28.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

62


RIALACHÁN (AE) UIMH 1381/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 19(2), 21(2), 114, 168, 169 agus 197 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. Tá daoine san Aontas i dteideal tairbhiú de na cearta a bhronntar orthu leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Thairis sin, le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an "Chairt"), ar tugadh ceangailteacht dhlíthiúil di ar fud an Aontais le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, leagtar amach na cearta agus na saoirsí bunúsacha a bhfuil daoine san Aontas ina dteideal. Ba cheart go gcuirfí na cearta sin chun cinn agus go n-urramófaí iad. Ba cheart a ráthú go mbeifear in ann tairbhiú go hiomlán de na cearta sin chomh maith leis na cearta sin a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, amhail Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá Faoi Mhíchumas, agus ba cheart aon bhacainní ar an tairbhiú sin a dhíchur. Thairis sin, tá freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, leis an bpobal daonna agus leis na glúinte atá le teacht ag gabháil le tairbhiú de na cearta sin.

(2)

Le Clár Stócólm d'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur tosaíocht é limistéar saoirse, slándála agus ceartais a fhorbairt agus shonraigh gur ceann dá tosaíochtaí polaitiúla é Eoraip na gceart a bhaint amach. Aithníodh go bhfuil maoiniú ar cheann de na huirlisí tábhachtacha lena áirithiú go n-éireoidh le cur chun feidhme thosaíochtaí polaitiúla Chlár Stócólm. Maidir leis na cuspóirí uaillmhianacha a leagtar síos leis na Conarthaí agus le Clár Stócolm a ghnóthú, ba cheart iad a ghnóthú trí Chlár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 a bhunú (an "Clár"), ar clár í a bheidh solúbtha agus éifeachtach, rud a éascóidh pleanáil agus cur i bhfeidhm. Maidir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, ba cheart iad a léiriú ar aon dul leis na treoirlínte straitéiseacha atá leagtha amach ag an gComhairle Eorpach.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 (4), leagtar amach straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach. Trí thacú le cearta daoine san Aontas agus na cearta sin a chur chun cinn, trí dhul i ngleic le hidirdhealú agus neamhionannais agus trí shaoránacht an Aontais a chur chun cinn, rannchuidítear le cuspóirí sonracha agus le tionscnaimh shuaitheanta de chuid Straitéis Eoraip 2020 a chur chun cinn.

(4)

Is prionsabal bunúsach den Aontas Eorpach é prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Foráiltear in Airteagal 19 CFAE do ghníomhaíocht chun idirdhealú a chomhrac ar idirdhealú é atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Cumhdaítear neamh-idirdhealú freisin in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar Airteagal é ar cheart a chur i bhfeidhm laistigh de theorainneacha Airteagal 51 den Chairt agus i gcomhréir leis an Airteagal sin. Ba cheart gnéithe sonracha foirmeacha éagsúla an idirdhealaithe a chur san áireamh, agus ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhthráth chun idirdhealú ar fhoras amháin nó níos mó a chosc agus a chomhrac.

(5)

Ba cheart an Clár a chur i bhfeidhm i dteannta gníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna acu, go háirithe iad siúd dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal "Creat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach" agus i gconclúidí na Comhairle an 19 Bealtaine 2011 maidir le Creat Aontais do Straitéisí Náisiúnta suas go 2020 (5) chun na Roma a lánpháirtiú,, lena n-iarrtar ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar eisiamh sóisialta agus eacnamaíoch na Romach trí chur chuig an phríomhshruthaithe a shaothrú i gceithre réimse thábhachtacha – oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht agus é á áirithiú ina theannta sin nach n-imrítear idirdhealú i gcoinne na Romach ach go dtugtar aitheantas cothrom dá gcearta bunúsacha agus a áirithiú go ndéanfar bearta chun an leithcheal, i gcás gurb ann dó, a dhíothú, go háirithe i réimse an oideachais agus na tithíochta agus an méid sin a dhéanamh sa chaoi go ndéanfar atreisiú ar an gClár agus ar na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais.

(6)

Maidir le ciníochas, seineafóibe, homafóibe agus foirmeacha eile éadfhulaingthe, is sárú díreach iad ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha agus an smachta reachta, prionsabail a bhfuil an tAontas fothaithe orthu agus ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit. Is sprioc bhuansheasmhach é, dá bhrí sin, na feiniméin sin a chomhrac agus tá gníomhaíocht chomhordaithe, lena n-áirítear leithdháileadh maoinithe, ag teastáil chun an sprioc sin a bhaint amach. Áirítear ar na feiniméin sin as measc feiniméan eile iarracht a dhéanamh go poiblí chun foréigean nó fuath a ghríosú i gcoinne grúpa daoine nó baill de ghrúpa den sórt sin, mar aon le cionta eile a dhéantar mar thoradh ar inspreagadh ciníochais, seineafóibe nó homafóibe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird ar leith a dhíriú freisin ar gach cineál foréigin, fuatha, leithcheal agus stiogmatú a chosc agus a chomhrac, mar aon le bulaíocht, ciapadh agus éadfhulaingt a chomhrac, mar shampla i riarachán poiblí, sa phóilíneacht, i measc na mbreithiúna, ar scoil agus san ionad oibre.

(7)

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de luachanna bunaidh an Aontais. Mura gcaitear le mná agus fir ar bhonn cothrom sáraítear cearta bunúsacha. Fairis sin, le cur chun cinn an chomhionnanais idir mná agus fir cuirtear freisin le baint amach chuspóirí Stratéis Eoraip 2020. Ba cheart an cuspóir arb é cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fira chur chun feidhme don tréimhse 2011 go 2020 i dteannta gníomhaíochtaí eile an Aontais a bhfuil na cuspóirí céanna acu, go háirithe iad siúd dá dtagraítear sa Chomhaontú Eorpach um chomhionannas inscne, sa chaoi go ndéanfar iad araon a atreisiú.

