12.6.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

84


RIALACHÁN (AE) Uimh. 600/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Bealtaine 2014

maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an ghéarchéim airgeadais tar éis laigí i dtrédhearcacht margaí airgeadais a nochtadh, ar laigí iad a d’fhéadfadh rannchuidiú le héifeachtaí díobhálacha socheacnamaíocha. Tá neartú trédhearcachta ar cheann de na comhphrionsabail chun an córas airgeadais a neartú de réir mar a deimhníodh le ráiteas Cheannairí G20 i Londain an 2 Aibreán 2009. D’fhonn an trédhearcacht a neartú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh ionstraimí airgeadais a fheabhsú, ba cheart creat nua a chur ar bun lena mbunaítear ceanglais aonfhoirmeacha maidir le trédhearcacht idirbheart i margaí le haghaidh ionstraimí airgeadais. Ba cheart rialacha cuimsitheacha maidir le raon leathan d’ionstraimí airgeadais a bhunú leis an gcreat. Ba cheart go gcomhlánódh sé na ceanglais maidir le trédhearcacht orduithe agus idirbheart i leith scaireanna arna mbunú le Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(2)

D’iarr an Grúpa Ardleibhéil um Maoirseacht Airgeadais san AE, faoi chathaoirleacht Jacques de Larosière, ar an Aontas tacar rialachán airgeadais níos comhchuibhithe a fhorbairt. I gcomhthéacs an struchtúir maoirseachta Eorpaigh atá le teacht, leag an Chomhairle Eorpach an 18 agus an 19 Meitheamh 2009 béim ar an ngá atá le leabhar aonair rialacha Eorpach a bhunú a bheadh infheidhme maidir leis na hinstitiúidí airgeadais uile sa mhargadh inmheánach.

(3)

Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh dhá ionstraim dhlíthiúla éagsúla sa reachtaíocht nua, is é sin le rá, Treoir agus an Rialachán seo. Ba cheart go gcruthódh an dá ionstraim dhlíthiúla sin le chéile an creat dlí a rialóidh na ceanglais is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, le margaí rialáilte agus le soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léamh in éineacht leis an Treoir. Toisc gur gá tacar aonair de rialacha a bhunú le haghaidh gach institiúide i leith ceanglas áirithe agus toisc gur gá aon arbatráiste rialála a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus toisc gur gá deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus castacht rialála a laghdú do rannpháirtithe margaidh, tá údar maith le bunús dlí a úsáid a fhágfaidh go bhféadfar Rialachán a chruthú. D’fhonn deireadh a chur leis na baic ar thrádáil atá fós ann agus le mórshaobhadh ar an iomaíocht de thoradh dlíthe náisiúnta dibhéirseacha agus ionas go gcuirfear cosc ar bhaic dhóchúla eile ar an trádáil agus ar mhórshaobhadh eile ar an iomaíocht teacht chun cinn, is gá Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme i ngach Ballstát. Is é is aidhm leis an ngníomh dlí seo atá infheidhme go díreach rannchuidiú ar shlí chinntitheach le feidhmiú réidh an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart, dá thoradh sin, go mbeadh sé bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(4)

Le Treoir 2004/39/CE, bunaíodh rialacha maidir le trádáil i scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a dhéanamh trédhearcach ar bhonn réamhthrádála agus ar bhonn iarthrádála agus maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte a thuairisciú d’údaráis inniúla. Ní mór an treoir a athmhúnlú d’fhonn forbairtí i margaí airgeadais a léiriú go hiomchuí agus chun aghaidh a thabhairt ar laigí agus chun bealaí éalaithe a bhí neamhchosanta inter alia i ngéarchéim an mhargaidh airgeadais a dhúnadh.

(5)

Is gá na forálacha maidir le ceanglais trédhearcachta trádála agus rialála a bheith i bhfoirm dlí is infheidhme go díreach a chuirfear i bhfeidhm maidir le gach gnólacht infheistíochta, agus ba cheart go leanfaidís rialacha aonfhoirmeacha i margaí uile an Aontais, chun foráil a dhéanamh do chreat rialála aonair a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, chun muinín as trédhearcacht margaí ar fud an Aontais a neartú, chun castacht rialála agus costais chomhlíonta gnólachtaí infheistíochta a laghdú, go háirithe i gcás institiúidí airgeadais a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann, agus chun rannchuidiú le deireadh a chur le saobhadh ar an iomaíocht. Is é an bealach is oiriúnaí chun na spriocanna rialála sin a bhaint amach agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú rialachán a ghlacadh lena n-áirithítear infheidhmeacht dhíreach, ós rud é go gcuireann sé sin cosc ar cheanglais éagsúla náisiúnta a bheith ann mar thoradh ar threoir a thrasuí.

(6)

Tá sé tábhachtach a áirithiú gur ar ionaid eagraithe, a mhéid is féidir, a dhéantar an trádáil in ionstraimí airgeadais agus go bhfuil na hionaid uile den sórt sin rialáilte go hiomchuí. Faoi Threoir 2004/39/CE, rinneadh roinnt córas trádála a fhorbairt nach raibh cuimsithe go leormhaith sa chóras rialála. Aon chóras trádála in ionstraimí airgeadais, amhail eintitis ar a dtugtar gréasáin crosála bróicéirí i láthair na huaire, ba cheart amach anseo go ndéanfaí iad a rialáil go cuí agus go mbeidís údaraithe faoi cheann de na cineálacha ionad trádála iltaobhach nó mar inmheánaitheoir córasach faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i dTreoir 2014/65/AE (5).

(7)

Ba cheart na sainmhínithe ar mhargadh rialáilte agus ar shaoráid trádála iltaobhach (MTF) a shoiléiriú agus ba cheart go mbeidís fós ailínithe go dlúth le chéile chun a léiriú go seasann siad, i ndáiríre, don fheidhmiúlacht trádála eagraithe chéanna. Ba cheart córais dhéthaobhacha a eisiamh ó na sainmhínithe i gcás ina dtéann gnólacht infheistíochta i mbun gach trádála ar bhonn féinchuntais, fiú amháin agus é ina chontrapháirtí saor ó riosca idir an ceannaitheoir agus an díoltóir. Níor cheart go gceadófaí do mhargaí rialáilte ná do MTFanna orduithe cliant a fhorghníomhú i gcoinne caipitil dhílsithe. Cuimsíonn an téarma ‘córas’ gach margadh arb é atá ann tacar rialacha agus ardán trádála, mar aon leo sin a fheidhmíonn ar bhonn tacar rialacha agus ar an mbonn sin amháin. Níl aon oibleagáid ar mhargaí rialáilte ná ar MFTanna córas ‘teicniúil’ a oibriú chun orduithe a mheaitseáil agus ba cheart go mbeidís in ann prótacail trádála eile a oibriú, lena n-áirítear córais faoina bhfuil úsáideoirí in ann trádáil a dhéanamh ar luachana a iarrann siad ó sholáthraithe iolracha. Aon mhargadh arb é amháin atá ann tacar rialacha a rialaíonn gnéithe a bhaineann le ballraíocht, ionstraimí a ligean isteach chun trádála, trádáil idir comhaltaí, tuairisciú agus, i gcás inarb infheidhme, oibleagáidí trédhearcachta, is margadh rialáilte nó MTF é de réir bhrí an Rialacháin seo agus i gcás na n-idirbheart a thugtar i gcrích faoi na rialacha sin, meastar go dtugtar i gcrích iad faoi chórais margaidh rialáilte nó MTF. Tá ciall leathan le baint as an téarma ‘leasanna ceannaigh agus díola’ agus cuimsíonn sé orduithe, luachana agus léirithe leasanna.

Baineann ceann de na ceanglais is tábhachtaí leis an oibleagáid go ndéanfaí na leasanna a thabhairt le chéile sa chóras trí bhíthin rialacha neamhroghnacha arna leagan síos ag oibreoir an chórais. Ciallaíonn an ceanglas sin go dtugtar le chéile iad faoi rialacha an chórais nó trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta oibríochta inmheánacha an chórais, lena n-áirítear nósanna imeachta atá ina gcuid de bhogearraí ríomhaireachta. Ciallaíonn an téarma ‘rialacha neamhroghnacha’ rialacha nach dtugann aon rogha don mhargadh rialáilte nó don oibreoir margaidh nó don ghnólacht infheistíochta a oibríonn MTF maidir leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn na leasanna. Ceanglaíonn na sainmhínithe go dtabharfar leasanna le chéile ar shlí go dtiocfaidh conradh astu, rud a tharlaíonn sa chás ina ndéantar an forghníomhú faoi rialacha an chórais nó trí bhíthin phrótacail nó nósanna imeachta oibríochta inmheánacha an chórais.

(8)

D’fhonn margaí airgeadais de chuid an Aontais a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla agus chun a áirithiú gurb ionann na coinníollacha iomaíochta do gach ionad iltaobhach a thairgeann seirbhísí trádála, is gá catagóir ionaid trádála nua de shaoráid trádála eagraithe (OTF) a thabhairt isteach maidir le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lámhaltais astaíochtaí agus le díorthaigh agus is gá a áirithiú go ndéantar an tsaoráid sin a rialáil go hiomchuí agus go ndéantar rialacha neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm maidir le rochtain ar an tsaoráid. Tá sainmhíniú leathan déanta ar an gcatagóir nua sin sa chaoi is gur cheart go mbeadh sé in ann, san am i láthair agus amach anseo, gach cineál d’fhorghníomhú agus socrú eagraithe trádála a chuimsiú nach bhfreagraíonn d’fheidhmiúlachtaí ná do shonraíochtaí rialála ionad atá ann cheana. Ní mór, dá bhrí sin, ceanglais iomchuí eagraíochtúla agus rialacha iomchuí trédhearcachta a thacaíonn le praghas-aimsiú éifeachtúil a chur i bhfeidhm. Cuimsítear sa chatagóir nua córais atá incháilithe do dhíorthaigh atá incháilithe d’imréiteach agus atá leachtach a ndóthain a thrádáil.

Níor cheart go n-áireofaí inti saoráidí sa chás nach bhfuil aon fhíor-fhorghníomhú ná socrú trádála ag tarlú sa chóras, amhail cláir fógraí a úsáidtear chun fógraíocht a dhéanamh ar leasanna ceannaigh agus díola, eintitis eile a chomhiomlánaíonn nó a chomhthiomsaíonn leasanna féideartha ceannaigh nó díola, seirbhísí leictreonacha deimhniúcháin iarthrádála, nó comhbhrú punainne, lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach atá ann cheana gan riosca margaidh na bpunann a athrú. Féadfaidh comhbhrú punainne a bheith á sholáthar ag raon gnólachtaí nach bhfuil rialáilte amhlaidh leis an Rialachán seo nó le Treoir 2014/65/AE, amhail contrapháirtithe lárnacha (CCPanna), ag stórtha trádála agus freisin ag gnólachtaí infheistíochta nó ag oibreoirí margaidh. Is iomchuí a shoiléiriú nach bhfuil forálacha áirithe den Rialachán seo agus de Threoir 2014/65/AE infheidhme maidir le comhbhrú punainne sa chás gur gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a dhéanann an comhbhrú punainne. Ós rud é go mbeidh tasclanna lárnacha urrús (TLUanna) faoi réir na gceanglas céanna le gnólachtaí infheistíochta nuair a bhíonn seirbhísí infheistíochta áirithe á soláthar acu nó nuair a dhéanann siad gníomhaíochtaí infheistíochta áirithe, níor cheart go mbeadh forálacha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE infheidhme maidir le gnólachtaí nach bhfuil á rialáil leo nuair a bhíonn comhbhrú punainne á dhéanamh acu.

(9)

Beidh an chatagóir nua seo d’OTF ina chomhlánú ar na cineálacha ionad trádála atá ann cheana. Cé go bhfuil rialacha neamhroghnacha ag margaí rialáilte agus ag MTFanna maidir le hidirbhearta a fhorghníomhú, ba cheart d’oibreoir OTF forghníomhú ordaithe a chur i gcrích ar bhonn roghnach faoi réir, i gcás inarb infheidhme, na gceanglas trédhearcachta réamhthrádála agus na n-oibleagáidí um dhea-fhorghníomhú. Dá thoradh sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha seolta gnó, ag an dea-fhorghníomhú agus ag oibleagáidí láimhseála orduithe cliant maidir leis na hidirbhearta a thugtar i gcrích in OTF a bhíonn á oibriú ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh. Sa bhreis air sin, ba cheart go gcomhlíonfadh aon oibreoir margaidh atá údaraithe chun OTF a oibriú Caibidil 1 de Threoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le coinníollacha agus nósanna imeachta i ndáil le gnólachtaí infheistíochta a údarú. Ba cheart go mbeadh an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh a oibríonn OTF in ann rogha a fheidhmiú ar dhá leibhéal éagsúla: ar an gcéad dul síos nuair a bhítear ag cinneadh ordú a chur ar an OTF nó é a tharraingt siar arís agus sa dara cás nuair a bhítear ag cinneadh gan ordú sonrach a mheaitseáil leis na horduithe atá ar fáil sa chóras ag am ar leith, ar choinníoll go gcomhlíonfar leis sin na treoracha sonracha a fhaightear ó chliaint agus na hoibleagáidí um dhea-fhorghníomhú.

I gcás an chórais ina gcrosáiltear orduithe cliant, ba cheart go mbeadh an t-oibreoir in ann a chinneadh an dteastaíonn uaidh orduithe a mheaitseáil sa chóras, cathain, agus cá mhéad de dhá ordú nó níos mó a theastaíonn uaidh a mheaitseáil. I gcomhréir le hAirteagal 20(1), (2), (4) agus (5) de Threoir 2014/65/AE agus gan dochar d’Airteagal 20(3) de Threoir 2014/65/AE, ba cheart go mbeadh an gnólacht in ann caibidlíocht a éascú idir cliaint ionas go ndéanfaí dhá leas trádála nó níos mó, a d’fhéadfadh a bheith comhoiriúnach le chéile, a thabhairt le chéile in idirbheart. Ar an dá leibhéal roghnacha sin, ní mór don oibreoir OTF féachaint dá gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 18 agus faoi Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE. Ba cheart go ndéanfadh an t-oibreoir margaidh nó an gnólacht infheistíochta a oibríonn OTF a shoiléiriú d’úsáideoirí an ionaid conas a fheidhmeoidh siad rogha. Ós rud é gur fíorardán trádála atá in OTF, ba cheart oibreoir an ardáin a bheith neodrach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an gnólacht infheistíochta nó an t-oibreoir margaidh a oibríonn an OTF faoi réir ceanglas i ndáil le forghníomhú neamh-idirdhealaitheach agus níor cheart cead a bheith ag gnólacht infheistíochta nó ag oibreoir margaidh a oibríonn an OTF ná ag aon eintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é nó duine dlítheánach ina cháil mar ghnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh orduithe cliant a fhorghníomhú in OTF i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin.

Chun críche forghníomhú ceann amháin nó níos mó d’orduithe cliaint i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh nár dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a éascú, ceadaítear d’oibreoir OTF trádáil bunairgid mheaitseáilte de réir bhrí Treoir 2014/65/AE a úsáid ar choinníoll go mbeidh a thoiliú don phróiseas sin tugtha ag an gcliant. I ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith, ba cheart go bhféadfadh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn OTF dul i mbun déileála ar a chuntas féin seachas dul i mbun trádála bunairgid mheaitseáilte. Nuair a úsáidtear trádáil bunairgid mheaitseáilte, ní mór gach ceanglas trédhearcachta réamhthrádala agus iarthrádála chomh maith le hoibleagáidí um dhea-fhorghníomhú a chomhlíonadh. An t-oibreoir OTF nó aon eintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é nó duine dlítheanach ina cháil mar ghnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh, níor cheart go ngníomhódh sé mar inmheánaitheoir córasach san OTF atá á oibriú aige. Thairis sin, ba cheart go mbeadh oibreoir OTF faoi réir na n-oibleagáidí céanna is atá MTF maidir le bainistiú fónta a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann.

(10)

Ba cheart an trádáil eagraithe uile a dhéanamh ar ionaid rialáilte agus ba cheart go mbeadh sí go hiomlán trédhearcach, ar bhonn réamhthrádála agus ar bhonn iarthrádála araon. Dá bhrí sin, caithfidh feidhm a bheith ag ceanglais trédhearcachta atá calabraithe go hiomchuí maidir le gach cineál ionaid trádála, agus maidir leis na hionstraimí airgeadais uile a thrádáiltear orthu.

(11)

Chun a áirithiú go dtarlaítear níos mó trádála ar ionaid trádála rialáilte agus ar inmheánaitheoirí córasacha, ba cheart oibleagáid trádála do scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun a dtrádála ar ionad trádála a thabhairt isteach sa Rialachán seo le haghaidh gnólachtaí infheistíochta. Leis an oibleagáid trádála sin, cuirtear de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta na trádálacha go léir, lena n-áirítear trádálacha a dhéileáiltear ar bhonn féinchuntais agus trádálacha a dhéileáiltear nuair a bhíonn orduithe cliant á bhforghníomhú, a dhéanamh ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar inmheánaitheoir córasach nó ar ionad trádála tríú tír atá cóibhéiseach. Ba cheart, áfach, go dtabharfaí eisiamh ón oibleagáid trádála sin má tá cúis dhlisteanach ann. Is iad na cúiseanna dlisteanacha sin ná sa chás ina bhfuil na trádálacha neamhchórasach, ad hoc, neamhrialta agus ainmhinic, nó gur trádálacha teicniúla iad amhail trádálacha “tabhairt suas” nach rannchuidíonn le próiseas praghas-aimsithe. Níor cheart go mbainfí leas as eisiamh den sórt sin ón oibleagáid trádála sin chun teacht timpeall ar na srianta a thugtar isteach maidir le húsáid tharscaoileadh an phraghais tagartha agus le húsáid tharscaoileadh an phraghais réamhshocraithe ná chun gréasán crosála bróicéirí nó córas crosála eile a oibriú.

Maidir leis an rogha do thrádálacha atá le déanamh ar inmheánaitheoir córasach, tá sí gan dochar do chóras na n-inmheánaitheoirí córasacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Is é an aidhm leis sin, má chomhlíonann an gnólacht infheistíochta féin na critéir ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo ionas gur féidir é a mheas mar inmheánaitheoir córasach sa scair shonrach sin, féadfar déileáil leis an trádáil ar an gcaoi sin; más rud é, áfach, nach meastar é a bheith ina inmheánaitheoir córasach sa scair shonrach sin, ba cheart go mbeadh an gnólacht infheistíochta fós in ann an trádáil a dhéanamh ar inmheánaitheoir córasach eile sa chás go gcomhlíonann sé na oibleagáidí um dhea-fhorghníomhú agus go mbeidh an rogha chuige sin ar fáil dó. Sa bhreis air sin, chun a áirithiú go bhfuil trádáil iltaobhach maidir le scaireanna, admhálacha taisclanna, cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna), deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail á rialáil go cuí, ba cheart gnólacht infheistíochta a oibríonn córas meaitseála inmheánach ar bhonn iltaobhach a údarú mar MTF. Ba cheart a shoiléiriú gur cheart na forálacha um dhea-fhorghníomhú a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE a chur i bhfeidhm ar shlí nach gcuirfeadh bac ar na hoibleagáidí trádála faoin Rialachán seo.

(12)

Admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe, ionstraimí airgeadais dá samhail agus scaireanna seachas na cinn a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, trádáiltear iad den chuid is mó ar an mbealach céanna agus a thrádáiltear scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus comhlíontar cuspóir eacnamaíoch beagnach comhionann leo. Ba cheart na forálacha trédhearcachta is infheidhme maidir le scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte a leathnú amhlaidh chuig na hionstraimí airgeadais sin.

(13)

Cé go n-aithnítear, i bprionsabal, go bhfuil gá le córas tarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála chun tacú le feidhmiú éifeachtúil margaí, ní mór grinnscrúdú a dhéanamh ar na forálacha tarscaoilte le haghaidh scaireanna is infheidhme ar bhonn Threoir 2004/39/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gCoimisiún (7) a mhéid a bhaineann lena iomchuí agus atá siad go leanúnach i dtéarmaí an raoin feidhme agus na gcoinníollacha is infheidhme. D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na dtarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála i scaireanna agus, faoi dheireadh, in ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus i dtáirgí neamhchothromais le haghaidh samhlacha margaidh sonracha agus cineálacha agus méideanna orduithe a áirithiú, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (‘ÚEUM’), measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil iarrataí aonair chun tarscaoileadh a chur i bhfeidhm comhoiriúnach le rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh measúnú ÚEUM i bhfoirm tuairime i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Sa bhreis air sin, ba cheart do ÚEUM, laistigh de thréimhse ama iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar na tarscaoiltí atá ann cheana le haghaidh scaireanna agus ba cheart measúnú a dhéanamh, ag baint leasa as an nós imeachta céanna, féachaint an bhfuil na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo fós á gcomhlíonadh acu.

(14)

De bharr na géarchéime airgeadais, nochtadh laigí sonracha sa chaoi ina gcuirtear faisnéis faoi dheiseanna trádála agus faoi phraghsanna in ionstraimí airgeadais seachas scaireanna ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, eadhon i dtéarmaí trátha, gráinneachta, rochtana comhionainne agus iontaofachta. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais thráthúla trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thabhairt isteach, á chur san áireamh saintréithe agus struchtúir mhargaidh éagsúla na gcineálacha sonracha ionstraimí airgeadais seachas scaireanna agus ba cheart iad a chalabrú le haghaidh cineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha, córais trádála do cheantáil thréimhsiúil agus córais ghuth-thrádála. D’fhonn creat trédhearcachta fónta a sholáthar le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais ábhartha uile, ba cheart go mbeadh feidhm acu sin maidir le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lámhaltais astaíochtaí agus le díorthaigh a thrádáiltear ar ionad trádála. Dá bhrí sin, níor cheart díolúintí ó thrédhearcacht réamhthrádála ná oiriúnuithe ar na ceanglais maidir le foilsiú iarchurtha a bheith ar fáil ach amháin i gcásanna sainithe áirithe.

(15)

Is gá leibhéal iomchuí trédhearcachta i dtrádáil a thabhairt isteach i margaí le haghaidh bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe agus díorthach chun cabhrú le luacháil táirgí chomh maith le héifeachtúlacht an fhoirmithe praghsanna a fheabhsú. Ba cheart go n-áireofaí ar tháirgí airgeadais struchtúraithe, go háirithe, urrúis de bhun sócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún (9), ina gcuimsítear oibleagáidí fiachais chomhthaobhaithe i measc nithe eile.

(16)

D’fhonn coinníollacha infheidhme aonfhoirmeacha idir ionaid trádála a áirithiú, ba cheart go gcuirfí na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála chéanna i bhfeidhm maidir leis na cineálacha éagsúla ionad. Ba cheart calabrú a dhéanamh ar na ceanglais trédhearcachta maidir le cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear cothromais, bannaí agus díorthaigh, agus aird á tabhairt ar leasanna infheisteoirí agus eisiúnóirí, lena n-áirítear eisiúnóirí bannaí rialtais, agus ar leachtacht an mhargaidh. Ba cheart na ceanglais a chalabrú maidir le cineálacha éagsúla trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe agus córais faoi thionchar luachana, amhail iarraidh ar luachan, chomh maith le córais hibrideacha agus córais ghuthbhroicéireachta, agus aird á tabhairt ar mhéid idirbheart, lena n-áirítear láimhdeachas, agus ar chritéir ábhartha eile.

(17)

Chun aon tionchar diúltach ar an bpróiseas foirmithe praghsanna a sheachaint, is gá sásra caidhpeála méide iomchuí a thabhairt isteach d’orduithe a dhéantar i gcórais atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála lena ndéantar an praghas a chinneadh i gcomhréir le praghas tagartha agus d’idirbhearta réamhshocraithe áirithe. Ba cheart go mbeadh caidhpeáil dhúbailte sa sásra sin, ina gcuirfear i bhfeidhm caidhpeáil méide maidir le gach ionad trádála a úsáideann na tarscaoiltí sin ionas nach féidir ach céatadán áirithe den trádáil a dhéanamh ar gach ionad trádála, agus, sa bhreis air sin, cuirtear caidhpeáil méide fhoriomlán i bhfeidhm arb é an toradh a bheadh ar shárú na caidhpeála sin go ndéanfaí úsáid na dtarscaoiltí sin a fhionraí ar fud an Aontais. Maidir leis na hidirbhearta réamhshocraithe, níor cheart go mbeadh feidhm aici ach maidir leis na hidirbhearta sin a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó i luachana ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a oibríonn an córas sin. Ba cheart go ndéanfaí leis sin idirbhearta réamhshocraithe i scair neamhleachtach, in admháil taisclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail, agus na hidirbhearta sin atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh a eisiamh toisc nach gcuireann siad leis an bpróiseas foirmithe praghsanna.

(18)

D’fhonn a áirithiú nach ndéanfaidh trádáil a dhéantar thar an gcuntar praghas-aimsiú éifeachtúil ná trédhearcacht agus cothroime na gcoinníollacha iomaíochta idir bealaí trádála a chur i mbaol, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais trédhearcachta réamhthrádála iomchuí maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhíonn ag déileáil ar a gcuntas féin in ionstraimí airgeadais thar an gcuntar a mhéid go ndéantar a leithéid ina gcáil mar inmheánaitheoirí córasacha maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe nó le hionstraimí airgeadais eile dá samhail a bhfuil margadh leachtachta ann dóibh, agus le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lamháltais astaíochtaí agus le díorthaigh a thrádáiltear ar ionad trádála agus a bhfuil margadh leachtachta ann dóibh.

(19)

Ba cheart a mheas gur inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta a fhorghníomhaíonn orduithe cliant i gcoinne a chaipitil dhílsithe féin, mura rud é go gcuirtear na hidirbhearta i gcrích lasmuigh d’ionad trádála ar bhonn ócáideach, ad hoc agus neamhrialta. Ba cheart, mar sin, inmheánaitheoirí córasacha a shainmhíniú mar ghnólachtaí infheistíochta a dhéileálann ar a gcuntas féin, ar bhonn eagraithe, córasach agus minic agus substainteach, trí orduithe cliant a fhorghníomhú lasmuigh d’ionad trádála. Níor cheart go mbeadh feidhm ag na ceanglais i ndáil le hinmheánaitheoirí córasacha sa Rialachán seo maidir le gnólacht infheistíochta ach amháin i gcás gach ionstraime airgeadais aonair, mar shampla ar leibhéal an chóid ISIN, ina bhfuil sé ina inmheánaitheoir córasach ina leith. D’fhonn cur i bhfeidhm oibiachtúil agus éifeachtach an tsainmhínithe atá ar inmheánaitheoir córasach a áirithiú maidir le gnólachtaí infheistíochta, ba cheart go mbeadh tairseach réamhchinntithe maidir le hinmheánú córasach ann ina mbeadh an chiall atá le bonn ‘minic’, ‘córasach’ agus ‘substainteach’ sonraithe go beacht.

