20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

865


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1310/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus a ndáileadh i dtaca leis an mbliain 2014 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm sa bhliain 2014

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a bheith curtha chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014, leagtar síos rialacha a rialaíonn tacaíocht an Aontais d'fhorbairt tuaithe agus aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (3), gan dochar do chur i bhfeidhm leanúnach na Rialachán lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme go dtí go ndéanfar iad a aisghairm. Chun an t-aistriú ó na scéimeanna tacaíochta atá ann faoi láthair faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 chuig an gcreat dlí nua a chumhdóidh an chlárthréimhse a thosóidh an 1 Eanáir 2014 (“an chlárthréimhse nua”) a éascú, ba cheart rialacha idirthréimhseacha a ghlacadh d'fhonn aon deacracht nó aon mhoill maidir le cur chun feidhme na tacaíochta forbartha tuaithe a sheachaint, ar deacrachtaí nó moilleanna iad a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an dáta ar a nglacfar na cláir forbartha tuaithe nua a bheadh ina cúis leo. Ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann leanúint de ghealltanais dhlíthiúla a ghabháil de láimh in 2014 faoina gclár forbartha tuaithe atá ann cheana, i gcás beart áirithe agus ba cheart go mbeadh an caiteachas a bheidh ann dá bharr incháilithe le haghaidh tacaíochta sa chlárthréimhse nua.

(2)

I bhfianaise an athruithe mhóir sa mhodh atá molta i dtaca le limistéir a theorannú don chlár tréimhse atá le teacht, ar limistéir iad a bhfuil srianta suntasacha nádúrtha ag bagairt orthu níor cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid a fhorchuirtear ar an bhfeirmeoir leanúint den fheirmeoireacht sa limistéar ar feadh cúig bliana maidir le gealltanais nua dhlíthiúla a tugadh in 2014.

(3)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i rith an aistrithe, ba cheart go mbeadh caiteachas áirithe, a dhéanfar de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, incháilithe do ranníocaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa chlárthréimhse nua i gcás ina bhfuil íocaíochtaí fós le déanamh. Leis an bhforáil sin, ba cheart go gcumhdófaí freisin gealltanais fhadtéarma áirithe faoi bhearta comhchosúla dá bhforáiltear, i Rialachán (CEE) Uimh. 2078/92 ón gComhairle, agus i Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 (4)  (5) i Rialachán (CEE) Uimh. 2080/92 ón gComhairle (6) agus i Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999ón gComhairle (7) i gcás ina raibh tacaíocht á tabhairt do na bearta sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 agus go mbeidh íocaíochtaí le déanamh fós in 2014. Ar mhaithe le bainistiú fónta airgeadais agus cur chun feidhme éifeachtach na gclár, ba cheart caiteachas den sórt sin a shainaithint go soiléir sna cláir forbartha tuaithe agus ar fud chórais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát. D'fhonn castacht nach bhfuil gá léi a sheachaint sa bhainistiú airgeadais ar chláir forbartha tuaithe sa chlárthréimhse nua, ba cheart go mbeadh feidhm ag rátaí cómhaoinithe na clárthréimhse nua maidir le caiteachas idirthréimhseach.

(4)

I bhfianaise na ndeacrachtaí tromchúiseacha a bhfuil roinnt Ballstát fós i ngleic leo maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, agus d'fhonn teorann a chur, le linn an trasdula ón gclárthréimhse reatha go dtí an clár thréimhse nua, leis na drochéifeachtaí a eascraíonn ó na deacrachtaí sin tríd an úsáid is fearr a bhaint as cistí CETFT atá ar fáil, is gá síneadh a chur le tréimhse an mhaolaithe lena méadaítear uasrátaí ranníocaíochta chistí CETFT dá bhforáiltear in Airteagal 70(4c) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle, go dtí an dáta deiridh incháilitheachta caiteachais don chlárthréimhse 2007-2013, eadhaon go dtí an 31 Nollaig 2015.

(5)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), bunaítear scéimeanna tacaíochta nua agus tá feidhm le bheith aige ón 1 Eanáir 2015. Ba cheart, dá bhrí sin, go leanfadh Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (9) de bheith mar bhonn i gcónaí le tacaíocht ioncaim a thabhairt d'fheirmeoirí sa bhliain féilire 2014 ach aa cheart Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle (10) a chur san áireamh mar is iomchuí. D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú maidir le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le tras-chomhlíonadh agus urramú na gcaighdeán atá riachtanach do bhearta áirithe, is gá foráil a dhéanamh go leanfaidh na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm sa chlárthréimhse 2007-2013 d'fheidhm a bheith acu go dtí go dtiocfaidh an creat reachtach nua i bhfeidhm. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go leanfadh na forálacha a bhaineann le híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit, atá i bhfeidhm in 2013, d'fheidhm a bheith acu.

(6)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tugtar an fhéidearthacht do na Ballstáit na híocaíochtaí díreacha a réamh-íoc. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, is gá don Choimisiún feidhmiú na féidearthachta sin a údarú. Tá sé léirithe ó thaithí a fuarthas agus scéimeanna tacaíochta dírí á gcur chun feidhme gurb iomchuí cead a thabhairt d'fheirmeoirí réamhíocaíochtaí a fháil. Maidir le hiarratais a dhéanfar in 2014, ba cheart na réamhíocaíochtaí sin a theorannú go suas le 50 % de na scéimeanna tacaíochta atá a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus suas le 80 % den íocaíocht mhairteola agus laofheola.

(7)

D'fhonn Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 a chomhlíonadh, agus go háirithe an cothromú ar an méid atá ar fáil chun tacaíocht dhíreach a thabhairt d'fheirmeoirí chomh maith leis an sásra cóineasaithe sheachtraigh, is gá na huasteorainneacha náisiúnta atá socraithe in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a mhodhnú don bhliain 2014. Ar ndóigh, beidh tionchar ag an modhnú ar na huasteorainneacha náisiúnta ar na méideanna a fhéadfaidh feirmeoirí aonair a fháil mar íocaíochtaí díreacha in 2014. Ba cheart, mar sin, an chaoi ina mbeidh tionchar ag an modhnú seo ar luach na dteidlíochtaí íocaíochtaí agus ar leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha eile a leagan síos. D'fhonn cás feirmeoirí beaga a chur san áireamh, go háirithe toisc nach mbeidh aon mhodhnú ná sásra coigeartaithe, lena n-áirítear go háirithe íocaíochtaí díreacha suas le EUR 5 000 a dhíolmhú ó shásra den sórt sin, infheidhme in 2014, maidir leis na Ballstáit nach dtugann íocaíochta athdháilte agus nach roghnaíonn cistí a aistriú chuig an tacaíocht don fhorbairt tuaithe tríd an sásra solúbthachta, ba cheart go mbeidís in ann gan luach na dteidlíochtaí íocaíochtaí uile a laghdú.

(8)

Forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, go háirithe maidir leis na gnéithe a chumhdaítear leis na figiúirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán sin agus an nasc leis an deis a thugtar do na Ballstáit na cistí nach gcaitear sa scéim íocaíochta aonair a úsáid chun an tacaíocht shonrach a mhaoiniú, ba cheart iad a shoiléiriú ar bhonn na taithí a fuarthas i gcur chun feidhme airgeadais an Rialacháin sin.

(9)

Faoi Rialachán (CE) Uimh 73/2009, d'fhéadfadh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh céatadán áirithe dá n-uasmhéid náisiúnta a úsáid mar thacaíocht shonrach dá bhfeirmeoirí, chomh maith le cinneadh roimhe sin a athbhreithniú trí chinneadh a dhéanamh an tacaíocht sin a mhodhnú, nó deireadh a chur léi. Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breise ar na cinntí sin le héifeacht ón mbliain féilire 2014. Ag an am céanna, na coinníollacha speisialta a leagtar amach in Airteagal 69(5) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ar dá mbun a n-íoctar an tacaíocht shonrach i mBallstáit áirith, atá le dul in éag in 2013, is gá iad a shíneadh ar feadh aon bhliain amháin eile, d'fhonn aon chur isteach ar mhéid na tacaíochta a sheachaint. I bhfianaise thabhairt isteach na tacaíochta deonaí cúpláilte a bheidh ar fáil amhail ón 1 Eanáir 2015 le haghaigh earnálacha nó réigiún áirithe i gcásanna a shaineofar go soiléir, is iomchuí na Ballstáit a cheadú leibhéal chineálacha áirithe na tacaíochta sonraí a mhéadú go 6,5 % faoi Airteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 in 2014.

