28.8.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 909/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2014

maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cuireann taisclanna lárnacha urrús (TLUanna), i dteannta contrapháirtithe lárnacha (CPLanna), go mór le cothabháil bonneagar iarthrádála a chosnaíonn margaí airgeadais agus a thugann muinín do rannpháirtithe sa mhargadh go bhfuil idirbhearta urrús á ndéanamh i gceart agus ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear le linn tréimhsí nuair a bhíonn an-strus ann.

(2)

Mar gheall ar a suíomh ríthábhachtach sa phróiseas socraíochta, tá tábhacht shistéamach ó thaobh feidhmiú margaí urrús ag baint leis na córais socraíochta urrús a oibríonn TLUanna. Ós rud é go bhfuil ról tábhachtach acu i gcórais an tsealbhaithe urrús trína dtuairiscíonn a rannpháirtithe na hurrúis atá i seilbh na n-infheisteoirí, is uirlis ríthábhachtach iad na córais socraíochta urrús a oibríonn TLUanna chun sláine na heisiúna, atá ag cur bac ar chruthú nó ar laghdú míchuí na n-urrús eisithe, agus dá bhrí sin a imríonn ról tábhachtach ó thaobh muinín infheisteoirí a chothú. Ina theannta sin, bíonn dlúthbhaint ag córais socraíochta urrús a oibríonn TLUanna le comhthaobhacht urrúis a aimsiú d’oibríochtaí beartais airgeadaíochta agus leis an bpróiseas maidir le comhthaobhacht urrúis a aimsiú idir institiúidí creidmheasa, agus is gníomhaithe tábhachtacha iad dá bhrí sin sna próisis chomhthaobhachta.

(3)

Cé gur laghdaíodh le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) de dheasca imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh rannpháirtí sa chóras sin, is gá dul i ngleic le rioscaí eile atá le sárú ag córais socraíochta urrús, agus leis an riosca dócmhainneachta nó bristeachta i bhfeidhmiú TLUanna a oibríonn córais socraíochta urrús. Tá roinnt TLUanna faoi réir rioscaí creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn ó sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach i ndáil le socraíocht.

(4)

Tá méadú ar an líon socraíochtaí trasteorann mar iarmhairt ar fhorbairt chomhaontuithe naisc idir TLUanna, rud a ardaíonn ceist maidir le stóinseacht TLUanna, in éagmais comhrialacha stuamachta, le linn allmhairiú na rioscaí a bhaineann do TLUanna ó Bhallstáit eile. Ina theannta sin, in ainneoin an mhéadaithe i socraíochtaí trasteorann, is léir go bhfuil athruithe faoi thionchar an mhargaidh i dtreo margaidh níos comhtháite do sheirbhísí TLU an-mhall. I margadh inmheánach oscailte i socraíocht urrús ba cheart go gceadófaí d’aon infheisteoir san Aontas infheistiú in urrúis go léir an Aontais leis an éascaíocht chéanna agus ag baint úsáid as na próisis chéanna as a mbaintear úsáid le haghaidh urrús intíre. Mar sin féin, tá na margaí socraíochta san Aontas fós ilroinnte thar teorannacha náisiúnta agus leanann socraíocht trasteorann de bheith níos costasaí, i ngeall ar rialacha náisiúnta éagsúla lena rialaítear socraíocht agus gníomhaíochtaí TLUanna agus ar iomaíocht theoranta idir TLUanna.

Cruthaítear bac agus costais bhreise agus rioscaí breise i leith socraíochtaí trasteorann de bharr na hilroinnte sin. Mar gheall ar thábhacht shistéamach TLUanna, ba cheart iomaíocht a chur chun cinn eatarthu ionas go mbeidh rogha soláthraithe ann do rannpháirtithe margaidh agus nach mbeidh siad ag brath ar sholáthraí bonneagair amháin. In éagmais oibleagáidí comhionanna le haghaidh oibreoirí margaidh agus comhchaighdeán stuamachta i gcomhair TLU, beidh tionchar diúltach díreach ag bearta éagsúla a d’fhéadfadh a bheith glactha ar an leibhéal náisiúnta ar shábháilteacht, ar éifeachtúlacht agus ar iomaíocht sna margaí socraíochta san Aontas. Is gá na bacainní suntasacha sin maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint, saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint agus cosc a chur ar bhacainní agus ar shaobhadh den chineál sin sa todhchaí. Tá gá ann go gcruthófar margaí comhtháite le haghaidh socraíochta urrús gan idirdhealú idir idirbhearta náisiúnta agus trasteorann ionas go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach mar is cuí. Dá réir sin, ba cheart gurbh é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí iomchuí don Rialachán seo, mar a léirítear é i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(5)

Is gá roinnt oibleagáidí aonfhoirmeacha a leagan síos i rialachán a bheidh le cur i bhfeidhm ar rannpháirtithe sa mhargadh maidir le gnéithe áirithe den timthriall agus den smacht socraíochta agus sraith ceanglas coiteann a sholáthar i gcomhair TLUanna a bhfuil córais socraíochta urrús á n-oibriú acu. Ba cheart go n-áiritheofaí i rialacha atá infheidhme go díreach de chuid rialacháin go bhfuil gach oibreoir margaidh agus gach TLU faoi réir oibleagáidí, caighdeáin agus rialacha comhionanna atá infheidhme go díreach. Ba cheart go méadófaí sábháilteacht agus éifeachtúlacht socraíochta san Aontas de thoradh ar rialachán, trí chosc a chur ar rialacha éagsúla náisiúnta de thoradh ar threoir a thrasuíomh. Ba cheart an chastacht rialála d’oibreoirí margaidh agus do TLUanna ag eascairt ó rialacha náisiúnta éagsúla a laghdú trí bhíthin rialacháin agus ba cheart a chur ar chumas TLU a gcuid seirbhísí a sholáthar ar bhonn trasteorann gan dualgas a bheith orthu sraitheanna éagsúla ceanglas náisiúnta, amhail na ceanglais sin maidir le húdarú, maoirseacht, eagrúchán nó rioscaí TLUanna a chomhlíonadh. Ba cheart do rialachán lena gcuirtear ceanglais chomhionanna ar TLUanna rannchuidiú freisin le deireadh a chur le saobhadh iomaíochta.

(6)

An 20 Deireadh Fómhair 2010, d’iarr an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais go gcuirfí bonneagair lárnacha níos stóinsithe ar fáil sa mhargadh agus d’iarr sé go n-athbhreithneofaí agus go bhfeabhsófaí na caighdeáin reatha. In Aibreán 2012, ghlac an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPSS) den Bhanc le haghaidh Socraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) caighdeáin dhomhanda maidir le bonneagair sa mhargadh airgeadais. Tiocfaidh na caighdeáin sin in ionad mholtaí BSI ó 2001, moltaí a rinne an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha oiriúnú orthu trí bhíthin treoirlínte neamhcheangailteacha ar leibhéal na hEorpa in 2009. Agus nádúr domhanda na margaí airgeadais agus thábhacht shistéamach TLUanna á chur san áireamh, is gá cóineasú idirnáisiúnta na gceanglas stuamachta a bhfuil siad faoina réir a áirithiú. Ba cheart go leanfadh an Rialachán seo ar na prionsabail atá ann cheana i dtaca le bonneagair an mhargaidh airgeadais a rinne CPSS-IOSCO a fhorbairt. Ba cheart don Choimisiún agus d’Údarás Maoirseachta na hEorpa (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEÚM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, comhsheasmhacht a áirithiú leis na caighdeáin reatha agus an fhorbairt a dhéanfar orthu amach anseo a chur san áireamh le linn dó na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme, mar aon leis na treoirlínte agus na moltaí dá dtagraítear sa Rialachán seo, a tharraingt suas nó moltaí a dhéanamh maidir lena leasú.

(7)

Ina conclúidí an 2 Nollaig 2008, leag an Chomhairle béim ar an ngá atá le sábháilteacht agus le hiontaofacht na gcóras socraíochta urrús a neartú agus dul i ngleic le bacainní dlí ar iarthrádáil san Aontas.

(8)

Ceann de na cúraimí bunúsacha atá ar CEBC is ea oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn. Maidir leis sin, déanann comhaltaí CEBC maoirseacht trína áirithiú go bhfuil córais éifeachtúla fónta imréitigh agus íocaíochta ann. Is minic a fheidhmíonn comhaltaí CEBC mar ghníomhairí socraíochta don ghné airgid de na hidirbhearta urrús. Is cliaint thábhachtacha iad freisin de TLUanna, a bhainistíonn soláthar urrúis chomhthaobhaigh ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta go minic.

Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag comhaltaí CEBC, trí dhul i gcomhairle leo, maidir le húdarú agus maoirseacht TLUanna, aithint TLU tríú tíortha agus formheas nasc áirithe idir TLUanna. Ionas nach gcruthófaí sraitheanna comhthreomhara rialacha, ba cheart dlúthbhaint a bheith acu trí dhul i gcomhairle leo maidir le leagan síos caighdeán teicniúil cur chun feidhme agus rialála mar aon le treoirlínte agus moltaí cé gur cheart go luífeadh príomhfhreagracht maidir le caighdeáin, treorlínte agus moltaí teicniúla a leagan síos leis an gCoimisiún agus le ÚEÚM, mar atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do na freagrachtaí atá ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ar na bainc cheannais náisiúnta as córais éifeachtúla, fónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tíortha eile. Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo bac ar chomhaltaí CEBC rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is ábhartha chun a ndualgais a dhéanamh, lena n-áirítear an mhaoirseacht ar TLUanna agus ar bhonneagair mhargaidh airgeadais eile.

(9)

Féadfaidh comhaltaí CEBC nó aon chomhlachtaí eile a chomhlíonann feidhmeanna comhchosúla i mBallstáit nó comhlachtaí poiblí eile a bhfuil sé de chúram orthu an fiachas poiblí san Aontas a bhainistiú nó idiragairt ann, roinnt seirbhísí a sholáthar amhail córas socraíochta urrús a fheidhmiú, lena gcáileofaí mar TLU iad. Ba cheart d’eintitis den sórt sin, agus iad ag gníomhú mar TLUanna gan eintiteas ar leith a bhunú, a bheith díolmhaithe ó na ceanglais údaraithe agus mhaoirseachta, ó cheanglais áirithe eagraíochtúla agus ó cheanglais chaipitil agus infheistíochta, ach ba cheart dóibh a bheith fós faoi réir shraith iomlán na gceanglas stuamachta eile le haghaidh taisclainne lárnaí urrús. I gcás a ngníomhaíonn eintitis Ballstát den sórt sin mar thaisclanna lárnacha urrú, níor cheart dóibh a gcuid seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile. Ós rud é go bhfeidhmíonn comhaltaí CEBC mar ghníomhairí socraíochta chun críche socraíochta, ba cheart go mbeidís díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV den Rialachán seo.

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le socraíocht idirbheart in ionstraimí airgeadais agus i ngníomhaíochtaí uile TLUanna mura sonraítear a mhalairt. Ina theannta sin, ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais sonracha amhail Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (6) agus bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Treoir sin.

(11)

Tá taifeadadh na n-urrús i bhfoirm cuntais reatha ina chéim thábhachtach d’fhonn éifeachtúlacht na socraíochta a mhéadú agus d’fhonn sláine eisiúna urrús a áirithiú, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil castacht na modhanna sealbhaithe agus aistrithe ag dul i méid i gcónaí. Ar mhaithe le sábháilteacht, déantar foráil sa Rialachán seo i gcomhair taifeadadh i bhfoirm cuntais reatha a dhéanamh ar gach urrús inaistrithe a ligtear isteach chun a dtrádála nó atá á dtrádáil ar ionaid trádála arna rialú le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (7) agus le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (8). Níor cheart go bhforchuirfí modh amháin ar leith don taifeadadh tosaigh i gcuntais reatha leis an Rialachán seo inar cheart go mbeadh an taifeadadh sin i bhfoirm díluailithe nó trí dhí-ábharú láithreach. Níor cheart go bhforchuirfí an cineál institiúide atá le taifeadadh a dhéanamh ar urrúis i bhfoirm cuntais reatha ar a n-eisiúint leis an Rialachán seo, ach ba cheart ceadú leis do ghníomhaithe éagsúla, lena n-áirítear cláraitheoirí, an fheidhm sin a chomhlíonadh. Mar sin féin, nuair a chuirfear idirbhearta sna hurrúis den chineál sin i gcrích ar ionaid trádála arna rialú le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó nuair a sholáthraítear mar chomhthaobhacht iad faoi choinníollacha atá leagtha síos i dTreoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ba cheart na hurrúis sin a thaifeadadh i gcóras cuntais reatha tasclainne lárnaí urrús d’fhonn a áirithiú, inter alia, go bhféadfaí gach urrús den sórt sin a shocrú i gcóras socraíochta urrús. Níor cheart go dtabharfaidh díluailithe nó dí-ábharú le tuiscint aon chailliúint cheart do na sealbhóirí urrús agus ba cheart go mbainfear an méid sin amach ar bhealach a áiritheoidh go bhféadfaidh sealbhóirí urrús a gcearta a fhíorú.

(12)

Chun sábháilteacht socraíochta a áirithiú, aon rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús a cheannaíonn nó a dhíolann ionstraimí airgeadais áirithe, mar atá urrúis inaistrithe, ionstraimí margadh airgid, aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochta, ba cheart dó a oibleagáid a shocrú ar an dáta socraíochta a bheidh beartaithe.

(13)

Baineann éiginnteacht agus riosca méadaithe do rannpháirtithe i gcórais socraíochta urrús le tréimhsí socraíochta níos faide d’idirbhearta in urrúis inaistrithe. Cuireann faid tréimhse éagsúla do thréimhsí socraíochta i measc na mBallstát éagsúil isteach ar réiteach, agus is foinse earráidí a bhíonn iontu d’eisitheoirí, d’infheisteoirí agus d’idirghabhálaithe araon. Dá bhrí sin, is gá tréimhse shocraíochta choiteann a sholáthar lena n-éascófaí aithint an dáta socraíochta atá beartaithe agus cur chun feidhme beart smachta socraíochta. Níor cheart an dáta socraíochta atá beartaithe d’idirbhearta urrús inaistrithe a chuirfí i gcrích ar ionaid trádála arna rialú le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bheith tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá na trádála. Maidir le hoibríochtaí casta ina bhfuil roinnt mhaith idirbheart i gceist amhail comhaontuithe maidir le hurrúis a athcheannach nó a thabhairt ar iasacht, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceanglas seo maidir leis an gcéad idirbheart a bhaineann le hurrúis a aistriú. I bhfianaise a gcarachtar neamhchaighdeánaithe, níor cheart go mbeadh feidhm ag an gceanglas seo maidir le hidirbhearta a dhéanann na páirtithe ábhartha iad a chaibidliú go príobháideach, ach a chuirfear i gcrích ar ionaid trádála atá faoi rialú Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó maidir le hidirbhearta a chuirfear i gcrích go déthaobhach, ach a thuairiscítear d’ionad trádála atá faoi rialú Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Thairis sin, ba cheart nach gcuirfí an ceanglas seo i bhfeidhm ar an chéad idirbheart i gcás ina bhfuil na hurrúis inaistrithe lena mbaineann faoi réir taifeadta tosaigh i bhfoirm cuntais reatha.

(14)

Ba cheart do TLUanna agus do bhonneagair mhargaidh eile bearta a dhéanamh chun teipeanna socraíochta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá sé riachtanach go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go díreach san Aontas. Go háirithe, ba cheart a cheangal ar TLUanna agus ar bhonneagair mhargaidh eile nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena gcuirfear ar a gcumas bearta iomchuí a ghlacadh chun aon rannpháirtí a bhíonn mar chúis le teipeanna socraíochta go córasach a chur ar fionraí agus a chéannacht a nochtadh don phobal, ar choinníoll go mbeadh an deis ag an rannpháirtí sin barúlacha a sheoladh isteach sula ndéanfaí cinneadh den chineál sin.

(15)

Ceann de na bealaí is éifeachtaí chun plé le teipeanna socraíochta is ea é a chur de cheanglas ar na rannpháirtithe a dteipfidh orthu a bheith faoi réir fhorfheidhmiú éigeantach an chomhaontaithe bunaidh. Ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo i gcomhair rialacha aonfhoirmeacha maidir le pionóis agus gnéithe áirithe den idirbheart ceannach isteach i gcomhair gach urrúis inaistrithe, ionstraime margaidh airgid, aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochta, amhail uainiú agus praghsáil. Ba cheart na rialacha sin a chur in oiriúint do na sonraíochtaí atá ag margaí urrús éagsúla, ag ionaid trádála áirithe amhail margaidh fháis FBM mar a shainítear iad sa Rialachán (AE) Uimh. 2014/65/AE agus ag oibríochtaí casta éagsúla amhail comhaontuithe maidir le hurrúis a athcheannach nó a thabhairt ar iasacht, i dtreo is nach mbeadh tionchar diúltach acu ar leachtacht agus éifeachtacht mhargaí urrúis. Ba cheart na rialacha maidir leis an araíonacht socraíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach ina bhforáiltear do dhreasacht d’idirbhearta a shocrú i ngach ionstraim ábhartha airgeadais faoin dáta socraíochta atá beartaithe dóibh.

(16)

Ba cheart go mbeadh na nósanna imeachta agus na pionóis a bhaineann le teipeanna socraíochta i gcomhréir le scála agus tromchúis na dteipeanna sin agus iad á scálú ag an am céanna ar bhealach lena ndéanfar leachtacht na n-ionstraimí ábhartha airgeadais a choimeád agus a chosaint. Go háirithe, tá ról fíorthábhachtach ag gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh maidir le leachtacht a chur ar fáil do mhargaí laistigh den Aontas, do mhargaí beagleachtacha ach go háirithe. Ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir bearta chun teipeanna socraíochta a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus an riachtanas chun leachtacht sna hurrúis sin a choimeád ar bun agus a chosaint. Ba cheart na pionóis airgid maidir leis na rannpháirtithe a dteipfidh orthu a chur chun sochair, más féidir, ar na cliaint nach dteipfidh orthu mar chúiteamh agus níor cheart go mbeidh siad in aon chás ina fhoinse ioncaim don TLU lena mbaineann. Ba cheart do TLUanna dul i gcomhairle le bonneagair mhargaidh a soláthraíonn siad seirbhísí TLU ina leith maidir le cur chun feidhme bearta maidir le haraíonacht socraíochta atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(17)

I bhformhór na gcásanna ba cheart tús a chur le próiseas ceannach isteach nuair nach ndéanfar na hionstraimí airgeadais a sheachadadh laistigh de cheithre lá gnó ón dáta socraíochta atá beartaithe. Mar sin féin, i dtaca le hionstraimí airgeadais neamhleachtacha is cuí go gcuirfear suas go dtí seacht lá gnó leis an tréimhse roimh thús a chur leis an bpróiseas ceannach isteach. Ba cheart go leagtar síos an bunús lena gcinntear go meastar ionstraimí airgeadais a bheith neamhleachtach trí chaighdeáin theicniúla rialála, agus na measúnuithe a rinneadh cheana sa Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar cinneadh den chineál sin ba cheart go mbeadh suas go dtí seacht lá gnó ann le síneadh an spriocdháta chun tús a chur leis an bpróiseas ceannach isteach.

(18)

Is cuí an tsolúbthacht a thabhairt do mhargaidh fháis FBM gan an próiseas ceannach isteach a chur i bhfeidhm suas go 15 lá tar éis lá na trádála ionas go gcuirfear leachtacht mhargaí den chineál sin san áireamh agus ionas go mbeidh gníomhaíocht ag cruthaitheoirí margaidh sna margaí beagleachtacha sin. Ba cheart nach mbeidh feidhm ag na bearta maidir le haraíonacht socraíochta a bhaineann go sonrach le margaidh fháis FBM ach amháin maidir le hidirbhearta a chuirtear i gcrích ar mhargaí den chineál sin. Mar a sainaithníodh i nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin an 7 Nollaig 2011 a ghabhann leis an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal, “Plean Gníomhaíochta chun Feabhas a chur ar an Rochtain atá ag FBManna ar Mhaoiniú”, ba cheart rochtain ar mhargaí caipitil a fhorbairt mar mhalairt ar iasachtú bainc do FBManna agus dá bhrí sin is cuí na rialacha a chur in oiriúint chun freastal níos fearr a dhéanamh ar na margaí fáis FBM sin.

(19)

Ba cheart go mbeadh TLUanna in ann faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an cheannaigh isteach i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais céanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse cur i bhfeidhm, a mbeidh sé mar aidhm acu an líon ceannach isteach a bheidh le déanamh a íoslaghdú a mhéid is a luíonn sé le ceanglais an Rialacháin seo.

(20)

Ós rud é gurb é príomhchuspóir an Rialacháin seo roinnt oibleagáidí dlíthiúla a thabhairt isteach a fhorchuirfear go díreach ar oibreoirí margaidh, oibleagáidí arb é a bheidh iontu, inter alia, taifeadadh gach urrúis inaistrithe i bhfoirm cuntais reatha i TLUanna i gcás ina ndéantar na hurrúis sin a thrádáil ar ionaid trádála arna rialú le Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó a sholáthar mar chomhthaobhacht faoi choinníollacha Treoir 2002/47/CE agus i socrú a n-oibleagáidí tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá na trádála agus ós rud é go bhfuil TLUanna freagrach as oibriú na gcóras socraíochta urrús agus as cur i bhfeidhm na mbeart chun socraíocht a chur ar fáil go tráthúil san Aontas, tá sé riachtanach a áirithiú go mbeidh gach TLU slán agus fónta agus go gcomhlíonfaidh siad go léir na ceanglais dhiana maidir le heagrúchán, maidir le gnó a dhéanamh, agus maidir le ceanglais stuamachta atá leagtha síos sa Rialachán seo i gcónaí, lena n-áirítear trí gach céim réasúnta chun calaois agus faillí a mhaolú. Dá bhrí sin, tá rialacha aonfhoirmeacha atá infheidhme go díreach maidir le húdarú agus maoirseacht leanúnach TLUanna mar atoradh bunriachtanach na n-oibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear ar rannpháirtithe an mhargaidh leis an Rialachán seo, agus tá baint acu le chéile. Tá sé riachtanach mar sin rialacha maidir le húdarú agus maoirseacht TLUanna a chur ar áireamh san ionstraim chéanna leis na hoibleagáidí dlíthiúla a fhorchuirtear ar rannpháirtithe an mhargaidh.

(21)

Ag cuimhneamh gur cheart do TLUanna a bheith faoi réir ceanglas comhchoiteann agus d’fhonn na bacainní reatha ar shocraíocht trasteorann a dhíchur, ba cheart saoirse a bheith ag aon TLU údaruithe seirbhísí a sholáthar laistigh de chríocha an Aontais, lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun. D’fhonn leibhéal iomchuí sábháilteachta a áirithiú i soláthar seirbhísí TLUanna i mBallstát eile, ba cheart go mbeadh TLUanna den sórt sin faoi réir nós imeachta shonraigh atá leagtha síos sa Rialachán seo áit a mbeidh sé beartaithe acu croísheirbhísí TLU áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fáil nó brainse a chur ar bun i mBallstát aíochta.

(22)

Laistigh de mhargadh socraíochta Aontais gan teorainneacha, is gá inniúlachtaí na n-údarás éagsúil a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bhunú. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ainmniú go sonrach, agus ba cheart na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá a thabhairt dóibh chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú. Ba cheart do TLU a bheith faoi réir údarú agus mhaoirseacht údarás inniúil a Bhallstáit bhaile, ar údarás é atá i gcaoi mhaith chun féachaint ar an gcaoi a bhfeidhmíonn TLUanna ar bhonn laethúil, athbhreithnithe rialta a dhéanamh, agus gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh nuair is gá, agus ba cheart cumhacht a thabhairt dó chun na nithe sin a dhéanamh.

Ba cheart don údarás inniúil lena mbaineann, áfach, dul i gcomhairle agus comhoibriú le húdaráis iomchuí eile a luaithe is féidir agus áirítear ar na húdaráis sin na húdaráis atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar gach córas socraíochta urrús a oibríonn TLU, na bainc cheannais a bhfuil na hairgeadraí socraíochta is ábhartha á n-eisiúint acu, nuair is infheidhme, na bainc cheannais iomchuí a ghníomhaíonn mar ghníomhaire socraíochta do gach córas socraíochta urrús agus freisin, nuair is infheidhme, údaráis inniúla grúpeintiteas eile. Tugtar le tuiscint le comhar den sórt sin freisin malartú faisnéise idir na húdaráis lena mbaineann agus go gcuirfear na húdaráis sin ar an eolas láithreach i gcás aon staide éigeandála a dhéanfaidh difear do leachtacht agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil TLU nó aon cheann de na rannpháirtithe bunaithe.

(23)

I gcás ina soláthraíonn taisclann lárnach urrúis a seirbhísí i mBallstát eile, ba cheart go mbeidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta in ann iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis go léir a bhaineann le gníomhaíochtaí TLU atá ábhartha i ndáil leis údarás iarrthach. Chun comhordú éifeachtach ar mhaoirseacht a chumasú, d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a bheith bainteach go háirithe leis na seirbhísí arna soláthar d’úsáideoirí taisclainne lárnaí urrús atá bunaithe sa Bhallstát aíochta, na hionstraimí nó airgeadraí arna bpróiseáil agus féadfaidh faisnéis maidir le forbairtí díobhálacha, torthaí measúnaithe riosca agus bearta leasúcháin. Ba cheart freisin go mbeidh rochtain ag udarás inniúil an Bhallstát bhaile ar fhaisnéis a dhéanfaidh TLU a thuairisciú go tréimhsiúil chuig udarás inniúil an Bhallstát aíochta.

(24)

Aon uair a sholáthraíonn TLU a seirbhísí i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil sí bunaithe, bíodh is gur trí bhrainse a chur ar bun nó trí sholáthar díreach seirbhísí a ndéantar é, is é údarás inniúil na háite ina Bhallstát baile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an TLU sin go príomha. Má tharlaíonn sé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí taisclainne lárnaí urrús ó thaobh fheidhmiú na margaí urrús agus infheisteoirí a chosaint sa Bhallstát aíochta sin, ba cheart go mbunóidh údaráis inniúla agus údaráis ábhartha an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta socruithe comhair chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an TLU sin sa Bhallstát aíochta. Ba cheart go mbeadh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile in ann cinneadh a dhéanamh go mbeartaíonn na socruithe comhair comhar iltaobhach, lena n-áirítear comhar ar bhonn coláisteach, idir údarás inniúil an Bhallstáit bhaile agus údaráis inniúla agus údaráis ábhartha na mBallstát aíochta lena mbaineann. Níor cheart, áfach, socruithe comhair den chineál sin a mheas mar choláistí maoirseoirí dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar Bhallstát nó ar ghrúpa Ballstát, go díreach nó go hindíreach, mar ionad do sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus socraíochta. Agus a gcúraimí á ndéanamh acu faoin Rialachán seo, níor cheart go ndéanfaidh aon údarás idirdhealú díreach nó neamhdhíreach in aghaidh gnóthais ó Bhallstát eile. Faoi réir an Rialacháin seo, níor cheart go gcuirfí srian nó cosc ar Bhallstát amháin maidir le hionstraimí airgeadais a shocrú in airgeadra Ballstáit eile nó in airgeadra tríú tíre.

(25)

Níor cheart go gcuirfear cosc leis an Rialachán seo ar na Ballstáit é a chur de cheanglas ina ndlí náisiúnta go mbeidh creat sonrach dlíthiúil don chomhar ó lá go lá ar an leibhéal náisiúnta idir údarás inniúil TLU agus na húdaráis ábhartha eile. Ba cheart go mbeadh an creat náisiúnta dlí seo i gcomhréir leis na treoirlínte a bhaineann leis na cleachtais mhaoirseachta agus chomhair idir na húdaráis a fhéadfaidh ÚEÚM a eisiúint faoin Rialachán seo.

(26)

Ní mór d’aon duine dlítheanach a thagann faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar TLU a bheith údaraithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta sula rachaidh sé i mbun gnímh. Ag féachaint do shamhlacha gnó éagsúla a chur san áireamh, ba cheart TLU a shainmhíniú trí thagairt do sheirbhísí lárnacha áirithe, arb éard atá i gceist leo socraíocht, lena dtugtar oibriú córais socraíochta urrús le tuiscint, seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála do chuntais urrús lárnacha. Ba cheart do TLU córas socraíochta urrús a oibriú agus seirbhís lárnach amháin eile a sholáthar ar a laghad. Tá an meascán sin bunriachtanach do TLUanna chun a ról sa tsocraíocht urrús a chur i gcrích agus chun sláine eisiúna urrús a áirithiú. Maidir le heintitis nach bhfuil córais socraíochta urrús á n-oibriú acu amhail cláraitheoirí, gníomhairí aistrithe, údaráis phoiblí, comhlachtaí atá i bhfeighil córais chláraithe arna bhunú faoi Threoir 2003/87/CE, nó CPLanna atá á rialú ag Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) ní thagann siad faoi raon fheidhme an tsainmhínithe atá ag TLU.

(27)

Ba cheart go mbeadh pleananna téarnaimh ag TLUanna chun leanúnachas a n-oibríochtaí criticiúla a áirithiú. Gan dochar do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), áiritheoidh na húdaráis inniúla go mbunófar agus go gcothófar plean réitigh leordhóthanach le haghaidh gach TLU i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha.