(20)

Cé gurb é atá i gceist le OTF córas nó saoráid ar bith ina mbíonn iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe ag idirghníomhú sa chóras, níor cheart cead a thabhairt d’inmheánaitheoir córasach leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe a thabhairt le chéile. Mar shampla, maidir le hardán aondéileálaí, mar a thugtar air, ina dtarlaíonn trádáil i gcónaí i gcoinne gnólachta infheistíochta aonair, ba cheart é a mheas mar inmheánaitheoir córasach i gcás ina gcomhlíonann sé na ceanglais atá sa Rialachán seo. Maidir le hardán ildéileálaithe, mar a thugtar air, áfach, ar a bhfuil níos mó ná déileálaí amháin ag idirghníomhú i gcás na hionstraime airgeadais céanna, níor cheart é a mheas mar inmheánaitheoir córasach.

(21)

Ba cheart go bhféadfadh inmheánaitheoirí córasacha a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach, cé hiad na cliaint chuig a dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana, agus idirdhealú á dhéanamh acu idir catagóirí de chliaint, agus ba cheart go mbeidís i dteideal freisin idirdhealú idir cliaint a chur san áireamh, mar shampla maidir le riosca creidmheasa. Níor cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a fhoilsiú, orduithe cliant a fhorghníomhú agus rochtain a sholáthar ar a gcuid luachana maidir le hidirbhearta cothromais atá níos mó ná an méid caighdeánach margaidh agus maidir le hidirbhearta neamhchothromais atá níos mó ná an méid a bhaineann go sonrach leis an ionstraim airgeadais. Ba cheart go seiceálfadh údaráis inniúla an bhfuil inmheánaitheoirí córasacha ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí agus ba cheart faisnéis a chur ar fáil do na húdaráis sin a chuirfidh ar a gcumas déanamh amhlaidh.

(22)

Níl sé beartaithe leis an Rialachán seo go mbeadh sé ina cheangal rialacha trédhearcachta réamhthrádála a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a dhéantar thar an gcuntar, seachas laistigh d’inmheánaitheoir córasach.

(23)

Ba cheart go mbeadh sonraí faoin margadh ar fáil go réidh agus go héasca d’úsáideoirí i bhformáid atá chomh imdhealaithe agus is féidir, lena chur ar chumas infheisteoirí, agus soláthraithe seirbhíse sonraí a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas, réitigh sonraí a shaincheapadh a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil don phobal ar bhealach “díchuachta” d’fhonn costais a laghdú do rannpháirtithe sa mhargadh agus sonraí á gceannach acu.

(24)

Treoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart go mbeidís infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a bheith á malartú, á dtarchur agus á bpróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, go háirithe Teideal IV, ag Ballstáit agus ÚEUM.

(25)

Ag féachaint don chomhaontú a rinneadh idir páirtithe chruinniú mullaigh G20 Pittsburgh an 25 Meán Fómhair 2009 chun trádáil i gconarthaí díorthach caighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí i gcás inarb iomchuí, ba cheart nós imeachta rialála foirmiúil a shainiú chun sainordú a thabhairt do thrádáil idir contrapháirtithe airgeadais agus contrapháirtithe neamhairgeadais móra i ngach díorthach a measadh go raibh siad incháilithe d’imréiteach agus atá leachtach a ndóthain le tarlú ar raon ionad trádála faoi réir rialacháin inchomparáide agus lena gcuirtear ar chumas rannpháirtithe trádáil a dhéanamh le hiliomad contrapháirtithe. Ba cheart an measúnú ar leordhóthanacht leachtachta a dhéanamh agus aird á tabhairt ar shaintréithe margaidh ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear gnéithe amhail líon agus cineál na rannpháirtithe margaidh in aon mhargadh ar leith, agus ar shaintréithe idirbheart, amhail méid agus minicíocht na n-idirbheart sa mhargadh sin.

I margadh leachtach in aicme táirgí díorthach, beidh mar phríomhthréithe ann líon mór de rannpháirtithe margaidh gníomhacha, lena n-áirítear meascán oiriúnach de sholáthróirí leachtachta agus de ghlacadóirí leachtachta, i gcoibhneas le líon na dtáirgí trádáilte, a fhorghníomhaíonn idirbhearta trádála go minic sna táirgí sin i méideanna atá faoi bhun méide atá ar scála mór. Ba cheart gurbh é a bheadh mar chomhartha do ghníomhaíocht mhargaidh den sórt sin ná líon ard de thairiscintí ceannaigh agus díola a bheith fós sa díorthach ábhartha as a leanann raon difríochta caol d’idirbheart ar ghnáthmhéid margaidh. Ba cheart a aithint sa mheasúnú ar leachtacht leordhóthanach go bhféadfadh leachtacht díorthaigh éagsúlú go suntasach de réir dhálaí an mhargaidh agus de réir a shaolré.

(26)

Ag féachaint don chomhaontú a rinneadh idir páirtithe chruinniú mullaigh G20 in Pittsburgh an 25 Meán Fómhair 2009 chun trádáil i gconarthaí díorthach caighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí i gcás inarb iomchuí ar thaobh amháin, agus do leachtacht níos lú díorthach éagsúil thar an gcuntar i gcomórtas leo ar an taobh eile, is iomchuí foráil a dhéanamh do raon oiriúnach d’ionaid incháilithe a bhféadfaí trádáil a dhéanamh orthu de bhun an ghealltanais sin. Ba cheart na hionaid incháilithe go léir a bheith faoi réir ceanglas rialála atá ailínithe go dlúth i dtéarmaí gnéithe eagrúcháin agus oibriúcháin, socruithe chun coinbhleachtaí leasa a mhaolú, faireachas ar gach gníomhaíocht trádála, trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála arna calabrú ag ionstraim airgeadais agus cineálacha córais trádála, agus ba cheart go mbeadh iliomad leasanna trádála tríú páirtithe in ann idirghníomhú le chéile. Ba cheart, áfach, foráil a dhéanamh chun gur féidir le hoibreoirí ionad idirbhearta a eagrú de bhun an ghealltanais sin idir iliomad tríú páirtithe ar bhealach lánroghnach d’fhonn feabhas a chur ar na coinníollacha maidir le hidirbhearta a fhorghníomhú agus ar leachtacht na n-idirbheart.

(27)

Maidir leis an oibleagáid idirbhearta a chur i gcrích i ndíorthaigh a bhaineann le haicme díorthach a dearbhaíodh de réir na hoibleagáide trádála ar mhargadh rialáilte, ar MTF, ar OTF nó ar ionad trádála tríú tír, níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le comhchodanna de na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála nach mbaineann le foirmiú praghsanna lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach, lena n-áirítear punanna díorthach thar an gcuntar atá ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 gan riosca margaidh na bpunann a athrú. Sa bhreis air sin, cé gurb iomchuí foráil shonrach a dhéanamh do chomhbhrú punainne, níl sé beartaithe leis an Rialachán seo cosc a chur ar sheirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála a úsáid.

(28)

Ba cheart foráil a dhéanamh san oibleagáid trádála arna bunú le haghaidh na ndíorthach sin d’iomaíocht éifeachtúil idir ionaid trádála incháilithe. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh na hionaid trádála sin in ann cearta eisiacha a éileamh maidir le díorthaigh ar bith atá faoi réir na hoibleagáide trádála sin a chuirfeadh cosc ar ionaid trádála eile trádáil a thairiscint sna hionstraimí airgeadais sin. D’fhonn iomaíocht éifeachtach idir ionaid trádála díorthach a áirithiú, tá sé sár-riachtanach rochtain neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach a bheith ag ionaid trádála ar CCPanna. Is é ba cheart a bheith i gceist le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP go mbeadh sé de cheart ag ionad trádála go ndéileálfaí leis ar mhodh neamh-idirdhealaitheach ó thaobh an chaoi a ndéileáiltear le conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a mhéid a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch, tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna, agus táillí imréitigh neamh-idirdhealaitheacha.

(29)

Ba cheart go ndéanfaí cumhachtaí údarás inniúil a chomhlánú le sásra sainráite chun cosc nó srian a chur ar mhargú, ar dháileadh agus ar dhíol aon ionstraime airgeadais nó taisce struchtúraithe atá ina údar imní tromchúiseach maidir le cosaint infheisteoirí, feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais, nó margaí tráchtearraí, nó maidir le cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine, mar aon le cumhachtaí comhordaithe agus teagmhasachta iomchuí do ÚEUM nó, i gcás taiscí struchtúraithe, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí sin ag údaráis inniúla agus, i gcásanna eisceachtúla, ag ÚEUM nó ÚBE a bheith faoi réir líon coinníollacha sonracha nach mór a chomhlíonadh. Sa chás ina ndéantar na coinníollacha sin a chomhlíonadh, ba cheart go mbeadh an t-údarás inniúil nó, i gcásanna eisceachtúla, ÚEUM nó ÚBE in ann toirmeasc nó srian a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula mbeidh margú nó dáileadh déanta ar ionstraim airgeadais nó ar thaisce struchtúraithe nó sula mbeidh an ionstraim airgeadais nó an taisce sin díolta le cliaint.

Ní hintuigthe leis na cumhachtaí sin gur ann d’aon cheanglas go ndéanfadh an t-údarás inniúil, ÚEUM nó ÚBE formheas nó ceadúnú táirge a thabhairt isteach nó a chur i bhfeidhm agus ní shaorann na cumhachtaí sin gnólachtaí infheistíochta óna bhfreagracht na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoir 2014/65/AE a chomhlíonadh. Ba cheart feidhmiú ordúil agus sláine na margaí tráchtearraí a áireamh mar chritéar le haghaidh idirghabhála ag údaráis inniúla chun a chumasú go ndéanfaí beart chun gníomhú in aghaidh seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar mhargaí tráchtearraí a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí ar mhargaí airgeadais. Is fíor sin, go háirithe, i leith margaí tráchtearraí talmhaíochta atá ann chun soláthar slán bia a áirithiú don daonra. Sna cásanna sin, ba cheart na bearta a chomhordú leis na húdaráis atá inniúil maidir leis na margaí tráchtearraí lena mbaineann.

(30)

Ba cheart d’údaráis inniúla mionsonraí a chur in iúl d’ÚEUM faoi mhionsonraí a n-iarrataí chun suíomh a laghdú maidir le conradh díorthaigh, faoi theorainneacha aonuaire ar bith, agus faoi aon teorainneacha suímh ex-ante d’fhonn comhordú agus cóineasú a fheabhsú maidir leis an gcaoi ina gcuirtear na cumhachtaí sin i bhfeidhm. Ba cheart mionsonraí bunriachtanacha aon teorainneacha suímh ex-ante arna gcur i bhfeidhm ag údarás inniúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ÚEUM.

(31)

Ba cheart go mbeadh ÚEUM in ann faisnéis a iarraidh ó dhuine ar bith maidir lena shuíomh i leith conartha díorthaigh, a iarraidh go ndéanfaí an suíomh sin a laghdú, agus teorainn a chur le cumas daoine idirbhearta aonair a ghabháil ar láimh maidir le díorthaigh tráchtearraí. Ba cheart d’ÚEUM fógra a thabhairt d’údaráis inniúla ábhartha ansin faoi bhearta atá beartaithe aige a ghabháil ar láimh agus ba cheart dó na bearta sin a fhoilsiú.

(32)

Ba cheart mionsonraí na n-idirbheart in ionstraimí airgeadais a thuairisciú d’údaráis inniúla lena chur ar a gcumas cásanna féideartha de dhrochúsáid mhargaidh a bhrath agus a imscrúdú, faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cothrom agus ordúil margaí, agus ar gníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta. Áirítear le raon feidhme na formhaoirseachta sin gach ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála agus ionstraimí airgeadais a bhfuil ionstraim airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun léi nó a bhfuil innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála mar bhun léi. Ba cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid cibé a ndearnadh na hidirbhearta sin in aon cheann de na hionstraimí airgeadais sin ar ionad trádála nó nach ndearnadh. D’fhonn ualach riaracháin nach bhfuil gá leis ar ghnólachtaí infheistíochta a sheachaint, ba cheart ionstraimí airgeadais nach bhfuil so-ghabhálach i leith drochúsáide margaidh a eisiamh ón oibleagáid tuairiscithe. Ba cheart go ndéanfaí aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh, i gcomhréir le gealltanais G-20, a úsáid sna tuarascálacha. Ba cheart d’ÚEUM tuairisciú chuig an gCoimisiún maidir le feidhmiú tuairiscithe den sórt sin chuig na húdaráis inniúla agus ba cheart don Choimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh i gcás inarb iomchuí.

(33)

Ba cheart d’oibreoir ionaid trádála sonraí ábhartha tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar dá údarás inniúil. Tá na fógraí sin le tarchur gan mhoill ag na húdaráis inniúla chuig ÚEUM, ar cheart dó iad a fhoilsiú láithreach ar a shuíomh gréasáin chun é a chur ar chumas ÚEUM agus na n-údarás inniúil tuarascálacha idirbhirt a úsáid, a anailísiú agus a mhalartú.

(34)

Chun fónamh dá gcuspóir mar uirlis chun faireachán a dhéanamh ar an margadh, ba cheart go n-aithneofaí an duine a rinne an cinneadh infheistíochta i dtuarascálacha idirbhirt, chomh maith leis na daoine atá freagrach as a fhorghníomhú. Sa bhreis ar an gcóras trédhearcachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), trí mharcáil a dhéanamh ar dhíolta folmha soláthraítear faisnéis bhreise úsáideach a chuireann ar chumas údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar leibhéil an díola fholaimh. Ní mór go mbeadh rochtain iomlán ag údaráis inniúla ar thaifid ag gach céim de phróiseas forghníomhaithe an ordaithe, ón gcinneadh tosaigh chun trádáil a dhéanamh, go dtí go ndéantar é a fhorghníomhú. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta taifid a choimeád ar a gcuid orduithe go léir agus ar a gcuid idirbheart go léir in ionstraimí airgeadais, agus ceanglaítear ar oibreoirí ardán taifid a choimeád ar na horduithe uile arna gcur isteach ina gcórais. Ba cheart d’ÚEUM comhordú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise i measc údarás inniúil lena áirithiú go mbeidh rochtain acu ar thaifid uile na n-idirbheart agus na n-orduithe in ionstraimí airgeadais faoina maoirseacht, lena n-áirítear idirbhearta agus orduithe a cuireadh isteach ar ardáin atá á n-oibriú lasmuigh dá gcríoch.

(35)

Ba cheart tuairisciú dúbailte ar an bhfaisnéis chéanna a sheachaint. Tuarascálacha a chuirtear faoi bhráid stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais ábhartha ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach go léir ar mhaithe le hidirbhearta a thuairisciú, níor cheart go mbeadh sé riachtanach iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla, ach ba cheart do na stórtha trádála iad a tharchur chucu. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a leasú dá réir sin.

(36)

Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann údaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise a dhéanann ÚEUM i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, agus ar cheart dó a bheith infheidhme go hiomlán maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo.

(37)

Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, leagtar síos na critéir ar dá réir ba cheart aicmí díorthach thar an gcuntar a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh. Cuirtear cosc ar shaobhadh iomaíoch sa Rialachán trína cheangal go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCPanna a thairgeann imréiteach díorthach thar an gcuntar ag ionaid trádála agus go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag CCPanna a thairgeann imréiteach díorthach thar an gcuntar ar fhothaí trádála na n-ionad trádála. Toisc go sainmhínítear díorthaigh thar an gcuntar mar chonarthaí díorthacha nach ndéantar a bhforghníomhú ar mhargadh rialáilte, tá gá le ceanglais dá samhail a thabhairt isteach le haghaidh margaí rialáilte faoin Rialachán seo. Ba cheart freisin díorthaigh arna dtrádáil ar mhargaí rialáilte a bheith imréitithe go lárnach.

(38)

De bhreis ar na ceanglais i dTreoir 2004/39/CE agus i dTreoir 2014/65/AE lena gcuirtear cosc ar Bhallstáit srianadh míchuí a chur ar rochtain ar bhonneagar iarthrádála amhail CCP agus socruithe i dtaobh socraíochta, tá sé riachtanach go ndéantar leis an Rialachán seo deireadh a chur le bacainní tráchtála éagsúla eile, ar bacainní iad is féidir a úsáid chun iomaíocht a chosc agus ionstraimí airgeadais á n-imréiteach. Chun aon chleachtas idirdhealaitheach a sheachaint, ba cheart do CCPanna glacadh leis go ndéanfaidh siad idirbhearta arna bhforghníomhú in ionaid trádála éagsúla a imréiteach, a mhéid a chomhlíonann na hionaid sin ceanglais oibríochtúla agus theicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais maidir le bainistiú riosca. Ba cheart rochtain a dheonú do CCP más rud é go gcomhlíontar critéir rochtana áirithe atá sonraithe i gcaighdeáin theicniúla rialála. Maidir le CCPanna nuabhunaithe a bheidh údaraithe nó sainaitheanta ar feadh tréimhse atá níos lú ná trí bliana tráth a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ag údaráis inniúla idirthréimhse suas le dhá bhliain go leith a fhormheas sula mbeidh rochtain iomlán neamh-idirdhealaitheach ann do na CCPanna sin i dtaca le hurrúis inaistrithe agus le hionstraimí mhargadh an airgid. Má roghnaíonn CCP leas a bhaint as an socrú idirthréimhseach, áfach, níor cheart go bhfhéadfadh sé tairbhiú de na cearta rochtana ar ionad trádála faoin Rialachán seo ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh. Thairis sin, níor cheart go bhfhéadfadh aon ionad trádála a bhfuil dlúthbhaint aige leis an CCP sin tairbhiú de na cearta rochtana ar CCP faoin Rialachán seo ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh.

(39)

Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, leagtar síos na coinníollacha faoinar cheart rochtain neamh-idirdhealaitheach idir CCPanna agus ionaid trádála a dheonú i leith díorthach thar an gcuntar. Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sainmhínítear díorthaigh thar an gcuntar mar dhíorthaigh nach ndéantar a bhforghníomhú ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 19(6) de Threoir 2004/39/CE. Chun aon bhearnaí nó forluí a sheachaint agus chun comhsheasmhacht idir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus an Rialachán seo a áirithiú, tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann le rochtain neamh-idirdhealaitheach idir CPlanna agus ionaid trádála maidir le díorthaigh a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE agus leis na hionstraimí airgeadais neamhdhíorthach uile.

(40)

Ba cheart ceangal a chur ar ionaid trádála rochtain a sholáthar lena n-áirítear fothaí sonraí ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach do CCPanna ar mian leo idirbhearta arna bhforghníomhú ar ionad trádála a imréiteach. Níor cheart, áfach, go bhfágfadh an méid sin go gcaithfí leas a bhaint as socruithe idir-inoibritheachta chun idirbhearta i ndíorthaigh a imréiteach nó chun ilroinnt leachtachta a chruthú ar bhealach a bheadh ina bhagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil margaí. Níor cheart d’ionad trádála rochtain a dhiúltú ach amháin más rud é nach gcomhlíontar critéir rochtana áirithe atá sonraithe i gcaighdeáin theicniúla rialála. Maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, bheadh sé díréireach é a chur de cheangal ar ionaid trádála bheaga, go háirithe iad siúd a bhfuil dlúthbhaint acu le CCPanna, ceanglais maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach a chomhlíonadh láithreach más rud é nach bhfuil an cumas teicneolaíoch faighte fós acu chun feidhmiú go cothrom le formhór an mhargaidh bonneagair iarthrádála. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh an rogha ag ionaid trádála atá faoi bhun na tairsí ábhartha iad féin a dhíolmhú, agus dá bhrí sin na CCPanna a bhaineann leo, ó na ceanglais maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach i ndáil le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh tréimhse 30 mí, ar tréimhse é a d’fhéadfaí a athnuachan ina dhiaidh sin. Má roghnaíonn ionad trádála é féin a dhíolmhú, áfach, níor cheart go bhfhéadfadh sé tairbhiú de na cearta rochtana ar CCP faoin Rialachán seo ar feadh thréimhse an díolmhaithe.

Thairis sin, níor cheart go bhfhéadfadh aon CCP a bhfuil dlúthbhaint aige leis an ionad trádála sin tairbhiú de na cearta rochtana ar ionad trádála faoin Rialachán seo ar feadh thréimhse an díolmhaithe. I Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 sainaithnítear gur cheart ceadúnais a bheith ar fáil ar théarmaí comhréireacha atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheacha i gcásanna ina mbaineann cearta tráchtála agus maoine intleachtúla le seirbhísí airgeadais atá bainteach le conarthaí díorthacha. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain ar cheadúnais do thagarmharcanna agus ar fhaisnéis a bhaineann leo a úsáidtear chun luach ionstraimí airgeadais a chinneadh a sholáthar do CCPanna agus d’ionaid trádála eile ar bhonn comhréireach, cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart go mbeadh aon cheadúnas bunaithe ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Gan dochar d’fheidhmiú rialacha iomaíochta, i gcás ina bhforbraítear tagarmharc nua i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart tús a chur leis an oibleagáid é a cheadúnú 30 mí tar éis d’ionstraim airgeadais a thagraíonn don tagarmharc sin tosú ag trádáil nó tar éis an ionstraim airgeadais sin a ligean isteach chun a trádála. Tá rochtain ar cheadúnais ríthábhachtach chun rochtain a éascú idir ionaid trádála agus CCPanna faoi Airteagal 35 agus faoi Airteagal 36 mar mura ndéanfaí sin d’fhéadfaí, trí shocruithe ceadúnúcháin, rochtain a chosc i gcónaí idir ionaid trádála agus CCPanna a bhfuil rochtain chucu iarrtha acu.

Tá sé i gceist trí dheireadh a chur le bacainní agus le cleachtais idirdhealaitheacha iomaíocht a mhéadú maidir le himréiteach agus trádáil ionstraimí airgeadais chun costais infheistíochta agus iasachtaíochta a laghdú, neamhéifeachtúlachtaí a dhíchur agus nuálaíocht a chothú i margaí an Aontais. Ba cheart don Choimisiún leanúint le faireachán dlúth a dhéanamh ar an athrú a thagann ar bhonneagar iarthrádála agus ba cheart dó, i gcás inar gá sin, idiragairt a dhéanamh chun saobhadh iomaíoch a chosc sa mhargadh inmheánach, go háirithe sa chás go mbíonn Airteagal 101 nó Airteagal 102 CFAE á sárú ag diúltú do rochtain ar bhonneagar nó ar thagarmharcanna. Ba cheart go mbeadh na dualgais ceadúnúcháin faoin Rialachán seo gan dochar d’oibleagáid ghinearálta úinéirí dílsithe tagarmharcanna faoi dhlí iomaíochta an Aontais, agus faoi Airteagal 101 agus faoi Airteagal 102 CFAE, go háirithe, a mhéid a bhaineann le rochtain ar thagarmharcanna nach féidir déanamh dá n-uireasa chun dul isteach i margadh nua. Ní údaruithe ná leasuithe ar údaruithe atá i bhformheasanna ó údaráis inniúla gan cearta rochtana a chur i bhfeidhm le linn idirthréimhsí.

(41)

Tá soláthar seirbhísí ag gnólachtaí tríú tír san Aontas faoi réir córas agus ceanglas náisiúnta. Tá na córais sin an-difreálaithe agus ní thugann siad do na gnólachtaí arna n-údarú i gcomhréir leo an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ná an ceart bunaíochta i mBallstáit eile seachas sa cheann ina bhfuil siad bunaithe. Is iomchuí comhchreat rialála a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don chóras an creat ilroinnte atá ann cheana féin a chomhchuibhiú, a áirithiú go ndéileálfar go haonfhoirmeach le gnólachtaí tríú tír a bhfuil rochtain á fáil acu ar an Aontas agus go mbeidh deimhneacht ann ina leith, a áirithiú go mbeidh measúnú de choibhéis éifeachtach curtha i gcrích ag an gCoimisiún i ndáil le creat stuamachta agus iompair gnó tríú tíortha, agus ba cheart dó foráil a dhéanamh do leibhéal inchomparáide cosaintí do chliaint san Aontas a fhaigheann seirbhísí ó ghnólachtaí tríú tír.

Agus an córas á chur i bhfeidhm acu, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na réimsí atá cuimsithe ag tiomantais G-20 agus ag comhaontuithe leis na comhpháirtithe trádála is mó san Aontas agus ba cheart aird a thabhairt ar an ról lárnach atá ag an Aontas sna margaí airgeadais ar fud an domhain agus a áirithiú nach ndéanann cur i bhfeidhm ceanglas tríú tír cosc a chur ar infheisteoirí agus eisiúnóirí Aontais ó infheistiú i dtríú tíortha, nó i maoiniú a fháil ó thríú tíortha, nó ar infheisteoirí agus eisiúnóirí tríú tír ó infheistiú i margaí an Aontais, caipiteal a thiomsú iontu nó seirbhísí airgeadais eile a fháil uathu, mura rud é go bhfuil gá leis sin ar chúiseanna stuamachta atá oibiachtúil agus fianaise-bhunaithe. Agus na measúnuithe á ndéanamh aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar na Cuspóirí agus Prionsabail maidir le Rialáil Urrús de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrúis (IOSCO) agus ar na moltaí a ghabhann leo de réir mar a bheidh leasuithe agus léirmhínithe ag IOSCO.

I gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh lena gcinntear coibhéis éifeachtach, beidh an soláthar seirbhísí ag gnólachtaí tríú tír san Aontas fós faoi réir na gcóras náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún measúnú coibhéise a thionscnamh ar a thionscnamh féin. Ba cheart go bhféadfadh Ballstáit a chur in iúl gur chun a leasa é go ndéanfadh an Coimisiún measúnú coibhéise maidir le tríú tír áirithe nó le tríú tíortha áirithe, gan an fíoras gur chuir siad é sin in iúl a bheith ceangailteach ar an gCoimisiún próiseas coibhéise a thionscnamh. Ba cheart go mbeadh an measúnú coibhéise bunaithe ar thorthaí; ba cheart go ndéanfadh sé measúnú ar a mhéid atá éifeachtaí rialála comhchosúla agus leormhaithe á ngnóthú ag na creata rialála agus maoirseachta sna tríú tíortha faoi seach agus ar a mhéid atá na cuspóirí céanna agus atá i ndlí an Aontais á gcomhlíonadh ag na creataí sin. Agus na measúnuithe coibhéise sin á dtionscnamh ag an gCoimisiún, ba cheart dó tosaíochtaí a leagan síos i measc dlínsí tríú tír, á chur san áireamh dó a ábhartha atá an fhionnachtain coibhéise do ghnólachtaí agus cliaint an Aontais, an ann do chomhaontuithe maoirseachta agus comhair idir an tríú tír agus na Ballstáit, an ann do chóras coibhéise éifeachtaí maidir le gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais eachtracha a shainaithint agus freisin leas agus toilteanas an tríú tír a bheith rannpháirteach sa phróiseas measúnaithe coibhéise. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar aon athruithe suntasacha ar chreat rialála agus maoirseachta an tríú tír agus athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí coibhéise i gcás inarb iomchuí.

