san Aontas. Is ríthábhachtach, dá bhrí sin, na conairí trína dtugtar isteach iad go neamhbheartaithe a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart gníomhaíocht sa réimse seo a dhéanamh de réir a chéile, mar gheall ar an taithí measartha teoranta sa réimse seo. Ba cheart go gcuimseodh an ghníomhaíocht sin bearta deonacha, ar nós na gníomhaíochtaí atá molta i dTreoirlínte na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Bithsmálaithe ar Long, agus bearta sainordaitheacha. Ba cheart leis an ngníomhaíocht tógáil ar an taithí a fuarthas san Aontas agus sna Ballstáit i mbainistiú conairí áirithe, lena n-áirítear bearta a bunaíodh tríd an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long a glacadh in 2004. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún na bearta iomchuí uile a ghlacadh chun na Ballstáit a ghríosú an Coinbhinsiún sin a dhaingniú.

(22)

D’fhonn bonn eolais leordhóthanach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a tharraingíonn speicis choimhthíocha ionracha, tá sé tábhachtach go dtabharfadh na Ballstáit faoi thaighde, faireachán agus faireachas ar na speicis sin. Toisc gurb iad córais faireachais an tslí is oiriúnaí le speicis choimhthíocha ionracha nua a luathbhrath agus chun dáileadh speiceas atá bunaithe cheana féin a chinneadh, ba cheart suirbhéanna spriocdhírithe agus suirbhéanna ginearálta araon a áireamh sna córais sin agus tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht na n-earnálacha agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear pobail réigiúnacha agus pobail áitiúla. Ba cheart aird a thabhairt ar bhonn leanúnach ar aon speiceas ionrach nua in áit ar bith san Aontas mar chuid de na córais faireachais agus ba cheart dóibh díriú ar léargas éifeachtach, iomlán a thabhairt ar leibhéal an Aontais. Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus éifeachtacht ó thaobh costais de, ba cheart na córais atá ann maidir le rialú custam, faireachán agus faireachas a bunaíodh cheana féin i ndlí an Aontais a chur i bhfeidhm, go háirithe na córais sin a leagtar amach i dTreoracha 92/43/CEE, 2000/60/CE, 2008/56/CE agus 2009/147/CE.

(23)

Ba cheart rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ainmhithe agus ar phlandaí d’fhonn cosc a chur le speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach d’aonghnó. Ba cheart gur trí eintitis rialaithe, agus trí na heintitis sin amháin, a thiocfadh ainmhithe beo agus plandaí isteach san Aontas, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Treoir 91/496/CEE ón gComhairle (18) agus Treoir 97/78/CE ón gComhairle (19) nó trí phointí teacht isteach i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE. D’fhonn gnóthúcháin éifeachtachta a áirithiú agus chun cruthú córas rialaithe comhthreomhair custaim a sheachaint, ba cheart do na húdaráis inniúla a fhíorú ag céad eintiteas rialaithe teorann nó pointe teachta isteach an speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas iad na speicis sin.

(24)

Tar éis speiceas coimhthíoch ionrach a thabhairt isteach, tá géarghá le luathbhrath agus bearta díothaithe tapa le cosc a chur lena mbunú agus lena leathadh. Go minic, is é an fhreagairt is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costais an líon iomlán a dhíothú, a luaithe is féidir fad a bhíonn líon na n-eiseamal teoranta go fóill. I gcás nach bhfuil díothú indéanta nó gur mó na costais a bhaineann le díothú ná na tairbhí don chomhshaol agus na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha san fhadtéarma, ba cheart bearta imshrianta agus rialaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh bearta bainistíochta comhréireach leis an éifeacht a bheadh ar an gcomhshaol agus go dtabharfaidís aird chuí ar dhálaí bithgheografacha agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann.

(25)

Ba cheart leis na bearta bainistíochta aon drochthionchar ó thaobh an chomhshaoil de agus ó thaobh shláinte an duine de a sheachaint. Cé gur gá roinnt speiceas coimhthíoch ionrach ainmhíoch a dhíothú agus a bhainistiú i roinnt cásanna, d’fhéadfaí pian, anacair, eagla nó cineálacha eile fulaingthe a spreagadh sna hainmhithe, fiú nuair a úsáidtear na modhanna teicniúla is fearr atá ar fáil. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit agus d’aon oibreoir a tá rannpháirteach i ndíothú, rialú nó imshrianadh speiceas coimhthíoch ionrach na bearta uile is gá a dhéanamh le pian inseachanta, anacair inseachanta agus fulaingt inseachanta a ghabhann d’ainmhithe le linn an phróisis a spáráil, ag cur san áireamh, a mhéid is féidir, an dea-chleachtas sa réimse, mar shampla mar atá sna Treoirphrionsabail ar Leas Ainmhithe a d’fhorbair an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe. Ba cheart modhanna neamhmharfacha a chíoradh agus ba cheart an éifeacht ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu a íoslaghdú in aon ghníomhaíochtaí a dhéanfar.

(26)

Is gnách go ndéanann speicis choimhthíocha ionracha damáiste d’éiceachórais agus go laghdaíonn siad athléimneacht na n-éiceachóras sin. Dá bhrí sin, ba cheart bearta comhréireacha athchóirithe a dhéanamh chun athléimneacht na n-éiceachóras ar ionraí a neartú, chun an damáiste a rinneadh a dheisiú agus chun feabhas a chur ar stádas caomhnaithe na speiceas agus a ngnáthóg i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, stádas éiceolaíoch uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuisce i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE, agus ar stádas comhshaoil na n-uiscí mara i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE. Ba cheart na costais a bhaineann le bearta athchóirithe mar sin a aisghabháil i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

(27)

Ba cheart comhar trasteorann a chothú, go háirithe le tíortha comharsanachta, agus ba cheart comhordú idir na Ballstáit, go háirithe laistigh den réigiún bithgheografach céanna san Aontas, a chothú freisin chun cabhrú leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach.

(28)

Ba cheart go dtacódh córas faisnéise láraithe le córas chun aghaidh a thabhairt ar speicis choimhthíocha ionracha, córas a thiomsódh an fhaisnéis atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha san Aontas agus a cheadódh rochtain ar fhaisnéis maidir le láithreacht speiceas, a leathadh, a n-éiceolaíocht, stair ionraidh agus gach eolas eile is gá le tacú le cinntí beartais agus bainistithe agus le malartú dea-chleachtais a cheadú freisin.

(29)

Le Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), bunaíodh creat le haghaidh comhairliúcháin leis an bpobal i gcinntí a bhaineann leis an gcomhshaol. I sainmhíniú gníomhaíochta i réimse na speiceas coimhthíoch ionrach, ba cheart go gcuirfeadh rannpháirtíocht éifeachtach phoiblí ar chumas an phobail tuairimí agus ábhair imní a chur in iúl, agus ar chumas an chinnteora iad sin a chur san áireamh, ar tuairimí agus ábhair iad imní iad a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na cinntí sin. Leis an méid sin, ba cheart cuntasacht agus trédhearcacht an phróisis chinnteoireachta a mhéadú agus rannchuidiú le feasacht an phobail faoi shaincheisteanna comhshaoil agus le tacaíocht an phobail leis na cinntí a glacadh.

(30)

Tá rannpháirtíocht an phobail eolaíochta tábhachtach chun go soláthrófar bunús leordhóthanach eolais chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le speicis choimhthíocha ionracha. Ba cheart Fóram um an Eolaíocht a chur ar bun chun comhairle a chur ar fail maidir leis na gnéithe eolaíocha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir le liosta an Aontais de mheasúnaithe riosca, de bhearta éigeandála agus de bhearta díothaithe tapa a bhunú agus a nuashonrú,.

