28.8.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

121


RIALACHÁN (AE) Uimh. 912/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 lúil 2014

lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí socraithe díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, áirítear infheistíocht dhíreach eachtrach ar liosta n-ábhar a thig faoin gcomhbheartas tráchtála. I gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 3(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas i dtaca leis an gcomhbheartas tráchtála agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a chumhdaíonn forálacha maidir le hinfheistíocht dhíreach eachtrach.

(2)

Is féidir sásra socraithe díospóidí idir infheisteoir agus stát a áireamh i gcomhaontuithe ina bhforáiltear do chosaint na hinfheistíochta, sásra lena bhféadfaidh infheisteoir ó thríú tír éileamh a dhéanamh in aghaidh stáit ina ndearna sé infheistíocht. Is féidir dámhachtainí cúitimh airgid a theacht as socrú díospóide idir infheisteoir agus stát. Lena chois sin, tabhófar go cinnte costais maidir le riar na headrána in aon chás dá leithéid, chomh maith le costais a bhaineann le cás a chosaint.

(3)

Tá an fhreagracht idirnáisiúnta maidir le cóir faoi réir socraithe díospóidí ann de thoradh roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit. Dá bharr sin, beidh an tAontas freagrach i bprionsabal as aon éilimh a chosaint ina líomhnaítear gur sáraíodh na rialacha atá ina gcuid de chomhaontú a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais, is cuma an é an tAontas féin nó Ballstát a chuireann an chóir atá i gceist.

(4)

Ba cheart go dtabharfaí an t-ardleibhéal cosanta céanna d’infheisteoirí eachtracha le comhaontuithe an Aontais agus a thugtar d’infheisteoirí ón Aontas le dlí an Aontais agus leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, ach níor cheart go mbeadh an leibhéal cosanta níos airde. Ba cheart go n-áireofaí le comhaontuithe an Aontais go n-urramófar agus go gcosnófar cumhachtaí reachtacha an Aontais agus a cheart chun rialaithe.

(5)

I gcás ina bhfuil freagracht idirnáisiúnta ar an Aontas, mar eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, as an gcóir a chuirtear, beifear ag súil, mar a éilítear sa dlí idirnáisiúnta, go n-íocfaidh an tAontas aon dámhachtain neamhfhabhrach agus gurb airsean a bheidh costais aon díospóide. D’fhéadfaí, áfach, gur de thoradh na córa a chuir an tAontas féin nó na córa a chuir Ballstát a thabharfaí dámhachtain neamhfhabhrach. Ba mhíchothrom an beart, dá bhrí sin, na dámhachtainí agus na costais eadrána a íoc as buiséad an Aontais i gcás inar chuir Ballstát an chóir, ach amháin más rud é go bhfuil an chóir i gceist á ceangal faoi dhlí an Aontais. Is gá, mar sin, go leithroinntear an fhreagracht airgeadais, mar a éilítear i ndlí an Aontais, idir an tAontas féin agus an Ballstát atá freagrach as an gcóir a cuireadh ar bhonn na gcritéar atá curtha ar bun sa Rialachán seo.

(6)

Ina rún an 6 Aibreán 2011 maidir le beartas idirnáisiúnta infheistíochta Eorpach amach anseo, d’éiligh Parlaimint na hEorpa go sainráite go gcruthófaí an sásra dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ina theannta sin, ina Chonclúidí an 25 Deireadh Fómhair 2010 maidir le Beartas cuimsitheach infheistíochta idirnáisiúnta, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an ábhar.

(7)

Ba cheart freagracht airgeadais a leithroinnt ar an eintiteas atá freagrach as an gcóir a fuarthas nach raibh sí i gcomhréir le forálacha ábhartha an chomhaontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an Aontas féin i gcás ina gcuireann institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais an chóir lena mbaineann. Ba cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an mBallstát lena mbaineann i gcás ina gcuireann an Ballstát sin an chóir lena mbaineann. Má ghníomhaíonn Ballstát, áfach, ar dhóigh a cheanglaítear le dlí an Aontais, mar shampla agus treoir arna glacadh ag an Aontas á trasuí aige, ba cheart an fhreagracht airgeadais a bheith ar an Aontas féin a mhéid is a cheanglaítear an chóir lena mbaineann le dlí an Aontais. Ní mór don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go mbainfeadh cás aonair le cóir a chuireann Ballstát agus le cóir a cheanglaítear le dlí an Aontais araon. Cumhdófar ann na gníomhaíochtaí uile a dhéanfaidh na Ballstáit agus an tAontas. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh freagracht airgeadais ar na Ballstáit agus ar an Aontas as an gcóir shonrach a chuireann ceachtar acu.

(8)

Ba cheart don Aontas gníomhú i gcónaí mar fhreagróir i gcás ina mbaineann díospóid go heisiach le cóir a chuir institiúidí, comhaltaí, oifigí nó gníomhairí an Aontais amháin, sa dóigh is gur ar an Aontas a bheidh aon fhreagracht airgeadais is féidir a bheith ann i gcomhréir leis na critéir thuasluaite.

(9)

I gcás ina mbeadh an fhreagracht airgeadais ionchasach a thagann as díospóid ar Bhallstát, is cothromasach agus iomchuí é go ngníomhódh Ballstát den sórt sin mar fhreagróir chun an chóir a chuir sé ar an infheisteoir a chosaint. Is é is aidhm do na socruithe a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú nach gcuirtear ualach ar bhuiséad an Aontais ná ar acmhainní neamhairgeadais an Aontais, go sealadach féin, de dheasca chostais na dlíthíochta nó aon dámhachtainí ab fhéidir a thabharfaí in aghaidh an Bhallstáit lena mbaineann.

