20.12.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

259


RIALACHÁN (AE) Uimh. 1299/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Nollaig 2013

maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara agus faoin tríú mír d'Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin tá aird faoi leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

(2)

Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na forálacha is coiteann do CFRE, do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) don Chiste Comhtháthaithe, do Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus don Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI). Leagtar amach le Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) forálacha sonracha a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochtaí a fhéadfaidh CFRE a mhaoiniú, agus sainítear na spriocanna do na gníomhaíochtaí sin ann. Níl na Rialacháin sin oiriúnaithe go hiomlán do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh i gcás ina mbíonn comhar idir dhá Bhallstát ar a laghad nó idir Ballstát amháin agus tríú tír. Is gá dá bhrí sin forálacha a leagan síos a bhaineann go sonrach le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh CCE maidir le raon feidhme, le cumhdach geografach, le hacmhainní airgeadais, le díriú téamach agus le tosaíochtaí infheistíochta, le cláreagrú, le faireachán agus le meastóireacht, le cúnamh teicniúil, le hincháilitheacht, le bainistíocht, le rialú agus le hainmniú, le rannpháirtíocht tríú tíortha, agus le bainistíocht airgeadais.

(3)

Chun breisluach bheartas comhtháthaithe an Aontais a ardú, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag forálacha sonracha simpliú suntasach a bhaint amach dóibh siúd uile atá rannpháirteach: tairbhithe, údaráis clár, údaráis i mBallstáit rannpháirteacha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, de réir mar is iomchuí, agus tríú tíortha, mar aon leis an gCoimisiún.

(4)

Chun tacú le forbairt chomhchuí chríoch an Aontais ag leibhéil éagsúla, ba cheart do CFRE tacú le comhar trasteorann, trasnáisiúnta, agus idir-réigiúnach faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh.

(5)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasteorann dul i ngleic le dúshláin choitianta arna sainaithint go comhpháirteach i réigiúin teorann, amhail: droch-inrochtaineacht, go háirithe i ndáil le nascacht teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide (TFC) agus bonneagar iompair, le tionscail áitiúla a bheith ag meath, le timpeallacht ghnó mhíchuí, le heaspa líonraí i measc riarachán áitiúil agus réigiúnach, le leibhéil ísle taighde agus nuálaíochta agus leibhéal íseal de ghlacadh TFC, le truailliú comhshaoil, le cosc ar riosca, le meonta diúltacha i dtreo saoránach tíre comharsanaí agus go mbeadh sé mar aidhm aige an acmhainneacht fáis nach bhfuil saothraithe i limistéar na teorann a shaothrú (forbairt saoráidí agus braislí taighde agus nuálaíochta trasteorann, comhtháthú mhargadh an tsaothair trasteorann, comhar i measc soláthraithe oideachais, lena n-áirítear ollscoileanna nó idir ionaid sláinte), agus an próiseas comhair ar mhaithe le forbairt chomhchuí fhoriomlán an Aontais á fheabhsú ag an am céanna.

(6)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasnáisiúnta comhar a láidriú trí mheán gníomhaíochtaí a chabhraíonn le forbairt chríochach chomhtháite nasctha le tosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais, agus ba cheart go n-áireofaí ann freisin comhar trasteorann muirí nach gcumhdaítear i gcláir um chomhar trasteorann.

(7)

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar idir-réigiúnach éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú trí mhalartú taithí idir réigiúin a spreagadh maidir le cuspóirí téamacha agus le forbairt uirbeach, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe, chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na gclár um chomhar críochach agus na ngníomhaíochtaí um chomhar críochach chomh maith le hanailís ar threochtaí forbartha i réimse an chomhtháthaithe chríochaigh a chur chun cinn trí staidéir, trí shonraí a bhailiú agus trí bhearta eile. Trí thaithí maidir leis na cuspóirí téamacha a mhalartú, ba cheart go gcuirfí feabhas ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, ar an gcéad dul síos, ach freisin, i gcás inarb iomchuí, ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na gclár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, lena n-áirítear cothú a dhéanamh ar chomhar atá tairbheach go frithpháirteach idir braislí nuálacha diantaighde agus ar mhalartuithe idir taighdeoirí agus institiúidí taighde i réigiúin fhorbartha agus i réigiúin is lú forbairt araon, agus an taithí shuntasach a ghabhann le "Réigiúin Eolais" agus "An cumas Taighde i Réigiúin Chóineasaithe agus sna Réigiúin is Forimeallaí" faoin Seachtú Creatchlár um Thaighde á cur san áireamh.

(8)

Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(9)

Ba cheart go dtacódh comhar trasteorann le réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha talún nó muirí. Bunaithe ar thaithí ó chlárthréimhsí roimhe seo, ba cheart don Choimisiún sainiú níos simplí a dhéanamh ar an liosta de na limistéir trasteorann atá le tacaíocht a fháil faoi chláir um chomhar trasteorann, de réir cláir chomhair. Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh na coigeartuithe a theastaíonn chun comhchuibheas a áirithiú, go háirithe maidir le teorainneacha talún agus muirí, agus leanúnachas limistéar clár arna bhunú don chlárthréimhse 2007-2013. D'fhéadfadh coigeartuithe den sórt sin na limistéir clár atá ann nó líon na gclár um chomhar trasteorann a laghdú nó a mhéadú, agus an fhéidearthacht go mbeadh forluí geografach ann á ceadú ag an am céanna.

(10)

Ba cheart don Choimisiún limistéir do chomhar trasnáisiúnta a shainiú ag féachaint do ghníomhaíochtaí a theastaíonn chun forbairt chríochach chomhtháite a chur chun cinn. Agus na limistéir sin á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún an taithí a fuarthas i gcláir roimhe seo a chur san áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a chur san áireamh freisin.

(11)

Chun a áirithiú go mbeidh gach réigiún san Aontas in ann tairbhiú den mhalartú taithí agus dea-chleachtais, ba cheart go gcumhdódh cláir um chomhar idir-réigiúnach an tAontas ar fad.

(12)

Is gá leanúint de thacaíocht a thabhairt do chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach le tríú tíortha comharsanacha an Aontais nó, más iomchuí, an comhar sin a chur ar bun toisc gurb uirlis thábhachtach um beartas na forbartha réigiúnaí é comhar den sórt sin agus ba cheart go rachadh sé chun tairbhe réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, ba cheart go rannchuideodh CFRE leis na cláir trasteorann agus imchuach farraige a bunaíodh faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) de bhun gnímh reachtaigh todhchaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse 2014-2020 ('gníomh reachtach ENI') agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) de bhun gnímh reachtaigh todhchaí de chuid an Aontais a bhaineann leis an gCúnamh Réamhaontachais don tréimhse 2014-2020 ('gníomh reachtach IPA II').

(13)

Seachas na hidirghabhálacha ar theorainneacha seachtracha arna dtacú ag ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais a chumhdaíonn réigiúin teorann laistigh agus lasmuigh den Aontas, ba cheart go bhféadfadh cláir chomhair arna dtacú ag CFRE réigiúin atá laistigh den Aontas agus, i gcásanna áirithe, lasmuigh den Aontas a chumhdach, i gcás nach gcumhdaíonn ionstraimí beartais sheachtraigh na réigiúin lasmuigh den Aontas, toisc nach bhfuil siad sainithe mar thír tairbhí nó toisc nach féidir cláir um chomhar seachtrach den sórt sin a bhunú. Tá sé riachtanach, áfach, a áirithiú gur chun tairbhe réigiúin an Aontais den chuid is mó a rachadh an tacaíocht ó CFRE i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme ar chríoch tríú tíortha. Faoi na srianta sin, ba cheart don Choimisiún, agus liostaí de limistéir clár trasteorann agus trasnáisiúnta á dtarraingt suas aige, réigiúin i dtríú tíortha a chumhdach chomh maith.

(14)

Is gá na hacmhainní at leithdháiltear ar gach comhchuid éagsúil de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a leagan amach, agus díriú suntasach ar chomhar trasteorann á chaomhnú ag an am céanna, lena n-áirítear sciar gach Ballstáit de na méideanna foriomlána don chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, an cumas atá ar fáil do Bhallstáit a mhéid a bhaineann le solúbthacht idir na comhchodanna sin, agus leibhéil cistithe leordhóthanacha a áirithiú do chomhar i measc na réigiún is forimeallaí.

(15)

Chun tairbhe réigiúin an Aontais, ba cheart sásra a bhunú chun tacaíocht ó CFRE d'ionstraimí beartais sheachtraigh amhail ENI agus IPA II a eagrú, lena n-áirítear nuair nach féidir cláir um chomhar seachtrach a ghlacadh nó más gá deireadh a chur leo. Ba cheart go bhféachfadh an sásra sin le feidhmiú barrmhaith a bhaint amach mar aon leis an gcomhordú is mó agus is féidir idir na hionstraimí sin.

(16)

Ba cheart mórchuid chistiú CFRE do na cláir um chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí téamacha chun tionchar an bheartais chomhtháthaithe ar fud an Aontais a uasmhéadú. Ba cheart, áfach, an díriú faoin gclár um chomhar idir-réigiúnach ar chuspóirí téamacha a léiriú in aidhm gach oibríochta seachas i dteorannú ar líon na gcuspóirí téamacha, chun an méid is mó a bhaint as comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú go príomha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus freisin, i gcás inarb iomchuí, faoi spriocanna CCE. I gcás clár eile um chomhar idir-réigiúnach, ba cheart go dtiocfadh an díriú téamach as an raon feidhme sonrach atá acu.

(17)

Chun na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar amach i straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a sholáthar, ba cheart do CFRE, faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha a bhaineann le geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas, ar thaighde agus ar nuálaíocht, lena n-áirítear trí chomhar idir gnóthaí a chothú, go háirithe idir FBManna, agus trí bhunú córas le haghaidh malartú faisnéise trasteorann i réimse TFC a chur chun cinn; geilleagar níos glaise, níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus níos iomaíche a chur chun cinn, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht inbhuanaithe trasteorann a chur chun cinn; ardfhostaíocht a mbeidh comhtháthú sóisialta agus críochach de thoradh uirthi a chothú, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí a thacaíonn le turasóireacht inbhuanaithe, cultúr agus oidhreacht náisiúnta mar chuid de straitéis chríochach arb é is aidhm di fás a bhaint amach atá oiriúnach don fhostaíocht; agus acmhainn riaracháin a fhorbairt. Ba cheart, áfach, an liosta de thosaíochtaí infheistíochta faoi na cuspóirí téamacha éagsúla a oiriúnú do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, trí thosaíochtaí infheistíochta breise a chur ar fáil lena dtabharfar cead, go háirithe, leanúint faoi chomhar trasteorann de chomhar dlí agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh agus institiúidí, agus de chomhar i réimsí na fostaíochta, na hoiliúna, lánpháirtithe pobal agus an chuimsithe shóisialta i gcomhthéacs trasteorann agus trí straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú faoi chomhar trasnáisiúnta. Sa bhreis air sin, ba cheart tosaíochtaí infheistíochta sonracha nó breise a leagan síos le haghaidh clár áirithe um chomhar idir-réigiúnach chun a gcuid gníomhaíochtaí sonracha a léiriú.

