21.3.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 282/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2014

maidir le tríú Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme. Tá sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leo, comhar idir na Ballstáit spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, ag cloí go hiomlán le freagrachtaí na mBallstát as a mbeartais sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar.

(2)

Ní foláir iarracht leanúnach chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 168 CFAE a chomhlíonadh. Tá an cur chun cinn de shláinte mhaith ar leibhéal an Aontais ina chuid lárnach chomh maith de 'Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach'("Straitéis Eoraip 2020"). Ach daoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus iad a chumhachtú chun ról níos gníomhaí a thógáil chun a sláinte a bhainistiú, beidh éifeachtaí dearfacha foriomlána ag an méid sin ar a sláinte, lena n-áirítear neamhionannais sláinte a laghdú, agus tionchar dearfach ar a gcaighdeáin saoil, ar tháirgiúlacht agus iomaíochas, agus brú ar na buiséid náisiúnta á laghdú ag an am céanna. Cuidíonn tacaíocht agus aitheantas don nuálaíocht a bhfuil tionchar aici ar chúram sláinte le díriú ar dhúshlán na hinbhuanaitheachta san earnáil i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh,;agus tá sé tábhachtach beart a dhéanamh chun neamhionannais sláinte a laghdú chun críocha 'fás uilechuimsitheach' a bhaint amach. Is iomchuí sa chomhthéacs sin an tríú Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte (2014-2020) ('an Clár')'a bhunú.

(3)

De réir an tsainmhínithe atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), "Is staid iomlán fhisiceach, intinne agus folláine sóisialta í an tsláinte agus ní amháin go bhfuil galar nó breoiteacht in easnamh." Ar mhaithe le sláinte dhaonra an Aontais a fheabhsú agus chun neamhionannais sláinte a laghdú, tá sé bunriachtanach nach ndírítear ar an tsláinte fhisiceach amháin. De réir EDS, is ionann fadhbanna meabhairshláinte agus 40% de na blianta a mhairtear faoi mhíchumas. Is réimse leathan é na fadhbanna meabhairshláinte, a mhaireann i bhfad, agus is foinse d'idirdhealú é a chuireann go mór leis an neamhionannas i gcúrsaí sláinte. Thairis sin, tá éifeacht ag an ngéarchéim eacnamaíoch ar na gnéithe a chinntíonn meabhairshláinte nuair a dhéantar fachtóirí cosantacha a lagú agus fachtóirí riosca a mhéadú.

(4)

Maidir leis na cláir ghníomhaíochta Comhphobail a bhí ann cheana i réimse na sláinte poiblí (2003-2008) agus i réimse na sláinte (2008-2013) a glacadh trí Chinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus trí Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) ("na cláir sláinte roimhe seo") faoi seach, rinneadh measúnú dearfach orthu as roinnt forbairtí agus feabhsuithe tábhachtacha a bheith mar thoradh orthu. Ba cheart don chlár nua cur leis an méid atá bainte amach sna cláir sláinte roimhe. Ba cheart dó moltaí na n-iniúchtaí agus na meastóireachtaí seachtracha a rinneadh a chur san áireamh, go háirithe moltaí na Cúirte Iniúchóirí ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 2/2009, ar dá réir gur cheart, don tréimhse tar éis 2013, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an deis atá ann do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte poiblí agus cur chuige chistiú an Aontais sa réimse sin a athbhreithniú. Ba cheart an méid seo a dhéanamh ag cur san áireamh na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil agus sásraí eile comhair a bheith ann mar mhodh chun comhoibriú agus malartú faisnéise a éascú i measc na bpáirtithe leasmhara ar fud na hEorpa".

(5)

I gcomhréir le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020, ba cheart don Chlár díriú ar shraith cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá sainithe go maith a bhfuil breisluach don Aontas cruthaithe acu, agus tacaíocht a dhíriú ar líon níos lú gníomhaíochtaí i réimsí tosaíochta. Ba cheart béim a leagan, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ar réimsí ina bhfuil ceisteanna soiléire a bhaineann leis an margadh trasteorann nó leis an margadh intíre nó, ina bhfuil buntáistí agus gnóthachain éifeachtúlachta suntasacha ann a eascróidh as comhoibriú ar leibhéal an Aontais.

(6)

Sa Chlár seo, ba cheart gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimsí ina bhfuil breisluach don Aontas a d'fhéadfaí a thaispeáint ar bhonn na gcritéar seo a leanas: dea-chleachtais idir na Ballstáit a mhalartú; tacú le líonraí roinnte eolais nó um fhoghlaim fhrithpháirteach; aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann chun rioscaí a laghdú agus a n-iarmhairtí a mhaolú; aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe maidir leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil dlisteanacht shubstainteach ag an Aontas chun réitigh d'ardcháilíocht a áirithiú ar fud na mBallstát; acmhainneacht na nuálaíochta a scaoileadh I réimse na sláinte; gníomhaíochtaí as a bhféadfaidh córas tagarmharcála teacht chun gur féidir cinnteoireacht fheasach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais; éifeachtúlacht a fheabhsú trí chur amú i ngeall ar dhúbláil a sheachaint agus trí úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú.

(7)

Maidir le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart go n-urramófaí leis na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar.

(8)

I dtuarascáil EDS ar Chúrsaí Sláinte san Eoraip don bhliain 2009, aithnítear go bhfuil deis le haghaidh infheistíochta méadaithe sa tsláinte phoiblí agus i gcórais sláinte. I ndáil leis seo, spreagtar na Ballstáit chun feabhsú sláinte a aithint mar thosaíocht ina gcláir náisiúnta agus chun leas a bhaint as feasacht níos fearr i dtaobh deiseanna maidir le maoiniú ón Aontas i gcomhair sláinte. Mar sin, ba cheart don chlár glacadh a thorthaí i mbeartais sláinte náisiúnta a éascú.

(9)

Ba cheart nuálaíocht sa chúram sláinte a thuiscint mar straitéis na sláinte poiblí nach bhfuil teoranta don dul chun cinn teicneolaíoch i dtéarmaí táirgí agus seirbhísí. Maidir le nuálaíocht a chothú i réimse idirghabhálacha na sláinte poiblí, na straitéisí coisctheacha, bhainistiú an chórais sláinte, agus i dtéarmaí seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar, lena n-áirítear idirghabhálacha maidir le sláinte a chur chun cinn agus galar a chosc, is féidir torthaí na sláinte poiblí a fheabhsú, cáilíocht an chúraim le haghaidh othar a fheabhsú agus freagairt do riachtanais nach bhfuil comhlíonta, agus freisin iomaíochas na bpáirtithe leasmhara a chothú agus cost-éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht seirbhísí sláinte agus cúraim liachta a fheabhsú. Mar sin, ba cheart go n-éascódh an Clár an nuálaíocht a ghlacadh go deonach i réimse na sláinte, agus luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh mar a leagadh amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 2006 (6).

