20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

671


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1308/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE)Uimhi 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus d'Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a bheith curtha chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal "An CBT as seo go 2020: Na dúshláin a bhaineann le bia, acmhainní nádúrtha agus críocha a bhaint amach sa todhchaí" leagtar amach na dúshláin, na cuspóirí agus na treoshuímh a d'fhéadfadh a bheith ann don Chomhbheartas Talmhaíochta ("CBT") tar éis 2013. I bhfianaise na díospóireachta i dtaobh na Teachtaireachta sin, ba cheart an CBT a athchóiriú le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Ba cheart príomhionstraimí uile an Chomhbheartais Talmhaíochta a chumhdach leis an athchóiriú sin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 (5).I bhfianaise raon feidhme an athchóirithe, is iomchuí an Rialachán sin a aisghairm agus rialachán nua maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta a chur ina ionad. Ba cheart na forálacha, a oiread is féidir, a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shimpliú leis an athchóiriú, go háirithe na forálacha sin a chumhdaíonn níos mó ná earnáil amháin talmhaíochta, lena n-áirítear trína áirithiú go bhféadfaidh an Coimisiún eilimintí neamhriachtanacha de bhearta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Ba cheart eilimintí bunúsacha uile chomheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta a bheith sa Rialachán seo.

(3)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach táirge talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach ("CAE"") agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE")(le chéile, "na Conarthaí") chun a áirithiú gurb ann do chomheagrú an mhargaidh i gcás gach táirge den sórt sin, de réir mar atá ceangailte in Airteagal 40(1) CFAE.

(4)

Ba cheart a shoiléiriú gur cheart, i bprionsabal, feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus ag na forálacha a ghlactar dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo. Go háirithe, tá forálacha leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá leagtha síos i bhforálacha a bhaineann le CBT, lena n-áirítear seiceálacha agus cur i bhfeidhm beart riaracháin agus pionós riaracháin i gcás neamhchomhlíonta, agus rialacha a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus a urscaoileadh agus le híocaíocht neamhdhlite a aisghabháil.

(5)

De bhun Airteagal 43(3) CFAE tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú. Ar mhaithe le soiléireacht, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 43(3) CFAE, ba cheart a mhaíomh go sainráite sa Rialachán seo gur ar an mbonn dlíthiúil sin a ghlacfaidh an Chomhairle bearta.

(6)

D'fhonn gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(7)

Ba cheart sainmhínithe áirithe a bhaineann le hearnálacha áirithe a leagan amach sa Rialachán seo. Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha earnáil na ríse a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse a leasú, a mhéid is gá chun iad a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

(8)

Sa Rialachán seo déantar tagairt do thuairisc na dtáirgí agus do thagairtí do cheannteidil nó d'fhocheannteidil na hainmníochta comhcheangailte. De bharr leasuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim, d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le coigeartuithe teicniúla iarmhartacha ar an Rialacháin seo. Chun na leasuithe sin a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha áirithe a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coigeartuithe teicniúla atá riachtanach a dhéanamh. Ar mhaithe le soiléireacht agus simplíocht, ba cheart Rialachán (CEE) Uimh 234/79 (7) ón gComhairle, ina ndéantar foráil dá leithéid de chumhacht, a aisghairm agus an chumhacht sin a chomhtháthú leis an Rialachán seo.

(9)

Ba cheart blianta margaíochta a shocrú do ghránaigh, rís, siúcra, farae triomaithe, síolta, fíon, ola olóige agus ológa boird, líon agus cnáib, torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte, bananaí, bainne agus táirgí bainne agus seiriceáin, agus a chur in oiriúint a oiread is féidir do thimthriallta táirgthe bitheolaíocha gach ceann de na táirgí sin.

(10)

Chun na margaí a chobhsú agus chun caighdeán maireachtála cothrom a áirithiú don phobal talmhaíochta, forbraíodh córas difreáilte maidir le tacaíocht mhargaidh sna hearnálacha éagsúla agus tugadh scéimeanna tacaíochta díreacha isteach, lena gcuirtear san áireamh na riachtanais éagsúla atá ag gach ceann de na hearnálacha sin ar thaobh amháin agus idirthuilleamaíocht na n-earnálacha éagsúla ar an taobh eile. Déantar na bearta sin i bhfoirm idirghabháil phoiblí nó i bhfoirm cabhair a íoc don stóráil phríobháideach. Is gá ann i gcónaí bearta tacaíochta margaidh a choimeád ach iad a chuíchóiriú agus a shimpliú.

(11)

Ba cheart scála Aontais chun conablaigh a aicmiú, a aithint agus a thíolacadh in earnálacha na mairteola agus na laofheola, na muiceola agus na caoireola agus feola gabhair a shocrú chun críche praghsanna a thaifeadadh agus chun na socruithe idirghabhála sna hearnálacha sin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, tacaíonn scálaí Aontais den sórt sin leis an gcuspóir an margadh a dhéanamh níos trédhearcaí.

(12)

Ba cheart na forálacha maidir le hidirghabháil phoiblí a chur faoi réir struchtúir choitinn, ar mhaithe le soiléireacht agus le trédhearcacht, agus leanúint den bheartas atá á chur i bhfeidhm i ngach earnáil faoi láthair. Chun na críche sin, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir tairseacha tagartha agus praghsanna idirghabhála agus is iomchuí praghsanna idirghabhála a shainmhíniú. Agus sin á dhéanamh, tá tábhacht ar leith ag baint lena shoiléiriú nach gcomhfhreagraíonn ach praghsanna idirghabhála i gcomhair idirghabhála poiblí do na riarphraghsanna feidhmithe dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 8 d'Iarscríbhinn 3 a ghabhann le Comhaontú maidir le Talmhaíocht na hEagraíochta Trádála Domhanda (i.e. tacaíocht do phraghsanna margaidh). Sa chomhthéacs seo, ba cheart a thuiscint go bhféadtar idirghabháil mhargaidh a dhéanamh i bhfoirm idirghabhála poiblí, chomh maith le foirmeacha eile idirghabhála nach n-úsáideann táscairí praghais a bunaíodh ex-ante.

(13)

De réir mar is iomchuí do gach earnáil i bhfianaise an chleachtais agus na taithí ó chomheagraíochtaí na margaí (CEManna) roimhe seo, ba cheart an córas idirghabhála poiblí a bheith ar fáil le linn tréimhsí áirithe den bhliain agus ba cheart, le linn na dtréimhsí sin, é a bheith ar oscailt ar bhonn buan nó ba cheart é a oscailt ag brath ar phraghsanna margaidh.

(14)

Ba cheart gurb é a bheadh sa phraghas idirghabhála poiblí praghas socraithe i gcomhair cainníochtaí áirithe i gcás táirgí áirithe agus i gcásanna eile ba cheart dó brath ar thairiscint, agus an cleachtas agus an taithí ó CEManna roimhe seo á léiriú.

(15)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an deis táirgí arna gceannach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt. Ba cheart bearta mar sin a dhéanamh ar bhealach nach suaitheann an margadh agus a áirithíonn go mbeidh rochtain chothrom ar earraí agus go gcaithfear go cothrom le ceannaitheoirí.

(16)

An scéim atá ann faoi láthair chun bia a dháileadh ar na daoine is díothaí san Aontas, scéim a glacadh faoi CBT, ba cheart Rialachán ar leith a bheith ann di a ghlacfaí chun cuspóirí comhtháthaithe sóisialta na scéime sin a léiriú. Mar sin féin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo ionas gur féidir táirgí, ar táirgí iad atá á gcoinneáil trí idirghabháil phoiblí, a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim sin.

(17)

Chun an margadh a chothromú agus a chuid praghsanna a chobhsú, d'fhéadfadh sé bheith riachtanach cabhair a dheonú do stóráil phríobháideach táirgí áirithe talmhaíochta. Chun foráil do thrédhearcacht sa mhargadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfaidh sé a chinneadh cabhair a dheonú don stóráil phríobháideach, agus staid an mhargaidh á cur san áireamh.

(18)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí nó atá faoi réir cabhrach le haghaidh stórála príobháidí oiriúnach chun a stórála fádtéarmaí agus gur de cháilíocht fhónta, chothrom agus indíolta a bheidh siad, agus chun saintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh chun feidhmiú costéifeachtach na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na ceanglais agus na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na táirgí sin i dtaca lena gcáilíocht agus lena n-incháilitheacht a leagan síos, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

(19)

Chun saintréithe sonracha na n-earnálacha gránach agus ríse a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na critéir cháilíochta a leagan síos i ndáil le na táirgí sin a cheannach isteach agus a dhíol.

(20)

D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na ceanglais a bheidh le comhlíonadh ag ionaid stórála i gcás na dtáirgí uile atá faoi réir na hidirghabhála poiblí, agus rialacha áirithe a ghlacadh maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as a gcóireáil maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoi CBT.

(21)

Chun a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme i gcás inar lú an chainníocht atá á stóráil ná an chainníocht atá ar conradh; agus coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht; agus na coinníollacha is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear le conarthaí stórála príobháidí a athmhargú nó a dhiúscairt.

(22)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh córais na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí mar is cuí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun foráil d'úsáid nósanna imeachta tairisceana; agus lena leagtar síos coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag oibreoirí; agus do cheanglas atá orthu urrús a thaisceadh.

(23)

Chun na forbairtí teicniúla agus riachtanais earnáil na mairteola agus na laofheola, na muiceola, agus na caoireola agus na feola gabhair a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá go ndéanfar cur i láthair na dtáirgí difriúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na bearta idirghabhála sa mhargadh, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le scálaí aicmithe an Aontais do chonablaigh sna hearnálacha sin a chur in oiriúint agus a thabhairt cothrom le dáta, agus lena leagtar síosmaidir le forálacha agus maoluithe breise áirithe a bhaineann leis sin a leagan síos.

(24)

Ba cheart leanaí a spreagadh chun torthaí agus glasraí, agus bainne agus táirgí bainne a ithe, d'fhonn méadú a dhéanamh go marthanach ar chion na dtáirgí sin i gcothú leanaí scoile ag an tráth sin nuair atá a nósanna itheacháin á múnlú, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóirí CBT a bhaint amach, go háirithe maidir le margaí a chobhsú agus soláthairtí reatha agus soláthairtí as seo amach a áirithiú. Ba cheart cabhair ón Aontas a chur chun cinn dá bhrí sin chun soláthar táirgí den sórt sin do pháistí i bhforais oideachais a mhaoiniú nó a chómhaoiniú.

(25)

Chun bainistíocht bhuiséadach fhónta a áirithiú ar scéimeanna torthaí agus glasraí scoile agus scéimeanna bainne scoile an Aontais, ba cheart forálacha comhchuibhithe a bhunú. Níor cheart cabhair ón Aontas a úsáid in ionad chistiú aon scéime scoile náisiúnta maidir le torthaí agus glasraí atá ann cheana agus scéimeanna bainne scoile. I bhfianaise na srianta buiséadacha, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a úsáid in ionad a ranníocaíochtaí airgeadais féin do na scéimeanna sin. Ionas go mbeidh a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile agus éifeachtach, d'fhéadfadh bearta tionlacain a bheith riachtanach agus ba cheart go gceadófaí dóibh cabhair náisiúnta a dheonú dóibh sin. Ba cheart do na Ballstáit atá rannpháirteach sna scéimeanna an ról fóirdheonaitheach atá ag cabhair an Aontais a phoibliú.

(26)

Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc leanaí agus chun a áirithiú go mbeidh an chabhair dírithe ar leanaí atá ag freastal go rialta ar fhorais oideachais atá á riar nó aitheanta ag na Ballstáit, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim torthaí agus glasraí scoile i ndáil leis na critéir bhreise a bhaineann le cabhair a dhíriú agus le hiarratasóirí cabhrach a fhormheas agus a roghnú agus i ndáil le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a dhréachtú agus i ndáil le bearta tionlacain.

(27)

D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear Cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim torthaí agus glasraí scoile a bhaineann leis an modh chun cabhair a athdháileadh ar na Ballstáit bunaithe ar iarrataí a fhaightear ar iarratais cabhrach, na costais atá incháilithe do chabhair an Aontais, lena n-áirítear go bhféadfaí uasteorainn fhoriomlán a shocrú do na costais sin; agus an dualgas atá ar Bhallstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile.

(28)

Chun feasacht faoin scoile torthaí agus glasraí scéim a chur chun cinn, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gceanglas ar na Ballstáit a bhfuil scéim torthaí agus glasraí scoile acu poiblíocht a thabhairt do ról fóirdheonaitheach chabhair an Aontais.

(29)

Chun an éabhlóid i bpatrúin tomhaltais do tháirgí déiríochta a chur san áireamh, mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, infhaighteacht na dtáirgí ar mhargaí éagsúla an Aontais agus gnéithe cothaitheacha, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an scéim bainne scoile a bhaineann leis an méid a leanas: na táirgí is incháilithe don scéim; straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha na mBallstát, lena n-áirítear bearta tionlacain i gcás inarb infheidhme; agus faireachán agus meastóireacht ar an scéim.

(30)

Chun a áirithiú go gcáilíonn na tairbhithe agus na hiarratasóirí iomchuí le haghaidh na cabhrach, agus go mbaintear leas éifeachtúil agus éifeachtach as an g cabhair sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na rialacha i ndáil leis na tairbhithe agus na hiarratasóirí atá incháilithe don chabhair, an ceanglas go mbeadh iarratasóirí formheasta ag na Ballstáit, agus úsáid na dtáirgí déiríochta chun na béilí i bhforais oideachais a ullmhú.

(31)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh iarratasóirí cabhrach na hoibleagáidí atá acu, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gceanglas maidir le hurrús a thaisceadh i gcás ina réamhíoctar cabhair.

(32)

D'fhonn aird a tharraingt ar an scéim bainne scoile, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha faoina gcaithfidh na Ballstáit rannpháirteachas an Choimisiúin sa scéim sin a phoibliú agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

(33)

Chun a áirithiú go léirítear an chabhair i bpraghas na dtáirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le faireachán ar phraghsanna faoin scéim bainne scoile a chur ar bun.

(34)

Tá gá le maoiniú ón Aontas chun eagraíochtaí aitheanta de tháirgeoirí, comhlachais aitheanta d'eagraíochtaí táirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraobhacha aitheanta a spreagadh chun cláir oibre a tharraingt suas chun feabhas a chur ar táirgeadh agus ar mhargaíocht ola olóige agus ológ boird. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a fhoráil sa Rialachán seo go leithdháilfí tacaíocht ón Aontas de réir na dtosaíochtaí a thugtar do na gníomhaíochtaí a ghabhtar ar láimh laistigh de na cláir oibre faoi seach. Ba cheart cómhaoiniú a laghdú áfach chun éifeachtúlacht na gclár sin a fheabhsú.

(35)

D'fhonn a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil, éifeachtach as an gcabhair ón Aontas a dheonfar d'eagraíochtaí de tháirgeoirí, do chomhlachais d'eagraíochtaí de tháirgeoirí nó d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnálacha na hola olóige agus na n-ológ boird chun cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na mbeart sonrach a fhéadfar a mhaoiniú leis an gcabhair ón Aontas agus na gníomhaíochtaí agus na costais nach bhféadfar a mhaoiniú; an maoiniú íosta ón Aontas atá le leithdháileadh ar réimsí sonracha; an ceanglas urrús a thaisceadh; na critéir a bheidh le cur san áireamh ag na Ballstáit agus cláir oibre á roghnú agus á bhformheas.

(36)

Sa Rialachán seo, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir torthaí agus glasraí, atá beartaithe le caitheamh go díreach ag an tomhaltóir agus torthaí agus glasraí atá beartaithe lena bpróiseáil, ar thaobh amháin, agus torthaí agus glasraí próiseáilte, ar an taobh eile. Níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha i dtaca le cistí oibríochtúla, le cláir oibriúcháin agus le cúnamh airgeadais an Aontais ach amháin maidir leis an gcéad chatagóir, agus ba cheart caitheamh leis an dá chineál torthaí agus glasraí sa chatagóir sin go comhcosúil.

(37)

Tá sé deacair táirgeadh torthaí agus glasraí a thuar agus tá na táirgí meatach. Féadann barrachais theoranta fiú amháin an margadh a shuaitheadh go suntasach. Dá bhrí sin, ba cheart bearta a bhunú i gcomhair bainistiú géarchéimeanna agus ba cheart leanúint de na bearta sin a chomhtháthú le cláir oibriúcháin.

(38)

Agus torthaí agus glasraí á dtáirgeadh agus á margú, ba cheart saincheisteanna comhshaoil a chur san áireamh ina n-iomláine, lena n-áirítear cleachtais saothraithe, bainistiú ábhar dramhaíola agus diúscairt táirgí a tharraingítear siar ón margadh, go háirithe maidir le cosaint cháilíocht an uisce agus cothabháil na bithéagsúlachta agus na tuaithe.

(39)

Ba cheart tacaíocht chun grúpaí de tháirgeoirí a bhunú a thabhairt do gach earnáil i ngach Ballstát faoin mbeartas forbartha tuaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an tacaíocht shonrach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí.

(40)

Chun breis freagrachta a thabhairt d'eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí as a gcinntí airgeadais agus chun na hacmhainní poiblí a shanntar dóibh a dhíriú ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, ba cheart téarmaí a leagan amach maidir le húsáid na n-acmhainní sin. Is réiteach iomchuí é go ndéanfaí cistí oibriúcháin a bhunaigh eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais a chómhaoiniú. Ba cheart scóip bhreise a údarú do mhaoiniú i gcásanna áirithe. Níor cheart cistí oibriúcháin a úsáid ach amháin chun cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhaoiniú. Chun caiteachas an Aontais a rialú, ba cheart uasteorainn a bheith ar chúnamh a dheonaítear d'eagraíochtaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais lena mbunaítear cistí oibriúcháin.

(41)

I réigiúin inar lag eagrúchán an táirgthe in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart cead a thabhairt ranníocaíochtaí náisiúnta breise a dheonú. I gcás Ballstát atá faoi mhíbhuntáiste ar leith maidir le struchtúir, ba cheart don Aontas na ranníocaíochtaí sin a aisíoc.

(42)

Chun tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú do ghrúpaí de tháirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, i ndáil leis an gcreat náisiúnta agus i ndáil leis an straitéis náisiúnta maidir le cláir oibríochtúla i ndáil leis an oibleagáid faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na gcreataí náisiúnta agus na straitéisí náisiúnta; Cúnamh airgeadais ón Aontas; bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú; agus cúnamh airgeadais náisiúnta.

(43)

Tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta in earnáil an fhíona a neartaíonn struchtúir iomaíocha. Cé gur cheart don Aontas na bearta sin a shainiú agus a mhaoiniú, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit an tsraith beart iomchuí a roghnú chun riachtanais a gcomhlachtaí réigiúnacha a shásamh, ag cur a dtréithe ar leith san áireamh, más gá, agus iad a chomhtháthú ina gcláir náisiúnta thacaíochta freisin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as na cláir sin a chur chun feidhme.

(44)

Ba cheart cur chun cinn agus margú fhíonta an Aontais a bheith ina eochairbheart ar leith atá incháilithe le haghaidh clár náisiúnta tacaíochta. Le tacaíocht don nuálaíocht, féadtar indíoltacht agus iomaíochas táirgí fíniúnacha an Aontais a mhéadú. Ba cheart leanúint de ghníomhaíochtaí athstruchtúraithe agus athchóirithe a chumhdach i ngeall ar a dtionchair struchtúracha dhearfacha ar earnáil an fhíona. Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil freisin d'infheistíochtaí in earnáil an fhíona ar infheistíochtaí iad atá dírithe ar fheidhmíocht eacnamaíoch na ngnóthas a fheabhsú. Ba cheart beart maidir le tacaíocht do dhriogadh fotháirgí a bheith ar fáil do Bhallstáit ar mian leo a leithéid d'ionstraim a úsáid chun cáilíocht an fhíona a áirithiú, agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna.

(45)

Ba cheart ionstraimí coisctheacha a bheith ann amhail árachas buainte, cistí frithpháirteacha agus glasbhuaint incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona chun cur chuige freagrach a spreagadh i gcás géarchéimeanna.

(46)

Rinneadh foralácha cinntitheacha de na foralácha a chinn na Ballstáit maidir le tacaíocht do shaothraithe fíniúnacha trí theidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh amhail ón mbliain airgeadais 2015 faoi Airteagal 103n de Rialachán (CE) Uimhir 1234/2007 agus faoi reir na gcoinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin.

(47)

Chun a áirithiú go mbainfidh cláir thacaíochta fíona na mBallstát a gcuid cuspóirí amach agus go n-úsáidtear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le: rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaigheann an Coimisiún na cláir thacaíochta, agus i ndáil le leasuithe ar na cláir agus a dáta infheidhmeachta; rialacha maidir le hábhar na gclár tacaíochta agus maidir leis an gcaiteachas, na costais riaracháin agus pearsanra agus na hoibríochtaí a fhéadfar a áireamh i gcláir thacaíochta na mBallstát agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh trí idirghabhálaithe i gcás tacaíochta d'árachas buainte; rialacha maidir leis an gceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht; rialacha maidir le húsáid téarmaí áirithe; rialacha maidir le huasteorainn a shocrú don chaiteachas maidir le hathphlandú fíonghort ar chúiseanna sláinte/ nó fíteashláintíochta; rialacha maidir le cistiú dúbailte a sheachaint; rialacha faoina n-aistarraingeoidh táirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta, agus maidir le heisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí; agus rialacha lena gceadaítear do Bhallstáit coinníollacha a chur ar bun chun bearta tacaíochta a chur ag feidhmiú ar bhealach cuí.

(48)

Saintréith de chuid na beachaireachta is ea an éagsúlacht a bhaineann lena dálaí táirgthe agus leis an táirgeacht a fhaightear uaithi agus a scaipthe agus a éagsúla atá na hoibreoirí eacnamaíocha ag na céimeanna táirgthe agus margaíochta araon. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhéadaithe ar ionsaithe coirceog i ndáil le sláinte na mbeach agus go háirithe i bhfianaise leathadh na varróise i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas agus na bhfadhbanna a bhaineann do tháirgeadh meala de bharr an ghalair sin, tá sé fós riachtanach go ndéanfadh an tAontas gníomh ós rud é nach féidir an varróis a dhíothú ina hiomláine agus toisc nach mór táirgí formheasta a úsáid chun í a chóireáil. I bhfianaise na n-imthosca sin agus chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus ar mhargú táirgí beachadóireachta san Aontas, ba cheart cláir náisiúnta don earnáil a tharraingt suas gach trí bliana d'fhonn feabhas a chur ar na dálaí ginearálta a bhaineann le táirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta. Ba cheart don Aontas na cláir náisiúnta sin a mhaoiniú i bpáirt.

(49)

Ba chóir na bearta is féidir a áireamh sa chlár beachadóireachta a shonrú. Chun a áirithiú go gcuirfear scéim cabhrach an Aontais in oiriúint do na forbairtí is déanaí agus go mbeidh na bearta a chlúdófar éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar na coinníollacha ginearálta do tháirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, ba cheart a tabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh lena dtabharfar liosta na mbeart cothrom le dáta trí na bearta atá ann cheana a oiriúnú nó trí bhearta eile a chur leo.

(50)

Lena áirithiú go n-úsáidfear cistí beachadóireachta an Aontais ar bhealach éifeachtach, éifeachtúil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh chun cistiú dúbailte idir na cláir bheachadóireachta agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint agus ar bhonn leithdháileadh ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach.

(51)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (8), rinneadh an íocaíocht i leith limistéar leannlusanna a dhíchúpláil ón 1 Eanáir 2010. D'fhonn na heagraíochtaí leannlusanna a údarú leanúint dá ngníomhaíochtaí mar a rinne siad roimhe, ba cheart foráil shonrach a dhéanamh go n-úsáidfí méideanna coibhéiseacha sna Ballstáit lena mbaineann i gcomhair na ngníomhaíochtaí céanna. D'fhonn a áirithiú go maoinítear aidhmeanna na n-eagraíochtaí de tháirgeoirí leis an gcabhair mar a leagtar amach é sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le hiarratais ar chabhair, rialacha maidir le limistéir incháilithe leannlusanna agus maidir le cabhair a ríomh.

(52)

Ba cheart cabhair ón Aontas do thógáil seiriceán a dhíchúpláil agus a chomhtháthú isteach i gcóras na n-íocaíochtaí díreacha de réir an chur chuige a leanadh maidir le cúnamh in earnálacha eile.

(53)

An cúnamh le haghaidh bainne bhearrtha agus púdair bhainne bhearrtha a táirgeadh san Aontas lena n-úsáid mar ábhar beatha agus le próiseáil chun cáiséin agus cáiséanáití a dhéanamh de, ní raibh sé éifeachtach mar thacaíocht don mhargadh agus ba cheart deireadh a chur leis dá bhrí sin, maille leis na rialacha maidir le húsáid cáiséine agus cáiséanáití i monarú cáise.

(54)

Tá bonn leis an gcinneadh go gcuirfí deireadh leis an gcosc idirthréimhseach ar fhíniúnacha a phlandú ar leibhéal an Aontais ós rud é go bhfuil príomhspriocanna athchóiriú 2008 ar eagrú mhargadh fíona AE bainte amach, go háirithe gur cuireadh deireadh le barrachas fadtréimhseach struchtúrach tháirgeadh an fhíona agus gur cuireadh feabhas de réir a chéile ar iomaíochas agus ar threoshuíomh margaidh earnáil an fhíona san Aontas. Bhí forbairtí dearfacha den sórt sin de thoradh ar laghdú suntasach ar limistéir faoi fhíniúnacha ar fud an Aontais, scor táirgeoirí beagiomaíocha, agus céimniú amach beart áirithe tacaíochta margaidh a bhain an dreasacht d'infheistíochtaí gan inmharthanacht eacnamaíoch. Leis an laghdú ar an gcumas soláthair agus an tacaíocht do bhearta struchtúracha agus do chur chun cinn onnmhairithe, ligeadh d'oiriúnú níos fearr d'éileamh laghdaithe ar leibhéal an Aontais, atá de thoradh ar laghdú de réir a chéile ar thomhaltas sna Ballstáit a mbíodh traidisiún acu an fhíon a tháirgeadh.

(55)

Is dreasacht é áfach chun an cumas soláthair a mhéadú agus fíniúnacha nua a phlandú dá réir sna deich mbliana atá le teacht go mbeidh an t-éileamh ag dul i méid ar leibhéal an mhargaidh dhomhanda. Cé gur cheart leanúint leis an príomhsprioc iomaíochas earnáil fíona an Aontais a mhéadú ionas nach gcaillfear sciar den mhargadh ar an margadh domhanda, d'fhéadfadh sé gurbh é an toradh a bheas ar mhéadú tapa iomarcach ar phlanduithe fíniúnacha nua mar fhreagairt ar dhul chun cinn beartaithe ar éileamh idirnáisiúnta go dtiocfadh cumas soláthair iomarcach de bheith ann sa mheántéarma lena mbeadh iarmhairtí sóisialta agus comhshaoil i limistéir áirithe táirgthe fíona. Chun a áirithiú go mbeidh fás ordúil ar phlanduithe fíniúnacha le linn na tréimhse idir 2016 agus 2030, ba cheart córas nua chun planduithe nua a bhainistiú a bhunú ar leibhéal an Aontais; i bhfoirm scéime údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha.

(56)

Faoin gcóras nua sin, féadfar údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a dheonú gan costas a ghearradh ar na táirgeoirí, agus ba cheart go n-éagfadh sé tar éis trí bliana mura n-úsáidfear iad. Chuirfeadh sé sin le húsáid phras agus dhíreach na n-údaruithe i measc na dtáirgeoirí fíona a raibh siad tugtha dóibh, agus ar an gcaoi sin amhantraíocht a sheachaint.

(57)

Ba cheart méadú ar phlanduithe nua fíniúnacha a chur i gcreat sásra cosanta ar leibhéal an Aontais, bunaithe ar an oibleagáid go gcuirfeadh na Ballstáit údaruithe ar fáil ar bhonn bliantúil i gcomhair planduithe nua comhionann is 1 % de limistéir fíniúnacha phlandaithe nua, ag ligean do sholúbthacht áirithe chun freagairt d'imthosca sonracha gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh an bhfuil limistéir níos lú le cur ar fáil ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear ar leibhéil limistér atá i dteideal sonrúcháin shonracha tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha sonracha faoi chosaint, ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, agus á áirithiú go bhfuil na teorainneacha a fhorchuirtear níos mó ná 0 % agus nach bhfuil siad ró-shriantach maidir leis na spriocanna atá á saothrú.

(58)

Chun a áirithiú go ndeonófar údaruithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ba cheart critéir áirithe a leagan síos, agus go háirithe nuair a sháraíonn líon na n-iarratas a dhéanann táirgeoirí líon iomlán na heicteár arna gcur ar fáil leis na húdaruithe a chuireann Ballstáit ar fáil.

(59)

Ba cheart údaruithe a dheonú go huathoibríoch do tháirgeoirí a ghrafann limistéar fíniúna atá ann cheana ach iarratas a chur isteach agus neamhspleách ar an sásra cosanta do phlanduithe nua a údarú, toisc nach gcuireann sé le méadú iomlán ar na limistéir faoi fhíniúnacha. I limistéir áirithe atá incháilithe le haghaidh fíonta a tháirgeadh a bhfuil tásc tionscnaimh nó geografach atá faoi chosaint acu, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann srian a chur ar dheonú na n-údaruithe sin d'athphlanduithe ar bhonn moltaí ó eagraíochtaí gairmiúla aitheanta agus ionadaíocha.

(60)

Ba cheart nach mbeadh feidhm ag an scéim nua seo d'údaruithe do phlandú nua fíniúnacha maidir le Ballstáit nach bhfuil córas idirthréimhseach an Aontais i ndáil le cearta plandaithe á chur i bhfeidhm acu agus go mbeadh sé roghnach do na Ballstáit sin a bhfuil na cearta plandaithe i bhfeidhm acu ach inar lú an limistéar plandaithe finiúna ná tairseach áirithe.

(61)

Ba cheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos chun trasdul réidh idir an córas um chearta plandaithe a bhí ann roimhe agus scéim nua, go háirithe chun planduithe iomarcacha a sheachaint roimh an scéim nua a thosú. Ba cheart go mbeadh solúbthacht áirithe ag na Ballstáit maidir le cinneadh a dhéanamh i leith an spriocdháta chun iarrataí a chur isteach maidir le cearta plandaithe a thiontú go húdaruithe ón 31 Nollaig 2015 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(62)

Chun a áirithiú go mbeidh an scéim nua d'údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha á cur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe agus éifeachtach, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha maidir le planduithe fíniúnacha áirithe a dhíolmhú ón scéim, na rialacha a bhaineann leis na critéir incháilitheachta agus tosaíochta, critéir a chur isteach maidir le hincháilitheacht agus tosaíocht, le cómhaireachtáil fíniúnacha a bheidh le grafadh taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe agus na forais arbh fhéidir leis na Ballstáit fad srianadh a chur ar údarú athphlanduithe a dheonú.

(63)

Ba cheart rialú nabplanduithe neamhúdaraithe a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfaí rialacha na scéime nua.

(64)

Nuair a chuirtear caighdeáin i bhfeidhm maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta féadfaidh siad cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú don táirgeadh agus don mhargú agus le cáilíocht na dtáirgí sin a fheabhsú. Dá bhrí sin, bheadh sé chun leasa na dtáirgeoirí, na dtrádálaithe agus na dtomhaltóirí a leithéid de chaighdeáin a chur i bhfeidhm.

(65)

Tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le beartas cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus díospóireachtaí ina dhiaidh sin, meastar gurb iomchuí caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí a choimeád, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun cuidiú na dálaí eacnamaíocha a fheabhsú do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta agus lena gcáilíocht.

(66)

Ba cheart forálacha de chineál cothrománach a bhunú maidir le caighdeáin mhargaíochta.

(67)

Ba cheart na caighdeáin mhargaíochta a roinnt go soiléir idir rialacha éigeantacha d'earnálacha nó do tháirgí sonracha agus téarmaí roghnacha a bheidh le bunú ar bhonn earnála nó ar bhonn táirge.

(68)

Ba cheart feidhm a bheith, i bprionsabal, ag caighdeáin mhargaíochta maidir leis na táirgí talmhaíochta uile lena mbaineann a chuirtear ar an margadh san Aontas.

(69)

Ba cheart na hearnálacha agus na táirgí a bhféadfadh caighdeáin mhargaíochta a bheith i bhfeidhm ina dtaobh a liostú sa Rialachán seo. Mar sin féin, chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus an gá atá le cáilíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú mar aon leis na dálaí eacnamaíocha dá dtáirgeadh agus dá margú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an liosta sin a leasú, faoi réir coinníollacha dochta.

(70)

Chun ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí talmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht táirgí áirithe talmhaíochta a fheabhsú, agus chun iad a chur in oiriúint do na dálaí margaidh atá ag síorathrú agus do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, agus chun forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a chur san áireamh agus ionas nach gcruthófar constaicí i nuálaíocht táirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le caighdeáin mhargaíochta a ghlacadh de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim den mhargaíocht, agus i ndáil le maoluithe agus díolúintí ar na caighdeáin sin. Ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin mhargaíochta, i measc nithe eile, saintréithe nádúrtha agus bunriachtanacha na dtáirgí lena mbaineann agus ar an mbealach sin athruithe substaintiúla ar ghnáth-chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann a sheachaint. Fairis sin, ba cheart a chur san áireamh sna caighdeáin mhargaíochta an riosca a d'fhéadfadh a bheith i gceist tomhaltóirí a chur amú mar gheall ar a gcuid ionchas agus a gcuid braistintí. Níor cheart go mbeadh costais bhreise a bheadh le híoc ag feirmeoirí amháin i gceist le haon mhaolú nó le haon díolmhú ó na caighdeáin.

(71)

Ba cheart caighdeáin mhargaíochta a bheith infheidhme ionas gur féidir táirgí de cháilíocht chaighdeánaithe shásúil a sholáthar go réidh don mhargadh agus ba cheart iad a bheith ag baint go háirithe, le sainmhínithe teicniúla, aicmithe, cur i láthair, marcáil agus lipéadú, pacáistiú, modh táirgthe, caomhnú, stóráil, iompar, doiciméid riaracháin ghaolmhara, deimhniúchán agus teorainneacha ama, srianta ar úsáid agus ar dhiúscairt.

(72)

Ag cur san áireamh leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na tréithe feirmeoireachta a chur in iúl agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, ba cheart a bheith in ann an áit feirmeoireachta agus/nó an áit tionscnaimh a chinneadh, ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, ach saintréithe sonracha earnálacha áirithe a chur san áireamh, go háirithe maidir le táirgí talmhaíochta próiseáilte.

(73)

Ba cheart rialacha speisialta a chur ar fáil i ndáil le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha má tá forálacha náisiúnta i bhfeidhm i dtríú tíortha a thugann údar le maoluithe ó chaighdeáin mhargaíochta agus má thugtar ráthaíocht go bhfuil siad comhionann le reachtaíocht an Aontais. Is iomchuí freisin rialacha a chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta is infheidhme maidir leis na táirgí a ollmhaireofar ón Aontas.

(74)

Níor cheart táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr a mhargú ach amháin má tá siad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta agus má léirítear an tír tionscnaimh. D'fhonn an ceanglas sin a chur i bhfeidhm mar is cuí agus chun cásanna sonracha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le maoluithe sonracha ón gceanglas sin.

(75)

Ba cheart cloí le beartas cáilíochta ar fud an Aontais trí nós imeachta deimhniúcháin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí in earnáil na leannlusanna agus trí chosc a chur ar tháirgí den sórt sin a mhargú, nach bhfuil deimhniú eisithe dóibh. D'fhonn é a áirithiú go gcuirfear an ceanglas sin i bhfeidhm mar is cuí agus chun cásanna sonracha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith beart de mhaolú ar an gceanglas chun ceanglais trádála roinnt tríú tíortha a chomhlíonadh nó do tháirgí atá beartaithe d'úsáid speisialta.

(76)

I gcás roinnt earnálacha agus/nó táirgí, eilimintí tábhachtacha is ea sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin chun dálaí iomaíochta a chinneadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin a leagan síos d'earnálacha áirithe agus/nó táirgí, nár cheart iad a úsáid ach amháin san Aontas chun táirgí atá i gcomhréir leis na ceanglais chomhfhreagracha a mhargú.

(77)

D'fhonn na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin a oiriúnú go cinnte maidir leis na riachtanais a eascraíonn as éilimh na gcustaiméirí a bhíonn ag athrú, an dul chun cinn teicniúil agus an gá le nuálaíocht na dtáirgí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le modhnuithe, maoluithe nó díolúintí is gá i leith sainmhínithe agus tuairiscí díolacháin.

(78)

Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin a leagtar síos d'earnálacha áirithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.

(79)

Chun sainiúlacht gach táirge nó earnála a chur san áireamh, mar aon leis na céimeanna difriúla margaíochta, na coinníollacha teicniúla, aon mhórdheacracht phraiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cruinneas agus in-atrialltacht na modhanna anailíse, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le lamháltas le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chaighdeáin shonracha faoina bhféadfaí a mheas go raibh ag teip ar bhaisc iomlán na dtáirgí an caighdeán sin a chomhlíonadh.

(80)

Ba cheart cleachtais áirithe fhíoneolaíocha agus srianta áirithe a chinneadh i gcás táirgthe fíona, go háirithe i ndáil le cumasc agus úsáid cineálacha áirithe úrfhíona fíonchaor, sú fíonchaor agus fíonchaor úr de thionscnamh tríú tíortha. Chun na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhlíonadh, i gcás cleachtas fíoneolaíocha breise, ba cheart don Choimisiún na cleachtais fíoneolaíocha atá molta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV) a chur san áireamh.

(81)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le haicmiú cineálacha fíonchaor, agus de réir na rialacha sin ba cheart go leanfadh na Ballstáit a tháirgeann níos mó ná 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana de bheith freagrach as aicmiú na gcineálacha fíonchaor ónar féidir fíon a dhéanamh ina gcríocha. Ba cheart cineálacha áirithe fíonchaor a eisiamh.

(82)

Ba cheart bheith ar chumas na mBallstát rialacha náisiúnta áirithe a choimeád nó a ghlacadh maidir le leibhéil cháilíochta i ndáil le saillte inleata.

(83)

I gcás earnáil an fhíona, ba cheart na Ballstáit a údarú teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó iad a eisiamh agus srianta níos déine a choimeád i gcás fíonta a tháirgtear ina gcríocha, chomh maith lena cheadú go n-úsáidfear ar bhonn turgnamhach cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe.

(84)

Chun a áirithiú go gcuirtear chun feidhme i gceart agus go trédhearcach rialacha náisiúnta le haghaidh táirgí áirithe agus/nó earnálacha áirithe maidir le caighdeáin mhargaíochta, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le coinníollacha a bhunú le haghaidh caighdeáin mhargaíochta den sórt sin a chur i bhfeidhm chomh maith leis na coinníollacha le haghaidh na táirgí arna bhfáil ó na cleachtais thurgnamhacha a choimeád, a chur i gcúrsaíocht agus a úsáid.

(85)

I dteannta na gcaighdeán margaíochta, ba cheart téarmaí cáillíochta roghnacha a bhunú chun a áirithiú nach mbainfear mí-úsáid sa mhargadh as téarmaí a chuireann síos ar thréithe táirgí sonracha nó ar airíonna feirmeoireachta nó próiseála agus go bhféadfaidh tomhaltóirí muinín a bheith acu as na téarmaí sin agus cáilíochtaí éagsúla táirgí á sainaithint acu. I bhfianaise chuspóirí an Rialacháin seo agus ar mhaithe le soiléire, ba cheart téarmaí roghnacha cáilíochta atá ann cheana a liostú sa Rialachán seo.

(86)

Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le táirgí fíona a dhiúscairt nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. Chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm rialacha náisiúnta maidir le táirgí fíona i gceart agus ar bhealach trédhearcach, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le coinníollacha a shocrú i ndáil le táirgí fíona a úsáid nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu.

(87)

D'fhonn an cás sa mhargadh a chur san áireamh mar aon le forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus sna caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád agus lena leagtar síos coinníollacha maidir lena úsáid, agus lena leasaítear na coinníollacha úsáide i ndáil le téarma roghnach coimeádta, mar aon le téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.

(88)

Chun saintréithe earnálacha áirithe agus ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith sonraí breise maidir leis na ceanglais chun téarma coimeádta breise a thabhairt isteach.

(89)

Chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a ndéantar tuairisc orthu le téarmaí roghnacha coimeádta i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide infheidhme, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le rialacha breise i ndáil le húsáid téarmaí roghnacha coimeádta.

(90)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádur speisialta táirgí áirithe talmhaíochta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina measfar go bhfuil táirgí allmhairithe i gcomhréir, go leibhéal coibhéiseach, le ceanglais an Aontais a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta agus lena n-údarófar bearta a dhéanfaidh maolú ó na rialacha nach margófaí táirgí san Aontas ach amháin i gcomhréir le caighdeáin den sórt sin agus leis na rialacha a bhaineann leis na caighdeáin mhargaíochta a chur i bhfeidhm ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

(91)

Ba cheart forálacha maidir le fíon a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

(92)

Tá coincheap na bhfíonta d'ardchaighdeán san Aontas bunaithe ar, inter alia, na saintréithe sonracha inchurtha i leith thionscnamh geografach an fhíona sin. Aithnítear na fíonta sin do na tomhaltóirí trí shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint. Ionas go mbeidh creat trédhearcach agus níos mionléirithe mar chranntaca don cháilíocht a mhaíonn na táirgí lena mbaineann, ba cheart córas a bhunú ina ndéantar iarratais ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a scrúdú i gcomhréir leis an gcur chuige a leantar de réir bheartas cáilíochta cothrománach an Aontais, ar beartas é is infheidhme maidir le bia-ábhair nach fíon nó biotáillí iad a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(93)

Chun na tréithe cáilíochta ar leith a chaomhnú atá ag fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, ba cheart na Ballstáit a údarú rialacha níos déine a chur i bhfeidhm ina leith sin.

(94)

Chun cáiliú do chosaint san Aontas, ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha i gcomhair fíona a aithint agus a chlárú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le rialacha nós imeachta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

(95)

Ba cheart cosaint a bheith ar fáil do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha tríú tíortha i gcás ina bhfuil siad faoi chosaint ina dtír thionscnaimh.

(96)

Ba cheart, de bharr an nós imeachta clárúcháin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige i mBallstát nó i dtríú tír a bheith in ann a chearta a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt i dtaobh a agóidí.

(97)

Ba cheart sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha atá cláraithe a chosaint ar úsáidí a bhaineann leas as clú na dtáirgí a chomhlíonann na coinníollacha. Chun iomaíocht chothrom a chur chun cinn agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart leis an gcosaint sin go gcuimseofaítáirgí agus seirbhísí nach bhfuil cumhdaithe ag an Rialachán seo, lena n-áirítear na cinn nach bhfuil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí.

(98)

Chun cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil lena cheadú ainm cineáil fíonchaor a úsáid ar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint é nó a bhfuil an sonrúchán sin nó an tásc sin mar chuid de.

(99)

Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na critéir bhreise a bhaineann le críochú an limistéir gheografaigh, na srianta agus na maoluithe a bhaineann leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe.

(100)

Chun cáilíocht agus inrianaitheacht táirgí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na coinníollacha faoina bhféadtar ceanglais bhreise a áireamh sna sonraíochtaí táirgí.

(101)

Chun cosaint cearta nó leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gcineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh; na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint; na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann; na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír; an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint; agus na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

(102)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le srianta ar an ainm faoi chosaint.

(103)

Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo dochar míchuí d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009, nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le rialacha idirthréimhseacha a leagan síos i ndáil le hainmneacha fíonta mar sin, fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach.

(104)

Úsáidtear téarmaí áirithe go traidisiúnta san Aontas lena dtugtar faisnéis do na tomhaltóirí faoi thréithe ar leith agus faoi cháilíocht na bhfíonta lena gcomhlánaítear an fhaisnéis a thugtar sna sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus sna tásca geografacha faoi chosaint. Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíocht chothrom a áirithiú agus ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ba cheart na téarmaí traidisiúnta sin a bheith incháilithe chun cosaint a fháil san Aontas.

(105)

Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an teanga agus le litriú téarma traidisiúnta atá le cosaint.

(106)

Chun cosaint cearta dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gcineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta; coinníollacha bailíochta iarratais ar chosaint téarma traidisiúnta; na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta; raon feidhme na cosanta, lena n-áirítear an gaol le trádmhairc, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor; na forais le cealú téarma traidisiúnta; an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh; agus na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

(107)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus lena bhforálfar do mhaoluithe gaolmhara.

(108)

Is féidir le tuairisc, sonrúchán agus cur i láthair táirgí de chuid earnáil an fhíona, atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, tionchar suntasach a imirt ar indíoltacht na dtáirgí sin. D'fhéadfadh difríochtaí idir dlíthe na mBallstát maidir le lipéadú táirgí fíona bac a chur ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart dá bhrí sin rialacha a leagan síos ina gcuirtear san áireamh leasa dlisteanacha na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí. Ar an ábhar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rialacha de chuid an Aontais i dtaca le lipéadú agus le cur i láthair.

(109)

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le himthosca eisceachtúla a thugann bonn cirt na téarmaí 'sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint' nó 'tásc geografach faoi chosaint' a fhágáil ar lár.

(110)

Chun na saintréithe sonrachasaintréíthe sonracha in earnáil an fhíona a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Rialachán seo; sonraí áirithe éigeantacha agus roghnacha.

(111)

Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le fíonta a lipéadú agus a chur i láthair go sealadach a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

(112)

Chun a áirithiú nach ndéanfar dochar d'oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

(113)

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil táirgí earnáil an fhíona idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndail leis na maoluithe ar rialacha maidir le lipéadú agus le cur i láthair i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin de réir dhlí an tríú tír lena mbaineann.

(114)

Beidh ionstraimí sonracha ag teastáil fós agus deireadh tagtha leis an gcóras cuóta chun cothroime ceart agus oibleagáidí a áirithiú idir gnóthais siúcra agus saothraithe biatais siúcra. Dá bhrí sin, ba cheart na forálacha caighdeánacha lena rialaítear comhaontuithe i scríbhinn laistigh den thrádáil a thugtar chun críche eatarthu a bhunú.

(115)

Leis an athchóiriú a rinneadh ar an gcóras siúcra in 2006, tugadh isteach athruithe forleathana ar earnáil an tsiúcra san Aontas. Ionas go mbeidh saothraithe biatais siúcra in ann a n-oiriúnú don staid mhargaidh nua agus do treoshuíomh margaidh méadaithe na hearnála a thabhairt chun críche, ba cheart síneadh a chur le córas na gcuótaí siúcra atá ann faoi láthair go dtí go gcuirfear deireadh leis ag deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.

(116)

Chun saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an sainmhínithe teicniúla i ndáil le hearnáil an tsiúcra a thabhairt cothrom le dáta; na téarmaí ceannaigh do biatais a leagtar síos sa Rialachán seoa thabhairt cothrom le dáta; agus tuilleadh rialacha maidir le cinntí i dtaca le hollmheáchan, táir agus cion biatas siúcra a sheachadtar chuig gnóthas chomh maith le rialacha maidir le laíon biatais.

(117)

Léirítear leis an taithí atá faighte le déanaí an gá atá le bearta sonracha chun soláthar leordhóthanach siúcra chuig margadh an Aontas a áirithiú i rith thréimhse na gcuótaí siúcra atá fágtha.

(118)

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, agus ó tharla gur gá aon suaitheadh ar an margadh a chosc, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarmaí ceannaigh agus conarthaí seachadta; nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh le haghaidh biatais a leagtar síos sa Rialachán seo, agus na critéir sin atá le cur i bhfeidhm ag gnóthais siúcra nuair atá na cainníochtaí biatais atá le cumhdach ag conarthaí réamhchurtha seachadta á leithdháileadh i measc díoltóirí biatais.

(119)

D'fhonn forbairtí teicniúla a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh, i ndáil le liosta táirgí a bhunú a bhféadfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó sioróip ionúiline thionsclaíoch a úsáid lena dtáirgeadh.

(120)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais formheasta a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline a n-oibleagáidí, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh, maidir le formheas a dheonú do na gnóthais sin agus a tharraingt siar uathu, chomh maith leis na critéir le haghaidh pionóis riaracháin.

(121)

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le brí na dtéarmaí le haghaidh oibriú an chórais cuótaí agus maidir leis na coinníollacha lena rialaítear díolacháin chuig na réigiúin is forimeallaí.

(122)

D'fhonn a áirithiú go bhfuil dlúthbhaint ag na saothraithe le cinneadh cainníocht áirithe den táirgeadh a thabhairt ar aghaidh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le siúcra a thabhairt ar aghaidh.

(123)

Chun na deiseanna fíonsaothrúcháin a bhainistiú níos fearr ba cheart do na Ballstáit fardal a n-acmhainneachta táirgthe, bunaithe ar an gclár fíonghort, a chur i bhfios don Choimisiún. Chun na Ballstáit a spreagadh chun an fardal a chur in iúl, ba cheart don tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú a bheith teoranta do na Ballstáit sin a chuir an fardal in iúl.

(124)

Chun a éascú do Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgthe agus í a fhíorú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le hábhar an chláir fíonghort agus i ndáil le díolúintí.

(125)

Chun foráil a dhéanamh maidir le leibhéal sásúil inrianaitheachta do na tairgí lena mbaineann, go háirithe ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí, ba cheart go gceanglófaí go mbeadh doiciméad tionlacain ag gabháil le táirgí uile earnáil an fhíona atá cumhdaithe ag an Rialachán seo agus iad ag cúrsáil laistigh den Aontas.

(126)

Chun iompar táirgí fíona agus fíorú an iompair sin ag Ballstáit a éascú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus úsáid an doiciméid sin maidir leis na coinníollacha faoina measfar go bhfuil sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint á ndeimhniú ag doiciméad faoi iamh; maidir le hoibleagáid clár a choimeád agus maidir le húsáid an chláir sin; maidir lena shonrú cé a choimeádfaidh clár agus maidir le díolúintí ón oibleagáid clár a choimeád; agus maidir leis na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

(127)

In éagmais reachtaíochta de chuid an Aontais maidir le conarthaí scríofa agus curtha ar bhonn foirmiúil, féadfaidh Ballstáit, faoin dlí náisiúnta na gconarthaí, cinneadh a dhéanamh go mbeidh úsáid na gconarthaí sin éigeantach ar choinníoll go n-urramofaí dlí an Aontais sa dóigh sin agus go háirithe go n-urramofaí feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht an mhargaidh. I bhfianaise éagsúlacht na gcásanna ar fud an Aontais, agus chun leasa na coimhdeachta, ba cheart an cinneadh sin a fhágáil faoi na Ballstáit. Chun íoschaighdeáin iomchuí a áirithiú do na conarthaí sin in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, áfach, mar aon le feidhmiú chuí an mhargaidh inmheánaigh agus chomheagraíocht na margaí, ba cheart roinnt coinníollacha bunúsacha a leagan síos ar leibhéal an AE maidir le húsáid na gconarthaí sin. Ba cheart na coinníollacha bunúsacha sin go léir a chaibidliú go neamhshrianta. Ós rud é go bhféadfadh sé go bhfuil rialacha leis an éifeacht chéanna ag comharchumainn déiríochta áirithe ina reachtanna, ba cheart iad a dhíolmhú, ar mhaithe le simplíocht, ón gceanglas maidir le conarthaí a dhéanamh. Chun éifeachtacht córais conarthaí den sórt sin a neartú, ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar cheart go mbeadh feidhm acufreisin i gcás ina mbailíonn páirtithe idirmheánacha bainne ó fheirmeoirí lena sheachadadh chuig lucht próiseála.

(128)

Chun a áirithiú go ndéanfar táirgeadh a fhorbairt ar bhealach inmharthana agus mar thoradh ar sin caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d'fheirmeoirí déiríochta, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh próiseálaithe a neartú agus ba cheart leithdháileadh níos cothroime ar an mbreisluach feadh an tslabhra soláthair a bheith mar thoradh air sin. Chun na cuspóirí sin de chuid CBT a bhaint amach, ba cheart foráil a ghlacadh de bhun Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) CFAE chun a cheadú d'eagraíochtaí táirgeoirí comhdhéanta d'fheirmeoirí déiríochta nó dá gcomhlachais, téarmaí conartha, lena n-áirítear praghas, a chaibidil go comhpháirteach i gcomhair tháirgeadh bhainne amh a gcomhaltaí ar fad nó cuid díobh le déirí. Chun iomaíocht éifeachtach sa mhargadh déiríochta a choimeád, ba cheart an deis seo a bheith faoi réir srianta iomchuí cainníochtúla. Ionas nach mbainfear an bonn d'fheidhmiú éifeachtach comharchumann agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú i gcás ina ngabhann, le ballraíocht feirmeora i gcomharchumann, oibleagáid a bheith ann i dtaca le táirgeadh bainne uile an fheirmeora sin, nó cuid de, bainne amh a sheachadadh, a bhfuil na coinníollacha chuige sin leagtha amach laistigh de reachta an chomharchumainn nó sna rialacha nó sna cinntí atá bunaithe orthu siúd, níor cheart go mbeadh na coinníollacha sin faoi réir caibidlíochta trí eagraíocht táirgeoirí.

(129)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, go háirithe do réigiúin íogaire tuaithe, agus chun an breisluach a áirithiú agus chun cáilíocht cáiseanna a bhaineann tairbhe as sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus as tásca geografacha, go háirithe, a choimeád, agus i gcomhthéacs chóras na gcuótaí bainne a bheidh ag dul in éag, ba cheart go gceadófaí do na Ballstáit rialacha a chur i bhfeidhm chun soláthar iomlán na cáise sin a bheidh á táirgeadh sa limistéar geografach sainithe a rialú arna iarraidh sin d'eagraíocht idirchraoibhe, eagraíocht táirgeoirí nó grúpa táirgeoirí mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimhir 1151/2012. Ba cheart go mbeadh an iarraidh sin á tacú ag tromlach mór de tháirgeoirí bainne, ar tromlach é a sheasann do thromlach mór na toirte bainne a úsáidtear don cháis sin, agus i gcás grúpaí agus eagraíochtaí idirchraoibhe, ag tromlach mór de tháirgeoirí cáise a sheasann do thromlach mór de thoirt na cáise.

(130)

D'fhonn na forbairtí sa mhargadh a leanúint, tá faisnéis thráthúil ar thoirt an bhainne amh arna sheachadadh de dhíth ón gCoimisiún. Ba cheart, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfeadh an chéad cheannaitheoir an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit ar bhonn tráthrialta agus go dtabharfadh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi sin.

(131)

Is féidir ról fónta a bheith ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag a gcomhlachais leis an soláthar a chomhchruinniú agus maidir le margaíocht agus pleanáil a fheabhsú, le táirgeacht a oiriúnú don éileamh, le barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, le praghsanna táirgeoirí a chobhsú, le taighde a dhéanamh, le dea-chleachtais a chur chun cinn, le cúnamh teicniúil a chur ar fáil, le fotháirgí a bhainistiú agus le huirlisí bainistithe riosca a bhainistiú atá ar fáil dá gcuid comhaltaí, agus ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le seasamh na dtáirgeoirí sa slabhra bia a neartú.

(132)

Féadfaidh eagraíochtaí idirchraoibhe ról tábhachtach a bheith acu maidir le hidirphlé a cheadú gníomhairí i slabhra soláthair agus i ndea-chleachtais agus trédhearcacht sa mhargadh a chur chun cinn.

(133)

Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le heagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachais agus a n-eagraíochtaí idirchraoibhe a shainmhíniú agus aitheantas a thabhairt dóibh, ba cheart iad a chomhchuibhiú, a shruthlíniú agus a shíneadh chun foráil d'aitheantas a d'fhéadfaí a bheith i gceist ach é a iarraidh faoi reachtanna a leagtar amach i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás earnálacha áirithe. Go háirithe, ba cheart a áirithiú le critéir agus reachtanna aitheantais na n-eagraíochtaí táirgeoirí go bhfoirmeofar na comhlachtaí ar thionscnamh na dtáirgeoirí agus go rialófar iad i gcomhréir leis na rialacha lena gcumasófar do chomhaltaí táirgeora a n-eagraíocht agus a cuid cinntí a scrúdú ar bhealach daonlathach.

(134)

Na forálacha atá ann faoi láthair in earnálacha éagsúla, ar forálacha iad lena méadaítear tionchar eagraíochtaí táirgeoirí, a gcomhlachas agus eagraíochtaí idirchraoibhe trína cheadú do Bhallstáit, i ndálaí áirithe, rialacha áirithe d'eagraíochtaí den sórt sin a shíneadh go hoibreoirí nach baill iad, is léir go bhfuil siad éifeachtach agus ba cheart iad a chomhchuibhiú, a chuíchóiriú agus a shíneadh go gach earnáil.

(135)

Ba cheart foráil a dheanamh go bhféadfaí bearta áirithe a ghlacadh chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú, rud a d'fhéadfadh a bheith ina chuidiú chun na margaí a chobhsú agus caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don phobal talmhaíochta lena mbaineann.

(136)

Chun eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a spreagadh chun gníomhaíochta maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh, seachas gníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le bearta lena ndéantar an cháilíocht a fheabhsú; eagrú feabhsaithe an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta a chur chun cinn; taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidh a éascú; agus chun a cheadú réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhunú ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh.

(137)

Chun feidhmiú an fhíonmhargaidh a fheabhsú, ba cheart na Ballstáit a bheith ábalta cinntí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe a chur chun feidhme. Ba cheart cleachtais a d'fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh go mór a bheith ar eisiamh ó raon feidhme na gcinntí sin, áfach.

(138)

Cé go gcumhdaítear conarthaí scríofa, curtha ar bhonn foirmiúil, san earnáil bhainne le forálacha ar leith, d'fhéadfadh úsáid na gconarthaí sin cabhrú le freagracht na n-oibreoirí in earnálacha eile agus a bhfeasacht a mhéadú maidir leis an ngá le comharthaí an mhargaidh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, tarchur praghsanna a fheabhsú agus soláthar a oiriúnú don éileamh, chomh maith le cleachtais tráchtála mhíchothroma áirithe a sheachaint. In éagmais reachtaíocht Aontais maidir le conarthaí den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, faoin dlí náisiúnta conarthaí, úsáid na gconarthaí sin a dhéanamh éigeantach ar choinníoll go n-urramaítear dlí an Aontais agus an méid sin á dhéanamh agus go háirithe go n-urramaítear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus comheagrú an mhargaidh.

(139)

Chun forbairt inmharthana táirgthe agus dá bhrí sin caighdeán maireachtála atá cothrom do tháirgeoirí sna hearnálacha mairteola, laofheola agus ola olóige, agus do tháirgeoirí barra curaíochta áirithe a áirithiú, ba cheart a gcumhacht margála i dtaobh oibreoirí iartheachtacha a neartú, agus ar an gcaoi sin dáileadh níos cothroime luacha a bhaint amach feadh an tslabhra soláthair. Chun na cuspóirí CBT sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in ann caibidlíocht a dhéanamh, faoi réir teorainneacha cainníochtúla, téarmaí na gconarthaí seachadta, lena n-áirítear praghsanna, i leith roinnt de tháirgeacht na gcomhaltaí, ar choinníoll go saothraíonn na heagraíochtaí ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na cuspóirí maidir le, soláthar a chomhchruinniú, na táirgí a tháirgeann a gcuid comhaltaí a chur ar an margadh agus barrfheabhas a chur ar chostais táirgthe agus go n-eascrófadh as saothrú na gcuspóirí sin comhtháthú na ngníomhaíochtaí agus ar an gcoinníoll go nginfear leis an gcomhtháthú sin éifeachtúlacht shonrach ionas go gcuirfidh gníomhaíochtaí na heagraíochta táirgeoirí ina hiomlán le baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE. D'fhéadfaí é sin a bhaint amach ar choinníoll go ndéanfadh an eagraíocht táirgeoirí gníomhaíochtaí sonracha áirithe agus go mbeadh na gníomhaíochtaí sin suntasach i dtéarmaí mhéid na táirgeachta lena mbaineann agus i dtéarmaí chostas na táirgeachta agus chostas an táirge a chur ar an margadh.

(140)

Chun an breisluach a áirithiú, agus chun caighdeán liamháis shaillte a bhaineann leas as sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint a choimeád ar bun, ba cheart ligean do Bhallstáit, faoi réir coinníollacha dochta, rialacha a chur i bhfeidhm chun soláthar an liamháis shaillte sin a rialáil, ar choinníoll go dtacaíonn tromlach mór tháirgeoirí an liamháis sin na rialacha sin agus, i gcás inarb iomchuí, tromlach mór tháirgeoirí na muc sa limistéar geografach a bhaineann leis an liamhás sin.

(141)

Beart dian is ea clárú gach conartha soláthair a bhaineann le leannlusanna arna dtáirgeadh san Aontas agus ba cheart deireadh a chur leis.

(142)

D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe a shainiú go soiléir chun cur lena éifeachtaí atá gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin gan ualach riaracháin míréireach agus gan baint de phrionsabail shaoirse an chomhlachais go háirithe i ndáil le neamh-chomhaltaí na n-eagraíochtaí sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis na rialacha i ndáil leis an méid a leanas:

na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh, a chaithfidh nó nach gcaithfidh na heagraíochtaí sin agus na comhlachais sin a shaothrú agus i gcás inarb iomchuí a chur leis na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo; rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear maoluithe, an struchtúr, an tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht dhaonlathach agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas as cumaisc; na coinníollacha maidir leis an aitheantas, le haitheantas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, na héifeachtaí a thagann astu sin, chomh maith leis na ceanglais maidir le bearta feabhais a dhéanamh mura n-urramaítear na critéir aitheantais;

eagraíochtaí trasnáisiúnta agus comhlachais thrasnáisiúnta agus na rialacha a bhaineann le cúnamh riaracháin i gcás comhair thrasnáisiúnta; na hearnálacha atá faoi réir údarú na mBallstát a bhfuil feidhm ag seachfhoinsiú maidir leis agus coinníollacha agus cineál na ngníomhaíochtaí a fhéadfar a sheachfhoinsiú agus soláthar acmhainní teicniúla ag eagraíochtaí nó comhlachais; an bonn ar a ríomhfar íosmhéid nó íosluach de tháirgeadh indíolta eagraíochtaí agus comhlachas; rialacha maidir le ríomh mhéid an bhainne amh a chumhdaítear le caibidlíocht ag eagraíocht táirgeoirí, glacadh comhaltaí nach táirgeoirí iad i gcás eagraíochtaí táirgeoirí nó nach eagraíochtaí táirgeoirí iad i gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí a shíneadh go táirgeoirí nach comhaltaí iad agus íocaíocht éigeantach síntiús ag táirgeoirí nach comhaltaí iad, lena n-áirítear an úsáid a bhaineann na heagraíochtaí sin as an íocaíocht sin agus an bealach a leithdháiltear í agus liosta de rialacha táirgthe atá níos déine is féidir a shíneadh, tuilleadh ceanglas maidir le hionadaíochas, na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear grinnscrúdú ar a sainiú ag an gCoimisiún, íostréimhsí inar cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha lena linn sula gcuirfear síneadh leo, na daoine nó na heagraíochtaí is féidir na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm orthu, agus na himthosca inar féidir leis an gCoimisiún a éileamh go ndéanfaí síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha a shéanadh nó a aistarraingt.

(143)

Is é an rud is tábhachtaí maidir le faireachán sreabha tráchtála bainistiú a dhéanamh ar bhealach solúbtha. Ba cheart an cinneadh a dhéanamh faoi cheanglais cheadúnaithe a thabhairt isteach ag cur san áireamh an gá atá le ceadúnais ó thaobh bhainistiú na margaí lena mbaineann agus, go háirithe, chun faireachán a dhéanamh ar allmhairiú nó ar onnmhairiú na dtáirgí atá i gceist.

(144)

D'fhonn a chur san áireamh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na caighdeáin sóisialta, comhshaoil agus leasa ainmhithe is infheidhme de chuid an Aontais, an gá atá le faireachán a dhéanamh ar fhorás na trádála agus forbairtí sa mhargadh, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú na dtáirgí, mar aon leis an ngá atá ann an margadh a bhainistiú ar bhonn fónta agus an gá atá leis an ualach riaracháin a laghdú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le liosta na dtáirgí a bheidh faoi réir ceadúnais onnmhairithe nó allmhairithe a thíolacadh; agus na cásanna agus na staideanna nach bhfuil sé de cheangal iontu ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh.

(145)

Chun gnéithe eile de chóras na gceadúnas a chur ar fáil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:na cearta agus na hoibleagáidí a dhíorthófar ón gceadúnas agus a éifeachtaí dlíthiúla agus na cásanna ina bhfuil feidhm ag lamháltas maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanamh ar an méid atá luaite sa cheadúnas nó i gcás ina luafar an tionscnamh, foráil a dhéanamh go mbeidh eisiúint ceadúnais allmhairiúcháin nó scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta faoi réir tíolacadh doiciméid arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas a dheimhníonn, inter alia, tionscnamh, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí; aistriú an cheadúnais nó srianta ar an inaistritheacht sin; coinníollacha breise do cheadúnais allmhairiúcháin i gcomhair cnáibe agus prionsabal an chúnaimh riaracháin idir Bhallstáit chun calaois nó neamhrialtachtaí a chosc nó chun déileáil leo; agus na cásanna agus na himthosca a chinneadh a bhfuil sé de cheangal iontu nó nach bhfuil sé de cheangal iontu urrús a thaisceadh lena ráthaítear go ndéanfar na táirgí a allmhairiú nó a onnmhairiú laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

(146)

Tá eilimintí riachtanacha na ndleachtanna custaim is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, lena léirítear comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála, leagtha síos sa Chomhtharaif Chustaim. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta a ghlacadh chun dleachtanna allmhairiúcháin a ríomh go mionsonraithe de bhun na n-eilimintí riachtanacha sin.

(147)

Ba cheart córas an phraghais iontrála a choimeád do tháirgí áirithe. Chun éifeachtúlacht chóras an phraghais iontrála a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith fírinneacht phraghas dearbhaithe na coinsíneachta a sheiceáil trí leas a bhaint as luach allmhairiúcháin ar ráta comhréidh agus na coinníollacha a sholáthar faoina gceanglófar urrús a thaisceadh.

(148)

Ba cheart dleacht bhreise a bheith iníoctha i gcás allmhairiú táirgí áirithe talmhaíochta, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, chun cosc a chur ar na tionchair dhíobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag allmhairí de na táirgí dá leithéid ar mhargadh an Aontais nó le dul i ngleic leis na tionchair sin.

(149)

Is iomchuí, faoi choinníollacha áirithe, cuótaí taraifí allmhairiúcháin a oscailt agus a riar, ar cuótaí taraifí iad a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE nó ó ghníomhartha eile. An modh riaracháin a ghlacfar, ba cheart leis, i gcás cuótaí taraifí allmhairiúcháin, an aird is cuí ar riachtanais soláthair mhargadh táirgthe, próiseála agus tomhaltais an Aontais, idir an táirgeadh atá ann cheana agus an táirgeadh atá ag teacht chun cinn, i dtaca le hiomaíochas, le deimhneacht agus le leanúnachas an tsoláthair agus ar an ngá atá le cothromaíocht an mhargaidh a chosaint.

(150)

Chun na gealltanais a tugadh faoi na comhaontuithe a tugadh chun críche le linn Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála maidir le cuótaí taraife i leith 2 000 000 tona arbhair Indiaigh agus 300 000 tona sorghuim a allmhairiú isteach sa Spáinn, agus maidir le cuótaí ráta taraife i leith 500 000 tona abhair Indiaigh a allmhairiú isteach sa Phortaingéil, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na forálacha is gá a bhunú chun na hallmhairithe cuóta taraife a thabhairt chun críche agus, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na méideanna arna n-allmhairiú ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát lena mbaineann a stóráil go poiblí.

(151)

Chun rochtain chothrom ar na cainníochtaí atá ar fáil a áirithiú agus chun cóir chomhionann d'oibreoirí laistigh den chuóta taraife a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an méid seo a leanas: lena gcinnteofar na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den chuóta taraife; lena mbunófar rialacha maidir le cearta a aistriú idir oibreoirí agus i gcás inar gá, na teorainneacha le haistriú laistigh de bhainistiú an chuóta taraife; rannpháirtíocht sa chuóta taraife a chur faoi réir urrús a thaisceadh; foráil a dhéanamh, i gcás inar gá, d'aon saintréithe sonracha, riachtanais nó srianta is infheidhme maidir leis an gcuóta taraife arna leagan amach sa chomhaontú idirnáisiúnta nó i ngníomh eile lena mbaineann.

(152)

I gcásanna áirithe féadfar leas a bhaint as cóireáil speisialta allmhairiúcháin do tháirgí talmhaíochta i dtríú tíortha má chomhlíonann na táirgí sonraíochtaí áirithe agus/nó coinníollacha maidir le praghsanna. Ní mór comhar riaracháin a bheith ann idir údaráis na tríú tíre allmhairiúcháin agus an tAontas lena áirithiú go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm i gceart. Chuige sin, ba cheart deimhniú arna eisiúint san Aontas a bheith in éineacht leis na táirgí.

(153)

Chun a áirithiú go bhféadfadh táirgí onnmhairithe tairbhe a bhaint as cóir speisialta ar a n-allmhairiú isteach i dtríú tír má urramaítear coinníollacha áirithe, de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na rialacha lena gceanglaítear ar údaráis inniúla Ballstát, arna iarraidh sin agus tar éis seiceálacha iomchuí, doiciméad a eisiúint lena ndeimhnítear go bhfuil na coinníollacha comhlíonta.

(154)

Chun cosc a chur ar an suaitheadh a d'fhéadfadh barra mídhleathacha a dhéanamh ar an margadh i gcomhair cnáibe le haghaidh snáithín, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán maidir le seiceáil a dhéanamh ar allmhairí cnáibe agus síl chnáibe lena áirithiú go dtabharfar ráthaíochtaí faoina gcion de theitrihidreacannaibionól atá sna táirgí sin. Ina theannta sin ba cheart leanúint de chóras rialaithe a chur i bhfeidhm i gcás allmhairí síl chnáibe a bhfuiltear ag súil iad a úsáid i gcomhair cuspóirí eile seachas iad a chur, ar córas rialaithe é ina bhforáiltear maidir le húdarú na n-allmhaireoirí lena mbaineann.

(155)

Tá beartas cáilíochta á leanúint ar fud an Aontais maidir le táirgí in earnáil na leannlusanna. I gcás táirgí allmhairithe, ba cheart na forálacha lena n-áirithítear nach n-allmhairítear ach na táirgí a chomhlíonann na híostréithe cáilíochta comhionanna a chur san áireamh sa Rialachán seo. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith na gcoinníollacha a shocrú nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fianú coibhéise agus lipéadú pacáistithe fúthu.

(156)

Tá an tAontas tar éis roinnt mhaith socruithe fabhracha maidir le rochtain ar an margadh le tríú tíortha a thabhairt chun críche lena gceadaítear do na tíortha sin cána siúcra a onnmhairiú chuig an Aontas faoi choinníollacha fabhracha. Ba cheart na forálacha lena mbaineann a choimeád ar feadh tréimhse áirithe maidir le measúnú ar an ngá atá ag na scagairí le haghaidh siúcra lena scagadh, agus faoi choinníollacha áirithe, ceadúnais allmhairiúcháin a fhorchoimeád d'úsáideoirí speisialaithe de chainníochtaí suntasacha shiúcra cána amh allmhairithe, a mheastar gur scagairí lánaimseartha iad san Aontas. D'fhonn é a áirithiú go scagfar siúcra allmhairithe lena scagadh i gcomhréir leis na ceanglais sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith téarmaí a úsáid le haghaidh oibriú na socruithe allmhairiúcháin; na coinníollacha agus na ceanglais incháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin a thaisceadh, lena n-áirítear urrús a thaisceadh, agus rialacha maidir le pionóis riaracháin a bheidh le gearradh.

(157)

Is féidir gach beart cosanta eile ag teorainneacha seachtracha an Aontais a ligean thar ceal de bharr an chórais dleachta custaim atá ann anois. D'fhéadfadh sé tarlú in imthosca eisceachtúla nár leormhaith an margadh inmheánach agus an mheicníocht dleachta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart é a bheith ar chumas an Aontais gach beart atá riachtanach a chur i bhfeidhm gan mhoill i dtreo is nach mbeadh margadh an Aontais gan cosaint in aghaidh suaitheadh a d'fheadfadh a leanúint astu. Ba cheart do na bearta sin gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh.

(158)

Is iomchuí go mbeifí ábalta úsáid socruithe próiseála amach agus isteach a chur ar fionraí i gcás ina dtarlaíonn suaitheadh i margadh an Aontais nó i gcás ina bhfuil baol ann go dtarlódh suaitheadh ar an margadh de dheasca na socruithe sin.

(159)

Aisíocaíochtaí a thabhairt ar onnmhairithe do thríú tíortha, bunaithe ar an difríocht idir praghsanna laistigh den Aontas agus ar mhargadh an domhain, agus a thagann faoi réim na dteorainneacha atá leagtha síos sna gealltanais a tugadh san EDT, ba cheart iad a choinneáil mar bheart a bhféadfar leis táirgí áirithe a chumhdach a bhfuil feidhm ag an Rialacháin seo maidir leo nuair a thagann dálaí an mhargaidh inmheánaigh faoi réim na ndálaí sin a gcuirtear síos orthu i gcás beart eisceachtúil. Ba cheart onnmhairithe a dtugtar fóirdheontais dóibh a bheith faoi réir teorainneacha ó thaobh luacha agus cainníochta de, agus gan dochar do chur i bhfeidhm beart eisceachtúil, ba cheart gur nialas a bheadh san aisíocaíocht.

(160)

Ba cheart comhlíonadh na dteorainneacha luacha a áirithiú nuair atá na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin á socrú trí fhaireachán a dhéanamh ar íocaíochtaí faoi na rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta. Is féidir an faireachán a éascú trí na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a shocrú go héigeantach roimh ré, agus an deis a cheadú fós, i gcás aisíocaíochtaí difreáilte, an ceann scríbe sonraithe a athrú laistigh de limistéar geografach áirithe a bhfuil feidhm ag ráta aisíocaíochta onnmhairiúcháin aonair maidir leis. Ba cheart an aisíocaíocht onnmhairiúcháin is infheidhme maidir leis an gceann scríbe iarbhír a íoc nuair a athraítear ceann scríbe, agus an uasteorainn don mhéid is infheidhme maidir leis an gceann scríbe a shocrú roimh ré.

(161)

Ba cheart córas faireacháin atá iontaofa agus éifeachtach a úsáid lena áirithiú go gcomhlíontar na teorainneacha cainníochta. Chuige sin ba cheart ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith tugtha sula ndeonaítear aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin. Ba cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú suas go dtí na teorainneacha atá ar fáil ag brath ar chás faoi leith gach táirge atá i gceist. Níor cheart eisceachtaí a dhéanamh maidir leis an riail sin ach amháin i gcás táirgí próiseáilte nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, agus nach bhfuil feidhm ag teorainneacha méide maidir leo. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar chomhlíonadh docht na rialacha bainistithe i gcás nach dócha go sáróidh na honnmhairithe sin a bhfuil aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ag dul leo an chainníocht atá leagtha síos.

(162)

I gcás onnmhairiú bó-ainmhithe beo, níor cheart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú agus a íoc ach amháin ar choinníoll go n-urramófar forálacha reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe agus go háirithe na forálacha sin a bhaineann le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar.

(163)

Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin mar is ceart, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir leis an gceanglas urrús a thaisceadh lena ráthófar go gcuirfear oibleagáidí na n-oibreoirí i gcrích.

(164)

Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar údaráis a laghdú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le gníomhartha chun tairsí a shocrú nach mbeidh gá leis an oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a sholáthar faoina mbun, chun cinn scríbe nó oibríochtaí a ainmniú inar féidir údar maith a thabhairt maidir le díolúine ón oibleagáid ceadúnas onnmhairiúcháin a thíolacadh agus chun deonú ex-post ceadúnas onnmhairiúcháin a cheadú i staideanna ina bhfuil údar maith leis.

(165)

Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna praiticiúla ina bhfuil údar maith le incháilitheacht iomlán nó pháirteach chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil, agus chun cuidiú le hoibreoirí dul tríd an tréimhse idir an t-iarratas ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin agus íocaíocht dheireanach na haisíocaíochta onnmhairiúcháin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith rialacha maidir leis an méid a leanas: dáta eile don aisíocaíocht; réamhíocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear na coinníollacha maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh; cruthúnas breise i gcás amhrais faoi fhíorcheann scríbe na dtáirgí agus an deis d'ath-allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais; cinn scríbe a ndéileáiltear leo mar onnmhairí ón Aontas, agus áireamh ceann scríbe laistigh de chríoch chustaim an Aontais atá cáilithe chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil.

(166)

Chun rochtain comhionann a áirithiú ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin d'onnmhaireoirí na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí agus d'onnmhaireoirí táirgí a phróiseáiltear as na táirgí sin, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha áirithe le haghaidh táirgí talmhaíochta a chur i bhfeidhm maidir le táirgí arna n-onnmhairiú i bhfoirm earraí próiseáilte.

(167)

D'fhonn a áirithiú go n-onnmhaireofar táirgí a thairbheoidh d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ó chríoch chustaim an Aontais, agus nach dtiocfaidh siad ar ais go dtí an chríoch sin agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú d'oibreoirí agus iad ag fáil cruthúnais agus á thíolacadh gur shroich táirgí aisíocaíochta tír a gcinn scríbe le haghaidh aisíocaíochtaí difreáilte, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le rialacha maidir leis an méid seo a leanas: an teorainn ama nach mór an imeacht ó chríoch chustaim an Aontais a thabhairt chun críche fúithi, lena n-áirítear an t-am i gcomhair athiontrála sealadaí; an phróiseáil a fhéadfar a dhéanamh i rith na tréimhse sin ar tháirgí atá ag tairbhiú d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin; an cruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil; na tairseacha agus na coinníollacha aisíocaíochta faoina bhféadfar díolúine ón gcruthúnas sin a thabhairt d'onnmhaireoirí; agus coinníollacha maidir le formheas an chruthúnais, arna chur ar fáil ag tríú páirtithe neamhspleácha, gur sroicheadh ceann scríbe i gcás ina bhfuil feidhm ag inaisíocaíochtaí difreáilte.