(10)

Ba cheart go mbeadh an tacaíocht aonadach d'fheirmeoirí a bhfuil gabháltais bheaga acu leordhóthanach chun an chuspóir de thacaíocht ioncaim a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil, agus nach mbeidh aon mhodhnú ná sásra coigeartaithe lena n-áirítear íocaíochtaí díreacha suas le EUR 5 000 a dhíolmhú ón sásra sin infheidhme in 2014, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann tacaíocht dhíreach a athdháileadh cheana in 2014 i measc na bhfeirmeoirí trí íocaíocht bhreise a thabhairt dóibh as na céad heicteár.

(11)

Scéim idirthréimhseach is ea an scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus bhí deireadh le cur léi an 31 Nollaig 2013. I gcomhthéacs an athchóirithe ar an gcomhbheartas talmhaíochta ("an CBT"), cinneadh go mbeadh na Ballstáit a chuireann an scéim i bhfeidhm in ann í a chur i bhfeidhm chun críocha an bhuníocaíocht a dheonadh le haghaidh tréimhse idirthréimhsí breise go dtí deireadh 2020 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm na scéime íocaíochta aonair limistéir i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a shíneadh le bliain amháin. Ina theannta sin, d'fhonn athstruchtúrú leanúnach talaimh a chur san áireamh agus ar chúiseanna simplithe, ba cheart go n-áireofaí le limistéar incháilithe talmhaíochta sna Ballstáit sin na limistéir incháilithe sin nach raibh riocht mhaith talmhaíochta orthu an 30 Meitheamh 2003, agus is amhlaidh a bheidh ón 1 Eanáir 2015 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

(12)

I gcomhréir le hAirteagal 133a de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, féadfaidh na Ballstáit nua, seachas an Bhulgáir agus an Rómáin, a mbeidh an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu cabhair idirthréimhseach náisiúnta d'fheirmeoirí a thabhairt in 2013. I bhfianaise tréimhse na scéime íocaíochta aonair limistéir a fhadú don bhliain 2014, ba cheart do na Ballstáit sin an fhéidearthacht sin a choimeád ar bun in 2014. I bhfianaise leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha sa Bhulgáir agus sa Rómáin in 2014, ar íocaíochtaí iad atá faoi Airteagal 132 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin cabhair idirthréimhseach náisiúnta a roghnú in 2014 seachas íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha a dheonú.

(13)

Tá cabhair idirthréimhseach náisiúnta le deonú faoi réir na coinníollacha céanna leis na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm ar an gcabhair sin in 2013, nó, i gcás na Bulgáire agus na Rómáine, faoi réir na gcoinníollacha céanna agus iad siúd a chuirtear i bhfeidhm ar íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha in 2013. D'fhonn bainistiú na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta a shimpliú in 2014, áfach, níor cheart na laghduithe dá dtagraítear in Airteagal 132(2) i dteannta Airteagal 7 agus Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a chur i bhfeidhm. Fairis sin, d'fhonn a áirithiú go bhfuil an chabhair idirthréimhseach náisiúnta comhtháite leis an sásra cóineasaithe, ba cheart go d teorannófaí an t-uasleibhéal cabhrach chuig céatadán áirithe, de réir earnála,. I bhfianaise na staide deacra airgeadais sa Chipir, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Bhallstáit sin d'oiriúnaithe áirithe.

(14)

Le cur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar riachtanais a n-earnálacha talmhaíochta nó a mbeartas forbartha tuaithe a threisiú ar bhealach níos solúbtha, ba cheart go mbeidís in ann cistí a aistriú óna n-uasmhéideanna íocaíochta dírí chuig an tacaíocht atá sannta acu don fhorbairt tuaithe agus vice versa Ag an am céanna, ba cheart caoi a thabhairt do na Ballstáit sin ina bhfuil leibhéal na tacaíochta dírí níos lú ná 90 % den mheánleibhéal tacaíochta san Aontas, cistí breise a aistriú óna dtacaíocht a shanntar don fhorbairt tuaithe go dtí a n-uasmhéideanna d'íocaíochtaí díreacha. Ba cheart roghanna den sórt sin a dhéanamh, faoi theorainneacha áirithe, don tréimhse iomlán lena gcuimsítear na blianta airgeadais 2015-2020, agus ba cheart go mbeifí in ann athbhreithniú a dhéanamh in 2017, ar choinníoll nach mbeidh aon laghdú sna méideanna arna leithdháileadh d'fhorbairt tuaithe mar thoradh ar athbhreithniú den sórt sin.

(15)

Le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), rinneadh foráil d'aisghairm Threoir 80/68/CEE ón gComhairle (13) le héifeacht ón 22 Nollaig 2013. Chun na rialacha céanna faoi thras-chomhlíonadh a bhaineann le cosaint screamhuisce a choimeád leo siúd a leagtar síos iad i dTreoir 80/68/CEE ar lá deireanach a bailíochta, is iomchuí raon feidhme an tras-chomhlíonta a choigeartú agus caighdeán dea-bhaile talmhaíochta agus comhshaoil lena gcumhdaítear ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 araon den Treoir sin araon a shainiú.

(16)

Le hAirteagal 83 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), foráiltear doan tagairt d'Airteagal 3 de Threoir 914/414/CEE ón gComhairle (15) a fhorléiriú mar thagairt d'Airteagal 55 de Rialachán Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 sin. Le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 áfach, rinneadh an tagairt sin a theorannú chun nach dtagraíonn sí anois ach don chéad agus don dara abairt d'Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. D'fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an ceanglas a bheidh ann in 2014 i dtaca le húsáid táirgí cosanta plandaí agus na ceanglais a bheidh ann sna blianta ina dhiaidh sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 a leasú dá réir.

(17)

Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (16) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairledon tacaíochta do thógáil seiriceán a chomhtháthúsa chóras tacaíochta dírí agus, mar thoradh air sin, dá bhaint ó Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. I bhfianaise chur chun feidhme moillithe an chórais tacaíochta dírí nua, ba cheart leanúint de chabhair a thabhairt d'earnáil na seiriceán, ar feadh aon bhliain amháin eile.

(18)

Tá údarú faighte ag an bhFionlainn tacaíocht náisiúnta a íoc le hearnálacha áirithe talmhaíochta i ndeisceart na Fionlainne i gcomhréir le hAirteagal 141 d'Ionstraim Aontachais 1994. Agus uainiú athchóiriú CBT á chur san áireamh agus mar gheall ar an staid dheacair eacnamaíoch a ghabhann leis an talmhaíocht i ndeisceart na Fionlainne agus go bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth, dá bhrí sin, ar na táirgeoirí go fóill, is iomchuí foráil a dhéanamh do bhearta comhtháthaithe lena bhféadfaidh an Fhionlainn, i gcomhréir le hAirteagal 42 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, údarú a fháil ón gCoimisiún cabhair náisiúnta a dheonú i ndeisceart na Fionlainne faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart cabhair ioncaim a laghdú de réir a chéile ar feadh na tréimhse uile agus ba cheart, faoi 2020, nach mbeadh an t-ioncam sin níos mó ná 30 % de na suimeanna a dheonaítear in 2013.

(19)

Thairis sin, na forálacha maidir leis an gcóras comhairleach feirme, an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe agus an tras-chomhlíonadh a leagtar síos i dTeideal III, i gCaibidil II de Theideal V agus i dTeideal VI faoi seach de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ba cheart go mbeadh feidhm leo ón 1 Eanáir 2015.

(20)

Tar éis Airteagal 136a a chur isteach i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 is gá tagairtí d'Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.

(22)

Ionas go mbeifí in ann na forálacha idirthréimhseacha atá beartaithe a chur i bhfeidhm go pras, tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe agus ba cheart go mbeadh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014. D'fhonn aon fhorluí a sheachaint idir na rialacha maidir le solúbthacht idir na colúin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a leasaítear leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh feidhm ag an leasú áirithe sin ar Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón 31 Nollaig 2013 agus ba cheart go mbeadh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag na leasuithe ar Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, a bhfuil sé mar aidhm acu a áirithiú go leanfar leis na rialacha reatha maidir le tras-chomhlíonadh a áirithiú, ó dháta aisghairme Threoir 80/68/CEE.é.