(31)

Chun go n-áiritheofar coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go dtabharfaí cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún maidir le glacadh agus nuashonrú liosta an Aontais, maidir le formáid na ndoiciméad ar fianaise iad i dtaca le ceadanna, maidir le glacadh beart éigeandála ar leibhéal an Aontais, maidir le maolú a thabhairt ón oibleagáid díothaithe tapa agus, maidir leis na ceanglais i dtaca le forálacha áirithe a chur i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann i gcás an chomhair réigiúnaigh fheabhsaithe, maidir le diúltú cinntí na mBallstát gan bearta díothaithe a ghlacadh agus maidir leis na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(32)

D’fhonn na forbairtí eolaíocha is déanaí i réimse an chomhshaoil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfar teacht ar an tátal go bhfuil speicis choimhthíocha ionracha in ann líon inmharthana a bhunú agus go bhfuil siad in ann leathadh, chomh maith leis an gcumhacht chun na gnéithe coiteanna d’fhorbairt na measúnuithe riosca a leagan amach. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(33)

D’fhonn a ráthú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go bhforchuirfidh na Ballstáit smachtbhannaí, éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe, agus cineál agus tromchúis an tsáraithe, agus an prionsabal maidir le haisghabháil na gcostas agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á gcur san áireamh.

(34)

Trí bhearta a dhéanfar faoin Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit oibleagáidí a fhorchur ar shealbhóirí nó ar úsáideoirí speiceas ionrach agus ar úinéirí agus tionóntaí na talún lena mbaineann chomh maith.

(35)

D’fhonn a chur ar chumas úinéirí neamhthráchtála a gcuid ainmhithe coimhdeachta a bhaineann le speicis a áirítear ar liosta an Aontais a choimeád go dtí go bhfaighidh an t-ainmhí bás go nádúrtha, ní mór foráil a dhéanamh do bhearta idirthréimhseacha, ar an gcoinníoll go gcuirfear na bearta go léir i bhfeidhm chun atáirgeadh nó éalú nó a sheachaint.

(36)

D’fhonn a chur ar chumas oibreoirí tráchtála, a bhféadfadh ionchas dlisteanach a bheith acu, mar shampla iad siúd a bhfuil údarú faighte acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007, a stoc speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a dhísciú tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá bonn cirt ann le dhá bhliain a cheadú dóibh chun na heiseamail a mharú, a dhealú ar bhealach daonnachtúil, a dhíol nó, i gcás inarb ábhartha, a thabhairt do bhunaíochtaí taighde nó caomhnaithe ex-situ.

(37)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, i.e. an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, mar gheall ar a fhairsinge agus ar a éifeachtaí, na cuspóirí sin a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(38)

Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha a choimeád ar bun nó a ghlacadh maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, ar rialacha iad atá níos déine ná iad siúd a leagtar síos sa Rialachán seo agus forálacha a chur i bhfeidhm ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát amhail iad siúd a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Ba cheart go mbeadh aon bhearta den sórt sin comhoiriúnach le CFAE agus ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith i gcomhréir le dlí an Aontais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha chun an drochthionchar atá ag tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, d’aonghnó agus go neamhbheartaithe araon, ar an mbithéagsúlacht a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Baineann an Rialachán seo leis na speicis choimhthíocha ionracha uile.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

speicis a dtagann athrú ar a raon nádúrtha gan idirghabháil ón duine, mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha éiceolaíocha agus athrú aeráide;

(b)

orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Threoir 2001/18/CE;

(c)

pataigíní is cúis le galair ainmhithe; chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn galar ainmhithe tarlú galruithe agus inmhíolaithe in ainmhithe, a bhíonn mar thoradh ar phaitigín amháin nó níos mó is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine;

(d)

orgánaigh dhíobhálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE, agus orgánaigh dhíobhálacha ar glacadh bearta ina leith i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Treoir sin;

(e)

speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 nuair a úsáidtear iad sa dobharshaothrú;

(f)

micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

(g)

micrea-orgánaigh a mhonaraítear nó a allmhairítear lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha a údaraíodh cheana féin nó a bhfuil measúnú ar bun ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 528/2012.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm leis na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “speiceas coimhthíoch” aon eiseamal beo de speiceas, fospeiceas nó tacsón is ísle ainmhithe, plandaí, fungas nó micrea-orgánach a tugadh isteach lasmuigh dá réimse nádúrtha; áirítear ann aon chuid, aon ghaiméirí, aon síolta, aon uibheacha nó aon iomadúlaithe den speiceas sin, mar aon le haon hibridí, aon chineálacha nó aon phórtha a d’fhéadfadh fanacht beo agus atáirgeadh ina dhiaidh sin;

(2)

ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach” speiceas coimhthíoch a bhfacthas go gcuirtear an bhithéagsúlacht agus na seirbhísí gaolmhara éiceachórais i mbaol má thugtar isteach é nó má leatar é nó go bhfuil drochthionchar aige ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais sin;

(3)

ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas” speiceas coimhthíoch ionrach a meastar go n-éilíonn a dhrochthionchar gníomhaíocht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 4(3);

(4)

ciallaíonn “speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní do Bhallstát” speiceas coimhthíoch ionrach seachas speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, a mheasann Ballstát, ar bhonn fianaise eolaíche, gur suntasach dá chríoch nó do chuid di, an drochthionchar a d’imreofaí uirthi dá scaoilfí agus dá leathfaí é, agus gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Bhallstáit sin, fiú mura bhfuil an éifeacht sin fionnta go hiomlán;

(5)

ciallaíonn “bithéagsúlacht” athraitheacht i measc orgánaigh beo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhuirí agus éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad; áirítear éagsúlacht i measc speiceas, idir speicis agus éiceachórais leis sin;

(6)

ciallaíonn “seirbhísí éiceachórais” a mhéid a chuireann éiceachórais go díreach agus go hindíreach le folláine an duine;

(7)

ciallaíonn “tabhairt isteach” gluaiseacht speicis lasmuigh dá réimse nádúrtha, mar thoradh ar idirghabháil an duine;

(8)

ciallaíonn “taighde” obair thuairiscithe nó thurgnamhach, a dhéantar faoi dhálaí rialaithe chun faisnéis eolaíoch nua a fháil nó chun táirgí nua a fhorbairt, lena n-áirítear na chéad chéimeanna i ndáil le gnéithe géiniteacha speiceas coimhthíoch ionrach a shainaithint, a thréithriú agus a leithlisiú, cé is moite de na gnéithe sin lena dtugtar cumas ionraidh do speiceas, sa mhéid is gá chun pórú na ngnéithe sin isteach i speicis neamhionracha a chumasú, agus a mhéid sin amháin;

(9)

ciallaíonn “faoi choimeád imshrianta” orgánach a choimeád i saoráidí iata nach féidir éalú astu ná leathadh uathu;

(10)

ciallaíonn “caomhnú ex situ” comhpháirteanna d'éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha;

(11)

ciallaíonn “conairí” bealaí agus sásraí maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach;

(12)

ciallaíonn “luathbhrath” láithreacht eiseamal nó eiseamail speicis choimhthígh ionraigh a dhearbhú sa timpeallacht sula leathann sé;

(13)

ciallaíonn “díothú” fáil réidh le líon de speiceas coimhthíoch ionrach ina iomláine agus ar bhonn buan trí mheáin mharfacha nó neamh-mharfacha;

(14)

ciallaíonn “an líon a rialú” aon ghníomaíocht mharfach nó neamh-mharfach a chuirtear i bhfeidhm ar líon speicis choimhthígh ionraigh, agus an tionchar ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga a íoslaghdú ag an am céanna, agus é mar aidhm leo líon na n-aonán a choimeád chomh íseal agus is féidir ionas go maolófar a chumas ionraidh agus an drochthionchar atá aige ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar, fiú murar féidir na speicis a dhíothú;

(15)

ciallaíonn “imshrianadh” aon ghníomhaíocht lena ndírítear ar bhacainní a chruthú lena maolófar an riosca go scaipfidh agus go leathfaidh líon speicis choimhthígh ionraigh lasmuigh den limistéar ionraithe;

(16)

ciallaíonn “leata go fairsing” speiceas coimhthíoch ionrach a bhfuil a líon imithe níos faide ná céim an nádúraithe, céim ag a bhfuil líon féinchothaitheach, agus go bhfuil sé leata chun cuid mhór den raon ionchasach inar féidir leis maireachtáil agus atáirgeadh a choilíniú;

(17)

ciallaíonn “bainistiú” aon ghníomhaíocht mharfach nó neamh-mharfach atá dírithe ar líon speicis choimhthígh ionraigh a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, agus an éifeacht ar speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus ar a ngnáthóga á híoslaghdú ag an am céanna freisin.