(42)

Faoin Rialachán seo, ba cheart soláthar seirbhísí gan bhrainsí a bheith teoranta do chontrapháirtithe incháilithe agus go cliaint ghairmiúla per se. Ba cheart é a bheith faoi réir a chláraithe ag ÚEUM agus faoi réir maoirseachta sa tríú tír. Ba cheart socruithe cuí comhair a bheith i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla sa tríú tír.

(43)

Níor cheart go ndéanfadh forálacha an Rialacháin seo lena rialaítear soláthar seirbhísí nó gabháil do ghníomhaíochtaí ag gnólachtaí tríú tír difear don chaoi a bhféadfadh daoine atá bunaithe san Aontas seirbhísí infheistíochta a fháil ó ghnólacht tríú tír ag gníomhú dóibh ar a dtionscnamh eisiach féin nó don chaoi a bhféadfadh gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí creidmheasa Aontais seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a fháil ó ghnólacht tríú tír ar a dtionscnamh eisiach féin nó don chaoi a bhféadfadh cliant seirbhísí infheistíochta a fháil ó ghnólacht tríú tír ar a thionscnamh eisiach féin trí idirghabháil institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta den sórt sin. I gcás ina soláthraíonn gnólacht tríú tír seirbhísí ag gníomhú dó ar thionscnamh eisiach duine atá bunaithe san Aontas, níor cheart na seirbhísí a mheas mar sheirbhís a soláthraíodh i gcríoch an Aontais. I gcás ina ndéanann gnólacht tríú tír cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas nó go ndéanann sé seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta mar aon le seirbhísí coimhdeacha a chur chun cinn san Aontas, nó fógraíocht a dhéanamh orthu san Aontas, níor cheart a mheas gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach féin an chliaint.

(44)

Maidir le haitheantas a thabhairt do ghnólachtaí tríú tír, agus i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais faoin gcomhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála lena n-áirítear an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil i Seirbhísí, níor cheart cinntí lena gcinntear go bhfuil creat rialála agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach le creat rialála agus maoirseachta an Aontais a ghlacadh ach amháin má fhorálann creat maoirseachta an tríú tír do chóras coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi chórais dlí eachtracha i gcomhréir, i measc nithe eile, leis na cuspóirí ginearálta rialála agus na caighdeáin a leagadh amach ag G-20 i Meán Fómhair 2009 maidir leis an trédhearcacht i margaí na ndíorthach a fheabhsú, an riosca sistéamach a mhaolú, agus cosaint a chur ar fáil ar dhrochúsáid margaidh. Ba cheart córas den sórt sin a mheas mar chóras coibhéiseach má áirithítear leis gur comhchosúil le ceanglais an Aontais atá toradh substaintiúil an chreata rialála is infheidhme agus ba cheart a mheas gur córas éifeachtach é má tá na rialacha sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

(45)

Tharla réimse cleachtas calaoiseach i spotmhargaí tánaisteacha i lamháltais astaíochtaí (EUA) a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de mhuinín daoine as scéimeanna trádála astaíochtaí, a cuireadh ar bun le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus tá bearta á ndéanamh chun go neartófaí córas na gclár um EUA agus na coinníollacha chun cuntas a oscailt chun EUA-anna a thrádáil. Chun sláine na margaí sin a neartú agus chun feidhmiú éifeachtúil na margaí sin a choimirciú, lena n-áirítear maoirseacht chuimsitheach ar ghníomhaíocht trádála, is iomchuí cur leis na bearta a glacadh faoi Threoir 2003/87/CE trí lamháltais astaíochtaí a thabhairt go hiomlán faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE, chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus le Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), trí bhíthin a n-aicmiú mar ionstraimí airgeadais.

(46)

Ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Go háirithe, ba cheart na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le raon feidhme forálacha áirithe den Rialachán seo a shíneadh do bhainc cheannais tríú tíortha, mionsonraí ar leith i dtaobh sainmhínithe, forálacha sonracha a bhaineann le costas i dtaobh na hinfhaighteachta ar shonraí margaidh, rochtain ar luachana, na méideanna ag a ngabhfaidh gnólacht nó faoina ngabhfaidh gnólacht idirbheart ar láimh le cliant ar bith eile a gcuirtear luachan ar fáil dó, comhbhrú punainne agus coinníollacha a chinneadh tuilleadh faoina mbeadh gá le gníomhaíocht ó ÚEUM, ó ÚBE ó údaráis inniúla faoi chathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairtí ar chosaint d’infheisteoirí, d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine, an idirthréimhse faoi Airteagal 35(5) den Rialacháin seo a shíneadh ar feadh tréimhse áirithe ama agus maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme forálacha áirithe den Rialachán seo ar feadh tréimhse áirithe ama. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comharliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(47)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le glacadh an chinnidh coibhéise maidir le creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír i dtaobh seirbhísí a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tír nó ag ionaid trádála tríú tír, chun na críche go mbeidh siad incháilithe mar ionaid trádála le haghaidh díorthach faoi réir oibleagáide trádála agus go mbeidh rochtain ag CCPanna tríú tíortha agus ionaid trádála tríú tír ar ionaid trádála agus CCPanna atá bunaithe san Aontas. Ba cheart na cumhachtaí seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(48)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ceanglais aonfhoirmeacha a bhaineann le hionstraimí airgeadais maidir le sonraí trádála a nochtadh, le hidirbhearta a thuairisciú chuig údaráis inniúla, le díorthaigh agus scaireanna a thrádáil ar ionaid eagraithe, le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCPanna, ionaid trádála agus tagarmharcanna, le cumhachtaí idirghabhála táirgí agus cumhachtaí maidir le bainistiú suímh agus teorainneacha suímh, le soláthar seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta ag gnólachtaí tríú tír a ghnóthú go leordhóthanach, i ngeall ar, cé gur fearr atá sé ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ar an margadh, nach féidir tionchar foriomlán na bhfadhbanna a bhaineann le trédhearcacht trádála, le tuairisciú idirbheart, le trádáil díorthach agus le toirmisc ar tháirgí agus ar chleachtais a thuiscint go hiomlán ach i gcomhthéacs an Aontais ar fad, ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(49)

Aon ghníomhaíocht a dhéanann aon údarás inniúil nó ÚEUM i bhfeidhmiú a ndualgas, níor cheart go mbeadh i gceist léi idirdhealú díreach nó indíreach i gcoinne aon Bhallstáit nó grúpa de Bhallstáit mar ionad chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar in aon airgeadra. Níor cheart go ndéanfadh aon ghníomhacht de chuid ÚBE agus a chuid dualgas faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige idirdhealú, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon Bhallstát nó ar aon ghrúpa Ballstát,

(50)

Ba cheart go ndéanfadh caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais cosaint leormhaith taisceoirí, infheisteoirí agus tomhaltóirí ar fud an Aontais a áirithiú. Ós rud é gur comhlacht é ÚEUM a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh ÚEUM chun go ndéanfadh ÚEUM iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(51)

Na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM maidir le saintréithe beachta na gceanglas trédhearcachta trádála, maidir leis na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais agus na cineálacha idirbheart atá ábhartha faoin Rialachán seo, maidir leis na coinníollacha mionsonraithe le haghaidh tarscaoiltí ó thrédhearcacht réamhthrádála, maidir le socruithe d’fhoilsiú iarchurtha iarthrádála, maidir leis an oibleagáid sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil go leithleach, maidir leis na critéir i ndáil le hoibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a chur i bhfeidhm d’inmheánaitheoirí córasacha, maidir le nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, maidir le hinneachar agus minicíocht iarrataí sonraí chun faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríofaí eile, maidir le hidirbhearta nach rannchuidíonn leis an bpróiseas praghas-aimsithe, maidir leis na sonraí ordaithe atá le coinneáil, maidir le hinneachar agus sonraíochtaí tuarascálacha idirbhirt, maidir le hinneachar agus sonraíocht sonraí tagartha ionstraime airgeadais, maidir le cineálacha conarthaí ag a bhfuil éifeacht dhíreach, shubstainteach agus intuartha laistigh den Aontas agus na cásanna ina bhfuil gá le hoibleagáid trádála le haghaidh díorthach, maidir leis na ceanglais do chórais agus nósanna imeachta chun a áirithiú go ndéantar idirbhearta i ndíorthaigh imréitithe a thíolacadh agus a ghlacadh i gcomhair a n-imréiteach, ina sonraítear socruithe do chineálacha seirbhíse imréitigh indírigh, maidir le díorthaigh atá faoi réir oibleagáide trádáil a dhéanamh ar ionaid trádála eagraithe, maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP agus ar ionad trádála, maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thagarmharcanna ceadúnais agus leis an oibleagáid ina leith, agus a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis ar cheart don ghnólacht iarrthach tríú tír a chur ar fáil d’ÚEUM ina iarratas ar chlárú, ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

(52)

Foráiltear le hAirteagal 95 de Threoir 2014/65/AE do dhíolúine idirthréimhseach le haghaidh conarthaí áirithe de dhíorthaigh fuinnimh C6. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ndéanfaí an méid sin a chur san áireamh sna caighdeáin theicniúla ina sonraítear an oibleagáid imréitigh arna bhforbairt ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus nach ndéantar leo oibleagáid imréitigh a fhorchur ar chonarthaí díorthach a bheadh faoi réir díolúine idirthréimhseach ina dhiaidh sin le haghaidh conarthaí díorthach fuinnimh C6.

(53)

Ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sa Rialachán seo a iarchur chun infheidhmeacht a ailíniú le cur i bhfeidhm rialacha trasuite na Treorach athmhúnlaithe agus chun na bearta cur chun feidhme riachtanacha uile a bhunú. Ba cheart an pacáiste rialála ina iomláine a chur i bhfeidhm ansin ón tráth céanna. Is é an t-aon ní nár cheart a iarchur ná cur i bhfeidhm na gcumhachtuithe le haghaidh beart cur chun feidhme ionas gur féidir tosú ar na céimeanna riachtanacha chun na bearta cur chun feidhme sin a dhréachtú agus a ghlacadh a luaithe agus is féidir.

(54)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16), an ceart cosaint tomhaltóirí a fháil (Airteagal 38), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47), agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (Airteagal 50), agus ní mór é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(55)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 10 Feabhra 2012 (18),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO a GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

sonraí trádála a nochtadh don phobal;

(b)

idirbhearta a thuairisciú do na húdaráis inniúla;

(c)

díorthaigh a thrádáil ar ionaid eagraithe;

(d)

rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thrádáil i dtagarmharcanna;

(e)

cumhachtaí na n-údarás inniúil, ÚEUM agus ÚBE i leith idirghabhála táirgí agus cumhachtaí ÚEUM maidir le rialuithe ar bhainistiú suímh agus le teorannú suímh;

(f)

seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tír tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) nuair atá seirbhís infheistíochta á soláthar acu agus/nó nuair atá gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu agus le hoibreoirí margaidh lena n-áirítear aon ionaid trádála ina n-oibríonn siad.

3.   Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais uile mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus leis na contrapháirtithe neamhairgeadais uile a thagann faoi Airteagal 10(1)(b) den Rialachán sin.

4.   Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo maidir le CCPanna agus le daoine a bhfuil cearta dílseánaigh acu i leith tagarmharcanna.

5.   Tá feidhm ag Teideal VIII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, laistigh den Aontas tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh.

6.   Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8, 10, 18 agus 21 maidir le margaí rialáilte, le hoibreoirí margaidh ná le gnólachtaí infheistíochta i ndáil le hidirbheart sa chás inar comhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) é an contrapháirtí agus i gcás ina ndéantar an t-idirbheart sin le linn do bheartas airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais a bheith á chomhall ag an gcomhalta sin de chuid CEBC, ar beartas é a bhfuil sé cumhachtaithe go dlíthiúil lena shaothrú agus más rud é go bhfuil fógra roimh ré tugtha ag an gcomhalta sin dona chontrapháirtí á rá go bhfuil an t-idirbheart díolmhaithe.

7.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hidirbhearta a dhéanann aon chomhalta de chuid CEBC i bhfeidhmiú a gcuid oibríochtaí infheistíochta dóibh.

8.   Déanfaidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta agus na cineálacha idirbheart a mbeidh feidhm ag mír 6 agus ag mír 7 maidir leo.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

9.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun raon feidhme mhír 6 a leathnú chuig bainc cheannais eile.

Chuige sin, faoin 1 Meitheamh 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar dhéileáil na n-idirbheart ag bainc cheannais tríú tíortha lena n-áirítear chun críocha na míre seo an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh ar áireamh sa tuarascáil, anailís ar a gcúraimí reachtúla agus ar a méideanna trádála laistigh den Aontas. Déanfar sa tuarascáil:

(a)

na forálacha is infheidhme sna tríú tíortha ábhartha a shainaithint a mhéid a bhaineann le hidirbhearta bainc ceannais a nochtadh ar bhonn rialála, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann comhaltaí de chuid CEBC sna tríú tíortha sin, agus

(b)

measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na ceanglais sin maidir le nochtadh ar bhonn rialála laistigh den Aontas ar idirbhearta bainc ceannais tríú tír.

Más é conclúid na tuarascála go bhfuil gá leis an díolúine dá bhforáiltear i mír 6 i ndáil le hidirbhearta sa chás inar banc ceannais tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí beartais airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais é an contrapháirtí, forálfaidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag an díolúine sin maidir leis an mbanc ceannais tríú tír sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘gnólacht infheistíochta’ gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;

(2)

ciallaíonn ‘seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta’ seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE;

(3)

ciallaíonn ‘seirbhísí coimhdeacha’ seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(3) de Threoir 2014/65/AE;

(4)

ciallaíonn ‘orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant’ forghníomhú thar cheann cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(5) de Threoir 2014/65/AE;

(5)

ciallaíonn ‘deileáil ar a chuntas féin’ bheith ag deileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(6) de Threoir 2014/65/AE;

(6)

ciallaíonn ‘cruthaitheoir margaidh’ cruthaitheoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE;

(7)

ciallaíonn ‘cliant’ cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(9) de Threoir 2014/65/AE;

(8)

ciallaíonn ‘cliant gairmiúil’ cliant gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(10) de Threoir 2014/65/AE;

(9)

ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;

(10)

ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(18) de Threoir 2014/65/AE;

(11)

ciallaíonn ‘córas iltaobhach’ córas iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(19) de Threoir 2014/65/AE;

(12)

ciallaíonn ‘inmheánaitheoir córasach’ inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Threoir 2014/65/AE;

(13)

ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;

(14)

ciallaíonn ‘saoráid trádála iltaobhach’ nó ‘MTF’ saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;

(15)

ciallaíonn ‘saoráid trádála eagraithe’ nó ‘OTF’ saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;

(16)

ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;

(17)

ciallaíonn ‘margadh leachtach’:

(a)

chun críocha Airteagal 9, Airteagal 11, agus Airteagal 18, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais nó aicme d’ionstraimí airgeadais, nuair is ann ar bhonn leanúnach do cheannaitheoirí agus díoltóirí atá faoi réir agus toilteanach, agus i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas, agus na struchtúir mhargaidh shonracha den ionstraim airgeadais ar leith nó den aicme d’ionstraimí airgeadais ar leith á gcur san áireamh:

(i)

meánmhinicíocht agus meánmhéid na n-idirbheart trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus do shaolré na dtáirgí laistigh den aicme d’ionstraimí airgeadais;

(ii)

líon agus cineál na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear an coibhneas idir na rannpháirtithe sa mhargadh agus na hionstraimí airgeadais a thrádáiltear maidir le táirge ar leith;

(iii)

meánmhéid na raonta difríochta, nuair is ann dóibh;

(b)

chun críocha Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 14, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir na gcritéar seo a leanas:

(i)

an tsaor-chomhlúthacht;

(ii)

meánlíon laethúil na n-idirbheart sna hionstraimí airgeadais sin;

(iii)

an meánláimhdeachas laethúil do na hionstraimí airgeadais sin;

(18)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(26) de Threoir 2014/65/AE;

(19)

ciallaíonn ‘insititiúid creidhmeasa’ institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(20)

ciallaíonn ‘brainse’ brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(30) de Threoir 2014/65/AE;

(21)

ciallaíonn ‘dlúthbhaint’ dlúthbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(35) de Threoir 2014/…/AE*;

(22)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/…/AE*;

(23)

ciallaíonn ‘taisce struchtúraithe’ taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/…/AE*;

(24)

ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/…/AE*;

(25)

ciallaíonn ‘admhálacha taisclainne’ admhálacha taisclainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(45) de Threoir 2014/65/AE;

(26)

ciallaíonn ‘ciste arna thrádáil ar an malartán’ nó ‘ETF’ ciste arna thrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(46) de Threoir 2014/65/AE;

(27)

ciallaíonn ‘deimhnithe’ na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus, i gcás aisíocaíochta ar infheistíocht ón eisiúnóir, atá rangaithe os cionn scaireanna ach faoi bhun ionstraimí bannaí neamhurraithe agus ionstraimí eile dá samhail;

(28)

ciallaíonn ‘táirgí airgeadais struchtúraithe’ na hurrúis sin a chruthaítear chun urrusú agus aistriú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa a bhaineann le comhthiomsú sócmhainní airgeadais a thugann teideal do shealbhóir an urrúis íocaíochtaí rialta a fháil a bhraitheann ar an sreabhadh airgid ó na bunsócmhainní;

(29)

ciallaíonn ‘díorthaigh’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C (4) go (10) a ghabhann léi;

(30)

ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí’ na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar ionstraimí iad a bhaineann le tráchtearra nó le bunionstraim dá dtagraítear i Roinn C(10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó i bpointí (5), (6), (7) agus (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi

(31)

ciallaíonn ‘CCP’ CCP de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(32)

ciallaíonn ‘díorthach arna thrádáil ar mhalartán’ díorthach a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus nach dtagann faoin sainmhíniú ar dhíorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(33)

ciallaíonn ‘léiriú leasa inghníomhaithe’ teachtaireacht ó chomhalta nó ó rannpháirtí amháin chuig comhalta nó rannpháirtí eile laistigh de chóras trádála maidir le leas trádála atá ar fáil ina bhfuil an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go bhféadfar comhaontú ar thrádáil;

(34)

ciallaíonn ‘socrú formheasta maidir le foilsiú’ nó ‘APA’ socrú formheasta maidir le foilsiú mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(52) de Threoir 2014/65/AE;

(35)

ciallaíonn ‘soláthraí teilitéipe comhdhlúite’ nó ‘CTP’ soláthraí teilitéipe comhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(53) de Threoir 2014/65/AE;

(36)

ciallaíonn ‘sásra tuairiscithe formheasta’ nó ‘ARM’ sásra tuairiscithe formheasta mar atá sainmhíníthe in Airteagal 4(1)(54) de Threoir 2014/65/AE*;

(37)

ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(55) de Threoir 2014/65/AE;

(38)

ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(56) de Threoir 2014/65/AE;

(39)

ciallaíonn ‘tagarmharc’ aon ráta, innéacs nó figiúr, arna chur ar fáil don phobal nó arna fhoilsiú agus a dhéantar a chinneadh go tréimhsiúil nó go tráthrialta trí fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó maidir le luach praghais amháin nó níos mó, nó atá bunaithe ar an luach sin, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó aon luachanna eile, nó suirbhéanna agus a ndéantar an méid atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh ina fhianaise.

(40)

ciallaíonn ‘socrú idir-inoibritheachta’ socrú idir-inoibritheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(41)

ciallaíonn ‘institiúid airgeadais tríú tír’ eintiteas a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír, ar eintiteas é atá údaraithe nó ceadúnaithe faoi dhlí an tríú tír sin tabhairt faoi cheann ar bith de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a liostaítear i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE, i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) nó i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(42)

ciallaíonn ‘gnólacht tríú tír’ gnólacht tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(57) de Threoir 2014/65/AE;

(43)

ciallaíonn ‘táirge mórdhíola fuinnimh’ táirgí mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25);

(44)

ciallaíonn ‘díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta’ conarthaí díorthacha a bhaineann le táirgí a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus in Iarscríbhinn I, Cuid I go Cuid XX agus Cuid XXIV/1 a ghabhann leis;

(45)

ciallaíonn ‘ilroinnt leachtachta’ staid nuair a tharlaíonn ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

níl na rannpháirtithe in ionad trádála in ann idirbhearta a chur i gcrích le rannpháirtí amháin nó le níos mó ná rannpháirtí amháin san ionad trádála sin i ngeall ar nach ann do shocruithe imréitigh a bhfuil rochtain ag na rannpháirtithe uile orthu; nó

(b)

chuirfí iallach ar chomhalta imréitigh nó a chuid cliant a suímh a choimeád in ionstraim airgeadais i níos mó ná CCP amháin a chuirfeadh teorainn ar an acmhainneacht neamhchosaintí airgeadais a ghlanluacháil.

(46)

ciallaíonn ‘fiachas ceannasach’ fiachas ceannasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(61) de Threoir 2014/65/AE;

(47)

ciallaíonn ‘comhbhrú punainne’ seirbhís laghdaithe riosca ina ndéanann dhá chontrapháirtí nó níos mó cuid de na díorthaigh nó na díorthaigh uile arna dtíolacadh ag na contrapháirtithe sin lena gcuimisiú sa chomhbhrú punainne a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach agus ina ndéantar díorthach eile a chur in ionad na ndíorthach a foirceannadh a bhfuil a luach barúlach comhcheangailte níos lú ná luach barúlach comhcheangailte na ndíorthach a foirceannadh.

2.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun gnéithe teicniúla áirithe de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú tuilleadh, d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh.

TEIDEAL II

TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH IONAD TRÁDÁLA

CAIBIDIL 1

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí cothromais

Airteagal 3

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéantar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála.

2.   Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha agus córais trádála do cheantáil thréimhsiúil.

3.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, rochtain a sholáthar ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in EFTanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 14.

Airteagal 4

Tarscaoiltí le haghaidh ionstraimí cothromais

1.   An oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

córais a mheaitseálann orduithe atá bunaithe ar mhodheolaíocht trádála trína ndéantar praghas na hionstraime airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a dhíorthú ón ionad trádála inar ligeadh isteach chun trádála an ionstraim airgeadais sin den chéad uair nó ón margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta de, i gcás ina ndéantar an praghas tagartha a fhoilsiú go forleathan agus a ndéanann na rannpháirtithe margaidh é a mheas mar phraghas tagartha iontaofa. Beidh úsáid leanúnach an tarscaoilte sin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 5.

(b)

córais ina gcuirtear na hidirbhearta réamhshocraithe ar bhonn foirmiúil, ar idirbhearta iad:

(i)

a dhéantar laistigh de raon ualaithe na méideanna reatha a léirítear sa leabhar orduithe nó luachana ó chruthaitheoirí margaidh an ionaid trádála a bhfuil an córas sin á oibriú aige, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach inAirteagal 5;

(ii)

atá i scair neamhleachtach, in admháil taisclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach dtagann faoi réir bhrí an mhargaidh leachtaigh agus a dhéileáiltear laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach, is é sin céatadán agus praghas tagartha a leagann oibreoir an chórais amach roimh ré; nó

(iii)

atá faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin;

(c)

orduithe atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh;

(d)

orduithe a shealbhaítear i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad.

2.   Bunófar an praghas tagartha dá dtagraítear i mír 1(a) trí cheann de na nithe seo a leanas a ghnóthú:

(a)

an lárphointe i bpraghsanna tairgthe agus tairisceana reatha an ionaid trádála ina ndearnadh an ionstraim airgeadais sin a ligean isteach chun a trádála den chéad uair nó an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta; nó

(b)

nuair nach mbíonn an praghas dá dtagraítear i bpointe (a) ar fáil, praghas oscailte nó dúnta an tseisiúin trádála ábhartha.

Ní fhéadfar tagairt a dhéanamh in orduithe do na praghsanna dá dtagraítear i bpointe (b) ach amháin lasmuigh de chéim trádála leanúnach an tseisiúin trádála ábhartha.

3.   I gcás ina ndéanann ionaid trádála córais a oibriú trína ndéantar idirbhearta caibidlithe a chur ar bhonn foirmiúil i gcomhréir le mír 1(b)(i):

(a)

déanfar na hidirbhearta sin i gcomhréir le rialacha an ionaid trádála;

(b)

déanfaidh an t-ionad trádála a áirithiú gurb ann do shocruithe, do chórais agus do nósanna imeachta chun drochúsáid mhargaidh, nó iarracht ar dhrochúsáid mhargaidh, i ndáil le hidirbhearta réamhshocraithe den sórt sin a chosc agus a bhrath i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(c)

déanfaidh an t-ionad trádála córais a bhunú, a chothabháil agus a chur chun feidhme chun aon iarracht ar úsáid an tarscaoilte chun teacht timpeall ar cheanglais eile an Rialacháin seo nó Threoir 2014/65/AE a bhrath agus chun iarrachtaí den sórt sin a thuairisciú don údarás inniúil.

Más rud é go ndeonaíonn údarás inniúil tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1(b)(i) nó (iii), déanfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar úsáid an tarscaoilte sin ag an ionad trádála chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh úsáid an tarscaoilte á n-urramú.

4.   Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, déanfaidh údaráis inniúla fógra a thabhairt do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach tarscaoilte aonair agus míniú a sholáthar maidir lena fheidhmiú, lena n-áirítear mionsonraí an ionaid trádála ina bhfuil an praghas tagartha bunaithe dá dtagraítear dó i mír 1(a). Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dó an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim neamhcheangailteach chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid atá gach aon tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 6. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an méid sin, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

5.   Féadfaidh údarás inniúil, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air ag údarás inniúil eile, tarscaoileadh arna dheonú faoi mhír 1 a tharraingt siar, mar a shonraítear faoi mhír 6, má fheictear dó go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imíonn óna chuspóir bunaidh nó má chreideann sé go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachana ó chruthaitheoirí ainmnithe margaidh, agus leibhéal an leasa trádála ar na praghsanna sin, nach mór a phoibliú le haghaidh gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(1), agus an calabrú is gá á chur i gcuntas maidir leis na cineálacha éagsúla córas trádála de réir dá tagraítear in Airteagal 3(2);

(b)

an margadh is ábhartha ó thaobh leachtachta ionstraime airgeadais de i gcomhréir le mír 1(a);

(c)

saintréithe sonracha idirbhirt réamhshocraithe maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir leis an gcomhalta nó an rannpháirtí in ionad trádála idirbheart den sórt sin a fhorghníomhú;

(d)

na hidirbhearta réamhshocraithe nach ranchuidíonn le foirmiú praghsanna a bhaineann leis as an tarscaoileadh dá bhforáiltear i mír 1(b)(iii);

(e)

méid na n-orduithe atá ar scála mór agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe de chuid ionad trádála go dtí go nochtfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

7.   Maidir le tarscaoiltí arna ndeonú ag údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 29(2) agus le hAirteagal 44(2) de Threoir 2004/39/CE agus i gcomhréir le hAirteagal 18, le hAirteagal 19 agus le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 roimh an 3 Eanáir 2017, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú orthu faoin 3 Eanáir 2019. Eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil i dtrácht ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a bheidh gach ceann de na tarscaoiltí sin fós ag teacht leis na ceanglais a bhunaítear leis an Rialachán seo agus in aon ghníomh tarmligthe agus caighdeán teicniúil rialála atá bunaithe ar an Rialachán seo.