(23)

Agus iad ag cur san áireamh an fhíric go mbeidh an bhliain 2014 mar bhliain idirthréimhseach a mbeidh ar na Ballstáit cur chun feidhme iomlán an athchóirithe CBT a ullmú lena linn, tá sé tábhachtach a áirithiú go gcoimeádfar ar an dearbh-íosmhéid an t-ualach riaracháin a bheidh mar thoradh ar na socruithe idirthréimhseacha a leagtar síos sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LE TACAÍOCHT D'FHORBAIRT TUAITHE

Airteagal 1

Gealltanais dhlíthiúla faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 in 2014

1.   Gan dochar d'Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh na Ballstáit leanúint de ghealltanais nua dlíthiúla a thabhairt i ndáil le tairbhithe in 2014, i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20, ach amháin pointí (a)(iii), mír (c)(i) agus pointe (d) de, agus in Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, de bhun na gclár forbartha tuaithe a ghlactar ar bhonn an Rialacháin sin fiú tar éis ídiú acmhainní airgeadais na clártréimhse 2007-2013, ar choinníoll go gcuirtear isteach an t-iarratas ar thacaíocht roimh ghlacadh an chláir forbartha tuaithe a bhaineann le clárthréimhse 2014-2020.

Gan dochar do Phointe E d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2012 ná do na forálacha a glacadh ar an mbonn sin, féadfaidh an Chróit leanúint de ghealltanais dhlíthiúla nua a thabhairt i ndáil le tairbhithe in 2014 i ndáil leis na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c)d'Airteagal 171(2) (a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 (17), de bhun chlár na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais don Fhorbairt Tuaithe a glacadh ar bhonn an Rialacháin sin, fiú tar éis ídiú acmhainní ábhartha airgeadais an chláir sin, ar choinníoll go gcuirtear isteach an t-iarratas ar thacaíocht roimh ghlacadh a cláir forbartha tuaithe don chlárthréimhse 2014-2020.

Beidh an caiteachas a thabhaítear ar bhonn na ngealltanas sin incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach sa dara fleasc d'Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 maidir le gealltanais nua dlí a thabharfaidh na Ballstáit faoi phointí (a)(i) agus (ii) d'Airteagal 36 den Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 in 2014.

Airteagal 2

Cur i bhfeidhm leanúnach Airteagal 50a agus Airteagal 51 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

Gan dochar d'Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, leanfaidh Airteagal 50a agus Airteagal 51 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 d'fheidhm a bheith acu go dtí an 31 Nollaig 2014 le hoibríochtaí a roghnófar faoi na cláir forbartha tuaithe de chlárthréimhse 2014-2020 de bhun phointe (a) agus phointe (b) Airteagal 22(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 maidir leis an bpréimh bhliantúil, agus de bhun Airteagail 29 go 32, 34 agus 35 den Rialachán sin.

Airteagal 3

Incháilitheacht cineálacha áirithe caiteachais

1.   Gan dochar d'Airteagal 6(1) agus Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, maidir le caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla a thugtar do thairbhithe agus a dhéantar faoi na beartais dá dtagraítear in Airteagal 20 agus in Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 1968/2005, agus, gan dochar do Pointe E d'Iarscríbhinn VI a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2012 ná do na forálacha a glacadh ar an mbonn sin, i gcás na Cróite, na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 171(2) (a) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 718/2007, beidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT i gclárthréimhse 2014-2020 sna cásanna seo a leanas:

(a)

maidir le híocaíochtaí a bheidh le déanamh idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2015, agus i gcás na Cróite, idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2016, gcás inar ídíodh an leithdháileadh airgeadais don bheart ábhartha den chlár faoi seach a glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó de bhun Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 cheana féin; agus

(b)

maidir le híocaíochtaí a bheidh le déanamh tar éis an 31 Nollaig 2015, agus,i gcás na Cróite, tar éis an 31 Nollaig 2016.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin maidir le gealltanais dhlíthiúla dá bhforáiltear do thairbhithe a dhéantar faoi bhearta comhréireacha i Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999, Rialachán (CEE) Uimh. 2078/92 agus Rialachán (CEE) Uimh. 2080/92, ar bearta iad a raibh tacaíocht á fáil acu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005.

2.   Beidh an caiteachas dá dtagraítear i mír 1 incháilithe chun ranníocaíocht a fháil ó CETFT sa chlárthréimhse 2014-2020 faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndéantar foráil do chaiteachas den sórt sin sa chlár forbartha tuaithe a bhaineann le clárthréimhse 2014-2020;

(b)

go bhfuil feidhm ag ráta ranníocaíochta CETFT den bheart comhfhreagrach faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; agus

(c)

go n-áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na hoibríochtaí idirthréimhseacha ábhartha a shainaithint go soiléir lena gcóras bainistithe agus rialaithe.

Airteagal 4

Cur i bhfeidhm forálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 in 2014

De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, don bhliain 2014:

(a)

léifear an tagairt do Chaibidil I de Theideal VI de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 in Airteagail 28, 29, 30 agus 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar thagairt d'Airteagal 5 agus d'Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus d'Iarscríbhinn II agus d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis.

(b)

léifear an tagairt in Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 d'Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar thagairt d'Airteagal 132 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.

(c)

léifear an tagairt i bpointe (a) d'Airteagal 40a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 d'Airteagal 16a de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar thagairt d'Airteagal 121 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.

CAIBIDIL 2

LEASUITHE

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

Leasaítear Airteagal 70(4)(c) Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 mar a leanas:

(a)

sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

"(4c)   De mhaolú ar na huasteorainneacha a leagtar amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, féadfar rannchuidiú CETFT a mhéadú go huasmhéid 95 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gCuspóir Cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85 % den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile. Beidh na rátaí seo i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a dhearbhófar as an nua i ngach dearbhú deimhnithe caiteachais go dtí an dáta deiridh incháilitheachta caiteachais don chlárthréimhse 2007-2013 an 31 Nollaig 2015 sa chás go gcomhlíonann Ballstát, ar annó ina dhiaidh sin, ceann de na coinníollacha a leanas:"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Cuirfidh Ballstát ar mian leis leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear sa chéad fhomhír iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin a chlár forbartha tuaithe a mhodhnú dá réir sin. Beidh feidhm ag an maolú ón tráth a mbeidh modhnú an chláir formheasta ag an gCoimisiún."

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 73/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 mar seo a leanas:

(1)

In Airteagal 29, cuirtear isteach an mhír a leanas:

"5.   De mhaolú ar mhír 2, déanfaidh na Ballstáit, ón 16 Deireadh Fómhair 2014 i leith, réamh-íocaíochtaí a íoc le feirmeoirí, de suas le 50 % de na híocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna tacaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I i ndáil le hiarratais a dhéanfar in 2014. I gcás na n-íocaíochtaí mairteola agus laofheola dá bhforáiltear i Roinn 11 de Chaibidil 1 de Theideal IV, féadfaidh na Ballstáit an céatadán sin a mhéadú chuig suas le 80 %."

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

"Airteagal 40

Uasteorainneacha náisiúnta

1.   Do gach Ballstát agus do gach bliain, beidh luach iomlán na dteidlíochtaí íocaíochta leithdháilte, an chúlchiste náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 agus na n-uasteorainneacha a socraítear i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus Airteagal 69(3) agus Airteagal 72b cothrom lena uasteorainn náisiúnta a socraítear in Iarscríbhinn VIII.

2.   Más gá, déanfaidh Ballstát laghdú/méadú líneach ar luach gach teidlíochta ar íocaíocht, nó ar mhéid an chúlchiste náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 nó orthu araon d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad i gcomhréir lena uasmhéid náisiúnta a shocraítear in Iarscríbhinn VIII.

Na Ballstáit a chinneann, chun críche an laghdaithe a mbeidh gá leis a fháil maidir le luach na dteidlíochtaí bhforáiltear sa chéad fhomhír, nach gcuirfidh siad Caibidil 5a de Theideal III den Rialachán seo chun feidhme, agus nach mbainfidh siad feidhm as an deis faoi Airteagal 136(a)1, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan na teidlíochtaí íocaíochta sin a ghníomhachtaigh feirmeoirí in 2013 a laghdú, ar feirmeoirí iad a rinne éilimh ar níos lú ná méid na n-íocaíochtaí díreacha agus atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann;, ní rachaidh an méid sin os cionn EUR 5 000.

3.   Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), maidir le méideanna na n-íocaíochtaí díreacha is féidir a dheonú i mBallstát i ndáil leis an mbliain féilire 2014 faoi Airteagail 34, 52, 53, 68 agus 72a den Rialachán seo agus maidir le cúnamh do thógálaithe seiriceán faoi Airteagal 111 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ní sháróidh siad na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo don bhliain sin, a laghdaítear leis na méideanna a bheidh mar thoradh ar chur chun feidhme Airteagal 136b den Rialachán seo don bhliain féilire 2014 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIa a ghabhann leis an Rialachán seo.