Airteagal 4

Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas

1.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”) ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) faoin 2 Eanáir 2016.

2.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar liosta an Aontais gach sé bliana ar a laghad agus, idir an dá linn, déanfaidh sé an liosta nuashonrú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 tríd an méid seo a leanas:

(a)

speicis choimhthíocha ionracha nua a chur leis an liosta;

(b)

speicis atá liostaithe a bhaint mura gcomhlíonann siad a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a leagtar síos i mír 3.

3.   Ní áireofar speicis choimhthíocha ionracha ar liosta an Aontais ach amháin má chomhlíonann siad na critéir seo ar fad a leanas:

(a)

fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, ionrach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí;

(b)

fionntar go bhfuil siad, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, in ann líon inmharthana a bhunú agus leathadh sa timpeallacht faoi na dálaí athraithe aeráide atá ann faoi láthair agus is dócha a bheidh ann i réigiún bithgheografach amháin a roinntear idir dhá Bhallstát nó níos mó nó i bhforéigiún muirí amháin cé is moite de na réigiúin is forimeallaí a bhaineann leo;

(c)

bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch atá ar fáil, is dóigh go mbeidh drochthionchair shuntasacha acu ar an mbithéagsúlacht nó ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus féadfaidh siad drochthionchar a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar freisin;

(d)

léirítear leis an measúnú riosca a dhéantar de bhun Airteagal 5(1) go bhfuil gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais de dhíth chun cosc a chur lena dtabhairt isteach, lena mbunú nó lena leathadh;

(e)

is dóigh go ndéanfar drochthionchair na speiceas a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú go héifeachtach má chuirtear ar liosta an Aontais iad.

4.   Féadfaidh na Ballstáit iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le speicis choimhthíocha ionracha a chur ar liosta an Aontais. Áireofar sna hiarrataí sin an méid seo a leanas ar fad:

(a)

ainm an speicis;

(b)

measúnú riosca a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 5(1);

(c)

fianaise go gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Déanfar le liosta an Aontais tagairt, i gcás inarb ábhartha, do na hearraí lena mbaineann na speicis choimhthíocha ionracha i gcoitinne agus dá gcóid Ainmníochta Comhcheangailte dá bhforáiltear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (22) ón gComhairle, lena léirítear catagóirí na n-earraí a bheidh faoi réir rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15 den Rialachán seo.

6.   Agus liosta an Aontais á ghlacadh nó á thabhairt chun dáta aige, cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach i mír 3 i bhfeidhm agus an aird chuí á tabhairt ar an gcostas cur chun feidhme a bheidh i gceist do na Ballstáit, ar an gcostas a bhainfidh le neamhghníomhaíocht, ar chostéifeachtacht agus ar na gnéithe socheacnamaíocha. Tabharfar tús áite ar liosta an Aontais do na speicis choimhthíocha ionracha seo a leanas:

(a)

na cinn nach bhfuil fós san Aontas nó atá ag céim luath den ionradh agus arb iad is dóichí a bheidh drochthionchair shuntasacha acu;

(b)

na cinn atá bunaithe san Aontas cheana agus a bhfuil na drochthionchair is suntasaí acu.

7.   Agus liosta an Aontais á mholadh aige, déanfaidh an Coimisiún bonn cirt a thabhairt lena rá gur fearr a bhainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach le bearta ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 5

Measúnú riosca

1.   Chun críocha Airteagal 4, déanfar measúnú riosca i ndáil le réimse na speiceas coimhthíoch ionrach atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann, ag féachaint do na gnéithe seo a leanas:

(a)

tuairisc ar an speiceas agus a aitheantas tacsanomaíoch, a stair, agus a raon nádúrtha agus ionchasach;

(b)

tuairisc ar a phatrúin agus a dhinimicí atáirgthe agus leata, lena n-áirítear measúnú an ann do na dálaí comhshaoil is gá dá atáirgeadh agus dá leathadh;

(c)

tuairisc ar chonairí ionchasacha teachta isteach agus leata an speicis, idir beartaithe agus neamhbheartaithe, an speicis, lena n-áirítear, nuair is ábhartha, na tráchtearraí lena mbaineann an speiceas go ginearálta;

(d)

measúnú críochnaitheach ar an riosca maidir le tabhairt isteach, bunú agus leathadh sna réigiúin ábhartha bhithgheografacha faoi na dálaí reatha agus faoi dhálaí athraithe aeráide atá intuartha;

(e)

tuairisc ar dháileadh reatha an speicis, lena n-áirítear tuairisc á rá ar cibé an bhfuil láithreacht cheana ag an speiceas san Aontas nó i dtíortha comharsanachta, agus réamh-mheastachán maidir leis an dáileadh is dóchúil a bheidh aige sa todhchaí;

(f)

tuairisc ar an drochthionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, lena n-áirítear ar speicis dúchasacha, láithreacha cosanta, gnáthóga i mbaol, agus ar shláinte an duine, ar an tsábháilteacht, agus ar an ngeilleagar lena n-áirítear measúnú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ag féachaint don fhaisnéis eolaíoch atá ar fáil;

(g)

measúnú ar na costais a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le damáiste;

(h)

tuairisc ar na húsáidí a bhfuiltear ar an eolas fúthu maidir leis an speiceas agus ar na sochair shóisialta agus eacnamaíocha a thig as na húsáidí sin.

2.   Le linn dó a mholadh go gcuirfí speicis ar an liosta mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 1.

Aon uair a iarrann Ballstát go gcuirfí speiceas ar liosta an Aontais, beidh an Ballstát sin freagrach as an measúnú riosca a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún cabhrú leis na Ballstáit agus measúnuithe riosca den sórt sin á bhforbairt acu a mhéid agus a bhaineann na measúnuithe sin lena ngné Eorpach.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 29, chun an cineál fianaise atá inghlactha chun críocha phointe (b) d’Airteagal 4(3) a shonrú tuilleadh agus chun tuairisc mhionsonraithe a sholáthar ar chur i bhfeidhm phointí (a) go (h) de mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar sa tuairisc mhionsonraithe sin an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm sna measúnaithe riosca, agus caighdeáin ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh agus an gá atá le tús áite a thabhairt don ghníomhaíocht i gcoinne speiceas coimhthíoch ionrach a bhaineann le drochthionchar suntasach ar an mbithéagsúlacht nó ar sheirbhísí gaolmhara an éiceachórais, nó arbh fhéidir leo drochthionchar a chur faoi deara, mar aon le drochthionchar ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar agus é á mheas mar imthosc géaraitheach. Tá sé an-tábhachtach go leanfaidh an Coimisiún leis an ngnáthchleachtas atá aige agus go rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát, sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin.

Airteagal 6

Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí

1.   Ní bheidh na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas faoi réir Airteagal 7, ná Airteagal 13 go 20 sna réigiúin is forimeallaí.

2.   Faoin 2 Eanáir 2017, glacfaidh gach Ballstát a mbaineann réigiúin is forimeallaí leis, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní, do gach ceann de na réigiúin sin, i gcomhairle leis na réigiúin sin.

3.   I gcás na speiceas coimhthíoch ionrach a áirítear ar na liostaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, sna réigiúin is forimeallaí faoi seach, na bearta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 9, 13 go 17, 19 agus 20, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus tabharfar fógra chuig an gCoimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.

4.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach maidir leis na liostaí dá dtagraítear i mír 2 agus faoi aon nuashonrú a dhéanfar ar na liostaí sin.