Airteagal 5

An Sásra Caidhpeála Méide

1.   Chun a áirithiú nach ndéanfaidh úsáid na dtarscaoiltí dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)(a) agus in Airteagal 4(1)(b)(i) dochar míchuí d’fhoirmiú praghsanna, déantar trádáil faoi na tarscaoiltí sin a shrianadh mar a leanas:

(a)

beidh céatadán na trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar ionad trádála faoi na tarscaoiltí sin teoranta do 4 % den mhéid iomlán trádála san ionstraim airgeadais sin ar gach ionad trádála ar fud an Aontais i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin.

(b)

beidh trádáil fhoriomlán an Aontais in ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí sin teoranta do 8 % den mhéid iomlán trádála san ionstraim airgeadais sin ar gach ionad trádála ar fud an Aontais i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin.

Ní bheidh feidhm ag an sásra caidhpeála méide sin maidir le hidirbhearta réamhshocraithe a bheidh i scair, in admháil tasclainne, in ETF, i ndeimhniú nó in ionstraim airgeadais eile dá samhail nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(17)(b) agus lena ndéileálfar laistigh de chéatadán de phraghas tagartha oiriúnach dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(ii), nó maidir le hidirbhearta réamhshocraithe a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha margaidh na hionstraime airgeadais sin, dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(b)(iii).

2.   Nuair a bheidh an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar ionad trádála faoi na tarscaoiltí tar éis dul thar an teorainn dá dtagraítear i mír 1(a), déanfaidh an t-údarás inniúil a d’údaraigh úsáid na dtarscaoiltí sin san ionad sin, laistigh de dha lá oibre, a n-úsáid ar an ionad sin san ionstraim airgeadais sin, bunaithe ar na sonraí a bheidh foilsithe ag ÚEUM agus dá dtagraítear i mír 4, a fhionraí ar feadh tréimhse sé mhí.

3.   Nuair a bheidh an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a dhéanfar ar gach ionad trádála ar fud an Aontais faoi na tarscaoiltí sin tar éis dul thar an teorainn dá dtagraítear i mír 1(b), déanfaidh gach údarás inniúil, laistigh de dhá lá oibre, úsáid na dtarscaoiltí sin ar fud an Aontais a fhionraí ar feadh tréimhse sé mhí.

4.   Laistigh de chúig lá oibre ó dheireadh gach míosa féilire, foilseoidh ÚEUM méid iomlán trádála an Aontais in aghaidh na hionstraime airgeadais a rinneadh sna 12 mhí roimhe sin, an céatadán trádála in ionstraim airgeadais a rinneadh ar fud an Aontais faoi na tarscaoiltí sin agus ar gach ionad trádála sna 12 mhí roimhe sin, agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na céatadáin sin a dhíorthú.

5.   I gcás ina sainaithneofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 gur ann d’aon ionad trádála ina mbeidh trádáil in aon ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí imithe thar 3,75 % den trádáil iomlán san Aontas san ionstraim airgeadais sin, bunaithe ar an 12 mhí trádála roimhe sin, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhreise laistigh de chúig lá oibre ón 15ú lá den mhí féilire ina bhfoilseofar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis a shonraítear i mír 4 i leith na n-ionstraimí airgeadais sin ina mbeidh 3,75 % sáraithe.

6.   I gcás ina sainaithneofar sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 4 go mbeidh trádáil fhoriomlán an Aontais in aon ionstraim airgeadais a dhéanfar faoi na tarscaoiltí imithe thar 7,75 % de thrádáil iomlán an Aontais in ionstraim airgeadais, bunaithe ar an 12 mhí trádála roimhe sin, foilseoidh ÚEUM tuarascáil bhreise laistigh de chúig lá oibre ón 15ú lá den mhí féilire ina bhfoilseofar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 4. Beidh sa tuarascáil sin an fhaisnéis a shonraítear i mír 4 i leith na n-ionstraimí airgeadais sin ina mbeidh 7,75 % sáraithe.

7.   Chun a áirithiú go mbeidh bonn iontaofa ann chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil a dhéantar faoi na tarscaoiltí sin agus chun a chinneadh an mbeifear tar éis na teorainneacha dá dtagraítear i mír 1 a shárú, beidh oibleagáid ar oibreoirí ionad trádála córais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun:

(a)

a chumasú go ndéanfar gach trádáil a bheidh tarlaithe ar a ionad trádála faoi na tarscaoiltí sin a shainaithint; agus

(b)

a áirithiú nach rachaidh sé thar an gcéatadán ceadaithe den trádáil a cheadaítear faoi na tarscaoiltí sin dá dtagraítear i mír 1(a) in imthosca ar bith.

8.   Tosóidh an tréimhse chun na sonraí trádála ag ÚEUM a fhoilsiú, agus dá mbeidh faireachán le déanamh ar thrádáil in ionstraim airgeadais faoi na tarscaoiltí sin, an 3 Eanáir 2016. Gan dochar d’Airteagal 4(5), cumhachtófar d’údaráis inniúla úsáid na dtarscaoiltí sin a fhionraí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ina dhiaidh sin ar bhonn míosúil.

9.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an modh a shonrú, lena n-áirítear idirbhearta a chlárú faoi bhratach trína ndéanfaidh sé na sonraí idirbhirt a thiomsú, a ríomh agus a fhoilsiú, mar atá leagtha amach i mír 4, chun tomhas cruinn a chur ar fáil ar mhéid iomlán na trádála in aghaidh na hionstraime airgeadais agus ar na céatadáin trádála a úsáidfidh na tarscaoiltí sin ar fud an Aontais agus in aghaidh an ionaid trádála.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Ceanglais trédhearcachta iarthrádála maidir le hionad trádála i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, méid agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhófar i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar an ionad trádála sin. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

2.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain éifeachtach, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáidfidh siad chun an fhaisnéis faoi mhír 1 den Airteagal seo a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a mbeidh oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFAnna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a fhoilsiú de bhun Airteagal 20.

Airteagal 7

Foilsiú iarchurtha a údarú

1.   Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu a údarú chun foráil a dhéanamh d’fhoilsiú iarchurtha mionsonraí idirbheart i bhfianaise a gcineáil agus a méide.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i ndáil le hidirbhearta atá ar scála mór i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don scair, don admháil taisclainne, don ETF, don deimhniú nó don ionstraim airgeadais eile dá samhail, nó don aicme sin de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála iarchurtha agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad sa chleachtas.

I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil foilsiú iarchurtha a údarú agus ina n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile leis an iarchur sin nó ina n-easaontóidh sé le cur i bhfeidhm iarbhír an údaraithe a deonaíodh, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an cheist a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE:

(a)

mionsonraí na n-idirbheart a dhéanfaidh gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, a chur ar fáil don phobal i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 6(1), lena n-áirítear sainaitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoi Airteagal 6(1) agus faoi Airteagal 20, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd arna gcinneadh le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin arna gcinneadh le tosca eile;

(b)

mheasfaí an teorainn ama a bheith ar comhréir leis an oibleagáid foilsiú chomh gar agus is féidir don fhíor-am, lena n-áirítear nuair a fhorghníomhófar trádálacha lasmuigh de ghnáthuaireanta trádála.

(c)

na coinníollacha chun a údarú do ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, foráil a dhéanamh d’fhoilsiú sonraí na n-idirbheart i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann a chur siar, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 20(1);

(d)

na critéir atá le feidhmiú nuair a bheidh idirbhearta á gcinneadh a bhfuil foilsiú iarchurtha ceadaithe ina leith i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i ngeall ar mhéid an idirbhirt nó ar chineál, lena n-áirítear próifíl leachtachta na scaire, na hadmhála taisclainne, an ETF, an deimhnithe nó na hionstraime airgeadais eile dá samhail atá i gceist.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 2

Trédhearcacht le haghaidh ionstraimí neamhcothromais

Airteagal 8

Ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionad trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach

1.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha agus leibhéal na leasanna trádála ag na praghsanna sin a ndéanfar fógraíocht orthu trína gcórais maidir le bannaí, le táirgí airgeadais struchtúraithe, le lamháltais astaíochtaí agus le díorthaigh a thrádáiltear ar ionad trádála. Beidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le léirithe leasanna inghníomhaithe chomh maith. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála. Níl feidhm ag an oibleagáid foilsithe sin maidir leis na hidirbhearta díorthaigh sin de chontrapháirtithe neamhairgeadais agus ar idirbhearta iad is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin an chontrapháirtí neamhairgeadais nó an ghrúpa sin.

2.   Déanfar na ceanglais trédhearcachta dá dtagraítear i mír 1 a chalabrú do chineálacha éagsúla córas trádála, lena n-áirítear córais leabhar ordaithe, córais faoi thionchar luachana, córais hibrideacha, córais trádála do cheantáil thréimhsiúil agus córais ghuth-thrádála.

3.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, tabharfaidh siad rochtain iarbhír, ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáidfidh siad chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu a luachana i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 18.

4.   I gcás ina ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le hAirteagal 9(1)(b), poibleoidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu praghsanna táscacha tairgthe agus tairisceana réamhthrádála ar a laghad, ar praghsanna iad atá gar do phraghas na leasanna trádála a ndéantar fógraíocht ina leith trína gcórais i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal trí mheán leictreonach iomchuí ar bhonn leanúnach le linn gnáthuaireanta trádála. Leis na socruithe sin, áiritheofar go ndéanfar faisnéis a sholáthar ar théarmaí réasúnacha tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 9

Tarscaoiltí d’ionstraimí neamhchothromais

1.   Maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a phoibliú, beidh údaráis inniúla in ann í a tharscaoileadh maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

orduithe atá ar scála mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh agus orduithe atá ar seilbh i saoráid bainistithe orduithe an ionaid trádála go dtí go nochtfar iad;

(b)

léirithe leasanna inghníomhaithe i gcórais iarrtha luachana agus i gcórais ghuth-thrádála ar mó iad ná an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais, lena nochtfaí soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus lena gcuirtear san áireamh más infheisteoirí miondíola nó infheisteoirí mórdhíola iad rannpháirtithe ábhartha an mhargaidh;

(c)

díorthaigh nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide trádála a shonraítear in Airteagal 28 agus ionstraimí airgeadais eile nach bhfuil margadh leachtach ann ina leith.

2.   Sula ndeonófar tarscaoileadh i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir le húsáid bheartaithe gach iarratais aonair ar tharscaoileadh agus míniú a sholáthar maidir lena bhfeidhmiú. Tabharfar fógra faoin intinn tarscaoileadh a dheonú tráth nach lú ná ceithre mhí sula mbeartófar go mbeidh éifeacht leis an tarscaoileadh. Laistigh de dhá mhí tar éis dóibh an fógra a fháil, eiseoidh ÚEUM tuairim chuig an údarás inniúil atá i dtrácht ina ndéanfar measúnú féachaint an bhfuil an tarscaoileadh ag luí leis na ceanglais a bunaíodh i mír 1 agus a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála a glacadh de bhun mhír 5. I gcás ina ndeonóidh an t-údarás inniúil sin tarscaoileadh agus go n-easaontóidh údarás inniúil Ballstáit eile, féadfaidh an t-údarás inniúil sin an ní a tharchur ar ais chuig ÚEUM, a fhéadfaidh gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na dtarscaoiltí agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm iad go praiticiúil.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, dá ndeoin féin nó ar iarraidh ó údaráis inniúla eile, tarscaoileadh a bheidh deonaithe faoi mhír 1 a tharraingt siar má fheictear dóibh go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid ar shlí a imeoidh óna chuspóir bunaidh nó má mheasann siad go mbeidh an tarscaoileadh á úsáid chun teacht timpeall ar na ceanglais a bhunaítear san Airteagal seo.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM agus d’údaráis inniúla eile maidir leis an tarraingt siar sin gan mhoill agus sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus tabharfaidh siad cúiseanna iomlána lena gcinneadh.

4.   I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach shonraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéanfar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí a shonraítear in Airteagal 8 a fhionraí ar bhonn sealadach. Saineofar an tairseach shonraithe sin ar bhonn critéar oibiachtúil a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar fógra fionraí sealadaí mar sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha.

Beidh an fhionraí shealadach bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta a foilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar fionraí den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. Mura ndéanfar an fhionraí a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé as feidhm láithreach.

Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí faoin mír sin dá dtagraítear in Airteagal 8 a fhionraí nó a athnuachan, cuirfidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige in iúl do ÚEUM agus míneoidh sé na cúiseanna leis. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta maidir le cibé acu an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír.

5.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na paraiméadair agus na modhanna chun tairseach na leachtachta dá dtagraítear i mír 4 a ríomh i ndáil leis an ionstraim airgeadais. Na paraiméadair agus na modhanna chun go ndéanfaidh na Ballstáit an tairseach a ríomh, socrófar iad ionas gurb ionann an tráth a sroichfear an tairseach, go mbeidh laghdú mór tagtha ar an leachtacht sna hionaid uile laistigh den Aontas i dtaca leis an ionstraim airgeadais lena mbaineann bunaithe ar na critéir a úsáidtear faoi Airteagal 2(1)(17);

(b)

raon na bpraghsanna tairgthe agus tairisceana nó na luachana agus leibhéal an leasa trádála ag na praghsanna sin, nó praghsanna táscacha tairgthe agus tairisceana réamhthrádála a bheidh gar do phraghas na leasanna trádála, nach mór a phoibliú do gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus (4), agus an calabrú is gá a chur i gcuntas maidir leis na cineálacha difriúla córas trádála dá dtagraítear in Airteagal 8(2);

(c)

méid na n-orduithe a bheidh mór i scála agus cineál agus íosmhéid na n-orduithe a bheidh i saoráid bainistithe orduithe go dtí go nochfar iad agus a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1 i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann;

(d)

an mhéid atá sonrach don ionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1(b) agus an sainmhíniú ar chórais iarrtha luachana agus ar chórais ghuth-thrádála a bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh ina leith faoi mhír 1;

Agus an mhéid atá sonrach don ionstraim airgeadais á cinneadh, ar méid í a nochtfadh soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus a chuirfidh i gcuntas an infheisteoirí miondíola nó an infheisteoirí mórdhíola iad rannpháirtithe ábhartha an mhargaidh, i gcomhréir le mír 1(b), cuirfidh ÚEUM na tosca seo a leanas i gcuntas:

(i)

cibé an bhféadfadh soláthróirí leachtachta a rioscaí a fhálú, ag na méideanna sin;

(ii)

i gcás ina mbeidh infheistóirí miondíola go páirteach i margadh san ionstraim airgeadais, nó in aicme ionstraimí airgeadais, meánluach na n-idirbheart, a ghabh na hinfheisteoirí sin orthu féin;

(e)

na hionstraimí airgeadais nó na haicmí ionstraimí airgeadais nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith ina bhféadfar nochtadh réamhthrádála a tharscaoileadh faoi mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 10

Ceanglais trédhearcachta iarthrádála le haghaidh ionad trádála i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach

1.   Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, poibleoidh siad praghas, toirt agus tráth na n-idirbheart a fhorghníomhaítear maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála. Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, déanfaidh siad mionsonraí gach idirbhirt den sórt sin a phoibliú chomh gar d’fhíor-am agus is féidir go teicniúil.

2.   Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu rochtain a thabhairt, ar théarmaí réasúnta tráchtála agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar na socruithe a úsáideann siad chun an fhaisnéis faoi mhír 1 a phoibliú do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil oibleagáid orthu mionsonraí a n-idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a fhoilsiú de bhun Airteagal 21.

Airteagal 11

Foilsiú iarchurtha a údarú

1.   Beidh údaráis inniúla in ann oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu a údarú lena bhforálfar go ndéanfar foilsiú mionsonraí idirbheart a chur siar i bhfianaise chineál nó mhéid an idirbhirt.

Go háirithe, féadfaidh na húdaráis inniúla foilsiú iarchurtha a údarú i gcás idirbheart ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

a bheidh ar mhórscála i gcomparáid leis an ngnáthmhéid margaidh don bhanna, don táirge airgeadais struchtúraithe, don lamháltas astaíochtaí nó don díorthach sin a thrádálfar ar ionad trádála, nó don aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála; nó

(b)

a bheidh gaolmhar le banna, le táirge airgeadais struchtúraithe, le lamháltas astaíochtaí nó díorthach a thrádálfar in ionad trádála nó le haicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith;

(c)

a bheidh os cionn méid a bhaineann go sonrach leis an mbanna sin, leis an táirge airgeadais struchtúraithe sin, leis an lamháltas astaíochtaí nó díorthach a thrádálfar in ionad trádála nó leis an aicme sin banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála, a nochtfadh soláthróirí leachtachta do riosca míchuí agus a chuirfidh i gcuntas an infheisteoirí miondíola nó an infheisteoirí mórdhíola iad.

Oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, gheobhaidh siad formheas roimh ré ón údarás inniúil maidir le socruithe arna mbeartú le haghaidh foilsiú trádála iarchurtha, agus nochtfaidh siad go soiléir na socruithe sin do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal. Déanfaidh an ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm na socruithe sin maidir le foilsiú trádála a chur siar agus cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin faoin gcaoi a mbainfear feidhm astu go praiticiúil.

2.   I gcás ina dtitfidh leachtacht aicme na hionstraime airgeadais faoi thairseach a chinnfear i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 9(5)(a), féadfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de na hionaid trádála ar a ndéantar aicme banna, táirge airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh a thrádáil, na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí ar bhonn sealadach. Saineofar an tairseach sin bunaithe ar chritéir oibiachtúla a bheidh sonrach do mhargadh na hionstraime airgeadais lena mbaineann. Foilseofar an fhionraí shealadach sin ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha.

Beidh an fhionraí shealadach bailí ar feadh tústréimhse nach faide ná trí mhí ó dháta a foilsithe ar láithreán gréasáin an údaráis inniúil ábhartha. Féadfar fionraí den sórt sin a athnuachan go ceann tréimhsí breise nach faide ná trí mhí sa turas má leanann na forais leis an bhfionraí shealadach de bheith infheidhmithe. I gcás nach ndéanfar an fhionraí a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé as feidhm láithreach.

Sula ndéanfar fionraí shealadach na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 10 a fhionraí nó a athnuachan, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mbeidh ar intinn aige a chur in iúl do ÚEUM agus cuirfidh sé míniú ar fáil. Cuirfidh ÚEUM a thuairim in iúl don údarás inniúil a luaithe is indéanta i dtaobh an mbeidh bonn cirt leis an bhfionraí shealadach a fhionraí nó a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an dara fomhír.

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, an méid seo a leanas a dhéanamh, i gcomhar le foilsiú iarchurtha a údarú:

(a)

a iarraidh go bhfoilseofar sonraí teoranta idirbhirt nó sonraí roinnt idirbheart i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh le linn na tréimhse ama don iarchur;

(b)

a cheadú go bhfágfar foilsiú toirt idirbhirt aonair ar lár le linn tréimhse ama sínithe d’iarchur;

(c)

maidir le hionstraimí neamhchothromais nach fiachas ceannasach iad, a cheadú go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán le linn tréimhse ama sínithe d’iarchur;

(d)

maidir le hionstraimí fiachais cheannasaigh, a cheadú go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse éiginnte.

I ndáil le hionstraimí fiachais cheannasaigh, féadfar pointe (b) agus pointe (d) a úsáid go leithleach nó go comhleanúnach, is é sin, a luaithe a rachaidh an tréimhse sínte maidir leis an méid a fhágáil ar lár, d’fhéadfaí na méideanna sin a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán.

I ndáil leis na hionstraimí airgeadais eile go léir, nuair a rachaidh an tréimhse ama don iarchur as feidhm, déanfar mionsonraí an idirbhirt a bheidh fós ann agus mionsonraí uile na n-idirbheart ar bhonn aonair dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo a fhoilsiú ar bhonn aonair.

4.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin rialála teicniúla a fhorbairt ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

sonraí na n-idirbheart a bheidh le sonrú ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, cuirfear ar fáil don phobal iad i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10(1), lena n-áirítear aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoi Airteagal 10(1) agus faoi Airteagal 21(1), a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear trí bhíthin tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear trí bhíthin tosca eile;

(b)

dhéanfaí an teorainn ama a mheas a bheith ar comhréir leis an oibleagáid foilsiú a dhéanamh chomh gar agus is féidir don fhíor-am, lena n-áirítear nuair a dhéanfar trádálacha a fhorghníomhú lasmuigh de na gnáthuaireanta trádála;

(c)

na coinníollacha chun a údarú do ghnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha agus oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, foráil a dhéanamh d’fhoilsiú sonraí na n-idirbheart i gcás gach aicme ionstraime airgeadais lena mbaineann a chur siar, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 21(4);

(d)

na critéir a bheidh le cur i bhfeidhm agus méid nó cineál an idirbhirt á chinneadh a bhfuil sé ceadaithe faoi mhír 3 foilsiú a chur siar agus sonraí áirithe i ndáil le hidirbheart a fhoilsiú nó sonraí roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán, nó foilsiú méid idirbhirt a fhágáil ar lár i gcás achair shínithe ama iarchuir a cheadú i ndáil le hionstraimí airgeadais ar leith.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL 3

Oibleagáid chun sonraí trádála a thairiscint ar bhonn tráchtála ar leithligh agus réasúnta

Airteagal 12

Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar leithligh

1.   Cuirfidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3, le hAirtagal 4 agus le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 ar fáil don phobal trí shonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála a thairiscint ar leithligh.

2.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na sonraí réamhthrádála agus iarthrádála arna gcur ar fáil a shonrú, lena n-áirítear leibhéal dí-chomhiomlánaithe na sonraí atá le cur ar fáil don phobal, dá dtagraítear i mír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 13

Oibleagáid chun sonraí réamhthrádála agus iarthrádála a chur ar fáil ar bhonn réasúnta tráchtála

1.   Déanfaidh oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a mbeidh ionad trádála á oibriú acu, an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 3, le hAirtagal 4 agus le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála agus rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar an bhfaisnéis a áirithiú. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil saor in aisce 15 nóiméad tar éis foilsiú.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléirítear céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a phoibliú dá dtagraítear i mír 1.

TEIDEAL III

TRÉDHEARCACHT LE hAGHAIDH GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA A THRÁDÁLANN THAR AN gCUNTAR

Airteagal 14

An oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne a phoibliú i dtaca le scaireanna, le hadmhálacha taisclainne, le ETFanna, le deimhnithe agus le hionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.   Poibleoidh gnólachtaí infheistíochta luachana daingne i leith na scaireanna sin, na n-admhálacha taisclainne sin, ETFanna sin, na ndeimhnithe sin agus na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádáiltear in ionad trádála agus inar inmheánaitheoirí córasacha iad lena n-aghaidh agus a mbeidh margadh leachtach ann lena n-aghaidh.

I gcás nach mbeidh margadh leachtach ann i leith na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear sa chead fhomhír, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin dóibh.

2.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo agus ag Airteagal 15, ag Airteagal 16 agus ag Airteagal 17 maidir le hinmheánaitheoirí córasacha nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna suas go dtí méid caighdeánach an mhargaidh. Ní bheidh inmheánaitheoirí córasacha faoi réir an Airteagail seo ná faoi réir Airteagal 15, Airteagal 16 ná Airteagal 17 agus nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna os cionn mhéid caighdeánach an mhargaidh.

3.   Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha an méid nó na méideanna a chinneadh ag a luafaidh siad. Beidh íosmhéid na luachana comhionann ar a laghad le 10 % de mhéid caighdeánach an mhargaidh de scair, d’admháil taisclainne, de ETF, de dheimhniú nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail a thrádálfar in ionad trádála. I gcás scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe áirithe nó ionstraime airgeadais eile dá samhail a thrádálfar in ionad trádála áireofar ar gach luachan praghas daingean tairgthe agus tairisceana nó praghsanna daingne tairgthe agus tairisceana i gcás méid nó méideanna a d’fhéadfadh a bheith suas le méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh aicme na scaireanna, na n-admhálacha taisclainne, na ETFanna, na ndeimhnithe nó na n-ionstraimí airgeadais eile dá samhail lena mbaineann an ionstraim airgeadais. Léireoidh an praghas nó na praghsanna dálaí an mhargaidh san am i gceist don scair sin, don admháil taisclainne sin, do ETF, don deimhniú sin nó d’ionstraim airgeadais eile dá samhail.

4.   Déanfar scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a ghrúpáil in aicmí ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais sin. Beidh méid caighdeánach an mhargaidh le haghaidh gach aicme scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ionadaíoch do mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh le haghaidh na hionstraime airgeadais atá ar áireamh i ngach aicme.

5.   Is éard a bheidh i margadh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail na horduithe ar fad a fhorghníomhaítear san Aontas maidir leis an ionstraim airgeadais sin cé is moite díobh siúd a bheidh mór i gcomparáid le gnáthmhéid an mhargaidh.

6.   Údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta mar a shainmhínítear in Airteagal 26 le haghaidh gach scaire, admhála taisclainne, ETF, deimhnithe agus ionstraime airgeadais eile dá samhail, cinnfidh sé an aicme lena mbaineann an ionstraim airgeadais sin, gach bliain ar a laghad, ar bhonn mheánluach uimhríochtúil na n-orduithe a fhorghníomhaítear sa mhargadh maidir leis an ionstraim airgeadais sin. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú do gach rannpháirtí sa mhargadh agus a chur in iúl do ÚEUM a fhoilseoidh an fhaisnéis ar a láithreán gréasáin.

7.   D’fhonn a áirithiú go ndéanfar luacháil éifeachtúil ar scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus chun an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar tuilleadh na socruithe chun luachan dhaingean a fhoilsiú dá dtagraítear i mír 1, an cinneadh cibé acu an léiríonn praghsanna dálaí an mhargaidh dá dtagraítear i mír 3, agus i gcás mhéid chaighdeánach an mhargaidh dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 15

Orduithe cliant a fhorghníomhú

1.   Déanfaidh inmheánaitheoirí córasacha a gcuid luachana a phoibliú ar bhonn rialta agus leanúnach agus le linn gnáthuaireanta trádála. Féadfaidh siad a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Beidh cead acu, faoi dhálaí eisceachtúla sa mhargadh, a luachana a tharraingt siar.

Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar fógra den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hinmheánaitheoirí córasacha uile san Aontas a bhunú.

Déanfar na luachana a phoibliú sa tslí is gur féidir le rannpháirtithe eile sa mhargadh teacht orthu go héasca ar bhonn réasúnta tráchtála.