(10)

Ba cheart don Chlár, go háirithe i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte agus comhionannas agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí faoi chuspóirí éagsúla agus trí mhalartú dea-chleachtas a spreagadh agus a éascú.

(11)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, tá an Aontas chun comhionannas idir fir agus mná agus spreagadh agus beidh sé mar aidhm aige leithcheal a chomhrac. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár tacú le príomhshruthú na gcuspóirí comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe ina chuid gníomhaíochtaí go léir.

(12)

Ba cheart othair a chumasú, inter alia, trí litearthacht maidir le cúrsaí sláinte a fheabhsú chun a sláinte agus a gcúram sláinte a bhainistiú ar bhealach níos réamhghníomhaí, agus chun drochshláinte a chosc mar aon le roghanna eolasacha a dhéanamh. Ba cheart trédhearcacht gníomhaíochtaí agus córas cúraim sláinte agus infhaighteacht faisnéise atá iontaofa, neamhspleách agus soláimhsithe d'othair a bharrfheabhsú. Ba cheart aiseolas ó othair agus cumarsáid leo a chur san áireamh i gcleachtais cúraim sláinte. Tá tacaíocht do Bhallstáit, eagraíochtaí othar agus geallsealbhóirí fíor-riachtanach agus ba cheart í a chomhordú ar leibhéal an Aontais chun cuidiú go héifeachtach le hothair, go háirithe leo siúd a bhfuil galair neamhchoitianta orthu chun leas a bhaint as cúram sláinte trasteorann.

(13)

Tá laghdú ualach na n-ionfhabhtuithe frithsheasmhacha agus na n-ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte agus áirithiú infhaighteachta frithmhiocróbaí bunriachtanach maidir le héifeachtúlacht na gcóras sláinte agus sábháilteacht na n-othar. Ba cheart go dtacófaí leis an gclár iarrachtaí leanúnacha chun modhanna anailíse a fheabhsú chun frithsheasamh frithmhiocróbach a bhrath agus a chosc agus líonrú a fheabhsú i measc na ngníomhaithe uile maidir le cúram sláinte, lena n-áirítear an earnáil tréidliachta, i dtaca le plé le frithsheasamh frithmhiocróbach.

(14)

I gcomhthéacs sochaí atá ag aosú, is féidir, trí infheistíochtaí dea-stiúrtha chun sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc, líon 'na mblianta ina bhfuil daoine ina sláinte' a mhéadú agus ar an gcaoi sin na daoine scothaosta a chumasú chun tairbhe a bhaint as saol a bheidh níos sláintiúla agus níos gníomhaí de réir mar atá siad ag aosú. Is iad na galair ainsealacha faoi deara 80 % den bhásmhaireacht anabaí san Aontas. Ba cheart don Chlár an méid seo a leanas a shainaithint a imscaipeadh agus a chur chun cinn: glacadh dea-chleachtas atá bunaithe ar fhianaise do bhearta cur chun cinn na sláinte agus do bhearta coisctheacha galar atá cost-éifeachtach agus lena ndírítear go háirithe ar na príomhghnéithe riosca, amhail caitheamh tobac, mí-úsáid drugaí, mí-úsáid alcóil agus nósanna neamhshláintiúla cothaithe, otracht agus neamhghníomhaíocht fhisiciúil agus freisin ar VEID/SEIF, ar an eitinn agus ar an heipitíteas. Chabhródh cosc éifeachtach le hinbhuanaitheacht airgeadais na gcóras cúraim sláinte a mhéadú. Ag oibriú dó taobh istigh de chreat atá íogair ó thaobh inscne de, ba cheart don Chlár cur le galair a chosc, i ngach gné de (príomha, tánaisteach agus treasach) agus thar saolré shaoránaigh an Aontais, le sláinte a chur chun cinn, agus le timpeallachtaí tacaíochta a chothú do stíleanna maireachtála folláine, ina gcuirfear gnéithe bunúsacha de chineál sóisialta nó comhshaoil san áireamh chomh maith leis an tionchar atá ag míchumais áirithe ar an tsláinte.

(15)

Chun íosmhéadú a dhéanamh ar na hiarmhairtí don tsláinte poiblí ó bhagairtí sláinte trasteorann amhail a leagtar amach i gCinneadh Uimh 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), a d'fhéadfadh dul ó olléilliú i ngeall ar theagmhais cheimiceacha go paindéimí, amhail na cinn a thig le déanaí as E. coli, fliú de chineál H1N1 nó SARS (géarshiondróm trom riospráide) nó éifeachtaí sláinte a thagann as gluaiseachtaí daonra atá ag dul i méid, ba cheart don Chlár rannchuidiú le sásraí agus uirlisí láidre a chruthú agus a chothabháil chun mórbhagairtí sláinte trasteorann a bhrath, a mheasúnú agus a bhainistiú. I ngeall ar chineál na mbagairtí sin, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla bhagairtí sláinte trasteorann, chun cur le hullmhacht agus pleanáil freagartha, le measúnú riosca láidir agus iontaofa agus le creat láidir bainistithe riosca agus géarchéime. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach go dtairbheoidh an Clár de chomhlántacht le clár oibre an Lárionaid Eorpaigh chun galair a chosc agus a rialú arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) sa chomhrac in aghaidh galar teagmhálach agus leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi chláir an Aontais do thaighde agus do nuálaíocht. Ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh chun comhtháiteacht agus sineirgí a áirithiú idir an Clár agus obair dhomhanda sláinte a dhéantar faoi chláir eile agus faoi ionstraimí eile Aontais a thugann aghaidh go háirithe ar réimsí an fhliú, VEID/SEIF, na heitinne agus bagairtí sláinte trasteorann eile i dtríú tíortha.

(16)

Ba cheart go bhféadfaí a chumhdach faoin gClár gníomhaíocht bagairtí sláinte trasteorann a thig as teagmhais bhitheolaíocha agus cheimiceacha, as athrú aeráide nó comhshaoil freisin. Mar a dhearbhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún "Buiséad don Eoraip 2020", tá an Coimisiún tiomanta don athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i gcláir chaiteachais iomláin an Aontais agus ar a laghad 20 % de bhuiséad an Aontais a dhíriú ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Tríd an gcaiteachas sa Chlár Sláinte faoi chuspóir sonrach sin maidir le bagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann ba cheart go gcuideofaí ar bhealach ginearálta leis an gcuspóir sin trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún faisnéis ar fáil faoin gcaiteachas ar an athrú aeráide laistigh den Chlár.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú sa reachtaíocht a ghlacann an tAontas maidir le bunú agus feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, ba cheart don Chlár iarracht ar leith a dhéanamh chun tacú le gníomhaíochtaí a cheanglaíonn cuspóirí reachtaíocht an Aontais i réimsí na ngalar teagmhálach agus bagairtí eile sláinte, fíochán agus ceall daonna, fola, orgán daonna, táirgí íocshláinte, feistí leighis, ceart othar i gcúram sláinte trasteorann agus táirgí tobac agus fógraíochta.