(168)

Chun onnmhaireoirí a spreagadh chun dálaí leasa ainmhithe a urramú agus chun na húdaráis inniúla a chumasú chun caiteachas ceart aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fhíorú i gcás ina bhfuil sé sin ag brath ar cheanglais maidir le leas ainmhithe a urramú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil le ceanglais leasa ainmhithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear tríú páirtithe neamhspleácha a úsáid.

(169)

Chun aird a thabhairt ar shaintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh maidir le ceanglais shonracha agus coinníollacha sonracha maidir le hoibreoirí agus maidir leis na táirgí a bheidh cáilithe d'aisíocaíocht onnmhairiúcháin, agus maidir le bunú comhéifeachtaí chun críocha aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh lena dtabharfar aird ar an bpróiseas aosaithe i leith deochanna biotáille ar leith a thagann ó ghránaigh.

(170)

Níl íosphraghsanna onnmhairiúcháin do bhleibíní bláthanna úsáideach a thuilleadh agus ba cheart iad a dhíothú.

(171)

I gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE níl feidhm ag na forálacha de chuid an Chonartha a bhaineann le hiomaíocht maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin sa mhéid a chinnfidh reachtaíocht an Aontais faoi chuimsiú Airteagal 43(2) CFAE agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos iontu.

(172)

I bhfianaise shaintréithe sonracha na hearnála talmhaíochta agus a mhéid a bhraitheann sé ar fheidhmiú ceart slabhra sholáthar iomlán an bhia, lena n-áirítear na rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir leis na hearnálacha uile lena mbaineann sa slabhra bia iomlán, arbh fhéidir a bheith an-chomhchruinnithe, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 42 CFAE h. Chun na críche sin, tá gá le dlúthchomhar idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta na mBallstát. Thairis sin, is ionstraim oiriúnach iad na treoirlínte, arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, chun treoir a thabhairt do ghnóthais agus do pháirtithe leasmhara eile lena mbaineann.

(173)

Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le hiomaíocht a bhaineann leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 101 CAE, agus le mí-úsáid ceannasachta maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, fad is nach gcuireann cur i bhfeidhm na rialacha sin baint amach chuspóirí an CBT i gcontúirt.

(174)

Ba cheart cur chuige speisialta a cheadú i gcás eagraíochtaí feirmeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí nó a gcomhlachas arb é an aidhm atá acu comhtháirgeadh nó cómhargú táirgí talmhaíochta, nó leas a bhaint as saoráidí comhchoiteanna, ach amháin má eisíonn comhghníomhaíochtaí den sórt sin iomaíochas nó má chuireann siad baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE i gcontúirt.

(175)

Gan dochar don rialú maidir le táirgí áirithe a sholáthar, amhail cáis agus liamháis a tharbhaíonn de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint, nó fíon, atá á rialú ag sraith áirithe rialacha, ba cheart cur chuige speisialta a leanúint maidir le gníomhaíochtaí áirithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe ar choinníoll nach mbeidh idir-roinnt margaí mar thoradh orthu, nach gcuirfidh siad isteach ar fheidhmiú fónta CEM, nach ndéanfaidh siad iomaíocht a shaobhadh ná a dhíothú, nach mbeidh socrú praghsanna nó cuótaí i gceist leo, agus nach gcruthóidh siad idirdhealú.

(176)

Chuirfí feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh i gcontúirt dá gcuirfí cabhair náisiúnta ar fáil. Dá bhrí sin ba cheart, mar riail ghinearálta, forálacha an Chonartha maidir le Státchabhair a bheith infheidhme maidir le tairgí talmhaíochta. Mar sin féin, ba cheart eisceachtaí a cheadú i gcásanna áirithe. I gcás ina bhfuil feidhm ag na heisceachtaí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann liosta a tharraingt suas den chabhair náisiúnta atá ann, atá nua nó atá molta, agus barúlacha iomchuí a thabhairt do na Ballstáit agus bearta oiriúnacha a mholadh.

(177)

Níor cheart do na forálacha maidir leis an bpréimh grafa ná bearta áirithe faoi chláir thacaíochta in earnáil an fhíona bac a chur iad féin ar íocaíochtaí náisiúnta a dhéantar chun na críocha céanna.

(178)

De barr na staide eacnamaíche sonraí ina bhfuil táirgeadh agus margú réinfhianna agus táirgí réinfhianna, ba cheart don Fhionlainn agus don tSualainn leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dheonú ina leith sin.

(179)

Baineann dálaí geografacha agus aeráide faoi leith le saothrú biatais siúcra san Fhionlainn a mbeidh tionchar níos díobhálaí acu ar an earnáil thar thionchar ginearálta an leasaithe siúcra. Ba cheart, dá bhrí sin, an Ballstát sin a údarú, ar bhonn buan, le híocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh lena shaothraithe biatais siúcra.

(180)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh chun na bearta beachadóireachta a chómhaoiniú, ar bearta iad a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun beachlanna a chosaint ar beachlanna iad atá faoi mhíbhuntáiste de dheasca dálaí struchtúracha nó nádúrtha nó atá faoi chláir forbartha eacnamaíocha seachas na cinn sin atá leithdháilte le haghaidh táirgthe nó trádála.

(181)

Na Ballstáit atá rannpháirteach sna scéimeanna chun rochtain ar bhia do leanaí a fheabhsú, ba cheart go mbeidís in ann, cabhair náisiúnta de bhreis ar an gcabhair Chomhphobail a dheonú chun táirgí sláintiúla a sholáthar agus ar mhaithe le costais ghaolmhara áirithe.

(182)

Chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime a bhfuil údar maith leo, fiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh maidir le driogadh éigeandála laistigh de theorainn bhuiséadach iomlán 15 % de luach bhuiséad bliantúil ábhartha an Bhallstáit le haghaidh a chláir náisiúnta thacaíochta. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi íocaíochtaí náisiúnta den sórt sin agus iad a fhormheas sula ndeonaítear iad.

(183)

Ba cheart a cheadú do Bhallstáit leanúint d'íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh i gcomhair cnónna dá bhforáiltear faoi láthair faoi Airteagal 120 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 chun na héifeachtaí a mhaolú a thagann ó dhíchúpláil na scéimeanna cabhrach de chuid an Aontais a bhí ann i gcomhair cnónna. Ar mhaithe le soiléireacht, ós rud é go bhfuil an Rialachán le haisghairm, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na híocaíochtaí náisiúnta sin sa Rialachán seo.

(184)

Ba cheart a fhoráil maidir le bearta idirghabhála speisialta chun freagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh. Ba cheart raon feidhme na mbeart sin a shainiú.

(185)

Chun freagairt ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach ar bhagairtí suaite sa mhargadh, ar bhagairtí iad arb é arduithe nó laghduithe suntasacha i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó imthosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó lena mbaineann bagairt go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach bhfuil aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach, lena n-áirítear bearta chun an raon feidhme, ré nó gnéithe eile de bhearta eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a shíneadh nó a mhodhnú, nó foráil d'aisíocaíochtaí onnmhairithe nó dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear i gcás cainníochtaí nó tréimhsí áirithe, de réir mar is gá.

(186)

D'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann sa mhargadh i mBallstát amháin nó níos mó de thoradh laincisí a bheith curtha ar shaorghluaiseacht de bharr bearta chun cosc a chur ar leathadh galar ainmhithe a chosc. Is léir ón taithí atá faighte gur féidir suaitheadh mór ar an margadh, amhail laghdú suntasach ar thomhaltas nó ar phraghsanna, a chur i leith chailleadh a muiníne ag tomhaltóirí de dheasca rioscaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe nó plandaí. I bhfianaise na taithí a fuarthas, ba cheart bearta a bhaineann le tomhaltóirí ag cailleadh muiníne a shíneadh chuig táirgí plandaí.

(187)

Ba cheart baint dhíreach a bheith ag na bearta eisceachtúla um thacaíocht mhargaidh do mhairteoil agus laofheoil, bainne agus táirgí bainne, muiceoil, caoireoil agus feoil ghabhair, uibheacha agus feoil éanlaithe clóis le bearta tréidliachta nó sláinte a ghlacfar chun leathadh galar a chomhrac. Ba cheart na bearta sin a dhéanamh arna iarraidh sin do Bhallstáit chun míshocracht mhór na margaí a sheachaint.

(188)

D'fhonn bheith in ann freagairt d'imthosca eisceachtúla, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i leith liosta na dtáirgí a leathnú, mar a leagtar amach sa Rialachán seo é, ar féidir bearta eisceachtúla tacaíochta a ghlacadh ina leith.

(189)

Ba cheart an Coimisiún a údarú chun na bearta riachtanacha a ghlacadh chun fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála.

(190)

D'fhéadfadh freagairt éifeachtúil agus éifeachtach do bhagairtí suaite margaidh bheith thar a bheith tábhachtach d'earnáil an bhainne. Ar an gcuma chéanna, d'fhéadfadh fadhbanna ar leith teacht chun cinn i gcás éigeandála. Tá sé riachtanach dá bhrí sin é a aibhsiú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar earnáil an bhainne, má ghlacann an Coimisiún na bearta thuasluaite i gcás suaitheadh ar an margadh, lena n-áirítear míchothromaíocht ar an margadh, nó iad sin is gá chun fadhbanna ar leith a réiteach i gcás éigeandála.

(191)

Chun freagairt do thréimhsí míchothromaíochtaí tromchúiseacha ar an margadh, féadfaidh catagóirí áirithe de chomhghníomhaíochtaí ó oibreoirí príobháideacha bheith iomchuí mar bhearta eisceachtúla d'fhonn na hearnálacha lena mbaineann a chobhsú, faoi réir cosaintí, teorainneacha agus coinníollacha beachta. I gcás ina d'fhéadfadh gníomhaíochtaí den sórt sin bheith faoi réir raon feidhme Airteagal 101(1) CFAE, ba cheart a cheadú don Choimisiún maolú teoranta a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí sin ag teacht le gníomhaíocht an Aontais i gcreat na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí nó bearta eisceachtúla a bheartaítear leis an Rialachán seo, agus nár cheart dóibh chur isteach ar fheidhmiú an mhargaidh aonair.

(192)

Ba cheart go mbeifí in ann a cheangal ar ghnóthais, ar Bhallstáit /nó ar thríú tíortha teachtaireachtaí a chur isteach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, an margadh i dtáirgí talmhaíochta a anailisiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, agus dea-fheidhmiú bhearta an CBT a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta seiceála, rialaitheacha, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta an CBT a áirithiú, agus na ceanglais a leagtar síos sna comhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi na comhaontuithe sin maidir le fógra a thabhairt. Chun cur chuige comhchuibhithe, cuíchóirithe agus simplithe a áirithiú, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta riachtanacha a ghlacadh maidir le teachtaireachtaí. Agus an méid sin á dhéanamh aige, ba cheart dó na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir foinsí ionchasacha sonraí a chur san áireamh.

(193)

D'fhonn sláine na gcóras faisnéise a áirithiú agus barántúlacht agus dlisteanacht na ndoiciméad agus na sonraí tarchurtha lena mbaineann a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis an gcineál agus an sórt faisnéise atá le tabhairt san fhógra; na catagóirí sonraí a bheidh le próiseáil agus na huastréimhsí coinneála; an chúis próiseála, go háirithe i gcás sonraí den sórt sin a fhoilsiú mar aon leis na sonraí sin a aistriú go tríú tíortha; na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar córais faisnéise a chuirtear ar fáil; agus na coinníollacha maidir le foilsiú na faisnéise.

(194)

Tá feidhm agdlí an Aontais maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht na sonraí sin, go háirithe Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(195)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus thug sé a thuairim uaidh an 14 Nollaig 2011 (12).

(196)

Ba cheart cistí a aistriú ón gCúltaisce le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta faoi na coinníollacha agus an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimhir 1306/2013 agus mír 22 den 17 Nollaig 2013 Chomhaontú Idirinstitiúideach de idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais (13),agus ba cheart a shoiléiriú gurb é an Rialachán seo an bunghníomh is infheidhme.

(197)

Chun aistriú rianúil a áirithiú idir na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na bearta riachtanacha a bhunú, go háirithe na bearta sin is gá chun cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha gnóthas a chosaint.

(198)

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh faoin Rialachán seo, ba cheart úsáid nós imeachta práinne a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla nuair a éileoidh mórchúiseanna práinne é chun bagairtí go suaithfí an margadh a fhreagairt go héifeachtúil agus go héifeachtach nó i gcás ina bhfuil suaitheadh ar an margadh. Ní foláir údar maith a bheith le rogha nós imeachta práinne agus ba cheart na cásanna inar ceart an nós imeachta práinne a úsáid a shonrú.

(199)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(200)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha a ghlacadh lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme ó tharla go mbaineann na gníomhartha sin leis an CBT dá dtagraítear i bpointe(b)(ii) d'Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid, áfach, chun na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme a ghlacadh, ar gníomhartha iad a bhaineann le hábhair iomaíochta, ó tharla go n-úsáidtear an nós imeachta comhairliúcháin go ginearálta chun gníomhartha cur chun feidhme i réimse an dlí iomaíochta a ghlacadh.

(201)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme infheidhme a ghlacadh gan mhoill, a bhaineann le bearta cosanta de chuid an Aontais a ghlacadh, a leasú nó a chúlghairm, le húsáid socruithe próiseála nó próiseála isteach nó amach a chur ar fionraí, más gá sin chun freagairt láithreach ar staid an mhargaidh, agus le fadhbanna sonracha a réiteach i gcás éigeandála, más gá gníomhaíocht láithreach den sórt sin chun déileáilleo, más gá sin ar mhórchúiseanna práinne,. i gcásanna ina bhfuil údar maith iomchuí leo.

(202)

Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, gan Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a chur i bhfeidhm, i gcás beart ar leith faoin Rialachán seo a bhfuil gníomh tapa riachtanach ina leith nó nach bhfuil i gceist leo ach forálacha ginearálta a chur i bhfeidhm maidir le staideanna sonracha gan rogha a bheith i gceist leo.

(203)

Ba cheart tuilleadh cumhachta a thabhairt don Choimisiún cúraimí áirithe riaracháin nó bainistíochta a chur i gcrích nach bhfuil glacadh gníomhartha tarmligthe ná gníomhartha cur chun feidhme i gceist leo.

(204)

Ba cheart go bhforálfaí, leis an Rialachán seo, do rialacha sonracha áirithe maidir leis an gCróit i gcomhréir le hIonstraim Aontachais na Cróite (15).

(205)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 rachaidh roinnt beart de réir earnála in éag laistigh de thréimhse réasúnta tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis chúlghairm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007, ba cheart go mbeadh feidhm ag na forálacha ábhartha go dtí deireadh na scéimeanna lena mbaineann.

(206)

Tá Rialachán (CEE) Uimhir 992/72 (16) ón gComhairle maidir le cabhair do sheiriceáin don bhliain tógála 1972/1973 imithe i léig anois; cuirtear an Rialachán seo in ionad Rialachán (CEE) Uimhir 234/79 (17) maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh ainmníocht na Comhtharaife Custaim a choigeartú; Beart sealadach is ea Rialachán (CE) Uimh. 1601/96 ón gComhairle (18) maidir le cabhair do tháirgeoirí leannlusanna le haghaidh bhuaint 1995, agus de réir chineál an bhirt féin, tá sé imithe i léig anois. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle (19) lena n-údaraítear tairiscint agus seachadadh fíonta áirithe, tá sé imithe i léig de bhrí gur cuireadh forálacha an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le trádáil i bhfíon arna ghlacadh le Cinneadh 2006/232/CE (20) ón gComhairle ina ionad. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil ba cheart na Rialacháin sin a aisghairm.

(207)

Tá rialacha áirithe tagtha i bhfeidhm le déanaí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, go háirithe maidir le caidreamh conarthach agus caibidlíocht, soláthar cáise a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aici a rialú, dearbhuithe ó na chéad cheannaitheoirí, ó eagraíochtaí táirgeoirí, ó chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe, agus tá údar maith leo fós i ngeall ar imthosca eacnamaíocha reatha an mhargaidh dhéiríochta agus struchtúr an tslabhra sholáthair. Ba cheart dá bhrí sin iad a chur i bhfeidhm san earnáil sin ar feadh tréimhse fada go leor (roimh agus tar éis na cuótaí bainne a dhíothú) chun go mbeidh lán-éifeacht acu. Ba cheart, áfach, go mbeadh na rialacha sin de chineál sealadach, agus faoi réir athbhreithnithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt an mhargaidh bhainne, lena gcumhdaítear go háirithe dreasachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt d'fheirmeoirí chun iad a spreagadh chun comhaontuithe comhtháirgthe a dhéanamh, ar tuarascálacha iad sin atá le tíolacadh faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I

FORÁLACHA TOSAIGH

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo comheagrú na margaí i gcás táirgí talmhaíochta, lena gcuimseofar na táirgí ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. mar a shainmhínítear iad i gníomhartha reachtacha Aontais maidir le comheagraíocht an mhargaidh i dtáirgí iascaigh agus uisceshaothraithe.

2.   Déanfar táirgí talmhaíochta mar atá sainithe i mír 1 a roinnt idir na hearnálacha a leanas mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I:

(a)

gránaigh, Cuid I;

(b)

rís, Cuid II;

(c)

siúcra, Cuid III;

(d)

farae triomaithe, Cuid IV;

(e)

síolta, Cuid V;

(f)

leannlusanna, Cuid VI;

(g)

ola olóige agus ológa boird, Cuid VII;

(h)

líon agus cnáib, Cuid VIII;

(i)

torthaí agus glasraí, Cuid IX

(j)

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte, Cuid X;

(k)

bananaí, Cuid XI;

(l)

fíon, Cuid XII;

(m)

crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach, Cuid XIII;

(n)

tobac, Cuid XIV;

(o)

mairteoil agus laofheoil, Cuid XV;

(p)

bainne agus táirgí bainne, Cuid XVI;

(q)

muiceoil, Cuid XVII;

(r)

caoireoil agus feoil ghabhair, Cuid XVIII;

(s)

uibheacha, Cuid XIX;

(t)

feoil éanlaithe clóis, Cuid XX;

(u)

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, Cuid XXI;

(v)

táirgí beachadóireachta, Cuid XXII;

(w)

seiriceáin, Cuid XXIII;

(x)

táirgí eile, Cuid XXIV.

Airteagal 2

Forálacha ginearálta an chomhbheartais talmhaíochta (CBT)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus ag na forálacha arna nglacadh dá bhun maidir leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe maidir le hearnálacha áirithe mar atá siad leagtha amach in Iarscríbhinn II.

2.   Ní bheidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn B de Chuid II go dtí deireadh na bliana margaíochta 2016/2017 i gcás an tsiúcra.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus i Rialachán (AE) Uimh. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22).

4.   D'fhonn saintréithe sonracha earnáil na ríse a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leasaítear na sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse atá leagtha amach i gCuid I d'Iarscríbhinn II a mhéid is gá chun na sainmhínithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh.

5.   Chun críocha an Rialacháin seo:

(a)

ciallaíonn "réigiúin lagfhorbartha" na réigiúin sin atá sainithe amhlaidh i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 90(2) de Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(b)

ciallaíonn 'teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha' aimsir amhail sioc, cloichshneachta, leac oighir, báisteach nó triomach a scriosann níos mó ná 30 % de mheántáirgeacht bhliantúil feirmeora ar leith sna trí bliana roimhe sin nó meán trí bliana bunaithe ar thréimhse cúig bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an ceann is ísle a áireamh.

Airteagal 4

Coigeartuithe ar ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta

I gcás inar gá chun leasuithe ar an ainmníocht chomhcheangailte a chur san áireamh, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena ndéanfar coigeartú ar thuairisc táirgí agus ar thuairisc na dtagairtí sa Rialachán seo do cheannteidil nó d'fho-cheannteidil na hainmníochta comhcheangailte.

Airteagal 5

Rátaí comhshó i gcomhair ríse

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena socraífar na rátaí comhshó i gcomhair ríse ag céimeanna éagsúla próiseála, chomh maith leis na costais phróiseála agus luach na bhfotháirgí;

(b)

lena nglactar na bearta riachtanacha uile maidir le rátaí comhshó a chur i bhfeidhm i gcomhair ríse.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 6

Blianta margaíochta

Bunófar na blianta margaíochta seo a leanas:

(a)

an 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig de bhliain áirithe i gcomhair earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí;

(b)

an 1 Aibreán go dtí 31 Márta na bliana dár gcionn i gcomhair d' earnáil an fharae thriomaithe agus d' earnáil na seiriceán:

(c)

an 1 Iúil go dtí 30 Meitheamh na bliana dár gcionn i gcomhair:

(i)

earnáil na ngránach;

(ii)

earnáil na síolta;

(iii)

earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(iv)

earnáil an lín agus na cnáibe;

(v)

earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(d)

an 1 Lúnasa go dtí 31 Iúil na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an fhíona;

(e)

an 1 Meán Fómhair go dtí 31 Lúnasa na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil na ríse;

(f)

an 1 Deireadh Fómhair go dtí 30 Meán Fómhair na bliana dár gcionn i gcomhair earnáil an tsiúcra.

Airteagal 7

Tairseacha tagartha

1.   Tá na tairseacha tagartha seo a leanas socraithe:

(a)

maidir le hearnáil na ngránach, EUR 101,31 in aghaidh an tonna, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(b)

maidir le rís gan scilligeadh, EUR 150 in aghaidh an tonna i gcás na cáilíochta caighdeánaí atá sainithe i bpointe A d'Iarscríbhinn III, i ndáil leis an gcéim mhórdhíola i gcás earraí arna seachadadh do thrádstóras, sula ndéanfar iad a dhíluchtú;

(c)

maidir le siúcra de cháilíocht chaighdeánach atá sainithe i bpointe B d'Iarscríbhinn IV, i ndáil le siúcra nach bhfuil pacáilte, ón monarcha:

(i)

i gcás siúcra bháin: EUR 404,4 in aghaidh an tona;

(ii)

i gcás siúcra amh: EUR 335,2 in aghaidh an tona;

(d)

maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, EUR 2 224 in aghaidh an tona i gcomhair conablach bó-ainmhithe fireanna de ghrád aicme crutha/clúdach saille R3 mar a leagtar síos i scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV;

(e)

maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne:

(i)

EUR 246,39 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair ime;

(ii)

EUR 169,80 in aghaidh 100 cileagram i gcomhair púdair bhainne bhearrtha;

(f)

maidir le muiceoil, EUR 1 509,39 in aghaidh an tona i gcomhair conablach muc de cháilíocht chaighdeánach arna sainiú i dtéarmaí meáchain agus cion feola trua mar atá leagtha síos i scála an Aontais um aicmiú conablach muc dá dtagraítear i bpointe B d'Iarscríbhinn IV mar seo a leanas:

(i)

conablaigh a bhfuil idir 60 agus níos lú ná 120 cileagram iontu: grád E;

(ii)

conablaigh a bhfuil idir 120 agus 180 cileagram iontu: grádR;

(g)

maidir le hearnáil na hola olóige:

(i)

EUR 1 779/ an tona i gcomhair ola olóige úríon;

(ii)

EUR 1 710 /an tona i gcomhair ola olóige íon;

(iii)

EUR 1 524 i gcomhair ola olóige lampante a bhfuil dhá chéim saoraigéadachta inti arna laghdú faoi EUR 36,70 in aghaidh an tona i gcás gach céim aigéadachta bhreise eile.

2.   Coimeádfaidh an Coimisiún na tairseacha tagartha dá bhforáiltear i mír 1 faoi athbhreithniú, agus cuirfidh sé na critéir oibiachtúla san áireamh, go háirithe forbairtí i dtáirgeadh, i gcostais táirgeachta (go háirithe ionchuir) agus i dtreochtaí an mhargaidh. Más gá, déanfar na tairseacha tagartha sin a nuashonrú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachta i bhfianaise na bhforbairtí i dtáirgeadh agus sna margaí.

CUID II

AN MARGADH INMHEÁNACH

TEIDEAL I

IDIRGHABHÁIL MHARGAIDH

CAIBIDIL I

Idirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Roinn 1

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórálá príobháidí

Airteagal 8

Raon Feidhme

Leagtar síos sa Chaibidil seo rialacha maidir le hidirghabháil mhargaidh i dtaobh an méid seo a leanas:

(a)

idirghabháil phoiblí, i gcás ina gceannaíonn údaráis inniúla na mBallstát táirgí isteach agus stórálann siad iad go dtí go ndiúscraítear iad, agus

(b)

deonú cabhrach le haghaidh stórála táirgí ag oibreoirí príobháideacha.

Airteagal 9

Áit tionscnaimh táirgí incháilithe

Táirgí atá incháilithe i gcomhair a gceannaithe isteach faoi idirghabháil phoiblí nó i gcomhair deonú cabhrach le haghaidh stórála príobháidí, beidh siad de thionscnamh an Aontais. Ina theannta sin, má thagann siad ó bharra, beidh na barra sin arna mbuaineadh agus má thagann siad ó bhainne, beidh an bainne sin arna tháirgeadh san Aontas.

Airteagal 10

Scála an Aontais um aicmiú conablach muc

Beidh feidhm ag scálaí an Aontais um aicmiú conablach i gcomhréir le pointe A agus pointe B faoi seach d'Iarscríbhinn IV in earnálacha na mairteola agus na laofheola maidir le conablaigh bó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine agus in earnáil na muicfheola maidir le muca seachas iad sin a úsáideadh chun críche síolrúcháin.

In earnáil na caoireola agus na feola gabhair, féadfaidh Ballstáit scála an Aontais maidir le haicmiú conablach caorach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos i bpointe C d'Iarscríbhinn IV.

Roinn 2

Idirghabháil phoiblí

Airteagal 11

Táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí

Beidh feidhm ag idirghabháil phoiblí maidir leis na táirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus coinníoll breise a d'fhéadfaí a bheith le cinneadh ag an gCoimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 19 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 20,

(a)

gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar Indiach;

(b)

rís gan scilligeadh;

(c)

feoil úr nó fuaraithe ó earnáil na mairteola agus na laofheola a thagann faoi réim chóid AC 0201 10 00 agus 0201 20 20 go 0201 20 50;

(d)

im a táirgeadh go díreach ó uachtar paistéartha agus uaidh sin amháin a fuarthas go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion saille ime íosta 82 % de réir meáchain agus cion uisce uasta 16 % de réir meáchain inti;

(e)

púdar bainne bhearrtha den chaighdeán is airde a táirgeadh trí spraephróiseas ó bhainne bó i ngnóthas formheasta san Aontas agus a bhfuil cion próitéine íosta 34,0 % de réir meáchain ann san ábhar tirim saor ó shaill.

Airteagal 12

Tréimhsí idirghabhála poiblí

Beidh idirghabháil phoiblí le fáil i gcomhair an méid seo a leanas:

(a)

gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua (durum), eorna agus arbhar indiach, ón 1 Samhain go dtí an 31 Bealtaine;

(b)

rís gan scilligeadh, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil;

(c)

mairteoil agus laofheoil, ar feadh na bliana;

(d)

im agus bainne bearrtha triomaithe, ón 1 Márta go 30 Meán Fómhair.

Airteagal 13

Idirghabháil phoiblí a oscailt agus a dhúnadh

1.   Maidir le hidirghabháil phoiblí, i gcaitheamh na dtréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 11:

(a)

beidh sí ar oscailt i gcomhair gnáthchruithneachta, ime agus púdair bhainne bhearrtha;

(b)

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcomhair cruithneachta crua (durum), eorna, arbhair indigh agus ríse gan scilleagadh (lena n-áirítear cineálacha nó tíopaí sonracha ríse gan scilleagadh), más gá de bharr staid an mhargaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2);

(c)

féadfaidh an Coimisiún í a oscailt i gcomhair mairteola agus laofheola, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, más rud é gur lú ná 85 % den tairseach tagartha a leagtar síos i bpointe (d) d'Airteagal 7(1) meánphraghas an mhargaidh in imeacht tréimhse ionadaíche arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20 i mBallstát nó i réigiún i mBallstát agus arna thaifeadadh ar bhonn scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe dá dtagraítear i bpointe A d'Iarscríbhinn IV.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndúntar idirghabháil phoiblí i gcomhair earnáil na mairteola agus na laofheola, i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh, thar thréimhse ionadaíoch arna chinneadh de bhun phointe (c) den chéad mhír d'Airteagal 20, na coinníollacha dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

Airteagal 14

Ceannach isteach ar phraghas socruithe nó trí thairiscintí

I gcás ina bhfuil idirghabháil phoiblí ar oscailt de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, bearta chun na praghsanna don cheannach isteach a shocrú do na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus, i gcás inarb iomchuí, bearta maidir le srianta cainníochtúla i gcás ina ndéantar an ceannach isteach ar phraghas socraithe.

Airteagal 15

Praghasidirghabhála poiblí

1.   Ciallaíonn praghas idirghabhála poiblí an méid seo a leanas:

(a)

an praghas ar a gceannófar táirgí isteach faoi idirghabháil phoiblí i gcás ina ndéanfar sin ar phraghas socruithe; nó

(b)

an t-uasphraghas ar ar féidir táirgí atá incháilithe le haghaidh idirghabhála poiblí a cheannach isteach i gcás ina ndéanfar sin trí thairiscintí.

2.   Déanfaidh an Chomhairle na bearta chun leibhéal phraghas na hidirghabhála poiblí a shocrú, lena n-áirítear méid na méaduithe agus na laghduithe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CAE.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le diúscairt ó idirghabháil phoiblí

1.   Déanfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt ar bhealach a dhéanfaidh an méid seo a leanas:

(a)

aon suaitheadh sa mhargadh a sheachaint,

(b)

rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann ceannaitheoirí a áirithiú agus

(c)

na gealltanais a chomhlíonadh a thagann as comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

2.   Féadfar táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí a dhiúscairt trína gcur ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim um dháileadh bia ar na daoine is díothaí san Aontas amhail a leagtar amach sma gníomrartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, beidh luach cuntasaíochta na dtáirgí sin ar an leibhéal céanna leis an bpraghas socraithe idirghabhála poiblí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) den Rialachán seo.

3.   Foilseoidh an Coimisiún sonraí gach bliain faoi na coinníollacha faoinar díoladh táirgí arna gceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí an bhliain roimhe sin.

Cuid 3

Cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 17

Táirgí cáilithe

Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh stórála príobháidí i gcás na dtáirgí seo a leanas i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus le haon cheanglas agus le haon choinníoll eile atá le glacadh ag an gCoimsiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 18(1) nó Airteagal 19 agus gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 18(2) nó Airteagal 20:

(a)

siúcra bán;

(b)

ola olóige;

(c)

snáithín lín;

(d)

feoil úr nó fuaraithe ó bhó-ainmhithe atá ocht mí d'aois nó níos sine;

(e)

im a táirgeadh go díreach ó bhainne bó agus uaidh sin amháin;

(f)

cáis;

(g)

púdar bainne bhearrtha a rinneadh as bainne bó;

(h)

muiceoil;

(i)

caoireoil agus feoil ghabhair.

Tá pointe (f) den chéad mhír srianta do cháis a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint faoi Rialachán (EU) Uimh. 1151/2012, ar cáis é a stóráiltear níos sia ná an tréimhse aibiúcháin a leagtar síos sa tsonraíocht táirge i gcás an táirge dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin agus/nó, más iomchuí, ar feadh tréimhse aibiúcháin a chuireann le luach na cáise.

Airteagal 18

Coinníollacha maidir le deonú

1.   D'fhonn trédhearcacht sa mhargadh a sholáthar, nuair is gá, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir leis cinneadh a dhéanamh cabhair stórála príobháidí a dheonú le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

meánphraghsanna taifeadta an mhargaidh san Aontas na tairseacha tagartha agus na costais táirgthe le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann; agus/nó

(b)

an gá freagairt a thabhairt go tráthúil ar staid an-achrannach sa mhargadh nó ar dhálaí eacnamaíocha a bhfuil an-drochthionchar acu ar chorrlaigh san earnáil sin.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena ndeonaítear cabhair stórála príobháidí le haghaidh na dtáirgí atá liostaithe in Airteagal 17, ag cur na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo san áireamh;

(b)

lena gcuirtear srian ar dheonú cabhrach don stóráil phríobháideach

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

3.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis na méideanna cabhrach a shocrú don stóráil phríobháideach i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Roinn 4

Forálacha ginearálta maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stórála príobháidí

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí nó atá faoi réir cabhrach le haghaidh stórála príobháidí oiriúnach chun a stórála fadtéarmaí agus gur de cháilíocht chothrom, fhónta agus indíolta a bheidh siad agus chun saintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh chun feidhmiú costéifeachtach na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na ceanglais agus na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na táirgí sin, de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Leis na ceanglais agus leis na coinníollacha sin, féachfar leis an méid a leanas a ráthú, i leith na dtáirgí a cheannaítear isteach agus a stóráiltear:

(a)

a gcáilíocht maidir le paraiméadair cháilíochta, grúpaí cáilíochta, gráid cháilíochta, catagóirí, saintréithe táirgí agus maidir le haoiseanna;

(b)

a gcáilitheacht, maidir le cainníochtaí, pacáistiú lena n-áirítear lipéadú, caomhnú, réamhchonarthaí stórála, formheas gnóthas agus céim na dtáirgí lena mbaineann na praghsanna idirghabhála poiblí agus an chabhair le haghaidh stórála príobháidí.

2.   Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha earnáil na ngránach agus earnáil na ríse gan scilligeadh a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos na critéir cháilíochta i ndáil le gnáthchruithneacht, cruithneacht chrua, eorna, arbhar indiach agus rís gan scilleagadh a cheannach isteach agus a dhíol araon.

3.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh toilleadh iomchuí stórála ann agus go mbeidh córas na hidirghabhála poiblí éifeachtúil a mhéid a bhaineann le costéifeachtacht, dáileadh agus rochtain d'oibreoirí, agus chun cáilíocht na dtáirgí sin a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí lena ndiúscairt ag deireadh na tréimhse stórála a choinneáil, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a)

na ceanglais atá le comhlíonadh ag áiteanna stórála do na táirgí uile a bheidh faoi réir na hidirghabhála poiblí;

(b)

rialacha maidir le stóráil táirgí laistigh nó lasmuigh den Bhallstát atá freagrach astu agus as cóireáil na dtáirgí sin maidir le dleachtanna custaim agus aon mhéideanna eile atá le deonú nó le gearradh faoin CBT.

4.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag stóráil phríobháideach ar an margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos:

(a)

na rialacha agus na coinníollacha is infheidhme i gcás inar lú an chainníocht atá á stóráil ná an chainníocht atá ar conradh;

(b)

na coinníollacha faoina ndeonófar réamhíocaíocht den chabhair sin;

(c)

na coinníollacha faoina bhféadfar cinneadh a dhéanamh go bhféadfar táirgí a chumhdaítear le conarthaí príobháideacha stórála a athmhargú nó a dhiúscairt.

5.   Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh córais na hidirghabhála poiblí agus na stórála príobháidí mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

lena bhforáiltear d'úsáid nósanna imeachta tairisceana lena ráthaítear rochtain chomhionann ar earraí agus cóireáil chomhionann d'oibreoirí;

(b)

lena leagtar síos na coinníollacha breise atá le comhlíonadh ag oibreoirí le gur fusa a bheidh sé do na Ballstáit agus do na hoibreoirí an córas a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach;

(c)

lena leagtar síos an ceanglas ar oibreoirí urrús a thaisceadh lena ráthaítear go gcuirfear a gcuid oibleagáidí i gcrích.

6.   Chun na forbairtí teicniúla agus riachtanais na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 a chur san áireamh, chomh maith leis an ngá go ndéanfar cur i láthair na dtáirgí difriúla a chaighdeánú chun feabhas a chur ar thrédhearcacht an mhargaidh, ar thaifeadadh praghsanna agus ar chur i bhfeidhm na mbeart idirghabhála sa mhargadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcuirfear in oiriúint agus lena dtabharfar suas chun dáta forálacha Iarscríbhinn IIIa maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair agus:

(a)

lena ndéantar fórálacha Iarscríbhinn IV maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh a aicmiú, a shainiú agus a chur i láthair a mhodhnú agus a uasdatú;

(b)

lena leagtar síos forálacha breise maidir le haicmiú, lena n-áirítear aicmiú á dhéanamh ag aicmitheoirí cáilithe, grádú lena n-áirítear grádú á dhéanamh le teicnící uathoibritheacha grádaithe, sainiú, meá agus marcáil conablach, agus maidir le ríomh gnáthphraghsanna an Aontais agus na comhéifeachtaí ualaitheacha a úsáidtear chun na praghsanna sin a ríomh;

(c)

lena leagtar síos maoluithe ó fhorálacha agus maoluithe sonracha a d'fhéadfadh na Ballstáit a thabhairt do sheamlais nach maraítear ach líon beag bó-ainmhí iontu, agus forálacha breise i leith na dtáirgí lena mbaineann, lena n-áirítear na haicmí comhlíonta agus clúdaigh shaille in earnálacha na mairteola agus na laofheola agus in earnáil na caoireola, agus forálacha breise maidir le meáchan, dath na feola agus an chlúdaigh shaille agus na critéir aicmithe do chaoirigh éadroma;

(d)

údarú a thabhairt do na Ballstáit gan an scála grádaithe a chur i bhfeidhm maidir le haicmiú conablach muc agus chun critéir mheasúnaithe a úsáid mar aon le meáchan agus leis an gcion feola trua measta nó lena leagtar síos maoluithe ón scála sin.

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos na bearta is gá chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach. Féadfaidh baint a bheith ag na bearta sin leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

na costais is iníoctha ag an oibreoir i gcás nach gcomhlíontar, le táirgí a sheachadtar le haghaidh idirghabhála poiblí, na híoscheanglais cháilíochta;

(b)

íostoilleadh stórála a shocrú d'áiteanna stórála idirghabhála;

(c)

na tréimhsí, na margaí agus na praghsanna margaí ionadaíocha is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm;

(d)

seachadadh na dtáirgí atá le ceannach isteach faoi idirghabháil phoiblí, na costais iompair atá le híoc ag an tairgeoir, gabháil ar láimh na dtáirgí ag na gníomhaireachtaí íocaíochta agus an íocaíocht;

(e)

na hoibríochtaí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas díchnámhaithe i gcás earnáil na mairteola agus na laofheola;

(f)

na socruithe praiticiúla do tháirgí a phacáistiú, a mhargú agus a lipéadú;

(g)

na nósanna imeachta chun gnóthais a tháirgeann im agus púdar bainne bearrtha chun críocha na Caibidile seo;

(h)

aon údarú ar stóráil lasmuigh de chríoch an Bhallstáit inar ceannaíodh isteach agus inar stóráladh na táirgí;

(i)

díol nó diúscairt táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil phoiblí, go háirithe, maidir le praghsanna díolta, na coinníollacha maidir leis na táirgí a bhaint ó stóras, úsáid nó ceann scríbe iardain na dtáirgí a scaoiltear, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le táirgí a chuirtear ar fáil i gcomhair a n-úsáide sa scéim dá dtagraítear in Airteagal 16(2), lena n-áirítear aistrithe idir Ballstáit;

(j)

i leith táirgí a cheannaítear isteach faoi idirghabháil poiblí, na forálacha maidir le díol cainníochtaí beaga atá fós á stóráil nó cainníochtaí nach féidir a athphacáistiú a thuilleadh nó atá meathlaithe sna Ballstáit, atá le cur i gcrích faoina gcúram féin;

(k)

maidir le stóráil phríobháideach, tabhairt i gcrích agus ábhar na gconarthaí idir údarás inniúil an Bhallstáit agus na hiarratasóirí;

(l)

táirgí a chur agus a choimeád i stóráil phríobháideach agus iad a bhaint amach ón stóras;

(m)

fad na tréimhse stórála príobháidí agus na forálacha ar dá réir a fhéadfar tréimhsí den sórt sin, ach iad a bheith sonraithe sna conarthaí, a chiorrú nó a fhadú;

(n)

na nósanna imeachta atá le leanúint chun ceannach isteach ar phraghas socraithe, lena n-áirítear na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin nó do chabhair a réamhshocraítear a dheonú do stóráil phríobháideach;

(o)

úsáid nósanna imeachta tairisceana, i gcomhair idirghabhála poiblí agus stórála príobháidí, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

forthairiscintí nó tairiscintí a chur isteach, agus an t-íosmhéid i gcomhair iarratais nó tíolactha;

(ii)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin; agus

(iii)

tairiscintí a roghnú lena n-áiritear go dtabharfar tús áite do na cinn sin is fabhraí ó thaobh an Aontais de, ach a cheadú nach gá go mbronnfar conradh dá bharr.

(p)

scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caoracha a aicmiú a chur chun feidhme;

(q)

cur i láthair eile conablach agus leathchonablach seachas an ceann a leagtar síos i bpointe A.IV d'Iarscríbhinn IV chun praghsanna margaidh a chinneadh;

(r)

na fachtóirí ceartaitheacha atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit a úsáidfear do chur i láthair difriúil conablach mairteola agus caorach i gcás nach n-úsáidtear an cur i láthair tagartha;

(s)

na socruithe praiticiúla chun conablaigh aicmithe a mharcáil agus le go ríomhfaidh an Coimisiún meánphraghas ualaithe an Aontais do chonablaigh mairt, muc agus caorach;

(t)

a údarú do Bhallstáit go bhforálfaí, i ndáil le muca a mharaítear ina gcríoch féin, go bhféadfaí conablaigh muc a chur i láthair ar bhealach eile seachas an cur i láthair a leagtar amach i bpointe B.III d'Iarscríbhinn IV, má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

má tá an gnáthchleachtas tráchtála ar a gcríoch difriúil ón gcur i láthair caighdeánach a shainmhínítear sa chéad fhomhír de phointe B III d'Iarscríbhinn IV;

(ii)

má dhlíonn na ceanglais theicniúla é;

(iii)

má dhéantar seithe conablach a bhaint ar bhealach aonfhoirmeach.

(u)

na forálacha go ndéanfadh coiste de chuid an Aontais, ar a mbeidh saineolaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe a cheapfaidh na Ballstáit, athbhreithniú ar an láthair ar chur i bhfeidhm aicmiú conablach sna Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú i leith aicmiú conablach. Leis na forálacha sin, féadfar a fhoráil gurb é an tAontas a íocfaidh na costais a bheidh ann de bharr an athbhreithnithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 21

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme chun údarú a thabhairt do na Ballstáit i ndáil le huain ar lú meáchan a gconablach ná 13 kg, na critéir a leanas a úsáid don aicmiú, de mhaolú ar phointe C.III d'Iarscríbhinn IV:

(a)

meáchan an chonablaigh;

(b)

dath na feola;

(c)

clúdach saille.

Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL II

Scéimeanna cabhrach

Roinn 1

Scéime chun an rochtain ar bhia a fheabhsú

Airteagal 22

Spriocghrúpa

Scéimeanna cabhrach atá ceaptha le feabhas a chur ar dháileadh táirgí talmhaíochta agus ar nósanna itheacháin i measc páistí, tá siad dírithe ar pháistí a fhreastlaíonn go rialta ar naíonraí, réamhscoileanna nó ar fhorais oideachais bunscoile nó dara leibhéil atá á riaradh ag údaráis inniúla na mBallstát nó a bhfuil aitheantas acu uathu.

Foroinn 1

Scéimeanna torthaí scoile

Airteagal 23

Cabhair chun torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte agus táirgí ó bhananaí a sholáthar do leanaí

1.   Deonófar tacaíocht ón Aontas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

táirgí earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na mbananaí a sholáthar do leanaí sna forais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)

costais ghaolmhara áirithe a bhaineann le cúrsaí lóistíochta agus dáileacháin, le trealamh, le poiblíocht, le faireachán, le meastóireacht agus le bearta tionlacain.

2.   Na Ballstáit sin ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim, dréachtóidh siad réamhstraitéis, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, lena cur chun feidhme. Déanfaidh siad foráil freisin maidir leis na bearta tionlacain is gá, lena n-áireofaí faisnéis faoi bhearta le haghaidh oideachais faoi nósanna sláintiúla itheacháin, faoi shlabhraí bia áitiúla agus faoi chur amú bia a chomhrac, chun go mbeadh an scéim éifeachtach.

3.   Agus a straitéisí á dtarraingt suas acu, tarraingeoidh na Ballstáit suas liosta de tháirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus in earnáil na mbananaí a bheidh incháilithe faoina scéimeanna faoi seach. Ní chuirfear sa liosta seo táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn V.

Ach, i gcásanna cuí-réasúnaithe, mar shampla i gcás inar mhian le Ballstát a áirithiú go mbeadh réimse leathan táirgí faoina scéim féin nó go inar mian leis a scéim a dhéanamh níos tarraingtí, féadfar a fhoráil lena straitéis go bhféadfadh táirgí mar sin bheith incháilithe mura gcuirtear leo ach méideanna teoranta de na substaintí dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go dtacóidh a n-údaráis inniúla sláinte le liosta na dtáirgí sin atá incháilithe faoina scéim.

Roghnóidh na Ballstát na táirgí ar bhonn critéar oibiachtúil a bhféadfaidh breithnithe sláinte agus comhshaoil, séasúracht, éagsúlacht, nó fáil a bheith ar an táirge a bheidh ar áireamh iontu, agus tús áite á thabhairt a mhéid is féidir do tháirgí de thionscnamh an Aontais, agus go háirithe do cheannach go háitiúil, do mhargaí áitiúla, do shlabhraí gearra soláthair nó do thairbhí don chomhshaol.

4.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis an gcabhair ón Aontas dá dtagraítear in mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

5.   Déanfar an chabhair ón Aontas, dá dtagraítear i mír 1, a leithdháileadh do gach Ballstát ar bhonn na gcritéar oibiachtúil a bheidh bunaithe ar chionmhaireacht na bpáistí idir sé bliana agus deich mbliana d'aois.

Na Ballstáit sin a mbeidh páirt á glacadh acu sa scéim, cuirfidh siad isteach ar chabhair ón Aontas gach bliain ar bhonn na straitéise dá dtagraítear i mír 2 a bheidh acu.

Déanfaidh an Chomhairle bearta maidir leis an íosmhéid do chabhair ón Aontas a shocrú do gach Ballstát atá rannpháirteach sa scéim agus bearta maidir le leithdháiltí críochnaitheacha, táscacha na cabhrach do na Ballstáit a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

6.   Ní úsáidfear an chabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 in ionad cistiú le haghaidh aon cheann de na scéimeanna náisiúnta torthaí scoile atá ann cheana agus trína gcuirtear torthaí agus glasraí, torthaí agus glasraí próiseáilte, agus bananaí ar fáil nó in ionad aon scéimeanna dáileacháin eile a bhfuil a leithéid de tháirgí san áireamh iontu.

Má tá scéim á reáchtáil ag Ballstát cheana féin, áfach, a bheadh incháilithe chun cabhair a fháil ón Aontas faoin Airteagal seo agus má tá sé ar intinn aige é a shíneadh nó é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear ó thaobh spriocghrúpa na scéime, fad na scéime agus táirgí incháilithe na scéime de, féadfar cabhair ón Aontas a dheonú ar choinníoll go n-urraimítear leis na teorainneacha a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE ó thaobh coibhneas idir cabhair ón Aontas agus an ranníocaíocht náisiúnta iomlán. I gcás den sórt sin, léireoidh an Ballstát ina straitéis cur chun feidhme conas atá sé ar intinn aige an scéim a shíneadh nó í a dhéanamh níos éifeachtaí.

7.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 152.

8.   Beidh scéim torthaí agus glasraíscoile an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta torthaí agus glasraí scoile ar leithligh atá ag luí le dlí an Aontais.

9.   Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt, faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1306/2013, do bhearta faisnéise, faireacháin agus meastóireachta maidir leis an Scéim Torthaí agus Glasraí Scoile, lena n-áirítear bearta maidir le feasacht an phobail ina leith a ardú, agus bearta líonraithe gaolmhara.

10.   Poibleoidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim, ag na hionad a bhfuil an bia á dháileadh, go bhfuil siad páirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

Airteagal 24

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun nósanna itheacháin sláintiúla a chur chun cinn i measc páistí agus chun a áirithiú go mbeidh an chabhair dírithe ar leanaí atá sa spriocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 22, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 a bhaineann le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na critéir bhreise maidir le cabhair a bheith á spriocdhíriú ag na Ballstáit;

(b)

na hiarratasóirí ar chabhair a bheith á bhformheas agus á roghnú ag na Ballstáit;

(c)

na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha a dhréachtú agus maidir le bearta tionlacain.

2.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus spriocdhírithe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an modh chun leithdháileadh táscach na cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 23(5) a ath-leithdháileadh i measc na mBallstát ar bhonn na n-iarratas a fuarthas ar chabhair;

(b)

na costais i straitéisí na mBallstát atá incháilithe don chabhair ón Aontas agus go bhfeádfaí tairseach fhoriomlán a shocrú do chostais shonracha;

(c)

an dualgas ar na Ballstáit faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna torthaí agus glasraí scoile.

3.   Chun feasacht faoin scéim a chur chun cinn, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcuirfear de cheangal ar na Ballstáit a bhfuil scéim torthaí agus glasraí scoile acu poiblíocht a thabhairt do ról fóirdheonaitheach na cabhrach ón Aontas.

Airteagal 25

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Fhoroinn seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le bheith i straitéisí na mBallstát;

(b)

na hiarratais ar chabhair agus íocaíochtaí;

(c)

na modhanna poiblithe agus bearta líonraithe i leith na scéime;

(d)

tíolacadh, formáid agus ábhar na dtuarascálacha faireacháin agus meastóireachta a dhéanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach i scéim torthaí agus glasraí scoile an Aontais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Foroinn 2

Scéim bainne scoile

Airteagal 26

Cabhair chun bainne agus táirgí bainne a sholáthar do leanaí

1.   Deonófar cabhair ón Aontas chun táirgí áirithe bainne agus bainne phróiseáilte a sholáthar do leanaí i bhforais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 22, ar táirgí iad a thagann faoi réim chóid AC 0401, 0403, 0404 90 agus 0406 nó chóid AC 2202 90.

2.   Ón 1 Lúnasa 2015 beidh straitéis roimh ré ag Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim lena cur chun feidhme. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh freisin do na bearta tionlacain is gá, lena n-áireofaí faisnéis faoi bhearta le haghaidh oideachais faoi nósanna sláintiúla itheacháin, faoi shlabhraí bia áitiúla agus faoi chur amú bia a chomhrac, chun go mbeadh an clár éifeachtach.

3.   Agus a gcuid straitéisí á ndréachtú acu, cuirfidh na Ballstáit liosta le chéile den bhainne agus de na táirgí bainne a bheidh incháilithe faoina scéimeanna faoi seach, i gcomhréir leis na rialacha a ghlac an Coimisiún de bhun Airteagal 27.

4.   Ní úsáidfear an chabhair ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 in ionad cistiú le haghaidh aon cheann de na scéimeanna náisiúnta atá ann cheana maidir le bainne agus táirgí bainne ná in ionad cistiú le haghaidh scéimeanna eile dáileacháin a áiríonn bainne nó táirgí bainne, ach amháin chun béilí a dháileadh saor in aisce ar leanaí i bhforais oideachais. Má tá scéim á reáchtáil ag Ballstát cheana féin, áfach, a bheadh incháilithe chun cabhair a fháil ón Aontas faoin Airteagal seo agus má tá sé ar intinn aige é a shíneadh nó é a dhéanamh níos éifeachtaí, lena n-áirítear ó thaobh spriocghrúpa na scéime de, fad na scéime agus táirgí incháilithe na scéime, féadfar cabhair ón Aontas a dheonú. I gcás den sórt sin, léireoidh an Ballstát ina straitéis cur chun feidhme conas atá sé ar intinn aige an scéim a shíneadh nó í a dhéanamh níos éifeachtaí.

5.   Féadfaidh na Ballstáit, sa bhreis ar chabhair ón Aontas, cabhair náisiúnta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 217.

6.   Beidh scéim bainne agus táirgí bainne an Aontais gan dochar d'aon scéimeanna náisiúnta scoile ar leithligh a spreagann páistí le bainne agus táirgí bainne a chaitheamh agus atá ag luí le dlí an Aontais.

7.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir le cabhair ón Aontas i gcomhair an bhainne ar fad agus i gcomhair táirgí báinne agus maidir leis an uaschainníocht atá incháilithe don chabhair ón Aontas dá bhforáiltear i mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

8.   Poibleoidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa scéim, ag na hionad a bhfuil an bia á dháileadh, go bhfuil siad páirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

Airteagal 27

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun an éabhlóid i bpatrúin tomhaltais do tháirgí déiríochta a chur san áireamh, mar aon leis na nuálaíochtaí agus na forbairtí i margadh na dtáirgí déiríochta, infhaighteacht na dtáirgí ar mhargaí éagsúla an Aontais agus gnéithe cothaitheacha, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena gcinnfear:

(a)

na táirgí atá incháilithe don scéim, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 26(1) agus na gnéithe cothaitheacha á gcur san áireamh;

(b)

na straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit, lena n-áirítear na bearta tionlacain i gcás inarb infheidhme; agus

(c)

na bearta is gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh.

2.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear an chabhair ón Aontas ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

rialacha i ndáil leis na tairbhithe agus na hiarratasóirí atá incháilithe don chabhair;

(b)

an ceanglas go mbeadh na hiarratasóirí faofa ag na Ballstáit;

(c)

úsáid na dtáirgí déiríochta atá ag baint tairbhe as an gcabhair in ullmhú na mbéilí i bhforais oideachais.

3.   D'fhonn a áirithiú go n-urramóidh iarratasóirí ar chabhair a n-oibleagáidí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le bearta i ndáil leis an gceanglas urrús a thaisceadh i gcás ina réamhíocfar cabhair.

4.   D'fhonn feasacht faoin scéim a chur chun cinn, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena sonrófar na coinníollacha ar i gcomhréir leo a gcaithfidh na Ballstáit a phoibliú go bhfuil siad rannpháirteach sa scéim chabhrach agus go bhfuil fóirdheontas á fháil acu ón Aontas.

5.   D'fhonn a áirithiú go léirítear an chabhair sna praghsanna ar a gcuirtear táirgí ar fáil faoin scéim, cumhachtófar an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha maidir le faireachán ar phraghsanna a bhunú faoin scéim.

Airteagal 28

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Fhoroinn seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta chun a áirithiú go n-urramófar an uaschainníocht atá incháilithe don chabhair;

(b)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin i gcás ina ndéanfar réamhíocaíocht;

(c)

rialacha maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar do na Ballstáit maidir le formheasadh, iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí cabhrach;

(d)

na modhanna chun an scéim a phoibliú;

(e)

faireachán ar na praghsanna a bhainistiú de bhun Airteagal 27(5).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Cabhair in earnáil na hola olóige agus na nológ boird

Airteagal 29

Cláir chun tacú le hearnáil na hola olóige agus na n-ológ boird

1.   Maoineoidh an tAontas cláir oibre trí bliana atá le tarraingt suas ag na heagraíochtaí oibreoirí a aithnítear faoi Airteagal 152, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 156 nó ag na heagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

monatóireacht ar an margadh agus bainistiú an mhargaidh in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird;

(b)

feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol;

(c)

feabhas a chur ar an iomaíochas i dtaca le saothrú ológ trí nuachóiriú;

(d)

cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú;

(e)

an córas inrianaitheachta, deimhniúchán agus cosaint cháilíocht ola olóige agus ológ boird, faoi údarás na riarachán náisiúnta, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar cháilíocht olaí olóige a dhíoltar chuig na tomhaltóirí deireanacha;

(f)

faisnéis a scaipeadh maidir leis na bearta atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird.

2.   Is mar seo a leanas a bheidh maoiniú an Aontais do na cláir oibre dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 11 098 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Gréige;

(b)

EUR 576 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na Fraince; agus

(c)

EUR 35 991 000 in aghaidh na bliana i gcomhair na hIodáile.

3.   Beidh uasmhéid an chistithe ón Aontas i gcomhair na gclár oibre dá dtagraítear i mír 1 cothrom leis na méideanna a choinníonn na Ballstáit siar. Is iad seo a leanas uasmhéideanna an chistithe don chostas incháilithe:

(a)

75 % i gcomhair gníomhaíochtaí sna réimsí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1;

(b)

75 % i gcomhair infheistíochtaí i sócmhainní seasta agus 50 % i gcomhair gníomhaíochtaí eile sa réimse dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1;

(c)

75 % i gcomhair clár oibre a dhéanann eagraíochtaí aitheanta dá dtagraítear i mír 1 ó dhá Bhallstát táirgeora ar a laghad a chur i gcrích i dtrí thríú tír ar a laghad nó i mBallstáit nach dtáirgeann na hearraí sin, agus an obair sin sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 1, agus 50 % i gcomhair na ngníomhaíochtaí eile sna réimsí sin.

Áiritheoidh an Ballstát go gcuirfear maoiniú comhlántach ar fáil suas le 50 % de na costais nach bhfuil cumhdaithe ag cistiú ón Aontas.

Airteagal 30

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go mbainfear leas éifeachtúil, éifeachtach as an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 27 chun cáilíocht táirgthe ola olóige agus ológ boird a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

i leith na réimsí sin dá dtagraítear in Airteagal 29(1), na bearta sonracha a fhéadfar a mhaoiniú leis an gcabhair ón Aontas agus na gníomhaíochtaí agus na costais nach bhféadfar a mhaoiniú;

(b)

leithdháileadh íosta na mBallstát, ar réimsí sonracha, de mhaoiniú ón Aontas;

(c)

an ceanglas chun urrús a thaisceadh nuair a thíolactar iarratas ar chlár oibre a fhormheas agus nuair a dhéantar réamhíocaíocht de chabhair;

(d)

na critéir atá le cur san áireamh ag na Ballstáit agus cláir oibre á roghnú agus á bhformheas.

Airteagal 31

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta ar fad is gá chun an Roinn seo a chur chun feidhme maidir leis an méid a leanas:

(a)

cláir oibre a chur chun feidhme agus leasuithe ar na cláir sin;

(b)

cabhair a íoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí de chabhair;

(c)

na nósanna imeachta don urrús atá le taisceadh agus méid an urrúis sin nuair a thíolactar iarratas ar chlár oibre a fhormheas agus nuair a dhéantar réamhíocaíocht de chabhair.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 3

Cabhair in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 32

Cistí oibriúcháin

1.   Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus/nó a gcomhlachais agus na nglasraí ciste oibriúcháin a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a)

trí ranníocaíochtaí airgeadais uathu seo a leanas:

(i)

comhaltaí d'eagraíochtaí táirgeoirí agusnó an eagraíocht táirgeoirí í féin; nó

(ii)

comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí trí chomhaltaí na gcomhlachas sin;

(b)

trí chúnamh airgeadais ón Aontas a fhéadfar a dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí, nó do chomhlachais dá gcuid, i gcás ina bhfuil clár oibriúcháin nó cuid de chlár oibriúcháin á thíolacadh, á bhainistiú agus á chur chun feidhme acu, i gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 37 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 38.

2.   Ní úsáidfear cistí oibriúcháin ach amháin chun cláir oibriúcháin a cuireadh faoi bhráid na mBallstát agus a d'fhormheas siad a mhaoiniú.

Airteagal 33

Cláir oibriúcháin

1.   Maidir le cláir oibriúcháin in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, mairfidh siad ar feadh trí bliana ar a laghad agus ar feadh cúig bliana ar a mhéid. Beidh dhá cheann ar a laghad de na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 152(1) nó dhá cheann de na cuspóirí seo a leanas ag baint leo:

(a)

táirgeadh a phleanáil, lena n-áirítear réamh-mheastachán ar tháirgeadh agus ar thomhaltas agus obair leantach ina leith;

(b)

cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú, bíodh siad úr nó próiseáilte;

(c)

luach tráchtála na dtáirgí a mhéadú;

(d)

cur chun cinn na dtáirgí, bíodh siad úr nó próiseáilte;

(e)

bearta comhshaoil, go háirithe iad siúd a bhaineann le huisce, agus modhanna táirgthe a chosnaíonn an comhshaol, lena n-áirítear feirmeoireacht orgánach;

(f)

géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú.

Cuirfear cláir oibríochta faoi bhráid na mBallstát lena bhformheas.

2.   Féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí clár iomlán oibriúcháin nó páirt de chlár oibriúcháin a thíolacadh freisin ar a mbeidh na bearta a shainaithin eagraíochtaí is comhaltaí faoina gcláir oibriúcháin, ach nach mbeidh curtha i bhfeidhm acu. Beidh na cláir oibriúcháin faoi réir na rialacha céanna is atá cláir oibriúcháin na eagraíochtaí is comhaltaí agus breithneofar iad in éindí le cláir oibriúcháin na n-eagraíochtaí is comhaltaí.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go ndéanfar bearta faoi chláir oibriúcháin chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú go hiomlán le ranníocaíochtaí ó na heagraíochtaí is comhaltaí den chomhlachas i dtrácht agus go mbaileofar an maoiniú sin ó chistí oibriúcháin na n-eagraíochtaí sin is comhaltaí;

(b)

go sainaithnítear na bearta agus a gcion airgeadais chomhfhreagrach i gclár oibriúcháin gach eagraíochta is comhalta;

(c)

nach bhfuil aon dúbláil ar an maoiniú.

3.   Bainfidh cosc agus bainistiú géarchéimeanna, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír de mhír 1, le géarchéimeanna i margaí na dtorthaí agus na nglasraí a sheachaint agus déileáil leo má tharlaíonn siad, agus sa chomhthéacs sin beidh an méid seo a leanas cumhdaithe:

(a)

infheistíochtaí a fhágann go ndéanfar na méideanna a chuirtear ar an margadh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla;

(b)

bearta oiliúna agus malartú dea-chleachtais;

(c)

cur chun cinn agus cumarsáid, ar mhaithe le cosc nó le linn géarchéime;

(d)

tacaíocht maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha;

(e)

athphlandú úllord más gá sin tar éis grafa éigeantaigh ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(f)

tarraingt siar ón margadh;

(g)

glasbhuaint torthaí agus glasraí nó gan iad a bhuaint in aon chor;

(h)

árachas buainte.

Cabhróidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a théann tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair nó inmhíolú lotnaidí i gcion ar a n-ioncam.

Éileofar le conarthaí árachais go gcuirfidh tairbhithe na bearta is gá i bhfeidhm maidir le riosca a chosc.

Ní chosnóidh bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear aon aisíocaíocht caipitil agus úis dá dtagraítear sa chúigiú fomhír, níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibriúcháin.

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí iasachtaí a fháil ar théarmaí tráchtála chun bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú a mhaoiniú. Féadfaidh aisíocaíocht ar chaipiteal agus ús na n-iasachtaí sin a bheith mar chuid den chlár oibriúcháin sa chás sin agus féadfaidh sé a bheith incháilithe chun cúnamh airgeadais a fháil ón Aontas faoi Airteagal 34. Féadfar aon bheart sonrach um chosc agus um bainistiú géarchéimeanna a mhaoiniú trí na hiasachtaí sin, go díreach nó ar an dá bhealach.

4.   Chun críocha na Roinne seo:

(a)

ciallaíonn "glasbhuaint" buaint iomlán táirgí réamhaibí i limistéar áirithe ar táirgí iad nach féidir a mhargú agus nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint, bíodh sin i ngeall ar chúiseanna aeráide, galair nó eile;

(b)

ciallaíonn "gan bhuaint" go bhfuil deireadh leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann i gcás ina bhfuil an táirge forbartha go maith, de cháilíocht shlán, chóir agus indíolta. Ní mheastar go bhfuil táirgí "gan bhuaint" má scriostar iad de dheasca na drochaimsire nó de dheasca galair.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go mbeidh dhá bheart comhshaoil nó níos mó ar áireamh sna cláir oibriúcháin; nó

(b)

go mbainfidh 10 % ar a laghad den chaiteachas faoi na cláir oibriúcháin le bearta comhshaoil.

Urramóidh bearta comhshaoil na ceanglais maidir le híocaíochtaí agra-chomhshaoil-aeráid a leagtar síos in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

I gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de na comhaltaí ar táirgeoirí iad in eagraíocht táirgeoirí faoi réir gealltanais agra-chomhshaoil-aeráid amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, glacfar le gach ceann de na gealltanais sin mar bheart comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo.

Cumhdóidh tacaíocht i gcomhair na mbeart comhshaoil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo costais bhreise agus ioncam tarscaoilte de thoradh an bhirt.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit nach gceadófar infheistíochtaí a chuireann brú breise ar an gcomhshaol ach amháin sna cásanna sin ina gcuirtear cosaintí éifeachtacha i bhfeidhm chun an comhshaol a chosaint ó na brúnna sin.

Airteagal 34

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.   Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) a íoctar go hiarbhír iad agus ní bheidh sé níos mó ná 50 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

2.   Do gach eagraíochta táirgeoirí agus comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, Cuirfear teorainn uasmhéid ar chúnamh airgeadais ón Aontas i dtreo nach sáróidh sé 4,1 % de luach a táirgthe arna mhargú

Féadfar, áfach, i gcás na n-eagraíochtaí is comhaltaí an céatadán sin a mhéadú go 4,6 % de luach an táirgthe arna mhargú ar choinníoll go mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar 4,1 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh beart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus lena n-aghaidh sin amháin.

I gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar an céatadán sin a ardú go 4,7 % de luach an táirgthe arna mhargú, ar choinníoll go n-úsáidtear an méid atá de bhreis ar 4,1 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh beart chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus lena n-aghaidh sin amháin, ar bearta iad a bheidh á gcur chun feidhme ag an gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí thar ceann na gcomhaltaí.

3.   Arna iarraidh sin d'eagraíocht táirgeoirí, méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 60 % i gcomhair cláir oibriúcháin nó i gcomhair cuid de chlár oibriúcháin nuair a chomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

thíolaic roinnt eagraíochtaí táirgeoirí de chuid an Aontais é, ar eagraíochtaí iad a oibríonn i mBallstáit éagsúla ar scéimeanna trasnáisiúnta;

(b)

thíolaic eagraíocht táirgeoirí amháin nó níos mó é, ar eagraíocht í nó ar eagraíochtaí iad a oibríonn ar scéimeanna a chuirtear i gcrích ar bhonn idirchraoibhe;

(c)

ní chumhdaíonn an clár nó cuid de ach tacaíocht shonrach chun táirgí orgánacha a chumhdaítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (24) a tháirgeadh;

(d)

is é an chéad cheann é a thíolaic eagraíocht aitheanta táirgeoirí atá mar thoradh ar chumasc idir dhá eagraíocht aitheanta táirgeoirí;

(e)

is é an chéad cheann é a thíolaic comhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí;

(f)

thíolaic eagraíochtaí táirgeoirí é, ar eagraíochtaí táirgeoirí iad i mBallstáit ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí níos lú ná 20 % den táirgeadh torthaí agus glasraí ar an margadh;

(g)

thíolaic eagraíocht táirgeoirí i gceann de na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAEé.

4.   Méadófar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 go 100 % i gcásanna ina dtarraingeofar siar torthaí agus glasraí ón margadh, ar tarraingt siar í sin nach sáróidh 5 % de mhéid an táirgthe arna mhargú de chuid gach eagraíochta táirgeoirí, agus ina ndéanfar iad a dhiúscairt:

(a)

trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus fondúireachtaí carthanúla, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena n-úsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu; nó

(b)

trína ndáileadh saor in aisce ar aon cheann díobh seo a leanas: ar fhorais phionóis, ar scoileanna, ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 22, ar champaí saoire leanaí, le hospidéil agus árais seanóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth.

Airteagal 35

Cúnamh airgeadais náisiúnta

1.   I réigiúin na mBallstát nach bhfuil na táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí eagraithe iontu ach ar éigin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údarófar do na Ballstáit, ar iarraidh chuí-réasúnaithe uathu, cúnamh airgeadais náisiúnta a íoc le heagraíochtaí táirgeoirí arb ionann é agus 80 % ar a mhéid de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1). Beidh an cúnamh seo sa bhreis ar an gciste oibriúcháin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   I réigiúin na mBallstát ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus na grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 níos lú ná 15 % de luach an táirgthe torthaí agus glasraí na réigiún sin ar an margadh agus inarb ionann a dtáirgeadh torthaí agus glasraí agus 15 % ar a laghad d'aschur iomlán talmhaíochta na réigiún sin, féadfaidh an tAontas an cúnamh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aisíoc arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an aisíocaíocht sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 36

Creat náisiúnta agus straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin

1.   Déanfaidh na Ballstáit creat náisiúnta a bhunú chun coinníollacha ginearálta a tharraingt suas ina mbeidh na bearta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 33(5). Sa chreat sin forálfar, go háirithe, go gcomhlíonfaidh na bearta sin na ceanglais iomchuí i Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 6 de.

Cuirfidh na Ballstáit a gcreat beartaithe faoi bhráid an Choimisiúin, a fhéadfaidh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, modhnuithe a éileamh laistigh de thrí mhí ón dáta a dtíolacfar an creat beartaithte má chinneann sé nach gcuirfeadh an togra leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE agus sa seachtú clár beart comhshaoil de chuid an Aontais a bhaint amach. Déanfaidh infheistíochtaí ar ghabháltais indibhidiúla a bhfuil tacaíocht ó chláir oibriúcháin acu na cuspóirí sin a urramú freisin.

2.   Bunóidh gach Ballstát straitéis náisiúnta i gcomhair clár oibriúcháin inbhuanaithe i margadh na dtorthaí agus na nglasraí. Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sa straitéis sin:

(a)

anailís ar an staid ina bhfuil cúrsaí ó thaobh láidreachtaí agus laigí agus ó thaobh acmhainneachta forbartha;

(b)

fírinniú maidir leis na tosaíochtaí a roghnaíodh;

(c)

cuspóirí na gclár oibriúcháin agus ionstraimí, mar aon le táscairí feidhmíochta;

(d)

measúnú ar chláir oibriúcháin;

(e)

oibleagáidí tuairiscithe i gcomhair eagraíochtaí táirgeoirí.

Lena chois sin déanfaidh an straitéis náisiúnta an creat náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhtháthú.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 maidir leis na Ballstáit nach bhfuil aon eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iontu.

Airteagal 37

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn tacaíocht éifeachtúil, spriocdhírithe agus inbhuanaithe a áirithiú d'eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun rialacha a bhunú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cistí oibriúcháin agus cláir oibriúcháin, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na méideanna a mheastar, cinntí na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachas maidir le ranníocaíochtaí airgeadais agus úsáid na gcistí oibríochtúla;

(ii)

na bearta, na gníomhaíochtaí, an caiteachas agus na costais riaracháin agus pearsanra atá le cur san áireamh nó le heisiamh faoi chláir oibriúcháin, modhnú na gclár agus na riachtanais bhreise a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit;

(iii)

cistiú dúbláilte idir cláir oibriúcháin agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint;

(iv)

cláir oibriúcháin comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(v)

na rialacha sonracha is infheidhme i gcásanna ina bhfuil clár oibriúcháin nó cuid de chlár oibriúcháin á bhainistiú, á phróiseáil, á chur chun feidhme agus á thíolacadh ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

(vi)

an oibleagáid atá ann i leith comhtháscairí a úsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir oibriúcháin;

(b)

an creat náisiúnta agus an straitéis náisiúnta le haghaidh clár oibriúcháin a bhaineann leis an oibleagáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na creataí náisiúnta agus na straitéisí náisiúnta;

(c)

cúnamh airgeadais ón Aontas, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an bonn ar a ríomhfar cúnamh airgeadais ón Aontas agus luach an táirgthe arna mhargú dá dtagraítear in Airteagal 34(2);

(ii)

tréimhsí tagartha is infheidhme maidir le ríomh na cabhrach;

(iii)

réamhíocaíochtaí a sholáthar agus an ceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht cabhrach;

(iv)

na rialacha sonracha is infheidhme maidir le cláir oibriúcháin chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú, go háirithe na rialacha sin a bhaineann leis na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 34(2) a chur i bhfeidhm;

(d)

bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh gan ceann amháin nó níos mó de na bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú a chur i bhfeidhm;

(ii)

na coinníollacha a bhaineann le pointe (a), le pointe (b) agus le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 33(3);

(iii)

cinn scríbe ceadaithe a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit i leith táirgí aistarraingthe;

(iv)

an t-uasleibhéal tacaíochta do tháirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(v)

an ceanglas maidir le fógra a thabhairt roimh ré i gcás táirgí a tarraingíodh siar ón margadh;

(vi)

bunús an ríomha a dhéantar ar mhéid an táirgthe arna mhargú lena leithdháileadh saor in aisce dá dtagraítear in Airteagal 34(4) agus uasmhéid an táirgthe arna mhargú a chinneadh i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(vii)

an ceanglas chun suaitheantas an Aontais a thaispeáint ar phacáistí táirgí atá le dáileadh saor in aisce;

(viii)

na coinníollacha d'fhaighteoirí táirgí a tarraingíodh siar;

(ix)

úsáid na dtéarmaí chun críocha na Roinne seo;

(x)

na coinníollacha, a bheidh le glacadh ag na Ballstáit, i ndáil leis an nglasbhuaint agus leis an ngan bhuaint;

(xi)

árachas buainte;

(xii)

cistí frithpháirteacha; agus

(xiii)

na coinníollacha a bhaineann le huasteorainneacha don chaiteachas maidir le athphlandú úllord ar chúiseanna sláinte/ nó fíteashláintíochta i gcomhréir le pointe (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 33(3), agus na coinníollacha maidir leis na huasteorainneacha sin a shocrú;

(e)

cúnamh airgeadais náisiúnta, maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí;

(ii)

an ceanglas maidir le hurrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht;

(iii)

an t-uaschion aisíocaíochta ón Aontas den chúnamh airgeadais náisiúnta.

Airteagal 38

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

bainistiú na gclár oibriúcháin;

(b)

an fhaisnéis atá le coinneáil i gcláir oibriúcháin, i gcreata náisiúnta agus i straitéisí naisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 36, cláir oibriúcháin a chur faoi bhráid na mBallstát, sprioc-amanna, doiciméid tionlacain agus formheas ó na Ballstáit;

(c)

cláir oibriúcháin a bheith á gcur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí;

(d)

formáid agus ábhar na dtuarascálacha faireacháin agus meastóireachta ar straitéisí náisiúnta agus ar chláir oibriúcháin agus iad a chur isteach;

(e)

iarratais ar chabhair agus íocaíochtaí cabhrach, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí agus íocaíochtaí páirteacha cabhrach;

(f)

socruithe praiticiúla chun suaitheantas an Aontais a thaispeáint ar phacáistí táirgí atá le dáileadh saor in aisce;

(g)

urramú na gcaighdeán margaíochta i gcás táirgí a tarraingíodh siar;

(h)

costais iompair, sórtála agus pacáistithe i gcás go ndéanfar dáileadh saor in aisce;

(i)

bearta cur chun cinn, cumarsáide agus oiliúna i gcás chosc agus bhainistiú géarchéimeanna;

(j)

oibríochtaí tarraingthe siar, bearta glasbhuainte, bearta gan bhuaint agus bearta árachais bhuainte a chur chun feidhme;

(k)

an cúnamh airgeadais náisiúnta a chur i bhfeidhm, a údarú, a íoc agus a aisíoc;

(l)

nósanna imeachta le haghaidh slándála, agus méid na slándála atá le taisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 4

Cláir thacaíochta in earnáil an fhíona

Foroinn1

Forálacha ginearálta agus bearta incháilithe

Airteagal 39

Raon Feidhme

Sa Roinn seo, leagtar síos na rialacha a rialaíonn leithdháileadh chistí an Aontais ar Bhallstáit agus úsáid na gcistí sin ag Ballstáit trí chláir náisiúnta thacaíochta cúig bliana ("cláir thacaíochta") chun bearta sonracha tacaíochta a mhaoiniú chun cabhrú le hearnáil an fhíona.

Airteagal 40

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

1.   Luífidh na cláir thacaíochta le dlí an Aontais agus beidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí an Aontais.

2.   Beidh na Ballstáit féin freagrach as cláir thacaíochta agus áiritheoidh siad go bhfuil siad comhsheasmhach iontu féin agus go ndréachtófar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad ar bhealach oibiachtúil, ag cur san áireamh staid eacnamaíoch na dtáirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan caitheamh go míchothrom le táirgeoirí éagsúla mura bhfuil údar leis.

3.   Ní dheonófar aon tacaíocht maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tionscadail taighde agus bearta chun tacú le tionscadail taighde seachas na tionscadail dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 45(2);

(b)

bearta atá ina gcuid de chláir forbartha tuaithe na mBallstát faoi Rialachán (CE) Uimh. 1305/2013

Airteagal 41

Cláir thacaíochta a thíolacadh

1.   Cuirfidh gach Ballstát ar táirgeoir é agus a liostaítear in Iarscríbhinn VI dréachtchlár tacaíochta cúig bliana faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na bearta incháilithe a leagtar amach in Airteagal 38.

2.   Déanfar dréachtchláir tacaíochta na gclár tacaíochta a tharraingt suas ar an leibhéal geografach is iomchuí dar leis na Ballstáit. Rachaidh an Ballstát i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus leis na heagraíochtaí ag an leibhéal críochach iomchuí maidir leis an dréachtchlár tacaíochta sula gcuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é.

3.   Tíolacfaidh gach Ballstát dréachtchlár tacaíochta amháin agus féadfaidh an clár tréithe réigiúnacha ar leith a chur san áireamh.