2.   Agus Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE á chomhlíonadh acu, forghníomhóidh inmheánaitheoirí córasacha na horduithe a gheobhaidh siad óna gcuid cliant i ndáil le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith ag na praghsanna a luaitear an tráth a bhfaighfear an t-ordú.

Féadfaidh siad, áfach, na horduithe sin a fhorghníomhú ar phraghas níos fearr i gcásanna a mbeidh údar leo ar choinníoll go dtagann an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

3.   Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha orduithe a gheobhaidh siad óna gcliaint ghairmiúla a fhorghníomhú ar phraghsanna a bheidh éagsúil lena gcinn luaite gan iallach a bheith orthu na ceanglais atá bunaithe i mír 2 a chomhlíonadh, i leith idirbheart i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó i leith orduithe a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh.

4.   Inmheánaitheoir córasach nach luafaidh ach luachan amháin nó a mbeidh a luachan is airde níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, i gcás ina bhfaighidh sé ordú ó chliant ar mhéid níos mó ná méid a luachana, ach níos ísle ná méid caighdeánach an mhargaidh, féadfaidh sé a chinneadh an chuid sin den ordú a sháróidh méid a luachana a fhorghníomhú, ar choinníoll go bhforghníomhófar é ag an bpraghas a luafar, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3. I gcás ina mbeidh luachana i méideanna difriúla á lua ag an inmheánaitheoir córasach agus ina bhfaighidh sé ordú idir na méideanna sin agus go gcinnfidh sé an t-ordú a fhorghníomhú, forghníomhóidh sé an t-ordú ag ceann de na praghsanna arna lua, i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi choinníollacha mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal seo.

5.   Cumhachtófar don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun luachana a phoibliú dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 16

Oibleagáidí údarás inniúil

Déanfaidh údaráis inniúla an méid seo a leanas a sheiceáil:

(a)

go dtabharfaidh gnólachtaí infheistíochta praghsanna tairgthe agus tairisceana arna bhfoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 14 suas chun dáta go rialta agus go gcoinneoidh siad praghsanna ar bun a léireoidh dálaí an mhargaidh san am;

(b)

go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta na coinníollacha maidir le praghsanna a fheabhsú a leagtar síos Airteagal 15(2).

Airteagal 17

Rochtain ar luachana

1.   Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na cliaint dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire ann chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le cliaint nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an chliaint, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.

2.   D’fhonn an riosca neamhchosanta ar roinnt idirbheart ón gcliant céanna a theorannú, beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha teorainn a chur le líon na n-idirbheart ón gcliant céanna a ghabhann siad ar láimh a dhéanamh de réir na gcoinníollacha foilsithe ar shlí neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh siad, ar shlí neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2014/65/AE, líon iomlán na n-idirbheart ó chliaint éagsúla a theorannú ag an am céanna ar choinníoll nach gceadaítear é sin ach amháin i gcásanna ina sáróidh líon agus/nó méid na n-orduithe arna n-iarraidh ag cliaint an gnáthlíon nó an gnáthmhéid go mór.

3.   D’fhonn luacháil éifeachtúil scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a áirithiú agus an seans is fearr is féidir a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta an margadh is fearr is féidir a ghnóthú dá gcliaint, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar:

(a)

na critéir lena sonrófar cathain a fhoilseofar luachan ar bhonn rialta agus leanúnach agus a bhfuil rochtain éasca uirthi dá dtagraítear in Airteagal 15(1) chomh maith leis na bealaí ina bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta a n-oibleagáid a chomhlíonadh chun a luachana a phoibliú, lena n-áireofar na féidearthachtaí seo a leanas:

(i)

trí shaoráidí margaidh rialáilte ar bith a bheidh tar éis an ionstraim airgeadais i dtrácht a ligean isteach chun a trádála;

(ii)

trí APA;

(iii)

trí shocruithe dílsithe;

(b)

na critéir lena sonrófar na hidirbhearta sin i gcás inar cuid d’idirbheart amháin forghníomhú i roinnt urrús nó na horduithe sin a bheidh faoi réir coinníollacha seachas praghas reatha an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(3);

(c)

na critéir lena sonrófar na dálaí ar féidir a mheas gur dála eisceachtúla margaidh iad ar féidir luachana a tharraingt siar dá mbarr chomh maith leis na coinníollacha chun luachana a thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 15(1);

(d)

na critéir lena sonrófar cathain is mó go mór líon agus/nó méid na n-orduithe a bheidh á iarraidh ag cliaint ná an gnáthlíon/gnáthmhéid dá dtagraítear i mír 2;

(e)

na critéir lena sonrófar cathain a thiocfaidh praghsanna laistigh de réimse poiblí atá cóngarach do dhálaí an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 18

An oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha luachana daingne i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a phoibliú

1.   Poibleoidh gnólachtaí infheistíochta luachana daingne i leith bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltas astaíochtaí agus díorthach a thrádálfar in ionad trádála agus ar inmheánaitheoirí córasacha iad ina leith agus a mbeidh margadh leachtach ann ina leith tráth a gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

spreagfaidh cliaint de chuid an inmheánaitheora chórasaigh iad chun luachan a sholáthar;

(b)

comhaontóidh siad luachan a sholáthar.

2.   I ndáil le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála nach mbeidh margadh leachtach ann ina leith, nochtfaidh inmheánaitheoirí córasacha luachana dá gcliaint arna iarraidh sin dóibh, má aontaíonn siad luachan a chur ar fáil. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás ina gcomhlíonfar na himthosca a shonraítear in Airteagal 9(1).

3.   Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha a luachana a nuashonrú tráth ar bith. Féadfaidh siad a luachana a tharraingt siar faoi dhálaí eisceachtúla margaidh.

4.   Ceanglóidh an Ballstát ar ghnólachtaí a chomhlíonann an sainmhíniú ar inmheánaitheoir córasach fógra a thabhairt dá n-údarás inniúil. Déanfar faisnéis den sórt sin a tharchur chuig ÚEUM. Déanfaidh ÚEUM liosta de na hionstraimí reachtúla uile san Aontas a bhunú.

5.   Cuirfidh na hinmheánaitheoirí córasacha na luachana daingne a fhoilseofar i gcomhréir le mír 1 ar fáil dá gcliaint eile. Dá ainneoin sin, beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha na cliaint dá dtabharfaidh siad rochtain ar a luachana a chinneadh, ar bhonn a mbeartais tráchtála agus ar shlí oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Chuige sin beidh caighdeáin shoiléire bunaithe ag inmheánaitheoirí córasacha chun rochtain ar a luachana a rialú. Féadfaidh inmheánaitheoirí córasacha diúltú dul i gcaidreamh gnó le cliaint nó scor de chaidreamh gnó leo ar bhonn breithnithe tráchtála amhail stádas creidmheasa an chliaint, an riosca contrapháirtí agus socrú deireanach an idirbhirt.

6.   Gabhfaidh inmheánaitheoirí córasacha ar láimh idirbhearta a dhéanamh faoi na coinníollacha foilsithe le cliant ar bith eile a gcuirfear an luachan ar fáil dó i gcomhréir le mír 5 i gcás ina mbeidh an mhéid luaite ar an méid atá sainiúil don ionstraim airgeadais nó faoin méid sin a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 9(5)(d).

Ní bheidh sé d’oibleagáid ar inmheánaitheoirí córasacha luachan dhaingean a fhoilsiú de bhun mhír 1 i gcás ionstraimí airgeadais a thitfidh faoi bhun na tairsí leachtachta a chinnfear i gcomhréir le hAirteagal 9(4).

7.   Beidh cead ag inmheánaitheoirí córasacha srianta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú ar líon na n-idirbheart a ghabhfaidh siad ar láimh a dhéanamh le cliant de bhun luachana ar bith a thabharfar.

8.   Maidir leis na luachana arna bhfoilsiú de bhun mhír 1 agus mhír 5 agus iad siúd ar an méid dá dtagraítear i mír 6 nó faoi, déanfar iad a phoibliú ar shlí a mbeidh rochtain éasca ag rannpháirtithe eile sa mhargadh orthu ar bhonn réasúnta tráchtála.

9.   Beidh an praghas nó na praghsanna a luaitear de chineál trína n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh an t-inmheánaitheoir córasach a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE, i gcás inarb infheidhme, agus léireoidh siad dálaí an mhargaidh san am maidir le praghsanna ar a dtabharfar idirbhearta i gcrích le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais céanna nó ionstraimí airgeadais dá samhail ar ionad trádála.

Féadfaidh siad orduithe a fhorghníomhú ar phraghas níos fearr, áfach, i gcásanna a mbeidh údar leo, ar choinníoll go dtiocfaidh an praghas laistigh de réimse poiblí a bheidh cóngarach do dhálaí an mhargaidh.

10.   Ní bheidh inmheánaitheoirí córasacha faoi réir fhorálacha an Airteagail seo nuair a dhéileálfaidh siad i méideanna a bheidh níos mó ná an méid a bheidh sonrach don ionstraim airgeadais arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 9(5)(d).

Airteagal 19

Faireachán á dhéanamh ag ÚEUM

1.   Déanfaidh údaráis inniúla agus ÚEUM faireachán ar chur i bhfeidhm Airteagal 18 maidir leis na méideanna ar a gcuirfear luachana ar fáil do chliaint an ghnólachta infheistíochta agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh i gcomparáid le gníomhaíocht trádála eile an ghnólachta, agus a mhéid a léireoidh na luachana dálaí an mhargaidh san am i ndáil le hidirbhearta san ionstraim airgeadais chéanna nó in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar ionad trádála. Faoin 3 Eanáir 2019, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18. I gcás gníomhaíochta suntasaí luachana agus trádála a bheidh díreach os cionn na tairsí dá dtagraítear in Airteagal 18(6) nó lasmuigh de dhálaí an mhargaidh san am, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin roimh an dáta sin.

2.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 ag sonrú na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 18(6) ag a ndéanfaidh gnólacht idirbhearta le cliant ar bith eile a gcuirfear an luachan ar fáil dó. Cinnfear an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(5)(d).

3.   Glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, lena soiléireofar céard is bonn réasúnta tráchtála ann chun luachana a phoibliú dá dtagraítear in Airteagal 18(8).

Airteagal 20

Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail

1.   Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.

2.   Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 6, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2)(a). I gcás ina ndéanfar foráil leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 7 do phoibliú iarchurtha le haghaidh catagóirí áirithe idirbhirt i scaireanna, in admhálacha taisclainne, in ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail a thrádálfar ar ionad trádála, féadfar leas a bhaint as an bhféidearthacht sin sna hidirbhearta sin nuair a ghabhfar ar láimh iad lasmuigh d’ionaid trádála.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aitheantóirí le haghaidh na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú faoin Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le tosca a bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

(b)

cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais.

(c)

an páirtí in idirbheart nach mór dó an t-idirbheart a phoibliú i gcomhréir le mír 1 más gnólachtaí infheistíochta an dá pháirtí san idirbheart.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 21

Nochtadh iarthrádála arna dhéanamh ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear inmheánaitheoirí córasacha, maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh

1.   Gnólachtaí infheistíochta, a thabharfaidh i gcrích, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son a gcuid cliant, idirbhearta maidir le bannaí, táirgí airgeadais struchtúraithe, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh a thrádálfar in ionad trádála, déanfaidh siad méid agus praghas na n-idirbheart sin agus an tráth a tugadh chun críche iad a phoibliú. Déanfar an fhaisnéis sin a phoibliú trí APA.

2.   Poibleofar gach idirbheart aonair uair amháin trí APA amháin.

3.   Beidh an fhaisnéis a phoibleofar i gcomhréir le mír 1 agus leis na teorainneacha ama a bhfoilseofar í laistigh díobh de réir na gceanglas arna nglacadh de bhun Airteagal 10, lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 11(4)(a) agus (b).

4.   Beidh údaráis inniúla ábalta údarú a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta chun foráil a dhéanamh maidir le foilsiú iarchurtha, nó féadfaidh siad a iarraidh go bhfoilseofar sonraí áirithe maidir le hidirbheart nó sonraí maidir le roinnt idirbheart i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh, le linn na tréimhse ama don iarchur, nó féadfaidh siad a fhormheas go ndéanfar foilsiú an mhéid d’idirbhearta aonair a fhágáil ar lár le linn na tréimhse ama sínithe d’iarchur, nó i gcás ionstraimí airgeadais neamhchothromais nach fiachas ceannasach iad, féadfaidh siad a fhormheas go ndéanfar roinnt idirbheart a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlán ar feadh tréimhse éiginnte, agus féadfaidh siad na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a fhionraí ar bhonn sealadach ar bhonn na gcoinníollacha céanna mar a leagtar síos in Airteagal 11.

I gcás ina bhforálfar, leis na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 11, d’fhoilsiú iarchurtha agus d’fhoilsiú sonraí áirithe nó sonraí i bhfoirm chomhiomlán, nó teaglaim díobh, nó d’fhoilsiú na méide i gcomhair catagóirí áirithe idirbheart i mbannaí, i dtáirgí airgeadais struchtúraithe, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh a thrádálfar ar ionad trádála, beidh feidhm ag an bhféidearthacht sin freisin maidir leis na hidirbhearta sin nuair a ghabhfar iad de láimh taobh amuigh d’ionaid trádála.

5.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ar shlí a chumasóidh foilsiú na faisnéise a éilítear faoi Airteagal 64 de Threoir 2014/65/AE chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

aitheantóirí na gcineálacha éagsúla idirbheart arna bhfoilsiú i gcomhréir leis an Airteagal seo, a dhéanfaidh idirdhealú eatarthu siúd a chinnfear le toscaa bhaineann go príomha le luacháil na n-ionstraimí airgeadais agus na cinn sin a chinnfear le tosca eile;

(b)

cur i bhfeidhm na hoibleagáide faoi mhír 1 maidir le hidirbhearta ina n-úsáidfear na hionstraimí airgeadais sin i gcomhair comhthaobhachta, iasachtaithe nó chun críocha eile ina gcinnfear malartú ionstraimí airgeadais le tosca seachas luacháil reatha margaidh na hionstraime airgeadais;

(c)

an páirtí in idirbheart nach mór dó an t-idirbheart a phoibliú i gcomhréir le mír 1 más gnólachtaí infheistíochta an dá pháirtí san idirbheart.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 22

Faisnéis a sholáthar chun críocha trédhearcachta agus ríomhanna eile

1.   Chun ríomhanna a dhéanamh chun na ceanglais don trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála agus do na córais oibleagáide trádála a chinneadh, a fhorchuirtear le hAirteagal 3 go hAirteagal 11, le hAirteagal 14 go hAirteagal 21 agus le hAirteagal 32, atá infheidme maidir le hionstraimí airgeadais agus chun a chinneadh an inmheánaitheoir córasach é gnólacht infheistíochta, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal orthu siúd a leanas go dtabharfaidh siad faisnéis dó:

(a)

ionaid trádála;

(b)

APAnna; agus

(c)

CTPanna.

2.   Déanfaidh ionaid trádála, CTPanna agus APAnna na sonraí riachtanacha a stóráil ar feadh tréimhse leordhóthanach ama.

3.   Tarchuirfidh údaráis inniúla chuig ÚEUM cibé faisnéis a éileoidh ÚEUM chun na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4), (5) agus (6) a tháirgeadh.

4.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar ábhar agus minicíocht na n-iarrataí sonraí agus na formáidí agus na frámaí ama ina bhfreagróidh APAnna agus CTPanna do na hiarrataí sin i gcomhréir le mír 1 agus an cineál sonraí nach mór a stóráil agus an íostréimhse ama a ndéanfaidh ionaid trádála APAnna agus CTPanna sonraí a stóráil chun go mbeidh siad ábalta freagairt do na hiarrataí sin i gcomhréir le mír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 23

Oibleagáid trádála do ghnólachtaí infheistíochta

1.   Maidir leis an trádáil a ghabhfaidh sí de láimh i scaireanna a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a thrádálfar ar ionad trádála, áiritheoidh gnólacht infheistíochta go ndéanfar sin ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar inmheánaitheoir córasach, nó ar ionad trádála tríú tír arna mheasúnú mar choibhéis i gcomhréir le hAirteagal 25(4)(a) de Threoir 2014/65/AE, mar is iomchuí, mura n-áireofar ar a saintréithe:

(a)

go mbeidh siad neamhchórasach, ad hoc, neamhrialta agus annamh; nó

(b)

go ndéanfar iad idir contrapháirtithe incháilithe agus/nó gairmiúla, agus nach gcuirfidh siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe.

2.   Maidir le gnólacht infheistíochta a fheidhmeoidh mar chóras meaitseála inmheánach a fhorghníomhóidh orduithe cliant i scaireanna, in admhálacha taisclainne, i ETFanna, i ndeimhnithe agus in ionstraimí airgeadais eile dá samhail ar bhonn iltaobhach, ní mór di a áirithiú go mbeidh sí údaraithe mar MTF faoi Threoir 2014/65/AE agus go gcomhlíonfaidh sí na forálacha uile a bhaineann leis na húdaruithe sin.

3.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun saintréithe sonracha na n-idirbheart sin a shonrú i scaireanna nach gcuirfidh leis an bpróiseas praghas-aimsithe dá dtagraítear i mír 1, agus cásanna a chur san áireamh amhail:

(a)

trádáil leachtachta nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi; nó

(b)

i gcás ina gcinnfear malartú na n-ionstraimí airgeadais sin le tosca seachas luacháil reatha na hionstraime airgeadais ar an margadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL IV

TUAIRISCIÚ IDIRBHEART

Airteagal 24

Oibleagáid chun sláine na margaí a chosaint

Gan dochar do leithdháileadh freagrachtaí chun forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 596/2014, a fhorfheidhmiú, déanfaidh údaráis inniúla arna gcomhordú ag ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 faireachán ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn.

Airteagal 25

Oibleagáid chun taifid a choimeád

1.   Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta faoi réir an údaráis inniúil, ar feadh cúig bliana, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú agus le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais a bheidh curtha i gcrích acu, bíodh sé ar a gcuntas féin nó ar son cliaint. I gcás idirbheart a chuirfear i gcrích ar son cliant, beidh sna taifid an fhaisnéis agus na mionsonraí uile a bhaineann le céannacht an chliaint, agus an fhaisnéis is gá faoi Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27). Féadfaidh ÚEUM rochtain ar an bhfaisnéis sin a iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Coimeádfaidh oibreoir ionaid trádála faoina réir ag an údarás inniúil, ar feadh cúig bliana ar a laghad, na sonraí ábhartha a bhaineann le gach ordú in ionstraimí airgeadais a fhógrófar trína gcórais. Beidh sna taifid, na sonraí ábhartha is ionann agus saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear na saintréithe sin a nascfaidh ordú leis an idirbheart/na hidirbhearta forghníomhaithe a eascraíonn ón ordú sin agus a dhéanfar sonraí an ordaithe ina leith a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus (3). Comhlíonfaidh ÚEUM ról éascaithe agus comhordaithe i ndáil le rochtain a bheith ag údaráis inniúla ar fhaisnéis faoin mír seo.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar mionsonraí na sonraí ordaithe ábhartha is gá a chothabháil faoi mhír 2 den Airteagal seo agus nach dtagraítear dóibh in Airteagal 26.

Áireofar ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin cód aitheantais an chomhalta nó an rannpháirtí a rinne an t-ordú a tharchur, cód aitheantais an ordaithe, an dáta agus an t-am a rinneadh an t-ordú a tharchur, saintréithe an ordaithe, lena n-áirítear cineál an ordaithe, an srianphraghas más infheidhme, an tréimhse bailíochta, aon treoracha sonracha maidir le hordú, mionsonraí i ndáil le haon mhodhnú, aon chealú, nó forghníomhú páirteach nó iomlán an ordaithe, na gníomhaireachta nó na bunacmhainne.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Oibleagáid chun idirbhearta a thuairisciú

1.   Déanfaidh gnólachtaí airgeadais a fhorghníomhóidh idirbhearta in ionstraimí airgeadais mionsonraí iomlána agus cruinne na n-idirbheart sin a thuairisciú don údarás inniúil chomh tapa agus is féidir, agus tráth nach déanaí ná deireadh an lae oibre dár gcionn.

Bunóidh na húdaráis inniúla, i gcomhréir le hAirteagal 85 de Threoir 2014/65/AE na socruithe iomchuí d’fhonn a áirithiú go bhfaighidh údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta na n-ionstraimí sin an fhaisnéis sin freisin.

Déanfaidh na húdaráis inniúla aon fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil do ÚEUM, arna iarraidh sin.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

ionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála nó a thrádálfar ar ionad trádála nó ar ina leith a bheidh iarraidh ar ligean isteach chun trádála déanta;

(b)

ionstraimí airgeadais inarb é an bun ionstraim airgeadais a thrádálfar ar ionad trádála; agus

(c)

ionstraimí airgeadais inarb é an bun innéacs nó bascaed atá comhdhéanta d’ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar ionad trádála.

Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) beag beann ar cibé acu a dhéanfar na hidirbhearta sin ar an ionad trádála nó nach ndéanfar.

3.   Beidh ar áireamh sna tuarascálacha, go háirithe, mionsonraí ainmneacha agus líon na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a díoladh, an chainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n-idirbheart, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a d’fhorghníomhaigh an gnólacht infheistíochta an t-idirbheart sin ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bhí freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarscaoileadh is infheidhme faoina ndearnadh an trádáil a shainaithint, agus modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, agus ainmniú chun díol folamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 a shainaithint i leith aon scaireanna agus i leith aon fhiachais cheannasaigh a thagann faoi raon feidhme Airteagal 12, Airteagal 13 agus Airteagal 17 den Rialachán sin. I gcás idirbheart nach gcuirfear i gcrích ar ionad trádála, beidh ar áireamh sna tuairiscí freisin ainmniú lena sainaithnítear na cineálacha idirbheart i gcomhréir leis na bearta a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 20(3)(a) agus Airteagal 21(5)(a). I gcás díorthach tráchtearraí, cuirfear in iúl sna tuarascálacha an laghdóidh an t-idirbheart riosca ar shlí intomhaiste go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE.

4.   Cuirfidh na gnólachtaí infheistíochta a tharchuireann orduithe san áireamh i dtarchur an ordaithe sin na mionsonraí uile a shonraítear i mír 1 agus i mír 3. Seachas na sonraí luaite a áireamh agus orduithe á dtarchur, féadfaidh gnólacht infheistíochta an t-ordú tarchurtha a thuairisciú, má fhorghníomhaítear é, mar idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais faoi mhír 1. Sa chás sin, luafar sa tuairisciú idirbheart ón ngnólacht infheistíochta go mbainfidh sé le hordú tarchurtha.

5.   Tuairisceoidh oibreoir ionaid trádála mionsonraí idirbheart in ionstraimí airgeadais a thrádálfar ar a ardán a fhorghníomhóidh gnólacht trí bhíthin a chóras ar gnólacht é nach mbeidh faoi réir an Rialacháin seo i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3.

6.   Le linn tuairisciú ar an ainmniú chun na custaiméirí a shainaithint mar a éilítear faoi mhír 3 agus mhír 4, úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta eintiteas dlíthiúil arna bhunú chun cliaint a shainaithint is daoine dlítheanacha.

Forbróidh ÚEUM faoin 3 Eanáir 2016 treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh cur i bhfeidhm aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh laistigh den Aontas caighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe na cinn sin arna mbunú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

7.   Is é an gnólacht infheistíochta, ARM ag feidhmiú ar a shon féin, nó an t-ionad trádála ar cuireadh an t-idirbheart i gcrích trí bhíthin a chórais a thabharfaidh na tuairiscí don údarás inniúil, i gcomhréir le mír 1, le mír 3 agus le mír 9.

Beidh freagracht ar ghnólachtaí infheistíochta as iomláine, cruinneas agus cur isteach tráthúil na dtuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an údaráis inniúil.

De mhaolú ar an bhfreagracht sin, i gcás ina dtuairisceoidh gnólacht infheistíochta mionsonraí na n-idirbheart sin trí ARM a bheidh ag gníomhú ar a shon nó thar ceann ionaid trádála, ní bheidh an gnólacht infheistíochta freagrach as teipeanna in iomláine, i gcruinneas nó i gcur isteach tráthúil na dtuarascálacha is inchurtha i leith an ARM nó an ionaid trádála. Sna cásanna sin agus faoi réir Airteagal 66(4) de Threoir 2014/65/AE beidh an ARM nó an t-ionad trádála freagrach as na teipeanna sin.

Ní mór do ghnólachtaí infheistíochta bearta réasúnacha a dhéanamh, áfach, chun iomláine, cruinneas agus tráthúlacht na dtuarascálacha idirbhirt a fhíorú a cuireadh isteach ar a son.

Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála, agus tuairiscí á dtabhairt aige ar son an ghnólachta infheistíochta, go mbeadh sásraí fónta slándála i bhfeidhm aige chun ráthaíocht a thabhairt maidir le slándáil agus le fíordheimhniú aistriú faisnéise, an riosca maidir le truailliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus sceitheadh faisnéise a chosc chun rúndacht na sonraí a chothabháil i gcónaí. Ceanglóidh an Ballstát baile ar an ionad trádála acmhainní leordhóthanacha a chothabháil agus saoráidí cúltaca a bheith aige chun a sheirbhísí a thairiscint agus a chothabháil i gcónaí.

Córais tuairiscithe nó córais chomhoiriúnaithe trádála, lena n-áirítear stórtha trádála a bheidh cláraithe nó aitheanta i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a fhaomhadh mar ARM chun tuarascálacha idirbheart a tharchur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, mír 3 agus mír 9.

I gcás inar tuairiscíodh idirbhearta do stór trádála i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bheidh formheasta mar ARM agus ina mbeidh sna tuarascálacha sin na mionsonraí a cheanglaítear a sholáthar faoi mhír 1, mhír 3 agus mhír 9 agus ina ndéanfaidh an stór trádála iad a tharchur chuig an údarás inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos i mír 1, measfar gur comhlíonadh an oibleagáid ar an ngnólacht infheistíochta a leagtar síos i mír 1.

I gcás ina mbeidh earráidí nó easnaimh sna tuarascálacha idirbheart, ceartóidh an ARM, an gnólacht infheistíochta nó an t-ionad trádála an fhaisnéis agus cuirfidh sé tuarascáil cheartaithe faoi bhráid an údaráis inniúil.

8.   I gcomhréir le hAirteagal 35(8) de Threoir 2014/65/AE nuair a dhéanfar tuairiscí dá bhforáiltear faoin Airteagal sin a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh, cuirfidh sé an fhaisnéis sin chuig údaráis inniúla Bhallstát Baile an ghnólachta infheistíochta, mura gcinnfidh údaráis inniúla an Bhallstáit Bhaile nach mian leo an fhaisnéis sin a fháil.