I gcás inar ghá, agus d'fhonn na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, a laghdaítear leis na méideanna a bheidh mar thoradh ar chur chun feidhme Airteagal 136b don bhliain féilire 2014 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIa a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfaidh na Ballstáit laghdú líneach sna méideanna íocaíochtaí dírí maidir leis an mbliain féilire 2014.

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/97, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch 549.).""

(3)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 41(1), pointe (b):

"(b)

luach iomlán na dteidlíochtaí leithdháilte uile agus na dteorainneacha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 51(2), le hAirteagal 69(3) agus le hAirteagal 72b den Rialachán seo."

(4)

Cuirtear an fhomhír a leanas le hAirteagal 51(2):

"Don bhliain 2014, beidh na huasteorainneacha do na híocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 52 agus Airteagal 53 comhionann leis na huasteorainneacha a shocraítear don bhliain 2013, iolraithe faoi chomhéifeacht a ríomhtar do gach Ballstát lena mbaineann tríd an uasteorainn náisiúnta do 2014 a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a roinnt faoin uasteorainn náisiúnta don bhliain 2013. Ní bheidh feidhm ag an iolrú seo ach maidir le Ballstáit ar ina leith a mbeidh an uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII don bhliain 2014 níos ísle ná an uasteorainn náisiúnta don bhliain 2013.".

(5)

In Airteagal 68(8), cuirtear an méid a leanas in ionad fhrása tosaigh:

"8.   Faoin 1 Feabhra 2014 féadfaidh na Ballstáit sin a rinne an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 69(1) athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus cinneadh a dhéanamh, a mbeidh éifeacht leis ó 2014, an méid seo a leanas a dhéanamh:".

(6)

Leasaítear Airteagal 69 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh, faoin 1 Lúnasa 2009, foain 1 Lúnasa 2010, faoin 1 Lúnasa 2011, faoin 1 Meán Fómhair 2012, faoina dháta aontachais i gcás na Cróite, nó faoin 1 Feabhra 2014, go n-úsáidfidh siad, ón mbliain tar éis an chinnidh sin a dhéanamh, ó chéad bhliain chur chun feidhme na scéime íocaíochta dírí i gcás na Cróite,nó i gcás cinnidh a dhéanfar roimh 1 Feabhra 2014, amhail ón bhliain 2014 ar aghaidh, suas le 10 % dá n-uasmhéid náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 40 nó, i gcás Mhálta, go n-úsáidfidh sí méid de EUR 2 000 000 chun an tacaíocht shonrach dá bhforáiltear in Airteagal 68(1) a thabhairt.";

(b)

I mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

"Chun comhlíonadh na n-uasteorainneacha náisiúnta a áirithiú mar a fhoráiltear in Airteagal 40(2) agus chun an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 41(1) a dhéanamh, agus chun na gcríoch sin amháin, déanfar na méideanna a úsáidtear chun an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 68(1) a dheonú a bhaint den uasteorainn náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 40(1). Áireofar iad mar theidlíochtaí ar íoca."

(c)

i mír 4, cuirtear an céatadán "6,5 %" in ionad "3,5 %":

(d)

Sa chéad abairt de mhír 5, cuirtear an bhliain "2014" in ionad na bliana "2013";

(e)

I mír 6, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:

"Chun comhlíonadh na n-uasteorainneacha náisiúnta a áirithiú mar a fhoráiltear in Airteagal 40(2) agus chun an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 41(1) a dhéanamh, agus chun na gcríoch sin amháin, má bhaineann Ballstát úsáid as an rogha dá bhforáiltear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní áireofar an méid lena mbaineann mar chuid de na huasteorainneacha a shocraítear faoi mhír 3 den Airteagal seo."

(7)

I dTeideal III cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach:

"Caibidil 5a

ÍOCAÍOCHT ATHDHÁILTE IN 2014

Airteagal 72a

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin 1 Márta 2014, íocaíocht a dheonú le haghaidh 2014 d'fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochta faoin scéim íocaíochta aonair dá dtagraítear i gCaibidil 1, 2 agus3 ("an íocaíocht athdháilte").

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh faoin 1 Márta 2014.

2.   Na Ballstáit a chinn scéim na híocaíochta aonair a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 46, féadfaidh siad an íocaíocht athdháilte a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Gan dochar do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais, do laghduithe líneacha dá dtagraítear in Airteagal 40(3), agus do chur i bhfeidhm Airteagal 21 agus Airteagal 23, deonófar an íocaíocht athleithdháilte o nuair a ghníomhachtóidh an feirmeoir na teidlíochtaí íocaíochta.

4.   Ríomhfaidh na Ballstáit an íocaíocht athdháilte trí fhigiúr a shocróidh na Ballstáit nach mbeidh níos airde ná 65 % den mheáníocaíocht náisiúnta nó réigiúnach in aghaidh an heicteáir a mhéadú faoi líon na dteidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtaigh an feirmeoir i gcomhréir le hAirteagal 34. Ní rachaidh líon na dteidlíochtaí íocaíochta sin thar uasmhéid a bheidh le socrú ag na Ballstáit, ar uasmheid é nach mó é ná 30 heictéar, nó meánmhéid na ngabháltas talmhaíochta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIb, má tá an meánmhéid sin níos airde ná 30 heicteár sa Bhallstát lena mbaineann.

5.   Ar an gcoinníoll go n-urramófar na huasteorainneacha a leagtar amach i mír 4, féadfaidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, grádú a chur i mbun laistigh de líon na heicteár a shocraítear i gcomhréir leis an bhfomhír sin, agus beidh feidhm chomhionann acu maidir leis na feirmeoirí uile.

6.   An mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear i mír 1, bunóidh na Ballstáit í ar bhonn na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIc agus ar bhonn líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar i gcomhréir le hAirteagal 34(2) in 2014.

An mheáníocaíocht réigiúnach in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear s i mír 4, bunóidh na Ballstáit í trí sciar den uasteorainn náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIc a úsáid mar aon le líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar sa réigiún lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 34(2) in 2014. I gcás gach réigiúin, ríomhfar an sciar sin tríd an uasteorainn réigiúnach faoi seach a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 46(3) a roinnt ar an uasteorainn a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 40 don bhliain 2014.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfar aon bhuntáiste dá bhforáiltear 'fheirmeoirí a bhfuil sé suite ina leith, tar éís 18 Deireadh Fómhair 2011, gur roinn siad a ngabháltas agus gan é d'aidhm acu ach tairbhe a bhaint as an íocaíocht athdháilte. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le feirmeoirí ar toradh iad a ngabháltais ar an roinnt sin.

Airteagal 72b

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht athdháílte a mhaoiniú, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin 1 Márta 2014, suas le 30 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 40 a úsáid don bhliain éilimh 2014. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin faoin dáta sin.

2.   Ar bhonn an chéatadáin den uasteorainn náisiúnta a bheidh le húsáid ag na Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socraítear an uasteorainn chomhfhreagrach don íocaíocht athdháilte sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 141b(2)."

(8)

In Airteagal 90, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Socrófar méid na cabhrach in aghaidh an heicteáir a bhunú trí na fáltais a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha a leanas:

An Bhulgáir

:

EUR 520,20

An Ghréig

:

EUR 234,18

An Spáinn

:

EUR 62,15

An Phortaingéil

:

EUR 228,00".

(9)

In Airteagal 122, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

"3.   Beidh an scéim íocaíochta aonair limistéir ar fáil go dtí an 31 Nollaig 2014."

(10)

In Airteagal 124, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

"1.   Beidh limistéar talmhaíochta Ballstáit nua faoin scéim íocaíochta aonair ar an gcuid sin den limistéar talmhaíochta a úsáidtear agus a gcoinnítear dea-bhail air, bíodh táirgeadh á dhéanamh air nó nach bíodh, agus, i gcás inarb iomchuí, a choigeartaítear i gcomhréir leis na critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheach le socrú ag an mBallstát nua tar éis don Choimisiún iad a fhaomhadh.

Chun críocha an Teidil seo, ciallóidh 'limistéar talmhaíochta a úsáidtear' an limistéar iomlán ar talamh arúil é, atá faoi fhéarach buan, faoi bharra buana nó faoi gharraí cistine, mar a bhunaíonn an Coimisiún é chun críocha staidrimh.