(28)

D’fhonn sonraí iontaofa maidir le scála socraíochta urrús lasmuigh de chórais socraíochta a sholáthar agus d’fhonn áirithiú gur féidir faireachán a dhéanamh agus díriú isteach ar na rioscaí a eascraíonn, ba cheart d’institiúidí seachas TLUanna a shocraíonn idirbhearta urrús lasmuigh de chóras socraíochta urrús na húdaráis inniúla lena mbaineann a chur ar an eolas maidir lena ngníomhaíochtaí socraíochta. Ba cheart do na húdaráis inniúla an fhaisnéis sin a tharchur chuig ÚEÚM agus ÚEÚM a chur ar an eolas maidir le haon riosca a bheadh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí socraíochta den chineál sin. Thairis sin, ba cheart do ÚEÚM faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí socraíochta den chineál sin agus na rioscaí ionchasacha a d’fhéadfaidís a chruthú a chur san áireamh.

(29)

Ionas nach nglacfaidh na TLUanna aon riosca in aon ghníomhaíochtaí eile seachas na cinn sin atá faoi réir údaraithe faoin Rialachán seo, ba cheart gníomhaíochtaí TLUanna a bheith teoranta do sholáthar seirbhísí atá cumhdaithe faoina n-údarú nó dá dtugtar fógra faoin Rialachán agus níor cheart dóibh aon rannpháirtíocht a shealbhú, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo trí thagairt do Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), nó níor cheart aon úinéireacht, díreach nó indíreach, a bheith acu ar 20 % nó níos mó de na cearta vótála nó den chaipiteal in aon institiúid seachas na cinn ina gcuirtear seirbhísí comhchosúla ar fáil, mura ndéanfaidh údarás inniúil TLUanna rannpháirtíocht den sórt sin a fhormheas ar an mbonn nach ndéanfaidh sé próifíl riosca TLUanna a ardú ar bhealach suntasach.

(30)

Chun sábháilteacht i bhfeidhmiú na gcóras socraíochta urrús a áirithiú, níor cheart ach do TLUanna nó do bhainc cheannais atá ag gníomhú mar TLUanna na córais sin a oibriú faoi réir an Rialacháin seo.

(31)

Gan dochar do cheanglais shonracha na reachtaíochta cánach sna Ballstáit, ba cheart TLUanna a údarú chun seirbhísí atá coimhdeach lena seirbhísí lárnacha a sholáthar, lena rannchuideofar le sábháilteacht, le héifeachtúlacht agus trédhearcacht na margaí urrús agus nach gcruthaítear rioscaí míchuí dá seirbhísí lárnacha. Leagtar amach liosta neamhchuimsitheach sa Rialachán seo d’fhonn TLUanna a chumasú freagairt ar fhorbairtí amach anseo sa mhargadh. I gcás ina mbaineann soláthar na seirbhísí sin le hoibleagáidí siarchoinneála agus tuairiscithe maidir leis na húdaráis chánach, leanfar é á dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht na mBallstát lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 114(2) CFAE, níl feidhm ag an gcumhacht chun bearta a ghlacadh faoi Airteagal 114(1) maidir le forálacha fioscacha. Ina breithiúnas an 29 Aibreán 2004 i gCás C-338/01, an Coimisiún v an Chomhairle (13), chinn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach nach mór na focail “forálacha fioscacha” a léiriú leis an gciall “lena n-áirítear ní amháin na forálacha lena gcinntear daoine inchánach, idirbhearta inchánach, bunús forchuir, agus rátaí agus díolúintí ó chánacha díreacha agus neamhdhíreacha, ach iad siúd a bhaineann le socruithe maidir le bailiú cánacha den chineál sin freisin”. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo dá bhrí sin socruithe maidir le bailiú cánacha a mbeadh gá ann le bunús dlí difriúil lena aghaidh.

(32)

I gcás taisclainne lárnaí urrús a bhfuil sé ar intinn aici seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí nó seirbhís nua lárnach nó choimhdeach a sholáthar, córas socraíochta urrús eile a oibriú, chun gníomhaire socraíochta eile a úsáid nó chun aon naisc lena mbaineann rioscaí suntasacha idir TLUanna a bhunú, ba cheart di iarratas a dhéanamh ar údarú tríd an nós imeachta céanna is a theastaíonn i gcás údaraithe tosaigh a leanúint, seachas gur cheart don údarás inniúil TLU is iarratasóir a chur ar an eolas laistigh de thrí mhí ar deonaíodh an t-údarú nó ar diúltaíodh é. Mar sin féin, i gcás naisc idir TLUanna nach bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leo a dhéanann a gcuid seirbhísí a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha leis an eintiteas poiblí a eisfhoinsiú, amhail comhaltaí CEBC, níor cheart go mbeidh siad faoi réir údarú roimh ré, ach ba cheart go ndéanfaidh na TLUanna ábhartha fógra a thabhairt ina leith chuig na húdaráis inniúla atá acu.

(33)

Nuair a bheartaíonn TLU a seirbhísí a shíneadh go seirbhísí coimhdeacha de chineál neamh-bhaincéireachta atá liostaithe go sainráite sa Rialachán seo nach bhfuil méadú ina próifíl riosca i gceist leo, ba cheart go mbeadh sí in ann sin a dhéanamh tar éis fógra a thabhairt do údarás inniúil a Ballstát bhaile.

(34)

Ba cheart go bhféadfadh TLUanna atá bunaithe i dtríú tíortha a seirbhísí a chur ar fáil san Aontas, lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun. D’fhonn leibhéal iomchuí sábháilteachta a áirithiú maidir le seirbhísí taisclann lárnacha urrús atá á gcur ar fáil ag TLUanna de chuid tríú tíre, beidh na TLUanna sin faoi réir iad a n-aitheantais ag ÚEÚM nuair a bheidh sé beartaithe acu seirbhísí áirithe a liostaítear sa Rialachán seo a chur ar fáil nó brainse a chur ar bun san Aontas. Ba cheart go mbeadh TLUanna de chuid tríú tíre naisc a bhunú le taisclanna lárnacha Urrú san Aontas in éagmais aitheantais den chineál sin ar choinníoll nach gcuirfí an t-údarás inniúil ábhartha ina choinne. I bhfianaise nádúr domhanda na margaí airgeadais, is é ÚEÚM is fearr atá ábalta aitheantas a thabhairt do TLUanna tríú tíortha. Ní ceart d’ÚEÚM aitheantas a thabhairt do TLUanna tríú tíortha ach amháin má chinneann an Coimisiún go bhfuil siad faoi réir creata maoirseachta agus dlí atá coibhéiseach leis an gceann a sholáthraítear sa Rialachán seo, má tá siad údaraithe go héifeachtúil, maoirsithe go héifeachtúil agus má tá siad faoi réir faireacháin sa tír ina bhfuil siad bunaithe agus má tá socruithe comhair bunaithe idir ÚEÚM agus údaráis inniúla agus údaráis ábhartha TLUanna. Ba cheart go mbeadh aitheantas ó ÚEÚM faoi réir aitheantais choibhéisigh éifeachtaigh den chreat stuamachta is infheidhme maidir le TLUanna atá bunaithe san Aontas agus atá údaraithe faoin Rialachán seo.

(35)

Ag féachaint do chastacht agus do nádúr sistéamach TLUanna agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad, ba cheart a áirithiú leis na rialacha maidir le rialachas trédhearcach go bhfuil an bhainistíocht shinsearach, comhaltaí an chomhlachta bainistíochta, scairshealbhóirí agus rannpháirtithe, a bhfuil ar a gcumas rialú a fheidhmiú, mar a shainítear é trí thagairt don Treoir 2013/34/AE, ar oibriú TLU, oiriúnach chun bainistíocht fhónta stuama TLU a áirithiú.

(36)

Úsáidtear struchtúir éagsúla rialachais ar fud na mBallstát. Sa chuid is mó de chásanna úsáidtear struchtúr bord amháin nó dhá bhord. Ba cheart do na sainmhínithe a úsáidtear sa Rialachán glacadh le gach struchtúr gan aon cheann a mholadh thar a chéile. Tá siad go hiomlán feidhmiúil chun críche rialacha a leagan amach atá dírithe ar thoradh ar leith beag beann ar dhlí náisiúnta na hiomaíochta is infheidhme maidir le hinstitiúid i ngach Ballstát. Níor cheart do na sainmhínithe dá bhrí sin cur isteach ar leithdháileadh ginearálta na n-inniúlachtaí i gcomhréir le dlí náisiúnta na hiomaíochta.

(37)

Ba cheart a áirithiú trí bhíthin rialacha maidir le rialachas trédhearcach go ndéanfaí leas scairshealbhóirí agus lucht bainistíochta agus fhoirne TLU, ar thaobh amháin, agus leas a húsáideoirí a bhfuil TLUanna á seirbheáil thar aon ní eile, ar an taobh eile, a chur san áireamh. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir le rialachas gan dochar don tsamhail úinéireachta arna glacadh ag TLU. Ba cheart coistí úsáideoirí a bhunú do gach córas socraíochta urrús atá á fheidhmiú ag TLU chun an deis a thabhairt d’úsáideoirí comhairle a thabhairt do chomhlacht bainistíochta TLU maidir leis na saincheisteanna lárnacha a bhfuil tionchar acu orthu agus ba cheart ligean dóibh tabhairt faoina gcúram. Ba cheart go ndéanfaí ionadaíocht ar choiste na n-úsáideoirí ar leasanna na n-úsáideoirí éagsúla TLUanna, lena n-áirítear leasa sealbhóirí cineálacha éagsúla urrús.

(38)

Ba cheart go mbeadh TLUanna in ann oibríocht a gcuid seirbhísí a eisfhoinsiú ar choinníoll go ndéanfar na rioscaí a eascraíonn ó shocruithe eisfhoinsithe a bhainistiú. Agus an tábhacht a bhaineann leis na cúraimí a chuirtear ar TLUanna á chur san áireamh, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo nach n-aistreoidh TLUanna a gcuid freagrachtaí chuig tríú páirtithe trí eisfhoinsiú a ngníomhaíochtaí ar conradh chuig tríú páirtithe. Ba cheart do eisfhoinsiú gníomhaíochtaí den chineál sin a bheith faoi réir coinníollacha diana lena gcothaítear freagracht TLUanna i leith a ngníomhaíochtaí féin, agus lena n-áirítear nach gcuirtear bac ar mhaoirseacht agus ar fhaireachán ar na TLUanna. Ba cheart go mbeadh sé indéanta eisfhoinsiú taisclainne lárnaí urrús ar a gníomhaíochtaí chuig eintitis phoiblí a dhíolmhú ó na ceanglais sin faoi choinníollacha áirithe.

(39)

Níor cheart go gcuirfí cosc leis an Rialachán seo ar Bhallstáit a cheadaíonn córais dhíreacha um shealbhú urrús foráil a dhéanamh ina ndlíthe náisiúnta go ndéanfaidh nó go bhféadfaidh páirtithe seachas TLUanna feidhmeanna áirithe a chur i gcrích, a dhéanann TLUanna go tipiciúil i gcineálacha áirithe eile córais sealbhaithe urrús agus ina sonraítear an bealach inar cheart na feidhmeanna sin a dhéanamh. Go háirithe, i roinnt Ballstáit déanann oibreoirí cuntais nó rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús atá á bhfeidhmiú ag TLUanna iontrálacha a thaifead i gcuntais urrús atá á gcoinneáil ag TLUanna gan an gá le go mbeidh siad ina sholáthraithe cuntais iad féin. I bhfianaise an ghá atá le deimhneacht dhlíthiúil maidir le hiontrálacha a dhéantar i gcuntais ar leibhéal TLU, ba cheart go n-aithneofar an ról sonrach atá ag na páirtithe eile sin sa Rialachán. Ba cheart go bhféadfaí dá bhrí sin, faoi chúinsí áirithe agus faoi réir rialacha diana a leagtar síos faoin dlí, an fhreagracht a roinnt idir TLU agus an páirtí ábhartha eile nó foráil a dhéanamh do fhreagracht eisiach don pháirtí eile sin maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cuntais urrús a choimeád ar an leibhéal is airde ar an gcoinníoll go mbeidh an páirtí eile sin faoi réir na reachtaíochta agus na maoirseachta is iomchuí. Níor cheart go mbeadh aon srian ar an méid a roinntear an fhreagracht.

(40)

Ba cheart an caidreamh idir TLUanna agus a húsáideoirí a bheith trédhearcach de thoradh ar rialacha maidir le gnó a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart do TLU critéir thrédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha atá nochta go poiblí a bheith aici maidir le rannpháirtíocht sa chóras socraíochta urrús, lena gceadófaí srian ar rochtain na rannpháirtithe ar bhonn na rioscaí atá i gceist agus ar an mbonn sin amháin. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon TLU a dhiúltódh, gan bonn cirt maith, a seirbhísí a sholáthar do rannpháirtithe. Ba cheart do TLUanna na praghsanna agus na táillí a bhaineann lena seirbhísí a nochtadh go poiblí. Chun rochtain oscailte agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil ar sheirbhísí arna soláthar ag TLUanna, agus i bhfianaise na cumhachta suntasaí margaidh atá ag TLUanna i gcríocha a mBallstáit faoi seach go fóill, níor cheart go mbeadh TLUanna in ann imeacht óna mbeartas praghsála foilsithe dá seirbhísí lárnacha agus ba cheart di cuntais ar leith a choinneáil maidir leis na costais agus leis an ioncam a bhaineann le gach seirbhís lárnach agus lena seirbhísí coimhdeacha. Déantar an ceart atá ag rannpháirtithe sa mhargadh úsáid a bhaint as córas socraíochta i mBallstát eile, faoi mar a dhéantar foráil dó i dTreoir 2014/65/AE, a chomhlánú agus a atreisiú leis na forálacha rannpháirtíochta seo.

(41)

Chun taifead, socrú agus íocaíocht éifeachtúil a éascú, ba cheart do TLUanna na nósanna imeachta agus caighdeáin chumarsáide oscailte idirnáisiúnta ábhartha i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha a chuimsiú ina nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus leis an mbonneagar margaidh a mbeidh idirphlé acu leo.

(42)

Agus ról lárnach atá ag córais socraíochta urrús sna margaí airgeadais á chur san áireamh, ba cheart do na TLUanna a seacht ndícheall a dhéanamh, agus a seirbhísí á soláthar acu, socrú tráthúil a n-idirbheart urrús agus sláine shaincheist na n-urrús a áirithiú. Níor cheart go gcuirfí isteach leis an Rialachán seo ar dhlíthe náisiúnta an Bhallstáit lena rialaítear sealbhú urrús agus na socruithe lena gcoimeádtar sláine shaincheisteanna na n-urrús. Mar sin féin, d’fhonn cosaint shócmhainní a rannpháirtithe agus shócmhainní a gcliant a fheabhsú, ba cheart go gcuirfí de cheanglas ar na TLUanna leis an Rialachán seo na cuntais urrús a choimeádtar do gach rannpháirtí a scaradh, agus arna iarraidh sin dóibh, scaradh breise a thairiscint maidir le cuntais chliaint na rannpháirtithe nach bhféadfaí a bheith ar fáil i gcásanna áirithe ach ar chostas níos airde a íocfaidh cliaint na rannpháirtithe a iarrann scaradh breise. Ba cheart go mbeadh gá le TLUanna agus a rannpháirtithe freastal ar leithscaradh cliant comhthiomsaithe agus leithscaradh cliaint aonair araon ionas go bhféadfaidh cliaint rogha a dhéanamh maidir leis an leibhéal leithscartha a cheapann siad a bheith cuí lena riachtanais.

Ba cheart go mbeadh eisiamh amháin ón bhforáil seo i gcás i ngeall ar cheanglas eile beartais phoiblí, go háirithe maidir le bailiú éifeachtach agus trédhearcach cánacha, go mbeadh gá ar TLU agus a rannpháirtithe leithscaradh cliaint aonair a sholáthar do shaoránaigh agus do chónaitheoirí agus do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe i mBallstát ina bhfuil, faoi dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gá leis an léirscaradh cliaint aonair seo faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit faoina mbunaítear na hurrúis agus do shaoránaigh, do chónaitheoirí agus do dhaoine dlítheanacha atá bunaithe sa Bhallstát sin agus dóibh siúd amháin. Ba cheart do TLUanna a áirithiú go mbainfidh na ceanglais sin ar leithligh le gach córas socraíochta urrús a oibríonn siad. Gan dochar do sholáthar seirbhísí coimhdeacha, ba cheart nach n-úsáidfeadh TLUanna ar a gcuntas féin na hurrúis a bhaineann le rannpháirtí gan údarú sainráite ón rannpháirtí sin agus níor cheart go n-úsáidfidís ar shlí eile ar a gcuntas féin na hurrúis nach mbaineann leo iad. Ina theannta sin ba cheart go gceanglódh TLU ar na rannpháirtithe toiliú is gá leis a fháil roimh ré óna gcliaint.

(43)

Foráiltear le Treoir 98/26/CE gur cheart go bhféadfar na horduithe aistrithe atá á iontráil i gcórais socraíochta urrús i gcomhréir le rialacha na gcóras sin a fhorfheidhmiú go dlíthiúil agus go mbeidh siad ceangailteach ar na tríú páirtithe. Mar sin féin, ós rud é nach ndéantar tagairt shonrach i dTreoir 98/26/CE do na TLUanna a oibríonn córais socraíochta urrús, ar mhaithe le soiléire, ba cheart go gcuirfí de cheanglas ar na TLUanna leis an Rialachán seo an tráth nó na tráthanna a ndéanfar orduithe aistrithe a iontráil ina gcuid córas a shainmhíniú mar aon leis an tráth a mbeidh siad do-athraitheach i gcomhréir le rialacha na Treorach sin. Ina theannta sin, d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart do na TLUanna an tráth a nochtadh dá rannpháirtithe a bhféadfaí aistriú na n-urrús agus an t-airgead i gcóras socraíochta urrús a fhorfheidhmiú go dlíthiúil agus a mbeidh siad ceangailteach ar na tríú páirtithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, de réir mar a bheidh. Ba cheart go dtógfadh na TLUanna na céimeanna uile is cuí lena áirithiú go bhféadfaí aistriú urrús agus airgid a fhorfheidhmiú go dlíthiúil agus go mbeidh siad ceangailteach ar na tríú páirtithe tráth nach déanaí ná deireadh an lae gnó an dáta iarbhír socraíochta.

(44)

Chun rioscaí socraíochta i ngeall ar dhócmhainneacht an ghníomhaire socraíochta a sheachaint, ba cheart do TLU an ghné airgid den urrús a shocrú trí chuntais a osclaítear le banc ceannais, tráth ar bith a mbeidh an rogha sin praiticiúil agus ar fáil. Mura mbeidh an rogha sin praiticiúil ná ar fáil, ba cheart go mbeadh TLU in ann socrú a dhéanamh trí chuntais a osclaítear le hinstitiúid chreidmheasa arna bunú faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus gnólachtaí infheistíochta agus sin faoi réir nós imeachta údarúcháin shonraigh agus ceanglas stuamachta dá bhforáiltear i dTeideal IV den Rialachán seo.

(45)

Níor cheart go ndéanfaidh aon chomhlacht gníomhaíochtaí baincéireachta atá coimhdeach do shocraíocht a bhaineann le rioscaí creidmheasa agus leachtachta ach amháin TLU agus níor cheart go ndéanfar iad a eisfhoinsiú ach amháin chuig eintitis a údaraítear chun na seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le gníomhaíochtaí TLU a stiúradh mar a leagtar síos faoin Rialachán seo.

(46)

Chun na héifeachtúlachtaí, ar toradh iad ar sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús agus ar sheirbhísí baincéireachta a sholáthar laistigh den ghrúpa gnóthas céanna, a shocrú, níor cheart go gcuirfeadh an ceanglas maidir le seirbhísí baincéireachta a bheith á ndéanamh ag institiúidí creidmheasa ar leithligh cosc leis an institiúid chreidmheasa sin a bheith sa ghrúpa céanna gnóthas leis TLU. Tá sé iomchuí foráil a dhéanamh maidir le socruithe faoina bhféadfaí TLUanna a údarú chun seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil dá rannpháirtithe agus d’eintitis eile ón taobh istigh den eintiteas dlíthiúil céanna nó ó laistigh d’eintiteas dlíthiúil faoi leith a d’fhéadfadh a bheith nó gan a bheith mar chuid den ghrúpa céanna gnóthas arna rialú ag an máthairghnóthas. Cibé áit a ngníomhaíonn institiúid chreidmheasa seachas an banc ceannais mar ghníomhaire socraíochta, ba cheart go mbeadh an institiúid chreidmheasa in ann na seirbhísí a leagtar amach sa Rialachán seo a chur ar fáil do rannpháirtithe TLU, a chuimsítear faoin údarú, ach nár cheart dóibh seirbhísí baincéireachta eile a chur ar fáil ón eintiteas dlíthiúil céanna d’fhonn neamhchosaint na gcóras socraíochta a theorannú maidir leis na rioscaí a eascraíonn as teip na hinstitiúide creidmheasa.

(47)

Ós rud é nach dtugtar aghaidh go sonrach le Treoir 2013/36/AE ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta ionlae a thig ó sholáthar seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach le socraíocht, ba cheart institiúidí creidmheasa agus TLUanna a sholáthraíonn seirbhísí den chineál sin a bheith faoi réir ag ceanglais shonracha fheabhsaithe maidir le maolú rioscaí creidmheasa agus leachtachta, lena n-áirítear formhuirear caipitil bunaithe ar riosca a léiríonn na rioscaí ábhartha. Ba cheart go leanfadh ceanglais fheabhsaithe maidir le maolú rioscaí creidmheasa agus leachtachta den chineál sin na caighdeáin dhomhanda maidir le bonneagair mhargaidh airgeadais agus na prionsabail maidir le “Uirlisí faireacháin do bhainistiú leachtachta ionlae” arna foilsiú in Aibreán 2013 ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

(48)

Tá roinnt TLUanna a oibríonn freisin mar institiúidí creidmheasa faoi réir ceanglas cistí dílse agus tuairiscithe atá ábhartha le hinstitiúidí creidmheasa agus atá leagtha síos i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (15). Mar gheall ar thábhacht shistéamach TLUanna is iomchuí gur cheart go gcuirfí na ceanglais is déine dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais i bhfeidhm, d’fhonn cur i bhfeidhm rialacha éagsúla an Aontais ar shlí charnach a sheachaint, mar shampla maidir le tuairisciú ceanglas cistí dílse. Aon réimse ina sainaithnítear gur féidir dúbailt cheanglas a bheith ann, ba cheart do ÚEÚM agus don Údarás Baincéireachta Eorpach (EBA), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (16) agus tuairim a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm cuí ghníomhartha an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 faoi seach.

(49)

De bhreis ar na ceanglais maidir le cistí dílse dá bhforáiltear i dTreoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart go mbeadh institiúidí creidmheasa agus taisclanna lárnach urrús faoi réir formhuirear caipitil a léiríonn na rioscaí, amhail rioscaí creidmheasa agus leachtachta, a eascraíonn ó chreidmheas ionlae a sholáthar, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile seirbhísí taisclainne lárnaí urrús.

(50)

Chun comhlíonadh iomlán na mbeart sonrach atá dírithe ar rioscaí creidmheasa agus leachtachta a mhaolú, ba cheart do na húdaráis inniúla bheith in ann a éileamh ar TLUanna níos mó ná institiúid chreidmheasa amháin a ainmniú uair ar bith is féidir leo a léiriú, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, nach bhfuil neamhchosaintí institiúide creidmheasa ar chomhchruinniú rioscaí creidmheasa agus leachtachta maolaithe ina iomláine. Ba cheart freisin go mbeadh TLUanna in ann níos mó ná institiúid chreidmheasa amháin a ainmniú.

(51)

Ba cheart maoirsiú an chomhlíonta maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá ainmnithe nó TLUanna atá údaraithe chun seirbhísí baincéireachta atá coimhdeach don tsocraíocht le ceanglais Threoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus na ceanglais shonracha ábhartha maidir le stuamacht sa Rialachán seo, a thabhairt do na húdaráis inniúla dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach caighdeán maoirseachta a áirithiú, is inmhianaithe go ndéanfaidh BCE maoirseacht dhíreach ar sheirbhísí baincéireachta TLUanna atá de mhéid agus de nádúr gur féidir leo bheith mar riosca sonrach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (17) a bhaineann le beartais maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. Ba cheart don Rialachán seo bheith gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

(52)

Ba cheart go gcomhlíonfadh institiúid chreidmheasa nó TLU atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha baincéireachta a sholáthar aon reachtaíocht reatha nó aon reachtaíocht a bheidh ann amach anseo is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Ba cheart don Rialachán seo bheith gan dochar do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus d’aon ghníomh de chuid an Aontais amach anseo maidir leis an gcreat chun institiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais eile a aisghabháil agus a réiteach.

(53)

Chun leibhéal leordhóthanach sábháilteachta agus leanúnachais a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraíonn na TLUanna, ba cheart don TLU a bheith faoi réir ceanglas caipitil agus ceanglas stuamachta aonfhoirmeach is infheidhme go díreach lena maolaítear a rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla agus infheistíochta.

(54)

Ba cheart do shábháilteacht na socruithe naisc a bhunaítear idir TLUanna a bheith faoi réir ceanglas sonrach ionas go mbeidh rochtain ag a rannpháirtithe ar chórais socraíochta urrús eile. Níor cheart go gcuirfeadh soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta trí laistigh d’eintitis dhlíthiúil ar leithligh cosc ar na TLUanna na seirbhísí sin a fháil, go háirithe nuair is rannpháirtithe iad i gcóras socraíochta urrús a oibríonn TLU eile. Tá sé fíorthábhachtach go maolófar ina n-iomláine aon rioscaí féideartha atá mar thoradh ar na socruithe nasctha amhail rioscaí maidir le creidmheas, leachtacht, eagraíocht nó aon riosca ábhartha eile atá ann do TLUanna. I gcás nasc idir-inoibritheacha, tá sé tábhachtach go mbeadh pointí comhionanna ag córais nasctha socraíochta urrús maidir leis an tráth a dtagann orduithe aistrithe isteach sa chóras agus maidir le do-athraitheacht orduithe aistrithe den sórt sin agus rialacha comhionanna a úsáid maidir le tráth críochnaitheachta aistrithe urrús agus airgid. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail chéanna maidir le TLUanna ina n-úsáidtear comhbhonneagar teicneolaíochta faisnéise (TF) socraíochta.

(55)

Chun go mbeidh údaráis inniúla in ann maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí TLUanna go héifeachtach, ba cheart go mbeidh TLUanna faoi réir diancheanglas maidir le taifid a choinneáil faoin Rialachán seo. Ba cheart do TLUanna na taifid agus na sonraí go léir a bhaineann leis na seirbhísí a fhéadfaidh siad a sholáthar a choimeád ar feadh deich mbliana ar a laghad, lena n-áirítear sonraí idirbhirt maidir le seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar a bhaineann le próiseáil comhaontuithe maidir le hurrúis a athcheannach nó a thabhairt ar iasacht. Féadfaidh sé tarlú go mbeidh gá le TLUanna formáid chomhchoiteann a shonrú ina soláthraíonn a gcliaint sonraí idirbhirt ionas gur féidir an ceanglas maidir le taifid a choimeád a bhaint amach, i gcomhréir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus rialála arna nglacadh faoin Rialachán seo.

(56)

Ceanglaítear leis an dlí náisiúnta ar eisitheoirí i go leor Ballstát cineálacha áirithe urrús a eisiúint, go háirithe scaireanna, laistigh dá TLUanna náisiúnta. Chun deireadh a chur leis an mbac sin ar fheidhmiú rianúil mhargadh iarthrádála an Aontais agus d’fhonn cur ar chumas eisitheoirí an bealach is éifeachtúla chun bainistiú a gcuntais a roghnú, ba cheart é a bheith de cheart ag eisitheoirí aon TLU atá bunaithe san Aontas a roghnú chun a n-urrúis a thaifeadadh agus chun aon seirbhísí taisclainne lárnaí urrús iomchuí a fháil. Ós rud é go bhfuil comhchuibhiú na ndlíthe corparáideacha náisiúnta thar raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart go mbeidh feidhm i gcónaí ag an dlí corparáideach náisiúnta nó dlí den sórt sin faoina mbunaítear na hurrúis agus go ndéanfar socraíochtaí le háirithiú gur féidir ceanglais maidir leis an dlí corparáideach náisiúnta nó le dlí den sórt sin a chomhlíonadh i gcás ina bhfeidhmítear an ceart roghnúcháin taisclainne lárnaí urrús.

Beidh an caidreamh idir an t-eisitheoir atá acu agus na sealbhóirí nó aon tríú tír á rialú ag an dlí corparáideach náisiúnta agus dlíthe den sórt sin (amhail dlí na maoine, dlí na dócmhainneachta, an dlí cánach) faoina mbunaítear na hurrúis, mar aon leis na cearta agus na dualgais faoi seach atá acu in éineacht leis na hurrúis amhail cearta vótála, díbhinní agus gníomhaíochtaí corparáideacha. Féadfar diúltú chun seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir a bheith bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca agus sin amháin nó mura gcuirfear ar fáil leis an TLU sin aon seirbhísí eisiúna i ndáil le hurrúis a bhunaítear faoin dlí corparáideach nó faoi dhlí den sórt sin sa Bhallstát ábhartha. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon TLU a dhiúltódh, gan bonn cirt maith, a seirbhísí a sholáthar d’eisitheoirí.