9.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:

(a)

caighdeáin agus formáidí sonraí chun an fhaisnéis a thuairisciú i gcomhréir le mír 1 agus le mír 3, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun idirbhearta airgeadais a thuairisciú agus foirm agus ábhar na dtuairiscí sin;

(b)

na critéir chun margadh ábhartha a shainiú i gcomhréir le mír 1;

(c)

tagairtí na n-ionstraimí airgeadais a cheannófar nó a dhíolfar, cainníocht, dátaí agus tráthanna an fhorghníomhaithe, praghsanna na n-idirbheart, faisnéis agus mionsonraí maidir le céannacht an chliaint, ainmniú chun na cliaint a shainaithint a mbeidh an gnólacht infheistíochta tar éis an t-idirbheart sin a fhorghníomhú ar a son, ainmniú chun na daoine agus algartaim ríomhaire laistigh den ghnólacht infheistíochta a bheidh freagrach as an gcinneadh infheistíochta agus as forghníomhú an idirbhirt a shainaithint, ainmniú chun an tarsaoileadh is infheidme faoina mbeidh an trádáil déanta a shainaithint, an modh chun na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann a shainaithint, an chaoi inar forghníomhaíodh an t-idirbheart, na réimsí sonraí a bheidh riachtanach chun na tuairiscí idirbhirt a phróiseáil agus chun anailís a dhéanamh orthu i gcomhréir le mír 3; agus

(d)

an t-ainmniú chun díolta folamha ar scaireanna agus fiachas ceannasach dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint;

(e)

catagóirí ábhartha na n-ionstraimí airgeadais a bheidh le tuairisciú i gcomhréir le mír 2;

(f)

na coinníollacha ar a ndéanfaidh na Ballstáit aitheantóirí eintitis dhlítheanaigh a fhorbairt, a shannadh agus a chothabháil, i gcomhréir le mír 6, agus na coinníollacha faoina n-úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta na haitheantóirí eintitis dhlítheanaigh sin chun foráil a dhéanamh, de bhun mhír 3, mhír 4 agus mhír 5, maidir leis an ainmniú chun na cliaint a shainaithint sna tuarascálacha idirbheart a cheanglaítear orthu a bhunú de bhun mhír 1;

(g)

oibleagáidí chun tuairisciú idirbheart a chur i bhfeidhm ar bhrainsí de ghnólachtaí infheistíochta;

(h)

cad is idirbheart agus forghníomhú idirbhirt ann chun críche an Airteagail seo;

(i)

nuair a mheasfar go mbeidh ordú tarchurtha ag gnólacht infheistíochta chun críocha mhír 4.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

10.   Faoin 3 Eanáir 2019, déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú an Airteagal seo, lena n-áirítear a idirghníomhú leis na hoibleagáidí tuairiscithe gaolmhara faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus i dtaobh an gcumasófar le hinneachar agus le formáid na dtuairiscí idirbheart a gheofar agus a mhalartófar idir na húdaráis inniúla ar shlí chuimsitheach faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh chun aon athruithe a mholadh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a tharchur chuig córas aonair amháin arna cheapadh ag ÚEUM seachas chuig údaráis inniúla. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ÚEUM ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 27

Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar

1.   Maidir le hionstraimí airgeadais a ligfear isteach chun a dtrádála ar mhargaí rialáilte nó a thrádálfar ar MTFanna nó ar OTFanna, déanfaidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú.

Maidir leis na hionstraimí airgeadais eile a chumhdaítear le hAirteagal 26(2) a thrádálfar ar a chóras déanfaidh gach inmheánaitheoir córasach sonraí tagartha sainaitheantais a chur ar fáil dá údarás inniúil mar aon le sonraí tagartha a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sin.

Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid an údaráis inniúil i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraime airgeadais. Beidh na fógraí sin le tarchur ag na húdaráis inniúla gan mhoill chuig ÚEUM a fhoilseoidh iad láithreach bonn ar a láithreán gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.

2.   Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfaighidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1;

(b)

gurb iomchuí caighdeán na sonraí a gheofar amhlaidh chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;

(c)

go malartófar na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 go héifeachtúil idir na húdaráis inniúla ábhartha.

3.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na nithe seo a leanas:

(a)

caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar d’údaráis inniúla agus iad a tharchur chuig ÚEUM i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;

(b)

bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL V

DÍORTHAIGH

Airteagal 28

Oibleagáid chun trádáil ar mhargaí rialáilte, ar MTFanna nó ar OTFanna

1.   Déanfaidh contrapháirtithe airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 agus contrapháirtithe neamhairgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) de sin idirbhearta nach idirbhearta laistigh de ghrúpa iad a thabhairt i gcrích arna sainmhíniú in Airteagal 3 ná idirbhearta a chlúdófar le forálacha idirthréimhseacha in Airteagal 89 den Rialachán sin le cibé contrapháirtithe eile airgeadais arna sainmhíniú in Airteagal 89(6) nó le cibé contrapháirtithe eile neamhairgeadais a chomhlíonfaidh na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 i ndíorthaigh a bhainfidh le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32 agus a liostaítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 34 orthu seo amháin:

(a)

margaí rialáilte;

(b)

MTFanna;

(c)

OTFanna; nó

(d)

ionaid trádála tríú tír, ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4 agus ar choinníoll go bhforálfaidh an tríú tír córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’ionaid trádála a údaraítear faoi Threoir 2014/65/AE chun díorthaigh a ligean isteach chun a dtrádála nó a thrádáil a bheidh dearbhaithe faoi réir oibleagáide trádála sa tríú tír sin ar bhonn neamheisiach.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le contrapháirtithe dá dtagraítear i mír 1 a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála le hinstitiúidí airgeadais tríú tír nó le heintitis eile tríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas. Beidh feidhm ag an oibleagáid trádála freisin maidir le heintitis tríú tír a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas, ar eintitis iad a dhéanann idirbhearta díorthach a bhaineann le haicme díorthach a bheidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála, ar choinníoll go mbeidh iarmhairt dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha ag an gconradh laistigh den Aontas nó i gcás ina mbeidh an oibleagáid sin riachtanach nó inarb iomchuí í, ionas nach ndéanfar foráil ar bith den Rialachán seo a imghabháil.

Déanfaidh ÚEUM faireachán rialta ar an ngníomhaíocht i ndíorthaigh nach mbeidh dearbhaithe faoi réir na hoibleagáide trádála arna tuairisciú i mír 1 chun cásanna sonracha a shainaithint ina bhféadfaidh aicme conarthaí a bheith ina riosca sistéamach agus chun arbatráiste rialála a chosc idir idirbhearta díorthach a bheidh faoi réir na hoibleagáide trádála agus idirbhearta díorthach nach mbeidh faoi réir na hoibleagáide trádála.

3.   Beidh díorthaigh arna ndearbhú faoi réir na hoibleagáide trádála de bhun mhír 1 incháilithe lena ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó chun trádáil ar ionad trádála ar bith dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn neamheisiach agus neamh-idirdhealaitheach.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go mbeidh ionad trádála a bheidh údaraithe sa tríú tír sin ag comhlíonadh na gceanglas atá ceangailteach de réir an dlí, i gcás ina mbeidh na ceanglais sin comhionann leis na ceanglais ar na hionaid trádála dá dtagraítear i mír 1(a), (b) nó (c) den Airteagal seo, a thig ón Rialachán seo, ó Threoir 2014/65/AE, agus ó Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe sa tríú tír sin.

Is chun incháilitheacht a chinneadh mar ionad trádála do dhíorthaigh faoi réir na hoibleagáide trádála a bheidh na cinntí sin, agus chuige sin amháin.

Meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

(b)

beidh rialacha soiléire agus trédhearcacha ag ionaid trádála maidir le hionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála sa chaoi is gur féidir na hionstraimí airgeadais sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil, agus go mbeidh siad soshannta go saoráideach;

(c)

beidh eisitheoirí ionstraimí airgeadais faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach a áirithíonn leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí;

(d)

áiritheoidh sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí rialacha lena dtugtar aghaidh ar dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh.

Féadfaidh cinneadh ón gCoimisiún faoin mír seo a bheith teoranta do chatagóir nó do chatagóirí ionad trádála. Sa chás sin, ní chuirfear ionad trádála tríú tír san áireamh i mír 1(d) ach amháin má thagann sé faoi réim chatagóir a chlúdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar mhodh comhleanúnach, déanfaidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na conarthaí dá dtagraítear i mír 2 a mbeidh éifeacht dhíreach, shubstaintiúil agus intuartha acu laistigh den Aontas agus na cásanna inar gá nó inarb iomchuí an oibleagáid trádála chun cosc a chur le himghabháil aon fhoráil den Rialachán sin.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, beidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír sin comhionann leis na cinn sin arna nglacadh faoi Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 29

Oibleagáid imréitigh le haghaidh díorthach a thrádáiltear ar mhargaí rialáilte agus am glactha leis an imréiteach

1.   Áiritheoidh oibreoir margaidh rialáilte go n-imréiteoidh CCP gach idirbheart maidir le díorthaigh a thugtar i gcrích ar an margadh rialáilte sin.

2.   Maidir le CCPanna, ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta a ghníomhóidh mar chomhaltaí imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 2(14) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, beidh córais éifeachtacha, nósanna imeachta agus socruithe i bhfeidhm acu i ndáil le díorthaigh imréitithe lena n-áirithiú go gcuirfear idirbhearta i ndíorthaigh imréitithe isteach agus go nglacfar iad le himréiteach chomh tapa is féidir ó thaobh cúrsaí teicniúla de nuair a bheidh córais uathoibríocha á n-úsáid.

Sa mhír seo, ciallaíonn “díorthaigh imréitithe”:

(a)

gach díorthach a bheidh le himréiteach de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi mhír 1 den Airteagal seo nó de bhun na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)

gach díorthach a bheidh le himréiteach a chomhaontóidh na páirtithe ábhartha ar shlí eile.

3.   Forbróidh UÉUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na híoscheanglais a shonrú do chórais, do nósanna imeachta agus do shocruithe, lena n-áirítear frámaí ama a ghlacadh, faoin Airteagal seo, ag féachaint don ghá le bainistíocht chuí na rioscaí oibríochtúla nó eile a áirithiú.

Beidh údarás leanúnach ag ÚEUM caighdeáin theicniúla rialála bhreise a fhorbairt chun na cinn sin atá i bhfeidhm a uasdátú má mheasann sé go bhfuil gá leis an méid sin agus caighdeáin tionscail ag fabhrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 30

Socruithe Indíreacha Imréitigh

1.   Tá socruithe indíreacha imréitigh maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán incheadaithe ar choinníoll nach méadóidh na socruithe sin riosca an chontrapháirtí agus go n-áiritheofar go mbainfidh sócmhainní agus suímh an chontrapháirtí an leas céanna as an gcosaint leis an éifeacht chomhionann lena dtagraítear di in Airteagal 39 agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú gur bunaíodh na cineálacha socruithe indíreacha seirbhíse imréitigh lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áiritheofar comhsheasmhacht le forálacha a bhunaítear do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Chaibidil II de Rialachán (AE) 149/2013 (28).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear cumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 31

Comhbhrú Punainne

1.   Nuair a chuirfear comhbhrú punainne ar fáil, ní bheidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh faoi réir na hoibleagáide forghníomhaithe is fearr in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE, na n-oibleagáidí trédhearcachta in Airteagal 8, in Airteagal 10, in Airteagal 18 agus in Airteagal 21 den Rialachán seo agus na hoibleagáide in Airteagal 1(6) de Threoir 2014/65/AE. Ní bheidh foirceannadh nó athsholáthar na ndíorthach comhábhar sa chomhbhrú punainne faoi réir Airteagal 28 den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh, a chuirfidh comhbhrú punainne ar fáil líon na n-idirbheart atá faoi réir chomhbhrú punainne a phoibliú trí APA agus an t-am ar tugadh i gcrích iad laistigh de na teorainneacha ama a shainítear in Airteagal 10.

3.   Coimeádfaidh gnólachtaí infheistíochta a chuirfidh comhbhrú punainne ar fáil taifid iomlána agus chruinne ar gach comhbhrú punainne a eagróidh siad nó a mbeidh siad rannpháirteach ann. Cuirfear na taifid sin ar fáil go pras don údarás inniúil nó don ÚEUM arna iarraidh sin dóibh.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50, bearta a ghlacadh lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

na gnéithe de chomhbhrú punainne,

(b)

an fhaisnéis a bheidh le foilsiú de bhun mhír 2,

i gcibé slí chun úsáid a mhéid is féidir a bhaint as aon choimeád taifead, tuairisciú nó ceanglais foilseacháin láithreacha.

Airteagal 32

Nós imeachta na hoibleagáide trádála

1.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:

(a)

cibé acu den aicme díorthach a dearbhaíodh faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nó faoi fho-thacar ábhartha di, a thrádálfar ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) den Rialachán seo;

(b)

an dáta nó na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála, lena n-áirítear aon chéimniú isteach agus catagóirí na gcontrapháirtithe a mbeidh feidhm ag an oibleagáid maidir leo i gcás ina mbeidh foráil déanta don chéimniú isteach sin agus do na catagóirí contrapháirtithe sin i gcaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de shé mhí tar éis don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Sula gcuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh, seolfaidh sé comhairliúchán poiblí agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

2.   Ionas go mbeidh éifeacht leis an oibleagáid trádála:

(a)

ní mór an aicme díorthach de bhun mhír 1(a) nó fo-thacar iomchuí di a ligean isteach chun a trádála nó a thrádáil ar ionad trádála amháin ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 28(1), agus

(b)

ní mór dóthain leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtí a bheith ann san aicme díorthach nó ní mór fo-thacar ábhartha di a bheith ann chun go bhféadfar a mheas go bhfuil aicme díorthach mar sin leachtach a dóthain chun trádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1) agus orthu sin amháin.

3.   Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 1 á bhforbairt aige, measfaidh ÚEUM go bhfuil an aicme díorthach nó fo-thacar ábhartha di leachtach a ndóthain de bhun na gcritéar seo a leanas:

(a)

meánmhinicíocht agus meánmhéid na dtrádálacha trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus do shaolré na dtáirgí laistigh d’aicme na ndíorthach;

(b)

líon agus cineál na rannpháirtithe gníomhacha margaidh lena n-áirítear cóimheas na rannpháirtithe margaidh maidir le táirgí/conarthaí trádáilte i margadh ar leith táirgí.

(c)

meánmhéid na raonta difríochta.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á n-ullmhú aige, cuirfidh ÚEUM an tionchar ionchasach san áireamh a d’fhéadfadh a bheith ag an oibleagáid trádála sin ar leachtacht aicme díorthach nó fo-thacair ábhartha de sin agus gníomhaíochtaí trádála úsáideoirí deiridh nach eintitis airgeadais iad.

Cinnfidh ÚEUM cibé acu an mbeidh an aicme díorthach nó fo-thacar de sin go leordhóthanach ina leacht ach amháin in idirbhearta faoi mhéid áirithe.

4.   Sainaithneoidh ÚEUM agus cuirfidh sé in iúl don Choimisiún, ar a thionscnamh féin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2 agus i ndiaidh comhairliúchán poiblí a sheoladh, na haicmí díorthach nó na conarthaí díorthach aonair ba cheart a bheith faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), ach nach mbeidh údarú faighte ag CCP ar bith fós ina leith faoi Airteagal 14 nó Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 nó nach ligfear isteach chun a dtrádála nó nach dtrádáiltear ar ionad trádála dá dtagraítear in Airteagal 28(1).

Tar éis fógra ó ÚEUM dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún glaoch ar fhorbairt tograí a fhoilsiú maidir leis na díorthaigh sin a thrádáil ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1).

5.   Cuirfidh ÚEUM faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le mír 1, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála nua chun caighdeáin theicniúla reatha rialála a leasú, a chur ar fionraí, nó a aisghairm aon uair a thiocfaidh athrú ábhartha ar na critéir a leagtar amach i mír 2. Sula ndéanfaidh sé amhlaidh, féadfaidh ÚEUM dul i gcomhairle, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis inniúla i dtríú tíortha.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála reatha dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 2(b) a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 33

Sásra chun rialacha dúblacha nó contrártha a sheachaint

1.   Cuideoidh ÚEUM leis an gCoimisiún le linn faireachán a dhéanamh agus tuarascálacha a ullmhú, uair in aghaidh na bliana ar a laghad, le cur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm idirnáisiúnta na bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 28 agus in Airteagal 29, go háirithe maidir le ceanglais a d’fhéadfadh a bheith dúblach nó contrártha ar rannpháirtithe sa mhargadh, agus moltaí a thabhairt maidir le gníomhartha a d’fhéadfaí a dhéanamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina ndearbhófar an méid seo a leanas i dtaca le socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha:

(a)

go mbeidh siad comhionann leis na ceanglais a thig ó Airteagal 28 agus ó Airteagal 29;

(b)

go n-áiritheoidh siad rúndacht ghairmiúil atá comhionann leis an rúndacht ghairmiúil a leagtar amach sa Rialachán seo;

(c)

go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus a fhorfheidhmiú ar mhodh cothromasach agus neamhshaofa ionas go ndéanfar maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú sa tríú tír sin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51.

3.   Aon ghníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis dá dtagraítear i mír 2, an éifeacht a bheidh aige, i dtaca le contrapháirtithe a dhéanfaidh idirbheart faoi réir an Rialacháin seo, go measfar go mbeidh an oibleagáid atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 comhlíonta i gcás ina mbeidh ar a laghad ceann amháin de na contrapháirtithe bunaithe sa tríú tír sin agus go mbeidh socruithe dlíthiúla, maoirseachta agus forfheidhmithe an tríú tír ábhartha á gcomhlíonadh ag na contrapháirtithe.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚEUM, faireachán ar na ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 a bheith á gcur chun feidhme go héifeachtach ag tríú tíortha ar glacadh gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis ina leith, agus tuairisceoidh an Coimisiún go rialta, ar bhonn bliantúil ar a laghad, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Laistigh de 30 lá féilire tar éis don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh agus i gcás ina nochfar sa tuarascáil go bhfuil locht nó neamhréireacht maidir leis na ceanglais choibhéiseacha a chur i bhfeidhm ag údaráis tríú tír, féadfaidh an Coimisiún an t-aitheantas a tharraingt siar a bheidh ag creat dlíthiúil an tríú tír atá i dtrácht mar chreat coibhéiseach. I gcás ina ndéanfar gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis a tharraingt siar, beidh idirbhearta na gcontrapháirtithe faoi réir na gceanglas uile arís go huathoibríoch atá in Airteagal 28 agus in Airteagal 29 den Rialachán seo.

Airteagal 34

Clár díorthach faoi réir na hoibleagáide trádála

Coimeádfaidh ÚEUM clár ina sonrófar, ar bhealach uileghabhálach agus aonchiallach, na díorthaigh atá faoi réir na hoibleagáide chun trádáil a dhéanamh ar na hionaid dá dtagraítear in Airteagal 28(1), na hionaid ina ligfear isteach chun a dtrádála nó ar a dtrádáiltear iad, agus na dátaí óna mbeidh éifeacht leis an oibleagáid agus foilseoidh sé ar a shuíomh gréasáin é.

TEIDEAL VI

ROCHTAIN NEAMH-IDIRDHEALAITHEACH IMRÉITIGH I gCÁS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 35

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar CCP

1.   Gan dochar d’Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012, glacfaidh CCP le hionstraimí airgeadais a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála ina bhforghníomhófar an t-idirbheart. Áiritheoidh sin ach go háirithe go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar chonarthaí arna dtrádáil ar an ionad trádála sin sna téarmaí seo a leanas:

(a)

ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CCP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

(b)

traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear na ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh. Níl feidhm ag an gceanglas sa mhír sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.

Ní bheidh CCP faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le hionad trádála ar tugadh fógra dó faoi Airteagal 36(5).

2.   Cuirfear iarratas chun rochtain a fháil ar CCP trí ionad trádála faoi bhráid an CCP, a údaráis inniúil ábhartha agus údarás inniúil an ionaid trádála go foirmiúil. Sonrófar san iarratas sin na cineálacha ionstraimí airgeadais a n-iarrtar rochtain ina leith.

3.   Tabharfaidh an CCP freagra i scríbhinn don ionad trádála laistigh de thrí mhí i gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, agus laistigh de shé mhí i gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ag údarú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an CCP iarratas ar rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe i mír 6(a). Má dhiúltaíonn CCP rochtain a thabhairt tabharfaidh sé na cúiseanna iomlána leis sin ina fhreagra agus cuirfidh a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh sin. I gcás ina mbeidh an t-ionad trádála bunaithe i mBallstát difriúil leis an CCP, tabharfaidh an CCP an fógra agus an réasúnaíocht sin d’údarás inniúil an ionaid trádála. Ceadóidh an CCP rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach ar thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

4.   Déanfaidh údarás inniúil an CCP nó údarás inniúil an ionaid trádála rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP sna cásanna seo a leanas amháin:

(a)

i gcás nach n-éileofaí socrú idir-inoibritheachta le rochtain mar sin, i ndáil le díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad de bhun Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó

(b)

i gcás nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta, nó sa chás ina mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéamach.

Ní chuirfear cosc le haon ní i bpointe (a) den chéad fhomhír ar rochtain a dheonú i gcás ina n-éileofar idir-inoibritheacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus inar thoiligh an t-ionad trádála agus na CCPanna uile atá rannpháirteach sa socrú idir-inoibritheachta a bheartaítear leis an socrú agus ina mbeadh na rioscaí a mbeadh an CCP reatha neamhchosanta dóibh a eascraíonn ó shuímh idir-CCP comhthaobhaithe ag tríú páirtí.

I gcás inarb é an gá atá le socrú idir-inoibritheachta is cúis le hiarratas a dhiúltú nó is cúis i bpáirt leis sin, tabharfaidh an t-ionad trádála comhairle don CCP agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi na CCPanna eile a bhfuil rochtain acu ar an ionad trádála agus foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ionas go bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta rogha a dhéanamh a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagal 37 de Threoir 2014/65/AE i ndáil leis na contrapháirithe lárnacha sin chun socruithe eile maidir le rochtain a éascú.

Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis sin don údarás inniúil eile, don CCP agus don ionad trádála lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil an cinneadh bunaithe uirthi.

5.   I gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, contraphairtí lárnach a bunaíodh as an nua agus a údaraíodh mar CCP mar a shainítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun imréiteach a dhéanamh faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó gur tugadh aitheantas dó faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a údaraíodh faoi chóras údarúcháin náisiúnta a bhí ann cheana féin ar feadh tréimhse is lú ná trí bliana an 2 Iúil 2014, féadfaidh sé roimh an 3 Eanáir 2017, iarratas a dhéanamh chuig a údarás inniúil chun leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh a dhéanamh nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo don CCP i ndáil le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2019.

I gcás ina ndéanfar idirthréimhse den sórt sin a fhormheas, ní fhéadfaidh an CCP leas a bhaint as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimhsigh sin. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do chomhaltaí choláiste na n-údarás inniúil don CCP agus do ÚEUM nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé.

I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 36 ná faoin Airteagal seo i dtaca le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid ar feadh thréimhse an tsocraithe idirthréimshigh sin.

Maidir le CCP a údarófar le linn na tréimhse trí bliana roimh theacht i bhfeidhm, ach a dhéantar de bharr cumaisc agus fála lena mbaineann CCP amháin ar laghad a bheidh údaraithe roimh an tréimhse sin, ní cheadófar dó iarratas a dhéanamh ar shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo.

6.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha sonracha faoina bhféadfaidh CCP iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon agus cineál na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile faoi deara rioscaí suntasacha míchuí a chruthú;

(b)

na coinníollacha faoina gceadóidh CCP rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí imréitigh, ceanglais chomhthaobhachta agus ceanglais oibriúcháin maidir le héarlaisiú;

(c)

na coinníollacha faoina mbeidh deonú rochtana ina bhagairt ar feidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó faoina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistéamach;

(d)

an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5;

(e)

na coinníollach le haghaidh láimhseála neamh-idirdhealaithí ó thaobh an chaoi a láimhseáiltear conarthaí arna dtrádáil ar a ardán a fhad a bhaineann le ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le tras-éarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha a d’imréitigh an CCP céanna.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 36

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ionad trádála

1.   Gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012, soláthróidh ionad trádála fothaí trádála ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le táillí a bhaineann le rochtain, ar é a iarraidh, do CCP ar bith atá údaraithe nó aitheanta le Rialachán (AE) Uimh 648/2012 ar mian leis idirbhearta in ionstraimí airgeadais a rinneadh ar an ionad trádála sin a imréiteach. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le hidirbheart díorthach ar bith atá faoi réir na n-oibleagáidí rochtana faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012 cheana féin.

Ní bheidh ionad trádála faoi cheangal ag an Airteagal seo má tá dlúthbhaint aige le CCP a mbeidh fógra tugtha dó go bhfuil sé ag baint leasa as socruithe idirthréimhseacha faoi Airteagal 35(5).

2.   Déanfar iarratas chun rochtain a fháil ar ionad trádála ag CCP a chur go foirmiúil faoi bhráid an ionaid trádála, a údarás inniúil ábhartha agus údarás inniúil an chontrapháití lárnaigh.

3.   Tabharfaidh an t-ionad trádála freagra i scríbhinn don CCP laistigh de thrí mhí i gcás urrús inaistrithe agus ionstraimí mhargadh an airgid, agus laistigh de shé mhí i gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ag údarú na rochtana, ar choinníoll gur dheonaigh an t-údarás inniúil ábhartha rochtain de bhun mhír 4, nó ag diúltú na rochtana. Ní fhéadfaidh an t-ionad trádála rochtain a dhiúltú ach amháin faoi na coinníollacha atá sonraithe faoi mhír 6(a). Sa chás ina ndiúltófar rochtain tabharfaidh an t-ionad trádála cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin ina fhreagra agus cuirfidh sé a údarás inniúil ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh. I gcás ina mbeidh an CCP bunaithe i mBallstát difriúil leis an CCP, tabharfaidh an t-ionad trádála an fógra agus an réasúnaíocht sin d’údarás inniúil an CCP. Ceadóidh an t-ionad trádála rochtain laistigh de thrí mhí tar éis dó freagra deimhneach a thabhairt ar an iarratas ar rochtain.

4.   Déanfaidh údarás inniúil an ionaid trádála nó údarás inniúil an CCP rochtain ar ionad trádála a dheonú ar CCP sna cásanna seo a leanas amháin:

(a)

nach n-éileofaí socrú idir-inoibritheachta le rochtain mar sin, i ndáil le díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad de bhun Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012; nó

(b)

nach mbeadh an rochtain sin ina bagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí, go háirithe mar gheall ar ilroinnt leachtachta agus ina mbeidh sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm ag an ionad trádála chun ilroinnt mar sin a chosc, nó sa chás nach mbeadh tionchar dochrach acu ar an riosca sistéamach.

Ní chuirfear cosc le haon ní i bpointe (a) den chéad fhomhír ar rochtain a dheonú i gcás ina n-éilítear idir-inoibritheacht leis an iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus inar thoiligh an t-ionad trádála agus na CCPanna uile atá rannpháirteach sa socrú idir-inoibritheachta a bheartaítear leis an socrú agus ina mbeidh na rioscaí a mbeidh an CCP reatha neamhchosanta dóibh a eascraíonn ó shuímh idir-CCP comhthaobhaithe ag tríú páirtí.