CAIBIDIL II

COSC

Airteagal 7

Srianta

1.   Ní dhéanfar na nithe seo a leanas d’aon ghnó maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas:

(a)

iad a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear idirthuras faoi mhaoirseacht chustaim;

(b)

iad a choimeád, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta;

(c)

iad a phórú, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta;

(d)

iad a iompar chuig an Aontas, amach as nó laistigh de, ach amháin i gcás speicis a iompar chuig saoráidí lena ndíothú;

(e)

iad a chur ar an margadh;

(f)

iad a úsáid ná a mhalartú;

(g)

ní bheidh cead iad a atáirgeadh, a fhás ná a shaothrú, lena n-áirítear faoi choimeád imshrianta; nó

(h)

iad a scaoileadh isteach sa timpeallacht.

2.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach nó a leathadh go neamhbheartaithe san Aontas, lena n-áirítear trí mhórfhaillí, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 8

Ceadanna

1.   De mhaolú ar na srianta a leagtar amach i bpointí (a), (b), (c), (d), (f) agus (g) d’Airteagal 7(1), agus faoi réir mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit córas ceadanna ar bun lena bhféadfaidh bunaíochtaí taighde, nó caomhnú ex-situ a dhéanamh ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. I gcás ina bhfuil úsáid na dtáirgí a eascraíonn ó speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas dosheachanta le sláinte an duine a chur ar aghaidh, féadfaidh na Ballstáit freisin an táirgeadh eolaíoch agus an leas íocshláinte ina dhiaidh sin a áireamh laistigh dá córas ceadanna.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis inniúla na ceadanna dá dtagraítear i mír 1 a eisiúint le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar faoi choimeád imshrianta a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

coimeádtar agus láimhseáiltear an speiceas choimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas faoi choimeád imshrianta i gcomhréir le mír 3;

(b)

beidh an ghníomhaíocht le cur i gcrích ag pearsanra a bheidh cáilithe go hiomchuí faoi mar leagann na húdaráis inniúla iomchuí síos;

(c)

beidh iompar chuig ionad coimeádta imshrianta agus uaidh faoi dhálaí a eisiann éalú na speiceas coimhthíoch ionrach faoi mar a bhunaítear iad leis an gcead;

(d)

i gcás gur ainmhithe iad na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, marcáiltear iad nuair is iomchuí nó sainaithnítear ar shlí éifeachtach eile iad agus úsáidfear modhanna nach gcuireann pian, anacair nó fulaingt inseachanta faoi deara;

(e)

déanfar an riosca éalaithe nó leata a bhainistiú go héifeachtach, agus cuirfear san áireamh céannacht, bitheolaíocht agus modhanna scaipthe an speicis, an ghníomhaíocht agus an coimeád imshrianta atá beartaithe, an t-idirghníomhú leis an timpeallacht agus tosca ábhartha eile;

(f)

tarraingeofar suas córas faireachais leanúnaigh agus plean teagmhasach chun go gcumhdófaí éalú nó leathadh a d’fhéafadh a tharlú, lena n-áirítear plean don díothú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an plean teagmhais a fhormheas. I gcás ina dtarlaíonn éalú nó leathadh, cuirfear chun feidhme an phlean teagmhais láithreach agus féadfar an cead a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó buan.

Teorannófar an cead dá dtagraítear i mír 1 do líon ar leith speiceas agus eiseamal ionrach nach mó ná cumas an ionaid coimeádta imshrianta. Áireofar ann na srianta is gá chun riosca éalaithe nó leata an speicis lena mbaineann a mhaolú. Coimeádfar i gcónaí é leis na speicis choimhthíocha ionracha dá dtagraíonn sé nuair a bhíonn na speicis sin á gcoimeád, agus á dtabhairt isteach san Aontas agus á n-iompar laistigh den Aontas.

3.   Measfar go bhfuil eiseamail á gcoimeád faoi choimeád imshrianta má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá eiseamail scartha amach go fisiceach agus ní féidir leo éalú ná leathadh ná ní féidir le daoine neamhúdaraithe iad a thógáil as na saoráidí ina bhfuil siad á gcoimeád;

(b)

áiritheoidh prótacail um ghlanadh, um láimhseáil dramhaíola agus um chothabháil nach bhféadfaidh aon eiseamail ná codanna inatáirgthe éalú, leathadh nó nach féidir le daoine neamhúdaraithe iad a thógáil as na saoráidí;

(c)

déantar na heiseamail a thógáil as na saoráidí nó a dhiúscairt nó a dhíothú nó a dhealú go daonnachtúil ar bhealach chun iomadú nó atáirgeadh lasmuigh de na saoráidí a eisiamh.

4.   Nuair a dhéanfaidh an t-iarratasóir iarratas ar chead, déanfaidh sé gach fianaise is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 á gcomhlíonadh.

5.   Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht dá n-údaráis inniúla an cead a tharraingt siar tráth ar bith, go sealadach nó go buan, má tharlaíonn imeachtaí gan choinne a bhfuil drochthionchar acu ar an mbithéagsúlacht nó ar sheirbhísí gaolmhara éiceachórais. Déanfar bonn cirt a thabhairt maidir le haon chead a aistarraingt ar bhonn eolaíoch agus, i gcás nach leor an fhaisnéis eolaíoch, ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim agus aird chuí á tabhairt ar rialacha náisiúnta riaracháin.

6.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, formáid an doiciméid atá mar fhianaise ar an gcead a d’eisigh údaráis inniúla Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Úsáidfidh na Ballstáit an fhormáid sin do dhoiciméad a bheidh ag gabháil leis an gcead.

7.   I gcás gach cead a eisíodh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí ar an idirlíon, gan mhoill, na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

ainmneacha eolaíocha agus coitianta an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas ar eisíodh an cead ina leith;

(b)

líon nó méid na n-eiseamal lena mbaineann;

(c)

an cuspóir dár eisíodh an cead; agus

(d)

na cóid den Ainmníocht Chomhcheangailte chuirtear ar fáil le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

8.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla cigireachtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na bunaíochtaí na coinníollacha a leagadh amach sna ceadanna sin a eisíodh.

Airteagal 9

Údaruithe

1.   I gcásanna eisceachtúla, ar chúiseanna lena ngabhann leas mór poiblí, lena n-áirítear iad sin de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, féadfaidh na Ballstáit ceadanna a eisiúint lena ligtear do bhunaíochtaí gníomhaíochtaí a chur i gcrích, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8(1), faoi réir údarú a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus (3).

2.   Cuirfidh an Coimisiún ar bun córas údaraithe leictreonach agus oibreoidh sé é agus déanfaidh sé cinneadh maidir le hiarratais ar údarú laistigh de 60 lá tar éis iarratas a fháil.

3.   Cuirfidh na Ballstáit iarratais isteach ar údarú agus an córas dá dtagraítear i mír 2 á úsáid acu.

4.   Luafar an méid seo a leanas in aon iarratas ar údarú:

(a)

mionsonraí na bunaíochta nó na ngrúpaí bunaíochtaí lena n-áirítear a n-ainm agus a seoladh;

(b)

ainmneacha eolaíocha agus coitianta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhfuil an t-údarú á iarraidh maidir leis;

(c)

na cóid den Ainmníocht Chomhcheangailte a chuirtear ar fáil le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;

(d)

líon nó méid na n-eiseamal lena mbaineann;

(e)

na cúiseanna don údarú iarrtha;

(f)

tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá beartaithe chun a áirithiú nach bhféadfaidh éalú nó leathadh ó shaoráidí coimeádta imshrianta ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas le coimeád agus láimhseáil tarlú, agus ar na bearta chun a áirithiú go ndéanfar aon iompar maidir leis an speiceas, i gcás ina mbeidh gá leis, faoi choinníollacha a eisiann éalú;

(g)

an riosca a mheas maidir le h-éalú an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, a n-iarrtar údarú ina leith, in éineacht le tuairisc ar na bearta maolaithe riosca atá le cur ar bun;

(h)

tuairisc ar an gcóras faireachais atá beartaithe agus ar an bplean teagmhasach chun déileáil le h-éalú nó le leathadh a d’fhéadfadh a tharlú, lena n-áirítear plean díothúcháin más gá;

(i)

cur síos ar an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na bunaíochtaí sin.