(18)

Tá sé de dhualgas ar an gClár rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise trí chóras faisnéise agus eolais faoin tsláinte a chothú, agus gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail EDS agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) á gcur san áireamh. Ba cheart go gcuimseodh an córas sin, inter alia, úsáid na n-ionstraimí atá ann cheana agus, de réir mar is iomchuí, tuilleadh forbartha ar fhaisnéis chaighdeánaithe agus ar uirlisí sláinte caighdeánaithe chun faireachán a dhéanamh ar cheisteanna sláinte, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú, tacú leis na Coistí Eolaíocha (9) agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir.

(19)

Tá beartas an Aontais i réimse na sláinte dírithe ar beartais náisiúnta sláinte a chomhlánú agus tacú leo, comhoibriú a spreagadh idir Ballstáit agus comhordú a chur chun cinn eatarthu i ndáil lena gcláir. Is ionstraim bhunúsach den bheartas sin é malartú na ndea-chleachtas. Ba cheart go ligfeadh malartú den sórt sin do na húdaráis náisiúnta tairbhe a bhaint as réitigh éifeachtúla a fhorbraítear i mBallstáit eile, dúbláil ina n-iarrachtaí a laghdú agus luach ar airgead a mhéadú trí réitigh nuálacha a chur chun cinn maidir le ceisteanna i réimse na sláinte. Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár díriú go príomha ar chomhoibriú leis na húdaráis inniúla atá freagrach as sláinte sna Ballstáit agus dreasachtaí a thabhairt do gach Ballstát chun páirt níos mó a ghlacadh de réir mar a mholtar sna measúnuithe sna cláir a tháinig roimhe seo. Go háirithe, ba cheart rannpháirteachas Ballstát ar lú a nOllioncam Náisiúnta (OIN) in aghaidh an uine ná 90 % de mheán an Aontais a spreagadh go gníomhach chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as sláinte phoiblí sna Ballstáit nó ag comhlachtaí atá údaraithe ag na húdaráis inniúla sin. Ba cheart féachaint ar ghníomhaíochtaí den sórt sin mar ghníomhaíochtaí úsáideacha ardluacha agus ba cheart dóibh freagairt don chuspóir go mbeadh rannpháirtíocht a éascú sna Ballstáit ar lú a nOIN in aghaidh an duine na 90 % de mheán an Aontais agus an rannpháirtíocht sin a dhéanamh níos leithne. Ba cheart féachaint ar thacaíocht bhreise agus neamh-airgeadais iomchuí le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát sin i ngníomhaíochtaí den sórt sin, mar shampla ó thaobh próisis iarratais, eolas a aistriú agus saineolaíocht a ghlacadh.

(20)

Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí sláinte, go háirithe ag eagraíochtaí othar agus comhlachais gairmithe sláinte, chun an fhaisnéis agus an chomhairle is gá a sholáthar don Choimisiún chun an Clár a chur chun feidhme. Lena linn sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh ranníocaíochtaí ón gClár ag teastáil uathu chun a bheith in ann feidhmiú. Is ar an gcúis sin gur cheart go mbeadh rochtain ar an gClár ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag eagraíochtaí othar a oibríonn i réimse na sláinte poiblí, a imríonn ról éifeachtach i bpróisis agallaimh shibhialta ar leibhéal an Aontais, mar shampla rannpháirteachas i ngrúpaí comhairleacha, agus ar an gcaoi sin a rannchuidíonn le cuspóirí sonracha an Chláir a shaothrú.

(21)

Ba cheart go gcuirfí sineirgí chun cinn sa Chlár agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus le gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige trí ghlacadh na bhforbairtí nuálacha a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, ón taighde in earnáil na sláinte. Ba cheart úsáid iomchuí a bhaint as cistí agus as cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe an Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht 2014-2020 (Fís 2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus a dtorthaí, na Cistí Struchtúracha, an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (12),

straitéis an Aontais um shláinte agus um shábháilteacht san ionad oibre (2007-2012), an clár le haghaidh Iomaíochais Fiontar agus Fiontair bheaga agus mheánmhéide (COSME), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an Clár um Ghníomhaíocht Chomhshaoil agus Aeráide (LIFE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Clár Tomhaltóirí, an Clár um Cheartas, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) an Clár Comhpháirteach um Maireachtáil Chuidithe Chomhthimpeallach, an clár um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt (Erasmus+), a bunaíodh ag Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus an Clár Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht maidir le hAoisiú Gníomhach, Folláin, laistigh dá ngníomhaíochtaí faoi seach.

(22)

I gcomhréir le hAirteagal 168(3) CFAE, cothóidh an tAontas agus na Ballstáit comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí. Ba cheart mar sin don Chlár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha, go háirithe tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, tíortha Comhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE)/ Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tíortha comharsanachta agus na tíortha a bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) maidir leo agus tíortha eile i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos trí aon chomhaontú ábhartha déthaobhach nó iltaobhach.

(23)

Ba cheart caidreamh iomchuí le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa Chlár a éascú chun cuidiú le cuspóirí an Chláir a bhaint amach, agus aon chomhaontuithe ábhartha idir na tíortha sin agus an tAontas á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh an tAontas imeachtaí maidir leis an tsláinte a eagrú nó d'fhéadfadh tríú tíortha gníomhaíochtaí a dhéanamh a chomhlánódh na gníomhaíochtaí atá maoinithe faoin gClár i réimsí leasa fhrithpháirtigh, ach níor cheart go mbeidh ranníocaíocht faoin gClár i gceist.

(24)

Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a uasmhéadú, agus d'fhonn an Clár a chur chun feidhme, ba cheart comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe EDS, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus ECFE.

(25)

Ba cheart don Chlár dul ar aghaidh go ceann tréimhse seacht mbliana chun a ré a ailíniú le ré an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil mar a leagtar amach é sa Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. ón gComhairle (18). Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don chlár ilbhliantúil arb í an phríomhthagairt, de réir bhrí Phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (19), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i rith an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(26)

I gcomhréir le hAirteagal 54 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), soláthraítear leis an Rialachán seo an bunús dlí le haghaidh na gníomhaíochta agus le haghaidh chur chun feidhme an Chláir.