2.   Chun críche íocaíochtaí a dheonú faoin scéim íocaíochta aonair limistéir, beidh gach dáileacht talmhaíochta atá i gcomhréir leis na critéir dá bhforáiltear i mír 1, chomh maith le dáileachtaí talmhaíochta a chuirtear le garráin ghearruainíochta (cód AC ex 0602 90 41) incháilithe.

Ach amháin i gcás force majeure nó in imthosca eisceachtúla, beidh na dáileachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil don fheirmeoir ar an dáta a shocróidh an Ballstát, ar dáta é nach déanaí ná an dáta a shocrófar sa Bhallstát sin chun leasú a dhéanamh ar an iarratas ar chabhair.

0,3 ha a bheidh in íosmhéid an limistéir incháilithe in aghaidh an ghabháltais ar féidir íocaíochtaí a iarraidh ina leith. Féadfaidh aon Bhallstát nua a chinneadh, ar bhonn critéar oibiachtúil agus tar éis don Choimisiún é a fhaomhadh, an íosmhéid a shocrú ag leibhéal níos airde ar choinníoll nach rachaidh sé thar 1 ha.".

(11)

Cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i dTeideal V:

"Caibidil 2a

ÍOCAÍOCHT ATHDHÁILTE IN 2014

Airteagal 125a

Rialacha ginearálta

1.   Féadfaidh na Ballstáit a bhfuil an scéim íocaíochta aonair limistéir á feidhmiú acu a chinneadh, faoin 1 Márta 2014, íocaíocht a dheonú le haghaidh 2014 d'fheirmeoirí atá i dteideal íocaíochta faoin scéim íocaíochta aonair limistéir dá dtagraítear i gCaibidil 2("an íocaíocht athdháilte do Bhallstáit nua").

Cuirfidh na Ballstáit nua lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas maidir lena gcinneadh faoin 1 Márta 2014.

2.   Gan dochar do chur i bhfeidhm an smachta airgeadais agus do chur i bhfeidhm Airteagal 21 agus 23, beidh an íocaíocht athdháilte do Bhallstáit nua ina mhéadú ar na méideanna in aghaidh an heicteáir a dheonófar faoin scéim íocaíochta aonair limistéir.

3.   Ríomhfaidh na Ballstáit an íocaíocht athdháilte trí fhigiúr a shocróidh na Ballstáit nach mbeidh níos airde ná 65 % den mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir a iolrú ar líon na heicteár incháilithe a ndeonófar méideanna don fheirmeoir ina leith faoin scéim íocaíochta aonair limistéir. Ní bheidh líon na heicteár sin níos airde ná 30 heicteár nó, má tá an meánmhéid sin níos airde ná 30 heicteár sa Bhallstát nua lena mbaineann, meánmhéid na ngabháltas talmhaíochta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIb.

4.   Ar an gcoinníoll go n-urramófar na huasteorainneacha a leagtar amach i mír 3, féadfaidh na Ballstáit grádú a bhunú ar an leibhéal náisiúnta laistigh de líon na heicteár a shocraítear i gcomhréir leis an bhfomhír sin, agus beidh feidhm chomhionann acu maidir leis na feirmeoirí uile.

5.   An mheáníocaíocht náisiúnta in aghaidh an heicteáir dá dtagraítear i mír 3, bunóidh na Ballstáit í ar bhonn na huasteorann náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIc agus ar líon na heicteár incháilithe a dhearbhófar faoin scéim íocaíochta aonair limistéir in 2014.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nua nach dtabharfar aon bhuntáiste d'fheirmeoirí a bhfuil sé suite ina leith gur roinn siad, ón 18 Deireadh Fómhair 2011, a ngabháltas agus gan é d'aidhm acu ach tairbhe a bhaint as an íocaíocht athdháilte do na Ballstáít nua. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le feirmeoirí ar toradh iad a ngabháltais ar an roinnt sin.

Airteagal 125b

Forálacha airgeadais

1.   Chun an íocaíocht leithdháilte dá dtagraítear a mhaoiniú do na Ballstáit nua, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin 1 Márta 2014, suas le 30 % den uasteorainn náisiúnta bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 40 a úsáid don bhliain éilimh 2014, nó maidir leis an mBulgáir nó an Rómáin, na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIId. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh den sórt sin faoin dáta sin.

Déanfar an clúdach bliantúil airgeadais in Airteagal 123 a laghdú faoin méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Ar bhonn an chéatadáin den uasteorainn náisiúnta a bheidh le húsáid ag na Ballstáit nua lena mbaineann de bhun mhír 1 den Airtegal seo, socróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an uasteorainn chomhfhreagrach don íocaíocht athdháílte do Bhallstáit nua agus an laghdú comhfhreagrach don chlúdach airgeadais bliantúil ansin dá dtagraítear in Airteagal 123. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 141b (2)."

(12)

In Airteagal 131, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Féadfaidh na Ballstáit nua, agus an scéim íocaíochta aonair limistéir á cur i bhfeidhm acu, cinneadh a dhéanamh faoin 1 Lúnasa 2009, faoin 1 Lúnasa 2010, i mír 4, faoin 1 Lúnasa 2011, faoin 1 Meán Fómhair 2012 nó faoin 1 Feabhra 2014, go n-úsáidfí, ón mbliain tar éis an chinnidh sin, nó i gcás cinneadh a dhéanfar faoin 1 Feabhra 2014, ón mbliain 2014, suas le 10 % dá n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 40 chun tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí mar a leagtar amach in Airteagal 68(1) agus i gcomhréir le Caibidil 5 de Theideal III, de réir mar is infheidhme dóibh."

(13)

In Airteagal 133a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

"Cabhair idirthréimhseach náisiúnta in 2013"

(14)

I gCaibidil 4 de Theideal V, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 133b

Cabhair idirthréimhseach náisiúnta in 2014

1.   Na Ballstáit a bhfuil an íocaíocht aonair limistéir á feidhmiú acu i gcomhréir le hAirteagal 122, féadfaidh siad a chinneadh cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú in 2014.

2.   Ní fhéadfaidh an Bhulgáir ná an Rómáin cabhair a dheonú faoin Airteagal seo ach amháin má chinneann siad faoi 1 Feabhra 2014 gan aon íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha faoi Airteagal 132 a dheonú, in 2014.

3.   Féadfar an chabhair faoin Airteagal seo a dheonú ar fheirmeoirí in earnálacha ar deonaíodh cabhair idirthréimhseach náisiúnta orthu ina leith de bhun Airteagal 133a, nó i gcás na Bulgáire agus na Rómáine, ar deonaíodh íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha orthu de bhun Airteagal 132 in 2013.

4.   Beidh na coinníollacha chun an chabhair faoin Airteagal seo a dheonú díreach mar an gcéanna leo sin a údarófar chun íocaíochtaí a dheonú de bhun Airteagal 132 nó 133a i leith 2013, seachas na laghduithe de bharr chur i bhfeidhm Airteagal 132(2) i gcomhar le hAirteagal 7 agus 10.

5.   Déanfar suim iomlán na cabhrach sin a fhéadfar a dheonú ar fheirmeoirí i gceann ar bith de na hearnálacha dá dtagraítear i mír 3 a theorannú do 80 % den chlúdach airgeadais is sonrach don earnáil i leith 2013, mar a údaróidh an Coimisiún i gcomhréir lehAirteagal 133a(5) nó i gcás na Bulgáire agus na Rómáine, i gcomhréir le hAirteagal 132(7).

Leagtar amach na himchlúdaigh airgeadais don Chipir atá sonrach ó thaobh earnála de in Iarscríbhinn XVIIa.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 ná ag mír 4 maidir leis an gCipir.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit nua fógra maidir leis na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 don Choimisiún faoin 31 Márta 2014. San fhógra maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1, áireofar an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an clúdach airgeadais do gach earnáil;

(b)

uasráta na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta, i gcás inarb iomchuí.

8.   Féadfaidh na Ballstáit nua cinneadh a dhéanamh, de bhun critéar oibiachtúil agus laistigh de na teorainneacha atá údaraithe ag an gCoimisiún de bhun mhír 5, maidir le méid na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta a dheonófar."

(15)

I dTeideal VI, cuirtear an tAirteagal a leanas leis:

"Airteagal 136a

Solúbthacht idir cholúin

1.   Faoin 31 Nollaig 2013, féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh suas le 15 % dá n-uasteorainneacha bliantúla náisiúnta don bhliain féilire 2014, a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo agus dá n-uasteorainneacha bliantúla náisiúnta do na blianta féilire 2015-2019, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi chláreagrú forbartha tuaithe a mhaoinítear faoi CETFT a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20). Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le híocaíochtaí díreacha a dheonú.