5.   Tabharfar fógra chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann i leith údaraithe arna ndeonú ag an gCoimisiún. Beidh údarú sonrach do bhunaíocht aonair, beag beann ar an nós imeachta iarratais dá dtagraítear i mír 4, beag beann ar an nós imeachta iarratais a leantar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 4, áireofar ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus ré an údaraithe. Áireofar in údarú freisin forálacha i ndáil le heiseamail bhreise nó eiseamail athsholáthair a sholáthar don bhunaíocht a n-iarrtar an t-údarú sin ina leith.

6.   Tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh an t-údarás inniúil an cead a eisiúint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 8(4) go (8). Déanfar na forálacha uile a shonraítear san údarú a eiseoidh an Coimisiún a áireamh sa chead.

7.   Diúltóidh an Coimisiún d’iarratas ar údarú más amhlaidh nach gcomhlíontar aon oibleagáidí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, an t-iarratasóir agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas maidir le haon iarratas ar údarú a diúltaíodh de bhun mhír 7, agus sonróidh sé an chúis leis an diúltú.

Airteagal 10

Bearta éigeandála

1.   I gcás ina bhfuil fianaise ag Ballstát go bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach ar a chríoch, nó go bhfuil gar-riosca ann go dtabharfar isteach é, ar fianaise í nach bhfuil san áireamh ar liosta an Aontais ach a mheasann na húdaráis inniúla a bheith ábhartha, ar bhonn réamh-fhianaise eolaíche, toisc gur dócha go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(3), féadfaidh sé bearta éigeandála a dhéanamh láithreach, ar a mbeidh aon cheann de na srianta atá leagtha amach in Airteagal 7 (1).

2.   An Ballstát a thugann isteach bearta éigeandála ar a chríoch náisiúnta, lena n-áirítear pointí (a), (d) nó (e) d’Airteagal 7(1) a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile uile láithreach faoi na bearta a rinneadh agus an fhianaise atá mar bhonn cirt leis na bearta sin.

3.   Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, measúnú riosca de bhun Airteagal 5 ar don speiceas coimhthíoch ionrach atá faoi réir na mbeart éigeandála, i bhfianaise na faisnéise teicniúla agus eolaíche atá ar fáil, agus in aon chás laistigh de 24 mhí ón ndáta a glacadh an cinneadh bearta éigeandála a thabhairt isteach, d’fhonn an speiceas sin a chur ar liosta an Aontais.

4.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó má tá fianaise eile aige go bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, nó go bhfuil gar-riosca ann go dtabharfar isteach é, ar speiceas é nach bhfuil ar liosta an Aontais, ach gur dócha go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(3), tiocfaidh sé ar an tátal, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bhonn réamhfhianaise eolaíche, an dócha go gcomhlíonfaidh an speiceas na critéir sin agus glacfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta éigeandála don Aontas arb éard a bheidh iontu aon cheann de na srianta atá leagtha amach in Airteagal 7(1) ar feadh tréimhse teoranta a mhéid a bhaineann leis na rioscaí a bhaineann leis an speiceas sin, i gcás ina dtiocfaidh an Coimisiún ar an tátal gur dócha go gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(3). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

5.   I gcás ina nglacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh na Ballstáit aon bhearta éigeandála a ghlac siad a aisghairm nó a leasú, de réir mar is iomchuí.

6.   I gcás ina n-áireoidh an Coimisiún an speiceas coimhthíoch ionrach i liosta an Aontais, déanfaidh na Ballstáit a mbearta éigeandála a aisghairm nó a leasú freisin.

7.   Nuair is amhlaidh, tar éis dó an measúnú riosca a chur i gcrích de bhun mhír 3 den Airteagal seo, nach n-áiríonn an Coimisiún an speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, déanfaidh na Ballstáit na bearta éigeandála a ghlac siad de bhun mhír 1 den Airteagal seo a aisghairm agus féadfaidh siad an speiceas sin a áireamh ar liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, de bhun Airteagal 12(1), agus comhar feabhsaithe réigiúnach a bhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 11

Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní réigiúnach agus speicis dhúchasacha de chuid an Aontais

1.   Féadfaidh na Ballstáit a aithint óna liosta náisiúnta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 12, speicis dhúchasacha nó neamhdhúchasacha san Aontas a bhfuil comhar feabhsaithe réigiúnach ag teastáil ina leith.

2.   Arna iarraidh sin do na Ballstáit rannpháirteacha, gníomhóidh an Coimisiún chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit rannpháirteacha sin a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás inar gá, bunaithe ar an tionchar atá ag speicis áirithe choimhthíocha ionracha ar an mbithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais agus ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar agus ar choinníoll gur fíoraíodh go hiomlán é trí anailís chuimsitheach ar an mbonn cirt le comhar feabhsaithe réigiúnach arna déanamh ag na Ballstáit is iarrthóirí, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann forálacha Airteagal 13, 14 agus 16, Airteagal 17 d’ainneoin Airteagal 18, chomh maith le hAirteagal 19 agus Airteagal 20 a chur i bhfeidhm, mutatis mutandis, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch, de réir mar is iomchuí. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

3.   Maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní réigiúnach, ar speicis dhúchasacha iad i mBallstát, ní bheidh siad faoi réir fhorálacha Airteagail 13, 14, 16, 17, 19, 20 agus 24 ar chríoch an Bhallstáit sin. Comhoibreoidh na Ballstáit ina bhfuil na speicis sin dúchasach leis na Ballstáit lena mbaineann chun measúnú a dhéanamh ar na conairí de réir Airteagal 13 agus, i gcomhairle leis na Ballstáit eile, féadfaidh siad bearta ábhartha a ghlacadh chun leathadh tuilleadh na speiceas sin a sheachaint i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1).

Airteagal 12

Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát

1.   Féadfaidh na Ballstáit liosta náisiúnta a bhunú de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát. Do na speicis choimhthíocha ionracha sin, féadfaidh na Ballstáit bearta, amhail na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 7, 8, 13 go 17, 19 agus 20, a chur i bhfeidhm ar a gcríoch, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na speicis a measann siad gur speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát iad agus faoi na bearta arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 13

Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach

1.   Déanfaidh na Ballstáit, taobh istigh de 18 mí ón dáta a nglacfar liosta an Aontais anailís chuimsitheach ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas go neamhbheartaithe ar a gcríoch agus ina n-uiscí mara, ar a laghad, mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE, agus sainaithneoidh siad na conairí inar gá gníomhaíocht tosaíochta (“conairí tosaíochta”), mar gheall ar líon na speiceas nó ar an damáiste ionchasach a dhéantar de dheasca na speiceas a thagann isteach san Aontas Eorpach trí na conairí sin.

2.   Laistigh de thrí bliana ón dáta a nglacfar liosta an Aontais, déanfaidh gach Ballstát aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta a shainaithneoidh sé de bhun mhír 1. Áireofar sna pleananna gníomhaíochta cláir ama le haghaidh gníomhaíochta agus tabharfar tuairisc iontu ar na bearta a bheidh le glacadh agus, de réir mar is iomchuí, ar na gníomhaíochtaí deonacha agus na cóid dea-chleachtais, chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach san Aontas go neamhbheartaithe agus a leathadh go neamhbheartaithe taobh istigh den Aontas.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit comhordú a mbeidh sé d’aidhm aige plean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú a bheidh comhordaithe ar an leibhéal réigiúnach iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás nach mbunófar pleananna gníomhaíochta réigiúnacha den chineál sin, bunóidh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta dá gcríoch, agus cuirfidh siad chun feidhme iad, agus déanfar iad a chomhordú a mhéid is féidir ar an leibhéal réigiúnach iomchuí.

4.   Áireofar go háirithe sna pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bearta atá bunaithe ar anailís ar na costais agus ar na sochair, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feasacht a mhúscailt;

(b)

íoslaghdú a dhéanamh ar éilliú earraí, tráchtearraí, feithiclí agus trealaimh, arb é eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha is cúis leis, lena n-áirítear bearta le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha a iompar ó thríú tíortha;

(c)

seiceálacha cuí ag teorainneacha an Aontais a áirithiú, seachas na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15;

5.   Déanfar na pleananna gníomhaíochta a bunaíodh i gcomhréir le mír 2 a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna gníomhaíochta agus déanfaidh siad iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gach sé bliana ar a laghad.

