28.2.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 165/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Feabhra 2014

maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle (3) forálacha maidir le déanamh, suiteáil, úsáid agus tástáil trealaimh tacagraf. Rinneadh é a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Chun soiléireacht níos fearr a áirithiú, ba cheart na príomhfhorálacha ann a shimpliú agus a athstruchtúrú dá bhrí sin.

(2)

Is léir ó thaithí ar an ábhar seo gur cheart gnéithe teicniúla agus nósanna imeachta rialaithe áirithe a fheabhsú lena áirithiú go mbeidh an córas tacagraf éifeachtach agus éifeachtúil.

(3)

Tá feithiclí áirithe faoi réir díolúine ó fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chun comhchuibheas a áirithiú, ba cheart go bhféadfaí díolúine a thabhairt d’fheithiclí dá leithéidí ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(4)

Ba cheart tacagraif a shuiteáil i bhfeithiclí a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir leo. Ba cheart feithiclí áirithe a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin d’fhonn solúbthacht áirithe a thabhairt isteach, eadhon i gcás feithiclí nach bhfuil a uasmhais incheadaithe níos mó ná 7,5 tona, a úsáidtear le hábhair, trealamh nó innealra a iompar, a bhféadfaidh an tiománaí úsáid a bhaint as le linn a chuid oibre, agus nach n-úsáidtear ach i ngaireacht 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus ar an gcoinníoll nach ionann tiomáint feithiclí den sórt sin agus príomhghníomhaíocht an tiománaí. Chun comhchuibheas a áirithiú idir na díolúintí ábhartha mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar ghnóthais iompair agus cuspóirí an Rialacháin sin á n-urramú, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt achar cheadaithe uasta atá leagtha amach sna díolúintí sin.

(5)

Breathnóidh an Coimisiún ar fhad a chur le tréimhse bailíochta an chuibheora le haghaidh feithiclí M1 agus N1 go dtí 2015 agus breathnóidh sé tuilleadh ar réiteach fadtéarmach le haghaidh feithiclí M1 agus N1 roimh 2015.

(6)

Ba cheart don Choimisiún féachaint ar bhraiteoirí meáchain a áireamh i bhfeithiclí earraí troma agus ba cheart dó féachaint ar a mhéid a chuideodh braiteoirí meáchain le comhlíonadh na reachtaíochta maidir le hiompar de bhóthar.

(7)

Modh cuí éifeachtúil ó thaobh costais de is ea úsáid tacagraf atá ceangailte le córas domhanda um loingseoireacht satailíte chun suíomh na feithicle ag pointí áirithe le linn na tréimhse oibre laethúla a thaifeadadh chun tacú le hoifigigh rialaithe le linn rialuithe, agus ba cheart foráil dá leithéid dá bhrí sin.

(8)

Ina bhreithiúnas i gcás C-394/92 Michielsen agus Geybels Transport Service  (5), chuir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sainmhíniú ar fáil ar an téarma “tréimhse oibre laethúil”, agus ba cheart go léifeadh na húdaráis forálacha an Rialacháin seo i bhfianaise an tsainmhínithe sin. Tosóidh an “tréimhse oibre laethúil” an t-am a thosóidh an tiománaí an tacagraf tar éis tréimhse scíthe seachtainiúil nó tréimhse scíthe laethúil, nó, má roinntear an sos laethúil ina thréimhsí ar leith, tar éis tréimhse scíthe d’fhad naoi n-uaire an chloig ar a laghad. Críochnóidh an “tréimhse oibre laethúil” ag tús na tréimhse scíthe laethúla, nó má roinntear an sos laethúil ina thréimhsí ar leith, ag tús thréimhse scíthe níos faide ná tréimhse íosta de naoi n-uaire an chloig as a chéile.

(9)

I dTreoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ceanglaítear ar na Ballstáit líon íosta seiceálacha cois bóthair a dhéanamh. Éascaíonn cianchumarsáid idir an tacagraf agus na húdaráis rialaithe chun críocha rialú cois bóthair seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair, rud a fhágann gur féidir an t-ualach riaracháin arna chruthú le seiceálacha randamacha ar ghnóthais iompair a laghdú, agus ba cheart foráil a dhéanamh dá leithéid dá bharr sin.

(10)

Is féidir le córais chliste iompair (CCI) cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin a bhíonn ag an mbeartas iompair Eorpach, amhail an méadú ar thoirteanna iompair de bhóthar agus brú tráchta agus an t-ardú ar ídiú fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart comhéadain chaighdeánaithe a sholáthar i dtacagraif chun a n-idir-inoibritheacht le feidhmiúcháin CCI a áirithiú.

(11)

Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt feidhmchlár a chuideodh le tiománaithe na sonraithe a thaifeadtar sa tacagraf a léirmhíniú chun cur ar a gcumas an reachtaíocht shóisialta a chomhlíonadh.

(12)

Tá slándáil an tacagraif agus a chórais riachtanach chun sonraí iontaofa a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí an tacagraf a dhearadh agus a thástáil agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air i rith a shaolré chun leochaileachtaí slándála a chosc, a bhrath agus a mhaolú.

(13)

Fágann tástálacha allamuigh ar thacagraf nach bhfuil cineálcheadaithe fós gur féidir an trealamh a thástáil i gcásanna réadúla sula dtugtar isteach go forleathan é, agus féadfar feabhsuithe a dhéanamh níos tapúla dá bhrí sin. Ba cheart tástálacha allamuigh a cheadú dá bhrí sin, ar an gcoinníoll go ndéanfaí faireachán agus rialú éifeachtúil ar rannpháirtíocht i dtástálacha dá leithéidí agus ar chomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(14)

Agus an tábhacht a bhaineann leis an leibhéal is airde slándála is féidir a chothabháil á cur san áireamh, ba cheart go n-eiseoidh comhlacht deimhniúcháin a aithneoidh an Coiste Bainistithe na deimhnithe slándála faoi chuimsiú an “Chomhaontaithe um Aitheantas Frithpháirteach maidir le Deimhniúcháin um Meastóireacht Slándála Theicneolaíocht na Faisnéise” de chuid Ghasra na n-Oifigeach Sinsearach i ndáil le Slándáil na gCóras Faisnéise (SOG-IS).

I gcomhthéacs caidreamh idirnáisiúnta le tríú tíortha, níor cheart go n-aithneodh an Coimisiún aon chomhlacht deimhniúcháin chun críocha an Rialacháin seo gan coinníollacha comhionanna maidir le meastóireacht slándála a bheith leagtha síos ag an gcomhlacht sin mar a fhoráiltear faoin gComhaontú um Aitheantas Frithpháirteach. Ba cheart dul i muinín chomhairle an Choiste Bainistithe i ndáil leis sin.

(15)

Bíonn ról tábhachtach ag feisteoirí agus ag ceardlanna i slándáil na dtacagraf. Dá bhrí sin, is iomchuí íoscheanglais a leagan síos lena n-iontaofacht agus chun iad a cheadú agus a iniúchadh. Thairis sin, ba cheart go nglacfadh na Ballstáit bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa idir feisteoirí nó ceardlanna agus gnóthais iompair de bhóthar a sheachaint. Níl aon rud sa Rialachán seo a chuireann bac ar na Ballstáit a bhfaomhadh, a rialú agus a ndeimhniúchán trí na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar choinníoll go gcomhlíontar na híoschritéir a leagtar amach sa Rialachán seo.

(16)

Chun iniúchadh agus rialú níos éifeachtaí a áirithiú ar chártaí tiománaí, agus chun cúraimí oifigeach rialaithe a éascú, ba cheart cláir náisiúnta leictreonacha a bhunú agus foráil a dhéanamh d’idirnasc na gclár sin.

(17)

Agus uathúlacht cártaí tiománaithe á seiceáil, ba cheart do na Ballstáit dul i muinín na nósanna imeachta a áirítear i Moladh 2010/19/AE ón gCoimisiún (8).

(18)

Ba cheart féachaint ar an gcás speisialta inar cheart go bhféadfadh Ballstát cárta tiománaí sealadach neamh-inathnuaite a chur ar fáil do thiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát ná i dtír ar pháirtí conarthach í leis an gComhaontú Eorpach maidir le hObair Criúnna Feithiclí a Bhíonn ag Gabháil d’Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar an 1 Iúil 1970 (“Comhaontú AETR”). Sa chás sin, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm go hiomlán.

(19)

Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh Ballstát in ann cártaí tiománaí a eisiúint chuig tiománaithe a bhfuil cónaí orthu ina gcríoch fiú nuair nach mbíonn feidhm ag na Conarthaí maidir le codanna áirithe dá gcríoch. I gcásanna den sórt sin, ní mór do na Ballstáit lena mbaineann forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm go hiomlán.

(20)

Bíonn dúshláin leanúnacha le sárú ag oifigigh rialaithe mar thoradh ar athruithe ar an tacagraf agus ar theicnící nua cúblála. Chun rialú níos éifeachtaí a áirithiú, agus chun comhchuibhiú na modhanna cur chuige rialaithe ar fud an Aontais a fheabhsú, ba cheart modheolaíocht choiteann a ghlacadh le haghaidh oiliúint tosaigh agus leanúnach na n-oifigeach rialaithe.

(21)

Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil agus sonraí á dtaifeadadh ag tacagraf, agus teicneolaíochtaí á bhforbairt ar mhaithe le sonraí suímh a thaifeadadh, ar mhaithe le cianchumarsáid, agus ar mhaithe leis an gcomhéadan le CCI. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag rialacha an Aontais go háirithe iad a leagtar síos i dTreoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle (10).

(22)

Chun iomaíocht chothrom a áirithiú agus feidhmchláir a bhaineann leis an tacagraf á bhforbairt, ba cheart do chearta maoine intleachtúla nó paitinní a bhaineann le sonraí a tharchur isteach sa tacagraf nó amach as, a bheith ar fáil do chách, saor ó ríchíosanna.

(23)

I gcás inarb infheidhme, ba cheart na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, amhail an fhoireann caighdeán a bhaineann leis an gCumarsáid Shonrach Gearr-Raoin a bhunaigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú, a chomhlíonadh agus sonraí á malartú le linn na cumarsáide leis na húdaráis rialaithe sna Ballstáit.

(24)

Chun iomaíocht chothrom a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach iompair de bhóthar agus chun comhartha soiléir a thabhairt do thiománaithe agus do ghnóthais iompair, ba cheart do na Ballstáit, pionóis atá éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach a fhorchur, i gcomhréir le catagóirí na sáruithe mar a shainítear i dTreoir 2006/22/CE, gan dochar do phrionsabal na coimhdeachta.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go roghnófar feithiclí le haghaidh cigireachta gan idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntacht an tiománaí ná ar bhonn tíre clárúcháin ná ar an tráth ar tháinig an fheithicil tráchtála chun seirbhíse.

(26)

Ar mhaithe le cur i bhfeidhm soiléir, éifeachtach, comhréireach agus comhionann a dhéanamh ar rialacha sóisialta in iompar de bhóthar, ba cheart d’údaráis na mBallstát na rialacha a chur i bhfeidhm ar mhodh comhionann.

(27)

Ba cheart do gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon fhionnachtain a dhéanann sé maidir leis an bhfáil atá ar fheistí nó shuiteálacha calaoiseacha chun an tacagraf a ionramháil, lena n-áirítear iad sin atá ar fáil tríd an idirlín, agus ba cheart don Choimisiún fógra a thabhairt do na Ballstáit eile go léir faoi na fionnachtana sin.

(28)

Ba cheart don Choimisiún an deasc chabhrach ar an idirlíon a chothabháil, ar deasc chabhrach í a chuidíonn le tiománaithe, le gnóthais iompair, le húdaráis rialaithe agus le feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí ceadaithe ceisteanna a thíolacadh agus na húdair imní a bhaineann leis an tacagraf digiteach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cineálacha nua ionramhála nó calaoise.

(29)

Trí na hoiriúnuithe ar Chomhaontú AETR, tá úsáid an tacagraif dhigitigh éigeantach maidir le feithiclí atá cláraithe i dtríú tíortha a shínigh Comhaontú AETR. Ós rud é go ndéanfaidh na hathruithe ar na tacagraif a thabharfar isteach leis an Rialachán seo difear díreach do na tíortha sin, ba cheart dóibh bheith páirteach san idirphlé ar ábhair theicniúla, lena n-áirítear maidir leis an gcóras chun faisnéis i ndáil le cártaí tiomána agus cártaí ceardlainne a mhalartú. Dá bhrí sin, ba cheart Fóram Tacagraif a bhunú.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le ceanglais, feidhmeanna taispeána agus rabhaidh agus cineálcheadú tacagraf, agus forálacha mionsonraithe don tacagraf cliste; na nósanna imeachta a leanfar chun tástálacha allamuigh a dhéanamh agus na foirmeacha a úsáidfear chun faireachán a dhéanamh ar na tástálacha allamuigh sin; foirm chaighdeánach an ráitis i scríbhinn ina sonraítear na cúiseanna leis an séala a bhaint; nósanna imeachta agus sonraíochtaí coiteanna atá riachtanach chun cláir leictreonacha a nascadh le chéile; an mhodheolaíocht lena sonraítear ábhar na hoiliúna tosaigh agus leantaí do na hoifigigh rialaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(31)

Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh chun críocha an Rialacháin seo, a thiocfaidh in ionad na bhforálacha atá in Iarscríbhinn IB a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 agus in ionad beart eile cur chun feidhme, ba cheart iad a ghlacadh faoin 2 Márta 2016. Más rud é, ar fáth éigin, nár glacadh na gníomhartha cur chun feidhme sin in am, áfach, ba cheart go ndéanfaí an leanúnachas riachtanach a chosaint le bearta idirthréimhseacha.

(32)

Níor cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Rialachán sin a ghlacadh i gcás nach dtugann an coiste dá dtagraítear sa Treoir sin tuairim uaidh maidir leis an dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh tíolactha ag an gCoimisiún.

(33)

I gcomhthéacs fheidhmiú Chomhaontú AETR, ba cheart tagairtí do Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a thuiscint mar thagairtí don Rialachán seo. Breathnóidh an tAontas ar na céimeanna iomchuí a bheidh le glacadh laistigh de Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip lena áirithiú go mbeidh an comhchuibheas is gá ann idir an Rialachán seo agus Comhaontú AETR.

(34)

Chuathas i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus thug sé tuairim uaidh an 5 Deireadh Fómhair 2011 (13).

(35)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

PRIONSABAIL, RAON FEIDHME AGUS CEANGLAIS

Airteagal 1

Ábhar agus prionsabail

1.   Sa Rialachán seo, leagtar síos na hoibleagáidí agus na ceanglais maidir le déanamh, suiteáil, úsáid, tástáil agus rialú tacagraf le húsáid in iompar de bhóthar d’fhonn comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus Threoir 92/6/CEE ón gComhairle (15) a fhíorú.

Comhlíonfaidh tacagraif ceanglais an Rialacháin seo maidir lena ndéanamh, suiteáil, úsáid agus tástáil.