(57)

I bhfianaise na sealúchas trasteorann méadaitheach agus na n-aistrithe urrús a fheabhsaítear leis an Rialachán seo, tá sé thar a bheith práinneach agus tábhachtach rialacha soiléir a bhunú i ndáil leis an dlí is infheidhme maidir le gnéithe dílsithe i gcás urrús atá i seilbh taisclainne lárnaí urrús. Mar sin féin, is saincheist chothrománach é sin atá thar raon feidhme an Rialacháin seo agus is féidir baint leis i ngníomhartha reachtaíochta de chuid an Aontais sa todhchaí.

(58)

Sa Chód Iompair Eorpach maidir le hImréiteach agus Socraíocht an 7 Samhain 2006, cruthaíodh creat deonach chun rochtain a chumasú idir TLUanna agus bonneagair eile mhargaidh. Mar sin féin, tá earnáil na hiarthrádála ilroinnte i gcónaí ar bhonn náisiúnta agus bíonn trádálacha trasteorann níos costasaí, gan aon ghá leis, dá dheasca sin. Is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le naisc idir TLUanna agus maidir le rochtain idir TLUanna agus bonneagair eile mhargaidh. Chun TLUanna a chumasú chun rochtain ar mhargaí eile a thairiscint dá rannpháirtithe, ba cheart é a bheith de cheart acu a bheith ina rannpháirtithe de chuid taisclainne lárnaí urrús eile nó iarraidh ar TLU eile feidhmeanna speisialta a fhorbairt chun rochtain a bheith acu uirthi. Ní fhéadfar rochtain mar sin a dhiúltú ach amháin nuair a chuirtear feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol leis nó nuair a chruthaítear riosca córasach leis. Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon TLU a dhiúltódh, gan bonn cirt maith, rochtain a chur ar fáil ar TLU eile. Nuair a chruthaíonn naisc idir TLUanna rioscaí suntasacha ó thaobh socraíochta de, ba cheart dóibh a bheith faoi réir údarú agus mhaoirseacht mhéadaithe na n-údarás inniúil iomchuí.

(59)

Ba cheart rochtain a bheith ag TLUanna ar fhothaí idirbheart ó chontrapháirtí lárnach nó ó ionad trádála freisin agus ba cheart rochtain a bheith ag na bonneagair mhargaidh sin ar na córais socraíochta urrús arna n-oibriú ag na TLUanna. Ní fhéadfar rochtain mar sin a dhiúltú ach amháin nuair a chuirtear feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol leis nó nuair a chruthaítear riosca córasach leis agus ní fhéadfaidh sé diúltú mar gheall ar sciar de mhargadh a chailliúint.

(60)

Ba cheart leigheas tapa, iomchuí a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun dul i ngleic le haon TLU nó le haon bhonneagar margaidh a dhiúltódh, gan bonn cirt maith, rochtain ar a seirbhísí a sholáthar. Comhlánaíonn an Rialachán seo na socruithe maidir le rochtain idir ionaid trádála, contrapháirtithe lárnacha agus TLUanna atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 atá riachtanach chun margadh inmheánach iomaíoch a bhunú i seirbhísí iartrádála. Ba cheart do ÚEÚM agus don Choimisiún leanúint le faireachán géar a dhéanamh ar an athrú a thagann ar bhonneagar iarthrádála agus ba cheart dó, nuair is gá, idiragairt d’fhonn saobhadh iomaíoch a chosc sa mhargadh inmheánach.

(61)

Ba cheart creat gnó fónta maidir le stuamacht agus gnó a dhéanamh don earnáil airgeadais a bheith bunaithe ar chórais láidre mhaoirseachta agus pionós. Chun na críche sin, ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha feidhmithe a thabhairt d’údaráis mhaoirseachta agus ba cheart go mbeidís in ann brath ar chórais smachtbhannaí dhíspreagthacha le húsáid i gcoinne aon iompair neamhdhleathaigh. Tá athbhreithniú ar chumhachtaí smachtbhannaí reatha agus ar chur i bhfeidhm praiticiúil na gcumhachtaí sin, atá dírithe ar chóineasú smachtbhannaí ar fud réimse na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chur chun cinn, déanta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 dar teideal “Córais smachtbhannaí a dhaingniú in earnáil na seirbhísí airgeadais”.

(62)

Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann pionóis agus bearta eile riaracháin atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm d’fhonn comhlíonadh éifeachtach cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú ag TLUanna, ag institiúidí creidmheasa atá ainmnithe mar ghníomhairí socraíochta, ag comhaltaí dá gcuid comhlachtaí bainistíochta agus ag aon duine eile a dhéanann rialú éifeachtach ar a ngnó nó aon duine eile.

(63)

D’fhonn díspreagadh agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach na bpionós ar fud na mBallstát a sholáthar, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le liosta na bpríomhphionós riarachán agus na mbeart eile nach mór a bheith ar fáil do na húdaráis inniúla, maidir leis an gcumhacht chun na smachtbhannaí agus na bearta sin a fhorchur ar gach duine, cibé acu an duine dlítheanach nó duine nádúrtha atá i gceist, atá freagrach as sárú, maidir le liosta de na príomhchritéir nuair a bheidh leibhéal agus cineál na smachtbhannaí sin á áirithiú agus maidir le leibhéil na bhfíneálacha riaracháin. Ba cheart a chur san áireamh i bhfíneálacha riaracháin tosca amhail aon tairbhe airgeadais shonraithe de thoradh an tsáraithe, tromaíocht agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha, an gá atá le fíneálacha éifeacht bhactha a bheith acu agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart go n-áireofaí leo lascaine ar chomhar leis an údarás inniúil. Agus na smachtbhannaí á nglacadh agus á bhfoilsiú, ba cheart cearta bunúsacha a urramú mar a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) iad, go háirithe na cearta go ndéanfar an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh a urramú (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47).

(64)

D’fhonn sáruithe féideartha a bhrath, ba cheart sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun tuairisciú sháruithe féideartha nó dáiríre an Rialacháin seo d’údaráis inniúla a spreagadh. Ba cheart coimircí leordhóthanacha a chuimsiú sna sásraí sin le haghaidh daoine a thuairisceoidh sáruithe ar an Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe iarbhír air, agus na daoine a gcuirfear na sáruithe sin ina leith. Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ar mhaithe le comhlíonadh ceart an chúisí i leith sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart cosanta agus an ceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar cinneadh deireanach a bhaineann leis an duine sin mar aon leis an gceart chun leigheas éifeachtach a lorg os comhair binse in aghaidh aon chinnidh nó aon bhirt a bhaineann leis an duine sin.

(65)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’aon fhorálacha i ndlí na mBallstát a bhaineann le pionóis choiriúla.

(66)

Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo a rialú le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart aon mhalartú nó aon tarchur sonraí pearsanta idir údaráis inniúla na mBallstát a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE iad. Déantar próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh ÚEÚM de bhun an Rialacháin seo a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ba cheart aon mhalartú nó tarchur sonraí pearsanta arna dhéanamh ag ÚEÚM a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 iad.

(67)

Leis an Rialachán seo, comhlíontar na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, leis an gCairt, go háirithe na cearta maidir le saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun leigheas éifeachtach nó triail chóir a fháil, an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna, agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

(68)

Ba cheart ról lárnach a bheith ag ÚEÚM i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí chur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta a áirithiú agus trí easaontais eatarthu a réiteach.

(69)

Ba cheart do ÚEÚM tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina ndéanfar measúnú ar threochtaí agus ar rioscaí féideartha sna margaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar sna tuarascálacha sin ar a laghad measúnú ar éifeachtúlacht socraíochta, socraíocht inmheánaithe, soláthar trasteorann seirbhísí, na cúiseanna maidir le cearta rochtana a dhiúltú agus aon bhaic ábhartha eile ar iomaíocht sna seirbhísí airgid iarthrádála lena n-áirítear aon bhaic a eascraíonn ó úsáid mhíchuí socruithe ceadúnais, oiriúnacht na bpionós le haghaidh teipeanna socraíochta, go háirithe an gá atá le níos mó solúbthachta maidir leis na pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta i ndáil le hionstraimí neamhleachtacha airgeadais, cur i bhfeidhm rialacha dliteanais shibhialta na mBallstát maidir le caillteanas atá inchurtha i leith TLUanna, na coinníollacha a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, le ceanglais maidir le hurrúis na rannpháirtithe agus le hurrúis a gcliant a chosaint agus leis an gcóras smachtbhannaí agus féadfaidh moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó cheartaitheach, i gcás inar gá, a bheith iontu. Ba cheart do ÚEÚM athbhreithnithe piaraí a dhéanamh lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil faoin Rialachán seo laistigh de thréimhse iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mar gheall ar thábhacht shistéamach TLUanna agus go bhfuil siad le rialú ar leibhéal an Aontais den chéad uair, is iomchuí go gceanglófaí go dtarlóidh na hathbhreithnithe den chineál sin gach trí bliana ar a laghad ar dtús báire, maidir le maoirseacht ar TLUanna a úsáideann an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó bheith rannpháirteach i nasc idir-inoibritheach.

(70)

Ós rud é gur comhlacht é ÚEÚM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige maidir le hurrúis agus margaí urrús, is éifeachtúil agus is iomchuí forbairt dréachtchaighdeán rialála agus cur chun feidhme, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ÚEÚM, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. Aon áit a sainítear sin, ba cheart do ÚEÚM dlúthchomhar a chur ar bun freisin le comhaltaí CECB agus ÚBE.

(71)

Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE agus le hAirteagal 10 go dtí Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagal 10 go dtí Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus maidir leis na gnéithe mionsonraithe de na bearta maidir le smacht socraíochta; tuairisciú ar shocraíocht inmheánaithe; an fhaisnéis agus gnéithe eile atá le háireamh ag TLU ina hiarratas ar údarú; na coinníollacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla TLU a rannpháirtíocht i gcaipitil de chuid eintiteas dlíthiúil áirithe a fhormheas, an fhaisnéis a sholáthróidh údaráis éagsúla dá chéile nuair a bheidh na TLUanna á maoirsiú acu; an fhaisnéis a sholáthróidh TLU is iarratasóir don ÚEÚM ina hiarratas ar aitheantas; gnéithe de na socruithe rialachais i gcomhair TLU; mionsonraí na dtaifead a bheidh le coinneáil ag TLUanna; na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú iarratas ar rochtain, na heilimintí den nós imeachta maidir le rochtain rannpháirtithe agus eisitheoirí ar TLUanna, rochtain idir TLUanna nó idir TLUanna agus bonneagair eile mhargaidh; mionsonraí na mbeart a bheidh le glacadh ag TLUanna ionas go gcoinneofar sláine na heisiúna; maolú na rioscaí oibriúcháin agus infheistíochta agus na rioscaí a eascraíonn ó na naisc idir TLUanna; mionsonraí na gceanglas caipitil le haghaidh TLU; mionsonraí an iarratais ar údarú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar; an formhuirear caipitil; na ceanglais stuamachta maidir le rioscaí creidmheasa agus leachtachta do na TLUanna agus do na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe atá údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

(72)

Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú freisin chun caighdeáin theicniúla chur chun feidhme a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le foirmeacha caighdeánacha agus teimpléid chaighdeánacha don tuairisciú ar shocraíocht inmheánaithe; ar iarratas le húdarú ag TLUanna; do sholáthar faisnéise idir údaráis inniúla éagsúla ar mhaithe le TLUanna a mhaoirsiú; do na socruithe comhair ábhartha idir údaráis Ballstát bhaile agus údaráis Ballstát aíochta; d’fhormáidí na dtaifead a bheidh le coinneáil ag TLUanna; do na nósanna imeachta i gcásanna ina ndiúltófar rochtain do rannpháirtí nó d’eisitheoir ar TLU, ina ndiúltófar rochtain do TLUanna eatarthu féin nó idir TLUanna agus bonneagair eile mhargaidh; agus do chomhairliúchán na n-údarás éagsúil sula ndeonófar údarú do ghníomhaire socraíochta.

(73)

Chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le sonraí mionsonraithe a bhaineann le roinnt sainmhínithe, paraiméadair chun pionóis airgid do na rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta a ríomh, agus na critéir faoinar cheart oibríochtaí TLU i mBallstát aíochta a mheas go bhfuil siad an-tábhachtach don Bhallstát sin. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(74)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a dhéanamh maidir le measúnú ar rialacha ó thríú tíortha chun TLUanna i dtríú tíortha a aithint. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20).

(75)

Agus rialacha ábhartha tríú tíortha á meas, ba cheart go mbainfí leas as cur chuige comhréireach a bheidh bunaithe ar thorthaí, ina ndíreofar ar na rialacha iomchuí de chuid an Aontais a chomhlíonadh mar aon le ceanglais idirnáisiúnta, i gcás inarb ábhartha. Féadfar aitheantas coinníollach nó idirthréimhseach a dheonú áit nach mbeidh aon réimse difríochta ó thaobh ábhair de a bhféadfadh éifeacht dhochrach intuartha aige ar mhargaí an Aontais.

(76)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá ceanglais aonfhoirmeacha a leagan síos le haghaidh socraíochta agus le haghaidh TLUanna, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(77)

Is gá leasú a dhéanamh ar Threoir 98/26/CE d’fhonn í a thabhairt i gcomhréir le Treoir 2010/78/AE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (21), ionas nach gcuirfear córais socraíochta urrús ainmnithe in iúl don Choimisiún a thuilleadh ach go gcuirfear in iúl do ÚEÚM iad.

(78)

Ós rud é go ndéantar na bearta a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais leis an Rialachán seo, ar bearta iad chun teipeanna socraíochta a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus go bhfuil raon feidhme cur i bhfeidhm níos leithne aige maidir le bearta den sórt sin ná mar atá ag Rialachán (AE) Uimh 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), beidh gá le hAirteagal 15 den Rialachán sin a aisghairm.

(79)

Ba cheart TLUanna a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 aon uair a gcuirfidh siad seirbhísí ar fáil a liostaítear go sainráite sa Rialachán seo. Mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go mbeidh aon eintitis a chuireann seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta ar fáil faoi réir Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus chun saobhadh iomaíochta a sheachaint idir cineálacha éagsúla soláthraithe na seirbhísí sin, beidh gá é a chur de cheanglas ar TLUanna a chuireann seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta ar fáil agus a gcuid seirbhísí coimhdeacha á gcur i gcrích acu bheith faoi réir cheanglais Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

(80)

Ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas údaraithe agus aitheantais sa Rialachán seo a chur siar chun a ndóthain ama a thabhairt do TLUanna atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tíortha an t-údarú agus an t-aitheantas maidir lena gcuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a iarraidh. Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le TLUanna agus a ngníomhaíochtaí a údarú agus a aithint, lena n-áirítear na naisc idir TLUanna, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le TLUanna a údarú agus a aithint.

(81)

Is gá freisin cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le na gceanglas a chur siar maidir le hurrúis inaistrithe a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha agus oibleagáidí i gcórais socraíochta urrús a shocrú tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis lá na trádála chun a ndóthain ama a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh, ag a bhfuil urrúis i bhfoirm páipéir á sealbhú nó a bhaineann úsáid as tréimhsí socraíochta níos faide, chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais aonfhoirmeacha maidir le socraíocht ionstraimí airgeadais san Aontas agus rialacha maidir le heagrú agus le hiompar na dtaisclann lárnach urrús (TLUanna) d’fhonn socraíocht shábháilte, éifeachtúil agus rianúil a chur chun cinn.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith socraíochta in ionstraimí airgeadais agus i ngníomhaíochtaí uile TLUanna mura sonraítear a mhalairt i bhforálacha an Rialacháin seo.

3.   Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha dhlí an Aontais maidir le hionstraimí airgeadais sonracha, go háirithe Treoir 2003/87/CE.

4.   Níl feidhm ag Airteagail 10 go 20, 22 go 24 agus 27, Airteagal 28(6), Airteagal 30(4) agus Airteagal 46 agus Airteagal 47, ná forálacha Theideal IV agus na ceanglais chun tuairisciú do na húdaráis inniúla nó do na húdaráis ábhartha nó chun a n-orduithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, maidir le comhaltaí CEBC, comhlachtaí náisiúnta eile na mBallstát a gcuireann feidhmeanna den chuma chéanna i gcrích, nó maidir le comhlachtaí poiblí eile na mBallstát a mbeidh sé de chúram orthu an fiachas poiblí a bhainistiú nó idiragairt ann san Aontas maidir le haon taisclann lárnach urrús ar a ndéanann na comhlachtaí a luadh roimhe seo bainistiú díreach faoi fhreagracht an chomhlachta bainistithe chéanna, a bhfuil rochtain aici ar chistí na gcomhlachtaí sin agus nach eintiteas ar leithligh é.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “taisclann lárnach urrús” nó “TLU” duine dlítheanach a oibríonn an córas socraíochta urrús dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a chuireann ar fail ar a laghad seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn;

(2)

ciallaíonn “TLU de chuid tríú tíre” aon eintiteas dlíthiúil arna bhunú ag tríú tír a gcuireann seirbhís den chuma chéanna ar fáil i gcomparáid leis an tseirbhís lárnach dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn A den Iarscríbhinn agus a gcuireann seirbhís lárnach amháin eile a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn i gcrích;

(3)

ciallaíonn “díluailiú” lonnaíocht na n-urrús fisiceach i TLU a dhíriú ar bhealach lena bhféadfar na haistrithe ina dhiaidh sin a dhéanamh trí chuntas reatha;

(4)

ciallaíonn “foirm dhí-ábharaithe” nach bhfuil ionstraimí airgeadais ann ach i bhfoirm taifead cuntais reatha;

(5)

ciallaíonn “TLU is faighteoir” TLU a fhaigheann an iarraidh ó TLU eile, TLU iarrthach, rochtain a bheith aige ar a sheirbhísí trí nasc taisclainne lárnaí urrús.

(6)

ciallaíonn “TLU iarrthach” TLU a iarrann rochtain ar sheirbhísí taisclainne lárnaí urrús eile, TLU is faighteoir trí nasc taisclainne lárnaí urrús;

(7)

ciallaíonn “socraíocht” idirbheart urrús a chur i gcrích aon uair a thugtar chun críche é d’fhonn oibleagáidí na bpáirtithe maidir leis an idirbheart sin a chomhlíonadh trí aistriú airgid thirim nó aistriú urrús nó an dá rud;

(8)

ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” nó “urrúis” ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;

(9)

ciallaíonn “ordú aistrithe” ordú aistrithe mar a shainmhínítear é sa dara fleasc de phointe (i) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE:

(10)

ciallaíonn “córas socraíochta urrús” córas faoin gcéad fhleasc, faoin dara fleasc agus faoin tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE nach bhfuil á oibriú ag contrapháirtí lárnach arb í an ghníomhaíocht atá á déanamh aige forghníomhú orduithe aistrithe;

(11)

ciallaíonn “inmheánaitheoir socraíochta” aon institiúid lena n-áirítear institiúidí amháin a údaraítear i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó le Treoir 2014/65/AE a fhorghníomhaíonn orduithe aistrithe thar ceann cliant nó ar a chuntas féin seachas trí chóras socraíochta urrús;

(12)

ciallaíonn “dáta socraíochta atá beartaithe” an dáta a chuirtear isteach sa chóras socraíochta urrús mar an dáta socraíochta agus a gcomhaontaíonn na páirtithe maidir le hidirbheart urrús go dtarlóidh an socrú sin;

(13)

ciallaíonn “tréimhse shocraíochta” an tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta atá beartaithe;

(14)

ciallaíonn “lá gnó” lá gnó mar a shainmhínítear i bpointe (n) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é;

(15)

ciallaíonn “teip socraíochta” nach socraítear idirbheart urrús, nó nach socraítear é ach go páirteach ar an dáta socraíochta atá beartaithe i ngeall ar easpa urrús nó airgid, agus beag beann ar an mbunchúis;

(16)

ciallaíonn “contrapháirtí lárnach” nó “CPL” CPL mar atá sainmhínithe i bpointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimhir 648/2012;

(17)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás a ainmníonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 ach amháin a shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “údarás ábhartha” aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 12;

(19)

ciallaíonn “rannpháirtí” aon rannpháirtí, mar a shainmhínítear i bpointe (f) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE é, i gcóras socraíochta urrús;

(20)

ciallaíonn ‘rannpháirtíocht’ rannpháirtíocht de réir bhrí na chéad abairte de phointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, nó úinéireacht, dhíreach nó indíreach, ar 20 % nó níos mó de chearta vótála nó de chaipiteal gnóthais;

(21)

ciallaíonn “rialú” an caidreamh idir dhá ghnóthas mar a ndéantar cur síos air in Airteagal 22 de Threoir 2013/34/AE;

(22)

ciallaíonn “fochuideachta” gnóthas fochuideachta de réir bhrí Airteagal 2(10) agus Airteagal 22 de Threoir 2013/65/AE;

(23)

ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát a bhfuil TLU bunaithe ann;

(24)

ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina bhfuil brainse ag TLU, nó ina soláthraíonn sí seirbhísí TLU;

(25)

ciallaíonn “brainse” áit ghnó seachas an cheannoifig atá mar chuid de TLU, nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach aici agus ina soláthraítear seirbhísí TLU a bhfuil TLU údaraithe ina leith;

(26)

ciallaíonn “mainneachtain”, maidir le rannpháirtí, cás ina ndéantar imeachtaí dócmhainneachta, mar a shainmhínítear i bpointe (j) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE iad, a thionscnamh i gcoinne rannpháirtí;

(27)

ciallaíonn “soláthar in áit íocaíochta” sásra socraíochta urrús a nascann aistriú urrús le haistriú airgid thirim ionas nach ndéantar urrúis a sheachadadh ach amháin má dhéantar an t-aistriú comhfhreagrach airgid thirim, agus sin amháin, nó má dhéantar a mhalairt;

(28)

ciallaíonn “cuntas urrús” cuntas ar féidir urrúis a chur chun sochair nó chun dochair air;

(29)

ciallaíonn “nasc idir TLU” socrú idir TLUanna ina mbíonn TLU amháin mar rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús de chuid TLU eile chun aistriú urrús ó rannpháirtithe TLU chuig rannpháirtithe TLU roimhe sin a éascú, nó socrú ina bhfaigheann TLU rochtain ar TLU eile go neamhdhíreach trí idirghabhálaí. Áirítear ar naisc idir TLUanna naisc chaighdeánacha, naisc shaincheaptha, naisc neamhdhíreacha agus naisc idir-inoibritheacha;

(30)

ciallaíonn “nasc caighdeánach” nasc idir TLU áit a mbeidh TLU ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús de chuid TLU eile faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna atá infheidhme maidir le haon rannpháirtí eile sa chóras socraíochta urrús atá á oibriú ag an gcéad rannpháirtí;

(31)

ciallaíonn “nasc” saincheaptha’ nasc idir TLUanna ina mbeidh seirbhísí sonracha breise curtha ar fáil do TLU a bheidh ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile i gcomparáid leis na gnáthsheirbhísí a chuireann TLU sin ar fáil do rannpháirtithe sa chóras socraíochta urrús;

(32)

ciallaíonn “nasc neamhdhíreach” socrú idir TLU agus tríú páirtí seachas TLU, atá ina rannpháirtí sa chóras socraíochta urrús atá ag TLU eile. Bunófar nasc mar sin le TLU d’fhonn aistriú urrús a éascú chuig a rannpháirtithe ó rannpháirtithe TLU eile;

(33)

ciallaíonn “nasc idir-inoibritheach” nasc idir TLU ina gcomhaontaíonn na TLUanna réitigh theicniúla chomhpháirteacha a bhunú sna córais socraíochta urrús a oibríonn siad;

(34)

ciallaíonn “nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide oscailte idirnáisiúnta” caighdeáin lena nglactar go hidirnáisiúnta le haghaidh nósanna imeachta cumarsáide, amhail formáidí caighdeánaithe teachtaireachta agus léiriú sonraí a chuirtear ar fáil d’aon pháirtí leasmhar ar bhealach cothrom, oscailte agus neamh-idirdhealaitheach;

(35)

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear i bpointe (44) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;

(36)

ciallaíonn “scaireanna” urrúis dá dtagraítear i bpointe (44)(a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(37)

ciallaíonn “ionstraimí an mhargaidh airgid” ionstraimí an mhargaidh airgid mar shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE iad;

(38)

ciallaíonn “aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta” aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta dá dtagraítear i bpointe (3) de Roinn C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE;

(39)

ciallaíonn “lamháltais astaíochta” lamháltais astaíochta mar a shainítear é i bpointe (11) de Chuid C d’Iarscríbhinn I de Threoir 2014/65/AE seachas na díorthaigh atá i lamháltais astaíochta;

(40)

ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar shainmhínítear i bpointe (21) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é;

(41)

ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “STI” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE í;

(42)

ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;

(43)

ciallaíonn “gníomhaire socraíochta” gníomhaire socraíochta mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(44)

ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear i bpointe (12) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE

(45)

ciallaíonn “comhlacht bainistithe” comhlacht nó comhlachtaí TLU, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil sé de chumhacht aige straitéis, cuspóirí agus treoir fhoriomlán an TLU a shocrú, agus a dhéanann maoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht an lucht bainistíochta. Áireofar leis seo daoine a stiúrann obair an TLU go héifeachtach.

Nuair a bheidh comhlachtaí difriúla a bhfuil feidhmeanna sonracha acu i gceist i gcomhlacht bainistíochta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo ach amháin maidir leis na comhaltaí den chomhlacht bainistíochta a sanntar dóibh leis an dlí náisiúnta is infheidhme an fhreagracht faoi seach;

(46)

ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” na daoine nádúrtha a fheidhmíonn gnó feidhmiúcháin laistigh de TLU agus atá freagrach as an gcomhlacht bainistithe maidir le bainistiú laethúil an TLU sin agus cuntasach dó freisin.

2.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 a bhaineann le bearta chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál neamhbhaincéireachta a leagtar amach i bpointe (1) go pointe (4) de Roinn B den Iarscríbhinn a shonrú tuilleadh mar aon leis na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn.

TEIDEAL II

SOCRAÍOCHT URRÚS

CAIBIDIL 1

Foirm cuntais reatha

Airteagal 3

Foirm cuntais reatha

1.   Gan dochar do mhír 2, aon eisitheoir a bheidh lonnaithe san Aontas a eiseoidh nó a d’eisigh urrúis inaistrithe, a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionaid trádála, socróidh sé go léireofar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha mar dhíluailiú nó tar éis na hurrúis a eisiúint go díreach i bhfoirm dhí-ábharaithe.

2.   I gcás ina dtarlóidh idirbheart i ndáil le hurrúis inaistrithe ar ionad trádála, déanfar na hurrúis sin a thaifead i bhfoirm cuntais reatha i TLU ar an nó roimh an dáta socraíochta atá beartaithe, mura mbeidh siad taifeadta mar sin cheana féin.

I gcás ina ndéanfar na hurrúis inaistrithe a aistriú i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE é, taifeadfar na hurrúis sin i bhfoirm cuntais reatha i TLU ar an dáta socraíochta nó roimhe sin, mura ndearnadh iad a thaifeadadh mar sin cheana féin.

Airteagal 4

Forfheidhmiú

1.   Áiritheoidh údaráis an Bhallstáit ina mbeidh an t-eisitheoir a eiseoidh urrúis bunaithe go gcuirfear Airteagal 3(1) i bhfeidhm.

2.   Maidir leis na húdaráis is inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na hionaid trádála, lena n-áirithítear na húdaráis inniúla a shainítear i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), áiritheoidh siad go gcuirfear an chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfeidhm nuair a dhéanfar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a thrádáil ar ionaid trádála.

3.   Maidir le húdaráis na mBallstát atá freagrach as Treoir 2002/47/CE a chur i bhfeidhm, áiritheoidh siad go gcuirfear an dara fomhír d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo i bhfeidhm nuair a aistreofar na hurrúis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo i ndiaidh socraithe comhthaobhachta airgeadais mar a sainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE é.

CAIBIDIL II

Tréimhsí socraíochta

Airteagal 5

Dátaí socraíochta atá beartaithe

1.   Aon rannpháirtí i gcóras socraíochta urrús a shocróidh sa chóras sin ar a chuntas féin nó thar ceann tríú páirtí idirbhearta in urrúis inaistrithe, ionstraimí an mhargaidh airgid, aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta agus lamháltais astaíochtaí, déanfaidh sé idirbhearta den sórt sin a shocrú ar an dáta socraíochta atá beartaithe.

2.   Maidir le hidirbhearta sna hurrúis inaistrithe dá dtagraítear i mír 1, a dhéanfar ar ionaid trádála, is é an dáta socraíochta atá beartaithe tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis don trádáil a bheith ar bun. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbhearta a dhéanfar a chaibidliú go príobháideach ach a chuirfear i gcrích iad ar na hionaid trádála nó ar an gcéad idirbheart i gcás ina bhfuil na hurrúis inaistrithe lena mbaineann faoi réir taifeadta tosaigh i bhfoirm cuntais reatha de bhun Airteagal 3(2).

3.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfear mír 1 i bhfeidhm.

Maidir leis na húdaráis atá inniúil chun ionaid trádála a mhaoirsiú, beidh siad inniúil chun a áirithiú go gcuirfear mír 2 i bhfeidhm.

CAIBIDIL III

Smacht socraíochta

Airteagal 6

Bearta chun teipeanna socraíochta a chosc

1.   Bunófar le hionaid trádála nósanna imeachta a chuirfidh ar a gcumas sonraí ábhartha a bhaineann le hidirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ar an dáta a ndéanfar an t-idirbheart.

2.   D’ainneoin an cheanglais a leagtar síos i mír 1, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta a údaraítear de bhun Airteagal 5 de Threoir 2014/65/AE, i gcás inarb infheidhme, bearta a dhéanamh chun líon na dteipeanna socraíochta a theorannú.