CAIBIDIL III

LUATHBHRATH AGUS DÍOTHÚ TAPA

Airteagal 14

Córas faireachais

1.   Laistigh de 18 mí ón dáta a nglacfar liosta an Aontais, bunóidh na Ballstáit córas faireachais ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas, nó cuimseofar é sa chóras atá acu cheana féin, ar córas é lena mbailítear agus lena dtaifeadtar sonraí maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith sa timpeallacht trí bhíthin suirbhé, faireacháin nó nósanna imeachta eile chun cosc a chur le leathadh speicis choimhthíocha ionracha chuig san Aontas nó laistigh den Aontas.

2.   Maidir leis an gcóras faireachais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:

(a)

cumhdóidh sé críoch na mBallstát, lena n-áirítear uiscí mara na gcríoch, chun a chinneadh an ann do speicis choimhthíocha ionracha nua, chomh maith le cinn atá bunaithe cheana, is ábhar imní don Aontas, agus chun a ndáileadh a chinneadh;

(b)

beidh sé dinimiciúil go leor le haon speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhrath go tapa i dtimpeallacht críoch Ballstáit nó in aon chuid de chríoch Ballstáit, nárbh eol a bheith ann cheana féin;

(c)

maidir le forálacha ábhartha le haghaidh measúnú agus faireacháin a leagtar síos i ndlí an Aontais nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta, déanfaidh sé forbairt orthu, beidh sé comhoiriúnach leo agus seachnóidh sé dúbláil a dhéanamh orthu agus úsáidfidh sé an fhaisnéis arna cur ar fáil ag na córais faireachais agus faireacháin atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 11 de Threoir 92/43/CEE, in Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE agus in Airteagal 11 de Threoir 2008/56/CE;

(d)

déanfaidh sé na tionchair thrasteorann agus na gnéithe trasteorann ábhartha a chur san áireamh, a mhéid is féidir.

Airteagal 15

Rialuithe oifigiúla

1.   Faoin 2 Eanáir 2016, beidh struchtúir bunaithe ag na Ballstáit, ar struchtúir iad a bheidh ag feidhmiú go hiomlán, chun na rialuithe oifigiúla is gá a chur i gcrích chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach san Aontas d’aonghnó. Beidh feidhm ag na rialuithe oifigiúla sin maidir le catagóirí na n-earraí atá faoi chuimsiú chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a ndéantar tagairt dóibh i liosta an Aontais, de bhun Airteagal 4(5).

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe iomchuí rioscabhunaithe a chur i gcrích ar na hearraí a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, ag fíorú an méid seo a leanas dóibh:

(a)

níl siad ar liosta an Aontais; nó

(b)

cumhdaítear iad le cead bailí mar a dtagraítear dó in Airteagal 8.

3.   Déanfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear seiceálacha ar dhoiciméid, ar chéannacht agus nuair is gá, seiceálacha fisiceacha, nuair a thabharfar na hearraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo isteach san Aontas. I gcás ina ndéantar foráil cheana, le dlí an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla ar leith ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE, i gcomhair catagóirí na n-earraí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an fhreagracht as na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh ar na húdaráis inniúla a bhfuil na rialuithe sin de chúram orthu i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 nó le pointe (g) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE.

4.   Maidir le láimhseáil na n-earraí i saorchriosanna nó i stórais shaora agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi na nósanna imeachta custaim maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht, iompar, stóráil custaim, próiseáil inmheánach, próiseáil faoi rialú na gcustam agus cead isteach sealadach, beidh siad faoi réir na nithe seo a leanas a dhearbhú chuig na húdaráis custaim:

(a)

an doiciméad teacht isteach ábhartha atá comhlánaithe go cuí ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo lena bhfianaítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcásanna ina ndearnadh na rialuithe ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE. Caithfear an nós imeachta custaim a luaitear ann a leanúint; nó

(b)

i gcás nach bhfuil earraí faoi réir rialuithe oifigiúla de réir dhlí an Aontais, fianaise dhoiciméadach eile go ndearnadh na rialuithe a raibh torthaí sásúla orthu agus an doiciméad teacht isteach ina dhiaidh sin.

Féadtar na doiciméid sin a chur isteach go leictreonach freisin.

5.   Más rud é, leis na rialuithe, go suitear nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh:

(a)

déanfaidh na húdaráis custaim cur faoi nós imeachta custaim na n-earraí a chur ar fionraí nó coinneoidh siad na hearraí;

(b)

coinneoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 na hearraí.

I gcás ina gcoinneofar earraí, cuirfear iad faoi chúram an údaráis inniúil a bheidh i gceannas an Rialachán seo a chur chun feidhme. Gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit feidhmeanna sonracha a tharmligean chuig údaráis eile.

6.   Na costais arna dtabhú fad le linn an fíorú a dhéanamh agus na costais a eascraíonn as neamh-chomhlíonadh, beidh siad ar chostas an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh laistigh den Aontas a thug na hearraí isteach san Aontas, seachas i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.

7.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun chun malartú faisnéise ábhartha a áirithiú agus comhordú agus comhar éifeachtúil, éifeachtach idir na húdaráis rannpháirteacha uile atá bainteach leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2.

8.   Bunaithe ar dhea-chleachtais, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit uile, treoirlínte agus cláir oiliúna a fhorbairt chun aithint agus brath na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus feidhmíocht rialuithe éifeachtúla, éifeachtacha a éascú.

9.   I gcás inar eisíodh ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 8, déanfar tagairt sa dearbhú custaim nó sna fógraí ábhartha chuig an eintiteas teorann do cheadúnas bailí lena gcumhdaítear na hearraí atá dearbhaithe.

Airteagal 16

Fógraí luathbhraith

1.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcóras faireachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 14 agus as an bhfaisnéis a bhailítear ag rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 15 chun luathbhrath thabhairt isteach nó láithreacht speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas don Aontas a dheimhniú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra, i scríbhinn, don Choimisiún gan mhoill faoi luathbhrath láithreacht speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas, go háirithe maidir leis an méid seo:

(a)

láithreacht, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch, aon speicis atá ar liosta an Aontais, nárbh eol é a bheith ann roimhe sin ina gcríoch nó i gcuid dá gcríoch;

(b)

teacht ar ais ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch aon speicis atá ar liosta an Aontais, tar éis gur tuairiscíodh é a bheith díothaithe.

Airteagal 17

Díothú mear ag céim luath den ionradh

1.   Tar éis an luathbhraith agus laistigh de thrí mhí tar éis an fógra luathbhraith dá dtagraítear in Airteagal 16 a tharchur, cuirfidh na Ballstáit bearta um dhíothú i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra faoi na bearta sin don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas fúthu.

2.   Agus bearta um dhíothú á gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na modhanna atá in úsáid éifeachtúil le díothú iomlán líon na speiceas coimhthíoch ionrach lena mbaineann a bhaint amach, ag féachaint go cuí do shláinte an duine agus don chomhshaol, go háirithe do speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus na gnáthóga atá acu, agus chun a áirithiú go spáráiltear na hainmhithe ar aon phian, anacra nó fulaingt atá inseachanta.

3.   Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht an díothaithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcóras faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chuige seo. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí.

4.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi éifeachtacht na mbeart a rinneadh agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún nuair a bheidh díothú déanta ar líon de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil freisin do Bhallstáit eile.