(27)

Chun leanúnachas sa tacaíocht airgeadais a fhoráiltear faoin gClár d'fheidhmiú na n-eagraíochtaí a áirithiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann sa chlár oibre bliantiuil do 2014 costais a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na gníomhaíochta a tacaíodh a mheas mar chostais a bheadh incháilithe do mhaoiniú, fiú má thabhaigh an tairbhí iad sular cuireadh isteach an t-iarratas airgeadais.

(28)

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin clár oibre bliantúil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(29)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ag cloí le prionsabal na trédhearcachta ina iomláine. Ba cheart acmhainní buiséadacha a roinnt idir cuspóirí éagsúla an Chláir ar bhealach cothromaithe le linn ré an Chláir agus na buntáistí dóchúla do chur chun cinn na sláinte á gcur san áireamh. Ba cheart don Chlár gníomhaíochtaí iomchuí a chumhdaíonn cuspóirí sonracha an Chláir agus a bhfuil breisluach soiléir don Aontas acu a roghnú agus a mhaoiniú. Ba cheart a leagan amach sna cláir oibre bhliantúla, go háirithe, na critéir fhíor-riachtanacha roghnúcháin is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 maidir le tairbhithe féideartha chun a áirithiú go bhfuil an acmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil acu chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil an fhianaise a éilítear chun a neamhspleáchas a thaispeáint acu.

(30)

Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar luach agus ar iarmhairt an Chláir go tráthrialta. Ba cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse níos faide ná ré an Chláir chun a chuspóirí a shaothrú. Leath bealaigh trí thréimhse an Chláir, ach tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017, ba cheart an tuarascáil mheastóireachta lár téarma a tharraingt suas chun measúnú a dhéanamh ar an staid mar atá i leith tosaíochtaí téamacha an Chláir a chur chun feidhme.

(31)

Chun go mbeadh an Clár in ann tairbhe iomlán a bhaint as torthaí na tuarascála meastóireachta lár-téarma maidir lena chur chun feidhme agus chun go ndéanfaí foráil le coigeartuithe a d'fhéadfadh a bheith ann a mbeadh gá leo chun a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún d'fhonn tosaíochtaí téamacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaint nó d'fhonn tosaíochtaí téamacha nua nua a áireamh sa Rialachán seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomh tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(32)

Tá comhar na n-údarás náisiúnta fíor-riachtanach i roinnt faisnéise le hiarrthóirí ionchasacha chun go mbeidh rannpháirtíocht chothrom sa Chlár, agus i roinnt eolais a sholáthróidh an Clár le geallsealbhóirí náisiúnta éagsúla in earnáil na sláinte poiblí. Ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit Pointí Fócais Náisiúnta a ainmniú chun tacú leis na gníomhaíochtaí sin.

(33)

Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na saineolaithe ábhartha, lena n-áirítear Pointí Comhtheagmhála Náisiúnta.

(34)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis.

(35)

Ba cheart idirthréimhse a áirithiú idir an Clár nua agus an clár roimhe a ionadaítear leis seo, go háirithe maidir le leanúint de na socruithe ilbhliantúla dá bhainistiú, amhail cúnamh teicniúil agus airgeadais a mhaoiniú. Amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart, más gá, do na leithreasaí do chúnamh teicniúil agus riaracháin an caiteachas a bhaineann le bainistiú gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha chun críche fós faoi dheireadh 2020 a chumhdach.

(36)

Ós rud é nach féidir cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, eadhon tacú le bearta an Aontais chun sláinte dhaonra an Aontais a fheabhsú agus luach a chur leis na bearta sin, neamhionannais sláinte a laghdú tríd an tsláinte a chur chun cinn agus an nuálaíocht a spreagadh i réimse na sláinte, inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a mhéadú agus saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann, a bhaint amach go leordhóthanach ag na Ballstáit ach gur fearr, ar bhonn scála agus iarmhairtí an Rialacháin seo, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(37)

Cuirtear an Rialachán seo in ionad Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE. Ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm dá bhrí sin.

(38)

Is cuí trasdul réidh gan bhriseadh idir an clár a bhí ann roimhe sin i réimse na sláinte (2008-2013) agus an Clár a áirithiú, agus tréimhse an Chláir a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gClár amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

An Clár a bhunú

Leis an Rialachán seo bunaítear tríú clár ilbhliantúil do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 ("an Clár").

Airteagal 2

Cuspóirí ginearálta

Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir seo luach agus tacaíocht a thabhairt do bheartais na mBallstát agus na beartais sin a chomhlánú chun sláinte shaoránaigh an Aontais a fheabhsú agus neamhionannais sláinte a laghdú tríd an tsláinte a chur chun cinn agus an nuálaíocht a spreagadh i réimse na sláinte, inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a mhéadú agus saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Airteagal 3

Cuspóirí agus táscairí sonracha

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 2 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(1)

Chun an tsláinte a chur chun cinn, galair a chosc agus timpeallachtaí tacúla do shlite beatha a chothú: trí dhea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise agus ar bhearta coisctheacha atá cost-éifeachtach maidir le sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc a shainaithint, a imscaipeadh agus a chur chun cinn, ar bearta iad lena ndírítear go háirithe ar ghnéithe riosca bunúsacha a bhaineann le stíl mhaireachtála agus lena ndírítear ar bhreisluach don Aontas.

Déanfar an cuspóir sin a thomhas, go háirithe, tríd an méadú ar líon na mBallstát a bheidh rannpháirteach i gcur chun cinn na sláinte agus i gcosc galar, agus úsáid á baint acu as dea-chleachtais atá bunaithe ar fhianaise trí bhearta agus trí ghníomhaíochtaí a ghlacfar ar leibhéal iomchuí i mBallstáit.

(2)

Chun saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann: bealaí cur chuige atá comhsheasmhach a aithint agus a fhorbairt agus a gcur chun feidhme a chur chun cinn chun feabhas a chur ar ullmhacht agus ar chomhordú i gcásanna éigeandála sláinte.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an méadú ar líon na mBallstát a chomhtháthóidh na bealaí cur chuige comhleanúnacha agus a bpleananna ullmhachta á bhforbairt acu.

(3)

Chun tacaíocht a thabhairt d'acmhainneacht sláinte poiblí a mhéadú agus chun cur le córais sláinte a bheidh nuálach, éifeachtach agus inbhuanaithe: uirlisí agus sásraí ar leibhéal an Aontais a shainaithint agus a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgeadais, agus chun glacadh na nuálaíochta deonaí i straitéisí idirghabhála agus coisctheacha a éascú maidir leis an tsláinte poiblí.

Déanfar an cuspóir sin a thomhas go háirithe tríd an gcomhairle a thabharfar agus trí líon na mBallstát a úsáidfidh na huirlisí agus na sásraí a shainaithneofar d'fhonn cuidiú le torthaí éifeachtacha ina gcórais sláinte.