Áireofar ar bhearta den sórt sin ar a laghad socraíochtaí idir an gnólacht infheistíochta agus a chliaint ghairmiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE lena áirithiú go gcuirfear leithdháileadh urrús i ndáil leis an idirbheart in iúl go gasta, go ndeimhneofar an leithdháileadh sin agus go ndeimhneofar glacadh nó diúltú téarmaí go tráthúil roimh an dáta socraíochta atá beartaithe.

Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis na nósanna imeachta caighdeánaithe agus leis na prótacail teachtaireachta atá le húsáid chun an dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh.

3.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascófar socrú idirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) maidir leis an dáta socraíochta atá beartaithe leis an neamhchosaint is lú is féidir dá rannpháirtithe maidir le riosca contrapháirtí agus riosca leachtachta agus ráta íseal teipeanna socraíochta. Molfaidh sé go ndéanfaí socraíocht luath ar an dáta socraíochta atá beartaithe trí bhíthin sásraí iomchuí.

4.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, cuirfidh TLU bearta i bhfeidhm le socrú tráthúil idirbheart ag a rannpháirtithe a spreagadh agus a dhreasú. Cuirfear TLUanna de cheanglas ar na rannpháirtithe a n-idirbhearta a shocrú ar an dáta socraíochta atá beartaithe.

5.   Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ionas go sonrófar na bearta atá le glacadh ag gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 2, sonraí na nósanna imeachta lena n-éascófar socrú dá dtagraítear i mír 3 agus sonraí na mbeart d’fhonn socrú tráthúil idirbheart dá dtagraítear i mír 4 a spreagadh agus a dhreasú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Bearta chun dul i ngleic le teipeanna socraíochta

1.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, bunóidh TLU córas a dhéanfaidh faireachán ar chásanna ina dteipfidh ar na hidirbhearta sna hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a shocrú. Tabharfaidh sí tuarascálacha rialta don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha, maidir le líon agus le sonraí na dteipeanna socraíochta agus aon fhaisnéis ábhartha eile lena n-áirítear na bearta atá beartaithe ag na TLUanna agus ag a rannpháirtithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht socraíochta i bhfoirm chomhiomlánaithe. Fógróidh na TLUanna na tuarascálacha sin, gan ainmneacha ar bhonn bliantúil. Roinnfidh na húdaráis inniúla le ÚEÚM aon fhaisnéis ábhartha maidir le teipeanna socraíochta.

2.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, bunóidh TLU nósanna imeachta lena n-éascófar socrú idirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) nach mbeidh socraithe ar an dáta socraíochta a beartaíodh. Déanfar foráil do shásra pionóis leis na nósanna imeachta sin a fheidhmeoidh mar bhac éifeachtach i gcomhair rannpháirtithe a bheidh mar chúis leis na teipeanna socraíochta.

Roimh di na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú, ionaid trádála, rachaidh TLU i gcomhairliúchán leis na hionaid trádála ábhartha agus leis na TLUanna ábhartha a gcuirfidh sí seirbhísí socraíochta ar fáil ina leith.

Áireofar ar an sásra pionóis dá dtagraítear sa chéad fomhír pionóis airgid thirim le haghaidh rannpháirtithe is cúis le teipeanna socraíochta (“rannpháirtithe a dteipfidh orthu”). Ríomhfar pionóis airgid ar bhonn laethúil i ndáil le gach lá gnó a dteipfear ar idirbheart a shocrú tar éis an dáta socraíochta a beartaíodh go deireadh tréimhse an phróisí cheannaigh isteach dá dtagraítear i mír 3 ach nach mbeidh níos faide ná an lá socraíochta iarbhír. Níor cheart na pionóis airgid thirim a chumrú mar fhoinse ioncaim do TLU.

3.   Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus don cheart chun an t-idirbheart a chealú go déthaobhach, más rud é nach n-éireoidh an rannpháirtí a dteipfidh air na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a thabhairt don rannpháirtí is faighteoir laistigh de 4 lá gnó tar éis an dáta socraíochta a bheidh beartaithe (“tréimhse sínithe”) cuirfear tús le próiseas ceannaigh isteach i gcás ina mbeidh na hionstraimí sin ar fáil le haghaidh socraíochta agus go ndéanfar iad a sheachadadh chuig an rannpháirtí is faighteoir laistigh de thréimhse ama iomchuí.

Má bhaineann an t-idirbheart le hionstraim airgeadais a thrádálfar ar mhargadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide, beidh 15 lá sa tréimhse sínithe ach amháin má chinneann margadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide tréimhse níos giorra a chur i bhfeidhm.

4.   Beidh feidhm ag na díolúintí a leanas ón gceanglas dá dtagraitear i mír 3:

(a)

ar bhonn an chineáil sócmhainne agus ar leachtacht na n-ionstraimí airgeadais lena mbaineann, féadfar an tréimhse sínithe a mhéadú ó cheithre lá gnó suas le seacht lá gnó ar a mhéid áit a mbeadh tionchar ag tréimhse sínithe níos giorra ar fheidhmiú ordúil réidh na margaí airgeadais lena mbaineann;

(b)

maidir le hoibríochtaí casta ina bhfuil roinnt mhaith idirbheart i gceist lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh urrús nó comhaontuithe iasachta, ní bheidh feidhm ag an bpróiseas ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina mbeidh tréimhse ama na n-oibríochtaí sin gearr go leor agus ina mbeidh an próiseas ceannach isteach neamhéifeachtach mar thoradh air sin.

5.   Gan dochar do mhír 7, ní bheidh feidhm ag na díolúintí dá dtagraítear i mír 4 maidir le hidirbhearta le haghaidh scaireanna nuair a bheidh na idirbhearta sin imréitithe ag CPL.

6.   Gan dochar don sásra pionóis dá dtagraítear i mír 2, i gcás ina mbeidh praghas na scaireanna a comhaontaíodh tráth na trádála níos airde ná an praghas a íocadh as an gceannach isteach a fheidhmiú, íocfaidh an rannpháirtí a dteipfidh air an difríocht chomhfhreagrach leis an rannpháirtí is faighteoir tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a bheith curtha ar fáil i ndiaidh an cheannaigh isteach.

7.   Mura n-éireoidh leis an gceannach isteach nó mura bhféadfar é a dhéanamh, féadfaidh an rannpháirtí is faighteoir rogha a dhéanamh íocaíocht a fháil trí chúiteamh airgid nó feidhmiú an cheannaigh isteach a chur siar go dáta níos déanaí a bheidh iomchuí (“tréimhse iarchurtha”). Mura dtabharfar na hionstraimí airgeadais ábhartha don rannpháirtí is faighteoir ag deireadh na tréimhse iarchurtha, íocfar an cúiteamh airgid.

Íocfar an cúiteamh airgid don rannpháirtí is faighteoir tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis dheireadh an phróisis ceannaigh isteach dá dtagraítear i mír 3 nó na tréimhse iarchurtha, i gcás inar roghnaíodh an tréimhse iarchurtha.

8.   Aisíocfaidh an rannpháirtí a dteipfidh air an t-eintiteas a fheidhmeoidh ceannach isteach na suimeanna uile a íocfar i gcomhréir le mír 3, le mír 4 agus le mír 5, lena n-áirítear aon táillí feidhmiúcháin a eascraíonn as an gceannach isteach. Ba cheart táillí mar sin a chur in iúl go soiléir do na rannpháirtithe.

9.   Bunóidh TLUanna, CPLanna agus ionaid trádála nósanna imeachta lena gcuirfear ar a gcumas, i gcomhairle lena n-údaráis inniúla faoi seach, aon rannpháirtí a mhainneoidh ar bhonn seasta agus córasach na hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a chur ar fáil ar an dáta socraíochta a bheidh beartaithe a fhionraí, agus ainm an rannpháirtí sin a chur ar fáil don phobal tar éis deis a thabhairt don rannpháirtí sin a bharúlacha a chur isteach agus ar an gcoinníoll go gcuirfear údaráis inniúla TLUanna, na CPLanna agus na n-ionad trádála, agus an rannpháirtí féin ar an eolas mar is iomchuí, agus sa chás sin amháin. Chomh maith le dul i gcomhairle sula ndéanfar aon fhionraí, cuirfidh na TLUanna, na CPLanna agus na hionaid thrádála na n-údarás inniúil faoi seach ar an eolas faoi rannpháirtí a fhionrófar. Cuirfidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha ar an eolas láithreach faoi fhionraí rannpháirtí.

Ní thabharfar sonraí pearsanta de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE nuair a nochtfar fionraí go poiblí.

10.   Beidh feidhm ag mír 2 go mír 9 maidir le gach idirbheart de chuid na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó a bheidh imréitithe ag contrapháirtí lárnach mar a leanas:

(a)

I gcás idirbheart a imréiteoidh CPL, is é CPL an t-eintiteas a fheidhmeoidh an ceannach isteach i gcomhréir le mír 3 go mír 8.

(b)

Maidir le hidirbhearta nach mbeidh imréitithe ag CPL, ach a fheidhmeofar ar ionad trádála, áireoidh an t-ionad trádála ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a chomhaltaí agus ar a rannpháirtithe na bearta dá dtagraítear i mír 3 go mír 8 a chur i bhfeidhm.

(c)

Maidir leis na hidirbhearta go léir seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo, áireoidh na TLUanna ina rialacha inmheánacha oibleagáid ar a rannpháirtithe a bheith faoi réir na mbeart dá dtagraítear i mír 3 go mír 8.

Cuirfidh TLU an fhaisnéis riachtanach socraíochta ar fáil do chontrapháirtithe lárnacha agus d’ionaid thrádála lena chur ar a gcumas a n-oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

Gan dochar do phointe (a), phointe (b) agus pointe (c) den chéad fhomhír féadfaidh TLUanna faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceannach isteach dá dtagraítear sna pointí seo i leith treoracha iolracha socraíochta, maidir leis na hionstraimí airgeadais chéanna agus leis an dáta éaga céanna don tréimhse cur i bhfheidhm, a mbeidh sé mar aidhm acu an líon ceannach isteach a bheidh le déanamh a íoslaghdú agus dá bhrí sin an tionchar ar phraghsanna na n-ionstraimí ábhartha airgeadais.

11.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 9 i gcás rannpháirtithe ar CPLanna iad agus a dteipfidh orthu.

12.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 9 mura dtionscnófar imeachtaí dócmhainneachta in aghaidh rannpháirtí a dteipfidh air.

13.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina mbeidh an príomh-ionad chun scaireanna a thrádáil lonnaithe i dtríú tír. Tá láthair an phríomh-ionaid chun scaireanna a thrádáil le cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

14.   Cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun go ndéanfar an méid seo a leanas a shonrú: paraiméadair chun díspreagadh agus leibhéal comhréireach pionós airgeadais dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 a ríomh bunaithe ar an gcineál sócmhainne agus ar leachtacht na hionstraime airgeadais agus ar chineál an idirbhirt lena n-áiritheofar a lán smachta socraíochta agus feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais lena mbaineann.

15.   Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú;

(a)

sonraí an chórais faireacháin maidir le teipeanna socraíochta agus na tuarascálacha maidir le teipeanna socraíochta dá dtagraítear i mír 1,

(b)

na próisis chun pionóis airgid a bhailiú agus a ath-leithdháileadh agus aon fháltais eile a d’fhéadfaidh teacht as pionóis den sórt sin i gcomhréir le mír 2;

(c)

sonraí oibríocht an phróisis ceannach isteach iomchuí dá dtagraítear i mír 3 go mír 8, lena n-áirítear tréimhsí ama iomchuí leis an ionstraim airgeadais a sholáthar tar éis an phróisis ceannach isteach dá dtagraítear i mír 3. Beidh na tréimhsí ama sin calabraithe agus an cineál sócmhainne agus leachtacht na n-ionstraimí airgeadais á gcur san áireamh.

(d)

na cúinsí ina bhféadfaí cur leis an tréimhse sínithe i gcomhréir leis an gcineál sócmhainne, le leachtacht na n-ionstraimí airgeadais, i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 agus na critéir i ndáil le leachtacht a mheasúnú faoi phointe (17) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;

(e)

cineál na n-oibríochtaí agus na tréimhsí ama sonracha a bhaineann leo dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 lena ndéantar ceannach-isteach mí-éifeachtach;

(f)

modheolaíocht chun an cúiteamh airgid dá dtagraítear i mír 7 a ríomh.

(g)

na coinníollacha faoina meastar go dteipeann ar rannpháirtí ar bhonn comhsheasmhach agus ar bhonn córasach na hionstraimí airgeadais amhail dá dtagraítear i mír 9 a sheachadadh; agus,

(h)

an fhaisnéis riachtanach socraíochta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 10.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 8

Forfheidhmiú

1.   Údarás inniúil TLU a oibreoidh an córas socraíochta urrús, an t-údarás ábhartha a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús lena mbaineann chomh maith leis na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ionaid thrádála, ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar CPLanna, beidh siad inniúil chun a áirithiú go ndéanfaidh na hinstitiúidí Airteagal 6 agus Airteagal 7 a chur i bhfeidhm faoi réir a maoirseachta agus chun faireachán a dhéanamh ar na pionóis a fhorchuirfear. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na húdaráis inniúla faoi seach go dlúth lena chéile. Cuirfidh na Ballstáit ÚEÚM ar an eolas faoi na húdaráis inniúla ainmnithe a bheidh mar chuid den struchtúr maoirseachta ar an leibhéal náisiúnta.

2.   D’fhonn cleachtais mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas maidir le hAirteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Ní dhéanfar dochar le sárú ar na rialacha faoin Teideal seo do bhailíocht conartha phríobháidigh maidir le hionstraimí airgeadais nó don fhéidearthacht atá ann do na páirtithe forálacha conartha phríobháidigh maidir le hionstraimí airgeadais a fhorfheidhmiú.

CAIBIDIL IV

Socraíocht inmheánaithe

Airteagal 9

Inmheánaitheoirí socraíochta

1.   Tabharfaidh inmheánaitheoirí socraíochta tuairisc chuig na húdaráis inniúla san áit ina bhfuil sí bunaithe ar bhonn ráithiúil ar líon comhiomlán na n-idirbheart urrús agus ar luach gach idirbhirt urrús shocróidh siad lasmuigh de chórais socraíochta.

Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a chur ar aghaidh chuig ÚEÚM gan mhoill agus cuirfidh siad ÚEÚM ar an eolas maidir le haon riosca a d’fhéadfadh bheith ann mar thoradh ar an ngníomhaíocht socraíochta sin.

2.   Féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar tuilleadh ábhar an tuairiscithe sin.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.   Forbróidh ÚEÚM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta a bhunú chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 go mír 3 a thuairisciú agus a chur ar aghaidh.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL III

TAISCLANNA LÁRNACHA URRÚS

CAIBIDIL I

TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú

Roinn 1

Na húdaráis a bheidh freagrach as TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú

Airteagal 10

Údarás inniúil

Gan dochar don mhaoirseacht a dhéanfaidh comhaltaí CEBC dá dtagraítear in Airteagal 12(1), déanfaidh údarás inniúil a Ballstát bhaile TLU a údarú agus a mhaoirsiú.

Airteagal 11

Ainmniú an údaráis inniúil

1.   Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh chun na TLUanna atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé ÚEÚM ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé na róil a bheidh ag gach údarás ar leithligh acu agus ainmneoidh sé údarás amháin a bheidh freagrach as comhar le húdaráis inniúla i mBallstáit eile, leis na húdaráis ábhartha, le ÚEÚM, agus le ÚBE nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo.

2.   Foilseoidh ÚEÚM liosta de na húdaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir le mír 1 ar a láithreán gréasáin.

3.   Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag na húdaráis inniúla chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú.

Airteagal 12

Údaráis ábhartha

1.   Beidh baint ag na húdaráis seo a leanas le húdarú agus le maoirsiú TLU nuair a thagraítear go sonrach dóibh sa Rialachán seo:

(a)

an t-údarás a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar an gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU sa Bhallstát ina mbeidh feidhm ag a dhlí maidir leis an gcóras socraíochta urrús sin;

(b)

na bainc cheannais san Aontais a mbeidh na hairgeadraí is ábhartha ina ndéantar socraíocht á n-eisiúint acu;

(c)

i gcás inarb ábhartha, an banc ceannais san Aontas a socrófar an ghné airgid den chóras socraíochta urrús a oibreoidh an TLU ina chuid leabhar.

2.   Foilseoidh ÚEÚM liosta de na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 ar a láithreán gréasáin.

3.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na coinníollacha faoina measfar go mbeidh airgeadraí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 ar na socruithe is ábhartha agus socruithe chun próiséas éifeachtúil a chur ar bun chun dul i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den mhír sin.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Malartú faisnéise

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, údaráis ábhartha agus ÚEÚM, arna iarraidh sin agus gan mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a bheidh de dhíth chun a ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo a thabhairt dá chéile.

2.   Údaráis inniúla, údaráis ábhartha, ÚEÚM agus comhlachtaí eile nó daoine dlítheanacha agus nádúrtha a gheobhaidh faisnéis rúnda i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Rialachán seo, ní úsáidfidh siad an fhaisnéis sin ach amháin nuair a bheidh siad i mbun a ndualgas.

Airteagal 14

Comhar idir na húdaráis

1.   Comhoibreoidh údaráis inniúla, údaráis ábhartha agus ÚEÚM go dlúth, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Nuair is iomchuí agus is ábhartha, áireofar ar chomhar den sórt sin comhar le húdaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí eile, go háirithe na cinn sin a bunaíodh nó a ceapadh faoi Threoir 2003/87/CE.

Chun cleachtais mhaoirseachta a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas, lena n-áirítear comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha sna measúnuithe difriúla is gá do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla, i bhfeidhmiú a ndualgas ginearálta, aird mar is cuí ar an tionchar a d’fhéadfadh a gcinntí a imirt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit eile ar fad lena mbaineann, go háirithe ar na cásanna éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 15, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil.

Airteagal 15

Cásanna éigeandála

Gan dochar don nós imeachta fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) de Threoir 98/26/CE, cuirfidh na údaráis inniúla agus údaráis ábhartha in iúl láithreach do ÚEÚM, don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus dá chéile aon chás éigeandála a bhaineann le TLU, lena n-áirítear aon fhorbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar leachtacht mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadra ina ndéantar socraíocht, sláine an bheartais airgeadais agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais in aon cheann de na Ballstáit ina bhfuil TLU nó ceann dá rannpháirtithe bunaithe.

Roinn 2

Coinníollacha agus nósanna imeachta chun TLUanna a údarú

Airteagal 16

TLU a údarú

1.   Aon duine dlítheanach a thagann faoin sainmhíniú ar TLU, gheobhaidh sé údarú ó údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe sula gcuirfidh sé tús lena chuid gníomhaíochtaí.

2.   Sonrófar san údarú na seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn agus na seirbhísí coimhdeacha nach de chineál baincéireachta iad a cheadaítear faoi Roinn B den Iarscríbhinn, a bhfuil TLU údaraithe lena chur ar fáil.

3.   Comhlíonfaidh TLU na coinníollacha atá riachtanach don údarú i gcónaí.

4.   Tabharfaidh TLU, in éineacht lena hiniúchóirí neamhspleácha, gan aon mhoill mhíchuí, fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe substaintiúla a chuireann isteach ar chomhlionadh choinníollacha an údaraithe.

Airteagal 17

An nós imeachta maidir le húdarú a dheonú

1.   Déanfaidh an TLU is iarratasóir iarratas ar údarú a chur faoi bhráid a húdaráis inniúil.

2.   Mar chuid den iarratas ar údarú, soláthróidh an TLU is iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil bheith deimhin de go mbeidh na socruithe ar fad a bheidh riachtanach chun a hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh bunaithe ag an TLU is iarratasóir, tráth an údaraithe. Áireofar clár oibríochtaí san iarratas ar údarú ina leagfar amach na cineálacha gnó a bheartaítear agus eagrúchán struchtúrach an TLU.

3.   Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas iomlán. Mura mbeidh an t-iarratas iomlán, leagfaidh an t-údarás inniúil teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar. Cuirfidh an t-údarás inniúil TLU is iarratasóir ar an eolas nuair a mheasfar an t-iarratas a bheith iomlán.

4.   Ón tráth a measfar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir san iarratas chuig na húdaráis ábhartha agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis sin maidir leis na gnéithe den chóras socraíochta urrús a oibríonn an TLU is iarratasóir. Féadfaidh gach údarás ábhartha a bharúlacha a chur in iúl don údarás inniúil laistigh de 3 mhí tar éis an fhaisnéis a fháil ón údarás ábhartha.

5.   Tráth ar bith a bheartóidh TLU is iarratasóir na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE de bhreis ar sholáthar seirbhísí coimhdeacha de chineál neamhbhaincéireachta a liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis uile a áirítear san iarratas chuig an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE agus rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás sin maidir le cumas TLU is iarratasóir ceanglais na Treorach 2014/65/AE agus an Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014.

6.   Rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis inniúla an Bhallstáit eile lena mbaineann, sula ndéanfaidh sé údarú a dheonú don TLU is iarratasóir, sna cásanna a leanas:

(a)

nuair is fochuideachta de TLU údaraithe i mBallstát eile í TLU;

(b)

nuair is fochuideachta de mháthairchuideachta taisclainne lárnaí urrús atá údaraithe i mBallstát eile í TLU;

(c)

nuair atá TLU á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna a rialaíonn TLU dhifriúil atá údaraithe i mBallstát eile.

7.   Cumhdófar an méid seo a leanas sa chomhairliúchán dá dtagraítear i mír 6:

(a)

oiriúnacht na scairshealbhóirí agus na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 27(6) agus an cháil atá ar na daoine agus an taithí atá ag na daoine a thugann treoir éifeachtach maidir le gnó TLU dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus (4), nuair a bheidh baint ag na scairshealbhóirí agus na daoine sin i gcoitinne le TLU agus le TLU atá údaraithe i mBallstát eile araon;

(b)

cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann an caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 6 idir TLU atá údaraithe i mBallstát eile agus TLU is iarratasóir difear don chumas atá ag an taisclann sin ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

8.   Laistigh de shé mhí tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl i scríbhinn, le cinneadh a bheidh cuí-réasúnaithe ina iomláine, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó ar diúltaíodh é.

9.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis a shonrú a sholáthróidh TLU is iarratasóir don údarás inniúil san iarratas ar údarú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú maidir leis an iarratas ar údarú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 18

Éifeachtaí an údaraithe

1.   Beidh gníomhaíochtaí an TLU údaraithe teoranta do sholáthar seirbhísí a chumhdaítear ina húdarú nó ina fógra i gcomhréir le hAirteagal 19(8).

2.   Ní fhéadfaidh ach amháin TLUanna údaraithe lena n-áirítear bainc cheannais a fheidhmeoidh mar TLUanna córais socraíochta urrús a oibriú.

3.   Ní bheidh TLU údaraithe rannpháirteach i nduine dlítheanach ach amháin i gcás ina bhfuil a chuid gníomhaíochtaí teoranta do sholáthar seirbhísí a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn, mura ndéanfaidh a húdarás inniúil rannpháirtíocht mar sin a fhormheas ar an mbonn nach ndéanfaidh sé próifíl riosca an TLU a ardú ar bhealach suntasach.

4.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na critéir a shonrú atá le cur san áireamh ag na húdaráis inniúla chun rannpháirtíocht i TLUanna i ndaoine dlítheanacha, seachas iad siúd a mbeidh na seirbhísí a leagtar amach i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn á soláthar acu, a fhormheas. Féadfar a áireamh i gcritéir den sórt sin cibé an bhfuil na seirbhísí a chuirfidh an duine dlítheanach sin ar fáil mar chomhlánú ar na seirbhísí a sholáthraíonn TLU nó nach bhfuil agus a mhéid a bheidh TLU neamhchosanta ar dhliteanais a eascróidh as rannpháirtíocht den sórt sin.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 19

Gníomhaíochtaí agus seirbhísí a leathnú agus a eisfhoinsiú

1.   Cuirfidh TLU údaraithe iarratas ar údarú faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit bhaile cibé uair ar mian léi seirbhís lárnach a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí faoi Airteagal 30 nó a cuid gníomhaíochtaí a leathnú chun ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a áireamh:

(a)

breis seirbhísí lárnacha a liostaítear i Roinn A den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;

(b)

seirbhísí coimhdeacha a cheadaítear faoi, ach nach liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn nach gcumhdaítear leis an gcéad údarú;

(c)

oibriú córais socraíochta urrús eile;

(d)

an ghné airgid ar fad nó cuid den ghné airgid dá chóras socraíochta urrús a shocrú i leabhair de chuid gníomhaireachta socraíochta eile;

(e)

nasc idir-inoibritheachta a bhunú, lena n-áirítear naisc le TLUanna tríú tíortha.

2.   Leanfar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 chun údarú a dheonú faoi mhír 1.

Laistigh de thrí mhí tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-údarú dó nó an diúltaíodh é.

3.   TLUanna a bhunaítear san Aontas a bhfuil sé beartaithe acu nasc idir-inoibritheach a bhunú, déanfaidh siad iarratas le haghaidh údarú mar a cheanglaítear faoi phointe (e) de mhír 1 leis na húdaráis inniúla faoi seach. Rachaidh na húdaráis sin i gcomhairle lena chéile maidir leis an nasc le TLU a fhormheas. I gcás cinntí éagsúla agus má chomhaontaíonn an dá údarás inniúla go bhféadfar an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Diúltóidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 nasc a údarú, i gcás ina gcuirfeadh nasc taisclainne lárnaí urrús feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé mar chúis le riosca sistéamach, agus sa chás sin amháin

5.   Naisc idir-inoibritheacha taisclann lárnacha urrús a dhéanfaidh cuid dá seirbhísí a bhaineann leis na naisc idir-inoibritheacha sin a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus naisc taisclann lárnach nach dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, ní bheidh siad faoi réir údarú faoin bpointe sin, ach tabharfar fógra ina leith chuig údaráis inniúla agus údaráis ábhartha TLUanna sula gcuirfear iad chun feidhme tríd an bhfaisnéis ábhartha uile lena gceadaítear d’údaráis mar sin measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 48.

6.   TLU a bhunaítear agus a údaraítear san Aontas, féadfaidh sí nasc a choinneáil nó a bhunú le TLU i dtríú tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Nuair a bhunófar naisc le TLUanna i dtríú tíortha ceadófar leis an bhfaisnéis a chuirfidh TLU iarrthach ar fáil don údarás inniúil a mheas an gcomhlíontar na ceanglais faoi Airteagal 48 nó na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 48 leis na naisc sin.

7.   Ceanglóidh údarás inniúil TLU iarrtaí ar an TLU sin scor de nasc idir TLUanna a úsáid, ar nasc é ar tugadh fógra ina leith, nuair nach gcomhlíonfar leis an nasc sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 48 agus lena gcuirfí i mbaol ar an gcaoi sin feidhmiú rianúil agus ordúil na margaí airgeadais nó a bheadh mar chúis le riosca córasach. I gcás ina gcuireann údarás inniúil de cheanglas ar TLU scor de nasc idir TLUanna a úsáid, leanfaidh sé an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 20(2) agus (3).

8.   Ní bheidh na seirbhísí breise coimhdeacha a liostaítear go sainráite i Roinn B den Iarscríbhinn faoi réir údarú, ach cuirfear fógra chuig an údarás inniúil ina leith sula gcuirfear ar fáil iad.

Airteagal 20

Údarú a tharraingt siar

1.   Gan dochar do na gníomhartha nó na bearta leasacháin faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an t-údarú a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna a leanas:

(a)

i gcás nár úsáid TLU an t-údarú ar feadh 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil aici ná aon ghníomhaíocht déanta aici le linn na sé mhí roimhe sin;

(b)

i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;

(c)

i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;

(d)

i gcás ina ndéanfaidh TLU sárú tromchúiseach nó córasach ar an ceanglais a leagtar amach sa Rialachán nó, i gcás inarb infheidhme, i dTreoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

2.   A luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE maidir leis an ngá a bheidh ann an t-údarú a tharraingt siar.

3.   Féadfaidh ÚEÚM agus aon údarás ábhartha, agus nuair is infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, a iarraidh, tráth ar bith, go scrúdóidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an cás féachaint an bhfuil TLU fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar an údaraithe a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith.

5.   Déanfaidh TLU nós imeachta leordhóthanach a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil, lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú go tráthúil agus go hordúil nó a aistriú go tráthúil agus go hordúil go dtí TLU eile i gcás údarú dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar.

Airteagal 21

Clár TLU

1.   Cuirfear cinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 16, Airteagal 19 agus Airteagal 20 in iúl láithreach do ÚEÚM.

2.   Cuirfidh na bainc cheannais ÚEÚM ar an eolas gan mhoill mhíchuí faoi aon chóras socraíochta urrús a fheidhmeoidh siad.

3.   Cuirfear ainm gach TLU a bheidh ag oibriú i gcomhlíonadh an Rialacháin seo agus ar deonaíodh údarú nó aitheantas di de bhun Airteagal 16, Airteagal 19 agus Airteagal 25 ar chlár ina mbeidh na seirbhísí sonraithe agus, i gcás inarb infheidhme, aicmí d’ionstraimí airgeadais a mbeidh TLU údaraithe ina leith. Áireofar sa chlár sin brainsí a bheidh á n-oibriú ag TLU i mBallstáit eile, naisc idir TLU agus an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 31 nuair a bheidh leas bainte ag na Ballstáit as an deis dá bhforáiltear san Airteagal sin. Déanfaidh ÚEÚM an liosta a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

Roinn 3

TLUanna a mhaoirsiú

Airteagal 22

Athbhreithniú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an t-údarás inniúil, uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú ar na socruithe, ar na straitéisí, ar na próisis agus ar na sásraí a bheidh curtha i bhfeidhm ag TLU maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar na rioscaí a mbeidh TLU nó a bhféadfadh TLU a bheith neamhchosanta orthu nó a chruthaítear léi i dtaca le dea-fheidhmiú na margaí urrús.