Airteagal 18

Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhear

1.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh, bunaithe ar fhianaise dhaingean eolaíoch, agus laistigh de dhá mhí tar éis speiceas coimhthíoch ionrach dá dtagraítear in Airteagal 16 a bhrath, gan bearta um dhíothú a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

taispeántar nach bhfuil díothú indéanta go teicniúil ós rud é nach féidir na modhanna díothaithe atá ar fáil a chur i bhfeidhm sa timpeallacht ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach bunaithe;

(b)

léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach go mbeidh na costais, san fhadtéarma, go heisceachtúil ard agus díréireach i ndáil le sochair an díothaithe;

(c)

níl modhanna díothaithe ar fáil nó tá siad ar fáil ach tá tionchar diúltach an-tromchúiseach acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó ar speicis eile.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don Choimisiún, gan mhoill, faoina chinneadh. Beidh an fhianaise ar fad dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír ag gabháil leis an bhfógra.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ansin.

3.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) laistigh de dhá mhí ó fhógra an Bhallstáit a fháil.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta imshrianta i bhfeidhm chun leathadh breise an speicis choimhthígh ionraigh go dtí Ballstáit eile a sheachaint, nuair nach gcuirfear bearta um dhíothú i bhfeidhm, de bhun mhír 1.

5.   I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta díothaithe dá dtagraítear in Airteagal 17 a chur i bhfeidhm gan mhoill.

6.   I gcás nach ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an speiceas coimhthíoch ionrach faoi réir na mbeart bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19.

CAIBIDIL IV

BAINISTIÚ NA SPEICEAS COIMHTHÍOCH IONRACH ATÁ LEATA GO FAIRSING

Airteagal 19

Bearta bainistíochta

1.   Faoi 18 mí ar a dhéanaí ón uair a chuirtear speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, beidh bearta bainistíochta éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit do na speicis choimhthíocha ionracha sin is ábhar imní don Aontas a fuair na Ballstáit a bheith leata go fairsing ar a gcríoch, ionas go ndéanfar a dtionchar ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú.

Beidh na bearta bainistíochta sin comhréireach leis an tionchar ar an gcomhshaol agus oiriúnach do chúinsí sonracha na mBallstát, bunófar iad ar anailís ar chostais agus ar shochair agus cuimseofar iontu freisin na bearta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 20, a mhéid is féidir. Cuirfear in ord tosaíochta iad bunaithe ar an measúnú riosca agus ar a n-éifeachtúlacht costais.

2.   Ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaí marfacha nó neamh-mharfacha, fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh. Nuair is iomchuí, ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaía a chuirfear i bhfeidhm ar an éiceachóras agus a bheidh dírithe ar a athléimneacht in aghaidh ionraí reatha agus ionraí amach anseo a mhéadú. Féadfar úsáid tráchtála na speiceas coimhthíoch ionrach atá bunaithe cheana a cheadú go sealadach mar chuid de na bearta bainistíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, faoi bhonn cirt dian agus ar an gcoinníoll go bhfuil na rialuithe iomchuí uile i bhfeidhm chun leathadh breise a sheachaint.

3.   Agus bearta bainistíochta á gcur i bhfeidhm acu agus le linn modhanna a bheidh le húsáid á roghnú acu, tabharfaidh Ballstáit aird chuí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol go háirithe i ndáil le speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga, agus áiritheoidh siad, nuair a dhírítear ar ainmhithe, go ndéanfar iad a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaingt, gan éifeachtacht na mbeart bainistíochta a mhaolú.

4.   Ceapfar agus úsáidfear an córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht díothaithe, rialaithe ar líon nó bhearta imshrianta chun an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus i gcás inarb infheidhme, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú freisin ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí.

5.   I gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go leathfaidh speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas chuig Ballstát eile, tabharfaidh na Ballstáit a bhfuil an speiceas sin iontu fógra láithreach do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta bainistíochta atá aontaithe go comhpháirteach a bhunú. I gcás ina bhféadfadh tríú tíortha dul faoi thionchar an leata, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall na tríú tíortha lena mbaineann a chur ar an eolas.

Airteagal 20

Athchóiriú na n-éiceachóras damáistithe

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí um athchóiriú chun cabhrú le téarnamh éiceachórais a bhí díghrádaithe, damáistithe nó scriosta ag speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, mura léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach, go mbeidh costais na mbeart sin ard agus díréireach i ndáil le sochair an athchóirithe.

2.   Ar na bearta um athchóiriú dá dtagraítear i mír 1, beidh ar a laghad an méid seo a leanas:

(a)

bearta chun cur le cumas éiceachórais atá ar a ris do shuaitheadh, mar thoradh ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a bheith ann, seasamh in aghaidh thionchar an tsuaite, é a ionsú, dul in oiriúint dó agus téarnamh uaidh;

(b)

bearta a chuideoidh le hathionradh tar éis feachtais um dhíothú a chosc.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 21

Gnóthú costas

I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus gan dochar do Threoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit díriú ar ghnóthú chostais na mbeart is gá chun tionchar diúltach na speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a íoslaghdú nó a mhaolú, lena n-áirítear costais chomhshaoil agus acmhainní mar aon leis an gcostas athchóirithe.

Airteagal 22

Comhar agus comhordú

1.   Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall dlúth-chomhordú a áirithiú leis na Ballstáit uile lena mbaineann agus, i gcás inar praiticiúil agus inarb iomchuí, struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid. Go háirithe, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht comhordú a áirithiú leis na Ballstáit eile a bhfuil na nithe seo a leanas acu freisin:

(a)

na fo-réigiúin mhuirí chéanna i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2008/56/CE, maidir le speicis mhuirí;

(b)

an réigiún bithgheografach céanna i gcomhréir le pointe (iii) de phointe (c) d’Airteagal 1 de Threoir 92/43/CEE, maidir le speicis neamh-mhuirí;

(c)

na teorainneacha céanna;

(d)

an abhantrach chéanna i gcomhréir le pointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE, maidir le speicis fhionnuisce; nó

(e)

aon ábhar imní eile is coiteann.

Arna iarraidh sin do na Ballstáit atá rannpháirteach, gníomhóidh an Coimisiún chun an comhordú a éascú.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, a seacht ndícheall oibriú i gcomhar le tríú tíortha, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear struchtúir atá ann cheana féin a thig as comhaontuithe réigiúnacha nó idirnáisiúnta a úsáid, chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

3.   Féadfaidh na Ballstáit forálacha, amhail na cinn sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a chur i bhfeidhm freisin d’fhonn comhordú agus comhar le Ballstáit ábhartha eile a áirithiú maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát agus a shainaithnítear i liostaí náisiúnta a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 12(1). Féadfaidh na Ballstáit sásraí comhair a bhunú freisin ar an leibhéal iomchuí i dtaca leis na speicis choimhthíocha ionracha sin. Féadfar a áireamh i sásraí den sórt sin faisnéis agus sonraí a mhalartú, pleananna gníomhaíochta maidir le conairí agus dea-chleachtais a mhalartú i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha a bhainistiú, a rialú agus a dhíothú, córais agus luathrabhaidh agus cláir a bhaineann le feasacht phoiblí nó le hoideachas.

Airteagal 23

Rialacha náisiúnta níos déine

Féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta níos déine a choimeád ar bun nó a leagan síos agus é mar aidhm acu tabhairt isteach, bunú agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus cuirfear an Coimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais.

CAIBIDL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 1 Meitheamh 2019, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a nuashonrú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún:

(a)

tuairisc ar an gcóras faireachais de bhun Airteagal 14 agus ar an gcóras um rialú oifigiúil ar speicis choimhthíocha a thagann isteach san Aontas de bhun Airteagal 15, nó leagan nuashonraithe di;

(b)

dáileadh an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, nó is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, agus atá ina gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), lena n-áirítear faisnéis faoi phatrúin imirce nó atáirgthe;

(c)

faisnéis faoi na speicis a mheastar mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát de bhun Airteagal 12 (2);

(d)

na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2);

(e)

faisnéis chomhiomlán a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán maidir leis na bearta um dhíothú a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, na bearta bainistíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19, agus a n-éifeachtacht, chomh maith lena dtionchar ar speicis nach speicis a dhírítear orthu iad;

(f)

líon na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus an chúis ar eisíodh iad;

(g)

bearta a glacadh chun an pobal a chur ar an eolas i dtaca le speiceas coimhthíoch ionrach a bheith i láthair agus aon ghníomhaíochtaí a iarradh ar shaoránaigh a ghlacadh;

(h)

na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 8(8); agus

(i)

faisnéis faoi chostas na gníomhaíochta a dhéantar chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, má bhíonn sí ar fáil.