(4)

Chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an Aontais a éascú: rochtain ar shaineolas leighis agus ar fhaisnéis faoi dhálaí sonracha a mhéadú thar theorainneacha náisiúnta, cur i bhfeidhm thorthaí an taighde a éascú, agus uirlisí a fhorbairt chun sábháilteacht othar agus cáilíocht cúraim sláinte a fheabhsú, inter alia, trí ghníomhaíochtaí a chuidíonn le litearthacht sláinte a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an méadú ar an líon líonraí tagartha Eorpacha a bhunaítear i gcomhréir le Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) ("líonraí tagartha Eorpacha"); tríd an méadú ar líon na ngairmithe sláinte agus na n-ionad barr feabhais a thiocfaidh isteach sna líonraí tagartha Eorpacha; agus an méadú ar líon na mBallstát a úsáidfidh na huirlisí a dhéanfar a fhorbairt.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

Déanfar cuspóirí sonracha an Chláir a bhaint amach trí na gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na tosaíochtaí téamacha a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a cuirtear i bhfeidhm trí na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 11.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 5

Cistiú

Is é EUR 449 394 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a údaróidh na leithreasaí laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht tríú tíortha

Beidh an Clár ar oscailt ar bhonn costais, do rannpháirtíocht tríú tíortha, go háirithe:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a bhaineann tairbhe as straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí ginearálta maidir lena rannpháirtíocht i gcláir Aontais a bhunaítear sna Comhaontuithe Réime, sna Comhaontuithe Comhlachais ón gComhairle nó i gcomhaontuithe dá samhail;

(b)

tíortha CSTE/LEE i gcomhréir leis na coinníollacha a bhunaítear i gComhaontú LEE;

(c)

tíortha comharsanachta agus na tíortha a mbeidh feidhm ag BCE maidir leo i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos trí chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach ábhartha;

(d)

tíortha eile i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú déthaobhach nó iltaobhach ábhartha.

Airteagal 7

Cineálacha idirghabhála

1.   I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012, beidh ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais i bhfoirm deontas, soláthair phoiblí nó aon fhoirm idirghabhála eile is gá chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

2.   Féadtar deontais a dhámhachtain chun na nithe seo a leanas a chistiú:

(a)

gníomhaíochtaí a mbeidh breisluach soiléir acu don Aontas a chómhaoineoidh údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as an tsláinte nó na tríú tíortha a bheidh rannpháirteach sa Chlár de bhun Airteagal 6, nó comhlachtaí san earnáil phoiblí agus comhlachtaí neamhrialtasacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1), a bheidh ag gníomhú ina n-aonar nó mar líonra, ar comhlachtaí iad a shainordóidh na húdaráis inniúla sin;

(b)

gníomhaíochtaí a mbeidh breisluach soiléir acu don Aontas dá bhforáiltear go sonrach dóibh agus go mbeidh bonn cirt cuí agus ríshoiléir leis an gcinneadh sna cláir oibre bhliantúla a chómhaoineoidh comhlachtaí poiblí, neamhrialtasacha nó príobháideacha eile, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheidh gníomhach i réimse na sláinte agus; i gcás na n-eagraíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí, gan ghlao ar thograí roimh ré;

(c)

feidhmiú comhlachtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear in Airteagal 8(2) i gcás inar gá tacaíocht airgeadais chun cuspóir sonrach amháin nó níos mó den Chlár a shaothrú.

3.   Ní sháróidh deontais a íocfaidh an tAontas 60 % de na costais incháilithe do ghníomhaíocht lena ndíreofar ar chuspóir de chuid an Chláir nó d'fheidhmiú comhlachta neamhrialtasaigh. I gcásanna fóntais eisceachtúil, féadfaidh ranníocaíocht an Aontais dul suas go 80 % de na costais incháilithe.

Chun críoch na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, baintear amach fóntas eisceachtúil, inter alia, i gcás:

(a)

go leithdháiltear ar a laghad 30% den bhuiséad don ghníomhaíocht a mholtar do Bhallstáit ar lú a n-OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais; agus

(b)

go bhfuil comhlachtaí ó 14 de thíortha rannpháirteacha ar a laghad páirteach sa ghníomhaíocht, agus ar a laghad ceithre acu tíortha ar lú a n-OIN in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais.

4.   De mhaolú ar Airteagal 130(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, féadfaidh an Coimisiún, sa chlár oibre bliantúil do 2014, na costais a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ar tacaíodh leo a mheas mar chostais a bheidh incháilithe do mhaoiniú ón 1 Eanáir 2014, fiú má thabhaigh an tairbhí iad sular cuireadh isteach an t-iarratas airgeadais.

Airteagal 8

Tairbhithe atá incháilithe do dheontais

1.   Féadfar na deontais do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus (b) a dhámhachtain ar eagraíochtaí a bheidh bunaithe go dlíthiúil, ar údaráis phoiblí, ar chomhlachtaí earnála poiblí, go háirithe ar institiúidí taighde agus sláinte, ar ollscoileanna agus ar institiúidí ardoideachais.

2.   Féadfar na deontais d'fheidhmiú na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(c) a dhámhachtain ar na comhlachtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)

is comhlachtaí iad atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile;

(b)

tá siad ag obair i réimse na sláinte poiblí, ag imirt róil éifeachtaigh i bpróisis na n-agallamh sibhialta ar leibhéal an Aontais agus saothraíonn siad cuspóir sonrach amháin ar a laghad den Chlár;

(c)

tá siad gníomhach ar leibhéal an Aontais agus i leath na mBallstát ar a laghad, agus tá cumhdach geografach cothromúil ar an Aontas acu.

Airteagal 9

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

Féadfaidh an t-imchlúdach don Chlár costais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhachta, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a éileofar go díreach chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéad a bhainfidh siad le cuspóirí ginearálta an Chláir, costais a bhainfidh le líonraí TF lena ndíreofar ar mhalartú faisnéise, chomh maith le gach costas maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a thabhóidh an Coimisiún chun an Clár a bhainistiú.

CAIBIDIL IV

CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 10

Modhanna cur chun feidhme

Beidh an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme an Chláir i gcomhréir leis na modhanna bainistithe a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 11

Cláir oibre bhliantúla

1.   Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla a leagfar síos iontu, go háirithe, na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, lena n-áirítear leithdháileadh táscach acmhainní airgeadais. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2).

3.   Agus an Clár á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, go gcomhlíonfar na forálacha dlíthiúla ábhartha uile maidir le cosaint sonraí pearsanta agus, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar isteach sásraí chun rúndacht agus sábháilteacht sonraí den sórt sin a áirithiú.