4.   Beidh na cláir thacaíochta infheidhme trí mhí tar éis don dréachtchlár a bheith tíolactha don Choimisiún.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena suítear nach gcomhlíonann an clár tacaíochta a tíolacadh na rialacha atá leagtha síos sa Roinn seo agus féadfaidh sé an Ballstát a chur ar an eolas ina leith sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Ballstát dréachtchlár tacaíochta athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh an clár tacaíochta athbhreithnithe infheidhme dhá mhí tar éis a thíolactha mura bhfuil neamhluí fós ann agus sa chás sin beidh feidhm ag an bhfomhír seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

5.   Beidh feidhm ag mír 4 mutatis mutandis maidir le hathruithe ar na cláir thacaíochta is infheidhme a thíolacfaidh na Ballstáit.

Airteagal 42

Ábhar na gclár tacaíochta

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad i gcláir thacaíochta:

(a)

tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a bheartaítear chomh maith lena gcuspóirí cainníochtaithe;

(b)

torthaí na gcomhairliúchán a tharla;

(c)

breithmheas a léiríonn an tionchar teicniúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a bhfuiltear ag súil leis;

(d)

sceideal maidir leis na bearta a chur chun feidhme;

(e)

tábla ginearálta um maoiniú a léiríonn na hacmhainní atá le húsáid agus leithdháileadh táscach na n-acmhainní dá bhforáiltear i measc na mbeart i gcomhréir le huasteorainneacha búiséadacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI;

(f)

na critéir agus na táscairí cainníochtúla atá le húsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh chomh maith leis na bearta arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirfear na cláir thacaíochta chun feidhme go hiomchuí agus go héifeachtach; agus

(g)

ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir thacaíochta.

Airteagal 43

Bearta incháilithe

Ní fhéadfaidh ach ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a bheith sna cláir thacaíochta:

(a)

cur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 45;

(b)

athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i gcomhréir le hAirteagal 46;

(c)

glasbhuaint i gcomhréir le hAirteagal 47;

(d)

cistí frithpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 48;

(e)

árachas buainte i gcomhréir le hAirteagal 49;

(f)

infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 50;

(g)

nuáil in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 51;

(h)

driogadh fotháirgí i gcomhréir le hAirteagal 52.

Airteagal 44

Rialacha ginearálta maidir le cláir thacaíochta

1.   Leithdháilfear na cistí atá ar fáil ón Aontas laistigh de na teorainneacha fioscacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VI.

2.   Ní dheonófar tacaíocht ón Aontas ach do chaiteachas incháilithe arna thabhú tar éis thíolacadh an dréachtchláir tacaíochta ábhartha.

3.   Ní rannchuideoidh na Ballstáit le costais na mbeart arna maoiniú ag an Aontas faoi na cláir thacaíochta.

Foroinn 2

Bearta sonracha tacaíochta

Airteagal 45

Cur chun cinn

1.   Cumhdóidh tacaíocht faoin Airteagal seo bearta faisnéise nó bearta cur chun cinn maidir le fíonta de chuid an Aontais:

(a)

sna Ballstáit, d'fhonn tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le fíon a thomhailt ar bhealach freagrach agus maidir le córais an Aontais lena gcumhdaítear sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha; nó

(b)

i dtríú tíortha, agus ar an gcaoi sin ag féachaint lena n-iomaíochas a fheabhsú.

2.   Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1maidir le fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó fíonta a bhfuil tásc faoin gcineál fíonchaor acu agus ní áireofar sna bearta sin ach ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a)

bearta caidrimh phoiblí, bearta cur chun cinn nó bearta fógraíochta, go háirithe bearta a leagann béim ar na hardchaighdeáin a bhaineann le táirgí an Aontais, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta bia de nó ó thaobh an chomhshaoil de;

(b)

páirt a ghlacadh in imeachtaí, in aontaí nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo;

(c)

feachtais faisnéise, go háirithe faoi chórais de chuid an Aontais lena gcumhdaítear sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus táirgeadh orgánach;

(d)

staidéir ar mhargaí nua, atá riachtanach chun asraonta margaidh a leathnú;

(e)

staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeart faisnéise agus na mbeart cur chun cinn.

3.   Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais do bhearta faisnéise nó cur chun cinn dá dtagraítear i mír 1, 50 % den chaiteachas incháilithe.

Airteagal 46

Athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort

1.   Is é an cuspóir a bheidh ag bearta a bhaineann le hathstruchtúrú agus le hathchóiriú fíonghort cur le hiomaíochas táirgeoirí fíona.

2.   Tabharfar tacaíocht d'athstruchtúrú agus d'athchóiriú fíonghort má thíolacann na Ballstáit fardal a gcumais táirgthe i gcomhréir le hAirteagal 145(3).

3.   Tacaíocht i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort, ar tacaíocht é a d'fhéadfadh córais inbhuanaithe táirgthe a fheabhsú agus lorg earnáil an fhíona ar an gcomhshaol a laghdú, ní fhéadfaidh an tacaíocht sin ach ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a chumhdach:

(a)

athchóiriú cineálacha, lena n-áirítear athchóiriú trí bheangú;

(b)

athlonnú fíonghort;

(c)

athphlandú fíonghort más gá sin tar éis grafa éigeantaigh ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta, ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(d)

teicnící bainistithe fíonghort a fheabhsú, go háirithe ardchórais táirgthe inbhuanaithe a thabhairt isteach.

Ní thabharfar aon tacaíocht maidir le gnáth-athnuachan fíonghort, is é sin le rá, athphlandáil na dáileachta talún céanna leis an gcineál fíonchaoire céanna i gcomhréir leis an gcóras céanna saothraithe fíniúna, nuair atá deireadh tagtha le saolré nádúrtha na bhfíniúnacha.

Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh sonraíochtaí a leagan síos, go háirithe maidir le haois na bhfíonghort a gcuirfear fíonghoirt nua ina n-áit.

4.   Ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort, lena n-áirítear teicnící bainistithe fíonghort a fheabhsú, ach amháin ar na bealaí seo a leanas:

(a)

cúiteamh a thabhairt do na táirgeoirí maidir le caillteanas ioncaim de bharr chur chun feidhme an bhirt;

(b)

ranníocaíocht a dhéanamh i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe.

5.   Féadfaidh an cúiteamh do tháirgeoirí de bharr caillteanais ioncaim dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 suas le 100 % den chaillteanas ábhartha a chumhdach agus féadfar é a dhéanamh ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:

(a)

d'ainneoin Fhoroinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena leagtar amach an córas idirthréimhseach do chearta um plandú, cead fíniúnacha nua agus seanfhíniúnacha a fhás le chéile go dtí go mbeidh deireadh leis an gcóras idirthréimhseach ar feadh tréimhse uasta nach sáróidh trí bliana;

(b)

cúiteamh airgeadais.

6.   Ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais i leith na gcostas iarbhír le haghaidh athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort 50 %. I réigiúin lagfhorbartha, ní sháróidh ranníocaíocht an Aontais i leith chostais an athstruchtúraithe agus an athchóirithe 75 %.

Airteagal 47

Glasbhuaint

1.   Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn "glasbhuaint" scriosadh iomlán nó asbhaint triopall fíonchaor fad is atá siad fós neamhaibí, ar an mbealach sin ag scriosadh tháirgeacht iomlán an limistéir sin.

Ní fhéachfar ar fhíonchaora tráchtála a bhfágfar ar na plandaí ag deireadh an ghnáth-thimthrialla táirgthe (gan bhaint) mar ghlasbhuaint.

2.   Cuideoidh an tacaíocht a thabharfar i gcomhair glasbhuainte le hathchothromú a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh i margadh fíona an Aontais chun géarchéimeanna sa mhargadh a chosc.

3.   Féadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair glasbhuainte mar chúiteamh i bhfoirm íocaíochta ar ráta comhréidh in aghaidh an heicteáir atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Ní sháróidh an íocaíocht sin 50 % de shuim na gcostas díreach maidir le scriosadh nó baint na dtriopall fíonchaor agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann córas ar bun a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla lena áirithiú nach dtabharfar cúiteamh níos airde ná an uasteorainn a leagtar síos i mír 3 do tháirgeoirí aonair fíona de thoradh an bhirt maidir le glasbhuaint.

Airteagal 48

Cistí frithpháirteacha

1.   Cuirfidh an tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha cúnamh ar fáil do tháirgeoirí ar mian leo árachas a fháil dóibh féin i gcoinne luaineachta margaidh.

2.   Féadfar tacaíocht i gcomhair bunú cistí frithpháirteacha a dheonú i bhfoirm cabhrach sealadaí agus cabhrach ar bhonn céimlaghdaitheach chun costais riaracháin na gcistí a chumhdach.

Airteagal 49

Árachas buainte

1.   Cabhróidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a bhíonn caillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide, galair nó inmhíolú lotnaidí.

Éileofar le conarthaí árachais go gcuirfidh tairbhithe na bearta is gá i bhfeidhm maidir le riosca a chosc.

2.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte i bhfoirm ranníocaíochta airgeadais ón Aontas nach mbeidh níos airde ná:

(a)

80 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;

(b)

50 % de chostas na bpréimheanna árachais íoctha ag na táirgeoirí i gcomhair árachais:

(i)

in aghaidh caillteanas dá dtagraítear i bpointe (a) agus in aghaidh caillteanas eile de bharr drochaimsire;

(ii)

in aghaidh caillteanas de bharr ainmhithe, galar plandaí nó inmhíolú lotnaidí.

3.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair árachais bhuainte mura dtugann na híocaíochtaí árachais cúiteamh do tháirgeoirí i gcomhair breis agus 100 % den chaillteanas ioncaim arna fhulaingt, ag cur san áireamh aon chúitimh a d'fhéadfadh a bheith faighte ag na táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh.

4.   Ní dhéanfaidh tacaíocht i gcomhair árachais bhuainte saobhadh ar iomaíocht sa mhargadh árachais.

Airteagal 50

Infheistíochtaí

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe i saoráidí próiseála, i mbonneagar fíonghort agus i struchtúir agus in uirlisí margaíochta. Beidh na hinfheistíochtaí sin beartaithe chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán an fhiontair agus lena oiriúnú don éileamh ar an margadh, agus cur lena chumas iomaíochta, agus bainfidh siad le táirgeadh nó le margaíocht táirgí finiúna dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VI, lena n-áirítear d'fhonn coigiltis fhuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an domhain a fheabhsú agus d'fhonn próisis inbhuanaithe a fheabhsú freisin.

2.   Maidir le tacaíocht faoi mhír 1 ag an ráta is airde:

(a)

ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (25)

(b)

lena chois sin, féadfaidh feidhm a bheith aici maidir le gach fiontar i gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE agus na n-oileán beag Aeigéach de réir mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26).

Ní thabharfar ach leath den dhlús uasta cabhrach i gcás fiontar nach gcumhdaítear ag Airteagal 2(1) de Theideal I den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE a bhfuil níos lú ná 750 fostaí acu nó a bhfuil láimhdeachas níos lú ná EUR 200 milliún acu.

Ní dheonófar cabhair d'fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí threoirlínte an Chomhphobail faoi Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (27).

3.   Ní áireofar sa chaiteachas incháilithe na costais nach bhfuil incháilithe dá dtagraítear in 'Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

4.   Beidh feidhm ag na rátaí uasta cabhrach seo a leanas maidir le ranníocaíocht an Aontais do na costais infheistíochta incháilithe:

(a)

50 % i réigiúin lagfhorbartha;

(b)

40 % i réigiúin eile seachas réigiúin lagfhorbartha;

(c)

75 % sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(d)

65 % sna hoileáin Aeigéacha bheaga mar atá sainithe in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mutatis mutandis maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 51

Nuáil in earnáil an fhíonar

Féadfar tacaíocht a dheonú d'infheistíochtaí inláimsithe nó doláimhsithe atá dírithe ar tháirgí nua, próisis nua agus teicneolaíochtaúí nua a fhorbairt maidir leis na táirgí dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VII. Beidh sé beartaithe leis an tacaíocht indíoltacht agus iomaíochas thairgí finiúna an Aontais a fhebhas agus féadfaidh aistriú eolais bheith san áireamh ann. Beidh na huasrátaí cabhrach maidir le ranníocaíocht an Aontais ton tacaíocht arna sholáthar faoin Airteagal seo mar an gcéanna leo siúd a leagtar amach in Airteagal 508(4).

Airteagal 52

Driogadh fotháirgí

1.   Féadfar tacaíocht a dheonú i gcomhair driogadh deonach nó éigeantach fotháirgí fíona arna dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Roinn D de Chuid II d'Iarscríbhinn VIII.

Déanfar méid na cabhrach a shocrú de réir % de thoirt agus in aghaidh an heictilítir alcóil arna tháirgeadh. Ní dheonfar aon chabhair i gcomhair mhéid an alcóil sna fotháirgí atá le driogadh atá nios mó ná 10 % de mhéid an alcóil atá san fhíon arna tháirgeadh

2.   Íocfar an chabhair le driogairí a phróiseálann fotháirgí na fíonóireachta a sheachadtar chun iad a dhriogadh ina n-alcól amh ag a bhfuil cion alcóil de 92 % toirte ar a laghad.

Féadfaidh na Ballstáit deonú na tacaíochta a dhéanamh coinníollach ar go ndéanfadh an tairbhí urrús a thaisceadh.

3.   Socróidh an Coimisiún na leibhéil uasta atá infheidhme i gcomhair cabhrach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 54 agus beidh siad bunaithe ar chostais bhailithe agus phróiseála.

4.   Áireoidh an chabhair ábhartha cnapshuim lena gcúiteofar na costais a bhaineann le fotháirgí na fíonóireachta a bhailiú. Déanfar an méid sin a aistriú ón driogaire chuig an táirgeoir, i gcás gurb é an táirgeoir a chlúdaíonn na costais ábhartha sin.

5.   Úsáidfear an t-alcól a thagann ón driogadh a fhaigheann tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh cuspóirí tionsclaíocha nó fuinnimh agus chucu sin amháin chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint.

Foroinn 3

Forálacha nós imeachta

Airteagal 53

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go mbainfidh cláir thacaíochta na mBallstát in earnáil an fhíona a gcuspóirí amach agus go n-úsáidfear cistí de chuid an Aontais ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a)

rialacha maidir leis an bhfreagracht as caiteachas idir an dáta a bhfaigheann an Coimisiún na cláir thacaíochta agus ar a ndéantar leasuithe ar na cláir agus dáta a n-infheidhmeachta;

(b)

rialacha maidir le hábhar na gclár tacaíochta agus maidir leis an gcaiteachas, na costais riaracháin agus pearsanra agus na hoibríochtaí a fhéadfar a áireamh i gcláir thacaíochta na mBallstát agus na coinníollacha faoina bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh trí idirghabhálaithe i gcás na tacaíochta d'árachás buainte dá bhforáiltear in Airteagal 49 agus an deis atá ann íocaíochtaí a dhéanamh ar an mbealach sin;

(c)

rialacha maidir leis an gceanglas chun urrús a thaisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht;

(d)

rialacha maidir le húsáid na dtéarmaí chun críocha na Roinne seo;

(e)

rialacha maidir le huasteorainneacha a shocrú don chaiteachas ar athphlandú fíonghort ar chúiseanna sláintenó fíteashláintíochta i gcomhréir le pointe (c) den chéad fomhír d'Airteagal 46(3);

(f)

rialacha maidir le cistiú dúbailte idir na gnéithe seo a leanas a sheachaint:

(i)

oibríochtaí difriúla chlár tacaíochta Ballstáit in earnáil an fhíona, agus

(ii)

clár tacaíochta Ballstáit in earnáil an fhíona agus cláir fhorbartha tuaithe nó cláir chur chun cinn an Bhallstáit;

(g)

rialacha faoina bhfuil táirgeoirí le fotháirgí na fíonóireachta a aistarraingt, agus eisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí;

(h)

rialacha lena gcceadaítear do na Ballstáit coinníollacha a chur ar bun chun bearta tacaíochta ina gcláir a chur ag feidhmiú ar bhealach cuí.

Airteagal 54

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos bearta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

tíolacadh na gclár tacaíochta, an phleanáil airgeadais chomhfhreagrach agus athbhreithniú ar chláir thacaíochta;

(b)

nósanna imeachta cur i bhfeidhm, roghnúcháin agus íocaíochta;

(c)

tíolacadh, formáid agus ábhar thuarascálacha agus mheastóireachtaí chláir thacaíochta na mBallstát;

(d)

rátaí na cabhrach le haghaidh na glasbhuainte agus dhriogadh na bhfotháirgí a bheith á socrú ag na Ballstáit;

(e)

bainistiú airgeadais agus forálacha a bhaineann leis na bearta tacaíochta a bheith á gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit;

(f)

nósanna imeachta le haghaidh slándála, agus méid na slándála atá le taisceadh i gcás ina ndéantar réamhíocaíocht.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 5

Cabhair in earnáil na beachadóireachta

Airteagal 55

Cláir náisiúnta agus maoiniú

1.   Chun feabhas a chur ar dhálaí ginearálta maidir le táirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, féadfaidh na Ballstáit cláir náisiúnta d'earnáil na beachadóireachta a tharraingt suas lena gcumhdófar tréimhse trí bliana ('cláir bheachadóireachta'). Forbrófar na cláir sin i gcomhar le heagraíochtaí ionadaíocha i réimse na beachadóireachta.

2.   Beidh ranníocaíocht an Aontais i leith na gclár beachadóireachta comhionann le 50 % den chaiteachas a luífidh ar na Ballstáit do na cláir sin, arna bhformheas i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 57.

3.   Chun a bheith incháilithe i gcomhair na ranníocaíochta ón Aontas dá bhforáiltear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit staidéar ar an struchtúr táirgthe agus margaíochta in earnáil na beachaireachta ina gcríocha féin.

4.   Féadtar na bearta seo a leanas a áireamh i gcláir bheachadóireachta:

(a)

cúnamh teicniúil do bheachairí agus do ghrúpaí beachairí;

(b)

ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac, go háirithe an varróis;

(c)

cuíchóiriú buailteachais;

(d)

bearta chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachadóireachta chun cuidiú le beachairí a gcuid táirgí a chur ar an margadh agus cur le luach na dtáirgí sin;

(e)

bearta le tacú le hathstocáil coirceog san Aontas;

(f)

comhoibriú le comhlachtaí speisialaithe maidir le cur chun feidhme na gclár taighde feidhmeach i réimse na beachadóireachta agus na dtáirgí beachadóireachta;

(g)

faireachán ar an margadh;

(h)

cur le cáilíocht na dtáirgí chun an leas is mó is féidir a bhaint as na táirgí atá ar an margadh.

Airteagal 56

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go n-úsáidfear cistí an Aontais ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil i gcomhair na beachadóireachta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cistiú dúbailte idir cláir bheachadóireachta na mBallstát agus cláir forbartha tuaithe a sheachaint;

(b)

bunús leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais ar gach Ballstát rannpháirteach bunaithe ar, inter alia, líon iomlán na gcoirceog beach san Aontas.

2.   Chun a áirithiú go gcuirfear scéim cabhrach an Aontais in oiriúint do na forbairtí is déanaí agus go mbeidh na bearta a chlúdófar éifeachtach ó thaobh feabhas a chur ar na coinníollacha ginearálta do tháirgeadh agus margú táirgí beachadóireachta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena dtabharfar cothrom le dáta na bearta dá dtagraítear in Airteagal 55(4) ar féidir a áireamh i gcláir bheachadóireachta na mBallstát, trí bhearta eile a chur leo nó trí na bearta sin a oiriúnú ach gan aon cheann acu a scriosadh. Agus na bearta sin á dtabhairt cothrom le dáta, ní bheidh aon tionchar ar na cláir náisiúnta a glacadh sular tháinig an gníomh tarmligthe i bhfeidhm.

Airteagal 57

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta atá riachtanach chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir leis an méid a leanas:

(a)

ábhar na gclár náisiúnta agus na staidéar a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le struchtúr táirgthe agus margaíochta a n-earnálacha beachaireachta;

(b)

an nós imeachta maidir le cistí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh;

(c)

na cláir bheachadóireachta atá curtha isteach ag na Ballstáit a fhormheas, lena n-áirítear leithdháileadh ranníocaíocht an Aontais do gach Ballstát rannpháirteach agus an leibhéal uasta cistiúcháin óna mBallstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 6

Cabhair in earnáil na leannlusanna

Airteagal 58

Cabhair d'eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Deonóidh an tAontas cabhair d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na leannlusanna ar tugadh aitheantas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun maoiniú a chur ar fáil d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (c)(i),(ii) nó (iii) d'Airteagal 152(1) a bhaint amach.

2.   I gcás na Gearmáine, deonófar EUR 2 277 000 in aghaidh na bliana mar mhaoiniú ón Aontas don íocaíocht d'eagraíochtaí táirgeoirí dá bhforáiltear i mír 1.

Airteagal 59

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn a áirithiú go maoineoidh an chabhair dá dtagraítear in Airteagal 58 an obair a bheidh ar bun chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 152 a bhaint amach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratais ar chabhair, lena n-áirítear rialacha maidir le spriocdhátaí agus doiciméid tionlacain;

(b)

rialacha maidir le limistéir leannlusanna cháilithe agus ríomh na méideanna atá le híoc le gach eagraíocht táirgeoirí.

Airteagal 60

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta uile is gá a ghlacadh chun an Roinn seo a chur i bhfeidhm i dtaca le cabhair a íoc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL III

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 61

Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú meántéarma chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime agus, más iomchuí, tograí a dhéanamh.

Roinn 1

Bainistiú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 62

Údaruithe

1.   Féadfar cineálacha fíniúna coitinne arna n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 81(2) a phlandú nó a athphlandú má thugtar údarú i gcomhréir le hAirteagal 64, le hAirteagal 66 agus le hAirteagal 68 faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.

2.   Deonóidh na Ballstáit an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, a chomhfhreagraíonn do limistéar sonrach arna léiriú i heicteáir, ar iarratas a chur isteach ó tháirgeoirí a chomhlíonann an sprioc agus critéir neamh-idirdhealaitheacha maidir le hincháilitheacht. Déanfar an t-údarú sin a dheonú gan táille a ghearradh ar na táirgeoirí.

3.   Beidh na húdaruithe dá dtagraítear i mír 1 bailí ar feadh trí bliana ón dáta ar deonaíodh iad. Táirgeoir nach mbainfidh leas as údarú a deonaíodh le linn tréimhse bailíochta an údaraithe sin, beidh sé faoi réir pionós riaracháin mar a fhoráiltear in Airteagal 89(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

4.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le limistéir a phlandú nó a athphlandú, ar limistéir iad atá beartaithe chun críocha turgnamhacha nó do phlandlanna beangaithe, ná maidir le limistéir a bhfuil a gcuid fíona nó a gcuid táirgí fíniúnacha beartaithe lena gcaitheamh ag teaghlach an tsaothróra fíniúna amháin ná maidir le limistéir atá le plandú as an nua mar thoradh ar cheannach éigeantach ar mhaithe le leas an phobail a glacadh faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 63

Sásra cosanta do phlanduithe nua

1.   Cuirfidh na Ballstáit údaruithe i gcomhair planduithe nua ar fáil gach bliain a chomhfhreagraíonn do 1 % den limistéar iomlán atá plandaithe go hiarbhír le fíniúnacha ar a gcríoch, mar a thomhaistear iad an 31 Iúil an bhliain roimhe.

2.   Déanfaidh na Ballstáit:

(a)

céatadán níos ísle a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta ná an céatadán atá leagtha amach i mír 1;

(b)

teorainn a chur le húdaruithe a eisiúint ar an leibhéal réigiúnach, do limistéir shonracha atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, do limistéir atá i dteideal fíon a tháirgeadh faoi thásc geografach faoi chosaint, nó do limistéir gan tásc geografach.

3.   Aon cheann de na teorainneacha dá dtagraítear i mhír 2, cuideoidh siad le fás ordúil phlanduithe fíniúnacha, socrófar iad ar leibhéal a bheidh os cionn 0 % agus beidh bonn cirt leo ar cheann amháin nó níos mó de na forais sonracha seo a leanas:

(a)

chun riosca dea-léirithe de rósholáthar táirgí fíona a sheachaint maidir le hionchais don mhargadh i leith na dtáirgí sin, gan níos mó ná an méid a bhfuil gá leis a dhéanamh chun an riachtanas sin a chomhlíonadh;

(b)

chun riosca dea-léirithe díluachála a sheachaint i gcás sonrúchán tionscnaimh áirithe faoi chosaint nó tásc geografach áirithe faoi chosaint.

4.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl go poiblí aon chinntí a ghlactar de bhun mhír 2, agus tabharfar bonn cirt cuí leis na cinntí sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na cinntí agus na boinn chirt sin.

Airteagal 64

Údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua

1.   Mura rachaidh méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe i mbliain ar leith thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, glacfar leis na hiarratais sin ar fad.

Féadfaidh na Ballstáit, chun críche an Airteagail seo, ceann amháin nó níos mó de na critéir incháilitheachta, atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chur i bhfeidhm:

(a)

beidh limistéar talmhaíochta ag an iarratasóir nach lú é ná an limistéar a bhfuil an t-údarú á lorg aige ina leith;

(b)

beidh scileanna gairme agus inniúlacht ghairme leordhóthanach ag an iarratasóir;

(c)

ní baol go ndéanfar mí-leithreasú ar chlú na sonrúchán tionscnaimh faoi leith atá faoi chosaint i ngeall ar an iarratas, rud a nglactar leis mura léiríonn na húdaráis phoiblí gurb ann don riosca sin;

(d)

má tá bonn cirt cuí leis, ceann amháin nó níos mó de na critéir dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go gcuirtear i bhfeidhm iad ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

2.   Má tá méid an limistéir iomláin a chumhdaítear leis na hiarratais incháilithe dá dtagraítear i mír 1, i mbliain ar leith, thar mhéid an limistéir a chuir an Ballstát ar fáil, deonófar údaruithe, de réir dháileadh pro-rata na heicteár, do na hiarratasóirí go léir ar bhonn an limistéir a ndearna siad iarratas ar údarú ina leith. Féadfar an deonú sin a dhéanamh go páirteach nó go hiomlán de réir cheann amháin nó níos mó de na critéir thosaíochta seo a leanas, ar critéir iad atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach:

(a)

táirgeoirí atá ag dul i mbun na hoibre den chéad uair, agus arb iad ceann a ngabháltais iad (iontrálaithe nua);

(b)

limistéir ina rannchuidíonn fíonghoirt leis an gcomhshaol a chaomhnú;

(c)

limistéir atá nua-phlandaithe i gcomhthéacs tionscadal um chomhdhlúthú talún;

(d)

limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile le sárú acu

(e)

inbhuanaitheacht tionscadail forbraíochta nó athphlandaithe bunaithe ar mheastóireacht eacnamaíoch;

(f)

limistéir a bheidh le plandú as an nua agus a chuirfidh leis an iomaíochas i ngabháltas feirme agus ar an leibhéal réigiúnach;

(g)

tionscadail lena bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht na dtáirgí le tásca geografacha;

(h)

limistéir a bheidh le plandú as an nua i gcomhthéacs gabháltais bheaga agus mheánmhéide a mhéadú.

3.   Poibleoidh na Ballstáit na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bheidh á gcur i bhfeidhm acu agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoi na critéir sin.

Airteagal 65

Ról na n-eagraíochtaí gairmiúla

Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm aige, féadfaidh an Ballstát a chur san áireamh na moltaí a thíolaic eagraíochtaí gairmiúla aitheanta a fheidhmíonn san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagail 152, in Airteagal 156 agusin Airteagal 157, nó na cinn a thíolaic grúpaí táirgeoirí leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 95, nó cineálacha eile eagraíochtaí gairmiúla a n-aithnítear iad ar bhonn reachtaíocht Bhallstáit, ar choinníoll go dtiocfaidh na páirtithe ionadaíochta ábhartha sa limistéar geografach tagartha ar chomhaontú roimh ré.

Ní bheidh feidhm ag na moltaí sin ar feadh níos mó ná trí bliana.

Airteagal 66

Athphlandú

1.   Deonóidh na Ballstáit údarú go huathoibríoch do tháirgeoirí a chuireann iarratas isteach a bhfuil limistéar grafta acu ar limistéar é a bhí faoi fhíniúnacha amhail ón 1 Eanáir 2016. Beidh údarú den sórt sin ar aon dul le coibhéis an limistéir sin ó thaobh bairr iarbhír de. Ní ríomhfar na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe den sórt sin chun críocha Airteagal 63.

2.   Féadfaidh na Ballstáit údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú do tháirgeoirí a thugann orthu féin limistéar a ghrafadh atá faoi fhíniúnacha má dhéantar grafadh an limistéir gheallta faoi dheireadh na ceathrú bliana ar a dhéanaí ón dáta ar cuireadh na fíniúnacha nua síos.

3.   Úsáidfear an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ar an ngabháltas céanna ar a ndearnadh an grafadh. Féadfaidh na Ballstáit, i limistéir fíona a tháirgeadh atá i dteideal sonrúcháin tionscnaimh atá faoi chosaint nó tásca geografacha atá faoi chosaint, srian a chur ar an athphlandú, bunaithe ar mholadh ó eagraíocht ghairmiúil i gcomhréir le hAirteagal 65, agus é a theorannú go fíniúnacha a bhfuil an tsonraíocht chéanna acu, maidir le sonrúchán tionscnaimh atá faoi chosaint nó tásc geografach atá faoi chosaint, is atá ag an limistéar a grafadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás planduithe neamhúdaraithe a ghrafadh

Airteagal 67

De minimis

1.   Ní bheidh feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo sna Ballstáit sin nach raibh feidhm an 31 Nollaig 2007 ag an gcóras idirthréimhseach do chearta um plandú a bunaíodh i bhForoinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal I de Chuid II de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

2.   Na Ballstáit sin ina raibh feidhm ag an gcóras dá dtagraítear i mír 1 an 31 Nollaig 2007, agus nach mó ná 10 000 heicteár na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i láthair na huaire, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh gan scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo a chur chun feidhme.

Airteagal 68

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Cearta um plandú a dheonaítear do tháirgeoirí i gcomhréir le hAirteagal 85h, le hAirteagal 85i nó le hAirteagal 85k de Rialachán (CE) Uimhir 1234/2007 roimh an 31 Nollaig 2015, nár úsáid na táirgeoirí sin agus atá fós bailí faoin dáta sin, féadfar iad a thiontú ina n-údaruithe faoin gCaibidil seo amhail ón 1 Eanáir 2016.

Tarlóidh tiontú den sórt sin arna iarraidh sin do na táirgeoirí sin roimh an 31 Nollaig 2015. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cead a thabhairt do tháirgeoirí an iarraidh sin a chur isteach ar chearta a thiontú ina n-údaruithe go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.   Na húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1, beidh an tréimhse bailíochta chéanna acu is atá ag na cearta um plandú dá dtagraítear i mír 1. Mura mbaintear leas as na húdaruithe sin, rachaidh siad in éag faoin 31 Nollaig 2018 ar a dhéanaí, nó más rud é go mbeidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 glactha ag na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanai.

3.   Ní ríomhfar chun críocha Airteagal 63 na limistéir a chumhdaítear le húdaruithe a dheonaítear de bhun mhír 1.

Airteagal 69

Cumhachtaí tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a)

na coinníollacha maidir leis an díolúine dá dtagraítear in Airteagal 62(4) a chur i bhfeidhm;

(b)

na rialacha a bhaineann leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 64(1) agus (2);

(c)

critéir a chur leis na cinn atá liostaithe in Airteagal 64 (1) (2);

(d)

fíniúnacha ar gheall an táirgeoir go ndéanfadh sé iad a ghrafadh a bheith ann taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe de bhun Airteagal 66(2);

(e)

an bunús atá le cinntí na mBallstát faoi Airteagal 66(3).

Airteagal 70

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis:

(a)

na nósanna imeachta maidir le húdaruithe a dheonú;

(b)

na taifid le coinneáil ag na Ballstáit agus na fógraí le cur chuig an gCoimisiún.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Rialú scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha

Airteagal 71

Planduithe neamhúdaraithe

1.   Déanfaidh táirgeoirí grafadh ar a gcostas féin ar na limistéir a cuireadh faoi fhíniúnacha gan údarú.

2.   Mura ndéanfaidh táirgeoirí grafadh laistigh de cheithre mhí ón dáta a fuair siad fógra faoi neamhrialtacht, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na planduithe neamh-údaraithe sin a ghrafadh laistigh de dhá bhliain tar éis dul in éag don tréimhse ceithre mhí. Gearrfar an costas ábhartha ar na táirgeoirí lena mbaineann.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain méid iomlán na limistéar ar fionnadh gur cuireadh faoi fhíniúnacha iad gan údarú tar éis an 1 Eanáir 2016, chomh maith leis na limistéir a grafadh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2.

4.   I gcás nár chomhlíon táirgeoir na hoibleagáidí atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo, beidh sé faoi réir pionóis a bheidh le leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

5.   Ní bhainfidh limistéir ar cuireadh fíniúnacha iontu gan údarú leas as aon bhearta tacaíochta náisiúnta nó aon bhearta tacaíochta de chuid an Aontais.

Airteagal 72

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanacha lena leagtar amach na sonraí faoi riachtanais chumarsáide atá le comhlíonadh ag na mBallstáit, lena n-áirítear laghduithe a d'fhéadfaí a bheith i gceist ar uasteorainneacha buiséadacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI i gcás neamhchomhlíonta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

TEIDEAL II

RIALACHA MAIDIR LE MARGAÍOCHT AGUS EAGRAÍOCHTAÍ TÁIRGEOIRÍ

CAIBIDIL I

Rialacha maidir le margaíocht

Roinn 1

Caighdeáin mhargaíochta

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 73

Raon Feidhme

Gan dochar d'aon fhorálacha eile is infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta, agus gan dochar do na forálacha a glacadh in earnáil na tréidliachta, san earnáil fíteashláintíochta agus in earnáil an bhia lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí caighdeáin sláinteachais agus sláinte agus chun sláinte ainmhithe, plandaí agus daoine a chosaint, leagtar síos sa Roinn seo na rialacha maidir leis na caighdeáin mhargaíochta Roinnfear na rialacha éigeantacha agus ina dtéarmaí roghnacha forchoimeádta do tháirgí talmhaíochta.

Foroinn 2

Foroinn iii caighdeáin mhargaíochta de réir earnálacha nó táirgí

Airteagal 74

Prionsabal ginearálta

Ní fhéadfar na táirgí a bhfuil caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí leagtha síos ina leith i gcomhréir leis an Roinn seo a chur ar an margadh san Aontas ach má tá siad i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 75

Bunú agus ábhar

1.   Féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin mhargaíochta maidir le ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha agus/nó de na táirgí seo a leanas:

(a)

ola olóige agus ológa boird;

(b)

torthaí agus glasraí;

(c)

táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte;

(d)

earnáil na mbananaí;

(e)

plandaí beo;

(f)

uibheacha;

(g)

feoil éanlaithe;

(h)

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(i)

leannlusanna;

2.   Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus chun na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargú táirgí thalmhaíochta a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na dtáirgí talmhaíochta a chumhdaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 4 den Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le caighdeáin mhargaithe de réir earnálacha nó táirgí, ag gach céim sa mhargú, chomh maith le maoluithe agus díolúintí ó na caighdeáin sin chun iad a chur in oiriúint do dhálaí síorathraitheacha an mhargaidh, do na hathruithe ar éilimh na dtomhaltóirí, d'fhorbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus ionas nach gcruthófar constaicí do nuáil táirgí.

3.   Gan dochar d'Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), féadfaidh na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1 ceann amháin nó níos mó de nanithe seo a leanas a chuimsiú, ar nithe iad atá le cinneadh ar bhonn earnála nó táirge agus atá bunaithe ar shaintréithe gach earnála, an gá chun an margú a rialáil agus na coinníollacha atá sainithe i mír 5 den Airteagal seo:

(a)

na sainmhínithe teicniúla, an sonrúchán agus tuairiscí díolacháin d'earnálacha seachas na hearnálacha a leagtar amach in Airteagal 78;

(b)

critéir aicmithe amhail grádú in aicmí, i meáchain, i méideanna, in aois agus i gcatagóirí;

(c)

an speiceas, cineál an phlanda nó cine an ainmhí nó an cineál tráchtála;

(d)

an cur i láthair, lipéadú a bhaineann le caighdeáin éigeantacha mhargaíochta, pacáistiú, rialacha atá le cur i bhfeidhm maidir le hionaid phacála, marcáil, bliain na buainte agus úsáid téarmaí sonracha, gan dochar d'Airteagail 92 go 123;

(e)

critéir amhail cruth, comhsheasmhacht, comhlíonadh, saintréithe an táirge agus céatadán an chion uisce;

(f)

substaintí sonracha a úsáidtear i dtáirgeadh, nó comhpháirteanna nó comhábhair, lena n-áirítear a gcion cainníochtúil, a n-íonacht agus a n-aitheantas;

(g)

cineál na feirmeoireachta agus an modh táirgeachta lena n-áirítear cleachtais fhíoneolaíocha agus ardchórais táirgthe inbhuanaithe;

(h)

cumasc úrfhíona agus fíona lena n-áirítear sainmhínithe ar an gcumasc sin, meascadh agus srianta ar an meascadh sin;

(i)

an mhiníocht lena mbailítear, lena seachadtar, an leasú agus an láimhseáil, an modh caomhnaithe agus an teocht, an stóráil agus an t-iompar;

(j)

an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht agus/nó an áit tionscnaimh, gan feoil éanlaithe ná saillte inleata a áireamh;

(k)

srianta maidir le húsáid substaintí agus cleachtas áirithe;

(l)

úsáid shonrach;

(m)

na coinníollacha a rialaíonn diúscairt, coimeád, cúrsaíocht agus úsáid táirgí nach gcomhlíonann na caighdeáin mhargaíochta arna nglacadh de bhun mhír 1 agus na sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin mar a thagraítear dóibh in Airteagal 78, chomh maith le diúscairt fotháirgí.

4.   De theannta ar mhír 1, féadfaidh feidhm a bheith ag na caighdeáin margaíochta maidir le hearnáil an fhíonaBeidh feidhm ag pointí (f), (g), (h), (k) agus (m) de mhír 3 maidir leis an earnáil sin.

5.   Déanfar na caighdeáin mhargaíochta a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos gan dochar d' Airteagail 84 go 88 agus d'Iarscríbhinn IX agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

saintréithe sonracha an táirge lena mbaineann;

(b)

an gá lena áirithiú go bhfuil na dálaí lena gcabhrófar leis na táirgí sin a chur ar an margadh;

(c)

leas na dtáirgeoirí saintréithe an táirge agus na feirmeoireachta a chur in iúl, agus leas na dtomhaltóirí i dtaca le faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a fháil faoi tháirgí, lena n-áirítear an áit ina ndéantar an fheirmeoireacht atá le cinneadh ar bhonn gach cáis faoi leith ar an leibhéal geografach is iomchuí, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus ar na hualaí riaracháin a chuirfear ar oibreoirí go háirithe, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh;

(d)

na modhanna atá ar fáil chun saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus orgánaileipteacha na dtáirgí a chinneadh;

(e)

na moltaí caighdeánacha a ghlac comhlachtaí idirnáisiúnta;

(f)

an gá atá ann saintréithe nádúrtha bunúsacha na dtáirgí a chaomhnú agus gan athrú substaintiúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann.

6.   Chun ionchas na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon leis an ngá atá ann na dálaí eacnamaíocha do tháirgeadh agus do mhargaíocht táirgí talmhaíochta a fheabhsú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun liosta na n-earnálacha i mír 1 a mhodhnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann de thoradh ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, agus beidh siad faoi réir Thuarascáil an Choimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéanfar meastóireacht, go háirithe, ar riachtanais an tomhaltóra, ar na costais agus ar na hualaí riaracháin atá ar oibreoirí lena n-áirítear an tionchar ar an margadh inmheánach agus ar thrádáil idirnáisiúnta, agus ar na tairbhí atá ann do tháirgeoirí agus don tomhaltóir deiridh.

Airteagal 76

Ceanglais bhreise chun táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a mhargú

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear in Airteagal 75, ní fhéadfar táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá ceaptha lena ndíol leis an tomhaltóir agus iad úr, a mhargú ach amháin má tá siad de cháilíocht shlán chóir agus indíolta agus má léirítear an tír tionscnaimh.

2.   Na caighdeáin mhargaíochta dá dtagraítear i mír 1, agus aon chaighdeán margaíochta is infheidhme maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí a leagtar síos i gcomhréir leis an bhforoinn seo, beidh feidhm acu ag gach céim mhargaíochta lena n-áirítear allmhairiú agus onnmhairiú, agus féadfar cáilíocht, aicmiú, meáchan, toirt, pacáil, pacáistiú, stóráil, iompar, cur i láthair agus margú a chumhdach leo.

3.   Ní chuirfidh sealbhóir táirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chumhdaítear le caighdeáin mhargaíochta na táirgí sin ar taispeáint, ní dhíolfaidh sé iad ná ní dhéanfaidh sé iad a sheachadadh ná a mhargú ar aon bhealach laistigh den Aontas ach amháin i gcomhréir leis na caighdeáin sin agus beidh sé freagrach as a áirithiú go gcloífear leis na caighdeáin sin.

4.   D'fhonn cur i bhfeidhm chuí na gceanglas atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe sonracha ón Airteagal seo atá riachtanach chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm i gceart.

Airteagal 77

Deimhniú leannlusanna

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíochta infheidhme, beidh táirgí de chuid earnáil na leannlusanna faoi réir nós imeachta deimhniúcháin faoin Airteagal seo.

2.   Ní fhéadfar deimhnithe a eisiúint ach amháin i gcás táirgí a bhfuil na saintréithe íosta cáilíochta acu atá oiriúnach do chéim shonrach mhargaíochta. I gcás púdair leannlusanna, púdair leannlusanna a bhfuil cion níos airde lúpailin ann, eastóscán leannlusanna, agus táirgí leannlusanna measctha, ní fhéadfar an deimhniú a eisiúint ach amháin mura bhfuil cion aigéid alfa na dtáirgí sin níos ísle ná cion aigéid alfa na leannlusanna ónar ullmhaíodh iad.

3.   Léireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sna deimhnithe:

(a)

an áit/na háiteanna a dtáirgtear na leannlusanna;

(b)

an bhliain/na blianta a saothraíodh iad;

(c)

an cineál nó na cineálacha.

4.   Ní fhéadfar táirgí earnáil na leannlusanna a mhargú ná a onnmhairiú ach amháin má chumhdaítear iad le deimhniú a eisíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás táirgí earnáil na leannlusanna a allmhairítear, measfar go mbeidh an fianú dá bhforáiltear in Airteagal 190(2) coibhéiseach leis an deimhniú sin.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun bearta a leagan síos mar mhaolú ó mhír 4 den Airteagal seo:

(a)

chun ceanglais trádála tríú tíortha áirithe a chomhlíonadh; nó

(b)

i gcás táirgí a mbainfear úsáid speisialta astu.

Na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(i)

beidh siad gan dochar do ghnáthmhargú na dtáirgí ar eisíodh deimhniú ina leith; agus

(ii)

beidh ráthaíochtaí ag gabháil leo chun aon mhearbhall maidir leis na táirgí sin a sheachaint.

Airteagal 78

Sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin i gcomhair earnálacha agus táirgí áirithe

1.   Chomh maith leis sin, sa chás inarb ábhartha do na caighdeáin mhargaíocht, beidh feidhm ag na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII maidir leis na hearnálacha agus na táirgí seo a leanas:

(a)

mairteoil agus laofheoil;

(b)

fíon;

(c)

bainne agus táirgí bainne atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;

(d)

feoil éanlaithe

(e)

uibheacha;

(f)

saillte inleata atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine; agus

(g)

ola olóige agus ológa ológa boird

2.   Ní fhéadfar na sainmhínithe, sonrúcháin nó tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII a úsáid san Aontas ach amháin le haghaidh margaíocht táirge a chomhlíonann na ceanglais chomhfhreagracha atá leagtha síos san Iarscríbhinn sin.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le leasuithe, maoluithe nó díolúintí i ndáil leis na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teorannta go docht do riachtanais a léiríodh a bheith ann agus ar toradh iad ar athruithe in éilimh na dtomhaltóirí, ar dhul chun cinn teicniúil nó ar an gá atá le nuálaíocht táirgí.

4.   Chun a áirithiú go bhfuil tuiscint shoiléir cheart ag oibritheoirí agus ag na Ballstáit ar na sainmhínithe agus na tuairiscí díolacháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn VII, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na rialacha dá sonrúchán agus dá gcur i bhfeidhm.

5.   D'fhonn ionchais na dtomhaltóirí a chur san áireamh mar aon le forbairt an mhargaidh do tháirgí bainne, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena sonrófar na táirgí bainne a luafar an speiceas ainmhí óna dtagann an bainne ina leith, mura bó-ainmhí atá i gceist, agus chun na rialacha riachtanacha a leagan síos.

Airteagal 79

Lamháltas

1.   Chun saintréithe sonracha gach táirge nó earnála a chur san áireamh, mar aon leis na céimeanna difriúla margaíochta, na coinníollacha teicniúla, aon mhórdheacracht phraiticiúil a d'fhéadfadh a bheith ann, agus cruinneas agus in-atrialltacht na modhanna anailíse, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lamháltas le haghaidh ceann amháin nó níos mó de chaighdeáin shonracha faoina bhféadfaí a mheas go raibh ag teip ar bhaisc iomlán na dtáirgí an caighdeán sin a chomhlíonadh.

2.   Agus na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá ann gan saintréithe intreacha an táirge a athrú agus gan cáilíocht a tháirgí a laghdú.

Airteagal 80

Cleachtais fhíoneolaíocha agus modhanna anailíse

1.   Ní úsáidfear ach cleachtais fhíoneolaíocha atá údaraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII agus dá bhforáiltear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) agus in in Airteagal 83(2) agus (3) i dtáirgeadh agus i gcaomhnú na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII san Aontas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le:

(a)

sú fíonchaor agus sú fíonchaor tiubhaithe; ná

(b)

úrfhíon fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor tiubhaithe atá beartaithe le haghaidh sú fíonchaor a ullmhú.

Ní úsáidfear cleachtais fhíoneolaíocha údaraithe ach amháin chun fíonóireacht cheart, leasú ceart nó míníneacht cheart an táirge a áirithiú.

Déanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a tháirgeadh san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

2.   Ní dhéanfar táirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a mhargú san Aontas i gcás:

(a)

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe de chuid an Aontais i bhfeidhm orthu;

(b)

inar cuireadh cleachtais fhíoneolaíocha neamhúdaraithe náisiúnta i bhfeidhm orthu; nó

(c)

nach gcomhlíonann siad na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

Scriosfar na táirgí fíniúnacha sin nach féidir a mhargú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhaolú ar an riail sin, féadfaidh na Ballstáit a údarú go n-úsáidfeadh driogairí nó monarchana fínéagair táirgí áirithe, a saineoidh siad na saintréithe a bheidh acu, chun críocha tionsclaíocha, ar choinníoll nach dreasacht é an t-údarú sin chun táirgí finiúna a tháirgeadh trí bhíthin cleachtas neamhúdaraithe fíoneolaíoch.

3.   Agus cleachtais fhíoneolaíocha i gcomhair fíona dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 75(3) á n-údarú aige, déanfaidh an Coimisiún mar seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé san áireamh na cleachtais fhíoneolaíocha agus na modhanna anailíse atá molta agus foilsithe ag an OIV agus torthaí úsáide turgnamhaí cleachtas fíoneolaíoch atá fós gan údarú;

(b)

cuirfidh sé cosaint shláinte an duine san áireamh;

(c)

cuirfidh sé san áireamh an baol go bhféadfaí tomhaltóirí a chur amú mar gheall ar na barúlacha seanbhunaithe atá acu faoin táirge agus mar gheall ar na hionchais chomhfhreagracha atá acu, ag féachaint d'infhaighteacht agus indéantacht modhanna faisnéise chun a leithéid de bhaol a eisiamh;

(d)

ceadóidh sé go gcaomhnófar saintréithe nádúrtha bunúsacha an fhíona agus ní bheidh sé ina chúis go ndéanfar athrú substaintiúil ar chomhdhéanamh an táirge lena mbaineann;

(e)

áiritheoidh sé leibhéal inghlactha íosta cúraim don chomhshaol;

(f)

urramóidh sé na rialacha ginearálta i dtaobh cleachtas fíoneolaíoch agus na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII.

4.   Chun a áirithiú go ndéanfar táirgí neamh-inmhargaithe fíona a chóireáil mar is ceart, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha i leith na nósanna imeachta náisiúnta dá dagraítear sa dara fhomhír den dara mír den Airteagal seo agus leis na maoluithe a ghabhann leo i ndáil le táirgí fíona a tharraingt siar nó a scriosadh más táirgí iad nach gcomhlíonann na ceanglais

5.   I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na modhanna dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 75(5) do tháirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag an OIV, mura mbeadh siad neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú ag an Aontas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Go dtí go nglacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin, is iad na modhanna agus na rialacha a bheidh le húsáid na modhanna a cheadaíonn an Ballstát lena mbaineann.

Airteagal 81

Cineálacha fíonchaor

1.   I gcás na dtáirgí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII agus a tháirgtear san Aontas, is de chineálacha fíonchaor ar féidir iad a aicmiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a dhéanfar iad.

2.   Faoi réir mhír 3, déanfaidh na Ballstáit aicmiú ar na cineálacha fíonchaor a fhéadfar a phlandú, a athphlandú nó a bheangú ina gcríocha chun fíon a tháirgeadh.

Ní fhéadfaidh Ballstáit ach na cineálacha fíonchaor a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a aicmiú:

(a)

is cineálacha iad a bhaineann leis an speiceas Vitis vinifera nó a fhaightear nuair a chrosáiltear an speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis;

(b)

ní ceann de na cineálacha seo a leanas iad: Noah, Othello, Isabelle, Jacquez, Clinton ná Herbemont.

I gcás ina scriostar cineál fíonchaor ón aicmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar an cineál sin a ghrafadh laistigh de 15 bliana ó thráth a scriosta.

3.   Tabharfar díolúine ón oibleagáid aicmithe dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de mhír 2 do na Ballstáit sin nach sáraíonn a dtáirgeadh fíona 50 000 heictilítear in aghaidh na bliana fíona arna ríomh ar bhonn mheántáirgeadh na gcúig bliana fíona roimhe sin.

Mar sin féin, sna Ballstáit sin freisinní cheadófar ach cineálacha fíonchaor a chomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 a phlandú, a athphlandú nó a bheangú chun fíon a tháirgeadh.

4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an tríú fomhír de mhír 2 agus ar an dara fomhír de mhír 3 ceadóidh na Ballstáit plandú, athphlandú nó beangú na gcineálacha fíonchaor a leanas ar mhaithe le taighde eolaíoch agus chun críoch turgnamhach:

(a)

cineálacha fíonchaor nach n-aicmítear i gcás Ballstáit seachas na Ballstáit sin dá tagraítear i mír 3;

(b)

cineálacha fíonchaor nach gcomhlíonann an dara fomhír de mhír 2 fad is a bhaineann le Ballstáit dá dtagraítear i mír 3.

5.   Maidir le limistéir a bhfuil cineálacha fíonchaor curtha iontu chun fíon a tháirgeadh, agus sin ag sárú mhír 2, mhír 3 agus mhír 4, déanfar na limistéir sin a ghrafadh.

Mar sin féin, ní bheidh aon dualgas na limistéir sin a ghrafadh nuair atá an táirgeadh ábhartha beartaithe lena thomhailt ag teaghlaigh na dtáirgeoirí fíona féin amháin.

Airteagal 82

Úsáid shonrach fíona nach gcomhlíonann na catagóirí atá liostaithe i gCuid II d'Iarscríbhinn VII

Seachas fíon buidéalaithe a bhfuil fianaise ann gur cuireadh i mbuidéal é roimh an 1 Meán Fómhair 1971, ní úsáidfear fíon a táirgeadh ó na cineálacha fíonchaor atá liostaithe san aicmiú arna tharraingt suas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 81(2) ach nach gcomhlíonann ceann de na catagóirí atá leagtha síos i gCuid II d'Iarscríbhinn VII ach amháin lena chaitheamh ag teaghlaigh táirgeoirí fíona indibhidiúla, nó chun fínéagar fíona a tháirgeadh nó lena dhriogadh.

Airteagal 83

Rialacha náisiúnta i gcomhair táirgí agus earnálacha áirithe

1.   D'ainneoin Airteagal 75(2), féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena leagtar síos leibhéil éagsúla caighdeáin i gcomhair saillte inleata. Leis na rialacha sin féadfar na leibhéil cháilíochta sin a mheasúnú ar bhonn critéar a bhaineann go háirithe leis na hamhábhair a úsáidtear, saintréithe orgánaileipteacha na dtáirgí agus a gcobhsaíocht fhisiciúil agus mhicreabhitheolaíoch.

Maidir le Ballstáit atá ag baint úsáide as an rogha dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, áiritheoidh siad gur féidir le táirgí Ballstát eile a chomhlíonann na critéir a leagtar síos leis na rialacha náisiúnta sin, faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha, úsáid a bhaint as téarmaí a shonraíonn go gcloítear leis na critéir sin.

2.   Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le húsáid cleachtas fíoneolaíoch áirithe nó na cleachtais sin a thoirmeasc agus féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le rialacha níos déine i gcás fíonta atá údaraithe faoi dhlí an Aontais agus a tháirgtear ina gcríocha chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint agus chun treise a chur le caomhnú saintréithe bunúsacha fíonta súilíneacha agus fíonta licéir.

3.   Féadfaidh Ballstáit úsáid thurgnamhach cleachtas fíoneolaíoch neamhúdaraithe a cheadú.

4.   Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar bhealach ceart agus trédhearcach, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar amach na coinníollacha faoina gcuirfear mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm, chomh maith leis na coinníollacha maidir le coimeád, cúrsaíocht agus úsáid na dtáirgí a fhaightear ó na cleachtais thurgnamhacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

5.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha breise náisiúnta a ghlacadh ná a chothabháil i gcás táirgí a chumhdaítear le caighdeán margaíochta de chuid an Aontais ach amháin má chomhlíonann na forálacha sin dlí an Aontais, go háirithe prionsabal na saorghluaiseachta earraí, agus faoi réir Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

Foroinn 3

Téarmaí roghnacha coimeádta

Airteagal 84

Foráil ghinearálta

Bunófar scéim do théarmaí roghnacha forchoimeádta de réir earnála nó táirgí le gurbh fhusa do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta a bhfuil saintréithe nó cáilíochtaí luach-bhreisitheacha acu na saintréithe nó na cáilíochtaí sin a chur in iúl laistigh den mhargadh inmheánach, agus go háirithe chun tacú leis na caighdeáin shonracha mhargaíochta agus chun iad a chomhlánú.

Ní bheidh feidhm ag an bhForoinn seo maidir le táirgí fíona dá dtagraítear in Airteagal 92(1).

Airteagal 85

Téarmaí roghnacha coimeádta atá ann cheana

1.   Na téarmaí roghnacha coimeádta atá cumhdaithe faoin scéim 17 Nollaig 2013 sin, liostaítear iad in Iarscríbhinn IX agus leagfar síos a gcoinníollacha úsáide de bhun pointe (a) d'Airteagal 86.

2.   Leanfaidh na téarmaí roghnacha coimeádta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo d'fheidhm a bheith acu, faoi réir a leasaithe, mura gcuirfear ar ceal iad de bhun Airteagal 86.

Airteagal 86

Forchoimeád, leasú agus cealú na dtéarmaí roghnacha coimeádta

Chun ionchais na dtomhaltóirí, forbairtí san eolas eolaíoch agus teicniúil, an staid sa mhargadh agus forbairtí sna caighdeáin mhargaíochta agus na caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

téarma roghnach coimeádta breise a fhorchoimeád, lena leagtar síos a choinníollacha úsáide;

(b)

lena leasófar coinníollacha úsáide téarma roghnaigh choimeádta; nó

(c)

téarma roghnach coimeádta a chur ar ceal.

Airteagal 87

Téarmaí roghnacha coimeádta breise

1.   Beidhbheidh téarma incháilithe mar théarma roghnach coimeádta breise ach amháin má chomhlíonann sé gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

baineann an téarma le saintréith de chuid táirge nó le cáilíocht feirmeoireachta nó próiseála agus baineann sé le hearnáil nó le táirge;

(b)

le húsáid an téarma is féidir breisluach an táirge de bharr a saintréithe sonracha nó de bharr a cháilíochta ar leith feirmeoireachta nó próiseála a chur in iúl ar bhealach níos soiléire;

(c)

gur inaitheanta saintréith nó cáilíocht an táirge dá dtagraítear i bpointe (a), nuair a chuirtear ar an margadh é, do thomhaltóirí i roinnt Ballstát;

(d)

go bhfuil na coinníollacha agus úsáid an téarma i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) nó le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Agus téarma roghnach coimeádta breise á chur isteach aige, cuirfidh an Coimisiún aon chaighdeán ábhartha idirnáisiúnta san áireamh chomh maith leis na téarmaí coimeádta atá ann cheana i gcás na dtáirgí nó na n-earnálacha lena mbaineann.

2.   Chun saintréithe earnálacha ar leith a chur san áireamh, chomh maith le hionchais na dtomhaltóirí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos mionsonraí breise i ndáil leis na ceanglais ó thaobh téarma coimeádta breise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt isteach.

Airteagal 88

Srianta ar úsáid na dtéarmaí roghnacha coimeádta

1.   Ní fhéadfar téarma roghnach cáilíochta a úsáid ach amháin chun tuairisc a dhéanamh ar tháirgí a chomhlíonann na coinníollacha úsáide comhfhreagracha.

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí lena áirithiú nach gcruthóidh lipéadú an táirge mearbhall maidir le téarmaí roghnacha forcoimeádta.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a ndéantar tuairisc orthu le téarmaí roghnacha coimeádta i gcomhréir leis na coinníollacha úsáide infheidhme, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha breise i ndáil le húsáid téarmaí roghnacha coimeádta.

Foroinn 4

Caighdeáin mhargaíochta maidir le hallmhairiú agus le honnmhairiú

Airteagal 89

Forálacha ginearálta

Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe agus nádúr speisialta roinnt táirgí talmhaíochta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis:

(a)

na coinníollacha faoina meastar go bhfuil leibhéal comhionann comhréireachta ag táirgí allmhairithe le caighdeáin mhargaíochta an Aontais agus le coinníollacha lena bhféadfar maolú ó Airteagal 74;

(b)

na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán margaíochta ar tháirgí a onnmhairítear ón Aontas.

Airteagal 90

Forálacha speisialta i gcás allmhairí fíona

1.   Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh sonrúchán tionscnaimh agus tásca geografacha agus lipéadú fíona atá leagtha amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, agus sna sainmhínithe, sonrúcháin agus tuairiscí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 78 den Rialachán seo, maidir le táirgí a allmhairítear isteach san Aontas agus a thagann faoi chóid AC 2009 61, 2009 69 agus 2204.

2.   Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE, déanfar táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá údaraithe ag an Aontas de bhun an Rialacháin seo nó, sula ndeonaítear an t-údárú de bhun Airteagal 80(3), déanfar iad a tháirgeadh i gcomhréir le cleachtais fíoneolaíocha atá molta agus foilsithe ag an OIV.

3.   Beidh allmhairiú na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 faoi réir an méid seo a leanas a thíolacadh:

(a)

deimhniú lena léirítear go gcomhlíontar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ar deimhniú é arna tharraingt suas ag comhlacht inniúil a bheidh san áireamh ar liosta a phoibleoidh an Coimisiún, i dtír thionscnaimh an táirge;

(b)

tuarascáil anailíse arna tarraingt suas ag comhlacht arna cheapadh nó roinn arna ceapadh ag tír thionscnaimh an táirge, a mhéid is atá an táirge ceaptha lena chaitheamh go díreach ag an duine.

Roinn 5

Forálacha coiteanna

Airteagal 91

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena mbunaítear liosta an bhainne agus na dtáirgí bainne dá dtagraítear sa dara mír de phointe 5 de Chuid III d'Iarscríbhinn VII, mar aon le liosta na saillte inleata dá dtagraítear i bpointe (a) den séú mír de Chuid VII d'Iarscríbhinn VII, ar bhonn liostaí táscacha táirgí a measann Ballstáit go gcomhfhreagraíonn siad ina gcríocha do na forálacha sin agus ar liostaí iad a sheolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún;

(b)

lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán margaíochta de réir earnála nó de réir táirge;

(c)

lena leagtar síos rialacha chun a chinneadh ar cuireadh próisis a sháraíonn na cleachtais údaraithe fhíoneolaíocha i bhfeidhm ar tháirgí;

(d)

lena leagtar síos rialacha do na modhanna anailíse chun saintréithe táirgí a chinneadh;

(e)

lena leagtar síos rialacha maidir leis an leibhéal lamháltais a shocrú;

(f)

lena leagtar síos rialacha chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 89 a chur chun feidhme;

(g)

lena leagtar síos rialacha maidir le haithint nó clárú an táirgeora agus/nó na saoráidí tionsclaíocha inar ullmhaíodh nó inar próiseáladh an táirge, na nósanna imeachta deimhniúcháin agus na doiciméid tráchtála, na doiciméid tionlacain agus na taifid a choimeádfar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona

Foroinn 1

Forálacha tosaigh

Airteagal 92

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag rialacha a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus téarmaí traidisiúnta atá leagtha síos sa Roinn seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i míreanna 1, 3 go 6, 8, 9, 11, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII.

2.   Bunófar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 ar na nithe seo a leanas:

(a)

leasanna dlisteanacha tomhaltóirí agus táirgeoirí a chosaint;

(b)

feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh sna táirgí i gceist a áirithiú; agus

(c)

táirgeadh táirgí ardchaighdeáin dá dtagraítear sa Roinn seo a chur chun cinn agus bearta maidir le beartais náisiúnta cháilíochta a cheadú ag an am céanna.

Foroinn 2

Sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha

Airteagal 93

Sainmhínithe

1.   Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaionn "sonrúchán tionscnaimh" ainm réigiúin, ainm áite faoi leith nó i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo, ainm tíre, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, le cáilíocht agus saintréithe an táirge;

(ii)

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann na fíonchaora óna dtáirgtear é;

(iii)

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv)

faightear é ó chineálacha fíniúna Vitis vinifera;

(b)

ciallóidh "tásc geografach" tásc a dhéanann tagairt do réigiún, d'áit faoi leith, nó i gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, do thír, a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar tháirge dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)

tá cáilíocht faoi leith, cáil nó saintréithe eile aige is féidir a chur i leith an tionscnaimh gheografaigh sin;

(ii)

is ón limistéar geografach sin amháin a thagann 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáideadh lena tháirgeadh;

(iii)

táirgtear é sa limistéar geografach sin; agus

(iv)

faightear é ó fhíniúna den chineál Vitis vinifera nó ó fhíniúna a fhaightear nuair a chrosáiltear fíniúna den speiceas Vitis vinifera le speicis eile den ghéineas Vitis.

2.   Beidh logainmneacha áirithe a úsáidtear go traidisiúnta ina sonrúchán tionscnaimh:

(a)

má shonraíonn siad fíon;

(b)

má thagraíonn siad d'ainm geografach;

(c)

má chomhlíonann siad na ceanglais dá dtagraítear i mír 1(a)(i) go (iv); agus

(d)

má chuirtear an nós imeachta i bhfeidhm orthu lena dtugtar cosaint do shonrúcháin tionscnaimh agus do thásca geografacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3.   Beidh sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha, lena n-áirítear cinn a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tíortha, cáilithe chun cosaint a fháil san Aontas i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

4.   Clúdóidh an 'táirgeadh' dá dtagraítear i bpoint (a)(iii) de mhír 1 gach oibríocht a bheidh bainteach, ó bhaint na bhfíonchaora go dtí críoch na bpróiseas déanta fíona, ach amháin na próisis iartháirgthe.

5.   Chun críche chur i bhfeidhm phointe (b)(ii) de mhír 1, eascróidh an sciar uasta de 15 % na bhfíonchaora ar féidir leo teacht de bhunadh a bheidh lasmuigh den limistéar críochaithe ón mBallstát nó ón tríú tír ina bhfuil an limistéar críochaithe suite.

Airteagal 94

Iarratais ar chosaint

1.   Ní mór comhad teicniúil ina mbeidh na nithe seo a leanas a bheith in éineacht le hiarratais ar chosaint ainmneacha mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

ainm agus seoladh an iarratasóra;

(c)

sonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2; agus

(d)

doiciméad aonair ina ndéantar achoimre ar an tsonraíocht táirge dá dtagraítear i mír 2.

2.   Cuirfidh an tsonraíocht táirge ar chumas páirtithe leasmhara dálaí ábhartha táirgthe i ndail leis an sonrúchán tionscnaimh nó an táisc gheografaigh a fhíorú.

Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tsonraíocht táirge:

(a)

an t-ainm atá le cosaint;

(b)

tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

(i)

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh acu;

(ii)

cur síos ar a bpríomhthréithe anailíseacha mar aon le meastóireacht nó tásc ar a dtréithe orgánaileipteacha i gcás fíonta a bhfuil tásc geografach acu;

(c)

nuair is infheidhme, na cleachtais fhíoneolaíocha shonracha a úsáideadh chun an fíon nó na fíonta a dhéanamh mar aon leis na srianta ábhartha maidir le déanamh an fhíona nó na bhfíonta;

(d)

teorainneacha an limistéir gheografaigh lena mbaineann;

(e)

an táirgeacht uasta in aghaidh an heicteáir;

(f)

tásc faoin gcineál fíonchaoire nó faoi na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear an fíon nó na fíonta;

(g)

na mionsonraí a dhearbhaíonn an nasc dá dtagraítear i bpointe (a)(i) nó, de réir an cháis, i bpointe (b)(i) d'Airteagal 93(1);

(h)

na ceanglais is infheidhme arna leagan síos i reachtaíocht an Aontais nó i reachtaíocht náisiúnta, nó nuair a dhéanann Ballstát foráil amhlaidh, ag eagraíocht a bhainistíonn an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint, ag féachaint dó go mbeidh na ceanglais sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus ag luí le dlí an Aontais;

(i)

ainmneacha agus seoltaí na n-údarás nó na gcomhlachtaí a fhíoraíonn gur comhlíonadh forálacha na sonraíochta táirge agus a gcuid cúraimí sonracha.

3.   I gcás ina mbaineann an t-iarratas ar chosaint le limistéar geografach i dtríú tír, beidh istigh ann, i dteannta na nithe dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2, cruthúnas go bhfuil an t-ainm lena mbaineann faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

Airteagal 95

Iarratasóirí

1.   Féadfaidh aon ghrúpa leasmhar táirgeoirí, nó táirgeoir aonair i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh. Féadfaidh páirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh san iarratas.

2.   Féadfaidh táirgeoirí cur isteach ar chosaint i gcomhair na bhfíonta a tháirgeann siad féin agus ina gcomhair siúd amháin.

3.   Féadfar comhiarratas a thíolacadh i gcás ainm a shonraíonn limistéar geografach trasteorann nó ainm traidisiúnta a bhaineann le limistéar geografach trasteorann.

Airteagal 96

Réamh-nós imeachta náisiúnta

1.   Iarratais ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh d'fhíonta a thionscnaítear san Aontas, beidh siad faoi réir réamh-nós imeachta náisiúnta.

2.   Déanfar an t-iarratas ar chosaint a chomhdú sa Bhallstát sin a dtionscnaíonn an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach ina chríocha.

3.   Scrúdóidh an Ballstát an t-iarratas ar chosaint le fíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach san Fhoroinn seo.

Leanfaidh an Ballstát nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an t-iarratas go leordhóthanach agus lena ndéantar foráil do thréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta fhoilsiú an iarratais ina bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige sa chás agus atá ina chónaí nó bunaithe ar chríocha an Bhallstáit agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas a bhfuil bonn maith údair leis a thaisceadh leis an mBallstát.

4.   Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas nach gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach na coinníollacha a leagtar síos san Fhoroinn seo nó nach bhfuil sé ag luí le dlí an Aontais, diúltóidh sé an t-iarratas.

5.   Má mheasann an Ballstát atá ag déanamh measúnú ar an iarratas go gcomhlíontar na ceanglais, leanfaidh sé nós imeachta náisiúnta lena gcinnteofar go bhfoilseofar an tsonraíocht táirge go leordhóthanach ar a laghad ar an Idirlíon agus go seolfar an t-iarratas chuig an gCoimisiún.

Airteagal 97

Grinnscrúdú á dhéanamh ag an gCoimisiún

1.   Fógróidh an Coimisiún don phobal an dáta a gcuirfear an t-iarratas isteach ar chosaint an tsonrúcháin tionscnaimh nó an táisc gheografaigh.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún na hiarratais ar chosaint dá dtagraítear in Airteagal 94 le féachaint an gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo.

3.   I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, maidir le foilseachán an doiciméid aonair dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 94(1) agus an tagairt d'fhoilsiú na sonraíochta táirge a rinneadh le linn an réamh-nós imeachta náisiúnta, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a fheidhmiú.

4.   I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 98

Nós imeachta agóide

Laistigh de dhá mhí ó dháta fhoilsiú an doiciméid aonair dá dtagraítear in Airteagal 94(1)(d), féadfaidh Ballstát nó tríú tír ar bith, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a bhfuil leas dlisteanach aige agus, atá ina chónaí nó bunaithe i mBallstát eile seachas an ceann atá ag déanamh iarratais ar chosaint nó i dtríú tír, agóid a dhéanamh in aghaidh na cosanta atá beartaithe trí ráiteas cuí-réasúnaithe maidir leis na coinníollacha cáilitheachta mar atá siad leagtha síos san Fhoroinn seo a thíolacadh don Choimisiún.

I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá ina gcónaí nó bunaithe i dtríú tíortha, tíolacfar an ráiteas sin, go díreach nó trí údaráis na tríú tíre lena mbaineann, laistigh den tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad mhír.

Airteagal 99

Cinneadh maidir le cosaint

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó ag deireadh an nós imeachta agóide dá dtagraítear in Airteagal 98, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhmelena dtabharfar cosaint don sonrúchán tionscnaimh nó don tásc geografach a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos san Fhoroinn seo agus atá ag luí le dlí an Aontais, nó lena ndiúltófar don iarratasi gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 100

Comhainmneacha

1.   I gcás ainm a dtíolactar iarratas ina leith agus atá comhainmneach go hiomlán nó go páirteach le hainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin ag tabhairt aird chuí ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d'fhéadfadh a bheith ann.

Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreideann sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn fad is a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

Ní fhéadfar ainm comhainmneach cláraithe a úsáid ach amháin más leor an t-idirdhealú sa chleachtas idir an t-ainm atá sa chlár cheana féin agus an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann gan an tomhaltóir a chur amú.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 mutatis mutandis má tá ainm a bhfuil iarratas tíolactha ina leith, comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint faoi dhlí náisiúnta na mBallstát.

3.   I gcás ina bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint in ainm cineáil fíonchaor nó inarb é sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint atá san ainm sin, ní úsáidfear an t-ainm sin chun táirgí talmhaíochta a lipéadú.

Chun na cleachtais lipéadaithe atá ann cheana a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos eisceachtaí ón riail sin.

4.   Beidh cosaint sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha táirgí atá cumhdaithe ag Airteagal 93 den Rialachán seo gan dochar do na tásca geografacha faoi chosaint a bhfuil feidhm acu maidir le deochanna biotáileacha mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

Airteagal 101

Forais bhreise maidir le diúltú cosanta

1.   Ní dhéanfar ainm a tháinig chun bheith cineálach a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach.

Chun críocha na Roinne seo, ciallóidh "ainm a tháinig chun bheith cineálach" ainm fíona, agus bíodh is go mbaineann sé leis an áit nó an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an táirge sin ar dtús, is ainm coitianta fíona anois é san Aontas.

Le suíomh cibé atá ainm tagtha chun bheith cineálach nó nach bhfuil cuirfear na tosca ábhartha san áireamh, go háirithe:

(a)

an staid mar atá sé san Aontas, go mór mór i réimsí tomhaltais;

(b)

dlí ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.   Ní dhéanfar ainm a chosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint sin an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorchéannacht an fhíona.

Airteagal 102

An gaol le trádmharcanna

1.   Maidir le trádmharc a chlárú arb é atá ann sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach faoi chosaint nó ina bhfuil an sonrúchán sin nó an tásc sin ann agus nach gcomhlíonann an sonrúchán táirge lena mbaineann, nó a dtig a úsáid faoi Airteagal 103(2) agus a bhaineann le táirge a thig faoi cheann de na catagóirí atá liostaithe faoi Chuid II d'Iarscríbhinn VII:

(a)

diúltófar é má chuirtear isteach an t-iarratas ar chlárú an trádmhairc i ndiaidh an dáta ar cuireadh isteach iarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh chuig an gCoimisiún agus má chosnaítear an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach ina dhiaidh sin, nó

(b)

cuirfear ó bhail é.

2.   Gan dochar d'Airteagal 101(2), maidir le trádmharc dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid de mheon macánta, agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa dlí lena mbaineann i gcríoch an Aontais roimh an dáta a gcosnófar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sa tír tionscnaimh, nó roimh an 1 Eanáir 1996, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan d'ainneoin cosanta sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, ar choinníoll nach bhfuil aon fhoras ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go n-aisghairfí é faoi Threoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) nó i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (33).

Sna cásanna sin féadfar an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach a úsáid taobh leis na trádmharcanna ábhartha.

Airteagal 103

Cosaint

1.   Féadfaidh aon oibreoir atá ag margú fíona sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint a úsáid má táirgeadh an fíon i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.   Déanfar sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint agus an fíon a úsáideann an t-ainm sin faoi chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí táirge a chosaint in aghaidh:

(a)

aon úsáide tráchtála dírí nó indírí an ainm sin faoi chosaint:

(i)

do tháirgí inchomparáide nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an ainm faoi chosaint;

(ii)

a mhéid is a bhaineann an úsáid sin leas as an gcáil atá ag sonrúchán tionscnaimh nó ag tásc geografach;

(b)

aon mhí-úsáide, aithrise nó tabhartha chun cuimhne, fiú má shonraítear fíorthionscnamh an táirge nó na seirbhíse nó má aistrítear, má thrascríobhtar nó má thraslitrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn mar "stíl", "cineál", "modh", "mar a tháirgtear i", "aithris", "blas", "cosúil" nó nath éigin dá samhail leis;

(c)

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le foinse, tionscnamh, nádúr nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis an táirge áirithe fíona, agus pacáistiú an táirge i gcoimeádán a d'fhéadfadh barúil bhréige a thabhairt faoina thionscnamh;

(d)

ar chleachtas ar bith eile a d'fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.   Ní thiocfaidh sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ná tásca geografacha faoi chosaint chun bheith cineálach san Aontas de réir bhrí Airteagal 101(1).

Airteagal 104

An Clár

Bunóidh agus coimeádfaidh an Coimisiún clár leictreonach sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus tásc geografach faoi chosaint i gcomhair fíona agus beidh rochtain ag an bpobal air. Féadfar sonrúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a bhaineann le táirgí ó thríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas faoi chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chlárú sa chlár. Clárófar ainmneacha den sórt sin sa chlár mar thásca geografacha faoi chosaint, ach amháin má sainaithníodh iad go sonrach sa chomhaontú sin mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 105

Leasuithe ar shonraíochtaí táirgí

Féadfaidh iarratasóir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 95 cur isteach ar fhormheas i gcomhair leasú a dhéanamh ar shonraíocht táirge sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásc gheografaigh faoi chosaint aige, go háirithe chun forbairtí in eolas teicniúil agus eolaíoch a chur san áireamh nó chun an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (d) den dara fomhír d'Airteagal 94(2) a athchríochú. Tabharfar tuairisc sna hiarratais ar na leasuithe sin agus luafar na cúiseanna atá leo.

Airteagal 106

Cealú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, cinneadh a dhéanamh, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh a chealú mura n-áirithítear go gcomhlíontar an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach a thuilleadh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 107

Ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin

1.   Ainmneacha fíonta dá dtagraítear in Airteagal 51 agus in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle (34) agus in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 753/2002 ón gCoimisiún (35),beidh siad cosanta go huathoibríochfaoin Rialachán seo. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá ndéantar foráil in Airteagal 104 den Rialachán seo.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an beart comhfhreagrach foirmeálta, eadhon ainmneacha fíonta a bhfuil feidhm ag Airteagal 118s(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1234/2007 maidir leo a bhaint den chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81 den Rialachán seo trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 106 maidir le hainmneacha cosanta fíonta atá ann cheana agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Go dtí an 31 Nollaig 2014 féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcealófar cosaint ainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mura gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 93.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

4.   I gcás na Cróite, beidh na hainmneacha fíonta a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh  (36) cosanta faoin Rialachán seo, faoi réir toraidh fhabhraigh a bheith ann ar an nós imeachta agóide. Liostóidh an Coimisiún iad sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 81.

Airteagal 108

Táillí

Féadfaidh Ballstáit táillí a ghearradh chun a gcostais a chlúdach, lena n-áirítear na cinn a thabhaíonn siad ag scrúdú iarratas um chosaint, ráiteas agóide, iarratas ar leasuithe agus iarrataí ar chealuithe faoin bhForoinn seo.

Airteagal 109

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiúngníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos s:

(a)

na critéir bhreise maidir le críochú an limistéir gheografaigh a ghlacadh, agus

(b)

na srianta agus na maoluithe maidir leis an táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe.

2.   Chun saintréithe sonracha an táirgthe sa limistéar geografach críochaithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoinar féidir ceanglais bhreise a áireamh sna sonrúcháin táirge.

3.   Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid a leanas:

(a)

an cineál iarratasóra a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh;

(b)

na coinníollacha atá le comhlíonadh i ndáil le hiarratas ar chosaint sonrúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh, grinnscrúdú a dhéanann an Coimisiún, an nós imeachta agóide, agus nós imeachta maidir le leasú, cealú agus tiontú sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c)

na coinníollacha is infheidhme maidir le hiarratais trasteorann;

(d)

na coinníollacha i gcomhair iarratas a bhaineann le limistéir gheografacha i dtríú tír;

(e)

an dáta óna mbeidh feidhm ag cosaint nó ag leasú ar chosaint;

(f)

na coinníollacha a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí.

4.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint.