(8)

Áirítear ar idirdhealú ar fhoras inscne, i gcomhréir le cás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, idirdhealú a eascraíonn as athrú inscne. Agus an Clár seo á chur chun feidhme ní mór an méid a thiteann amach i ndlí an Aontais Eorpaigh agus i gcás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a thabhairt faoi deara freisin maidir le gnéithe eile a bhaineann le hinscne, lena n-áirítear féiniúlacht inscne.

(9)

Is léiriú ar luachanna fothaithe an Aontais sin é an ceart go gcaithfí le daoine san ionad oibre agus sa tsochaí i gcoitinne le dínit agus is gá gníomh comhordaithe a dhéanamh chun gníomhaíochtaí spriocdhírithe a cheadú maidir le margadh an tsaothair. Ba cheart a áireamh, dá bhrí sin, ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh i réimse an chomhionnanais inscne agus an neamh-idirdhealaithe, comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus idirdhealú san ionad oibre agus i margadh an tsaothair a chomhrac.

(10)

Tá foréigean de gach aon chineál in aghaidh leanaí, daoine óga agus na mban agus in aghaidh grúpaí eile atá i mbaol chomh maith ina shárú ar chearta bunúsacha agus ina aicíd thromchúiseach. Déantar foréigean den sórt sin ar fud an Aontais agus bíonn iarmhairtí tromchúiseacha aige maidir le sláinte fhisiciúil agus shíceolaíoch na n-íospairtí agus maidir leis an tsochaí ina hiomláine chomh maith. Ionas go dtabharfar aghaidh ar an bhforéigean sin agus go gcosnófar na híospairtí beidh gá le toil láidir pholaitiúil agus gníomhaíocht chomhordaithe a bheidh bunaithe ar mhodhanna agus torthaí chláir Daphne (6). Trí bheart a dhéanamh chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac rannchuidítear le cur chun cinn an chomhionannais idir mná agus fir. Ós rud é go raibh fíor-rath ar mhaoiniú Daphne ó seoladh é i 1997, i dtéarmaí an mheasa a bhí ag geallsealbhóirí orthu (údaráis phoiblí, insitiúidí acadúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus i dtéarmaí éifeachtacht na dtionscnamh a mhaoinítear leis na cláir araon, tá sé ríthábhachtach, ionas go mbeidh cláir Daphne i mbéal an phobail, ainm chlár Daphne a lua i gcónaí i gcur chun feidhme an Chláir maidir leis an gcuspóir sonrach lena ndírítear ar foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus na mban a chosc agus a chomhrac.

(11)

Le hAirteagal 3(3) CAE ceanglaítear ar an Aontas cosaint chearta an linbh a chur chun cinn, agus an t-idirdhealú a chomhrac i gcomhthráth. Bíonn leanaí leochaileach, go háirithe má tá siad i staid na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta, an mhíchumais nó i staideanna sonracha eile trína gcuirtear i mbaol iad, amhail staideanna faillí, fuadaigh nó dul ar iarraidh. Ba cheart beart a dhéanamh chun cearta an linbh a chur chun cinn agus chun rannchuidiú le cosaint an linbh ar dhíobháil agus ar fhoréigean lena bhféadfaí dochar a dhéanamh dá shláinte coirp nó meabhrach agus lena bhféadfaí a gcearta forbartha, cosanta agus dínite a shárú.

(12)

Ba cheart leanúint de shonraí pearsanta a chosaint go héifeachtach i gcomhthéacs ina bhfuil forbairt leanúnach á déanamh ar theicneolaíochtaí agus i gcomhthéacs an domhandaithe. Ba cheart creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhsheasmhach san Aontas. Ionas go mbainfear amach an méid sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann tacú le hiarrachtaí na mBallstát an creat dlíthúil sin a chur chun feidhme, agus béim ar leith á cur a áirithiú gur féidir le daoine aonair a gcuid ceart a fheidhmiú go héifeachtach.

(13)

Ba cheart go mbeadh tuilleadh eolais ag na saoránaigh maidir leis na cearta dá gcuid a eascraíonn as bheith ina saoránaigh de chuid an Aontais agus ba cheart go mbeidís in acmhainn na cearta sin a fheidhmiú, eadhon a gceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse san Aontas, a gceart chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha ina Ballstát cónaithe, faoi na coinníollacha céanna leagus le náisiúnaigh den Bhallstát sin, a gceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa i gceann ar bith de theangacha na gConarthaí, a gceart chun tionscnaimh ó shaoránaigh a chur isteach agus a gceart chun gearáin a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach i gcoinne míriaracháin na n-institiúidí, agus ba cheart go mbeidís in annn na cearta sin a fheidhmiú. Má spreagtar saoránaigh chun ról níos gníomhaí a ghlacadh sa daonlathas ar leibhéal an Aontais, neartófar sochaí shibhialta na hEorpa agus caomhnófar forbairt féiniúlachta Eorpaí. Ba cheart go mbeadh saoránaigh ar a suaimhneas agus iad ag maireachtáil, ag taisteal, ag deanamh staidéir, ag obair agus ag obair go deonach i mBallstát eile, ba cheart go mbraithfidís muiníneach go mbeidh rochtain chomhionann acu agus go bhforfheidhmeofar a gcearta go hiomlán agus go gcosnófar iad gan aon idirdhealú, is cuma cén áit san Aontas a bheidh siad.

(14)

Ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann, ina n-acmhainn mar thomhaltóirí agus mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, a gcearta a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs trasteorann.