2.   Leagtar amach sa Rialachán seo na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar leas a bhaint as an bhfaisnéis agus as na sonraí, seachas sonraí pearsanta, a taifeadadh a próiseáladh nó a stóráladh i dtacagraif agus chun críocha eile seachas an fíorú ar chomhlíonadh na ngníomhartha dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

2.   I dteannta na sainmhínithe dá dtagraítear i mír 1, chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “tacagraf” nó “trealamh taifeadta” an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht na bhfeithiclí sin, lena n-áirítear luas, agus sonraí tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch, i gcomhréir le hAirteagal 4(3);

(b)

ciallaíonn “aonad feithicle” an tacagraf cé is moite den bhraiteoir gluaisne agus na cáblaí a nascann an braiteoir gluaisne. D’fhéadfadh an t-aonad feithicle a bheith ina aonad aonair amháin nó ina aonaid éagsúla san fheithicil, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfadh sé ceanglais slándála an Rialacháin seo; áirítear san aonad feithicle, i measc nithe eile, aonad próiseála, cuimhne sonraí, feidhm tomhais ama, dhá fheiste um chomhéadan cárta cliste don tiománaí agus don chomhthiománaí, printéir, taispeáint, nascóirí agus áiseanna chun ionchuir úsáideora a iontráil;

(c)

ciallaíonn “braiteoir gluaisne” cuid den tacagraf trína dtugtar comhartha de luas na feithicle agus/nó an fad a taistealaíodh;

(d)

ciallaíonn “cárta tacagraif” cárta cliste atá beartaithe lena úsáid leis an tacagraf lena gcuirtear ar chumas an tacagraif ról shealbhóir an chárta a aithint agus sonraí a aistriú agus a stóráil;

(e)

ciallaíonn “leathán taifid” leathán atá ceaptha chun sonraí taifeadta a ghlacadh agus a choinneáil, lena gcur i dtacagraf analógach, agus ar a scríobhfaidh feistí marcála an tacagraif analógach taifead leanúnach den fhaisnéis atá le taifeadadh;

(f)

ciallaíonn “cárta tiománaí” cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit do thiománaí ar leith ar a sainaithnítear an tiománaí agus lena bhféadfar sonraí maidir le gníomhaíochtaí an tiománaí a stóráil;

(g)

ciallaíonn “tacagraf analógach” tacagraf a úsáideann leathán taifid i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(h)

ciallaíonn “tacagraf digiteach” tacagraf a úsáideann cárta tacagraif i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(i)

ciallaíonn “cárta rialaithe” cárta tacagraif arna eisiúint ag údaráis Ballstáit d’údarás rialaithe náisiúnta inniúil ar a sainaithnítear an comhlacht rialaithe agus, go roghnach, an t-oifigeach rialaithe agus lena bhféadfar na sonraí arna stóráil sa chuimhne sonraí nó sna cártaí tiománaí agus, go roghnach, sna cártaí ceardlainne a rochtain lena léamh, lena bpriontáil agus/nó lena n-íoslódáil;

(j)

ciallaíonn “cárta comhlachta” cárta tacagraif a eisíonn údaráis Ballstáit do ghnóthas iompair ar gá dó feithiclí a oibriú a bhfuil tacagraf feistithe orthu agus ar cárta é lena sainaithnítear an gnóthas iompair agus lena bhféadfar na sonraí atá stóráilte sna tacagraif atá glasáilte ag an ngnóthas iompair sin, a thaispeáint, a íoslódáil agus a phriontáil;

(k)

ciallaíonn “cárta ceardlainne” cárta tacagraif a eisíonn údaráis Bhallstáit d’fhoireann ainmnithe de chuid monaróra tacagraf, feisteora, monaróra feithiclí nó ceardlainne, atá ceadaithe ag an mBallstát sin agus lena sainaithnítear sealbhóir an chárta agus lena bhféadfar tacagraif a thástáil, a chalabrú, a ghníomhachtú agus/nó íoslódáil uathu;

(l)

ciallaíonn “gníomhachtú” an tréimhse a n-éiríonn an tacagraf oibríochtúil go hiomlán agus go gcuirtear chun feidhme na feidhmeanna go léir, lena n-áirítear na feidhmeanna slándála, trí leas a bhaint as cárta ceardlainne;

(m)

ciallaíonn “calabrú” an tacagraif dhigitigh paraiméadair feithiclí a bheidh le teachtadh sa chuimhne sonraí a nuashonrú nó a dheimhniú, lena n-áirítear sainaithint feithiclí agus tréithe feithiclí trí leas a bhaint as cárta ceardlainne;

(n)

ciallaíonn “íoslódáil” ó thacagraf digiteach cuid de na comhaid sonraí a taifeadadh i gcuimhne sonraí an aonaid feithicle nó i gcuimhne an chárta tacagraif, nó sraith iomlán de na comhaid sin, in éineacht leis an síniú digiteach, a chóipeáil, ar choinníoll nach n-athraíonn an próiseas sin na sonraí a stóráladh nó nach scriostar na sonraí sin;

(o)

ciallaíonn “imeacht” oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó iarracht chalaoise;

(p)

ciallaíonn “locht” oibríocht mhínormálta a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh teacht ó mhífheidhm trealaimh nó ó mhainneachtain trealaimh;

(q)

ciallaíonn “suiteáil” tacagraf a fheistiú i bhfeithicil;

(r)

ciallaíonn “cárta neamhbhailí” cárta a bhraitear a bheith lochtach, nó ar theip ar an mbailíochtú tosaigh, nó nach bhfuil tús a dháta bailíochta tagtha fós, nó a bhfuil a dháta éagtha istigh;

(s)

ciallaíonn “cigireacht thréimhsiúil” sraith oibríochtaí a dhéantar chun a sheiceáil go n-oibríonn an tacagraf go cuí, go gcomhfhreagraíonn a shocruithe le paraiméadair na feithicle agus nach bhfuil aon fhearas cúblála nasctha leis an tacagraf;

(t)

ciallaíonn “deisiú” aon deisiú ar bhraiteoir gluaisne nó ar aonad feithicle a n-éilítear a sholáthar cumhachta a dhícheangal, nó a dhícheangal ó chomhpháirteanna eile an tacagraif, nó an braiteoir gluaisne nó an t-aonad feithicle a oscailt;

(u)

ciallaíonn “cineálcheadú” próiseas lena ndeimhníonn Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 13, go gcomhlíonann an tacagraf, a chomhpháirteanna ábhartha nó an cárta tacagraif a bheidh le cur ar an margadh ceanglais an Rialacháin seo;

(v)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas na gcóras agus na bpróiséas bunúsach gnó sonraí a mhalartú agus faisnéis a roinnt;

(w)

ciallaíonn “comhéadan” saoráid idir córais a sholáthraíonn na meáin trína bhféadfaidh siad nascadh agus idirghníomhú;

(x)

ciallaíonn “tomhas ama” taifead buan digiteach den dáta agus den am uilíoch lárnach (AUL);

(y)

ciallaíonn “coigeartú ama” coigeartú uathoibríoch ar an am reatha go tráthrialta agus laistigh d’uaslamháltas d’aon nóiméad amháin nó an coigeartú a dhéantar tráth an chalabrúcháin;

(z)

ciallaíonn “caighdeán oscailte” caighdeán mar a leagtar amach é i ndoiciméad sonraíochtaí caighdeánacha atá ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil a bhfuil cead é a chóipeáil, a scaipeadh nó a úsáid saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Déanfar tacagraif a shuiteáil agus a úsáid i bhfeithiclí atá cláraithe i mBallstát agus a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar de bhóthar agus a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir leo.

2.   Féadfaidh na Ballstáit na feithiclí atá luaite in Airteagal 13(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a dhíolmhú ó chur chun feidhme an Rialacháin seo.

3.   Féadfaidh na Ballstáit feithiclí a úsáidtear le haghaidh na n-oibríochtaí iompair a bhfuil eisceacht faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Féadfaidh na Ballstáit feithiclí a úsáidtear le haghaidh na n-oibríochtaí iompair a bhfuil eisceacht faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo; tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún maidir leis seo.

4.   Cúig bliana dhéag ón uair a gcaithfidh feithiclí nua-chláraithe tacagraf a bheith acu dá bhforáiltear in Airteagal 8, in Airteagal 9 agus in Airteagal 10, caithfear an tacagraf sin a fheistiú ar fheithiclí a oibríonn i mBallstát eile seachas an Ballstát clárúcháin.

5.   I gcás oibríochtaí iompair náisiúnta, féadfaidh Ballstáit a cheangal go suiteálfar agus go n-úsáidfear tacagraf i gcomhréir leis an Rialachán seo in aon cheann de na feithiclí nach gceanglaítear a mhalairt le mír 1 go suiteálfar nó go n-úsáidfear tacagraf iontu.

Airteagal 4

Ceanglais agus sonraí le taifeadadh

1.   Comhlíonfaidh na tacagraif, lena n-áirítear comhpháirteanna seachtracha, na cártaí tacagraif agus na leatháin taifid diancheanglais theicniúla agus ceanglais eile ionas go gceadófar cur chun feidhme cuí an Rialacháin seo.

2.   Comhlíonfaidh tacagraif agus cártaí tacagraif na ceanglais seo a leanas:

déanfaidh siad sonraí a thaifeadadh a bhaineann leis an tiománaí, le gníomhaíocht an tiománaí agus leis an bhfeithicil, ar sonraí iad atá cruinn agus iontaofa,

beidh siad slán, go háirithe chun iontaofacht agus bunús fhoinse na sonraí a dhéanann na haonaid feithicle agus na braiteoirí gluaisne a thaifeadadh, agus a thógtar astu sin, a ráthú,

beidh siad idir-inoibritheach idir na glúine éagsúla d’aonaid feithicle agus de chártaí tacagraif,

ceadófar leo comhlíonadh an Rialacháin seo agus comhlíonadh gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile a fhíorú go héifeachtúil,

beidh siad soláimhsithe.

3.   Le tacagraif dhigiteacha, déanfar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh:

(a)

an fad a taistealaíodh, agus luas na feithicle;

(b)

tomhas ama;

(c)

na pointí suímh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(d)

sonraí aitheantais an tiománaí;

(e)

gníomhaíocht an tiománaí;

(f)

sonraí rialaithe, sonraí calabrúcháin agus sonraí deisithe an tacagraif, lena n-áirítear sonraí aitheantais na ceardlainne;

(g)

eachtraí agus lochtanna.

4.   Déanfaidh tacagraif analógacha na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (e) de mhír 3 a thaifeadadh.

5.   Féadfar rochtain ar na sonraí a stóráiltear sa tacagraf agus sa chárta tacagraif a dheonú gach tráth chuig:

(a)

na húdaráis rialaithe inniúla;

(b)

an gnóthas ábhartha iompair ionas go bhféadfaidh sé a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, go háirithe mar a leagtar amach in Airteagal 32 agus in Airteagal 33 iad.

6.   Déanfar íoslódáil na sonraí lena laghad moille do ghnóthais iompair agus do thiománaithe.

7.   Maidir le sonraí a bheidh taifeadta ag an tacagraf agus a fhéadfar a tharchur nó a bhailiú sa tacagraf nó ón tacagraf, bíodh sé gan sreang nó go leictreonach, beidh siad i bhfoirm prótacal a bhfuil fáil ag an bpobal orthu, mar a shainmhínítear iad i gcaighdeáin oscailte.

8.   Lena áirithiú go gcomhlíonann tacagraif agus na cártaí tacagraif prionsabail agus ceanglais an Rialacháin seo, agus go háirithe an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go háirithe na forálacha sin a fhorálann do na meáin theicniúla chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

9.   Beidh na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 8 bunaithe, nuair is iomchuí, ar chaighdeáin agus ráthófar leo idir-inoibritheacht agus comhréireacht idir na glúine éagsúla d’aonaid feithicle agus de na cártaí tacagraif go léir.

Airteagal 5

Feidhmeanna an tacagraif dhigitigh

Áiritheoidh tacagraif dhigiteacha na feidhmeanna seo a leanas:

tomhas faid agus luais,

faireachán ar ghníomhaíochtaí tiománaí agus ar stádas tiomána,

faireachán ar ionsá agus ar aistarraingt cártaí tacagraif,

taifeadadh ar iontrálacha láimhe tiománaithe,

calabrú,

taifeadadh uathoibríoch ar na pointí suímh dá dtagraítear in Airteagal 8(1),

faireachán ar ghníomhaíochtaí rialúcháin,

brath agus taifeadadh imeachtaí agus lochtanna,

léamh ón gcuimhne sonraí agus taifeadadh agus stóráil sa chuimhne sonraí,

léamh ó chártaí tacagraif, taifeadadh agus stóráil i gcártaí tacagraif,

taispeáint, rabhadh, priontáil agus íoslódáil sonraí go feistí seachtracha,

coigeartú agus tomhas ama,

cianchumarsáid,

bainistiú ghlais na cuideachta,

tástálacha ionsuite agus féintástálacha.

Airteagal 6

Taispeáint agus rabhadh

1.   Déanfar faisnéis i dtacagraif dhigiteacha agus i gcártaí tacagraif a bhaineann le gníomhaíochtaí feithicle agus le tiománaithe agus le gcomhthiománaithe, taispeánfar é ar bhealach soiléir, eirgeanamaíoch, gan débhrí.

2.   Taispeánfar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an t-am;

(b)

an modh oibríochta;

(c)

gníomhaíocht an tiománaí:

más ag tiomáint atá sé, am leanúnach tiomána reatha an tiománaithe agus a am carnach reatha sosa,

má tá sé saor/i mbun oibre eile/ag tógáil scíthe nó sosa, tréimhse reatha na gníomhaíochta sin (ón uair a roghnaíodh í) agus a am carnach reatha sosa;

(d)

sonraí a bhaineann le rabhaidh;

(e)

sonraí a bhaineann le rochtain ar roghchlár.

Féadfar faisnéis bhreise a thaispeáint, ar choinníoll gur féidir í a idirdhealú go soiléir ón bhfaisnéis a éilítear sa mhír seo.

3.   Tabharfaidh tacagraif dhigiteacha rabhadh do thiománaithe agus aon imeacht agus/nó locht á bhrath aige agus roimh an am a théitear thar theorainn an uasama tiomána leanúnaigh cheadaithe, agus ag an am sin, ionas go bhféadfar an reachtaíocht ábhartha a chomhlíonadh.

4.   Beidh rabhaidh físiúil agus féadfaidh siad bheith inchloiste. Beidh fad tréimhse 30 soicind ag rabhaidh mura rud é go n-admhaíonn an t-úsáideoir iad trí aon eochair ar an tacagraf a bhrú. Déanfar cúis an rabhaidh a thaispeáint agus leanfaidh sé de bheith infheicthe go dtí go n-admhaíonn an t-úsáideoir é trí eochair shainiúil nó ordú ar an tacagraf a úsáid.

5.   Lena áirithiú go gcomhlíonfaidh tacagraif ceanglais an Airteagail seo maidir le taispeáint agus rabhaidh déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na forálacha mionsonraithe is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 7

Cosaint sonraí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo chun a fhíorú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, agus chun na críche sin amháin, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE agus faoi mhaoirseacht údarás maoirseachta an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go háirithe go gcosnófar sonraí pearsanta ar úsáidí eile seachas iad siúd a bhfuil dlúthbhaint acu leis an Rialachán seo agus le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, i gcomhréir le mír 1 i dtaca leis na nithe seo a leanas:

córas domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) a úsáid chun sonraí suímh a thaifeadadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8,

cianchumarsáid a úsáid chun críocha rialaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 9,

tacagraf a bhfuil comhéadan aige a úsáid, amhail dá dtagraítear in Airteagal 10,

malartú leictreonach na faisnéise ar chártaí tiománaí amhail dá dtagraítear in Airteagal 31, agus go háirithe malartú trasteorann na sonraí sin le tríú tíortha,

coimeád taifead i ngnóthais iompair amhail dá dtagraítear in Airteagal 33.

3.   Déanfar tacagraif dhigiteacha a dhearadh ar bhealach ina ndéanfar príobháideacht a áirithiú. Ní dhéanfar ach na sonraí riachtanacha chun na gcríocha faoin Rialachán seo a phróiseáil.

4.   Comhlíonfaidh úinéirí feithiclí, gnóthais iompair agus aon eintiteas eile lena mbaineann, nuair is infheidhme, na forálacha ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

CAIBIDIL II

TACAGRAF CLISTE

Airteagal 8

Suíomh na feithicle ag amanta áirithe le linn na tréimhse oibre laethúla a thaifeadadh

1.   Chun éascú a dhéanamh ar an bhfíorú go bhfuil an reachtaíocht ábhartha á comhlíonadh, déanfar suíomh na feithicle a thaifeadadh go huathoibríoch ag na pointí a leanas, nó ag an bpointe is gaire don áit ina bhfuil an comhartha satailíte ar fáil:

an áit ina gcuirtear tús leis an tréimhse oibre laethúil,

gach trí huaire an chloig tiomána carntha,

an áit ina gcuirtear deireadh leis an tréimhse oibre laethúil.

Chuige sin, déanfar feithiclí a cláraíodh den chéad uair 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11 a fheistiú le tacagraf atá ceangailte le córas suite atá bunaithe ar chóras um loingseoireacht satailíte.

2.   Maidir le nasc an tacagraif le seirbhís suite bunaithe ar chóras um loingseoireacht satailíte, dá dtagraítear i mír 1, ní úsáidfear ach na naisc sin de sheirbhís suite satailíte a bhaineann leas as seirbhís suite atá saor in aisce. Nuair is féidir sin, ní stórálfar ar bhonn buan sa tacagraf aon sonraí suímh seachas na sonraí a léirítear i gcomhordanáidí geografacha chun na pointí dá dtagraítear i mír 1 a dheimhniú. Sonraí suímh nach foláir a stóráil ar bhonn sealadach d’fhonn taifeadadh uathoibríoch na bpointí dá dtagraítear i mír 1 a chumasú nó chun an braiteoir gluaisne a chomhthacú, ní bheidh rochtain ag úsáideoir ar bith orthu agus scriosfar iad go huathoibríoch a luaithe nach mbeidh siad ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin.

Airteagal 9

Cian-luathbhrathadóireacht a dhéanamh ar ionramháil nó ar dhroch-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann

1.   Chun na seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a dhéanfaidh na húdaráis rialaithe inniúla a éascú, beidh an tacagraf atá suiteáilte ar fheithiclí a cláraíodh den chéad uair 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11 ábalta cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis sin agus an fheithicil ag gluaiseacht.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, 15 bliana ón uair a gcaithfidh feithiclí nua-chláraithe tacagraf a bheith acu amhail dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 8 agus in Airteagal 10 den Rialachán seo, a n-údaráis rialaithe a fheistiú a mhéid is iomchuí leis an gcian-luathbhrathadóireacht is gá leis an gcumarsáid shonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a cheadú, agus a gceanglas sonrach maidir le forfheidhmiú agus a straitéisí á gcur san áireamh. Go dtí an t-am sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir lena n-údarás rialaithe a fheistiú le trealamh cian-luathbhrathadóireachta den sórt sin.