5.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 160 maidir le srianta i ndáil leis an ainm faoi chosaint. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh cur i bhfeidhm na Foroinne seo dochar míchuí d'oibreoirí eacnamaíocha ná d'údaráis inniúla a mhéid is a bhaineann le hainmneacha fíonta dár deonaíodh cosaint roimh an 1 Lúnasa 2009 nó a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

ainmneacha fíonta a d'aithnigh Ballstáit mar shonrúcháin tionscnaimh nó mar thásca geografacha faoin 1 Lúnasa 2009 agus ainmneacha fíonta a ndearnadh iarratas ar chosaint ina leith roimh an dáta sin;

(b)

fíonta a cuireadh ar an margadh nó a lipéadaíodh roimh dháta sonrach;

(c)

leasuithe ar na sonraíochtaí táirgí.

Airteagal 110

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge maidir leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh;

(b)

cinntí maidir le cosaint nó diúltú a chur ar fáil don phobal;

(c)

an clár dá dtagraítear in Airteagal 104 a bhunú agus a choimeád;

(d)

an tiontú ó shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint go tásc geografach faoi chosaint;

(e)

iarratais trasteorann a chur isteach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta riachtanachamaidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh leasú ar shonrúchán tionscnaimh nó ar thásc geografach a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid, ar chealú, nó ar thiontú, agus le haghaidh faisnéis a chur isteach a bhaineann le hainmneacha fíonta cosanta atá ann cheana féin, go háirithe maidir le:

(a)

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b)

teorainneacha ama;

(c)

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú le hiarratas nó le hiarraidh.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 111

Cumhachtaí cur chun feidhme eile

I gcás ina measfar agóid a bheith neamh-inghlactha, glacfaidh an Coimisiún ghníomhartha cur chun feidhme lena ndiúltófar í a toisc í a bheith neamh-inghlactha. Glacfar an gniomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3))a fheidhmiú.

Foroinn 3

Téarmaí traidisiúnta

Airteagal 112

Sainmhíniú

Ciallaíonn "téarma traidisiúnta" téarma a úsáidtear go traidisiúnta i mBallstáit i gcás na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 92(1):

(a)

le sonrú go bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag an táirge sin faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta;

(b)

leis an modh táirgthe nó an modh aosaithe, nó cáilíocht nó dath an táirge, nó cineál áite nó imeacht faoi leith a bhfuil baint aici le stair an táirge a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige a shonrú.

Airteagal 113

Cosaint

1.   Ní fhéadfar téarma traidisiúnta faoi chosaint a úsáid ach amháin i gcomhair táirge a táirgeadh i gcomhréir leis an sainmhíniú dá bhforáiltear in Airteagal 112(1).

Cosnófar téarmaí traidisiúnta in aghaidh úsáide neamhdhleathaí.

2.   Ní chosnófar téarmaí traidisiúnta i gcoinne na nithe seo a leanas ach amháin sa teanga agus sna catagóirí táirgí fíniúnacha a éilítear ar an iarratas:

(a)

mí-úsáid an téarma atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil nath amhail 'stíl', 'cineál', 'modh', 'faoi mar a tháirgtear i', 'aithris', 'blas', 'cosúil le' nó nath ar a chuma ag gabháil leis;

(b)

aon táisc bhréagaigh nó mhíthreoraigh eile maidir le nádúr, saintréithe nó cáilíochtaí bunúsacha an táirge, a chuirtear ar an bpacáistiú laistigh nó ar an bpacáistiú lasmuigh, san ábhar fógraíochta nó sna doiciméid a bhaineann leis;

(c)

aon chleachtas eile ar dóigh dó tomhaltóirí a chur amú, go háirithe lena thabhairt le tuiscint go bhfuil an fíon incháilithe le haghaidh an téarma thraidisiúnta faoi chosaint.

3.   Ní thiocfaidh téarmaí traidisiúnta chun bheith cineálach san Aontas.

Airteagal 114

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun cosaint leordhóthanach a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le teanga agus litriú an téarma traidisiúnta atá le cosaint.

2.   Chun cosaint cearta agus leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí agus na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagfar amach:

(a)

na cineálacha iarratasóirí a fhéadfaidh cur isteach ar chosaint téarma traidisiúnta;

(b)

coinníollacha bailíochta iarratais ar chosaint téarma traidisiúnta;

(c)

na forais le hagóid a dhéanamh i gcoinne aitheantais bheartaithe le haghaidh téarma traidisiúnta;

(d)

raon feidhme na cosanta, an gaol le trádmharcanna, téarmaí traidisiúnta faoi chosaint, sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint, comhainmneacha, nó ainmneacha áirithe fíonchaor;

(e)

na forais le cealú téarma traidisiúnta;

(f)

an dáta a gcuirfear isteach iarratas nó iarraidh ar agóid nó ar chealú;

(g)

na nósanna imeachta atá le leanúint i ndáil le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta, lena n-áirítear grinnscrúdú atá le déanamh ag an gCoimisiún, na nósanna imeachta agóide agus na nósanna imeachta maidir le cealú agus modhnú.

3.   Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar téarmaí traidisiúnta a úsáid ar tháirgí ó thríú tíortha agus lena bhforálfar do mhaoluithe ó Airteagal 112 agus Airteagal 113.

Airteagal 115

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síosna bearta riachtanacha maidir leis an nós imeachta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint nó le haghaidh modhnú ar théarma traidisiúnta a fhormheas, chomh maith leis an nós imeachta le haghaidh iarrataí ar agóid nó ar chealú, go háirithe maidir le:

(a)

teimpléid do dhoiciméid agus an fhormáid ina dtarchuirfear iad;

(b)

teorainneacha ama;

(c)

mionsonraí na bhfíoras, na fianaise agus na ndoiciméad tacaíochta atá le cur isteach chun tacú leis an iarratas nó leis an iarraidh;

(d)

rialacha mionsonraithe maidir le téarmaí traidisiúnta faoi chosaint a chur ar fáil don phobal.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena nglacfar le hiarratas ar chosaint téarma traidisiúnta nó lena ndiúltófar an t-iarratas sin nó lena nglacfar le hiarraidh ar mhodhnú an téarma faoi chosaint nó ar chosaint téarma traidisiúnta a chealú nó lena ndiúltofar an iarraidh sin.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhmelena bhforáilfear go gcosnófar téarmaí traidisiúnta ar glacadh leis an iarratas ar chosaint ina leith, go háirithe trína n-aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 112 agus trí shainmhíniú agus/nó na coinníollacha úsáide a fhoilsiú.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 116

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

I gcás ina measfar agóid a bheith neamh-inghlactha, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena ndiúltofar ítoisc í a bheith neamh-inghlactha. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a fheidhmiú.

Roinn 3

Lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona

Airteagal 117

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo:

(a)

ciallaionn "lipéadú" aon fhocail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a chuirtear ar aon phacáistiú, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge faoi leith nó a thagraíonn dó;

(b)

ciallaíonn "cur i láthair" aon fhaisnéis a chuirtear in iúl do thomhaltóirí de bhua phacáistiú an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear cruth agus cineál na mbuidéal.

Airteagal 118

Infheidhmeacht rialacha cothrománacha

Ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh feidhm ag Treoir 89/396/CEE ón gComhairle (37), Treoir 2000/13/CE, Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), Treoir 2008/95/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir leis an lipéadú agus an cur i láthair.

Ní fheádfar cur le lipéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII trí aon sonraíochtaí seachas iadsan dá bhforáiltear sa Rialachán seo mura gcomhlíonfaidh na sonraíochtaí sin riachtanais Threoir 2000/13/CE nó Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

Airteagal 119

Sonraí éigeantacha

1.   Beidh na sonraí éigeantacha seo a leanas ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII agus a mhargaítear san Aontas nó atá le honnmhairiú:

(a)

an sonrúchán le haghaidh chatagóir an táirge fíniúna i gcomhréir le Cuid II d'Iarscríbhinn VII;

(b)

i gcomhair fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu:

(i)

an téarma "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint";

(ii)

ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó ainm an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(c)

an neart alcóil iarbhír de réir toirte;

(d)

tásc maidir le foinse;

(e)

tásc maidir leis an mbuidéalaí nó, i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, ainm an táirgeora nó an díoltóra;

(f)

tásc maidir leis an allmhaireoir i gcás fíonta allmhairithe;

(g)

i gcás fíona shúilínigh, fíona shúilínigh aeraithe, fíona shúilínigh ardchaighdeáin, nó fíona shúilínigh aramataigh ardchaighdeáin, tásc maidir leis an gcion siúcra.

2.   De mhaolú ar mhír 1(a) féadfar an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár i gcás fíonta a bhfuil ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografach faoi chosaint ar áireamh ar a lipéid.

3.   De mhaolú ar mhír 1(b) féadfar an tagairt do na téarmaí "sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint" nó "tásc geografach faoi chosaint" a fhágáil ar lár sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil téarma traidisiúnta atá i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge dá dtagraítear in Airteagal 94(2);

(b)

in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 227 chun go n-áiritheofar go gcomhlíontar cleachtais lipéadaithe atá ann cheana.

Airteagal 120

Sonraí roghnacha

1.   Féadfaidh na sonraí roghnacha seo a leanas a bheith ar áireamh i lipéadú agus i gcur i láthair na dtáirgí dá dtagraítear i bpointí 1 go 11, 13, 15 agus 16 de Chuid II d'Iarscríbhinn VII:

(a)

bliain fhómhar an fhíona;

(b)

ainm chineál fíonchaoire amháin nó níos mó;

(c)

i gcás fíonta seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 119(1), téarmaí lena léirítear an cion siúcra;

(d)

i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, téarmaí traidisiúnta i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 112;

(e)

siombail an Aontais lena léirítear an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint;

(f)

téarmaí lena dtagraítear do mhodhanna áirithe táirgthe;

(g)

i gcás fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, ainm aonaid gheografaigh eile atá níos lú nó níos mó ná an limistéar atá i gceist leis an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach.

2.   Gan dochar d'Airteagal 100(3), maidir le húsáid na sonraí dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) den Airteagal seo i gcás fíonta gan sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint:

(a)

tabharfaidh Ballstáit isteach dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin lena áirithiú go mbeidh nósanna imeachta maidir le deimhniú, formheas agus fíorú ann lena ráthú gur fíor an fhaisnéis lena mbaineann;

(b)

féadfaidh Ballstáit, ar bhonn critéar neamh-idirdhealaitheach agus oibiachtúil agus aird chuí á tabhairt ar iomaíocht chothrom, liostaí de na cineálacha sin fíonchaor a eisiatar a tharraingt suas i gcomhair fíona a tháirgtear ó chineálacha fíonchaor ina gcríocha, sna cásanna seo a leanas go háirithe:

(i)

má tá riosca ann go gcuirfear mearbhall ar thomhaltóirí maidir le fíorthionscnamh an fhíona toisc go bhfuil an cineál fíonchaoire sin ina dhlúthchuid de shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó de thásc geografach faoi chosaint atá ann cheana;

(ii)

más rud é nach mbeadh seiceálacha éifeachtach ó thaobh costais de toisc gur cuid an-bheag d'fhíonghort an Bhallstáit an cineál fíonchaoire sin;

(c)

ní chuirfear ainm an chineáil fíonchaoire ar an lipéad má mheasctar fíonta ó Bhallstáit éagsúla ach amháin má aontaíonn na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt agus má áirithíonn siad go bhfuil na nósanna imeachta ábhartha maidir le deimhniú, formheas agus fíorú indéanta.

Airteagal 121

Teangacha

1.   Beidh na sonraí éigeantacha agus na sonraí roghnacha dá dtagraítear in Airteagal 119 agus Airteagal 120 le feiceáil i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais nó níos mó i gcás ina gcuirtear in iúl i bhfocail iad.

2.   D'ainneoin mhír 1 beidh ainm sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó téarma traidisiúnta mar a thagraítear dóibh i bpointe (b) d'Airteagal 112 le feiceáil ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha lena mbaineann an chosaint. I gcás sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint nó sonrúcháin shonraigh náisiúnta scríofa in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar an t-ainm a thaispeáint freisin i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 122

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le rialacha agus srianta i dtaca leis an méid seo a leanas:

(a)

cur i láthair agus úsáid sonraí lipéadaithe seachas na cinn dá bhforáiltear sa Roinn seo;

(b)

sonraí éigeantacha maidir le:

(i)

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí éigeantacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii)

téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus coinníollacha úsáide na dtéarmaí sin;

(iii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí éigeantacha a leagan síos;

(iv)

forálacha lena n-údaraítear maoluithe breise i dteannta na maoluithe dá dtagraítear in Airteagal 119(2) maidir leis an tagairt do chatagóir an táirge fíniúna a fhágáil ar lár; agus

(v)

forálacha ar úsáid teangacha;

(c)

sonraí roghnacha maidir le:

(i)

téarmaí atá le húsáid chun na sonraí roghnacha agus coinníollacha úsáide na sonraí sin a fhoirmliú;

(ii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le sonraí roghnacha a leagan síos;

(d)

an cur i láthair:

(i)

coinníollacha úsáide cruthanna áirithe buidéal, agus liosta de chruthanna sonracha buidéal ar leith;

(ii)

coinníollacha úsáide buidéal agus iamh den chineál a úsáidtear i gcomhair fíona shúilínigh;

(iii)

forálacha lena dtugtar údarú do na Ballstáit táirgeora rialacha breise maidir le cur i láthair a leagan síos;

(iv)

forálacha ar úsáid teangacha;

2.   Chun cosaint leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le lipéadú agus cur i láthair sealadach fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh nó tásc geografach acu, i gcás ina gcomhlíonann an sonrúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin na ceanglais is gá.

3.   Chun leasanna dlisteanacha na n-oibreoirí a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le forálacha idirthréimhseacha maidir le fíonta a chuirtear ar an margadh agus atá lipéadaithe i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Lúnasa 2009.

4.   Chun na saintréithe sonrachasaintréithe sonracha i dtrádáil idir an tAontas agus tríú tíortha áirithe a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le maoluithe ón Roinn seo i ndáil le táirgí atá le honnmhairiú i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an tríú tír lena mbaineann.

Airteagal 123

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na bearta riachtanacha maidir leis na nósanna imeachta agus na critéir theicniúla is infheidhme maidir leis an Roinn seo, lena n-áirítear na bearta riachtanach do na nósanna imeachta deimhniúcháin, formheasta agus fíoraithe atá infheidhme maidir le fíonta nach bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha d'earnálacha indibhidiúla

Roinn 1

Siúcra

Airteagal 124

Fad

Cé is moite d'Airteagal 125 agus Airteagal 126, beidh feidhm ag an Roinn seo go dtí deireadh na bliana margaíochta 2016/2017.

Foroinn 1

Bearta sonracha

Airteagal 125

Comhaontuithe in earnáil an tsiúcra

1.   Is trí chomhaontuithe scríofa a dhéanfar laistigh den earnáil idir, ar láimh amháin, saothraithe Aontais biatais siúcra agus siúcra cána, nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, agus, ar an láimh eile, gnóthais siúcra Aontais nó na heagraíochtaí a bhfuil ballraíocht acu iontu a ndéanfar thar a son iad, a rialófar na téarmaí maidir le ceannach biatiais siúcra agus siúcra cána, lena n-áirítear conarthaí réamhchurtha seachadta.

2.   Comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil faoi mar atá tuairisc orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d'Iarscríbhinn II, tabharfaidh na gnóthais fógra fúthu d'údaráis inniúla an Bhallstáit ina dtáirgeann siad siúcra.

3.   Amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2017, beidh na comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh atá leagtha síos in Iarscríbhinn X.

4.   Chun saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra agus forbairt na hearnála sa tréimhse i ndiaidh dheireadh na gcuótaí táirgeachta a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 le go ndéanfaí an méid seo a leanas:

(a)

nuashonrú na dtéarmaí dá dtagraítear i Roinn A de chuid II d'Iarscríbhinn II;

(b)

nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh do bhiatais dá dtagraítear in Iarscríbhinn X;

(c)

tuilleadh rialacha a leagan síos maidir le cinntí i dtaca le hollmheáchan, táir agus cion siúcra biatais siúcra a sheachadtar chuig gnóthas chomh maith le rialacha maidir le laíon biatais.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, lena n-áirítear maidir le nósanna imeachta, fógraíocht, agus cúnamh riaracháin i gcás comhaontuithe a dhéantar laistigh den earnáil lena gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 126

Tuairisciú praghsanna i margadh an tsiúcra

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear córas chun praghsanna i margadh an tsiúcra a thuairisciú, lena n-áirítear socruithe chun leibhéil na bpraghsanna don mhargadh sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Beidh an córas dá dtagraítear sa chéad fhomhír bunaithe ar fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais a tháirgeann siúcra bán nó oibreoirí eile a bhfuil baint acu le trádáil siúcra. Déileálfar leis an bhfaisnéis seo mar fhaisnéis rúnda.

Áiritheoidh an Coimisiún nach bhfoilseofar praghsanna ar leith nó ainmneacha oibreoirí eacnamaíocha aonair.

Foroinn 2

Na ceanglais is infheidhme maidir le hearnáil an tsiúcra le linn na tréimhse dá dtagraítear in airteagal 124

Airteagal 127

Conarthaí seachadta

1.   I dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 125(1), beidh na comhaontuithe a dhéanfar laistigh den earnáil i gcomhréir leis na téarmaí ceannaigh atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI.

2.   I gconarthaí seachadta, déanfar idirdhealú de réir ábhar an bhiatias siúcra óna ndéanfar na cainníochtaí siúcra a tháirgeadh, mar a leanas:

(a)

siúcra cuóta;

(b)

siúcra lasmuigh den chuóta.

3.   Cuirfidh gach gnóthas siúcra an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Bhallstát ina dtáirgeann sé an siúcra:

(a)

na cainníochtaí biatais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1a dá bhfuil conarthaí réamhchurtha seachadta déanta acu agus an cion siúcra a bhfuil na conarthaí sin bunaithe air;

(b)

an táirgeacht chomhfhreagrach mheasta.

Féadfaidh faisnéis bhreise a bheith ag teastáil ó Bhallstáit.

4.   Maidir le gnóthais siúcra nach bhfuil conarthaí réamhchurtha seachadta sínithe acu ar an bpraghas íosta i gcomhair biatais chuóta, dá dtagraítear in Airteagal 135, le haghaidh cainníochta biatais atá cothrom leis an méid siúcra a bhfuil cuóta acu dó, arna choigeartú, de réir an cháis, leis an gcomhéifeacht i gcomhair tarraingt siar choisctheach atá socraithe de bhun na chéad fomhíre d'Airteagal 130(2), beidh sé de cheangal ar na gnóthais sin an praghas íosta ar a laghad i gcomhair biatais chuóta a íoc i gcomhair an bhiatais siúcra go léir a ndéanfaidh siad a phróiseáil ina shiúcra.

5.   Féadfaidh comhaontuithe laistigh den earnáil maolú ar mhír 2, ar mhír 3 agus ar mhír 4, faoi réir fhormheas an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Mura bhfuil aon chomhaontuithe ann laistigh den earnáil, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, arb iad na bearta atá ag luí leis an Rialachán seo, chun leas na bpáirtithe lena mbaineann a chosaint.

Airteagal 128

Muirear táirgthe

1.   Gearrfar muirear táirgthe ar an gcuóta siúcra, ar an gcuóta iseaglúcóis agus ar chuóta na síoróipe ionúiline atá ag gnóthais a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline ar cuótaí iad dá dtagraítear in Airteagal 136(2).

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta le go socrófar an muirear táirgthe, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE, le haghaidh an tsiúcra cuóta, an iseaglúcóis cuóta, agus an tsíoróip ionúiline cuóta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 129

Aisíocaíocht ar tháirgeadh

1.   Féadfar aisíocaíocht ar tháirgeadh a dheonú i gcás táirgí earnáil an tsiúcra atá liostaithe i bpointí (b) go (e) de Chuid III d'Iarscríbhinn I más rud é nach bhfuil siúcra barrachais nó siúcra allmhairithe, iseaglúcós barrachais, nó síoróip ionúiline bharrachais ar fáil ar phraghas atá comhfhreagrach leis an bpraghas domhanda chun na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fhomhír d'Airteagal 140(2) a mhonarú.

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir leis an aisíocaíocht ar tháirgeadh dá dtagraítear i mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 130

Tarraingt siar siúcra

1.   Ionas go seachnófaí titim sna praghsanna sa mhargadh inmheánach agus go ndéanfar cásanna rótháirgthe a réiteach bunaithe ar réamh-mheastachán ar chothroime an tsoláthair, agus gealltanais an Aontais a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-aistarraingítear ón margadh, do bhliain mhargaíochta tugtha, na cainníochtaí siúcra nó iseaglúcóis sin arna dtáirgeadh faoi chuótaí lena sáraítear an tairseach arna ríomh i gcomhréir le mír 2.

2.   Déanfar an tairseach maidir le tarraingt siar dá dtagraítear i mír 1 a ríomh, i gcomhair gach gnóthas a bhfuil cuóta aige, trína chuóta a mhéadú faoi chomhéifeacht. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena socraítear an chomhéifeacht sin do bhliain mhargaíochta tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra den bhliain mhargaíochta roimhe sin, bunaithe ar threochtaí ionchais an mhargaidh.

Ar bhonn treochtaí an mhargaidh a bheith tugtha cothrom le dáta, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain mhargaíochta lena mbaineann, lena ndéanfar an chomhéifeacht a choigeartú, nó, i gcás nár socraíodh comhéifeacht de bhun na chéad fomhíre, lena socrófar an chomhéifeacht.

3.   Maidir le gach gnóthas a bhfuil cuóta aige siúcra arna tháirgiú faoin gcuóta atá os cionn na tairsí arna ríomh de réir mhír 2 a stóráil ar a gcostas féin go tús na bliana margaíochta dár gcionn. Glacfar leis na cainníochtaí siúcra, iseaglúcóis, nó síoróipe ionúiline a dhéantar a tharraingt siar le linn bliana margaíochta mar na chéad chainníochtaí a tháirgfear faoi chuóta na bliana margaíochta dár gcionn.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, agus treochtaí ionchais an mhargaidh shiúcra á gcur san áireamh, ar gníomhartha iad lena bhforáilfear, i gcás na bliana margaíochta reatha, na bliana margaíochta dár gcionn, nó an dá bhliain margaíochta, go meafar an siúcra, an t-iseaglúcós nó an tsíoróip ionúiline go léir a tarraingíodh siar nó cuid díobh mar a leanas:

(a)

mar shiúcra barrachais, mar iseaglúcós barrachais nó mar shíoróip ionúiline barrachais chun go ndéanfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch díobh; nó

(b)

mar tháirgeadh sealadach cuóta ar féidir cuid de a fhorchoimeád lena honnmhairiú agus gealltanais an Aontais á n-urramú, ar gealltanais iad a thagann ó chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE.

4.   Más rud é nach bhfuil an soláthar siúcra san Aontas leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ligtear cainníocht áirithe siúcra a tarraingíodh siar a dhíol ar mhargadh an Aontais roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar.

5.   I gcás ina nglactar le siúcra a tarraingíodh siar mar chéad tháirgeadh siúcra na bliana margaíochta dár gcionn, is é praghas íosta na bliana margaíochta sin, dá dtagraítear in Airteagal 135 a íocfar leis na saothraithe biatais.

I gcás ina ndéantar siúcra tionsclaíoch de shiúcra a tarraingíodh siar nó ina n-onnmhairítear é i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) den dara fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag ceanglais Airteagal 135 maidir leis an bpraghas íosta.

I gcás ina ndíoltar siúcra a tarraingíodh siar ar mhargadh an Aontais roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, is é praghas íosta na bliana margaíochta reatha a íocfar leis na saothraithe biatais.

6.   Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun an Airteagail seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 131

Sásra maidir le bainistiú sealadach ar an margadh

1.   Le linn na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 124, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach siúcra ag dul isteach i margadh an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Leis na bearta sin féadfar coigeartú a dhéanamh, don chainníocht agus don tréimhse ama is gá, ar leibhéal an dleachta is iníoctha ar shiúcra amh allmhairithe.

I gcomhthéacs an sásra maidir le bainistiú sealadach ar an margadh, glactar bearta maidir leis an tobhach barrachais ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear chainníocht iomchuí de shiúcra lasmuigh den chuóta agus de shiúcra amh allmhairithe arbh fhéidir í a chur ar mhargadh an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 132

Cumhachtaí tarmligthe

D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, agus ó tharla gur gá aon suaitheadh sa mhargadh a chosc, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

téarmaí ceannaighagus conarthaí seachadta dá dtagraítear in Airteagal 127;

(b)

nuashonrú na dtéarmaí ceannaigh le haghaidh biatais dá dagraítear in Iarscríbhinn XI;

(c)

na critéir sin atá le cur i bhfeidhm ag gnóthais siúcra nuair atá cainníochtaí biatais atá le cumhdach ag conarthaí réamhchurtha seachadta dá dtagraítear in Airteagal 127(3)() á leithdháileadh i measc díoltóirí biatais.

Airteagal 133

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gáchun an Fhoroinn seo a chur i bhfeidhm, ar bearta iad a bhaineann le nósanna imeachta, ábhar agus critéir theicniúla.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Foroinn 3

Córas um tháirgeadh a rialú

Airteagal 134

Cuótaí in earnáil an tsiúcra

1.   Beidh feidhm ag córas cuótaí maidir le siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline.

2.   Maidir leis an gcóras chuótaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás ina sáraíonn táirgeoir an cuóta ábhartha agus nach mbaineann sé leas as na cainníochtaí barrachais dá bhforáiltear in Airteagal 139, beidh tobhach barrachais iníoctha ar a leithéid de chainníochtaí, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 139 go Airteagal 142.

Airteagal 135

Praghas íosta an bhiatais

Déanfaidh an Chomhairle praghas íosta an bhiatais chuóta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 136

Leithdháileadh cuótaí

1.   Tá na cuótaí maidir le táirgeadh siúcra, iseaglúcóis agus síoróipe ionúiline ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach socraithe in Iarscríbhinn XII.

2.   Déanfaidh na Ballstáit cuóta a leithdháileadh ar gach gnóthas a tháirgeann siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline atá bunaithe ar a chríoch agus atá formheasta faoi Airteagal 137.

Maidir le gach gnóthas, beidh an cuóta a leithdháilfear air cothrom leis an gcuóta a leithdháileadh ar an ngnóthas don bhliain mhargaíochta 2010/2011 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

3.   I gcás ina leithdháilfear cuóta ar ghnóthas siúcra a bhfuil breis agus aonad táirgthe amháin aige, glacfaidh na Ballstáit na bearta a mheasann siad a bheith riachtanach chun leas saothraithe biatais siúcra agus saothraithe cána siúcra a chur san áireamh go cuí.

Airteagal 137

Gnóthais fhormheasta

1.   Tabharfaidh Ballstáit formheas, arna iarraidh sin, do ghnóthas a tháirgeann siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline nó do ghnóthas a phróiseálann na táirgí sin agus a dhéanann táirgí díobh atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 140(2) ar choinníoll:

(a)

go gcruthaíonn an gnóthas go bhfuil an cumas gairmiúil aige é a tháirgeadh;

(b)

go gcomhaontaíonn an gnóthas go gcuirfidh sé aon fhaisnéis ar fáil agus go mbeidh sé faoi réir na rialuithe a bhaineann leis an Rialachán seo;

(c)

nach bhfuil an gnóthas faoi réir fhionraíocht nó tharraingt siar an fhormheasa.

2.   Cuirfidh na gnóthais fhormheasta an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Bhallstát ina ndéantar an biatas nó an cána a bhuaint nó ina ndéantar an mínghlanadh:

(a)

na cainníochtaí biatais nó cána ar tugadh conarthaí soláthair i gcrích ina leith, mar aon le táirgeacht mheasta chomhfhreagrach an bhiatais nó an chána, agus an tsiúcra in aghaidh an heicteáir;

(b)

sonraí maidir le seachadtaí sealadacha agus iarbhír biatais siúcra, cána siúcra agus siúcra amh, chomh maith le sonraí faoi tháirgeadh siúcra agus ráitis faoi stoic siúcra;

(c)

na cainníochtaí siúcra bháin a díoladh agus na praghsanna agus na coinníollacha comhfhreagracha.

Airteagal 138

Ath-leithdháileadh na gcuótaí náisiúnta agus laghdú cuótaí

1.   Féadfaidh Ballstát an cuóta siúcra nó iseaglúcóis a leithdháiltear ar ghnóthas atá bunaithe ar a chríoch a laghdú faoi suas le 10 %. Cuirfidh na Ballstáit critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm chuige sin.

2.   Féadfaidh Ballstáit cuótaí a aistriú idir ghnóthais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XIII agus leas gach ceann de na páirtithe lena mbaineann a chur san áireamh go háirithe saothraithe biatais siúcra agus cána siúcra.

3.   Déanfaidh an Ballstát atá i gceist na cainníochtaí a laghdaíodh de bhun mhír 1 agus mhír 2 a leithdháileadh ar ghnóthas amháin nó níos mó ina chríocha, bíodh cuóta acu nó ná bíodh.

Airteagal 139

Táirgeadh lasmuigh den chuóta

1.   Féadfar an siúcra, an iseaglúcós nó an tsíoróip ionúiline a tháirgtear i rith bliana margaíochta os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 136:

(a)

a úsáid chun táirgí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 140 a phróiseáil;

(b)

a thabhairt ar aghaidh chuig táirgeadh cuóta na chéad bliana margaíochta eile i gcomhréir le hAirteagal 140;

(c)

a úsáid i gcomhair na socruithe sonracha soláthair i gcomhair na limistéar is forimeallaí, i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39);

(d)

a onnmhairiú laistigh den teorainn chainníochta atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ag urramú na ngealltanas a thagann ó chomhaontuithe náisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE; nó

(e)

a chur ar fáil ar an margadh inmheánach, i gcomhréir leis an sásra a thuairiscítear in Airteagal 131 chun críocha an soláthar a chur in oiriúint don éileamh bunaithe ar an réamh-mheastachán ar chothroime an tsoláthair.

Cuirfear na bearta dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad mhír den Airteagal seo chun feidhme sula ndéanfar gníomhachtú ar na bearta chun suaitheadh sa mhargadh a chosc dá dtagraítear in Airteagal 219(1).

Beidh cainníochtaí eile faoi réir an tobhaigh bharrachais dá dtagraítear in Airteagal 142.

2.   Déanfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun anAirteagail seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 140

Siúcra tionsclaíoch

1.   Forchoimeádfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch chun ceann de na táirgí dá dtagraítear i mír 2 a tháirgeadh sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair atá sé faoi réir conartha sheachadta a tugadh i gcrích roimh dheireadh na bliana margaíochta idir táirgeoir agus úsáideoir ar tugadh formheas dóibh araon i gcomhréir le hAirteagal 137; agus

(b)

nuair a seachadadh é chuig an úsáideoir an 30 Samhain na bliana margaíochta dár gcionn ar a dhéanaí.

2.   D'fhonn forbairtí teicniúla a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena mbunófar liosta táirgí a bhféadfar siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó sioróip ionúiline thionsclaíoch a úsáid lena dtáirgeadh.

Áireofar go háirithe ar an liosta sin:

(a)

bitheatánól, alcól, rum, giosta beo agus cainníochtaí síoróipe lena leathadh agus iad siúd atá le próiseáil chun "Rinse appelstroop" a dhéanamh díobh;

(b)

táirgí tionsclaíocha áirithe nach bhfuil siúcra iontu ach a n-úsáidtear siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline lena bpróiseáil;

(c)

táirgí áirithe de chuid an tionscail cheimicigh nó an tionscail chógaisíochta a bhfuil siúcra, iseaglúcós nó síoróip ionúiline iontu.

Airteagal 141

Barrachas siúcra a thabhairt ar aghaidh

1.   Féadfaidh gach gnóthas cinneadh a dhéanamh an méid a rótháirgeadh sa bhreis ar a chuóta siúcra, a chuóta iseaglúcóis nó a chuóta síoróipe ionúiline, nó cuid den táirgeadh sin, a thabhairt, chun go gcaithfear leis mar chuid de tháirgeadh na chéad bliana margaíochta eile. Gan dochar do mhír 3, cinneadh neamh-inchúlghairthe a bheidh sa chinneadh sin.

2.   Maidir leis na gnóthais a dhéanann an cinneadh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

cuirfidh siad an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi roimh dháta a bheidh le cinneadh ag an mBallstát sin:

(i)

idir an 1 Feabhra agus an 31 Lúnasa na bliana margaíochta reatha i gcás cainníochtaí siúcra cána atá á dtabhairt ar aghaidh;

(ii)

idir an 1 Feabhra agus an 31 Lúnasa na bliana margaíochta reatha i gcás cainníochtaí eile siúcra biatais nó síoróipe ionúiline atá á dtabhairt ar aghaidh;

(b)

tabharfaidh siad gealltanas na cainníochtaí sin a stóráil ar a gcostas féin go deireadh na bliana margaíochta reatha.

3.   Má tharlaíonn sé gur lú táirgeadh cinntitheach gnóthais sa bhliain mhargaíochta lena mbaineann ná an meastachán a rinneadh nuair a rinneadh cinneadh de réir mhír 1, féadfar an chainníocht a thabharfar ar aghaidh a choigeartú go siarghabhálach faoin 31 Deireadh Fómhair na bliana margaíochta dár gcionn.

4.   Measfar gurb iad na cainníochtaí a thabharfar ar aghaidh na chéad chainníochtaí a tháirgfear faoi chuóta na bliana margaíochta dár gcionn.

5.   Ní fhéadfaidh siúcra a stóráiltear i gcomhréir leis an Airteagal seo le linn bliana margaíochta a bheith faoi réir aon bhearta stórála eile dá bhforáiltear in Airteagal 16 nó in Airteagal 130.

Airteagal 142

Tobhach barrachais

1.   Gearrfar tobhach barrachais ar chainníochtaí díobh seo a leanas:

(a)

siúcra barrachais, iseaglúcós barrachais agus síoróip ionúiline bharrachais a tháirgfear i rith bliana margaíochta ar bith, ach amháin i gcás cainníochtaí a thabharfar ar aghaidh chuig táirgeadh cuóta na bliana margaíochta dár gcionn agus a stórálfar i gcomhréir le hAirteagal 141 nó cainníochtaí dá dtagraítear i bpointí (c), (d) agus (e) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(b)

siúcra tionsclaíoch, iseaglúcós tionsclaíoch nó síoróip ionúiline thionsclaíoch nár tugadh aon chruthúnas, laistigh den teorainn ama atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, gur úsáideadh iad i gceann de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 140(2);

(c)

siúcra, iseaglúcós agus síoróip ionúiline a tarraingíodh siar ón margadh i gcomhréir le hAirteagal 130 agus nach gcomhlíontar na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 130(3) ina leith.

Glacfar gníomhartha cur chun feidhme de bhun phointe (b) den chéad fhomhír i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Is í an Chomhairle a dhéanfaidh na bearta maidir le tobhach barrachais dá dtagraítear in mír 1 a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 143

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 137 a n-oibleagáidí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos rialacha maidir le formheas a dheonú do na gnóthais sin agus a tharraingt siar uathu, chomh maith leis na critéir le haghaidh pionóis riaracháin.

2.   D'fhonn saintréithe sonracha earnáil an tsiúcra a chur san áireamh agus d'fhonn a áirithiú go gcuirfear leas na bpáirtithe go léir san áireamh mar is cuí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le brí na dtéarmaí le haghaidh oibriú an chórais cuótaí agus lena leagtar síos na coinníollacha lena rialaítear díolacháin chuig na réigiúin is forimeallaí.

3.   Chun a áirithiú go mbeidh dlúthbhaint ag na saothraithe le cinneadh cainníocht áirithe den táirgeadh a thabhairt ar aghaidh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos rialacha maidir le siúcra a thabhairt ar aghaidh.

Airteagal 144

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Maidir leis na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 137, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena mbunaítear rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

iarratais ar fhormheas ó ghnóthais, na taifid atá le coinneáil ag gnóthais fhormheasta, an fhaisnéis atá le tíolacadh ag gnóthais fhormheasta;

(b)

an córas seiceálacha atá le déanamh ag na Ballstáit ar ghnóthais fhormheasta;

(c)

an chumarsáid a dhéanann na Ballstáit leis an gCoimisiún agus le gnóthais fhormheasta;

(d)

seachadadh amhábhar, lena n-áirítear conarthaí seachadta agus nótaí seachadta, ar ghnóthais;

(e)

comhionannas i dtaca le siúcra dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(f)

na socruithe sonracha soláthair do na réigiúin is forimeallaí;

(g)

onnmhairí dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 139(1);

(h)

comhar idir Bhallstáit chun seiceálacha éifeachtacha a áirithiú;

(i)

na dátaí atá leagtha síos in Airteagal 141 do bhlianta margaíochta sonracha a mhodhnú;

(j)

chun an chainníocht bharrachais, an chumarsáid agus íocaíocht an tobhaigh bharrachais dá dtagraítear in Airteagal 142 a leagan síos.

(k)

glacadh liosta de scagairí lánaimseartha laisitigh de bhrí phointe 6 de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn II.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Fíon

Airteagal 145

Clár agus fardal ar acmhainn táirgthe fíonghort

1.   Coimeádfaidh Ballstáit clár fíonghort ina mbeidh faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an acmhainneacht táirgthe. Ón 1 Eanáir 2016 ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin ach amháin i gcás go gcuireann na Ballstáit an scéim d'údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal I i bhfeidhm nó go gcuireann siad clár náisiúnta tacaíochta i bhfeidhm.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2015, maidir le Ballstáit ar lú ná 500 heicteár an limistéar iomlán iontu atá faoi fhíniúnacha de chineálacha fíonchaor atá aicmithe i gcomhréir le hAirteagal 81(2), ní bheidh siad faoi réir na hoibleagáide atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo.

3.   Ballstáit a dhéanann foráil ina gcláir thacaíochta d'athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i gcomhréir le hAirteagal 46, déanfaidh siad fardal uasdátaithe, ar bhonn an chláir fíonghort, dá n-acmhainneacht táirgthe a thíolacadh don Choimisiún faoin 1 Márta gach bliain. Amhail ón 1 Eanáir 2016, is de bhíthin gníomhartha chur chun feidhme a leagfar síos ag an Coimisiún na sonraí maidir le teachtaireachtaí chuig an gCoimisiún maidir le limistéir fíonsaothrúcháin. Glacfar na gniomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2)

4.   Chun gur fusa do na Ballstáit faireachán agus fíorú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgthe, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i dtaca le rialacha maidir le hábhar an chláir fíonghort agus maidir le díolúintí a ghabhann leis.

Airteagal 146

Údaráis náisiúnta inniúla le haghaidh earnáil an fhíona

1.   Gan dochar d'aon fhorálacha eile den Rialachán seo maidir le húdaráis náisiúnta inniúla a chinneadh, ceapfaidh na Ballstáit údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as comhlíonadh rialacha an Aontais a áirithiú in earnáil an fhíona. Go háirithe, ceapfaidh na Ballstáit na saotharlanna atá údaraithe chun anailís oifigiúil a dhéanamh in earnáil an fhíona. Comhlíonfaidh na saotharlanna atá ceaptha na critéir ghinearálta atá leagtha amach in ISO/IEC 17025 maidir le hoibriú saotharlann.

2.   Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás agus na saotharlann dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal agus tabharfaidh sé cothrom le dáta í ó am go chéile.

Airteagal 147

Doiciméid faoi iamh agus clár

1.   Cuirfear táirgí earnáil an fhíona i gcúrsaíocht laistigh den Aontas mar aon le doiciméad atá údaraithe go hoifigiúil ag gabháil leo.

2.   Maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó grúpaí daoine a bhfuil a gcuid trádála á feidhmiú acu ar cuid de táirgí atá ina seilbh atá cumhdaithe faoi earnáil an fhíona, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, coimeádfaidh siad cláir isteach agus cláir amach i dtaobh na dtáirgí sin.

3.   Chun gur fusa do na Ballstáit táirgí fíona a iompar agus a fhíorú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

rialacha maidir leis an doiciméad faoi iamh agus a úsáid;

(b)

na coinníollacha faoina measfar go ndeimhnítear sonrúcháin tionscnaimh nó tásca geografacha faoi chosaint le doiciméad faoi iamh;

(c)

oibleagáid clár a choimeád agus úsáid an chláir sin;

(d)

cé a bhfuil sé de cheangal air clár a choimeád agus díolúintí ón oibleagáid sin;

(e)

na hoibríochtaí atá le bheith ar áireamh sa chlár.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear:

(a)

rialacha maidir le comhdhéanamh na gcháir, na táirgí atá le bheith sa chlár, spriocanna d'iontrálacha i gcláir agus clabhsúr clár;

(b)

bearta lena gcuirtear de cheangal ar Bhallstáit na céatadáin uasta is inghlactha i gcomhair caillteanas a chinneadh;

(c)

forálacha ginearálta agus idirthréimhseacha do choimeád clár;

(d)

rialacha lena gcinntear cá fhad a bhfuil doiciméid faoi iamh agus cláir le coimeád.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 3

Bainne agus táirgí bainne

Airteagal 148

Caidreamh conarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór gach seachadadh bainne amh a dhéantar ar a chríoch ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe, agus/nó go gcinnfidh sé nach mór do chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh maidir le bainne amh a bheith á sheachadadh ag na feirmeoirí, comhlíonfaidh conradh den sórt sin agus/nó tairiscint den sórt sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 2.

I gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór seachadtaí bainne ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe ag an gconradh sin má dhéantar seachadadh an bhainne amh trí bhailitheoir amháin nó níos mó ná sin.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn 'bailitheoir' gnóthas a iompraíonn bainne amh ó fheirmeoir nó ó bhailitheoir eile chuig próiseálaí bainne amh nó chuig bailitheoir eile, i gcás ina n-aistrítear úinéireacht an bhainne amh i ngach cás.

2.   Maidir leis an gconradh agus/nó an tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

déanfar é roimh an seachadadh,

(b)

déanfar i scríbhinn é, agus

(c)

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh an bhainne amh arna sheachadadh,

(ii)

toirt an bhainne amh a fhéadfar a sheachadadh agus/nó nach mór a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(iii)

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó éiginnte le clásail foircinn a bheith i gceist leis,

(iv)

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v)

socruithe maidir leis an mbainne amh a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi)

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

3.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le conradh, agus/nó tairiscint i dtaca le conradh i gcás ina seachadfaidh feirmeoir bainne amh ar chomharchumann a bhfuil an feirmeoir ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann ó na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachtaí acu atá comhchosúil leis na forálacha sin atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2.

4.   Déanfar caibidlíocht gan dua idir na páirtithe ar eilimintí uile na gconarthaí maidir le seachadadh bainne amh a chuirfidh feirmeoirí, bailitheoirí nó próiseálaithe bainne amh i gcrích, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2.

Gan dochar don chéad fhomhír, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

(a)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát conradh i scríbhinn maidir le seachadadh bainne amh a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir feirmeoir agus céad-cheannaitheoir an bhainne amh. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir an bhainne amh tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don fheirmeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chuige sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an fheirmeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. I gcásanna den sórt sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i mír 2(c).

5.   Déanfaidh na Ballstáit a úsáidfidh na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcaoi ina gcuirtear i bhfeidhm iad.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann phointe (a) agus phointe (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 149

Caibidlíocht chonarthach in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíocht í a aithnítear faoi Airteagal 152(3), na conarthaí sin maidir le bainne amh arna sheachadadh ag feirmeoir ar phróiseálaí bainne amh, nó ar bhailitheoir de réir bhrí antríú fomhír d'Airteagal 148(1), a chaibidliú ar son a gcomhaltaí ar feirmeoirí iad, i dtaca le cuid dá gcomhtháirgeadh nó a gcomhtháirgeadh ar fad.

2.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht an bhainne amh chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le comhtháirgeadh roinnt de na comhaltaí ar feirmeoirí iad, nó comhtháirgeadh na gcomhaltaí ar fad ar feirmeoirí iad;

(c)

ar choinníoll, i gcás eagraíochta áirithe táirgeoirí, go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)

nach mó ná 3.5 % de tháirgeadh iomlán an Aontais toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin,

(ii)

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith, nach mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í, agus

(iii)

maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin a sheachadtar in aon Bhallstát ar leith, ní mó ná 33 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin í,

(d)

ar choinníoll nach bhfuil na feirmeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na bhfeirmeoirí freisin, mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sini gcásanna a bhfuil údar cuí leo más rud é go bhfuil dhá aonad táirgeachta shainiúla lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla ag feirmeoirí;

(e)

ar choinníoll nach mbeidh an bainne amh cumhdaithe ag aon oibleagáid chun seachadta a eascróidh ó chomhaltas an fheirmeora i gcomharchumann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(f)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

3.   In aineoinn na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c) (ii) agus (iii) de mhír 2, féadfaidh eagraíocht táirgeoirí caibidliú de bhun mhír 1 ar choinníoll, maidir leis an eagraíocht táirgeoirí sin, nach mó ná 45 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán an Bhallstáit sin toirt an bhainne amh, arna chumhdú sa chaibidlíocht sin, ar bainne é a tháirgtear nó a sheachadtar i mBallstát a bhfuil táirgeadh bainne amh bliantúil is lú ná 5 000 000 tona aige.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin chomh maith.

5.   Chun críocha pointe (c) de mhír 2 agus mír 3 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, ar cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid an bhainne amh a tháirgtear san Aontas agus sna Ballstáit ag baint úsáide as an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil.

6.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2 agus ar mhír 3, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó chun damáiste tromchúiseach do phróiseálaithe bainne amh ar FBManna iad a sheachaint ina chríoch.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

7.   Chun críocha an Airteagail seo:

(a)

ciallaíonn "údarás náisiúnta iomaíochta" an t-údarás dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (40);

(b)

ciallaíonn "FBM" micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún.

8.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (f) de mhír 2 agus de mhír 6.

Airteagal 150

Rialáil an tsoláthair maidir le cáis a bhfuil sonrúchán cosanta tionscnaimh nó tásc cosanta geografach aici

1.   Arna iarraidh sin ag eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(3), ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(3) agus ag grúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil sholáthar cáise a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán cosanta tionscnaimh nó de thásc cosanta geografach faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012.

2.   Beidh na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear in bpointe (c) d'Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Déanfar comhaontú den sórt sin idir dhá thrian ar a laghad de na táirgeoirí bainne nó a n-ionadaithe, a sheasann do dhá thrian ar a laghad den bhainne amh a bheidh in úsáid do tháirgeadh na cáise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, más iomchuí, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí na cáise sin, a sheasann do dhá thrian ar a laghad de tháirgeadh na cáise sin sa limistéar geografach dá dtagraítear in i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

3.   Chun críche mhír 1, maidir le cáis a bheidh ag tairbhiú de thásc cosanta geografach, is ionann limistéar geografach tionscnaimh an bhainne amh, mar atá socraithe sa tsonraíocht táirge don cháis, agus an limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 a bhaineann leis an gcáis sin.

4.   Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus beidh sé d'aidhm acu soláthar na cáise sin a oirúnú don éileamh;

(b)

ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir an táirge lena mbaineann;

(c)

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, mar a thagraítear dó i mír 1, a fháil;

(d)

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialachasin;

(e)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht na cáise lena mbaineann;

(f)

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g)

ní áiritheofar leo nach mbeidh fáil ar sciar rómhór den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h)

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac d'iontrálaithe nua sa mhargadh nó ina gcúis go ndéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga;

(i)

rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

(j)

beidh siad gan dochar d'Airteagal 149.

5.   Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 á gcomhlíonadh, agus i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

8.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 151

Dearbhuithe éigeantacha in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Amhail ón 1 Aibreán 2015, dearbhóidh céad cheannaitheoirí an bhainne amh don údarás inniúil náisiúnta cainníocht an bhainne amh a sheachadtar orthu gach mí.

Chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 148, ciallaíonn "céad-cheannaitheoir" gnóthas nó grúpa a cheannaíonn bainne ó tháirgeoirí:

(a)

chun é a bhailiú, a phacáil, a stóráil, a fhuarú nó a phróiseáil, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh faoi chonradh;

(b)

chun é a dhíol le gnóthas amháin nó níos mó a dhéanann cóireáil nó próiseáil ar bhainne nó ar tháirgí eile bainne.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le cainníocht an bhainne amh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na rialacha maidir le hábhar, le formáid agus le huainíocht na ndearbhuithe sin agus na bearta a bhaineann le fógraí a bheidh le déanamh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL III

Eagraíochtaí agus comlachais táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe

Roinn 1

Sainiú agus aitheantas

Airteagal 152

Eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí, arna iarraidh sin dóibh, ar eagraíochtaí iad:

(a)

a bhfuil a gcomhdhéanamh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 153(2) ag táirgeoirí atá in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2);

(b)

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí;

(c)

a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh inti:

(i)

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii)

soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach;

(iii)

na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú mar fhreagairt do chaighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú;

(iv)

taighde a dhéanamh agus tionscnaimh a fhorbairt i dtaca le modhanna táirgthe inbhuanaithe, le cleachtais nuálacha, le hiomaíochas eacnamaíoch agus le forbairtí sna margaí;

(v)

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar maidir le húsáid cleachtas saothraithe agus teicníochtaí táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, mar aon le cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(vi)

cúnamh teicniúil a chur chun cinn agus a sholáthar i dtaca le caighdeáin tháirgthe a úsáid, feabhas a chur ar cháilíocht táirgí agus forbairt a dhéanamh ar tháirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint acu, a bhfuil tásc geografach faoi chosaint acu nó a chumhdaítear le lipéad náisiúnta cáilíochta.

(vii)

bainistiú fotháirgí agus dramhaíola, go háirithe chun cáilíocht an uisce, na hithreach agus an tírdhreacha a chosaint agus chun bithéagsúlacht a chaomhnú nó a chothú;

(viii)

úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus maolú ar an athrú aeráide a chur chun cinn;

(ix)

tionscnaimh a fhorbairt i réimse an dul chun cinn agus na margaíochta;

(x)

bainistiú a dhéanamh ar na cistí frithpháirteacha dá dtagraítear sna cláir oibríochtúla san earnáil torthaí agus glasraí dá dtagraítear in Airteagal 31(2) den Rialachán seo agus faoi Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(xi)

an cúnamh teicniúil a bhfuil gá leis a sholáthar maidir le húsáid na margaí todhchaíochtaí agus le scéimeanna árachais.

2.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí atá aitheanta faoin mhír 1 aitheantas a fháil ar bhonn leanúnach má théann sí i mbun táirgí faoi chód CN ex 2208 a mhargú, ar táirgí iad seachas na tairgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí, ar choinníoll nach ionann na táirgí sin agus níos mó ná 49 % de luach iomlán tháirgeadh margaithe na heagraíochta tairgeoirí agus nach bhfaigheann na táirgí sin aon tairbhe ó thacaíocht ón Aontas. Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ní chuirtear na táirgí sin san áireamh nuair a ríomhtar luach an táirgthe mhargaithe chun críocha Airteagal 34(2).

3.   De mhaolú ar mhír 1, aithneoidh na Ballstáit eagraíochtaí táirgeoirí, arbh iad a gcomhaltaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, ar eagraíochtaí iad:

(a)

a bunaíodh ar thionscnamh na dtáirgeoirí;

(b)

a bhfuil aidhm shonrach á saothrú acu, a bhféadfaidh ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas nó níos mó ná sin a bheith ar áireamh inti:

(i)

féachaint chuige go ndéanfar táirgeadh a phleanáil agus a oiriúnú de réir an éilimh, go háirithe ó thaobh cáilíochta agus cainníochta;

(ii)

soláthar na dtáirgí a tháirgeann na comhaltaí a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh;

(iii)

na costais táirgthe a bharrfheabhsú agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú

Airteagal 153

Reachtanna eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Ceanglófar ar chomhaltaí ar táirgeoirí iad, le reacht eagraíochta táirgeoirí, an méid seo a leanas go háirithe, chun:

(a)

na rialacha a chur i bhfeidhm arna nglacadh ag an eagraíocht táirgeoirí a bhaineann le tuairisciú táirgthe, táirgeadh, margaíocht agus cosaint an chomhshaoil;

(b)

gan a bheith ina gcomhaltaí ach d'aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas, féadfaidh Ballstáit maolú ar an gcoinníoll sin áfach i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí acu go bhfuil dhá aonad táirgthe ar leith atá lonnaithe i limistéir gheografacha éagsúla i seilbh comhaltaí ar táirgeoirí iad;

(c)

an fhaisnéis a sholáthar don eagraíocht táirgeoirí arna iarraidh sin di chun críocha staidrimh.

2.   Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí déanfar foráil freisin don mhéid seo a leanas:

(a)

nósanna imeachta maidir le bunú, glacadh agus leasú na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1;

(b)

ranníocaíochtaí airgeadais a fhorchur ar chomhaltaí, ar ranníocaíochtaí iad atá riachtanach chun an eagraíocht táirgeoirí a mhaoiniú;

(c)

rialacha a chuirfidh ar chumas na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus na cinntí a dhéanann sí a scrúdú go daonlathach;

(d)

pionóis de bharr sáruithe oibleagáidí faoi na hairteagail chomhlachais, go háirithe neamhíoc ranníocaíochtaí airgeadais, nó de bharr shárú na rialacha atá leagtha síos ag an eagraíocht táirgeoirí;

(e)

rialacha maidir le comhaltaí nua a ligean isteach, go háirithe maidir leis an tréimhse íosta comhaltais nach féidir a bheith níos gaire ná bliain amháin;

(f)

na rialacha cuntasaíochta agus buiséadacha is gá i gcomhair fheidhmiú na heagraíochta.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná mír 2 ar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne ná in earnáil na dtáirgí bainne.

Airteagal 154

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.   I gcás go dtugann Ballstát aitheantas d'eagraíocht táirgeoirí, eintiteas dlíthiúil a bheidh san eagraíocht táirgeoirí a chuireann isteach ar an aitheantas sin nó cuid shoiléir shainmhínithe d'eintiteas dlíthiúil a bheidh ann ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)

comhlíonann sé na ceanglais atá leagtha síos i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 152(1);

(b)

tá líon íosta comhaltaí aige agus/nó cumhdaíonn sé toirt íosta de tháirgeadh indíolta sa limistéar ina n-oibríonn sé, ar toirt íosta í a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos;

(c)

cuirfidh sé dóthain fianaise ar fáil gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí, i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtachta agus tacaíochta daonna, ábhartha agus teicniúil araon a chur ar fáil dá chuid comhaltaí agus, de réir mar is iomchuí, ó thaobh chomhchruinniú an tsoláthair de;

(d)

tá reachtanna aige atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

2.   Maidir le heagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí iad faoi Airteagal 152.

3.   Eagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta go dtí an 1 Eanáir 2015.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas a ngabhfaidh an fhianaise thacaíochta ábhartha ar fad leis, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil an Chaibidil seo á comhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas uair sa bhliain agus tráth nach déanaí ná an 31 Márta faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 155

Seachfhoinsiú

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d'eagraíocht aitheanta táirgeoirí nó do chomhlachas aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí sna hearnálacha a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 173(1) aon chuid dá ngníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú ach amháin táirgeadh, lena n-áirítear seachfhoinsiú chuig fochuideachtaí, ar choinníoll go mbeidh an eagraíocht táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí freagrach i gcónaí as cur i gcrích na gníomhaíochta seachfhoinsithe a áirithiú mar aon leis an rialú agus an mhaoirseacht foriomlán a dhéanfaidh an bhainistíocht ar an socrú tráchtála a bheidh ann i dtaca leis an ngníomh a chur i gcrích.

Airteagal 156

Comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí

1.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí de chuid earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2) agus a cuireadh ar bun ar thionscnamh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta.

Faoi réir na rialacha a ghlactar de bhun Airteagal 173, féadfaidh comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aon cheann de ghníomhaíochtaí nó d'fheidhmeanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit, mar fhreagairt ar iarratas, aitheantas a thabhairt do chomhlachas d'eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne más rud é go measann an Ballstát lena mbaineann go bhfuil ar chumas an chomhlachais aon cheann de na gníomhaíochtaí de chuid eagraíocht aitheanta táirgeoirí a dhéanamh go héifeachtach agus más rud é go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 161(1).

Airteagal 157

Eagraíochtaí idirchraoibhe

1.   Féadfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil ar leith a liostaítear in Airteagal 1(2), ar eagraíochtaí idirchraoibhe iad:

(a)

atá comhdhéanta d'ionadaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha leis an táirgeadh agus le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil táirgí in earnáil amháin nó níos mó, nó trádáil iontu, lena n-áirítear iad a dháileadh;

(b)

atá bunaithe ar thionscnamh roinnt de na heagraíochtaí nó de na cumainn as a bhfuil siad comhdhéanta nó ar thionscnamh na n-eagraíochtaí nó na gcumann sin ar fad;

(c)

a shaothraíonn aidhm ar leith, agus leasa a gcuid comhaltaí agus a gcuid tomhaltóirí á gcur san áireamh acu a n-áireofar orthu, go háirithe, ceann de na cuspóirí a leanas:

(i)

feabhas a chur ar eolas ar an táirgeadh agus ar an margadh agus feabhas a chur ar thrédhearcacht, lena n-áirítear trí shonraí staidrimh comhbhailithe a fhoilsiú maidir le costais tairgthe, le praghsanna, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí innéacsanna praghsanna, le méideanna an táirgthe agus le fad na gconarthaí a tugadh i gcrích cheana, agus trí bhíthin anailís a chur ar fáil ar fhorbairtí a d'fhéadfadh tarlú sa mhargadh ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal idirnáisiúnta amach anseo;

(ii)

tuar a thabhairt i dtaca leis an acmhainneacht táirgthe, agus taifead a choimeád ar phraghsanna margaidh;

(iii)

cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear táirgí ar an margadh, go háirithe trí thaighde agus staidéir ar an margadh a dhéanamh;

(iv)

margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v)

gan dochar do na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 148 agus in Airteagal 168, leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le táirgí talmhaíochta a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(vi)

acmhainneacht na dtáirgí a shaothrú níos fearr, lena n-áirítear ar leibhéal na n-asraonta margaidh agus forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lena gcuirfear neart le hiomaíochas eacnamaíoch agus leis an nuáil;

(vii)

an fhaisnéis riachtanach a sholáthar agus an taighde riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a nuáil, a chuíchóiriú, a fheabhsú agus a choigeartú agus, i gcás inarb iomchuí, an phróiseáil agus an mhargaíocht, chun go soláthrófar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus d'ionchais tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí, lena n-áirítear saintréithe sonracha na dtáirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, agus maidir le cosaint an chomhshaoil;

(viii)

bealaí a lorg chun srian a chur le húsáid táirgí sláinte ainmhithe nó táirgí cosanta plandaí, chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar ionchur eile, chun cáilíocht táirgí agus caomhnú ithir agus uisce a áirithiú, chun sábháilteacht bia a chur chun cinn, go háirithe trí inrianaitheacht táirgí, agus chun feabhas a chur ar shláinte agus leas ainmhithe;

(ix)

modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus, i gcás inarb infheidhme, den phróiseáil agus den mhargaíocht;

(x)

gach gníomh is féidir a ghlacadh chun seasamh le feirmeoireacht orgánach agus sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha agus chun iad a chosaint agus a chur chun cinn;

(xi)

táirgeadh comhtháite inbhuanaithe nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn agus taighde a dhéanamh ar na modhanna sin;

(xii)

tomhaltas sláintiúil agus freagrach na dtáirgí ar an margadh inmheánach a spreagadh agus/nó faisnéis a chur in iúl maidir leis an díobháil a thagann as patrúin ghuaiseacha tomhaltais;

(xiii)

tomhaltas táirgí atá ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí seachtracha a spreagadh, agus/nó faisnéis a chur ar fáil maidir leis na táirgí sin;

(xiv)

cur le bainistiú na bhfotháirgí agus le laghdú agus bainistiú fuíoll.

2.   I gcásanna a bhfuil bonn cirt leo féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, ar bhonn critéar oibíochtúil agus neamh-idirdhealaitheach, go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (c) d'Airteagal 158(1) trí theorainn a chur, ar bhonn réigiúnach nó náisiúnta, le líon na n-eagraíochtaí idirchraoibhe, sa chás go bhforáiltear dá leithéid sin leis na rialacha a bheidh ann roimh an 1 Eanáir 2014 agus i gcás nach ndéanann sin difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair.

3.   De mhaolú ar mhír 1, maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí idirchraoibhe a aithint ar eagraíochtaí iad:

(a)

a bhfuil aitheantas iarrtha go foirmiúil acu agus atá comhdhéanta d'ionadaithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá nasctha le táirgeadh bainne amh agus atá nasctha le ceann amháin ar a laghad de na céimeanna seo a leanas den slabhra soláthair: próiseáil nó trádáil, lena n-áirítear dáileadh, táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne;

(b)

atá bunaithe ar thionscnamh chuid de na hionadaithe, nó na n-ionadaithe ar fad, dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas i réigiún amháin nó níos mó den Aontas, agus leasanna chomhaltaí na n-eagraíochtaí idirchraoibhe agus leasanna tomhaltóirí á gcur san áireamh:

(i)

an t-eolas agus an trédhearcacht sa táirgeacht agus sa mhargadh a fheabhsú, lena n-áirítear trí shonraí staitistiúla a fhoilsiú i dtaca le praghsanna, toirteanna agus fad conarthaí maidir le bainne amh a sheachadadh, ar conarthaí iad a tugadh i gcrích roimhe seo, agus trí anailísí a sholáthar ar fhorbairtí féideartha an mhargaidh amach anseo ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(ii)

cabhrú chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear táirgí earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar an margadh, go háirithe trí bhíthin taighde agus staidéar ar na margaí;

(iii)

tomhaltas a spreagadh, agus faisnéis a chur ar fáil, maidir le bainne agus táirgí bainne i margaí inmheánacha agus i margaí seachtracha araon;

(iv)

margaí onnmhairíochta féideartha a fhiosrú;

(v)

leaganacha caighdeánacha de chonarthaí a tharraingt suas a bheadh i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le bainne amh a dhíol le ceannaitheoirí nó táirgí próiseáilte a sholáthar do dháileoirí agus do mhiondíoltóirí, agus an gá le dálaí cothroma iomaíochta a bhaint amach agus saobhadh an mhargaidh a sheachaint á gcur san áireamh;

(vi)

faisnéis a sholáthar agus an taighde atá riachtanach a dhéanamh chun an táirgeadh a choigeartú i bhfabhar táirgí a oirfidh níos fearr do riachtanais an mhargaidh agus do mhianta agus ionchas tomhaltóirí, go háirithe maidir le cáilíocht na dtáirgí agus cosaint an chomhshaoil;

(vii)

acmhainn táirgthe na hearnála déiríochta a choinneáil ar bun agus a fhorbairt, inter alia trí nuálaíocht a spreagadh agus tacú le cláir do thaighde feidhmeach agus d'fhorbairt fheidhmeach chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an bhainne agus na dtáirgí bainne, go háirithe chun táirgí breisluacha a chruthú atá níos tarraingtí don tomhaltóir;

(viii)

bealaí a lorg chun úsáid táirgí atá dírithe ar shláinte ainmhithe a shrianadh, an bainistiú ar ionchur eile a fheabhsú agus sábháilteacht bia agus sláinte ainmhithe a fheabhsú;

(ix)

modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht;

(x)

leas a bhaint as acmhainneacht na feirmeoireachta orgánaí agus an fheirmeoireacht sin chomh maith le táirgeadh táirgí lena ngabhann sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint agus a chur chun cinn; agus

(xi)

táirgeadh comhtháite nó modhanna eile táirgthe atá slán ó thaobh an chomhshaoil a chur chun cinn

Airteagal 158

Eagraíochtaí táirgeoirí a aithint

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe a chuireann isteach ar an aitheantas sin, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 157;

(b)

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c)

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(1)(a);

(d)

ach amháin i gcásanna atá leagtha síos in Airteagal 162, nach dtéann siad féin i mbun táirgthe, próiseála ná trádála.

2.   Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad de bhun Airteagal 157.

3.   Eagraíochtaí táirgeoirí a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh an 1 Eanáir 2014 ar bhonn an dlí náisiúnta agus nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú a gcuid gníomhaíochtaí faoin dlí náisiúnta go dtí an 1 Eanáir 2015.

4.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe sna hearnálacha go léir a bhí ann roimh theacht isteach an Rialacháin seo, is cuma má aithníodh iad arna iarraidh sin dóibh nó ar bunaíodh faoin dlí iad, cé nach gcomhlíonann siad an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (b) d'Airteagal 157(1) nó i bpointe (b) d'Airteagal 157(3).

5.   I gcás go dtugann na Ballstáit aitheantas d'eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó mír 2 beidh iachall orthu maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas a mbeidh na doiciméid thacaíochta ábhartha ar fad leis; leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

aitheantas a tharraingt siar i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(e)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Roinn 2

Rialacha breise d'earnálacha sonracha

Airteagal 159

Aitheantas éigeantach

De mhaolú ar Airteagail 152 go 158 déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, aitheantas a thabhairt:

(a)

d'eagraíochtaí táirgeoirí:

(i)

in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí i gcás táirge amháin nó níos mó den earnáil sin agus/nó na táirgí sin atá beartaithe le haghaidh próiseála amháin,

(ii)

in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird,

(iii)

in earnáil na seiriceán,

(iv)

in earnáil na leannlusanna;

(b)

d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil na hola olóige agus ológ boird agus in earnáil an tobac.

Airteagal 160

Eagraíochtaí na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

In earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, saothróidh na heagraíochtaí táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí a leagtar amach i bpointí (c)(i), (ii) agus (iii) d'Airteagal 152 (1).

Le reachtanna eagraíochta táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, ceanglófar ar a cuid comhaltaí a dtáirgeadh iomlán lena mbaineann a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí.

Measfar i gcás eagraíochtaí táirgeoirí agus cumainn d'eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go bhfuil siad ag gníomhú, laistigh dá dtéarmaí tagartha, in ainm a gcomhaltaí agus thar ceann a gcomhaltaí i gcúrsaí eacnamaíocha.

Airteagal 161

Aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachais in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne do gach eintiteas dlíthiúil nó do gach cuid d'eintiteas dlíthiúil atá sainithe go soiléir agus a chuireann isteach ar an aitheantas sin, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 152(3);

(b)

go bhfuil líon íosta comhaltaí acu agus/nó go gcumhdaíonn siad toirt íosta de tháirgeadh indíolta, a leagfaidh an Ballstát lena mbaineann síos, sa limistéar ina n-oibríonn siad;

(c)

go bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur féidir leo a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích go cuí i gcaitheamh an ama agus ó thaobh éifeachtacht agus chomhchruinniú an tsoláthair;

(d)

go bhfuil reachtanna acu atá i gcomhréir le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) den mhír seo.

2.   Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 152(2).

3.   Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt d'eagraíocht táirgeoirí laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhiorú go bhfuil forálacha na Caibidle seo á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus ag comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus ar na comhlachais sin agus a chinneadh ar cheart, dá mba ghá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain, faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Airteagal 162

Eagraíochtaí idirchraoibhe in earnálacha na hola olóige, na n-ológ boird agus an tobac

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil na hola olóige, earnáil na'n-ológ boird agus earnáil an tobac, féadfaidh ar a laghad ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas a bheith ar áireamh san aidhm shonrach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 157(1):

(a)

soláthar agus margaíocht tháirgí a mball a chomhchruinniú agus a chomhordú;

(b)

oibriú i gcomhar le chéile chun an táirgeadh agus an próiseáil a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus feabhas a chur ar an táirge;

(c)

cuíchóiriú agus feabhsú an táirgthe agus na próiseála a chur chun cinn.

Airteagal 163

Aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

1.   Féadfaidh na Ballstáit aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ar choinníoll go ndéanann na heagraíochtaí sin an méid seo a leanas:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 157(3);

(b)

go ndéanann siad a ngníomhaíochtaí i réigiún amháin nó níos mó ar an gcríoch lena mbaineann;

(c)

go seasann siad do chion suntasach de na gníomhaíochtaí eacnamaíochta dá dtagraítear in Airteagal 157(3)(a);

(d)

nach mbeidh páirt acu féin i dtáirgeadh, i bpróiseáil ná i dtrádáil na dtáirgí in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne.

2.   Maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a mbeidh aitheantas tugtha dóibh roimh 2 Aibreán 2012 ar bhonn an dlí náisiúnta, agus a chomhlíonann coinníollacha mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go measfar gur eagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe iad faoi Airteagal 157(3).

3.   I gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an rogha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíocht idirchraoibhe i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, beidh iachall orthu maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinneadh a dhéanamh i dtaobh aitheantas a thabhairt don eagraíocht idirchraoibhe laistigh de cheithre mhí ón am a dtaiscfear iarratas in éineacht leis an bhfianaise thacaíochta ábhartha ar fad, leis an mBallstát ina bhfuil ceanncheathrú na heagraíochta;

(b)

seiceálacha a dhéanamh, ag idirthréimhsí a bheidh le cinneadh acu, chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha lena rialaítear a n-aitheantas á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí aitheanta idirchraoibhe;

(c)

i gcás ina mbeidh neamhchomhlíonadh nó neamhrialtachtaí ann i gcur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, na pionóis is infheidhme a bheidh leagtha síos acu a fhorchur ar na heagraíochtaí sin agus a chinneadh ar cheart, más gá sin, an t-aitheantas a tharraingt siar;

(d)

aitheantas a tharraingt siar:

(i)

i gcás nach mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh;

(ii)

i gcás ina bhfuil páirt ag an eagraíocht idirchraoibhe in aon cheann de na comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 210(4), gan dochar d'aon phionóis eile atá le forchur de bhun an dlí náisiúnta;

(iii)

i gcás nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe an dualgas fógartha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 210(2);

(e)

an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 31 Márta gach bliain faoi gach cinneadh a bheidh déanta acu i rith na bliana féilire roimhe sin chun aitheantas a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

Roinn 3

Síneadh na rialacha agus ranníocaíochtaí éigeantacha

Airteagal 164

Rialacha a shíneadh

1.   I gcásanna ina measfar go bhfuil eagraíocht táirgeoirí aitheanta, comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta nó eagraíocht idirchraoibhe aitheanta atá ag oibriú i limistéar sonrach eacnamaíoch nó limistéir shonracha eacnamaíocha de Bhallstát ionadaíoch do tháirgeadh, do thrádáil nó do phróiseáil táirge ar leith, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin don eagraíocht sin, roinnt de na comhaontuithe, de na cinntí nó de na cleachtais chomhbheartaithe a comhaontaíodh laistigh den eagraíocht sin a chur de cheangal go ceann tréimhse teoranta ar oibreoirí eile atá ag oibriú sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha sin, bíodh daoine aonair nó grúpaí nó baill den eagraíocht nó den chomhlachas i gceist nach baill den eagraíocht nó den chomhlachas iad.

2.   Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn "limistéar eacnamaíoch" crios geografach arb é atá ann réigiúin táirgthe thadhlacha nó chomharsanacha ina bhfuil na dálaí táirgthe agus margaíochta aonchineálach.

3.   Measfar go bhfuil eagraíocht nó comhlachais ionadaíoch más rud é, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha den Bhallstát:

(a)

gurb ionann é, mar chion de mhéid táirgthe nó trádála nó próiseála an táirge nó na dtáirgí atá i gceist agus:

(i)

i gcás eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil torthaí agus glasraí, ar a laghad 60 %, nó

(ii)

i gcásanna eile, ar a laghad dhá thrian, agus

(b)

gurb ionann é, i gcás eagraíochtaí táirgeoirí, agus méid is mó ná 50 % de na táirgí lena mbaineann.

I gcás eagraíochtaí idirchraoibhe, áfach, agus go n-eascraíonn deacrachtaí praiticiúla as cion toirt an táirgthe lena mbaineann a chinneadh, nó as cion toirt na trádála sa táirge nó sna táirgí nó as cion toirt phróiseáil an táirge nó na dtáirgí, féadfaidh Ballstát rialacha náisiúnta a leagan síos lena chinnfear leibhéal sonraithe an ionadaíochais dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) den chéad fhomhír.

I gcás ina ndéantar iarraidh ar rialacha a shíneadh chuig oibreoirí eile, má bhaineann sí le níos mó ná réigiún amháin, taispeánfaidh an eagraíocht nó an comhlachas go bhfuil an t-íosleibhéal ionadaíochta acu arna shainiú sa chéad fhomhír i gcás gach ceann de chraobhacha a ghrúpálann sé i ngach ceann de na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann.

4.   Na rialacha faoina bhféadfar síneadh chuig oibreoirí eile a iarraidh dá bhforáiltear i mír 1, beidh ceann amháin de na haidhmeanna seo a leanas acu:

(a)

tuairisciú táirgthe agus tuairisciú margaidh;

(b)

rialacha táirgthe atá níos déine ná na rialacha atá leagtha síos i rialacha an Aontais nó i rialacha náisiúnta;

(c)

conarthaí caighdeánacha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(d)

rialacha maidir le margaíocht;

(e)

rialacha maidir le cosaint an chomhshaoil;

(f)

bearta chun acmhainneacht táirgí a chur chun cinn agus leas a bhaint as an acmhainneacht sin;

(g)

bearta chun feirmeoireacht orgánach chomh maith le sonrúcháin tionscnaimh, lipéid cháilíochta agus tásca geografacha a chosaint;

(h)

taighde chun breisluach a thabhairt do na táirgí, go háirithe trí úsáidí nua nach baol don tsláinte phoiblí iad a bhaint astu;

(i)

staidéir ar conas cáilíocht na dtáirgí a fheabhsú;

(j)

taighde, go háirithe taighde ar mhodhanna saothraithe a d'fhágfadh nár ghá a oiread céanna táirgí cosanta plandaí ná táirgí sláinte ainmhithe a úsáid agus lena ráthófaí go gcaomhnófaí an ithir nó go gcuirfí feabhas ar an gcomhshaol;

(k)

sainiú íoschaighdeán agus sainiú íoschaighdeán maidir le pacáistiú agus cur i láthair;

(l)

úsáid síolta deimhnithe agus faireachán ar cháilíocht na dtáirgí;

(m)

rialacha maidir le sláinte ainmhithe, sláinte plandaí nó sábháilteacht bia;

(n)

rialacha maidir le bainistiú a dhéanamh ar fhotháirgí.

Ní dhéanfaidh na rialacha sin aon dochar d'oibreoirí eile sa Bhallstát lena mbaineann ná san Aontas agus ní bheidh mar thoradh orthu aon cheann de na hiarmhairtí atá liostaithe in Airteagal 210(4) ná ní bheidh siad ar neamhréir ar aon slí eile le dlí an Aontais nó le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm.

5.   Caithfear na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi leathnú na rialacha dá dtagraítear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinntí a ghlactar faoin Airteagal seo.

Airteagal 165

Ranníocaíochtaí airgeadais ó dhaoine aonair nó grúpaí nach comhaltaí iad

I gcás go leathnaítear faoi Airteagal 164 rialacha de chuid eagraíochta táirgeoirí aitheanta, de chuid comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, nó de chuid eagraíochta idirchraoibhe aitheanta agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na rialacha sin chun leasa ghinearálta eacnamaíoch oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann a ngníomhaíochtaí leis na táirgí i gceist, féadfaidh an Ballstát a thug an t-aitheantas, i gcás na n-oibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na ngrúpaí nach baill den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, tar éis dó dul i mbun comhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a dhéanamh gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha aonair sin nó na grúpaí nach comhaltaí den eagraíocht iad, ach a bhaineann tairbhe as na gníomhaíochtaí sin, a íocfaidh leis an eagraíocht na ranníocaíochtaí go léir nó cuid díobh a íocann comhaltaí na heagraíochta sin a mhéid atá na ranníocaíochtaí sin ceaptha costais a chlúdach a thabhaítear go díreach i ngeall ar a bheith ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin.

Roinn 4

Oiriúnú an tsoláthair

Airteagal 166

Bearta chun oiriúnú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú

D'fhonn na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 152 go Airteagal 163 spreagadh chun gníomh a dhéanamh chun coigeartú an tsoláthair do riachtanais an mhargaidh a éascú, amach ó ghníomhaíocht a bhaineann le tarraingt siar ón margadh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir le bearta sna hearnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2),

(a)

lena gcuirtear feabhas ar an gcáilíocht;

(b)

lena gcuirtear eagrú feabhsaithe an táirgthe, na próiseála agus na margaíochta chun cinn;

(c)

lena ndéantar taifeadadh treochtaí i bpraghsanna an mhargaidha éascú;

(d)

lena ndéantar bunú réamh-mheastachán gearrthéarmach agus fadtéarmach ar bhonn na modhanna táirgthe a úsáideadh a cheadú.

Airteagal 167

Rialacha margaíochta chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta a fheabhsú agus a chobhsú

1.   Chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta, lena n-áirítear fíonchaora, úrfhíonta agus na fíonta óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit ar táirgeoirí iad rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú, go háirithe trí chinntí arna ndéanamh ag na heagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 agus Airteagal 158.

Beidh na rialacha sin i gcomhréir leis an gcuspóir atá á saothrú agus:

(a)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargaíocht an táirge lena mbaineann;

(b)

ní cheadóidh siad socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(c)

ní áiritheoidh siad nach mbeidh fáil ar sciar rómhór d'fhómhar an fhíona a bheadh ar fáil murach iad;

(d)

ní chuirfidh siad deis ar fáil chun go ndiúltófar deimhnithe náisiúnta agus deimhnithe Aontais a eisiúint a gá leo i gcomhair cúrsaíochta agus margaíochta fíonta i gcás ina mbeidh an mhargaíocht sin i gcomhréir leis na rialacha sin.

2.   Déanfar na hoibreoirí a chur ar an eolas faoi na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 trína bhfoilsiú ina n-iomláine i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo.

Roinn 5

Córais chonarthaí

Airteagal 168

Caidreamh conarthach

1.   Gan dochar d'Airteagal 148 maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne ná d'Airteagal 125 maidir le hearnáil an tsiúcra, má chineann Ballstát, i dtaca le le táirgí feirmeoireachta ó earnáil seachas bainne agus táirgí bainne agus siúcra, ar táirgí iad a liostaítear in Airteagal 1(2), aon cheann de na nithe seo:

(a)

nach mór aon seachadadh ar a chríocha a dhéanann táirgeoir chuig próiseálaí nó dáileoir a chumhdach le conradh scríofa idir na páirtithe,

(b)

nach mór do na chéad-cheannaitheoirí tairiscint i scríbhinn a dhéanamh chun conradh le haghaidh táirgí feirmeoireachta a bheith á seachadadh ar a chríocha ag an táirgeoir a fháil,

comhlíonfar, le conradh den sórt sin nó le tairiscint den sórt ar chonradh na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 6 den Airteagal seo.