2.   Ceanglóidh an t-údarás inniúil ar TLU plean leordhóthanach athshlánaithe a thíolacadh chuig na húdaráis inniúla chun a áirithiú go leanfar lena hoibríochtaí criticiúla.

3.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbunófar agus go gcoinneofar plean leordhóthanach maidir le réiteach le haghaidh gach taisclainne lárnaí urrús i dtreo is go n-áiritheofar a feidhmeanna lárnacha ar a laghad, ag féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí TLU lena mbaineann agus d’aon phlean ábhartha maidir le réiteach a bhunófar i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE.

4.   Is é an t-údarás inniúil a bhunóidh an mhinicíocht a ndéanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 1 dá réir, agus a ndoimhneacht, ag féachaint do mhéid, do thábhacht chórasach, do chineál, do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí TLU lena mbaineann. Déanfar an t-athbhreithniú agus an mheastóireacht a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad gach bliain.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cigireachtaí ar an láthair ar TLU.

6.   Nuair a bheidh sé i mbun an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle go luath leis na húdaráis ábhartha, go háirithe maidir le feidhmiú na gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU agus, i gcás inarb infheidhme, leis an údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE.

7.   Cuirfidh an t-údarás inniúil na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus, nuair a bheidh sé infheidhme, an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, ar an eolas go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, faoi thorthaí an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí leasúcháin nó pionóis.

8.   Nuair a bheidh siad i mbun an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar TLUanna a chothóidh na cineálacha caidreamh dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d’Airteagal 17(6) an fhaisnéis ar fad ar fáil dá chéile is dóigh a dhéanfaidh a gcuid oibre níos éasca.

9.   Cuirfidh an t-údarás inniúil de cheangal ar TLU nach mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh aici na bearta nó na céimeanna is gá a dhéanamh go luath chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin.

10.   Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid a leanas a shonrú:

(a)

an fhaisnéis a thabharfaidh TLU don údarás inniúil chun críocha an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an fhaisnéis a thabharfaidh an t-údarás inniúil do na húdaráis ábhartha dá dtagraítear i mír 7;

(c)

an fhaisnéis a thabharfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 8 dá chéile.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

11.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a chinneadh maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 10 a sholáthar.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 4

Soláthar seirbhísí I mBallstát eile

Airteagal 23

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile

1.   Féadfaidh TLU údaraithe seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear san Iarscríbhinn laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun, ar chuntar go gcumhdaítear na seirbhísí sin leis an údarú.

2.   Maidir le TLU údaraithe a mbeidh sé i gceist aici na croísheirbhísí a chur ar fáil dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 de Roinn A den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 49(1) nó brainse a chur ar bun i mBallstát eile, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 go mír 7.

3.   Más mian le haon TLU na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar laistigh de chríoch Ballstáit eile den chéad uair, nó an raon seirbhísí sin a chuireann sí ar fáil inti a athrú, ní mór di an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile:

(a)

an Ballstáit ina mbeidh sé ar intinn ag TLU feidhmiú;

(b)

clár oibríochtaí ina luafar go háirithe na seirbhísí a bheidh sé beartaithe ag TLU a sholáthar;

(c)

an t-airgeadra agus na hairgeadraí a bheidh sé beartaithe ag TLU a phróiseáil;

(d)

i gcás ina mbeidh brainse ann, struchtúr eagraíochtúil an bhrainse agus ainmneacha na ndaoine a bheidh freagrach as bainistiú an bhrainse;

(e)

aon uair a bheidh sé ábhartha, measúnú ar na bearta a mbeidh sé i gceist ag TLU a dhéanamh chun go mbeidh a cuid úsáideoirí in ann na dlíthe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh.

4.   Laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an fhaisnéis sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ach amháin i gcás ina mbeidh cúiseanna aige, tar éis an soláthar seirbhísí a bheidh beartaithe a chur san áireamh, a bheith amhrasach faoi leordhóthanacht struchtúr riaracháin nó chás airgeadais TLU ar mian léi a cuid seirbhísí a sholáthar sa Bhallstát aíochta.

Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na húdaráis ábhartha agus arb as an mBallstát sin iad a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon teachtaireacht a gheofar faoin gcéad fhomhír.

5.   I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcomhréir le mír 4, gan an fhaisnéis uile dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, ní mór dó cúiseanna an diúltaithe sin a thabhairt don TLU lena mbaineann laistigh de thrí mhí ón tráth a bhfaighidh sé an fhaisnéis go léir agus cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ar an eolas faoina chinneadh i ndáil le pointe (a) de mhír 6. I gcás inar roinnfear faisnéis mar fhreagra ar iarratas mar sin, ní eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta an teachtaireacht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6.

6.   Féadfaidh TLU tosú ar na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar sa Bhallstát aíochta de réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

tar éis di teachtaireacht a fháil ón údarás inniúil sa Bhallstát aíochta ina n-admhófar go bhfuair an t-údarás sin an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 4 agus, aon uair a bheidh sé ábhartha, ina ndéanfar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 a fhormheas;

(b)

mura bhfaighfear aon teachtaireacht, tar éis trí mhí ó dháta tharchur na teachtaireachta dá dtagraítear i mír 4.

7.   I gcás athraithe ar aon chuid den fhaisnéis a chuirfear in iúl i gcomhréir le mír 3, tabharfaidh TLU fógra i scríbhinn maidir leis an athrú sin d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta mí amháin ar a laghad sula gcuirfear an t-athrú chun feidhme. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit baile údarás inniúil an Bhallstáit aíochta ar an eolas, gan mhoill, faoin athrú sin freisin.

Airteagal 24

Comhar idir údarás an Bhallstáit bhaile agus údaráis an Bhallstáit aíochta agus athbhreithniú piaraí

1.   I gcás ina mbeidh TLU atá údaraithe i mBallstát amháin tar éis brainse a chur ar bun i mBallstát eile, rachaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile agus údarás inniúil an Bhallstáit aíochta i ndlúthchomhar lena chéile agus a gcuid dualgas dá bhforáiltear sa Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, go háirithe agus cigireachtaí ar an láthair á ndéanamh acu sa bhrainse sin. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile agus údarás inniúil an Bhallstáit aíochta, agus na freagrachtaí atá orthu á bhfeidhmiú acu, cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh sa bhrainse sin tar éis údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó údarás inniúil an Bhallstáit aíochta faoi seach a chur ar an eolas.

2.   D’fhéadfadh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile nó údarás inniúil an Bhallstáit aíochta a cheangal ar TLUanna a sholáthróidh seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 23 tuairisciú dóibh go tréimhsiúil maidir lena gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit aíochta sin, lena n-áirítear chun críche staidreamh a bhailiú. Arna iarraidh sin ag údarás inniúil an Bhallstáit bhaile, tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na tuarascálacha tréimhsiúla sin d’údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile.

3.   Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile TLU, arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus gan moill, céannacht na n-eisitheoirí agus na rannpháirtithe a chur in iúl do na córais socraíochta urrús a oibreoidh TLU a sholáthróidh seirbhísí sa Bhallstát aíochta sin chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir le gníomhaíochtaí an TLU sin sa Bhallstát aíochta.

4.   Agus cás na margaí urrús sa Bhallstát aíochta á chur san áireamh, má tharlaíonn sé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le gníomhaíochtaí taisclainne lárnaí urrús ó thaobh na margaí urrús a fheidhmiú agus na hinfheisteoirí a chosaint sa Bhallstát aíochta sin, bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile agus údarás inniúil an Bhallstáit aíochta agus údaráis inniúla an Bhallstáit bhaile agus an Bhallstáit aíochta socruithe comhair chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an TLU sin sa Bhallstát aíochta.

Má tharlaíonn sé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint le TLU ó thaobh na margaí urrús a fheidhmiú agus na hinfheisteoirí a chosaint i níos mó ná Ballstát aíochta amháin, féadfaidh an Ballstát baile a chinneadh go n-áireofar coláistí maoirseoirí ar shocruithe comhair den chineál sin.

5.   I gcás ina mbeidh forais shoiléire, inléirithe ag údarás inniúil an Bhallstáit aíochta chun a chreidiúint go bhfuil TLU a sholáthraíonn seirbhísí laistigh dá chríoch i gcomhréir le hAirteagal 23 ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, cuirfidh sé an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile agus ÚEÚM ar an eolas faoi.

I gcás ina leanfaidh TLU de ghníomhú ag sárú na n-oibleagáidí a eascraíonn as forálacha an Rialacháin seo, d’ainneoin na bearta a ghlac údarás inniúil an Bhallstáit baile nó toisc nach leor na bearta sin, tar éis dó an scéal a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, glacfaidh údarás inniúil an Bhallstáit aíochta na bearta iomchuí go léir is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo laistigh de chríoch an Bhallstáit aíochta. Cuirfear ÚEÚM ar an eolas faoi na bearta sin gan mhoill.

Féadfaidh údarás inniúla an Bhallstáit aíochta agus an Bhallstáit baile an cheist a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Gan dochar d’Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, eagróidh agus déanfaidh ÚEÚM, ar a laghad gach trí bliana, athbhreithniú piaraí ar an maoirseacht a dhéantar ar na TLUanna a bhaineann úsáid as an saoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 23 nó a ghlacann páirt i nasc idir-inoibritheach.

I gcomhthéacs an athbhreithnithe piaraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, iarrfaidh ÚEÚM, i gcás inarb iomchuí, tuairimí nó comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrús agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 maidir le bearta chun na critéir a bhunú faoina bhféadfaí a bhreithniú go mbaineann tábhacht shuntasach le hoibríochtaí taisclainne lárnaí urrús i mBallstát aíochta ó thaobh na margaí urrús a fheidhmiú agus na hinfheisteoirí a chosaint sa Bhallstát aíochta sin.

8.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn foirmeacha caighdeánacha, teimpléid agus nósanna imeachta a bhunú don chomhar dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 5.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 5

Caidreamh le tríú tíortha

Airteagal 25

Tríú tíortha

1.   Féadfaidh TLU i dtríú tír seirbhísí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a sholáthar i gcríoch an Aontais lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun.

2.   Gan dochar do mhír 1, maidir le TLU i dtríú tír a mbeidh sé i gceist aici na croísheirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 2 de Roinn A den Iarscríbhinn i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhunaítear faoi dhlí Ballstáit dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1) nó brainse a chur ar bun i mBallstát, beidh an TLU sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 go mír 11 den Airteagal seo.

3.   TLU a bhunaítear agus a údaraítear san Aontas, féadfaidh sí nasc a choinneáil nó a bhunú le TLU i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 48.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, féadfaidh ÚEÚM aitheantas a thabhairt do TLU i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil chun na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 9;

(b)

go bhfuil TLU sa tríú tír faoi réir údarú, maoirsiú agus maoirseachta atá éifeachtach nó, más é banc ceannais a fheidhmíonn an córas socraíochta urrús, tá an taisclann sin faoi réir maoirseachta, lena n-áirithítear go ndéanfar na ceanglais stuamachta is infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;

(c)

go bhfuil socruithe comhair bunaithe idir ÚEÚM agus na húdaráis sa tríú tír sin atá freagrach (“udaráis sa tríu tír atá freagrach”) de bhun mhír 10;

(d)

go ndéanann TLU sa tríú tír na bearta is gá, nuair is ábhartha, lena mbeidh a cuid úsáideoirí in ann dlíthe a chomhlíonadh, ar dlíthe ábhartha náisiúnta an Bhallstáit sin iad ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar, lena n-áirítear na dlíthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 49(1), agus tá leordhóthanacht na mbeart sin dearbhaithe ag na húdaráis inniúla sa Bhallstáit sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí de chuid TLU a sholáthar.

5.   Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in mír 4, rachaidh ÚEÚM i gcomhairle leis na údaráis seo a leanas:

(a)

údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar, go háirithe maidir leis an gcaoi a mbeidh sé i gceist ag an TLU sa tríú tír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a chomhlíonadh;

(b)

na húdaráis ábhartha;

(c)

na húdaráis atá freagrach sa tríú tír a bhfuil cúram orthu TLUanna a údarú agus a mhaoirsiú.

6.   Cuirfidh TLU sa tríú tír dá dtagraítear i mír 2 a hiarratas ar aitheantas faoi bhráid ÚEÚM.

Soláthróidh TLU is iarratasóir an fhaisnéis uile a mheasfar a bheith riachtanach maidir lena haitheantas do ÚEÚM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEÚM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh ÚEÚM teorainn ama síos faoina gcaithfidh TLU is iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar.

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sin ina mbeidh sé i gceist ag TLU sa tríú tír seirbhísí TLU a sholáthar measúnú ar na dlíthe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 a bheith á gcomhlíonadh ag TLU sa tríú tír agus cuirfidh sí cinneadh lánréasúnaithe in iúl do ÚEÚM an bhfuil an comhlíonadh ann nó gan a bheith ann laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfaightear an fhaisnéis uile is gá ó ÚEÚM.

Is ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i mír 4 a dhéanfar an cinneadh faoin aitheantas.

Laistigh de shé mhí ón lá a gcuirfear isteach iarratas comhlánaithe, cuirfidh ÚEÚM in iúl i scríbhinn, le cinneadh cuí-réasúnaithe ina iomláine, don TLU is iarratasóir ar deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh é.

7.   Údaráis inniúla na mBallstát sin - ina ndéanfaidh TLU sa tríú tír, agus aitheantas cuí tugtha dó faoi mhír 4, seirbhísí TLU a sholáthar - i ndlúthchomhar le ÚEÚM, féadfaidh siad a iarraidh ar na húdaráis fhreagracha sa tríú tír an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

tuarascáil a thabhairt ó am go chéile ar ghníomhaíochtaí TLU an tríú tír sna Ballstáit aíochta sin, lena n-áirítear chun staidreamh a bhailiú;

(b)

céannacht na n-eisitheoirí agus na rannpháirtithe a chur in iúl, laistigh de thréimhse iomchuí, do na córais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU sin sa tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí sa Bhallstát aíochta sin chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh TLU an tríú tír sin sa Bhallstát aíochta.

8.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh ÚEÚM athbhreithniú ar aitheantas a thabhairt don TLU sa tríú tír i gcás ina gcuirfidh an TLU sin síneadh san Aontas lena cuid seirbhísí faoin nós imeachta a leagtar amach i mír 4, i mír 5 agus i mír 6.

Tarraingeoidh ÚEÚM siar an t-aitheantas don TLU sin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh nó sna dálaí dá dtagraítear in Airteagal 20.

9.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh na TLUanna atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach de réir dlí agus atá coibhéiseach, go bunúsach, leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, go bhfuil na TLUanna sin faoi réir maoirsiú, maoirseachta agus forfheidhmiú a bheidh éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin agus go ndéanfar foráil le creat dlíthiúil na tríú tíre sin do chóras coibhéiseach éifeachtach chun na TLUanna a údarófar faoi chórais dhlíthiúla tríú tíortha a aithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

Sa chinntiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún a mheas freisin an léirítear na caighdeáin CPSS-IOSCO sin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír, sa mhéid nach mbeidh na caighdeáin sin ag teacht salach ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

10.   I gcomhréir le hAirteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, bunóidh ÚEÚM socruithe comhair le húdaráis fhreagracha na dtríú tíortha a n-aithneofar go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 9. Sonróidh na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEÚM, na húdaráis inniúla an Bhallstáit aíochta agus na húdaráis fhreagracha, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrfaidh ÚEÚM faoi na TLUanna a údarófar i dtríú tíortha agus go háirithe rochtain ar fhaisnéis i gcásanna dá dtagraítear i mír 7;

(b)

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ÚEÚM i gcás ina measfaidh údarás freagrach go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile is infheidhme á sárú ag TLU a mbeidh maoirseacht á déanamh ag an údarás inniúil uirthi;

(c)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.

I gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag Ballstát i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Threoir 95/46/CE agus na haistrithe sin á ndéanamh agus i gcás ina bhforálfar d’aistrithe sonraí pearsanta ag ÚEÚM i gcomhaontú comhair, comhlíonfar forálacha Rialachán (AE) Uimh. 45/2001 agus na haistrithe sin á ndéanamh.

11.   I gcás ina n-aithneofar TLU i dtríú tír, i gcomhréir le mír 4 go mír 8, féadfaidh sí seirbhísí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a sholáthar i gcríoch an Aontais lena n-áirítear trí bhrainse a chur ar bun.

12.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an fhaisnéis a shonrú a sholáthróidh TLU is iarratasóir do ÚEÚM san iarratas a dhéanfaidh sí ar aitheantas faoi mhír 6.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL II

Ceanglais maidir le TLUanna

Roinn 1

Ceanglais eagraíochtúla

Airteagal 26

Forálacha ginearálta

1.   Beidh socruithe stóinseacha rialachais ag TLU, lena n-áireofar struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, próisis éifeachtacha chun rioscaí a mbeidh sí nó a bhféadfadh sí a bheith nochta dóibh a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, mar aon le beartais leordhóthanacha luacha saothair agus sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta ó thaobh an riaracháin agus na cuntasaíochta de.

2.   Glacfaidh TLU beartais agus nósanna imeachta a bheidh sách éifeachtach chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear forálacha uile an Rialacháin seo a bheith á gcomhlíonadh ag a bainisteoirí agus a fostaithe.

3.   Déanfaidh TLU socruithe eagraíochtúil agus riaracháin éifeachtacha i scríbhinn a chothabháil agus a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a aithint a d’fhéadfadh a bheith ann idir í féin, lena n-áirítear a bainisteoirí, a fostaithe, comhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó aon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo, agus a rannpháirtithe nó a gcliaint sin. Déanfaidh sí nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le réiteach a chothabháil agus a chur chun feidhme nuair a thiocfaidh coinbhleachtaí leasa féideartha chun cinn.

4.   Cuirfidh TLU a socruithe rialachais agus na rialacha lena rialaítear a gníomhaíocht ar fáil don phobal.

5.   Beidh nósanna imeachta iomchuí ag TLU le go bhféadfaidh a fostaithe sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú go hinmheánach ar bhealach sonrach.

6.   Déanfar iniúchtaí rialta agus neamhspleácha ar thaisclann lárnach urrús. Cuirfear torthaí na n-iniúchtaí sin in iúl don chomhlacht bainistíochta gan mhoill agus cuirfear ar fáil iad don údarás inniúil agus, i gcás inarb iomchuí, agus coinbhleachtaí leasa féideartha idir comhaltaí an choiste úsáideoirí agus TLU á gcur san áireamh, don choiste úsáideoirí.

7.   I gcás ina mbeidh TLU mar chuid de ghrúpa gnóthas a mbeidh, go háirithe, TLUanna eile agus institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i dTeideal IV, ina measc, glacfaidh sí beartais agus nósanna imeachta mionsonraithe ina sonrófar an chaoi ina mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo maidir leis an ngrúpa agus maidir le heintitis éagsúla an ghrúpa.

8.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar ar leibhéal TLUanna agus ar leibhéal an ghrúpa dá dtagraítear i mír 7:

(a)

na huirlisí faireacháin maidir le rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;

(b)

freagrachtaí an phríomhphearsanra i leith rioscaí TLUanna dá dtagraítear i mír 1;

(c)

na coinbhleachtaí leasa féideartha dá dtagraítear i mír 3;

(d)

na modhanna iniúchta dá dtagraítear i mír 6 ar leibhéal TLU agus ar leibhéal an ghrúpa; agus

(e)

na cúinsí ina mbeadh sé iomchuí torthaí iniúchta a roinnt leis an gcoiste úsáideoirí i gcomhréir le mír 6, agus na coinbhleachtaí leasa féideartha idir comhaltaí an choiste úsáideoirí agus TLU á gcur san áireamh.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 27

An bhainistíocht shinsearach, an comhlacht bainistíochta agus na scairshealbhóirí

1.   Beidh dea-cháil ar lucht bainistíochta sinsearaí taisclainne lárnaí urrús agus beidh a ndóthain taithí acu le háirithiú go ndéanfar bainistiú fónta stuama ar an TLU.

2.   Beidh comhlacht bainistíochta ag TLU a mbeidh aon trian ar a laghad dá chomhaltaí, beirt chomhaltaí ar a laghad, neamhspleách.

3.   Ní bheidh luach saothair na gcomhaltaí neamhspleácha ná na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin eile den chomhlacht bainistíochta nasctha le feidhmíocht ghnó an TLU.

4.   Beidh comhaltaí oiriúnacha ar an gcomhlacht bainistíochta a mbeidh dea-cháil orthu i gcoitinne agus a mbeidh meascán iomchuí scileanna, taithí agus eolais acu ar an eintiteas agus ar an margadh. Cinnfidh comhaltaí neamhfheidhmiúcháin an chomhlachta bainistíochta maidir le spriocuimhir ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar an inscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta agus ullmhóidh siad beartas faoin gcaoi a mhéadófaí líon na ndaoine den inscne tearcionadaithe d’fhonn an sprioc sin a chomhlíonadh. Cuirfear an spriocuimhir sin, an beartas sin agus cur chun feidhme an bheartais sin ar fáil don phobal.

5.   Cinnfidh TLU róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta go soiléir agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta ábhartha. Cuirfidh TLU miontuairiscí chruinnithe an chomhlachta bainistíochta ar fáil don údarás bainistíochta agus don iniúchóir má iarrtar sin.

6.   Na scairshealbhóirí agus na daoine de chuid an TLU a bheidh in ann rialú a fheidhmiú ar bhainistíocht an TLU, go díreach nó go hindíreach, beidh siad oiriúnach chun bainistiú fónta agus stuama an TLU a áirithiú.

7.   Maidir le TLU:

(a)

soláthróidh sí don údarás inniúil faisnéis maidir le húinéireacht TLU, agus go háirithe, maidir le céannacht agus scála leasanna aon pháirtithe a bheidh in ann rialú a fheidhmiú ar oibriú TLU agus poibleoidh sí an fhaisnéis sin;

(b)

cuirfidh sí in iúl dá húdarás inniúil aon chinneadh chun cearta úinéireachta a aistriú as a n-eascróidh athrú ar chéannacht na ndaoine a fheidhmeoidh rialú ar oibriú an TLU agus iarrfaidh sí formheas a fháil uaidh maidir leis an gcinneadh sin. Tar éis di formheas a fháil óna húdarás inniúil, foilseoidh an TLU aistriú na gcearta úinéireachta sin.

Cuirfidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach an TLU agus a húdarás inniúil ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, faoina chinneadh a cearta úinéireachta a fháil nó a dhiúscairt agus ar cinneadh é as a n-eascróidh athrú ar chéannacht na ndaoine a fheidhmeoidh rialú ar oibriú an TLU dá réir.

8.   Laistigh de 60 lá oibre ón bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 7 a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh maidir leis na hathruithe atá beartaithe ar rialú an TLU. Diúltóidh an t-údarás inniúil na hathruithe atá beartaithe ar rialú an TLU a fhormheas i gcás ina mbeidh forais oibiachtúla agus inléirithe ann chun a chreidiúint go gcuirfidís bainistiú fónta agus stuama an TLU nó cumas an TLU an Rialachán seo a chomhlíonadh i mbaol.

Airteagal 28

Coiste Úsáideoirí

1.   Bunóidh TLU coistí úsáideoirí le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí ar a mbeidh ionadaithe eisitheoirí na gcóras socraíochta urrús sin agus a rannpháirtithe. Beidh comhairle an choiste úsáideoirí neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an TLU.

2.   Saineoidh TLU, ar bhealach neamhidirdhealaitheach, an sainordú do gach coiste úsáideoirí a bhunófar, na socruithe rialachais is gá chun a neamhspleáchas agus a nósanna imeachta oibriúcháin a áirithiú, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste úsáideoirí. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus áiritheofar leo go dtuairisceoidh an coiste úsáideoirí go díreach don chomhlacht bainistíochta agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.

3.   Cuirfidh na coistí úsáideoirí comhairle ar chomhlacht bainistíochta maidir leis na príomhshocruithe a mbeidh tionchar acu ar a gcomhaltaí, lena n-áirítear na critéir chun glacadh le heisitheoirí nó rannpháirtithe ina gcórais socraíochta urrús faoi seach agus an leibhéal seirbhíse.

4.   Féadfaidh na coistí úsáideoirí tuairim neamhcheangailteach a chur faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta ina mbeidh na cúiseanna mionsonraithe maidir le struchtúir phraghsála an TLU.

5.   Gan dochar do cheart na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí na gcoistí úsáideoirí faoi cheangal ag forálacha rúndachta. I gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste úsáideoirí go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta i ndáil le ceist ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an gceist sin.

6.   Cuirfidh TLU an t-údarás inniúil agus an coiste úsáideoirí ar an eolas gan mhoill faoi aon chinneadh lena gcinnfidh an comhlacht bainistíochta gan comhairle de chuid an choiste úsáideoirí a leanúint. Féadfaidh an coiste úsáideoirí an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina mheasann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste úsáideoirí.

Airteagal 29

Taifid a choinneáil

1.   Coimeádfaidh TLU a taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar na gníomhaíochtaí ar feadh deich mbliana ar a laghad, lena n-áirítear na taifid ar na seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear i Roinn B agus Roinn C den Iarscríbhinn, ionas go bhféadfaidh an t-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh TLU na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil ar iarratas don údarás inniúil agus do na húdaráis ábhartha agus d’aon údarás poiblí eile a bhfuil sé de chumhacht aige, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta a Ballstáit bhaile, rochtain ar thaifid den sórt sin a cheangal chun a sainordú a chomhlíonadh.

3.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonraí na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, ar taifid iad a choimeádfar d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ag TLUanna.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Eisfhoinsiú

1.   I gcás ina ndéanfaidh TLU seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig tríú páirtí, leanfaidh sí de bheith freagrach go hiomlán as a hoibleagáidí go léir a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus comhlíonfaidh sí na coinníollacha seo a leanas i gcónaí:

(a)

ní tharmligfear a freagrachtaí mar thoradh ar an eisfhoinsiú;

(b)

ní dhéanfar athrú ar chaidreamh ná ar oibleagáidí an TLU i leith a rannpháirtithe nó i leith a heisitheoirí;

(c)

ní athróidh na coinníollacha chun an TLU a údarú;

(d)

ní chuirfear cosc de dheasca an eisfhoinsithe ar fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, lena n-áirítear rochtain ar an láthair a bheith ar fáil ar fhaisnéis ábhartha a bheidh ag teastáil chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh;

(e)

ní fhágfar TLU gan na córais agus na rialtáin is gá chun na rioscaí a mbeidh aghaidh le thabhairt orthu a bhainistiú de dheasca eisfhoinsiú;

(f)

coinneoidh an TLU an saineolas agus na hacmhainní is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthrófar, ar leordhóthanacht an tsoláthraí seirbhísí ó thaobh eagrúcháin agus caipitil, agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na seirbhísí eisfhoinsithe agus na rioscaí a bhaineann le heisfhoinsiú a bhainistiú ar bhonn leanúnach;

(g)

beidh rochtain dhíreach ag an TLU ar fhaisnéis ábhartha na seirbhísí eisfhoinsithe;

(h)

beidh an soláthraí seirbhísí ag comhoibriú go díreach leis an údarás inniúil agus leis na húdaráis ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe;

(i)

áiritheoidh an TLU go gcomhlíonfaidh an soláthraí seirbhísí na caighdeáin a leagtar síos leis an dlí ábhartha um chosaint sonraí a mbeadh feidhm aici dá mbeadh na soláthraithe seirbhísí bunaithe san Aontas. Beidh TLU freagrach as a áirithiú go leagfar amach na caighdeáin sin i gconradh idir na páirtithe agus go gcoinneofar na caighdeáin sin.

2.   Déanfaidh an TLU a cearta agus a hoibleagáidí agus cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí a shainiú i gcomhaontú scríofa. Ligfear leis an gcomhaontú eisfhoinsithe don TLU deireadh leis an gcomhaontú.

3.   Cuirfidh TLU agus soláthraí seirbhísí an fhaisnéis uile is gá ar fáil ar iarratas don údarás inniúil nó do na húdaráis ábhartha chun go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo leis na gníomhaíochtaí eisfhoinsithe.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil eisfhoinsiú seirbhíse lárnaí a údarú de réir Airteagal 19.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás ina ndéanfaidh TLU roinnt dá seirbhísí nó gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú go dtí eintiteas poiblí agus i gcás ina mbeidh an t-eisfhoinsiú sin á rialú ag creat dlíthiúil, rialála agus oibriúcháin tiomnaithe, a ndearna an t-eintiteas poiblí agus TLU ábhartha é a chomhaontú agus a chur ar bhonn foirmiúil go comhpháirteach ar bhonn na gceanglas a bhunaítear sa Rialachán seo.

Airteagal 31

Seirbhís arna gcur ar fáil ag páirtithe eile seachas TLUanna

1.   D’ainneoin Airteagal 30 agus i gcás ina n-éilítear sin sa dlí náisiúnta, d’fhéadfadh duine eile seachas TLU a bheith freagrach as cuntais reatha a thaifead i gcuntais urrús a bheidh faoi chothabháil ag TLU.