(18)

Laistigh de na cuspóirí téamacha a bhaineann le comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus bochtaineacht a chomhrac, agus an tábhacht phraiticiúil atá leis á chur san áireamh, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcás chlár trasteorann PEACE idir Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann ar mhaithe le síocháin agus athmhuintearas, go rannchuideodh CFRE freisin le cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn. I bhfianaise shainiúlachtaí an chláir trasteorann sin, níor cheart go mbeadh feidhm ag rialacha áirithe sa Rialachán seo i dtaobh oibríochtaí a roghnú maidir leis an gclár trasteorann sin.

(19)

Is gá na ceanglais inneachair a ghabhann le cláir chomhair faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a oiriúnú dá riachtanais shonracha. Ba cheart freisin, dá bhrí sin, go gcumhdódh na ceanglais sin gnéithe atá riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach ar chríoch Ballstát rannpháirteach, amhail na gnéithe a bhaineann le comhlachtaí atá freagrach as iniúchóireacht agus rialú, an nós imeachta chun rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú, agus leithdháileadh na ndliteanas i gcás ceartuithe airgeadais. Más rud é go mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige, ba cheart go leagfaí amach sna cláir chomhair lena mbaineann an dóigh a bhféadfadh idirghabhálacha rannchuidiú le straitéisí den sórt sin. Ina theannta sin, mar gheall ar ghné chothrománach clár um chomhar idir-réigiúnach, ba cheart inneachar na gclár comhair sin a oiriúnú, go háirithe maidir le sainmhíniú an tairbhí nó na dtairbhithe faoi chláir reatha INTERACT agus ESPON.

(20)

Chun comhordú feabhsaithe a neartú i ndáil le tacaíocht ó CFRE do chláir chomhair, arna nglacadh faoin Rialachán seo, ar tacaíocht í a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí agus go bhféadfadh maoiniú comhlántach ó Chiste Forbraíochta na hEorpa (CFE), ó ENI, ó IPA II agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) a bheith ag gabháil leis, ba cheart do Bhallstáit agus tríú tíortha nó do thíortha nó críocha thar lear (tagrófar don cheann deireanach a luadh mar 'críocha' anseo feasta) atá rannpháirteach i gcláir chomhair den sórt sin rialacha le haghaidh sásraí comhordúcháin a leagan síos sna cláir sin.

(21)

Is iomchuí go mbeadh tríú tíortha nó críocha bainteach leis an bpróiseas ullmhúcháin do chláir chomhair, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sna cláir sin glactha acu. Ba cheart nósanna imeachta speisialta a bhunú sa Rialachán seo do bhaint den sórt sin. De mhaolú ar an nós imeachta caighdeánach, i gcás ina mbíonn baint ag réigiúin is forimeallaí agus ag tríú tíortha nó críocha le cláir chomhair, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha dul i gcomhairle leis na tríú tíortha nó críocha faoi seach sula gcuirfear na cláir faoi bhráid an Choimisiúin. Chun gur éifeachtaí agus gur pragmataí é rannpháirtíocht tríú tíortha nó críoch i gcláir chomhair, ba cheart go bhféadfaí na comhaontuithe ar inneachar na gclár comhair agus rannchuidiú féideartha na dtríú tíortha nó na gcríoch a chur in iúl go foirmiúil i miontuairiscí na gcruinnithe comhairliúcháin le tríú tíortha nó críocha den sórt sin, arna bhformheas go foirmiúil, nó sna miontuairiscí ar phléití eagraíochtaí um chomhar réigiúnach, arna bhformheas go foirmiúil. Agus prionsabail na bainistíochta roinnte agus an tsimplithe á gcur san áireamh, ba cheart go mbeadh an nós imeachta um fhormheas na gclár comhair de chineál nach ndéanann an Coimisiún ach na gnéithe lárnacha de na cláir chomhair a fhormheas, agus ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha na gnéithe eile a fhormheas. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus leis an trédhearcacht, tá sé riachtanach a áirithiú, i gcásanna ina leasaíonn Ballstát rannpháirteach nó Ballstáit rannpháirteacha gné de chlár comhair nach bhfuil faoi réir an chinnidh ón gCoimisiún, gur cheart don údarás bainistíochta don chlár sin fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chinneadh leasaitheach den sórt sin laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin.

(22)

I gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, ba cheart go dtabharfadh Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa cur chuige níos comhtháite agus níos cuimsithí chun dul i ngleic le fadhbanna áitiúla. Chun cur chuige den sórt sin a láidriú, ba cheart tacaíocht ó CFRE i réigiúin teorann a chomhordú le tacaíocht ó CETFT agus ó CMIE agus ba cheart don tacaíocht sin, i gcás inarb iomchuí, a bheith bainteach le grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (EGTCanna) arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1302/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) i gcás ina bhfuil forbairt áitiúil ar cheann dá gcuid cuspóirí.

(23)

Bunaithe ar thaithí ó chlárthréimhse 2007-2013, ba cheart na dálaí maidir le roghnú oibríochtaí a shoiléiriú agus a neartú chun a áirithiú gur oibríochtaí ar oibríochtaí comhpháirteacha go fíor iad a roghnaítear. I ngeall ar chomhthéacs agus shainiúlachtaí ar leith na gclár comhair idir réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, ba cheart coinníollacha comhair níos éadroime a bhunú agus a oiriúnú ó thaobh oibríochtaí próiseála faoi na cláir sin. Ba cheart coincheap na dtairbhithe aonair a shainmhíniú agus ba cheart go mbeadh sé de chead ag tairbhithe den sórt sin oibríochtaí comhair a chur i gcrích as a stuaim féin.

(24)

Ba cheart freagrachtaí príomhthairbhithe, a bhfuil freagracht fhoriomlán acu as cur chun feidhme oibríochta, a shonrú.

(25)

Ba cheart na ceanglais maidir le tuarascálacha cur chun feidhme a oiriúnú do chomhthéacs an chomhair agus timthriall chur chun feidhme an chláir a léiriú. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta, ba cheart go bhféadfaí tabhairt faoin athbhreithniú bliantúil i scríbhinn.

(26)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, ba cheart don údarás bainistíochta a áirithiú go ndéanfar meastóireachtaí ar chláir chomhair ar bhonn an phlean meastóireachta agus go n-áireofar iontu meastóireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus tionchar na gclár sin. Uair amháin ar a laghad le linn na clárthréimhse, ba cheart measúnú a dhéanamh trí bhíthin meastóireachta ar an gcaoi ar rannchuidigh an tacaíocht a tugadh le cuspóirí an chláir a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh faisnéis ar áireamh i meastóireachtaí den sórt sin faoi aon choigeartuithe a bheartaítear a dhéanamh i rith na clárthréimhse.

(27)

Ba cheart comhshraith de tháscairí aschuir a leagan síos in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo chun éascú a dhéanamh ar an measúnú ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an chláir, arna oiriúnú do shaintréith shonrach na gclár comhair. Ba cheart na táscairí sin a chomhlánú le táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, le táscairí aschuir clár-shonracha.

(28)

I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, agus na costais riaracháin a bheith níos airde dá réir, go háirithe maidir le rialuithe agus aistriúchán, ba cheart go mbeadh an uasteorainn le haghaidh caiteachais ar chúnamh teicniúil níos airde ná an uasteorainn faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. Chun na costais níos airde a fhritháireamh, ba cheart Ballstáit a spreagadh uair ar bith is féidir chun an t-ualach riaracháin i ndáil le cur chun feidhme tionscadal comhpháirteach a laghdú. Sa bhreis air sin, ba cheart do chláir chomhair a bhfuil tacaíocht theoranta CFRE acu íosmhéid áirithe a fháil ar mhaithe le cúnamh teicniúil, ar méid é a d'fhéadfadh a bheith níos mó ná 6 %, chun maoiniú leordhóthanach le haghaidh gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú.

(29)

I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, níl an riail ghinearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, trína mbeidh rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht caiteachais le glacadh ag gach Ballstát, iomchuí maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Bunaithe ar an taithí a fuarthas i gclárthréimhse 2007-2013, ba cheart go mbunófaí ordlathas soiléir i ndáil le rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais agus claonadh láidir ann i dtreo rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó i dtreo cláir chomhair ina iomláine chun aon chontrárthachtaí nó neamhréireachtaí féideartha idir Rialacháin éagsúla agus idir Rialacháin agus rialacha náisiúnta a sheachaint. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiún, bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chlárthréimhse 2007-2013, rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh catagóirí costais a leagtar síos sa Rialachán seo a ghlacadh.

(30)

I ngeall ar rannpháirtíocht mhinic foirne ó níos mó ná Ballstát amháin i gcur chun feidhme oibríochtaí, agus mar gheall ar líon na n-oibríochtaí dá bhfuil costais foirne ina ngné shuntasach, ba cheart ráta comhréidh le haghaidh costas foirne a chur i bhfeidhm bunaithe ar chostais dhíreacha eile oibríochtaí comhair, agus ar an gcaoi sin cuntasaíocht aonair le haghaidh bainistíocht oibríochtaí den sórt sin a sheachaint.

(31)

Ba cheart na rialacha ar sholúbthacht maidir le suíomh oibríochtaí lasmuigh de limistéar an chláir a shimpliú. Sa bhreis air sin, is gá, trí shocruithe sainiúla, tacú le comhar éifeachtach trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach le tríú tíortha nó críocha atá i gcomharsanacht an Aontais, agus an comhar sin a éascú, nuair atá an méid sin riachtanach chun a áirithiú go gcuidítear go héifeachtach ina bhforbairt le réigiúin na mBallstát. Dá réir sin, is iomchuí an tacaíocht ó CFRE a údarú, ar bhonn eisceachtúil agus faoi dhálaí áirithe, le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de chuid Aontais an limistéir chláir agus ar chríoch tríú tíortha comharsanacha, i gcás ina rachaidh na hoibríochtaí sin chun tairbhe réigiúin an Aontais.

(32)

Ba cheart go spreagfaí Ballstáit chun feidhmeanna an údaráis bhainistíochta a shannadh do EGTC nó grúpáil den sórt sin a dhéanamh freagrach as an gcuid de chlár comhair a bhaineann leis an gcríoch arna chuimsiú ag EGTC sin a bhainistiú.

(33)

Ba cheart don údarás bainistíochta rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú ar cheart di, inter alia, faisnéis a sholáthar d'iarratasóirí ar thacaíocht, déileáil le hiarratais ar thionscadail agus cuidiú le tairbhithe a n-oibríochtaí a chur chun feidhme.