Cuirfear an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2013. Leagfar amach leis an gcinneadh sin an céatadán dá dtagraítear san fhomhír sin, agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.

Maidir leis na Ballstáit nach nglacfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i ndáil leis an mbliain airgeadais 2014, féadfaidh siad an cinneadh sin a ghlacadh, i ndáil leis na blianta féilire 2015 go 2019, faoin 1 Lúnasa 2014. Tabharfaidh siad fógra faoi chinneadh den sórt sin don Choimisiún faoin dáta sin.

Féadfaidh Ballstáit cinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh dá dtagraítear sa mhír seo le héifeacht ón mbliain féilire 2018. Ní bheidh mar thoradh ar athbhreithniú den sórt sin cinneadh chun laghdú a dhéanamh ar an gcéatadán a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh den sórt sin i ndáil leis an athbhreithniú faoin 1 Lúnasa 2017.

2.   Faoin 31 Nollaig 2013, féadfaidh Ballstáit nach nglacann an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 féadfaidh siad a chinneadh suas le 15 % a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha, nó i gcás na dtíortha seo: an Bhulgáir, an Eastóin, an Laitvia, an Spáinn, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh suas le 25 % den mhéid a leithdháiltear mar thacaíocht do na bearta faoin gclárú forbartha tuaithe a mhaoinítear faoi CETFT don tréimhse 2015-2020 mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a chur ar fáil faoi na Rialacháin sin. Dá bhrí sin, ní bheidh an méid comhfhreagrach ar fáil a thuilleadh le haghaidh beart tacaíochta faoi chláreagrú forbartha tuaithe.

Déanfar fógra a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Leagfar amach leis an gcinneadh sin an céatadán dá dtagraítear san fhomhír sin agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.

Maidir leis na Ballstáit nach nglacfaidh an cinneadh dá dtagraítear chéad fhomhír i ndáil leis an m hliain airgeadais 2015, féadfaidh siad, faoin 1 lúínasa 2014, an cinneadh sin a ghlacadh, i ndáil leis an tréimhse 2016-2020,.Ttabharfaidh siad fógra faoi aon chinneadh den sórt sin don Choimisiún faoindáta sin.

Féadfaidh Ballstáit a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh dá dtgraítear sa mhír seo le héifeacht ón mbliain airgeadais 2019 agus ón mbliain airgeadais 2020 i leith. Ní bheidh mar thoradh ar athbhreithniú den sórt sin cinneadh chun méadú a dhéanamh ar an gcéatadán a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chinneadh atá bunaithe ar athbhreithniú den sórt sin i ndáil leis an athbhreithniú faoin 1 Lúnasa 2017.

3.   D'fhonn na cinntí a dtabharfaidh na Ballstáit fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 141a lena ndéanfar athbhreithniú ar na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 17 Nollaig 201320 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht don fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487)."

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1307 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).""

(16)

I dTeideal VI, cuirtear isteach an tAirteagal a leanas:

"Airteagal 136b

Aistriú go CETFT

Na Ballstáit a dhéanann cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 136, méid a chur ar fáil ón mbliain airgeadais 2011 chun tacaíocht a fháil ón Aontas faoi chláreagrú agus faoi mhaoiniú na forbartha tuaithe faoi CETFT, leanfaidh siad de na méideanna in Iarscríbhinn VIIIa a chur ar fáil do chláreagrú agus do mhaoiniú na forbartha tuaithe faoi CETFT don bhliain airgeadais 2015.".

(17)

cuirtear isteach an tAirteagal a leanas:

"Airteagal 140a

Tarmligean na gcumhachtaí

D'fhonn na cinntí a dtabharfaidh na Ballstáit fógra ina leith i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 136a(1) agus (2) a chur san áireamh, mar aon le haon mhodhnú eile ar na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 141a lena ndéanfar coigeartú ar na huasteorainneacha a leagtar amach in Iarscríbhinn VIIIc a ghlacadh.

D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an laghdú líneach dá bhforáiltear faoi Airteagal 40(3) i bhfeidhm ar an mbealach is fearr in 2014, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 141a, lena leagtar síos rialacha i ndáil le ríomh na laghduithe a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm maidir le feirmeoirí de bhun Airteagal 40(3).".

(18)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 141a:

"Airteagal 141a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11a, in Airteagal 136a(3) agus in Airteagal 140a a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2014.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11a agus in Airteagal 136a(3) agus in Airteagal 140a a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11a,Airteagal 136a(3) agus Airteagal 140a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle."

(19)

Leasaítear Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn VIII agus Iarscríbhinn XVIIa agus cuirtear isteach Iarscríbhinní VIIIa, VIIIb, VIIIc agus VIIId nua i gcomhréir le pointí (1), (5)agus (6) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(20)

Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III i gcomhréir le pointe (1), agus le pointe (2) d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 6, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:

"3.   D'fhonn forbairtí maidir le huasmhéideanna iomlána na n-íocaíochtaí díreacha is féidir a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairtí atá ann mar thoradh ar chinntí a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 136a de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus Airteagal 14 den Rialachán seo agus iad siúd atá ann mar thoradh ar Airteagal 20(2) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 70 den Rialachán seo chun athbhreithniú a dhéanamh lena ndéantar na huasteorainneacha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh."

(2)

In Airteagal 26(6), cuirtear an fhomhír a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre deiridh:

"Chun críocha na modhanna ríofa dá bhforáiltear san Airteagal seo, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an íocaíocht athdháilte de bhun Airteagal 41 i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh ina hiomláine an tacaíocht a dheonófar don bhliain féilire 2014 faoi Airteagal 72a agus faoi Airteagal 125a de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.".

(3)

In Airteagal 36(3), cuirtear an fhomhír a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre deiridh:

"Chun idirdhealú a dhéanamh idir an scéim íocaíochta aonair limistéir, agus ar choinníoll nach gcuirfear an íocaíocht athdháilte de bhun Airteagal 41 i bhfeidhm, cuirfidh na Ballstáit san áireamh ina hiomláine an tacaíocht a dheonófar don bhliain féilire 2014 faoi Airteagal 125a de Rialachán (CE) Uimh 73/2009.".

(4)

In Airteagal 72(2), cuirtear an fhomhír a leanas i ndiaidh na chéad fhomhíre deiridh:

"Leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige i ndáil le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2015."

Airteagal 8

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 leis seo mar a leanas:

(1)

In Airteagal 119(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Beidh feidhm ag Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus ag na rialacha ábhartha cur chun feidhme i gcónaí go dtí an 31 Nollaig 2014, agus beidh feidhm ag Airteagal 30 agus ag Airteagal 44a de Rialachán (CE) 1290/2005 agus ag na rialacha ábhartha cur chun feidhme maidir le caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí a dhéantar do bhliain airgeadais talmhaíochta 2013 faoi seach, áfach."

(2)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 119a

Maolú ar Rialachán (AE) Uimh. 966/2012

De mhaolú ar Airteagal 59(5) de Rialachán (AE) Uimh. 966/2012 agus ar Airteagal 9(1) den Rialachán seo, don bhliain airgeadais talmhaíochta 2014, ní bheidh sé riachtanach tuairim an chomhlachta dheimhniúcháin chun a shuí an raibh an caiteachas ar i dtaca leis a iarradh aisíocaíocht ón gCoimisiún ina leith dlíthiúil agus rialta.".

(3)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 121, cuirtear an meid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, áfach:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 7, 8, 16, 25, 26 agus 43, ón 16 Deireadh Fómhair 2013 ar aghaidh.;

(b)

Airteagal 52, Teideal III, Caibidil II de Theideal V, Teideal VI ón 1 Eanáir 2015;

3.   D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 9, 18, 40 agus 51 do i dtaca le caiteachas arna dhéanamh ón 16 Deireadh Fómhair ar aghaidh."

(b)

Beidh feidhm ag Caibidil IV de Theideal VII d'íocaíochtaí a dhéanfar ón mbliain airgeadais talmhaíochta ó 2014 i leith.".