3.   Bunófar an chumarsáid dá dtagraítear i mír 1 leis an tacagraf agus leis sin amháin, tráth a n-iarrfar í le trealamh na n-údarás rialála. Beidh an chumarsáid slán d’fhonn sláine sonraí agus fíordheimhniúchán an trealaimh taifeadta agus rialaithe a áirithiú. Ní bheidh rochtain ar na sonraí a chuirfear in iúl ach amháin ag na húdaráis rialála atá údaraithe chun seiceáil a dhéanamh ar sháruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus an Rialachán seo agus ag ceardlanna sa mhéid gur gá feidhmiú ceart an tacagraif a fhiorú.

4.   Ní mhalartófar le linn na cumarsáide ach na sonraí atá riachtanach chun críocha seiceálacha spriocdhírithe cois bóthair a dhéanamh ar fheithiclí a bhféadfadh sé gur ionramháladh nó gur baineadh drochúsáid as an tacagraf iontu. Bainfidh na sonraí sin leis na heachtraí nó na sonraí seo a leanas a taifeadadh leis an tacagraf:

an iarracht is déanaí a rinneadh an tslándáil a shárú,

an t-idirscor is faide ar an soláthar cumhachta,

locht ar an mbraiteoir,

earráid i sonraí gluaisne,

coimhlint i ndáil le gluaiseacht feithicle,

tiomáint gan chárta bailí,

cárta curtha isteach le linn tiomána,

sonraí coigeartaithe ama,

sonraí calabrúcháin lena n-áirítear dátaí an dá chalabrúchán is déanaí,

uimhir chlárúcháin na feithicle,

an luas a taifeadadh leis an tacagraf.

5.   Bainfear feidhm as na sonraí a mhalartaítear chun críche fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus chun na críche sin amháin. Ní tharchuirfear na sonraí chuig aon eintiteas ach amháin na húdaráis a dhéanann na tréimhsí tiomána agus na tréimhsí sosa a rialáil agus chuig comhlachtaí breithiúnaigh i gcreat nós imeachta bhreithiúnaigh atá ar siúl.

6.   Féadfaidh na húdaráis rialála na sonraí a stóráil le linn na tréimhse seiceála cois bóthair agus lena linn sin amháin, agus scriosfar iad trí uair an chloig ar a dhéanaí tar éis a gcur in iúl ach amháin sa chás ina gcuirtear in iúl leis na sonraí go bhféadfadh sé go ndearnadh an tacagraf a ionramháil nó a mhí-úsáid. Sa chás nach ndearbhaítear an ionramháil nó an drochúsáid le linn na seiceála cois bóthair a leanann, scriosfar na sonraí a tarchuireadh.

7.   Is ar ghnóthais iompair a oibríonn na feithiclí a mbeidh an fhreagracht i ndáil leis an tiománaí a chur ar an eolas faoi go bhféadfaí cianchumarsáid a dhéanamh chun críche cian-luathbhrathadóireachta ar ionramháil nó ar mhí-úsáid na dtacagraf.

8.   I gcás ar bith, ní leanfaidh fíneálacha uathoibreacha ná pionóis uathoibreacha don tiománaí nó don ghnóthas de chian-luathbhrathadóireacht chumarsáid den chineál a thuairiscítear san Airteagal seo. D’fhéadfadh an t-údarás rialaithe inniúil, ar bhonn na sonraí a mhalartófar, cinneadh a dhéanamh an fheithicil agus an tacagraf a sheiceáil. Ní chuirfidh toradh na cianchumarsáide cosc leis na húdaráis seiceálacha randamacha cois bóthair a dhéanamh bunaithe ar an gcóras grádaithe riosca a thugtar isteach le hAirteagal 9 de Threoir 2006/22/CE.

Airteagal 10

Comhéadan le Córais Chliste Iompair

Féadfar tacagraif a fheistiú le comhéadain i gcás feithiclí a chláraítear den chéad uair 36 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 11, ar comhéadain chaighdeánaithe iad lena bhféadfaidh gléas seachtrach na sonraí a taifeadadh nó a táirgeadh le tacagraf a úsáid ar mhodh oibríochtúil, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní chuireann an comhéadan isteach ar bharántúlacht agus sláine shonraí an tacagraif;

(b)

comhlíonann an comhéadan na forálacha mionsonraithe d’Airteagal 11;

(c)

níl rochtain ag an ngléas seachtrach atá nasctha leis an gcomhéadan ar shonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí geo-aimsithe suímh, ach amháin i gcás go bhfaightear toil infhíoraithe an tiománaí a mbaineann na sonraí leis.

Airteagal 11

Forálacha mionsonraithe do thacagraif chliste

Lena áirithiú go gcomhlíonann tacagraif chliste na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe is gá a ghlacadh chun Airteagal 8, Airteagal 9 agus Airteagal 10 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, gan na forálacha sin lena bhforálfaí don tacagraf sonraí breise a thaifeadadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Maidir leis na forálacha mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad mhír:

(a)

i ndáil le feidhmiú fheidhmeanna an tacagraif chliste dá dtagraítear sa Chaibidil seo, áireofar leo na ceanglais is gá chun slándáil, cruinneas agus iontaofacht na sonraí a sholáthraítear don tacagraf tríd an tseirbhís suite satailíte agus an teicneolaíocht cianchumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9;

(b)

sonrófar leo na coinníollacha éagsúla agus na ceanglais éagsúla le go mbeidh an tseirbhís suite satailíte agus an teicneolaíocht cianchumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 lasmuigh den tacagraf nó leabaithe sa tacagraf araon, agus má bhíonn siad lasmuigh de, na coinníollacha maidir leis an gcomhartha suite satailíte a úsáid mar an dara braiteoir gluaisne a shonrú;

(c)

sonrófar na caighdeáin is gá don chomhéadan dá dtagraítear in Airteagal 10. Leis na caighdeáin sin, féadfar foráil a áireamh maidir le cearta rochtana a dháileadh le haghaidh ról tiománaithe, ceardlann agus gnóthas iompair agus rialaithe do na sonraí a thaifeadfar leis an tacagraf ar rialaithe iad a bheidh bunaithe ar shásra fíoraithe/údaraithe a shainmhíneofar don chomhéadan amhail teastas le haghaidh gach leibhéil rochtana agus a bheidh faoi réir an fhéidearthachta teicniúla de.

CAIBIDIL III

CINEÁLCHEADÚ

Airteagal 12

Iarratais

1.   Déanfaidh monaróirí nó a ngníomhairí iarratas ar cheadú ar chineál aonaid feithicle, ar bhraiteoir gluaisne, ar shamhail-leathán taifid nó ar chárta tacagraif a chur faoi bhráid na n-údarás cineálcheadaithe atá ainmnithe chun na críche sin ag gach Ballstát.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ainm agus sonraí teagmhála na n-údarás atá ainmnithe dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún faoin 2 Márta 2015 agus tabharfaidh siad na nithe is gá chun dáta ina dhiaidh sin de réir mar a bheidh riachtanach. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-údarás cineálcheadaithe ainmnithe ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta de réir mar a bheidh riachtanach.

3.   Agus iarratas ar chineálcheadú á dhéanamh, seolfar isteach na sonraíochtaí agus na deimhnithe slándála, feidhmiúla agus idir-inoibritheachta iomchuí, lena n-áirítear an fhaisnéis is gá i ndáil leis na séalaí. Eiseoidh comhlacht deimhniúcháin aitheanta a ainmneoidh an Coimisiún an deimhniú slándála.

Eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe deimhnithe feidhmeacha don mhonaróir.

Déanfaidh saotharlann aonair faoi údarás agus faoi fhreagracht an Choimisiúin an deimhniú idir-inoibritheachta a eisiúint.

4.   Maidir le tacagraif, a gcomhpháirteanna ábhartha agus cártaí tacagraif:

(a)

leis an deimhniú slándála, deimhneofar an méid a leanas don aonad feithicle, do na cártaí tacagraif, don bhraiteoir gluaisne agus don nasc do ghlacadóir an GNSS nuair nach mbeidh an GNSS leabaithe sna haonaid feithicle:

(i)

na spriocanna slándála a bheith á gcomhlíonadh;

(ii)

na feidhmeanna slándála a leanas a bheith á gcomhlíonadh: sainaithint agus fíorú, údarú, rúndacht, cuntasacht, sláine, iniúchóireacht, cruinneas agus iontaofacht na seirbhíse;

(b)

leis an deimhniú feidhmeach deimhneofar go gcomhlíonann an ítim a tástáladh na ceanglais iomchuí i dtéarmaí na bhfeidhmeanna a cuireadh i gcrích, na dtréithe comhshaoil, na dtréithe comhréireachta leictreamaighnéadacha, i dtéarmaí na ceanglais fhisiceacha a chomhlíonadh agus na caighdeáin eile is infheidhme a chomhlíonadh;

(c)

deimhneofar leis an deimhniú idir-inoibritheachta go bhfuil an ítim a tástáladh go hiomlán idir-inoibritheach leis na tacagraif riachtanacha nó leis na samhlacha de chártaí tacagraif.

5.   Aon athrú ar na bogearraí nó ar na crua-earraí den tacagraf nó ar chineál an ábhair a úsáidtear chun é a mhonarú, déanfar, sula gcuirfear i bhfeidhm é, é a fhógairt don údarás a thug an cineálcheadú don trealamh. Déanfaidh an t-údarás sin fadú an chineálcheadaithe a dhaingniú nó d’fhéadfadh sé go n-éileodh sé nuashonrú nó daingniú ar na deimhnithe ábhartha feidhmiúla slándála agus/nó ar na deimhnithe idir-inoibritheachta.

6.   Ní cheadófar aon iarratas maidir le haon chineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a chur faoi bhráid níos mó ná aon Bhallstát amháin.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, forálacha mionsonraithe chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar bhealach comhionann. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 13

Cinéalcheadú a thabhairt

Tabharfaidh Ballstát cineálcheadú d’aon chineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 11, ar choinníoll go mbeidh an Ballstát in ann a sheiceáil go bhfuil na samhlacha táirgthe ag teacht leis an gcineál ceadaithe.

I dtaca le haon mhodhnú nó le haon bhreisiú ar shamhail cheadaithe, ní mór cineálcheadú comhpháirte breise a fháil dóibh ón mBallstát a thug an cineálcheadú bunaidh.

Airteagal 14

Marc cineálcheadaithe

Eiseoidh na Ballstáit don iarratasóir marc cineálcheadaithe a bheidh ag teacht leis an tsamhail réamhbhunaithe, do gach cineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a cheadaíonn siad de bhun Airteagal 13 agus Iarscríbhinn II. Glacfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme samhlacha mar sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

Airteagal 15

Ceadú nó diúltú

Laistigh de mhí amháin seolfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit ar cuireadh an t-iarratas ar chineálcheadú faoina bhráid, maidir le gach cineál aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid ná cárta tacagraif a cheadaíonn siad, cóip den deimhniú cineálcheadaithe a mbeidh cóipeanna de na sonraíochtaí cuí ag gabháil léi, lena n-áirítear sonraíochtaí maidir leis na séalaí, chuig údaráis na mBallstát eile. I gcás nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla an t-iarratas ar chineálcheadú a cheadú, cuirfidh siad in iúl d’údaráis na mBallstát eile gur diúltaíodh don cheadú agus cuirfidh siad cúiseanna an chinnidh in iúl.

Airteagal 16

Comhlíonadh trealaimh le cineálcheadú

1.   Má chineann Ballstát a bhfuil cineálcheadú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 13 tugtha aige, nach bhfuil aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne, leatháin taifid nó cártaí tacagraif ar bith ar a bhfuil marc cineálcheadaithe a d’eisigh sé ag teacht leis an gcineál atá ceadaithe aige, glacfaidh sé na bearta riachtanacha lena áirithiú go mbeidh na samhlacha táirgthe ag teacht leis an gcineál atá ceadaithe. Féadfar na bearta a ghlacfar a leathnú, más gá, d’fhonn tarraingt siar cineálcheadú a chumhdach.

2.   Déanfaidh Ballstát a mbeidh cineálcheadú tugtha aige an ceadú sin a tharraingt siar mura mbeidh an t-aonad feithicle, an braiteoir gluaisne, an leathán taifid nó an cárta tacagraif a ceadaíodh ag teacht leis an Rialachán seo nó má léirítear le linn úsáide aon fhabht ghinearálta a fhágann go bhfuil sé mí-oiriúnach don chríoch dá bhfuil sé beartaithe.

3.   Má thugann Ballstát eile fógra do Bhallstát a bhfuil cineálcheadú tugtha aige maidir le ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1 nó mír 2, glacfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát a thugann fógra, na bearta atá leagtha síos sna míreanna sin faoi réir mhír 5.

4.   Féadfaidh Ballstát a dheimhníonn go bhfuil ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2 tagtha chun cinn, cosc a chur ar an aonad feithicle, an braiteoir gluaisne, an leathán taifid nó an cárta tacagraif a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Is amhlaidh sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 maidir le haonaid feithicle nó le braiteoirí gluaisne nó le leatháin taifid nó le cártaí tacagraif a bheidh díolmhaithe ó fhíorú tosaigh AE mura ndéanfaidh an monaróir, tar éis rabhadh cuí a fháil, an trealamh a chur in oiriúint don tsamhail cheadaithe nó do cheanglais an Rialacháin seo.

In aon chás, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát, laistigh d’aon mhí amháin fógra dá chéile agus don Choimisiún maidir le tarraingt siar aon chineálcheadaithe nó maidir le haon bhearta eile a dhéanfar de bhun mhír 1, mhír 2 nó mhír 3, agus sonróidh siad na cúiseanna le gníomhaíocht den sórt sin.

5.   Má dhéanann Ballstát a mbeidh cineálcheadú tugtha aige a dhíospóid go bhfuil aon cheann de na cásanna atá sonraithe i mír 1 nó i mír 2 ann, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann iarracht an díospóid a réiteach agus coinneofar an Coimisiún ar an eolas.

Más rud é nach mbeidh comhaontú laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 3 de thoradh cainteanna idir na Ballstáit, glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le saineolaithe ó na Ballstáit ar fad agus tar éis na fachtóirí cuí go léir a bhreithniú, amhail fachtóirí eacnamaíocha agus teicniúla, cinneadh laistigh de shé mhí ó dhul in éag na tréimhse ceithre mhí sin a chuirfear in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus cuirfear é sin i bhfios go comhuaineach do na Ballstáit eile. I ngach cás, leagfaidh an Coimisiún síos an teorainn ama chun a chinneadh a chur chun feidhme.

Airteagal 17

Ceadú leathán taifid

1.   Cuirfidh iarratasóir ar chineálcheadú de shamhail-leatháin taifid in iúl ar an bhfoirm iarratais an cineál nó na cineálacha tacagraf analóige a bhfuil an leathán taifid i dtrácht ceaptha lena úsáid agus soláthróidh sé trealamh oiriúnach den chineál sin nó de na cineálacha sin chun an leathán taifid a thástáil.

2.   Sonróidh na húdaráis inniúla i ngach Ballstát ar an deimhniú ceadaithe don samhail-leathán taifid an cineál nó na cineálacha tacagraf analóige ar a bhféadfar an samhail-leathán taifid sin a úsáid.

Airteagal 18

Bonn cirt le cinntí diúltaithe

Saineofar i ngach cinneadh de bhun an Rialacháin seo lena ndiúltófar nó lena dtarraingeofar siar ceadú cineáil aonaid feithicle, braiteora gluaisne, samhail-leatháin taifid nó cárta tacagraif na cúiseanna go mionsonraithe ar a mbeidh sé bunaithe. Cuirfear an cinneadh in iúl don pháirtí lena mbaineann agus cuirfear in iúl don pháirtí sin, ag an am céanna, na leigheasanna atá ar fáil dó faoi dhlíthe na mBallstát ábhartha agus na teorainneacha ama leis na leigheasanna sin a fheidhmiú.

Airteagal 19

Tacagraif chineálcheadaithe a aithint

Ní dhiúltóidh Ballstáit d’aon fheithicil a chlárú ar a mbeidh tacagraf feistithe nó ní ceadmhach dó cosc a chur ar an bhfeithicil sin a chur chun seirbhíse nó chun úsáide ar aon chúis a bhaineann leis an trealamh sin a bheith feistithe ar an bhfeithicil, má bhíonn an marc cineálcheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 14 agus an phlaic suiteála dá dtagraítear in Airteagal 22(4) ar an trealamh.

Airteagal 20

Slándáil

1.   Déanfaidh na monaróirí dearadh, tástáil agus athbhreithniú ar aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne agus cártaí tacagraif arna dtáirgeadh chun leochaileachtaí a thagann chun cinn ag gach céim den tsaolré táirge a bhrath, agus an dúshaothrú a d’fhéadfaí a dhéanamh orthu a chosc nó a mhaolú. Is iad na Ballstáit a thug an deimhniú cineálcheadaithe a leagfaidh síos minicíocht na dtástálacha, laistigh de theorainn ama nach faide ná dhá bhliain.

2.   Chun na críche sin, cuirfidh na monaróirí doiciméadú is gá le haghaidh anailíse leochaileachta faoi bhráid an chomhlachta deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3).