(34)

Ba cheart go mbeadh údaráis bhainistíochta freagrach as na feidhmeanna a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena n-áirítear as fíoruithe bainistíochta, chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud limistéar iomlán an chláir. Más rud é, áfach, go mbíonn EGTC ainmnithe mar údarás bainistíochta, ba cheart go ndéanfaí na fíoruithe sin faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta, ar a laghad i gcás na mBallstát sin agus na dtríú tíortha nó na gcríoch as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC, agus níor cheart rialaitheoirí a úsáid ach amháin sna Ballstáit agus sna tríú tíortha nó sna críocha eile. Fiú i gcás nach mbíonn EGTC ar bith ainmnithe, ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta údaraithe ag na Ballstáit rannpháirteacha chun tabhairt faoi fhíoruithe ar limistéar iomlán an chláir.

(35)

Ba cheart d'údaráis deimhniúcháin a bheith freagrach as feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh 1303/2013. Ba cheart go mbeadh an Ballstát in ann an t-údarás bainistíochta a ainmniú chun feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích freisin.

(36)

Ba cheart go mbeadh údarás aonair iniúchóireachta freagrach as tabhairt faoi fheidhmeanna na n-údarás deimhniúcháin mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 iad chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú ar fud limistéar iomlán an chláir. I gcás nach bhfuil sé sin indéanta, ba cheart go gcuideodh grúpa iniúchóirí le húdarás iniúchóireachta an chláir.

(37)

Chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú agus chun éifeachtacht a bheartais chomhtháthaithe a threisiú, ba cheart go mbeadh sé de chead ag tríú tíortha a bheith rannpháirteach, trí rannchuidiú acmhainní IPA II agus ENI, le cláir um chomhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach. Ba cheart, áfach, d'oibríochtaí atá á gcómhaoiniú faoi chláir den sórt sin leanúint le cuspóirí an bheartais chomhtháthaithe a shaothrú, fiú más rud é go gcuirtear chun feidhme iad, go hiomlán nó i bpáirt, lasmuigh de chríoch an Aontais. Sa chomhthéacs seo, is go teagmhasach a bhainfear amach an rannchuidiú le cuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, toisc gur cheart meáchanlár na gclár comhair a chinneadh trí chuspóirí téamacha agus trí thosaíochtaí infheistíochta an bheartais chomhtháthaithe. Chun rannpháirtíocht éifeachtach tríú tíortha i gcláir chomhair arna mbainistiú i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta roinnte a áirithiú, ba cheart coinníollacha cur chun feidhme cláir a leagan síos sna cláir chomhair iad féin agus freisin, i gcás inar gá, i gcomhaontuithe maoinithe, arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún, rialtais gach ceann de na tríú tíortha agus an Ballstát ina bhfuil údarás bainistíochta an chláir ábhartha chomhair. Ba cheart do choinníollacha cur chun feidhme cláir a bheith ag teacht le forálacha dhlí an Aontais is infheidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le forálacha dhlí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach i dtaca le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.

(38)

Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú maidir le suimeanna a aisghnóthú i gcásanna neamhrialtachta, ag réimsiú ó thairbhithe go dtí an príomhthairbhí go dtí an t-údarás bainistíochta go dtí an Coimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh do dhliteanas Ballstát i gcás nach bhféadfar aisghnóthú a fháil.

(39)

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chlárthréimhse 2007-2013, ba cheart maolú sainráite a bhunú chun caiteachas tabhaithe a chomhshó in airgeadra seachas an euro, tríd an ráta comhshóite míosúil a chur i bhfeidhm ar dháta chomh cóngarach agus is féidir do phointe ama an chaiteachais nó sa mhí sin ar cuireadh isteach an caiteachas lena fhíorú nó sa mhí sin ar tuairiscíodh an caiteachas don phríomhthairbhí. Ba cheart gur in euro, agus san airgeadra sin amháin, a dhéanfaí pleananna maoinithe, tuarascálacha agus cuntais i dtaobh oibríochtaí comhpháirteacha comhair a thíolacadh chuig an rúnaíocht chomhpháirteach, chuig údaráis an chláir agus chuig an gcoiste faireacháin. Ba cheart cruinneas an chomhshóite a bheith fíoraithe.

(40)

Chun rialacha sonracha a leagan amach maidir le comhtháscairí aschuir agus incháilitheacht caiteachais a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha sonracha maidir le leis an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(41)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na liostaí de limistéir thrasteorann, agus de limistéir thrasnáisiúnta, maidir le liosta de na cláir chomhair uile agus den mhéid foriomlán ó thacaíocht CFRE do gach clár comhair, maidir leis an ainmníocht a bhaineann le catagóirí idirghabhála agus maidir leis na samhlacha do chláir chomhair agus do thuarascálacha cur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(42)

Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cinntí a ghlacadh lena bhformheastar gnéithe áirithe de chláir chomhair, agus aon leasuithe dá éis sin ar na gnéithe sin.

(43)

Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó do mhodhnú cúnaimh, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.Ba cheart dá dhroim sin go leanfadh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme d'fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Ba cheart go leanfadh iarratais ar chúnamh a fháil, ar iarratais iad a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, de bheith bailí.

(44)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a threisiú trí na príomh-mhíchothromaíochtaí san Aontas a cheartú, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus ar chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus ar an srian atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(45)

Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán raon feidhme CFRE ag féachaint do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus leagtar forálacha sonracha síos ann maidir leis an sprioc sin.

2.   Sainítear sa Rialachán seo, maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, príomhchuspóirí agus eagrúchán CFRE, critéir le haghaidh na mBallstát agus na réigiún le bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ó CFRE, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh tacaíochta ó CFRE agus na critéir maidir lena leithdháileadh.

Leagtar síos ann freisin na forálacha is gá chun cur chun feidhme éifeachtach, faireachán, bainistíocht airgeadais agus rialú na gclár oibríochtúil faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a áirithiú ("cláir chomhair"), lena n-áirítear nuair a bhíonn tríú tíortha rannpháirteach i gcláir chomhair den sórt sin.

3.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus ag Caibidil I de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus le cláir chomhair faoin sprioc sin, ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sonrach dá mhalairt faoin Rialachán seo nó i gcás nach féidir feidhm a bheith ag na forálacha sin ach amháin maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Airteagal 2

Comhchodanna sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

Faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tacóidh CFRE leis na comhchodanna seo a leanas:

(1)

comhar trasteorann idir réigiúin chóngaracha chun forbairt réigiúnach chomhtháite a chur chun cinn idir réigiúin teorann chomharsanacha talún agus mhuirí in dhá Bhallstát nó níos mó nó idir réigiúin teorann chomharsanacha atá, ar a laghad, i mBallstát amháin agus i dtríú tír amháin ar theorainneacha seachtracha an Aontais seachas iad siúd a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais;

(2)

comhar trasnáisiúnta ar fud críocha trasnáisiúnta níos mó, lena mbaineann comhpháirtithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus lena gcumhdaítear freisin comhar trasteorann muirí i gcásanna nach bhfuil cumhdaithe le comhar trasteorann, d'fhonn céim níos airde de chomhtháthú críochach a bhaint amach sna críocha sin;

(3)

comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)

taithí a mhalartú lena ndírítear ar chuspóirí téamacha i measc comhpháirtithe ar fud an Aontais, lena n-áirítear i ndáil le forbairt na réigiún dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE, maidir le sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas d'fhonn na dea-chleachtais sin a aistriú go príomha chuig cláir oibríochtúla faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ach freisin, i gcás inarb ábhartha, chuig cláir chomhair;

(b)

taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtais i ndáil le forbairt uirbeach inbhuanaithe, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe;

(c)

taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtas agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le cláir chomhair agus gníomhaíochtaí comhair a chur chun feidhme chomh maith le húsáid EGTCanna;

(d)

anailís a dhéanamh ar threochtaí forbartha maidir le haidhmeanna comhtháthaithe chríochaigh, lena n-áirítear gnéithe críochacha den chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, agus forbairt chomhchuí a dhéanamh ar chríoch an Aontais trí staidéir, trí bhailiú sonraí agus trí bhearta eile.

Airteagal 3

Cumhdach geografach

1.   Maidir le comhar trasteorann, is iad réigiúin leibhéal NUTS 3 an Aontais na réigiúin a dtacófar leo ar gach teorainn talún inmheánach agus seachtrach seachas na cinn sin a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, agus gach réigiún leibhéal NUTS 3 an Aontais ar feadh teorainneacha muirí nach bhfuil níos mó ná 150 km óna chéile, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair arna mbunú le haghaidh chlárthréimhse 2007-2013 a áirithiú.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an liosta de na limistéir trasteorann a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Sonrófar sa liosta sin freisin réigiúin sin leibhéal NUTS 3 de chuid an Aontais a chuirtear san áireamh le haghaidh leithdháileadh CFRE maidir le comhar trasteorann ag gach teorainn inmheánach, agus ag na teorainneacha seachtracha sin atá cumhdaithe ag ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, amhail ENI de bhun ghníomh reachtach ENI agus IPA II de bhun ghníomh reachtach IPA II.

Agus dréachtchláir um chomhar trasteorann á dtíolacadh, féadfaidh Ballstáit, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus, chun comhtháthú limistéar trasteorann a áirithiú, a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 3 seachas na cinn a liostaítear sa chinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír le limistéar ar leith um chomhar trasteorann.

Arna iarraidh sin ag na Ballstát lena mbaineann nó ag na Ballstáit lena mbaineann, chun comhar trasteorann ar theorainneacha muirí do na réigiúin is forimeallaí a éascú, agus gan dochar d'fhorálacha na chéad fhomhíre, féadfaidh an Coimisiún réigiúin leibhéal NUTS 3 sna réigiúin is forimeallaí atá ar feadh teorainneacha muirí atá níos mó ná 150 km ó chéile a áireamh sa chinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír mar limistéir trasteorann a fhéadfaidh tacaíocht a fháil as an leithdháileadh comhfhreagrach a thugtar do na Ballstáit sin.

2.   Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), féadfar réigiúin san Iorua agus san Eilvéis a chuimsiú i gcláir um chomhar trasteorann, agus féadfar Lichtinstéin, Andóra, Monacó agus San Marino agus tríú tíortha nó críocha atá i gcomharsanacht na réigiún is forimeallaí a chuimsiú freisin, agus beidh gach ceann díobh coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3.

3.   Le haghaidh comhair thrasnáisiúnta, glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an liosta de limistéir thrasnáisiúnta a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair agus ina gcuimsítear réigiúin leibhéal NUTS 2, agus áiritheoidh sé leanúnachas an chomhair sin i limistéir chomhtháite níos fairsinge bunaithe ar chláir roimhe seo, agus, i gcás inarb iomchuí, straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige á chur san áireamh aige. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Agus dréachtchláir um chomhar trasnáisiúnta á dtíolacadh, féadfaidh Ballstáit a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 2 atá lonnaithe in aice leis na réigiúin a liostaítear sa chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír le limistéar ar leith um chomhar trasnáisiúnta. Tabharfaidh Ballstáit cúiseanna i leith iarrata den sórt sin.