2.   I gcás ina gcinnfidh an Ballstát nach mór seachadtaí na dtáirgí ag táirgeoir ar phróiseálaí a chumhdach le conradh i scríbhinn idir na páirtithe, cinnfidh sé freisin cé acu céim nó céimeanna an tseachadta a bheidh cumhdaithe leis an gconradh sin má dhéantar seachadadh na dtáirgí lena mbaineann trí idirghabhálaí amháin nó níos mó ná sin.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagann siad síos faoin Airteagal seo.

3.   Sa chás a ndéantar tuairisc air i mír 2, féadfaidh an Ballstát sásra idirghabhála a bhunú le go gcumhdófar na cásanna sin nach féidir conradh den sórt sin a thabhairt chun críche ina leith de bhíthin comhaontuithe frithpháirteach, agus caidreamh cothrom conarthach a áirithiú dá bhrí sin.

4.   Maidir le haon chonradh nó tairiscint ar chonradh dá dtagraítear i mír 1:

(a)

déanfar é roimh an seachadadh;

(b)

déanfar i scríbhinn é; agus

(c)

áireofar ann, go háirithe, na gnéithe seo a leanas:

(i)

an praghas is iníoctha ar an seachadadh, ar praghas é:

a bheidh seasta agus a leagfar amach sa chonradh, agus/nó

a ríomhfar trí thosca éagsúla a chur le chéile a bheidh leagtha amach sa chonradh, a bhféadfadh táscairí margaidh a bheith san áireamh iontu lena léirítear athruithe i gcoinníollacha an mhargaidh, an toirt arna seachadadh agus cáilíocht nó comhshuíomh na dtáirgí feirmeoireachta arna seachadadh,

(ii)

cainníocht agus cáilíocht na dtáirgí lena mbaineann a chaithfear nó nach gcaithfear a sheachadadh agus uainiú na seachadtaí sin,

(iii)

fad an chonartha, a bhféadfaidh fad cinnte nó fad éiginnte le clásail foircinn a bheith san áireamh leis,

(iv)

mionsonraí maidir le tréimhsí íocaíochta agus nósanna imeachta,

(v)

socruithe maidir leis na táirgí feirmeoireachta a bhailiú nó a sheachadadh, agus

(vi)

na rialacha is infheidhme i gcás force majeure.

5.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le conradh, nó tairiscint i dtaca le conradh i gcás ina seachadfaidh táirgeoir na táirgí lena mbaineann ar cheannaitheoir ar comharchumann é a bhfuil an táirgeoir ina chomhalta de más rud go bhfuil, i reachtanna an chomharchumainn sin, nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a thagann de na reachtanna sin, forálacha a bhfuil éifeachta acu atá comhchosúil léi siúd atá leagtha amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 4.

6.   Caibidleofar go neamhshrianta idir na páirtithe gnéithe uile na gconarthaí maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta arna gcur i gcrích ag táirgeoirí, ag bailitheoirí, ag próiseálaithe nó ag dáileoirí, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

Gan dochar don chéad fhomhír, beidh feidhm ag ceann amháin den mhéid seo a leanas, nó ag an dá cheann:

(a)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát na conarthaí i scríbhinn maidir le seachadadh táirgí feirmeoireachta a dhéanamh éigeantach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sé fad íosta a bhunú nach mbeidh infheidhme ach amháin maidir le conarthaí i scríbhinn idir táirgeoir agus céad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

(b)

i gcás ina gcinnfidh Ballstát nach mór do chéad-cheannaitheoir na dtáirgí feirmeoireachta tairiscint i scríbhinn ar chonradh a thabhairt don táirgeoir i gcomhréir le mír 1, féadfaidh sé a fhoráil nach mór go n-áireofaí sa tairiscint fad íosta don chonradh, a leagtar amach chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Sé mhí ar a laghad a bheidh san fhad íosta sin agus ní dhéanfaidh sé difear d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Beidh an dara fomhír gan dochar do cheart an táirgeora an fad íosta sin a dhiúltú, ar choinníoll gur i scríbhinn a dhéanfaidh sé é sin. Sa chás sin, beidh na páirtithe saor chun gnéithe uile an chonartha a chaibidliú, lena n-áirítear na gnéithe sin dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit a bhaineann leas as na roghanna dá dtagraítear san Airteagal seo nach ndéanfar dochar d'fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis na forálacha a leagtar síos.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin gcaoi a chuireann siad i bhfeidhm aon bhearta a tugadh isteach faoin Airteagal seo.

8.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm comhionann i bpointe (a) agus (b) de mhír 2 agus de mhír 3 den Airteagal seo agus bearta a bhaineann leis na fógraí a bheidh le tabhairt ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 169

Caibidlíocht chonarthach in earnáil na hola olóige

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil na hola olóige a aithnítear faoi Airteagal 152(1) agus a shaothraíonn ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí i dtaca le comhchruinniú an tsoláthair, i dtaca leis na táirgí a tháirgeann a cuid comhaltaí a chur ar an margadh, i dtaca le barrfheabhas a chur ar na costais táirgthe, caibidlíocht a dhéanamh thar ceann a cuid comhaltaí maidir le cuid de tháirgeadh nó táirgeadh comhiomlánaithe a cuid chomhaltaí nó a dtáirgeadh iomlán i dtaca le conarthaí maidir le hola olóige a sholáthar.

Comhlíonann eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha a luaitear sa mhír seo ar choinníoll go bhfuil comhtháthú gníomhaíochtaí mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin agus gur dóigh go nginfear éifeachtúlacht shonrach leis an gcomhtháthú sin ionas go gcuirfidh gníomhaíochtaí na heagraíochta táirgeoirí ina hiomlán le baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE.

D'fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ar choinníoll mar a leanas:

(a)

go gcuireann an eagraíocht táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(i)

comhdháileadh, lena n-áirítear comhardán díola nó comhiompar;

(ii)

comhphacáistiú, comhlipéadú nó cur chun cinn comhpháirteach;

(iii)

comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(iv)

comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(v)

comhphróiseáil;

(vi)

comhbhainistiú an fhuíll a bhaineann go díreach le táirgeadh ola olóige;

(vii)

comhsholáthar ionchuir;

(b)

tá na gníomhaíochtaí sin sonrach ó thaobh toirt na hola olóige lena mbaineann agus ó thaobh chostas an táirgthe agus costas an táirge a chur ar an margadh.

2.   Féadfaidh an eagraíocht aitheanta táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na táirgeoirí úinéireacht na hola olóige i gceist chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(c)

ar choinníoll, maidir le heagraíocht táirgeoirí ar leith, nach mó ná 20 % den mhargadh ábhartha toirt tháirgeadh na hola olóige a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin agus a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith;

(d)

ar choinníoll, maidir le toirt na hola olóige a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin, go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirge a cuid comhaltaí ar an margadh; chun críocha toirt tháirgeadh na hola olóige dá a ríomh, déanfar idirdhealú idir ola olóige le haghaidh tomhaltais ag daoine agus ola olóige le haghaidh feidhmeanna eile.

(e)

ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na dtáirgeoirí freisin;

(f)

ar choinníoll nach mbeidh an ola olóige cumhdaithe le haon oibleagáid soláthair a eascróidh ó chomhaltas an táirgeora i gcomharchumann nach bhfuil ina chomhalta den eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a thagann de na reachtanna sin; agus

(g)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt na hola olóige a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin a aithnítear faoi Airteagal 156(1).

4.   Chun críocha pointe (c) de mhír 2 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, trí cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid na táirgeachta ola olóige sna Ballstáit.

5.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach ann, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta nó má chineann sé go gcuirtear cuspóirí Airteagal 39 CFAE i mbaol.

I gcás caibidlíochta ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú ar "údarás inniúil náisiúnta" atá i bpointe (a) d'Airteagal 149(7).

6.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (g) de mhír 2 agus mhír 5.

Airteagal 170

Caibidlíocht chonarthach in earnáil na mairteola agus na laofheola

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí in earnáil na mairteola agus na laofheola a aithnítear faoi Airteagal 152(1) agus a shaothraíonn ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí i dtaca le comhchruinniú an tsoláthair, i dtaca leis na táirgí a tháirgeann a cuid comhaltaí a chur ar an margadh, agus i dtaca le costais táirgthe a bharrfheabhsú, caibidlíocht a dhéanamh thar ceann a cuid comhaltaí, maidir le cuid de tháirgeadh comhiomlán a cuid comhaltaí nó a dtáirgeadh iomlán, i dtaca le conarthaí maidir le soláthar eallaí beo den chineál Bos taurus lena marú a thagann faoi Chóid AC ex 0102 29 21, ex 0102 29 41, ex 0102 29 51, ex 0102 29 61, nó ex 0102 29 91) ar eallaí iad atá:

(a)

níos óige ná 12 mhí; agus

(b)

12 mhí d'aois agus níos sine

Comhlíonann eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha a luaitear sa mhír seo ar choinníoll go bhfuil comhtháthú gníomhaíochtaí mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin agus gur dóigh go nginfear éifeachtúlacht shonrach leis an gcomhtháthú sin ionas go gcuirfidh gníomhaíochtaí na heagraíochta táirgeoirí ina hiomlán le baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE.

D'fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ar choinníoll mar a leanas:

(a)

go gcuireann an eagraíocht táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(i)

comhdháileadh, lena n-áirítear comhardán díola nó comhiompar;

(ii)

cur chun cinn comhpháirteach;

(iii)

comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(iv)

comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(v)

comhbhainistiú an fhuíll a bhaineann go díreach le táirgeadh eallaí beo;

(vi)

comhsholáthar ionchuir;

(b)

tá na gníomhaíochtaí sin sonrach ó thaobh toirt na mairteola agus na laofheola lena mbaineann agus ó thaobh chostas an táirgthe agus costas an táirge a chur ar an margadh.

2.   Féadfaidh an eagraíocht aitheanta táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn na feirmeoirí úinéireacht chuig an eagraíocht táirgeoirí;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(c)

ar choinníoll, maidir le heagraíocht táirgeoirí ar leith, nach mbeidh méid na táirgeachta mairteola agus na laofheola a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin agus a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith níos mó ná 15 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán gach táirge dá dtagraítear in (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 i dtéarmaí chomhionann an mheáchain chonablaigh;

(d)

ar choinníoll, maidir le cainníocht na mairteola agus na laofheola a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin, go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirge a cuid comhaltaí ar an margadh;

(e)

ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na dtáirgeoirí freisin;

(f)

ar choinníoll nach mbeidh an táirge i dtrácht cumhdaithe le haon oibleagáid chun soláthair a eascróidh ó chomhaltas an táirgeora i gcomharchumann nach ball den eagraíocht táirgeoirí lena mbaineann é, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(g)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le cainníocht tháirgeadh an mhairteola agus an laofheola a chumhdófar leis an gcaibidlíocht sin.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin a aithnítear faoi Airteagal 156(1).

4.   Chun críocha pointe (c) de mhír 2 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, trí chibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, cainníocht na táirgeachta mairteola agus laofheola sna Ballstáit i dtéarmaí chomhionann an mheáchain chonablaigh.

5.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta, nó má chinneann sé gur cuid de mhargadh ar leith é an táirge a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht de bharr shaintréithe sonracha an táirge nó de bharr na húsáide beartaithe dó agus go gcumhdóidh an chomhchaibidlíocht sin níos mó ná 15 % de tháirgeacht náisiúnta an mhargaidh sin, nó má chinneann sé go bhfuil cuspóirí Airteagal 39 CFAE á gcur i mbaol.

I gcás caibidlíochtaí ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú ar 'údáras iomaíochta náisiúnta' dá bhforáilteari bpointe (a) d'Airteagal 149(7).

6.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (g) de mhír 2 agus mhír 5.

Airteagal 171

Caibidlíocht chonarthach i dtaca le barra curaíochta

1.   Féadfaidh eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagal 152(1) agus a shaothraíonn ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí i dtaca le comhchruinniú an tsoláthair, i dtaca leis na táirgí a tháirgeann a cuid comhaltaí a chur ar an margadh, agus i dtaca le costais táirgthe a bharrfheabhsú, caibidlíocht a dhéanamh thar ceann a cuid comhaltaí, maidir le cuid de tháirgeadh comhiomlán a cuid comhaltaí nó a dtáirgeadh iomlán, i dtaca le conarthaí maidir le soláthar ceann amháin nó níos mó de na tairgi seo a leanas nach bhfuil ceaptha lena gcur agus, i gcás eorna, nach bhfuil ceaptha lena bhracadh:

(a)

gnáthchruithneacht a thagann faoi cód CN ex 1001 99 00;

(b)

eorna a thagann faoi cód CN ex 1003 90 00;

(c)

arbhar indiach a thagann faoi cód CN ex 1005 90 00;

(d)

seagal a thagann faoi cód CN ex 1002 90 00;

(e)

cruithneacht chrua a thagann faoi cód CN ex 1001 19 00;

(f)

coirce a thagann faoi cód CN ex 1004 90 00;

(g)

triteacál a thagann faoi cód CN ex 1008 60 00;

(h)

síol ráibe a thagann faoi cód CN ex 1205;

(i)

síol lus na gréine a thagann faoi cód CN ex 1206 00;

(j)

pónairí soighe a thagann faoi cód CN ex 1201 90 00;

(k)

pónairí léana a thagann faoi cód CN ex 0708 agus ex 0713;

(l)

píseanna léana a thagann faoi cód CN ex 0708 agus ex 0713.

Comhlíonann eagraíocht táirgeoirí na coinníollacha a luaitear sa mhír seo ar choinníoll go bhfuil comhtháthú gníomhaíochtaí mar thoradh ar shaothrú na gcuspóirí sin agus gur dóigh go nginfear éifeachtúlacht shonrach leis an gcomhtháthú sin ionas go gcuirfidh gníomhaíochtaí na heagraíochta táirgeoirí ina hiomlán le baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE.

D'fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ar choinníoll:

(a)

go gcuireann an eagraíocht táirgeoirí ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:

(i)

comhdháileadh, lena n-áirítear comhardán díola nó comhiompar;

(ii)

cur chun cinn comhpháirteach;

(iii)

comheagrú an rialaithe cháilíochta;

(iv)

comhúsáid trealaimh nó áiseanna stórais;

(v)

comhsholáthar ionchuir;

(b)

tá na gníomhaíochtaí sin sonrach ó thaobh toirt na táirgeachta lena mbaineann agus ó thaobh chostas an táirgthe agus costas an táirge a chur ar an margadh.

2.   Féadfaidh an eagraíocht aitheanta táirgeoirí caibidlíocht a dhéanamh:

(a)

cibé acu a n-aistrítear úinéireacht ó na tairgeoirí chuig an eagraíocht táirgeoirí nó nach n-aistrítear;

(b)

cibé acu is ionann nó nach ionann an praghas a chaibidlítear maidir le táirgeadh comhiomlánaithe cuid de na comhaltaí, nó táirgeadh comhiomlánaithe na gcomhaltaí ar fad;

(c)

ar choinníoll, maidir le gach táirge dá dtagraítear i mír 1 agus i leith eagraíochta táirgeoirí ar leith, nach mbeidh méid na táirgeachta a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin a tháirgtear in aon Bhallstát ar leith níos mó ná 15 % de tháirgeadh náisiúnta iomlán na táirgeachta náisiúnta iomlán den táirge sin sa Bhallstát lena mbaineann;

(d)

ar choinníoll, maidir le méid na dtáirgí a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht sin, go gcomhchruinníonn an eagraíocht táirgeoirí an soláthar agus go gcuireann sí táirge a cuid comhaltaí ar an margadh;

(e)

ar choinníoll nach bhfuil na táirgeoirí lena mbaineann ina gcomhaltaí d'eagraíocht táirgeoirí ar bith eile a dhéanann caibidlíocht ar na conarthaí sin ar son na dtáirgeoirí freisin;

(f)

ar choinníoll nach mbeidh an táirge i dtrácht cumhdaithe le haon oibleagáid chun soláthair a eascróidh ó chomhaltas an táirgeora i gcomharchumann nach ball den eagraíocht táirgeoirí lena mbainneann é, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i reachtanna an chomarchumainn nó sna rialacha agus sna cinntí dá bhforáiltear sna reachtanna sin nó a chineann uathu; agus

(g)

ar choinníoll go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sé ag oibriú a chur ar an eolas maidir le toirt na táirgeachta a chumhdófar leis na caibidlíochta sin.

3.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar freisin le tagairtí d'eagraíochtaí táirgeoirí comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin a aithnítear faoi Airteagal 156(1).

4.   Chun pointe (c) de mhír 2 a chur i bhfeidhm, foilseoidh an Coimisiún, trí cibé modh a mheasann sé a bheith iomchuí, méid na táirgeachta sna Ballstáit i leith na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1.

5.   De mhaolú ar phointe (c) de mhír 2, fiú nuair nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach iontu, féadfaidh an t-údarás iomaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo cinneadh a dhéanamh i gcás aonair i dtaobh ar cheart caibidlíocht áirithe na heagraíochta táirgeoirí a athoscailt nó nár cheart di tarlú ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach chun cosc a chur ar eisiamh iomaíochta, nó má chinneann sé gur cuid de mhargadh ar leith é an táirge a chumhdaítear leis an gcaibidlíocht de bharr shaintréithe sonracha an táirge nó de bharr na húsáide beartaithe dó agus go gcumhdóidh an chomhchaibidlíocht sin níos mó ná 15 % de tháirgeacht náisiúnta an mhargaidh sin, nó má chinneann sé go bhfuil cuspóirí Airteagal 39 CFAE á gcur i mbaol.

I gcás caibidlíochtaí ina gcumhdaítear níos mó ná Ballstát amháin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó(3) a chur i bhfeidhm. Is é údarás náisiúnta iomaíochta an Bhallstáit lena mbaineann an chaibidlíocht a dhéanfaidh an cinneadh sin i ngach cás eile.

Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.

Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú ar 'údáras inniúil náisiúnta' dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 149(7).

6.   Maidir leis na Ballstáit ina dtarlóidh an chaibidlíocht i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm phointe (g) de mhír 2 agus mhír 5.

Airteagal 172

Rialáil an tsoláthair maidir le liamhás a bhfuil sonrúchán cosanta tionscnaimh nó tásc cosanta geografach aici

1.   Arna iarraidh sin d'eagraíocht táirgeoirí a aithnítear faoi phointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 152(1) den Rialachán seo, ag eagraíocht idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157(1) den Rialachán seo agus do ghrúpa oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012, féadfaidh na Ballstáit, ar feadh tréimhse teoranta ama, rialacha ceangailteacha a leagan síos maidir le rialáil soláthair liamhás a bheidh ag tairbhiú de shonrúchán cosanta tionscnaimh nó de thásc cosanta geografach faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

2.   Comhlíonfar leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo agus beidh siad faoi réir théarmaí aon chomhaontaithe a bheidh déanta roimh ré idir na páirtithe sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Tabharfar an comhaontú sin chun críche, tar éis dul i gcomhairle le táirgeoirí muc sa limistéar geografach, idir dhá thrian de phróiseálaithe an liamháis ar a laghad arb ionann a mhéid agus dhá thrian ar a laghad den liamhás sin sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus, má mheasann an Ballstát gurb iomchuí é, dhá thrian ar a laghad de tháirgeoirí muc sa limistéar geografach dá dtagraítear in bpointe (c) d'Airteagal 7(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

3.   Maidir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1.

(a)

ní chumhdófar leo ach amháin rialáil sholáthar an táirge lena mbaineann agus/nó a amhábhar agus beidh sé d'aidhm acu soláthar an liamháis sin a oiriúnú don éileamh;

(b)

ní bheidh éifeacht acu ach amháin maidir an táirge lena mbaineann;

(c)

ní fhéadfaidh siad a bheith ceangailteach ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana agus féadfar iad a athnuachan tar éis na tréimhse sin tar éis iarraidh nua, mar a thagraítear dó i mír 1, a fháil;

(d)

ní dhéanfar damáiste leo do thrádáil táirgí seachas na táirgí lena mbaineann na rialacha dá dtagraítear i mír 1;

(e)

ní bhainfidh siad le haon idirbheart tar éis chéadmhargú an liamháis lena mbaineann;

(f)

ní cheadófar leo socrú praghsanna, lena n-áirítear socrú praghsanna mar threoir nó mar mholadh;

(g)

ní áiritheofar leo nach mbeidh fáil ar sciar rómhór den táirge lena mbaineann a bheadh ar fáil murach sin;

(h)

ní chuirfear idirdhealú ar bun leo, nó ní bheidh siad ina mbac d'iontrálaithe nua sa mhargadh nó ina gcúis go ndéanfar dochar do leasanna táirgeoirí beaga;

(i)

rannchuideoidh siad le cáilíocht agus/nó forbairt an táirge lena mbaineann;

4.   Foilseofar na rialacha dá dtagraítear i mír 1 i bhfoilseachán oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann.

5.   Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha chun a áirithiú go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 á gcomhlíonadh, agus i gcás ina gcinnfidh na húdaráis náisiúnta inniúla nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, déanfaidh siad na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún faoi na rialacha dá dtagraítear i mír 1 a bheidh glactha acu. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon fhógra de na rialacha sin.

7.   Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceanglaítear go n-aisghairfidh Ballstát na rialacha atá leagtha síos ag an mBallstát sin de bhun mhír 1 más léir don Choimisiún nach gcomhlíonann na rialacha sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 4 nó go ndéanann siad iomaíocht a chosc nó a shaobhadh i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach, nó saorthrádáil a chur i gcontúirt nó go bhfuil baint amach chuspóirí Airteagal 39 CFAE á chur i mbaol. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) den Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Roinn 6

Rialacha nós imeachta

Airteagal 173

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí na dtáirgeoirí, agus eagraíochtaí idirchraoibhe a shainiú go soiléir chun cur lena éifeachtaí atá gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin gan ualach riaracháin míréireach agus gan baint de phrionsabail shaoirse an chomhlachais go háirithe i ndáil le neamhchomhaltaí na n-eagraíochtaí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na hábhair seo a leanas i ndáil le heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, eagraíochtaí idirchraoibhe agus eagraíochtaí oibreoirí le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), nó táirgí sonracha na n-earnálacha sin.

(a)

na cuspóirí sonracha a fhéadfaidh eagraíochtaí agus comhlachais den sórt sin a shaothrú; agus, i gcás inarb infheidhme, a chuirtear leo siúd atá leagtha síos in Airteagal 152 go hAirteagal 163;

(b)

rialacha na n-eagraíochtaí agus na gcomhlachas sin, reachtanna eagraíochtaí seachas eagraíochtaí táirgeoirí, na coinníollacha sonracha is infheidhme maidir le reachtanna na n-eagraíochtaí táirgeoirí in earnálacha áirithe, lena n-áirítear maoluithe ar [an oibleagáid an táirgeacht go léir a mhargú tríd an eagraíocht táirgeoirí dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 160, struchtúr, tréimhse ballraíochta, méid, cuntasacht agus gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin agus na gcomhlachas sin, na héifeachtaí a eascraíonn as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar, agus as cumaisc;

(c)

na coinníollacha maidir leis an aitheantas, le haitheantas a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, na héifeachtaí a thagann as an aitheantas, as aitheantas a tharraingt siar agus as é a chur ar fionraí chomh maith leis na ceanlais do na heagraíochtaí agus na comhlachais sin maidir le bearta feabhais a dhéanamh mura n-urramaítear na critéir aitheantais;

(d)

eagraíochtaí agus comhlachais thrasnáisiúnacha lena n-áirítear na rialacha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo;

(e)

na rialacha a bhaineann le bunú an chúnaimh riaracháin agus le coinníollacha an chúnamh riaracháin a bheidh le tabhairt ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcás comhair thrasnáisiúnta;

(f)

na hearnálacha a bhfuil feidhm ag Airteagal 161 maidir leo, na coinníollacha maidir le gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú, cineál na ngníomhaíochtaí a fhéadfar a sheachfhoinsiú agus soláthar acmhainní teicniúla ag eagraíochtaí nó comhlachais;

(g)

an bonn ar a ríomhfar íosmhéid nó íosluach de tháirgeadh indíolta eagraíochtaí agus comhlachas;

(h)

glacadh le comhaltaí nach táirgeoirí iad i gcás na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus nach eagraíochtaí táirgeoirí iad i gcás comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(i)

síneadh rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 164 chuig eagraíochtaí nach comhaltaí iad agus an íocaíocht éigeantach suibscríbhinní ó eagraíochtaí nach comhaltaí iad dá dtagraítear in Airteagal 165, lena n-áirítear úsáid agus leithdháileadh na n-íocaíochtaí sin ó na heagraíochtaí sin agus liosta de na rialacha níos déine táirgthe a fhéadfar a shíneadh faoi phointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 164(4), agus é á áirithiú go bhfuil eagraíochtaí den chineál sin trédhearcach agus cuntasach i leith neamhcomhaltaí go nach gcaitear níos fabharaí le comhaltaí d'eagraíochtaí den chineál sin ná mar a chaithfear le neamhchomhaltaí, go háirithe maidir le híocaíocht éigeantach síntiús a úsáid;

(j)

breis ceanglas maidir le hionadaíocht a dhéanamh ar na heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 164, na limistéir eacnamaíocha lena mbaineann, lena n-áirítear scrúdú a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shainiú na limistéar sin; íostréimhsí a mbeidh feidhm ag na rialacha lena linn sula gcuirfear síneadh leo, na daoine nó na heagraíochtaí a bhféadfar na rialacha nó na ranníocaíochtaí a chur i bhfeidhm maidir leo, agus na himthosca ina bhféadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal go ndiúltófar nó go dtarraingeofar siar síneadh na rialacha nó na ranníocaíochtaí éigeantacha.

2.   D'fhonn a áirithiú go saineofar go soiléir cuspóirí agus freagrachtaí eagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí agus eagraíochtaí idirchraoibhe in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, chun cur le héifeachtacht ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sin gan ualach míchuí a chur orthu, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta agus do chomhlachais thrasnáisiúnta eagraíochtaí táirgeoirí;

(b)

na rialacha a bhaineann le bunú an chúnaimh riaracháin agus le coinníollacha an chúnamh riaracháin a bheidh le tabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí, lena n-áirítear comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, ag na húdaráis inniúla ábhartha i gcás comhair thrasnáisiúnta;

(c)

rialacha breise maidir le ríomh thoirt an bhainne amh a chumhdófar leis an gcaibidilíocht dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 149(2) agus in Airteagal 149(3);

(d)

rialacha maidir le síneadh rialacha áirithe de chuid na n-eagraíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 164 chuig eagraíochtaí nach comhaltaí iad agus an íocaíocht éigeantach suibscríbhinní ó eagraíochtaí nach comhaltaí iad dá dtagraítear in Airteagal 165.

Airteagal 174

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm, go háirithe:

(a)

bearta chun cur chun feidhme a dhéanamh ar na coinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe a leagtar amach in Airteagal 154 agus in Airteagal 158;

(b)

nósanna imeachta i gcás ina ndéanfar cumasc idir eagraíochtaí táirgeoirí;

(c)

nósanna imeachta a chinnfidh na Ballstáit maidir le híosmhéid agus maidir le híostréimhse ballraíochta;

(d)

nósanna imeachta a bhaineann le síneadh rialacha agus ranníocaíocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165, go háirithe cur i bhfeidhm an choincheapa "limistéar eacnamaíoch" dá dtagraítear in Airteagal 164(2);

(e)

nósanna imeachta maidir le cúnamh riaracháin;

(f)

nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú;

(g)

nósanna imeachta agus dálaí teicniúla a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 166.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Mar mhaolú ar mhír 1, maidir le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a bheidh riachtanach do:

(a)

cur chun feidhme na gcoinníollacha chun aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí táirgeoirí agus dá gcomhlachais agus d'eagraíochtaí idirchraoibhe a leagtar amach in Airteagal 161 agus in Airteagal 163;

(b)

an fógra dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 149(2);

(c)

na fógraí a dhéanfaidh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 161(3), le pointe (e) d'Airteagal 163(3), le hAirteagal 149(8) agus le hAirteagal 150(7);

(d)

na nósanna imeachta a bhaineann le cúnamh riaracháin i gcás comhair thrasnáisiúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 175

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún cinntí aonair a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá i mbun gníomhaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin, de bhun na rialacha a ghlactar faoi phointe (d) d'Airteagal 174(1);

(b)

agóid i gcoinne aitheantais ó Bhallstát ar eagraíocht idirchraoibhe nó sin a aistarraingt;

(c)

an liosta de na limistéir eacnamaíocha sin a dtugann na Ballstáit fógra ina leith de bhun na rialacha a ghlacfar faoi phointe (h) d'Airteagal 174(1) agus faoi phointe (d) d'Airteagal 174(2);

(d)

an ceanglas ar Bhallstát síneadh rialacha nó ranníocaíochtaí éigeantacha ó neamhchomhaltaí a chinnfidh an Ballstát sin a dhiúltú nó a aisghairm.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3).

CUID III

TRÁDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA

CAIBIDIL I

Ceadúnais allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin

Airteagal 176

Rialacha ginearálta

1.   Gan dochar do chásanna ina n-éileofar ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo, allmhairiú táirge amháin nó níos mó ó na hearnálacha a leanas isteach san Aontas lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta nó onnmhairiú táirge talmhaíochta amháin nó níos mó as an Aontas, féadfar é a chur faoi réir ceadúnas a thíolacadh:

(a)

gránaigh;

(b)

rís;

(c)

siúcra;

(d)

síolta;

(e)

ola olóige agus ológa boird, maidir le táirgí a thagann faoi chuimsiú chóid AC 1509, 1510 00, 0709 92 90, 0711 20 90, 2306 90 19, 1522 00 31 agus 1522 00 39;

(f)

líon agus cnáib, a mhéad a bhaineann le cnáib;

(g)

torthaí agus glasraí;

(h)

torthaí agus glasraí próiseáilte;

(i)

earnáil na mbananaí;

(j)

fíon;

(k)

plandaí beo;

(l)

mairteoil agus laofheoil;

(m)

bainne agus táirgí bainne;

(n)

muiceoil;

(o)

earnáil na caoireola agus na feola gabhair;

(p)

uibheacha;

(q)

feoil éanlaithe clóis;

(r)

earnáil an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta

2.   Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais d'aon iarratasóir, beag beann ar a áit bhunaíochta san Aontas, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i ngníomh a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 43(2) CFAE, agus é sin gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 177, Airteagal 178 agus Airteagal 179 den Rialachán seo.

3.   Beidh na ceadúnais bailí ar fud an Aontais.

Airteagal 177

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a chur san áireamh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na caighdeáin sóisialta, comhshaoil agus leasa ainmhithe is infheidhme de chuid an Aontais, an gá atá le faireachán a dhéanamh ar fhorás cúrsaí trádála agus forbairtí sa mhargadh, ar allmhairiú agus ar onnmhairiú na dtáirgí, mar aon leis an gá atá ann an margadh a bhainistiú ar bhonn fónta agus an gá atá leis an ualach riaracháin a laghdú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena gcinnfear:

(a)

liosta na dtáirgí ó na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 176(1) faoi réir ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh;

(b)

na cásanna agus na himthosca nach mbeidh sé de cheangal iontu ceadúnas allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin a thíolacadh, lena gcuirfear san áireamh stádas custaim na dtáirgí lena mbaineann, na socruithe trádála a bheidh le comhlíonadh, cuspóirí na n-oibríochtaí, stádas dlíthiúil an iarratasóra agus na cainníochtaí a bheidh i gceist.

2.   D'fhonn eilimintí breise an chórais cheadúnais a sholáthar, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos rialacha maidir leis na hábhair seo a leanas:

(a)

na cearta agus na hoibleagáidí a thagann ón gceadúnas agus éifeachtaí dlíthiúla an cheadúnais, agus na cásanna ina bhfuil feidhm ag lamháltas maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanamh ar an líon a luaitear ar an gceadúnas nó i gcás ina bhfuil an áit thionscnaimh le léiriú ar an gceadúnas;

(b)

foráil a dhéanamh go mbeidh eisiúint ceadúnais allmhairiúcháin nó scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta faoi réir tíolacadh doiciméid arna eisiúint ag tríú tír nó ag eintiteas a dheimhníonn, inter alia, tionscnamh, barántúlacht agus saintréithe cáilíochta na dtáirgí;

(c)

aistriú an cheadúnais nó srianta ar an inaistritheacht sin;

(d)

coinníollacha breise do cheadúnais allmhairiúcháin i gcomhair cnáibe i gcomhréir le hAirteagal 189 agus prionsabal an chúnaimh riaracháin idir Bhallstáit chun calaois nó neamhrialtachtaí a chosc nó chun déileáil leo;

(e)

na cásanna agus na himthosca a chinneadh ina gceanglaítear nó nach gceanglaítear urrús a thaisceadh lena ráthaítear go ndéanfar na táirgí a allmhairiú nó a onnmhairiú laistigh de thréimhse bailíochta an cheadúnais.

Airteagal 178

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá a ghlacadh chun an Chaibidil seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

formáid agus ábhar an cheadúnais allmhairiúcháin;

(b)

cur isteach iarratas, eisiúint ceadúnas agus úsáid ceadúnas;

(c)

tréimhse bhailíochta an cheadúnais agus méid an urrúis a bheidhle taisceadh agus na nósanna imeachta chuige sin;

(d)

na nósanna imeachta le haghaidh, agus méid, an urrúis le taisceadh;

(e)

an cruthúnas gur comhlíonadh na ceanglais maidir le húsáid ceadúnas;

(f)

an leibhéal lamháltais maidir le hurramú na hoibleagáide allmhairiú nó onnmhairiú a dhéanamh ar an líon a luaitear ar an gceadúnas;

(g)

eisiúint ceadúnas athsholáthair agus ceadúnas dúblach;

(h)

an chaoi a bpróiseálfaidh na Ballstáit na ceadúnais agus an malartú faisnéise is gá chun an córas a bhainistiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir leis an gcúnamh sonrach riaracháin idir Ballstáit.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 179

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha chur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena gcuirtear teorainn leis na cainníochtaí a bhféadfar ceadúnais a eisiúint lena n-aghaidh;

(b)

lena ndiúltaítear do na cainníochtaí ar cuireadh iarratas isteach orthu; agus

(c)

lena gcuirtear an tíolacadh iarratas ar fionraí d'fhonn an margadh a bhainistiú i gcás ina gcuirfear iarratais isteach ar chainníochtaí móra.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL II

Dleachtanna allmhairiúcháin

Airteagal 180

Cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta agus gníomhartha áirithe eile

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar sios bearta chun na ceanglais atá leagtha síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh[…] i gcrích i gcomhréir leis […]an gConradh a chomhlíonadh, [nó in aon ghníomh ábhartha eile] arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) nó le hAirteagal 207 CFAE, nó faoin gComhtharaif Chustaim maidir le dleachtanna allmhairiúcháin i leith táirgí talmhaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 181

Córas an phraghais iontrála i gcás táirgí áirithe de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus earnáil na bhfíonta

1.   Maidir le cur i bhfeidhm ráta dleachta na Comhtharaife Custaim i leith táirgí de chuid earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus i leith sú fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor, beidh praghas iontrála coinsíneachta comhionann lena luach custaim arna ríomh i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle (41) (an Cód Custaim) agus Rialachán (CE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún (42).

2.   D'fhonn éifeachtúlacht an chóráis a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun foráil a dhéanamh go seiceálfar fírinneacht phraghas iontrála dearbhaithe na coinsíneachta trí leas a bhaint as luach allmhairiúcháin ar ráta comhréidh agus go soláthrófar na coinníollacha faoina n-éilítear urrús a thaisceadh.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar rialacha maidir le ríomh an luacha allmhairiúcháin ar ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 182

Dleachtanna allmhairiúcháin breise

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear na táirgí sin in earnáil na ngránach, in earnáil na ríse, in earnáil an tsiúcra, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, in earnáil na mairteola agus na laofheola, in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, in earnáil na muiceola, in earnáil na caoireola agus na feola gabhair, in earnáil na n-uibheacha, in earnáil na feola éanlaithe clóis agus na mbananaí, agus in earnáil na dtáirgí sú fíonchaor agus na dtáirgí úrfhíona fíonchaor, a ndéanfar, i gcás ina n-allmhairítear iad faoi réir an ráta dleachta a leagtar síos sa Chomhtharaif Chustaim, dleacht bhreise allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm maidir leo, chun éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh an Aontais a d'fhéadfadh teacht as na hallmhairí sin a chosc nó chun cur ina n-aghaidh, más rud é:

(a)

go ndéanfar na hallmhairithe ar phraghas níos ísle ná an leibhéal a chuir an tAontas in iúl don Eagraíocht Dhomhanda Trádála EDT (an truicearphraghas); nó

(b)

go sáróidh méid na n-allmhairí leibhéal áirithe (an truicearmhéid) i mbliain ar bith.

Bunófar an truicearmhéid ar dheiseanna rochtana ar an margadh a shaineofar mar allmhairí i bhfoirm céatadán den tomhaltas comhfhreagrach intíre ar feadh na dtrí bliana roimhe sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Ní fhorchuirfear dleachtanna breise allmhairiúcháin nuair nach dócha go suaithfidh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh na héifeachtaí díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir a bheartófar.

3.   Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhí de mhír 1, cinnfear praghsanna allmhairiúcháin ar bhonn praghsanna costas, árachais agus last-táille na coinsíneachta atá á bhreithniú. Déanfar praghsanna chostas, árachas agus last-táille allmhairiúcháin a sheiceáil in aghaidh phraghsanna ionadaíocha an táirge sin ar an margadh domhanda nó phraghsanna ionadaíocha an táirge ar mhargadh allmhairiúcháin an Aontais.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos nabearta is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 183

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena socraítear:

(a)

leibhéal an dleachta allmhairiúcháin a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach i gcomhaontú idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhréir le CFAE, sa Chomhtharaif Chustaim agus sna gníomhartha chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 180;

(b)

na praghsanna ionadaíocha agus na truicearmhéideanna chun críocha breis dleachtanna allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú na rialacha arna nglacadh de bhun an chéad fhomhír d'Airteagal 182(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan an nós imeachta da dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL III

Bainistiú an taraifchuóta agus cóir speisialta d'onnmhairithe ó thríú tíortha

Airteagal 184

Cuótaí taraife

1.   Cuótaí taraife ar allmhairí táirgí talmhaíochta scaoilfear le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas (nó i gcuid de), nó cuótaí taraife ar allmhairí táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais isteach i dtríú tíortha a bheidh le riar ina n-iomláine nó i bpáirt ag an Aontas, ar cuótaí taraife iad a bheidh ina dtoradh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le CFAE nó as aon ghníomh eile arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43(2) nó le hAirteagal 207 CFAE, déanfaidh an Coimisiún iad a oscailt agus/nó a riar trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 186 agus trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 187 agus Airteagal 188 den Rialachán seo.

2.   Riarfar na cuótaí taraife ar dhóigh go seachnófar gach dealú idir na hoibreoirí lena mbaineann, trí cheann de na modhanna seo a leanas nó teaglaim díobh nó modh oiriúnach eile a chur i bhfeidhm:

(a)

modh a bheidh bunaithe ar an ord croineolaíoch inar cuireadh iarratais isteach (prionsabal 'tús freastail ar an gceann is túisce');

(b)

modh dáileacháin a bheidh comhréireach leis na cainníochtaí a iarradh nuair a tíolacadh na hiarratais ('modh an scrúdaithe chomhuainigh');

(c)

modh a bheidh bunaithe ar phatrúin trádála thraidisiúnta a chur san áireamh (ag baint úsáide as an 'modh traidisiúnta/núíosach').

3.   Déanfaidh an modh riaracháin a ghlacfar an méid seo a leanas:

(a)

i gcás cuótaí taraifí allmhairiúcháin, tabharfaidh sé an aird is cuí ar riachtanais soláthair mhargadh táirgthe, próiseála agus tomhaltais an Aontais, idir an margadh atá ann cheana agus an margadh atá ag teacht chun cinn, i dtaca le hiomaíochas, le deimhneacht agus le leanúnachas an tsoláthair agus ar an ngá atá le cothromaíocht an mhargaidh sin a chosaint, agus

(b)

i gcás cuótaí taraifí onnmhairiúcháin, fágfaidh sé go bhféadfar an úsáid is mó is féidir a bhaint as an gcuóta lena mbaineann.

Airteagal 185

Taraifchuótaí sonracha

Chun éifeacht a thabhairt dona cuótaí taraife chun 2 000 000 tona arbhair Indiaigh agus 300 000 tona sorguim a allmhairiú isteach sa Spáinn agus i gcás na gcuótaí taraife chun 500 000 tona arbhair Indiaigh a allmhairiú isteach sa Phortaingéil a chur i gcrích, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227 lena mbunaítear na forálacha is gá chun na hallmhairí cuótaí taraife a dhéanamh agus, nuair is iomchuí sin, na forálacha maidir le stóráil phoiblí na gcainníochtaí allmhairithe ag gníomhaireachtaí íocaíochta na mBallstát lena mbaineann agus maidir lena ndiúscairt ar mhargaí na mBallstát sin.

Airteagal 186

Cumhachtaí tarmligthe

1.   D'fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar na cainníochtaí a bheidh ar fáil agus go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí laistigh den taraifchuóta, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227:

(a)

lena gcinnteofar na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas a chur isteach laistigh den taraifchuóta; d'fhéadfadh sé go gceanglódh na forálacha i gceist íosmhéid taithí ar thrádáil le tríú tíortha agus le críocha asamhlaithe, nó ar ghníomhaíocht phróiseála, taithí arna sloinneadh in íosmhéid ama agus i dtréimhse íosta in earnáil ar leith den mhargadh; féadfaidh rialacha sonracha a bheith ar áireamh sna forálacha sin chun freastal ar riachtanais agus ar chleachtais earnála áirithe, agus ar úsáidí agus riachtanais tionscal próiseála;

(b)

lena mbunófar rialacha maidir le cearta a aistriú idir oibreoirí agus i gcás inar gá, na teorainneacha le haistriú laistigh de bhainistiú an taraifchuóta;

(c)

rannpháirtíocht sa chuóta taraife allmhairiúcháin a chur faoi réir urrús a thaisceadh;

(d)

lena bhforálfar, i gcás inar gá, d'aon saintréithe sonracha, riachtanais nó srianta is infheidhme maidir leis an gcuóta taraife mar a leagtar amach sa chomhaontú idirnáisiúnta nó sa ghníomh eile dá dtagraítear in Airteagal 184(1) é.

2.   D'fhonn a áirithiú go bhféadfadh táirgí allmhairithe tairbhiú de chóir speisialta ar a n-allmhairiú isteach i dtríú tír in imthosca áirithe, de bhun comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas i gcomhréir le CFAE, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 den Rialachán seo, maidir le rialacha lena ndéanfar ceangal a chur ar údaráis inniúla na mBallstát doiciméad a eisiúint, arna iarraidh sin dóibh agus tar éis do na seiceálacha cuí a bheith déanta, ar doiciméad é lena ndeimhneofar go gcomhlíonfar na coinníollacha do tháirgí a fhéadfaidh tairbhiú de chóir speisialta, nuair a dhéanfar iad a allmhairiú isteach i dtríú tír agus má dhéantar imthosca áirithe a urramú.

Airteagal 187

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

na cuótaí taraife bliantúla, agus, más ga, iad céimnithe ar bhealach oiriúnach feadh na bliana, agus ina theannta sin an modh riaracháin a bheidh le húsáid;

(b)

nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sonracha atá leagtha síos sa chomhaontú nó sa ghníomh lena nglactar na socruithe allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

ráthaíochtaí a chumhdaíonn cineál, foinse agus tionscnamh an táirge;

(ii)

aitheantas a thabhairt don doiciméad a úsáideadh chun na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (i) a fhíorú;

(iii)

tíolacadh doiciméid a d'eisigh an tír is onnmhaireoir;

(iv)

ceann scríbe agus úsáid na dtáirgí;

(c)

tréimhse bhailíochta na gceadúnas nó na n-údaruithe;

(d)

na nósanna imeachta agus méid an urrúis a bheidh le taisceadh;

(e)

úsáid ceadúnas agus, i gcás inar gá sin, na bearta sonracha, go háirithe, maidir leis na coinníollacha faoina gcuirfear isteach iarratais ar allmhairiú agus faoina ndeonófar údarú laistigh den chuóta taraife;

(f)

nósanna imeachta agus critéir theicniúla chun Airteagal 185 a chur i bhfeidhm.

(g)

bearta riachtanacha maidir le hábhar, foirm, eisiúint agus úsáid an doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 186(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 188

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, maidir le bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas lena ráthófar nach sárófar na cainníochtaí a bheidh ar fáil laistigh den chuóta taraife, go háirithe trí chomhéifeacht leithdháilte a shocrú le haghaidh gach iarratais nuair a shroichtear na cainníochtaí atá ar fáil, trí iarratais ar feitheamh a dhiúltú agus, i gcás inar gá sin, trí thíolacadh na n-iarratas a chur ar fionraí.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca leis na cainníochtaí nár úsáideadh a ath-leithdháileadh.

3.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL IV

Forálacha speisialta allmhairiúcháin i gcás táirgí áirithe

Airteagal 189

Allmhairithe cnáibe

1.   Ní fhéadfar na táirgí seo a leanas a allmhairiú isteach san Aontas ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

fíorchnáib amh atá faoi chuimsiú chód AC 5302 10 00 agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013;

(b)

síolta de chineálacha cnáibe atá faoi chuimsiú chód AC ex 1207 99 20, ar síolta iad atá le cur, agus cruthúnas ag gabháil leo nach sáraíonn leibhéal teitrihidreacannaibionóil an chineáil atá i gceist an leibhéal a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 32(3) agus Airteagal 35(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

(c)

síolta cnáibe nach bhfuil le cur, faoi chuimsiú chód AC 1207 99 91 agus a allmhairítear ag allmhaireoirí a bhfuil údarú acu ón mBallstát agus acu sin amháin chun a áirithiú nach bhfuil sé beartaithe na síolta sin a chur.

2.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar do rialacha níos srianta arna nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le CFAE agus leis na hoibleagáidí faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht.

Airteagal 190

Allmhairithe cnáibe

1.   Ní fhéadfar táirgí earnáil na leannlusanna a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más ionann a gcaighdeáin cháilíochta ar a laghad agus na caighdeáin cháilíochta arna nglacadh le haghaidh táirgí comhchosúla arna mbaint laistigh den Aontas nó atá déanta ó na táirgí sin.

2.   Measfar go bhfuil táirgí den chaighdeán dá dtagraítear i mír 1 má tá fianú in éineacht leo a d'eisigh údaráis na tíre tionscnaimh agus a aithnítear a bheith coibhéiseach leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 77.

I gcás púdair leannlusanna, púdair leannlusanna a bhfuil cion níos airde lúpailin ann, eastóscán leannlusanna, agus táirgí leannlusanna measctha, ní fhéadfar an fianú a aithint mar choibhéiseach leis an deimhniú ach amháin mura bhfuil cion aigéid alfa na dtáirgí sin níos ísle ná cion aigéid alfa na leannlusanna ónar ullmhaíodh iad.

3.   Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, na coinníollacha a shocrú nach bhfuil feidhm ag na hoibleagáidí maidir le fianú coibhéise agus lipéadú pacáistithe fúthu.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar sios na bearta is gá chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na rialacha maidir le fianuithe coibhéise a aithint agus allmhairí leannlusanna a sheiceáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 191

Maoluithe maidir le táirgí arna n-allmhairiú agus urrús speisialta in earnáil an fhíona

Féadfar maoluithe a ghlacadh ó phointe 5 de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn VIII, nó ó Roinn C de Chuid II d'Iarscríbhinn VI maidir le táirgí arna n-allmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 43(2) CFAE, de bhun oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

I gcás maoluithe ar phointe 5 de Roinn B de Chuid II d'Iarscríbhinn VIII, déanfaidh allmhaireoirí urrús i leith na dtáirgí sin a thaisceadh leis na húdaráis chustaim ainmnithe tráth a scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta iad. Scaoilfear an t-urrús nuair a sholáthróidh an t-allmhaireoir cruthúnas a shásóidh údaráis chustaim an Bhallstáit ina scaoilfear na táirgí le haghaidh saorchúrsaíochta:

(a)

nár thairbhigh na táirgí de na maoluithe; nó,

(b)

i gcás inar thairbhigh siad de na maoluithe, nach ndearnadh fíonta díobh, nó i gcás ina ndearnadh fíonta díobh, gur cuireadh an lipéadú iomchuí orthu.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios rialacha d'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, lena n-áirítear méideanna an urrúis agus céard is lipéadú iomchuí ann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 192

Siúcra amh do scagadh a allmhairiú

1.   Go dtí deireadh na bliana margaí 2016-2017, deonófar cumas allmhairiúcháin eisiach 2 500 000 tonna in aghaidh na bliana margaí, a léirítear i siúcra bán, do scagairí lánaimseartha.

2.   Measfar gur scagaire lánaimseartha an t-aon mhonarcha phróiseála biatais siúcra a bhí ag feidhmiú sa Phortaingéil in 2005.

3.   Ní eiseofar ceadúnais allmhairiúcháin i gcomhair siúcra lena scagadh ach do scagairí lánaimseartha amháin ar choinníoll nach sáraíonn na cainníochtaí lena mbaineann na cainníochtaí dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfar na ceadúnais a aistriú ach idir scagairí lánaimseartha amháin agus téann a mbailíocht in éag ag deireadh na bliana margaíochta dár eisíodh iad.

Beidh feidhm ag an mír seo ar feadh an chéad trí mhí de gach bliain mhargaíochta.

4.   D'fhonn a áirithiú go scagfar siúcra allmhairithe lena scagadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos an méid a leanas:

(a)

téarmaí a úsáid le haghaidh oibriú na socruithe allmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na coinníollacha agus na ceanglais cháilitheachta a ghlacadh nach mór d'oibreoir a chomhlíonadh chun iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin a thaisceadh, lena n-áirítear taisceadh urrúis;

(c)

rialacha a ghlacadh maidir le pionóis riaracháin atá le gearradh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, lena leagtar síos na rialacha is gá maidir leis na doiciméid tacaíochta a bheidh le soláthar i gcomhar leis na ceanglais agus leis na hoibleagáidí is infheidhme d'allmhaireoirí, agus go háirithe do scagairí lánaimseartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 193

Fionraí dleachtanna allmhairiúcháin in earnáil an tsiúcra

Go dtí deireadh na bliana margaíochta 2016-2017, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéanfar, chun an soláthar is gá a ráthú i gcomhair mhonarú táirgí dá dtagraítear in Airteagal 140(2), dleachtanna allmhairiúcháin a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt i gcás cainníochtaí áirithe maidir leis na táirgí seo a leanas:

(a)

siúcra a thagann faoi chuimsiú chód AC 1701;

(b)

iseaglúcós a thagann faoi chuimsiú chóid AC 1702 30 10, 1702 40 10, 1702 60 10 agus 1702 90 30.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL V

Cosaint agus próiseáil isteach

Airteagal 194

Bearta cosanta

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcoinne allmhairithe isteach san Aontas, faoi réir mhír 3 den Airteagal seo, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 (43) agus Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 (44) ón gComhairle.

2.   Ach amháin má fhoráiltear dá mhalairt in aon ghníomh eile ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus in aon ghníomh eile ón gComhairle, déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta i gcoinne allmhairí isteach san Aontas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích le CFAE.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina mbeidh forais phráinneacha ríthábhachtacha ann a mbeidh údar maith leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(3).

Na bearta a ghlacfar, cuirfear in iúl iad láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena gcúlghairmfear nó lena leasófar bearta cosanta de chuid an Aontais a ghlacfar de bhun mhír 3 den Airteagal seo a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina mbeidh forais phráinneacha ríthábhachtacha ann a mbeidh údar maith leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(3).

Airteagal 195

Socruithe próiseála agus próiseála isteach a chur ar fionraí

I gcás ina gcuirfear isteach ar mhargadh an Aontais nó inar dóigh go gcuirfear isteach air de thoradh socruithe próiseála nó próiseála isteach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, úsáid na socruithe próiseála nó próiseála isteach a chur ar fionraí i bpáirt nó go hiomlán, i gcás táirgí earnálacha na ngránach, na ríse, an tsiúcra, na hola olóige agus na n-ológ boird, na dtorthaí agus na nglasraí, na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, an fhíona, na mairteola agus na laofheola, an bhainne agus na dtáirgí bainne, na muiceola, na caoireola agus na feola gabhair, na n-uibheacha, na feola éanlaithe clóis agus an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina mbeidh forais phráinneacha ríthábhachtacha ann a mbeidh údar maith leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(3).

Na bearta a ghlacfar, cuirfear in iúl iad láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

CAIBIDIL VI

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

Airteagal 196

Raon Feidhme

1.   A mhéid is gá chun onnmhairí a dhéanamh ar bhonn luachanna nó phraghsanna an mhargaidh dhomhanda nuair a thagann dálaí ar an margadh inmheánach faoi raon feidhme Airteagal 219(1) agus in Airteagal 221 agus laistigh de na teorainneacha arb iad comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir leis an gConradh is bunús leo, féadfar an difríocht idir na luachanna sin agus praghsanna san Aontas a chumhdach le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin don méid seo a leanas:

(a)

táirgí na n-earnálacha seo a leanas a bheidh le honnmhairiú gan tuilleadh próiseála:

(i)

gránaigh;

(ii)

rís;

(iii)

siúcra, maidir leis na táirgí a liostaítear i bpointí (b) go (d) agus (g) de Chuid III d'Iarscríbhinn I;

(iv)

mairteoil agus laofheoil;

(v)

bainne agus táirgí bainne;

(vi)

muiceoil;

(vii)

uibheacha;

(viii)

feoil éanlaithe clóis;

(b)

na táirgí atá liostaithe i bpointí (i) go (iii), (v) agus (vii) de phointe (a) den mhír seo ar táirgí iad atá le honnmhairiú i bhfoirm earraí próiseáilte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 (45), agus i bhfoirm táirgí ina bhfuil siúcra arna liostú i bpointe (b) de Chuid X d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin do tháirgí a onnmhairíodh i bhfoirm earraí próiseáilte níos mó ná na haisíocaíochtaí is infheidhme maidir leis na táirgí céanna a onnmhairíodh gan tuilleadh próiseála.

3.   Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 219(1) agus Airteagal 221, EUR 0 a bheidh san aisíocaíocht a bheidh ar fáil do na táirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 197

Dáileadh na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

Is éard a bheidh sa mhodh leithdháilte do chainníochtaí a fhéadfar a onnmhairiú le haisíocaíocht onnmhairiúcháin ná an modh leithdháilte:

(a)

an modh is oiriúnaí do chineál an táirge agus don staid sa mhargadh ábhartha, agus a fhágfaidh gur féidir an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní a bheidh ar fáil, agus aird á tabhairt ar éifeachtúlacht agus ar struchtúr onnmhairí an Aontais agus ar a dtionchar ar chothromaíocht an mhargaidh, gan idirdhealú a dhéanamh idir na hoibreoirí lena mbaineann agus go háirithe idir oibreoirí móra agus oibreoirí beaga;

(b)

an modh is éasca d'oibreoirí ó thaobh riaracháin, agus aird á tabhairt ar na riachtanais riaracháin.

Airteagal 198

Socrú na n-aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin

1.   Beidh feidhm ag na haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin céanna maidir leis na táirgí céanna ar fud an Aontais. D'fhéadfaidís a bheith éagsúil de réir cinn scríbe, go háirithe i gcásanna inar gá sin de bharr staid an mhargaidh dhomhanda, de bharr sainriachtanas margaí áirithe, nó de bharr oibleagáidí de thoradh comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir leis an gConradh.

2.   Déanfaidh an Chomhairle bearta maidir le haisíocaíochtaí a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 43(3) CFAE.

Airteagal 199

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a dheonú

1.   Ní dheonófar aisíocaíochtaí ar tháirgí a liostaítear i bpointe (a) d'Airteagal 196(1) a onnmhairítear mar sin gan tuilleadh próiseála ach amháin ar iarratas agus ar thíolacadh ceadúnais onnmhairiúcháin.

2.   Is éard a bheidh san aisíocaíocht is infheidhme maidir le táirgí atá liostaithe in Airteagal 196(1) an aisíocaíocht is infheidhme an lá a chuirtear iarratas isteach ar an gceadúnas, nó an aisíocaíocht a thagann as an nós imeachta tairisceana lena mbaineann agus, i gcás aisíocaíochta difreáilte, an aisíocaíocht is infheidhme an lá céanna:

(a)

maidir leis an gceann scríbe a shonrófar ar an gceadúnas; nó

(b)

maidir leis an gceann scríbe iarbhír má tá sé sin éagsúil leis an gceann scríbe a shonrófar ar an gceadúnas, agus sa chás sin ní sháróidh an méid is infheidhme an méid is infheidhme maidir leis an gceann scríbe a shonrófar ar an gceadúnas.

3.   Íocfar an aisíocaíocht nuair a chuirfear cruthúnas isteach:

(a)

gur imigh na táirgí ó chríoch chustaim an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 161 den Chód Custaim;

(b)

i gcás aisíocaíochta difreáilte, gur allmhairíodh na táirgí isteach ag an gceann scríbe a shonrófar ar an gceadúnas nó ag ceann scríbe eile a raibh aisíocaíocht socraithe maidir leis, gan dochar do phointe (b) de mhír 2.

Airteagal 200

Aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ar ainmhithe beo in earnáil na mairteola agus na laofheola

Maidir le táirgí earnáil na mairteola agus na laofheola, beidh deonú agus íocaíocht na haisíocaíochta d'onnmhairí ainmhithe beo faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le leas ainmhithe a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus, go háirithe, cosaint ainmhithe le linn iompair.

Airteagal 201

Teorainneacha le honnmhairithe

Déanfar na gealltanais mhéide atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE a urramú ar bhonn ceadúnas onnmhairiúcháin a eisíodh do na tréimhsí tagartha a bhfuil feidhm acu maidir leis na táirgí lena mbaineann.

Maidir le hoibleagáidí faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Thalmhaíocht a chomhlíonadh, ní dhéanfar deireadh a chur le tréimhse thagartha difear do bhailíocht ceadúnas onnmhairiúcháin.

Airteagal 202

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin mar is ceart, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena leagtar síos an ceanglas urrús a thaisceadh lena ráthófar go gcuirfear oibleagáidí na n-oibreoirí i gcrích.

2.   Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí agus ar na húdaráis a laghdú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena socrófar tairseacha nach mbeadh ceanglas ann faoina mbun ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint nó a thíolacadh, lena n-ainmneofar cinn scríbe agus oibríochtaí ina bhféadfaidh údar a bheith le díolúine ó cheadúnas onnmhairiúcháin a thíolacadh, agus lena gceadófar ceadúnais onnmhairiúcháin a dheonú ex-post i gcásanna a mbeidh údar leo.

3.   D'fhonn déileáil le cásanna praiticiúla ina mbeidh údar maith le cáilitheacht iomlán nó pháirteach chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil, agus chun cuidiú le hoibreoirí dul tríd an tréimhse idir an t-iarratas ar aisíocaíocht onnmhairiúcháin agus íocaíocht dheireanach na haisíocaíochta onnmhairiúcháin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil le rialacha maidir le:

(a)

dáta eile don aisíocaíocht;

(b)

réamhíocaíocht aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin lena n-áirítear na coinníollacha maidir le hurrús a thaisceadh agus a scaoileadh;

(c)

cruthúnas breise i gcás amhrais faoi cheann scríbe fíreannach táirgí agus an deis go ndéanfaí na táirgí sin a athallmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais;

(d)

cinn scríbe a ndéileáiltear leo mar onnmhairí ón Aontas, agus áireamh ceann scríbe laistigh de chríoch chustaim an Aontais atá cáilithe chun aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fháil.

4.   Chun comhionannas rochtana a áirithiú ar aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin d'onnmhaireoirí na dtáirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn i a ghabhann leis na Conarthaí agus d'onnmhaireoirí a dtáirgí próiseáilte, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 199(1) agus (2) maidir le táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 196(1).

5.   D'fhonn a áirithiú go n-onnmhaireofar táirgí a thairbheoidh d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin ó chríoch chustaim an Aontais agus nach dtiocfaidh siad ar ais go dtí an chríoch sin agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú d'oibreoirí agus iad ag fáil cruthúnais agus á thíolacadh gur shroich táirgí aisíocaíochta tír a gcinn scríbe i gcás ina bhfuil aisíocaíochtaí difreáilte, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil le rialacha maidir leis an méid a leanas:

(a)

an teorainn ama nach mór an imeacht ó chríoch chustaim an Aontais a thabhairt chun críche fúithi, lena n-áirítear an t-am i gcomhair athiontrála sealadaí;

(b)

an phróiseáil a fhéadfar a dhéanamh i rith na tréimhse sin ar tháirgí atá ag tairbhiú d'aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin;

(c)

an cruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil;

(d)

na tairseacha agus na coinníollacha aisíocaíochta faoina bhféadfar díolúine ón gcruthúnas sin a thabhairt d'onnmhaireoirí;

(e)

coinníollacha maidir le formheas a dhéanfaidh tríú páirtithe neamhspleácha ar an gcruthúnas gur sroicheadh ceann scríbe chun aisíocaíochtaí difreáilte a fháil.

6.   Chun na honnmhaireoirí a spreagadh dálaí leasa ainmhithe a urramú agus na húdaráis inniúla a chumasú chun ceartchaiteachas aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a fhíorú i gcás ina mbeidh sé sin ag brath ar cheanglais maidir le leas ainmhithe a urramú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil le ceanglais leasa ainmhithe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear tríú páirtithe neamhspleácha a úsáid.

7.   Chun saintréithe sonrachasaintréithe sonracha na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227, lena mbunófar ceanglais shonracha agus coinníollacha sonracha a ghlacadh maidir le hoibreoirí agus maidir leis na táirgí a bheidh cáilithe d'aisíocaíocht onnmhairiúcháin, agus comhéifeachtaí chun críocha aisíocaíochtaí onnmhairiúcháin a ríomh lena gcuirfear san áireamh próiseas aosaithe i leith deochanna biotáille ar leith a thagann ó ghránaigh.

Airteagal 203

Cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar sios na bearta is gá a ghlacadh chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme, go háirithe:

(a)

maidir le hathdháileadh na gcainníochtaí in-onnmhairithe nár leithdháileadh ná nár úsáideadh;

(b)

maidir leis an modh chun íocaíocht na haisíocaíochta onnmhairiúcháin a ríomh an athuair nuair nach mbeidh an cód táirge nó an ceann scríbe a luafar ar cheadúnas ag teacht leis an táirge nó leis an gceann scríbe iarbhír;

(c)

maidir le táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 196(1);

(d)

maidir leis na nósanna imeachta agus méid an urrúis a bheidh le taisceadh;

(e)

maidir leis na bearta a ghlacfar de bhun Airteagal 202(4) a chur i bhfeidhm.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 204

Cumhachtaí eile cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh:

(a)

lena leagtar síos bearta iomchuí chun mí-úsáid na solúbthachta dá bhforáiltear in Airteagal 199(2) a chosc, go háirithe i leith an nós imeachta chun iarratais a thíolacadh;

(b)

lena leagtar síos na bearta is gá chun na gealltanais mhéide dá dtagraítear in Airteagal 201 a urramú, lena n-áirítear deireadh a chur le ceadúnas onnmhairithe a eisiúint nó eisiúint na gceadúnas a theorannú i gcás ina sárófar na gealltanais sin nó ina bhféadfaí iad a shárú;

(c)

lena socraítear comhéifeachtaí atá i bhfeidhm maidir le haisíocaíochtaí onnmhairiúcháin i gcomhréir leis na rialacha a ghlacfar de bhun Airteagal 202(7).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin gan gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3)a chur i bhfeidhm.

CAIBIDIL VII

Próiseáil amach

Airteagal 205

Socruithe próiseála amach a chur ar fionraí

I gcás ina gcuirfear isteach ar mhargadh an Aontais nó inar dóigh go gcuirfear isteach air de thoradh socruithe próiseála amach, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear, arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, úsáid na socruithe próiseála amach ar fionraí i bpáirt nó go hiomlán, i gcás táirgí earnáil na ngránach, earnáil na ríse, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, earnáil an fhíona, earnáil na mairteola agus na laofheola, earnáil na muiceola, earnáil na caoireola agus na feola gabhair agus earnáil na feola éanlaithe clóis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh ina leith, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, laistigh de chúig lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 229(2).

I gcás ina mbeidh forais phráinneacha ríthábhachtacha ann a mbeidh údar maith leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(3).

Na bearta a ghlacfar, cuirfear in iúl iad láithreach do na Ballstáit agus beidh éifeacht acu láithreach.

CUID IV

RIALACHA IOMAÍOCHTA

CAIBIDIL I

Rialacha a bhaineann le gnóthais

Airteagal 206

Treoracha ón gCoimisiún i ndáil le rialacha iomaíochais a chur i bhfeidhm maidir le talmhaíocht

Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Rialachán seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 42 CFAE, beidh feidhm ag Airteagal 101 go hAirteagal 106 CFAE agus ag na forálacha cur chun feidhme a ghabhann leo, faoi réir Airteagal 207 go hAirteagal 210 den Rialachán seo, maidir le gach comhaontú, gach cinneadh agus gach cleachtas dá dtagraítear in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102 CFAE a bhaineann le táirgeadh nó trádáil táirgí talmhaíochta.

Chun go n-áiritheofar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha iomaíocha an Aontais, cuirfidh an Coimisiún agus údaráis iomaíochta na mBallstát rialacha iomaíochta an Aontais i bhfeidhm i ndlúthchomhar lena chéile.

Thairis sin, foilseoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, treoracha chun cuidiú leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta, agus le gnóthais.

Airteagal 207

Margadh Ábhartha

Uirlis chun na teorainneacha iomaíochta idir ghnólachtaí a shainaithint agus a shainiú is ea an sainmhíniú den mhargadh ábhartha, agus bunófar é ar dhá eilimint charnacha:

(a)

an margadh táirgí ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'margadh táirgí' an margadh lena gcuimsítear na táirgí uile sin a measann an tomhaltóir iad a bheith inmhalartaithe nó inionadaithe de bharr thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáide beartaithe;

(b)

an margadh geografach ábhartha: chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'margadh geografach' an margadh lena gcuimsítear an limistéar ina bhfuil baint ag na gnólachtaí lena mbaineann i soláthar na dtáirgí ábhartha, ina bhfuil na dálaí iomaíochta aonfhoirmeach a dhóthain agus ar féidir iad a shonrú ó limistéir chomharsanacha, go háirithe toisc go bhfuil na dálaí iomaíocha difriúil go maith sna limistéir sin.

Airteagal 208

Ceannasacht

Chun críocha na Caibidle seo, ciallaíonn 'ceannasacht' staid eacnamaíoch láidir atá ag an ngnóthas a chumasaíonn dó iomaíocht éifeachtach a chosc sa mhargadh ábhartha tríd an chumhacht a thabhairt dó feidhmiú neamhspleách go mór ar a chuid iomaitheoirí, ar a chuid custaiméirí agus sa deireadh ar an chuid tomhaltóirí.

Airteagal 209

Eisceachtaí: cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta agus feirmeoirí agus a gcomhlachais

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 206 den Rialachán seo agus atá riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 39 CFAE a bhaint amach.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe de chuid feirmeoirí, comhlachas feirmeoirí, nó comhlachas na gcomhlachas sin, eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi Airteagal 152 den Rialachán seo, ná comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí atá aitheanta faoi Airteagal 156 den Rialachán seo, ar comhaontuithe, cinntí agus cleachtais iad a bhaineann le táirgeadh nó díol táirgí talmhaíochta nó úsáid comháiseanna chun táirgí talmhaíochta a stóráil, a chóireáil nó a phróiseáil, ach amháin má chuirfear cuspóirí Airteagal 39 CFAE i gcontúirt.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo le comhaontuithe, le cinntí ná le cleachtais chomhbheartaithe a mbainfidh oibleagáid leo praghas comhionann a mhuirearú nó lena n-eiseofar iomaíocht.

2.   Comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe lena gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar iad a thoirmeasc ná ní bheidh gá le réamhchinneadh chuige sin.

Maidir le haon imeachtaí náisiúnta nó maidir le haon imeachtaí de chuid an Aontais i ndáil le hAirteagal 101 CFAE a chur i bhfeidhm, beidh ar an bpáirtí nó ar an údarás a líomhnaíonn sárú ar Airteagal 101(1) an sárú sin a chruthú. Beidh ar an bpáirtí a éilíonn na díolúintí dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a chruthú go bhfuil coinníollacha na míre sin á gcomhlíonadh.

Airteagal 210

Comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe eagraíochtaí idirchraoibhe

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le cinntí, comhaontuithe ná cleachtais chomhbheartaithe de chuid eagraíochtaí idirchraoibhe atá aitheanta faoi Airteagal 157 den Rialachán seo a bhfuil d'aidhm acu gníomhaíochtaí atá liostaithe i bpointe (c) d'Airteagal 157(1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 157(3) den Rialachán seo a dhéanamh, agus i gcás earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus earnáil an tobac, in Airteagal 162 den Rialachán seo.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 ar an gcoinníoll:

(a)

gur cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear sa mhír sin; agus

(b)

más rud é nár chinn an Coimisiún, laistigh de dhá mhí tar éis dó na sonraí ar fad is gá a fháil, nach luíonn na comhaontuithe sin, na cinntí sin nó na cleachtais chomhbheartaithe sin le rialacha an Aontais.

I gcás nach gcinneann an Coimisiún nach luíonn na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe sin le rialacha an Aontais, leagfaidh sé a chinneadh amach gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm.

3.   Ní fhéadfar na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm roimh dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2.

4.   Dearbhófar cibé nach bhfuil comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhaontaithe ag luí le rialacha an Aontais más rud é:

(a)

go bhféadfadh idir-roinnt margaí de chineál ar bith laistigh den Aontas a bheith mar thoradh orthu;

(b)

go bhféadfaidís cur isteach ar dhea-fheidhmiú eagraíocht an mhargaidh;

(c)

go bhféadfaidís saobhadh iomaíochta a chruthú nach bhfuil fíor-riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta a bhaint amach a bheidh á saothrú ag gníomhaíocht na heagraíochta idirchraoibhe;

(d)

go socróidh siad praghsanna nó cuótaí;

(e)

go bhféadfaidís idirdhealú nó díothú iomaíochta a chruthú i dtaca le cion substaintiúil de na táirgí a bheidh i gceist.

5.   Má mheasann an Coimisiún, tar éis dhul in éag na tréimhse dhá mhí dá dtagraítear i bpointe (b)) den chéad fhomhír de mhír 2nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé cinneadh, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, lena ndearbhófar go bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir leis an gcomhaontú, leis an gcinneadh nó leis an gcleachtas comhbheartaithe a bheidh i gceist.

Ní bheidh feidhm ag an gcinneadh sin ón gCoimisiún tráth níos luaithe ná an dáta a dtugtar fógra ina leith don eagraíocht idirchraoibhe lena mbaineann, murar thug an eagraíocht idirchraoibhe sin faisnéis mhícheart nó murar bhain sí mí-úsáid as an díoluine dá bhforáiltear i mír 1.

6.   I gcás comhaontuithe ilbhliantúla, beidh fógra na chéad bhliana bailí do bhlianta eile an chomhaontaithe. Mar sin féin, sa chás sin féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát eile cinneadh a eisiúint maidir le neamhluí tráth ar bith.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na bearta is gá maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL II

Rialacha maidir le státchabhair

Airteagal 211

Airteagail 107 go 109 CFAE a chur i bhfeidhm

1.   Beidh feidhm ag Airteagal 107 go hAirteagal 109 CFAE maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta.

2.   De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag Airteagal 107 go hAirteagal 109 CFAE maidir le híocaíochtaí a dhéanfaidh Ballstáit de bhun aon cheann de na nithe seo a leanas agus i gcomhréir leo:

(a)

na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhaoineoidh an tAontas ina n-iomláine nó i bpáirt;

(b)

Airteagail 213 go 218 den Rialachán seo.

Airteagal 212

Íocaíochtaí náisiúnta a bhaineann le cláir thacaíochta in earnáil an fhíona

De mhaolú ar mhír 44(3), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dheonú i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le Státchabhair i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 45, 49 agus 50.

Beidh feidhm ag an ráta uasta cabhrach a leagtar síos i rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair maidir le maoiniú poiblí foriomlán, lena n-áirítear cistí an Aontais agus cistí náisiúnta.

Airteagal 213

Íocaíochtaí náisiúnta do réinfhianna san Fhionlainn agus sa tSualainn

Faoi réir an údarú arna ghlacadh ag an Coimisiúin, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3) a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Fhionlainn agus an tSualainn íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh do tháirgeadh agus do mhargú réinfhianna agus táirgí réinfhia (Cóid CN ex 0208 agus ex 0210) a mhéad nach dtiocfaidh aon mhéadú ar na leibhéil táirgthe thraidisiúnta dá bharr sin.

Airteagal 214

Íocaíochtaí náisiúnta d'earnáil an tsiúcra san Fhionlainn

Féadfaidh an Fhionlainn íocaíochtaí náisiúnta suas le EUR 350 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana margaíochta a dhéanamh do shaothraithe biatais siúcra.

Airteagal 215

Íocaíochtaí náisiúnta don bheachadóireacht

Féadfaidh Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta faoi leith a dhéanamh do chosaint beachlann a bheidh faoi mhíbhuntáiste de dhroim dálaí struchtúracha nó nádúrtha nó íocaíochtaí a dhéanamh faoi phleananna forbartha eacnamaíocha, ach amháin i gcás íocaíochtaí a leithdháilfear ar chúrsaí táirgthe nó trádála.

Airteagal 216

Íocaíochtaí náisiúnta le haghaidh driogadh fíona i gcásanna géarchéime

1.   Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh do tháirgeoirí fíona do dhriogadh deonach nó éigeantach fíona i gcásanna géarchéime a mbeidh údar leo.

Beidh na híocaíochtaí sin comhréireach agus beidh siad ina gcuidiú le dul i ngleic leis an ngéarchéim sin.

Ní sháróidh méid iomlán na n-íocaíochtaí a bheidh ar fáil i mBallstát in aon bhliain ar leith 15 % de na cistí a bheidh ar fáil san iomlán in aghaidh an Bhallstáit mar a leagtar síos don bhliain sin in Iarscríbhinn VI.

2.   Déanfaidh Ballstáit ar mian leis úsáid a bhaint as na híocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 fógra cuí-réasúnaithe a thíolacadh don Choimisiún. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an mbeart a fhormheas agus na híocaíochtaí a dhéanamh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(2) nó (3)a chur i bhfeidhm.

3.   Úsáidfear an t-alcól a bheidh mar thoradh ar dhriogadh dá dtagraítear i mír 1 chun críocha tionsclaíocha nó fuinnimh agus chun na gcríoch sin amháin chun aon saobhadh hiomaíochta a sheachaint.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar sios na bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 217

Íocaíochtaí náisiúnta ar mhaithe le táirgí a dháileadh ar leanaí

Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 23 agus in Airteagal 26, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh ar mhaithe le táirgí a sholáthar do pháistí i bhforais oideachais agus ar mhaithe leis na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Féadfaidh na Ballstáit na híocaíochtaí sin a mhaoiniú trí thobhach a ghearradh ar an earnáil lena mbaineann nó trí aon ranníocaíocht eile ón earnáil phríobháideach.

Sa bhreis ar an gcabhair ón Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 23, féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh chun bearta tionlacain a mhaoiniú is gá le go mbeidh scéim an Aontais chun tairgí torthaí agus glasraí, táirgí torthaí agus glasraí próiseáilte agus táirgí bananaí éifeachtach, dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 218

Íocaíochtaí náisiúnta do chnónna

1.   Féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh, suas le EUR 120,75 ar a mhéad, in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, d'fheirmeoirí a tháirgeoidh na táirgí seo a leanas:

(a)

almóinní a thagann faoi Chóid AC 0802 11 agus 0802 12;

(b)

cnónna coill nó faoisceoga a thagann faoi Chóid AC 0802 21 agus 0802 22;

(c)

gallchnónna a thagann faoi Chóid AC 0802 31 00 agus 0802 32 00;

(d)

cnónna piostáise a thagann faoi Chóid AC 0802 51 00 agus 0802 52 00;

(e)

pónairí lócaiste a thagann faoi Chód AC 1212 92 00.

2.   Ní fhéadfar na híocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a íoc ach i leith na limistéar uasta seo:

An Ballstát

Limistéar uasta (ha)

An Bheilg

100

An Bhulgáir

11 984

An Ghearmáin

1 500

An Ghréig

41 100

An Spáinn

568 200

An Fhrainc

17 300

An Iodáil

130 100

An Chipir

5 100

Lucsamburg

100

An Ungáir

2 900

An Ísiltír

100

An Pholainn

4 200

An Phortaingéil

41 300

An Rómáin

1 645

An tSlóivéin

300

An tSlóvaic

3 100

An Ríocht Aontaithe

100

3.   Féadfaidh na Ballstáit deonú na n-íocaíochtaí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh coinníollach ar na feirmeoirí a bheith ina gcomhaltaí d'eagraíochtaí táirgeoirí a dtabharfar aitheantas dóibh faoi Airteagal 152.