(15)

De bhun Airteagal 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart go ndéanfaí leis an gClár, ina gcuid gníomhaíochtaí uile, tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaitheacha. Ba cheart faireachán rialta agus meastóireacht reatha a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ina bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna comhionnanais inscne agus neamh-idirdhealaithe i ngníomhaíochtaí an Chláir.-

(16)

Tá sé léirithe trí thaithí ar ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais go bhfuil gá le meascán d'ionstraimí, lena n-áirítear gníomhartha dlí, tionscnaimh bheartais agus cistiú, chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach go hiarbhír. Is uirlis thábhachtach é an cistiú, a chomhlánaíonn na bearta reachtacha.

(17)

Chomh maith le réadluach a bheith acu i gcás na dtairbhithe, is féidir fianaise a ghiniúint leis na gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár, ar fianaise í lenar féidir déanamh beartas a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Mar shampla, lecláir Daphne cuireadh ar chumas na ngeallsealbhóirí bainteacha uile, lena n-áirítear na Ballstáit, foghlaim agus dea-chleachtas a aistriú eatarthu go réadach maidir leis an bhforéigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus na mban a chosc agus a chomhrac.

(18)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal 'Buiséad don Eoraip 2020', leagtar béim ar an ngá atá le cistiú an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú. Go mór mór i bhfianaise na géarchéime eacnamaíche reatha, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí cistí Aontais a struchturú agus a bhainistiú sa bhealach is dícheallaí is féidir. Is féidir simpliú fóinteach agus bainistiú éifeachtúil an chistithe a bhaint amach trí líon na gclár a laghdú agus trí na rialacha agus na nósanna imeachta cistiúcháin a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú.

(19)

Mar fhreagairt don ghá atá le cistiú a shimpliú, le bainistiú éifeachtach a dhéanamh air agus le rochtain níos fearr a bheith air, ba cheart go leanfaí ar aghaidh, leis an gClár seo, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo ar bhonn roinn 4 ('Frith-idirdhealú agus Éagsúlacht') agus roinn 5 ('Comhionnas Inscne') de chlár an Dul chun Cinn a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar bhonn an chláir um chearta bunúsacha agus um shaoránacht a bunaíodh le Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle (8) agus ar bhonn chlár ginearálta Daphne III. Áirítear ar mheastóireachtaí lár téarma na gClár sin moltaí arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar chur chun feidhme na gClár sin. Ba cheart torthaí na meastóireachtaí meán téarma sin, mar aon le torthaí na meastóireachtaí ex-post faoi seach a chur san áireamh i gcur chun feidhme an Chláir.

(20)

Ba cheart go mbeadh áirithiú na húsáide is fearr is féidir maidir leis na hacmhainní airgeadais agus feabhsú éifeachtúlacht an chaiteachais ina dtreoirphrionsabail le haghaidh baint amach chuspóirí an Chláir sin. Ba cheart cistiú leordhóthanach a ráthú chun tacú le hiarrachtaí i leith Eoraip na gceart a bhunú. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear an Clár chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is furasta le húsáid, ag ráthú i gcomhthráth go mbeidh slándáil dlí agus rochtain air sin ag na rannpháirtithe uile. D'fhonn rochtain ar chistiú a éascú do na tairbhithe uile a d'fhéadfadh a bheith ann, ba cheart go ndéanfaí simpliú ar na nósanna imeachta cur i bhfeidhm agus ar na riachtanais bainistithe airgeadais agus go ndéanfaí na hualaigh riaracháin a bhaint chomh maith.

(21)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 maidir le 'Athbhreithniú Bhuiséid AE agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011 maidir le 'Buiséad don Eoraip 2020' leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé cistiú a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag baint leo, i.e. i gcás gur féidir luach breise a chur leis an ngníomhaíocht leis an idirghabháil Aontais i gcomparáid leis an ghníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit ina n-aonar. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe faoin Rialachán seo chun muinín fhrithpháirteach a fhorbairt idir Ballstáit, comhar agus líonrú trasteorann a mhéadú agus dlí an Aontais a chur i bhfeidhm go ceart, go comhleanúnach agus go comhsheasmhach. Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí cistithe freisin le heolas níos fearr ar dhlí agus ar bheartais an Aontais a bheith acu siúd go léir lena mbaineann agus ba cheart go gcuirfí bonn fónta anailíse ar fáil do thacaíocht agus d'fhorbairt i ndáil le dlí agus beartais an Aontais agus leis an méid sin go gcuirfí lena bhforfheidhmiú agus lena gcur chun feidhme cuí. Le hidirghabháil an Aontais is féidir na gníomhaíochtaí sin a shaothrú go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus gabhann barainneachtaí scálaléi. Fairis sin, is fearr atá an tAontas Eorpach in ann ná na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar staideanna trasteorann agus clár Eorpach um fhoghlaim fhrithpháirteach a chur ar fáil.

(22)

Agus gníomhaíochtaí á roghnú ag an gCoimisiún le haghaidh cistithe faoin gClár, ba cheart dó na tograí a mheasúnú ar bhonn critéar réamhshainaitheanta. Ba cheart go ndéanfaí breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí atá á moladh a mheasúnú mar cheann de na critéir sin. Is féidir a thaispeáint freisin go bhfuil breisluach Eorpach ag tionscadail náisiúnta agus tionscadail ar mhionscála.

(23)

Eagraíochtaí nó comhlachtaí a bhfuil cuspóir leasa ginearálta Eorpach á saothrú acu sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár, ba cheart go dtabharfaí ar aird gur príomhghníomhaithe iad sa mhéid go bhfuil sé cruthaithe nó gur féidir glacadh leis go gcruthófar go mbíonn tionchar suntasach acu ar na cuspóirí sin a bhaint amach, agus ba cheart go bhfaighidís cistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na critéir a leagfar amach sna cláir oibre bhliantúla a ghlacfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo.