2.   Maidir le Ballstáit a cheadóidh do pháirtithe eile seachas TLU seirbhísí lárnacha áirithe dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn sin i gcomhréir le mír 1 a sholáthar, sonróidh siad ina ndlí náisiúnta na ceanglais a bheidh infheidhme sa chás sin. Áireofar ar na ceanglais sin forálacha an Rialacháin seo a bheidh infheidhme don TLU agus, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile lena mbaineann.

3.   Maidir le Ballstáit a cheadaíonn do pháirtithe eile seachas TLU seirbhísí lárnacha áirithe dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn sin i gcomhréir le mír 1 a sholáthar, cuirfidh siad in iúl d’ÚEÚM an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil, lena n-áirítear a ndlíthe náisiúnta ábhartha.

Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis sin sa chlár TLU dá dtagraítear in Airteagal 21.

Roinn 2

Rialacha maidir le gnó a dhéanamh

Airteagal 32

Forálacha ginearálta

1.   Beidh spriocanna agus cuspóirí a bheidh sainithe go soiléir ag TLU, ar spriocanna agus cuspóirí iad ar féidir a bhaint amach, amhail i réimse na n-íosleibhéal seirbhísí, i réimse na n-ionchas bainistithe riosca agus i réimse na dtosaíochtaí gnó.

2.   Beidh rialacha trédhearcacha maidir le láimhseáil gearán ag TLU.

Airteagal 33

Ceanglais i ndáil le rannpháirtíocht

1.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí beidh critéir atá nochta go poiblí maidir le rannpháirtíocht ag TLU, lena gceadófar rochtain chothrom, oscailte do gach duine dlíthiúil a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ina rannpháirtithe. Beidh critéir den sórt sin trédhearcach, oibiachtúil, agus neamh-idirdhealaitheach i dtreo is go n-áiritheofar rochtain chothrom agus oscailte ar TLU agus aird chuí á tabhairt do bhaoil do chobhsaíocht airgeadais agus d’ordúlacht na margaí. Ní cheadófar critéir a chuireann srian ar rochtain ach amháin a mhéid arb é is cuspóir dóibh riosca sonraithe a rialú ar bhonn dlisteanach don TLU.

2.   Déileálfaidh TLU le hiarrataí ar rochtain go pras trí fhreagra ar na hiarrataí sin a chur a fáil laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí, agus cuirfidh sí na nósanna imeachta maidir le déileáil le hiarratais ar rochtain ar fáil go poiblí.

3.   Ní dhéanfaidh TLU rochtain a dhiúltú do rannpháirtí a chomhlíonfaidh na critéir dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má thugtar bonn cirt cuí leis i scríbhinn agus má tá sé bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca.

I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an rannpháirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh an rochtain.

Déanfaidh an t-údarás inniúil sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don rannpháirtí iarrthach.

Rachaidh an t-údarás inniúil sin i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an rannpháirtí iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás an rannpháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an cheist a chur faoi bhráid ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU chun rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil an TLU a dhiúltaigh rochtain a thabhairt ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach.

4.   Beidh nósanna imeachta oibiachtúla agus trédhearcacha ag TLU maidir le rannpháirtithe nach gcomhlíonfaidh na critéir maidir le rannpháirtíocht dá dtagraítear i mír 1 a thuilleadh a chur ar fionraí agus a scor go hordúil.

5.   Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 34

Trédhearcacht

1.   Déanfaidh TLU na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí lárnacha a sholáthraítear a nochtadh go poiblí maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, agus maidir le gach ceann de na seirbhísí lárnacha eile a chuirfidh sí ar fáil a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn. Nochtfaidh sí na praghsanna agus táillí ar gach seirbhís agus ar gach feidhm a chuirfear ar fáil ar leithligh, lena n-airítear lascainí agus aisíocaíochtaí mar aon leis na coinníollacha chun tairbhe a bhaint as na laghduithe sin. Ligfidh sí dá cliaint rochtain leithleach a bheith acu ar na seirbhísí ar leith a chuirtear ar fáil.

2.   Foilseoidh TLU a phraghasliosta chun comparáid idir thairiscintí a éascú agus chun cur ar chumas cliant an praghas a bheidh le híoc acu chun úsáid a bhaint as na seirbhísí a réamh-mheas.

3.   Beidh TLU faoi cheangal ag an mbeartas praghsála foilsithe atá aici dá seirbhísí lárnacha.

4.   Tabharfaidh TLU faisnéis dá chliaint lena mbeifear in ann na sonraisc a réiteach leis na praghasliostaí foilsithe.

5.   Déanfaidh TLU faisnéis a nochtadh do na cliaint go léir lena bhféadfaidh siad na rioscaí a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthrófar a mheas.

6.   Tabharfaidh TLU cuntas go leithleach i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí lárnacha a sholáthrófar agus nochtfaidh sí an fhaisnéis sin don údarás inniúil.

7.   Tabharfaidh TLU cuntas i dtaobh chostais agus ioncaim na seirbhísí coimhdeacha a sholáthrófar ar an iomlán agus nochtfaidh sí an fhaisnéis sin don údarás inniúil.

8.   D’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha iomaíochta an Aontais a áirithiú agus aithint thras-fhóirdheonú na seirbhísí coimhdeacha ag seirbhísí lárnacha, inter alia, a éascú, coinneoidh TLU cuntas anailíse dá gníomhaíochtaí. Le cuntais anailíse den chineál sin, déanfar na costais agus na hioncaim a bhaineann le gach ceann dá seirbhísí lárnacha a dheighilt ó na costais agus na hioncaim a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha.

Airteagal 35

Nósanna imeachta cumarsáide le rannpháirtithe agus le bonneagair eile mhargaidh

Maidir le nósanna imeachta cumarsáide TLUanna le rannpháirtithe na gcóras socraíochta urrús a oibríonn siad agus leis na bonneagair mhargaidh a mbíonn idirphlé acu leo, úsáidfidh na TLUanna nósanna imeachta agus caighdeáin cumarsáide idirnáisiúnta oscailte i leith sonraí teachtaireachtaí agus tagartha chun taifeadadh, íocaíocht agus socrú éifeachtúil a éascú.

Roinn 3

Ceanglais maidir le seirbhísí TLU

Airteagal 36

Forálacha ginearálta

Beidh rialacha agus nósanna imeachta iomchuí ag TLU le haghaidh gach córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, lena n-áirítear rialtáin agus cleachtais chuntasaíochta stóinsithe, d’fhonn cabhrú chun sláine eisiúintí urrús a áirithiú, agus na rioscaí a bhaineann le hidirbhearta urrús a choimeád slán agus a shocrú a laghdú agus a bhainistiú.

Airteagal 37

Sláine na heisiúna

1.   Glacfaidh TLU bearta réitigh iomchuí le fíorú go bhfuil líon na n-urrús a bheidh i gceist in eisiúint urrús nó i gcuid d’eisiúint urrús a chuirfear faoi bhráid TLU cothrom le suim na n-urrús a thaifeadtar ar chuntais urrús rannpháirtithe an chórais socraíochta urrús a oibreoidh an TLU agus, i gcás inarb ábhartha, ar chuntais úinéara a choinneoidh an TLU. Déanfar na bearta réitigh sin go laethúil ar a laghad.

2.   I gcás inarb iomchuí, agus má tá baint ag eintitis eile leis an bpróiseas réitigh maidir le heisiúint urrús áirithe, amhail an t-eisitheoir, na cláraitheoirí, na gníomhairí eisiúna, na gníomhairí aistrithe, na taisceoirí coiteanna, TLUanna eile nó eintitis eile, déanfaidh TLU agus eintitis den chineál sin bearta comhair agus malartaithe faisnéise leordhóthanacha a eagrú lena chéile ionas go gcoinneofar sláine na heisiúna.

3.   Ní cheadófar rótharraingtí urrús, iarmhéideanna dochair ná cruthú urrús i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU.

4.   Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí an CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na bearta réitigh a ghlacfaidh TLU faoi mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a shonrú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

Urrúis na rannpháirtithe’ agus a gcliant’ a chosaint

1.   Coinneoidh TLU taifid agus cuntais maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí, lena gcuirfear ar a cumas, aon tráth agus gan mhoill, sna cuntais leis an TLU, urrúis rannpháirtí amháin a leithscaradh ó urrúis aon rannpháirtí eile agus, más infheidhme, ó shócmhainní an TLU féin.

2.   Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas aon rannpháirtí leithscaradh a dhéanamh idir urrúis an rannpháirtí sin agus urrúis chliaint an rannpháirtí.

3.   Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas aon rannpháirtí na hurrúis ar leo cliaint dhifriúla an rannpháirtí sin iad a shealbhú in aon chuntas urrús amháin (‘leithscaradh cliaint comhthiomsaithe’).

4.   Coinneoidh TLU taifid agus cuntais lena gcuirfear ar chumas rannpháirtí leithscaradh a dhéanamh idir urrúis gach duine d’aon chliaint an rannpháirtí sin, arna iarraidh sin don rannpháirtí sin agus dá réir mar a iarrfaidh sé (‘leithscaradh cliaint aonair’).

5.   Tairgfidh rannpháirtí dá chliaint, ar laghad, an rogha idir leithscaradh cliant comhthiomsaithe agus leithscaradh cliaint aonair agus cuirfidh sé ar an eolas iad maidir leis na costais agus na rioscaí a bhaineann le gach rogha.

Maidir le TLU agus a rannpháirtithe, áfach, cuirfidh siad leithscaradh cliaint aonair ar fáil do shaoránaigh agus chónaitheoirí Ballstáit agus do dhaoine atá bunaithe i mBallstát ina cheanglaítear sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit faoin mbunaítear na hurrúis, de réir mar a mbeidh sé 17 Meán Fómhair 2014. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh fada agus nach leasaítear an dlí náisiúnta ná nach n-aisghairtear é agus fad atá cuspóirí na hoibleagáide bailí fós.

6.   Nochtfaidh TLUanna agus na rannpháirtithe go poiblí na leibhéil chosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuirfidh siad ar fáil agus tairgfidh siad na seirbhísí sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Sna mionsonraí maidir leis na leibhéil éagsúla leithscartha, áireofar cur síos ar na príomh impleachtaí dlíthiúla maidir leis na leibhéil leithscartha faoi seach a bheidh á dtairiscint, lena n-áirítear an dlí dócmhainneachta a bheidh infheidhme sna dlínsí lena mbaineann.

7.   Ní bhainfidh TLU úsáid as urrúis nach léi iad chun aon chríoch. Féadfaidh TLU úsáid a bhaint as urrúis rannpháirtí, áfach, i gcás ina mbeidh toiliú sainráite an rannpháirtí faighte aici roimh ré. Cuirfidh TLU de cheangal ar a rannpháirtithe toiliú is gá leis a fháil roimh ré óna gcliaint.

Airteagal 39

Críochnaitheacht socraíochta

1.   Áiritheoidh TLU go gcuirfidh an córas socraíochta urrús a oibreoidh sí cosaint leormhaith ar fáil do rannpháirtithe. Déanfaidh na Ballstáit an córas socraíochta urrús a oibreoidh TLU a ainmniú agus a fhógairt de réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE.

2.   Áiritheoidh TLU go sainmhíneoidh gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras socraíochta urrús sin mar aon leis an bpointe do-athraitheachta i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE.

3.   Nochtfaidh TLU na rialacha lena rialófar an críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid thirim i gcóras socraíochta urrús.

4.   Beidh feidhm ag mír 2 agus ag mír 3 gan dochar do na forálacha is infheidhme maidir le naisc TLU agus gan dochar do mhír 8 d’Airteagal 48.

5.   Glacfaidh TLU gach céim réasúnta chun a áirithiú, i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 3, go mbainfear amach críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid dá dtagraítear i mír 3 i bhfíoram nó in ionlae agus i gcás ar bith ar tráth nach déanaí na deireadh an lae ghnó ar a mbeidh an dáta socraíochta iarbhír.

6.   I gcás ina dtairgeann TLU na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 40(2), áiritheoidh sí go mbeidh na fáltais airgid a bhaineann le socraíochtaí urrús ar fáil d’fhaighteoirí lena n-úsáid tráth nach déanaí ná deireadh an lae ghnó ar a mbeidh an dáta socraíochta atá beartaithe.

7.   Gach idirbheart urrús i gcoinne airgid idir rannpháirtithe díreacha córais socraíochta urrús a oibreoidh TLU agus a shocrófar sa chóras socraíochtaí urrús sin, socrófar iad ar bhonn soláthair in áit íocaíochta.

Airteagal 40

Socraíocht airgid

1.   I gcás idirbheart a ainmneofar in airgeadra na tíre ina dtarlóidh an tsocraíocht tráth ar bith a mbeidh sé praiticiúil agus ar fáil, socróidh TLU íocaíochtaí airgid a córas socraíochta urrús trí bhíthin cuntas a osclófar le banc ceannais na heisiúna a fheidhmeoidh faoi réir an airgeadra is ábhartha sin.

2.   Nuair nach mbeidh sé praiticiúil socraíocht a dhéanamh i gcuntais an bhainc ceannais, mar a fhoráiltear i mír 1, ná nuair nach mbeidh an tsocraíocht ar fáil, féadfaidh TLU tairiscint a dhéanamh na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh trí bhíthin cuntas a osclófar le hinstitiúid chreidmheasa, nó tríd a cuntais féin. Má dhéanann TLU tairiscint socraíocht i gcuntais a osclófar le hinstitiúid chreidmheasa nó trína cuntais féin, déanfaidh sí é sin i gcomhréir le forálacha Theideal IV.

3.   Áiritheoidh TLU, maidir le haon fhaisnéis a sholáthrófar do rannpháirtithe an mhargaidh faoi na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i gcuntais institiúidí creidmheasa nó tríd a cuntais féin, gur fhaisnéis shoiléir, chothrom í agus nach fhaisnéis mhíthreorach atá inti. Cuirfidh TLU faisnéis leordhóthanach ar fáil do chliaint nó do chliaint a d’fhéadfadh a bheith ann, chun go mbeidh siad in ann na rioscaí agus na costais a bhaineann le socraíocht i gcuntais institiúidí creidmheasa nó tríd a cuntais féin a shainaithint agus a mheas agus soláthróidh sé an fhaisnéis sin arna iarraidh sin.

Airteagal 41

Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain rannpháirtí

1.   Maidir le gach córas socraíochta urrús a oibreoidh sí beidh rialacha agus nósanna imeachta éifeachtacha a shaineofar go soiléir ag TLU chun mainneachtain rannpháirtí amháin nó níos mó dá chuid a bhainistiú lena n-áiritheofar go nglacfaidh TLU gníomhaíocht thráthúil chun caillteanais agus brúnna leachtachta a rialú agus go leanfaidh sí ar aghaidh ag comhlíonadh a hoibleagáidí.

2.   Cuirfidh TLU a rialacha agus nósanna imeachta ábhartha maidir le mainneachtain ar fáil don phobal.

3.   Tabharfaidh TLU faoi thástáil agus faoi athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil ar a nósanna imeachta mainneachtana i gcomhpháirt lena rannpháirtithe agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun a áirithiú go mbeidh siad praiticiúil agus éifeachtach.

4.   Chun feidhmiú comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 4

Ceanglais stuamachta

Airteagal 42

Ceanglais ghinearálta

Glacfaidh TLU creat bainistithe riosca fónta chun rioscaí dlíthiúla, gnó, oibriúcháin agus rioscaí díreacha nó indíreacha eile a bhainistiú go cuimsitheach, lena n-áirítear bearta chun calaois agus faillí a mhaolú.

Airteagal 43

Rioscaí dlíthiúla

1.   Chun críche a húdaraithe agus a maoirseachta, agus chun a cliaint a chur ar an eolas, beidh ag TLU rialacha, nósanna imeachta agus conarthaí a bheidh soiléir agus intuigthe le haghaidh na gcóras socraíochta urrús a oibreoidh sí agus gach seirbhís eile a chuirfidh sí ar fáil.

2.   Déanfaidh TLU a rialacha, a nósanna imeachta agus a conarthaí a cheapadh ionas gur féidir iad a fhorfheidhmiú i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás mhainneachtain rannpháirtí.

3.   Maidir le TLU a mbeidh seirbhísí á soláthar aici faoin rialachán seo i ndlínsí éagsúla, glacfaidh sí gach céim réasúnta chun na rioscaí a eascróidh as easaontachtaí féideartha dlíthe sna dlínsí éagsúla a shainaithint agus a mhaolú.

Airteagal 44

Riosca ginearálta gnó

Beidh córais agus uirlisí bainistithe agus rialaithe TF stóinsithe ag TLU chun rioscaí ginearálta gnó a shainaithint agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear caillteanais ó dhrochfheidhmiú straitéisí gnó, ó shreafa diúltacha airgid agus ó speansais mhóra oibriúcháin.

Airteagal 45

Rioscaí oibriúcháin

1.   Sainaithneoidh TLU na foinsí a bhaineann le riosca oibriúcháin, idir inmheánach agus seachtrach, agus íoslaghdóidh sí a dtionchar trí bhíthin uirlisí TF, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid, lena n-áirítear le haghaidh na gcóras socraíochta urrús go léir a oibreoidh sí.

2.   Coimeádfaidh TLU uirlisí TF iomchuí chun ardleibhéal slándála agus iontaofachta oibriúcháin a áirithiú, ag a mbeidh acmhainneacht leordhóthanach freisin. Déileálfar go leordhóthanach le castacht, le héagsúlacht agus le cineál na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a bheidh á bhfeidhmiú trí bhíthin uirlisí TF d’fhonn ardchaighdeáin slándála, agus sláine agus rúndacht na faisnéise a choimeádfar a áirithiú.

3.   I gcás na seirbhísí a chuirfidh sí ar fáil, ceapfaidh TLU beartas leormhaith leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a mbeidh sé d’aidhm acu a seirbhísí a choinneáil slán, a hoibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí TLU a chomhlíonadh i gcás imeachtaí lena mbainfeadh riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí agus cuirfidh TLU iad sin i bhfeidhm agus coinneoidh sé ar bun iad.

4.   Leis an bplean dá dtagraítear i mír 3, forálfar do théarnamh gach idirbhirt agus gach seasaimh rannpháirtí tráth an chur isteach ionas go bhféadfaidh rannpháirtithe TLU leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeifear in ann córais TF chriticiúla a chur ag obair arís go pras. Cuirfear san áireamh ann an dara láithreán próiseála a chur ar bun leis na hacmhainní, na cumais agus na feidhmiúlachtaí leordhóthanacha mar aon le socruithe cuí foirne.

5.   Déanfaidh TLU clár tástálacha ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a phleanáil agus a thabhairt chun críche.

6.   Sainaithneoidh agus bainisteoidh TLU na rioscaí ó thaobh a hoibríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le príomh-rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, agus le soláthraithe seirbhísí agus fóntais, le TLUanna eile nó le bonneagair eile mhargaidh agus déanfaidh sí faireachán orthu. Cuirfidh sí faisnéis ar fáil don na húdaráis inniúla agus ábhartha maidir le haon riosca den chineál sin a shainaithneofar, arna iarraidh sin.

Cuirfidh sí an t-údarás inniúil agus na húdaráis ábhartha ar an eolas freisin gan mhoill faoi aon imeacht oibríochtúil a eascróidh as rioscaí den chineál sin.

7.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo a leanas a shainiú; na rioscaí oibriúcháin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 6, na modhanna chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, iad a thástáil nó a íoslaghdú, lena n-áirítear na beartais leanúnachais gnó agus na pleananna athshlánaithe ó thubaiste dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 agus na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 46

Beartas infheistíochta

1.   Déanfaidh TLU a sócmhainní airgeadais a shealbhú i mbainc cheannais, in institiúidí creidmheasa údaraithe nó i dTLUanna údaraithe.

2.   Beidh rochtain phras ag TLU ar a sócmhainní nuair is gá.

3.   Ní infheisteoidh TLU a hacmhainní airgeadais ach in airgead tirim nó in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha a mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa leo. Beifear in ann na hinfheistíochtaí sin a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach an-bheag a imirt ar phraghsanna.

4.   Maidir le méid an chaipitil, lena n-áirítear tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús, nach mbeidh infheistithe i gcomhréir le mír 3, ní chuirfear san áireamh é chun críocha Airteagal 47(1).

5.   Áiritheoidh TLU gur laistigh de theorainneacha inghlactha comhchruinnithe a bheidh a neamhchosaint fhoriomlán ar riosca d’aon institiúid creidmheasa údaraithe nó aon TLU údaraithe ar leith lena sealbhóidh sí a sócmhainní airgeadais.

6.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach, lena mbaineann riosca íosta creidmheasa agus margaidh amhail dá dtagraítear i mír 3, an tréimhse iomchuí le haghaidh rochtana ar shócmhainní dá dtagraítear i mír 2 agus na teorainneacha comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 5. Déanfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 47(8) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Ceanglais chaipitil

1.   Beidh caipiteal, chomh maith le tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús comhréireach leis na rioscaí a thig as gníomhaíochta TLU. Beidh sé leordhóthanach i gcónaí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a áirithiú go mbeidh TLU cosanta go leormhaith ar rioscaí oibriúcháin, dlíthiúla, coimeádta, infheistíochta agus gnó, ionas gur féidir leis TLU leanúint de sheirbhísí a sholáthar mar ghnóthas leantach;

(b)

a áirithiú go ndéanfar foirceannadh ordúil nó athstruchtúrú ar ghníomhaíochtaí TLU thar thréimhse iomchuí de shé mhí ar a laghad faoi réir raon cásanna struis.

2.   Coimeádfaidh TLU plean maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

caipiteal breise a chruinniú i gcás ina ndruidfidh a caipiteal cothromais gar do na ceanglais a leagtar síos i mír 1 nó má thiteann sé faoi bhun an méid sin;

(b)

foirceannadh ordúil nó athstruchtúrú a hoibríochtaí agus a seirbhísí a áirithiú i gcás nach bhfuil TLU in ann caipiteal nua a chruinniú.

Déanfaidh an comhlacht bainistithe nó coiste iomchuí eile den chomhlacht bainistíochta an plean a fhormheas agus a nuashonrú go rialta. Cuirfear gach nuashonrú ar an bplean ar fáil don údarás inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU bearta breise a ghlacadh nó foráil de chineál eile a dhéanamh i gcás ina measann an t-údarás inniúil nach bhfuil an plean a bheidh ag an TLU leordhóthanach.

3.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar ceanglais maidir le caipiteal, tuilleamh coimeádta agus cúlchistí de chuid taisclainne lárnaí urrús dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Roinn 5

Ceanglais maidir le naisc idir TLUanna

Airteagal 48

Naisc idir TLUanna

1.   Sula ndéanfar nasc idir TLUanna a bhunú, agus ar bhonn leanúnach a luaithe a bhunófar an nasc idir TLUanna, déanfaidh gach TLU lena mbaineann na foinsí féideartha riosca dóibh féin agus dá rannpháirtithe a eascróidh ón nasc idir TLUanna a shainaithint, a mheasúnú, a bhainistiú agus déanfaidh siad faireachán orthu agus déanfaidh siad bearta iomchuí a ghlacadh chun na rioscaí sin a mhaolú.

2.   Déanfaidh TLUanna a mbeidh sé ar intinn acu naisc a bhunú iarratas ar údarú a thíolacadh chuig údarás inniúil TLU iarrataí mar a cheanglaítear uirthi a dhéanamh faoi phointe (e) d’Airteagal 19(1) nó fógra a chur chuig údaráis inniúla nó ábhartha TLU iarrataí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19(5).

3.   Cuirfidh nasc cosaint leordhóthanach ar fáil do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe maidir le creidmheasanna féideartha a glacfaidh TLUanna agus na rioscaí comhchruinnithe agus leachtachta a bheidh mar thoradh ar an socrú maidir leis an nasc.

Tacóidh socrú conarthach iomchuí le nasc, ar socrú é ina leagfar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach TLUanna a bheidh nasctha agus, i gcás inar gá, rannpháirtithe TLUanna chomh maith. Déanfar foráil i socrú conarthach lena mbainfidh impleachtaí trasdlínse maidir le rogha shoiléir dlí lena rialófar gach gné d’oibríochtaí an naisc.

4.   I gcás aistrithe shealadaigh urrús idir TLUanna a bheidh nasctha, beidh cosc ar urrúis a athaistriú sula gcuirfear an chéad aistriú i gcrích.

5.   Déanfaidh TLU a úsáidfidh nasc indíreach nó idirghabhálaí chun nasc idir TLUanna a fheidhmiú le TLU eile na rioscaí breise a eascróidh as úsáid an naisc indírigh nó an idirghabhálaí sin a thomhas agus a bhainistiú agus déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí bearta iomchuí a ghlacadh chun iad a mhaolú.

6.   Beidh nósanna imeachta réitigh stóinsithe ag TLUanna a bheidh nasctha chun a áirithiú go mbeidh a dtaifid féin cruinn.

7.   I ngeall ar naisc idir TLUanna, beifear in ann socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist a dhéanamh i gcás idirbheart idir rannpháirtithe TLUanna a bheidh nasctha, aon tráth ar féidir agus nuair atá sin praiticiúil. Maidir le cúiseanna mionsonraithe ar aon nasc idir TLUanna nach gceadaítear socraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist leis, cuirfear in iúl iad do na húdaráis inniúla agus ábhartha.

8.   Bunófar i gcórais socraíochta urrús idir-inoibritheacha agus i TLUanna a úsáideann comhbhonneagar socraíochta pointí comhionanna maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an tráth a dtiocfaidh orduithe aistrithe isteach sa chóras;

(b)

do-athraitheacht orduithe aistrithe;

Úsáidfidh na córais socraíochta urrús agus TLUanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír na rialacha coibhéiseacha maidir leis an tráth a dtiocfaidh críochnaitheacht aistrithe urrús agus airgid.

9.   Faoin 18 Meán Fómhair 2019 beidh na naisc idir-inoibritheacha uile idir TLUanna a oibríonn sna Ballstáit ina naisc lena dtugtar tacaíocht do shocraíocht ina mbeidh soláthar in áit íocaíochta i gceist.

10.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn an méid seo a leanas a shainiú: na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 3 faoina ndéantar foráil i ngach cineál socraithe naisc maidir le cosaint leormhaith a thabhairt do na TLUanna a bheidh nasctha agus dá rannpháirtithe, go háirithe nuair a bheartóidh TLU bheith rannpháirteach i gcóras socraíochta urrús a oibreoidh TLU eile, faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí breise dá dtagraítear i mír 5 a eascróidh as úsáid idirghabhálaithe, na modhanna réitigh dá dtagraítear i mír 6, na cásanna ina mbeidh réiteach bunaithe ar sholáthar in áit íocaíochta trí naisc idir taisclanna lárnach urrús phraiticiúil agus indéanta, rud dá bhforáiltear i mír 7 agus maidir leis na modhanna chun measúnú a dhéanamh orthu.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

Rochtain ar TLUanna

Roinn 1

Rochtain eisitheoirí ar TLUanna

Airteagal 49

Saoirse chun eisiúint a dhéanamh i TLU a bheidh údaraithe san Aontas

1.   Beidh sé de cheart ag eisitheoir socrú a dhéanamh go ndéanfar a urrúis a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte, nó ar STIanna, a thrádálfar ar ionaid thrádála, a thaifead in aon TLU bunaithe in aon Bhallstát, faoi réir an choinníll go gcomhlíonfaidh an TLU sin na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23.

Gan dochar do cheart an eisitheora dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh feidhm i gcónaí ag dlí corparáideach nó a chomhionann sa Bhallstáit faoina mbunaítear na hurrúis.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear liosta i dtoll a chéile dá bpríomhfhorálacha ábhartha dlí, dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh údaráis inniúla an liosta sin ar aghaidh chuig ÚEÚM faoin 18 Nollaig 2014. Foilseoidh ÚEÚM an liosta sin faoin 18 Eanáir 2015.

Féadfaidh TLU táille tráchtála réasúnta a ghearradh as a seirbhísí a thairiscint d’eisitheoirí ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

2.   I gcás ina gcuirfidh eisitheoir iarraidh isteach ar a urrúis a thaifeadadh i dTLU, tabharfaidh TLU faoin iarraidh sin go pras agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus cuirfidh sí freagra ar fáil don eisitheoir iarrthach laistigh de thrí mhí.

3.   Féadfaidh TLU diúltú seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir. Déanfar diúltú den sórt sin ar bhonn measúnú cuimsitheach riosca nó i gcás nach gcuirfidh TLU na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn A den Iarscríbhinn ar fáil maidir le hurrúis bunaithe faoi dhlí corparáideach nó faoina chomhionann sa Bhallstát ábhartha.

4.   Gan dochar do Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (26), i gcás ina ndiúltóidh TLU seirbhísí a chur ar fáil d’eisitheoir, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil i scríbhinn don eisitheoir iarrthach.

I gcás diúltaithe, beidh sé de cheart ag an eisitheoir iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh a seirbhísí a chur ar fáil.

Déanfaidh údarás inniúil an TLU sin iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú a thug TLU agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don eisitheoir.

Rachaidh údarás inniúil freagrach TLU i gcomhairle leis an údarás inniúil in áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé ar an ngearán. I gcás nach n-aontóidh údarás inniúil áit bhunaithe an eisitheora iarrthaigh leis an measúnú sin, féadfaidh aon cheann den dá údarás inniúil an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach ordú lena gceanglófar ar an TLU sin a seirbhísí a chur ar fáil don eisitheoir iarrthach.

5.   Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus mír 4, agus gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiún faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 2

Rochtain idir TLUanna

Airteagal 50

Rochtain chaighdeánach ar nasc

Beidh sé de cheart ag TLU a bheith ina rannpháirtí de TLU eile agus nasc caighdeánach a bhunú leis an TLU sin i gcomhréir le hAirteagal 33 agus faoi réir réamhfhógra an naisc idir TLUanna dá bhforáiltear faoi Airteagal 19(5).