(10)

Ina ainneoin sin, is féidir gur fearr leis na Ballstáit go ngníomhóidh an tAontas mar an freagróir sna díospóidí seo, ar chúiseanna a bhaineann le saineolas teicniúil, mar shampla. Ba cheart, mar sin, an rogha a bheith ag na Ballstáit diúltú gníomhú mar an freagróir, gan dochar dá bhfreagracht airgeadais.

(11)

Chun a áirithiú gur féidir leasa an Aontais a chosaint go hiomchuí, tá sé fíor riachtanach, i gcúinsí eisceachtúla, go ngníomhóidh an tAontas féin mar an freagróir i ndíospóidí a bhaineann le cóir a chuir Ballstát. Tá na cúinsí sin teoranta do chásanna ina mbaineann an díospóid le cóir a chuir an tAontas fosta, más cosúil go gceanglaítear le dlí an Aontais an chóir a chuir Ballstát agus i gcás ina gconspóidtear cóir chomhchosúil in éileamh gaolmhar i gcoinne an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), i gcás inar bunaíodh painéal agus ina mbaineann an t-éileamh leis an tsaincheist dhlíthiúil shonrach chéanna agus i gcás inar gá argóinteacht chomhsheasmhach a áirithiú i gcás EDT.

(12)

Nuair a ghníomhaíonn an tAontas mar an freagróir i gcásanna a bhaineann le bearta Ballstáit, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún an chosaint a sheoladh ar bhealach a dhéanann leasanna airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann a chosaint.

(13)

Ba cheart cinntí maidir le cibé ar cheart go ngníomhódh an tAontas nó Ballstát mar an freagróir a ghlacadh laistigh den chreat a leagtar síos sa Rialachán seo. Is iomchuí go gcuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach maidir leis an mbealach ina gcuirtear an creat seo i bhfeidhm.

(14)

Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le roinnt socruithe praiticiúla i dtaca le nósanna imeachta eadrána a sheoladh i ndíospóidí a bhaineann le cóir a chuir Ballstát. Ba cheart na socruithe sin a dhíriú ar an díospóid a bhainistiú chomh maith agus is féidir agus ag an am céanna comhlíonadh dhualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a áirithiú agus leas an Bhallstáit lena mbaineann a chosaint.

(15)

I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir, ba cheart foráil a dhéanamh i socruithe den sórt sin maidir le comhar an-dlúth lena n-áirítear fógra pras maidir le haon chéimeanna nós imeachta suntasacha, doiciméid ábhartha a chur ar fáil, comhairliúcháin rialta agus rannpháirtíocht sa toscaireacht chuig na himeachtaí.

(16)

I gcás ina ngníomhaíonn Ballstát mar an freagróir, is iomchuí, i gcomhréir le dualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, go gcoinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir le forbairtí sa chás agus go háirithe go n-áiritheoidh sé fógra tráthúil a thabhairt maidir le céimeanna nós imeachta suntasacha, doiciméid ábhartha a chur ar fáil, comhairliúcháin rialta agus rannpháirtíocht sa toscaireacht chuig na himeachtaí. Tá sé iomchuí freisin go dtabharfar deis leordhóthanach don Choimisiún aon phointe dlí nó aon eilimint eile a bhaineann le leas an Aontais a thagann chun tosaigh sa díospóid a shainaithint.

(17)

Gan dochar do thoradh na n-imeachtaí eadrána, ba cheart go mbeadh Ballstát in ann glacadh leis tráth ar bith go mbeadh an fhreagracht airgeadais air más rud é go bhfuil cúiteamh le híoc. I gcás den sórt sin, ba cheart go mbeadh an Ballstát agus an Coimisiún in ann socruithe a dhéanamh le chéile maidir leis na costais a íoc go tréimhsiúil agus aon chúiteamh a íoc. Ní thugtar le tuiscint le glacadh den sórt sin go nglacann Ballstát go bhfuil bunús maith ag an éileamh atá ina ábhar díospóide. I gcás den sórt sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann cinneadh a ghlacadh a cheanglódh go ndéanfaidh an Ballstát foráil maidir le costais den sórt sin. Más rud é go ndéanann an binse costais a dhámhachtain don Aontas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go n-aisíocfar aon réamhíocaíocht costas láithreach don Bhallstát lena mbaineann.

(18)

I gcásanna áirithe, is féidir gur iomchuí teacht ar shocraíocht d’fhonn eadráin chostasach agus nach gá a sheachaint. Is gá nós imeachta a leagan síos maidir le socraíochtaí den sórt sin a dhéanamh. Ba cheart ligean don Choimisiún i nós imeachta den sórt sin, agus é ag gníomhú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin, cás a bhaineann le freagracht airgeadais an Aontais a shocrú, más le leas an Aontais é. Nuair a bhaineann an cás freisin le cóir a chuireann Ballstát, is iomchuí nach mbeadh an tAontas in ann díospóid a shocrú ach amháin mura mbeadh impleachtaí airgeadais nó buiséadacha ag an tsocraíocht don Bhallstát lena mbaineann. I gcásanna den sórt sin, is iomchuí go mbeadh dlúthchomhar agus comhairliúcháin idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát i gcónaí an cás a shocrú, ar choinníoll go nglacann sé freagracht airgeadais iomlán agus go bhfuil an tsocraíocht sin i gcomhréir le dlí an Aontais.