(24)

Ba cheart seirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta acu a léirthuiscint laistigh de bhrí Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 116/2007/CE ón gCoimisiún (9).

(25)

Ba cheart a áireamh ar na comhlachtaí agus na heintitis a fhaigheann rochtain ar an gClár údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta.

(26)

Sa Rialachán seo leagtar síos imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chláir agus beidh an t-imchlúdach ina mhéid príomhthagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (10).

(27)

Chun a áirithiú go mbeidh an Clár solúbtha a dhóthain chun freagairt do riachtanais atá ag athrú agus do na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le linn a thréimhse, ba cheart an chumhacht gníomhaíochtaí a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le modhnuithe ar na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn do gach cuspóir sonrach a rachadhníos mó ná 5 pointe céatadáin os cionn na céatadáin sin Chun an gá le gníomh tarmligthe den sórt sin a mheas, ba cheart na céatadáin sin a ríomh ar bhonn chlúdach airgeadais an Chláir feadh a ré agus ní ar bhonn leithleasaí bliantúla. Tá sé tábhachtach go háirithe go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn an ullmhúcháin a bheidh ar bun aige, lena n-áirítear comhairliúcháin ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(28)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir iomlán le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (an Rialachán Airgeadais). Go háirithe maidir le coinníollacha incháilitheachta na cánach breisluacha (CBL) a íocann tairbhithe na ndeontas, níor cheart go mbeadh incháilitheacht CBL ag brath ar stádas dlíthiúil na dtairbhithe i dtaca le gníomhaíochtaí a mbeadh eintitis phríobháideacha agus phoiblí in ann a dhéanamh faoi na dálaí dlíthiúla céanna. Agus cineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á chur san áireamh, ba cheart a shoiléiriú sna glaonna ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí atá indéanta ag comhlachtaí poiblí agus príobháideacha agus ag eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon, gobhfuil CBL nach bhfuil inasbhainte a ghearrtar agus ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha incháilithe agus ag eintitis phoiblí le bheith incháilithe, a mhéid a íoctar é le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun feidhme, amhail oiliúint nó ardú feasachta nárbh fhéidir a mheas mar fheidhmiú údaráis phoiblí. Sa Rialachán seo ba cheart feidhm a bhaint freisin as na huirlisí simpliúcháin a tugadh isteach leis an Rialachán Airgeadais.. Thairis sin, ba cheart leis na critéir a úsáidtear chun gníomhaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht a shainaithint, agus é mar aidhm acu na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a bhfuil an tionchar coibhneasta is mó acu maidir leis an gcuspóir beartais atá á shaothrú.

(29)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na cláir bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(30)

Ba cheart a áirithiú leis na cláir oibre bhliantúla arna ngaladh ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo go leithdháiltear na cistí go hiomchuí idir deontais agus conarthaí soláthair phoiblí. Ba cheart don Chlár na cistí a leithroinnt ar na deontais go príomha, agus leibhéil leordhóthanacha chistithe a choimeád le haghaidh soláthair. Ba cheart go mbunófaí, leis na cláir oibre bhliantúla, an t-íoschéatadán de chaiteachas bliantúil a bheidh le leithdháileadh ar dheontais agus ba cheart nach mbeadh sé faoi bhun 65 %. Ba cheart clár ama soiléir a bhunú le haghaidh na n-iarratas le haghaidh tograí, le haghaidh roghnú na dtionscadal agus le haghaidh na gcinntí maidir le bronnadh ionas go n-éascófaí pleanáil na dtionscadal agus an cómhaoiniú a dhéanfaidh na geallsealbhóirí.

(31)

D'fhonn leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, ba cheart comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí a lorg idir na cláir chistiúcháin lena dtugtar tacaíocht do réimsí beartais a bhfuil dlúthnasc eatarthu, go háirithe idir an Clár agus an Clár um Cheartas arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 í Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), an Clár "Eoraip do Shaoránaigh", Clár an Aontais Eorpaigh um Athrú Sóisialta agus um Nuálaíocht Shóisialta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus cláir eile i réimsí na fostaíochta agus gnóthaí sóisialta; gnóthaí baile; sláinte agus cosanta tomhaltóirí; oideachais, oiliúna, na hóige agus spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa Rialachán (AE) Uimh. .../2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ndéantar na forálacha coiteanna a leagan síos dóibh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(32)

Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán, comhlántacht fhoriomlán agus sineirgí foriomlána le hobair chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a áirithiú, amhail an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ba cheart dó an obair a dhéanann gníomhaithe eile náisiúnta agus idirnáisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár a mheas.

(33)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí sin, pionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(34)

D'fhonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chur chun feidhme, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Rialachán seo maidir le huirlisí oiriúnacha chun feidhmíocht an phrionsabail sin a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhíniú leis. Ba cheart tacar táscairí a bhunú le go bhféadfaí gnóthú na gcuspóirí sonracha sin a thomhas agus ba cheart go mbeadh na táscairí sin bailí ar feadh thréimhse iomlán an Chláir. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go bliantúil, ar tuarascáil o ar cheart di bheith bunaithe, inter alia, ar na táscairí a leagtar amach sa Rialachán seo agus ar cheart di faisnéis a thabhairt maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil.

(35)

Agus an Clár á chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún ba cheart dó an cuspóir i dtaca le leithdháileadh na gcistí go geografach ar bhonn na cothromaíochta a chur san áireamh, agus ba cheart dó cabhair a chur ar fáil sna Ballstáit sin ina bhfuil líon na ngníomhaíochtaí cistithe sách íseal. Agus an Clár á chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún ba cheart dó a chur san áireamh freisin ar gá - i gcomhréir le hinnéacsanna/comhlachtaí faireacháin a aithnítear go hidirnáisiúnta - gníomh a dhéanamh i gcuid de na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Chláir go héifeachtach agus ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíocht na mBallstát nó na sochaí sibhialta sna réimsí sin.