Airteagal 9

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:

(1)

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 214a

Íocaíochtaí náisiúnta d'earnálacha áirithe san Fhionlainn

Faoi réir a údaraithe ag an gCoimisiún, don tréimhse 2014-2020, féadfaidh an Fhionlainn na cabhracha náisiúnta a dheonú a dheonaigh sí in 2013 i gcónaí do tháirgeoirí ar bhonn Airteagal 141 d'Ionstraim Aontachais 1994, ar choinníoll:

(a)

go mbeidh méid na cabhrach ioncaim céimlaghdaitheach thar an tréimhse uile agus nach sáródh sé in 2020 30% den mhéid a deonaíodh in 2013; agus

(b)

sula mbainfí leas as an bhféidearthacht sin, go mbainfí leas iomlán as na scéimeanna tacaíochta faoin gCBT do na hearnálacha lena mbaineann.

Glacfaidh an Coimisiún a údarú gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.".

(2)

In Airteagal 230(1), cuirtear isteach na pointí a leanas:

"(ba)

Airteagal 111 go dtí an 31 Márta 2015;";

"(ca)

Airteagal 125a(1)(e) agus (2) agus, i ndáil le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí, Iarscríbhinn XVIa, go dtí dáta chur i bhfeidhm na bpraghsanna lena mbaineann a bheidh le bunú de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i bpointe(b) agus i bpointe (i)Airteagal 173(1);";

"(da)

Airteagal 136, Airteagal 138 agus Airteagal 140 mar aon le hIarscríbhinn XVIII chun críocha na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, go dtí dáta chur i bhfeidhm na rialacha a bheidh le bunú de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 180 agus i i bpointe (a) d'Airteagal 183 nó go dtí an 30 Meitheamh 2014, cibé acu is luaithe.".

Airteagal 10

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 31 cuirtear an mhír 6 a leanas isteach:

"6.   Féadfaidh an Chróit íocaíochtaí faoin mbeart seo a dheonú do thairbhithe i limistéir a ainmníodh de bhun Airteagal 32(3), fiú amháin nuair nár tugadh chun críche an cleachtadh mionchoigeartaithe dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír sin. Tabharfar chun críche an cleachtadh mionchoigeartaithe tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2014. Tairbhithe i limistéir nach bhfuil incháilithe a thuilleadh tar éis an cleachtadh mionchoigeartaithe a thabhairt chun críche, ní bhfaighidh siad tuilleadh íocaíochta faoin mbeart seo."

(2)

In Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"6   Na cistí a aistrítear chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 136a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus na cistí a aistrítear chuig CETFT i gcur i bhfeidhm Airteagal 10b, Airteagal 136 agus Airteagal 136b de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 i ndáil leis na blianta féilire 2013 agus 2014, déanfar iad a áireamh sa mhiondealú bliantúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.".

(3)

In Airteagal 59(4), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe(f):

"(f)

100 % do mhéid EUR 100 milliún, i bpraghsanna 2011, a leithdháiltear ar Éirinn, do mhéid EUR 500 milliún, i bpraghsanna 2011, a leithdháiltear ar an bPortaingéil agus do mhéid EUR 7 milliún, i bpraghsanna 2011, a leithdháiltear ar an gCipir, ar choinníoll go bhfuil na Ballstáit sin ag fáil cúnaimh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 136 agus Airteagal 143 CFAE an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh, go dtí 2016 nuair a dhéanfar cur i bhfeidhm na forála sin a athmheasúnú.".

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin:

beidh feidhm ag pointe (15), pointe (17) agus pointe (18) d'Airteagal 6 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

beidh feidhm ag pointe (20) d'Airteagal 6 den Rialachán seo ón 22 Nollaig 2013; agus

beidh feidhm ag pointe 3 d'Airteagal 8 den Rialachán seo,ó na dátaí cur i bhfeidhm a luaitear ann.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. JUKNA


(1)  IO C 341, 21.11.2013, lch. 71.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (Féach leathanach 487 den Iris Oifigiúil seo)

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

(4)  Council Regulation (EC) No 1257/1999 of 17 May 1999 on support for rural development from the European Agricultural Guidance and Guarantee Fund (EAGGF) and amending and repealing certain Regulations (OJ L 160, 26.6.1999, p. 80).

(5)  Rialachán (CEE) Uimh. 2078/1992 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2002 maidir le modhanna táirgthe talmhaíochta atá i gcomhréir leis na ceanglais i dtaca leis an gcomhshaol a chosaint agus an tírdhreach a chothabháil (IO L 215, 30.7.1992, lch. 85).

(6)  Rialachán (CEE) Uimh. 2080/1992 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 lena gcuirtear scéim cabhrach comhphobail i gcrích le haghaidh beart foraoiseachta sa talmhaíocht (IO L 215, 30.7.1992, lch. 96).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 12587/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear ague lena n-aisghairtear Rialacháin áirithe (IO L 160, 26.6.1999, p. 80).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (Féach leathanach den Iris Oifigiúil seo)

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe d'fheirmeoir agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005,Uimh. 247/2006,Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an 17 Nollaig 2013 Creat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (Féach leathanach den Iris Oifigiúil seo]).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an 17 Nollaig 2013 gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lean leasaítear Rialachán (CEE) Uimh 352/78, Rialachán (CEE) Uimh 165/94, (EC) Rialachán (CEE) Uimh 2799/98, Rialachán (CEE) Uimh 814/2000, (Rialachán (CEE) Uimh EC) No 1290/2005 agus Rialachán (CEE) Uimh 485/2008 (Féach leathanach den Iris Oifigiúil seo).

(12)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(13)  Treoir 80/68/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1979 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú de bharr substaintí contúirteacha áirithe (IO L 20, 26.1.1980, lch. 43).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(15)  Treoir 914/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón 17 Nollaig 2013 gComhairle lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh, 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007) ón gComhairle (Féach leathanach den Iris Oifigiúil seo)

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) (IO L 170, 29.6.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Comhghaol idir na hAirteagail i mbearta faoin gclárthréimhse 2007-2013 agus faoin gclárthréimhse 2014-2020

Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Airteagal 20(a)(i): Gairmoiliúintagus faisnéis

Airteagal 14

Airteagal 20(a)(ii): Grúpaí Feirmeoirí Óga a bhunú

Airteagal 19(1)(a)(i)

Airteagal 20(a)(iii): Luathscor

/

Airteagal 20(a)(iv): Úsáid seirbhísí comhairliúcháin

Airteagal 15(1)(a)

Airteagal 20 (a)(v): Seirbhísí bainistithe, faoisimh agus comhairliúcháin a chur ar bun

Airteagal 15(1)(b)

Airteagal 20(b)(i): Nuachóiriú gabháltas talmhaíochta

Airteagal 17(1)(a)

Airteagal 20(b)(ii): Luach eacnamaíoch na bhforaoiseacha a fheabhsú

Airteagal 21(1)(d)

Airteagal 20(b)(iii): Luach a chur le táirgí talmhaíochta agus foraoiseachta

Airteagal 17(1)(b)

Airteagal 21(1)(e)

Airteagal 20(b)(iv): Comhar chun teicneolaíochtaí-próisis-táirgí nua a fhorbairt

Airteagal 35

Airteagal 20(b)(v): Bonneagar talmhaíochta agus foraoiseachta

Airteagal 17(1)(c)

Airteagal 20(b)(vi): Gníomhaíochtaí athchóirithe-coisc

Airteagal 18

Airteagal 20(c)(i): Caighdeáin a bhaint amach

/

Airteagal 20(c)(ii): Scéimeanna cáilíochta bia

Airteagal 16

Airteagal 20(c)(iii): Faisnéis agus cur chun cinn

Airteagal 16

Airteagal 20(d)(i): Feirmeoireacht leathchothaitheach

Airteagal 19(1)(a)(iii)

Airteagal 20(d)(ii): Grúpaí táirgeoirí

Airteagal 27

Airteagal 36(a)(i): Íocaíochtaí i leith míbhuntáistí nádúrtha sna sléibhte

Airteagal 31

Airteagal 36(a)(ii): Íocaíochtaí i leith míbhuntáistí nádúrtha i limistéir nach limistéir sléibhe iad

Airteagal 31

Airteagal 36(a)(iii) Natura 2000 agus íocaíochtaí a bhaineann le Treoir 2000/60/CE

Airteagal 30

Airteagal 36(a)(iv) Íocaíochtaí agra-chomhshaoil

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 36(v) Íocaíochtaí leasa ainmhithe

Airteagal 33

Airteagal 36(b)(i) Foraoisiú ar thalamh talmhaíochta den chéad uair

Airteagal 21(1)(a)

Airteagal 36(b)(ii): Córais agrafhoraoiseachta a bhunú den chéad uair

Airteagal 21(1)(b)