CUID V

FORÁLACHA GINEARÁLTA

CAIBIDIL I

Bearta eisceachtúla

Roinn 1

Suaitheadh sa mhargadh

Airteagal 219

Bearta in aghaidh suaitheadh sa mhargadh

1.   D'fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus go héifeachtach ar bhagairtí go suaithfí an margadh, bagairtí arb é ardú suntasach nó titim shuntasach i bpraghsanna ar an margadh inmheánach nó seachtrach is cúis leo nó imeachtaí nó tosca eile lena ndéanfar na margaí a shuaitheadh go suntasach nó go mbaineann bagairt leo go suaithfí na margaí, ar dócha go leanfaidh an staid sin nó a cuid éifeachtaí ar an margadh ar aghaidh nó go rachaidh siad chun donais, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 i ndáil leis na beartais gá chun aghaidh a thabhairt ar staid an mhargaidh, agus aon oibleagáid atá mar thoradh ar na comhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE á n-urramú ar choinníoll go bhfuil an chuma air nach dealraíonn aon bhearta eile atá ar fáil faoin Rialachán seo leordhóthanach.

Sna cásanna baoil suaite margaidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nuair a éileoidh mórchúiseana práinne é, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 228 den Rialachán seo maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an chéad fhomhír den mhír seo.

Féadfar a áireamh ar na forais fhíor phráinne sin an gá le gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh margaidh nó chun é a chosc, i gcás ina dtarlaíonn na bagairtí suaite margaidh chomh sciobtha sin nó gan choinne i dtreo is nach mbeadh éifeacht ach amháin le gníomhú grod chun na dálaí sin a láimhseáil ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil, nó sa chás ina bhféadfaí bagairtí suaite margaidh dá sórt a chosc ó tharlú, ó leanúint ar aghaidh nó ó bheith ina ngéarchéim níos tromchúisí nó níos fadtréimhsí, nó i gcás, toisc gníomhú láithreach a mhoilliú, go ndéanfaí an suaitheadh a tharraingt nó a ghéarú nó go gcaithfí raon na mbeart a mbeadh gá leo níos déanaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt nó ar an suaitheadh a mhéadú nó i gcás go mbeadh táirgeadh nó dálaí margaidh thíos leis an moill sin.

2.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 maidir le táirgí a liostaítear i Mír 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

Féadfaidh an Coimisiún áfach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta fíorphráinne dá dtagraítear in Airteagal 228, cinneadh a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin maidir le ceann amháin nó níos mó de na táirgí arna liostú i Roinn 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha nós imeachta riachtanacha agus critéir theicniúla riachtanachachun na bearta a ghlacfar faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Roinn 2

Bearta um thacaíocht mhargaidh a bhaineann le galair ainmhtihte agus laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe nó do phlandaí

Airteagal 220

Bearta a bhaineann le galair ainmhithe agus le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh mi dtaca le bearta tacaíochta don mhargadh atá buailte d'fhonn aird a thabhairt:

(a)

ar na srianta ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar thrádáil le tríú tíortha a chur san áireamh, ar srianta iad a d'fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm beart a ceapadh chun dul i ngleic le leathadh galar ainmhithe, agus

(b)

ar shuaitheadh tromchúiseach margaidh a cuireadh síos go díreach do laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d'ainmhithe, nó do phlandaí agus i ngeall ar ghalar.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Beidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear i mír 1 maidir le haon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

(a)

mairteoil agus laofheoil;

(b)

bainne agus táirgí bainne;

(c)

muiceoil;

(d)

earnáil na caoireola agus na feola gabhair;

(e)

uibheacha;

(f)

earnáil na feola éanlaithe clóis.

Na bearta dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a bhaineann le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, nó do phlandaí, beidh feidhm acu freisin maidir le gach táirge talmhaíochta eile seachas iad sin atá liostaithe i Roinn 2 de Chuid XXIV d'Iarscríbhinn I.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 228, lena síntear liosta na dtáirgí sa chéad dá fhomhír den mhír seo.

3.   Déanfar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

4.   Ní fhéadfar na bearta dá bhforáiltear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhéanamh ach amháin má tá bearta sláinte agus tréidliachta glactha go tapa ag an mBallstát lena mbaineann chun deireadh a chur leis an ngalar, agus ní fhéadfar iad a dhéanamh ach amháin a mhéad a bheidh siad fíor-riachtanach agus ar feadh na tréimhse a bheidh fíor-riachtanach le tacú leis an margadh lena mbaineann.

5.   Cuirfidh an tAontas páirtmhaoiniú ar fáil a bheidh coibhéiseach le 50 % den chaiteachas a iompróidh na Ballstáit as na bearta dá bhforáiltear i mír 1.

Mar sin féin, maidir le hearnáil na mairteola agus na laofheola, earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne, earnáil na muiceola agus na caoireola agus earnáil na feola gabhair, cuirfidh an tAontas páirtmhaoiniú ar fáil a bheidh coibhéiseach le 60 % den chaiteachas sin i gcás ina bhfuiltear ag cur comhraic ar chrúb agus béil.

6.   I gcás ina ndéanann táirgeoirí ranníocaíocht le caiteachas a iompróidh na Ballstáit, áiritheoidh na Ballstáit nach saobhfaidh sé sin cúrsaí iomaíochta idir táirgeoirí i mBallstáit éagsúla.

Roinn 3

Fadhbanna sonracha

Airteagal 221

Bearta chun fadhbanna sonracha a réiteach

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir bearta práinne a mbeidh gá leo agus a bhféadfar údar a thabhairt leo chun fadhbanna sonracha a réiteach. Ní fhéadfaidh na bearta sin maolú ó fhorálacha an Rialacháin seo ach a mhéid a bhfuil fíorghá leis, agus go ceann tréimhse a bhfuil fíorghá léi. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Chun fadhbanna sonracha a réiteach, agus i gcás go n-éileoidh mór chúiseanna práinne cuí réasúnaithe é, maidir le cásanna arb é is móide go mbeidh siad ina gcúis le meath ar na dálaí táirgthe agus margaidh a bhféadfadh sé go mbeadh sé deacair aghaidh a thabhairt orthu dá gcuirfí moill ar bhearta a ghlacadh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 229(3).

3.   Ní ghlacfaidh an Coimisiún bearta faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 ach amháin mura féidir na bearta fíorphráinne is gá i gcomhréir le hAirteagal 219 nó le hAirteagal 220 a ghlacadh.

4.   Fanfaidh na bearta a ghlacfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 i bhfeidhm ar feadh tréimhsí nach faide ná dhá mhí déag. Más ann do na fadhbanna sonracha sin fós a chuir faoi deara na bearta sin a ghlacadh tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena mbunófar réiteach buan nó tograí reachtacha iomchuí a thíolacadh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le haon bheart a ghlacfar faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 laistigh de dhá lá oibre óna ghlacadh.

Roinn 4

Comhaontuithe agus cinntí le linn tréimshí de mhíchothromaíochtaí tromchúiseachasna margaí

Airteagal 222

Airteagal 101(1) CFAE a chur i bhfeidhm

1.   Le linn tréimhsí ina bhfuil míchothromaíochtaí tromchúiseacha sna margaí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh mar éifeacht acu nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) CFAE maidir le comhaontuithe agus cinntí eagraíochtaí aitheanta táirgeorí, a gcuid comhlachas ná a gcuid eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta in aon cheann de na hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, ar choinníoll nach mbainfear, leis na cinntí agus na cinntí sin, an bonn d'fheidhmú cuí an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh mar aidhm dhocht acu an earnáil lena mbaineann a chobhsú agus go dtiocfaidh siad faoi cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na catagóirí a leanas:

(a)

tarraingt siar ón margadh nó leithdháileadh saor in aisce a gcuid táirgí;

(b)

trasfhoirmiú agus próiseáil;

(c)

stóráil ag oibreoirí príobháideacha;

(d)

bearta cur chun cinn comhpháirteacha;

(e)

comhaontuithe maidir le ceanglais cháilíochta;

(f)

comhcheannach na n-ionchur is gá chun leathadh lotnaidí agus galar in ainmhithe agus plandaí san Aontas a chosc nó comhcheannach na n-ionchur is gá chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí tubaistí nádúrtha san Aontas;

(g)

pleanáil shealadach an táirgthe, lena gcuirtear san áireamh cineál sonrach an timthrialla táirgthe.

Sonróidh an Coimisiún i ngach gníomh cur chun feidhme raon feidhme substainteach agus geografach an mhaolaithe seo agus, faoi réir mhír 3, an tréimhse a mbeidh feidhm ag an maolú ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 ach amháin má ghlac an Coimisiún cheana féin ceann de na bearta dá dtagraítear sa Chaibidil seo i gcás gur tugadh táirgí faoi idirghabháil phoiblí nó gur deonaíodh cabhair le haghaidh stórála príobháidí dá dtagraítear i gCaibidil I de Theideal I de Chuid II.

3.   Ní bheidh na comhaontuithe agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 baili ach amháin ar feadh tréimhse suas le sé mhí.

Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údaraítear na comhaontuithe, na cinntí agus na cleachtais chomhbheartaithe sin ar feadh tréimhse breise suas le sé mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

CAIBIDIL II

Cumarsáid agus tuairisciú

Airteagal 223

Ceanglais chumarsáide

1.   Chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, an margadh i dtáirgí talmhaíochta a anailísiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, trédhearcacht sa mhargadh a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta an Chomhbheartais Talmhaíochta a áirithiú, dea-fheidhmiú bhearta seiceála, rialaitheacha, faireacháin, meastóireachta agus iniúchta an Chombheartais Talmhaíochta a áirithiú, agus a gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích i gcomhréir le CFAE a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi na comhaontuithe sin maidir le fógra a thabhairt, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, na bearta riachtanacha a ghlacadh maidir leis an gcumarsáid atá le déanamh ag gnóthais, Ballstáit, agus tríú tíortha.

Má dhéantar amhlaidh, cuirfear san áireamh na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir foinsí féideartha sonraí. Féadfar an fhaisnéis a fhaightear a tharchur chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis inniúla triú tíortha nó í a chur ar fáil dóibh agus a phoibliú, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó, lena n-áirítear praghsanna, a chosaint.

2.   D'fhonn sláine na gcóras faisnéise a áirithiú agus barántúlacht agus dlisteanacht na ndoiciméad agus na sonraí tarchurtha lena mbaineann a áirithiú, beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 lena leagtar síos an méid seo a leanas:

(a)

cineál agus saghas na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh;

(b)

na catagóirí sonraí a bheith le próiseáil agus na huastréimhsí coinneála agus an chúis próiseála, go háirithe i gcás sonraí den sórt sin a fhoilsiú mar aon leis na sonraí sin a aistriú go tríú tíortha;

(c)

na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar córais faisnéise a chuirtear ar fáil;

(d)

coinníollacha maidir le foilsiú na faisnéise.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos, na bearta is gá a ghlacadh chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:

(a)

na modhanna fógartha;

(b)

na rialacha maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh;

(c)

socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a mbeidh fógra le tabhairt ina taobh, agus maidir leis an ábhar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le sprioc-amanna na bhfógraí;

(d)

na socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a tharchur chuig na Ballstáit nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, chuig údaráis inniúla triú tíortha nó chuig an bpobal, nó an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur ar fáil dóibh, faoi réir cosanta sonraí pearsanta agus leasa dhlisteanaigh gnóthas a rúin ghnó a chosaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 229(2).

Airteagal 224

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.   Baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 223(1) agus ní dhéanfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ar aon bhealach a bheadh neamhréir leis na críocha sin.

2.   Nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta chun críche faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 223(1), beidh siad anaithnid agus próiseálfar i bhfoirm chomhiomlánaithe amháin iad.

3.   Próiseálfar sonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Go háirithe, ní stórálfar na sonraí sin i bhfoirm lena mbeifear in ann ábhair shonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá leis ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais a bhfuil feidhm leo á gcur san áireamh.

4.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfios do na hábhair shonraí go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí an Aontais a shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as na cearta a leagtar amach i Treoir 95/46/CE agus iRialachán (CE) Uimh. 45/2001 faoi seach.

Airteagal 225

Oibleagáid tuairiscithe an Choimisiúin

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle:

(a)

gach trí bliana agus don chéad uair faoin 21 Nollaig 2016 maidir leis na bearta a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta mar a leagtar amach in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 iad, lena n-áirítear maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le córais sainaitheanta coirceog beach;

(b)

faoin 30 Meitheamh 2014 agus faoin 31 Nollaig 2018 maidir le forbairt staid an mhargaidh in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne agus go háirithe maidir le feidhmiú Airteagail 148 go 151, Airteagal 152(3), Airteagal 157(3) lena measúnaítear go háirithe, na héifeachtaí ar tháirgeoirí bainne agus ar tháirgeadh bainne sna réigiúin faoi mhíbhuntáiste maidir leis an gcuspóir ginearálta táirgeadh a choinneáil ar bun sna réigiúin sin agus lena gcumhdaítear dreasachtaí féideartha chun feirmeoirí a spreagadh le comhaontuithe comhpháirteacha a dhéanamh maidir le comhtháirgeadh in éineacht le haon tograí iomchuí.

(c)

faoin 31 Nollaig 2014 maidir lena bhféadfaí raon feidhme na scéimeanna scoile a leathnú chun ola olóige agus ológa boird a áireamh;

(d)

faoin 31 Nollaig 2017 maidir le cur i bhfeidhm rialacha iomaíochta ar earnáil na talmhaíochta i ngach Ballstát, go háirithe maidir le feidhmiú Airteagail 209 agus 210, agus Airteagail 169, 170 agus 171 sna hearnálacha lena mbaineann.

CAIBIDIL III

Cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta

Airteagal 226

Úsáidí an chúlchiste

Cistí arna n-aistriú ón gCúltaisce le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta faoi na coinníollacha agus an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus i mír 22 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, cuirfear ar fáil iad i gcomhar na mbeart a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo i gcás na bliana nó na mblianta a bhfuil an tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith.

Go háirithe, aistreofar cistí i gcás aon chaiteachais faoi na caibidlí seo a leanas:

(a)

Airteagail 8 go 21;

(b)

Airteagail 196 go 204, agus

(c)

Airteagal 219, Airteagal 220 agus Airteagal 221 den Rialachán seo.

CUID VI

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 227

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Rialachán seo a ghlacadh ar feadh tréimhse seacht mbliana ó 20 Nollaig 2013 Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go huathoibríoch ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a chúlghairm tráth ar bith. Déanfar le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 228

Nós imeachta práinne

1.   Gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Sonrófar san fhógra a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh faoin Airteagal seo na cúiseanna ar baineadh úsáid as an nós imeachta práinne.

2.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe faoin Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 227(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 229

Nós imeachta coiste

1.   Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún coiste dar teideal an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.   I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 80(3), i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 91, in Airteagal 97(4), in Airteagal 99, in Airteagal 106 agus in Airteagal 107(3) i gcás nach dtabharfaidh an coiste tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

CAIBIDIL II

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 230

Aisghairmeacha

1.   Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

Mar sin féin, leanfaidh d'fheidhm a bheith ag na forálacha seo a leanas de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007:

(a)

maidir leis an gcóras um tháirgeadh bainne a theorannú: Caibidil III de Theideal I de Chuid II, Airteagal 55, Airteagal 85 agus Iarscríbhinní IX agus X, go dtí an 31 Márta 2015;

(b)

maidir le hearnáil an fhíona:

(i)

Airteagal 85a go 85e maidir le limistéir dá dtagraítear in Airteagal 85a(2) nár grafadh go fóill agus maidir le limistéir dá dtagraítear in Airteagal 85b(1) nár tugadh chun rialtachta go fóill go dtí go ngrafar nó go dtabharfar chun rialtachta iad;

(ii)

an córas idirthréimhseach do chearta um plandú arna leagan amach i bhForoinn II de Roinn IVa de Chaibidil III de Theideal i de Chuid II, go dtí an 31 Nollaig 2015;

(iii)

Airteagal 118m(5) go dtí go n-ídeofar stoic na bhfíonta leis an sonrúchán "Mlado vino portugizac" a bheidh ann ar dháta aontachas na Cróite leis an Aontas;

(iv)

Airteagal 118s(5) go dtí an 30 Meitheamh 2017;

(c)

Airteagail 113a(4), 114, 115 agus 116, Airteagal 117(1) go (4) agus Airteagal 121, chomh maith le pointí I (2) agus (3) agus (III)(1) de Chuid Cd' Iarscríbhinn XIV, pointí 1, 3, 5 agus 6 de Chuid II, agus pointe 2 d' Iarscríbhinn XV chun críche na hAirteagail sin a chur i bhfeidhm, go dtí dáta chur i bhfeidhm na rialacha margaíochta comhfhreagracha a bhunófar de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 75(1), Airteagal 76(4), Airteagal 78(3) agus (4), Airteagal 79(1), Airteagal 80(4), Airteagal 83(4), Airteagal 86, Airteagal 87(2), Airteagal 88 (3), agus Airteagal 89 den Rialachán seo;

(d)

Airteagal 133a(1) agus Airteagal 140a go dtí an 30 Meán Fómhair 2014;

(e)

an chéad fhomhír agus an dara fomhír d'Airteagal 182(3) go dtí deireadh na bliana margaíochta don siúcra 2013-2014 an 30 Meán Fómhair 2014;

(f)

Airteagal 182(4) go dtí an 31 Nollaig 2017;

(g)

Airteagal 182(7) go dtí an 31 Márta 2014.

(h)

Pointe (3)(b) de chuid III d'Iarscríbhinn XV go dtí 31 Nollaig 2015.

(i)

Iarscríbhinn XX go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Togra a thiocfaidh in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 agus Rialachán Uimh. 614/2009 (46)

2.   Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 2271/96 agus (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle.

Airteagal 231

Rialacha idirthréimhseacha

1.   Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 go dtí na socruithe atá leagtha síos sa Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 maidir leis na bearta is gá chun cearta faighte agus ionchais dhlisteanacha feirmeoirí a chosaint.

2.   Leanfaidh gach clár ilbhliantúil a ghlacfar roimh 1 Eanáir 2014 de bheith faoi réir na bhforálacha lena mbaineann de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí go mbeidh deireadh leis na cláir sin.

Airteagal 232

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin:

(a)

beidh feidhm ag Airteagal 181 amhail ón 1 Deireadh Fómhair 2014;

(b)

beidh feidhm ag pointe II(3) de Chuid VII d'Iarscríbhinn VII ón 1 Eanáir 2016;

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 148 go 151, 152(3), 156(2), 157(3), 161, 163, 173(2) agus 174(2) go dtí an 30 Meitheamh 2020.

3.   Beidh feidhm an 30 Meán Fómhair 2017 ag Airteagail 127 go 144 agus ag Airteagal 192 agus Airteagal 193 go dtí deireadh bliain mhargaíochta 2016/2017 maidir le siúcra.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. JUKNA


(1)  Tuairim an 8 Márta 2012 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 116 agus IO C 44, 15.2.2013, lch. 158.

(3)  IO C 225, 27.7.2012, lch. 174.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcomhair táirgí talmhaíochta áirithe (Rialachán Chomheagrú an Mhargaidh Aonair) (IO L 299, 16.11.2007, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le maoiniú agus bainistiú an chomhbheartais talmhaíochta agus maidir le faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (Féach leathanach 549 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle an 5 Feabhra 1979 maidir leis an nós imeachta lena gcoigeartaítear ainmníocht na Comhtharaife Custaim a úsáidtear i gcás táirgí talmhaíochta (IO L 34, 9.2.1979, lch. 2).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha maidir le scéimeanna tacaíochta dírí d'fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d'fheirmeoirí de bheith mar bhunús le tacaíocht ioncaim a thabhairt d'fheirmeoirí sa bhliain féilire 2013.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus d'earraí bia (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(10)  Treoir 95/46/CE an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin a rialaíonn cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin, (IO L 8, 12.1.2001. lch. 1).

(12)  IO C 35, 9.2.2012, lch. 1

(13)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(15)  IO L 112, 24.4.2012, lch. 21.

(16)  Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair a dheonú i leith seiriceán don bhliain tógála 1972/73 (IO L 106, 5.5.1972, lch. 1).

(17)  Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta lena gcoigeartaítear ainmníocht na Comhtharaife Custaim do tháirgí talmhaíochta (IO L 34, 9.2.1979, lch. 2).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 1601/96 ón gComhairle an 30 Iúil 1996 lena leagtar síos, maidir le leannlusanna, méid na cabhrach do tháirgeoirí le haghaidh bhuaint 1995 (IO L 206, 16.8.1996, lch. 46).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1037/2001 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena n-údaraítear fíonta áirithe arna n-allmhairiú a thairiscint agus a sheachadadh lena gcaitheamh go díreach ag daoine, ar fíonta iad a bhféadfadh cleachtais fhíoneolaíocha nach bhforáiltear dóibh i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 (IO L 145, 31.5.2001, lch. 12) a bheith déanta orthu.

(20)  Cinneadh 2006/232/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le trádáil i bhfíon a thabhairt i gcrích (IO L 87, 24.3.2006, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 637/2008 agus 73/2009 ón gComhairle (Féach leathanach 608 den Iris Oifigiúil seo).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005 (Féach leathanach 487 den Iris Oifigiúil seo).

(23)  Rialachán (AE) Uimh 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 85 den Iris Oifigiúil seo).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(27)  IO C 244, 1.10.2004, lch. 2.

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(29)  Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 204, 21.7.1998, lch. 37).

(30)  Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le lipéadú, le cur i láthair agus le fógraíocht ar earraí bia (IO L 109, 6.5.2000, lch 29).

(31)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(32)  Treoir 2008/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 299, 8.11.2008, lch. 25).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis an trádmharc Comhphobail (IO L 78, 24.3.2009, lch. 1).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagrú an fhíonmhargaidh (IO L 179, 14.7.1999, lch. 1).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 753/2002 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2002 ag leagan síos rialacha mionsonraithe chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh 1493/1999 maidir le táirgí áirithe d'earnáil an fhíona a shainmhíniú, a thuairisciú, a thíolacadh agus a chosaint (IO L 118, 4.5.2002, lch. 1).

(36)  IO C 116, 14.4.2011, lch. 12.

(37)  Treoir 89/396/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1989 maidir le tásca nó marcanna lena sainaithnítear an luchtóg lena mbaineann earra bia (IO L 186, 30.6.1989, lch. 21).

(38)  Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoir 75/106/CEE ón gComhairle agus Treoir 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).

(40)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagal 81 agus in Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(41)  Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail (IO L 302, 19.10.1992, lch. 1).

(42)  Rialachán (CE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme (IO L 253, 11.10.1993, lch. 1).

(43)  Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 lena mbunaítear na comhrialacha d'onnmhairí, (IO L 84; 31.3.2009, lch. 1).

(44)  Rialachán (CE) Uimh. 625/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 185, 17.7.2009, lch. 1).

(45)  Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30.11.09 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe a thig ó tháirgí talmhaíochta a phróiseáil (IO L 328, 15.12.2009, lch. 10).

(46)  Rialachán Uimh. 614/2009 an 7 Iúil 2009 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras trádála d'ubh-albaimin agus do lachtalbaimin (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)

CUID I

Gránaigh

Cuimsítear faoi earnáil na ngránach na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0709 99 60

Grán Milis, úr nó fuaraithe

0712 90 19

Grán milis triomaithe, iomlán, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta air, ach amháin hibridí atá le cur

1001 91 20

Gnáthchruithneacht agus síolta maislín

ex 1001 99 00

Speilt, gnáthchruithneacht agus maislín nach bhfuil le cur

1002

Seagal

1003

Eorna

1004

Coirce

1005 10 90

Arbhar Indiach (arbhar) seachas hibridí

1005 90 00

Arbhar Indiach seachas síolta

1007 10 90,

1007 90 00

Sorgum gráin, seachas hibridí atá le cur

1008

Ruán, síolta muiléid agus síolta éan; gránaigh eile

(b)

1001 11 00,

1001 19 00

Cruithneacht chrua (durum)

(c)

1101 00

Plúr cruithneachta nó maislín

1102 90 70

Plúr seagail

1103 11

Piocuaran agus min chruithneachta

1107

Braich, rósta nó neamhrósta

(d)

0714

Casabhach, ararút, salep, bliosáin ghréine, prátaí milse agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil méid mór stáirse nó ionúiline iontu, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cibé acu atá siad slisnithe nó i bhfoirm millíní; laíon sáig

ex 1102

Plúir gránaigh seachas plúr cruithneachta ná plúr maislín:

1102 20

– Plúr arbhair Indiaigh (arbhar)

1102 90

– Eile:

1102 90 10

– – Plúr eorna

1102 90 30

– – Plúr coirce

1102 90 90

– – Eile

ex 1103

Piocuaran gránaigh, min agus millíní ach amháin piocuaran agus min cruithneachta (fotheideal 1103 11), piocuaran agus min ríse (fotheideal 1103 19 50) agus millíní ríse (fotheideal 1103 20 50)

ex 1104

Gráin ghránaigh a ndearnadh próiseáil eile orthu (mar shampla, scilligthe, rollta, calógach, péarlach, slisnithe nó garbhmheilte), seachas rís faoi theideal 1006 agus rís chalógach faoi fhotheideal 1104 19 91; ginidín gránach, iomlán, rollta, calógach nó meilte

1106 20

Plúr, min agus púdar sáig nó fréamhacha nó tiúbar faoi cheannteideal 0714

ex 1108

Stáirsí; ionúilin:

– Stáirsí:

1108 11 00

– – Stáirse cruithneachta

1108 12 00

– – Stáirse arbhair Indiaigh (arbhar)

1108 13 00

– – Stáirse prátaí

1108 14 00

– – Stáirse casabhaigh

ex 1108 19

– – Stáirsí eile:

1108 19 90

– – – Eile

1109 00 00

Glútan cruithneachta, cibé acu atá sé triomaithe nó nach bhfuil

1702

Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, cibé acu atá sé measctha le mil nádúrtha nó nach bhfuil; caramal:

ex 1702 30

– Glúcós agus síoróip ghlúcóis, gan fruchtós nó a bhfuil níos lú ná 20 % d'fhruchtós iontu de réir meáchain ina staid thirim:

– – Eile:

ex 1702 30 50

– – – I bhfoirm púdair chriostalaigh bháin, cibé acu atá sé ceirtleánaithe nó nach bhfuil, a bhfuil níos lú ná 99 % de ghlúcós de réir meáchain iontu ina staid thirim

ex 1702 30 90

– – – Eile, a bhfuil níos lú ná 99 % de ghlúcós de réir meáchain iontu ina staid thirim

ex 1702 40

– Glúcós agus síoróip ghlúcóis, a bhfuil 20 % ar a laghad, ach níos lú ná 50 %, d'fhruchtós iontu ina staid thirim, gan siúcra inbhéartaithe san áireamh:

1702 40 90

– – Eile

ex 1702 90

– Eile, lena n-áirítear siúcra inbhéartaithe agus siúcra eile agus cumaisc síoróipe siúcra a bhfuil 50 % d'fhruchtós de réir meáchain iontu ina staid thirim:

1702 90 50

– – Maltaideistrin agus síoróip mhaltaideistrine

– – Caramal:

– – – Eile:

1702 90 75

– – – – I bhfoirm púdair, cibé acu atá sé ceirtleánaithe nó nach bhfuil

1702 90 79

– – – – Eile

2106

Ullmhóidí bia nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

ex 2106 90

– Eile

– – Síoróipí siúcra blaistithe nó daite:

– – – Eile

2106 90 55

– – – – Síoróip ghlúcóis agus síoróip mhaltaideistrine

ex 2302

Bran, géara agus iarmhair eile, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, díorthaithe ó ghránaigh a chriathrú, a mhuilleáil nó a phróiseáil ar bhealach eile

ex 2303

Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla, laíon biatais, bagás agus fuíoll eile ó mhonarú siúcra, dríodar agus fuíollábhar ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh, cibé acu atá sé i bhfoirm millíní nó nach bhfuil:

2303 10

– Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla

2303 30 00

– Dríodar agus fuíollábhar ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh

ex 2306

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó nach bhfuil nó i bhfoirm millíní, de thoradh úscadh saillte nó olaí plandúla, seachas na cinn faoi cheannteidil 2304 agus 2305:

– Eile

2306 90 05

– – De ghinidín arbhair Indiaigh (arbhar)

ex 2308 00

Ábhair ghlasraí agus fuíollábhar glasraí, fotháirgí agus iarmhair ghlasraí, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

2308 00 40

– Dearcáin agus cnónna capaill; marc torthaí, seachas fíonchaora

2309

Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe:

ex 2309 10

– Bia do mhadraí nó do chait, ar an margadh le haghaidh miondíola:

2309 10 11

2309 10 13

2309 10 31

2309 10 33

2309 10 51

2309 10 53

– – Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi cheannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 nó táirgí bainne

ex 2309 90

– Eile:

2309 90 20

– – Táirgí dá dtagraítear i nóta breise 5 le caibidil 23 den Ainmníocht Chomhcheangailte

– – Eile, lena n-áirítear réamh-mheascáin:

2309 90 31

2309 90 33

2309 90 41

2309 90 43

2309 90 51

2309 90 53

– – – Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi cheannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 nó táirgí bainne:

(1)

Chun críocha an fho-cheannteidil seo ciallaíonn 'táirgí bainne' táirgí a thagann faoi chuimsiú cheannteidil 0401 go 0406 mar aon le fo-cheannteidil 1702 11 00, 1702 19 00 agus 2106 90 51.

CUID II

Rís

Cuimsítear faoi earnáil na ríse na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

1006 10 21 go

1006 10 98

Rís sa chrotal (gan scilligeadh nó garbh), nach bhfuil le cur

1006 20

Rís scilligthe (donn)

1006 30

Rís leathmheilte nó rís lánmheilte, cibé acu atá sí snasta nó glónraithe nó nach bhfuil

(b)

1006 40 00

Rís bhriste

(c)

1102 90 50

Plúr ríse

1103 19 50

Piocuaran agus min ríse

1103 20 50

Millíní ríse

1104 19 91

Gráinní ríse calógacha

ex 1104 19 99

Gráinní ríse rollta

1108 19 10

Stáirse ríse

CUID III

Siúcra

Cuimsítear faoi earnáil an tsiúcra na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

1212 91

Biatas siúcra

1212 93 00

Cána siúcra

(b)

1701

Siúcra cána nó biatais agus siúcrós atá íon go ceimiceach, i bhfoirm sholadach

(c)

1702 20

Siúcra mailpe agus síoróip mhailpe

1702 60 95 agus

1702 90 95

Siúcraí eile i bhfoirm sholadach agus síoróipí siúcra, nach bhfuil ábhar blaistithe ná dathúcháin curtha leo, ach gan lachtós, glúcós, maltaideistrin ná iseaglúcós san áireamh

1702 90 71

Caramal a bhfuil 50 % nó níos mó de shiúcrós de réir meáchain san ábhar tirim

2106 90 59

Síoróipí blaistithe nó daite, seachas iseaglúcós, lachtós, glúcós agus síoróipí maltaideistrine

(d)

1702 30 10

1702 40 10

1702 60 10

1702 90 30

Iseaglúcós

(e)

1702 60 80

1702 90 80

Síoróip ionúiline

(f)

1703

Molás de thoradh úscadh nó mínghlanadh siúcra

(g)

2106 90 30

Síoróipí iseaglúcóis blaistithe nó daite

(h)

2303 20

Laíon biatais, bagás agus fuíollábhair eile ó mhonarú siúcra

CUID IV

Farae triomaithe

Cuimsítear faoi earnáil an fharae triomaithe na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

ex 1214 10 00

– Min agus millíní de mheidic na mbó atá triomaithe le teas saorga

– Min agus millíní de mheidic na mbó, triomaithe agus meilte ar bhealaí eile

ex 1214 90 90

– Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí agus táirgí farae comhchosúla, atá triomaithe le teas saorga, seachas féar tirim agus cál farae agus táirgí a bhfuil féar tirim iontu

– Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí, loiteog meala, pis phréacháin agus crúb éin, triomaithe agus meilte ar bhealaí eile

(b)

ex 2309 90 96

– Tiúchain phróitéine faighte ó shú mheidic na mbó agus ó shú féir

– Táirgí díhiodráitithe a fhaightear go heisiach ó iarmhair sholadacha agus sú a thagann ó ullmhú na dtiúchan thuasluaite

CUID V

Síolta

Cuimsítear faoi earnáil na síolta na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

0712 90 11

Hibridí de ghrán milis:

– le cur

0713 10 10

Piseanna (Pisum sativum):

– le cur

ex 0713 20 00

Sicphiseánaigh (garbanzo):

– le cur

ex 0713 31 00

Pónairí den speiceas Vigna mungo (L) Hepper nó Vigna radiata (L) Wilczek:

– le cur

ex 0713 32 00

Pónairí dearga beaga (Adzuki) (Phaseolus nó Vigna angularis):

– le cur

0713 33 10

Pónairí duánacha, lena n-áirítear pónairí pise bána (Phaseolus vulgaris):

– le cur

ex 0713 34 00

Pónairí Bambara (Vigna subterranea nó Voandzeia subterranea):

ex 0713 35 00

– le cur

ex 0713 39 00

Piseanna bó (Vigna unguiculata):

– le cur

Eile:

– le cur

ex 0713 40 00

Lintilí:

– le cur

ex 0713 50 00

Pónairí leathana (Videarga cia faba var. major) agus pónairí capaill (Vicia faba var. equina, Vicia faba var. minor):

ex 0713 60 00

– le cur

Piseanna colúir (Cajanus cajan):

– le cur

ex 0713 90 00

Glasraí léagúmacha triomaithe eile:

– le cur

1001 91 10

Speilt:

– síol

1001 91 90

Eile

– le cur

ex 1005 10

Síolta arbhair Indiaigh hibridigh (arbhar)

1006 10 10

Rís sa chrotal (gan scilligeadh nó garbh):

– le cur

1007 10 10

Hibridí sorguim gráinne:

– síol

1201 10 00

Pónairí soighe, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil:

– síol

1202 30 00

Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte ar shlí eile, bíodh siad scilligthe nó gan scilligeadh, briste nó gan a bheith briste:

– síol

1204 00 10

Ros lín, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil:

– le cur

1205 10 10 agus

Síolta ráibe nó síolta colsa, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil:

ex 1205 90 00

– le cur

1206 00 10

Síolta lus na gréine, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil:

– le cur

ex 1207

Síolta ola eile agus torthaí olúla, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil:

– le cur

1209

Síolta, torthaí agus spóir, de chineál a úsáidtear le cur:

CUID VI

Leannlusanna

Cuimsítear faoi earnáil na leannlusanna na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

1210

Buaircíní leannlusanna, úra nó triomaithe, bídís nó ná bídís meilte, púdraithe nó i bhfoirm millíní; lúpailin

1302 13 00

Súnna glasraí agus úisc leannlusanna

CUID VII

Ola olóige agus ológa boird

Cuimsítear faoi earnáil na hola olóige agus ológ boird na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

1509

Ola olóige agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu

1510 00

Olaí eile agus a gcodáin, a fhaightear ó ológa amháin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu, lena n-áirítear cumaisc de na holaí nó de na codáin sin le holaí nó le codáin faoin gceannteideal 1509

(b)

0709 92 10

Ológa, iad úr nó fuaraithe, le haghaidh úsáidí seachas ola a tháirgeadh

0709 92 90

Ológa eile, úra nó fuaraithe

0710 80 10

Ológa (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú), reoite

0711 20

Ológa atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin

ex 0712 90 90

Ológa triomaithe, iomlána, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu

2001 90 65

Ológa ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 2004 90 30

Ológa ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite

2005 70 00

Ológa ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite

(c)

1522 00 31

1522 00 39

Iarmhair a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici

2306 90 11

2306 90 19

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile de thoradh eastóscadh ola olóige

CUID VIII

Líon agus cnáib

Cuimsítear in earnáil an lín agus na cnáibe na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

5301

Líon, amh nó próiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach lín agus dramhaíl (lena n-áirítear dramhabhrais agus stoc gairnéadaithe)

5302

Fíorchnáib (Cannabis sativa L.) amh nó phróiseáilte ach gan bheith sníofa; barrach agus dramhaíl fíorchnáibe (lena n-áirítear dramhabhrais agus stoc gairnéadaithe)

CUID IX

Torthaí agus glasraí

Cuimsítear faoi earnáil na dtorthaí agus glasraí na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

0702 00 00

Trátaí, úra nó fuaraithe

0703

Oinniúin, seallóidí, gairleog, cainneanna agus glasraí eile den chineál Alliaceae, úra nó fuaraithe

0704

Cabáistí, cóiliseacha, cálráib, cál agus praiseacha inite dá samhail, iad úr nó fuaraithe

0705

Leitís oigheargheal (Lactuca sativa) agus siocaire (Cichorium spp.), iad úr nó fuaraithe

0706

Cairéid, tornapaí, meacain bhiatais sailéid, salsabh, soiliriac, raidisí agus fréamhacha inite dá samhail, iad úr nó fuaraithe

0707 00

Cúcamair agus gircíní, úra nó fuaraithe

0708

Glasraí léagúmacha, bídís scilligthe nó ná bíodh, iad úr nó fuaraithe

ex 0709

Glasraí eile, úra nó fuaraithe, seachas glasraí faoi cheannteidil 0709 60 91, 0709 60 95, 0709 60 99, 0709 92 10, 0709 92 90 agus 0709 99 60

ex 0802

Cnónna eile, úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil, seachas airéic (nó beiteal) agus cnónna cóla a thagann faoi cheannteideal 0802 70 00, 0802 80 00

0803 10 10

Plantáin úra

0803 10 90

Plantáin triomaithe

0804 20 10

Figí, úra

0804 30 00

Anainn

0804 40 00

Abhacáid

0804 50 00

Guábhaí, mangónna agus 'mangosteen'

0805

Torthaí citris, úra nó triomaithe

0806 10 10

Fíonchaora boird úra

0807

Mealbhacáin (lena n-áirítear mealbhacáin uisce) agus pápánna (papayas), úra

0808

Úlla, piorraí agus cainchí, úra

0809

Aibreoga, silíní, péitseoga (lena n-áirítear neachtairíní), plumaí agus airní, úra

0810

Torthaí eile, iad úr

0813 50 31

0813 50 39

Meascáin de chnónna triomaithe amháin faoi cheannteidil 0801 agus 0802

0910 20

Cróch

ex 0910 99

Tím, úr nó fhuaraithe

ex 1211 90 86

Basal, meilise, miontas, Origanum vulgare (oragán/máirtín fiáin), marós, sáiste, úr nó fuaraithe

1212 92 00

Pónairí lócaiste (carúb)

CUID X

Táirgí arna bpróiseáil ó thorthaí agus ó ghlasraí

Cuimsítear faoi earnáil na dtorthaí agus glasraí próiseáilte na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód CN

Tuairisc

(a)

ex 0710

Glasraí (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce) reoite, seachas grán milis faoi fho-cheannteideal 0710 40 00, ológa faoi fho-cheannteideal 0710 80 10 agus torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta faoi fho-cheannteideal 0710 80 59

ex 0711

Torthaí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin, seachas ológa faoi fho-cheannteideal 0711 20, torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta faoi fho-cheannteideal 0711 90 10 agus grán milis faoi fho-cheannteideal 0711 90 30

ex 0712

Glasraí triomaithe, iomlána, gearrtha, slisnithe, briste nó i bpúdar, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu, seachas prátaí díhiodráitithe trí thriomú le teas saorga atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0712 90 05, grán milis a thagann faoi fho-cheannteidil ex 0712 90 11 agus 0712 90 19 agus ológa a thagann faoi fho-cheannteideal 0712 90 90

0804 20 90

Figí triomaithe

0806 20

Fíonchaora triomaithe

ex 0811

Torthaí agus cnónna, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, reoite, nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo, seachas bananaí reoite a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0811 90 95

ex 0812

Torthaí agus cnónna, atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin, seachas bananaí atá leasaithe go sealadach a thagann faoi fho-cheannteideal ex 0812 90 98

ex 0813

Torthaí, triomaithe, seachas torthaí faoi cheannteidil 0801 go 0806; meascáin de chnónna nó de thorthaí triomaithe sa chaibidil seo seachas meascáin de chnónna amháin faoi cheannteidil 0801 agus 0802 a thagann faoi fho-cheannteidil 0813 50 31 agus 0813 50 39

0814 00 00

Craiceann torthaí citris nó mealbhacán (lena n-áirítear mealbhacáin uisce), é úr, reoite, triomaithe nó seal-leasaithe faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile

0904 21 10

Piobair mhilse thriomaithe (Capsicum annuum), nach bhfuil brúite ná meilte

(b)

ex 0811

Torthaí agus cnónna, neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, reoite, a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo

ex 1302 20

Substaintí peicteacha agus peicteanáití

ex 2001

Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, ach amháin:

torthaí den ghéineas Capsicum seachas piobair mhilse nó pimeantó faoi fho-cheannteideal 2001 90 20

grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2001 90 30

ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain faoi fho-cheannteideal 2001 90 40

croíthe pailme faoi fho-cheannteideal ex 2001 90 92

ológa faoi fho-cheannteideal 2001 90 65

duilleoga fíniúna, buinneáin leannlusanna agus codanna inite comhchosúla eile de phlandaí a thagann faoi fho-cheannteideal ex 2001 90 97

2002

Trátaí ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

2003

Beacáin agus strufail, ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach

ex 2004

Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006, seachas grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2004 90 10, ológa faoi fho-cheannteideal ex 2004 90 30 agus prátaí ullmhaithe nó leasaithe i bhfoirm plúir, mine nó calóg faoi fho-cheannteideal 2004 10 91

ex 2005

Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006 lena n-eisiatar ológa faoi fho-cheannteideal 2005 70 00, grán milis (Zea mays var. saccharata) faoi fho-cheannteideal 2005 80 00 agus torthaí den ghéineas Capsicum, seachas piobair mhilse nó pimeantó faoi fho-cheannteideal 2005 99 10 agus prátaí ullmhaithe nó leasaithe i bhfoirm plúir, mine nó calóg faoi fho-cheannteideal 2005 20 10

ex 2006 00

Glasraí, torthaí, cnónna, craiceann torthaí agus codanna eile de phlandaí, leasaithe le siúcra (díscithe, glacé nó criostalaithe), seachas bananaí leasaithe le siúcra faoi chuimsiú na gceannteideal ex 2006 00 38 agus ex 2006 00 99

ex 2007

Subha, glóthacha torthaí, marmaláidí, purée torthaí nó cnónna agus leafaois torthaí nó chnónna, a fhaightear trí chócaráil, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, ach amháin:

ullmhóidí homaiginithe de bhananaí faoi fho-cheannteideal ex 2007 10

ullmhóidí homaiginithe de bhananaí faoi fho-cheannteideal ex 2007 10 subha, glóthacha, marmaláidí, purée nó leafaois de bhananaí faoi fho-cheannteidil ex 2007 99 39, ex 2007 99 50 agus ex 2007 99 97

ex 2008

Torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile nó biotáille curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile, ach amháin:

im piseanna talún faoi fho-cheannteideal 2008 11 10

croíthe pailme faoi fho-cheannteideal 2008 91 00

arbhar Indiach faoi fho-cheannteideal 2008 99 85

ionaim, prátaí milse agus codanna inite comhchosúla de phlandaí a bhfuil 5 % nó níos mó de stáirse iontu de réir meáchain faoi fho-cheannteideal 2008 99 91

duilleoga fíniúna, buinneáin leannlusanna agus codanna inite comhchosúla eile de phlandaí a thagann faoi fho-cheannteideal ex 2008 99 99

meascáin de bhanana ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile faoi fho-cheannteidil ex 2008 97 59, ex 2008 97 78, ex 2008 97 93 agus ex 2008 97 98

bananaí ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile faoi fho-cheannteidil ex 2008 99 49, ex 2008 99 67 agus ex 2008 99 99

ex 2009

Súnna torthaí (seachas sú fíonchaor agus úrfhíon fíonchaor faoi fho-cheannteidil 2009 61 agus 2009 69 agus sú bananaí faoi fho-cheannteideal ex 2009 89 35, 2009 89 38, 2009 89 79, 2009 89 89 agus 2009 89 99) agus súnna glasraí, neamhchoipthe agus nach bhfuil biotáille curtha leo, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil

CUID XI

Bananaí

Cuimsítear faoi earnáil na mbananaí na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cóid AC

Tuairisc

0803 90 10

Bananaí úra, seachas plantáin

0803 90 90

Bananaí triomaithe, seachas plantáin

ex 0812 90 98

Bananaí atá leasaithe go sealadach

ex 0813 50 99

Meascáin a bhfuil bananaí triomaithe iontu

1106 30 10

Plúr, min agus púdar bananaí

ex 2006 00 99

Bananaí atá leasaithe i siúcra

ex 2007 10 99

Ullmhóidí homaiginithe de bhananaí

ex 2007 99 39

ex 2007 99 50

ex 2007 99 97

Subha, glóthacha, marmaláidí, purée agus leafaois bhananaí

ex 2008 97 59

ex 2008 97 78

ex 2008 97 93

ex 2008 97 96

ex 2008 97 98

Meascáin a bhfuil bananaí iontu a ullmhaíodh nó a leasaíodh ar bhealach eile, nach bhfuil biotáille curtha leo

ex 2008 99 49

ex 2008 99 67

ex 2008 99 99

Bananaí ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile

ex 2009 89 35

ex 2009 89 38

ex 2009 89 79

ex 2009 89 86

ex 2009 89 89

ex 2009 89 99

Sú bananaí

CUID XII

Fíon

Cuimsítear faoi earnáil an fhíona na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

2009 61

2009 69

Sú fíonchaor (lena n-áirítear úrfhíon fíonchaor)

2204 30 92

2204 30 94

2204 30 96

2204 30 98

Úrfhíonta fíonchaor eile, seachas na cinn atá faoi choipeadh nó coiscthe ó choipeadh ar bhealach seachas trí alcól a chur leo

(b)

ex 2204

Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor nach dtagann faoi cheannteideal 2009, seachas úrfhíon fíonchaor eile faoi fho-cheannteidil 2204 30 92, 2204 30 94, 2204 30 96 agus 2204 30 98

(c)

0806 10 90

Fíonchaora úra ach amháin fíonchaora boird

2209 00 11

2209 00 19

Fínéagar fíona

(d)

2206 00 10

Piquette

2307 00 11

2307 00 19

Moirt fíona

2308 00 11

2308 00 19

Marc fíonchaor

CUID XIII

Crainn bheo agus plandaí eile, bleibeanna, fréamhacha agus rudaí mar iad, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach

Cuimsítear faoi earnáil na bplandaí beo na táirgí a thagann faoi chuimsiú Chaibidil 6 den Ainmníocht Chomhcheangailte.

CUID XIV

Tobac

Cuimsítear faoi earnáil an tobac tobac amh nó neamh-mhonaraithe agus dramhaíl tobac faoi chód AC 2401.

CUID XV

Mairteoil agus laofheoil

Cuimsítear faoi earnáil na mairteola agus laofheola na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0102 29 05 go

0102 29 99, 0102 39 10 agus 0102 90 91

Ainmhithe beo de speiceas bó-ainmhithe clóis, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

0201

Feoil bó-ainmhithe, úr nó fhuaraithe

0202

Feoil bó ainmhithe, reoite

0206 10 95

Scairt thiubh agus scairt thanaí, úr nó fhuaraithe

0206 29 91

Scairt thiubh agus scairt thanaí, reoite

0210 20

Feoil bó-ainmhithe, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó deataithe

0210 99 51

Scairt thiubh agus scairt thanaí, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe

0210 99 90

Plúr agus min inite ó fheoil nó ó scairteach

1602 50 10

Feoil nó scairteach feola eile ó bhó-ainmhithe atá ullmhaithe nó leasaithe, neamhchócaráilte; meascáin d'fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte

1602 90 61

Feoil eile atá ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil scairteach nó feoil bó-ainmhithe, neamhchócaráilte; meascáin d'fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte

(b)

0102 21, 0102 31 00 agus 0102 90 20

Bó-ainmhithe síolrúcháin folaíochta beo

0206 10 98

Scairteach inite ainmhithe bó-ainmhithe seachas scairt thiubh agus scairt thanaí, úr nó fhuaraithe, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú

0206 21 00

0206 22 00

0206 29 99

Scairteach inite bó-ainmhithe seachas scairt thiubh agus scairt thanaí, reoite, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú

0210 99 59

Scairteach feola inite bó-ainmhithe, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe, seachas scairt thiubh agus scairt thanaí

ex 1502 10 90

Saill bó-ainmhithe seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503

1602 50 31 agus

1602 50 95

Feoil nó scairteach feola eile ó bhó-ainmhithe atá ullmhaithe nó leasaithe, seachas feoil nó scairteach feola neamhchócaráilte agus meascáin d'fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte

1602 90 69

Feoil eile atá ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil scairteach nó feoil bó-ainmhithe, seachas feoil neamhchócaráilte, agus meascáin d'fheoil nó de scairteach chócaráilte agus feoil nó scairteach neamhchócaráilte.

CUID XVI

Bainne agus táirgí bainne

Cuimsítear faoi earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0401

Bainne agus uachtar, nach bhfuil tiubhaithe agus nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo

(b)

0402

Bainne agus uachtar, atá tiubhaithe nó a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsithe eile curtha leo

(c)

0403 10 11 go

0403 10 39

0403 9011 11 go

0403 90 69

Bláthach, bainne gruthach agus uachtar, iógart, ceifír agus uachtar agus bainne aigéadaithe nó coipthe eile, cibé acu atá siad tiubhaithe nó nach bhfuil nó cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, nach bhfuil blaistithe agus gan torthaí, cnónna ná cócó a bheith curtha leo

(d)

0404

Meadhg, cibé acu atá sé tiubhaithe nó nach bhfuil, nó cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis nó nach bhfuil; táirgí a bhfuil comhábhair bhainne nádúrtha iontu, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

(e)

ex 0405

Im agus saill agus olaí eile a fhaightear ó bhainne; leatháin déiríochta a bhfuil cion níos mó ná 75 % ach níos lú ná 80 % de shaill iontu

(f)

0406

Cáis agus gruth

(g)

1702 19 00

Lachtós agus síoróip lachtóis nach bhfuil ábhar blaistithe ná ábhar dathúcháin breise curtha leo, a bhfuil níos lú ná 99 % de lachtós iontu de réir meáchain, arna léiriú mar lachtós ainhidriúil, á ríomh de réir an ábhair thirim

(h)

2106 90 51

Síoróip lachtóis bhlaistithe nó dhaite

(i)

ex 2309

Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe:

ex 2309 10

– Bia do mhadraí nó do chait, ar an margadh le haghaidh miondíola:

2309 10 15

2309 10 19

2309 10 39

2309 10 59

2309 10 70

– – Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne

ex 2309 90

– Eile:

2309 90 35

– – Eile, lena n-áirítear réamh-mheascáin:

2309 90 39

2309 90 49

2309 90 59

2309 90 70

– – – Ina bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne

CUID XVII

Muiceoil

Cuimsítear faoi earnáil na muiceola na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

ex 0103

Mucra beo, de speiceas clóis, seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

(b)

ex 0203

Feoil mucra clóis, úr, fhuaraithe, nó reoite

ex 0206

Scairteach inite mucra clóis, ach amháin chun táirgí cógaisíochta úra, fuaraithe nó reoite a mhonarú

0209 10

Saill muice, saor ó fheoil thrua, nár rindreáladh ná nár úscadh ar bhealach eile, úr, fhuaraithe, reoite, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe

ex 0210

Feoil agus scairteach feola inite mucra clóis, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

1501 10

1501 20

Saill muice (blonag san áireamh)

(c)

1601 00

Ispíní agus táirgí dá samhail as feoil nó as miodamas feola nó as fuil; ullmhóidí bia bunaithe ar na táirgí sin

1602 10 00

Ullmhóidí homaiginithe d'fheoil, de scairteach feola nó d'fhuil

1602 20 90

Ullmhóidí nó subh ae ainmhí ar bith, seachas gé nó lacha

1602 41 10

1602 42 10

1602 49 11 go

1602 49 50

Ullmhóidí agus subha eile a bhfuil feoil nó scairteach mucra clóis iontu

1602 90 10

Ullmhóidí déanta d'fhuil ainmhí ar bith

1602 90 51

Ullmhóidí nó subha eile a bhfuil feoil nó scairteach feola mucra clóis iontu

1902 20 30

Pasta stuáilte, cibé acu cócaráilte nó réitithe ar aon bhealach eile nó gan a bheith, a bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain d'ispíní agus a leithéid, d'fheoil agus de mhiodamas feola de chineál ar bith iontu, lena n-áirítear saill de chineál nó de thionscnamh ar bith

CUID XVIII

Caoireoil agus feoil ghabhair

Cuimsítear faoi earnáil na caoireola agus na feola gabhair na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0104 10 30

Uain (suas le haon bhliain d'aois)

0104 10 80

Caora beo seachas uain agus ainmhithe síolrúcháin folaíochta

0104 20 90

Gabhair bheo seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta

0204

Caoireoil nó feoil ghabhar, úr, fhuaraithe nó reoite

0210 99 21

Feoil ó chaoirigh agus ó ghabhair, ar an gcnámh, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe

0210 99 29

Feoil ó chaoirigh agus ó ghabhair, gan chnámh, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe

(b)

0104 10 10

Caoirigh beo — ainmhithe síolrúcháin folaíochta

0104 20 10

Gabhair bheo — ainmhithe síolrúcháin folaíochta

0206 80 99

Scairteach inite caorach agus gabhar, úr nó fuaraithe, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú

0206 90 99

Scairteach inite caorach agus gabhar, reoite, seachas chun táirgí cógaisíochta a mhonarú

0210 99 85

Scairteach inite caorach agus gabhar, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

ex 1502 90 90

Saill caora agus gabhar, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503

(c)

1602 90 91

Feoil nó scairteach feola eile ó chaoirigh nó ó ghabhair;

1602 90 95

 

CUID XIX

Uibheacha

Cuimsítear faoi earnáil na n-uibheacha na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0407 11 00

0407 19 11

0407 19 19

0407 21 00

0407 29 10

0407 90 10

Uibheacha éanlaithe clóis, sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte

(b)

0408 11 80

0408 19 81

0408 19 89

0408 91 80

0408 99 80

Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe, úra, thriomaithe, chócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, mhúnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil, seachas cinn atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

CUID XX

Feoil éanlaithe clóis

Cuimsítear faoi earnáil na feola éanlaithe clóis na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

(a)

0105

Éanlaith chlóis beo, is é sin éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe

(b)

ex 0207

Feoil agus scairteach inite, den chineál éanlaithe clóis faoi cheannteideal 0105, úr, fhuaraithe nó reoite, seachas aenna a thagann faoi phointe (c)

(c)

0207 13 91

0207 14 91

0207 26 91

0207 27 91

0207 43 00

0207 44 91

0207 45 93

0207 45 95

Aenna éanlaithe clóis, úra, fuaraithe, nó reoite

0210 99 71

0210 99 79

Aenna éanlaithe clóis, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

(d)

0209 90 00

Saill éanlaithe clóis, nár rindreáladh ná nár úscadh ar bhealach eile, úr, fhuaraithe, reoite, shaillte, faoi sháile, thriomaithe nó dheataithe

(e)

1501 90 00

Saill éanlaithe clóis

(f)

1602 20 10

Aenna gé nó lachan, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile

1602 31

1602 32

1602 39

Feoil nó scairteach feola éanlaithe clóis faoi cheannteideal 0105, ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile

CUID XXI

Alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta

1.

Cuimsítear faoi earnáil an alcóil eitile na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

ex 2207 10 00

Alcól eitile gan dínádúrú le neart alcóil de réir toirte de 80 % nó níos mó, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí

ex 2207 20 00

Alcól eitile agus biotáillí eile, dínádúraithe, de neart ar bith, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí

ex 2208 90 91

agus

ex 2208 90 99

Alcól eitile gan dínádúrú le neart alcóil de réir toirte níos lú ná 80 %, faighte ó na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Conarthaí

2.

Cuimsítear freisin faoi earnáil an alcóil eitile táirgí atá bunaithe ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta faoi chuimsiú chód AC 2208 arna gcoimeád i gcoimeádáin níos mó ná dhá lítear agus a léiríonn tréithe uile an alcóil eitile mar a ndéantar cur síos air i bpointe 1.

CUID XXII

Táirgí beachadóireachta

Cuimsítear faoi earnáil na beachadóireachta na táirgí atá liostaithe sa tábla seo a leanas:

Cód AC

Tuairisc

0409 00 00

Mil aiceanta

ex 0410 00 00

Glóthach ríoga agus gliú beach, inite

ex 0511 99 85

Glóthach ríoga agus gliú beach, neamh-inite

ex 1212 99 95

Pailin

ex 1521 90

Céir bheach

CUID XXIII

Seiriceáin

Cuimsítear faoi earnáil na seiriceán seiriceáin a thagann faoi chód AC ex 0106 90 00 agus uibheacha seiriceán a thagann faoi chód AC ex 0511 99 85.

CUID XXIV

Táirgí eile

Ciallaíonn "táirgí eile", na tairgí talmhaíochta go léir, seachas na táirgí atá liostaithe i gCodanna I go XXIII, lena n-áirítear na táirgí sin atá liostaithe i Roinn 1 agus Roinn 2 seo a leanas den Chuid seo.

Roinn 1

Cód AC

Tuairisc

ex 0101

Capaill, asail, miúileanna agus ráinigh bheo:

– Capaill

0101 21 00

– – Ainmhithe síolrúcháin folaíochta (1):

0101 29

– – Eile:

0101 29 90

– – – Seachas lena marú

0101 30 00

– – Asail

0101 90 00

Eile

ex 0102

Bó-ainmhithe beo:

– – Ainmhithe eile seachas ainmhithe síolrúcháin folaíochta:

– – – Seachas speiceas clóis

0102 39 90,

0102 90 99 agus

 

ex 0103

Mucra beo:

0103 10 00

– Ainmhithe síolrúcháin folaíochta (4)

– Eile:

ex 0103 91

– – Dar meáchan níos lú ná 50 kg:

0103 91 90

– – – Seachas speiceas clóis

ex 0103 92

– – Dar meáchan 50 kg nó níos mó

0103 92 90

– – Seachas speiceas clóis

0106

Ainmhithe beo eile

ex 0203

Feoil mucra, úr, fhuaraithe nó reoite:

– Úr nó fuaraithe:

ex 0203 11

– – Conablaigh agus leathchonablaigh:

0203 11 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0203 12

– – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh:

0203 12 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0203 19

– – Eile:

0203 19 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

– Reoite:

ex 0203 21

– – Conablaigh agus leathchonablaigh:

0203 21 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0203 22

– – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh:

0203 22 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0203 29

– – Eile:

0203 29 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0205 00

Feoil asal, miúileanna nó ráineach, úr, fhuaraithe nó reoite

ex 0206

Scairteach inite ó bhó-ainmhithe, mucra, caora, gabhair, capaill, asail, miúileanna nó ráinigh, úr, fuaraithe nó reoite:

ex 0206 10 agus

– Ó bhó-ainmhithe, úr nó fuaraithe

0206 10 10

– – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– Ó bhó-ainmhithe, reoite:

ex 0206 22 00

– – Aenna:

– – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

ex 0206 29

– – Eile:

0206 29 10

– – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

ex 0206 30 00

– Ó mhucra, úr nó fuaraithe:

– – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– – Eile:

– – – seachas ó mhucra clóis

– Ó mhucra, reoite:

ex 0206 41 00

– – Aenna:

– – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– – – Eile:

– – – – seachas ó mhucra clóis

ex 0206 49 00

– – Eile:

– – – Ó mhucra clóis:

– – – – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– – – Eile

ex 0206 80

– Eile, úr nó fuaraithe:

0206 80 10

– – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– – Eile:

0206 80 91

– – – Ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna agus ó ráinigh

ex 0206 90

– Eile, reoite:

0206 90 10

– – Chun táirgí cógaisíochta a mhonarú (7)

– – Eile:

0206 90 91

– – – Ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna agus ó ráinigh

0208

Feoil agus scairteach eile inite, úr, fhuaraithe nó reoite

ex 0210

Feoil agus scairteach feola inite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe; plúir agus min inite ó fheoil nó ó scairteach feola:

– Feoil mhucra:

ex 0210 11

– – Liamhása, guaillí agus gearrthacha díobh, ar an gcnámh:

0210 11 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0210 12

– – Boilg (stríocach) agus gearrthacha díobh:

0210 12 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 0210 19

– – Eile:

0210 19 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

– Eile, lena n-áirítear plúir agus min inite ó fheoil nó ó scairteach feola:

0210 91 00

– – Ó phríomhaigh

0210 92

– – Ó mhíolta móra, ó dheilfeanna agus ó mhuca mara (mamaigh den ord Cetacea); ó bha mara agus ó dhuganganna (mamaigh den ord Sirenia); ó rónta, ó mhór-rónta agus ó rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia)

0210 93 00

– – Ó reiptílí (nathracha agus turtair san áireamh)

ex 0210 99

– – Eile:

– – – Feoil:

0210 99 31

– – – – Ó réinfhianna

0210 99 39

– – – – Eile

– – – Scairteach:

– – – – Seachas ó mhucra clóis, ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh agus ó ghabhair

0210 99 85

– – – – – Seachas aenna éanlaithe clóis

ex 0407

Uibheacha éan, sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte:

0407 19 90

0407 29 90 agus

0407 90 90

– Seachas uibheacha éanlaithe clóis

ex 0408

Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe, úra, thriomaithe, chócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, mhúnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil:

– Buíocáin uibheacha:

ex 0408 11

– – Triomaithe:

0408 11 20

– – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (8)

ex 0408 19

– – Eile:

0408 19 20

– – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (8)

– Eile:

ex 0408 91

– – Triomaithe:

0408 91 20

– – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (8)

ex 0408 99

– – Eile:

0408 99 20

– – – Atá mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (8)

0410 00 00

Táirgí inite de thionscnamh ainmhíoch, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile

0504 00 00

Putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas éisc), ina n-iomláine agus codanna díobh, úra, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe

ex 0511

Táirgí ó ainmhithe nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ainmhithe marbha faoi Chaibidil 1 nó faoi Chaibidil 3, mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine:

0511 10 00

– Seamhan buaibheach

– Eile:

ex 0511 99

– – Eile:

0511 99 85

– – – Eile

ex 0709

Glasraí eile, úra nó fuaraithe:

ex 0709 60

– Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta:

– – Eile:

0709 60 91

– – – – Den ghéineas Capsicum, chun ruaimeanna oiléaroisín capsacaim nó capsicin a mhonarú (7)

0709 60 95

– – – Le haghaidh monarú tionsclaíoch blátholaí nó roisíneoidí (7)

0709 60 99

– – – Eile

ex 0710

Glasraí (neamhchócaráilte nó cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú), reoite:

ex 0710 80

– Glasraí eile:

– – Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta:

0710 80 59

– – – Seachas piobair mhilse

ex 0711

Glasraí atá leasaithe go sealadach (mar shampla, le gás dé-ocsaíde sulfair, faoi sháile, in uisce sulfair nó i dtuaslagáin leasaitheacha eile), ach nach féidir iad a ithe díreach sa staid sin:

ex 0711 90

– Glasraí eile; meascáin de ghlasraí:

– – Glasraí:

0711 90 10

– – – – Torthaí den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta, seachas piobair mhilse

ex 0713

Glasraí léagúmacha triomaithe, scilligthe, cibé acu scafa nó scoilte nó gan a bheith:

ex 0713 10

– Piseanna (Pisum sativum):

0713 10 90

– – Seachas le cur

ex 0713 20 00

– Sicphiseánaigh (garbanzo):

– – Seachas le cur

– Pónairí (Vigna spp., Phaseolus spp.):

ex 0713 31 00

– – Pónairí den speiceas Vigna mungo (L) Hepper nó Vigna radiata (L) Wilczek:

– – – Seachas le cur

ex 0713 32 00

– – Pónairí dearga beaga (Adzuki) (Phaseolus nó Vigna angularis):

– – – Seachas le cur

ex 0713 33

– – Pónairí duánacha, lena n-áirítear pónairí pise bána (Phaseolus vulgaris):

0713 33 90

– – – Seachas le cur

ex 0713 34 00

– – Pónairí Bambara (Vigna subterranea nó Voandzeia subterranea)

ex 0713 35 00

– – – Seachas le cur

ex 0713 39 00

– – Piseanna bó (Vigna unguiculata):

– – – Seachas le cur

– – Eile:

– – – Seachas le cur

ex 0713 40 00

– Lintilí:

– – Seachas le cur

ex 0713 50 00

– Pónairí leathana (Vicia faba var. major) agus pónairí capaill (Vicia faba var. equina agus Vicia faba var. minor):

– – Seachas le cur

ex 0713 60 00

– Piseanna colúir (Cajanus cajan):

 

– – Seachas le cur

ex 0713 90 00

– Eile:

– – Seachas le cur

0801

Cnónna cócó, cnónna Brasaíleacha agus cnónna caisiú úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil

ex 0802

Cnónna eile, úra nó triomaithe, cibé acu atá siad scilligthe nó scafa nó nach bhfuil:

0802 70 00

– Cnónna Kola (Cola spp.)

0802 80 00

– Cnónna Areca

ex 0804

Dátaí, figí, anainn, abhacáid, guábhaí, mangónna agus "mangosteen", úra nó triomaithe:

0804 10 00

– Dátaí

0902

Tae, cibé acu atá blas curtha leis nó nach bhfuil

ex 0904

Piobar den ghéineas Piper; triomaithe nó brúite nó torthaí meilte den ghéineas Capsicum nó den ghéineas Pimenta, seachas piobair mhilse faoi fho-cheannteideal 0904 21 10

0905

Fanaile

0906

Cainéal agus bláthanna an chrainn chainéil

0907

Clóibh (an toradh iomlán, na clóibh agus na gais)

0908

Noitmig, maicis agus cardamaim

0909

Síolta ainíse, réalt-ainís, finéal, lus an choire, cuimín nó cearbhas; sméara aitil

ex 0910

Sinséar, tuirmiric (curcuma), duillí labhrais, curaí agus spíosraí eile, seachas tím agus cróch

ex 1106

Plúr, min agus púdar na nglasraí léagúmacha triomaithe faoi cheannteideal 0713; plúr, min agus púdar sáig nó fréamhacha nó tiúbar faoi cheannteideal 0714 nó ó na táirgí i gCaibidil 8:

1106 10 00

– Ó na glasraí léagúmacha triomaithe faoi cheannteideal 0713

ex 1106 30

– Ó na táirgí i gCaibidil 8:

1106 30 90

– – Seachas bananaí

ex 1108

Stáirsí; ionúilin:

1108 20 00

– Ionúilin

1201 90 00

Pónairí soighe, bíodh siad briste nó gan a bheith briste, seachas síolta

1202 41 00

Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte i slí eile, sa bhlaosc, seachas síolta

1202 42 00

Piseanna talún, nach bhfuil rósta ná cócaráilte i slí eile, scilligthe, bíodh siad briste nó gan a bheith briste, seachas síolta

1203 00 00

Copra

1204 00 90

Ros lín, cibé acu atá briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1205 10 90 agus ex 1205 90 00

Síolta ráibe nó síolta colsa, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1206 00 91

Síolta lus na gréine, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1206 00 99

 

1207 29 00

Síolta cadáis, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1207 40 90

Síolta seasamain, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1207 50 90

Síolta mustaird, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1207 91 90

Síolta poipín, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1207 99 91

Síolta cnáibe, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

ex 1207 99 96

Síolta ola eile agus torthaí olúla, cibé acu atá siad briste nó nach bhfuil, nach bhfuil le cur

1208

Plúir agus min síolta ola nó torthaí olúla, seachas iad siúd ó mhustard

ex 1211

Plandaí agus codanna de phlandaí (lena n-áirítear síolta agus torthaí) de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó nithe comhchosúla, úra nó triomaithe, cibé acu gearrtha, brúite nó púdraithe nó gan a bheith, seachas na táirgí atá liostaithe faoi chód AC ex 1211 90 86 i gCuid IX;

ex 1212

Pónairí lócaiste, feamainn agus algaí eile, biatas siúcra agus cána siúcra, úr, fuaraithe, reoite nó triomaithe, cibé acu atá sé meilte nó nach bhfuil; clocha agus eithní torthaí agus táirgí plandúla eile (lena n-áirítear fréamhacha siocaire neamhrósta den chineál Cichorium intybus var. sativum) de chineál a úsáidtear go príomha lena gcaitheamh ag an duine, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

ex 1212 99

– – Seachas cána siúcra:

1212 99 41 agus 1212 99 49

– – – Síolta pónaire lócaiste

ex 1212 99 95

– – – Eile, seachas fréamh siocaire

1213 00 00

Crotail agus tuí gránaigh, gan ullmhú, cibé acu atá siad mionghearrtha, meilte, brúite nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil

ex 1214

Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, goirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil:

ex 1214 10 00

– Min agus millíní meidic na mbó (alfalfa), seachas ó mheidic na mbó triomaithe le teas saorga nó ó mheidic na mbó a triomaíodh agus a meileadh ar bhealach eile

ex 1214 90

– Eile:

1214 90 10

– – Meaingil, svaeideanna agus fréamhacha farae eile

ex 1214 90 90

– – Eile, ach amháin:

– Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí agus táirgí farae comhchosúla, atá triomaithe le teas saorga, seachas féar tirim agus cál farae agus táirgí a bhfuil féar tirim iontu

– Meidic na mbó, goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí, loiteog meala, pis phréacháin agus crúb éin, triomaithe agus meilte ar bhealach eile

ex 1502

Saill bó-ainmhithe, chaora nó ghabhair, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503:

ex 1502 10 10

ex 1502 90 10

– Le haghaidh úsáidí tionsclaíocha seachas monarú bia-ábhar atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, seachas saill a fhaightear ó chnámha agus ó dhramhaíl (7)

1503 00

Stéirin blonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar shlí eile

ex 1504

Saillte agus olaí agus a gcodáin, ó éisc nó ó mhamaigh mhuirí, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu, seachas olaí ae éisc agus codáin cheannteideal 1504 10 agus saillte agus olaí agus a gcodáin, ó éisc, seachas olaí ae cheannteideal 1504 20

1507

Ola phónaire shoighe agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1508

Ola na pise talún agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1511

Ola phailme agus a codáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1512

Ola lus na gréine, ola chróch bhréige nó ola shíol cadáis agus codáin díobh, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1513

Cnó cócó (copra), eithne phailme nó ola bhabasú agus codáin díobh, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

1514

Ola ráibe, ola colza nó ola mhustaird agus codáin díobh, bídís scagtha nó ná bíodh, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

ex 1515

Saillte plandúla seasta agus olaí plandúla seasta eile (seachas ola jojoba faoi fho-cheannteideal ex 1515 90 11) agus a gcodáin, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil modhnú ceimiceach déanta orthu

ex 1516

Saillte agus olaí ainmhíocha nó plandúla agus codáin díobh, hidriginithe go hiomlán nó i bpáirt, idir-eistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, cibé acu atá siad scagtha nó nach bhfuil, ach nach bhfuil tuilleadh ullmhúcháin déanta orthu (seachas ola ricne hidriginithe, ar a dtugtar 'céir ópalach' faoi fho-cheannteideal 1516 20 10)

ex 1517

Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó olaí ainmhíocha nó plandúla nó de chodáin de shaillte nó olaí éagsúla sa chaibidil seo, seachas saillte nó olaí inite nó codáin díobh faoi cheannteideal 1516, seachas fo-cheannteidil 1517 10 10, 1517 90 10 agus 1517 90 93

1518 00 31

1518 00 39

Olaí plandúla seasta, sreabhán, arna meascadh le haghaidh úsáidí teicniúla nó tionsclaíocha seachas monarú bia-ábhar atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine (7)

1522 00 91

Dríodar agus bunanna ola; stoic gallúnaí, a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhithe nó glasraí, seachas cinn ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici

1522 00 99

Iarmhair eile a thagann ó chóireáil substaintí sailleacha nó céaracha ainmhithe nó glasraí, seachas cinn ina bhfuil ola a bhfuil tréithe ola olóige aici

ex 1602

Feoil, miodamas feola nó fuil eile, ullmhaithe nó leasaithe:

– Ó mhucra:

ex 1602 41

– – Liamhása agus gearrthacha díobh:

1602 41 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 1602 42

– – Guaillí agus gearrthacha díobh:

1602 42 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 1602 49

– – Eile, lena n-áirítear meascáin:

1602 49 90

– – – Seachas ó mhucra clóis

ex 1602 90

– Eile, lena n-áirítear ullmhóidí déanta d'fhuil ainmhí ar bith:

– – Seachas ullmhóidí déanta d'fhuil ainmhí ar bith:

1602 90 31

– – – Ó ghéim nó choinín

– – – Eile:

– – – – Nach bhfuil feoil nó scairteach feola mucra clóis iontu:

– – – – – Nach bhfuil feoil nó scairteach bhó-ainmhithe iontu:

1602 90 99

– – – – – – Seachas ó chaora nó ó ghabhair

ex 1603 00

Úisc agus súnna ó fheoil

1801 00 00

Pónairí cócó, iomlán nó briste, amh nó rósta

1802 00 00

Blaoscanna, mogaill agus craicne cócó agus fuíoll eile cócó

ex 2001

Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach:

ex 2001 90

– Eile:

2001 90 20

– – Torthaí den ghéineas Capsicum ach amháin piobair mhilse nó pimeantó

ex 2005

Glasraí eile ullmhaithe nó leasaithe seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006:

ex 2005 99

– Glasraí eile agus meascáin de ghlasraí:

2005 99 10

– – Torthaí den ghéineas Capsicum ach amháin piobair mhilse nó pimeantó

ex 2206

Deochanna coipthe eile (mar shampla, ceirtlis, leann piorraí, meá); meascáin de dheochanna coipthe agus meascáin de dheochanna coipthe agus deochanna neamh-mheisciúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

2206 31 91 go

2206 00 89

– Seachas piquette

ex 2301

Plúir, min agus millíní, ó fheoil agus ó scairteach feola, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nach bhfuil oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; geirdheascadh:

2301 10 00

– Plúir, min agus millíní, ó fheoil nó ó scairteach feola; geirdheascadh

ex 2302

Bran, géara agus iarmhair eile, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, díorthaithe ó ghránaigh nó plandaí léagúmacha a chriathrú, a mhuilleáil nó a phróiseáil ar bhealach eile:

2302 50 00

– Ó phlandaí léagúmacha

2304 00 00

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh ola phónaire shoighe a úscadh

2305 00 00

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh ola na pise talún a úscadh

ex 2306

Cáca ola agus iarmhair sholadacha eile, cibé acu atá siad meilte nó i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de thoradh úscadh saillte nó olaí plandúla, seachas na cinn faoi cheannteidil 2304 nó 2305 ach amháin fo-cheannteideal 2306 90 05 (cáca ola agus iarmhair sholadacha eile de thoradh ginidín arbhair Indiaigh (arbhar) a úscadh) agus 2306 90 11 agus 2306 90 19 (cáca ola agus iarmhair sholadacha eile de thoradh ola ológa a úscadh)

ex 2307 00

Moirt fhíona; argol:

2307 00 90

– Argol

ex 2308 00

Ábhair ghlasraí agus fuíollábhar glasraí, fotháirgí agus iarmhair ghlasraí, cibé acu atá siad i bhfoirm millíní nó nach bhfuil, de chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

2308 00 90

– Seachas marc fíonchaor, dearcáin agus cnónna capaill, marc torthaí, seachas fíonchaora

ex 2309

Ullmhóidí den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe:

ex 2309 10

– Bia do mhadraí nó do chait, ar an margadh le haghaidh miondíola:

2309 10 90

– – Nach bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideistrin nó síoróip mhaltaideistrine ann faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne

ex 2309 90

– Eile:

ex 2309 90 10

– – Eile, lena n-áirítear réamh-mheascáin:

– – Ábhair intuaslagtha ó mhamaigh mhuirí

ex 2309 90 91 go

2309 90 96

– – – Nach bhfuil stáirse, glúcós, síoróip ghlúcóis, maltaideislin nó síoróip mhaltaideisline ann faoi na ceannteidil 1702 30 50, 1702 30 90, 1702 40 90, 1702 90 50 agus 2106 90 55 ná táirgí bainne, ar eisiamh

– Tiúchain phróitéine faighte ó shú mheidic na mbó agus ó shú féir

– Táirgí díhiodráitithe a fhaightear ó iarmhair sholadacha agus shú amháin a thagann ó ullmhú na dtiúchan dá dtagraítear sa chéad fhleasc


Roinn 2

Cód AC

Tuairisc

0101 29 10

Capaill bheo, le marú (9)

ex 0205 00

Feoil capall, í úr, fuaraithe nó reoite

0210 99 10

Feoil capall, í saillte, faoi sháile nó triomaithe

0511 99 10

Féitheog nó teannáin; dramh bearrtha agus dramh dá samhail ó sheithí nó ó chraicne amha

0701

Prátaí, iad úr nó fuaraithe

0901

Caife, bíodh sé rósta, díchaiféinithe nó ná bíodh; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu

1105

Plúr, min, púdar, calóga, gráinníní agus millíní prátaí ex 1212 99 95

ex 1212 99 95

Fréamhacha siocaire

2209 00 91 agus 2209 00 99

Fínéagar agus ionadáin fínéagair a fhaightear ó aigéad aicéiteach seachas fínéagar fíona

4501

Corc nádúrtha, amh nó ullmhaithe go simplí; corc brúite, gránaithe nó meilte


(1)  Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Treoir 94/28/CE ón gComhairle () agus Rialachán (CE) Uimh 504/2008 ón gCoimisiún ()).

(2)  Treoir 94/28/CE ón gComhairle an 23 Meitheamh 1994 lena leagtar síos na prionsabail maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla agus ginealais is infheidhme maidir le honnmhairi ainmhithe ó tríú tíortha, a seamhan, ubháin agus suthanna agus lena n-aisghairtear Treoir 77/504/EEC maidir le hainmhithe folaíochta síolrúcháin den speiceas buaibheach (IO L 178, 12.7.1994, lch. 66).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 504/2008 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2008 lena gcuirtear Treoracha 90/426/CEE agus 90/427/CEE maidir le modhanna chun equidae a shainaithint (IO L 149, 7.6.2008, lch. 3).

(4)  Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Treoir 88/661/CE ón gComhairle (); Treoir 94/28/CE; agus Cinneadh 96/510/CE ón gCoimisiún ()).

(5)  Treoir 88/661/CEEE ón gComhairle an 19 Nollaig maidir leis na coinníollacha zóiteicniúla is infheidhme maidir seamhan ainmhithe den speiceas mucúil (IO L 382, 31.12.1988, lch. 36).