(36)

I gcomhréir le pointe (l) d'Airteagal 180(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 (16) ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 (na "Rialacha Chur i bhfeidhm"), ba cheart go leagfaí síos forálacha maidir le hinfheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas, ach amháin i gcásanna, a bhfuil údar cuí leo, nach féidir an méid sin a thaispeáint go poiblí nó nach bhfuil an taispeáint sin iomchuí.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 35(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 21 dá Rialacha Cur i bhFeidhm, ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún faisnéis a chur ar fáil, ar dhóigh atá iomchuí agus tráthúil, maidir le fáltais, agus maidir le cineál agus cuspóir an bhirt a mhaoinítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ba cheart go gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na rúndachta agus slándála, go háirithe ar chosaint sonraí pearsanta.

(38)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar limistéar ina ndéantar comhionannas agus cearta daoine, mar a chumhdaítear iad in CAE, in CFAE agus sa Chairt agus i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta ar chearta an duine a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, a chur chun cinn agus a chosaint agus a chur chun feidhme go héifeachtúil, ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(39)

Chun leanúnachas na ngníomhaíochtaí a rinneadh roimhe seo ar bhonn roinn 4 agus roinn 5 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE, Chinneadh 2007/252/CE agus Chinneadh Uimh. 779/2007/CE a áirithiú, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú agus ré an Chláir

1.   Bunaítear, leis an Rialachán seo, Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht ('an Clár').

2.   Cumhdófar leis an gClár an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2

Breisluach Eorpach

1.   Tabharfar maoiniú ón gClár do ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún gur bearta iad na bearta a rognófar le cistiú arb é is cuspóir dóibh torthaí a mbeidh breisluach Eorpach ag baint leo.

2.   Déanfar breisluach Eorpach na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ar mhionscála agus gníomhaíochtaí náisiúnta, a mheasúnú de réir critéar amhail an méid a chuirfí le cur chun feidhme comhsheasmhach agus comhleanúnach dhlí an Aontais, an méid a chuirfí le feasacht leathan phoiblí maidir leis na cearta faoin dlí sin, an méid a d'fhéadfaí cur leis an gcómhuinín idir na Ballstáit agus feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann, méid a dtionchair thrasnáisiúnta, an méid a chuirfí le forbairt agus scaipeadh na ndea-chleachtas nó le cruthú íoschaighdeán, uirlisí praiticiúla agus réitigh phraiticiúla lena dtabharfaí aghaidh ar dhúshláin trasteorann nó ar dhúshláin ar fud an Aontais.

Airteagal 3

Cuspóir Ginearálta

Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannchuidiú, i gcomhréir le hAirteagal 4, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar limistéar, ina mbeidh an comhionannas agus cearta an duine, mar a chumhdaítear iad sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa Chairt agus sna coinbhinsiúin idirnáisiúnta um chearta an duine a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh, á gcur chun cinn, á gcosaint agus á gcur chun feidhme ar bhealach éifeachtach.

Airteagal 4

Cuspóirí sonracha

1.   Chun an cuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3, a bhaint amach, beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas leis an gClár:

(a)

cur le cur chun feidhme éifeachtach an phrionsabail nach ndéanfar idirdhealú ar bhonn ghnéas, thionscnamh ciníoch nó eitneach an duine, nó ar bhonn reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó treoshuímh ghnéasaigh, agus go n-urramófar prionsabal an neamh-idirdhealaithe dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chairt;

(b)

an ciníochas, an tseineafóibe, an homafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chosc agus a chomhrac;

(c)

cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint;

(d)

an comhionannas idir mná agus fir agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

(e)

gach cineál foréigin i gcoinne páistí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac, chomh maith le foréigean i gcoinne grúpaí eile atá i mbaol, go háirithe grúpaí atá i mbaol foréigin óna lucht dlúthchaidrimh, agus íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint.

(f)

cearta páistí a chur chun cinn agus a chosaint;

(g)

cur leis an leibhéal is airde cosanta a áirithiú don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta;

(h)

feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht den Aontas a chur chun cinn agus a fheabhsú;

(i)

a chur ar chumas daoine, agus iad mar thomhaltóirí agus mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, na cearta a dhíorthaíonn ó reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, agus aird á tabhairt ar na tionscadail a mhaoinítear faoin gClár um Thomhaltóirí.

2.   Saothrófar sainchuspóirí an chláir go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar fheasacht agus eolas faoi dhlí agus faoi bheartais an Aontais, agus faoi na cearta, na luachanna agus na prionsabail is bonn don Aontas sin;

(b)

tacú le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach, cuimsitheach agus comhsheasmhach ionstraimí agus bheartais dlí de chuid an Aontais agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu sna Ballstáit;

(c)

an comhar trasteorann a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an eolas agus ar an muinín i measc na ngeallsealbhóirí ar fad;

(d)

feabhas a chur ar an eolas agus an tuiscint ar na hábhair a d'fhéadfadh a bheith ina mbacainní ar fheidhmiú na gceart agus na bprionsabal atá ráthaithe le CAE, le CFAE, leis an gCairt, le coinbhinsiúin idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas tar éis aontú dóibh agus le dlí tánaisteach an Aontais

Airteagal 5

Cineálacha gníomaíochta

1.   Tabharfar maoiniú leis an gClár, inter alia, do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí anailíse, amhail sonraí agus staidreamh a bhailiú; modhanna coiteanna a fhorbairt agus, sa chás inarb iomchuí, táscairí agus tagarmharcanna; staidéir, taighde, anailísí; meastóireachtaí; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais; ceardlanna, seimineáir, cruinnithe de chuid na saineolaithe agus comhdhálacha;