(19)

Má tugadh dámhachtain in aghaidh an Aontais, ba cheart an dámhachtain sin a íoc gan mhoill. Ba cheart don Choimisiún socruithe a dhéanamh maidir le dámhachtainí den sórt sin a íoc, murar ghlac Ballstát freagracht airgeadais cheana.

(20)

Ba cheart don Choimisiún dul i ndlúthchomhairle leis an mBallstát lena mbaineann chun teacht ar chomhaontú maidir le cionroinnt freagrachta airgeadais. I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil Ballstát freagrach, agus mura nglacann an Ballstát leis an gcinneadh sin, ba cheart don Choimisiún an dámhachtain a íoc, ach ba cheart dó, ina theannta sin, cinneadh a dhíriú ar an mBallstát, ag iarraidh air na suimeanna lena mbaineann a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais, maille leis an ús is infheidhme. Ba cheart gurbh ionann an t-ús atá le híoc agus an t-ús atá leagtha síos de bhun Airteagal 78(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Tá Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar fáil i gcás ina measann Ballstát nach mbaintear amach na critéir atá leagtha amach sa Rialachán seo leis an gcinneadh.

(21)

Ba cheart do bhuiséad an Aontais cumhdach a chur ar fáil maidir leis an gcaiteachas a leanfaidh comhaontuithe a chumhdaíonn forálacha maidir le hinfheistíocht dhíreach eachtrach ar páirtí iontu an tAontas Eorpach agus ina bhforáiltear do shocrú díospóide idir infheisteoir agus stát. I gcás ina bhfuil freagracht airgeadais ar Bhallstáit de bhun an Rialacháin seo, ba cheart é bheith de chumhacht ag an gCoimisiún, ceachtar acu, ranníocaíochtaí an Bhallstáit lena mbaineann a charnadh sula gcuirfidh sé i bhfeidhm an caiteachas ábhartha, nó an caiteachas ábhartha a chur chun feidhme ar dtús agus aisíocaíocht a fháil ón mBallstát dá éis sin. Ba cheart gurbh fhéidir an dá shásra córa buiséid sin a úsáid, de réir indéantachta, go háirithe i dtaca leis an uainiú. I gcás an dá shásra, ba cheart glacadh leis na ranníocaíochtaí nó na haisíocaíochtaí a dhéanann an Ballstát lena mbaineann mar chuid d’ioncam sannta inmheánach de bhuiséad an Aontais. Na leithreasuithe a thagann as an ioncam sannta inmheánach seo, ní hamháin gur cheart dóibh cumhdach a dhéanamh ar an gcaiteachas ábhartha, ach ba cheart iad a bheith le fáil chun athshlánú a dhéanamh ar chodanna eile de bhuiséad an Aontais as ar tugadh na leithreasuithe tosaigh chun an caiteachas ábhartha faoin dara sásra a chur chun feidhme.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(23)

Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hAirteagal 9(2) agus (3), Airteagal 13(1), Airteagal 14(8), Airteagal 15(3) agus Airteagal 16(3) a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(24)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun cinntí lena bhforáiltear go ngníomhóidh an tAontas mar an freagróir de bhun Airteagal 9(2) a ghlacadh, ós rud é gur gá don Aontas sna cásanna sin cosaint cásanna den sórt sin a ghlacadh air féin, ach gur cheart go mbeadh an méid sin fós faoi réir rialú na mBallstát. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun cinntí a ghlacadh maidir le socrú díospóidí de bhun Airteagal 15(3) ós rud é nach mbeidh ag na cinntí sin, ar a mhéid, ach tionchar sealadach ar bhuiséad an Aontais, ós rud é go mbeidh sé de cheangal ar an mBallstát lena mbaineann aon fhreagracht airgeadais a ghlacadh a thiocfaidh as an díospóid, agus mar gheall ar na critéir mhionsonraithe atá leagtha síos sa Rialachán seo maidir le hinghlacacht socraíochtaí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí arna bunú ag CFAE, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le socrú díospóide idir infheisteoir agus stát a sheoltar de bhun comhaontaithe ar páirtí ann an tAontas, nó ar páirtithe ann an tAontas agus a chuid Ballstát, agus a thionscain éilitheoir tríú tír. Go háirithe, ní dhéanfaidh glacadh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo difear do theorannú na n-inniúlachtaí arna bhunú ag na Conarthaí, lena n-áirítear maidir leis an gcóir a chuireann na Ballstáit nó an tAontas agus a dhéanann éilitheoir a chonspóid i socrú díospóide idir infheisteoir agus stát a sheoltar de bhun comhaontaithe.

2.   Chun críocha faisnéise, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus coinneoidh sé cothrom le dáta liosta de na comhaontuithe a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “comhaontú” aon chomhaontú idirnáisiúnta a chumhdaíonn forálacha maidir le hinfheistíocht dhíreach eachtrach ar páirtí ann an tAontas nó ar páirtithe ann an tAontas agus a chuid Bhallstát agus ina bhforáiltear do shocrú díospóide idir infheisteoir agus stát;

(b)

ciallaíonn “costais a thagann as an eadráin” táillí agus costais an bhinse eadrána agus institiúid na headrána, agus costais ionadaíochta agus cúiteamh costais a thug an binse eadrána don éilitheoir, amhail costais aistriúcháin, costais anailíse dlíthiúla agus eacnamaíche agus costais ábhartha eile i dtaca leis na himeachtaí eadrána;