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 12(3) tástálacha ar aonaid feithicle, ar bhraiteoirí gluaisne agus ar chártaí tacagraif d’fhonn a dheimhniú nach féidir le daoine a bhfuil eolas atá san fhearann poiblí acu leochaileachtaí aitheanta a dhúshaothrú.

4.   Más rud é, go mbraitear comharthaí leochaileachta i bpáirteanna córais (aonaid feithicle, braiteoirí gluaisne agus cártaí tacagraif) le linn tástálacha dá dtagraítear i mír 1, ní chuirfear na páirteanna sin ar an margadh. Má bhraitear comharthaí leochaileachta i bpáirteanna atá ar an margadh cheana féin le linn tástálacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an monaróir nó an comhlacht deimhniúcháin údaráis inniúla an Bhallstáit a bhfuil an cineálcheadú tugtha aige a chur ar an eolas. Glacfaidh na húdaráis inniúla sin gach beart is gá d’fhonn a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar an bhfadhb, go háirithe go dtabharfaidh an monaróir aghaidh ar an bhfadhb, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir leis na comharthaí leochaileachta arna mbrath agus leis na gníomhartha a beartaíodh nó a glacadh, lena n-áirítear cineálcheadú a tharraingt siar, i gcás inar gá, i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

Airteagal 21

Tástálacha allamuigh

1.   Féadfaidh na Ballstáit tástálacha allamuigh a údarú le haghaidh tacagraf nach bhfuil cineálcheadaithe fós. Déanfaidh na Ballstáit údaruithe den sórt sin ar thástálacha allamuigh a aithint go frithpháirteach.

2.   Ní mór do thiománaithe agus do ghnóthais iompair a bheidh rannpháirteach i dtástáil allamuigh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chomhlíonadh. Chun comhlíonadh den sórt sin a léiriú, leanfaidh tiománaithe an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 35(2) den Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nósanna imeachta a leanfar chun tástálacha allamuigh a dhéanamh agus na foirmeacha a úsáidfear chun monatóireacht a dhéanamh ar na tástálacha allamuigh sin a leagan síos. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

CAIBIDIL IV

SUITEÁIL AGUS CIGIREACHT

Airteagal 22

Suiteáil agus deisiú

1.   Ní bheidh cead ach ag feisteoirí nó ag ceardlanna nó ag monaróirí feithiclí a bheidh ceadaithe i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na críche sin ag údaráis inniúla na mBallstát tacagraif a shuiteáil nó a dheisiú.

2.   Déanfaidh feisteoirí ceadaithe agus ceardlanna nó monaróirí ceadaithe feithiclí an tacagraf a shéalú i gcomhréir leis na sonraíochtaí a áirítear sa deimhniú cineálcheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 15, tar éis dóibh a fhíorú go bhfuil an tacagraf ag feidhmiú i gceart, agus go háirithe, ar bhealach chun a áirithiú nach mbeidh aon fhearas cúblála ábalta baint de na sonraí taifeadta ná iad a mhionathrú.

3.   Cuirfidh an feisteoir ceadaithe nó an cheardlann cheadaithe nó an monaróir feithiclí ceadaithe marc speisialta ar na séalaí a ghreamóidh siad agus, chomh maith leis sin, maidir leis na tacagraif dhigiteacha, cuirfidh siad isteach na sonraí slándála leictreonacha maidir leis na seiceálacha fíoraithe a dhéanamh. Seolfaidh údaráis inniúla gach Ballstáit clár na marcanna agus na sonraí slándála leictreonacha ar baineadh feidhm astu chuig an gCoimisiún agus aon fhaisnéis is gá a bhainfidh leis na sonraí slándála leictreonacha ar baineadh feidhm astu. Arna iarraidh, tabharfaidh an Coimisiún rochtain do na Ballstáit ar an bhfaisnéis sin.

4.   Chun a dheimhniú go ndearnadh an tacagraf a shuiteáil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, úsáidfear plaic shuiteála arna greamú i dtreo is go bhfeicfear go soiléir í agus go mbeidh rochtain éasca uirthi i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo.

5.   Déanfar comhpháirteanna tacagraif a shéalú mar a shonraítear sa deimhniú cineálcheadaithe. Aon nasc leis an tacagraf a d’fhéadfadh an baol a bheith ann go gcuirfí isteach air, lena n-áirítear an nasc idir an braiteoir gluaisne agus an giarbhosca, agus an phlaic shuiteála más ábhartha, déanfar é a shéalú.

Ní dhéanfar séala a bhaint ná a bhriseadh ach amháin ar na bealaí seo a leanas:

go ndéanfaidh feisteoirí nó ceardlanna a bheidh ceadaithe ag na húdaráis faoi Airteagal 24 é chun críche deisithe, cothabhála nó athchalabraithe an tacagraif nó go ndéanfaidh oifigigh rialaithe a bheidh oilte mar is cuí é agus, i gcás ina n-údaraítear é, chun críche rialaithe,

chun críche feithiclí a dheisiú nó a mhodhnú lena mbeidh tionchar ar an séala. Sna cásanna sin, déanfar ráiteas i scríbhinn ar a léireofar an dáta agus an t-am a briseadh an séala agus lena gcuirtear fáthanna le baint an tséala a choimeád ar bord na feithicle. Forbróidh an Coimisiún foirm chaighdeánach don ráiteas i scríbhinn trí ghníomhartha cur chun feidhme.

I ngach cás, is é feisteoir ceadaithe nó ceardlann cheadaithe a chuirfidh séalaí nua isteach gan mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de sheacht lá tar éis an séala a bhaint.

Roimh séala nua a chur isteach, déanfaidh ceardlann cheadaithe seiceáil ar an tacagraf agus déanfar é a chalabrú.

Airteagal 23

Cigireachtaí ar thacagraif

1.   Beidh tacagraif faoi réir cigireachtaí rialta ag ceardlanna faofa. Déanfar cigireachtaí rialta gach dhá bhliain ar a laghad.

2.   Áireofar sna cigireachtaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sheiceáil:

go bhfuil an tacagraf suiteáilte i gceart agus go n-oireann sé don fheithicil,

go bhfuil an tacagraf ag oibriú i gceart,

go bhfuil an marc cineálcheadaithe ar an tacagraf,

go bhfuil an phlaic shuiteála greamaithe,

gur slán do na séalaí go léir agus go bhfuil siad éifeachtach,

nach bhfuil aon fheiste cúblála nasctha leis an tacagraf ná nach bhfuil rian ar bith ann gur úsáideadh feistí den sórt sin,

méid an bhoinn rotha agus imlíne iarbhír na mbonn.

3.   Déanfaidh ceardlanna tuairisc chigireachta a tharraingt suas i gcásanna inar gá mírialtachtaí i bhfeidhmiú an tacagraif a leigheas, cibé acu ar mar thoradh ar chigireacht thréimhsiúil an leigheas sin nó go ndearnadh an chigireacht ar iarraidh shonrach ón údarás inniúil náisiúnta. Coinneoidh siad liosta de gach tuairisc chigireachta arna tarraingt suas.

4.   Coinneoidh an cheardlann na tuairiscí cigireachta ar feadh íostréimhse dhá bhliain ón am a dhéantar an tuairisc. Déanfaidh na Ballstáit cinneadh an gcoinneofar tuairiscí cigireachta nó an seolfar iad chuig an údarás inniúil i rith na tréimhse sin. I gcásanna ina gcoinníonn an cheardlann na tuarascálacha cigireachta, agus arna iarraidh sin ag an údarás inniúil, cuirfidh an cheardlann na tuarascálacha i ndáil leis na cigireachtaí agus leis an gcalabrúchán a rinneadh le linn na tréimhse sin ar fáil.

Airteagal 24

Feisteoirí, ceardlanna agus monaróirí feithiclí a cheadú

1.   Ceadóidh Ballstáit na feisteoirí, na ceardlanna agus na monaróirí feithiclí a fhéadfaidh suiteálacha, seiceálacha, cigireachtaí agus deisiúcháin na dtacagraf a dhéanamh, déanfaidh siad rialú rialta orthu agus deimhneoidh siad iad.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na feisteoirí, na ceardlanna agus na monaróirí feithiclí inniúil agus iontaofa. Chun na críche sin, déanfaidh siad sraith nósanna imeachta náisiúnta soiléire a bhunú agus a fhoilsiú agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar na híoschritéir seo a leanas:

(a)

tá an fhoireann oilte go cuí;

(b)

tá an trealamh is gá chun na tástálacha agus na cúraimí ábhartha a dhéanamh ar fáil;

(c)

tá dea-cháil ar na feisteoirí, ar na ceardlanna agus ar na monaróirí feithiclí.

3.   Déanfar iniúchadh ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe mar seo a leanas:

(a)

beidh feisteoirí ceadaithe nó ceardlanna ceadaithe faoi réir, gach dhá bhliain ar a laghad, iniúchóireachta ar na nósanna imeachta a chuireann siad i bhfeidhm agus tacagraif á láimhseáil acu. Beidh an iniúchóireacht dírithe go háirithe ar na bearta slándála a ghlactar agus ar láimhseáil cártaí ceardlainne. Féadfaidh na Ballstáit na hiniúchóireachtaí seo a dhéanamh gan chuairt ar an láthair a dhéanamh;

(b)

déanfar iniúchóireachtaí teicniúla neamhfhógartha ar fheisteoirí nó ar cheardlanna ceadaithe freisin chun seiceáil a dhéanamah ar na calabrúcháin, ar na cigireachtaí agus ar na suiteálacha a dhéantar. Cuimseoidh na hiniúchuithe sin 10 % ar a laghad de na feisteoirí agus de na ceardlanna ceadaithe in aghaidh na bliana.

4.   Glacfaidh na Ballstáit agus a n-údaráis inniúla bearta iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a chosc idir feisteoirí nó ceardlanna agus gnóthais iompair. Go háirithe, i gcás ina bhfuil baol tromchúiseach ann go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann, glacfar bearta sonracha forlíontacha d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an feisteoir nó an cheardlann an Rialachán seo.

5.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát liostaí na bhfeisteoirí ceadaithe agus na gceardlann ceadaithe agus na gcártaí arna n-eisiúint chucu, chuig an gCoimisiún, go leictreonach, más féidir, ar bhonn bliantúil. Foilseoidh an Coimisiún na liostaí sin ar a shuíomh gréasáin.

6.   Déanfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ceadú a tharraingt siar, ar bhonn sealadach nó buan, ó fheisteoirí, ó cheardlanna agus ó mhonaróirí feithiclí nach n-éireoidh leo a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

Airteagal 25

Cártaí ceardlainne

1.   Ní rachaidh tréimhse bhailíochta na gcártaí ceardlainne thar aon bhliain amháin. Nuair a bheidh an cárta ceardlainne á athnuachan ag an údarás inniúil, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an feisteoir, an cheardlann nó an monaróir feithiclí na critéir a liostaítear in Airteagal 24(2).

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil cárta ceardlainne a athnuachan laistigh de 15 lá oibre tar éis dó iarraidh bailí ar athnuachan a fháil agus tar éis na doiciméid uile is gá a fháil. Má dhéantar damáiste do chárta ceardlainne, má bhíonn mífheidhm leis, nó má chailltear nó má ghoidtear é, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta athsholáthair ar fáil laistigh de chúig lá oibre ón uair a gheobhaidh sé iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin. Coinneoidh údaráis inniúla clár de chártaí caillte, goidte nó lochtacha.

3.   Más rud é go ndéanann Ballstát ceadú feisteora, ceardlainne nó monaróirí feithicle a tharraingt siar amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24, déanfaidh sé na cártaí ceardlainne arna n-eisiúint chucu a tharraingt siar freisin.

4.   Glacfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur le falsú na gcártaí a dháilfear ar fheisteoirí, ar cheardlanna agus ar mhonaróirí feithicle ceadaithe.

CAIBIDIL V

CÁRTAÍ TIOMÁNAÍ

Airteagal 26

Cártaí tiománaí a eisiúint

1.   Eiseoidh údarás inniúil an Bhallstáit, ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, an cárta tiománaí arna iarraidh sin ag an tiománaí. Eiseofar iad laistigh d’aon mhí amháin tar éis don iarraidh agus don doiciméadú go léir atá riachtanach a bheith faighte ag an údarás inniúil.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “gnátháit chónaithe” an áit ina gcónaíonn duine go hiondúil, is é sin ar feadh ar a laghad 185 lá i ngach bliain féilire, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó i gcás duine nach bhfuil aon cheangal ghairme aige, mar gheall ar cheangail phearsanta a thaispeánann nasc láidir idir an duine sin agus an áit ina bhfuil cónaí air.

I gcás gnátháite cónaithe duine, áfach, nach ionann an áit a bhfuil a cheangail ghairme agus an áit a bhfuil a cheangail phearsanta agus a chónaíonn, dá bhrí sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil a cheangail phearsanta a ghnátháit chónaithe, ar choinníoll go bhfilleann duine den sórt sin ar an áit sin go rialta. Ní gá an coinníoll deireanach sin a chomhlíonadh más rud é go bhfuil an duine ina chónaí i mBallstát chun tasc téarma socraithe a dhéanamh.

3.   Tabharfaidh tiománaithe cruthúnas ar a ngnátháit chónaithe trí aon mhodh cuí, amhail trína gcárta aitheantais nó trí aon doiciméad bailí eile. Má bhíonn amhras ar údaráis inniúla an Bhallstáit a eisíonn an cárta tiománaí faoi bhailíocht ráitis i leith gnátháite cónaithe, nó chun críche rialuithe sonracha áirithe, féadfaidh siad aon fhaisnéis bhreise nó aon fhianaise bhreise a iarraidh.

4.   I gcásanna cuí-réasúnaithe agus eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit cárta tiománaí sealadach neamh inathnuaite a eisiúint ar feadh uastréimhse 185 lá do thiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát ná i Stát ar Páirtí Conarthach é le Comhaontú AETR ag gabháil d'Iompar Idirnáisiúnta de Bhóthar, ar choinníoll go mbeidh caidreamh dlí an tsaothair idir an tiománaí agus an gnóthas atá bunaithe sa Bhallstát eisiúna agus, a mhéid a bhfuil feidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), go gcuirfidh an tiománaí fianú tiománaí dá dtagraítear sa Rialachán sin ar fáil.

Déanfaidh an Coimisiún dlúth-fhaireachán ar chur i bhfeidhm na míre seo, ar bhonn sonraí a chuireann na Ballstáit ar fáil. Tabharfaidh sé tuarascáil faoina chuid torthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach dhá bhliain, agus déanfaidh sé scrúdú go háirithe le fíorú an mbeidh aon tionchar diúltach ag na cártaí sealadacha tiománaí ar mhargadh an tsaothair agus le fíorú nach n-eisítear na cártaí sealadacha tiománaí do thiománaithe ainmnithe mar ghnáthchleachtas níos mó ná uair amháin. Féadfaidh an Coimisiún togra reachtach iomchuí a dhéanamh an mhír seo a athbhreithniú.

5.   Glacfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát eisiúna na bearta iomchuí chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí ina sheilbh ag an iarratasóir cheana féin agus déanfaidh siad pearsantú ar an gcárta tiománaí, lena n-áiritheofar go bhfuil a shonraí infheicthe agus slán.

6.   Ní bheidh an cárta tiománaí bailí ar feadh tréimhse níos faide ná cúig bliana.

7.   Ní dhéanfar cárta tiománaí bailí a tharraingt siar ná a chur ar fionraí mura rud é go gcinnfidh údaráis inniúla Bhallstáit go bhfuil sé falsaithe, nó go bhfuil an tiománaí ag úsáid cárta nach é an sealbhóir air é, nó go bhfuarthas an cárta atá ina sheilbh ar bhonn dearbhuithe falsaithe agus/nó ar bhonn doiciméad brionnaithe. I gcás ina nglacfaidh Ballstát, seachas an Ballstát eisiúna, bearta fionraithe nó tarraingthe siar den sórt sin, cuirfidh an Ballstát sin an cárta ar ais chuig údaráis an Bhallstáit a d’eisigh é, a luaithe is féidir, agus sonróidh sé na cúiseanna a bhfuil sé á tharraingt ar ais nó a chur ar fionraí. Má táthar ag súil go dtógfaidh sé níos mó ná dhá sheachtain an cárta a chur ar ais, cuirfidh an Ballstát a chuir ar fionraí é nó an Ballstát a tharraing siar é an Ballstát a d’eisigh é ar an eolas laistigh den dá sheachtain sin faoi na cúiseanna a cuireadh ar fionraí é nó a tarraingíodh siar é.

8.   Glacfaidh Ballstáit gach beart is gá chun cosc a chur ar chártaí tiománaí a fhalsú.

9.   Leis an Airteagal seo, ní chuirfear bac ar Bhallstát cárta tiománaí a eisiúint chuig tiománaí nach bhfuil a ghnátháit chónaithe i gcuid de chríoch an Bhallstáit sin, agus nach bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach ná ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ann, ar an gcoinníoll go gcuirfear forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm san cásanna sin.