I gcás inarb é an gá atá le socrú idir-inoibritheachta is cúis le hiarratas a dhiúltú nó is cúis i bpáirt leis sin, tabharfaidh an t-ionad trádála comhairle don CCP agus cuirfidh sé ÚEUM ar an eolas faoi na CPPanna eile a bhfuil rochtain acu ar an ionad trádála agus foilseoidh ÚEUM an fhaisnéis sin ionas go bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta rogha a dhéanamh a gcearta a fheidhmiú faoi Airteagal 37 de Threoir 2014/65/AE i ndáil leis na CCPanna sin chun socruithe eile maidir le rochtain a éascú.

Má dhiúltaíonn údarás inniúil rochtain eiseoidh sé a chinneadh laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas dá dtagraítear i mír 2 a fháil agus tabharfaidh sé cúiseanna iomlána leis an gcinneadh sin don údarás inniúil eile, don ionad trádála agus don CCP lena n-áirítear an fhianaise a bhfuil a chinneadh bunaithe uirthi.

5.   I gcás díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, maidir le hionad trádála a thiteann faoi bhun na tairsí ábhartha sa bhliain féilire roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh sé, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, fógra a thabhairt do ÚEUM agus dá udaráis inniúla nach mian leis a bheith faoi cheangal ag an Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a bheidh curtha san áireamh sa tairseach sin, ar feadh tréimhse tríocha mí ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir le hionad trádála a fhanann faoi bhun na tairsí ábhartha gach bliain den tréimhse trí bliana sin, nó níos faide, féadfaidh sé, ag deireadh na tréimhse sin, fógra a thabhairt do ÚEUM agus dá udaráis inniúla nár mhian leis leanúint a bheith faoi cheangal ag an Airteagal seo go ceann tríocha mí breise. I gcás ina dtabharfar fógra, ní fhéadfaidh an t-ionad trádála leas a bhaint as na cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoin Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán a bheidh curtha san áireamh sa tairseach sin, ar feadh tréimhse na rogha sin chun fanacht amuigh. Foilseoidh ÚEUM liosta de gach fógra a gheobhaidh sé.

Is é méid barúlach bliantúil arna thrádáil de EUR 1 000 000 milliún an tairseach ábhartha don rogha sin chun fanacht amuigh. Beidh an méid barúlach aon-áirithe agus áireofar ann gach idirbheart i ndíorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a thabharfar i gcrích faoi rialacha an ionaid trádála.

I gcás inar cuid de ghrúpa an t-ionad trádála lena bhfuil dlúthbhaint aige, ríomhfar an tairseach trí mhéid barúlach bliantúil arna thrádáil na n-ionad trádála uile sa ghrúpa atá bunaithe san Aontas a chomhaireamh.

I gcás ina mbeidh dlúthbhaint ag ionad trádála a bheidh tar éis fógra a thabhairt faoin mír seo le CCP amháin nó níos mó, ní bhainfidh na CCPanna sin leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoin Airteagal seo i gcás díorthach arna dtrádáil ar mhalartán laistigh den tairseach ábhartha sin, ar feadh tréimhse an rogha chun fanacht amuigh.

6.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

(a)

na coinníollacha sonracha faoina bhféadfadh ionad trádála iarraidh ar rochtain a dhiúltú, lena n-áirítear na coinníollacha atá bunaithe ar líon réamh-mheasta na n-idirbheart, líon na n-úsáideoirí, socruithe chun riosca agus castacht oibríochtúil a bhainistiú nó tosca eile atá faoi deara rioscaí suntasacha míchuí;

(b)

na coinníollacha faoina dtabharfar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise arna soláthar maidir le hionstraimí airgeadais le linn na céime forbartha, agus an bonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach maidir le táillí a bhaineann le rochtain;

(c)

na coinníollacha ina bhféadfaidh rochtain a dheonú a bheith mar bhagairt ar fheidhmiú réidh agus ordúil na margaí nó ina mbeadh tionchar dochrach aige ar an riosca sistémach;

(d)

an nós imeachta chun fógra a dhéanamh faoi mhír 5, lena n-áirítear sonraíochtaí breise chun an méid barúlach a ríomh agus an modh lena bhféadfaidh ÚEUM ríomh líon na n-idirbheart a fhíorú agus an rogha chun fanacht amuigh a fhormheas.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 37

Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thagarmharcanna agus an oibleagáid tagarmharcanna a cheadúnú

1.   Sa chás ina ndéanfar luach ionstraim airgeadais ar bith a ríomh trí thagairt do thagarmharc, áiritheoidh duine a mbeidh cearta dílsithe aige ar an tagarmharc go mbeidh, chun críocha trádála agus imréitigh, rochtain neamh-idirdhealaitheach ag CCPanna agus ag ionaid trádála ar na nithe seo a leanas:

(a)

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil an tagarmhairc sin chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(b)

ceadúnais.

Deonófar ceadúnas lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach laistigh de thrí mhí tar éis na hiarrata ó CCP nó ó ionad trádála.

Ceadófar rochtain ar phraghas réasúnacha tráchtála lena gcuirfear i gcuntas an praghas ar a ndeonaítear rochtain ar an tagarmharc nó ar a bhfuil na cearta maoine intleachtúla ceadúnaithe ar théamaí coibhéiseacha le CCP eile, ionaid eile trádála nó aon duine eile lena mbaineann chun críocha imréitigh agus trádála. Ní fhéadfar praghsanna éagsúla a ghearradh ar CCPanna éagsúla, ar ionaid trádála éagsúla nó ar dhaoine éagsúla eile lena mbaineann ach amháin ina mbeidh údar cuí go hoibiachtúil leis sin ag féachaint do chúinsí réasúnta tráchtála amháin méid, raon feidhme nó an réimse úsáide atá éilithe.

2.   I gcás ina bhforbrófar tagarmharc nua tar éis an 3 Eanáir 2017, tosóidh an oibleagáid é a cheadúnú tráth nach déanaí ná 30 mí tar éis d’ionstraim airgeadais a thagraíonn don tagarmharc sin teacht isteach nó dul i mbun trádála. I gcás ina mbeidh tagarmharc atá ann cheana ag duine a bhfuil cearta dílsithe aige ar thagarmharc nua, bunóidh an duine sin go gcomhlíonfaidh an tagarmharc nua, murab ionann is aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana, na critéir charnacha a leanas:

(a)

nach cóip ná leasú é an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana agus go mbeidh éagsúlacht bhríoch ag an modheolaíocht, lena n-áirítear na sonraí a bhaineann léi, ón modheolaíocht a bhaineann le haon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana; agus

(b)

nach ionadaí an tagarmharc nua ar aon chineál tagarmhairc a bheadh ann cheana.

Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta agus, go háirithe, d’Airteagal 101 agus d’Airteagal 102 CFAE.

3.   Ní bheidh cead ag CCP, ionad trádála ná eintiteas lena mbaineann ar bith comhaontú a dhéanamh le haon soláthraí tagarmhairc a mbeadh d’éifeacht aige:

(a)

cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar an bhfaisnéis nó ar na cearta sin dá dtagraítear i mír 1; nó

(b)

cosc a chur ar CCP nó ar ionad trádála ar bith rochtain a fháil ar cheadúnas den sórt sin dá dtagraítear i mír 1.

4.   Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid a leanas a shonrú:

(a)

an fhaisnéis tríd an gceadúnú a chuirfear ar fáil faoi mhír 1(a), lena húsáid ag an CCP nó ag an ionad trádála amháin;

(b)

coinníollacha eile faoina ndeonófar rochtain, lena n-áirítear rúndacht na faisnéise a sholáthraítear;

(c)

na caighdeáin lena dtreoraítear conas a fhéadfar a chruthú gur tagarmharc nua atá ann i gcomhréir le mír 2(a) agus (b).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

Rochtain le haghaidh CCPanna agus ionad trádála tríú tíortha

1.   Féadfaidh ionad trádála a bheidh bunaithe i dtríú tír rochtain ar CCP a bheidh bunaithe san Aontas a iarraidh ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 28(4) a bhaineann leis an tríú tír sin. Féadfaidh CCP a bheidh bunaithe i dtríú tír rochtain ar ionad trádála a bheidh bunaithe san Aontas a iarraidh faoi réir an CCP sin a bheith aitheanta faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh 648/2012. Ní cheadófar do CCPanna agus d’ionaid trádála a bheidh bunaithe i dtríú tíortha úsáid a bhaint as na cearta rochtana in Airteagal 35 go hAirteagal 36 ach amháin ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 go meastar go bhfórálann an creat dlíthiúil agus maoirseachta do chóras coibhéiseach éifeachtach chun CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe faoi chórais éifeachtacha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála atá bunaithe sa tríú tír sin.

2.   Ní fhéadfaidh CCPanna agus ionaid trádála arna mbunú i dtríú tíortha ceadúnas agus cearta rochtana a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 37 ach amháin ar choinníoll go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal go meastar go bhforálann an creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach faoina gceadaítear do CCPanna agus ionaid trádála atá údaraithe i ndlínsí eachtracha rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(b)

ceadúnais,

ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51, cinntí a ghlacadh á gcinneadh go n-áiritheoidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh ionad trádála agus CCP atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach go dlíthiúil agus atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus atá faoi réir ag maoirseacht agus forghníomhú éifeachtach sa tríú tír sin.

Measfar go mbeidh creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír coibhéiseach i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh na hionaid trádála sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir a bhforfheidhmithe ar bhonn leanúnach;

(b)

go bhforálfaidh sé do chóras coibhéiseach éifeachtach trína cheadú do CCPanna agus ionaid trádála a bheidh údaraithe faoi chórais eachtracha rochtain a bheith acu ar CCPanna agus ar ionaid trádála a bheidh bunaithe sa tríú tír sin;

(c)

go bhforálfaidh creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír sin do chóras éifeachtach coibhéiseach faoina gceadófar do CCPanna agus d’ionaid trádala a bheidh údaraithe i ndlínse eachtrach rochtain a bheith acu ar bhonn cothrom réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

fothaí ábhartha praghsanna agus sonraí agus faisnéis faoi chomhdhéanamh, faoi mhodheolaíocht agus faoi phraghsáil tagarmharc chun críocha imréitigh agus trádála; agus

(ii)

ceadúnais,

ó dhaoine a mbeidh cearta dílsithe acu ar thagarmharcanna a bheidh bunaithe sa tríú tír sin.

TEIDEAL VII

BEARTA MAOIRSEACHTA MAIDIR LE hIDIRGHABHÁIL TÁIRGE AGUS SUÍOMHANNA

CAIBIDIL 1

Faireachán táirge agus idirghabháil

Airteagal 39

Faireacháin margaidh

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM faireachán ar a margadh d’ionstraimí airgeadais a dhéantar a chur ar an margadh, a scaipeadh agus a dhíol san Aontas.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE faireachán ar an margadh, do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear, nó a dhíoltar san Aontas.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla faireachán ar an margadh d’ionstraimí airgeadais agus do thaiscí struchtúraithe a chuirtear ar an margadh, a dháiltear nó a dhíoltar ina mBallstát nó ón mBallstát sin.

Airteagal 40

Cumhachtaí idirghabhála sealadacha ÚEUM

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚEUM toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

(a)

margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

(b)

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚEUM.

2.   Ní ghlacfaidh ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin mura gcomhlíonar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar ábhar imní nó bagairt suntasach do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)

na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais atá infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol;

(c)

nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go leordhóthanach.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚEUM an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn réamhchúraim a fhorchur sula ndéanfar ionstraim airgeadais a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

3.   Agus gníomhaíocht á déanamh faoin Airteagal seo, áiritheoidh ÚEUM an méid seo a leanas faoin ngníomhaíocht:

(a)

nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;

(b)

nach gcruthóidh sí riosca arbatráiste rialála; agus

(c)

go ndéanfar an beart tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sa chás go mbainfidh an beart le díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚEUM aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

4.   Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.

5.   Foilseoidh ÚEUM ar a shuíomh gréasáin fógra faoi aon chinneadh chun aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna fhorchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

7.   Beidh forlámhas ag gníomhaíocht a ghlacfaidh ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile a rinne údarás inniúil roimhe sin.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur san áireamh ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó a bheidh baol i gceist maidir le feidhmiú rianúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó le cobhsaíocht chóras iomlán airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó le cobhsaíocht cuid den chóras sin.

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a)

an méid castachta a bhaineann le hionstraim airgeadais agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

(b)

méid nó luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais a eisiúint;

(c)

a nuála is atá ionstraim airgeadais, gníomhaíocht nó cleachtas;

(d)

an ghiaráil a sholáthraíonn ionstraim airgeadais nó cleachtas.

Airteagal 41

Cumhachtaí sealadacha idirghabhála ÚBE

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh ÚBE toirmeasc nó srian sealadach a chur ar na nithe seo a leanas san Aontas:

(a)

margú, dáileadh nó díol taiscí struchtúraithe áirithe nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe ag baint leo; nó

(b)

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag ÚBE.

2.   Ní ghlacfaidh ÚBE cinneadh faoi mhír 1 mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

go dtabharfaidh an ghníomhaíocht a bheidh beartaithe aghaidh ar an ábhar imní nó ar an mbaol faoi leith do chosaint infheisteoirí nó d’fheidhmiú rianúil agus do shláine margaí airgeadais nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)

na ceanglais rialála faoi dhlí an Aontais a bheidh infheidhme maidir leis an taisce struchtúraithe nó maidir leis an ngníomhaíocht i gceist, nach rachaidh siad i ngleic leis an mbaol; agus

(c)

nach mbeidh údarás inniúil ná údaráis inniúla tar éis gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol nó nach leor na gníomhaíochtaí a bheidh déanta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin go sásúil.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh ÚBE an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

3.   Le linn don ÚBE gníomhaíocht a ghlacadh faoin Airteagal seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas a áirithiú maidir leis an ngníomhaíocht:

(a)

nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an ngníomhaíocht ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná ar infheisteoirí, a bheidh díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht; agus

(b)

nach í an ghníomhaíocht faoi deara riosca arbatráiste rialála.

I gcás ina mbeidh beart déanta ag údarás inniúil nó ag údaráis inniúla faoi Airteagal 42, féadfaidh ÚBE aon cheann de na bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh gan an tuairim dá bhforáiltear in Airteagal 43 a eisiúint.

4.   Sula gcinnfear aon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo, tabharfaidh ÚBE fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige.

5.   Foilseoidh ÚBE fógra ar a shuíomh gréasáin faoi aon chinneadh maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanamh faoin Airteagal seo. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain agus sonrófar tráth i ndiaidh an fógra a fhoilsiú óna mbeidh éifeacht leis na bearta. Ní bheidh feidhm ag toirmeasc ná srian ach amháin maidir le gníomhaíocht a dhéanfar tar éis do na bearta teacht i bhfeidhm.

6.   Déanfaidh ÚBE athbhreithniú ar thoirmeasc nó ar shrian arna bhforchur faoi mhír 1 ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar an toirmeasc nó an srian a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag.

7.   Beidh forlámhas ag gníomhaíocht arna ghlacadh ag ÚBE faoin Airteagal seo ar aon ghníomhaíocht eile arna déanamh ag údarás inniúil roimhe sin.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚBE a shonrú agus cinneadh a dhéanamh aige i dtaobh cathain a bheidh ábhar mór imní nó baol i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí agus cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de.

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a)

an méid castachta a bhaineann le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú nó a dhíol dóibh;

(b)

méid nó luach barúlach a bhaineann le taiscí struchtúraithe a eisiúint;

(c)

a nuála is atá taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas,

(d)

an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag taisce struchtúraithe nó cleachtas.

Airteagal 42

Idirghabháil táirge a dhéanamh ag údaráis inniúla

1.   Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc nó srian a chur ar na nithe seo a leanas sa Bhallstát sin nó uaidh:

(a)

margú, dáileadh nó díol ionstraimí airgeadais áirithe nó taiscí struchtúraithe nó ionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a bhfuil gnéithe sonraithe áirithe ag baint leo; nó

(b)

cineál gníomhaíochta airgeadais nó cleachtais.

2.   Féadfaidh údarás inniúil an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh má tá sé sásta, ar fhorais réasúnacha:

(a)

ceann amháin díobh seo a leanas:

(i)

gur ábhar imní ó thaobh cosanta infheisteoirí atá i dtaisce struchtúraithe nó i ngníomhaíocht nó i gcleachtas nó go gcuirfidhsiad feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine i mbaol laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad; nó

(ii)

go mbeidh éifeacht dhochrach ag díorthach ar an sásra socraithe praghsanna sa bhunmhargadh;

(b)

nach dtabharfaidh na ceanglais reatha rialála faoi dhlí an Aontais is infheidhme maidir leis an ionstraim airgeadais, leis an taisce struchtúraithe nó leis an ngníomhaíocht nó leis an gcleachtas aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus nárbh fhearr aghaidh a thabhairt ar an gceist trí mhaoirseacht fheabhsaithe nó trí na ceanglais reatha a fhorfheidhmiú;

(c)

go mbeidh an ghníomhaíocht comhréireach agus na rioscaí atá sainaitheanta á gcur i gcuntas, leibhéal sofaisticiúlachta na n-infheisteoirí nó na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann agus an tionchar is dócha a bheidh ag an ngníomhaíocht ar infheisteoirí agus ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhéadfaidh ionstraimí airgeadais, taisce struchtúraithe nó gníomhaíocht nó cleachtas a shealbhú, a úsáid nó tairbhe a bhaint astu;

(d)

go mbeidh an t-údarás inniúil tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla i mBallstáit eile a bhféadfaidh an ghníomhaíocht difear suntasach a dhéanamh dóibh;

(e)

nach mbeidh tionchar idirdhealaitheach ag an ngníomhaíocht ar sheirbhísí ná ar ghníomhaíochtaí a sholáthraítear ó Bhallstát eile; agus

(f)

go mbeidh sé tar éis dul i gcomhairle mar is ceart le húdaráis inniúla maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, i gcás ina gcuirfidh ionstraim airgeadais nó gníomhaíocht nó cleachtas feidhmiú ordúil agus sláine an mhargaidh talmhaíochta fhisicigh faoi bhagairt thromchúiseach.

I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc nó an srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar bhonn réamhchúraim sula ndéanfar ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe a mhargú, a dháileadh nó a dhíol do chliaint.

Féadfaidh feidhm a bheith le toirmeasc nó le srian i dtosca áirithe, nó a bheith faoi réir eisceachtaí a bheidh sonraithe ag an údarás inniúil.

3.   Ní fhorchuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian faoin Airteagal seo ach amháin i gcás ina mbeidh fógra i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis curtha aige chuig gach údarás inniúil eile agus chuig ÚEUM, tráth nach lú ná mí amháin roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart, faoi na mionsonraí seo a leanas:

(a)

an ionstraim airgeadais nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart atá beartaithe;

(b)

an cineál toirmisc nó sriain go baileach atá beartaithe agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus

(c)

an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta.

4.   I gcásanna eisceachtúla ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach faoin Airteagal sin d’fhonn nach dtiocfaidh dochar as na hionstraimí airgeadais, na taiscí struchtúraithe, na cleachtais nó na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhú ar bhonn sealadach taobh istigh d’fhógra i scríbhinn nach lú ná 24 huaire an chloig, roimh an am a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart i ndáil leis na húdaráis inniúla eile go léir agus le ÚEUM, nó, le taiscí struchtúraithe, ÚBE ar choinníoll go mbeidh na critéir ar fad atá san Airteagal sin á gcomhlíonadh agus, ina theannta sin, go mbunófar go soiléir nach mbeadh tréimhse fógra mí amháin sásúil chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní nó ar an mbaol ar leith. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse is faide ná trí mhí.

5.   Foilseoidh an t-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin fógra maidir le haon chinneadh chun aon toirmeasc nó srian dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur. Saineofar san fhógra mionsonraí an toirmisc nó an tsriain, an dáta tar éis dháta foilsithe an fhógra óna mbeidh éifeacht leis na bearta agus an fhianaise ar deimhin leis go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2 comhlíonta. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc ná ag an srian maidir le gníomhaíochtaí a dhéanfar tar éis an fógra a bheith foilsithe.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a aisghairm mura mbeidh feidhm a thuilleadh ag na coinníollacha i mír 2.

7.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 lena sonrófar critéir agus tosca a bheidh le cur i gcuntas ag ÚEUM agus iad ag cinneadh cathain a bheidh ábhar mór imní nó bagairt i gceist maidir le cosaint infheisteoirí nó feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí nó cobhsaíocht an chórais airgeadais laistigh de Bhallstát amháin ar a laghad dá dtagraítear i mír 2(a).

Áireofar leis na critéir agus na tosca sin:

(a)

an méid castachta a bhainfidh le hionstraim airgeadais nó le taisce struchtúraithe agus an caidreamh leis an gcineál cliaint a ndéanfar é a mhargú dó, a dáileadh air nó a dhíol dó;

(b)

a nuála is a bheidh ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe, gníomhaíocht nó cleachtas;

(c)

an ghiaráil a bheidh curtha ar fáil ag ionstraim airgeadais nó taisce struchtúraithe nó cleachtas;

(d)

i ndáil le feidhmiú ordúil agus sláine margaí airgeadais nó margaí tráchtearraí, le méid nó le luach barúlach a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó taiscí struchtúraithe a eisiúint.

Airteagal 43

Comhordú á dhéanamh ag ÚEUM agus ag ÚBE

1.   Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM, nó ag ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis inniúla faoi Airteagal 42. Áiritheoidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go háirithe go mbeidh údar le gníomhaíocht ar bith a dhéanfaidh údarás inniúil agus go mbeidh sí comhréireach agus go nglacfaidh na húdaráis inniúla chur chuige comhsheasmhach i gcás inarb iomchuí.

2.   Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 42 maidir le haon ghníomhaíocht is gá a fhorchur faoin Airteagal sin, glacfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, tuairim i dtaobh an bhfuil údar leis an toirmeasc nó an srian agus an bhfuil sé comhréireach. I gcás ina measfaidh ÚEUM, nó ÚBE le haghaidh taiscí struchtúraithe, go bhfuil gá le beart ó údaráis inniúla eile chun aghaidh a thabhairt ar an riosca, tabharfaidh sé an méid sin le fios sa tuairim uaidh. Foilseofar an tuairim ar láithreán gréasáin ÚEUM, nó ar láithreán gréasáin ÚBE do thaiscí struchtúraithe.

3.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil gníomhaíocht a dhéanamh nó ina ndéanfaidh sé gníomhaíocht atá contrártha do thuairim arna glacadh ag ÚEUM nó ag ÚBE faoi mhír 2 nó i gcás ina ndiúltóidh sé gníomhaíocht a dhéanamh atá contrártha don tuairim sin foilseoidh sé an méid sin láithreach ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé míniú cuimsitheach ar na cúiseanna atá aige leis.

CAIBIDIL 2

Seasaimh

Airteagal 44

Bearta maidir le bainistíocht náisiúnta suímh agus teorainneacha suímh a chomhordú ag ÚEUM

1.   Beidh ról éascaithe agus comhordaithe ag ÚEUM maidir le bearta a dhéanann údaráis inniúla de bhun Airteagal 69(2)(o) agus (p) de Threoir 2014/65/AE. Áiritheoidh ÚEUM, go háirithe, go nglacfaidh na húdaráis inniúla cur chuige comhsheasmhach maidir leis na tráthanna a fheidhmeofar na cumhachtaí sin, cineál agus raon feidhme na mbeart a fhorchuirfear, ré na mbeart agus an méid a leanfaidh uathu.

2.   Tar éis dó fógra a fháil faoi bheart ar bith faoi Airteagal 79(5) de Threoir 2014/65/AE, déanfaidh ÚEUM an beart agus na cúiseanna atá leis a thaifeadadh. Maidir le bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 69(2)(o) nó (p) de Threoir 2014/65/AE, coimeádfaidh sé bunachar sonraí ina mbeidh achoimrí ar na bearta atá i bhfeidhm lena n-áirítear mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, aon teorainneacha ar mhéid na suíomh is féidir le daoine a shealbhú gach tráth, aon díolúintí ina leith arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir 2014/65/AE, agus na cúiseanna atá leis, agus foilseoidh sé ar a láithreán gréasáin é.

Airteagal 45

Cumhachtaí bainistíochta suímh ÚEUM

1.   I gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, déanfaidh ÚEUM, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha araon i mír 2, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

(a)

gach faisnéis ábhartha a iarraidh ar aon duine maidir le méid agus le cuspóir an tsuímh nó na neamhchosanta a dhéanfar trí dhíorthach;

(b)

tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas i gcomhréir le pointe (a), a cheangal ar aon duine den sórt sin méid an tsuímh nó na neamhchosanta a laghdú nó a dhíchur i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(b);

(c)

mar rogha dheiridh, teorainn a chur le cumas an duine díorthach tráchtearra a dhéanamh.

2.   Ní dhéanfaidh an ÚEUM cinneadh faoi mhír 1 ach amháin sa chás ina gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go dtabharfaidh na bearta a liostaítear i mír 1 aghaidh ar bhaol dochair d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas;

(b)

nach mbeidh údarás inniúil nó údaráis inniúla tar éis bearta chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin a dhéanamh nó nach leor na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol sin;

Déanfaidh ÚEUM measúnú ar an méid a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo i gcomhréir leis na critéir agus leis na tosca dá bhforáiltear sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear mír 10(a) den Airteagal seo.

3.   Le linn do ÚEUM bearta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh áiritheoidh sé ar a mhéid:

(a)

a thabharfaidh an beart aghaidh shuntasach ar an mbaol d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear maidir leis na socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha, nó do chobhsaíocht chuid den chóras airgeadais nó an chórais airgeadais ina iomláine san Aontas, nó feabhas suntasach a dhéanamh ar chumas na n-údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar an mbaol sin, mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir leis na critéir agus na tosca dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 10(a) den Airteagal seo;

(b)

nach gcruthófar leis an mbeart an baol d’arbatráiste rialála mar a dhéanfar é a thomhas i gcomhréir le mír 10(c) den Airteagal seo;

(c)

nach mbeidh aon cheann de na héifeachtaí dochracha seo a leanas ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais a bheidh díréireach le sochair an bhirt: leachtacht a laghdú sna margaí sin, srianta a chur ar na coinníollacha chun rioscaí a laghdú a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála contrapháirtí neamhairgeadais, nó neamhchinnteacht a chruthú do na rannpháirtithe sa mhargadh.

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), sula ndéanfaidh siad aon bhearta a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh;

Rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis na comhlachtaí poiblí atá inniúil maidir le maoirseacht, riarachán agus rialú na margaí talmhaíochta fisiceacha faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, sula ndéanfaidh sé aon bheart a bhaineann leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta.