(c)

ciallaíonn “díospóid” éileamh a thug éilitheoir in aghaidh an Aontais nó in aghaidh Ballstáit de bhun comhaontaithe agus ar éileamh é a ndéanfaidh binse eadrána rialú air;

(d)

ciallaíonn “socrú díospóide idir infheisteoir agus stát” sásra dá bhforáiltear i gcomhaontú lena bhféadann éilitheoir éilimh a thionscnamh in aghaidh an Aontais nó in aghaidh Ballstáit;

(e)

ciallaíonn “Ballstát” Ballstát amháin nó níos mó de chuid an Aontais Eorpaigh;

(f)

ciallaíonn “an Ballstát lena mbaineann” an Ballstát a chuir an chóir a líomhnaítear nach raibh i gcomhréir leis an gcomhaontú;

(g)

ciallaíonn “freagracht airgeadais” oibleagáid suim airgid a íoc a thug binse eadrána nó a comhaontaíodh mar chuid de shocraíocht agus lena n-áirítear na costais a thagann as an eadráin;

(h)

ciallaíonn “socraíocht” aon chomhaontú idir an tAontas nó Ballstát, nó iad araon, de pháirt amháin, agus an t-éilitheoir, de pháirt eile, ina dtoilíonn an t-éilitheoir gan leanúint dá éilimh mar mhalairt ar shuim airgid a íoc nó ar ghníomhaíocht eile seachas airgead a íoc, lena n-áirítear i gcás ina dtaifeadtar an tsocraíocht i ndámhachtain de chuid binse eadrána;

(i)

ciallaíonn “binse eadrána” aon duine nó aon chomhlacht arna ainmniú faoi chomhaontú chun rialú a thabhairt ar dhíospóid idir infheisteoir agus stát;

(j)

ciallaíonn “éilitheoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhéadann éileamh a thabhairt chuig socrú díospóide idir infheisteoir agus stát de bhun comhaontaithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach dár sannadh éilimh an éilitheora faoin gcomhaontú go dleathach;

(k)

ciallaíonn “dlí an Aontais” CFAE agus CAE, mar aon le haon ghníomhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa dara mír, sa tríú mír agus sa cheathrú mír d’Airteagal 288 CFAE agus aon chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu nó a bhfuil an tAontas agus a chuid Ballstát ina bpáirtithe iontu; chun críocha an Rialacháin seo, agus chucu sin amháin, ní chiallóidh “dlí an Aontais” na forálacha maidir le cosaint infheistíochta sa chomhaontú;

(l)

tagraíonn “a cheanglaítear le dlí an Aontais” do chóir i gcás nár fhéad an Ballstát lena mbaineann an sárú líomhnaithe ar an gcomhaontú a sheachaint ach amháin trí neamhaird a thabhairt ar oibleagáid faoi dhlí an Aontais amhail i gcás nach bhfuil lánrogha ná corrlach breithmheasa aige maidir leis an toradh atá le baint amach.

CAIBIDIL II

FREAGRACHT AIRGEADAIS A CHIONROINNT

Airteagal 3

Critéir cionroinnte

1.   Déanfar an fhreagracht airgeadais a thagann as díospóid faoi chomhaontú a chionroinnt i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)

is ar an Aontas a bheidh an fhreagracht airgeadais a thagann as cóir a chuir institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais;

(b)

is ar an mBallstát lena mbaineann a bheidh an fhreagracht airgeadais a thagann as cóir a chuir an Ballstát sin;

(c)

mar eisceacht ar phointe (b), is ar an Aontas a bheidh an fhreagracht airgeadais a thagann as cóir a chuir Ballstát i gcás inar ceanglaíodh an chóir sin le dlí an Aontais.

D’ainneoin phointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceanglaítear ar an mBallstát lena mbaineann gníomhú de bhun dhlí an Aontais d’fhonn neamhréireacht réamhghnímh le dlí an Aontais a leigheas, is ar an mBallstát sin a bheidh an fhreagracht airgeadais murar ceanglaíodh réamhghníomh den sórt sin le dlí an Aontais.

2.   I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena gcinntear freagracht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i mír 1. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

3.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar an mBallstát lena mbaineann a bheidh an fhreagracht airgeadais sna cásanna seo a leanas:

(a)

ghlac an Ballstát lena mbaineann freagracht airgeadais ionchasach de bhun Airteagal 12 nó,

(b)

déanann an Ballstát lena mbaineann socraíocht de bhun Airteagal 15.

4.   D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar an Aontas a bheidh an fhreagracht airgeadais i gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir de bhun Airteagal 4.

CAIBIDIL III

DÍOSPÓIDÍ A SHEOLADH

ROINN 1

Díospóidí a bhaineann le cóir a chuir an tAontas a sheoladh

Airteagal 4

Cóir a chuir an tAontas

1.   Gníomhóidh an tAontas mar an freagróir i gcás ina mbaineann an díospóid le cóir a chuir institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais.

2.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ar chomhairliúcháin ó éilitheoir nó fógra lena sonraíonn éilitheoir go bhfuil rún aige imeachtaí eadrána a thionscnamh i gcomhréir le comhaontú, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

ROINN 2

DÍOSPÓIDÍ A BHAINEANN LE CÓIR A CHUIR BALLSTÁT A SHEOLADH

Airteagal 5

Cóir a chuir Ballstát

Beidh an Roinn seo infheidhme maidir le díospóidí a bhaineann, go hiomlán nó go páirteach, le cóir a chuir Ballstát.