Airteagal 27

Cártaí tiománaí a úsáid

1.   Cárta pearsanta is ea an cárta tiománaí.

2.   Ní fhéadfaidh níos mó ná cárta tiománaí bailí amháin a bheith ina sheilbh ag tiománaí, agus ní bheidh údarás ag an tiománaí ach a chárta tiománaí pearsantaithe féin amháin a úsáid. Ní bhainfidh tiománaí úsáid as cárta atá lochtach nó atá dulta in éag.

Airteagal 28

Cártaí tiománaí a athnuachan

1.   I gcás inar mian le tiománaí a chárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh sé iarratas chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige tráth nach déanaí ná 15 lá oibre roimh dháta éagtha an chárta.

2.   Más rud é, i gcásanna athnuachan, go bhfuil an Ballstát ina bhfuil gnátháit chónaithe an tiománaí difriúil leis an gceann a d’eisigh a chárta reatha agus i gcás ina n-iarrfar ar údaráis an chéad Bhallstáit an cárta tiománaí a athnuachan, cuirfidh siad in iúl do na húdaráis a d’eisigh an cárta roimhe sin na cúiseanna lena athnuachan.

3.   I gcás ina n-iarrfar cárta a athnuachan a bhfuil díreach le dul in éag, cuirfidh an t-údarás inniúil cárta nua ar fáil roimh an dáta éagtha sin ar choinníoll go mbeidh an iarraidh seolta laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos i mír 1.

Airteagal 29

Cártaí tiománaí goidte, caillte nó lochtacha

1.   Coinneoidh údaráis eisiúna taifid de chártaí tiománaí a eiseofar, a ghoidfear, a chaillfear nó a éireoidh lochtach ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad lena dtréimhse bhailíochta.

2.   Má dhéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis, tabharfaidh an tiománaí é ar ais d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige. Má ghoidtear an cárta tiománaí, déanfar é sin a dhearbhú go foirmiúil chuig údaráis inniúla an Stáit inar goideadh é.

3.   Déanfar aon chaillteanas an chárta tiománaí a thuairisciú i ndearbhú foirmiúil d’údaráis inniúla an Stáit a d’eisigh é agus chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe ag an tiománaí, murab ionann iad.

4.   I gcás ina ndéanfar damáiste do chárta tiománaí, i gcás ina mbeidh mífheidhm leis nó i gcás ina ngoidfear nó ina gcaillfear é, cuirfidh an tiománaí iarratas ar chárta athsholáthair chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil a ghnátháit chónaithe aige laistigh de sheacht lá féilire. Cuirfidh na húdaráis sin cárta athsholáthair ar fáil laistigh d’ocht lá ón uair a gheobhaidh siad iarraidh mhionsonraithe chun na críche sin.

5.   Sna dálaí atá leagtha amach i mír 4, féadfaidh an tiománaí leanúint de bheith ag tiomáint gan cárta tiománaí ar feadh uastréimhse de 15 lá féilire nó ar feadh tréimhse níos faide más gá é sin chun an fheithicil a thabhairt ar ais chuig an áitreabh ina bhfuil sé bunaithe, ar choinníoll go mbeidh an tiománaí in ann a chruthú nach féidir an cárta a thabhairt ar aird ná a úsáid ar feadh na tréimhse sin.

Airteagal 30

Aitheantas frithpháirteach agus malartú cártaí tiománaí

1.   Déanfar cártaí tiománaí a eiseoidh Ballstáit a aithint go frithpháirteach.

2.   I gcás ina bhfuil a ghnátháit chónaithe i mBallstát eile bunaithe ag sealbhóir cárta tiománaí bailí arna eisiúint ag Ballstát, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar a chárta a mhalartú ar a chomhionann de chárta tiománaí. Is é an Ballstát a dhéanfaidh an malartú a bheidh freagrach as a fhíorú an bhfuil an cárta a thugtar ar aird bailí fós.

3.   Aon Bhallstát a bheidh ag déanamh malartú, cuirfidh sé an seanchárta ar ais chuig údaráis an Bhallstáit eisiúna agus sonróidh sé na cúiseanna le déanamh amhlaidh.

4.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cárta tiománaí a mhalartú nó a athsholáthar, déanfar an malartú nó an t-athsholáthar, nó aon athsholáthar nó aon mhalartú ina dhiaidh sin, a chlárú sa Bhallstát sin.

Airteagal 31

Faisnéis ar chártaí tiománaí a mhalartú go leictreonach

1.   Chun a áirithiú nach bhfuil cárta tiománaí bailí amhail dá dtagraítear in Airteagal 26 ina sheilbh ag iarratasóir cheana féin, coinneoidh na Ballstáit cláir leictreonacha náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cártaí tiománaí, lena n-áirítear na cinn dá dtagraítear in Airteagal 26(4) ar feadh tréimhse is comhionann ar a laghad le tréimhse bhailíochta na gcártaí sin:

sloinne agus céadainm an tiománaí,

dáta breithe agus, má tá sí ar fáil, áit bhreithe an tiománaí,

uimhir an cheadúnais tiomána agus tír eisiúna an cheadúnais tiomána (más infheidhme),

stádas an chárta tiománaí,

uimhir chárta an tiománaí.

2.   Glacfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit gach beart is gá lena áirithiú go mbeidh na cláir leictreonacha idirnasctha agus go mbeidh rochtain orthu ar fud an Aontais, agus úsáid á baint as an gcóras curtha teachtaireachtaí TACHOnet dá dtagraítear i Moladh 2010/19/AE nó as córas comhoiriúnach. Sa chás ina n-úsáidfear córas comhoiriúnach, déanfar sonraí leictreonacha a mhalartú leis na Ballstáit uile eile trí chóras curtha teachtaireachtaí TACHOnet.

3.   Nuair a bheidh cárta tiománaí á eisiúint, á athsholáthar agus, i gcás inar gá, á athnuachan, fíoróidh na Ballstáit trí bhíthin malartaithe sonraí leictreonacha nach bhfuil cárta tiománaí bailí eile ag an tiománaí cheana féin. Ní mhalartófar ach na sonraí a bheidh riachtanach le haghaidh an fhíoraithe sin.

4.   Féadfaidh oifigigh rialaithe an clár leictreonach a rochtain chun stádas an chárta tiománaí a sheiceáil.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus na sonraíochtaí comhchoiteanna is gá a leagan síos le haghaidh an idirnaisc dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear an fhormáid le haghaidh na sonraí a mhalartaítear, na nósanna imeachta teicniúla chun féachaint ar na cláir leictreonacha náisiúnta go leictreonach, nósanna imeachta rochtana agus sásraí slándála. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

CAIBIDIL VI

TREALAIMH A ÚSÁID

Airteagal 32

Tacagraif a úsáid i gceart

1.   Áiritheoidh gnóthais iompair agus tiománaithe go bhfeidhmeoidh an tacagraf digiteach agus an cárta tiomána i gceart agus go n-úsáidfear go cuí iad. I gcás ina n-úsáidfidh gnóthais iompair agus tiománaithe tacagraif analógacha, áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh siad i gceart agus go n-úsáidfear leatháin taifid go cuí.

2.   Ní shocrófar tacagraif dhigiteacha ar shlí go malartóidh siad go huathoibríoch chuig catagóir shonrach gníomhaíochta nuair a mhúchtar an adhaint nó an t-ineall, mura mbeidh an tiománaí in ann catagóir iomchuí na gníomhaíochta a roghnú de láimh i gcónaí.

3.   Aon sonraí a thaifeadtar ar an leathán taifid nó a stóráltar sa tacagraf nó ar an gcárta tiománaí nó aon asphrionta ón tacagraf, toirmiscfear iad a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ina theannta sin, toirmiscfear aon chúbláil ar an tacagraf, ar an leathán taifid nó ar an gcárta tiománaí lena bhféadfar sonraí agus/nó faisnéis phriontáilte a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú. Ní bheidh aon fhearas a fhéadfar a úsáid chun na críche sin le fáil san fheithicil.

4.   Ní fheisteofar feithiclí le níos mó ná tacagraf amháin ach amháin ar mhaithe leis na tástálacha allamuigh dá dtagraítear in Airteagal 21.

5.   Toirmiscfidh na Ballstáit táirgeadh, dáileadh, fógraíocht agus/nó díolachán fearas a monaraíodh agus/nó a ceapadh chun tacagraif a chúbláil.

Airteagal 33

Freagracht gnóthas iompair

1.   Beidh sé de chúram ar ghnóthais iompair a áirithiú go dtabharfar na treoracha cuí dá chuid tiománaithe agus go gcuirfear an oiliúint cheart orthu le go bhfeidhmeoidh na tacagraif i gceart, cibé an tacagraif dhigiteacha nó analógacha iad, déanfaidh sé seiceálacha go rialta le háirithiú go n-úsáidfidh a chuid tiománaithe an tacagraf go cuí agus ní thabharfaidh sé dreasachtaí díreacha ná neamhdhíreacha ar bith dá thiománaithe lena bhféadfaí mí-úsáid na dtacagraf a spreagadh.

Eiseoidh an gnóthas iompair líon dóthanach leathán taifid chuig tiománaithe feithiclí ar a mbeidh tacagraf analógach, ag cur san áireamh gur faisnéis phearsanta atá sna leatháin taifid sin, fad tréimhse na seirbhíse agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann leatháin taifid a athsholáthar in áit leathán a mbeadh damáiste déanta dóibh nó a bheadh tógtha ag oifigeach rialaithe údaraithe. Ní eiseoidh gnóthais iompair chuig tiománaithe ach leatháin a bheidh de réir samhla arna ceadú le húsáid sa trealamh a dhéanfar a shuiteáil san fheithicil.

I gcás ina mbeidh tacagraf digiteach feistithe ar fheithicil, áiritheoidh an gnóthas iompair agus an tiománaí, fad thréimhse na seirbhíse á cur san áireamh, go ndéanfar, i gcás cigireachta, na sonraí a phriontáil i gceart ón tacagraf ar iarratas ón oifigeach rialaithe.

2.   Coinneoidh gnóthais iompair leatháin taifid agus asphriontaí, cibé uair a bheidh asphriontaí déanta chun Airteagal 35 a chomhlíonadh, in ord croineolaíoch agus i bhfoirm sholéite ar feadh bliana ar a laghad tar éis a n-úsáide agus tabharfaidh siad cóipeanna do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin. Tabharfaidh gnóthais iompair cóipeanna de shonraí arna n-íoslódáil ó na cártaí tiománaí do na tiománaithe lena mbaineann arna iarraidh sin, agus leaganacha páipéir priontáilte de na cóipeanna sin. Soláthrófar na leatháin taifid, na hasphriontaí agus na sonraí arna n-íoslódáil nó tabharfar ar láimh iad arna iarraidh sin ag oifigeach rialaithe údaraithe.

3.   Beidh gnóthais iompair faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag a dtiománaithe, nó ag tiománaithe atá ar fáil dó. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit dliteanas den sórt sin a chur de choinníoll ar shárú ar an gcéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus d’Airteagal 10(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Airteagal 34

Cártaí tiománaí agus leathán taifid a úsáid

1.   Úsáidfidh na tiománaithe na leatháin taifid nó na cártaí tiománaí gach lá a mbeidh siad ag tiomáint, ón nóiméad a nglacfaidh siad stiúir ar an bhfeithicil. Ní tharraingeofar an leathán taifid nó an cárta tiománaí siar roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n-údarófar a tharraingt siar ar shlí eile. Ní ceadmhach aon leathán taifid nó aon chárta tiománaí a úsáid chun tréimhse is faide ná an tréimhse dá bhfuil sé beartaithe a chumhdach.

2.   Déanfaidh tiománaithe na leatháin taifid agus na cártaí tiománaí a chosaint go leordhóthanach, agus ní bhainfidh siad úsáid as leatháin taifid nó as cártaí tiománaí a bheidh salach nó dá ndearnadh damáiste.

3.   Más rud é, de bharr a bheith ar shiúl ón bhfeithicil, nach féidir leis an tiománaí tacagraf atá feistithe ar an bhfeithicil a úsáid, déanfar an méid seo a leanas i dtaobh na dtréimhsí ama dá dtagraítear i bpointe (ii), i bpointe (iii) agus i bpointe (iv) de mhír 5(b):

(a)

más rud é go mbíonn an tacagraf analógach, feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an leathán taifid, de láimh nó trí thaifeadadh uathoibríoch nó ar shlí eile, go soléite agus gan an leathán taifid a shalú; nó

(b)

más rud é go mbíonn an tacagraf digiteach, feistithe ar an bhfeithicil, déanfar iad a chur isteach ar an gcárta tiománaí trí úsáid a bhaint as an tsaoráid iontrála láimhe dá bhforáiltear sa tacagraf.

Ní fhorchuirfidh na Ballstáit ar thiománaithe ceanglas foirmeacha a chur isteach chun a gcuid gníomhaíochtaí fad is a bhí siad ar shiúl ón bhfeithicil a fhianú.

4.   I gcás ina mbeidh níos mó ná tiománaí amháin ar bord na feithicle ar a mbeidh tacagraf feistithe, áiritheoidh gach tiománaí go gcuirfear a chárta tiománaí féin isteach sa sliotán ceart sa tacagraf.

Má bhíonn níos mó ná tiománaí amháin ar bord feithicle ar a bhfuil tacagraf analógach, feistithe, leasóidh tiománaithe na leatháin taifid de réir mar is gá chun go mbeidh an fhaisnéis chuí taifeadta ar leathán taifid an tiománaí a bheidh ag tiomáint go hiarbhír.

5.   Déanfaidh tiománaithe:

(a)

a áirithiú go mbeidh an t-am a thaifeadfar ar an leathán taifid ag teacht leis an am oifigiúil i dtír chlárúcháin na feithicle;

(b)

na sásraí laisc a oibriú chun go bhféadfar na tréimhsí ama seo a leanas a thaifeadadh ar leithligh agus go soiléir:

(i)

faoin gcomhartha

Image

: am tiomána;

(ii)

faoin gcomhartha

Image

: “obair eile”, a chiallaíonn aon ghníomhaíocht seachas tiomáint mar atá sainmhínithe i bpointe (a) d’Airteagal 3 de Threoir 2002/15/CE, agus freisin aon obair don fhostóir céanna nó d’fhostóir eile laistigh nó lasmuigh d’earnáil an iompair;

(iii)

faoin gcomhartha

Image

: “infhaighteacht”, mar atá sainmhínithe i bpointe (b) d’Airteagal 3 de Threoir 2002/15/CE;

(iv)

faoin gcomhartha

Image

: sosanna nó scíth.

6.   Cuirfidh gach tiománaí feithicile ar a bhfuil tacagraf analógach an fhaisnéis seo a leanas isteach ar a leathán taifid:

(a)

nuair a thosóidh sé ag baint úsáide as an leathán taifid — a shloinne agus a chéadainm;

(b)

an dáta agus an áit a dtosaíonn sé ag baint úsáide as an leathán taifid, agus an dáta agus an áit a gcríochnaíonn an úsáid sin;

(c)

uimhir chlárúcháin gach feithicle dá bhfuil an tiománaí sannta, ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán taifid agus ansin i gcás an fheithicil a athrú, le linn úsáid an leatháin taifid;

(d)

léamh an odaiméadair:

(i)

ag tús an chéad turais arna thaifeadadh ar an leathán taifid;

(ii)

ag deireadh an turais deiridh arna thaifeadadh ar an leathán taifid;

(iii)

i gcás feithicil a athrú le linn lá oibre, an léamh ar an gcéad fheithicil a sannadh don tiománaí agus an léamh ar an gcéad fheithicil eile;

(e)

an t-am a ndéantar an fheithicil a athrú.

7.   Cuirfidh an tiománaí isteach sa tacagraf digiteach siombail na dtíortha inar cuireadh tús agus deireadh leis an tréimhse oibre laethúil. Féadfaidh Ballstát, áfach, a cheangal ar thiománaithe feithiclí a bheidh ag gabháil d’oibríochtaí iompair laistigh dá chríoch, sonraíochtaí geografacha níos mionsonraithe a chur le siombail na tíre, ar choinníoll go mbeidh na sonraíochtaí geografacha mionsonraithe sin curtha in iúl ag an mBallstát don Choimisiún roimh an 1 Aibreán 1998.

Ní bheidh ceangal ar thiománaithe an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad abairt den chéad fhomhír a chur isteach i gcás go mbeidh sonraí suímh á dtaifeadadh ag an tacagraf go huathoibríoch i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 35

Cártaí tiománaí agus leatháin taifid arna ndamáistiú

1.   I gcás ina ndéantar damáiste do leathán taifid ar a bhfuil taifeadtaí nó do chárta tiománaí, coinneoidh tiománaithe an leathán taifid nó an cárta tiománaí a bhfuil damáiste déanta dó in éineacht le haon leathán taifid breise a úsáidtear lena athsholáthar.