4.   Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear i mír 1 a ghabháil ar láimh nó a athnuachan, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. I gcás iarratais faoi phointe (a) nó faoi phointe (b) de mhír 1 áireofar san fhógra céannacht an duine nó na ndaoine chuig ar seoladh é agus na mionsonraí agus na cúiseanna atá leis. I gcás birt faoi mhír 1(c) áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.

5.   Tabharfar fógra 24 huaire an chloig ar a laghad roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin nó go ndéanfar é a athnuachan. Féadfaidh ÚEUM, i gcásanna eisceachtúla, fógra níos giorra ná 24 huaire an chloig roimh an am a mbeidh sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis an mbeart sin a thabhairt i gcás nach féidir fógra 24 huaire an chloig a thabhairt.

6.   Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin fógra faoi aon chinneadh maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1(c) a fhorchur nó a athnuachan. Áireofar san fhógra mionsonraí maidir leis an duine lena mbaineann, na hionstraimí airgeadais is infheidhme, na bearta cainníochtúla ábhartha amhail uasmhéid an tsuímh a fhéadfaidh an duine i dtrácht a dhéanamh, agus na cúiseanna atá leis sin.

7.   Gabhfaidh éifeacht le beart dá dtagraítear i mír 1(c) nuair a fhoilseofar an fógra nó tráth, is tráth i ndiaidh a fhoilsithe, a bheidh sonraithe san fhógra agus ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le hidirbheart a dhéanfar tar éis don bheart éifeacht a ghabháil.

8.   Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar a bhearta dá dtagraítear i mír 1(c) ag idirthréimhsí iomchuí agus uair gach trí mhí ar a laghad. Mura ndéanfar beart a athnuachan tar éis na tréimhse trí mhí sin, rachaidh sé in éag láithreach. Beidh feidhm ag mír 2 go mír 8 freisin maidir leis na bearta a athnuachan.

9.   Beidh forlámhas ag beart arna ghlacadh ag ÚEUM faoin Airteagal seo ar aon bheart eile a rinne údarás inniúil roimhe sin faoi Airteagal 62(2)(o) nó (n) de Threoir 2014/65/AE.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun critéir agus tosca a shonrú chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

bagairt a bheith ann d’fheidhmiú ordúil agus do shláine na margaí airgeadais, lena n-áirítear na margaí díorthach tráchtearraí i gcomhréir leis na cuspóirí a liostaítear in Airteagal 57(1) de Threoir 2014/65/AE agus lena n-áirítear i ndáil leis na socruithe maidir le socruithe seachadta le haghaidh tráchtearraí fisiceacha nó le cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2(a), nó cobhsaíocht cuid de, dá dtagraítear i mír 2(a) agus á chur i gcuntas a mhéid a úsáidfear na suímh chun suímh i dtráchtearraí fisiceacha nó i gconarthaí tráchtearraí a fhálú agus a mhéid a leagtar síos na praghsanna sna bunmhargaí faoi threoir phraghsanna díorthach tráchtearraí;

(b)

suíomh nó neamhchosaint a laghdú go hiomchuí a dhéanfar trí dhíorthach dá dtagraítear i mír 1(b) den Airteagal sin;

(c)

na cásanna ina bhféadfadh riosca arbatráiste rialála dá dtagraítear i mír 3(b) den Airteagal sin teacht chun cinn.

Cuirfear i gcuntas sna critéir agus sna tosca sin na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(3) de Threoir 2014/65/AE agus déanfar idirdhealú leo idir na staideanna ina ngníomhaíonn ÚEUM toisc gur mhainnigh údarás inniúil gníomhú agus na staideanna ina dtugann ÚEUM aghaidh ar an riosca breise nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann aghaidh a thabhairt air go leordhóthanach de bhun Airteagal 69(2)(j) nó (o) de Threoir 2014/65/AE.

TEIDEAL VIII

SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ AG GNÓLACHTAÍ TRÍÚ TÍR TAR ÉIS CINNEADH COIBHÉISE A BHEITH ANN LE BRAINSE NÓ GAN BHRAINSE

Airteagal 46

Forálacha ginearálta

1.   Féadfaidh gnólacht tríú tír seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh le seirbhísí coimhdeacha nó gan aon seirbhísí coimhdeacha do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn i d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá bunaithe ar fud an Aontais gan aon bhrainse a bhunú ach amháin ina mbeidh sé cláraithe i gclár gnólachtaí tríú tír a choinníonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 47.

2.   Ní dhéanfaidh ÚEUM gnólacht tríú tír a bhfuil iarratas déanta aige ar sholáthar seirbhísí infheistíochta nó ar fheidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta ar fud an Aontais i gcomhréir le mír 1 a chlárú ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh cinneadh glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1);

(b)

go mbeidh an gnólacht údaraithe sa dlínse ina bhfuil a phríomhoifig bunaithe na seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta sin atá le soláthar a sholáthar san Aontas agus go mbeidh sé faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach trína n-áiritheofar go gcomhlíonfar ina n-iomláine na ceanglais is infheidhme sa tríú tír sin;

(c)

go mbeidh socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 47(2).

3.   I gcás ina mbeidh gnólacht tríú tír cláraithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní dhéanfaidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise a fhorchur ar ghnólacht an tríú tír maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo nó le Treoir 2014/65/AE agus ní dhéileálfaidh siad níos fabhraí le gnólachtaí tríú tír ná gnólachtaí an Aontais.

4.   Cuirfidh an gnólacht tríú tír dá dtagraítear i mír 1 a iarratas faoi bhráid ÚEUM tar éis don Choimisiún an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47 a ghlacadh lena gcinntear go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta an tríú tír ina bhfuil an gnólacht tríú tír údaraithe coibhéiseach leis na ceanglais a bhfuil cur síos orthu in Airteagal 47(1).

Déanfaidh an gnólacht iarrthach tríú tír gach faisnéis is gá chun é a chlárú a sholáthar do ÚEUM. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú féachaint an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura mbeidh an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ÚEUM spriocdháta síos faoina mbeidh ar an ngnólacht iarrthach tríú tír faisnéis bhreise a sholáthar.

Is ar bhonn na gcoinníollacha atá leagtha amach i mír 2 a dhéanfar cinneadh faoin gclárú.

Laistigh de 180 lá oibre tar éis iarratas iomlán a bheith curtha faoina bhráid, cuirfidh ÚEUM in iúl i scríbhinn don ghnólacht iarrthach tríú tír ar deonaíodh nó nár deonaíodh an clárú agus míniú lán-réasúnaithe á thabhairt ina thaobh.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnólachtaí tríú tír ina gcríocha seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a fheidhmiú mar aon le seirbhísí coimhdeachta do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i gcomhréir leis na córais náisiúnta in éagmais an chinnidh ón gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 47(1) nó i gcás nach mbeidh feidhm ag an gcinneadh sin a thuilleadh.

5.   Cuirfidh gnólachtaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí i gcomhréir leis an Airteagal seo in iúl do chliaint atá bunaithe san Aontas, sula soláthrófar aon seirbhísí infheistíochta, nach bhfuil cead acu seirbhísí a sholáthar do chliaint eile seachas contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus nach bhfuil siad faoi réir maoirseachta san Aontas. Cuirfidh siad in iúl ainm agus seoladh an údaráis inniúil atá freagrach as maoirseacht sa tríú tír.

Cuirfear an fhaisnéis sa chéad fhomhír ar fáil i scríbhinn agus ar bhealach feiceálach.

Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina dtionscnóidh contrapháirtí incháilithe nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE agus a bheidh bunaithe nó a bheidh lonnaithe san Aontas, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, nach mbeidh feidhm ag an tseirbhís nó an ghníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n-áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Le tionscnamh ó na cliaint sin, ní chuirfear i dteideal an ghnólachta tríú tír catagóirí nua táirgí infheistíochtaí nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don duine aonair sin

6.   Na gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí nó a fheidhmíonn gníomhaíochtaí i gcomhréir leis an Airteagal seo, sula soláthróidh siad aon seirbhís nó aon ghníomhaíocht a fheidhmiú i ndáil le cliant bunaithe san Aontas, tairgfidh siad aon díospóidí a bhaineann leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid dlínse chúirte nó binse eadrána i mBallstát.

7.   Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis a sholáthróidh an gnólacht iarrthach tríú tír do ÚEUM ina iarratas ar chlárú i gcomhréir le mír 4 agus formáid na faisnéise a bheidh le soláthar i gcomhréir le mír 5 a shonrú.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 47

Cinneadh coibhéise

1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) á rá go n-áirithíonn socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin go gcomhlíonann gnólachtaí atá údaraithe sa tríú tír sin ceanglais iompair ghnó agus stuamachta atá ceangailteach a bhfuil éifeacht choibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoir 2014/65/AE agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán seo agus faoi na Treoracha sin agus go bhforáiltear faoi chreat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras choibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do ghnólachtaí infheistíochta a údaraítear faoi chórais dlí tríú tír

Féadfar a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat iompair ghnó agus stuamachta tríú tír i gcás ina gcomhlíonfaidh an creat sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go mbeidh na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir údarú, faoi réir maoirseachta agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;

(b)

go mbeidh na gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta sa tríú tír sin faoi réir ceanglas leordhóthanachta maidir le caipitil agus ceanglas iomchuí is infheidhme maidir le scairshealbhóirí agus comhaltaí dá gcomhlacht bainistíochta;

(c)

go mbeidh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir ceanglas eagraíochtúil leordhóthanach i réimse fheidhmeanna an rialaithe inmheánaigh;

(d)

go mbeidh gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta faoi réir rialacha iomchuí iompair;

(e)

go n-áiritheoidh sé trédhearcacht agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid mhargaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.

2.   Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla ábhartha na dtríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír. Sonróidh socruithe den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis a iarrann ÚEUM faoi na gnólachtaí nach de chuid AE iad atá údaraithe i dtríú tíortha;

(b)

an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ÚEUM i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil gnólacht tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ÚEUM sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 48 ag sárú choinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé d’oibleagáid air a chomhlíonadh;

(c)

na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear nuair is iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.

3.   Maidir le gnólacht tríú tír arna bhunú i dtír ina mbeidh a chreat dlíthiúil agus maoirseachta aitheanta a bheith coibhéiseach, a bheag nó a mhór, i gcomhréir le mír 1 a dhéanfar a údarú i gcomhréir le hAirteagal 39 Threoir 2014/65/AE, beidh sé in ann na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin údarúchán a sholáthar do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn i d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE i mBallstáit eile a an Aontais gan brainsí nua a bhunú. Chuige sin, comhlíonfaidh sé na ceanglais faisnéise in Airteagal 34 de Threoir 2014/65/AE chun seirbhísí agus gníomhaíochtaí trasteorann a sholáthar.

Leanfaidh an brainse de bheith faoi réir mhaoirsiú an Bhallstáit i gcás ina mbunófar an brainse i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir 2014/65/AE. Mar sin féin, agus gan dochar do na hoibleagáidí chun comhoibriú a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe agus údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh comhaontuithe comhréireacha comhair a bhunú chun a áirithiú go mbeidh an leibhéal cuí cosanta infheisteoirí á sheachadadh ag brainse an ghnólachta tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta laistigh den Aontas.

4.   Ní fhéadfaidh tríú tír na cearta faoi Airteagal 46(1) a úsáid a thuilleadh i gcás ina nglacfaidh an Coimisiún cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) ag tarraingt siar a chinneadh faoi mhír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an tríú tír sin.

Airteagal 48

Clár

Coimeádfaidh ÚEUM clár de na gnólachtaí tríú tír a bhfuil cead acu seirbhísí nó gníomhaíochtaí infheistíochta a sholáthar san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 46. Beidh an clár inrochtana don phobal ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus beidh faisnéis ann faoi na seirbhísí nó faoi na gníomhaíochtaí a mbeidh cead ag na gnólachtaí tríú tír iad a sholáthar nó a fheidhmiú agus tagairt don údaráis inniúil atá freagrach as iad a mhaoirsiú sa tríú tír.

Airteagal 49

Clárúchán a tharraingt siar

1.   Déanfaidh ÚEUM clárú tríú tír sa chlár arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 48 a tharraingt siar más rud é:

(a)

go mbeidh cúiseanna ag ÚEUM a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír é ag gníomhú ar bhealach ar soiléir go ndéanfaidh sé dochar do leasanna na n-infheisteoirí nó d’fheidhmiú ordúil na margaí agus seirbhísí, agus gníomhaíochtaí infheistíochta á soláthar aige san Aontas; nó

(b)

go mbeidh cúiseanna ag ÚEUM a bhfuil bunús maith leo agus atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe chun a chreidiúint go bhfuil an gnólacht tríú tír tar éis sárú tromchúiseach a dhéanamh ar na forálacha is infheidhme maidir leis sa tríú tír agus ar ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) ina leith, agus seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta san Aontas á soláthar aige.

(c)

gur chuir ÚEUM an cheist faoi bhráid údarás inniúil an tríú tír agus nár ghlac an t-údarás inniúil sin na bearta iomchuí atá ag teastáil chun infheisteoirí agus feidhmiú cuí na margaí san Aontas a chosaint nó mhainnigh sé a léiriú go gcomhlíonann an gnólacht tríú tír lena mbaineann na ceanglais is infheidhme maidir leis sa tríú tír; agus

(d)

gur chuir ÚEUM in iúl d’údarás inniúil an tríú tír go bhfuil sé beartaithe aige clárúchán an ghnólachta tríú tír a tharraingt siar, 30 lá ar a laghad roimh é a tharraingt siar.

2.   Cuirfidh ÚEUM in iúl gan mhoill don Choimisiún faoi aon bheart a glacadh i gcomhréir le mír 1 agus foilseoidh sé a chinneadh ar a shuíomh gréasáin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha faoinar glacadh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1), ann fós i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

TEIDEAL IX

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

CAIBIDIL 1

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 50

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha a tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) agus (12) go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 2 Iúil 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) agus (12) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 1(9), Airteagal 2(2), Airteagal 13(2), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 31(4), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10) agus Airteagal 52(10) nó (12) i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse trí mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dhul in éag don tréimhse sin, nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL 2

Gníomhartha cur chun feidhme

Airteagal 51

An nós imeachta Coiste

1.   Beidh an Coiste Eorpach um Urrúis a bunaíodh le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún (30) de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

TEIDEAL X

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 52

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Faoin 3 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar atá ag na hoibleagáidí trédhearcachta a bunaíodh de bhun Airteagal 3 go hAirteagal 13, go háirithe maidir le tionchar an tsásra caidhpeála méide a thuairiscítear in Airteagal 5, lena n-áirítear maidir leis an gcostas trádála do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla agus maidir le trádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, agus a éifeachtúlacht chun a áirithiú nach ndéanfaidh an úsáid a bhaintear as na tarscaoiltí ábhartha dochar do chruthú praghsanna agus conas a d’fhéadfadh aon sásra iomchuí chun pionóis a fhorchur i gcás sáruithe ar an gcaidhpheáil mhéide oibriú, agus maidir le cur i bhfeidhm na dtarscaoilte agus cé chomh hoiriúnach is atá siad fós d’oibleagáidí trédhearcachta réamhthrádála a bunaíodh de bhun Airteagal 4(2) agus (3) agus Airteagal 9(2) go (5).

2.   Cuirfear san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 tionchar úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) ar mhargaí cothromais Eorpacha, agus ar an sásra caidhpeála méide faoi Airteagal 5, ag tagairt go háirithe do na nithe seo a leanas:

(a)

leibhéal agus treocht trádáil leabhar orduithe neamhthrédhearcach laistigh den Aontas ó tugadh isteach an Rialachán seo;

(b)

tionchar ar na raonta difríochta trédhearcacha réamhthrádála arna lua;

(c)

tionchar ar leibhéal leachtachta ar leabhair orduithe thrédhearcacha;

(d)

tionchar ar iomaíocht agus ar infheisteoirí laistigh den Aontas;

(e)

an tionchar ar thrádáil scaireanna ag cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe;

(f)

forbairtí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus idirphlé le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

3.   Má thagann an tuarascáil ar an tuairim go bhfuil úsáid an tarscaoilte faoi Airteagal 4(1)(a) agus (b)(i) díobhálach don socrú praghsanna, nó do thrádáil scaireanna cuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí, lena n-áirítear leasuithe ar an Rialachán seo, maidir le húsáid na dtarscaoiltí sin. Cuirfear san áireamh i dtograí den chineál sin measúnú tionchair na leasuithe molta agus cuspóirí an Rialacháin seo agus éifeachtaí ar shuaitheadh margaidh agus ar iomaíocht, agus na tionchair a d’fhéadfaidís a imirt ar infheisteoirí san Aontas.

4.   Faoin 3 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú Airteagal 26, lena n-áirítear an leor ábhar agus formáid na dtuarascálacha idirbhirt a fuarthas agus a malartaíodh idir na húdaráis inniúla le gur féidir faireachán a dhéanamh, ar shlí chuimsitheach, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(1). Féadfaidh an Coimisiún aon tograí ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear foráil a dhéanamh chun idirbhearta a thuairisciú do chóras arna ainmniú ag ÚEUM seachas d’údaráis inniúla, trínar féidir le húdaráis inniúla ábhartha rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile a thuairiscítear de bhun an Airteagail seo chun críocha an Rialacháin seo agus Threoir 2014/65/AE agus chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a bhrath i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

5.   Faoin 3 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le réitigh iomchuí chun neamhshiméadrachtaí faisnéise idir rannpháirtithe sa mhargadh a laghdú chomh maith le huirlisí do rialtóirí chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí luachana i ndáil le hionaid trádála. Déanfaidh an tuarascáil sin ar a laghad measúnú ar an bhféidearthacht chun an córas Eorpach tairgthe agus tairisceana is fearr a fhorbairt do luachana comhdhlúite chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

6.   Faoin 3 Márta 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an dul chun cinn atá déanta maidir le trádáil i ndíorthaigh chaighdeánaithe thar an gcuntar a bhogadh go dtí malartáin nó ardáin trádála leictreonaí de bhun Airteagal 25 agus Airteagal 28.

7.   Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an bhforbairt i bpraghsanna i ndáil le sonraí trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála ó mhargaí rialáilte, ó MTFanna, ó OTFanna, ó APAnna agus ó CTPanna.

8.   Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar athbhreithniú ar na forálacha idir-inoibritheachta in Airteagal 36 den Rialachán seo agus in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

9.   Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú Airteagal 35, Airteagal 36 den Rialachán seo agus Airteagal 7 agus Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Faoin 3 Iúil 2021, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37.

10.   Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar Airteagal 35 agus Airteagal 36 den Rialachán seo ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 35(5) agus ar ionaid trádála a bhfuil dlúthbhaint acu leis na CCPanna sin agus i dtaobh an sínfear an socrú idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagal 35(5), agus measúnú á dhéanamh ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann do thomhaltóirí chun iomaíocht agus an réimse rogha a bheidh ar fáil do rannpháirtithe an mhargaidh a fheabhsú i gcoinne éifeacht dhíréireach fhéideartha na bhforálacha sin ar CCPanna nuabhunaithe agus nua-údaraithe agus na sriantachtaí ar rannpháirtithe an mhargaidh áitiúil chun rochtain a fháil ar CCPanna domhanda agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh.

Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an idirthréimhse a shíneadh ar feadh 30 mí ar a mhéad i gcomhréir le hAirteagal 35(5).

11.   Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i dtaobh an bhfuil an tairseach a leagtar síos in Airteagal 36(5) fós iomchuí agus i dtaobh an mbeidh an sásra maidir leis rogha chun fanacht amuigh i leith díorthach arna dtrádáil ar mhalartán fós ar fáil.

12.   Faoin 3 Iúil 2016, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnú riosca arna chur i gcrích ag ÚEUM i gcomhairle le BERS, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an ngá chun díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh go sealadach ó raon feidhme Airteagal 35 agus Airteagal 36. Cuirfear i gcuntas sa tuarascáil sin na rioscaí, más ann dóibh, a éiríonn ó fhorálacha rochtana oscailte maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán don chobhsaíocht d’fheidhmiú ordúil na margaí airgeadais ar fud an Aontais.

Faoi réir chonclúidí na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh go sealadach ó raon feidhme Airteagal 35 agus Airteagal 36 ar feadh suas go tríocha mí tar éis an 3 Eanáir 2017.

Airteagal 53

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5(2), cuirtear isteach an fhomhír seo leanas:

“Le linn dó na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt faoin mír seo, ní dhéanfaidh ÚEUM dochar don fhoráil idirthréimhseach a bhaineann le conarthaí díorthacha C6 mar a leagtar síos in Airteagal 95 de Threoir 2014/65/AE (31).

(31)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/AE ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).”;"

(2)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

“1.   Aon CPP a bheidh údaraithe chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, glacfaidh sé na conarthaí sin a imréiteach ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach, lena n-áirítear maidir le ceanglais chomhthaobhachta agus táillí a bhaineann le rochtain, beag beann ar an ionad trádála. Áireofar leis sin, go háirithe, go mbeidh an ceart ag ionad trádála ar láimhseáil neamh-idirdhealaitheach ar conas a thrádálfar conarthaí ar an ionad trádála sin a láimhseálfar sna téarmaí seo a leanas:

(a)

ceanglais chomhthaobhachta agus glanluacháil conarthaí atá coibhéiseach, i gcás nach mbeadh cuimsiú na gconarthaí sin sa dún-amach agus i nósanna imeachta glanluachála eile de chuid CPP atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta is infheidhme ina bhaol ar fheidhmiú réidh agus ordúil, ar bhailíocht agus/nó ar in-fhorfheidhmitheacht na nósanna imeachta sin; agus

(b)

traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CPP céanna faoi shamhail riosca a chomhlíonann Airteagal 41.

Féadfaidh CCP a éileamh go ndéanfaidh ionad trádála na ceanglais oibríochtúla agus teicniúla arna mbunú ag an CCP, lena n-áirítear ceanglais um bainistiú riosca, a chomhlíonadh.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas

“6.   Déanfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 maidir le cóireáil neamh-idirdhealaitheach faoi conas a dhéileálfar le conarthaí a thrádálfar ar ionad trádála ó thaobh ceanglas cothaobhachta agus glanluacháil ar chonarthaí atá coibhéiseach go heacnamaíoch agus le traséarlaisiú le conarthaí comhchoibhneasacha arna n-imréiteach ag an CCP céanna a shonrú tuilleadh leis na caighdeáin theicniúla arna nglacadh de bhun Airteagal 35(6)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (32).”;

(3)

In Airteagal 81(3), cuirtear an fhomhír seo leanas leis:

“Tarchuirfidh stór trádála na sonraí sin chuig údaráis inniúla i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (32)”.

Airteagal 54

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh gnólachtaí tríú tír in ann leanúint de sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthar sna Ballstáit, i gcomhréir leis na córais náisiúnta go dtí trí bliana tar éis cinneadh a bheith glactha ag an gCoimisiún i ndáil leis an tríú tír ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 47.

2.   Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil gá le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán a eisiamh ó raon feidhme Airteagal 35 agus Airteagal 36 i gcomhréir le hAirteagal 52(12), féadfaidh CCP, sula dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm, iarratas a chur isteach chuig a údarás inniúil chun cead a fháil leas a bhaint as socruithe idirthréimhseacha. Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus na rioscaí a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gceart rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán d’fheidhmiú ordúil an CCP ábhartha nó an ionaid trádala á gcur i gcuntas, a chinneadh nach mbeadh feidhm ag Airteagal 35 nó ag Airteagal 36 maidir leis an CCP ábhartha nó leis an ionad trádála, faoi seach, i dtaca le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán, ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Iúil 2019. I gcás ina bhformheasfar an tréimhse idirthréimhseach sin, ní fhéadfaidh an CCP tairbhiú de na cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh ré na hidirthréimhse sin. Nuair a dhéanfar idirthréimhse a fhormheas, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM, agus i gcás CCP do choláiste na n-údarás inniúil don CCP sin.

I gcás ina mbeadh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le hionad trádála amháin nó níos mó, ní bhainfidh na hionaid trádála sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 nó Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán le haghaidh ré na hidirthréimhse sin.

I gcás ina mbeadh dlúthbhaint ag CCP arna fhormheas do shocruithe idirthréimhseacha faoin mír seo le CCP amháin nó níos mó, ní bhainfidh na CCPanna sin aon leas as cearta rochtana faoi Airteagal 35 ná faoi Airteagal 36 maidir le díorthaigh arna dtrádáil ar mhalartán ar feadh ré na hidirthréimhse sin.

Airteagal 55

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 3 Eanáir 2017.

D’ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 1(8) agus (9), Airteagal 2(2), Airteagal 5(6) agus (9), Airteagal 7(2), Airteagal 9(5), Airteagal 11(4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(7), Airteagal 15(5), Airteagal 17(3), Airteagal 19(2) agus (3), Airteagal 20(3), Airteagal 21(5), Airteagal 22(4), Airteagal 23(3), Airteagal 25(3), Airteagal 26(9), Airteagal 27(3), Airteagal 28(4), Airteagal 28(5), Airteagal 29(3), Airteagal 30(2), Airteagal 31(4), Airteagal 32(1), (5) agus (6), Airteagal 33(2), Airteagal 35(6), Airteagal 36(6), Airteagal 37(4), Airteagal 38(3), Airteagal 40(8), Airteagal 41(8), Airteagal 42(7), Airteagal 45(10), Airteagal 46(7), Airteagal 47(1) agus (4), Airteagal 52(10) agus (12), agus Airteagal 54(1) go díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

D’ainneoin an dara fomhír, beidh feidhm ag Airteagal 37(1), (2) agus Airteagal 30(3) ón 3 Eanáir 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 15 Bealtaine 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 161, 7.6.2012. lch. 3.

(2)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 74.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Bealtaine 2014.

(4)  Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/ CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 ón gComhairle an 10 Lúnasa 2006 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta i ndáil le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh, ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun trádála, agus téarmaí sainmhínithe chun críocha na Treorach sin (IO L 241, 2.9.2006, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 809/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis atá i réamheolairí chomh maith le formáid, le hionchorprú de réir tagairtí agus le foilsiú réamheolairí den sórt sin agus scaipeadh fógraíochtaí (IO L 149, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (IO L 86, 24.3.2012, lch. 1).

(14)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(16)  Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le pionóis choiriúla i leith drochúsáide margaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (Féach leathanach 179 den Iris Oifigiúil seo).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  IO C 147, 25.5.2012, lch. 1.

(19)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(21)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárchais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(22)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(23)  Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirsiú institiúidí le haghaidh soláthair sochair scoir cheirde (IO L 235, 23.9.2003, lch. 10).

(24)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(27)  Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

(28)  Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar shocruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, an clár poiblí, rochtain ar ionad trádála, contrapháirtithe neamhairgeadais, agus teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach OTC nach bhfuil imréitithe ag contrapháirtí lárnach (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

(29)  Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (IO L 211, 14.8.2009, lch. 1).

(30)  Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2001 lena mbunaítear an Coiste Eorpach um Urrúis (IO L 191, 13.7.2001, lch. 45).

(32)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).