Airteagal 12

Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais eile

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile an Aontais, lena n-áirítear iad siúd de chuid ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus iad a scaipeadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoin gClár i bhfianaise a chuspóirí agus a tháscairí, lena n-áirítear aon fhaisnéis a bheidh ar fáil maidir le méid an chaiteachais a bhainfidh leis an aeráid. Tabharfaidh sé tuairisc faoin méid sin don choiste dá dtagraítear in Airteagal 17(1), agus coimeádfaidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas.

2.   Ar iarratas ón gCoimisiún, cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis a bheidh ar fáil faoina bhráid maidir le cur chun feidhme agus le tionchar an Chláir. Beidh iarratais den sórt sin ar fhaisnéis comhréireach agus seachnóidh siad aon mhéadú nach gá a fhorchur ar ualach riaracháin na mBallstát.

3.   Leath bealaigh trí thréimhse an Chláir ach tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2017, tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil mheastóireachta lárthéarma maidir le cuspóirí an Clár a bhaint amach, an staid maidir le cur chun feidhme na dtosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, agus maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach an Chláir don Aontas, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí téamacha a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Fairis sin, tabharfaidh an mheastóireacht aghaidh ar na féidearthachtaí i ndáil le simpliú a dhéanamh, le comhtháthú inmheánach agus seachtrach an Chláir, le hábharthacht leanúnach gach cuspóra, chomh maith leis an méid a rannchuidíonn na gníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 168 CFAE a bhaint amach. Cuirfidh sé san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach an chláir ba réamhtheachtaí.

Sa tuarascáil mheastóireachta lár téarma, déanfaidh an Coimisiún an méid seo leanas, go háirithe, a léiriú:

(a)

mura féidir ceann amháin nó níos mó de na tosaíochtaí téamúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí an Chláir agus laistigh den tréimhse atá fágtha don Chlár;

(b)

cibé ar sainaithníodh sa mheastóireacht saintosaíocht théamach shonrach amháin nó níos mó nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ach atá riachtanach anois chun cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir a bhaint amach,;

(c)

na cúiseanna atá leis na Conclúidí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Déanfar meastóireacht ar iarmhairtí fadtéarmacha agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir d'fhonn cur le Cinneadh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí cláir a d'fhéadfaí a dhéanamh ina dhiaidh sin.

4.   Poibleoidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go scaipfear go forleathan iad d'fhonn go mbeidh sláinte níos fearr faoi réim ar fud an Aontais.

Airteagal 14

An méid a leanfaidh as an tuarascáil mheastóireachta lárthéarma

1.   I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil mheastóireachta lárthéarma nach féidir tosaíocht théamach amháin nó níos mó a chur chun feidhme nó a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí an Chláir agus laistigh de thréimhse an Chláir, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18, faoin 31 Lúnasa 2017, d'fhonn an tosaíocht théamach nó na tosaíochtaí téamacha lena mbaineann a bhaint d'Iarscríbhinn I. Ní féidir ach le gníomh tarmligthe amháin lena mbaintear tosaíocht théamach amháin nó mó teacht i bhfeidhm de bhun Airteagal 18 i gcaitheamh ré an Chláir.

2.   I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil mheastóireachta lárthéarmasaintosaíocht théamach shonrach amháin nó níos mó nach liostaítear in Iarscríbhinn I, ach atá riachtanach anois chun cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 18, a ghlacadh faoin 31 Lúnasa 2017, d'fhonn tosaíocht théamach nó tosaíochtaí téamacha lena mbaineann a chur le hIarscríbhinn I. Is gá go bhféadfar tosaíocht théamach a bhaint amach laistigh de thréimhse an Chláir. Ní féidir ach le gníomh tarmligthe amháin teacht i bhfeidhm de bhun Airteagal 18 i gcaitheamh ré an Chláir lena gcuirtear tosaíocht théamach nó tosaíochtaí téamacha den sórt sin leis an Iarscríbhinn.

3.   Má chuirtear nó má bhaintear tosaíochtaí téamacha ní mór cloí leis na cuspóirí ginearálta agus leis na shainchuspóir ábhartha an Chláir.

Airteagal 15

Pointí Comhtheagmhála Náisiúnta

Ainmneoidh na Ballstáit Pointí Comhtheagmhála Náisiúnta a chuideoidh leis an gCoimisiún an Clár a chur chun cinn, agus de réir mar is iomchuí, torthaí an Chláir a scaipeadh mar aon leis an bhfaisnéis a bheidh ar fáil faoi thionchar an Chláir agus dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 16

Cosaint leasanna airgeadais an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, an tráth a gcuirfear gníomhaíochtaí a maoineofar faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí pionóis dhíspreagthacha riaracháin agus airgeadais.

2.   Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an mball, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an mball, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (24) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais maidir le comhaontú deontais nó cinneadh faoi dheontas nó conradh a cistíodh faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais, a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí fiosrúcháin den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 17

An nós imeachta coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Déantar an chumacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2), tabharfar don Choimisiún í ar feadh tréimhse feidhmithe an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 14 (1) agus (2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár féadfar na costais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE a áirithiú.

2.   Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad thar 2020 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach dtabharfar chun críche faoi 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairfear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 11 Márta 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. KOURKOULAS


(1)  IO C 143, 22.5.2012, lch. 102.

(2)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 223.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Feabhra 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Márta 2014.

(4)  Cinneadh Uimh. 1786/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte poiblí (2003-2008) (IO L 271, 9.10.2002, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an dara clár gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte (2008-2013) (IO L 301, 20.11.2007, lch. 3).

(6)  Conclúidí ón gComhairle maidir le Comhluachanna agus Comhphrionsabail i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

(7)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1)

(9)  Cinneadh 2008/721/CE ón gCoimisiúin an 5 Lúnasa 2008 lenar cuireadh ar bun struchtúr comhairleach de choistí eolaíocha agus saineolaithe i réimsí shábháilteacht an tomhaltóra, na sláinte poiblí agus an chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/210/CE, (IO L 241, 10.9.2008, lch. 21).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007(IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaigh 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 73).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 99/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir leis an gclár staidrimh Eorpach 2013-17 (IO L 39, 9.2.2013, lch. 12).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(19)  IO C 373, 20.12.2013. lch. 1

(20)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(22)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(23)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(24)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an mball a dhéanfaidh an Coimisiún d'fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus míréireachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA

1.   An tsláinte a chur chun cinn, galair a chosc agus timpeallachtaí tacúla a chothú i gcomhair slite beatha atá folláin lena n-áirítear an prionsabal, mar atá, 'an tsláinte a chur san áireamh i ngach beartas'

1.1.