2.   I gcás ina ndéantar damáiste do chárta tiománaí nó má bhíonn mífheidhm leis nó má chailltear nó má ghoidtear é, déanfaidh an tiománaí an méid seo a leanas:

(a)

ag tús a thurais, déanfaidh sé sonraí na feithicle atá sé a thiomáint a phriontáil amach agus cuirfidh sé isteach ar an asphrionta sin:

(i)

sonraí trína bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear a shíniú;

(ii)

na tréimhsí dá dtagraítear i bpointe (ii), i bpointe (iii) agus i bpointe (iv) d’Airteagal 34(5)(b);

(b)

ag deireadh an turais, déanfaidh sé an fhaisnéis a phriontáil amach maidir le tréimhsí ama atá taifeadta leis an tacagraf, agus déanfaidh sé aon tréimhsí oibre eile a thaifeadadh, aon tréimhsí a raibh an tiománaí ar fáil a thaifeadadh agus aon tréimhsí scíthe a tógadh ó chur amach an asphrionta ag tús an turais a thaifeadadh, i gcás nach dtaifeadfar an fhaisnéis sin leis an tacagraf, agus déanfaidh sé sonraí a mharcáil ar an doiciméad sin lena bhféadfar an tiománaí a aithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áireofar síniú an tiománaí.

Airteagal 36

Taifid le hiompar ag an tiománaí

1.   I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf analógach, beidh air na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:

(i)

na leatháin taifid don lá sin agus na leatháin a d’úsáid an tiománaí sna 28 lá roimhe sin;

(ii)

an cárta tiománaí, má bhíonn ceann ina sheilbh aige; agus

(iii)

aon taifid de láimh agus aon asphriontaí arna ndéanamh an lá sin agus sna 28 lá roimhe sin mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

2.   I gcás ina dtiomáineann an tiománaí feithicil ar a mbeidh tacagraf digiteach, beidh ar an tiománaí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird aon uair a iarrfaidh oifigeach rialaithe údaraithe amhlaidh:

(i)

a chárta tiomána;

(ii)

aon taifid de láimh agus asphrionti arna ndéanamh an lá sin agus sna 28 lá roimhe sin mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 561/2006;

(iii)

na leatháin taifid a chomhfhreagraíonn don tréimhse chéanna leis an tréimhse sin dá dtagraítear i bpointe (ii) nuair a thiomáin sé feithicil ar a raibh tacagraf analógach.

3.   Féadfaidh oifigeach rialaithe údaraithe a sheiceáil go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 á chomhlíonadh trí anailís a dhéanamh ar na leatháin taifid, ar na sonraí a taifeadadh leis an tacagraf, nó leis an gcárta tiománaí, bíodh na sonraí sin ar taispeáint, priontáilte nó íoslódáilte nó, in éagmais sin, aon doiciméad tacaíochta eile lena léirítear neamhchomhlíonadh forála, amhail Airteagal 29(2) agus Airteagal 37(2) den Rialachán seo.

Airteagal 37

Nósanna imeachta i gcás trealaimh a bhfuil mífheidhm leis

1.   I gcás ina gclisfear ar an tacagraf nó ina mbeidh mífheidhm leis, tabharfaidh an gnóthas iompair é d’fheisteoir ceadaithe nó do cheardlann cheadaithe lena dheisiú chomh luath agus is féidir sin.

I gcás nach mbeidh an fheithicil in ann filleadh ar an áitreabh laistigh de sheachtain arna ríomh ón lá a gclisfear uirthi nó ón lá a bhfuarthas amach go raibh mífheidhm leis, déanfar an deisiúchán ar an mbealach.

Tabharfar le bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 41 cumhacht don údarás inniúil cosc a chur le húsáid feithicle sna cásanna nach ndéanfar cliseadh nó oibriú lochtach a leigheas faoi dá bhforáiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a mhéid is a bheidh an méid sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa Bhallstát lena mbaineann.

2.   Fad is a bheidh an tacagraf neamhfhóinteach nó fad is a bheidh mífheidhm leis, cuirfidh an tiománaí sonraí trína bhféadfar é a shainaithint (ainm, cárta tiománaí nó uimhir cheadúnais tiomána), lena n-áirítear síniú, mar aon le gach faisnéis faoi thréimhsí éagsúla ama nach bhfuil taifeadta a thuilleadh nó priontáilte amach i gceart leis an tacagraf:

(a)

ar an leathán nó ar na leatháin taifid; nó

(b)

ar leathán sealadach a cheanglófar leis an leathán taifid nó a choinneofar in éineacht leis an gcárta tiománaí.

CAIBIDIL VII

FORGHNÍOMHÚ AGUS SMACHTBHANNAÍ

Airteagal 38

Oifigigh rialaithe

1.   Chun faireachán a dhéanamh go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh go héifeachtach, beidh trealamh leordhóthanach agus cumhachtaí dlíthiúla iomchuí ar fáil do na hoifigigh rialaithe údaraithe go léir chun a chumasú dóibh a ndualgais a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar an méid seo a leanas sa trealamh sin go háirithe:

(a)

cártaí rialaithe lena gceadófar rochtain a bheith ar shonraí a thaifeadtar i dtacagraif agus i gcártaí tacagraif, agus go roghnach sa chárta ceardlainne;

(b)

beidh na huirlisí is gá chun comhaid sonraí ó na haonaid feithicle agus na cártaí tacagraif a íoslódáil agus chun na comhaid sonraí sin agus na hasphriontaí ón tacagraf analógach in éineacht leis na leatháin taifid agus leis na cairteacha ó na tacagraif analógacha a thaifeach.

2.   Más rud é, tar éis seiceáil a dhéanamh go n-aimseoidh na hoifigigh rialaithe go leor fianaise as a leanfadh amhras réasúnach calaois a bheith ann, cumasófar dóibh an fheithicil a dhíriú ar cheardlann údaraithe chun tástálacha breise a dhéanamh chun a sheiceáil, go háirithe, maidir leis an tacagraf:

(a)

go n-oibríonn sé i gceart;

(b)

go ndéanann sé na sonraí a thaifeadadh agus a stóráil i gceart agus go bhfuil na paraiméadair calabrúcháin i gceart.

3.   Cumhachtófar do na hoifigigh rialaithe ceardlanna údaraithe a iarraidh le go ndéanfaí an tástáil dá dtagraítear i mír 2 agus tástálacha atá deartha chun a bhrath an ann d’fheistí cúblála. Má bhraitear feistí cúblála, féadfar an trealamh, lena n-áirítear an feiste é féin, an t-aonad feithicle nó a chomhpháirteanna, agus an cárta tiománaí, a bhaint ón bhfeithicil agus féadfar iad a úsáid mar fhianaise i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nósanna imeachta maidir leis an bhfianaise sin a láimhseáil.

4.   Féadfaidh na hoifigigh rialaithe, i gcás inarb iomchuí, úsáid a bhaint as an bhféidearthacht chun tacagraif agus cártaí tiománaithe a sheiceáil ar áitreamh an ghnóthais.

Airteagal 39

Oiliúint oifigeach rialaithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh oiliúint iomchuí ar oifigigh rialaithe d’fhonn anailís a dhéanamh ar na sonraí a thaifeadtar agus an tacagraf a rialú chun go ndéanfar an rialú agus an forfheidhmiú ar bhealach éifeachtach agus comhchuibhithe.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na ceanglais oiliúna dá n-oifigigh rialaithe faoin 2 Meán Fómhair 2016.

3.   Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta lena sonrófar ábhar na hoiliúna tosaigh agus leantaí do na hoifigigh rialaithe, lena n-áirítear traenáil maidir le teicnící i leith rialuithe a spriocdhíriú agus fearais chúblála agus calaois a bhrath. Áireofar ar na bearta seo treoirlínte chun cur chun feidhme na forálacha ábhartha den Rialachán seo agus de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a éascú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(3).

4.   Áiritheoidh na Ballstáit an t-ábhar a shonróidh an Coimisiún san oiliúint a thabharfar d’oifigigh rialaithe.

Airteagal 40

Cúnamh frithpháirteach

Cuideoidh Ballstáit lena chéile chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun comhlíonadh an Rialacháin sin a sheiceáil.

Faoi chuimsiú an chúnaimh fhrithpháirtigh sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát go háirithe gach faisnéis atá le fáil maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a bhaineann le feisteoirí, le ceardlanna, le cineálacha cúblála, agus maidir le haon phionóis arna gcur i bhfeidhm ar sháruithe dá leithéidí a sheoladh chuig a chéile go rialta.

Airteagal 41

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha, i gcomhréir le socruithe náisiúnta bunreachtúla, maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh siad i gcomhréir le catagóirí na sáruithe mar leagtar amach i dTreoir 2006/22/CE.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i leith na mbeart sin agus i leith na rialacha maidir le pionóis faoin 2 Márta 2016. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún i dtaca le haon athrú ar na bearta sin ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 42

Coiste

1.   Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta scríofa, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n-iarrfaidh tromlach simplí de bhaill an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a sholáthar.

Airteagal 43

Fóram Tacagraif

1.   Cuirfear Fóram Tacagraif ar bun chun idirphlé ar ábhair theicniúla maidir le tacagraif a chothú i measc shaineolaithe na mBallstát, i measc chomhaltaí an choiste dá dtagraítear in Airteagal 42, agus i measc saineolaithe ó thríú tíortha ina mbeidh an tacagraf in úsáid acu faoi Chomhaontú AETR.

2.   Ba cheart do Bhallstáit na saineolaithe a bhí rannpháirteach sa Choiste dá dtagraítear in Airteagal 42 a chur chuig an bhFóram Tacagraif.

3.   Féadfaidh saineolaithe ó thríú tíortha leasmhara ar Pháirtithe Conarthacha iad le Comhaontú AETR a bheith rannpháirteach san Fhóram Tacagraif.

4.   Tabharfar cuireadh do pháirtithe leasmhara, ionadaithe monaróirí feithiclí, monaróirí tacagraf, comhpháirtithe sóisialta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chuig an bhFóram Tacagraif.

5.   Glacfaidh an Fóram Tacagraif a chuid rialacha nós imeachta.

6.   Uair sa bhliain ar a laghad a thiocfaidh an Fóram Tacagraif le chéile.

Airteagal 44

Bearta náisiúnta a chur in iúl

Déanfaidh na Ballstáit téacs na ndlíthe, na rialachán, agus na bhforálacha riaracháin a ghlacfaidh siad sa réimse atá faoi rialú ag an Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an lae a nglacfar iad agus den chéad uair faoin 2 Márta 2015.

Airteagal 45

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas i ndiaidh phointe (a):

“(aa)

feithiclí nó cónaisc feithiclí nach bhfuil a uasmhais incheadaithe níos mó ná 7,5 tona, a úsáidtear le hábhair, trealamh nó innealra a iompar, a bhféadfaidh an tiománaí úsáid a bhaint as le linn a chuid oibre, agus a úsáidtear go díreach laistigh de gha 100 km ó bhunáit an ghnóthais agus ar an gcoinníoll nach ionann tiomáint na feithicle agus príomhghníomhaíocht an tiománaí;”;

(2)

leasaítear Airteagal 13(1) mar a leanas:

(a)

i bpointe (d), i bpointe (f) agus i bpointe (p), cuirtear na focail “100 km” in ionad na bhfocal “50 ciliméadar” nó “50 km”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de phointe (d):

“(d)

feithiclí nó cónaisc feithiclí ag a bhfuil mais incheadaithe uasta nach mó ná 7,5 thonna a úsáidtear ag soláthróirí seirbhísí uilíocha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(13) de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (17) mar chuid den seirbhís uilíoch.

Airteagal 46

Bearta idirthréimhseacha

Sa mhéid is nár glacadh na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Rialachán seo, ionas go bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm an tráth a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, leanfaidh na forálacha atá i Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85, lena n-áirítear in Iarscríbhinn IB a ghabhann leis, d’fheidhm a bheith acu, ar bhonn idirthréimhseach, go dtí an dáta a gcuirfear na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 47

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 48

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige, faoi réir na mbeart idirthréimhseach in Airteagal 46, ón 2 Márta 2016. Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 24, Airteagal 34, agus Airteagal 45 ón 2 Márta 2015.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 4 Feabhra 2014.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. VENIZELOS


(1)  IO C 43, 15.2.2012, lch. 79.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2012 (IO C 349 E, 29.11.2013, lch. 105) agus Seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 15 Samhain 2013 (IO C 360, 10.12.2013, lch. 66). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle an 20 Nollaig 1985 maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar (IO L 370, 31.12.1985, lch. 8).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(5)  [1994] ECR I-2497.

(6)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(8)  Moladh 2010/19/AE ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2010 maidir le sonraí leictreonacha a mhalartú idir na Ballstáit ar bhealach slán chun uathúlacht chártaí tiománaí a eisíonn siad a sheiceáil (IO L 9, 14.1.2010, lch. 10).

(9)  Treoir 95/46/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(10)  Treoir 2002/58/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

(13)  IO C 37, 10.2.2012, lch. 6.

(14)  Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(15)  Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(17)  IO L 15, 21.1.1998, lch. 14.”.


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS CHUN TACAGRAIF ANALÓGACHA A DHÉANAMH, A THÁSTÁIL, A SHUITEÁÍL AGUS A INIÚCHADH

I.   SAINMHÍNITHE

San Iarscríbhinn seo:

(a)   ciallaíonn “trealamh taifeadta” nó “tacagraf analógach”: an trealamh a bheartaítear a shuiteáil i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht feithiclí den sórt sin agus tréimhsí gníomhaíochta áirithe a gcuid tiománaithe a thaispeáint, a thaifeadadh go huathoibríoch nó go leath-uathoibríoch;

(b)   ciallaíonn “tairiseach an trealaimh taifeadta”: an tréith uimhriúil a thugann an luach atá ag an gcomhartha imghabhála is gá chun achar aon chiliméadar a thaispeáint agus a thaifeadadh; ní mór an tairiseach seo a léiriú mar imrothluithe in aghaidh an chiliméadair (k =... rev/km) nó spreagthaí in aghaidh an chiliméadair (k = … imp/km);

(c)   ciallaíonn “comhéifeacht tréithe”: an tréith uimhriúil a thugann luach an chomhartha aschuir astuithe ag an bpáirt den fheithicil a nascann é leis an trealamh taifeadta (seafta nó acastóir aschuir an ghiarbhosca) fad a thaistealaíonn an fheithicil fad aon chiliméadair faoi na gnáthchoinníollacha tástála (féach pointe 4 de Chuid VI den Iarscríbhinn seo). Léirítear an comhéifeacht tréithe mar imrothluithe in aghaidh an chiliméadair (w = … rev/km) nó spreagthaí in aghaidh an chiliméadair (w = … imp/km);

(d)   ciallaíonn “imlíne éifeachtach na mbonn rotha”: meán na n-achar a dhéanann rannta rotha a ghluaiseann an fheithicil (rotha tiomána) le linn imrothlú iomlán amháin. Ní mór tomhas na n-achar sin a bheith déanta faoi na gnáthchoinníollacha tástála (féach pointe 4 de Chuid VI den Iarscríbhinn seo) agus léirítear é san fhoirm: 1 = … mm.

II.   TRÉITHE GINEARÁLTA AGUS FEIDHMEANNA AN TREALAIMH TAIFEADTA

Ní mór don trealamh bheith in ann an méid a leanas a thaifeadadh:

1.

fad a thaistealaíonn an fheithicil;

2.

luas na feithicle;

3.

am tiomána;

4.

tréimhsí eile oibre nó infhaighteachta;

5.

sosanna ón obair agus tréimhsí scíthe laethúla;

6.

an cás ina bhfuil an leathán taifid a oscailt;

7.

maidir le trealamh taifeadta leictreonaigh, ar trealamh é a oibríonn trí chomharthaí a tharchuirtear go leictreonach ón mbraiteoir faid agus luais, aon idirscor atá níos mó ná 100 milleasoicind i soláthar cumhachta an trealaimh taifeadta (seachas soilsiú), i soláthar cumhachta an bhraiteora fhaid agus luais agus aon idirscor sa seoltán comhartha chuig an mbraiteoir faid agus luais.

I gcás feithiclí atá in úsáid ag beirt tiománaí, ní mór don trealamh bheith in ann taifead a dhéanamh go comhuaineach ach ar leithligh agus ar dhá leathán taifid ar leith de shonraí na tréimhsí a liostaítear faoi phointe 3, phointe 4 agus phointe 5 den chéad mhír.

III.   CEANGLAIS CHUN TREALAMH TAIFEADTA A DHÉANAMH

(a)   Pointí ginearálta

1.

Áireofar an méid a leanas le trealamh taifeada:

1.1.

Uirlisí físiúla ina léireofar:

an fad a taistealaíodh (taifeadán faid),

luas (luasmhéadar),

am (clog).

1.2.

Uirlisí taifeadta lena gcuimsítear:

taifeadán den fhad a taistealaíodh,

luasthaifeadán,

taifeadán ama amháin nó níos mó ná sin a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c)(4).

1.3.