(b)

gníomhaíochtaí oiliúna, amhail malartuithe foirne, ceardlanna, seimineáir, cúrsaí oiliúna d'oiliúnóirí, forbairt uirlisí oiliúna ar líne nó modúl oiliúna eile;

(c)

gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, comhair, ardaithe feasachta agus scaipthe feasachta, amhail sainaithint agus malartú na ndea-chleachtas, na modhanna nuálacha agus na taithí, athbhreithniú piaraí agus foghlaim fhrithpháirteach a eagrú, comhdhálacha, seimineáir, feachtais sna meáin lena n-áirítear na meáin ar líne; feachtais faisnéise, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Chláir; tiomsú agus foilsiú ábhar chun faisnéis a scaipeadh faoin gClár agus a chuid torthaí, forbairt, oibriú agus cothabháil córas agus uirlisí ag úsáid faisnéise agus teicneolaíochtaí na faisnéise;

(d)

tacaíocht do na príomhghníomhaithe a gcuireann a gcuid gníomhaíochtaí le cur chun feidhme chuspóirí an Chláir, mar shampla, tacaíocht d'ENRanna agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu a bhfuil breisluach Eorpach ag roinnt leo, tacaíocht do phríomhghníomhaithe Eorpacha, do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach agus do sheirbhísí comhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta acu; tacaíocht do Bhallstáit agus dlí agus beartais an Aontais á gcur chun feidhme acu; agus tacaíocht do ghníomhaíochtaí líonraithe ar an leibhéal Eorpach i measc sainchomhlachtaí agus saineintitis agus i measc údarás náisiúnta, réigiunach agus áitiúil chomh maith agus i meascENRanna, lena n-áirítear tacaíocht trí dheontais ghníomhaíochta nó trí dheontais oibríochta.

2.   D'fhonn cineál cuimsitheach an Chláir a áirithiú, spreagfaidh tairbhithe spriocghrúpaí ábhartha chun páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin gClár.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht

1.   Beidh rochtain ar an gClár ag na comhlachtaí agus na heintitis uile atá bunaithe go dleathach sna tíortha seo a leanas:

(a)

na Ballstáit;

(b)

tíortha Chomhlachas Saortrádála na hEorpa atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis an gComhaontú sin;

(c)

tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí féideartha agus tíortha a aontaíonn don aontachas, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháírtíocht na dtíortha sin sna cláir Aontais arna mbunú leis na Comhaontuithe Réime faoi seach agu le Comhairlí Comhlachais nó comhaontuithe comhchosúla.

2.   Ní bheidh rochtain ar an gClár ag comhlachtaí agus ag eintitis atá dírithe ar bhrabús ach amháin i gcomhar le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha nó poiblí.

3.   Féadfaidh comhlachtaí agus eintitis atá bunaithe go dleathach i dtríú tíortha, seachas iad siúd atá páirteach sa Chlár i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) de mhír, go háirithe tíortha ina bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa, a bheith i gcomhlachas le gníomhaíochtaí an Chláir, ar a gcostas féin, má fhónann sin do chuspóir na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Féadfaidh an Coimisiún comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na coinníollacha a leagtar síos sna cláir bhliantúla oibre iomchuí. Beidh rochtain ar an gClár ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus na cláir bhliantúla oibre iomchuí.

Airteagal 7

Buiséad

1.   EUR 439 473 000 a a shocraítear mar an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2014-2020.

2.   Féadfaidh leithdháileadh airgeadais an Chláir speansais eile a chlúdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú agus chun measúnú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí an Chláir. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais speansais a chumhdach a bhaineann leis na staidéir, cruinnithe de shaineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid institiúideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh atá riachtanach, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, chomh maith le speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise; mar aon leis an gcúnamh eile de chineál teicniúil agus riaracháin a theastaíonn ón gCoimisiún agus an Clár á bhainistiú.

3.   Déanfaidh Parlaimint na Eorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú faoi chuimsiú an Chreata Airgeadais Ilbhiantúil atá bunaithe le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 (17).

4.   Ó imchlúdach airgeadais an Chláir, leithdháilfear méideanna ar gach grúpa de chuspóirí sonracha i gcomhréir leis na céatadáin atá leagtha amach san Iarscríbhinn.

5.   Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den chlúdach airgeadais, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad, thar breis agus 5 phointe céatadán i gcás gach grúpa de chuspóirí sonracha. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun gach ceann de na figiúir sin a mhodhnú de bhreis agus 5 phointe céatadáin agus suas go 10 bpointe céatadáin.

Airteagal 8

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   An chumhacht chun gníomartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(5), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(5) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní bheidh aon tionchar aige ar bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 9

Bearta cur chun feidhme

1.   Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.   Chun an Clár a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún cláir bhliantúla oibre a ghlacadh i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

3.   Le gach clár bliantúil oibre, cuirfear cuspóirí an chláir chun feidhme tríd an méid a leanas a chinneadh:

(a)

na gníomhaíochtaí atá le déanamh, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4(1), lena n-áirítear leithdháileadh táscach na n-acmhainní airgeadais;

(b)

na príomhchritéir incháilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana atá le húsáid chun na tograí a roghnú ar tograí iad atá chun ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 84 den Rialachán Airgeadais agus le hAirteagal 94 dá Rialacha Cur i bhFeidhm.

(c)

íoschéatadán an chaiteachais bhliantúil atá le leithdháileadh ar dheontais.

4.   Áiritheofar leithdháileadh iomchuí agus cóir na tacaíochta airgeadais ar na réimsí éagsúla a chumhdaítear leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1), agus an leibhéal cistiúcháin a leithdháileadh cheana faoi na cláir 2007-2013 a bhí ann roimhe dá dtagraítear in Airteagal 15 á chur i gcuntas. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh na gcistí ar na réimsí sin sna cláir bhliantúla oibre, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá go leanfar de leibhéal leordhóthanach cistiúcháin a choimeád ar bun agus déanfaidh sé leanúnachas na ngníomhaíochtaí agus na hintuarthachta a áirithiú sna réimsí sonracha uile a leagtar síos in Airteagal 4(1).