Bearta cost-éifeachtacha maidir le cur chun cinn agus cosc, i gcomhréir le straitéisí AE maidir le halcól agus leis an gcothú go háirithe, agus lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun tacaíocht a thabhairt don mhalartú dea-chleachtas a bheidh bunaithe ar fhianaise chun aghaidh a thabhairt ar thosca an riosca amhail caitheamh tobac agus caitheamh fulangach tobac, úsáid dhochrach alcóil, drochnósanna cothaithe agus easpa aclaíochta coirp, ag cur san áireamh na ngnéithe de shláinte an phobail a bhaineann leis na fachtóirí bunúsacha, amhail iad siúd atá de chineál sóisialta nó de chineál timpeallachta lena ndírítear ar bhreisluach don Aontas.

1.2.

Bearta chun gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhlánú chun damáiste don tsláinte de bharr drugaí a laghdú, lena n-áirítear bearta maidir le faisnéis agus cosc.

1.3.

Tacaíocht éifeachtach a thabhairt don fhreagairt ar ghalair thógálacha amhail VEID/SEIF, an eitinn agus an heipitíteas tríd an nglacadh den chleachtais atá fianaise-bhunaithe agus dea-chleachtas a shainaithint, a imscaipeadh agus a chur chun cinn ar mhaithe le cosc, fáthmheas, cúram agus cóireáil a bheidh cost-éifeachtach.

1.4.

Tacú le comhar agus le líonrú san Aontas maidir leis an bhfreagairt do ghalair ainsealacha, lena n-áirítear an ailse, galair a bhaineann le dul in aois agus galair néaraimheathlúcháin, trí eolas agus dea-chleachtais a roinnt agus trí fhorbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le cosc, maidir le bainistiú agus leis an luath-aimsiú (lena n-áirítear feasacht maidir leis an tsláinte agus le féinbhainistiú). Athleanúint a dhéanamh ar thaighde atá déanta cheana maidir leis an ailse, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha a mhol an Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghníomhaíocht in Aghaidh na hAilse.

1.5.

Gníomhaíochtaí a cheanglaítear le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i réimsí táirgí tobac, na fógraíochta agus na margaíochta nó a rannchuidíonn lena cur chun feidhme, . Féadfar gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm, ar fhaireachán agus ar athbhreithniú na reachtaíochta sin bheith san áireamh i ngníomhaíocht den sórt sin sin.

1.6.

Córas faisnéise agus eolais faoin tsláinte a chothú chun rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear úsáid na n-ionstraimí atá ann cheana agus, nuair is iomchuí, tuilleadh forbartha ar fhaisnéis agus uirlisí sláinte caighdeánaithe chun faireachán a dhéanamh ar chúrsaí sláinte, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir.

2.   Saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann.

2.1.

Feabhas a chur ar mheasúnú riosca agus bearnaí i gcumais mheasúnaithe riosca a líonadh trí chumais bhreise do shaineolas eolaíoch a sholáthar agus fardal de na measúnuithe atá ann cheana a dhéanamh.

2.2.

Tacú le forbairt acmhainní i gcoinne bagairtí sláinte i mBallstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, oibriú i gcomhar le tíortha comharsanachta: pleanáil ullmhachta agus freagartha a fhorbairt, lena gcuirtear san áireamh agus lena ndéantar comhoibriú le tionscnaimh dhomhanda, le comhpháirteanna den phleanáil ullmhachta cineálaí agus sonraí, leis an gcomhordú i dtaca le bearta sláinte poiblíle bealaí cur chuige neamhcheangailteacha i leith vacsaíniú; aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sláinte atá ag méadú de bharr gluaiseachtaí daonra ar fud an domhain; treoirlínte maidir le bearta cosantacha i gcás éigeandála, treoirlínte maidir le faisnéis agus treoirleabhair faoi dhea-chleachtais a fhorbairt; rannchuidiú leis an gcreat i gcomhair sásra dheonaigh, lena n-áirítear clúdach optamach maidir le vaicsaíniú a bhunú chun an méadú ar ghalair thógálacha a chomhrac go héifeachtach agus d'fhonn soláthar comhpháirteach frithbheart leighis a ghnóthú; agus straitéisí comhleanúnacha cumarsáide a fhorbairt.

2.3.

Gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nó a rannchuidíonn lena cur chun feidhme i réimsí na ngalar teagmhálach agus bagairtí eile sláinte, lena n-áirítear iad siúd arb iad teagmhais bhitheolaíocha agus cheimiceacha, agus athrú comhshaoil agus aeráide, is cúis leo. Féadfar gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh éascú a dhéanamh ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm, ar fhaireachán agus ar athbhreithniú na reachtaíochta sin a áireamh i ngníomhaíocht den sórt sin.

2.4.

Córas faisnéise agus eolais a chothú maidir leis an dea-shláinte chun rannchuidiú le cinnteoireacht a bheidh bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear úsáid na n-ionstraimí atá ann cheana agus, nuair is iomchuí, tuilleadh forbartha ar fhaisnéis agus uirlisí sláinte caighdeánaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chúrsaí sláinte, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir.

3.   Rannchuidiú le córais sláinte nuálacha, éifeachtacha agus inbhuanaithe

3.1.

Tacú le comhar deonach idir Ballstáit maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte faoin líonra um measúnú ar theicneolaíocht sláinte a bunaíodh le Cinneadh 2011/24/AE. Éascú a dhéanamh ar ghlacadh thorthaí na dtionscadal taighde a dtugtar tacaíocht dóibh faoi Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013), a glacadh le Cinneadh Uimh. 1282/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus, san fhadtéarma, ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís 2020).

3.2.

Taobhú le glacadh deonach na nuálaíochta i réimse na sláinte agus na ríomhShláinte trí idir-inoibritheacht na gclár othar agus réitigh ríomhShláinte eile a mhéadú; tacú comhar maidir le ríomhShláinte san Aontas, go háirithe maidir le cláir agus maidir le glacadh na ngairmithe sláinte. Rannchuideoidh an méid seo leis an líonra deonach um ríomhShláinte a bunaíodh le Cinneadh 2011/24/AE.

3.3.

Tacú le hinbhuanaitheacht an lucht saothair i réimse na sláinte trí phleanáil agus réamh-mheastachán éifeachtach a fhorbairt, i dtéarmaí uimhreacha, comhionannais idir fir agus mná, raon feidhme cleachtais agus a mhéid a oireann an oiliúint do na scileanna atá ag teastáil, lena n-áirítear an cumas leas a bhaint as córais nua faisnéise agus as ardteicneolaíochtaí eile, faireachán a dhéanamh ar shoghluaisteacht (laistigh den Aontas) agus imirce na ngairmithe sláinte, straitéisí éifeachtúla earcaíochta a chothú agus straitéisí coinneála agus forbairt acmhainní a bhunú, agus aird chuí á tabhairt ar cheist an spleáchais agus ar an daonra bheith ag aosú.