Modh marcála ina léireofar an méid a leanas ina aonar ar an mbileog taifeadta:

gach oscailt den chás ina bhfuil an leathán taifid sin,

trealamh taifeadta leictreonaigh, a shainmhínítear i bpointe 7 den chéad mhír de Chuid II, aon idirscor atá níos mó ná 100 milleasoicind i soláthar cumhachta an trealaimh taifeadta (seachas soilsiú), tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfear an soláthar cumhachta ar siúl arís,

trealamh taifeadta leictreonaigh, a shainmhínítear i bpointe 7 den chéad mhír de Chuid II, aon idirscor atá níos mó ná 100 milleasoicind i soláthar cumhachta an bhraiteora fhaid agus luais agus aon idirscor sa seoltán comhartha chuig an mbraiteoir faid agus luais.

2.

Ní féidir le feistí a chuirtear isteach sa trealamh anuas orthu sin a liostaítear i bpointe 1 cur isteach ar oibriú ceart na bhfeistí éigeantacha nó maidir le hiad a léamh.

Ní mór an trealamh a chur isteach chun é a cheadú le chéile le haon fheistí breise den sórt sin.

3.   Ábhair

3.1.

Caithfidh na comhchodanna uile den trealamh taifeadta bheith déanta d'ábhair a bhfuil cobhsaíocht leordhóthanach agus neart meicniúil leordhóthanach agus tréithe leictreacha cobhsaí agus maighnéadacha acu.

3.2.

Aon athrú ar chomhchuid den trealamh nó ar chineál na n ábhar a úsáidtear chun é a mhonarú, caithfear iad, roimh iad a chur i bhfeidhm i monarú, a chur faoi bhráid an údaráis a thug an cineálcheadú don trealamh lena gceadú.

4.   An fad a taistealaíodh a thomhas

Féadfar na faid a taistealaíodh a thomhas agus a thaifeadadh:

chun gluaiseacht chun tosaigh agus chun cúil araon a áireamh, nó

chun gluaiseacht chun tosaigh amháin a áireamh.

Ní foláir nach ndéanfadh aon taifeadadh ar ghluaiseachtaí ar cúil difear do shoiléire agus cruinneas na dtaifeadtaí eile ar chuntar ar bith.

5.   Luas a thomhas

5.1.

Beidh raon an tomhais luais mar atá luaite sa deimhniú cineálcheadaithe.

5.2.

Caithfidh minicíocht nádúrtha agus maolú na feiste tomhais gur féidir leis na hionstraimí a léiríonn agus a thomhaiseann an luas, laistigh den raon tomhais, athruithe sa luasghéarú suas le 2 m/s2 a leanúint, laistigh de na teorainneacha lamháltais inghlactha.

6.   Am a thomhas (clog)

6.1.

Ní mór an rialtán don mheicníocht chun an clog a athshocrú a lonnú taobh istigh de chásáil ina bhfuil an leathán taifid; ní mór gach oscailt den chásáil sin a thaifeadadh go huathoibríoch ar an leathán taifid.

6.2.

Má rialaítear an mheicníocht ghluaiseachta ar cúil den leathán taifid leis an gclog, ní foláir go mbeadh an tréimhse lena rithfeadh an ceann deireanach i gceart tar éis dó a bheith tochrasta go hiomlán níos faide faoi 10 % ar a laghad ná an tréimhse taifeadta a chomhfhreagraíonn d’ualaigh leatháin uasta an trealaimh.

7.   Soilsiú agus cosaint

7.1.

Caithfear soilsiú neamhdhallraitheach leordhóthanach a chur ar fáil d’ionstraimí amhairc an trealaimh.

7.2.

Maidir le gnáthchoinníollacha úsáide, ní mór gach cuid inmheánach den trealamh a chosaint i gcoinne na taise agus an deannaigh. Fairis sin, ní mór iad a dhíonadh — ionas nach mbeifear in ann cur isteach orthu — trí bhíthin cásálacha ar féidir iad a shéalú.

(b)   Uirlisí amhairc

1.   An táscaire maidir leis an bhfad a taistealaíodh (an taifeadán faid)

1.1.

Ní mór do luach an ghrádaithe is lú ar an ionstraim a léiríonn an fad a taistealaíodh bheith ionann is 0,1 ciliméadar. Ní mór figiúirí lena léirítear heictiméadair a idirdhealú go soiléir ó na cinn lena léirítear ciliméadair iomlána.

1.2.

Ní mór do na figiúirí ar an taifeadán faid bheith inléite agus ní mór dóibh airde dhealraitheach de 4 mm ar a laghad a bheith acu.

1.3.

Ní mór don taifeadán faid bheith in ann suas le 99 999,9 ciliméadar a léamh.

2.   Táscairí luais (luasmhéadar)

2.1.

Laistigh den raon tomhais, ní mór dón scála luais bheith céimnithe go haonfhoirmeach ina 1, 2, 5 nó 10 gciliméadar in aghaidh na huaire. Ní mór do luach na gcéimnithe luais (na spáis idir dhá mharc as a chéile) gan 10 % den uasluas a léirítear ar an scála a shárú.

2.2.

Ní gá an raon a léirítear thar an méid a thomhaistear a mharcáil le figiúirí.

2.3.

Caithfidh fad gach spáis ar an scála a sheasann do dhifríocht luais de 10 gciliméadar in aghaidh an huaire gan a bheith níos lú ná 10 milliméadar.

2.4.

Ar tháscaire le snáthaid, caithfidh an fad idir an tsnáthaid agus aghaidh na hionstraime gan trí mhilliméadar a shárú.

3.   Táscaire ama (clog)

Ní mór bheith in ann an táscaire ama a fheiceáil ón taobh amuigh den trealamh agus ní mór don táscaire léamh soiléir agus débhríoch a thabhairt.

(c)   Uirlisí taifeadta

1.   Pointí ginearálta

1.1.

Gach trealamh, beag beann ar fhoirm an leatháin taifid (stiall nó diosca), ní mór iad a sholáthar le marc lena gcuirfear ar chumas an leatháin taifid go gcuirfear isteach i gceart é, ar bhealach lena n-áiritheofaí go gcomhfhreagraíonn an t-am a léirítear ar an gclog agus an mharcáil ama ar an leathán taifid.

1.2.

Caithfidh an mheicníocht lena ngluaistear an leathán taifid bheith ina meicníocht lena n-áirítear go mbogann an leathán gan ligean agus gur féidir é a chur isteach agus a bhaint go réidh.

1.3.

I gcás leathán taifid i bhfoirm diosca, ní foláir go mbeadh an fheiste gluaiseachta chun tosaigh á rialú ag an meicníocht chloig. Sa chás sin, caithfidh an mheicníocht rothlach den leathán taifid bheith leanúnach agus aonfhoirmeach, agus íosluas seacht milliméadar in aghaidh na huaire a thomhaistear ag an gcuibheas istigh den fháinne lena marcáiltear imeall an limistéir don luas a thaifeadadh. I dtrealamh den chineál stéille, ina rialaítear feiste gluaiseachta chun tosaigh na leathán taifid leis an meicníocht chloig, ní foláir go mbeadh luas na gluaiseachta chun tosaigh dronlíní ionann ar a laghad is 10 milliméadar in aghaidh na huaire.

1.4.

Caithfidh taifeadadh an fhaid a taistealaíodh, luas na feithicle agus aon oscailt den chásáil ina bhfuil an leathán taifid nó na leatháin taifid bheith uathoibríoch.

2.   An fad a taistealaíodh a thaifeadadh

2.1.

Caithfear gach ciliméadar den fhad a taistealaíodh a léiriú ar an taifead trí athrú milliméadair amháin ar a laghad ar an gcomhordanáid chomhfhreagrach.

2.2.

Fiú ag luasanna a bhaineann an uasteorainn den raon tomhais amach, caithfear taifead na luasanna a bheith inléite go soiléir.

3.   An luas a thaifeadadh

3.1.

Cibé foirme atá sa leathán taifid, caithfidh an stíleas taifeadta luais de ghnáth bogadh ar líne dhíreach agus go dronuilleach le treo taistil an leatháin taifid. Féadfaidh gluaiseacht an stílis bheith cuarlíneach, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

ní mór don rian a tharraingíonn an stíleas bheith ingearach leis an meánimlíne (i gcás leathán taifid i bhfoirm diosca) nó leis an ais (i gcás leathán taifid i bhfoirm stéille) den limistéar a choimeádtear i gcomhair an luas a thaifeadadh,

ní mór don chóimheas idir ga na cuaire den rian a tharraingíonn an stíleas agus leithead an limistéir a choimeádtar i gcomhair an luas a thaifeadadh nach lú ná 2,4 le 1 beag beann ar fhoirm an leatháin taifid,

caithfidh na marcálacha ar an scála ama an limistéar don taifeadadh a thrasnú i gcuar a bhfuil an ga céanna aige is atá ag an rian a tharraingíonn an stíleas. Caithfidh na spáis idir na marcálacha ar an scála ama seasamh do thréimhse nach bhfuil níos mó ná uair a chloig amháin.

3.2.

Caithfear gach comhathrú sa luas de 10 gciliméadar in aghaidh na huaire den fhad a léiriú ar an taifead trí chomhathrú 1,5 milliméadair amháin ar a laghad ar an gcomhordanáid chomhfhreagrach.

4.   Am taifeadta

4.1.

Ní mór an trealamh taifeadta a dhéanamh ar bhealach ionas go mbeidh tréimhse an ama tiomána á taifeadadh go huathoibríoch agus go mbeifear in ann, trí fheidhmiú, más gá, feiste lasca chun na tréimhsí eile ama a thaifeadadh go leithleach dá bhforáiltear i bpointe (ii), i bpointe (iii) agus i bpointe (iv) d’Airteagal 34(5)(b) den Rialachán seo.

4.2.

Caithfear bheith in ann, ó thréithe na rianta, óna n ionaid choibhneasta agus más gá ó na comharthaí a leagtar síos in Airteagal 34 den Rialachán seo idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na tréimhsí éagsúla ama. Ba cheart na tréimhsí ama éagsúla a idirdhealú óna chéile ar thaifead na ndifríochtaí i dtiús na rianta ábhartha, nó trí chóras ar bith eile atá ar a laghad chomh éifeachtach leis ó thaobh na hinléiteachta agus ó thaobh a éasca is atá sé an taifead a léirmhíniú.

4.3.

I gcás feithiclí do chriú ina bhfuil níos mó ná tiománaí amháin, caithfidh na taifeadtaí dá bhforáiltear i bpointe 4.1 a dhéanamh ar dhá leathán taifid ar leith, gach leathán taifid acu leithdháilte ar thiománaí amháin. Sa chás sin, caithfidh meicníocht aonair nó meicníochtaí sionchrónaithe ar leith gluaiseacht chun tosaigh na leathán taifid ar leith a dhéanamh.

(d)   Feiste chlabhsúir

1.

Ní mór glas a bheith feistithe leis an gcásáil ina bhfuil an leathán taifid nó na leatháin taifid agus ina bhfuil rialtán na meicníochta i gcomhair an clog a athshocrú.

2.

Gach oscailt den chásáil ina bhfuil an leathán taifid nó na leatháin taifid agus ina bhfuil rialtán na meicníochta i gcomhair an clog a athshocrú, ní mór gach oscailt sin a thaifeadadh go huathoibríoch ar an leathán nó ar na leatháin.

(e)   Marcálacha

1.

Caithfidh na marcálacha a leanas a bheith ar aghaidh ionstraime an trealaimh:

gar don fhigiúr a léirítear leis an taifeadán faid, aonad tomhais an fhaid, a léirítear leis an ngiorrúchán “km”,

gar don scála luais, an mharcáil “km/h”,

raon tomhais an luasmhéadair i bhfoirm “Vmin … km/h, Vmax … km/h”. Níl gá leis an marcáil sin má léirítear é ar phlaic thuairisciúil an trealaimh.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le trealamh taifeadta a ceadaíodh roimh an 10 Lúnasa 1970 áfach.

2.

Caithfear an phlaic thuairisciúil a thógáil istigh sa trealamh agus caithfidh sé na márcálacha a leanas a thaispeáint, agus ní mór dóibh a bheith le feiceáil ar an trealamh agus é suiteáilte:

ainm agus seoladh mhonaróir an trealaimh,

uimhir an mhonaróra agus bliain a dhéanta,

an marc ceadaithe don chineál trealaimh,

tairiseach an trealaimh i bhfoirm “k = … rev/km” or “k =… imp/km”,

de rogha, raon an tomhais luais, san fhoirm a léirítear i bpointe 1,

má tá íogaireacht na hionstraime i dtaobh uillinn an chlaonta in ann difear a dhéanamh do na léamhanna a thugann an trealamh thar na lámhaltas ceadaithe, an uillinn cheadaithe a léireofar mar:

Image

nuair is ionann α agus an uillinn a thomhaistear ó ionad cothrománach na haghaidhe tosaigh (a fheistítear agus é ag díriú suas i gceart) den trealamh dá bhfuil an ionstraim calabraithe, agus seasann β agus γ faoi seach do na huasdiallais suas agus síos atá ceadaithe ó uillinn an chalabraithe α.

(f)   Na huaslámhaltais (ionstraimí amhairc agus taifeadta)

1.

Ar an mbinse tástála roimh shuiteáil:

(a)

an fad a taistealaíodh:

1 % níos mó nó níos lú ná an fíorfhad, nuair is ionann an fad sin agus ciliméadar amháin ar a laghad;

(b)

luas:

3 km/h níos mó nó níos lú ná an fíorluas;

(c)

an t-am:

± dhá nóiméad in aghaidh an lae agus 10 nóiméad ar a mhéad in aghaidh na seacht laethanta i gcásanna ina bhfuil tréimhse reatha an chloig tar éis an atochrais ionann is nó níos lú ná an tréimhse sin.

2.

Tar éis a shuiteála:

(a)

an fad a taistealaíodh:

2 % níos mó nó níos lú ná an fíorfhad, nuair is ionann an fad sin agus ciliméadar amháin ar a laghad;

(b)

luas:

4 km/h níos mó nó níos lú ná an fíorluas;

(c)

an t-am:

 

± dhá nóiméad in aghaidh an lae, nó

 

± 10 nóiméad in aghaidh na seacht laethanta.

3.

Agus é á úsáid:

(a)

an fad a taistealaíodh:

4 % níos mó nó níos lú ná an fíorfhad, nuair is ionann an fad sin agus ciliméadar amháin ar a laghad;

(b)

luas:

6 km/h níos mó nó níos lú ná an fíorluas;

(c)

an t-am:

 

± dhá nóiméad in aghaidh an lae, nó

 

± 10 nóiméad in aghaidh na seacht laethanta.

4.

Tá na huaslámhaltais a leagtar amach i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3 bailí do theochtaí idir 0 °C agus 40 °C, teochtaí á léamh go han-ghar don trealamh.

5.

Déanfar na huaslámhaltais a leagtar amach i bpointe 2 agus i bpointe 3 a thomhas faoi na coinníollacha a leagtar síos i gCuid VI.

IV.   NA LEATHÁIN TAIFID

(a)   Pointí ginearálta

1.

Ní mór nó nach gcuireann na leatháin taifid isteach ar ghnáthfheidhmiú na hionstraime agus go mbeidh na taifid a bhfuil orthu doscriosta agus go mbeifear in ann iad a léamh agus a dhéanamh amach go réidh.

Caithfidh na leatháin taifid a gcuid diminsean agus aon taifid a dhéanfar orthu faoi ghnáthchoinníollacha bogthaise agus teochta a choinneáil.

Fairis sin, ní mór bheith in ann scríobh ar na leatháin taifid, gan dochar a dhéanamh dóibh agus gan difear a dhéanamh d’inléiteacht na dtaifead, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34 den Rialachán seo.

Faoi ghnáthchoinníollacha stórála, ní mór do na taifid bheith i gcónaí inléite ar feadh bliana amháin ar a laghad.

2.

Ceithre huaire is fiche a chloig a bheas in íoschumas taifeadta na leathán taifid, beag beann ar a bhfoirm.

Más amhlaidh go bhfuil roinnt dioscaí nasctha le chéile chun an cumas taifeadta leanúnach ar féidir a bhaint amach gan idirghabháil ó bhall foirne a mhéadú, ní foláir na naisc idir na dioscaí éagsúla a dhéanamh ar bhealach le nach mbeidh aon bhriseadh nó aon fhorluí sna taifeadtaí ag pointe an aistrithe ó dhiosca amháin go diosca eile.

(b)   Na limistéir taifeadta agus a gcéimniú

1.

Áireofar sna leatháin taifid na limistéir taifeadta seo a leanas:

limistéar a choimeádfar go heisiach do shonraí a bhaineann le luas,

limistéar a choimeádfar go heisiach do shonraí a bhaineann leis an bhfad a taistealaíodh,

limistéar amháin nó níos mó do shonraí a bhaineann leis an am tiomána, le tréimhsí eile oibre agus le hinfhaighteacht sosanna oibre agus tréimhsí scíthe do thiománaithe.

2.

Ní mór an limistéar don luas a thaifeadadh a chéimniú ina ranna de 20 ciliméadar in aghaidh na huaire nó níos lú. Ní foláir an luas a chomhfhreagraíonn do gach marcáil ar an scála a léiriú i bhfigiúirí i gcoinne na marcála sin. Ní mór an siombal “km/h” a thaispeáint ar a laghad uair amháin laistigh den limistéar. Caithfidh an mharcáil dheireanach ar an scála teacht le huasteorainn raon an tomhais.