Airteagal 6

Comhar agus comhairliúcháin idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann

1.   I gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, glacfaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann na bearta uile is gá chun leas an Aontais agus an Bhallstáit lena mbaineann a chosaint.

2.   Rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle lena chéile maidir le díospóidí a bhainistiú de bhun an Rialacháin seo, ag féachaint d’aon spriocdhátaí a leagtar síos sa Rialachán seo agus sa chomhaontú lena mbaineann, agus roinnfidh siad faisnéis lena chéile nuair is ábhartha maidir le díospóidí a sheoladh.

Airteagal 7

Iarraidh ar chomhairliúcháin

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ar chomhairliúcháin ó éilitheoir i gcomhréir le comhaontú, tabharfaidh sé fógra láithreach don Bhallstát lena mbaineann. I gcás inar cuireadh Ballstát ar an eolas faoi iarraidh nó i gcás ina bhfuair sé iarraidh ar chomhairliúcháin, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún.

2.   Beidh ionadaithe ón mBallstát lena mbaineann agus ón gCoimisiún ina gcuid de thoscaireacht an Aontais chuig na comhairliúcháin.

3.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún an fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcás ar fáil dá chéile láithreach.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon iarrataí den sórt sin a rinneadh ar chomhairliúcháin.

Airteagal 8

Fógra maidir le rún imeachtaí eadrána a thionscnamh

1.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún fógra lena sonraíonn éilitheoir go bhfuil rún aige imeachtaí eadrána a thionscnamh, i gcomhréir le comhaontú, cuirfidh an Coimisiún an méid sin in iúl láithreach don Bhallstát lena mbaineann. I gcás ina luann éilitheoir go bhfuil sé de rún aige imeachtaí eadrána i gcoinne an Aontais nó Ballstáit a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún ainm an éilitheora, forálacha an chomhaontaithe a líomhnaítear gur sáraíodh é, an earnáil eacnamaíochta lena mbaineann, an chóir a líomhnaítear a sháraíonn an comhaontú agus méid na ndamáistí a éilítear a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de 15 lá tar éis dó fógra a fháil.

2.   I gcás ina bhfaigheann Ballstát fógra lena sonraíonn éilitheoir go bhfuil rún aige imeachtaí eadrána a thionscnamh, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don Choimisiún.

3.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhógraí den sórt sin, ar fógraí maidir le rún imeachtaí eadrána a thionscnamh iad.

Airteagal 9

Stádas freagróra

1.   Gníomhóidh an Ballstát lena mbaineann mar an freagróir ach amháin i gceachtar cás díobh seo a leanas:

(a)

rinne an Coimisiún cinneadh de bhun mhír 2 nó mhír 3 den Airteagal seo laistigh de 45 lá ó fuair sé an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8, tar éis dó dul i mbun comhairliúchán de bhun Airteagal 6; nó

(b)

dhearbhaigh an Ballstát lena mbaineann don Choimisiún i scríbhinn laistigh de 45 lá ó fuair sé an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8 nach bhfuil rún aige gníomhú mar an freagróir, tar éis dó dul i mbun comhairliúchán de bhun Airteagal 6.

Más ann do cheachtar den dá chás dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), gníomhóidh an tAontas mar an freagróir.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunaithe ar anailís fhíriciúil iomlán agus chothrom agus ar réasúnú dlíthiúil a chuirtear ar fáil do na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(2), go bhfuil an tAontas le gníomhú mar an freagróir i gcás ina dtagann ceann amháin nó níos má de na himthosca seo a leanas chun cinn:

(a)

más ar an Aontas a bheadh an fhreagracht airgeadais ionchasach uile, nó cuid di ar a laghad, a thagann as an díospóid i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3; nó

(b)

má bhaineann an díospóid le cóir a chuir institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais freisin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bunaithe ar anailís fhíriciúil iomlán agus chothrom agus ar réasúnú dlíthiúil a chuirtear ar fáil do na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3), go bhfuil an tAontas chun gníomhú mar an freagróir i gcás ina gconspóidtear cóir chomhchosúil in éileamh gaolmhar i gcoinne an Aontais in EDT, i gcás inar bunaíodh painéal agus go mbaineann an t-éileamh leis an tsaincheist shonrach dhlíthiúil chéanna, agus i gcás ina gcaithfear argóinteacht chomhsheasmhach a áirithiú do chás EDT.

4.   Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnóidh cosaint an Aontais leas airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle le chéile de bhun Airteagal 6 maidir le bainistiú an cháis de bhun an Airteagail seo go díreach i ndiaidh dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 8 a fháil. Áiritheoidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann go mbainfear amach aon sprioc-amanna atá leagtha síos sa chomhaontú.

6.   I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir i gcomhréir le mír 2 agus mír 5, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann maidir le haon phléadáil nó le haon bharúil sula gcuirfear bailchríoch orthu nó sula gcuirfear isteach iad. Beidh ionadaithe ón mBallstát lena mbaineann, arna iarraidh sin don Bhallstát agus ar chostas an Bhallstáit sin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais in éisteacht ar bith agus déanfaidh an Coimisiún aird chuí a thabhairt ar leas an Bhallstáit.

7.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle má tá aon díospóid ann ina gcuirtear an tAirteagal seo i bhfeidhm agus an dóigh ar cuireadh i bhfeidhm é.