4.   Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), d'fhéadfadh sé go gcumhdódh cláir chomhair thrasnáisiúnta réigiúin in dhá cheann de na tríú tíortha nó de na críocha seo a leanas:

(a)

na tríú tíortha nó críocha a liostaítear nó dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b)

Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir um chomhar trasnáisiúnta réigiúin i dtríú tíortha arna gcuimsiú ag ionstraimí airgeadais seachtracha an Aontais, amhail ENI de bhun ghníomh reachtach ENI, lena n-áirítear réigiúin ábhartha Chónaidhm na Rúise, agus IPA II de bhun ghníomh reachtach IPA II. Déanfar leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn do thacaíocht ENI agus IPA II chuig na cláir sin a chur ar fáil, ar choinníoll go dtugann na cláir aghaidh go leormhaith ar na cuspóirí ábhartha maidir le comhar seachtrach.

Réigiúin atá coibhéiseach le leibhéal NUTS 2 a bheidh i réigiúin den sórt sin.

5.   Maidir le comhar idir-réigiúnach, cumhdóidh tacaíocht ó CFRE críoch iomlán an Aontais.

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir um chomhar idir-réigiúnach na tríú tíortha nó críocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 4 den Airteagal seo ina n-iomláine, nó cuid de na tríú tíortha nó de na críocha sin.

6.   Chun críocha faisnéise, déanfar réigiúin i dtríú tíortha nó i gcríocha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 den chéad mhír de mhír 4 den Airteagal seo a lua sna liostaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

7.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, agus d'fhonn éifeachtúlacht chur chun feidhme an chláir a mhéadú, féadfaidh na réigiúin is forimeallaí na méideanna de chuid CFRE a leithdháiltear ar chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, lena n-áirítear an leithdháileadh breise dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(2), a chomhcheangal i gclár aonair um chomhar críochach, agus na rialacha is infheidhme maidir le gach ceann de na leithdháiltí sin á gcomhlíonadh acu ag an am céanna.

Airteagal 4

Acmhainní le haghaidh sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh

1.   Beidh acmhainní le haghaidh sprioc an chomhair críochaigh Eorpaigh cothrom le 2,75 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó CFRE, ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste Comhtháthaithe don chlárthréimhse 2014-2020 agus a leagtar amach in Airteagal 91(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (i.e., 8 948 259 330 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar seo a leanas:

(a)

74,05 % (i.e., EUR 6 626 631 760 ar an iomlán) le haghaidh comhair trasteorann;

(b)

20,36 % (i.e., EUR 1 821 627 570 ar an iomlán) le haghaidh comhair thrasnáisiúnta;

(c)

5,59 % (i.e., EUR 500 000 000 ar an iomlán) le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh.

2.   Do chláir faoi sprioc, an chomhair críochaigh Eorpaigh déanfar a leithdháileadh ar na réigiúin is forimeallaí méid nach lú ná 150 % de thacaíocht CFRE a fuair siad sa chlárthréimhse 2007-2013 le haghaidh cláir chomhair. Sa bhreis air sin, cuirfear méid EUR 50 000 000 ón leithdháileadh le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh ar leataobh le haghaidh chomhar na réigiún is forimeallaí. I dtaca le díriú téamach, beidh feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leis an leithdháileadh breise sin.

3.   Déanfaidh an Coimisiún a sciar de na méideanna foriomlána le haghaidh comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, mar a thagraítear dóibh i bpointí 1 (a) agus (b), agus iad miondealaithe de réir bliana, a chur in iúl do gach Ballstát. Bainfear úsáid as an daonra sna limistéir dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 3(1) agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(3) mar chritéar don mhiondealú de réir Ballstáit.

Bunaithe ar na méideanna a chuirtear in iúl de bhun na chéad fhomhíre, déanfaidh gach Ballstát an Coimisiún a chur ar an eolas faoinar bhain sé úsáid as an rogha aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 5, agus faoin mbealach ina ndearna sé an méid sin, agus faoi leithdháileadh na gcistí ar chláir trasteorann agus thrasnáisiúnta a bhfuil na Ballstáit rannpháirteach iontu. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit, cinneadh a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach liosta de na cláir chomhair uile agus ina léirítear méid foriomlán thacaíocht CFRE iomlán do gach clár. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann an rannchuidiú ó CFRE le cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus le cláir trasteorann faoi IPA II a bhunú. Ní dhéanfar rannchuidiú CFRE a bhunófar do gach Ballstát a ath-leithdháileadh ina dhiaidh sin idir na Ballstáit lena mbaineann.

5.   Deonófar tacaíocht ó CFRE do chláir aonair trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus do na cláir trasteorann faoi IPA II ar choinníoll go ndéanann ENI agus IPA II méideanna coibhéiseacha, ar a laghad, a sholáthar. Beidh an choibhéis sin faoi réir ag uasmhéid a leagtar amach i ngníomh reachtach ENI nó i ngníomh reachtach IPA II.

6.   Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ó CFRE do chláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus do chláir trasteorann faoi IPA II a chur isteach i línte buiséid ábhartha na n-ionstraimí sin le haghaidh ghnás buiséadach 2014.

7.   Maidir leis an rannchuidiú bliantúil ó CFRE leis na cláir faoi ENI agus faoi IPA II nach bhfuil clár ar bith tíolactha ina leith chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh faoi na cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI, agus faoi na cláir trasteorann faoi IPA II, agus nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár eile a tíolacadh faoin gcatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, déanfar, i 2015 agus i 2016, é a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.

Más rud é, faoin 30 Meitheamh 2017, go bhfuil cláir trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI agus cláir trasteorann faoi IPA II ann go fóill nár tíolacadh chuig an gCoimisiún, déanfar an rannchuidiú iomlán ó CFRE dá dtagraítear i mír 4 leis na cláir sin haghaidh na mblianta atá fanta suas go dtí 2020, nach bhfuiltear tar éis a ath-leithdháileadh ar chlár eile a ghlactar faoin gcatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.

8.   Maidir le haon chlár trasteorann agus imchuach farraige, dá dtagraítear i mír 4, a bhfuil an Coimisiún tar éis iad a ghlacadh, scoirfear díobh, nó laghdófar an leithdháileadh ar an gclár, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme, go háirithe, más rud é:

(a)

nár shínigh ceachtar de na tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach ag an gclár an comhaontú maoinithe iomchuí faoin spriocdháta a leagtar amach i gcomhréir le ngníomh reachtach ENI nó le gníomh reachtach IPA II; nó

(b)

nach féidir an clár a chur chun feidhme mar a bhí beartaithe i ngeall ar fhadhbanna sa chaidreamh idir na tíortha rannpháirteacha.

I gcásanna den sórt sin, maidir leis an rannchuidiú ó CFRE dá dtagraítear i mír 4 agus a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nach bhfuil geallta fós, nó tráthchodanna bliantúla a gealladh ach a saoradh ina n-iomláine nó i bpáirt as an ngealladh sin le linn na bliana buiséadaí céanna, agus nach bhfuiltear tar éis iad a ath-leithdháileadh ar chlár eile den chatagóir céanna de na cláir um chomhar seachtrach, déanfar í a leithdháileadh ar na cláir um chomhar trasteorann inmheánach faoi phointe (a) de mhír 1 ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann nó na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach, má iarrann an Ballstát nó na Ballstáit go ndéanfaí amhlaidh.

9.   Déanfaidh an Coimisiún achoimre bhliantúil ar chur chun feidhme airgeadais na gclár trasteorann agus imchuach farraige faoi ENI, agus ar chláir trasteorann faoi IPA II, dá rannchuidíonn CFRE, a sholáthar, i gcomhréir leis an Airteagal seo, don Choiste arna bhunú faoi Airteagal 150 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 5

Rogha aistrithe

Féadfaidh gach Ballstát suas go 15 % dá leithdháileadh airgeadais do gach ceann de na comhchodanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4(1) a aistriú ó cheann de na comhchodanna chuig an gceann eile.

CAIBIDIL II

Díriú téamach agus tosaíochtaí infheistíochta

Airteagal 6

Díriú téamach

1.   Beidh ar a laghad 80 % de leithdháileadh CFRE ar gach clár um chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta dírithe ar cheithre cinn de na cuspóirí téamacha ar a mhéid a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Féadfar gach cuspóir téamach, a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a roghnú le haghaidh clár comhair idir-réigiúnaigh dá dtagraítear i bpointe 3(a) d'Airteagal 2 den Rialachán seo.

Airteagal 7

Tosaíochtaí infheistíochta

1.   Déanfaidh CFRE, laistigh dá raon feidhme amhail a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha a leagtar amach sa chéad mhír d'Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 trí ghníomhaíocht chomhpháirteach faoi na cláir um chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach. Sa bhreis ar na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, féadfaidh CFRE tacú freisin leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha a léirítear le haghaidh gach comhchuid de chomhar críochach Eorpach:

(a)

faoi chomhar trasteorann:

(i)

fostaíocht inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht d'ardchaighdeán a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht an lucht saothair trí mhargaí saothair trasteorann a chomhtháthú, lena n-áirítear soghluaisteacht trasteorann, tionscnaimh chomhpháirteacha áitiúla fostaíochta, seirbhísí faisnéise agus comhairleacha, agus oiliúint chomhpháirteach;

(ii)

cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac trí chomhionannas inscne agus comhdheiseanna a chur chun cinn, agus pobail thar theorainneacha a chomhtháthú;

(iii)

infheistiú in oideachas, in oiliúint agus i ngairmoiliúint le haghaidh scileanna agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil trí scéimeanna comhpháirteacha oideachais, gairmoiliúna agus oiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(iv)

acmhainn institiúideach agus údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí chomhar dlíthiúil agus comhar riaracháin a chur chun cinn mar aon leis an gcomhar idir saoránaigh agus institiúidí;

(b)

faoi chomhar trasnáisiúnta: acmhainn institiúideach údarás poiblí agus geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú trí straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuach farraige a fhorbairt agus a chomhordú;

(c)

faoi chomhar idir-réigiúnach: acmhainn institiúideach údarás poiblí geallsealbhóirí agus riarachán poiblí éifeachtúil a fheabhsú:

(i)

trí dhea-chleachtais agus saineolas a scaipeadh agus buntáiste a bhaint de thorthaí an mhalartaithe taithí maidir le forbairt inbhuanaithe uirbeach, lena n-áirítear naisc uirbeacha-thuaithe de bhun phointe (3)(b)Airteagal 2;

(ii)

trí mhalartú taithí a chur chun cinn ionas go ndéanfaí treisiú ar éifeachtúlacht clár agus gníomhaíochtaí um chomhar críochach mar aon le húsáid EGTCanna de bhun de bhun phointe (3)(c)Airteagal 2;

(iii)

tríd an bunachar cruthúnais a neartú ionas go ndéanfaí treisiú ar éifeachtúlacht an bheartais chomhtháthaithe agus na cuspóirí téamacha a bhaint amach trí anailís a dhéanamh ar threochtaí forbartha de bhun phointe (3)(d)Airteagal 2);

2.   I gcás Chlár trasteorann PEACE agus laistigh den chuspóir téamach a bhaineann le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, an bhochtaineacht agus aon idirdhealú a chomhrac, déanfaidh CFRE freisin rannchuidiú le cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn.