3.4.

Saineolas a thabhairt agus dea-chleachtais a roinnt chun cabhrú le Ballstáit a thugann faoi chórais sláinte a athchóiriú trí shásra a bhunú chun saineolas ar leibhéal an Aontais a chomhthiomsú, le go gcuirfear comhairle fhónta ar fáil a bheidh bunaithe ar fhianaise faoi infheistíocht agus nuálaíocht éifeachtach agus éifeachtúil i réimse na sláinte poiblí agus sna córais sláinte. Éascú a dhéanamh ar ghlacadh thorthaí na dtionscadal taighde a dtugtar tacaíocht dóibh faoi Sheachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpaigh um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) agus, san fhadtéarma, ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís 2020).

3.5.

Tacú le gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar cheisteanna sláinte i sochaí atá ag aosú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ábhartha a mhol an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht maidir le hAosú Gníomhach agus Folláin faoina trí théama: nuálaíocht sa bhfeasacht, cosc agus fáthmheas luath; nuálaíocht i gcúram agus i leigheas agus nuálaíocht don aosú gníomhach agus don mhaireachtáil neamhspleách.

3.6.

Gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nó a rannchuidíonn leis i réimse na bhfeistí leighis, na dtáirgí leighis agus an chúraim sláinte trasteorann. Féadfar gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm, ar fhaireachán agus ar athbhreithniú na reachtaíochta sin a éascú a chur san áireamh i ngníomhaíocht den sórt sin.

3.7.

Córas faisnéise agus eolais a chothú faoin tsláinte chun rannchuidiú le cinnteoireacht a bheidh bunaithe ar fhianaise lena n-áirítear úsáid na n-ionstraimí atá ann cheana, tuilleadh forbartha, nuair is iomchuí, ar fhaisnéis chaighdeánaithe agus ar uirlisí sláinte caighdeánaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar an tsláinte, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir, agus tacaíocht do na Coistí Eolaíocha a cuireadh ar bun i gcomhréir le Cinneadh 2008/721/CE.

4.   Rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an Aontais a éascú

4.1.

Tacú le córas líonraí tagartha Eorpacha a bhunú d'othair a bhfuil fadhbanna sláinte acu a éilíonn cúram ard-speisialaithe agus comhdhlúthú áirithe acmhainní nó saineolais, amhail i gcás galar neamhchoiteann, ar bhonn critéar atá le bunú faoin Treoir 2011/24/AE.

4.2.

Tacú le Ballstáit, le heagraíochtaí othar agus le geallsealbhóirí trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun cuidiú go héifeachtach le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Áirítear leis sin líonraí tagartha a chruthú (i gcomhlíonadh phointe 4.1), mar aon le bunachair sonraí agus cláir ar fud an Aontais ar ghalair neamhchoitianta bunaithe ar na critéir choiteanna.

4.3.

Comhar maidir le sábháilteacht othar agus cáilíocht cúraim sláinte a neartú, inter alia, tríd an Moladh ón gComhairle an 9 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht othar lena n-áirítear cosc agus rialú ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte (2) a chur chun feidhme; malartú dea-chleachtas maidir le córais dearbhaithe cáilíochta; treoirlínte agus uirlisí a fhorbairt chun sábháilteacht othar agus cáilíocht a chur chun cinn; infhaighteacht faisnéise faoi shábháilteacht agus cháilíocht a mhéadú d'othair, aiseolas agus idirghníomhaíocht idir soláthróirí sláinte agus othair a fheabhsú.

4.4.

I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta i gcoinne na mbagairtí a eascraíonn go mion minic as frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, úsáid stuama na n-oibreán frithmhiocróbach i dtáirgí íocshláinte a fheabhsú agus na cleachtais a mhéadaíonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a laghdú, go háirithe sna hospidéil; cosc éifeachtach agus bearta sláinteachais a chur chun cinn d'fhonn ionfhabhtuithe a chosc agus a rialú; ualach na n-ionfhabhtuithe frithsheasmhacha agus ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a laghdú agus infhaighteacht ábhar frithmhiocróbach éifeachtach a áirithiú.

4.5.

Gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi chur chun feidhme reachtaíocht de chuid an Aontais nó a rannchuidíonn leis i réimse na bhfíochán agus na gceall daonna, na fola, na n-orgán daonna, feistí leighis, úsáid na dtáirgí íocshláinte, agus chearta na n-othar i gcúram sláinte trasteorann, ag glacadh go hiomlán le hinniúlachtaí agus le roghanna eiticiúla na mBallstát sna réimsí sin. Féadfar gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm, ar fhaireachán agus ar athbhreithniú na reachtaíochta sin a éascú a chur san áireamh i ngníomhaíocht den sórt sin.

4.6.

Córas faisnéise agus eolais a chothú faoin tsláinte chun rannchuidiú le cinnteoireacht a bheidh bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear úsáid na n-ionstraimí atá ann cheana agus, nuair is iomchuí, tuilleadh forbartha ar fhaisnéis agus ar uirlisí sláinte caighdeánaithe maidir le faireachán a dhéanamh ar chúrsaí sláinte, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir.


(1)  Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú Clár Réime an Chomhphobail Eorpach um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí léiriúcháin (2007-2013) (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1).

(2)  IO C 151, 3.7.2009, lch. 1.


IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR LENA mBUNAÍTEAR CLÁIR OIBRE BHLIANTÚLA

Bunófar na cláir oibre bhliantúla i gcomhréir leis na critéir seo a leanas i gcaitheamh ré an Chláir:

ábharthacht na ngníomhaíochtaí a mholtar i dtaca leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 agus i dtaca leis na tosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus le haghaidh Straitéis Sláinte AE "Le chéile don tsláinte";

breisluach don Aontas ó na gníomhaíochtaí a mholtar i gcomhréir leis na tosaíochtaí téamacha in Iarscríbhinn I;

ábharthacht na ngníomhaíochtaí a mholtar ó thaobh sláinte an phobail, ó thaobh an dea-shláinte a chur i réim agus galair a chosc, saoránaigh an Aontais a chosaint ó bhagairtí sláinte agus feidhmíocht na gcóras sláinte a fheabhsú;

ábharthacht na ngníomhaíochtaí a mholtar maidir le tacú le reachtaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme;

ábharthacht an chumhdaigh gheografaigh i dtaca leis na gníomhaíochtaí a mholtar;

cothromaíocht leithdháileadh acmhainní buiséadacha idir cuspóirí éagsúla an Chláir, agus na buntáistí dóchúla á gcur san áireamh maidir leis an dea-shláinte a chur chun cinn;

leordhóthanacht chumhdach na dtosaíochtaí téamacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.