Airteagal 10

Ballstát do sheoladh imeachtaí eadrána

1.   I gcás ina ngníomhaíonn Ballstát mar an freagróir, i ngach céim den díospóid, lena n-áirítear i gcás ina ndéanfaí an díospóid a neamhniú, a achomharc nó a athbhreithniú, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas de bhun Airteagal 6:

(a)

cuirfidh sé na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an imeacht ar fáil don Choimisiún in am trátha;

(b)

tabharfaidh sé fógra don Choimisiún, in am trátha, maidir leis na céimeanna nós imeachta suntasacha go léir, agus arna iarraidh sin dó, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún d’fhonn aird chuí a thabhairt ar aon phointe dlí nó aon ghné eile de leas an Aontais a thagann chun tosaigh sa díospóid agus a shainaithin an Coimisiún in anailís neamhcheangailteach i scríbhinn a cuireadh ar fáil don Bhallstát lena mbaineann; agus

(c)

ligfidh sé d’ionadaithe an Choimisiúin, arna iarraidh sin dó agus ar a chostas féin, bheith mar chuid den toscaireacht a bheidh ag ionadú don Bhallstát.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha a bhaineann leis na himeachtaí ar fáil don Bhallstát, chun a áirithiú an chosaint is éifeachtaí agus is féidir.

3.   A luaithe a dhéanfar dámhachtain, cuirfidh an Ballstát an méid sin in iúl don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 11

An tAontas do sheoladh imeachtaí eadrána

1.   De bhun Airteagal 6, beidh na forálacha seo a leanas infheidhme i rith na n-imeachtaí eadrána i gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir in aon díospóid ina mbeadh Ballstát faoi dhliteanas an bhfreagracht airgeadais ionchasach uile nó cuid di a iompar:

(a)

déanfaidh an Coimisiún na bearta go léir is gá chun leasanna an Bhallstáit lena mbaineann a chosaint;

(b)

tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann an cúnamh go léir is gá don Choimisiún;

(c)

cuirfidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha a bhaineann leis na himeachtaí ar fáil don Bhallstát lena mbaineann, coinneoidh sé an Ballstát ar an eolas maidir leis na céimeanna nós imeachta suntasacha go léir agus rachaidh sé i gcomhairle leis an mBallstát i gcás ar bith arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chun a áirithiú go mbeidh an chosaint chomh héifeachtach agus is féidir;

(d)

ullmhóidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an chosaint i ndlúthchomhar lena chéile; agus

(e)

beidh toscaireacht an Aontais chuig na himeachtaí comhdhéanta den Choimisiún agus d’ionadaithe ón mBallstát lena mbaineann, mura gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún nach bhfuil sé de rún aige bheith ar chuid de thoscaireacht an Aontais chuig na himeachtaí.

2.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi fhorbairtí sna himeachtaí eadrána dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 12

An fhreagracht airgeadais ionchasach á glacadh ag an mBallstát i gcás ina bhfuil an tAontas ina fhreagróir

I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir in aon díospóid ina mbeadh Ballstát faoi dhliteanas an fhreagracht airgeadais ionchasach uile nó cuid di a iompar, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, aon fhreagracht airgeadais ionchasach a ghlacadh a thagann as an eadráin. Chun na críche sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún socruithe a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

sásraí le haghaidh íocaíocht thréimhsiúil costas a thagann as an eadráin;

(b)

sásraí le haghaidh íocaíocht aon dámhachtainí a tugadh in aghaidh an Aontais.

CAIBIDIL IV

DÍOSPÓIDÍ A SHOCRÚ MÁS É AN TAONTAS AN FREAGRÓIR

Airteagal 13

Díospóidí a bhaineann le cóir a chuir an tAontas a shocrú

1.   Má mheasann an Coimisiún gur le leas an Aontais díospóid a shocrú a bhaineann le cóir a chuir an tAontas go heisiach, féadann sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh chun an réiteach a fhormheas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

2.   Más féidir go mbeadh gníomhaíocht ag baint le socraíocht seachas íocaíocht suime airgid, beidh na nósanna imeachta ábhartha infheidhme maidir le gníomhaíocht den sórt sin.

Airteagal 14

Díospóidí a shocrú maidir le cóir a chuir Ballstát go hiomlán nó go páirteach i gcás inar mian leis an Aontas teacht ar shocraíocht

1.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid a bhaineann le cóir a chuir Ballstát, go hiomlán nó go páirteach, agus má mheasann an Coimisiún gur le leasanna airgeadais an Aontais an díospóid a shocrú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle ar dtús leis an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 6. Féadfaidh an Ballstát na comhairliúcháin sin a thionscnamh freisin leis an gCoimisiún.

2.   Má chomhaontaíonn an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an díospóid a shocrú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall socrú a dhéanamh leis an gCoimisiún ina leagfar amach na heilimintí is gá don idirbheartaíocht agus do chur chun feidhme na socraíochta.

3.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid ar dá bhun a thabhódh Ballstát freagracht airgeadais agus i gcás nach mbeadh an tAontas faoi aon fhreagracht airgeadais, is é an Ballstát lena mbaineann agus é sin amháin a fhéadfaidh an díospóid a shocrú, de bhun Airteagal 15.

4.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir de bhun phointe (b) d’Airteagal 9(1), féadfaidh an Coimisiún, tar éis na gcomhairliúchán de bhun Airteagal 6(1), a chinneadh an díospóid a shocrú i gcás gur le leasanna airgeadais an Aontais an tsocraíocht. Agus é á chinneadh sin, cuirfidh an Coimisiún anailís fhíriciúil iomlán agus chothrom agus réasúnú dlíthiúil ar fáil ina léireofar leasanna airgeadais an Aontais.