(6)  Cinneadh 96/510/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 1996 lena leagtar síos na deimhnithe ginealaigh

agus zóiteicniúla le haghaidh onnmhairiú seamhan ainmhithe, a seamhan, ubháin agus suthanna (IO L 210, 20.8.1996, lch 53).

(7)  Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Airteagail 291 go 300 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93

(8)  Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i mír F de Roinn II de réamhfhorálacha na hAinmníochta Comhcheangailte.

(9)  Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Airteagail 291 go 300 de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún.


IARSCRÍBHINN II

SAINMHÍNITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

CUID I

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na ríse

I.

Déanfar na téarmaí 'rís gan scilligeadh', 'rís scilligthe', 'rís leathmheilte', 'rís lánmheilte', 'rís chruinnghránach', 'rís mheánghránach', 'rís fhadghránach A nó B' agus 'rís bhriste' a shainmhíniú mar seo a leanas:

1.

(a)

Ciallaíonn 'rís gan scilligeadh' rís a choinnigh a crotal i ndiaidh a buailte.

(b)

Ciallaíonn 'rís scilligthe' rís nár baineadh ach an crotal di. I measc na samplaí de rís a thagann faoin sainmhíniú seo tá siad siúd a shonraítear ar bhonn tráchtála mar 'rís dhonn', 'rís lasta', 'loonzain' agus 'riso sbramato'.

(c)

Ciallaíonn 'rís leathmheilte' rís gan scilligeadh ar baineadh an crotal di, mar aon le cuid den ghinidín agus cuid de shraitheanna seachtracha an pheireacairp nó iad go léir ach nár baineadh na sraitheanna inmheánacha di.

(d)

Ciallaíonn 'rís lánmheilte' rís gan scilligeadh ar baineadh an crotal di, mar aon le sraitheanna seachtracha agus inmheánacha uile an pheireacairp, agus an ginidín iomlán i gcás ríse fadghránaí nó ríse meánghránaí agus cuid de ar a laghad i gcás ríse cruinnghránaí, ach ar féidir fadstríoca bána a bheith fágtha ar líon nach mó ná 10 % de na gránaigh.

2.

(a)

Ciallaíonn 'rís chruinnghránach' rís nach bhfuil a gráinní níos faide ná 5,2 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid níos lú ná 2 acu.

(b)

Ciallaíonn 'rís mheánghránach' rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 5,2 mm ach nach bhfuil níos faide ná 6,0 mm agus a bhfuil cóimheas faid/leithid nach mó ná 3 acu.

(c)

Ciallaíonn 'rís fhadghránach'

(i)

rís fhadghránach A, eadhon rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 6,0 mm agus cóimheas faid/leithid níos mó ná 2 ach níos lú ná 3 acu;

(ii)

rís fhadghránach B, eadhon rís a bhfuil a gráinní níos faide ná 6,0 mm agus cóimheas faid/leithid de 3 nó níos mó acu.

(d)

Ciallaíonn 'tomhais na ngráinní' go ndéantar gráinní rís lánmheilte a thomhas sa mhodh seo a leanas:

(i)

sampla a thógáil atá ionadaíoch don bhaisc iomlán;

(ii)

criathrú a dhéanamh ar an sampla i dtreo is nach gcoinneofar ach gráinní iomlána, lena n-áirítear gráinní neamhaibí;

(iii)

dhá thomhas a dhéanamh, 100 gráinne an ceann, agus an meán a oibriú amach;

(iv)

an toradh a léiriú i milliméadair, tugtha go dtí ionad deachúlach amháin.

3.

Ciallaíonn 'rís bhriste' bloghanna gráinne nach bhfuil níos faide ná trí cheathrú de mheánmhéid na gráinne iomláine.

II.

Maidir le gráinní agus gráinní briste nach bhfuil ar cháilíocht gan cháim, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

Ciallaíonn 'gráinní iomlána' gráinní nár baineadh ach cuid den cheann díobh, is cuma cé na tréithe arna dtáirgeadh ag gach céim den mhuilleáil.

2.

Ciallaíonn 'gráinní lomtha' gráinní ar baineadh an ceann iomlán díobh.

3.

Ciallaíonn 'gráinní lomtha' gráinní ar baineadh an ceann iomlán díobh.Ciallaíonn 'bloghanna nó gráinní briste'gráinní ar baineadh cuid dá méid atá níos mó ná an ceann díobh; áirítear mar ghráinní briste:

(i)

gráinní briste móra (píosaí gráinne nach bhfuil níos lú ná leathghráinne ar fad, ach nach ionann agus gráinne iomlán iad),

(ii)

gráinní briste meánmhéide (píosaí gráinne nach bhfuil níos lú ná ceathrú gráinne ar fad, ach atá níos lú ná an t-íosmhéid do 'ghráinní briste móra'),

(iii)

gráinní briste míne (píosaí gráinne atá níos lú ná ceathrú gráinne ach atá rómhór le dul trí chriathar a bhfuil mogall 1,4 mm air),

(iv)

tagann bloghanna (codanna beaga nó cáithníní de ghráinne ar féidir leo dul trí chriathar a bhfuil mogall 1,4 mm air); gráinní scoilte (píosaí a thagann ó scoilt chomhréireach sa ghráinne) faoin sainmhíniú seo.

4.

Ciallaíonn 'gráinní glasa' gráinní nach bhfuil iomlán aibí.

5.

Ciallaíonn 'gráinní a bhfuil míchuma nádúrtha orthu' gráinní a bhfuil míchuma nádúrtha orthu cibé acu atá sé de thionscnamh dúchasach nó nach bhfuil, i gcomparáid leis na tréithe moirfeolaíocha atá tipiciúil don chineál sin.

6.

Ciallaíonn 'gráinní cailceacha' gráinní a bhfuil cuma theimhneach agus chailceach ar thrí cheathrú ar a laghad dá ndromchla.

7.

Ciallaíonn 'gráinní a bhfuil stríoca dearga orthu' gráinní a bhfuil stríoca dearga comhréireacha de dhéine agus imreacha éagsúla orthu, de bharr iarmhair ón bpeireacarp.

8

Ciallaíonn 'gráinní ballacha' gráinní a bhfuil ciorcal beag glan soiléir orthu, de dhath dorcha agus de ghnáthchruth; áirítear mar ghráinní ballacha freisin cinn ar a bhfuil stríoca dubha éadroma ar an dromchla amháin.

9.

Ciallaíonn 'gráinní ruaimnithe' gráinní ar soiléir gur athraigh a ndath nádúrtha, ar achar beag dá ndromchla; féadfaidh dathanna éagsúla a bheith ar na ruamanna (scothdhubh, scothdhearg, donn); glactar le stríoca dubha doimhne mar ruamanna freisin. Má tá dath na ruamanna soiléir go leor (dubh, bándearg, donndearg) is gur féidir é a fheiceáil láithreach agus má chlúdaíonn siad achar nach lú ná leath achar an ghráinne, ní mór glacadh leis na gráinní mar ghráinní buí.

10.

Ciallaíonn 'gráinní buí' gráinní a bhfuil athrú tagtha ar a ndath nádúrtha, go hiomlán nó i bpáirt, ar bhealach eile seachas trí thriomú, agus a bhfuil ton líomóide nó buí-oráiste orthu anois.

11.

Ciallaíonn 'gráinní ómracha' gráinní a bhfuil athrú beag aonfhoirmeach tagtha ar a ndath, thar a ndromchla iomlán, ar bhealach eile seachas triomú; athraíonn dath na ngráinní go buí ómrach éadrom de bharr an athraithe seo.

CUID II

Sainmhínithe teicniúla a bhaineann le hearnáil an tsiúcra

Roinn A

Sainmhínithe ginearálta

1.

Ciallaíonn 'siúcraí bána' siúcraí, nach bhfuil blas ná dath ná aon substaintí eile curtha leo, a bhfuil 99,5 % nó níos mó de shiúcrós iontu de réir meáchain sa staid thirim, arna shocrú sa mhodh polaraiméadrach.

2.

Ciallaíonn 'siúcraí amha' siúcraí, nach bhfuil blas ná dath ná aon substaintí eile curtha leo, a bhfuil níos lú ná 99,5 % de shiúcrós iontu de réir meáchain sa staid thirim, arna shocrú sa mhodh polaraiméadrach.

3.

Ciallaíonn 'iseaglúcós' an táirge a fhaightear ó ghlúcós nó óna pholaiméirí a bhfuil 10 % d'fhruchtós ar a laghad ann de réir meáchain sa staid thirim.

4.

Ciallaíonn 'síoróip ionúiline' an táirge díreach a fhaightear trí hidrealú a dhéanamh ar ionúilin nó ar olagafruchtóis, a bhfuil 10 % d'fhruchtós ar a laghad ann de réir meáchain sa staid thirim, i bhfoirm shaor, arna shloinneadh mar choibhéisí iseaglúcóis/siúcra. D'fhonn srianta ar an margadh a sheachaint le haghaidh táirgí a bhfuil cumas milsiúcháin íseal acu arna dtáirgeadh ag próiseálaithe snáithín ionúiline gan chuóta síoróipe ionúiline, féadfaidh an Coimisiún trí bhithín gníomhartha tarmligthe de bhun phointe (a) d'Airteagal 125(4) an sainmhíniú seo a leasú.

5.

Ciallaíonn 'conradh seachadta' conradh arna thabhairt i gcrích idir díoltóir agus gnóthas chun biatas a sheachadadh le haghaidh siúcra a mhonarú.

6.

Ciallaíonn 'comhaontú laistigh den trádáil' ceann díobh seo a leanas:

(a)

comhaontú arna thabhairt i gcrích, sula dtabharfar conradh seachadta ar bith i gcrích, idir gnóthais nó eagraíocht gnóthas arna haithint ag an mBallstát lena mbaineann, nó grúpa eagraíochtaí gnóthas den chineál sin, ar láimh amháin agus comhlachas díoltóirí arna aithint ag an mBallstát lena mbaineann ar an láimh eile;

(b)

mura bhfuil comhaontú ann amhail an ceann dá dtagraítear i bpointe (a), an dlí maidir le cuideachtaí agus an dlí maidir le comharchumainn, chomh fada is a rialaíonn siad seachadadh biatais siúcra ag scairshealbhóirí nó ag baill cuideachta nó comharchumainn a dhéanann siúcra a mhonarú.

Roinn B:

Sainmhínithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an tréimshe dá dtagraítear in Airteagal 124

1.

Ciallaíonn 'siúcra cuóta', 'iseaglúcós cuóta' agus 'síoróip ionúiline cuóta' cainníocht ar bith de tháirgeadh siúcra, iseaglúcóis nó síoróipe ionúiline ar féidir a chur i leith bliana margaíochta ar leith faoi chuóta an ghnóthais lena mbaineann.

2.

Ciallaíonn 'siúcra tionsclaíoch' cainníocht ar bith de tháirgeadh siúcra ar féidir a chur i leith bliana margaíochta ar leith os cionn na cainníochta siúcra dá dtagraítear i bpointe (5), a bhfuil sé beartaithe go dtáirgfeadh an tionscal ceann de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 140(2) as.

3.

Ciallaíonn 'iseaglúcós tionsclaíoch' agus 'síoróip ionúiline thionsclaíoch' cainníocht ar bith de tháirgeadh iseaglúcóis nó síoróipe ionúiline ar féidir a chur i leith bliana margaíochta ar leith, a bhfuil sé beartaithe go dtáirgfeadh an tionscal ceann de na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 140(2) as.

4.

Ciallaíonn 'siúcra barrachais', 'iseaglúcós barrachais' agus 'síoróip ionúiline barrachais' cainníocht ar bith de tháirgeadh siúcra, iseaglúcóis nó síoróipe ionúiline ar féidir a chur i leith bliana margaíochta ar leith, os cionn na gcainníochtaí faoi seach dá dtagraítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3.

5.

Ciallaíonn 'biatas cuóta' an biatas siúcra go léir a phróiseáiltear go siúcra cuóta.

6.

Ciallaíonn 'scagaire lánaimseartha' aonad táirgthe:

arb é an t-aon ghníomhaíocht a bhíonn ar siúl ann ná siúcra cána amh allmhairithe a mhínghlanadh, nó

a ndearnadh mínphróiseáil ann sa bhliain mhargaíochta 2004/2005, nó 2007/2008 i gcás na Cróite, ar chainníocht de 15 000 tona ar a laghad de shiúcra cána amh allmhairithe.

CUID III

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na leannlusanna

1.

Ciallaíonn 'leannlusanna' na bláthraí triomaithe, ar a dtugtar buaircíní freisin, ón bplanda leannlusa dreaptha (baineann) (Humulus lupulus); bíonn dath glasbhuí agus cruth ubhchruthóideach ar na bláthraí seo, bíonn gas blátha acu agus bíonn siad idir 2 agus 5 cm ar airde de ghnáth.

2.

Ciallaíonn 'púdar leannlusa' an táirge a fhaightear ó mhuilleáil a dhéanamh ar na leannlusanna, a bhfuil a ngnéithe nádúrtha go léir iontu.

3.

Ciallaíonn 'púdar leannlusa a bhfuil cion lúpailin níos mó ann' an táirge a fhaightear trí leannlusanna a mhuilleáil i ndiaidh cuid de na duillí, na gais, na brachtanna agus na droimíní a bhaint go meicniúil.

4.

Ciallaíonn 'úisc leannlusanna' na táirgí tiubhaithe a fhaightear ó ghníomh tuaslagóir ar na leannlusanna nó ar an bpúdar leannlusa.

5.

Ciallaíonn 'táirgí leannlusanna measctha' meascán de dhá tháirge nó níos mó dá dtagraítear i bpointe 1 go 4.

CUID IV

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an fhíona

A bhaineann le fíniúnacha

1.

Ciallaíonn 'grafadh' díothú iomlán na stoc fíniúna go léir ar limistéar ina bhfuil fíniúnacha curtha.

2.

Ciallaíonn 'plandáil' bunú cinnteach plandaí fíniúna nó codanna de phlandaí fíniúna, cibé acu atá siad nódaithe nó nach bhfuil, d'fhonn fíonchaora a tháirgeadh nó plandlann nódúcháin a bhunú.

3.

Ciallaíonn 'nódú ar aghaidh' fíniúin a nódú a ndearnadh nódú uirthi cheana féin.

A bhaineann le táirgí

4.

Ciallaíonn 'fíonchaora úra' torthaí na fíniúna a úsáidtear chun fíon a dhéanamh, aibí nó fiú beagán rísínithe, a bhféadfadh a bheith brúite nó meilte trí mhodhanna ghnáthshiléar fíona agus a d'fhéadfadh coipeadh alcólach a tháirgeadh uaidh féin.

5.

Ciallaíonn 'úrfhíon fíonchaor úr coiscthe ó choipeadh trí alcól a chur leis' táirge mar seo a leanas:

(a)

táirge a bhfuil neart alcóil iarbhír aige nach lú ná 12 % de réir toirte agus nach mó ná 15 % de réir toirte;

(b)

táirge a fhaightear trí cheann amháin de na táirgí seo a leanas a chur le húrfhíon fíonchaor neamhchoipthe, a bhfuil neart alcóil nádúrtha nach lú ná 8,5 % de réir toirte aige agus a fhaightear ó chineálacha fíonchaor amháin ar féidir a aicmiú i gcomhréir le hAirteagal 81(2):

(i)

d'alcól neodrach de thionscnamh fíonmhar, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte;

(ii)

nó de tháirge neamhchoigeartaithe a fhaightear ó dhriogadh fíona agus ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 80 % de réir toirte.

6.

Ciallaíonn "sú fíonchaor" táirge leachtach neamhchoipthe ach ar féidir a choipeadh a mbaineann an méid seo a leanas leis:

(a)

faightear é trí chóireáil chuí a dhéanann oiriúnach mar bhia don daoine é;

(b)

faightear ó fhíonchaora úra nó ó úrfhíon fíonchaor é nó trí athbhuanú. I gcás ina bhfaightear é trí athbhuanú, déanfar é a athbhuanú ó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó ó shú fíonchaor tiubhaithe.

Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe don sú fíonchaor.

7.

Is éard a chiallaíonn 'sú fíonchaor tiubhaithe' ná sú fíonchaor neamhdhóite a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach sú fíonchaor arna dhéanamh trí aon mhodh údaraithe seachas teas díreach ar bhealach a fhágann nach lú ná 50,9 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar arna úsáid i gcomhréir le modh atá le sannadh ag 20 °C.

Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe don sú fíonchaor tiubhaithe.

8.

Ciallaíonn 'moirt fíona' an t-iarmhar:

(a)

arna charnadh in árthaí ina bhfuil fíon i ndiaidh coipthe, le linn stórála nó i ndiaidh cóireála údaraithe;

(b)

a fhaightear ón táirge dá dtagraítear in (a) a scagadh nó a lártheifneoiriú;

(c)

arna charnadh in árthaí ina bhfuil úrfhíon fíonchaor le linn stórála nó i ndiaidh cóireála údaraithe; nó

(d)

a fhaightear ón táirge dá dtagraítear in (c) a scagadh nó a lártheifneoiriú.

9.

Ciallaíonn "marc fíonchaor" an t-iarmhar ó fhíonchaora úra a bhrú, cibé acu atá siad coipthe nó nach bhfuil.

10.

Ciallaíonn 'piquette' táirge a fhaightear trí na bealaí seo a leanas:

(a)

coipeadh marc fíonchaor neamhchóireáilte maothaithe in uisce; nó

(b)

marc fíonchaor coipthe a láisteadh le huisce.

11.

Ciallaíonn 'fíon atá treisithe le haghaidh driogadh' táirge mar seo a leanas:

(a)

táirge a bhfuil neart alcóil iarbhír aige nach lú ná 18 % de réir toirte agus nach mó ná 24 % de réir toirte;

(b)

táirge a fhaightear trí tháirge neamhchoigeartaithe a fhaightear ó dhriogadh fíona, agus a bhfuil neart alcóil iarbhír atá 86 % de réir toirte ar a mhéad ann, a chur le fíon nach bhfuil aon siúcra iarmharach ann agus sa chaoi sin amháin; nó

(c)

táirge a bhfuil aigéadacht so-ghalaithe uasta de 1,5 gram in aghaidh an lítir aige, arna shloinneadh mar aigéad aicéiteach.

12.

Ciallaíonn 'cuvée'

(a)

an t-úrfhíon fíonchaor;

(b)

an fíon; nó

(c)

an meascán d'úrfhíonta fíonchaor agus/nó d'fhíonta a bhfuil tréithe éagsúla acu,

atá beartaithe chun cineál áirithe fíona súilínigh a ullmhú.

Neart alcóil

13.

Ciallaíonn 'neart alcóil iarbhír de réir toirte' an líon toirteanna d'fhíoralcól atá ann ag teocht 20 °C in 100 toirt den táirge ag an teocht sin.

14.

Ciallaíonn 'neart alcóil féideartha de réir toirte' an líon toirteanna d'fhíoralcól ag teocht 20 °C ar féidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 toirt den táirge ag an teocht sin.

15.

Ciallaíonn 'neart alcóil iomlán de réir toirte', suim an nirt alcóil iarbhír agus an nirt alcóil fhéideartha.

16.

Ciallaíonn 'neart alcóil nádúrtha de réir toirte' an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag táirge sula ndéantar é a shaibhriú.

17.

Ciallaíonn 'neart alcóil iarbhír de réir maise' líon na gcileagram d'fhíoralcól atá in 100 cileagram den táirge.

18.

Ciallaíonn 'neart alcóil féideartha de réir maise' líon na gcileagram d'fhíoralcól ar féidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 cileagram den táirge.

19.

Ciallaíonn 'neart alcóil iomlán de réir maise' , suim an nirt alcóil iarbhír agus an nirt alcóil fhéideartha.

CUID V

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na mairteola agus na laofheola

Ciallaíonn 'bó-ainmhithe' ainmhithe beo den speiceas buaibheach clóis faoi chuimsiú chóid AC 0102 21, 0102 31 00, 0102 90 20, ex 0102 29 10 go ex 0102 29 99, 0102 39 10, 0102 90 91.

CUID VI

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne

Chun críocha chur chun feidhme an chuóta taraife le haghaidh ime ón Nua-Shéalainn, ní eisiatar leis an ráiteas 'monaraithe go díreach ó bhainne nó ó uachtar' im a monaraíodh ó bhainne nó ó uachtar, gan ábhair stóráilte a úsáid, i bpróiseas aonair, neamhspleách agus gan bhriseadh, ina bhféadfadh an t-uachtar dul trí chéim saille bainne thiubhaithe agus/nó codánúchán na saille bainne sin.

CUID VII

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na n-uibheacha

1.

Ciallaíonn 'uibheacha sna blaoscanna' uibheacha éanlaithe clóis sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte, seachas uibheacha goir a shonraítear i bpointe 2.

2.

Ciallaíonn 'uibheacha goir' uibheacha goir éanlaithe clóis

3.

Ciallaíonn 'táirgí iomlána' uibheacha éan nach bhfuil sna blaoscanna, cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil agus atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine.

4.

Ciallaíonn 'táirgí scartha' buíocáin uibheacha éan cibé acu atá siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó nach bhfuil agus atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine.

CUID VIII

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na feola éanlaithe clóis

1.

Ciallaíonn 'éanlaith chlóis bheo' éanlaithe, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe beo a bhfuil meáchan níos mó ná 185 gram ag gach ceann díobh.

2.

Ciallaíonn 'sicíní' éanlaithe, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe beo a bhfuil meáchan nach mó ná 185 gram ag gach ceann díobh.

3.

Ciallaíonn 'éanlaith chlóis mharaithe' éanlaithe maraithe den speiceas gallus domesticus, agus lachain, géanna, turcaithe agus guinithe maraithe, iomlána, le scairteach nó gan é.

4.

Ciallaíonn 'táirgí díorthaithe' an méid seo a leanas:

(a)

táirgí a shonraítear i bpointe (a) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(b)

táirgí a shonraítear i bpointe (b) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I, seachas éanlaith chlóis mharaithe agus scairteach inite, ar a dtugtar 'gearrthacha éanlaithe clóis';

(c)

scairteach inite a shonraítear i bpointe (b) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(d)

táirgí a shonraítear i bpointe (c) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(e)

táirgí a shonraítear i bpointe (d) agus (e) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I;

(f)

táirgí dá dtagraítear i bpointe (f) de Chuid XX d'Iarscríbhinn I, seachas na táirgí a thagann faoi chóid AC 1602 20 10.

CUID IX

Sainmhínithe a bhaineann le hearnáil na beachadóireachta

1.

Le mil tuigfear gur mil atá i gceist mar a thagraítear dó i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle (1) lena n-áirítear maidir leis na príomhchineálacha meala.

2.

Ciallaíonn 'táirgí beachadóireachta' mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin.


(1)  Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).


IARSCRÍBHINN III

CÁILÍOCHT CHAIGHDEÁNACH RÍSE AGUS SIÚCRA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7 AGUS IN AIRTEAGAL 135

A.   Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair ríse gan scilligeadh

Beidh na tréithe seo a leanas ag rís gan scilligeadh de cháilíocht chaighdeánach:

(a)

beidh sé de cháilíocht mhaith agus chóir atá oiriúnach le díol, gan bholadh;

(b)

beidh cion taisligh 13 % ar a mhéad inti;

(c)

beidh toradh 63 % de rís lánmheilte de réir meáchain i ngráinní iomlána (glacfar le 3 % de ghráinní lomtha) aici le céatadán de réir meáchain de ghráinní ríse lánmheilte nach bhfuil de chaighdeán gan cháim:

gráinní cailceacha de rís gan scilligeadh faoi chóid AC 1006 10 27 agus 1006 10 98

1,5 %

gráinní cailceacha de rís gan scilligeadh faoi chóid AC seachas AC 1006 10 27 agus 1006 10 98:

2,0 %

gráinní a bhfuil stríoca dearga orthu

1,0 %

gráinní ballacha

0,50 %

gráinní ruaimnithe

0,25 %

gráinní buí

0,02 %

gráinní ómracha

0,05 %

B.   Cáilíochtaí caighdeánacha i gcomhair siúcra

I.   Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair biatais siúcra

Bainfidh an méid seo a leanas le biatas de cháilíocht chaighdeánach:

(a)

beidh sé de cháilíocht mhaith agus chóir atá oiriúnach le díol;

(b)

beidh cion siúcra 16 % ann ag an bpointe glactha.

II.   Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair siúcra bháin

1.

Bainfidh na tréithe seo a leanas le siúcra bán de cháilíocht chaighdeánach:

(a)

beidh sé de cháilíocht mhaith, dhílis agus inmhargaidh; tirim, i gcriostail ghráinneacha aonchineálacha, i saorshreabhadh;

(b)

polarú íosta: 99.7;

(c)

cion taisligh uasta: 0.06 %;

(d)

cion siúcra inbhéartaithe uasta: 0.04 %;

(e)

ní bheidh líon na bpointí arna socrú faoi phointe 2 níos mó ná 22 ina iomláine, ná:

15 don chion luatha,

9 don chineál datha, a shocraítear ag baint úsáide as modh Institiúid Teicneolaíochta Talmhaíochta Brunswick ('modh Brunswick'),

6 do dhath an tuaslagáin, a shocraítear ag baint úsáide as modh an Choimisiúin Idirnáisiúnta le haghaidh Modhanna Aonfhoirmeacha um Anailísiú Siúcra ('modh an ICUMS').

2.

Comhfhreagróidh pointe amháin do:

(a)

0.0018 % de chion luatha arna shocrú ag baint úsáide as modh an ICUMSA ag 28° Brix,

(b)

0.5 aonad de chineál datha a shocraítear ag baint úsáide as modh Brunswick,

(c)

7.5 aonad dathúcháin an tuaslagáin a shocraítear ag baint úsáide as modh an ICUMSA.

3.

Is ionann na modhanna a úsáidtear chun na fachtóirí dá dtagraítear i bpointe 1 a chinneadh agus na cinn a úsáidtear chun na fachtóirí sin faoi na bearta idirghabhála a chinneadh.

III.   Cáilíocht chaighdeánach i gcomhair siúcra amh

1.

Ba cheart go mbeadh táirgeacht siúcra bháin de 92 % ag siúcra amh den cháilíocht chaighdeánach.

2.

Déanfar toradh an tsiúcra bhiatais amh a ríomh tríd an méid seo a leanas a dhealú ó chéim pholaraithe an tsiúcra sin:

(a)

céatadán an chion luatha méadaithe faoi cheathair;

(b)

céatadán an chion siúcra inbhéartaithe atá ann méadaithe faoi dhó;

(c)

an uimhir 1.

3.

Déanfar toradh an tsiúcra chána amh a ríomh trí 100 a dhealú ó chéim pholaraithe an tsiúcra sin méadaithe faoi dhó.


IARSCRÍBHINN IV

SCÁLAÍ AN AONTAIS UM AICMIÚ CONABLACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 10

A.   Scála an Aontais um aicmiú conablach bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos sine

I.   Sainmhínithe

Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.

ciallaíonn ‘conablach’: corp iomlán ainmhí mharaithe mar a chuirtear i láthair é i ndiaidh a fhuilithe, a dhí-innithe agus a sheithithe;

2.

ciallaíonn ‘leathchonablach’: an táirge a fhaightear tríd an gconablach a scaradh go siméadrach trí lár gach veirteabra muineálaí, droma, lumbaí agus sacraí agus trí lár an steirnim agus na simfíse isceapúbasaí.

II.   Catagóirí

Roinnfear na bó-chonablaigh sna catagóirí seo a leanas:

Z: conablaigh ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos mó ach níos óige ná 12 mhí;

A: conablaigh ainmhithe fireanna neamhchoillte atá 12 mhí d'aois nó níos mó ach níos óige ná 24 mhí;

B: conablaigh ainmhithe fireanna neamhchoillte atá 24 mhí d'aois nó níos mó;

C: conablaigh ainmhithe fireanna coillte atá 12 mhí d'aois nó níos mó;

D: conablaigh ainmhithe baineanna a raibh gamhain acu;

E: conablaigh ainmhithe baineanna eile atá 12 mhí d'aois nó níos mó.

III.   Aicmiú rúndachta

Déanfar na conablaigh a aicmiú trí mheasúnú comhleantach a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

1.

Cruth, atá sainmhínithe mar seo a leanas:

Forbairt próifílí conablach, go háirithe na codanna bunriachtanacha (cruinn, droim, gualainn)

Aicme crutha

Tuairisc

S

Uachtarach

Gach próifíl fíordhronnach; matáin shárfhorbartha (cineál conablaigh de mhatáin dhúbailte)

E

Sármhaith

Gach próifíl idir dhronnach agus shárdhronnach; forbairt matán shármhaith

U

An-mhaith

Próifílí atá dronnach ar an iomlán, forbairt matán an-mhaith

R

Go maith

Próifílí atá díreach ar an iomlán, forbairt matán mhaith

O

Réasúnta

Próifílí idir díreach agus cuasach; forbairt matán mheánach

P

Lag

Gach próifíl idir cuasach agus an-chuasach; forbairt matán lag

2.

Clúdach saille, atá sainmhínithe mar seo a leanas:

An méid saille ar an taobh amuigh den chonablach agus i gcuas an chliabhraigh

Aicme an chlúdaigh shaille

Tuairisc

1

íseal

Gan aon chlúdach saille suas le clúdach saille íseal

2

éadrom

Clúdach saille éadrom, feoil le feiceáil i mbeagnach gach áit

3

meán

An fheoil i mbeagnach gach áit clúdaithe le saill ach amháin ar an gcruinn agus ar an ngualainn, deascáin bheaga saille i gcuas an chliabhraigh

4

ard

An fheoil clúdaithe le saill, ach páirt di fós infheicthe ar an gcruinn agus ar an ngualainn, roinnt deascán suntasach saille i gcuas an chliabhraigh

5

an-ard

An conablach ar fad clúdaithe le saill; deascáin mhóra i gcuas an chliabhraigh

Déantar na Ballstáit a údarú gach ceann de na haicmí dá bhforáiltear i bpointe 1 agus 2 a fhoroinnt i dtrí fho-aicme ar a mhéid.

IV.   Cur i láthair

Cuirfear conablaigh agus leathchonablaigh i láthair:

(a)

gan an ceann ná na cosa; déanfar an ceann a bhaint den chonablach ag an alt atloido-ocsapatach agus gearrfar na cosa ag na hailt ‘carpametacarpal’ nó ‘tarsometatarsal’,

(b)

gan na horgáin atá i gcuas an chliabhraigh agus i gcuas an bhoilg, gan na duáin, saill na nduán agus saill an pheilbhis nó leo,

(c)

gan na baill ghiniúna agus na matáin atá ceangailte leo agus gan an t-úth nó an tsaill mhamach.

V.   Aicmiú agus aithint

Ní mór do sheamlais atá faofa faoi Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bearta a ghlacadh lena áirithiú go ndéanfar gach conablach agus leathchonablach ó bhó-ainmhithe fásta a mharaítear sna seamlais sin a bhfuil marc sláinte orthu, dá bhforáiltear in Airteagal 5(2) i gcomhréir le Caibidil III de Roinn i d'Iarscríbhinn i a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a aicmiú agus a aithint de réir scála an Aontais.

Sula n-aithnítear iad trí mharcáil, féadfaidh Ballstáit údarú a dheonú chun an tsaill sheachtrach a bhaint ó na conablaigh nó na leathchonablaigh má sheasann an clúdach saille leis sin.

B.   Scála an Aontais um aicmiú conablach muc

I.   Sainmhíniú

Ciallaíonn ‘conablach’ corp muice maraithe, fuilithe agus dí-innithe, iomlán nó roinnte ag an meánlíne.

II.   Aicmiú rúndachta

Déanfar conablaigh a roinnt in aicmí de réir a gcion feola trua measta agus déanfar iad a aicmiú dá réir sin:

Aicmí

Feoil thrua mar chéatadán de mheáchan an chonablaigh

S

60 nó níos mó

E

55 nó níos mó ach níos lú ná 60

U

50 nó níos mó ach níos lú ná 55

R

45 nó níos mó ach níos lú ná 50

O

40 nó níos mó ach níos lú ná 45

P

níos lú ná 40

III.   Cur i láthair

Cuirfear conablaigh i láthair gan teanga, guairí, crúba, orgáin ghinitiúla, saill bladhaire, duáin ná scairt.

IV.   An cion feola trua

1.

Déanfar an cion feola trua a mheasúnú trí mhodhanna grádaithe a údaróidh an Coimisiún trí bhithín ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 18(8). Ní fhéadfar ach modhanna atá cruthaithe de réir staidrimh bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice a údarú. Beidh údarú na modhanna grádaithe faoi réir chomhlíonadh uaslamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe.

2.

Ní dhéanfar luach tráchtála na gconablach a shocrú de réir an chion feola trua measta atá iontu amháin, áfach.

V.   Conablaigh a aithint

Mura bhforálann an Coimisiún dá mhalairt trí bhithín ghníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 18(8)., déanfar conablaigh aicmithe a aithint trí iad a mharcáil de réir scála an Aontais.

C.   Scála an Aontais um aicmiú conablach muc

I.   Sainmhíniú

Beidh feidhm ag na sainmhínithe ar ‘conablach’ agus ‘leathchonablach’ beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i bpointe A.I.

II.   Catagóirí

Roinnfear na conablaigh sna catagóirí seo a leanas:

A: conablaigh caorach níos óige ná 12 mhí d'aois,

B: conablaigh caorach eile.

III.   Aicmiú rúndachta

Déanfar na conablaigh a aicmiú trí na forálacha i bpointe A.III. a chur i bhfeidhm mutatis mutandis. Cuirfear an téarma "ceathrú deiridh" isteach in ionad an téarma "cruinn" i bpointe A.III.1 agus i sraitheanna 3 agus 4 den tábla faoi phointe A.III.2 áfach.

IV.   Cur i láthair

Cuirfear conablaigh agus leathchonablaigh i láthair gan an ceann (gearrtha ag an alt atlasocsapatach), ná na cosa (gearrtha ag na hailt charpaimeiteacarpacha nó tharsameiteatarsacha), an t-eireaball (gearrtha idir an séú agus an seachtú veirteabra eireaballach), an t-úth, na baill ghiniúna, an t-ae ná an sracadh. Cuimsítear na duáin agus saill na nduán sa chonablach.

Tugtar údarú do Bhallstáit cuir i láthair dhifriúla a cheadú i gcás nach n-úsáidtear an cur i láthair tagartha.

V.   Conablaigh a aithint

Déanfar conablaigh agus leathchonablaigh aicmithe a aithint trí iad a mharcáil de réir scála an Aontais.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an.29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a eagrú i dtaca le táirgí de thionscnamh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 139, 30.4.2004, lch. 206).


IARSCRÍBHINN V

LIOSTA NA dTÁIRGÍ A EISIATAR Ó SCÉIM TORTHAÍ SCOILE A CHÓMHAOINÍTEAR LEIS AN gCABHAIR ÓN AONTAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 23(3)

Táirgí ina bhfuil aon cheann de na nithe seo a leanas:

siúcra breise,

saill bhreise,

salann breise,

milseoirí breise.


IARSCRÍBHINN VI

SRIANTA BUISÉID i gCOMHAIR CLÁR TACAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRGEAGAL 44(1)

in EUR 1000 in aghaidh na bliana buiséid

 

2014

2015

2016

2017 ar aghaidh

An Bhulgáir

26 762

26 762

26 762

26 762

Poblacht na Seice

5 155

5 155

5 155

5 155

An Ghearmáin

38 895

38 895

38 895

38 895

An Ghréig

23 963

23 963

23 963

23 963

An Spáinn

353 081

210 332

210 332

210 332

An Fhrainc

280 545

280 545

280 545

280 545

An Chróit

11 885

11 885

11 885

10 832

An Iodáil

336 997

336 997

336 997

336 997

An Chipir

4 646

4 646

4 646

4 646

An Liotuáin

45

45

45

45

Lucsamburg

588

An Ungáir

29 103

29 103

29 103

29 103

Málta

402

An Ostair

13 688

13 688

13 688

13 688

An Phortaingéil

65 208

65 208

65 208

65 208

An Rómáin

47 700

47 700

47 700

47 700

An tSlóivéin

5 045

5 045

5 045

5 045

An tSlóvaic

5 085

5 085

5 085

5 085

An Ríocht Aontaithe

120


IARSCRÍBHINN VII

SAINMHÍNITHE, SONRÚCHÁIN AGUS TUAIRISCÍ DÍOLACHÁIN TÁIRGÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 78

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn "tuairisc díolacháin" an t-ainm faoina ndíoltar bia-ábhar, de réir bhrí Airteagal 5(1) de Threoir 2000/13/CE, nó ainm an bhia, laistigh de bhrí Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh 1169/2011.

CUID I.

Feoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mí d'aois

I.   Sainmhíniú

Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn "feoil" gach conablach, feoil ar an gcnámh nó feoil dhíchnámhaithe, agus scairteach, gearrtha nó gan a bheith, a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, faighte ó bhó-ainmhithe atá faoi bhun 12 mhí d'aois, atá úr, reoite nó domhainreoite, cibé acu atá sé clúdaithe nó pacáilte nó nach bhfuil.

II.   Bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mí d'aois a aicmiú ag an seamlas

Ar iad a mharú, déanfaidh na hoibreoirí aicmiú ar gach bó-ainmhí atá faoi bhun 12 mhí d'aois, faoi mhaoirsiú an údaráis inniúil, i gceann den dá chatagóir seo a leanas:

(A)

Catagóir V: bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d'aois

Litir aitheantais na catagóire: V;

(B)

Catagóir Z: bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí

Litir aitheantais na catagóire: Z.

Cuirfear an t-aicmiú sin i gcrích ar bhonn na faisnéise atá sa phas a bheidh in éineacht leis na bó-ainmhithe, nó ina éagmais sin, ar bhonn na mionsonraí atá sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

III.   Tuairiscí díolacháin

1.

Ní dhéanfar margaíocht ar fheoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mhí d'aois sna Ballstáit ach amháin faoi na tuairiscí díolacháin seo a leanas a leagtar síos do gach Ballstát:

(A)

Maidir le feoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 8 mí d'aois (Litir aitheantais na catagóire: V):

Tír mhargaíochta

Tuairiscí díolacháin le húsáid

An Bheilg

veau, viande de veau/kalfsvlees/Kalbfleisch

An Bhulgáir

месо от малки телета

Poblacht na Seice

Telecí

An Danmhairg

Lyst kalvekød

An Ghearmáin

Kalbfleisch

An Eastóin

Vasikaliha

Éire

laofheoil, veal

An Ghréig

μοσχάρι γάλακτος

An Spáinn

Ternera blanca, carne de ternera blanca

An Fhrainc

veau, viande de veau

An Chróit

teletina

An Iodáil

vitello, carne di vitello

An Chipir

μοσχάρι γάλακτος

An Laitvia

Teļa gaļa

An Liotuáin

Veršiena

Lucsamburg

veau, viande de veau/Kalbfleisch

An Ungáir

Borjúhús

Málta

Vitella

An Ísiltír

Kalfsvlees

An Ostair

Kalbfleisch

An Pholainn

Cielęcina

An Phortaingéil

Vitela

An Rómáin

carne de vițel

An tSlóivéin

Teletina

An tSlóvaic

Teľacie mäso

An Fhionlainn

vaalea vasikanliha/ljust kalvkött

An tSualainn

ljust kalvkött

An Ríocht Aontaithe

Veal

(B)

Maidir le feoil bó-ainmhithe atá 8 mí d'aois nó níos sine ach níos óige ná 12 mhí (Litir aitheantais na catagóire: Z):

Tír mhargaíochta

Tuairiscí díolacháin le húsáid

An Bheilg

jeune bovin, viande de jeune bovin/jongrundvlees/Jungrindfleisch

An Bhulgáir

Tелешко месо

Poblacht na Seice

hovězí maso z mladého skotu

An Danmhairg

Kalvekød

An Ghearmáin

Jungrindfleisch

An Eastóin

noorloomaliha

Éire

laofheoil rosé, rosé veal

An Ghréig

νεαρό μοσχάρι

An Spáinn

Ternera, carne de ternera

An Fhrainc

jeune bovin, viande de jeune bovin

An Chróit

mlada junetina

An Iodáil

vitellone, carne di vitellone

An Chipir

νεαρό μοσχάρι

An Laitvia

jaunlopa gaļa

An Liotuáin

Jautiena

Lucsamburg

jeune bovin, viande de jeune bovin/Jungrindfleisch

An Ungáir

Növendék marha húsa

Málta

Vitellun

An Ísiltír

rosé kalfsvlees

An Ostair

Jungrindfleisch

An Pholainn

młoda wołowina

An Phortaingéil

Vitelão

An Rómáin

carne de tineret bovin

An tSlóivéin

meso težjih telet

An tSlóvaic

mäso z mladého dobytka

An Fhionlainn

vasikanliha/kalvkött

An tSualainn

Kalvkött

An Ríocht Aontaithe

Beef

2.

Is féidir cur leis na tuairiscí díolacháin dá dtagraítear i mír 1 trí ainm nó trí shonrúchán na bpíosaí feola nó scairteach atá i gceist a léiriú.

3.

Ní bhainfear úsáid as na tuairiscí díolacháin atá liostaithe do chatagóir V i mír A den tábla a leagtar síos i bpointe 1 ná as aon ainm nua díorthaithe ó na tuairiscí díolacháin sin ach amháin má chomhlíontar ceanglais na hIarscríbhinne seo.

Go háirithe, ní bhainfear úsáid as na téarmaí "veau", "telecí", "Kalb", "μοσχάρι", "ternera", "kalv", "veal", "vitello", "vitella", "kalf", "vitela" ná "teletina" i dtuairisc díolacháin ná ní chuirfear in iúl iad ar lipéid feola bó-ainmhithe atá níos sine ná 12 mhí.

4.

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 i gcás feola bó-ainmhithe ar cláraíodh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ina leith i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle (2), roimh an 29 Meitheamh 2007.

IV.   Sonra éigeantach ar an lipéad

1.

Gan dochar do Threoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a thíolacadh agus a fhógairt agus Airteagal 13, 14 agus 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht, cuirfidh oibreoirí lipéid ar fheoil bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mhí d'aois ar a mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

an tuairisc díolacháin i gcomhréir le pointe III den chuid seo den Iarscríbhinn;

(b)

aois na n-ainmhithe ar mharú, á léiriú, de réir an cháis, ar an bhfoirm:

"aois ar mharú: níos lú ná 8 mí";

"aois ar mharú: ó 8 go níos lú ná 12 mhí".

De mhaolú ar phointe (b) den chéad fhomhír, féadfaidh oibreoirí an sonra maidir leis an gcatagóir a chur in ionad an tsonra maidir leis an aois ar mharú, faoi seach: "catagóir V" nó "catagóir Z", ag céimeanna roimh scaoileadh an tomhaltóra dheiridh.

2.

I gcás feola bó-ainmhithe atá níos óige ná 12 mhí d'aois a thugtar isteach lena díol gan a bheith réamhphacáistithe ag an bpointe miondíola leis an tomhaltóir deiridh, déanfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis an mbealach a léireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

V.   Taifead

Ag gach céim den táirgeadh agus den mhargaíocht déanfaidh oibreoirí an fhaisnéis a leanas a thaifeadadh:

(a)

uimhir aitheantais agus dáta breithe na n-ainmhithe, ar leibhéal an tseamlais amháin;

(b)

uimhir thagartha lena bhféadfar nasc a bhunú idir, ar lámh amháin, aitheantas na n-ainmhithe óna dtionscnaíonn an fheoil agus, ar an láimh eile, an tuairisc díolacháin, an aois ar mharú agus litir aitheantais na catagóire a thugtar ar lipéad na feola;

(c)

an dáta a dtagann na hainmhithe agus an fheoil san fhoras agus an dáta a n-imíonn siad.

VI.   Seiceálacha oifigiúla

1.

Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bhfuil freagracht orthu maidir le seiceálacha oifigiúla a dhéantar chun cur i bhfeidhm na Coda seo a fhíorú agus chun an Coimisiún a chur ar an eolas ina leith.

2.

Déanfaidh an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus comhlíonadh rialacha um shláinte ainmhithe agus rialacha um leas ainmhithe a fhíorú (4).

3.

Déanfaidh saineolaithe an Choimisiúin, i gcás inar gá, go comhpháirteach leis na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus nuair is infheidhme, le saineolaithe na mBallstát, seiceálacha ar an láthair lena áirithiú go gcuirfear forálacha na hIarscríbhinne seo chun feidhme.

4.

Déanfaidh aon Bhallstát a ndéanfar seiceálacha ar a chríoch gach cúnamh is gá a chur ar fáil don Choimisiún a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil dó chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

5.

I gcás feola a allmhairítear ó thríú tíortha, áiritheoidh údarás inniúil a ainmneoidh tríú tír, nó más infheidhme, comhlacht tríú páirtí neamhspleách go gcomhlíonfar ceanglais na Coda seo. Tabharfaidh an comhlacht neamhspleách dearbhú iomlán comhlíonta leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaighdeán Eorpach EN 45011 nó ISO/IEC Treoir 65.

CUID II

Catagóirí na dtáirgí finiúna

(1)   Fíon

Ciallaíonn "fíon" an táirge a fhaightear go heisiach ó choipeadh alcólach iomlán nó páirteach fíonchaor úr, cibé acu atá siad brúite nó nach bhfuil, nó d'úrfhíon fíonchaor.

Beidh an méid seo a leanas fíor maidir le fíon:

(a)

beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 8,5 % de réir toirte aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid i d'Iarscríbhinn VIII i bhfeidhm nó nár cuireadh, ar choinníoll go dtagann an fíon go heisiach ó fhíonchaora a bhaintear i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B dá dtagraítear san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte i gcriosanna fíonsaothrúcháin eile;

(b)

beidh neart alcóil iarbhír nach lú ná 4,5 % de réir toirte aige, de mhaolú ar an íosneart alcóil iarbhír is infheidhme i ngach cás eile, i gcás ina bhfuil ainmniú tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint aige, cibé acu a cuireadh na próisis a shonraítear i Roinn B de Chuid i d'Iarscríbhinn VIII i bhfeidhm nó nár cuireadh;

(c)

beidh neart alcóil iomlán nach mó ná 15 % de réir toirte ann. De mhaolú ar an méid sin, áfach:

féadfaidh an uasteorainn do neart iomlán an alcóil a bheith chomh hard le 20 % de réir toirte i gcás fíonta a táirgeadh gan aon saibhriú ó limistéir fíonsaothrúcháin áirithe den Aontas, a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2),

féadfaidh an uasteorainn do neart iomlán an alcóil dul thar 15 % de réir toirte i gcás fíonta a bhfuil ainmniú tionscnaimh faoi chosaint acu agus a táirgeadh gan saibhriú;

(d)

faoi réir maoluithe a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), beidh cion aigéadachta iomlán aige, a shloinntear mar aigéad tartarach, nach lú ná 3,5 gram in aghaidh an lítir nó 46,6 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

Ciallaíonn "retsina" fíon a tháirgtear i gcríoch gheografach na Gréige amháin ag úsáid úrfhíona fíonchaor atá cóireáilte le roisín ón bpéine Aleppo. Ceadaítear úsáid roisín an phéine Aleppo chun fíon "Retsina" a fháil agus chuige sin amháin, faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil is infheidhme maidir leis an nGréig.

De mhaolú ar phointe (b) den dara fomhír, meastar gur fíon iad "Tokaji eszencia" agus "Tokajská esencia".

Mar sin féin, d'ainneoin Airteagal 60(2), féadfaidh na Ballstáit úsáid an téarma "fíon" a cheadú sna cásanna a leanas:

(a)

má thugtar ainm toraidh i bhfoirm comhainm ar tháirgí ar an margadh a fuarthas trí choipeadh toraidh eile seachas fíonchaora; nó

(b)

más cuid de chomhainm é.

Seachnófar aon mhearbhall maidir le táirgí a fhreagraíonn do na catagóirí fíona san Iarscríbhinn seo.

(2)   Fíon nua atá fós faoi choipeadh

Ciallaionn "fíon nua atá fós faoi choipeadh" an táirge nach bhfuil an coipeadh alcólach críochnaithe fós ann agus nach bhfuil scartha óna mhoirt fós.

(3)   Fíon licéir

Ciallaíonn "fíon licéir" an táirge:

(a)

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 15 % de réir toirte agus nach mó ná 22 % de réir toirte;

(b)

ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 17,5 % de réir toirte, ach amháin fíonta licéir áirithe le hainmniú tionscnaimh nó le tásc geografach ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2);

(c)

a fhaightear ó cheann díobh seo a leanas:

úrfhíon fíonchaor atá faoi choipeadh,

fíon,

teaglaim de na táirgí thuas, nó

úrfhíon fíonchaor nó meascán de le fíon i gcás fíonta licéir áirithe a bhfuil ainmniú tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2);

(d)

ag a bhfuil neart nádúrtha alcóil tosaigh nach lú ná 12 % de réir toirte ach amháin fíonta licéir áirithe le hainmniú tionscnaimh faoi chosaint nó le tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2);

(e)

a bhfuil an méid seo a leanas curtha leis:

(i)

ina n-aonar nó i dteaglaim:

alcól neodrach de bhunús fíniúna, lena n-áirítear alcól arna tháirgeadh ó dhriogadh fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 96 % de réir toirte,

fíon nó driogáit fíonchaor triomaithe, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte;

(ii)

in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí:

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe,

teaglaim de cheann de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (e)(i) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c);

(f)

lena bhfuil, de mhaolú ar phointe (e), ceann acu seo a leanas curtha fad is a bhaineann le fíonta licéir áirithe le hainmniú tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ó liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(1):

(i)

ceachtar de na táirgí a liostaítear i bpointe (e)(i) ina aonar nó i dteaglaim; nó

(ii)

ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas:

alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 95 % de réir toirte agus nach mó ná 96 % de réir toirte,

biotáillí driogtha ó fhíon nó ó mharc fíonchaor, ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte agus nach mó ná 86 % de réir toirte,

biotáillí driogtha ó fhíonchaora triomaithe ag a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 52 % de réir toirte ach níos lú ná 94,5 % de réir toirte; agus

(iii)

ceann amháin nó níos mó de na táirgí seo a leanas, nuair is iomchuí:

úrfhíon fíonchaor leathchoipthe, a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe,

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe a fhaightear trí theas díreach, a chomhlíonann an sainmhíniú ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, ach amháin i gcás na hoibríochta sin,

úrfhíon fíonchaor tiubhaithe,

teaglaim de cheann de na táirgí atá liostaithe i bpointe (f)(ii) le húrfhíon fíonchaor dá dtagraítear sa chéad fhleasc agus sa cheathrú fleasc de phointe (c).

(4)   Fíon súilíneach

Ciallaíonn "fíon súilíneach" an táirge:

(a)

a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach:

ó fhíonchaora úra,

ó úrfhíon fíonchaor, nó,

ó fhíon;

(b)

a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán;

(c)

ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d)

nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 8,5 % de réir toirte.

(5)   Ciallaíonn fíon súilíneach ar ardchaighdeán

Is éard a bheidh i "bhfíon súilíneach ar ardchaighdeán" ná an táirge:

(a)

a fhaightear ón gcéad nó ón dara coipeadh alcólach:

ó fhíonchaora úra,

ó úrfhíon fíonchaor, nó

ó fhíon;

(b)

a scaoileann dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go heisiach ó choipeadh, nuair a osclaítear an coimeádán;

(c)

ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3,5 bar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d)

nach mbeidh neart alcóil iomlán na cuvée atá beartaithe dá ullmhú níos lú ná 9 % de réir toirte.

(6)   Fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán

Ciallaíonn "fíon súilíneach" aramatach ar ardchaighdeán an fíon súilíneach ar ardchaighdeán:

(a)

nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a fhaightear trí úsáid a bhaint as úrfhíon fíonchaor nó úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh agus atá díorthaithe ó chineálacha sonracha fíonchaor fíona ar liosta atá le tarraingt suas ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2).

Déanfaidh an Coimisiún fíon súilíneach aramatach ar ardchaighdeán arna tháirgeadh go traidisiúnta trí úsáid a bhaint as fíon nuair atá an cuvée á chomhdhéanamh, a chinneadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2);

(b)

ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar thuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é;

(c)

nach féidir neart alcóil iarbhír níos lú ná 6 % de réir toirte a bheith aige; agus

(d)

nach féidir neart alcóil iomlán níos lú ná 10 % de réir toirte a bheith aige.

(7)   Fíon súilíneach aeraithe

Ciallaíonn "fíon súilíneach" aeraithe an táirge:

(a)

a fhaightear ó fhíon gan ainmniú tionscnaimh faoi chosaint ná tásc geografach faoi chosaint;

(b)

a scaoileann, nuair a osclaítear an coimeádán, dé-ocsaíd charbóin díorthaithe go huile nó go páirteach ón ngás sin a bheith curtha leis an táirge; agus

(c)

ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar tuaslagadh ann, nach lú ná 3 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é.

(8)   Fíon leathshúilíneach

Ciallaíonnfíon leathshúilíneach an táirge:

(a)

a fhaightear ó fhíon, fíon nua atá fós faoi choipeadh, úrfhíon ó chaora fíniúna nó úrfhíon ó chaora fíniúna atá fós faoi choipeadh a mhéid go bhfuil neart iomlán alcóil 9 % ar a laghad ag na táirgí sin;

(b)

a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte ann;

(c)

ag a bhfuil brú barrachais, mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin inginiúil a bheith ar tuaslagadh ann, nach lú ná 1 bhar agus nach mór ná 2,5 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é; agus

(d)

a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú.

(9)   Fíon leathshúilíneach aeraithe

Ciallaíonn "fíon leathshúilíneach" aeraithe an táirge:

(a)

a fhaightear ó fhíon, fíon nua atá fós faoi choipeadh, úrfhíon ó chaora fíniúna nó úrfhíon ó chaora fíniúna atá fós faoi choipeadh;

(b)

a bhfuil neart alcóil iarbhír nach lú ná 7 % de réir toirte agus neart alcóil iomlán nach lú ná 9 % de réir toirte ann;

(c)

ag a bhfuil brú barrachais nach lú ná 1 bhar agus nach mó ná 2,5 bhar nuair a choinnítear ag teocht 20 °C i gcoimeádáin dhúnta é mar thoradh ar dhé-ocsaíd charbóin a bheith ar tuaslagadh ann atá curtha leis go hiomlán nó go páirteach; agus

(d)

a chuirtear i gcoimeádáin 60 lítear nó níos lú.

(10)   Úrfhíon fíonchaor

Ciallaíonn "úrfhíon fíonchaor" an táirge leachtach a fhaightear go nádúrtha nó trí phróisis fhisiceacha ó fhíonchaora úra. Tá neart alcóil iarbhír nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe i gcás úrfhíona fíonchaor.

(11)   Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

Ciallaíonn "úrfhíon fíonchaor" faoi choipeadh an táirge a fhaightear ó choipeadh úrfhíona fíonchaor ag a bhfuil neart alcóil iarbhír atá níos mó ná 1 % de réir toirte ach níos lú ná trí chúigiú dá neart alcóil iomlán de réir toirte.

(12)   Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe úsctha ó fhíonchaora rísínithe

Ciallaíonn "úrfhíon fíonchaor" faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe an táirge a fhaightear ó choipeadh páirteach úrfhíona fíonchaor a fhaightear ó fhíonchaora rísínithe, ina bhfuil cion iomlán siúcra de 272 gram in aghaidh an lítir roimh choipeadh agus ag a bhfuil neart alcóil iarbhír agus nádúrtha nach lú ná 8 % de réir toirte. Maidir le fíonta áirithe, áfach, atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), agus a chomhlíonann na ceanglais seo, ní mheasfar gur úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh úsctha ó fhíonchaora rísínithe iad.

(13)   Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe

Ciallaíonnúrfhíon fíonchaor tiubhaithe úrfhíon fíonchaor neamhdhóite a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor a dhéantar trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 50,9 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar a úsáidtear i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 80(5) agus pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 91ag teocht de 20 °C.

Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe.

(14)   Úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe

Ciallaíonn "úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe":

(a)

an táirge neamhdhóite leachtach:

(i)

a fhaightear trí dhíhiodráitiú páirteach úrfhíona fíonchaor a dhéantar trí aon mhodh údaraithe, seachas teas díreach, ar bhealach a fhágann nach lú ná 61.7 % an figiúr a léirítear ar athraonmhéadar a úsáidtear i gcomhréir le modh atá le sannadh i gcomhréir le hAirteagal 80(5) agus agus pointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 68ag teocht de 20 °C;

(ii)

atá curtha faoi chóireáil údaraithe chun comhábhair seachas siúcra a dhí-aigéadú agus a dhíothú;

(iii)

ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

pH nach mó ná 5 ag 25 Brix,

dlús optúil ag 425 nm do thiús 1 cm nach mó ná 0,100 in úrfhíon fíonchaor tiubhaithe ag 25 Brix,

cion siúcróis nach bhfuil le brath trí mhodh anailíse atá le sainiú,

innéacs Folin-Ciocalteu nach mó ná 6,00 ag 25 °Brix,

aigéadacht intoirtmheasctha nach mó ná 15 mhilleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

cion dé-ocsaíde sulfair nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

cion iomlán caitian nach mó ná 8 milleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

seoltacht ag 25 °Brix agus 20 °C nach mó ná 120 micrea-Siemens/cm,

cion hiodrocsaimeitiolfurfurail nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

mesoinositol i láthair.

(b)

an táirge neamhdhóite soladach:

(i)

a fhaightear trí chriostalú a dhéanamh ar úrfhíona fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe leachtacha gan tuaslagóir a úsáid;

(ii)

atá curtha faoi chóireáil údaraithe chun comhábhair seachas siúcra a dhí-aigéadú agus a dhíothú;

(iii)

a bhfuil na saintréithe a leanas aige tar éis é a chaolú i dtuaslagán ag 25 Brix:

pH nach mó ná 7.5,

dlús optúil ag 425 nm do thiús 1 cm nach mó ná 0.100,

cion siúcróis nach bhfuil le brath trí mhodh anailíse atá le sainiú,

innéacs Folin-Ciocalteu nach mó ná 6.00,

aigéadacht intoirtmheasctha nach mó ná 15 mhilleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

cion dé-ocsaíde sulfair nach mó ná 10 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

cion iomlán caitian nach mó ná 8 milleachoibhéis in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

seoltacht ag 20 °C nach mó ná 120 micrea-Siemens/cm,

cion hiodrocsaimeitiolfurfurail nach mó ná 25 milleagram in aghaidh an chileagraim de shiúcraí iomlána,

mesoinositol i láthair.

Tá neart alcóil iarbhír den úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nach mó ná 1 % de réir toirte ceadaithe.

(15)   Fíon ó fhíonchaora rísínithe

Ciallaíonn "fíon ó fhíonchaora rísínithe" an táirge:

(a)

a tháirgtear gan saibhriú, ó fhíonchaora a fágadh sa ghrian nó sa scáth i gcomhair díhiodráitiú páirteach;

(b)

ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 16 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach lú ná 9 % de réir toirte; agus

(c)

ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha nach lú ná 16 % de réir toirte (nó 272 gram siúcra in aghaidh an lítir).

(16)   Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

Ciallaíonn "fíon ó fhíonchaora ró-aibí" an táirge:

(a)

a tháirgtear gan saibhriú;

(b)

ag a bhfuil neart alcóil nádúrtha níos mó ná 15 % de réir toirte; agus

(c)

ag a bhfuil neart alcóil iomlán nach lú ná 15 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír nach mó ná 12 % de réir toirte.

Féadfaidh Ballstáit tréimhse aosaithe a leagan síos don táirge seo.

(17)   Fínéagar fíona

Ciallaíonn "fínéagar fíona" fínéagar:

(a)

a fhaightear go heisiach trí choipeadh aicéiteach fíona; agus

(b)

ag a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir a shloinntear mar aigéad aicéiteach.

CUID III

Bainne agus táirgí bainne

1.

Ciallaíonn 'bainne' an gnáththál mamach a fhaightear ó bhleán amháin nó níos mó gan aon rud a bheith curtha leis sin nó bainte as sin, agus an chiall sin amháin.

Féadfar an téarma 'bainne' a úsáid sna cásanna seo a leanas, áfach:

(a)

i gcás bainne a chóireáiltear gan a chomhdhéanamh a athrú nó i gcás bainne a rinneadh a chion saille a chaighdeánú de réir Chuid IV;

(b)

i gcomhar le focal nó focail chun cineál, grád, tionscnamh agus/nó úsáid bheartaithe an bhainne sin a ainmniú nó chun cur síos a dhéanamh ar an gcóireáil fhisiceach nó ar an modhnú ar chomhdhéanamh atá déanta air, ar choinníoll go bhfuil an modhnú srianta do chomhábhair nádúrtha bhainne a chur leis agus/nó a bhaint as.

2.

Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn 'táirgí bainne' táirgí a fhaightear ó bhainne amháin, ar an tuiscint gur féidir substaintí a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne.

Forchoimeádfar iad seo a leanas go heisiach do tháirgí bainne.

(a)

na hainmneacha a leanas a úsáidtear ag gach céim margaíochta:

(i)

meadhg,

(ii)

uachtar,

(iii)

im,

(iv)

bláthach,

(v)

ola ime,

(vi)

cáiséiní,

(vii)

saill bhainne ainhidriúil,

(viii)

cáis,

(ix)

iógart,

(x)

ceifír,

(xi)

koumiss,

(xii)

viili/fil,

(xiii)

smetana,

(xiv)

fil;

(xv)

rjaženka,

(xvi

rūgušpiens;

(b)

ainmneacha faoi chuimsiú bhrí Airteagal 5 de Threoir 2000/13/CE nó Airteagal 17 de Rialachan (AE) Uimh. 1169/2011 a úsáidtear le haghaidh táirgí bainne.

3.

Is féidir an téarma 'bainne' agus na sonrúcháin a úsáidtear do tháirgí bainne a úsáid freisin i gcomhar le focal nó focail chun táirgí ilchodacha a shainiú, ar táirgí iad nach bhfuil aon chuid díobh ag tógáil ionad aon chomhábhair bhainne nó nach bhfuil beartaithe ionad comhábhair bhainne a thógáil agus dá bhfuil bainne nó táirge bainne ina chuid bhunriachtanach maidir le cainníocht nó tréithriú an táirge.

4.

Maidir le bainne, luafar an speiceas ainmhí ón a dtagann an bainne, mura bó-ainmhí atá i gceist.

5.

Ní ceadmhach na hainmhithe dá dtagraítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointe 3 a úsáid d'aon táirge seachas dóibh siúd dá dtagraítear sa phointe sin.

Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo, áfach, maidir le sonrúchán táirgí dá bhfuil an cineál soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair is léir go n-úsáidtear na sonrúcháin chun cur síos a dhéanamh ar shaintréith an táirge.

6.

Maidir le táirgí seachas iad siúd a bhfuil tuairisc orthu i bpointí 1, 2 agus 3 den Chuid seo, ní ceadmhach aon lipéad, doiciméad tráchtála, ábhar poiblíochta ná aon chineál fógraíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Threoir 2006/114/CE (5) ón gComhairle, ná aon chineál cur i láthair a úsáid a mhaíonn, a chuireann in iúl nó a thugann le tuiscint gur táirge déiríochta atá sa táirge.

Maidir le táirge ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, áfach, ní ceadmhach an sonrúchán 'bainne' nó na sonrúcháin dá dtagraítear sa dara fomhír de phointe 2 den Chuid seo a úsáid ach amháin chun cur síos a dhéanamh ar na hamhábhair bhunúsacha agus chun na comhábhair a liostú i gcomhréir le Treoir 2000/13/CE nó le Rialachán 1169/2011.

CUID IV

Bainne lena chaitheamh ag an duine a thagann faoi chuimsiú chód AC 0401

I.   Sainmhínithe

Chun críocha na Coda seo:

(a)

ciallaíonn 'bainne' an táirge a fhaightear as bó amháin nó níos mó a bhleán;

(b)

ciallaíonn 'bainne óil' na táirgí dá dtagraítear i bpointe III atá beartaithe a sheachadadh chuig an tomhaltóir gan tuilleadh próiseála;

(c)

ciallaíonn 'cion saille' an cóimheas de réir maise de chodanna saille bainne in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann;

(d)

ciallaíonn 'cion próitéine' an cóimheas de réir maise de chodanna próitéine in aghaidh gach céad cuid bainne sa bhainne lena mbaineann (a fhaightear tríd an gcion nítrigine iomlán sa bhainne a mhéadú faoi 6,38 a shloinntear mar chéatadán de réir maise).

II.   Seachadadh ar an tomhaltóir deiridh nó díol leis

1

Ní ceadmhach ach bainne a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos do bhainne óil a sheachadadh gan phróiseáil ar an tomhaltóir deiridh nó a dhíol leis, go díreach nó trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó oll-lónadóirí comhchosúla eile.

2

Is iad na tuairiscí díolacháin a úsáidfear do na táirgí sin ná iad siúd a thugtar i bpointe III den Chuid seo. Ní úsáidfear na tuairiscí sin ach amháin do na táirgí dá dtagraítear sa phointe sin, gan dochar dá n-úsáid i dtuairiscí ilchodacha.

3

Glacfaidh Ballstáit bearta chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi chomhdhéanamh na dtáirgí lena mbaineann sna cásanna gur dócha mearbhall a bheith ann mura gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.

III.   Bainne óil

1.

Measfar gur bainne óil a bheidh sna táirgí seo a leanas:

(a)

bainne amh, bainne nár téadh os cionn 40 °C nó nach ndearnadh cóireáil air ag a bhfuil tionchar coibhéiseach;

(b)

bainne iomlán: bainne teaschóireáilte a chomhlíonann ceann de na ceanglais a leanas maidir le cion saille:

(i)

bainne iomlán caighdeánaithe: bainne a bhfuil ar a laghad 3,50 % (m/m) de chion saille ann. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh, áfach, maidir le catagóir bhreise de bhainne iomlán ina bhfuil 4,00 % (m/m) de chion saille ann nó níos mó;

(ii)

bainne iomlán neamhchaighdeánaithe: bainne le cion saille nár athraíodh tar éis bleáin trí shaill bhainne a chur leis nó a bhaint de nó trína mheascadh le bainne ina bhfuil an cion saille nádúrtha athraithe. Ní ceadmhach an cion saille a bheith níos lú ná 3,50 % (m/m), áfach;

(c)

bainne leathbhearrtha: bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 1,50 % (m/m) ar a laghad agus 1,80 % (m/m) ar a mhéad;

(d)

bainne teaschóireáilte a bhfuil an cion saille ann laghdaithe go 0,50 % (m/m) ar a mhéad.

Measfar gur bainne óil atá i mbainne teaschóireáilte nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le cion saille a leagtar síos i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír ar choinníoll go bhfuil an cion saille curtha in iúl go soiléir le pointe deachúlach amháin agus é inléite go soiléir ar an bpacáistíocht i bhfoirm "… % de shaill". Ní dhéanfar cur síos ar bhainne den chineál seo mar bhainne iomlán, mar bhainne leathbhearrtha ná mar bhainne bearrtha.

2.

Gan dochar do phointe 1(b)(ii), ní cheadófar ach na modhnuithe seo a leanas:

(a)

d'fhonn an cion saille a leagtar síos do bhainne óil a bhaint amach, an cion saille nádúrtha a mhodhnú trí uachtar a chur leis nó a bhaint de nó trí bhainne iomlán, bainne leathbhearrtha nó bainne bearrtha a chur leis;

(b)

bainne a shaibhriú le próitéiní bainne, salainn mhianracha nó vitimíní i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(c)

an cion lachtóis a laghdú trína thiontú go glúcós agus galachtós.

Ní cheadófar modhnuithe i gcomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) ach amháin má tá siad léirithe go doscriosta ar phacáistíocht an táirge ionas gur féidir é a fheiceáil agus a léamh go furasta. Ní bhfaighidh léiriú den chineál sin réidh leis an oibleagáid maidir le lipéadú cothaithe a leagtar síos le Rialachán(AE) Uimh 1169/2011. I gcás ina gcuirtear próitéiní leis, ní mór cion próitéine an bhainne shaibhrithe a bheith cothrom le 3,8 % (m/m) nó níos mó.

Féadfaidh Ballstáit teorainn a chur le modhnuithe, nó cosc a chur ar mhodhnuithe ar chomhdhéanamh bainne dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c).

3.

Beidh an méid seo a leanas fíor faoi bhainne óil:

(a)

beidh reophointe aige atá gar do mheán-reophointe bainne amh a dhéantar a thaifeadadh i limistéar tionscnaimh an bhainne óil a bhailítear;

(b)

beidh mais ag an mbainne nach lú ná 1 028 gram in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill ag 20 °C nó an meáchan coibhéiseach in aghaidh an lítir i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil;

(c)

beidh ar a laghad 2,9 % (m/m) de phróitéin ann i gcás bainne ina bhfuil 3,5 % (m/m) de shaill nó tiúchan coibhéiseach i gcás bainne ina bhfuil cion saille éagsúil.

CUID V

Táirgí ó earnáil an fheola éanlaithe clóis

I.   Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le margaíocht a dhéanamh laistigh den Aontas i modh gnó nó trádála, ar tháirgí de chineálacha agus de léirithe áirithe feola éanlaithe clóis, agus ullmhóidí agus táirgí feola éanlaithe clóis nó ullmhóidí agus táirgí scairteach éanlaithe clóis, ó na speicis seo a leanas

Gallus domesticus,

lachain,

géanna,

turcaithe,

guinithe.

Beidh feidhm ag na forálacha seo freisin maidir le feoil éanlaithe faoi sháile a thagann faoi réim chód AC 0210 99 39.

II.   Sainmhínithe

(1)

ciallaíonn 'feoil éanlaithe' feoil éanlaithe atá oiriúnach lena caitheamh ag an duine agus nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas fuar-chóireáil;

(2)

ciallaíonn "feoil úr éanlaithe" feoil éanlaithe nach bhfuil stalctha ag aon am ag an bpróiseas fuaraithe, roimh di a bheith coinnithe ag teocht nach ísle ná – 2 °C agus nach airde ná + 4 °C. Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos don íosmhéid ama is gá chun feoil úr éanlaithe a ghearradh agus a láimhseáil i siopaí miondíola nó in áitribh atá in aice le pointí díolacháin, i gcás ina ndéantar an gearradh agus an láimhseáil chun iad a sholáthar don tomhaltóir ar an láthair, agus chuige sin amháin;

(3)

ciallaíonn "feoil reoite éanlaithe" feoil éanlaithe nach mór a bheith reoite chomh tapa agus is féidir taobh istigh de shrianta na ngnáthnósanna imeachta maraithe agus atá le coinneáil ag teocht nach airde ná – 12 °C ag am ar bith;

(4)

ciallaíonn "feoil mhear-reoite éanlaithe clóis" feoil éanlaithe clóis atá le coinneáil ag teocht nach airde ná -18 °C ag am ar bith taobh istigh de na lamháltais dá ndéantar foráil i dTreoir 89/108/CEE ón gComhairle (7);

(5)

ciallaíonn "ullmhóid feola éanlaithe" feoil éanlaithe, lena n-áirítear feoil éanlaithe atá laghdaithe go blúirí, a bhfuil bia-ábhair, blastanais nó breiseáin curtha leis, nó atá curtha trí phróisis nach bhfuil leordhóthanach chun struchtúr shnáithíní mhatáin inmheánacha na feola a athrú;

(6)

ciallaíonn "ullmhóid feola úire éanlaithe"

ullmhóid feola éanlaithe ar baineadh úsáid as feoil úr éanlaithe ann.

Féadfaidh Ballstáit ceanglais teochta atá beagán éagsúil a leagan síos, áfach, atá le cur i bhfeidhm don íosmhéid ama is gá agus sa mhéid is gá amháin chun gearradh agus láimhseáil feola éanlaithe a dhéantar sa mhonarcha le linn táirgeadh ullmhóidí feola úire éanlaithe a éascú;

(7)

ciallaíonn "táirge feola éanlaithe clóis" táirge feola mar atá sé sainmhínithe i bpointe 7.1 d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ar úsáideadh feoil éanlaithe clóis dó.

III.   Beidh feoil éanlaithe clóis agus ullmhóidí feola úire éanlaithe á margú faoi cheann de na coinníollacha a leanas:

úr,

reoite,

mear-reoite.

CUID VI

Uibheacha cearca de speiceas gallus species

I.   Raon feidhme

1

Gan dochar d'Airteagal 75 a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis, beidh feidhm ag an gCuid seo i ndáil leis an margaíocht laistigh den Aontas d'uibheacha a táirgeadh san Aontas, d'uibheacha a allmhairíodh ó thríú tíortha nó d'uibheacha a bheartaítear a onnmhairiú lasmuigh den Aontas.

2

Féadfar Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais dá bhforáiltear sa Chuid seo, seachas pointe III(3), uibheacha a dhíolann an táirgeoir díreach leis an tomhaltóir deiridh:

(a)

ar an láthair táirgeachta, nó

(b)

i margadh poiblí áitiúil nó díol ó dhoras go doras i réigiún táirgeachta an Bhallstáit lena mbaineann.

I gcás ina dtugtar díolúine mar sin, beidh gach táirgeoir in ann a roghnú díolúine mar sin a chur i bhfeidhm nó gan í a chur i bhfeidhm. I gcás ina gcuirtear díolúine mar sin i bhfeidhm, ní fhéadfar grádú cáilíochta nó meáchain a úsáid.

Féadfaidh an Ballstát, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, sainmhíniú ar na téarmaí 'margadh poiblí áitiúil', 'díol ó dhoras go doras' agus 'réigiún táirgeachta' a shuí.

II.   Grádú cáilíochta agus meáchain

1.

Déanfar uibheacha a ghrádú de réir cáilíochta mar a leanas:

(a)

Aicme A nó 'úr',

(b)

Aicme B.

2.

Déanfar uibheacha Aicme A a ghrádú de réir meáchain freisin. Ní éileofar grádú de réir meáchain, áfach, i gcás uibheacha a sheachadfar chuig an tionscal bia agus an tionscal neamhbhia.

3.

Ní sheachadfar uibheacha Aicme B ach chuig an tionscal bia agus an tionscal neamhbhia.

III.   Marcáil uibheacha

1

Déanfar uibheacha Aicme A a mharcáil leis an gcód táirgeora.

Déanfar uibheacha Aicme B a mharcáil leis an gcód táirgeora agus/nó le tásc eile.

Féadfaidh Ballstáit uibheacha Aicme B a dhíolmhú ón gceanglas sin i gcás ina ndéantar na huibheacha sin a chur ar an margadh go heisiach ar a gcríoch.

2.

Déanfar na huibheacha a mharcáil i gcomhréir le pointe 1 ar an láthair táirgeachta nó ag an gcéad ionad pacála chuig a dtabharfar na huibheacha.

3.

Déanfar uibheacha a dhíolann an táirgeoir leis an tomhaltóir deiridh ar mhargadh poiblí áitiúil i réigiún táirgeachta an Bhallstáit lena mbaineann a mharcáil i gcomhréir le pointe 1.

Féadfaidh Ballstáit, áfach, táirgeoirí a bhfuil suas le 50 bearóg a dhíolmhú ón gceanglas sin, ar choinníoll go léireofar ainm agus seoladh an táirgeora ag an bpointe díola.

CUID VII

Saillte inleata

I.   Tuairisc díolacháin

Ní ceadmhach na táirgí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 78(1) a sholáthar ná a aistriú gan phróiseáil chuig an tomhaltóir deiridh go díreach ná trí bhialanna, ospidéil, ceaintíní nó áiteanna comhchosúla, mura gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn II.

Is iad tuairiscí díolacháin na dtáirgí sin na cinn a shonrófar in Iarscríbhinn II a gan dochar do phointe II(2), (3) agus (4).

Forchoimeádfar na tuairiscí díolacháin in Iarscríbhinn II do na táirgí a shainítear ann ag a bhfuil na cóid AC a leanas agus ag a bhfuil cion saille 10 % ar a laghad ach níos lú ná 90 % de réir meáchain:

(a)

saillte bainne a thagann faoi réim chóid AC 0405 agus ex 2106;

(b)

saillte a thagann faoi réim chód AC ex 1517;

(c)

saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhithe a thagann faoi réim chód AC ex 1517 agus chód AC ex 2106.

Cion saille lúide salann a bheidh in dhá thrian ar a laghad den ábhar tirim.

Ní bhainfidh na tuairiscí díolacháin sin, áfach, ach le táirgí a bhíonn fós soladach ag teocht 20 °C, agus atá oiriúnach lena n-úsáid mar leatháin.

Ní bheidh feidhm ag na sainmhínithe seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ainmniú táirgí a bhfuil a gcineál díreach soiléir ó úsáid thraidisiúnta agus/nó nuair a úsáidtear na hainmhithe go soiléir chun tuairisc a dhéanamh ar shaintréith de chuid an táirge;

(b)

táirgí tiubhaithe (im, margairín, cumaisc) ina bhfuil cion saille 90 % nó níos mó.

II.   Téarmaíocht

1.

Féadfar an téarma 'traidisiúnta' a úsáid le chéile leis an ainm 'im' dá bhforáiltear i bpointe 1 de Chuid A d'Iarscríbhinn II, i gcás go bhfaightear an táirge go díreach ó bhainne nó ó uachtar.

Chun críocha an phointe sin, ciallaíonn 'uachtar' an táirge a fhaightear ó bhainne i bhfoirm eibleachta den chineál ola-in-uisce ag a bhfuil cion saille bainne 10 % ar a laghad.

2.

Cuirfear cosc ar théarmaí do tháirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II ina luaitear, ina gcuirtear in iúl nó ina dtugtar le tuiscint cion saille seachas é sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.

3.

De mhaolú ar mhír 2 agus anuas air sin, féadfar an téarma 'saill-laghdaithe' nó "éadrom" a úsáid do tháirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, le cion saille nach mó ná 62 %.

Féadfaidh an téarma 'saill-laghdaithe' agus an téarma 'éadrom', teacht in ionad na dtéarmaí 'trí cheathrú saille' nó 'leathshaill' a úsáid áfach in Iarscríbhinn II.

4.

Féadfar na tuairiscí díolacháin 'minarine' nó 'halvarine' a úsáid do tháirgí dá dtagraítear i bpointe 3 de Chuid B d'Iarscríbhinn II

5.