3.

Ní mór an limistéar i gcomhair an fad a taistealaíodh a leagan amach ar bhealach lenar féidir an líon ciliméadar a taistealaíodh a léamh gan fhadhb.

4.

Ní mór an limistéar nó na limistéir a choimeádtar i gcomhair na dtréimhsí dá dtagraítear i bpointe 1 a thaifeadadh a mharcáil chun go mbeifear in ann na tréimhsí éagsúla ama a idirdhealú go soiléir.

(c)   Faisnéis le priontáil ar na leatháin taifid

Caithfidh an fhaisnéis a leanas, i bhfoirm phriontáilte, a bheith ar gach leathán taifid:

ainm agus seoladh nó ainm trádála an mhonaróra,

an marc ceadaithe don tsamhail-leathán taifid,

an marc ceadaithe do chineál nó do chineálacha an trealaimh dá bhféadfar an leathán taifid a úsáid,

uasteorainn an raoin tomhais luais, priontáilte i gciliméadair in aghaidh na huaire.

Mar íoscheanglais bhreise, caithfidh gach leathán taifid amscála a bheith aige, i bhfoirm phriontáilte ionas gur féidir an t-am a léamh go díreach ag eatraimh ama 15 nóiméad agus go mbeifear in ann gach eatramh ama cúig nóiméad a léamh gan stró.

(d)   Spás saor d’ionsánna lámhscríofa

Ní mór spás saor a sholáthar ar na leatháin taifid ionas go mbeidh tiománaithe in ann na sonraí a leanas ar a laghad a scríobh:

sloinne agus céadainm an tiománaí,

an dáta agus an áit a dtosaíonn sé ag baint úsáide as an leathán taifid, agus an dáta agus an áit a gcríochnaíonn an úsáid sin,

uimhir chlárúcháin nó uimhreacha clárúcháin na feithicle nó na bhfeithiclí dá bhfuil an tiománaí sannta agus an leathán taifid á úsáid,

léamhanna odaiméadair na feithicle nó na bhfeithiclí dá bhfuil an tiománaí sannta agus an leathán taifid á úsáid,

an t-am a ndéantar an fheithicil a athrú.

V.   AN TREALAMH TAIFEADTA A SHUITEÁIIL

1.   Caithfear trealamh taifeadta a shuíomh san fheithicil ar bhealach lena mbeidh amharc soiléir ag an tiománaí óna shuíochán ar a luasmhéadar, a thaifeadán luais agus ar a chlog tráth dá mbeidh gach cuid de na hionstraimí sin, lena n-áirítear comhpháirteanna tiomána, á gcosaint ar dhamáiste tionóisceach.

2.   Caithfear bheith in ann tairiseach an trealaimh taifeadta a oiriúnú do chomhéifeacht tréithe na feithicle trí bhíthin feiste oiriúnaí, a dtabharfar cuibheoir air.

Caithfear feithiclí a bhfuil dhá chóimheas acastóra cúil nó níos mó acu a fheistiú le feiste lasca ionas gur féidir na cóimheasa éagsúla sin a thabhairt go huathoibríoch i gcomhréir leis an gcóimheas dá bhfuil an trealamh oiriúnaithe don fheithicil.

3.   Tar éis don trealamh a sheiceáil agus é suiteáilte, ní mór plaic shuiteála a fheistiú leis an bhfeithicil taobh leis an trealamh nó sa trealamh féin agus ar bhealach go mbeidh sé soiléir le feiceáil. Tar éis gach iniúchta ag feisteoir ceadaithe nó ag ceardlann cheadaithe lena n-éilítear athrú i socrú na suiteála féin, ní mór plaic suiteála nua a fheistiú in ionad an chinn a bhí ann roimhe.

Caithfear a léiriú ar an bplaic suiteála na sonraí seo a leanas ar a laghad:

ainm, seoladh nó ainm trádála an fheisteora cheadaithe, na ceardlainne ceadaithe nó an mhonaróra feithicle cheadaithe,

comhéifeacht tréithe na feithicle, i bhfoirm “w = … rev/km” nó “w = … imp/km”,

imlíne éifeachtach na mbonn rotha, i bhfoirm “1 = … mm”,

na dátaí ar sainíodh comhéifeacht tréithe na feithicle agus a rinneadh imlíne éifeachtach na mbonn rotha a thomhas.

4.   Séalú

Ní mór na comhpháirteanna a leanas a shéalú:

(a)

an phlaic shuiteála, mura rud é go bhfuil sí nasctha ar bhealach nach bhféadfar í a bhaint gan an mharcáil atá uirthi a scriosadh;

(b)

an dá fhoirceann den nasc idir an trealamh taifeadta féin agus an fheithicil;

(c)

an cuibheoir féin agus pointe a ionsáite sa chiorcad;

(d)

an mheicníocht lasca d'fheithiclí a bhfuil dhá chóimheas acastóra nó níos mó acu;

(e)

na naisc lena nasctar an cuibheoir agus an mheicníocht lasca leis an gcuid eile den trealamh;

(f)

na cásálacha a éilítear faoi phointe (a)(7.2) de Chuid III;

(g)

aon chlúdach lena bhfuil teacht ar na meáin chun tairiseach an trealaimh taifeadta a oiriúnú do chomhéifeacht tréithe na feithicle.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeidh séalaí breise ag teastáil tar éis chineál an trealaimh a cheadú agus ní foláir nóta maidir le suíomh na séalaí sin a dhéanamh ar an deimhniú ceadaithe.

Údaraítear na séalaí a luaitear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (e) den chéad mhír a bhaint:

i gcásanna éigeandála,

chun feiste teorainnaithe luais nó aon fheistis eile a chuireann leis an tsábháilteacht ar na bóithre a shuiteáil, a choigeartú nó a dheisiú,

ar choinníoll go leanann an trealamh taifeadta d’fheidhmiú i gceart agus go ndéanfaidh feisteoir ceadaithe, ceardlann cheadaithe é a athshéalú tar éis an fheiste teorainnaithe luais nó aon fheistis eile a chuireann le sábháilteacht ar na bóithre a fheistiú nó laistigh de sheacht lá i gcásanna eile. Gach uair a bhrisfear na séalaí sin, ní mór ráiteas i scríbhinn a ullmhú lena dtabharfar na cúiseanna don ghníomhaíocht sin agus é a chur ar fáil é don údarás inniúil.

5.   Ní mór na cáblaí lena nasctar an trealamh taifeadta leis an tarchuradóir a chosaint le truaill chruach mheirg-imdhíonach phlaisteach-bhrataithe le foircinn rocacha ach amháin má tá cosaint choibéiseach i gcoinne ionramhála á chinntiú trí mheáin eile (mar shampla trí fhaireachán amhail criptiú comharthaí) atá in ann aon fheiste a bhrath, nach bhfuil gá leis i gcomhair fheidhmiú ceart an trealaimh taifeadta agus a bhfuil mar aidhm aige feidhmiú cruinn an trealaimh taifeadta a chosc trí ghearrchiorcadadh nó trí idirscor nó tríd na sonraí leictreonacha ón mbraiteoir luais agus faid a mhodhnú. Meastar go bhfuil dúidín, comhdhéanta de naisc shéalaithe, leanúnach de réir bhrí an Rialacháin seo.

Féadfar rialtán leictreonach a chur in ionad an fhaireacháin leictreonaigh réamhluaite, a áiritheofar go mbeidh an trealamh taifeadta in ann aon ghluaiseachtaí den fheithicil a thaifeadadh, neamhspleách ar an gcomhartha ón mbraiteoir luais agus faid.

Chun críocha an pointe seo a chur i bhfeidhm, sainmhínítear feithiclí M 1 agus N 1 mar atá i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Maidir leis na feithiclí sin atá feistithe le tacagraif i gcomhréir leis an Rialachán seo agus nach bhfuil deartha chun cábla armúrtha idir na braiteoirí faid agus luais agus an trealamh taifeadta a shuiteáil, déanfar an cuibheoir ansin a fheistiú chomh gar is féidir leis na braiteoirí faid agus luais.

Déanfar an cábla armúrtha a fheistiú ón gcuibheoir chuig an trealamh taifeadta.

VI.   SEICEÁLACHA AGUS CIGIREACHTAÍ

Aimneoidh na Ballstáit na comhlachtaí a dhéanfaidh na seiceálacha agus na cigireachtaí.

1.   Ionstraimí nua nó deisithe a dheimhniú

Déanfar gach feiste aonair, cibé sin nua nó deisithe, a dheimhniú maidir lena bhfeidhmiú ceart agus le cruinneas a léamhanna agus a dtaifeadtaí, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos i bpointe (f)(1) de Chuid III, trí bhíthin séalaithe i gcomhréir le pointe (f) den chéad mhír de phointe 4 de Chuid V.

Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit fíorú tosaigh a fhoráil, ina mbeidh seiceáil agus dearbhú á ndéanamh maidir le comhfhoirmeacht na feiste nua nó deisithe leis an múnla cineálcheadaithe agus/nó le ceanglais an Rialacháin seo, nó féadfaidh siad an chumhacht deimnithe a tharmligean chuig na monaróirí nó chuig gníomhairí údaraithe eile.

2.   Suiteáil

Agus é á fheistiú le feithicil, caithfidh an trealamh agus an tsuiteáil iomlán na forálacha maidir le huaslámhaltais a leagtar síos i bpointe (f)(2) de Chuid III a chomhlíonadh.

Déanfaidh feisteoir ceadaithe, ceardlann cheadaithe na tástálacha cigireachta agus freagracht á tabhairt orthu féin.

3.   Cigireachtaí tréimhsiúla

(a)

Tarlóidh cigireachtaí tréimhsiúla ar an trealamh a fheistítear leis na feithiclí ar a laghad gach dara bliain agus féadfar iad a dhéanamh i dteannta na dtástálacha maidir le ródacmhainneacht feithiclí.

Áireofar sna cigireachtaí sin na seiceálacha seo a leanas:

go bhfuil an trealamh ag oibriú i gceart,

go bhfuil an marc cinéalcheadaithe ar an trealamh,

go bhfuil an phlaic shuiteála feistithe,

gur slán do na séalaí ar an trealamh agus ar na codanna eile den tsuiteáil,

imlíne iarbhír na mbonn.

(b)

Déanfar cigireacht chun a áirithiú go bhfuiltear i gcomhréir le pointe (f)(3) de Chuid III maidir leis na huaslámhaltais á n-úsáid uair amháin gach sé bliana ar a laghad, ach féadfaidh gach Ballstát eatramh cigearachta níos giorra a fhoráil maidir leis na feithiclí a chláraítear ar a chríoch féin. Caithfidh a áireamh sna cigireachtaí sin athchur na plaice suiteála.

4.   Earráidí a thomhas

Déanfar earráidí a thomhas agus an tsuiteáil á déanamh agus é á úsáid faoi na coinníollacha a leanas, agus measfar iad mar choinníollacha tástála caighdeánacha:

feithicil gan ualach, agus é ag feidhmiú mar is gnáth,

brú na mbonn i gcomhréir le treoracha an mhonaróra,

caitheamh na mbonn laistigh de na teorainneach a cheadaítear faoin dlí,

gluaiseacht na feithicle: caithfidh an fheithicil leanúint ar aghaidh, faoi thiomáint a innill fhéin, ar líne dhíreach agus ar dhromchla réidh, ag luas 50 ± 5 km/h. Féadfar an tástáil seo a dhéanamh ar bhinse tástála oiriúnach, ar an gcoinníoll go bhfuil sé den chruinneas céanna.


(1)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha a ceapadh le haghaidh feithiclí dá leithéidí (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

AN MARC CEADAITHE AGUS AN DEIHMNIÚ CEADAITHE

I.   AN MARC CEADAITHE

1.

Is éard a bheidh sa mharc ceadaithe:

(a)

dronuilleog, ina gcuirfear an litir “e”, lena mbeidh uimhir nó litir aitheantais don tír a d’eisigh an ceadú i gcomhréir leis na comharthaí comhghnásacha a leanas:

An Bheilg

6,

An Bhulgáir

34,

Poblacht na Seice

8,

An Danmhairg

18,

An Ghearmáin

1,

An Eastóin

29,

Éire

24,

An Ghréig

23,

An Spáinn

9,

An Fhrainc

2,

An Chróit

25,

An Iodáil

3,

An Chipir

CY,

An Laitvia

32,

An Liotuáin

36,

Lucsamburg

13,

An Ungáir

7,

Málta

MT,

An Ísiltír

4,

An Ostair

12,

An Pholainn

20,

An Phortaingéil

21,

An Rómáin

19,

An tSlóivéin

26,

An tSlóvaic

27,

An Fhionlainn

17,

An tSualainn

5,

An Ríocht Aontaithe

11,

agus

(b)

uimhir cheadaithe a chomhfhreagraíonn d’uimhir an deimhnithe cheadaithe a tharraingítear suas do fhréamhshamhail an trealaimh taifeadta nó d’uimhir an leatháin taifid nó cárta tacagraif, a chuirtear ar phointe ar bith díreach in aice leis an dronuilleog sin.

2.

Léireofar an marc ceadaithe ar phlaic thuairisciúil gach tacair trealaimh agus ar gach leathán taifid agus ar gach cárta tacagraif. Caithfidh sé a bheith doscriosta agus go mbeifear in ann é a léamh go soiléir i gcónaí.

3.

Déanfar diminsin an mhairc cheadaithe a tharraingt thíos (1) i milliméadair; is íosdiminsin iad sin. Ní mór na cóimheasa idir na diminsin a choimeád.

Image

II.   DEIMHNIÚ CEADAITHE DO THACAGRAIF ANALÓGACHA

Eiseoidh Stát, tar éis dó cead a thabhairt, deimhniú ceadaithe don iarratasóir, ar aon dul leis an gceann atá thíos. Agus ceaduithe a eisíodh nó i gcás inarb ábhartha ceaduithe a aistarraingíodh á gcur in iúl do Bhallstáit, úsáidfidh Ballstát cóipeanna den cheadú sin.

DEIMHNIÚ CEADAITHE

Ainm an údaráis inniúil …

Fógra maidir le (2):

cineál trealaimh taifeadta a cheadú

ceadú cineáil trealaimh taifeadta a tharraingt siar

ceadú samhail-leatháin taifid

ceadú samhail-leatháin taifid a tharraingt siar

Uimhir an cheadaithe …

1.

Trádmharc nó ainm …

2.

Ainm nó cineál an mhúnla …

3.

Ainm an mhonaróra …

4.

Seoladh an mhonaróra …

5.

An dáta a cuireadh isteach ar cheadú …

6.

An dáta a ndearnadh an tástáil …

7.

Dáta agus uimhir na tástála/na dtástálacha …

8.

Dáta an cheadaithe …

9.

An dáta a tarraingíodh an ceadú siar …

10.

Cineál nó cineálacha an trealaimh taifeadta dá bhfuil an leathán deartha le húsáid …

11.

Áit …

12.

Dáta …

13.

Doiciméid thuairisciúla i gceangal …

14.

Barúlacha (lena n-áirítear ionad na séalaí i gcás inarb infheidhme)

(Síniú)

III.   DEIMHNIÚ CEADAITHE DO THACAGRAIF DHIGITEACHA

Eiseoidh Stát, tar éis dó cead a thabhairt, deimhniú ceadaithe don iarratasóir, ar aon dul leis an gceann atá thíos. Agus ceaduithe a eisíodh nó i gcás inarb ábhartha ceaduithe a tarraingíodh siar á gcur in iúl do Bhallstáit, úsáidfidh Ballstát cóipeanna den cheadú sin.

DEIMHNIÚ CEADAITHE DO THACAGRAIF DHIGITEACHA

Ainm an údaráis inniúil …

Fógra maidir le (3):

ceadú i ndáil le:

ceadú a tharraingt siar i ndáil le:

múnla trealaimh taifeadta

comhchuid trealaimh taifeadta (4)

cárta tiománaí

cárta ceardlainne

cárta cuideachta

cárta rialtáin

Uimhir an cheadaithe …

1.

Branda nó trádmharc an mhonaróra …

2.

Ainm an mhúnla …

3.

Ainm an mhonaróra …

4.

Seoladh an mhonaróra …

5.

An dáta a cuireadh isteach ar cheadú …

6.

Saotharlann/Saotharlanna …

7.

Dáta agus uimhir na tuairisce tástála …

8.

Dáta an cheadaithe …

9.

An dáta a tarraingíodh an ceadú siar …

10.

Múnla an trealaimh taifeadta a bhfuil an chomhpháirt deartha le húsáid leis …

11.

Áit …

12.

Dáta …

13.

Doiciméid thuairisciúla i gceangal …

14.

Barúlacha

(Síniú)


(1)  Is figiúirí treoracha iad seo amháin.

(2)  Déan na míreanna nach bhfuil feidhm leo a scriosadh.

(3)  Cuir tic sna boscaí ábhartha.

(4)  Déan an chomhpháirt a dhéileáiltear san fhógra a shonrú.