Airteagal 51

Rochtain ar nasc saincheaptha

1.   I gcás ina n-iarrfaidh TLU amháin ar TLU eile nasc saincheaptha a bhunú ionas go mbeidh rochtain ar TLU eile sin, ní fhéadfaidh TLU is faighteoir an iarraidh sin a dhiúltú ach amháin ar bhonn cúinsí riosca. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint.

2.   Féadfaidh TLU is faighteoir táille tráchtála réasúnta ar bhonn costais plus a ghearradh ar TLU iarrthach as rochtain shaincheaptha ar nasc a chur ar fáil, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

Airteagal 52

Nós imeachtaí do naisc taisclainne lárnaí urrús

1.   Nuair a chuirfidh TLU iarraidh isteach ar rochtain ar TLU eile de bhun Airteagal 50 agus Airteagal 51, láimhseálfaidh an dara TLU an iarraidh sin go pras agus cuirfidh sí freagra chuig TLU iarrthach laistigh de thrí mhí.

2.   Ní dhéanfaidh TLU rochtain a dhiúltú do TLU is iarrthóir ach amháin i gcás ina mbagródh rochtain den sórt sin ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó i gcás ina mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfar an diúltú sin a bhunú ach ar measúnú cuimsitheach riosca agus uirthi sin amháin.

I gcás ina ndiúltóidh TLU rochtain, cuirfidh sí na cúiseanna iomlána lena diúltú ar fáil don TLU iarrthach.

I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an TLU is iarrthóir gearán a dhéanamh le húdarás inniúil TLU a dhiúltaigh rochtain.

Déanfaidh údarás inniúil an TLU is faighteoir iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don TLU iarrthach.

Rachaidh údarás inniúil TLU is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil TLU iarrthaí agus le húdarás ábhartha TLU iarrthaí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis TLU iarrthaí leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann de na húdaráis an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú TLU rochtain a thabhairt don rannpháirtí iarrthach éagórach, eiseoidh údarás inniúil TLU is faighteoir ordú lena gceanglófar ar an TLU sin rochtain a dheonú don TLU iarrthach.

3.   Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 2 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.   Forbróidh ÚEÚM i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn 3

Rochtain idir TLU agus bonneagar eile mhargaidh

Airteagal 53

Rochtain idir TLU agus bonneagar eile mhargaidh

1.   Cuirfidh contrapháirtí lárnach agus ionad trádála fothaí idirbheart ar fáil ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do TLU arna iarraidh sin don TLU agus féadfaidh siad táille tráchtála réasúnta a ghearradh as na fothaí idirbheart sin ar TLU iarrthach ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

Soláthróidh TLU rochtain ar a córais socraíochta urrús ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach do chontrapháirtí lárnach nó d’ionad trádála agus féadfaidh sí táille tráchtála réasúnta a ghearradh as an rochtain sin ar bhonn costais plus, mura gcomhaontóidh an dá pháirtí a mhalairt.

2.   Nuair a chuirfidh páirtí iarraidh ar rochtain faoi bhráid páirtí eile i gcomhréir le mír 1, láimhseálfar an iarraidh sin go pras agus cuirfear freagra chuig an bpáirtí iarrthach laistigh de thrí mhí.

3.   Ní fhéadfaidh an páirtí is faighteoir rochtain a dhiúltú ach amháin dá gcuirfeadh an rochtain sin isteach ar fheidhmiú réidh rianúil na margaí airgeadais nó dá mbeadh sí ina cúis le riosca sistéamach. Ní fhéadfaidh sé iarraidh a dhiúltú mar gheall ar sciar den mhargadh a chailliúint.

Cuirfidh páirtí a dhiúltaíonn rochtain cúiseanna iomlána ar fáil i scríbhinn don pháirtí iarrthach maidir leis an diúltú sin bunaithe ar measúnú cuimsitheach riosca. I gcás diúltaithe, tá sé de cheart ag an bpáirtí iarrthach gearán a dhéanamh le húdarás inniúil an pháirtí a dhiúltaigh an rochtain.

Déanfaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir agus an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) iniúchadh cuí ar an ngearán trí mheasúnú a dhéanamh ar na cúiseanna leis an diúltú agus tabharfaidh sé freagra réasúnaithe don pháirtí iarrthach.

Rachaidh údarás inniúil an pháirtí is faighteoir i gcomhairle le húdarás inniúil an pháirtí iarrthaigh agus leis an údarás ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 12(1) maidir leis an measúnú a dhéanfaidh sé faoin ngearán. I gcás nach n-aontaíonn aon cheann d’údaráis an pháirtí iarrthaigh leis an measúnú a chuirfear ar fáil, féadfaidh aon cheann díobh an t-ábhar a tharchur chuig ÚEÚM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a bronnadh air faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás ina measfar go bhfuil diúltú ó pháirtí rochtain a dheonú éagórach, eiseoidh an t-údarás inniúil freagrach ordú lena gceanglófar ar an bpáirtí sin rochtain ar a sheirbhísí a dheonú laistigh de thrí mhí.

4.   Déanfaidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt le go sonrófar na baoil atá le cur san áireamh ag TLUanna agus measúnú cuimsitheach riosca á dhéanamh acu, agus ag údaráis inniúla agus measúnú á dhéanamh acu ar na cúiseanna a bhaineann le diúltú i gcomhréir le mír 3 agus le gnéithe an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin chuig an gCoimisiún faoi 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid a bhunú i gcomhair an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

FORÁIL DO SHEIRBHÍSÍ COIMHDEACHA DE CHINEÁL BAINCÉIREACHTA A CHUR AR FÁIL DO RANNPHÁIRTITHE TLUanna

Airteagal 54

Údarú agus ainmniú chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

1.   Ní sholáthróidh TLU aon cheann de na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a leagtar amach in Roinn C den Iarscríbhinn mura mbeidh údarú breise faighte aici chun seirbhísí den chineál sin a chur ar fáil i gcomhréir leis an Airteagal seo.

2.   Maidir le TLU a mbeidh intinn aici an ghné airgid a shocrú le haghaidh a córas socraíochta urrús ar fad nó le haghaidh cuid díobh i gcomhréir le hAirteagal 40(2) nó más mian léi aon seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar i gcomhréir le mír 1, beidh sí údaraithe chun ceann de na nithe a leanas a dhéanamh:

(a)

seirbhísí den chineál sin a sholáthar í féin faoi na coinníollacha a shonraítear san Airteagal seo; nó

(b)

ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí creidmheasa údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE a ainmniú chun na críche sin.

3.   I gcás ina lorgóidh TLU seirbhísí coimhdeacha a chur ar fáil ón taobh istigh den eintiteas dlíthiúil céanna leis an eintiteas dlíthiúil a oibreoidh an córas socraíochta urrús, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go n-údaraítear TLU mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;

(b)

go gcomhlíonfaidh TLU na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) iad agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;

(c)

gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;

(d)

go mbeidh TLU faoi réir muirir chaipitil lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó d’úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;

(e)

go dtuairisceoidh TLU go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí leachtachta ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo;

(f)

go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag TLU chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcás ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil;

I gcás ina leagtar forálacha codarsnacha síos sa Rialachán seo, i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE, comhlíonfaidh an TLU dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fomhír den pointe seo na ceanglais níos déine maidir le maoirseacht stuamachta. Soiléireofar leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 47 agus Airteagal 59 den Rialachán seo na cásanna ina bhfuil forálacha codarsnachta.

4.   I gcás ina lorgóidh TLU institiúid chreidmheasa a ainmniú chun aon seirbhísí coimhdeacha atá de chineál baincéireachta a chur ar fáil ón taobh istigh d’eintiteas dlíthiúil ar leith a d’fhéadfadh a bheith mar chuid den ghrúpa gnóthas a bheidh faoi rialú an mháthairghnóthais chéanna ar deireadh, ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 2 ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

go n-údaraítear an t-eintiteas dlíthiúil ar leith mar institiúid chreidmheasa dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE;

(b)

go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith na ceanglais stuamachta mar a leagtar síos in Airteagal 59(1), (3) agus (4) agus na ceanglais mhaoirseachta a leagtar síos in Airteagal 60;

(c)

nach ndéanann an t-eintiteas dlíthiúil ar leith féin aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn A den Iarscríbhinn;

(d)

gur chun na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta dá dtagraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a chur ar fáil, agus chuige sin amháin, a úsáidtear an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (a) agus ní chun aon ghníomhaíochtaí eile a dhéanamh;

(e)

go mbeidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith faoi réir muirir chaipitil bhreise lena léirítear na rioscaí, lena n-áirítear rioscaí creidmheasa agus leachtachta, atá mar thoradh ar chreidmheas ionlae a chur ar fáil, inter alia, do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús nó úsáideoirí eile na seirbhísí taisclainne lárnaí urrúis;

(f)

go dtuairisceoidh an t-eintiteas dlíthiúil ar leith go míosúil ar a laghad don údarás inniúil agus go bliantúil mar chuid dá nochtadh poiblí mar a cheanglaítear uirthi faoi Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le méid agus bainistiú a rioscaí ionlae i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 59(4) den Rialachán seo; agus

(g)

go mbeidh plean leordhóthanach athshlánaithe tíolacaithe ag an eintiteas dlíthiúil ar leith chuig an údarás inniúil chun a áirithiú go leanfar lena n-oibríochtaí criticiúla lena n-áirítear i gcásanna ina mbeidh criostalú ar leachtacht nó riosca creidmheasa mar thoradh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil ón taobh istigh d’eintiteas dlíthiúil ar leith.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a dhéanfaidh tairiscint na híocaíochtaí airgid a shocrú le haghaidh córas socraíochta urrús TLU, más rud é gur lú luach iomlán na socraíochta airgid sin trí chuntais a osclófar leis na hinstitiúidí creidmheasa sin, a ríomhtar thar tréimhse bliana, ná aon faoin gcéad de luach iomlán gach beart urrús i gcoinne airgid a shocrófar i leabhair TLU agus nach mó é ná EUR 2,5 billiún sa bhliain.

Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tairseach a shainítear sa chéad fhomhír, d’fhonn féachaint an bhfuiltear á hurramú, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do ÚEÚM. Má chinneann an t-údarás inniúil gur sáraíodh an tairseach, cuirfidh sé de cheangal ar TLU lena mbaineann údarú a lorg i gcomhréir le mír 4. Tíolacfaidh TLU lena mbaineann a hiarratas ar údarú laistigh de shé mhí.

6.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur de cheangal ar TLU insitiúid chreidmheasa amháin nó níos mó a ainmniú, nó insitiúid chreidmheasa a ainmniú mar aon leis na seirbhísí a chur ar fáil í féin i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil dóthain maolaithe á dhéanamh ar neamhchosaint institiúide creidmheasa amháin ar na rioscaí comhchruinnithe faoi Airteagal 59(3) agus (4). Measfar gur gníomhairí socraíochta iad na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe.

7.   Comhlíonfaidh TLU a údaraítear chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus institiúid chreidmheasa a ainmnítear i gcomhréir le pointe (b) de mhír 2, na coinníollacha riachtanacha faoin Rialachán seo le haghaidh údaraithe i gcónaí, agus fógróidh sí, gan mhoill, aon athruithe substaintiúla a dhéanfaidh difear na coinníollacha údaraithe do na húdaráis inniúla.

8.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an muirear breis caipitil, rioscabhunaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 3 agus i bpointe (e) de mhír 4 a chinneadh.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 55

Nós imeachta chun údarú a dheonú agus a dhiúltú i dtaca le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

1.   Cuirfidh TLU a hiarratas ar údarú chun institiúid chreidmheasa a ainmniú nó chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar faoi bhráid údarás inniúil a Ballstát bhaile mar a cheanglaítear faoi Airteagal 54.

2.   Beidh an fhaisnéis ar fad a bheidh riachtanach san iarratas le go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith sásta gur bhunaigh TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid chreidmheasa ainmnithe, tráth an údaraithe, na socruithe ar fad is gá chun a n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh clár oibríochtaí ann ina leagfar amach na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a bheidh beartaithe, eagrúchán struchtúrach na gcaidreamh idir TLU agus na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe, i gcás inarb infheidhme, agus an chaoi a mbeidh sé i gceist ag TLU nó i gcás inarb infheidhme, ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe sin na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh mar a leagtar síos faoi Airteagal 59(1), (3) agus (4) iad agus na coinníollacha eile a leagtar síos in Airteagal 54.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an nós imeachta i bhfeidhm faoi Airteagal 17(3) agus (8).

4.   Ón tráth a measfar go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe, tarchuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis go léir san iarratas chuig na húdaráis seo a leanas:

(a)

na húdaráis ábhartha;

(b)

An t-údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil TLU i ndiaidh naisc idir-inoibritheacha a bhunú le TLU eile ach amháin i gcás ina mbeidh naisc idir-inoibritheacha bunaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(5);

(d)

na húdaráis inniúla sa Bhallstát aíochta ina mbeidh tábhacht shubstaintiúil ag roinnt le gníomhaíochtaí TLU chun na margaí urrús a fheidhmiú agus chun infheisteoirí de réir bhrí Airteagal 24(4) a chosaint;

(e)

na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rannpháirtithe TLU atá bunaithe sna trí Bhallstát a mbeidh na luachanna socraíochta is mó acu i gcóras socraíochta urrús TLU ar bhonn comhiomlán thar thréimhse bliana;

(f)

ÚEÚM; agus

(g)

ÚBE.

5.   Tabharfaidh na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4 tuairim réasúnaithe maidir leis an údarú laistigh de 30 lá ón bhfaisnéis a fháil dá dtagraítear i mír 4. I gcás nach gcuirfidh údarás tuairim ar fáil laistigh den sprioc-am sin, glacfar leis go bhfuil tuairim dhearfach aige.

I gcás ina n-eiseoidh údarás amháin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4, ar a laghad, tuairim dhiúltach réasúnaithe, tabharfaidh an t-údarás inniúil ar mian leis an t-údarú a dheonú, laistigh de 30 lá, cinneadh réasúnaithe lena dtabharfar aghaidh ar an tuairim dhiúltach do na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4.

I gcás ina n-eiseoidh aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4, tuairim dhiúltach 30 lá tar éis an cinneadh sin a chur i láthair agus, fós, gur mian leis an údarás inniúil an t-údarú a dheonú, féadfaidh aon cheann de na húdaráis a d’eisigh tuairim dhiúltach an t-ábhar a tarchur chuig ÚEÚM, chun cúnamh a fháil faoi phointe (c) d’Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh 1095/2010.

I gcás nach ndéanfar socrú faoin tsaincheist 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEÚM, glacfaidh an t-údarás inniúil ar mian leis an t-údarú a dheonú, an cinneadh deiridh agus cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar fáil i scríbhinn maidir lena chinneadh do na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 4.

I gcás inar mian leis an údarás inniúil diúltú don údarú, ní dhéanfar an cheist a tharchur chuig ÚEÚM.

Sa tuairim dhiúltach sin luafar i scríbhinn na cúiseanna iomlána mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i gcodanna eile de dhlí an Aontais á gcomhlíonadh.

6.   I gcás ina measann ÚEÚM gur dheonaigh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 údarú a bhféadfadh sé nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚEB, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear an fhaisnéis a chuirfidh TLU ar fáil don údarás inniúil chun na húdaruithe ábhartha a fháil i dtaca le soláthar seirbhísí de chineál baincéireachta a bheidh coimhdeach le socraíocht.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

8.   Forbróidh ÚEÚM, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC agus ÚBE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú, le haghaidh comhairliúcháin na n-údarás dá dtagraítear i mír 4 roimh údarú a dheonú.

Cuirfidh ÚEÚM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 56

Leathnú ar sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

1.   TLU a mbeidh sé i gceist aici leathnú a dhéanamh ar na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus a ainmneoidh institiúid chreidmheasa ina leith sin, nó a sholáthróidh sí féin i gcomhréir le hAirteagal 54, cuirfidh sí iarraidh ar leathnú faoi bhráid údarás inniúil a Ballstát bhaile.

2.   Beidh an iarraidh ar leathnú faoi réir an nós imeachta faoi Airteagal 55.

Airteagal 57

Údarú a tharraingt siar

1.   Gan dochar do ghníomhaíochtaí leasúcháin nó do bhearta faoi Theideal V, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU na húdaruithe dá dtagraítear in Airteagal 54 a tharraingt siar in aon cheann de na dálaí seo leanas:

(a)

i gcás nach n-úsáidfidh TLU an t-údarú laistigh de 12 mhí, i gcás ina dtréigfidh sí an t-údarú go sainráite nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar bith curtha ar fáil ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe nó aon ghníomhaíocht déanta aici i rith na sé mhí roimhe sin;

(b)

i gcás ina bhfaighidh TLU an t-údarú trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodhanna neamhdhleathacha eile;

(c)

i gcás nach mbeidh na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh a thuilleadh ag TLU nó ag an institiúid chreidmheasa ainmnithe agus nach mbeidh na gníomhaíochtaí leasúcháin atá iarrtha ag an údarás inniúil déanta aici laistigh de thréimhse a shocrófar;

(d)

i gcás ina mbeidh TLU nó an institiúid chreidmheasa ainmnithe tar éis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a shárú go córasach agus go tromchúiseach.

2.   A luaithe a bheidh sé ar an eolas faoi cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle láithreach leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 55(4) maidir leis an riachtanas an t-údarú a tharraingt siar.

3.   Féadfaidh ÚEÚM, aon údarás ábhartha faoi phointe (a) d’Airteagal 12(1) agus aon údarás dá dtagraítear in Airteagal 60(1) nó, na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) faoi seach, tráth ar bith, a iarraidh go scrúdódh údarás inniúil Bhallstát baile an TLU an bhfuil TLU agus, i gcás inarb infheidhme, an institiúid chreidmheasa ainmnithe fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú.

4.   Féadfaidh an t-údarás inniúil an tarraingt siar a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, le gníomhaíocht, nó le hionstraim airgeadais ar leith.

5.   Déanfaidh TLU agus an institiúid chreidmheasa ainmnithe nós imeachta leordhóthanach a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena n-áiritheofar go ndéanfar sócmhainní na gcliant agus na rannpháirtithe a shocrú agus a aistriú go tráthúil agus go hordúil chuig gníomhaire socraíochta eile i gcás údarú a tharraingt siar dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 58

Clár de TLUanna

1.   Tabharfar fógra do ÚEÚM maidir le cinntí a ghlacfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 54, faoi Airteagal 56 agus faoi Airteagal 57.

2.   Cuirfidh ÚEÚM an fhaisnéis seo a leanas ar an gclár nach mór dó a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin tiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3):

(a)

ainm gach taisclainne lárnaí urrús a bhí faoi réir cinnidh faoi Airteagal 54, Airteagal 56 agus Airteagal 57;

(b)

ainm gach institiúide creidmheasa ainmnithe;

(c)

an liosta de sheirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a bhfuil institiúid chreidmheasa ainmnithe nó TLU a údaraítear faoi Airteagal 54 údaraithe chun iad a chur ar fáil do rannpháirtithe TLU.

3.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚEÚM maidir leis na heintitis sin a chuirfidh seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta ar fáil de réir cheanglais an dlí náisiúnta faoin 16 Nollaig 2014.

Airteagal 59

Ceanglais stuamachta is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó TLUanna a bheidh údaraithe chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a chur ar fáil

1.   Soláthróidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, arb iad na seirbhísí sin amháin a leagtar amach i Roinn C den Iarscríbhinn a chuimsítear faoin údarú.

2.   Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, aon reachtaíocht atá nó a bheidh ann is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa.

3.   Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:

(a)

bunóidh sí creat stóinsithe chun na rioscaí creidmheasa comhfhreagracha a bhainistiú;

(b)

sainaithneoidh sí foinsí an riosca creidmheasa sin go minic agus go rialta, tomhaisfidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha agus déanfaidh sí faireachán orthu agus úsáidfidh sí uirlisí iomchuí um bainistiú riosca chun na rioscaí sin a rialú;

(c)

cumhdóidh sí neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha go hiomlán ar iasachtaithe aonair ag baint úsáide as comhthaobhacht agus as acmhainní airgeadais coibhéiseacha eile;

(d)

má úsáidtear comhthaobhacht chun a riosca creidmheasa comhfhreagrach a bhainistiú, glacfaidh sí le comhthaobhacht atá an-leachtacht lena mbaineann an riosca is lú creidmheasa agus margaidh; féadfaidh sí cineálacha eile comhthaobhachta a úsáid i ndálaí sonracha má chuirtear caolchorrlach iomchuí i bhfeidhm;

(e)

bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm caolchorrlaigh choimeádacha iomchuí agus teorannacha comhchruinnithe ar luachanna comhthaobhachta atá bunaithe chun na neamhchosaintí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (c) a chumhdach, agus na cuspóirí go bhféadfar comhthaobhacht a leachtú go pras á gcur san áireamh gan éifeachtaí díobhálacha suntasacha a imirt ar phraghasanna;

(f)

leagfaidh sí síos teorainneacha ar a cuid neamhchosaintí creidmheasa comhfhreagracha;

(g)

déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach chun aghaidh a thabhairt ar aon neamhchosaintí creidmheasa iarmharaigh a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun na pleananna sin a chur chun feidhme;

(h)

ní sholáthróidh sí creidmheas ach amháin do rannpháirtithe a mbeidh cuntais airgid acu léi;

(i)

déanfaidh sí foráil le haghaidh nósanna imeachta éifeachtacha aisíocaíochta maidir le creidmheas ionlae agus molfaidh sí gan creidmheas thar oíche a úsáid trí rátaí smachtbhannaí a fheidhmiú a bheidh mar bhac éifeachtach.

4.   Comhlíonfaidh institiúid chreidmheasa a ainmneofar faoi phointe (b) d’Airteagal 54(2) nó TLU a údarófar faoi phointe (a) d’Airteagal 54(2) chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, na ceanglais shonracha stuamachta seo a leanas maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin i ndáil le gach córas socraíochta urrús:

(a)

beidh creat stóinsithe agus uirlisí aici chun a cuid rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear rioscaí leachtachta ionlae, maidir le gach airgeadra den chóras socraíochta urrús a ngníomhóidh sí mar ghníomhaire socraíochta ina leith;

(b)

tomhaisfidh sí agus déanfaidh sí faireachán ar bhonn leanúnach agus tráthúil, agus ar bhonn laethúil ar a laghad, ar a riachtanais leachtachta agus leibhéal na sócmhainní leachtacha a bheidh á sealbhú aici; agus é sin á dhéanamh aici, cinnfidh sí luach na sócmhainní leachtacha atá ar fáil di agus caolchorrlaigh iomchuí na sócmhainní sin á gcur san áireamh aici;

(c)

beidh acmhainní leachtacha leordhóthanacha aici i ngach airgeadra ábhartha le haghaidh seirbhísí socraíochta a sholáthar go tráthúil faoi raon leathan cásanna struis lena n-áirítear an riosca leachtachta a ghinfidh mainneachtain aon rannpháirtí ar a laghad, ach gan a bheith teoranta dó, lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí, a mbeidh na neamhchosaintí is mó aici ina leith;

(d)

maolóidh sí na rioscaí leachtachta comhfhreagracha le hacmhainní leachtacha cáiliúcháin i ngach airgeadra amhail airgead ag an mbanc lárnach eisiúna agus ag institiúidí airgeadais inchairde eile, línte creidmheasa tiomanta eile nó socruithe comhchosúla agus comhthaobhacht an-leachtacht nó infheistíochtaí a bheidh ar fáil gan stró agus in-chomhshóite in airgead le socruithe cistiúcháin ardiontaofa agus réamhshocruithe, fiú amháin faoi dhálaí margaidh a bheidh foircneach ach sochreidte agus déanfaidh sí sainaithint, tomhas agus faireachán ar a riosca leachtachta a eascróidh as na hinstitiúidí éagsúla airgeadais a úsáidfear chun a rioscaí leachtachta a bhainistiú;

(e)

gach uair a úsáidfear socruithe cistiúcháin réamhshocruithe, ní roghnóidh sí ach institiúidí airgeadais inchairde mar sholáthróirí leachtachta; bunóidh sí agus cuirfidh sí i bhfeidhm teorainneacha comhchruinnithe iomchuí i gcás gach ceann de na soláthraithe leachtachta comhfhreagracha lena n-áirítear a máthairghnóthas agus fochuideachtaí;

(f)

cinnfidh sí an leor na hacmhainní comhfhreagracha trí thástáil struis chuimsitheach a dhéanamh go rialta agus déanfaidh sí tástáil ar an méid sin;

(g)

déanfaidh sí anailís agus pleanálfaidh sí an bealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh leachtachta neamhurraithe gan choinne a d’fhéadfadh a bheith ann, agus glacfaidh sí rialacha agus nósanna imeachta chun pleananna den sórt sin a chur chun feidhme;

(h)

i gcás ina mbeidh rogha phraiticiúil aici agus í sin ar fáil di, gan dochar do rialacha incháilitheachta an bhainc cheannais, beidh rochtain aici ar chuntais an bhainc cheannais agus ar sheirbhísí eile de chuid an bhainc cheannais chun a bainistiú ar na rioscaí leachtachta a bharrfheabhsú agus cuirfidh institiúidí creidmheasa an Aontais na hiarmhéideanna comhfhreagracha airgid i dtaisce i gcuntais thiomnaithe le bainc cheannais eisiúna an Aontais;

(i)

beidh socruithe réamhshocruithe agus ardiontaofa aici chun a áirithiú go bhféadfaidh sí an chomhthaobhacht a sholáthair cliant mainneachtana di a leachtú go tráthúil;

(j)

tuairisceoidh sí go rialta do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 60(1) faoin mbealach ina ndéanann sí a rioscaí leachtachta a thomhas, a bhainistiú agus ina ndéanann sí faireachán orthu, rioscaí leachtachta ionlae san áireamh, agus déanfaidh sí an méid sin a nochtadh don phobal.

5.   Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonraí faoi na creataí agus na huirlisí a shonrú tuilleadh leis na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a nochtadh go poiblí, a thomhas, a bhainistiú a thuairisciú agus le faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear na cinn a tharlaíonn ionlae, dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4. Déanfar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, i gcás inarb iomchuí, a ailíniú leis na caighdeáin theicniúla rialála a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 46(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 18 Meitheamh 2015.

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 60

Maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ainmnithe agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar

1.   Gan dochar d’Airteagal 17 agus d’Airteagal 22 den Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freagrach as an údarú mar institiúidí creidmheasa agus as maoirseacht mar institiúidí creidmheasa faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE na n-institiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLUanna a údaraítear faoin Rialachán seo le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar.

Beidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheas ainmnithe agus as taisclainne dá dtagraítear san fhomhír sin maidir lena bhfuil na ceanglais stuamachta dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

Déanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír measúnú rialta, agus ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, ar an bhfuil Airteagal 59 á chomhlíonadh ag an institiúid creidmheasa ainmnithe nó ag TLU atá údaraithe le seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar agus cuirfidh údarás inniúil TLU na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4) ar an eolas ansin i ndáil leis na torthaí, lena n-áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis, a ghabhfaidh leis an maoirseacht a dhéanfaidh sé faoin mír sin.

2.   Déanfaidh údarás inniúil TLU, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1, athbhreithniú agus meastóireacht, ar bhonn bliantúil ar a laghad, ar an méid a leanas:

(a)

sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 54(2), an dtugann na socruithe riachtanacha ar fad idir na hinstitiúidí creidmheasa ainmnithe agus TLU deis dóibh a gcuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh;

(b)

sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 54(2), an dtugtar leis na socruithe a bhaineann leis an údarú seirbhísí coimhdeacha den chineál baincéireachta a sholáthar deis don TLU a cuid oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh údarás inniúil TLU na torthaí in iúl, go rialta agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(4), lena n-áirítear aon ghníomhartha leasúcháin nó pionóis a bhaineann lena athbhreithniú agus lena mheastóireacht faoin mír seo.

I gcás ina n-ainmneoidh TLU institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 54, i bhfianaise chosaint na rannpháirtithe sna córais socraíochta urrús a oibreoidh sí, áiritheoidh TLU go mbeidh rochtain aici ón institiúid chreidmheasa a ainmneoidh sí ar gach faisnéis is gá chun críche an Rialacháin seo agus tabharfaidh sí tuairisc ar aon sáruithe ina leith chuig údarás inniúil na taisclainne lárnaí agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1.

3.   Chun maoirseacht a bheidh comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú laistigh den Aontas ar institiúidí creidmheasa agus ar TLUanna a údarófar chun seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar, féadfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ÚEÚM agus le comhaltaí CEBC, treoirlínte a eisiúint a bheidh dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

TEIDEAL V

SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 61

Smachtbhannaí agus bearta eile riaracháin

1.   Gan dochar do cheart na mBallstát foráil do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta, agus áiritheoidh siad go mbeidh a n-údaráis inniúla in ann na smachtbhannaí agus na bearta sin a fhorchur, ar smachtbhannaí agus bearta iad a bheidh infheidhme sna himthosca a shainítear in Airteagal 63, i leith na ndaoine a bheidh freagrach as sáruithe a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme. Beidh smachtbhannaí agus bearta eile mar sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos chun smachtbhannaí riaracháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás ina bhfuil sáruithe dá dtagraítear sa fomhír sin faoi réir smachtbhannaí coiriúla ina ndlí náisiúnta cheana faoin 18 Meán Fómhair 2016. Sa chás ina gcinneann siad amhlaidh, cuirfidh Ballstáit na codanna ábhartha ina ndlí coiriúil in iúl, go mionsonraithe, don Choimisiún agus do ÚEÚM.