Féadfar an téarma 'glasra' a úsáid le chéile leis na tuairiscí díolacháin i gCuid B d'Iarscríbhinn II, ar an gcoinníoll nach bhfuil sa táirge ach saill de thionscnamh glasraí lena ngabhann lamháltas 2 % den chion saille do shaill ainmhithe. Beidh feidhm ag an lamháltas seo chomh maith i gcás go dtagraítear do speiceas glasraí.

CUID VIII

Tuairiscí agus sainmhínithe ar ola olóige agus ar olaí prabhaite olóige

Beidh sé éigeantach na tuairiscí agus na sainmhínithe maidir le holaí olóige agus olaí prabhaite olóige a leagtar amach sa Chuid seo a úsáid i gcás mhargaíocht na dtáirgí lena mbaineann laistigh den Aontas, agus sa mhéid agus atá sé ag luí le rialacha éigeantacha idirnáisiúnta, i gcás trádála le tríú tíortha.

Ní féidir ach olaí dá dtagraítear i bpointí 1(a) agus (b), 3 agus 6 a mhargú le linn chéim an mhiondíola.

(1)   OLAÍ OLÓIGE ÍONA

Ciallaíonn 'Olaí olóige íona' olaí a fhaightear ó thoradh an chrainn olóige trí mhodhanna meicniúla nó fisiceacha faoi choinníollacha nach ndéanann athruithe ar an ola, nach bhfuil aon chóireáil déanta uirthi seachas níochán, scineáil, lártheifneoiriú nó scagadh, ach amháin olaí a fhaightear trí úsáid a bhaint as tuaslagóirí nó a úsáideann aidiúvaigh a ghníomhaíonn go ceimiceach nó go bithcheimiceach, nó trí phróiseas ath-eistearúcháin agus aon mheascán le holaí de chineálacha eile.

Déantar olaí olóige íona a aicmiú go heisiach agus déantar cur síos orthu mar seo a leanas:

(a)

Ola olóige úríon

Ciallaíonn 'Ola olóige úríon' ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 0,8 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(b)

Ola olóige íon

Ciallaíonn 'ola olóige íon' ola olóige íon ag a bhfuil uas-aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de 2 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(c)

Ola olóige lampante

Ciallaíonn 'Ola olóige lampante' ola olóige íon ag a bhfuil aigéadacht shaor, i dtéarmaí aigéid oiléaigh, de níos mó ná 2 g in aghaidh 100 g, agus/nó a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(2)   OLA OLÓIGE SCAGTHA

Ciallaionn 'ola olóige scagtha' ola olóige a fhaightear trí ola olóige íon a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire, a shloinntear mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(3)   OLA OLÓIGE — A CHOMHDHÉANTAR d'OLAÍ OLÓIGE SCAGTHA AGUS d'OLAÍ OLÓIGE ÍONA

Ciallaíonn 'OLA OLÓIGE — A CHOMHDHÉANTAR d'OLAÍ OLÓIGE SCAGTHA AGUS d'OLAÍ OLÓIGE ÍONA' Ola olóige a fhaightear trí ola olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire, a shloinntear mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd a leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(4)   AMHOLA PHRABHAITE OLÓIGE

Ciallaíonn 'amhola phrabhaite oloige' ola a fhaightear ó phrabhaite olóige trína cóireáil le tuaslagóirí nó trí mhodhanna fisiceacha nó ola a fhreagraíonn d'ola olóige lampante, ach amháin saintréithe áirithe sonraithe, seachas ola a fhaightear trí ath-eistearúchán agus trí mheascáin le cineálacha eile ola, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(5)   OLA PHRABHAITE OLÓIGE SCAGTHA

Ciallaíonn 'OLA PHRABHAITE OLÓIGE SCAGTHA' Ola olóige a fhaightear trí amhola phrabhaite olóige a scagadh, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire, a shloinntear mar aigéad oiléach, nach mó ná 0,3 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).

(6)   OLA PHRABHAITE OLÓIGE

Ciallaíonn 'OLA PHRABHAITE OLÓIGE' Ola a fhaightear trí ola phrabhaite olóige scagtha a mheascadh le hola olóige íon seachas ola olóige lampante, ag a bhfuil cion aigéadachta saoire, a shloinntear mar aigéad oiléach, nach mó ná 1 g in aghaidh 100 g, agus a gcomhlíonann a saintréithe eile iad siúd atá leagtha síos don chatagóir seo ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75(2).


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 510/2006 ón gComhairle an 20 Márta 2006 maidir le sonraí geografacha agus tuairiscí tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 93, 31.3.2006, lch. 12).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla arna ndéanamh chun comhlíonadh rialacha dlí um beatha agus bia (IO L 165, 30.4.2004, lch 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun fíorú chomhlíonadh an dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).

(5)  Treoir 2006/114/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 21).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia; (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

(7)  Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir leis comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le bia mear-reoite mar bhia don duine (IO L 40 11.2.1999, lch. 34).

Foscríbhinn I

Criosanna fíonsaothrúcháin

Is iad seo a leanas a bheidh ina gcriosanna fíonsaothrúcháin:

(1)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin A:

(a)

sa Ghearmáin: na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha seachas iad siúd a áirítear i bpointe 2(a);

(b)

i Lucsamburg: réigiún fíonsaothrúcháin Lucsamburg;

(c)

sa Bheilg, sa Danmhairg, in Éirinn, san Ísiltír, sa Pholainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe: limistéir fíonsaothrúcháin na mBallstát sin;

(d)

i bPoblacht na Seice: réigiún fíonsaothrúcháin Čechy.

(2)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin B:

(a)

sa Ghearmáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún sonraithe Baden;

(b)

sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna ranna nach luaitear san Iarscríbhinn seo agus sna ranna seo a leanas:

san Alsáis: Bas-Rhin, Haut-Rhin,

sa Lorráin: Meurthe-et-Moselle, Meuse, Moselle, Vosges,

in Champagne: in Champagne, Aisne, Aube, Marne, Haute-Marne, Seine-et-Marne,

in Jura: Ain, Doubs, Jura, Haute-Saône,

in Savoie: Savoie, Haute-Savoie, Isère (común Chapareillan),

in Val de Loire: Cher, Deux-Sèvres, Indre, Indre-et-Loire, Loir-et-Cher, Loire-Atlantique, Loiret, Maine-et-Loire, Sarthe, Vendée, Vienne, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha in arrondissement Cosne-sur-Loire i roinn Nièvre;

(c)

san Ostair, limistéar fíonsaothrúcháin na hOstaire;

(d)

i bPoblacht na Seice, réigiún fíonsaothrúcháin Morava agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 1(d);

(e)

sa tSlóvaic, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Malokarpatská vinohradnícka oblast, Južnoslovenská vinohradnícka oblast, Nitrianska vinohradnícka oblast, Stredoslovenská vinohradnícka oblast, Východoslovenská vinohradnícka oblast agus na limistéir fíonsaothrúcháin nach n-áirítear i bpointe 3(f);

(f)

sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

i réigiún Podravje: Štajerska Slovenija, Prekmurje,

i réigiún Posavje: Bizeljsko Sremič, Dolenjska agus Bela krajina, agus na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 4(d);

(g)

sa Rómáin, i limistéar Podișul Transilvaniei;

(h)

sa Chróit, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna fo-réigiúin seo a leanas: Moslavina, Prigorje-Bilogora, Plešivica, Pokuplje agus Zagorje-Međimurje.

(3)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C I:

(a)

sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

sna ranna seo a leanas: Allier, Alpes-de-Haute-Provence, Hautes-Alpes, Alpes-Maritimes, Ariège, Aveyron, Cantal, Charente, Charente-Maritime, Corrèze, Côte-d'Or, Dordogne, Haute-Garonne, Gers, Gironde, Isère (cé is moite de común de Chapareillan), Landes, Loire, Haute-Loire, Lot, Lot-et-Garonne, Lozère, Nièvre (ach amháin arrondissement Cosne-sur-Loire), Puy de-Dôme, Pyrénées-Atlantiques, Hautes-Pyrénées, Rhône, Saône-et-Loire, Tarn, Tarn-et-Garonne, Haute-Vienne, Yonne,

in arrondissements Valence agus Die i roinn Drôme (ach amháin i gcantúin Dieulefit, Loriol, Marsanne agus Montélimar),

in arrondissement Tournon, i gcantúin Antraigues, Burzet, Coucouron, Montpezat-sous-Bauzon, Privas, Saint-Etienne de Lugdarès, Saint-Pierreville, Valgorge agus la Voulte-sur-Rhône i roinn Ardèche;

(b)

san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i réigiún Valle d'Aosta agus i gcúigí Sondrio, Bolzano, Trento agus Belluno;

(c)

sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha i gcúigí A Coruña, Asturias, Cantabria, Guipúzcoa agus Vizcaya;

(d)

sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sa chuid de réigiún Norte a chomhfhreagraíonn do limistéar ainmnithe fíona 'Vinho Verde' chomh maith le "Concelhos de Bombarral, Lourinhã, Mafra e Torres Vedras" (cé is moite de 'Freguesias da Carvoeira e Dois Portos'), a bhaineann leis an 'Região viticola da Extremadura';

(e)

san Ungáir, na limistéir go léir ina bhfuil fíniúnacha curtha;

(f)

sa tSlóvaic, na limistéir i Tokajská vinohradnícka oblasť; ina bhfuil fíniúnacha curtha;

(g)

sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointí 2(g) ná 4(f);

(h)

sa Chróit, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna fo-réigiúin seo a leanas: Hrvatsko Podunavlje agus Slavonija.

(4)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C II:

(a)

sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

sna ranna seo a leanas: Aude, Bouches-du-Rhône, Gard, Hérault, Pyrénées-Orientales (ach amháin i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech), Vaucluse,

sa chuid de roinn Var a chuimsítear ó dheas le teorainn thuaidh chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime,

in arrondissement Nyons agus i gcantún Loriol-sur-Drôme i roinn Drôme,

sna codanna sin de roinn Ardèche nach liostaítear i bpointe 3(a);

(b)

san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Abruzzo, Campania, Emilia-Romagna, Friuli-Venezia Giulia, Lazio, Liguria, an Lombaird (ach amháin cúige Sondrio), Marche, Molise, Píomant, an Tuscáin, Umbria, Veneto (ach amháin cúige Belluno), lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, mar shampla Elba agus oileáin eile an oileánra Thuscánaigh, oileáin Ponziane, Capri agus Ischia;

(c)

sa Spáinn, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna cúigí seo a leanas:

Lugo, Orense, Pontevedra,

Ávila (ach amháin na comúin a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe "comarca" ó Cebreros), Burgos, León, Palencia, Salamanca, Segovia, Soria, Valladolid, Zamora,

La Rioja,

Álava,

Navarra,

Huesca,

Barcelona, Girona, Lleida,

sa chuid sin de chúige Zaragoza atá ó thuaidh ón Eabró,

sna comunnes i gcúige Tarragona a áirítear i sonrúchán tionscnaimh Penedés,

sa chuid sin de chúige Tarragona a bhaineann leis an bhfíon ainmnithe 'comarca' ó Conca de Barberá;

(d)

sa tSlóivéin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Brda nó Goriška Brda, Vipavska dolina nó Vipava, Kras agus Slovenska Istra;

(e)

sa Bhulgáir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Dunavska Ravnina (Дунавска равнина), Chernomorski Rayon (Черноморски район), Rozova Dolina (Розова долина);

(f)

sa Rómáin, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas:

Dealurile Buzăului, Dealu Mare, Severinului agus Plaiurile Drâncei, Colinele Dobrogei, Terasele Dunării, réigiún fíona an Deiscirt, lena n-áirítear réigiúin ghainimh agus réigiúin fhabhracha eile;

(g)

sa Chróit, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna fo-réigiúin seo a leanas: Hrvatska Istra, Hrvatsko primorje, Dalmatinska zagora, Sjeverna Dalmacija agus Srednja i Južna Dalmacija.

(5)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (a):

(a)

sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna nomoi seo a leanas: Florina, Imathia, Kilkis, Grevena, Larisa, Ioannina, Levkas, Akhaia, Messinia, Arkadia, Korinthia, Iraklio, Khania, Rethimni, Samos, Lasithi agus oileán Thira (Santorini);

(b)

sa Chipir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha atá ag airdí os cionn 600 méadar;

(c)

sa Bhulgáir, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 4(e).

(6)

Is éard atá i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b):

(a)

sa Fhrainc, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha:

i ranna na Corsaice,

sa chuid sin de Roinn Var atá suite idir an fharraige agus líne teorann chomúin Evenos, Le Beausset, Solliès-Toucas, Cuers, Puget-Ville, Collobrières, La Garde-Freinet, Plan-de-la-Tour agus Sainte-Maxime (ar comúin iad a áirítear),

i gcantúin Olette agus Arles-sur-Tech i roinn Pyrénées-Orientales;

(b)

san Iodáil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin seo a leanas: Calabria, Basilicata, Apulia, an tSairdín agus an tSicil, lena n-áirítear na hoileáin a bhaineann leis na réigiúin sin, amhail Pantelleria agus oileáin Lipari, Egadi agus Pelagie;

(c)

sa Ghréig, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach liostaítear i bpointe 5(a);

(d)

sa Spáinn: na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha nach n-áirítear i bpointe 3(c) nó i bpointe 4(c);

(e)

sa Phortaingéil, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha sna réigiúin nach n-áirítear i bpointe 3(d);

(f)

sa Chipir, na limistéir ina bhfuil fíniúnacha atá ag airdí nach dtéann thar 600 méadar;

(g)

i Málta, limistéir ina bhfuil fíniúnacha curtha.

(7)

Is é atá i gcríochadóireacht na gcríoch a chuimsítear leis na haonaid riaracháin dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo an chríochadóireacht a thagann ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 15 Nollaig 1981, agus i gcás na Spáinne, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1986 agus, i gcás na Portaingéile, ó na forálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm an 1 Márta 1998.

Foscríbhinn II

Saillte inleata

Grúpa saille

Tuairisc díolacháin

Catagóirí táirge

Sainmhínithe

Tuairisc bhreise ar an gcatagóir lena dtugtar léiriú ar an % de chion saille de réir meáchain

A.   Saillte bainne

Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó bhainne agus/nó táirgí bainne áirithe, agus uathu sin amháin, arb í an tsaill an comhábhar bunriachtanach luacha iontu. Is ceadmhach, áfach, substaintí eile a theastaíonn chun iad a dhéanamh a chur leo, ar choinníoll nach n-úsáidtear na substaintí sin chun iad a chur in ionad, go huile nó go páirteach, aon chomhábhair bhainne.

1.

Im

An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %, ina bhfuil uaschion uisce 16 % agus ina bhfuil uaschion ábhair bhainne thirim neamhshaille 2 %.

2.

Im le trí cheathrú saille (1)

An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %.

3.

Im leath-shaille (2)

An táirge ina bhfuil cion saille bainne nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %.

4.

Leathán déiríochta X %

An táirge leis an gcion saille bainne seo a leanas:

níos lú ná 39 %,

níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %,

níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %.

B:   Saillte

Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne nach mó ná 3 % den chion saille.

1.

Margairín

An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %.

2.

Margairín ina bhfuil trí cheathrú saille (3)

An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %.

3.

Margairín leath-shaille (4)

An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ina bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %.

4.

Leatháin saille X %

An táirge a fhaightear ó shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha leis an gcion saille seo a leanas:

níos lú ná 39 %,

níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %,

níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %.

C.   Saillte atá comhdhéanta de tháirgí plandaí agus/nó ainmhithe

Táirgí i bhfoirm eibleachta soladaí, intuargainte, den chineál uisce-in-ola den chuid is mó, a fhaightear ó shaillte soladacha agus/nó saillte leachtacha plandúla agus/nó ainmhíocha atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine, ag a bhfuil cion saille bainne idir 10 % agus 80 % den chion saille.

1.

Cumasc

An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ag a bhfuil cion saille nach lú ná 80 % ach níos lú ná 90 %.

2.

Cumasc le trí cheathrú saille (5)

An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ag a bhfuil cion saille nach lú ná 60 % ach nach mó ná 62 %.

3.

Cumasc leath-shaille (6)

An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha ag a bhfuil cion saille nach lú ná 39 % ach nach mó ná 41 %.

4.

Leathán cumaiscthe X %

An táirge a fhaightear ó mheascán de shaillte plandúla agus/nó ainmhíocha a bhfuil an cion saille seo a leanas ann:

níos lú ná 39 %,

níos mó ná 41 % ach níos lú ná 60 %,

níos mó ná 62 % ach níos lú ná 80 %.


(1)  a fhreagraíonn do 'smør 60' sa Danmhairgis.

(2)  a fhreagraíonn do 'smør 40' sa Danmhairgis.

(3)  a fhreagraíonn do 'margarine 60' sa Danmhairgis.

(4)  a fhreagraíonn do 'margarine 40' sa Danmhairgis.

(5)  a fhreagraíonn do 'blandingsprodukt 60' sa Danmhairgis.

(6)  a fhreagraíonn do 'blandingsprodukt 40' sa Danmhairgis.


IARSCRÍBHINN VIII

CLEACHTAIS FÍONEOLAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 80

CUID 1

Saibhriú, aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin áirithe

A.   Teorainneacha saibhrithe

1.

I gcás ina bhfágann dálaí aeráide gur gá é i gcriosanna áirithe fíonsaothrúcháin an Aontais, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cur le neart alcóil nádúrtha de réir toirte maidir le fíonchaor, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh agus fíon a fhaightear ó chineálacha éagsúla fíonchaor is féidir a aicmiú de réir Airteagal 81.

2.

Bainfear an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte amach trí na cleachtais fíoneolaíochta dá dtagraítear i Roinn B agus ní rachaidh sé thar na teorainneacha seo a leanas:

(a)

3 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A;

(b)

2 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(c)

1,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin C.

3.

I mblianta ina bhfuil dálaí aeráide an-mhífhábharach, is ceadmhach do Bhallstáit iarraidh go n-ardófaí faoi 0,5 % na teorainneacha atá leagtha síos i bpointe 2. Mar fhreagra ar iarraidh den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme a luaithe is féidir faoi na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 91. Déanfaidh an Coimisiún iarracht Cinneadh a ghlacadh taobh istigh de cheithre seachtaine tar éis na hiarrata.

B.   Próisis saibhrithe

1.

Ní dhéanfar an méadú i neart alcóil nádúrtha de réir toirte dá bhforáiltear i Roinn A ach amháin:

(a)

i gcás fíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis;

(b)

i gcás úrfhíona fíonchaor, trí shiúcrós, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leis, nó trí thiúchan páirteach, lena n-áirítear cúlosmóis;

(c)

i gcás fíona, trí thiúchan páirteach trí fhuarú.

2.

Beidh na próisis dá dtagraítear i bpointe 1 comheisiatach i gcás ina bhfuil fíon nó úrfhíon fíonchaor saibhrithe le húrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe agus inar íocadh cabhair faoi Airteagal 103y de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007.

3.

Ní ceadmhach an siúcrós dá bhforáiltear i bpointí 1(a) agus (b) a chur leis ach amháin trí thirimshiúcrú agus sna limistéir seo a leanas:

(a)

crios fíonsaothrúcháin A;

(b)

crios fíonsaothrúcháin B;

(c)

crios fíonsaothrúcháin C,

cé is moite d'fhíonghoirt, sa Ghréig, sa Spáinn, san Iodáil, sa Chipir, sa Phortaingéil, agus fíonghoirt i ranna na Fraince atá faoi dhlínse na gcúirteanna achomhairc in:

Aix-en-Provence,

Nîmes,

Montpellier,

Toulouse,

Agen,

Pau,

Bordeaux,

Bastia.

Féadfaidh na húdaráis náisiúnta saibhriú trí thirimshiúcrú a údarú, áfach, mar eisceacht sna ranna thuasluaite sa Fhrainc. Tabharfaidh an Fhrainc fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údarú den sórt sin.

4.

Ní mhéadófar toirt tosaigh fíonchaor brúite úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh nó fíona nua atá fós faoi choipeadh, mar thoradh ar úrfhíon fíonchaor tiubhaithe nó úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe a chur leo, faoi níos mó ná 11 % i gcrios fíonsaothrúcháin A, 8 % i gcrios fíonsaothrúcháin B agus 6,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C.

5.

I gcás tiúchana úrfhíona fíonchaor nó fíona a chuaigh trí na próisis dá dtagraítear i bpointe 1:

(a)

ní laghdófar toirt tosaigh na dtáirgí sin faoi níos mó ná 20 %;

(b)

d'ainneoin phointe 2(c) de Roinn A, ní mhéadóidh sé neart alcóil nádúrtha na dtáirgí seo faoi níos mó ná 2 % de réir toirte.

6.

Ní dhéanfaidh na próisis dá dtagraítear i bpointe 1 agus i bpointe 5 an neart alcóil iomlán de réir toirte, i gcás na bhfíonchaor úr, úrfhíona fíonchaor, úrfhíona fíonchaor faoi choipeadh, fíona nua atá fós faoi choipeadh, nó fíona, a mhéadú thar na céatadáin seo a leanas de réir toirte:

(a)

11,5 % i gcrios fíonsaothrúcháin A;

(b)

12 % i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(c)

12.5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C I;

(d)

13 % i gcrios fíonsaothrúcháin C II; agus

(e)

13.5 % i gcrios fíonsaothrúcháin C III.

7.

De mhaolú ar phointe 6, féadfaidh Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh:

(a)

maidir le fíon dearg, uasteorainn neart alcóil iomlán de réir toirte na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú go 12 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin A agus go 12,5 % de réir toirte i gcrios fíonsaothrúcháin B;

(b)

maidir le táirgeadh fíonta le sonrúchán tionscnaimh, neart alcóil iomlán na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 6 a ardú de réir toirte go leibhéal atá le cinneadh ag Ballstáit.

C.   Aigéadú agus dí-aigéadú

1.

D'fhéadfadh fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, fíon nua atá fós faoi choipeadh, agus fíon a bheith faoi réir na rudaí seo a leanas:

(a)

dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A, B agus C I;

(b)

aigéadú agus dí-aigéadú i gcriosanna fíonsaothrúcháin C I, C II agus C III (a), gan dochar do phointe 7; nó

(c)

aigéadú i gcrios fíonsaothrúcháin C III (b).

2.

Féadfar na táirgí, seachas fíon, dá dtagraítear i bpointe 1 a aigéadú suas le 1,50 g/l ar a mhéid a shloinntear mar aigéad tartarach, nó 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

3.

Féadfar fíonta a aigéadú suas le 2,50 g/l ar a mhéid a shloinntear mar aigéad tartarach, nó 33,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

4.

Féadfar fíon a dhí-aigéadú suas le 1 g/l ar a mhéid a shloinntear mar aigéad tartarach, nó 13,3 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

5.

Féadfar úrfhíon fíonchaor atá beartaithe do thiúchan a dhí-aigéadú go páirteach.

6.

D'ainneoin phointe 1, i mblianta ina bhfuil dálaí aeráide eisceachtúla, féadfaidh Ballstáit aigéadú na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe 1 a údarú i gcriosanna fíonsaothrúcháin A agus B, faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3.

7.

Beidh aigéadú agus saibhriú, ach amháin trí mhaolú atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), agus beidh aigéadú agus dí-aigéadú an táirge chéanna, ina bpróisis chomheisiatacha.

D.   Próisis

1.

Ní bheidh aon cheann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C údaraithe, cé is moite d'aigéadú agus dí-aigéadú fíonta, mura ndéantar iad faoi choinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), nuair atá fíon nó aon deoch eile ó earnáil an fhíona a ceapadh lena chaitheamh ag an duine, seachas fíon súilíneach nó fíon súilíneach aeraithe sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh, á dhéanamh as fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon nua atá fós faoi choipeadh.

2.

Tarlóidh tiúchan na bhfíonta sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora úra a úsáideadh.

3.

Ní tharlóidh aigéadú ná dí-aigéadú fíonta ach amháin agus fíon á dhéanamh agus sa chrios fíonsaothrúcháin inar saothraíodh na fíonchaora a úsáideadh chun an fíon atá i gceist a tháirgeadh.

4.

Cuirfear na húdaráis inniúla ar an eolas maidir le gach ceann de na próisis dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3. Déanfar amhlaidh freisin maidir leis na cainníochtaí úrfhíona fíonchaor tiubhaithe, úrfhíona fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe nó siúcróis a bhíonn á gcoinneáil ag daoine nó grúpaí daoine dlíthiúla nó nádúrtha i bhfeidhmiú a ngairme, go háirithe táirgeoirí, buidéalaithe, próiseálaithe agus ceannaithe, atá le socrú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2), ag an am céanna agus san áit chéanna le fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh nó fíon ar an mórchóir. Féadfar na cainníochtaí seo a iontráil i gclár earraí isteach agus úsáid stoic seachas iad a fhógairt, áfach.

5.

Déanfar gach ceann de na próisis dá dtagraítear i Ranna B agus C a thaifeadadh ar an doiciméad faoi iamh, mar a fhoráiltear in Airteagal 147, a bhfuil na táirgí a chuaigh trí na próisis curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir leis.

6.

Ní dhéanfar na próisis sin dá dtagraítear i Roinn B agus Roinn C, faoi réir maoluithe a bhfuil údar tugtha leo ag dálaí aeráide eisceachtúla, a chur i gcrích:

(a)

tar éis an 1 Eanáir i gcrios fíonsaothrúcháin C;

(b)

tar éis an 16 Márta i gcriosanna fíonsaothrúcháin A nó B, agus ní dhéanfar iad ach amháin le haghaidh táirgí an fhómhair fíonchaor díreach roimh na dátaí sin.

7.

D'ainneoin phointe 6, is féidir tiúchan trí fhuarú agus aigéadú agus dí-aigéadú fíonta a dhéanamh i rith na bliana.

CUID II

Srianta

A.   Faisnéis Ghinearálta

1.

Ní chuirfear uisce sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta údaraithe, ach amháin i gcás inar gá leis mar gheall ar riachtanas teicniúil sonrach.

2.

Ní chuirfear alcól sa bhreis leis an táirge in aon chleachtas fíoneolaíochta, ach amháin i gcás cleachtas a bhaineann le húrfhíon fíonchaor úr a fháil ina stoptar coipeadh trí alcól, fíon licéir, fíon súilíneach, fíon treisithe i gcomhair dríogtha agus fíon leathshúilíneach a chur leis.

3.

Ní bhainfear úsáid as fíon atá treisithe i gcomhair driogtha ach amháin i gcomhair driogtha.

B.   Fíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor agus sú fíonchaor

1.

Ní bhainfear úsáid as úrfhíon fíonchaor úr ina stoptar coipeadh trí alcól a chur leis ach amháin i rith céime ullmhúcháin táirgí nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29. Tá sin gan dochar d'aon fhoráil níos déine ar féidir le Ballstáit a chur i bhfeidhm ar ullmhúchán táirgí ar a gcríoch féin, ar táirgí iad nach dtiteann faoi chóid AC 2204 10, 2204 21 agus 2204 29.

2.

Ní dhéanfar fíon de shú fíonchaor ná de shú fíonchaor tiubhaithe ná ní chuirfear le fíon iad. Ní dhéanfar coipeadh alcólach orthu ar chríoch an Aontais.

3.

Ní bhainfidh pointí 1 agus 2 le táirgí atá beartaithe chun táirgí a tháirgeadh, in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sa Pholainn, ar táirgí iad a thagann faoi réir chód AC 2206 00 a bhféadfaidh Ballstáit úsáid comhainm a cheadú ina leith, lena n-áirítear an sonrúchán díolacháin 'fíon'.

4.

Ní chuirfear úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh a uscadh ó fhíonchaora rísínithe ar an margadh ach amháin chun fíonta licéir a mhonarú agus sna limistéir fíonsaothrúcháin sin amháin ina raibh an úsáid sin traidisiúnta iontu an 1 Eanáir 1985, agus chun fíonta ó fhíonchaora ró-aibí a mhonarú.

5.

Ní ceadmhach táirgí dá dtagraítear i gCuid II d'Iarscríbhinn VII a dhéanamh d'fhíonchaora úra, úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor faoi choipeadh, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe coigeartaithe, úrfhíon fíonchaor ar cuireadh stop lena choipeadh trí alcól a chur leis, sú fíonchaor, sú fíonchaor tiubhaithe agus fíon, nó meascáin de na táirgí sin, de thionscnamh tríú tíortha, ná ní fhéadfar iad a chur le táirgí den chineál sin i gcríoch an Aontais.

C.   Fíonta a mheascadh

Beidh toirmeasc ar chumasc fíona de thionscnamh tríú tír le fíon de chuid an Aontais agus ar chumasc idir fíonta de thionscnamh tríú tíortha, san Aontas.

D.   Fotháirgí

1.

Beidh toirmeasc ar róbhrú fíonchaor. Cinnfidh Ballstáit, ag cur dálaí áitiúla agus teicniúla san áireamh, an íoschion alcóil a bheidh sa mharc agus sa mhoirt tar éis bhrú na bhfíonchaor.

Déanfaidh na Ballstáit an méid alcóil a bheidh sna fotháirgí seo a chinneadh ag leibhéal atá cothrom ar a laghad le 5 % maidir leis an neart alcóil de réir toirte atá san fhíon a tháirgtear.

2.

Seachas alcól, biotáillí agus piquette, ní dhéanfar fíon ná aon deoch eile a ceapadh lena chaitheamh ag an duine a tháirgeadh ó mhoirt fíona nó ó mharc fíonchaor. Ceadófar doirteadh fíona anuas ar mhoirt nó ar mharc fíonchaor nó ar laíon aszú brúite faoi choinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2) i gcás ina n-úsáidtear an cleachtas sin go traidisiúnta chun 'Tokaji fordítás' agus 'Tokaji máslás' a tháirgeadh san Ungáir agus chun 'Tokajský forditáš' agus 'Tokajský mášláš' a tháirgeadh sa tSlóvaic.

3.

Tá toirmeasc ar bhrú moirte fíona agus athchoipeadh mairc fíonchaor chun críocha eile seachas driogadh nó táirgeadh piquette. Ní mheasfar gur brú atá i gceist le scagadh agus lártheifneoiriú moirte fíona i gcás ina bhfuil na táirgí a fhaightear de cháilíocht shlán, fhíor agus indíolta.

4.

I gcás ina bhfuil táirgeadh piquette údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann, ní bhainfear úsáid as ach amháin chun driogtha nó óil i dteaghlaigh táirgeoirí fíona.

5.

Gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh Ballstáit cinneadh gur gá fotháirgí a dhiúscairt trí dhriogadh, beidh ceangal ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó ar aon ghrúpaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha a choinníonn fotháirgí iad a dhiúscairt faoi réir coinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 75(2).


IARSCRÍBHINN IX

TÉARMAÍ ROGHNACHA FORCHOIMEÁDTA

Catagóir táirge

(tagairt d'aicmiú ainmníochta comhcheangailte)

Téarma roghnach forchoimeádta

feoil éanlaithe

(cóid AC 0207, agus 0210)

beathaithe le … % de …

gé a bheathaítear le coirce

saothrú fairsing faoi dhíon

saor-raon

saor-raon traidisiúnta

saor-raon – saoirse iomlán

aois mharaithe

tréimhse ramhraithe

uibheacha

(cóid AC 0407)

úr

rí-úr

tásc faoi bheathú na mbéaróg

ola olóige

(cóid AC 1509)

céadfháscadh fuar

eastóscadh fuar

aigéadacht

géar

torthaíoch: aibí nó glas

searbh

tréan

measartha

éadrom

cothromaithe

séimh


IARSCRÍBHINN X

TÉARMAÍ CEANNAIGH DO BHIATAIS, LE LINN NA TRÉIMHSEDÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 125(3)

POINTE I

1.

Déanfar na conarthaí seachadta i scríbhinn maidir le cainníocht shonrach biatais chuóta.

2.

Féadfaidh fad ilbhliantúil a bheith ag baint leis na conarthaí seachadta.

3.

Féadfar a shonrú sna conarthaí seachadta an féidir chainníocht bhreise biatais a sholáthar, agus na téarmaí a bheidh i gceist.

POINTE II

1.

Léireofar le conarthaí seachadta praghsanna ceannaithe na gcainníochtaí biatais dá dtagraítear i bPointe I.

2.

Beidh feidhm ag an bpraghas dá dtagraítear i mír 1 maidir le biatas siúcra de cháilíocht chaighdeánach atá sainithe i bpointe B d'Iarscríbhinn III.

Cuirfear an praghas in oiriúint do mhéaduithe nó laghduithe i bpraghsanna, arna gcomhaontú ag na compháirtithe roimh ré, sa chaoi go gcuirfear dialltaí ón gcáilíocht chaighdeánach san áireamh.

3.

Sonrófar sa chonradh seachadta an chaoi a leithdháilfear eabhlóid na bpraghas margaidh idir na comhpháirtithe.

4.

Leagfar síos le conarthaí seachadta cion siúcra socraithe do bhiatas. Áireofar leo sin scála coinbhéirseachta ina léireofar cion éagsúil siúcra agus gnéithe chun cainníochtaí biatais arna soláthar a thiontú i gcainníochtaí a fhreagraíonn leis an gcion siúcra a léirítear sa chonradh seachadta.

Bunófar an scála ar an táirgeacht a fhreagraíonn le cion éagsúil siúcra.

POINTE III

Beidh forálacha sna conarthaí seachadta a bhaineann le céimniú agus gnáthfhad seachadtaí biatais.

POINTE IV

1.

Foráiltear le conarthaí seachadta d'ionaid bailithe biatais agus do na coinníollacha a bhaineann lena sheachadadh agus lena iompar.

2.

Foráiltear le conarthaí seachadta go sonrófar go soiléir do fhreagracht maidir le costais lastála agus iompair ó ionaid bhailiúcháin. Maidir le conarthaí seachadta, i gcásanna ina mbeidh sé de cheanglas ar ghnóthais siúcra rannchuidiú le costais lastála agus iompair, sonrófar an céatadán nó an méid rannchuidithe go soiléir.

3.

Foráiltear le conarthaí seachadta go sonrófar go soiléir na costais is dual do gach comhpháirtí.

POINTE V

1.

Foráiltear le conarthaí seachadta pointí glactha do bhiatas.

2.

Sa chás ina mbeidh conradh seachadta sínithe cheana féin ag díoltóirí biatais agus ag gnóthais siúcra don bhliain mhargaíochta roimhe sin, beidh na pointí glactha atá comhaontaithe eatarthu do sheachadtaí le linn na bliana margaíochta fós i bhfeidhm. Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú ón bhforáil seo.

POINTE VI

1.

Foráiltear le conarthaí seachadta don chion siúcra a bheidh le cinneadh agus leas á bhaint as an modh polaraiméadrach nó, forbairtí teicneolaíocha a chur san áireamh, as modh eile arna aontú idir an dá chomhpháirtí. Bainfear sampla biatais tráth an ghlactha.

2.

Foráiltear le comhaontuithe laistigh den trádáil, do shamplaí a bheidh le baint ag tráth níos déanaí. Sna cásanna sin, foráiltear do cheartú leis an gconradh seachadta chun cúiteamh a dhéanamh ar aon titim sa chion siúcra idir an sampla a ghlacadh agus a bhaint.

POINTE VII

Foráiltear le conarthaí seachadta don ollmheáchan, don táir agus don chion siúcra a bheidh le cinneadh agus leas á bhaint as na nósanna imeachta arna dteacht ar chomhaontú ina leith:

(a)

i gcomhar a chéile, ag an gnóthas siúcra agus ag eagraíocht trádála na saothraithe biatais, má fhoráiltear amhlaidh i gcomhaontú laistigh den trádáil;

(b)

ag an ngnóthas siúcra, faoi mhaoirsiú eagraíocht trádála na saothraithe biatais;

(c)

ag an ngnóthas siúcra, faoi mhaoirsiú saineolaí atá aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann, ar an gcoinníoll go n-íocann an díoltóir biatais na costais maidir leis sin.

POINTE VIII

1.

Maidir le conarthaí seachadta, beidh sé de cheanglas ar ghnóthais siúcra ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh do chainníocht iomlán an bhiatais a sheachadtar:

(a)

an laíon úr a chur ar ais ón tonnáiste biatais a sheachadtar saor in aisce don díoltóir biatais, ón monarcha;

(b)

cuid den laíon sin a chur ar ais, brúite, triomaithe nó triomaithe agus molásaithe saor in aisce don díoltóir biatais, ón monarcha;

(c)

an laíon a chur ar ais, brúite nó triomaithe don díoltóir biatais, ón monarcha; sa chás sin, féadfaidh an gnóthas siúcra é a chur de cheanglas ar an díoltóir biatais na costais brúite nó triomaithe a íoc;

(d)

cúiteamh a íoc leis an díoltóir biatais ina gcuirfear na féidearthachtaí a bheidh ann an laíon lena mbaineann a dhíol san áireamh.

2.

Nuair a bheidh codanna den chainníocht iomlán biatais faoi réir cóireáil éagsúil, beidh níos mó ná ceann amháin de na hoibleagáidí a leanas dá bhforáiltear i mir 1 á bhforchur ag an gconradh seachadta.

3.

Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil foráil a dhéanamh don laíon a sheachadadh ag céim eile seachas sin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1.

POINTE IX

Socrófar na teorainneacha ama leis na conarthaí seachadta d'aon réamhíocaíochtaí agus d'íocaíocht praghas ceannaigh an bhiatais.

POINTE X

Sa chás ina leagtar síos rialacha le conarthaí seachadta lena gclúdófar na hábhair a bpléifear san Iarscríbhinn seo, nó sa chás ina mbeidh forálacha iontu ina rialófar ábhair eile, ní bheidh a bhforálacha agus a n-éifeachtaí ag teacht salach ar an Iarscríbhinn seo.

POINTE XI

1.

Beidh clásail eadrána sna comhaontuithe laistigh den trádáil mar a chuirtear síos orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d' Iarscríbhinn II

2.

Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil teimpléad chaighdeánach a leagan síos do chonarthaí seachadta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le rialacha an Aontais.

3.

Sa chás ina leagtar síos rialacha le comhaontuithe laistigh den trádáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil lena gclúdófar na hábhair a bpléifear sa Rialachán seo, nó sa chás ina mbeidh forálacha iontu ina rialófar ábhair eile, ní bheidh a bhforálacha agus a n-éifeachtaí ag teacht salach ar an Iarscríbhinn seo.

4.

Leagtar síos an méid a leanas go háirithe leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3:

(a)

an scála coinbhéirseachta dá dtagraítear i bPointe II(4);

(b)

rialacha maidir le rogha agus soláthar na síolta de na cineálacha biatais a bheidh le táirgeadh;

(c)

an cion siúcra íosta i mbiatas a bheidh le seachadadh;

(d)

ceanglas maidir le comhar idir an gnóthas siúcra agus ionadaithe na ndíoltóirí biatais roimh thúsdáta na seachadtaí biatais a shocrú;

(e)

íocaíocht préimheanna le díoltóirí biatais do sheachadtaí atá luath nó déanach;

(f)

sonraí agus coinníollacha agus costais maidir le laíon dá dtagraítear i bPointe VIII;

(g)

laíon a bhaint ag an díoltóir biatais;

(h)

rialacha maidir le praghais a leasú i gcásanna ina gcomhaontaítear conarthaí ilbhliantúla;

(i)

rialacha maidir le samplú agus maidir le modhanna chun ollmheáchan, táir agus cion siúcra a chinneadh.


IARSCRÍBHINN XI

TÉARMAÍ CEANNAIGH DO BHIATAIS, LE LINN NA TRÉIMHSE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 124

POINTE I

1.

Déanfar na conarthaí seachadta i scríbhinn maidir le cainníocht shonrach biatais chuóta.

2.

Sonrófar le conarthaí seachadta an féidir chainníocht bhreise biatais a sholáthar, agus cad iad na téarmaí a bheidh i gceist.

POINTE II

1.

Léireofar le conarthaí seachadta praghsanna ceannaithe na gcainníochtaí biatais dá dtagraítear i bpointe (a) agus, más iomchuí, pointe (b) d'Airteagal 127(2). I gcás na gcainníochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 127(2), ní fhéadfaidh na praghsanna sin bheith níos lú ná an praghas íosta do bhiatas cuóta dá dtagraítear in Airteagal 135.

2.

Leagfar síos le conarthaí seachadta cion siúcra socraithe do bhiatas. Áireofar leo sin scála coinbhéirseachta ina léireofar cion éagsúil siúcra agus gnéithe chun cainníochtaí biatais arna soláthar a thiontú i gcainníochtaí a fhreagraíonn leis an gcion siúcra a léirítear sa chonradh seachadta.

Bunófar an scála ar an táirgeacht a fhreagraíonn le cion éagsúil siúcra.

3.

Sa chás ina bhfuil conradh seachadta sínithe ag díoltóir biatais le gnóthas siúcra chun biatas a sheachadadh dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 127(2a), measfar gach seachadadh ón díoltóir sin, atá tiontaithe i gcomhréir le mír 2 den Phointe seo, mar sheachadtaí de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 127(2), suas go dtí an chainníocht biatais a shonraítear sa chonradh seachadta.

4.

Maidir leis na gnóthais siúcra a tháirgeann cainníocht siúcra níos ísle ná a mbiatas cuóta atá conarthaí réamhchurtha seachadta sínithe acu faoi phointe (a) d'Airteagal 127(2), dáilfidh siad an chainníocht biatais a fhreagraíonn d'aon táirgeadh breise suas go méid a gcuóta i measc na ndíoltóirí biatais a bhfuil conarthaí réamhchurtha seachadta sínithe acu leo de réir bhrí phointe (a) d'Airteagal 127(2).

Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú ón bhforáil seo.

POINTE III

1.

Beidh forálacha sna conarthaí seachadta a bhaineann le céimniú agus gnáthfhad seachadtaí biatais.

2.

Is éard a bheidh sna forálacha dá dtagraítear i mír 1, iad sin is infheidhme le linn na bliana margaíochta roimhe sin, agus leibhéal na táirgeachta iarbhír á chur san áireamh; féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú uatha sin.

POINTE IV

1.

Foráiltear d'ionaid bailithe biatais le conarthaí seachadta.

2.

Sa chás ina mbeidh conradh seachadta sínithe cheana féin ag díoltóirí biatais agus ag gnóthais siúcra don bhliain mhargaíochta roimhe sin, beidh na hionaid bhailiúcháin atá comhaontaithe eatarthu do sheachadtaí le linn na bliana margaíochta fós i bhfeidhm. Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú ón bhforáil seo.

3.

Foráiltear le conarthaí seachadta, gurb é an gnóthas siúcra a íocfaidh as na costais lastála agus iompair, faoi réir comhaontuithe speisialta a bheidh bunaithe ar na rialacha nó na húsáidí áitiúla atá i bhfeidhm roimh an mbliain mhargaíochta roimhe sin.

4.

Mar sin féin, sa Danmhairg, in Éirinn sa Ghréig, Sa Spáinn,, sa Phortaingéil, san Fhionlainn agus sa Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil biatas á sheachadadh saor ón monarcha, maidir le conarthaí seachadta, beidh sé de cheanglas ar ghnóthais siúcra rannchuidiú leis na costais lastála agus iompair agus leagfar síos an céatadán nó an méid.

POINTE V

1.

Foráiltear le conarthaí seachadta pointí glactha do bhiatas.

2.

Sa chás ina mbeidh conradh seachadta sínithe cheana féin ag díoltóirí biatais agus ag gnóthais siúcra don bhliain mhargaíochta roimhe sin, beidh na pointí glactha atá comhaontaithe eatarthu do sheachadtaí le linn na bliana margaíochta fós i bhfeidhm. Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú ón bhforáil seo.

POINTE VI

1.

Foráiltear le conarthaí seachadta don chion siúcra a bheidh le cinneadh agus leas á bhaint as an modh polaraiméadrach. Bainfear sampla biatais tráth an ghlactha.

2.

Foráiltear le comhaontuithe laistigh den trádáil, do shamplaí a bheidh le baint ag tráth níos déanaí. Sna cásanna sin, foráiltear do cheartú leis an gconradh seachadta chun cúiteamh a dhéanamh ar aon titim sa chion siúcra idir an sampla a ghlacadh agus a bhaint.

POINTE VII

Foráiltear le conarthaí seachadta don ollmheáchan, don táir agus don chion siúcra a bheidh le cinneadh agus leas á bhaint as na nósanna imeachta a leanas:

(a)

i gcomhar a chéile, ag an gnóthas siúcra agus ag eagraíocht trádála na saothraithe biatais, dá bhforáiltear i gcomhaontú laistigh den trádáil;

(b)

ag an ngnóthas siúcra, faoi mhaoirsiú eagraíocht trádála na saothraithe biatais;

(c)

ag na gnóthais siúcra, faoi mhaoirsiú saineolaí atá aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann, ar an gcoinníoll go n-íocann an díoltóir biatais na costais maidir leis sin.

POINTE VIII

1.

Maidir le conarthaí seachadta, beidh sé de cheanglas ar ghnóthais siúcra ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh do chainníocht iomlán an bhiatais a sheachadtar:

(a)

an laíon úr a chur ar ais ón tonnáiste biatais a sheachadtar saor in aisce don díoltóir biatais, ón monarcha;

(b)

cuid den laíon sin a chur ar ais, brúite, triomaithe nó triomaithe agus molásaithe saor in aisce don díoltóir biatais, ón monarcha;

(c)

an laíon a chur ar ais, brúite nó triomaithe don díoltóir biatais, ón monarcha; sa chás sin, féadfaidh an gnóthas siúcra é a chur de cheanglas ar an díoltóir biatais na costais brúite nó triomaithe a íoc;

(d)

cúiteamh a íoc leis an díoltóir biatais ina gcuirfear na féidearthachtaí a bheidh ann an laíon lena mbaineann a dhíol san áireamh.

2.

Nuair a bheidh codanna den chainníocht iomlán biatais faoi réir cóireáil éagsúil, beidh níos mó ná ceann amháin de na hoibleagáidí a leanas dá bhforáiltear i mír 1 á bhforchur ag an gconradh seachadta.

3.

Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil foráil a dhéanamh don laíon a sheachadadh ag céim eile seachas sin dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1.

POINTE IX

1.

Socrófar na teorainneacha ama leis na conarthaí seachadta d'aon réamhíocaíochtaí agus d'íocaíocht praghas ceannaigh an bhiatais.

2.

Is iad na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 1, na cinn sin atá bailí sa bhliain mhargaíochta roimhe sin. Féadfaidh comhaontuithe laistigh den trádáil maolú ón bhforáil seo.

POINTE X

Sa chás ina leagtar síos rialacha le conarthaí seachadta lena gclúdófar na hábhair a bpléifear san Iarscríbhinn seo, nó sa chás ina mbeidh forálacha iontu ina rialófar ábhair eile, ní bheidh a bhforálacha agus a n-éifeachtaí ag teacht salach ar an Iarscríbhinn seo.

POINTE XII

1.

Beidh clásail eadrána sna comhaontuithe laistigh den trádáil mar a chuirtear síos orthu i bpointe 6 de Roinn A de Chuid II d'Iarscríbhinn II.

2.

Sa chás ina leagtar síos rialacha le comhaontuithe laistigh den trádáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil lena gclúdófar na hábhair a bpléifear sa Rialachán seo, nó sa chás ina mbeidh forálacha iontu ina rialófar ábhair eile, ní bheidh a bhforálacha agus a n-éifeachtaí ag teacht salach ar an Iarscríbhinn seo.

3.

Leagtar síos an méid a leanas go háirithe leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2:

(a)

rialacha maidir le dáileadh ar dhíoltóirí biatais cainníochtaí biatais a ndéanann an gnóthas siúcra cinneadh iad a cheannach roimh iad a chur, chun siúcra a mhonarú de réir an chuóta;

(b)

rialacha maidir le dáileadh dá dtagraítear i bPointe II(4);

(c)

an scála coinbhéirseachta dá dtagraítear i bPointe II(2);

(d)

rialacha maidir le rogha agus soláthar na síolta de na cineálacha biatais a bheidh le táirgeadh;

(e)

an cion siúcra íosta i mbiatas a bheidh le seachadadh;

(f)

ceanglas maidir le comhar idir an gnóthas siúcra agus ionadaithe na ndíoltóirí biatais roimh thúsdáta na seachadtaí biatais a shocrú;

(g)

íocaíocht préimheanna le díoltóirí biatais do sheachadtaí atá luath nó déanach;

(h)

sonraí faoin méid a leanas:

(i)

an chuid den laíon dá dtagraítear i bPointe VIII(1)(b),

(ii)

na costais dá dtagraítear i bPointe VIII (1)(c),

(iii)

an cúiteamh dá dtagraítear i bPointe VIII(1)(d);

(i)

laíon a bhaint ag an díoltóir biatais;

(j)

gan dochar d'Airteagal 135, rialacha maidir leis an mbealach a leithdháiltear aon difríocht idir an tairseach thagartha agus an praghas díolachán iarbhír idir an gnóthas siúcra agus na díoltóirí biatais.

POINTE XII

I gcás nach bhfuil aon chomhaontú socraithe laistigh den trádáil faoin mbealach ar cheart na cainníochtaí biatais a bheartaítear chun siúcra a mhonarú de réir na dteorainneacha cuóta a ndéanann an gnóthas siúcra tairiscint lena gceannach sula gcuirfear iad a leithdháileadh i measc na ndíoltóirí biatais, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann rialacha den leithdháileadh sin a leagan síos é féin.

Féadfar cearta seachadta a dheonú leis na rialacha sin do dhíoltóirí traidisiúnta biatais le comharchumann seachas na cearta sin a mbeadh acu dá mbeidís mar bhall de na comharchumainn sin.


IARSCRÍBHINN XII

CUÓTAÍ NÁISIÚNTA AGUS RÉIGIÚNACHA MAIDIR LE TÁIRGEADH SIÚCRA, ISEAGLÚCÓIS AGUS SÍORÓIPE IONÚILINE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 136

(i dtonaí)

Ballstáit nó réigiúin

(1)

Siúcra

(2)

Iseaglúcós

(3)

Síoróip ionúiline

(4)

An Bheilg

676 235,0

114 580,2

0

An Bhulgáir

0

89 198,0

 

Poblacht na Seice

372 459,3

 

 

An Danmhairg

372 383,0

 

 

An Ghearmáin

2 898 255,7

56 638,2

 

Éire

0

 

 

An Ghréig

158 702,0

0

 

An Spáinn

498 480,2

53 810,2

 

An Fhrainc (meitreapolaiteach)

3 004 811,15

 

0

Ranna Francacha thar lear

432 220,05

 

 

An Chróit

192 877,0

 

 

An Iodáil

508 379,0

32 492,5

 

An Laitvia

0

 

 

An Liotuáin

90 252,0

 

 

An Ungáir

105 420,0

250 265,8

 

An Ísiltír

804 888,0

0

0

An Ostair

351 027,4

 

 

An Pholainn

1 405 608,1

42 861,4

 

An Phortaingéil (an mhórthír)

0

12 500,0

 

Réigiún Féinlathach na nAsór

9 953,0

 

 

An Rómáin

104 688,8

0

 

An tSlóivéin

0

 

 

An tSlóvaic

112 319,5

68 094,5

 

An Fhionlainn

80 999,0

0

 

An tSualainn

293 186,0

 

 

An Ríocht Aontaithe

1 056 474,0

0

 

IOMLÁN

13 529 618,2

720 440,8

0


IARSCRÍBHINN XIII

RIALACHA MIONSONRAITHE MAIDIR LE hAISTRUITHE DE CHUÓTAÍ SIÚCRA NÓ ISEAGLÚCÓIS I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 138

POINTE 1

Chun críocha na hIarscríbhinne seo:

(a)

Ciallaíonn 'cumasc gnóthas' comhdhlúthú dhá ghnóthas nó níos mó ina ghnóthas aonair;

(b)

Ciallaíonn 'aistriú gnóthais' aistriú nó glacadh sócmhainní gnóthais a bhfuil cuóta aige chuig gnóthas amháin nó níos mó;

(c)

Ciallaíonn 'aistriú monarcha' úinéireacht aonaid theicniúil a aistriú, lena n-áirítear an gléasra go léir atá riachtanach chun an táirge lena mbaineann a mhonarú, chuig gnóthas amháin nó níos mó, agus déantar táirgeacht iomlán an ghnóthais atá i mbun an aistrithe seo a ghlacadh i bpáirt nó go hiomlán mar thoradh;

(d)

Ciallaíonn 'léas monarcha' conradh léasachta le haghaidh aonaid theicniúil lena n-áirítear an gléasra go léir atá riachtanach chun siúcra a mhonarú, d'fhonn é a oibriú, arna thabhairt i gcrích do thréimhse 3 bliana margaíochta as a chéile ar a laghad, agus ina chomhaontaíonn na páirtithe nach ndéanfaidh siad é a fhoirceannadh roimh dheireadh na tríú bliana margaíochta, le gnóthas atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an monarcha lena mbaineann, más féidir glacadh leis an gnóthas a thógann an monarcha ar cíos mar ghnóthas a tháirgeann siúcra amháin dá tháirgeadh iomlán, i ndiaidh don léas teacht i bhfeidhm.

POINTE II

1.

Gan dochar do mhír 2, i gcás ina ndéantar gnóthas a tháirgeann siúcra a chumasc nó a aistriú nó go ndéantar monarchana siúcra a aistriú, déanfar an cuóta a choigeartú mar a leanas:

(a)

i gcás ina ndéantar cumasc idir gnóthais a tháirgeann siúcra, déanfaidh na Ballstáit cuóta a leithdháileadh ar an ngnóthas a bhíonn ann de thoradh an chumaisc, a bheidh comhionann le suim na gcuótaí arna leithdháileadh roimh an gcumasc ar na gnóthais táirgthe siúcra lena mbaineann;

(b)

i gcás ina ndéantar gnóthas táirgthe siúcra a aistriú, déanfaidh an Ballstát cuóta an ghnóthais aistrithe a leithdháileadh ar an ngnóthas aistrí chun siúcra a tháirgeadh nó, má tá níos mó ná gnóthas aistrí amháin ann, déanfar an leithdháileadh i gcomhréir leis an táirgeadh siúcra arna ghlacadh ag gach ceann díobh;

(c)

i gcás ina ndéantar monarcha siúcra a aistriú, laghdóidh an Ballstát cuóta an ghnóthais a bhfuil úinéireacht na monarchan á haistriú aige agus méadóidh sé cuóta an ghnóthais/na ngnóthas táirgthe siúcra a bhfuil an mhonarcha atá i gceist á ceannach aige/acu de réir na cainníochta a bhaintear i gcomhréir leis an táirgeadh arna ghlacadh.

2.

I gcás ina léiríonn roinnt saothraithe cána nó biatais siúcra, a ndeachaigh ceann de na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm go díreach orthu, a dtoilteanas a mbiatas nó a gcána a sholáthar do ghnóthas táirgthe siúcra nach bhfuil ina pháirtí de na hoibríochtaí sin, go sainráite, féadfaidh an Ballstát an leithdháileadh a dhéanamh ar bhonn an táirgthe a ghlacann an gnóthas dá bhfuil sé beartaithe acu a mbiatas nó a gcána a sholáthar.

3.

I gcás ina ndúntar ceann díobh seo a leanas, i ndálaí eile seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe 1:

(a)

gnóthas táirgthe siúcra,

(b)

monarcha amháin nó níos mó de chuid gnóthais táirgthe siúcra.

Féadfaidh an Ballstát an chuid de na cuótaí a bhaineann leis an dúnadh sin a leithdháileadh ar ghnóthas táirgthe siúcra amháin nó níos mó.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ina léiríonn roinnt saothraithe lena mbaineann, go sainráite, a dtoilteanas a mbiatas nó a gcána a sholáthar do ghnóthas táirgthe siúcra áirithe, féadfaidh an Ballstát an cion de na cuótaí a chomhfhreagraíonn don bhiatas nó don chána lena mbaineann a leithdháileadh leis an ngnóthas dá bhfuil sé beartaithe acu na táirgí sin a sholáthar.

4.

I gcás ina ndéantar an maolú dá dtagraítear in Airteagal 127(5) a agairt, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ceangal a chur ar na saothraithe biatais agus ar na gnóthais shiúcra lena mbaineann an maolú sin clásail speisialta a chuimsiú ina gcomhaontuithe laistigh den trádáil a chuireann ar chumas an Bhallstáit mír 2 agus mír 3 den Phointe seo a chur i bhfeidhm.

5.

I gcás ina ndéantar monarcha de chuid gnóthais táirgthe siúcra a léasú, féadfaidh an Ballstát cuóta an ghnóthais atá ag tairiscint na monarchan ar cíos a laghdú agus an chuid faoinar laghdaíodh an cuóta a leithdháileadh leis an ngnóthas a thógann an mhonarcha ar cíos d'fhonn siúcra a tháirgeadh ann.

Má chuirtear deireadh leis an léas le linn na tréimhse trí bliana margaíochta dá dtagraítear i bpointe I (d) ansin déanfaidh an Ballstát an coigeartú cuóta faoin gcéad fhomhír den phointe seo a chur ar ceal go haisghníomhach amhail an dáta a tháinig an léas i bhfeidhm. Mar sin féin, má chuirtear deireadh leis an léas de bharr force majeure, ní bheidh sé de cheangal ar an mBallstát an coigeartú a chur ar ceal.

6.

I gcás nach féidir le gnóthas táirgthe siúcra a áirithiú a thuilleadh go gcomhlíonfaidh sé a oibleagáidí faoi reachtaíocht an Aontais maidir leis na saothraithe biatais siúcra nó cána lena mbaineann, agus i gcás ina bhfuair údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann amach faoi sin, féadfaidh an Ballstát sin an chuid de na cuótaí atá i gceist a leithdháileadh, le haghaidh bliana margaíochta amháin nó níos mó, ar ghnóthas táirgthe siúcra amháin nó níos mó i gcomhréir leis an táirgeadh arna ghlacadh acu.

7.

I gcás ina ndeonaíonn Ballstát ráthaíochtaí margaidh agus praghais do ghnóthas táirgthe siúcra maidir le biatas siúcra a phróiseáil go halcól eitile, féadfaidh an Ballstát sin, i gcomhaontú leis an ngnóthas sin agus leis na saothraithe biatais lena mbaineann, cuid de na cuótaí táirgthe siúcra, nó iad go léir, a leithdháileadh ar ghnóthas amháin eile nó níos mó le haghaidh bliana margaíochta amháin nó níos mó.

POINTE III

I gcás ina ndéantar gnóthais táirgthe iseaglúcóis nó monarcha táirgthe iseaglúcóis a chumasc nó a aistriú, féadfaidh an Ballstát na cuótaí atá i gceist do tháirgeadh iseaglúcóis a leithdháileadh ar ghnóthas amháin eile nó níos mó, cibé acu atá cuóta táirgthe acu nó nach bhfuil.

POINTE IV

Ní féidir leis na bearta a ghlactar de bhun Phointe II agus Phointe III teacht i bhfeidhm mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuirtear leasanna gach ceann de na páirtithe lena mbaineann san áireamh;

(b)

measann an Ballstát lena mbaineann gur dóchúil go gcuirfidh siad feabhas ar struchtúr na n-earnálacha biatais, cána agus táirgthe siúcra;

(c)

baineann siad le gnóthais atá bunaithe sa chríoch chéanna dá bhfuil an cuóta socraithe in Iarscríbhinn XII.

POINTE V

Má tharlaíonn an cumasc nó an t-aistriú idir 1 Deireadh Fómhair agus 30 Aibreán sa bhliain ina dhiaidh sin, tiocfaidh na bearta dá dtagraítear i bPointe II agus i bPointe III i bhfeidhm don bhliain mhargaíochta reatha.

Má tharlaíonn an cumasc nó an t-aistriú idir 1 Bealtaine agus 30 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, tiocfaidh na bearta dá dtagraítear i bPointe II agus i bPointe III i bhfeidhm don bhliain mhargaíochta ina dhiaidh sin.

POINTE VI

I gcás ina gcuirtear Pointe II agus Pointe III i bhfeidhm, cuirfidh Ballstáit na cuótaí coigeartaithe in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá i ndiaidh dháta éagtha na dtréimhsí dá dtagraítear i Roinn V.


IARSCRÍBHINN XIV

TÁBLA COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 230

Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007

An Rialachán seo

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 3(1) and (2)

Airteagal 2(2)(a) agus (b)

Airteagal 2(2)(c)

Airteagal 15(1)(a)

Airteagal 3

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 5, an chéad mhírh

Airteagal 5, an dara mír, an chéad chuid

Airteagal 3(4)

Airteagal 5, an dara mír, an dara cuid

Airteagal 5, an triú mír

Airteagal 5(a)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 9

Airteagal 126

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14 (1)

Airteagal 14 (scriostascriosta)

Airteagal 15 (scriosta)

Airteagal 16 (scriosta)

Airteagal 17 (scriosta)

Airteagal 18(1) go(4)

Airteagal 15(2) (1)

Airteagal 18(5)

Airteagal 19 (scriosta)

Airteagal 20 (scriosta)

Airteagal 21 (scriosta)

Airteagal 22 (scriosta)

Airteagal 23 (scriosta)

Airteagal 24 (scriosta)

Airteagal 25

Airteagal 16(1)

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30 (scriosta)

Airteagal 31

Airteagal 17

Airteagal 32

Airteagal 33

[Airteagal 18]

Airteagal 34

[Airteagal 18]

Airteagal 35 (scriosta)

Airteagal 36 (scriosta)

Airteagal 37

[Airteagal 18]

Airteagal 38

[Airteagal 18]

Airteagal 39

[Airteagal 19(3)]

Airteagal 40

[Airteagal 19(5)(a) agus Airteagal 20(o)(iii)]

Airteagal 41

Airteagal 42(1)

Airteagal 10

Airteagal 42(2)

Airteagal 20(u)

Airteagal 43(a) go (f), (i), (j) agus (l)

Airteagail 19 agus20

Airteagal 43(g), (h) agus (k)

Airteagal 44

Airteagal 220(1)(a), (2) agus (3)

Airteagal 45

Airteagal 220(1)(b), (2) agus (3)

Airteagal 46(1)

Airteagal 220(5)

Airteagal 46(2)

Airteagal 220(6)

Airteagal 47

Airteagal 219

Airteagal 48

Airteagal 219

Airteagal 49

Airteagal 135 (1)

Airteagal 50

Airteagail 125 agus 127

Airteagal 51

Airteagal 128 (1)

Airteagal 52

Airteagal 130

Airteagal 52a

Airteagal 53(a)

Airteagal 132(c)

Airteagal 53(b)

Airteagal 130(2)

Airteagal 53(c)

Airteagal 130(6)

Airteagal 54

Airteagal 166

Airteagal 55

 (2)

Airteagal 56

Airteagal 136

Airteagal 57

Airteagal 137

Airteagal 58

Airteagal 59

Airteagal 60

Airteagal 138

Airteagal 61

Airteagal 139

Airteagal 62

Airteagal 140

Airteagal 63

Airteagal 141

Airteagal 64(1)

Airteagal 142(1)

Airteagal 64(2) agus (3)

Airteagal 142(2) (1)

Airteagal 65

 (2)

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 72

Airteagal 73

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 76

Airteagal 77

Airteagal 78

Airteagal 79

Airteagal 80

Airteagal 81

Airteagal 82

Airteagal 83

Airteagal 84

Airteagal 84a

Airteagal 85(a)

Airteagal 143(1) agus Airteagal 144(a)

Airteagal 85(b)

Airteagal 144(j)

Airteagal 85(c)

Airteagal 144(i)

Airteagal 85(d)

Airteagal 85a

 (1)

Airteagal 85b

 (1)

Airteagal 85c

 (1)

Airteagal 85d

 (1)

Airteagal 85e

 (1)

Airteagal 85f

 (1)

Airteagal 85g

 (1)

Airteagal 85h

 (1)

Airteagal 85i

 (1)

Airteagal 85j

 (1)

Airteagal 85k

 (1)

Airteagal 85l

 (1)

Airteagal 85m

 (1)

Airteagal 85n

 (1)

Airteagal 85o

Airteagal 85p

Airteagal 85q

Airteagal 85r

Airteagal 85s

Airteagal 85t

Airteagal 85u

Airteagal 85v

Airteagal 85w

Airteagal 85x

Airteagal 86 (scriosta)

Airteagal 87 (scriosta)

Airteagal 88 (scriosta)

Airteagal 89 (scriosta)

Airteagal 90 (scriosta)

Airteagal 91

Airteagal 92

Airteagal 93

Airteagal 94

Airteagal 94a

Airteagal 95

Airteagal 95a

Airteagal 96 (scriosta)

Airteagal 97

Airteagal 129 (1)

Airteagal 98

 (1)

Airteagal 99

Airteagal 100

Airteagal 101 (scriosta)

Airteagal 102

Airteagal 26 (1)

Airteagal 102(2)

Airteagal 217

Airteagal 102a

Airteagal 58

Airteagal 103

Airteagail 29, 30 agus 31

Airteagal 103a

Airteagal 103b

Airteagal 32

Airteagal 103c

Airteagal 33

Airteagal 103d

Airteagal 34

Airteagal 103e

Airteagal 35

Airteagal 103f

Airteagal 36

Airteagal 103g

Airteagail 37(a) agus Airteagal 38(b)

Airteagal 103ga

Airteagal 23

Airteagal 103ga(7)

Airteagal 217

Airteagal 103h(a) go (e)

Airteagail 37 agus 38

Airteagal 103h(f)

Airteagail 24 agus 25

Airteagal 103i

Airteagal 39

Airteagal 103j

Airteagal 40

Airteagal 103k

Airteagal 41

Airteagal 103l

Airteagal 42

Airteagal 103m

Airteagal 43

Airteagal 103n

Airteagal 44

Airteagal 103n(4)

Airteagal 212

Airteagal 103o

Airteagal 103p

Airteagal 45

Airteagal 103q

Airteagal 46

Airteagal 103r

Airteagal 47

Airteagal 103s

Airteagal 48

Airteagal 103t

Airteagal 49

Airteagal 103u(1)(a)

Airteagal 50

Airteagal 103u(1)(b)

Airteagal 51

Airteagal 103u(2)go (5)

Airteagal 52

Airteagal 103v

Airteagal 50

Airteagal 103w

Airteagal 103x

Airteagal 103y

Airteagal 103z

Airteagal 103za

Airteagals 53 agus 54

Airteagal 104

Airteagal 105(1)

Airteagal 55(1)

Airteagal 105(2)

Airteagal 215

Airteagal 106

Airteagal 55(4)

Airteagal 107

Airteagal 55(3)

Airteagal 108(1)

Airteagal 55(2)

Airteagal 108(2)

Airteagal 109, an chéad abairt

Airteagal 55(1), an abairt dheireanach

Airteagal 110

Airteagail 56 agus 57

Airteagal 111

Airteagal 112

Airteagal 113(1)

Airteagal 75(1) agus (2)

Airteagal 113(2)

Airteagal 75(5)

Airteagal 113(3), an chéad fhomhír

Airteagal 74

Airteagal 113(3), second subparagraph

Airteagal 89

Airteagal 113a(1) to (3)

Airteagal 76

Airteagal 113a(4)

 (1)

Airteagal 89

Airteagal 113b

Airteagal 75(3)

Airteagal 113c

Airteagal 167

Airteagal 113d(1), an chéad fhomhír

Airteagal 78(1) agus (2)

Airteagal 113d(1), an dara fomhír

Annex VII, Part II(1)

Airteagal 113d(2)

Airteagal 78(3)

Airteagal 113d(3)

Airteagal 82

Airteagal 114

Airteagal 78(1) (1)

Airteagal 115

Airteagal 78(1)

Airteagal 116

Airteagal 78(1)

Airteagal 117

Airteagal 77

Airteagal 118

Airteagal 78(1)

Airteagal 118a

Airteagal 92

Airteagal 118b

Airteagal 93

Airteagal 118c

Airteagal 94

Airteagal 118d(1)

Airteagal 94(3)

Airteagal 118d(2) agus (3)

[Airteagal 109(3)]

Airteagal 118e

Airteagal 95

Airteagal 118f

Airteagal 96

Airteagal 118g

Airteagal 97

Airteagal 118h

Airteagal 98

Airteagal 118i

Airteagal 99

Airteagal 118j

Airteagal 100

Airteagal 118k

Airteagal 101

Airteagal 118l

Airteagal 102

Airteagal 118m

Airteagal 103

Airteagal 118n

Airteagal 104

Airteagal 118o

Airteagal 118p

Airteagal 118q

Airteagal 105

Airteagal 118r

Airteagal 106

Airteagal 118s

Airteagal 107

Airteagal 118t

Airteagal 108

Airteagal 118u

Airteagal 112

Airteagal 118v

Airteagal 113

Airteagal 118w

Airteagal 117

Airteagal 118x

Airteagal 118

Airteagal 118y

Airteagal 119

Airteagal 118z

Airteagal 120

Airteagal 118za

Airteagal 121

Airteagal 118zb

Airteagal 119

Airteagal 120

Airteagal 120a

Airteagal 81

Airteagal 120b

Airteagal 120c

Airteagal 80

Airteagal 120d, an chéad fhomhír

Airteagal 83(2)

Airteagal 120d, an dara fhomír

[Airteagal 223]

Airteagal 120e(1)

Airteagal 75(3) agus (4)

Airteagal 120e(2)

Airteagal 83(3) agus (4)

Airteagal 120f

Airteagal 80(3)

Airteagal 120g

Airteagal 80(5) agus Airteagal 91(c)

Airteagal 121a(i)

Airteagal 75(2)

Airteagal 121a(ii)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121a(iii)

Airteagal 89

Airteagal 121a(iv)

Airteagal 75(2) agus Airteagal 91(b)

Airteagal 121(b)

Airteagal 91(a)

Airteagal 121(c)(i)

Airteagal 91(a)

Airteagal 121(c)(ii) agus (iii)

Airteagal 91(d)

Airteagal 121(c)(iv)

[Airteagal 223]

Airteagal 121(d)(i)

Airteagal 78(1)

Airteagal 121(d)(ii)go (v) agus(vii)

Airteagal 75(2) agus(3)

Airteagal 121(d)(vi)

Airteagal 89

Airteagal 121(e)(i)

Airteagal 78(1)

Airteagal 121(e)(ii) go (v), (vii)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121(e)(vi)

Airteagal 75(2)

Airteagal 121(f)(i)

Airteagal 78(1)

Airteagal 121(f)(ii), (iii) agus (v)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121(f)(iv) agus(vii)

Airteagal 91(g)

Airteagal 121(f)(vi)

[Airteagal 223]

Airteagal 121(g)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121(h)

Airteagal 91(d)

Airteagal 121(i)

Airteagal 121(j)(i)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121(j)(ii)

Airteagal 89

Airteagal 121(k)

Airteagal 122

Airteagal 121(l)

Airteagails 114, 115 agus 116

Airteagal 121(m)

Airteagal 122

Airteagal 121, an dara mír

Airteagal 78(3)

Airteagal 121, an tríú mír

Airteagal 75(3) and (4)

Airteagal 121, an ceathrú mír, (a) go (f)

Airteagal 75(3)

Airteagal 121, an ceathrú mír, (g)

Airteagal 75(3)(m)

Airteagal 121, an ceathrú mír, (h)

Airteagal 80(4)

Airteagal 122

Airteagal 152

Airteagal 123

Airteagal 157

Airteagal 124

Airteagal 125

Airteagal 125a

Airteagal 153

Airteagal 125b

Airteagal 154

Airteagal 125c

Airteagal 156

Airteagal 125d

Airteagal 155

Airteagal 125e

Airteagal 125f

Airteagal 164

Airteagal 125g

Airteagal 164(6)

Airteagal 125h

Airteagal 175(d)

Airteagal 125i

Airteagal 165

Airteagal 125j

Airteagal 164

Airteagal 125k

Airteagal 158

Airteagal 125l

Airteagal 164

Airteagal 125m

Airteagal 164(6) [agusAirteagal 175(d)]

Airteagal 125n

Airteagal 165

Airteagal 125o

Airteagals 154 agus 158

Airteagal 126

Airteagal 165

Airteagal 126a

Airteagal 154(3)

Airteagal 126b

Airteagal 157(3)

Airteagal 126c

Airteagal 149

Airteagal 126d

Airteagal 150

Airteagal 126e

Airteagal 173(2) agus Airteagal 174(2)

Airteagal 127

Airteagal 173

Airteagal 128

Airteagal 129

Airteagal 130

Airteagal 176(1)

Airteagal 131

Airteagal 176(2)

Airteagal 132

Airteagal 176(3)

Airteagal 133

[Airteagal 177(2)(e)]

Airteagal 133a(1)

Airteagal 181

Airteagal 133a(2)

Airteagal 191

Airteagal 134

Airteagals 177 agus 178

Airteagal 135

Airteagal 136

[Airteagal 180]

Airteagal 137

[Airteagal 180]

Airteagal 138

[Airteagal 180]

Airteagal 139

[Airteagal 180]

Airteagal 140

[Airteagal 180]

Airteagal 140a

Airteagal 181

Airteagal 141

Airteagal 182

Airteagal 142

Airteagal 193

Airteagal 143

Airteagal 180

Airteagal 144

Airteagal 184

Airteagal 145

Airteagal 187(a)

Airteagal 146(1)

Airteagal 146(2)

Airteagal 185

Airteagal 147

Airteagal 148

Airteagal 187

Airteagal 149

[Airteagal 180]

Airteagal 150

[Airteagal 180]

Airteagal 151

[Airteagal 180]

Airteagal 152

[Airteagal 180]

Airteagal 153

Airteagal 192

Airteagal 154

Airteagal 155

Airteagal 156

Airteagal 192(5)

Airteagal 157

Airteagal 189

Airteagal 158

Airteagal 190

Airteagal 158a

Airteagal 90

Airteagal 159

Airteagal 194

Airteagal 160

Airteagal 195

Airteagal 161

Airteagail 176, 177, 178 agus 179

Airteagal 162

Airteagal 196

Airteagal 163

Airteagal 197

Airteagal 164(1)

Airteagal 198(1)

Airteagal 164(2) go (4)

Airteagal 198(2) (1)

Airteagal 165

 (1)

Airteagal 166

 (1)

Airteagal 167

Airteagal 199

Airteagal 168

Airteagal 200

Airteagal 169

Airteagal 201

Airteagal 170

Airteagail 202 agus 203

Airteagal 171

Airteagal 184

Airteagal 172

[Airteagal 186(2)]

Airteagal 173

Airteagal 174

Airteagal 205

Airteagal 175

Airteagal 206

Airteagal 176

Airteagal 209

Airteagal 176a

Airteagal 210

Airteagal 177

Airteagal 210

Airteagal 177a

Airteagal 210

Airteagal 178

Airteagal 164

Airteagal 179

Airteagal 210(7)

Airteagal 180

Airteagal 211

Airteagal 181

Airteagal 211

Airteagal 182(1)

Airteagal 213

Airteagal 182(2)

Airteagal 182(3), an tríú fomhír

Airteagal 214

Airteagal 182(3), an chéad, dara agus ceathrú fomhír

Airteagal 182(4) go (7)

Airteagal 182a

Airteagal 216

Airteagal 183

Airteagal 184(1)

Airteagal 184(2)

Airteagal 225(a)

Airteagal 184(3) go (8)

Airteagal 184(9)

Airteagal 225(b)

Airteagal 185

Airetagal 185a

Airteagal 145

Airteagal 185b

Airteagal 223

Airteagal 185c

Airteagal 147

Airteagal 185d

Airteagal 146

Airteagal 185e

Airteagal 151

Airteagal 185f

Airteagal 148

Airteagal 186

Airteagal 219

Airteagal 187

Airteagal 219

Airteagal 188

Airteagal 219

Airteagal 188a(1) agus (2)

 (1)

Airteagal 188a(3) agus (4)

Airteagal 188a(5) go (7)

[Airteagal 223]

Airteagal 189

[Airteagal 223]

Airteagal 190

Airteagal 190a

Airteagal 191

Airteagal 221

Airteagal 192

Airteagal 223

Airteagal 193

Airteagal 194

Airteagail 62 agus 64

Airteagal 194a

Airteagal 61

Airteagal 195

Airteagal 229

Airteagal 196

Airteagal 196a

Airteagal 227

Airteagal 196b

Airteagal 229

Airteagal 197

Airteagal 198

Airteagal 199

Airteagal 200

Airteagal 201

230(1) agus (3)

Airteagal 202

230(2)

Airteagal 203

Airteagal 203a

Airteagal 231

Airteagal 203b

Airteagal 231

Airteagal 204

Airteagal 232

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn (Codanna I go XX, XXIV/1)

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn I (CodannaXXI go XXIII)

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VIIa

Iarscríbhinn VIIb

Iarscríbhinn VIIc

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn XIII

Iarscríbhinn IX

 (1)

Iarscríbhinn X

 (1)

Iarscríbhinn Xa

Iarscríbhinn Xb

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn Xc

Iarscríbhinn Xd

Iarscríbhinn Xe

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn XIa

Iarscríbhinn VII, CuidI

Iarscríbhinn XIb

Iarscríbhinn VII, Cuid II

Iarscríbhinn XII

Iarscríbhinn VII, Cuid III

Iarscríbhinn XIII

Iarscríbhinn VII,Cuid IV

Iarscríbhinn XIV.A

Iarscríbhinn VII, Cuid VI

Iarscríbhinn XIV.B

Iarscríbhinn VII, Cuid V

Iarscríbhinn XIV.C

Airteagal 75(2) agus (3) (1)

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn VII, Cuid VII

Iarscríbhinn XVa

Iarscríbhinn VIII, Cuid I

Iarscríbhinn XVb

Iarscríbhinn VIII, Cuid II

Iarscríbhinn XVI

Iarscríbhinn VII, Cuid VIII

Iarscríbhinn XVIa

[Airteagal 173(1)(i)]

Iarscríbhinn XVII

[Airteagal 180]

Iarscríbhinn XVIII

[Airteagal 180]

Iarscríbhinn XIX

Iarscríbhinn XX

Iarscríbhinn XXI

Iarscríbhinn XXII

Iarscríbhinn XIV


(1)  Féach freisin Rialachán ón gComhairle le glacadh i gcomhréir lehAirteagal 43(3) CFAE

(2)  Féach Airteagal 230 áfach.