2.   Faoin 5 Samhain 2015, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas faoi na húdaráis inniúla atá i gceannas ar an Rialachán seo a chur chun feidhme.

3.   Faoin 1 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena n-áirítear liosta an Aontais, na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2), an córas faireachais, rialuithe custaim, an oibleagáid um dhíothú agus na hoibleagáidí bainistithe, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bhféadfaidh tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil léi, lena n-áirítear athruithe ar liosta an Aontais. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin éifeachtacht na bhforálacha cur chun feidhme maidir le speicis choimhthíocha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, an gá atá leis an speiceas atá dúchasach don Aontas a áireamh i liosta an Aontais agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh agus an bhfuil gá le comhchuibhiú breise chun éifeachtacht na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit a mhéadú.

4.   Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú d’fhonn oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus a shruthlíniú do na Ballstáit i ndáil leis an bhfaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 25

Córas tacaíochta faisnéise

1.   Bunóidh an Coimisiún de réir a chéile córas tacaíochta faisnéise is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú.

2.   Faoin 2 Eanáir 2016 áireofar sa chóras sin sásra tacaíochta sonraí a idirnascfaidh na córais sonraí atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha ionracha, agus tabharfar aird ar leith ar fhaisnéis ar na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun an tuairisciú de bhun Airteagal 24 a éascú.

An sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear sa chéad fomhír, tiocfaidh sé chun bheith ina uirlís a chuideoidh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na fógraí ábhartha a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) a láimhseáil.

3.   Faoin 2 Eanáir 2019, tiocfaidh an sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun bheith ina shásra chun faisnéis maidir le gnéithe eile den Rialachán seo a mhalartú.

Féadfaidh sé freisin go n-áireofar faisnéis ann i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, agus i ndáil le conairí, le measúnú riosca agus le bearta bainistíochta agus le bearta um dhíothú, nuair a bhíonn sí ar fáil.

Airteagal 26

Rannpháirtíocht an phobail

I gcás ina mbíonn pleananna gníomhaíochta á mbunú de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo agus ina mbíonn bearta bainistíochta i bhfeidhm de bhun Airteagal 19 den Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna luatha, éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú, i modhnú nó in athbhreithniú na mbeart sin, ag baint úsáide as na socruithe a chinn na Ballstáit cheana féin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 2(3) de Threoir 2003/35/CE.

Airteagal 27

An Coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin agus féadfaidh sé cúnamh a fháil agus é i mbun a chúraimí ón bhfóram um an eolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

An fóram um an eolaíocht

Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht ionadaithe ó phobal na heolaíochta a cheap na Ballstáit i gcomhairle a sholáthar maidir le haon cheist eolaíoch a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil le hAirteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 10 agus Airteagal 18. Tiocfaidh na hionadaithe le chéile i bhfóram um an eolaíocht. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an fhóraim sin.

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2015. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm aon tráth. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh an tréimhse éaga, go mbeidh curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit na forálacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm.

2.   Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

3.   Féadfar a áireamh ar na pionóis dá bhforáiltear, inter alia:

(a)

fíneálacha;

(b)

urghabháil na speiceas coimhthíoch ionrach neamh-chomhlíontach is ábhar imní don Aontas;

(c)

cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 a fhionraí nó a aistarraingt láithreach.

4.   Faoin 2 Eanáir 2016, cuirfidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus déanfaidh siad amhlaidh, gan mhoill, maidir le haon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála

1.   De mhaolú ar phointí (b) agus (d) d’Airteagal 7(1), úinéirí na n-ainmhithe coimhdeachta nach mbíonn á gcoimeád chun críocha tráchtála agus a bhaineann leis na speicis coimhthíocha ionracha atá ar liosta an Aontais, ba cheart go gceadófaí dóibh iad a choimeád go dtí deireadh shaol nádúrtha na n-ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur coimeádadh na hainmhithe roimh iad a chur ar liosta an Aontais;

(b)

go gcoimeádtar na hainmhithe faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta.

2.   Glacfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta chun úinéirí neamhthráchtála a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis na hainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a choimeád agus faoi na bearta a bheidh le déanamh chun riosca an atáirgthe agus an éalaithe a íoslaghdú trí bhíthin clár oideachais agus clár um ardú feasachta a eagróidh na Ballstáit.

3.   Maidir le húinéirí neamhthráchtála nach féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, ní bheidh cead acu na hainmhithe lena mbaineann a choimeád. Féadfaidh na Ballstáit deis a thabhairt dóibh go dtógfaí a n-ainmhithe uathu. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, tabharfar aird chuí ar leas na n-ainmhithe.

4.   Féadfaidh na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 na hainmhithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a choimeád nó féadfar iad a choimeád i saoráidí arna mbunú ag Ballstáit chun na críche sin.

Airteagal 32

Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála

1.   Maidir le coimeádaithe stoic tráchtála d’eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha a fuarthas sular cuireadh ar liosta an Aontais iad, ceadófar a fhad le dhá bhliain dóibh, tar éis na speicis a chur ar an liosta sin, eiseamail bheo nó codanna inatáirgthe de na speicis sin a choimeád agus a iompar d’fhonn iad a dhíol nó a aistriú chuig na bunaíochtaí taighde nó caomhnaithe ex-situ agus chun críocha na ngníomhaíochtaí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 8, ar choinníoll go gcoinnítear agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta; nó chun na heiseamail a mharú nó iad a dhealú ar bhealach daonnachtúil chun a stoc a dhísciú.

2.   Ceadófar eiseamail bheo a dhíol nó a aistriú chuig úsáideoirí neamhthráchtála go ceann bliana amháin tar éis na speicis a chur ar liosta an Aontais, ar choinníoll go gcoimeádtar agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta.

3.   I gcás inar eisíodh cead i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) 708/2007 le haghaidh speicis dhobharshaothraithe a chuirtear ina dhiaidh sin ar liosta an Aontais, agus go dtéann ré an cheada thar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh an Ballstát an cead siar i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) 708/2007 faoi dheireadh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 22 Deireadh Fómhair 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. DELLA VEDOVA


(1)  IO C 177, 11.6.2014, lch. 84

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle 29 Meán Fómhair 2014.

(3)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(4)  Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1981 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na hEorpa (IO L 38, 10.2.1982, lch. 1).

(5)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(6)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíochtaí Chomhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí (An Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(7)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7)

(8)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(9)  Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánaigh atá dochrach do phlandaí nó táirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leathadh laistigh den Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lch. 1).

(10)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d’aonghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch.1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 708/2007 an 11 Meitheamh 2007 maidir le húsáid speiceas coimhthíoch agus speiceas atá in easnamh go háitiúil sa dobharshaothrú (IO L 168, 28.6.2007, lch.1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).

(15)  Cinneadh 2010/718/AE ón gComhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2010 lena leasaítear stádas Oileán Saint-Barthélemy i leith an Aontais Eorpaigh (IO L 325, 9.12.2010, lch. 4).

(16)  Cinneadh 2012/419/AE ón gComhairle Eorpach an 11 Iúil 2012 lena leasaítear stádas Mayotte i leith an Aontais Eorpaigh (IO L 204, 31.7.2012, lch. 131).

(17)  Rialachán (CE) Uimh 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(18)  Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos lena n-eagraítear seiceálacha tréidliachta ainmhithe atá ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus lena leasaítear Treoracha 89/662/CEE, 90/425/CEE agus 90/675/CEE (IO L 268, 24.9.1991, lch. 56).

(19)  Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrúchán seiceálacha tréidliachta ar tháirgí ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha (IO L 24, 30.1.1998, lch. 9).

(20)  Treoir 2003/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas agus lena leasaítear, maidir le rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas, Treoir 85/337/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 156, 25.6.2003, lch. 17).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(23)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).