Airteagal 36(b)(iii): Foraoisiú ar thalamh neamhthalmhaíochta den chéad uair

Airteagal 21(1)(a)

Airteagal 36(b)(iv): Íocaíochtaí Natura 2000

Airteagal 30

Airteagal 36(b)(v):Íocaíochtaí foraoise-comhshaoil

Airteagal 34

Airteagal 36(b)(vi): Acmhainneacht foraoiseachta a athbhunú agus gníomhaíochtaí coisctheacha a thabhairt isteach

Airteagal 21(1)(c)

Airteagal 36(b)(vii): Infheistíochtaí neamhtháirgiúla

Airteagal 21(1)(d)

Bearta faoi Rialachán (CE) Uimh. 718/2007

Bearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

Airteagal 171(2)(a): Infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta chun athstruchtúrú agus chun uasghrádú chuig caighdeáin Chomhphobail

Airteagal 17(1)(a)

Airteagal 171(2)(c): Infheistíochtaí i bpróiseáil agus i margú táirgí talmhaíochta agus iascaireachta chun na gníomhaíochtaí sin a athstruchtúrú agus chun iad a uasghrádú chuig caighdeáin Chomhphobail

Airteagal 17(1)(b)


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an líne a leanas isteach in Iarscríbhinn I tar éis an ceann sin a bhaineann le "Tacaíocht shonrach":

"Íocaíocht athdháilte

Teideal III, Caibidil 5a agus Teideal V, Caibidil 2a

Íocaíocht dhíchúpláilte"

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

Pointe A, cuirtear an méid a leanas in ionad "Comhshaol":

"1

Treoir 79/409/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán 1979 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 103, 25.4.1979, lch. 1)

Airteagal 3(1), Airteagal 3(2)(b), Airteagal 4(1), (2) agus (4) agus Airteagal 5(a), (b) agus(d)

2

3

Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus go háirithe cosaint na hithreach, agus sloda séarachais á úsáid sa talmhaíocht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6)

Airteagal 3

4

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1)

Airteagal 4 agus Airteagal 5

5

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7)

Airteagal 6 agus Airteagal 13(1)(a)"

(b)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 9 de Phointe B - "Sláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí":

"9

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch.1)

Airteagal 55, an chéad abairt agus an dara habairt".

(3)

In Iarscríbhinn III, cuirtear an méid a leanas in ionad na hiontrála "Cosaint agus bainistiú uisce":

"Cosaint agus bainistiú uisce:

Stiallacha maoláin a chur feadh uiscebhealaí (1)

Uisce a chosaint i gcoinne truaillithe agus reatha chun srutha, agus úsáid uisce a bhainistiú

I gcás ina bhfuil úsáid uisce le haghaidh uisciúcháin faoi réir údarú, na nósanna imeachta údaraithe a chomhlíonadh

 

Screamhuisce a chosaint ar thruailliú: toirmeasc ar sceitheadh díreach isteach i screamhuisce agus bearta chun cosc a chur ar thruailliú indíreach screamhuisce de dheasca substaintí contúirteacha a bheith á sceitheadh ar an talamh agus ag síothlú tríd an ithir, ar substaintí iad a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 80/68/CEE sa leagan a bheidh i bhfeidhm ar an lá deireanach a mbeidh an Treoir bailí, a mhéid agus a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta

(4)

In Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain 2014:

"Tábla 1

(míle EUR)

Ballstát

2014

An Bheilg

544 047

An Danmhairg

926 075

An Ghearmáin

5 178 178

An Ghréig

2 047 187

An Spáinn

4 833 647

An Fhrainc

7 586 341

Éire

1 216 547

An Iodáil

3 953 394

Lucsamburg

33 662

An Ísiltír

793 319

An Ostair

693 716

An Phortaingéil

557 667

An Fhionlainn

523 247

An tSualainn

696 487

An Ríocht Aontaithe

3 548 576


Tábla 2 (2)

(míle EUR)

An Bhulgáir

642 103

Poblacht na Seice

875 305

An Eastóin

110 018

An Chipir

51 344

An Laitvia

168 886

An Liotuáin

393 226

An Ungáir

1 272 786

Málta

5 240

An Pholainn

2 970 020

An Rómáin

1 428 531

An tSlóivéin

138 980

An tSlóvaic

377 419

An Chróit

113 908

(5)

Cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas isteach i ndiaidh Iarscríbhinn VIII:

"

Iarscríbhinn VIIIa

Méideanna atá mar thoradh ar Airteagal 146b a chur i bhfeidhm in 2014

An Ghearmáin

:

EUR 42 600 000

An tSualainn

:

EUR 9 000 000

Iarscríbhinn VIIIb

Meánmhéid an ghabháltais talmhaíochta a bheidh le cur i bhfeidhm faoi Airteagal 72a(4) agus faoi Airteagal 125a(3)

Ballstát

Meánmhéid an ghabháltais talmhaíochta

(heicteáir)

An Bheilg

29

An Bhulgáir

6

Poblacht na Seice

89

An Danmhairg

60

An Ghearmáin

46

An Eastóin

39

Éire

32

An Ghréig

5

An Spáinn

24

An Fhrainc

52

An Chróit

5,9

An Iodáil

8

An Chipir

4

An Laitvia

16

An Liotuáin

12

Lucsamburg

57

An Ungáir

7

Málta

1

An Ísiltír

25

An Ostair

19

An Pholainn

6

An Phortaingéil

13

An Rómáin

3

An tSlóivéin

6

An tSlóvaic

28

An Fhionlainn

34

An tSualainn

43

An Ríocht Aontaithe

54

Iarscríbhinn VIIIc

Na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 72a(3) agus in Airteagal 125a(3)(míle EUR)

(míle EUR

An Bheilg

505 266

An Bhulgáir

796 292

Poblacht na Seice

872 809

An Danmhairg

880 384

An Ghearmáin

5 018 395

An Eastóin

169 366

Éire

1 211 066

An Ghréig

1 931 177

An Spáinn

4 893 433

An Fhrainc

7 437 200

An Chróit

265 785

An Iodáil

3 704 337

An Chipir

48 643

An Laitvia

302 754

An Liotuáin

517 028

Lucsamburg

33 432

An Ungáir

1 269 158

Málta

4 690

An Ísiltír

732 370

An Ostair

691 738

An Pholainn

3 061 518

An Phortaingéil

599 355

An Rómáin

1 903 195

An tSlóivéin

134 278

An tSlóvaic

394 385

An Fhionlainn

524 631

An tSualainn

699 768

An Ríocht Aontaithe

3 591 683

Iarscríbhinn VIIId

Méideanna don Bhulgáir agus don Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 125b(1)

An Bhulgáir

EUR 789 365 000

An Rómáin

EUR 1 753 000 000

"

(6)

Cuirtear an méid a leanas in ionad Iarscríbhinn XVIIa:

"Iarscríbhinn XVIIa

Cabhair idirthréimhseach náisiúnta sa Chipir

(EUR)

Earnáil

2013

2014

Gránaigh (ní áirítear cruithneacht chrua (durum))

141 439

113 151

Cruithneacht chrua (durum)

905 191

724 153

Bainne agus déiríocht

3 419 585

2 735 668

Mairteoil

4 608 945

3 687 156

Caoirigh agus gabhair

10 572 527

8 458 022

Earnáil na muc

170 788

136 630

Éineoil agus uibheacha

71 399

57 119

Fíon

269 250

215 400

Ola olóige

3 949 554

3 159 643

Fíonchaora boird

66 181

52 945

Fíonchaora triomaithe

129 404

103 523

Trátaí próiseáilte

7 341

5 873

Bananaí

4 285 696

3 428 556

Tobac

1 027 775

822 220

Torthaí duillsilteacha lena n-áirítear torthaí cloch

173 390

138 712

Iomlán

29 798 462

23 838 770"


(1)  

Tabhair faoi deara:

Caithfidh na stiallacha maoláin, idir mhaoláin atá laistigh de na limistéir leochaileacha a shainítear de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 91/676/CEE agus mhaoláin atá lasmuigh díobh, ar a laghad na ceanglais a bhaineann le leasachán a leathadh ar thalamh atá gar d'uiscebhealaí a chomhlíonadh, ceanglais dá dtagraítear i bpointe A.4 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 91/676/CEE agus atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le cláir ghníomhaíochta na mBallstát a bhunaítear faoi Airteagal 5(4) de Threoir 91/676/CEE."

(2)  Uasteorainneacha a ríomhtar ag cur sceideal na n-incrimintí dá bhforáiltear in Airteagal 121 san áireamh."