5.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid de bhun phointe (a) d’Airteagal 9(2) a bhaineann le freagracht airgeadais an Aontais agus léi sin amháin, agus i gcás nach mbeadh an Ballstát faoi aon fhreagracht airgeadais, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an díospóid a shocrú.

6.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid de bhun Airteagal 9(2) a bhaineann le freagracht airgeadais an Aontais agus Ballstáit, ní fhéadfaidh an Coimisiún an díospóid a shocrú gan comhaontú ón mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann anailís iomlán a chur isteach ar an tionchar a bheadh ag an tsocraíocht atá beartaithe ar leasanna airgeadais an Bhallstáit sin. I gcás nach n-aontaíonn an Ballstát an díospóid a shocrú, féadfaidh an Coimisiún, mar sin féin, a chinneadh an díospóid a shocrú ar an gcoinníoll nach mbeidh impleachtaí airgeadais ná buiséadacha i gceist le socraíocht den chineál sin don Bhallstát lena mbaineann, bunaithe ar anailís fhíriciúil iomlán agus chothrom agus ar réasúnú dlíthiúil, agus anailís an Bhallstáit á cur san áireamh agus leasanna airgeadais an Aontais agus an Bhallstáit lena mbaineann á léiriú. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 19.

7.   Ní áireofar i dtéarmaí na socraíochta faoi mhír 4, faoi mhír 5 ná faoi mhír 6 gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann seachas suim airgeadaíochta a íoc.

8.   Beidh aon socraíocht faoin Airteagal seo faoi réir formheasa trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

Airteagal 15

Díospóidí a shocrú maidir le cóir a chuir Ballstát go heisiach i gcás inar mian leis an mBallstát teacht ar shocraíocht

1.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid a bhaineann go heisiach le cóir a chuir Ballstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann moladh díospóid a shocrú sna cásanna seo a leanas:

(a)

glacann an Ballstát lena mbaineann aon fhreagracht airgeadais a d’fheadfadh teacht as an tsocraíocht;

(b)

is ar an mBallstát lena mbaineann amháin atá aon socrú socraíochta infhorfheidhmithe; agus

(c)

tá téarmaí na socraíochta ag luí le dlí an Aontais.

2.   Rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle le chéile chun an rún atá ag Ballstát díospóid a shocrú a mheas.

3.   Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an dréachtsocrú socraíochta. Measfar gur ghlac an Coimisiún leis an dréachtsocrú socraíochta ach amháin más rud é, faoi cheann 90 lá tar éis don Bhallstát fógra a thabhairt maidir leis an dréachtsocrú socraíochta, go gcinnfidh sé a mhalairt, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2), ar na forais nach gcomhlíonann an dréachtsocraíocht na coinníollacha go léir atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo. Nuair a ghlacfar an dréachtsocraíocht, déanfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun go mbeidh na socruithe socraíochta éifeachtach.

Airteagal 16

Díospóidí a shocrú maidir le cóir a chuir Ballstát i bpáirt i gcás inar mian leis an mBallstát sin teacht ar shocraíocht

1.   I gcás inarb é an tAontas an freagróir i ndíospóid a bhaineann le cóir a chuir Ballstát i bpáirt agus ina measann an Ballstát gur lena leas airgeadais féin an díospóid a shocrú, rachaidh sé i gcomhairle ar dtús leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 6.

2.   Má chomhaontaíonn an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann an díospóid a shocrú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall socrú a dhéanamh leis an gCoimisiún ina leagfar amach na heilimintí is gá don idirbheartaíocht agus do chur chun feidhme na socraíochta.

3.   I gcás nach dtoilíonn an Coimisiún an díospóid a shocrú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh diúltú socraíocht a dhéanamh, bunaithe ar anailís fhíriciúil iomlán agus chothrom agus ar réasúnú dlíthiúil a chuirtear ar fáil do na Ballstáit, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme. Glacfar leis an ngníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(3).

CAIBIDIL V

NA DÁMHACHTAINÍ DEIRIDH AGUS NA SOCRAÍOCHTAÍ A ÍOC

Airteagal 17

Raon feidhme

Beidh forálacha na Caibidle seo infheidhme i gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir i ndíospóid.

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le dámhachtainí nó socraíochtaí a íoc

1.   Tar éis dó dámhachtain deiridh a fháil de bhun comhaontaithe, féadfaidh éilitheoir iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar íocaíocht na dámhachtana sin. Íocfaidh an Coimisiún aon dámhachtain den sórt sin, ach amháin i gcás inar ghlac an Ballstát lena mbaineann freagracht airgeadais de bhun Airteagal 12, agus sa chás sin íocfaidh an Ballstát an dámhachtain.

2.   I gcás nach bhfuil taifead ar shocraíocht de bhun Airteagal 13 nó Airteagal 14 i ndámhachtain, féadfaidh éilitheoir iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar íocaíocht na socraíochta. Íocfaidh an Coimisiún aon socraíocht den sórt sin laistigh d’aon tréimhse ama ábhartha atá leagtha síos sa chomhaontú.

Airteagal 19

Nós imeachta i gcás nach bhfuil aon chomhaontú ann maidir le freagracht airgeadais

1.   I gcás ina ngníomhaíonn an tAontas mar an freagróir de bhun Airteagal 9, agus ina measann an Coimisiún gur cheart don Bhallstát lena mbaineann an dámhachtain nó an tsocraíocht nó na costais a thagann as an eadráin i gceist a íoc, go páirteach nó go hiomlán, ar bhonn na gcritéar atá leagtha síos in Airteagal 3(1), beidh an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo infheidhme.