CAIBIDIL III

Cláreagrú

Airteagal 8

Inneachar, glacadh agus leasú na gclár comhair

1.   Beidh clár comhair comhdhéanta d'aiseanna tosaíochta. Gan dochar d'Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh ais tosaíochta ag comhfhreagairt do chuspóir téamach agus is é a bheidh inti tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 7 den Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, agus d'fhonn a tionchar agus a héifeachtúlacht a mhéadú trí chur chuige comhtháite atá comhleanúnach, ó thaobh an téama de, i dtaca le cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a shaothrú, féadfaidh ais tosaíochta, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí infheistíochta comhlántacha as cuspóirí téamacha éagsúla a chomhcheangal d'fhonn an rannchuidiú uasta leis an ais tosaíochta sin a bhaint amach.

2.   Rannchuideoidh clár comhair le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach agus le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, agus leagfar amach sa chlár an méid seo a leanas:

(a)

dlisteanú ar rogha na gcuspóirí téamacha, na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha agus na leithdháiltí airgeadais, ag féachaint don Chomhchreat straitéiseach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, bunaithe ar anailís ar na riachtanais laistigh de limistéar an chláir ina iomláine agus an straitéis a roghnaíodh mar fhreagairt ar riachtanais den sórt sin, agus aghaidh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar na naisc easnamhacha sa bhonneagar trasteorann, agus torthaí meastóireachta ex ante a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 á gcur san áireamh;

(b)

maidir le gach ais tosaíochta seachas cúnamh teicniúil:

(i)

na tosaíochtaí infheistíochta agus na cuspóirí sonracha comhfhreagracha;

(ii)

chun neart a chur le treoshuíomh thorthaí an chláreagraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis na sainchuspóirí, agus na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice acu, agus iad cainníochtaithe, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iii)

tuairisc ar chineál agus ar shamplaí gníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu faoi gach tosaíocht infheistíochta agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i), lena n-áirítear na prionsabail atá mar threoraíocht agus oibríochtaí á roghnú agus, i gcás inarb iomchuí, na spriocghrúpaí príomha, críocha sonracha a ndírítear orthu, cineálacha na dtairbhithe úsáid bheartaithe na n-ionstraimí airgeadais, agus mórthionscadal a shainaithint;

(iv)

na comhtháscairí aschuir agus na táscairí sonracha aschuir, lena n-áirítear an luach sprice cainníochtaithe, a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí, i gcomhréir le hAirteagal 16, i gcomhair gach tosaíochta infheistíochta;

(v)

céimeanna cur chun feidhme agus táscairí airgeadais agus aschuir, agus i gcás inarb iomchuí, táscairí ar thorthaí a shainaithint le húsáid mar gharspriocanna agus mar spriocanna don chreat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leisan rialachán sin;

(vi)

i gcás inarb iomchuí, achoimre d'úsáid bheartaithe an chúnaimh theicniúil, lena n-áirítear, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun treisiú a dhéanamh ar acmhainn riaracháin na n-údarás atá bainteach le bainistiú agus rialú na gclár agus na dtairbhithe agus, i gcás inar gá sin, gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar acmhainn riaracháin na gcomhpháirtithe ábhartha le bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na gclár;

(vii)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna glacadh ag an gCoimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní cláreagraithe;

(c)

maidir le gach ais tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil:

(i)

cuspóirí sonracha;

(ii)

na torthaí a bhfuiltear ag súil leo le haghaidh gach sainchuspóra agus, i gcás ina mbeidh údar maith oibiachtúil leo ag féachaint d'ábhar na ngníomhaíochtaí, na táscairí comhfhreagracha ar thorthaí, ag a bhfuil luach bonnlíne agus luach sprice, i gcomhréir le hAirteagal 16;

(iii)

tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu agus a mhéid a mheastar a chuirfidh siad leis na sainchuspóirí dá dtagraítear i bpointe (i);

(iv)

na táscairí aschuir a mheastar a rannchuideoidh leis na torthaí;

(v)

na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht arna nglacadh ag an gCoimisiún agus miondealú táscach ar na hacmhainní cláreagraithe;

Ní bheidh feidhm ag pointe (ii) sa chás nach rachaidh rannchuidiú an Aontais leis an ais tosaíochta nó leis na haiseanna tosaíochta a bhaineann le cúnamh teicniúil i gclár comhair EUR 15 000 000.

(d)

plean maoinithe ina bhfuil na táblaí seo a leanas (gan aon deighilt de réir an Bhallstáit rannpháirtigh):

(i)

tábla ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir leis na rialacha maidir le rátaí cómhaoinithe a leagtar síos in Airteagal 60, Airteagal 120 agus Airteagal 121 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó CFRE;

(ii)

tábla ina saineofar, don chlárthréimhse ar fad, don chlár comhair agus do gach ais tosaíochta, méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ó CFRE agus ón gcómhaoiniú náisiúnta. Maidir le haiseanna tosaíochta lena gcomhcheanglaítear tosaíochtaí infheistíochta ó chuspóirí téamacha éagsúla, saineofar sa tábla méid an leithreasaithe airgeadais iomláin agus an cómhaoiniú náisiúnta le haghaidh gach ceann de na cuspóirí téamacha comhfhreagracha. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhchodanna poiblí agus príobháideacha. Déanfar, chun críocha faisnéise, aon rannchuidiú ó thríú tíortha atá rannpháirteach sa chlár agus rannpháirtíocht bheartaithe BEI a léiriú ann;

(e)

liosta de na mórthionscadail a bhfuil sé beartaithe iad a chur chun feidhme le linn na clárthréimhse.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis an ainmníocht dá dtagraítear i bpointe (b)(vii) agus i bpointe (c)(v) den chéad fhomhír a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Agus inneachar agus cuspóirí á gcur san áireamh, déanfar tuairisc i gclár comhair ar an gcur chuige comhtháite i ndáil le forbairt chríochach, lena n-áirítear i dtaca le réigiúin agus le limistéir dá dtagraítear ain Airteagal 174(3) CFAE, ag féachaint do Chomhaontuithe Comhpháirtíochta na mBallstát rannpháirteacha, agus an tslí ina gcuireann an clár comhair sin le baint amach a chuspóirí agus a thorthaí a bhfuiltear ag súil leo á léiriú, agus an méid seo a leanas á shonrú, i gcás inarb iomchuí:

(a)

an cur chuige i leith ionstraimí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a úsáid agus na prionsabail chun na limistéir ina gcuirfear chun feidhme í a shainaithint;

(b)

na prionsabail chun limistéir uirbeacha a shainaithint ina bhfuil gníomhaíochtaí comhtháite le haghaidh forbartha uirbí inbhuanaithe le cur chun feidhme agus an leithdháileadh táscach de thacaíocht CFRE le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin;

(c)

an cur chuige i leith úsáid ionstraim na hinfheistíochta críochaí comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 11, seachas i gcásanna nach gclúdaítear le pointe (b), agus an leithdháileadh airgeadais táscach a bheadh ag gabháil dóibh ó gach ais tosaíochta;

(d)

más rud é go mbíonn Ballstáit agus réigiúin rannpháirteach i straitéisí macrairéigiúnacha agus i straitéisí imchuach farraige, a mhéid a rannchuidíonn na hidirghabhálacha beartaithe faoin gclár comhair leis na straitéisí sin, faoi réir ag riachtanais limistéar an chláir faoi mar a shainaithníonn an Ballstát ábhartha iad agus, i gcás inarb infheidhme, tionscadail atá tábhachtach ar bhonn straitéise a shainaithnítear sna straitéisí sin á gcur san áireamh.

4.   Déanfar an méid seo a leanas a shainaithint freisin leis an gclár comhair:

(a)

na forálacha cur chun feidhme ina ndéantar an méid seo a leanas:

(i)

an t-údarás bainistíochta, an t-údarás deimhniúcháin agus, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás iniúchóireachta a shainaithint;

(ii)

an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh ainmnithe chun cúraimí rialaithe a dhéanamh a shainaithint;

(iii)

an comhlacht nó na comhlachtaí a bheidh ainmnithe le bheith freagrach as cúraimí iniúchóireachta a dhéanamh a shainaithint;

(iv)

an nós imeachta chun an rúnaíocht chomhpháirteach a leagan síos;

(v)

tuairisc achoimre ar na socruithe rialaithe agus bainistíochta a leagan amach;

(vi)

cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún a leagan amach.

(b)

an comhlacht a bhfuil an Coimisiún chun íocaíochtaí leis;

(c)

na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir chomhair, agus ról na gcomhpháirtithe sin maidir leis an gclár comhair a ullmhú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa choiste faireacháin.

5.   Leagfar amach an méid seo a leanas freisin sa chlár comhair, ag féachaint d'inneachar na gComhaontaithe Comhpháirtíochta agus creat institiúideach agus dlí na mBallstát á chur san áireamh:

(a)

na sásraí chun comhordú éifeachtach a áirithiú idir CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe, CETFT, EMFF agus ionstraimí eile cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear comhordú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), le ENI, le CFE agus le IPA II, chomh maith le BEI, mar aon le teaglaim féideartha díobh sin, agus na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013á gcur san áireamh sa chás go mbíonn Ballstáit agus tríú tíortha nó críocha rannpháirteach i gcláir chomhair ar a n-áirítear úsáid a bhaint as leithreasuithe CFRE do na réigiúin is forimeallaí mar aon le hacmhainní ó CFE, agus sásraí comhordúcháin ar an leibhéal iomchuí chun comhordú éifeachtach a éascú in úsáid na leithreasuithe agus na n-acmhainní sin;

(b)

achoimre den mheasúnú ar an ualach riaracháin ar thairbhithe agus, i gcás inar gá sin, na gníomhaíochtaí arna mbeartú, a mbeidh creat ama táscach do na gníomhaíochtaí sin ag gabháil leo, chun an t-ualach sin a laghdú

6.   Maidir le faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi phointí (i) go (vii) den chéad fhomhír de mhír 2), faoi mhír 3 agus faoi phointe (a) de mhír 5, oiriúnófar iad do ghné sonrach na gclár comhair faoi phointí ((3)b), (c) agus (d) Airteagal 2. Ní áireofar faisnéis a cheanglaítear a thabhairt faoi phointe (e) den chéad mhír de mhír 2 agus faoi phointe (b) de mhír 5 i gcláir chomhair faoi Airteagal 2(3), (c) agus (d).

7.   Áireofar le gach clár comhair, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir mheasúnú cuí-réasúnaithe na mBallstát ábhartha ar a ábhartha atá sé d'inneachar agus do chuspóirí na gclár, tuairisc ar an méid seo a leanas:

(a)

na gníomhaíochtaí sonracha trína gcuirfear san áireamh, agus oibríochtaí á roghnú, ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, maolú an athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht rioscaí;

(b)

na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú bunaithe ar inscne, ar chine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc agus an clár comhair á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú, ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealaithe den chineál sin agus go háirithe do na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(c)

a mhéid a rannchuidíonn an clár comhair le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus, i gcás inarb iomchuí, ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir agus ar leibhéal na hoibríochta.