5.   Foilseofar glaonna ar thograí ar bhonn bliantúil.

Airteagal 10

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 11

Comhlántacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht, comhlántacht agus sineirgí le hionstraimí eile de chuid an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear an Clár um Cheartas, an Clár ';Eoraip do Shaoránaigh', Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaiócht agus um Nuálaíocht agus cláir eile i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta; na ngnóthaí baile, na sláinte agus chosaint na dtomhaltóirí; an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus spóirt; na sochaí faisnéise; an mhéadaithe, go háirithe an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán agus comhlántacht fhoriomlán agus sineirgí leis an obair a bheidh á déanamh ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá ag feidhmiú sna réimsí a chumhdaítear le cuspóirí an Chláir.

3.   Féadfaidh an Clár acmhainní a roinnt le hionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Clár um Cheartas, d'fhonn gníomhaíochtaí a chur chun feidhme lena ngnóthaítear cuspóirí an dá chlár. Féadfar cistiú ón gClár um Cheartas a bhronnadh ar ghníomhaíocht a bhfuil cistiú bronnta uirthi faoin gClár freisin, ar an gcoinníoll nach gclúdaítear na míreanna costais céanna leis an dá chistiú.

Airteagal 12

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus díspreagthach.

2.   Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

3.   Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) fiosrúcháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (19) ón gComhairle d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh faoi dheontas nó le conradh a cistíodh faoin gClár.

4.   Gan dochar do mhír 1, ná do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha sna comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus sna heagraíochtaí idirnáisiúnta, sna comhaontuithe deontais agus sna conarthaí agus sna cinntí deontais a eascróidh ón gClár seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar de chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na fiosrúcháin dá dtaraítear san míreanna sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an gClár ar bhonn bliantúil chun súil a choinneáil ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin a dhéantar faoi agus ar ghnóthú na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4. Is bealach a bheidh san fhaireachán freisin chun measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhionannais inscne agus frith-idirdhealaithe agus chosaint do pháistí i ngníomhaíochtaí an Chláir.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha seo a leanas ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

tuarascáil bhliantúil faireacháin a bheidh bunaithe ar na táscairí in Airteagal 14(2) agus maidir le húsáid na gcistí atá ar fáil;

(b)

tuarascáil eatramhach mheastóireachta faoin 30 Meitheamh 2018 ar a dhéanaí;

(c)

tuarascáil mheastóireachta ex-post faoin 31 Nollaig 2021.

3.   Déanfar measúnú sa tuarascáil eatramhach mheastóireachta ar ghnóthú chuspóirí an Chláir, ar a éifeachtúla a úsáidfear na hacmhainní agus ar bhreisluach Eorpach an Chláir d'fhonn a chinneadh ar cheart an cistiú a thabharfar do réimsí atá cumhdaithe faoin gClár a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí tar éis 2020. Tabharfar aghaidh freisin ar an scóip maidir le haon simpliú a dhéanfaí ar an gClár, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach an Chláir, agus ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí ex post ar na cláir roimhe sin do 2007-2013 a bunaíodh leis na Cinntí dá dtagraítear in Airteagal 15.

4.   Sa mheastóireacht ex-post déanfar measúnú ar an tionchar fadtéarmach a bheidh ag an gClár agus ar inbhuanaitheacht iarmhairtí an Chláir, d'fhonn eolas a chur ar fáil i dtaca le cinneadh a dhéanamh faoi chlár eile a leanfaidh é.

Airteagal 14

Táscairí

1.   I gcomhréir le hAirteagal 13, is bonn a bheidh sna táscairí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, lena ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an méid a bhainfear amach cuspóirí sonracha an Chláir a leagtar amach in Airteagal 4 leis na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear le hAirteagal 5. Déanfar iad a thomhas in aghaidh bunlínte réamhshainithe a léiríonn an staid roimh chur chun feidhme. I gcás inarb ábhartha, déanfar táscairí a mhiondealú de réir inscne, aoise agus míchumais.

2.   Áireofar sna tascairi dá dtagraítear i mír 1, na nithe seo a leanas, inter alia:

(a)

líon agus céatadán na ndaoine sa spriocghrúpa a sroicheadh leis na gníomhaíochtaí feasachta a cistíodh leis an gClár;

(b)

líon na bpáirtithe leasmhara atá ag glacadh páirte, inter alia, i ngníomhaíochtaí oiliúna, i malartuithe, i gcuairteanna staidéir, i gceardlanna agus i seimineáir atá cistithe ag an gClár;

(c)

Méadú ar leibhéal an eolais ar dhlí agus ar bheartais an Aontais agus, i gcás inarb infheidhme, ar na cearta, na luachanna agus na prionsabail atá mar bhonn don Aontas, i measc na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár, i gcomparáid leis an spriocghrúpa ina iomláine;

(d)

líon na gcásanna, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur sa chomhar trasteorann

(e)

meastóireachtaí na rannpháirtithe maidir leis na gníomhaíochtaí ina raibh siad páirteach agus maidir lena n-inbhuanaitheacht (mar a cheaptar a bheidh);

(f)

clúdach geografach na ngníomhaíochtaí a cistíodh leis an gClár;

(g)

líon na n-iarratas agus na ndeontas a bhaineann le gach cuspóir sonrach;

(h)

an leibhéal cistiúcháin a d'iarr na hiarratasóirí agus a deonaíodh i ndáil le gach cuspóir sonrach.