2.   Rachaidh an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle láithreach chun comhaontú a lorg maidir le freagracht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann, agus freagracht airgeadais an Aontais, más infheidhme.

3.   Faoi cheann trí mhí ó fuar an Coimisiún an iarraidh ar íocaíocht na dámhachtana nó na socraíochta nó na costais a thagann as an eadráin, glacfaidh an Coimisiún cinneadh a bheidh dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann, lena gcinnfear an tsuim a bheidh le híoc ag an mBallstát sin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcinneadh sin agus faoin réasúnú airgeadais a bhaineann leis.

4.   Mura ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann agóid in aghaidh chinneadh an Choimisiúin faoi cheann dhá mhí tar éis an chinnidh dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann buiséad an Aontais a chúiteamh as íocaíocht na dámhachtana nó na socraíochta nó costais a thagann as an eadráin laistigh de shé mhí de theacht i bhfeidhm chinneadh an Choimisiúin. Beidh an Ballstát lena mbaineann faoi dhliteanas maidir le haon ús a bheidh dlite ag an ráta is infheidhme ar aon airgead eile a dhlitear do bhuiséad an Aontais.

5.   Má dhéanann an Ballstát lena mbaineann agóid agus mura n-aontóidh an Coimisiún le hagóid an Bhallstáit, glacfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cheann sé mhí tar eis dó agóid an Bhallstáit a fháil, lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann an tsuim a d’íoc an Coimisiún a aisíoc, maille leis an ús ar an ráta is infheidhme ar airgead eile a dhlitear do bhuiséad an Aontais.

6.   Foilseofar na cinntí ón gCoimisiún de bhun mhír 3 agus mhír 5 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 20

Réamhíocaíocht na gcostas a thagann as an eadráin

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar an mBallstát lena mbaineann ranníocaíochtaí airgeadais a airleacan le buiséad an Aontais maidir le costais intuartha nó thabhaithe a thagann as an eadráin. Beidh cinneadh den sórt sin maidir le ranníocaíochtaí airgeadais comhréireach, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 3 á gcur san áireamh.

2.   Sa mhéid go dtugann an binse eadrána na costais a thagann as an eadráin don Aontas, agus go ndearna an Ballstát lena mbaineann na costais a tháinig as an eadráin a íoc go tréimhsiúil, áiritheoidh an Coimisiún go n-aistreofar iad chuig an mBallstát a d’íoc iad roimh ré, chomh maith le hús ar an ráta is infheidhme ar aon airgead eile a dhlitear do bhuiséad an Aontais.

Airteagal 21

Íocaíocht a dhéanann Ballstát

Aisíocaíocht Ballstáit nó a íocaíocht le buiséad an Aontais, maidir le híocaíocht dámhachtana nó socraíochta nó costas a thagann as an eadráin, lena n-áirítear na costais dá dtagraítear in Airteagal 20(1) den Rialachán seo, glacfar leis mar ioncam inmheánach sannta de réir bhrí Airteagal 21(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Féadfar é a úsáid chun caiteachas a chumhdach a thagann as comhaontuithe a tugadh i gcrích de bhun Airteagal 218 de CFAE lena bhforáiltear do shocrú díospóide idir infheisteoir agus stát nó chun na leithreasuithe a athshlánú a cuireadh ar fáil ar dtús chun íocaíocht dámhachtana nó socraíochta nó costas a thagann as an eadráin a chumhdach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste maidir le Comhaontuithe Infheistíochta a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 23

Tuarascáil agus Athbhreithniú

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe ar oibriú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta. Beidh an fhaisnéis uile is gá san áireamh sa tuarascáil sin, lena n-áirítear liosta na n-éileamh a rinneadh i gcoinne an Aontais nó na mBallstát, imeachtaí agus rialuithe lena mbaineann, agus an tionchar airgeadais ar bhuiséad an Aontais. Cuirfear an chéad tuarascáil faoin 18 Meán Fómhair 2019. Cuirfear tuarascálacha eile faoina mbráid gach trí bliana dá éis sin.

2.   Cuirfidh an Coimisiún liosta d’iarrataí ar chomhairliúcháin ó éilitheoirí, d’éilimh agus de rialuithe eadrána faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil.

3.   Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle freisin chun an Rialachán seo a leasú maille leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 agus atá bunaithe ar thorthaí thaighde an Choimisiúin.

Airteagal 24

Díospóidí faoi chomhaontuithe a thugtar i gcrích roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo

I ndáil le díospóidí faoi chomhaontuithe a chumhdaítear faoi Airteagal 1 agus a thugtar i gcrích roimh an 17 Meán Fómhair 2014, ní bheidh an Rialachán seo infheidhme ach amháin maidir le díospóidí inar taisceadh iarratas ar éileamh eadrána tar éis an 17 Meán Fómhair 2014, agus a bhaineann le cóir a cuireadh tar éis an 17 Meán Fómhair 2014.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón Comhairle an 23 luil 2014.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 351, 20.12.2012, lch. 40).


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún

Beidh glacadh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo gan dochar do roinnt na hinniúlachta mar atá bunaithe sna Conarthaí agus ní thuigfear as go bhfuil inniúlachtaí roinnte á bhfeidhmiú ag an Aontas i réimsí nár feidhmíodh inniúlacht an Aontais.