Ní bheidh feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír maidir le cláir chomhair faoi phointí (3)(b), (c) agus (d)Airteagal 2.

8.   Saineoidh cláir chomhair faoi phointí (3)(c) agus (d) d'Airteagal 2 an tairbhí nó na tairbhithe le haghaidh cláir chomhair den sórt sin agus féadfaidh siad an nós imeachta deonúcháin a shonrú.

9.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, na tríú tíortha nó na críocha, i gcás inarb infheidhme, a gcomhaontú le hinneachar cláir chomhair a dheimhniú, i scríbhinn, sula ndéantar an comhaontú a thíolacadh don Choimisiún. Áireofar leis an gcomhaontú seo freisin gealltanas gach Ballstáit rannpháirtigh agus, i gcás inarb infheidhme, na dtríú tíortha agus na gcríoch, go soláthróidh siad an cómhaoiniú is gá chun an clár comhair a chur chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, an gealltanas do rannchuidiú airgeadais na dtríú tíortha nó na gcríoch.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás clár comhair lena mbainfidh na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle leis na tríú tíortha nó críocha faoi seach sula gcuirfear na cláir chomhair faoi bhráid an Choimisiúin. Sa chás sin, féadfar na comhaontuithe maidir le hinneachar na gclár comhair agus rannchuidiú féideartha na dtríú tíortha nó críoch a chur in iúl sna miontuairiscí, arna bhformheas go foirmiúil, ó na cruinnithe comhairliúcháin leis na tríú tíortha nó críocha nó ó phléití na n-eagraíochtaí um chomhar réigiúnach.

10.   Déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha agus, i gcás ina mbeidh an cuireadh chun bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha acu, na tríú tíortha nó críocha na cláir chomhair a dhréachtú i gcomhréir leis an tsamhail a bheidh glactha ag an gCoimisiún.

11.   Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail dá dtagraítear i mír 10 a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

12.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, lena bhformheasfar na gnéithe uile, lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointe (b)(vii) de mhír 2, faoi phointe (c)(v) de mhír 2, faoi phointe (e) de mhír 2, faoi phointe(a)(i), agus (c) de mhír 4 agus faoi mhír 5 agus faoi mhír 7 den Airteagal seo, arb iad na Ballstáit rannpháirteacha a bheidh freagrach astu i gcónaí.

13.   Maidir le haon chinneadh lena leasófar gnéithe den chlár comhair nach gcumhdaítear leis an gcinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 12, déanfaidh an t-údarás bainistíochta fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh leasaithigh sin. Sonrófar sa chinneadh leasaitheach an dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta sin níos túisce ná an dáta a nglacfar an cinneadh.

Airteagal 9

Comhphlean Gníomhaíochta

I gcás ina dtugtar faoi chomhphlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 104(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faoi chúram EGTC mar thairbhí, féadfaidh foireann rúnaíocht chomhpháirteach an chláir chomhair agus comhaltaí thionól an EGTC teacht chun bheith ina gcomhaltaí den choiste stiúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ní bheidh móramh ag comhaltaí thionól EGCT laistigh den choiste stiúrtha sin.

Airteagal 10

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Féadfar forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi Airteagal 32 den Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chur chun feidhme i gcláir um chomhar trasteorann, ar choinníoll go bhfuil ionadaithe ó dhá thír, ar a laghad, agus gur Ballstát ceann acu, sa ghrúpa forbartha áitiúil.

Airteagal 11

Infheistíocht chríochach chomhtháite

I gcás clár comhair, is é a bheidh sa chomhlacht idirmheánach a dhéanfaidh bainistíocht agus cur chun feidhme ar infheistíocht chríochach chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ná comhlacht dlíthiúil atá bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha ar choinníoll gur údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad a bhunóidh é, nó gur EGTC a bheidh ann.

Airteagal 12

Oibríochtaí a roghnú

1.   Roghnóidh coiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 oibríochtaí faoi chláir chomhair. Féadfaidh an coiste faireacháin sin coiste stiúrtha a chur ar bun, a fheidhmeoidh faoina fhreagracht, chun oibríochtaí a roghnú.

2.   Beidh baint ag tairbhithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, agus ceann acu ar a laghad ó Bhallstát, le hoibríochtaí a roghnaítear faoi chomhar trasteorann agus faoi chomhar trasnáisiúnta. Féadfar oibríocht a chur chun feidhme i dtír aonair, ar choinníoll go ndéantar tionchair nó tairbhí trasteorann nó trasnáisiúnta a shainaithint.

Beidh baint ag tairbhithe ó thrí thír ar a laghad, agus dhá cheann acu ina mBallstáit, le hoibríochtaí faoi chomhar idir-réigiúnach dá dtagraítear i bpointí (3)(a) agus (b) d'Airteagal 2.

Ní bheidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír maidir le hoibríochtaí faoi chlár trasteorann PEACE, idir Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann, a bheidh ag tacú leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas mar a thagraítear dó in Airteagal 7(2).

3.   D'ainneoin mhír 2, féadfaidh EGTC nó comhlacht dlíthiúil eile bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha a bheith ina dtairbhí aonair oibríochta ar choinníoll go bhfuil sé bunaithe ag údaráis phoiblí nó ag comhlachtaí poiblí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, i gcás comhair trasteorann agus thrasnáisiúnta, agus ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad, i gcás comhair idir-réigiúnaigh.

Comhlacht dlíthiúil a dhéanann ionstraim airgeadais nó ciste cistí, de réir mar is infheidhme, a chur chun feidhme, féadfaidh sé a bheith ina thairbhí aonair d'oibríocht d'uireasa na ceanglais maidir le comhdhéanamh an chomhlachta sin, a leagtar amach sa chéad fhomhír, a chur i bhfeidhm.

4.   Comhoibreoidh tairbhithe i bhforbairt agus i gcur chun feidhme oibríochtaí. Sa bhreis air sin, comhoibreoidh siad i soláthar na foirne oibríochtaí nó i maoiniú na n-oibríochtaí, nó sa dá rud.

Maidir le hoibríochtaí i gcláir arna gcur ar bun idir na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha nó críocha, ní bheidh de cheangal ar na tairbhithe comhoibriú a dhéanamh ach amháin in dhá cheann de na réimsí a luaitear sa chéad fhomhír.

5.   Maidir le gach oibríocht, cuirfidh an t-údarás bainistíochta ar fáil don phríomhthairbhí nó don tairbhí aonair doiciméad ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh na hoibríochta, lena n-áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le seachadadh faoin oibríocht, an plean maoinithe agus an teorainn ama lena fhorghníomhú.

Airteagal 13

Tairbhithe

1.   I gcás ina bhfuil dhá thairbhí oibríochta i gclár comhair nó níos mó ann, ainmneoidh na tairbhithe uile ceann díobh mar phríomhthairbhí.

2.   Déanfaidh an príomhthairbhí an méid seo a leanas:

(a)

na socruithe le tairbhithe eile a leagan síos i gcomhaontú ina bhfuil forálacha lena ráthaítear, inter alia, bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí atá leithdháilte ar an oibríocht, lena n-áirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a aisghnóthú;

(b)

freagracht a ghlacadh as cur chun feidhme na hoibríochta iomláine a áirithiú;

(c)

a áirithiú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag na tairbhithe uile tabhaithe i gcur chun feidhme na hoibríochta agus go gcomhfhreagraíonn sé do na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh idir na tairbhithe uile, agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an doiciméad a sholáthraíonn an t-údarás bainistíochta de bhun Airteagal 12(5);

(d)

a áirithiú go mbeidh an caiteachas arna thíolacadh ag tairbhithe eile fíoraithe ag rialtóir nó ag rialtóirí i gcás nach ndéanann an t-údarás bainistíochta an fíorú sin de bhun Airteagal 23(3).

3.   Mura sonraítear a mhalairt sna socruithe a leagtar síos i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2, áiritheoidh an príomhthairbhí go bhfaighidh na tairbhithe eile méid iomlán an rannchuidithe ó na cistí a luaithe agus is féidir agus go mbeidh sé íoctha ina iomláine. Ní asbhainfear méid ar bith nó ní choinneofar méid ar bith siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ar bith ná muirear ar bith eile lena ngabhann éifeacht choibhéiseach a laghdódh an méid sin ar na tairbhithe eile.

4.   Beidh príomhthairbhithe lonnaithe i mBallstát a bheidh rannpháirteach sa chlár comhair. Féadfaidh Ballstáit agus tríú tíortha nó críocha atá rannpháirteach i gclár comhair a chomhaontú, áfach, go mbeidh an príomhthairbhí lonnaithe i dtríú tír nó críoch atá rannpháirteach sa chlár comhair sin, ar choinníoll gur deimhin leis an údarás bainistíochta gur féidir leis an bpríomhthairbhí na cúramaí a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3 a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na riachtanais maidir le bainistiú, fíoruithe agus iniúchóireacht.

5.   Beidh tairbhithe aonair cláraithe i mBallstát a bheidh rannpháirteach sa chlár comhair. Féadfaidh siad a bheith cláraithe i mBallstát nach bhfuil rannpháirteach sa chlár, áfach, ar choinníoll go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(3) a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

Faireachán agus meastóireacht

Airteagal 14

Tuarascálacha cur chun feidhme

1.   Faoin 31 Bealtaine 2016 agus faoin dáta céanna gach bliain ina dhiaidh sin suas go dtí 2022, agus an bhliain 2022 san áireamh, déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil bhliantúil chur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2016.

2.   Maidir leis na tuarascálacha a dhéanfar a thíolacadh i 2017 agus 2019, is é an 30 Meitheamh an spriocdháta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Leagfar amach faisnéis sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme an chláir chomhair i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(b)

i gcás inarb iomchuí, dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

4.   Déanfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 50(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 faoi seach agus an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a leagan amach sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus 2019, agus déanfar measúnú ar an bhfaisnéis uile sin sna tuarascálacha sin agus leagfar amach an fhaisnéis seo a leanas sna tuarascálacha sin agus déanfar measúnú uirthi chomh maith:

(a)

an dul chun cinn maidir leis an bplean meastóireachta agus na bearta leantacha a dhéantar maidir le torthaí na meastóireachtaí a chur chun feidhme;

(b)

torthaí na mbeart faisnéise agus poiblíochta a dtugtar fúthu faoin straitéis chumarsáide;

(c)

rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir chomhair agus maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air.