Faoin 18 Meán Fómhair 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÚM faoi aon mhoill mhíchuí a dhéanfar orthu dá éis sin.

2.   Beidh na húdaráis inniúla in ann smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile a chur i bhfeidhm ar TLUanna, ar institiúidí creidmheasa ainmnithe, agus, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta i réimsí nach gcomhchuibhítear leis an Rialachán seo, ar chomhaltaí a gcomhlachtaí bainistithe agus ar dhaoine eile arb iad, i ndairíre, a rialóidh a ngnó agus, a dhála sin, ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha eile a bheidh freagrach faoin dlí náisiúnta as sárú a dhéanamh.

3.   I bhfeidhmiú a gcumhachtaí i ndáil le pionóis a fhorchur sna himthosca a shainítear in Airteagal 63, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar lena áirithiú go fíorófar leis na pionóis riaracháin agus na bearta eile torthaí inmhianaithe an Rialacháin seo agus comhordóidh siad a ngníomhaíocht d’fhonn aon dúbailt nó forluí a sheachaint nuair a bheidh smachtbhannaí riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm i ndáil le cásanna trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 14.

4.   I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 smachtbhannaí coiriúla a leagan síos le haghaidh na sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 63, áiritheoidh siad go mbeidh na bearta iomchuí ar bun ionas go mbeidh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla le comhoibriú leis na húdaráis bhreithiúnacha ina ndlínse leis an bhfaisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó le himeachtaí a tionscnaíodh i gcás sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus leis an bhfaisnéis sin a chur ar fáil d’údaráis inniúla eile agus d’ÚEÚM lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le comhoibriú lena chéile agus le ÚEÚM chun críoch an Rialachán seo.

5.   Féadfaidh na húdaráis inniúla comhoibriú freisin le húdaráis inniúla Ballstát eile i ndáil le haisghabháil smachtbhannaí airgid.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis chomhiomlán maidir leis an smachtbhannaí agus na bearta eile uile a fhorchuirtear i gcomhréir le mír 1 ar fáil do ÚEÚM ar bhonn bliantúil. Foilseoidh ÚEÚM an fhaisnéis sin i dtuarascáil bhliantúil.

I gcás inar roghnaigh na Ballstáit, i gcomhréir le mír 1, smachtbhannaí coiriúla a leagan síos do sháruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 63, cuirfidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha maidir leis na himscrúduithe coiriúla uile a rinneadh agus na pionóis choiriúla uile a forchuireadh ar fáil d’ÚEÚM ar bhonn bliantúil. Foilseoidh ÚEÚM sonraí maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh i dtuarascáil bhliantúil.

7.   I gcás inar nochtaigh an t-údarás inniúil beart riaracháin, nó pionós nó pionós coiriúil don phobal, tuairisceoidh sé sin d’ÚEÚM ag an am céanna.

8.   Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí i gcomhréir lena gcreataí náisiúnta:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoina bhfreagracht féin, trí tharmligean a dhéanamh chuig eintitis a mbeidh cúraimí tarmligthe chucu de réir an Rialacháin seo; nó

(d)

trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla

Airteagal 62

Cinntí a fhoilsiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla ar a láithreán gréasáin aon chinneadh lena bhforchuirfear smachtbhanna nó beart eile riaracháin as sárú a dhéanfar ar an Rialachán seo gan mhoill mhíchuí nuair a bheidh an duine a gcuirfear smachtbhanna ina leith ar an eolas faoin gcinneadh sin. Beidh ar a laghad faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáruithe agus faoi chéannacht duine nádúrtha nó dlíthiúil ar a bhforchuirtear an smachtbhanna san fhoilsiú.

I gcás ina mbeidh an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur faoi réir achomhairc os comhair na n-údarás ábhartha breithiúnacha nó na n-údarás ábhartha eile, foilseoidh na húdaráis inniúla faisnéis ar a láithreán gréasáin oifigiúil, gan mhoill mhíchuí, maidir le stádas an achomhairc agus an toradh a bheidh air. Thairis sin, foilseofar freisin aon chinneadh lena gcuirtear ar neamhní cinneadh a rinneadh roimhe sin maidir le smachtbhanna nó beart.

I gcás ina meastar go bhfuil sé neamhréireach ag an údarás inniúil céannacht na ndaoine dlíthiúla nó sonraí pearsanta daoine nádúrtha a fhoilsiú tar éis measúnú cás ar chás a dhéanamh maidir le comhréireacht i dtaca le sonraí mar sin a fhoilsiú, nó i gcás ina gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe leanúnaigh i mbaol leis an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe a leanas:

(a)

cuirfidh siad moill ar fhoilsiú an chinnidh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur go dtí go gcuirfear deireadh leis na cúiseanna atá ann maidir le neamhfhoilsiú;

(b)

foilseoidh siad an cinneadh gan smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar bhonn gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áiritheofar le foilsiú gan ainm mar sin go dtabharfaí cosaint éifeachtúil do shonraí pearsanta;

(c)

ní fhoilseoidh siad an cinneadh smachtbhanna nó beart eile a fhorchur ar chor ar bith i gcás ina measfar gur neamhleor na roghanna a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) leis an méid a leanas a áirithiú:

(i)

nach gcuirfear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;

(ii)

comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

I gcás cinneadh smachtbhannaí nó beart eile a fhoilsiú ar bhonn gan ainm, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur ar ceal ar feadh tréimhse réasúnta i gcás ina bhforáiltear go gcuirfí deireadh leis na cúiseanna atá leis an bhfoilsiú gan ainm le linn na tréimhse sin.

Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEÚM ar an eolas faoi na smachtbhannaí riaracháin uile a fhorchuirtear ach nach foilsítear i gcomhréir le pointe (c) den tríú fomhír, lena n-áirítear aon achomharc i ndáil leis sin agus an toradh a bheidh air. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdaráis inniúla faisnéis agus an breithiúnas deiridh i ndáil le haon smachtbhanna coiriúil a fhorchuirtear agus cuirfidh siad faoi bhráid ÚEÚM é. Coimeádfaidh ÚEÚM bunachar sonraí lárnach de na smachtbhannaí a chuirtear in iúl dó go díreach le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla. Is údaráis inniúla amháin a mbeidh rochtain acu ar an mbunachar sonraí sin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil.

2.   Áiritheoidh údaráis inniúla nach nglanfar aon rud a fhoilseofar, i gcomhréir leis an Airteagal seo, den láithreán gréasáin go ceann tréimhse nach lú ná cúig bliana i ndiaidh a fhoilsithe. Ní choimeádfar aon sonraí pearsanta a bheidh san fhoilseachán ar láithreán gréasáin oifigiúil an údaráis inniúil ach amháin don tréimhse a bheidh riachtanach agus faoi na rialacha infheidhme um chosaint sonraí.

Airteagal 63

Smachtbhannaí i leith sáruithe

1.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na forálacha a leanas den Rialachán:

(a)

soláthar seirbhísí a leagtar amach i Roinn A, i Roinn B agus i Roinn C den Iarscríbhinn, de shárú ar Airteagal 16, ar Airteagal 25 agus ar Airteagal 54;

(b)

na húdaruithe a cheanglaítear faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó ar aon mhodh neamhdhleathach eile amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 20(1) agus i bpointe (b) d’Airteagal 57(1);

(c)

mainneachtain TLUanna an caipiteal riachtanach a shealbhú agus, ar an mbealach sin Airteagal 47(1) a shárú;

(d)

mainneachtain TLUanna na ceanglais eagraíochtúla a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 26 go hAirteagal 30 a shárú;

(e)

mainneachtain TLUanna na rialacha a chomhlíonadh maidir le gnó a dhéanamh agus, ar an mbealach sin Airteagal 32 go hAirteagal 35 a shárú;

(f)

mainneachtain TLUanna na ceanglais le haghaidh seirbhísí TLU a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 37 go hAirteagal 41 a shárú;

(g)

mainneachtain TLUanna na ceanglais stuamachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 43 go hAirteagal 47 a shárú;

(h)

mainneachtain TLUanna na ceanglais maidir le naisc idir TLUanna, agus, ar an mbealach sin Airteagal 48 a shárú;

(i)

diúltú éagórach ó TLUanna cineálacha difriúla rochtana a dheonú, agus, ar an mbealach sin Airteagal 49 go hAirteagal 53 a shárú;

(j)

mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe na ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí creidmheasa a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(3) a shárú;

(k)

mainneachtain institiúidí creidmheasa ainmnithe ceanglais shonracha stuamachta a bhaineann le rioscaí leachtachta a chomhlíonadh agus, ar an mbealach sin Airteagal 59(4) a shárú.

2.   Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil, ar a laghad i gcás sáraithe dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta eile seo a leanas ar a fhorchur:

(a)

ráiteas poiblí ina sonrófar an duine a bheidh freagrach as an sárú agus an cineál sáraithe i gcomhréir le hAirteagal 62;

(b)

ordú á cheangal ar an duine a bheidh freagrach as an sárú scor den iompar sin agus gan déanamh amhlaidh arís;

(c)

na húdaruithe a dheonófar faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 54 a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 20 nó le hAirteagal 57;

(d)

cosc sealadach, nó i gcás sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, cosc buan i gcoinne aon chomhalta de chomhlacht bainistithe na hinstitiúide, nó aon duine nádúrtha eile a leagfar freagracht air, faoi fheidhmeanna bainistithe san institiúid a fheidhmiú;

(e)

na smachtbhannaí uasta airgid riaracháin ar a laghad suas le dhá oiread an bhrabúis a gnóthaíodh de thoradh an tsáraithe, i gcás inar féidir na méideanna sin a chinneadh;

(f)

maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 5 milliún, nó sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar an dáta a nglacfar an Rialachán seo;

(g)

maidir le duine dlíthiúil, smachtbhannaí uasta airgid riaracháin suas le ar a laghad EUR 20 milliún nó suas le 10 % de láimhdeachas iomlán bliantúil an duine dhlíthiúil i gcomhréir leis na cuntais deiridh atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistithe, i gcás inarb ionann an duine dlíthiúil agus máthairghnóthas nó fochuideachta den mháthairghnóthas, a chaithfidh cuntais chomhdhlúite airgeadais a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is ionann an láimhdeachas ábhartha bliantúil iomlán agus an láimhdeachas bliantúil iomlán nó cineál comhfhreagrach ioncaim i gcomhréir leis na Treoracha ábhartha Cuntasaíochta i gcomhréir leis na cuntais chomhdhlúite deireanacha a bhí ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistithe an mháthairghnóthais dheiridh;

3.   D’fhéadfadh cumhachtaí smachtbhannaí eile a bheith ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá dtagraítear i mír 2 agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh do leibhéil níos airde smachtbhannaí airgid riaracháin ná na leibhéil a bhunaítear sa mhír sin.

Airteagal 64

Na smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach

Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na himthosca ábhartha go léir, nuair a chinnfidh siad cineál agus aicme na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart eile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí:

(a)

tromchúis agus ré an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine a bheidh freagrach as an sárú;

(c)

neart airgeadais an duine a bheidh freagrach as an sárú, a léireofar, mar shampla, le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh sin a bheidh freagrach nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha a bheidh freagrach;

(d)

tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine a bheidh freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine a bheidh freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas do thríú páirtithe a díorthaíodh ón sárú, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

leibhéal comhair an duine a bheidh freagrach as an sárú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;

(f)

sáruithe a rinne an duine atá freagrach as an sárú roimhe seo.

Airteagal 65

Sáruithe a thuairisciú

1.   Áiritheoidh Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla sásraí éifeachtacha chun tuairisciú a spreagadh chuig na húdaráis inniúla maidir le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo.

2.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i measc na sásraí dá dtagraítear i mír 1:

(a)

nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha a fháil agus a imscrúdú i ndáil le haon sárú a dhéanfar nó a bhféadfar a dhéanamh agus an méid a dhéantar ina dhiaidh sin, lena n-áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú do thuarascála mar sin;

(b)

cosaint chuí ar fhrithbheartaíocht, ar idirdhealú nó ar chineálacha eile de dhéileáil neamhchothrom, ar a laghad, do na fostaithe sin a thuairiscíonn sáruithe a dhéantar nó a bhféadfar a dhéanamh laistigh den institiúid;

(c)

cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine a thuairisceoidh sáruithe a dhéantar agus a bhféadfar a dhéanamh agus leis an duine nádúrtha a bheidh in ainm a bheith freagrach as an sárú, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE;

(d)

céannacht an duine a thuairiscíonn na sáruithe agus an duine nádúrtha atá in ainm a bheith freagrach as an sárú a chosaint ag gach céim de na nósanna imeachta mura gceanglaítear nochtadh mar sin leis an dlí náisiúnta i gcomhthéacs tuilleadh imscrúdaithe nó nósanna riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin.

3.   Éileoidh Ballstáit ar institiúidí nósanna imeachta a chur ar bun dá gcuid fostaithe chun sáruithe a dhéanfar nó a bhféadfaí a dhéanamh a thuairisciú go hinmheánach trí chainéal sonrach, neamhspleách agus féinrialaithe.

Féadfar cainéal den sórt sin a chur ar fáil trí shocruithe a chuirfidh comhpháirtithe sóisialta ar fáil. Beidh feidhm ag an gcosaint chéanna dá dtagraítear i bpointe (b), (c) agus (d) de mhír 2.

Airteagal 66

Ceart achomhairc

Deimhneoidh Ballstáit go mbeidh cinntí agus bearta a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo cuíréasúnaithe agus faoi réir cirt achomhairc os comhair binse. Beidh feidhm ag ceart achomhairc os comhair binse i gcás nach nglacfar aon chinneadh, laistigh de shé mhí tar éis é a chur isteach, i ndáil le hiarratas le haghaidh údaraithe ina mbeidh an fhaisnéis ar fad a éileofar faoi fhorálacha a bheidh i bhfeidhm.

TEIDEAL VI

CUMHACHTAÍ A THARMLIGEAN, CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 7(14) agus Airteagal 24(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ón 17 Meán Fómhair 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 7(14) agus Airteagal 24(7) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 7(14) agus Airteagal 24(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse thrí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.   Beidh an Coiste um Urrúis Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE (27) ón gCoimisiún de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl do ÚEÚM na hinstitiúidí sin a oibreoidh mar TLUanna faoin 16 Nollaig 2014.

2.   Féachfaidh TLUanna le gach údarú a bheidh riachtanach chun críocha an Rialacháin seo a fháil agus tabharfar fógra do naisc ábhartha taisclainne lárnaí urrús laistigh de shé mhí ón dáta a dtiocfaidh na dréachtchaighdeán teicniúil rialála go léir arna nglacadh faoi Airteagail 17, 26, 45, 47, 48, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi Airteagal 55, agus faoi Airteagal 59, i bhfeidhm.

3.   Laistigh de shé mhí ón dáta is déanaí a dtiocfaidh na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh faoi Airteagail 12, 17, 25, 26, 45, 47, 48, agus, i gcás inarb iomchuí, faoi Airteagal 55 agus faoi Airteagal 59 nó an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(9) i bhfeidhm, déanfaidh TLU de chuid tríú tír iarratas ar aitheantas ó ÚEÚM ina mbeidh sé i gceist aici a seirbhísí a sholáthar ar bhonn Airteagal 25.

4.   Go dtí go ndéanfar an cinneadh faoin Rialachán seo maidir le TLUanna agus a ngníomhaíochtaí a údarú nó a aithint, lena n-áirítear na naisc a bheidh ag TLU, beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le TLU a údarú agus a aithint.

5.   Comhlíonfaidh na TLUanna a oibreoidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(4) ceanglais an Rialacháin seo laistigh de bhliain amháin ón dáta a dtiocfaidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm.

Airteagal 70

Leasuithe ar Threoir 98/26/CE

Leasaítear Treoir 98/26/CE mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fleasc de phointe (a) d’Airteagal 2:

“—

a ainmneofar, gan dochar do choinníollacha níos déine eile a mbeidh feidhm ghinearálta leo a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, mar chóras agus a cuireadh in iúl don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ag an mBallstát a mbeidh a dhlí infheidhme, tar éis don Bhallstát sin a bheith sásta i dtaobh leordhóthanacht rialacha an chórais.”;

(2)

in Airteagal 11, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   Faoin 18 Márta 2015, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun an tríú fleasc den chéad fhomhír de phointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE arna leasú ag an Rialachán seo a chomhlíonadh, agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún.”.

Airteagal 71

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (o)

“(o)

TLUanna ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 73 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28)

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le TLUanna agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257 28.8.2014. lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(64)

ciallaíonn ‘taisclann lárnach urrús’ nó ‘TLU’ TLU mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014.”;

(3)

i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

“(1)

cumhdach agus riar ionstraimí airgeadais do chuntas cliant, lena n-áirítear caomhnóireacht agus seirbhísí gaolmhara amhail bainistíocht airgid/bainistíocht comhthaobhachta agus lena n-eisítear cuntais urrús ar an leibhéal is airde a chothabháil (‘seirbhís cothabhála lárnach’) dá dtagraítear i bpointe (2) de Roinn A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialacháin (AE) Uimh. 909/2014.”.

Airteagal 72

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 236/2012

Scriostar Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012.

Airteagal 73

Cur chun Feidhme Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014

TLUanna a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo, ní bheidh údarú uathu faoi Threoir 2014/65/AE* leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite I Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ar fáil.

I gcás ina gcuireann TLU a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo seirbhís infheistíochta amháin nó níos mó ná sin ar fáil nó má dhéanann sé gníomhaíocht infheistíocht amháin nó níos mó ná sin chomh maith leis na seirbhísí a liostaítear go sainráite i Roinn A agus i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 2014/65/AE cé is moite d’Airteagal 5 go hAirteagal 8, Airteagal 9(1), (2), (4) agus (6) agus Airteagal 10 go hAirteagal 13 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.

Airteagal 74

Tuarascálacha

1.   Cuirfidh ÚEÚM, i gcomhar leis an Údarás Eorpach Baincéireachta agus leis na húdaráis inniúla agus na húdaráis ábhartha, tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin ina soláthrófar measúnuithe ar threochtaí, ar rioscaí agus leochaileachtaí féideartha agus, i gcás inar gá, moltaí maidir le gníomhaíocht choisctheach nó cheartaitheach sna margaí le haghaidh seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Áireofar ar a laghad measúnú ar an méid a leanas ar na tuarascálacha sin:

(a)

éifeachtúlacht socraíochta le haghaidh oibríochtaí intíre agus trasteorann i gcás gach Ballstáit, a bhunófar ar líon agus ar mhéid na dteipeanna socraíochta, ar líon na bpíonós dá dtagraítear in Airteagal 7(2), líon agus méid na n-idirbheart ceannach isteach dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) agus ar aon chritéir ábhartha eile;

(b)

oiriúnacht na bpionós le haghaidh teipeanna socraíochta, go háirithe an gá atá le níos mó solúbthachta maidir leis na pionóis le haghaidh teipeanna socraíochta i ndáil le hionstraimí neamhleachtacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 7(4);

(c)

tomhas ar shocraíocht nach dtarlóidh sna córais socraíochta urrús a oibreoidh TLUanna, a bhunófar ar líon agus ar mhéid na n-idirbheart bunaithe ar an bhfaisnéis arna fáil faoi Airteagal 9 agus ar aon chritéir ábhartha eile;

(d)

soláthar trasteorann seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a bhunófar ar líon agus ar chineálacha na nasc idir TLUanna, líon na rannpháirtithe eachtracha sna córais socraíochta urrús a oibreoidh TLUanna, líon agus méid na n-idirbheart a bhfuil na rannpháirtithe sin páirteach iontu, líon na n-eisitheoirí eachtracha a thaifeadann a gcuid urrús i TLU i gcomhréir le hAirteagal 49, agus ar aon chritéir ábhartha eile;

(e)

an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí ar rochtain in Airteagal 49, Airteagal 52 agus Airteagal 53 chun go sainaithneofar na fáthanna a ndiúltaítear iarrataí ar rochtain ó thaisclainne lárnacha urrús, contrapháirtithe lárnacha agus ionaid thrádála, aon treochtaí maidir le diúltú den chineál sin agus na bealaí ina bhféadfar na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú sa todhchaí ionas go bhféadfar rochtain a thabhairt, agus aon bhaic ábhartha eile ar iomaíocht sna seirbhísí airgid iarthrádála;

(f)

an bealach ina láimhseáiltear na hiarrataí a chuirtear isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23(3) go (7) agus Airteagal 25(4) go (10);

(g)

i gcás inarb infheidhme, na torthaí ón bpróiseas athbhreithnithe piaraí do mhaoirseacht thrasteorann in Airteagal 24(6) agus ar cheart minicíocht athbhreithnithe mar sin a laghdú san am atá le teacht, lena n-áirítear a chur in iúl an léirítear le torthaí mar sin an bhfuil gá le coláistí níos foirmiúla maoirseoirí;

(h)

cur i bhfeidhm rialacha dliteanais shibhialta na mBallstát maidir le caillteanas atá inchurtha i leith taisclainne lárnacha urrúis;

(i)

na nósanna imeachta agus na coinníollacha faoina n-údaraítear TLUanna institiúidí creidmheasa a ainmniú nó seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta a sholáthar iad féin i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 55, lena n-áirítear measúnú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag foráil den chineál sin ar chobhsaíocht airgeadais agus ar iomaíochas le haghaidh socraíochta agus seirbhísí coimhdeacha de chineálacha baincéireachta san Aontas;

(j)

feidhmiú na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 38 maidir le hurrúis na rannpháirtithe agus le hurrúis a gcliant a chosaint, go háirithe na cinn in Airteagal 38(5);

(k)

feidhmiú na smachtbhannaí agus go háirithe an gá atá ann na smachtbhannaí riaracháin le haghaidh sáraithe ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhchuibhiú tuilleadh.

2.   Cuirfear na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1, lena gcumhdófar bliain féilire amháin, in iúl don Choimisiún faoin 30 Aibreán den chéad bhliain féilire ina dhiaidh sin.

Airteagal 75

Athbhreithniú

Faoin 18 Meán Fómhair 2019, athbhreithneoidh an Coimisiún an Rialachán agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta faoi. Measúnófar sa tuarascáil seo go háirithe na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k) d’Airteagal 74(1), an bhfuil baic ábhartha eile ann ar iomaíocht i gcás na seirbhísí atá faoi réir an Rialacháin seo nach dtugtar aghaidh orthu ar bhealach leordhóthanach agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta breise chun teorainn a chur ar an tionchar a bheidh ag teip TLUanna ar na cáiníocóirí. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.

Airteagal 76

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 3(1) amhail ón 1 Eanáir 2023 maidir le hurrúis inaistrithe a eisítear tar éis an dáta sin agus amhail ón 1 Eanáir 2025 maidir le gach urrús inaistrithe eile.

3.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(2) amhail ón 1 Eanáir 2015.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbeidh rochtain ag ionad trádála ar TLU dá dtagraítear in Airteagal 30(5), beidh feidhm ag Airteagal 5(2) sé mhí ar a laghad sula ndéanfaidh TLU a gníomhaíochtaí a eisfhoinsiú chuig an eintiteas ábhartha poiblí, agus i gcás ar bith ón 1 Eanáir 2016.

4.   Beidh feidhm ag na bearta maidir le haraíonacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 6(1) go (4) amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 6(5).

5.   Beidh feidhm ag an mbeart maidir le haraíonacht socraíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) go (13) agus ag an leasú a leagtar síos in Airteagal 72 amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7(15).

Maidir le STI a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 33(3) de Threoir 2014/65/AE, beidh sé faoi réir an dara fomhír d’Airteagal 7(3) den Rialachán seo go dtí:

(a)

an cinneadh deireanach maidir lena iarratas ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE; nó

(b)

i gcás nár chuir STI isteach ar chlárúchán faoi Airteagal 33 de Threoir 2014/65/AE, go dtí an 13 Meitheamh 2017.

6.   Beidh feidhm ag na bearta tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 9(3).

7.   Maidir le tagairtí atá sa Rialachán seo do Threoir 2014/65/AE agus do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déanfar iad a léamh, roimh an 3 Eanáir 2017, mar thagairtí do Threoir 2004/39/CE i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/65/AE a mhéid atá forálacha a thagraíonn do Threoir 2004/39/CE sa tábla comhghaoil sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. GOZI


(1)  IO C 310, 13.10.2012, lch. 12.

(2)  IO C 299, 4.10.2012, lch. 76.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón Chomhairle an 23 Iúil 2014.

(4)  Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús an suaitheadh ar chóras socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(6)  Treoir 2003/87/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(7)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(9)  Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(11)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(12)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(13)  [2004] ECR I-4829.

(14)  Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannas Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63)

(18)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus ar shaorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(21)  Treoir 2010/78/AE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/87/CE, 2003/6/CE, 2003/41/CE, 2003/71/CE, 2004/39/CE, 2004/109/CE, 2005/60/CE, 2006/48/CE, 2006/49/CE agus 2009/65/CE i ndáil leis na cumhachtaí atá ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (IO L 331, 15.12.2010, lch. 120).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(23)  Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

(25)  Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

(26)  Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an sainmhíniú ar dhaone atá faoi lé na polaitíochta agus na critéir theicniúla maidir le nósanna imeachta simplithe díchill chuí do chustaiméirí agus díolúine ar fhorais gníomhaíochta airgeadais nach ndéantar ach ar bhonn ócáideach nó ar bhonn an-teoranta (IO L 214, 4.8.2006, lch. 29).

(27)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA SEIRBHÍSÍ

ROINN A

Seirbhísí lárnacha de chuid taisclann lárnach urrús

1.

Taifeadadh tosaigh a dhéanamh ar urrúis i gcóras cuntais reatha (‘seirbhís nótaire’);

2.

Cuntais urrús a sholáthar agus a chothabháil ar an leibhéal is uachtaraí (‘seirbhís lárnach cothabhála’);

3.

Córas socraíochta urrús a oibriú (‘seirbhís socraíochta’).

ROINN B

Seirbhísí coimhdeacha nach seirbhísí baincéireachta iad de chuid TLUanna nach mbaineann rioscaí creidmheasa nó leachtachta leo

Seirbhísí a chuireann TLUanna ar fáil lena gcuirtear feabhas ar shábháilteacht, éifeachtúlacht agus thrédhearcacht na margaí urrús, ar a bhféadfaí iad seo leanas a áireamh ach nach bhfuil teoranta dóibh:

1.

Seirbhísí a bhaineann leis an tseirbhís socraíochta, amhail:

(a)

Sásra chun urrúis a thabhairt ar iasacht a eagrú, mar ghníomhaire i measc rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;

(b)

Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar, mar ghníomhaire i gcomhair rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús;

(c)

Meaitseáil socraíochta, ródú treoracha, dearbhú trádála, fíorú trádála.

2.

Seirbhísí a bhaineann le seirbhísí nótaire agus seirbhísí cothabhála lárnaí, amhail:

(a)

Seirbhísí a bhaineann le cláir scairshealbhóirí;

(b)

Tacú le próiseáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí corparáideacha, lena n-áirítear cáin, cruinnithe ginearálta agus seirbhísí faisnéise;

(c)

Seirbhísí eisiúna nua, lena n-áirítear cóid ISIN agus cóid dá samhail a bhainistiú agus a leithdháileadh;

(d)

Ródú agus próiseáil treoracha, bailiú agus próiseáil táillí agus tuairisciú lena mbaineann.

3.

Naisc le TLUanna a bhunú, cuntais urrús i ndáil leis an tseirbhís socraíochta a chur ar fáil, a chothabháil nó a fheidhmiú, bainistiú comhthaobhachta, agus seirbhísí coimhdeacha eile.

4.

Aon seirbhísí eile, amhail:

(a)

Seirbhísí chun bainistiú comhthaobhachta a sholáthar mar ghníomhaire;

(b)

Tuairisciú rialála a sholáthar;

(c)

Faisnéis, sonraí agus staidreamh a sholáthar do bhiúrónna margaidh/daonáirimh nó d’eintitis rialtasacha nó idir-rialtasacha eile;

(d)

Seirbhísí TF a sholáthar.

ROINN C

Seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta

Seirbhísí de chineál baincéireachta a bhaineann go díreach leis na seirbhísí lárnacha nó leis na seirbhísí coimhdeacha a liostaítear i Roinn A agus i Roinn B, amhail:

(a)

Cuntais airgid a sholáthar do rannpháirtithe i gcóras socraíochta urrús agus do shealbhóirí chuntas urrús, laistigh de réir bhrí mhír 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE agus taiscí a ghlacadh uathu;

(b)

Creidmheas airgid a sholáthar le haghaidh aisíocaíochta nach mbeidh níos déanaí ná an lá gnó dar gcionn, airgead a thabhairt ar iasacht chun gníomhaíochtaí corparáideacha a réamh-chistiú agus urrúis a thabhairt ar iasacht chuig sealbhóirí chuntas urrús, de réir bhrí phointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(c)

Seirbhísí íocaíochta a bhaineann le hidirbhearta airgid agus malairtí eachtracha a phróiseáil laistigh de réir bhrí phointe 4 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(d)

Ráthaíochtaí agus gealltanais a bhaineann le hurrúis a iasachtú agus a fháil ar iasacht, de réir bhrí phointe 6 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE;

(e)

Gníomhaíochtaí cistíochta a bhaineann le malairtí eachtracha agus urrúis inaistrithe a bhaineann le comharduithe fada na rannpháirtithe a bhainistiú de réir bhrí phointí 7(b) agus (e) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Treoir 2013/36/AE.