3.   De bhreis ar na táscairi a leagtar amach i mír 1, déanfar na nithe seo a leanas, inter alia, a mheasúnú sna tuarascálacha eatramhacha agus ex-post:

(a)

breisluach Eorpach an Chláir, lena n-áirítear meastóireacht ar ghníomhaíochtaí an Chláir i gcomparáid le tionscnaimh chomhchosúla eile a rinneadh a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó Eorpach agus gan chistiú ón Aontas, agus na torthaí (mar a cheaptar a bheidh); agus na buntáistí agus/nó na míbhuntáistí a bhaineann le maoiniú ón Aontas i gcomparáid le maoiniú náisiúnta don chineál gníomhaíochta atá i gceist;

(b)

an leibhéal cistiúcháin le hais na torthaí a baineadh amach (éifeachtúlacht).

(c)

na constaicí a d'fhéadfadh a bheith ann, idir chonstaicí riaracháin, eagrúcháin agus struchtúracha, don Chlár a chur chun feidhme ar bhealach níos rianúla, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla (raon don simpliú).

Airteagal 15

Bearta idirthréimhseacha

Gníomhaíochtaí a tionscnaíodh ar bhonn roinn 4 ("Frith-idirdhealú agus éagsúlacht") agus roinn 5 ('Comhionnas Inscne') de Chinneadh 1672/2006/CE, ar bhonn Chinneadh 2007/252/CE, nó ar bhonn Chinneadh 779/2007/CE,, leanfar dá rialú le forálacha na gCinntí sin, go dtí go mbeidh na gníomhaíochtaí sin críochnaithe. Maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfar tagairtí do na Coistí dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1672/2006/CE, in Airteagal 10 de Chinneadh 2007/252/CE agus in Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 779/2007/CE agus in a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Rialachán seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. LINKEVIČIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch 108

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 43.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 2013.

(4)  IO C 115, 4.5.2010, lch. 1.

(5)  IO C 258, 2.9.2011, lch. 6.

(6)  Cinneadh Uimh. 293/2000/CE óPharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Eanáir 2000 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail (Clár Daphne) (2000-2003) maidir le bearta coisctheacha chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga agus ban a chomhrac (IO L 34, 9.2.2000, lch. 1); Cinneadh Uimh 803/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena nglactar clár gníomhaíochta Comhphobail (2004-2008) chun an foréigean i gcoinne leanaí, daoine óga, agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íosphartaigh agus agus grúpaí atá i mbaol a chosaint (Clár Daphne II) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 1); Cinneadh Uimh. 779/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena mbunaítear clár sonrach don tréimhse 2007-2013 chun an foréigean u gcoinne leanaí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac agus chun íosphartaigh agus grúpaí atá i mbaol a chosaint (IO L 173, 3.7.2007, lch. 19) mar chuid den Chlár Ginearálta um Chearta Bunúsacha agus um Cheartas (IO L 173, 3.7.2007, lch. 19)

(7)  Cinneadh Uimh. 1672/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Comhphobail um Fhostaíocht agus um Dhlúthpháirtíocht Shóisialta - Dul chun cinn (IO L 315, 15.11.2006, lch.1).

(8)  Cinneadh 2007/252/CE ón gComhairle an 19 Aibreán 2007 lena mbunaítear don tréimhse 2007-2013 an clár sonrach 'Cearta bunúsacha agus saoránacht' mar chud den Chlár ginearálta 'Cearta Bunúsacha agus Ceartas' (IO L 110, 27.4.2007, lch. 33).

(9)  Cinneadh Uimh 116/2007/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2007 maidir leis an tsraith uimhrithe náisiúnta a thosaíonn le '116' a choimeád d'uimhreacha comhchuibhithe do sheirbhísí cmhchuibhithe a bhfuil luach sóisialta ag gabháil leo (IO L 49, 17.2.2007, lch. 30).

(10)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(11)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020 (Féach leathanach 73 den Iris Oifigiúil seo).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta ("EaSI") agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(16)  Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 362, 31.12.2012, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

(18)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(19)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile(IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

LEITHDHÁILEADH NA gCISTÍ

Laistigh d'imchlúdach airgeadais an Chláir, is mar a leanas a leithdháilfear méideanna ar na grúpaí de chuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1):

Grúpaí de chuspóirí sonracha

Sciar an imchlúdaigh airgeadais (mar %)

Grúpa 1

57 %

cur le cur chun feidhme éifeachtach an phrionsabail nach ndéanfar idirdhealú ar bhonn ghnéas, thionscnamh ciníoch nó eitneach an duine, nó ar bhonn reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó treoshuímh ghnéasaigh, agus go n-urramófar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar an mbonn dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Chairt;

an ciníochas, an tseineafóibe, an homafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chosc agus a chomhrac;

cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn agus a chosaint;

an comhionannas idir mná agus fir agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

Grúpa 2

43 %

gach cineál foréigin i gcoinne páistí, daoine óga agus ban a chosc agus a chomhrac, chomh maith le foréigean i gcoinne grúpaí eile atá i mbaol, go háirithe grúpaí atá i mbaol foréigin óna lucht dlúthchaidrimh, agus íospartaigh an fhoréigin sin a chosaint;

cearta páistí a chur chun cinn agus a chosaint;

cur leis an leibhéal is airde cosanta a áirithiú don phríobháideachas agus do shonraí pearsanta;

feidhmiú na gceart a eascraíonn as saoránacht an Aontais a chur chun cinn agus a fheabhsú;

a chur ar chumas daoine, agus iad mar thomhaltóirí nó mar fhiontraithe sa mhargadh inmheánach, na cearta a dhíorthaíonn ó reachtaíocht an Aontais a fhorfheidhmiú, agus aird á tabhairt ar na tionscadail a mhaoinítear faoin gClár um Thomhaltóirí.