Féadfar, ag brath ar inneachar agus cuspóirí gach clár comhair, faisnéis a bhaineann leis an méid seo a leanas a leagan amach sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2007 agus in 2019, agus féadfaidh na tuarascálacha sin measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas chomh maith:

(a)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chur chuige chomhtháite maidir le forbairt chríochach, lena n-áirítear forbairt uirbeach inbhuanaithe, agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoin gclár comhair;

(b)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí chun acmhainn údarás agus tairbhithe a threisiú maidir le CFRE a riar agus úsáid;

(c)

i gcás inarb iomchuí, an rannchuidiú le straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha farraige;

(d)

na gníomhaíochtaí sonracha arna nglacadh chun comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus chun neamh-idirdhealú a chur chun cinn, go háirithe inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe arna gcur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfaí gné na hinscne a chomhtháthú sa chlár comhair agus sna oibríochtaí;

(e)

gníomhaíochtaí a rinneadh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(f)

an dul chun cinn i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse na nuálaíochta sóisialta;

5.   Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 150(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 15

Athbhreithniú bliantúil

Déanfar an cruinniú maidir leis an athbhreithniú bliantúil a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Más rud é nach n-eagraítear cruinniú maidir le hathbhreithniú bliantúil de bhun Airteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, féadfar an t-athbhreithniú bliantúil a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 16

Táscairí maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

1.   Bainfear úsáid as comhtháscairí aschuir, de réir mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, as táscairí toraidh clár-shonracha agus, i gcás inarb ábhartha, as táscairí aschuir clár-shonracha, i gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus le pointe (b)(ii) agus (iv) agus phointe (c)(ii) and (iv) den chéad fhomhír d'Airteagal 8(2) den Rialachán seo.

2.   Maidir le comhtháscairí aschuir agus táscairí aschuir clár-shonracha, socrófar na bonnlínte ag nialas. Socrófar spriocluachanna cainníochtaithe carnacha do na táscairí sin le haghaidh 2023.

3.   Maidir le táscairí toraidh clár-shonracha, a bhaineann le tosaíochtaí infheistíochta, bainfidh na bonnlínte úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna le haghaidh 2023. Féadfar spriocanna a chur in iúl i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

4.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an liosta de chomhtháscairí aschuir a leagtar amach san Iarscríbhinn, a leasú chun coigeartuithe a dhéanamh, i gcás ina bhfuil údar maith leis sin, chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an chláir.

Airteagal 17

Cúnamh teicniúil

Beidh méid CFRE a leithdháilfear ar chúnamh teicniúil teoranta do 6 % den mhéid iomlán a leithdháilfear ar chlár comhair. Maidir le cláir nach mó a leithdháileadh iomlán ná EUR 50 000 000, beidh méid CFRE a leithdháiltear ar chúnamh teicniúil teoranta do 7 % den mhéid iomlán a leithdháiltear, ach ní bheidh sé níos lú ná EUR 1 500 000 agus ní bheidh sé níos mó ná EUR 3 000 000.

CAIBIDIL V

Incháilitheacht

Airteagal 18

Rialacha maidir le hincháilitheacht caiteachais

1.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun rialacha sonracha a leagan síos maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh clár comhair i dtaca le costais foirne, le caiteachas oifige agus riaracháin, le costais taistil agus cóiríochta, le costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha, agus le caiteachas ar threalamh. Faoin 22 Aibreán 2014, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i leith na ngníomhartha tarmligthe, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 29.

2.   Gan dochar do na rialacha maidir le hincháilitheacht a leagtar síos in Airteagail 65 go 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó atá bunaithe ar na hAirteagail sin, do Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, don Rialachán seo nó don ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa choiste faireacháin rialacha breise maidir le hincháilitheacht caiteachais a bhunú le haghaidh an chláir chomhair ina iomláine.

3.   I gcás nithe nach gcumhdaítear leis na rialacha maidir le hincháilitheacht a leagtar síos in Airteagal 65 go hAirteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó atá bunaithe ar na hAirteagail sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó leis na rialacha arna mbunú go comhpháirteach ag na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina dtabhaítear an caiteachas maidir leo.

Airteagal 19

Costais foirne

Féadfar costais foirne oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh de suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne na hoibríochta sin.

Airteagal 20

Incháilitheacht oibríochtaí i gcláir chomhair ag brath ar láthair

1.   Maidir le hoibríochtaí faoi chláir chomhair, faoi réir ag na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, beidh siad lonnaithe sa chuid de limistéar an chláir ar cuid de chríoch an Aontais é ('cuid an Aontais de limistéar an chláir').

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht iomlán, nó cuid de, á cur chun feidhme taobh amuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)

is chun tairbhe limistéar an chláir atá an oibríocht;

(b)

ní mó an méid iomlán arna leithdháileadh faoin gclár comhair ar oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de chuid Aontais an limistéir chláir ná 20 % den tacaíocht ó CFRE ar leibhéal cláir, nó 30 % i gcás clár comhair ina gcuimsítear na réigiúin is forimeallaí i gcuid an Aontais de limistéar an chláir;

(c)

comhlíonann údaráis na gclár comhar oibleagáidí na n-údarás bainistíochta agus iniúchóireachta i dtaca le bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht nó tugann siad comhaontuithe i gcrích le húdaráis sa Bhallstát nó sa tríú tír nó sa chríoch ina gcuirtear an oibríocht chun feidhme.

3.   Caiteachas maidir le hoibríochtaí a bhaineann le cúnamh teicniúil nó le gníomhaíochtaí fógraíochta agus forbairt acmhainní, féadfar é a thabhú lasmuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha phointí (a) agus (c) de mhír 2.

CAIBIDIL VII

Bainistíocht, rialú agus ainmniú

Airteagal 21

Údaráis a ainmniú

1.   Chun críocha Airteagal 123(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, déanfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair údarás aonair bainistíochta a ainmniú; chun críocha Airteagal 123(2) den Rialachán sin, déanfaidh siad údarás aonair deimhniúcháin a ainmniú; agus, chun críocha Airteagal 123(4) den Rialachán sin, déanfaidh siad údarás aonair iniúchóireachta a ainmniú. Beidh an t-údarás bainistíochta agus an t-údaras iniúchóireachta lonnaithe sa Bhallstát céanna.

Féadfaidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair an t-údarás bainistíochta a ainmniú mar an t-údarás atá freagrach chomh maith as feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin a chur i gcrích. Beidh an t-ainmniú sin gan dochar do chionroinnt na ndliteanas maidir le coigeartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm i measc na mBallstát rannpháirteach de réir mar a leagtar síos sa chlár comhair.

2.   Gheobhaidh an t-údarás deimhniúcháin na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus, mar riail ghinearálta, déanfaidh sé íocaíochtaí leis an bpríomhthairbhí i gcomhréir le hAirteagal 132 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

3.   Maidir leis an nós imeachta a úsáidtear chun an t-údarás bainistíochta agus, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás deimhniúcháin a ainmniú, a leagtar amach in Airteagal 124 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, is é an Ballstát ina bhfuil an t-údarás lonnaithe a thabharfaidh faoi.

Airteagal 22

Grúpáil Eorpach um chomhar críochach

Féadfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair úsáid a bhaint as EGTC d'fhonn é a dhéanamh freagrach as an gclár comhair sin, nó cuid de, a bhainistiú, go háirithe trí fhreagrachtaí údaráis bhainistíochta a thabhairt dó.

Airteagal 23

Feidhmeanna na n-údarás bainistíochta

1.   Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, déanfaidh údarás bainistíochta cláir chomhair na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 125 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chomhlíonadh.

2.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta, i ndiaidh comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha atá rannpháirteach i gclár comhair, rúnaíocht chomhpháirteach a bhunú.

Beidh an rúnaíocht chomhpháirteach sin de chúnamh ag an údarás bainistíochta agus ag an gcoiste faireacháin a mhéid a bhaineann lena bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh. Cuirfidh an rúnaíocht chomhpháirteach faisnéis ar fáil do thairbhithe féideartha maidir le deiseanna cistiúcháin faoi chláir chomhair agus cuideoidh sí le tairbhithe chun na hoibríochtaí a chur chun feidhme.

3.   Más rud é gur EGTC atá san údarás bainistíochta, is é an t-údarás bainistíochta a dhéanfaidh na fíoruithe faoi phoine (a) d'Airteagal 125(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, nó is faoi fhreagracht an údaráis sin a dhéanfar na fíoruithe sin, ar a laghad do na Ballstáit sin agus do na tríú tíortha nó na críocha sin as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC.

4.   I gcás nach ndéanann an t-údarás bainistíochta fíoruithe faoi phointe (a) d'Airteagal 125(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ar fud limistéar iomlán an chláir, nó i gcás nach údarás bainistíochta do na Ballstáit agus na tríú tíortha nó na críocha sin as a bhfuil comhaltaí rannpháirteach in EGTC i gcomhréir le mír 3 a dhéanann na fíoruithe nó nach faoi fhreagracht an údaráis sin a dhéantar iad, ainmneoidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha aici, gach tríú tír nó gach críoch an comhlacht nó an duine atá freagrach as na fíoruithe sin a dhéanamh maidir le tairbhithe ar a chríoch nó ar a críoch féin (an 'rialtóir' nó na 'rialtóirí').

Féadfaidh sé gurb ionann na rialtóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus na comhlachtaí atá freagrach as na fíoruithe sin a dhéanamh le haghaidh na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post nó, i gcás tríú tíortha, iad siúd atá freagrach as fíoruithe inchomparáide a dhéanamh faoi ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais.

Beidh an t-údarás bainistíochta deimhin de go mbeidh caiteachas gach tairbhí atá rannpháirteach in oibríocht fíoraithe ag rialtóir ainmnithe.

Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir caiteachas tairbhí a fhíorú laistigh de thréimhse trí mhí ón tráth a gcuirfidh an tairbhí lena mbaineann na doiciméid isteach.

Beidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach sa chlár comhair glactha aici, gach tríú tír freagrach as na fíoruithe a dhéantar ar a chríoch nó ar a críoch féin.

5.   I gcás nach féidir seachadadh táirgí nó seirbhísí cómhaoinithe a fhíorú ach amháin maidir le hoibríocht ina hiomláine, is é an t-údarás bainistíochta nó rialtóir an Bhallstáit ina bhfuil an príomhthairbhí lonnaithe a dhéanfaidh an fíorú.

Airteagal 24

Feidhmeanna an údaráis deimhniúcháin

Udarás deimhniúcháin cláir chomhair, déanfaidh sé na feidhmeanna a leagtar síos in Airteagal 126 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 25

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.   Féadfaidh na Ballstáit agus na tríú tíortha atá rannpháirteach i gclár comhair an t-údarás iniúchóireachta a údarú chun na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a dhéanamh go díreach sa chríoch iomlán atá cumhdaithe ag clár comhair. Sonróidh siad cén uair a bheidh iniúchóir Ballstáit nó tríú tíre i dteannta an údaráis iniúchóireachta.

2.   I gcás nach bhfuil an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ag an údarás iniúchóireachta, beidh cúnamh aige ó ghrúpa iniúchóirí a bheidh comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát nó tríú tír atá rannpháirteach sa chlár comhair agus a chomhlíonann na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Beidh gach Ballstát nó, i gcás ina mbeidh an cuireadh a bheith rannpháirteach i gclár comhair glactha aici, gach tríú tír freagrach as na hiniúchóireachtaí a dhéantar ar a chríoch nó ar a críoch féin.

Beidh gach ionadaí ó gach Ballstát nó ó gach tríú tír atá rannpháirteach sa chlár comhair freagrach as na gnéithe fíorasacha a bhaineann le caiteachas ar a chríoch agus atá ag teastáil ón údarás iniúchóireachta chun a mheasúnú a chur i gcrích a sholáthar.

Bunófar grúpa iniúchóirí ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón gcinneadh ina ndéantar an clár comhair a fhormheas. Déanfaidh sé a chuid rialacha nós imeachta féin a tharraingt suas agus is é údarás iniúchóireachta an chláir chomhair a ghníomhóidh mar chathaoirleach.

3.   Beidh na hiniúchóirí neamhspleách ó thaobh feidhme de ó rialtóirí a dhéanann fíoruithe faoi Airteagal 23.

CAIBIDIL VII

Rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir um chomhar trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach

Airteagal 26

Coinníollacha cur chun feidhme maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha

Déanfar na coinníollacha is infheidhme do chur chun feidhme cláir lena rialaítear an bhainistíocht airgeadais chomh maith le cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú rannpháirtíocht na dtríú tíortha trí rannchuidiú acmhainní IPA II nó ENI le cláir um chomhar trasnáisiúnta agus le cláir um chomhar idir-réigiúnach a bhunú sa chlár comhair ábhartha agus freisin, i gcás inar gá sin, sa chomhaontú maoinithe idir an Coimisiún, gach ceann de rialtais na dtríú tíortha lena mbaineann agus an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir chomhair ábhartha. Beidh na coinníollacha do chur chun feidhme clár ar comhréir le rialacha bheartas comhtháthaithe an Aontais.

CAIBIDIL VIII

Bainistíocht airgeadais

Airteagal 27

Ceangaltais bhuiséadacha, íocaíochtaí agus aisghnóthú

1.   Déanfar tacaíocht CFRE do chláir chomhair a íoc isteach i gcuntas aonair nach mbeidh aon fhochuntais náisiúnta aige.

2.   Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go ndéantar méid ar bith a íocfar mar thoradh ar neamhrialtacht a aisghnóthú ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair. Déanfaidh tairbhithe méideanna ar bith a íocadh go míchuí a aisíoc leis an bpríomhthairbhí.

3.   Mura n-éiríonn leis an bpríomhthairbhí aisíocaíocht a dhaingniú ó thairbhithe eile nó mura n-éiríonn leis an údarás bainistíochta aisíocaíocht a dhaingniú ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair, déanfaidh an Ballstát nó an tríú tír a bhfuil an tairbhí lena mbaineann lonnaithe ar a chríoch nó, i gcás EGTC, ina bhfuil sé cláraithe, aon mhéideanna a íocadh go míchuí leis an tairbhí sin a aisíoc leis an údarás bainistíochta. Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as na méideanna i dtrácht a aisíoc le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach mar a leagtar síos sa chlár comhair.

Airteagal 28

Úsáid an euro

De mhaolú ar Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, i gcás caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro, déanfaidh na tairbhithe é a chomhshó go euro agus leas á bhaint acu as ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn:

(a)

a tabhaíodh an caiteachas sin;

(b)

a cuireadh an caiteachas sin faoi bhráid an údaráis bhainistíochta nó faoi bhráid an rialtóra lena fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo; nó

(c)

a tuairiscíodh an caiteachas sin don phríomhthairbhí.

Leagfar amach sa chlár comhair an modh a roghnófar agus beidh sé infheidhme maidir leis an tairbhithe go léir.

Is é an t-údarás bainistíochta nó an rialtóir sa Bhallstát nó sa tríú tír ina bhfuil an tairbhí lonnaithe a fhíoróidh an comhshó.

CAIBIDIL IX

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a dhéanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún.

2.   Déanfar tarmligean na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(4) agus in Airteagal 18(1) a thabhairt don Choimisiún ón 21 Nollaig 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) agus in Airteagal 18(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(4) agus Airteagal 18(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de chúnamh nó de mhodhnú cúnaimh, lena n-áirítear é a chealú ina iomláine nó i bpáirt, ar cúnamh é a dhéanann an Coimisiún a fhormheas ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 nó ar bhonn aon reachtaíochta eile a bhfuil feidhm aici maidir leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013. Leanfaidh an Rialachán sin nó reachtaíocht eile den sórt sin is infheidhme, dá dhroim sin, d'fheidhm a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2013 maidir leis an gcúnamh sin nó maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann go dtí go ndúnfar iad. Chun críocha na míre seo, cumhdófar le cúnamh cláir oibríochtúla agus mórthionscadail.

2.   Maidir le hiarratais ar chúnamh a fháil, ar iarratais iad a rinneadh nó a formheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 roimh an 1 Eanáir 2014, leanfaidh siad de bheith bailí.

Airteagal 31

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le hAirteagal 178 CFAE.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 4, ag Airteagal 27 agus ag Airteagal 28 le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 17 Nollaig 2013.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

R. ŠADŽIUS


(1)  IO C 191, 29.6.2012, lch. 49.

(2)  IO C 277, 13.9.2012, lch. 96.

(3)  Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (Féach leathanach 320 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post (Féach leathanach 289 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).

(6)  lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1302/2006 maidir 17 Nollaig 2013 le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) a mhéid a bhaineann le bunú agus feidhmiú grúpálacha den sórt sin a shoiléiriú, a shimpliú agus a (Féach leathanach 303 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1783/1999 (IO L 210, 31.7.2006, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa lna leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lean -aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (AE) Uimh 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).


IARSCRÍBHINN

COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR MAIDIR LE SPRIOC AN CHOMHAIR CHRÍOCHAIGH EORPAIGH

 

AONAD

AINM

Infheistíocht tháirgiúil

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

 

fiontair

Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá rannpháirteach i dtionscadail taighde trasteorann, thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha

 

eagraíochtaí

Líon na n-institiúidí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde trasteorann, thrasnáisiúnta nó idir-réigiúnacha

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí d'fhiontair (deontais)

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí d'fhiontair (nach deontais atá inti)

 

coibhéisí lánaimseartha

Méadú fostaíochta i bhfiontair a fhaigheann tacaíocht

Turasóireacht inbhuanaithe

cuairteanna/bliana

Méadú i líon na gcuairteanna a mbeifear ag súil leo ar shuímh oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha agus ar nithe is díol spéise do thurasóirí a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC

Líonta tí

Líonta tí breise a bhfuil rochtain leathanbhanda 30 Mbps ar a laghad acu

Iompar

Iarnród

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid nua

 

 

ar de sin: TEN-T

 

ciliméadair

Fad iomlán na línte iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

 

ar de sin: TEN-T

Bóithre

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

 

 

ar de sin: TEN-T

ciliméadair

Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

 

ar de sin: TEN-T

Iompar uirbeach

ciliméadair

Fad iomlán na dtrambhealaí nó na línte meitreo atá nua nó feabhsaithe

Uiscebhealaí intíre

ciliméadair

Fad iomlán na n-uiscebhealaí intíre nua nó na n-uiscebhealaí intíre atá feabhsaithe

Comhshaol

Dramhaíl sholadach

tonaí/bliana

Acmhainn bhreise athchúrsála dramhaíola

Soláthar uisce

daoine

Daonra breise a gcuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

Cóireáil fuíolluisce

coibhéis daonra

Daonra breise a gcuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar riosca agus bainistíocht riosca

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

 

daoine

Daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint ar dhóiteáin foraoise

Athshlánú talún

heicteáir

Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

heicteáir

Achar dromchla gnáthóg a fhaigheann tacaíocht d'fhonn stádas caomhnaithe níos fearr a bhaint amach

Taighde, Nuálaíocht

 

 

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí nua in eintitis a fhaigheann tacaíocht

 

coibhéisí lánaimseartha

Líon na dtaighdeoirí a oibríonn i saoráidí bonneagair don taighde atá feabhsaithe

 

fiontair

Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde

 

EUR

Infheistíocht phríobháideach lena meaitseáiltear tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua ar an margadh

 

fiontair

Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht chun táirgí a thabhairt isteach atá nua don ghnólacht

Fuinneamh agus Athrú Aeráide

 

 

Athnuaiteáin

MW

Acmhainn bhreise maidir le fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh

líonta tí

Líon na líonta tí a bhfuil aicmiú tomhailte fuinnimh feabhsaithe acu

 

kWh/bliana

Laghdú ar thomhailt fuinnimh phríomha bhliantúil i bhfoirgnimh phoiblí

 

úsáideoirí

Líon na n-úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa

tonaí de choibhéisí CO2

Laghdú measta bliantúil ar gháis cheaptha teasa

Bonneagar sóisialta

Cúram leanaí & oideachas

daoine

Acmhainn an bhonneagair cúraim leanaí nó oideachais a fhaigheann tacaíocht

Sláinte

daoine

Daonra atá cuimsithe ag seirbhísí sláinte feabhsaithe

Táscairí sonracha maidir leis an bhforbairt uirbeach

 

daoine

Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

 

méadair chearnacha

Spás oscailte atá cruthaithe nó athshlánaithe agus atá i limistéir uirbeacha

 

méadair chearnacha

Foirgnimh phoiblí nó tráchtála atá tógtha nó athchóirithe i limistéir uirbeacha

 

aonaid tithíochta

Tithíocht athchóirithe i limistéir uirbeacha

Margadh an tSaothair agus Oiliúint (1)

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh trasteorann soghluaisteachta

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh chomhpháirteacha áitiúla fostaíochta agus in oiliúint chomhpháirteach

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i dtionscadail a chuireann comhionannas inscne, comhdheiseanna agus cuimsiú sóisialta chun cinn thar theorainneacha

 

daoine

Líon na rannpháirtithe i scéimeanna comhpháirteacha oideachais agus oiliúna chun tacú le fostaíocht na n-óg, deiseanna oideachais agus ardoideachas agus gairmoideachas thar theorainneacha


(1)  Más ábhartha, déanfar an fhaisnéis maidir le rannpháirtithe a mhiondealú de réir a stádais i margadh an tsaothair, sa chaoi go gcuirfear in iúl má tá siad "fostaithe", "dífhostaithe", "dífhostaithe go fadtéarmach", "neamhghníomhach" nó "neamhghníomhach gan a bheith san oideachas nó faoi oiliúint".


Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 6 de Rialachán CFRE, Airteagal 15 de Rialachán ETC agus Airteagal 4 de Rialachán an Chiste Comhtháthaithe

Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dá n aire an dearbhú ón gCoimisiún chuig reachtas AE go bhfuil na comhtháscairí aschuir do Rialachán CFRE, Rialachán ETC agus Rialachán an Chiste Comhtháthaithe a bheidh le cur san iarscríbhinn a ghabhfaidh le gach rialachán faoi seach, mar thoradh ar an bpróiseas fada ullmhúcháin leis na saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit maidir le meastóireacht, agus i bprionsabal, táthar ag súil go bhfanfaidh siad cobhsaí.